Innéacs 
Téacsanna atá glactha
Déardaoin, 28 Márta 2019 - StrasbourgEagrán deiridh
Cáilíocht an uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine ***I
 Éifeachtúlacht nósanna imeachta um athstruchtúrú, dócmhainneacht agus urscaoileadh a fheabhsú ***I
 Feidhmiú cóipchirt agus ceart gaolmhar is infheidhme maidir le cineálacha áirithe tarchuir ar líne agus maidir le hatarchur clár teilifíse agus raidió ***I
 Clár Eoraip na Cruthaitheachta 2021-2027 ***I
 ‘Erasmus’: clár an Aontais um oideachas, oiliúint, an óige agus an spórt ***I
 Creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú ***I

Cáilíocht an uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine ***I
PDF 412kWORD 128k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Márta 2019 maidir leis an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cáilíocht an uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine (athmhúnlú) (COM(2017)0753 – C8-0019/2018 – 2017/0332(COD))
P8_TA(2019)0320A8-0288/2018

(An gnáthnós imeachta reachtach - athmhúnlú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiúin chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2017)0753),

–  ag féachaint d'Airteagal 294(2) agus d'Airteagal 192(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a chuir an Coimisiún an togra faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa (C8-0019/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do na tuairimí réasúnaithe a thíolaic Teach na dTeachtaí sa tSeic, Tithe an Oireachtais in Éirinn, Comhairle Chónaidhm na hOstaire agus Teach na dTeachtaí sa Ríocht Aontaithe, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 12 Iúil 2018(1),

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 16 Bealtaine 2018(2),

–  ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 28 Samhain 2001 maidir le húsáid níos struchtúrtha theicníocht an athmhúnlaithe do ghníomhartha reachtacha(3),

–  ag féachaint don litir dar dáta an 18 Bealtaine 2018 a sheol an Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla chuig an gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia i gcomhréir le Riail 104(3) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do Rialacha 104 agus 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don togra ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A8-0288/2018),

A.  de bhrí, i gcomhréir le Meitheal Chomhairleach sheirbhísí dlíthiúla Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin, nach bhfuil aon leasuithe substainteacha i gceist leis an togra ón gCoimisiún, seachas na leasuithe sin a shainaithnítear sa togra mar leasuithe den sórt sin, agus de bhrí, a mhéid a bhaineann le códú na bhforálacha neamhathraithe ó na gníomhartha roimhe sin in éineacht leis na leasuithe sin, gurb é atá sa togra ná códú díreach ar na téacsanna atá cheana ann, gan aon athrú ina substaint;

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo(4), agus aird á tabhairt ar na moltaí ó Mheitheal Chomhairleach sheirbhísí dlíthiúla Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 28 Márta 2019 chun go nglacfaí Treoir/ (AE) …/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cáilíocht an uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine (athmhúnlú)

P8_TC1-COD(2017)0332


(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus, go háirithe, Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(5),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún(6),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(7),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)  Rinneadh Treoir 98/83/CE(8) ón gComhairle a leasú go suntasach roinnt uaireanta(9). Ós rud é go bhfuil tuilleadh leasuithe le déanamh uirthi, ba cheart í a athmhúnlú ar mhaithe le soiléireacht.

(2)  Leagadh síos le Treoir 98/83/CE an creat dlíthiúil chun sláinte an duine a chosaint ar na héifeachtaí díobhálacha a ghabhann le héilliú aon uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine trína áirithiú go mbeadh an t‑uisce glan folláin. Ba cheart an cuspóir céanna a bheith leis an Treoir seo agus ba cheart go gcuirfeadh sí chun cinn rochtain uilíoch ar an uisce sin do chách san Aontas. Is gá, chuige sin,  na híoscheanglais nach mór don uisce atá ceaptha chun na críche sin a chomhlíonadh a leagan síos ar leibhéal  an Aontais  .  Ba cheart do na Ballstáit na gach beart is gá a dhéanamh lena áirithiú go mbeadh an t‑uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine saor ó aon mhiocrogánaigh agus aon seadáin agus ó shubstaintí a d'fhéadfadh, i gcásanna áirithe, sláinte an duine a chur i mbaol, agus go gcomhlíonfadh sé na híoscheanglais sin.  [Leasuithe 161, 187, 206 agus 213]

(2a)   I gcomhréir leis an teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún an 2 Nollaig 2015 dar teideal “An Ciorcal a shlánú - Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh don Gheilleagar Ciorclach”, ba cheart go mbeadh sé mar aidhm leis an Treoir seo éifeachtúlacht agus inbhuanaitheacht acmhainní uisce a spreagadh, agus ar an gcaoi sin spriocanna maidir leis an ngeilleagar ciorclach a chomhlíonadh. [Leasú 2]

(2b)   D’aithin Tionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe (NA) Ceart an Duine chun Uisce agus Sláintíochta (CDUS) ina cheart an duine an 28 Iúil 2010 agus dá bhrí sin, níor cheart go mbeadh srian ar rochtain ar uisce glan agus inólta toisc nach bhfuil sé d'acmhainn ag an úsáideoir deiridh íoc as. [Leasú 3]

(2c)   Teastaíonn comhleanúnachas idir Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(10)1a agus an Treoir seo. [Leasú 4]

(2d)   Ba cheart go léireodh na ceanglais a leagtar amach sa Treoir seo an staid náisiúnta agus imthosca na soláthraithe uisce sna Ballstáit. [Leasú 5]

(3)  Is gá uiscí mianraí nádúrtha agus uiscí ar táirgí íocshláinte iad a eisiamh ó raon feidhme na Treorach seo toisc  go gcumhdaítear na huiscí sin le Treoir 2009/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(11) agus Treoir 2001/83/CÉ ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(12). Tá baint, áfach, ag Treoir 2009/54/CE le huiscí mianraí nádúrtha agus le fíoruiscí, agus níor cheart ach an chéad chatagóir díobh a eisiamh ó raon feidhme na Treorach seo. I gcomhréir leis an tríú fomhír d'Airteagal 9(4) de Threoir 2009/54/CE, ba cheart d'fhíoruiscí forálacha na Treorach seo a chomhlíonadh. Níor cheart go mbainfeadh an oibleagáid sin, áfach, leis na paraiméadair mhicribhitheolaíocha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, Cuid A, den Treoir seo. I gcás uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine ón soláthar poiblí uisce nó ó thobair phríobháideacha agus a chuirtear i mbuidéil nó i gcoimeádáin atá beartaithe a dhíol nó a úsáid chun bia a mhonarú, a ullmhú nó a chóireáil, ba cheart go leanfadh an t-uisce sin ar aghaidh, ar bhonn prionsabail, ag comhlíonadh fhorálacha na Treorach seo a chomhlíonadh go dtí an pointe comhlíontachta (i.e. an buacaire), agus ba cheart glacadh leis, tar éis an phointe sin, gur bia é i gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(13)I gcás ina gcomhlíontar na ceanglais is infheidhme maidir le sábháilteacht bia, ba cheart go mbeadh sé de chumhacht ag údaráis inniúla sna Ballstáit údarú a dhéanamh ar athúsáid uisce i dtionscail próiseála bia. [Leasú 6]

(4)  Tar éis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh maidir leis an gceart ar uisce (Right2Water)(14) a bheith tugtha i gcrích, inar iarradh ar an Aontas cur lena iarrachtaí chun rochtain uilíoch ar uisce a bhaint amach, seoladh comhairliúchán poiblí san Aontas agus rinneadh Meastóireacht REFIT (Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála) ar Threoir 98/83/CE(15). Léirigh na bearta sin gur ghá forálacha áirithe i dTreoir 98/83/CE a thabhairt cothrom le dáta. Aithníodh ceithre réimse a d'fhéadfaí a fheabhsú, eadhon an liosta de luachanna paraiméadracha cáilíochta, an spleáchas teoranta ar chur chuige rioscabhunaithe, na forálacha neamhbheachta maidir le faisnéis do thomhaltóirí, agus na difríochtaí idir córais formheasa le haghaidh ábhair a bhíonn i dteagmháil le huisce atá ceaptha do thomhaltas an duine agus na himpleachtaí atá ag baint leis sin do shláinte an duine. Ina theannta sin, aithníodh sa tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh maidir leis an gceart ar uisce gur fadhb mhór é nach bhfuil rochtain, nó nach bhfuil ach rochtain theoranta, ag sciar den phobal, go háirithe i measc grúpaí leochaileacha agus grúpaí imeallaithe, ar uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine, agus is tiomantas é sin freisin faoi Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 6 de Chlár Oibre na Náisiún Aontaithe 2030. Sa chomhthéacs sin, aithníonn Parlaimint na hEorpa go bhfuil sé ina cheart ag gach duine san Aontas rochtain a fháil ar uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine. Saincheist eile a aithníodh an easpa feasachta i gcoitinne i dtaobh sceitheadh uisce, rud a tharlaíonn nuair nach leor an méid a infheistítear i gcothabháil agus in athnuachan an bhonneagair uisce, agus a luaitear freisin sa Tuarascáil Speisialta ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir leis an mbonneagar uisce(16), chomh maith leis an eolas neamhleor a bhíonn ann uaireanta maidir le córais uisce. [Leasú 7]

(4a)   Chun na spriocanna uaillmhianacha arna mbunú faoi Sprioc 6 de Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a chomhlíonadh ba cheart go mbeadh sé d’oibleagáid ar na Ballstáit pleananna gníomhaíochta a chur chun feidhme chun a áirithiú go mbeidh rochtain uilíoch agus chothromasach ag cách ar uisce óil sábháilte agus inacmhainne faoi 2030. [Leasú 8]

(4b)   Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Meán Fómhair 2015 maidir leis an obair a leanfaidh as an tionscnamh ó na saoránaigh ‘Right2Water’. [Leasú 9]

(5)  Rinne an Oifig Réigiúnach don Eoraip de chuid na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS) athbhreithniú mionsonraithe ar an liosta de na paraiméadair agus na luachanna paraiméadracha a leagtar síos i dTreoir 98/83/CE d'fhonn a shuíomh an bhfuil nó nach bhfuil gá an liosta sin a chur in oiriúint i bhfianaise dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch. I bhfianaise thorthaí an athbhreithnithe sin(17), ba cheart pataigíní eintreacha agus Legionella a rialú, sé pharaiméadar cheimiceacha nó sé ghrúpa de pharaiméadair cheimiceacha a chur leis an liosta, agus trí cheimiceán réabtha iontálach ionadaíocha a mheas le luachanna tagarmhairc réamhchúramacha. I gcás trí cinn de na paraiméadair nua, ba cheart luachanna paraiméadracha atá níos déine ná na luachanna sin atá molta ag EDS, ach is féidir a bhaint amach mar sin féin, a leagan síos i bhfianaise phrionsabal an réamhchúraim. I gcás luaidhe, chuir EDS in iúl gur cheart don tiúchan a bheith chomh híseal agus is féidir go praiticiúil, agus i gcás cróimiam, go bhfuil an luach fós á athbhreithniú ag EDS; dá brí sin, i gcás an dá pharaiméadar sin, ba cheart idirthréimhse deich mbliana a bheith i bhfeidhm maidir leo sula dtabharfaí isteach na luachanna níos déine.

(5a)   Tá ról bunúsach ag uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine sna hiarrachtaí leanúnacha atá ar bun ag an Aontas sláinte an duine a chosaint agus chun an comhshaol a chosaint ar cheimiceáin ar suaiteoirí inchríneacha iad. Is céim dhearfach chun tosaigh é rialú na gcomhdhúl ar suaiteoirí inchríneacha iad, agus atá sonraithe sa Treoir seo, i gcomhréir le straitéis nuashonraithe an Aontais maidir le suaiteoirí inchríneacha, a bhfuil sé d’oibleagáid ar an gCoimisiún é a chur i bhfeidhm láithreach. [Leasú 11]

(6)  Mhol EDS na trí luach pharaiméadracha a dhéanamh níos solúbtha agus cúig pharaiméadar eile a bhaint den liosta. Meastar nár ghá, áfach, na hathruithe sin a dhéanamh mar go bhfágann an cur chuige rioscabhunaithe a tugadh isteach le Treoir (AE) 2015/1787 ón gCoimisiún(18) go gceadaítear do sholáthraithe uisce paraiméadar a ndéanfar faireachán air faoi dhálaí áirithe a bhaint den liosta. Tá teicnící cóireála i bhfeidhm cheana chun na luachanna paraiméadracha sin a bhaint amach.

(6a)  Maidir le substaint atá in uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine,  nó maidir leis an luach a bheadh incheadaithe do láithreacht na substainte sin, agus nuair nach bhfuil an t-eolas eolaíoch leordhóthanach chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an riosca a bheadh ag gabháil leis sin ó thaobh shláinte an duine de, nó chun a chinneadh an ann don riosca sin, is iomchuí, faoi phrionsabail an réamhchúraim, go gcuirfí  substaint den sórt sin“ar liosta foláirimh” fad atáthar ag fanacht ar shonraí eolaíocha níos soiléire. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit faireachán ar leithligh a dhéanamh ar na paraiméadair atá ag teacht chun cinn a bhaineann leis sin. [Leasú 13]

(6b)   Níl aon tionchar díreach ag paraiméadair tháscacha ar an tsláinte phoiblí. Tá siad tábhachtach áfach mar mhodh chun a chinneadh cé chomh maith is atá saoráidí táirgthe agus dáileacháin uisce ag feidhmiú agus chun cáilíocht an uisce a mheas. Féadfaidh siad easnaimh a nochtadh freisin sa chóireáil uisce agus ról tábhachtach a bheith acu ó thaobh cur le muinín na dtomhaltóirí i gcáilíocht an uisce. Dá bhrí sin, ba cheart go ndéanfadh na Ballstáit faireachán orthu. [Leasú 14]

(7)  I gcás inar gá sin a dhéanamh chun prionsabal an réamhchúraim a chur chun feidhme ina iomláine agus chun sláinte an duine a chosaint laistigh dá gcríocha, ba cheart ceangal a bheith ar na Ballstáit luachanna a shocrú le haghaidh paraiméadair bhreise nach bhfuil san áireamh in Iarscríbhinn I. [Leasú 15]

(8)  Níor cuireadh eilimintí pleanála sábháilteachta coiscthí ná eilimintí rioscabhunaithe san áireamh ach go pointe áirithe i dTreoir 98/83/CE. Tugadh isteach na chéad eilimintí de chóras rioscabhunaithe cheana féin in 2015 le Treoir (AE) 2015/1787 lenar leasaíodh Treoir 98/83/CE le go bhféadfadh na Ballstáit imeacht ó na cláir faireacháin a bhí bunaithe acu, ar choinníoll go ndéanfaí measúnuithe riosca inchreidte a d'fhéadfaí a bhunú ar na Treoirlínte ó EDT maidir le Cáilíocht Uisce Óil(19). Tá na Treoirlínte sin lena leagtar síos cur chuige an "Phlean Sábháilteachta Uisce", mar a thugtar air, agus caighdeán EN 415975-2 a bhaineann le slándáil an tsoláthair uisce óil, ina bprionsabail a aithnítear go hidirnáisiúnta ar dá réir a bhunaítear táirgeadh, dáileadh, faireachán agus anailísiú na bparaiméadar maidir leis an uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine. Ba cheart iad a choinneáil sa Treoir seo. Lena áirithiú nach bhfuil na prionsabail sin teoranta do ghnéithe faireacháin amháin, chun am agus acmhainní a dhíriú ar rioscaí a bhfuil tábhacht leo agus ar bhearta costéifeachtacha atá dírithe ar an bhfoinse, agus chun a sheachaint go ndéanfar anailísí agus iarrachtaí ar shaincheisteanna neamhábhartha agus nach gcuirfear acmhainní amú ar na saincheisteanna sin, is iomchuí cur chuige cuimsitheach rioscabhunaithe a thabhairt isteach, feadh an tslabhra soláthair ina iomláine, ón limistéar astarraingthe go dtí dáileadh an uisce ón mbuacaire. Ba cheart go mbeadh an cur chuige seo bunaithe ar an eolas a gnóthaíodh agus na bearta a rinneadh faoi Threoir 2000/60/CE agus ba cheart go gcuirfí san áireamh ar bhealach níos éifeachtaí an tionchar atá ag an athrú aeráide ar acmhainní uisce. Ba cheart go mbeadh trí ghné ag baint le cur chuige rioscabhunaithe: ar an gcéad dul síos, go ndéanfadh an Ballstát measúnú ar na guaiseacha a bhaineann leis an limistéar astarraingthe ("measúnú ar ghuaiseacha"), i gcomhréir leis na Treoirlínte ó EDS agus Lámhleabhar an Phlean Sábháilteachta Uisce(20); ar an dara dul síos, go mbeadh an deis ag an soláthraí uisce an faireachán a dhéanfar a chur in oiriúint do na príomhrioscaí atá ann ("measúnú riosca ar an soláthar"); agus, ar an tríú dul síos, go ndéanfadh an Ballstát measúnú ar na rioscaí a d'fhéadfadh teacht as na córais dáileacháin baile (e.g. Legionella nó luaidhe), ag díriú go háirithe ar áitribh thosaíochta ("measúnú riosca ar an gcóras dáileacháin baile"). Ba cheart na measúnuithe sin a athbhreithniú go rialta, inter alia, i bhfianaise bagairtí de dheasca eachtraí adhaimsire a bhaineann leis an aeráid, athruithe aitheanta ar ghníomhaíocht an duine sa limistéar astarraingthe nó teagmhas a bhaineann leis an bhfoinse. Áirithítear leis an gcur chuige rioscabhunaithe go mbeidh faisnéis á malartú ar bhonn leanúnach idir na húdaráis inniúla agus na , soláthraithe uisce agus geallsealbhoirí eile, lena n-áirítear iadsan atá freagrach as truailliú agus riosca truaillithe. Mar eisceacht, ba cheart go ndéanfaí cur chun feidhme an chur chuige rioscabhunaithe a chur in oiriúint do na srianta sonracha a bhíonn ar shoithí muirí a dhéanann díshalannú ar uisce agus a iompraíonn paisinéirí. Comhlíonann soithí muirí a mbíonn an bhratach Eorpach ar foluain acu an creat rialála idirnáisiúnta agus iad ag seoladh in uiscí idirnáisiúnta. Thairis sin, tá srianta áirithe ag baint le hiompar agus le táirgeadh uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine ar bord, rud a chiallaíonn gur cheart ceanglais na Treorach seo a oiriúnú dá réir. [Leasú 16]

(8a)   Agus úsáid neamhéifeachtach á baint as acmhainní uisce, go háirithe má bhíonn uisce ag sceitheadh ó bhonneagar an tsoláthair uisce, baintear ró-úsáid as acmhainní tearca uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine. Cuireann sé sin mórbhac ar na Ballstáit ó thaobh ghnóthú na gcuspóirí a leagtar síos faoi Treoir 2000/60/CE. [Leasú 17]

(9)  Ba cheart an measúnú ar ghuaiseacha a cheapadh sa chaoi agus go nglacfaí cur chuige iomlánaíoch i leith an mheasúnaithe riosca, atá bunaithe ar an aidhm fhollasach go laghdódh sé an méid cóireála is gá a dhéanamh chun an t‑uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine a tháirgeadh, mar shampla laghdú ar na brúnna is cúis le truailliú na ndobharlach a úsáidtear chun uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine a astarraingt, nó ar baol gur cúis iad leis an truailliú sin. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit guaiseacha agus foinsí truailliúcháin a bhféadfadh baint a bheith acu leis na dobharlaigh sin a shainaithint agus faireachán a dhéanamh ar na truailleáin sin atá aitheanta acu mar thruailleáin ábhartha, de dheasca na nguaiseacha a aithníodh mar shampla (e.g. micreaphlaistigh, níotráití, lotnaidicídí nó cógais a aithnítear faoi Threoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(21)), ós rud é go bhfuil siad i láthair ó nádúr sa limistéar astarraingthe (e.g. arsanaic), nó i bhfianaise faisnéise a fuarthas ó na soláthraithe uisce (e.g. méadú tobann ar pharaiméadar áirithe in amhuisce). I gcomhréir le treoir 2000/60/CE, ba cheart na paraiméadair sin a úsáid mar chomharthaí lena dtionscnaítear beart ó na húdaráis inniúla an brú ar na dobharlaigh a laghdú, bearta coisctheacha, cuir i gcás, nó bearta maolaitheacha (lena n-áirítear taighde chun tuiscint a fháil ar an tionchar ar an tsláinte, más gá), chun na dobharlaigh sin a chosaint agus dul i ngleic leis an bhfoinse nó leis an riosca truailliúcháin, i gcomhar leis na geallsealbhóirí go léir, lena n-áirítear iadsan atá freagrach as foinsí truailleán nó foinsí féideartha truailleán. I gcás ina bhfionnann Ballstát, trí mheasúnú ar ghuaiseacha, nach bhfuil paraiméadar ann i limistéar astarraingthe áirithe, mar shampla toisc nach mbíonn an tsubstaint sin ann riamh i screamhuisce nó in uisce dromchla, ba cheart go ndéanfadh an Ballstát sin na soláthraithe uisce iomchuí a chur ar an eolas agus na páirtithe leasmhara ba cheart go mbeadh sé in ann an deis a thabhairt dóibh laghdú a dhéanamh ar mhinicíocht an fhaireacháin don pharaiméadar sin nó an paraiméadar a bhaint ar fad ón liosta paraiméadar a gcaithfear faireachán a dhéanamh orthu, gan measúnú ar riosca soláthair a dhéanamh. [Leasú 18]

(10)  Maidir leis an measúnú ar ghuaiseacha, cuireann Treoir 2000/60/CE de cheangal ar na Ballstáit dobharlaigh a shainaithint a úsáidtear chun uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine a astarraingt, faireachán a dhéanamh orthu, agus na bearta is gá a dhéanamh lena sheachaint go dtiocfadh meath ar cháilíocht na ndobharlach sin d'fhonn an leibhéal íonghlanta is gá a laghdú chun uisce atá oiriúnach do thomhaltas an duine a tháirgeadh. Lena sheachaint go dtarlódh aon dúbailt sna dualgais, ba cheart do na Ballstáit, agus an measúnú ar ghuaiseacha á dhéanamh acu, leas a bhaint as an bhfaireachán a dhéantar faoi Airteagal 7 agus Airteagal 8 de Threoir 2000/60/CE agus Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir sin agus as na bearta atá acu ina gcláir beart de bhun Airteagal 11 de Threoir 2000/60/CE.

(11)  Na luachanna paraiméadracha  a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar cháilíocht an uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine , is gá iad a chomhlíonadh ag an bpointe ina gcuirtear uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine ar fáil don úsáideoir cuí.  Is féidir, áfach, leis an gcóras dáileacháin baile difear a dhéanamh do cháilíocht an uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine. Tá sé tugtha faoi deara ag EDS gur Legionella is cúis leis an ualach is mó ó thaobh na sláinte de, san Aontas, as na pataiginí uisce-iompartha uile, go háirithe an baictéar Legionella pneumophila arb é is cúis le formhór ghalair na Léigiunach a tharlaíonn san Aontas. Tarchuirtear é i gcórais uisce the trí ionanálú, le linn cithfholcadh cuir i gcás. Tá nasc soiléir idir é agus an córas dáileacháin baile, dá bhrí sin. Dá mba rud é go dtiocfadh costas atá i bhfad ró-ard, agus a sháródh prionsabal na coimhdeachta, as aon oibleagáid aontaobhach lena bhforchuirfí faireachán a dhéanamh ar gach áitreabh príobháideach agus poiblí i leith na pataigine sin, b'oiriúnaí measúnú riosca a dhéanamh ar an gcóras dáileacháin baile chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin, ag díriú go háirithe ar áitribh thosaíochta. Ina theannta sin, ba cheart na rioscaí a d'fhéadfadh teacht as táirgí agus ábhair a bhíonn i dteagmháil le huisce atá ceaptha do thomhaltas an duine a mheas, freisin, sa mheasúnú riosca ar an gcóras dáileacháin baile. Ba cheart a áireamh, dá bhrí sin, inter alia, sa mheasúnú riosca ar an gcóras dáileacháin baile faireachán a dhéanamh ar áitribh thosaíochta, measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a thagann as an gcóras dáileacháin baile agus táirgí gaolmhara agus ábhair ghaolmhara, agus feidhmíocht táirgí foirgníochta a bhíonn i dteagmháil le huisce atá ceaptha do thomhaltas an duine a fhíorú ar bhonn an dearbhaithe feidhmíochta a ghabhann leo i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(22). Is gá an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 31 agus Airteagal 33 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(23) a thabhairt, freisin, in éineacht leis an dearbhú feidhmíochta. Ba cheart do na Ballstáit, ar bhonn an mheasúnaithe sin, gach beart is gá a dhéanamh lena áirithiú, inter alia, go bhfuil bearta rialaithe agus bainistithe iomchuí (e.g. i gcás ráigeanna) i bhfeidhm, i gcomhréir le treoracha EDS(24), agus nach gcuirfeadh an t‑ascnamh sin as táirgí foirgníochta substaintí agus ábhair a bheadh i dteagmháil le huisce atá ceaptha do thomhaltas an duine sláinte an duine i mbaol. Gan dochar do Rialachán (AE) Uimh. 305/2011, áfach, dá mba rud é go gciallódh na bearta sin go gcuirfí srianta ar shaorghluaiseacht táirgí agus ábhar san Aontas, níor mhór údar cuí a bheith leis na srianta sin agus iad a bheith comhréireach go docht, agus nárbh idirdhealú treallach iad ná srianadh faoi cheilt ar an trádáil idir Ballstáit. [Leasú 19]

(12)  I gcás fhorálacha Threoir 98/83/CE maidir leis an gcóireáil, an trealamh agus na hábhair a dhearbhú ó thaobh na cáilíochta de, níor éirigh leo dul i ngleic leis na bacainní atá ar an margadh inmheánach a fhad a bhaineann le saorghluaiseacht táirgí foirgníochta a bhíonn i dteagmháil le huisce atá ceaptha do thomhaltas an duine nó cosaint leordhóthanach a sholáthar i ndáil le sláinte an duine. Tá formheasanna náisiúnta táirgí fós i bhfeidhm agus athraíonn na ceanglais ó Bhallstát go chéile. Fágann sin gur deacair agus gur costasach do mhonaróirí a dtáirgí a mhargú i ngach áit san Aontas. Ní fhéadfar deireadh éifeachtach a chur le bacainní teicniúla ach amháin trí shonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a bhíonn i dteagmháil le huisce atá ceaptha do thomhaltas an duine a leagan síos de bhun Rialachán (AE) Uimh. 305/2011. Ceadaítear faoin Rialachán sin caighdeáin Eorpacha a cheapadh chun comhchuibhiú a dhéanamh ar na modhanna measúnaithe maidir le táirgí foirgníochta Tá sé seo amhlaidh mar go bhfuil easpa íoschaighdeán sláintíochta Eorpach ann le haghaidh gach táirge agus ábhair a bhíonn i dteagmháil le huisce atá ceaptha do thomhaltas an duine agus ar na tairseacha agus na haicmí atá le socrú maidir le leibhéal feidhmíochta saintréithe ríthábhachtaí. Chuige sin, áirítear i gClár Oibre 2017 maidir le caighdeánú(25) iarraidh ar chaighdeánú lena gceanglaítear go sonrach obair caighdeánaithe a dhéanamh ar shláintíocht agus ar shábháilteacht , atá ina réamhriachtanas ionas go mbainfí amach comhthuiscint idir na Ballstáit. Ní féidir bacainní teicniúila a bhaint, ná comhréireacht na dtáirgí agus na n-ábhar uile a bhíonn i dteagmháil le huisce atá ceaptha do thomhaltas an duine faoi Rialachán (AE) Uimh. 305/2011, agus eiseofar caighdeán faoi 2018. Áiritheoidh foilsiú an chaighdeáin chomhchuibhithe sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh go mbeidh córas cinnteoireachta cóimheasta ann chun táirgí foirgníochta sábháilte a bhíonn i dteagmháil le huisce atá ceaptha do thomhaltas an duine a mhargú nó a chur ar fáil. Dá thoradh sin, ba cheart na forálacha sin a bhaineann le trealamh agus ábhar a bhíonn i dteagmháil le huisce atá ceaptha do thomhaltas an duine a scriosadh, agus forálacha a bhaineann leis an measúnú riosca ar an gcóras dáileacháin baile a chur in ionad roinnt díobh agus iad a chomhlánú le caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha faoi Rialachán (AE) Uimh. 305/2011, a ghnóthú ar bhealach éifeachtach ar leibhéal an Aontais, áfach, ach amháintrí íoscháilíocht a shocrú ar leibhéal an Aontais. Dá bhrí sin, is gá na forálacha sin a dhaingniú trí nós imeachta comhchuibhithe le haghaidh na dtáirgí agus na n-ábhar sin. Ba cheart go mbunófaí an obair sin ar an taithí atá gnóthaithe agus an dul chun cinn atá déanta ag roinnt de na Ballstáit a bhí ag obair i gcomhar lena chéile le roinnt blianta anuas, mar iarracht chomhpháirteach, chun cóineasú rialála a bhaint amach. [Leasú 20]

(13)  Ba cheart do gach Ballstát a áirithiú go mbunófaí cláir faireacháin chun a sheiceáil cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an t-uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine ceanglais na Treorach seo. Is soláthraithe uisce, den chuid is mó, a dhéanfaidh formhór an fhaireacháin a dhéanfar chun críocha na Treorach seo ach, i gcás inar gá, ba cheart go soiléireodh na Ballstáit cé na húdaráis inniúla ar a bhfuil na hoibleagáidí atá ag eascairt ó thrasuí na Treorach seo. Ba cheart solúbthacht áirithe a thabhairt do sholáthraithe uisce maidir leis na paraiméadair a ndéanann siad faireachán orthu chun críocha an mheasúnaithe riosca ar an soláthar. Mura ndéanfaí paraiméadar áirithe a bhrath, ba cheart do sholáthraithe uisce a bheith in ann minicíocht an fhaireacháin a ísliú nó deireadh a chur leis an bhfaireachán ar an bparaiméadar sin trí chéile. Ba cheart an measúnú riosca ar an soláthar a chur i bhfeidhm maidir le formhór na bparaiméadar. Ba cheart faireachán a dhéanamh ar chroíliosta paraiméadar ar bhonn minicíocht íosta áirithe. Is é a leagtar síos leis an Treoir sin, den chuid is mó, forálacha maidir leis an minicíocht faireacháin chun críocha seiceálacha comhlíontachta agus ní leagtar síos léi ach forálacha teoranta maidir leis an bhfaireachán chun críocha oibriúcháin. Féadfar go mbeidh gá le faireachán breise a dhéanamh chun críocha oibriúcháin lena áirithiú go mbeidh an chóireáil uisce ag feidhmiú i gceart, faoi lánrogha na soláthraithe uisce. Ina leith sin, féadfaidh na soláthraithe uisce tagairt a dhéanamh do na Treoirlínte ó EDS agus Lámhleabhar an Phlean Sábháilteachta Uisce.  [Leasú 21]

(14)  Ba cheart an cur chuige rioscabhunaithe a bheith i bhfeidhm de réir a chéile ag gach soláthraí uisce, agus mionsoláthraithe soláthraithe an-bheag, mionsoláthraithe agus soláthraithe meánmhéide uisce san áireamh, ós rud é gur léirigh an mheastóireacht a rinneadh ar Threoir 98/83/CE go raibh easnaimh ann sa chaoi a gcuirtear chun feidhme í maidir leis na mionsoláthraithe sin, arb é an costas a bhaineann le feidhmeanna faireacháin neamhriachtanacha is gá a dhéanamh is cúis leis uaireanta, chun go mbeadh an deis ann maidir le maoluithe le haghaidh soláthraithe an-bheag ag an am céanna. Ba cheart aon ábhar imní slándála atá ann, agus aon ábhar imní i ndáil leis an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as, a chur san áireamh agus an cur chuige rioscabhunaithe á chur i bhfeidhm. I gcás soláthraithe níos lú, ba cheart go dtacódh an t-údarás inniúil leis na hoibríochtaí faireacháin trí shaintacaíocht a sholáthar. [Leasú 188]

(14a)   Chun an tsláinte phoiblí a chosaint a mhéid is féidir, ba cheart go n-áiritheodh na Ballstáit go mbeadh dáileadh soiléir agus cothrom freagrachtaí ann do chur i bhfeidhm cur chuige rioscabhunaithe i gcomhréir lena gcreat náisiúnta institiúideach agus dlíthiúil. [Leasú 24]

(15)  I gcás nach gcomhlíontar na caighdeáin a fhorchuirtear leis an Treoir seo, ba cheart don Bhallstát lena mbaineann imscrúdú a dhéanamh  láithreach  ar an gcúis leis an neamhchomhlíonadh agus a áirithiú go ndéanfaí an ghníomhaíocht feabhais is gá a luaithe is féidir chun an cháilíocht uisce a athbhunú.  I gcásanna ina bhféadfaidh an soláthar uisce sláinte an duine a chur i mbaol, ba cheart soláthar an uisce sin a thoirmeasc nó srian a chur lena úsáid agus ba cheart saoránaigh a bhféadfadh sé difear a dhéanamh dóibh a chur ar an eolas go cuí. Ina theannta sin, is tábhachtach a shoiléiriú má i gcás ina dtarlaíonn mainneachtain na híoscheanglais maidir leis na luachanna a bhaineann leis na paraiméadair mhicreabhitheolaíocha agus cheimiceacha a chomhlíonadh, ba cheart do na Ballstáit a mheas láithreach go bhféadfadh an mhainneachtain sin a bheith ina baol a chinneadh cibé an ionann sárú na luachanna agus baol ionchasach do shláinte an duine. Chuige sin, ba cheart go gcuirfeadh na Ballstáit i gcuntas, go háirithe, a mhéid nár comhlíonadh na híoscheanglais agus an cineál paraiméadair lena mbaineann. I gcásanna ina mbeadh gá le gníomhaíocht feabhais chun cáilíocht an uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine a athbhunú, i gcomhréir le hAirteagal 191(2) den Chonradh, ba cheart díriú ar dtús ar ghníomhaíocht lena réiteofaí an fhadhb ag an bhfoinse. [Leasú 25]

(15a)   Tá sé tábhachtach go gcuirfí cosc ar uisce éillithe a bheith ina bhaol ionchasach do shláinte an duine. Dá bhrí sin, ba cheart go ndéanfaí soláthar uisce den sórt sin a thoirmeasc nó go ndéanfaí a úsáid a shrianadh. [Leasú 26]

(16)  Níor cheart na Ballstáit a údarú,  a thuilleadh,  maoluithe ar an Treoir seo a dheonú.  Baineadh leas as maoluithe, i dtosach báire, chun suas le naoi mbliana a thabhairt do na Ballstáit neamhchomhlíonadh a bhaineann le luach paraiméadrach a réiteach. Is léir go raibh an nós imeachta sin ina ualach ar úsáideach do na Ballstáit i bhfianaise chomh huaillmhianach is atá an Treoir. Ba cheart a thabhairt ar aird, áfach, i gcásanna áirithe, gur fhág sé gur cuireadh moill ar ghníomhaíochtaí feabhais a dhéanamh, toisc gur glacadh leis uaireanta gur idirthréimhse a bhí i ndeis an mhaolaithe. Dá bhrí sin, ba cheart an fhoráil maidir le maoluithe a scriosadh. Ar chúiseanna a bhaineann le cosaint shláinte an duine, dá mba rud é go sárófaí luachanna paraiméadracha, ba cheart na forálacha a bhaineann le gníomhaíochtaí feabhais a chur i bhfeidhm láithreach gan deis a thabhairt maolú ar an luach paraiméadrach a dheonú. I bhfianaise, ar an gcéad dul síos, gur gá cáilíocht na bparaiméadar sa Treoir seo a dhaingniú, agus ar an dara dul síos, go bhfuiltear ag tabhairt faoi deara go bhfuil truailleáin nua ag teacht chun cinn níos mó agus níos mó, a éilíonn go gcuirfí feabhas ar ghníomhaíochtaí meastóireachta, faireacháin agus bainistíochta, tá gá le nós imeachta don mhaolú atá i gcomhréir leis na himthosca sin, ar choinníoll nach baol ionchasach do shláinte an duine iad agus ar choinníoll nach bhféadfaí an soláthar uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine sa limistéar lena mbaineann a chothabháil ar aon bhealach réasúnta eile. Dá bhrí sin ba cheart Treoir 98/83/CE maidir le maoluithe a leasú chun a áirithiú go ndéanfaidh na Ballstáit ceanglais na Treorach seo a chomhlíonadh ar bhonn níos gasta agus níos éifeachtaí. Maidir le maoluithe a dheonaigh Ballstáit de bhun Airteagal 9 de Threoir 98/83/CE agus atá fós i bhfeidhm ar dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo, ba cheart dóibh leanúint de bheith i bhfeidhm, áfach, go dtí go dtiocfadh deireadh leis an maolú, ach níor cheart iad a athnuachan i gcomhréir leis na socruithe a leagadh síos ag na forálacha a bhí i bhfeidhm nuair a deonaíodh an maolú[Leasú 27]

(17)  Sa fhreagra a thug an Coimisiún ar an tionscnamh ó na saoránaigh ‘Right2Water’ in 2014(26), iarradh ar na Ballstáit a áirithiú go bhfuil rochtain ag gach saoránach ar sholáthar íosta uisce, i gcomhréir le moltaí EDS. Thug sé gealltanas freisin leanúint "to improve access to safe drinking water […] for the whole population through environmental policies(27) [den fheabhas atáthar a chur ar uisce óil sábháilte [...] don daonra ar fad trí bheartais comhshaoil]. Tá sé sin i gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Tá sé sin i gcomhréir freisin le Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 6 de chuid na Náisiún Aontaithe agus an sprioc ghaolmhar chun "achieve universal and equitable access to safe and affordable drinking water for all" [rochtain uilíoch chothrom ar uisce óil sábháilte atá ar phraghas réasúnta a bhaint amach do chách]". Is é atá i gceist leis an rochtain chothrom go mbeidh réimse fairsing de ghnéithe ann amhail infhaighteacht (mar shampla, de bharr cúiseanna geografacha, bonneagar easpach nó an cás sonrach a bhaineann le sciar áirithe de na pobail), cáilíocht, inghlacthacht, nó inacmhainneacht airgeadais. Maidir le hinacmhainneacht uisce, tá sé tábhachtach a mheabhrú go bhféadfaidh na Ballstáit, gan dochar d’Airtegal 9(4) de Threoir 2000/60/CE, agus taraifí uisce á socrú acu i gcomhréir leis an bprionsabal gnóthaithe costas a leagtar amach i dTreoir 2000/60/CE, féachaint don éagsúlacht i ndálaí eacnamaíocha agus sóisialta an phobail agus, dá bhrí sin, taraifí sóisialta a ghlacadh nó bearta a dhéanamh chun pobail atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch a chosaint. Tugtar aghaidh, go háirithe, sa Treoir seo ar ghnéithe rochtana uisce a bhaineann le cáilíocht agus infhaighteacht. D'fhonn aghaidh a thabhairt ar na gnéithe sin sa fhreagra ar an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh agus chun rannchuidiú le cur chun feidhme Phrionsabal 20 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta(28) ina luaitear "achieve universal and equitable access to safe and affordable drinking water for all" [rochtain uilíoch chothrom ar uisce óil sábháilte atá ar phraghas réasúnta a bhaint amach do chách], ba cheart ceangal a bheith ar na Ballstáit dul i ngleic le ceist na rochtana uisce inacmhainne ar an leibhéal náisiúnta ach raon áirithe roghanna a bheith acu, mar sin féin, maidir leis na bearta sonracha a bheidh le cur chun feidhme. Is féidir sin a dhéanamh trí bhíthin gníomhaíochtaí a bheidh dírithe, inter alia, ar an rochtain ar uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine a fheabhsú do chách, trí, mar shampla, gan ceanglais maidir le cáilíocht uisce a bheith ródhocht, gan údar cuí leis sin, ar an bhforas gur ar mhaithe leis an tsláinte phoiblí é, mar go méadódh sé praghas an uisce do na saoránaigh, scairdeáin uisce a bhfuil teacht gan bhac orthu sna cathracha, agus úsáid uisce a chur chun cinn trí dhaoine a spreagadh an t-uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine a chur ar fáil in aisce i bhfoirgnimh phoiblí agus i mbialanna, i lárionaid siopadóireachta agus áineasa, agus i limistéir idirthurais agus áiteanna ina bhfuil a lán daoine amhail stáisiúin traenach nó aerfoirt. Ba cheart é a bheith de shaoirse ag na Ballstáit an meascán ceart de na hionstraimí sin a chinneadh i ndáil lena n-imthosca sonracha náisiúnta.. [Leasú 28]

(18)  Sa Rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le "hobair a leanann as an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh Right2Water"(29), iarradh "go dtabharfadh na Ballstáit aird speisialta ar na riachtanais atá ag grúpaí leochaileacha sa tsochaí"(30). Sa Tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis an gCreat AE do straitéisí náisiúnta maidir le lánpháirtiú na Romach(31) agus sa Rún ón gComhairle maidir le bearta éifeachtacha chun Romaigh a lánpháirtiú sna Ballstáit(32), luaitear cás sonrach cultúr mionlaigh, amhail Romaigh, Sintígh, agus an Lucht Siúil, Kalé, Gens de voyage, etc., is cuma aistreach nó neamhaistreach iad, agus go háirithe an easpa rochtana a bhíonn acu ar uisce óil. I bhfianaise an chomhthéacs ghinearálta sin, is iomchuí go dtabharfadh na Ballstáit aird faoi leith ar ghrúpaí leochaileacha agus imeallaithe trí na bearta riachtanacha a dhéanamh lena áirithiú go mbeidh rochtain ag na grúpaí sin ar uisce. Agus prionsabal aisghabháil na gcostas á chur san áireamh, mar a leagtar amach i dTreoir 2000/60/CE, ba cheart do na Ballstáit feabhas a chur ar an rochtain ar uisce do ghrúpaí leochaileacha agus imeallaithe gan an soláthar uilíoch uisceinacmhainne ardcháilíochta a chur i mbaol. Gan dochar don cheart atá ag na Ballstáit sainmhíniú a thabhairt ar na grúpaí sin, ba cheart a áireamh orthu ar a laghad dídeanaithe, pobail fáin, daoine gan dídean agus cultúir mionlaigh amhail Romaigh, Sintígh, agus an Lucht Siúil, Kalé, Gens de voyage, etc., is cuma aistreach nó neamhaistreach iad. Ar na bearta sin lena n‑áirithítear rochtain, agus a bheidh na Ballstáit féin in ann a mheas, tá córais soláthair mhalartacha (gléasanna cóireála indibhidiúla), uisce a sholáthar as tancaeir (trucailí agus sistéil) agus an bonneagar cuí a áirithiú do champaí. I gcás ina dtiteann an fhreagracht ar údaráis phoiblí áitiúla na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil acmhainní airgeadais leordhóthanacha agus acmhainneachtaí teicniúla agus ábhartha acu agus ba cheart tacú leo dá réir, trí shaintacaíocht a sholáthar mar shampla. Go háirithe, níor cheart dáileadh uisce ar ghrúpaí leochaileacha agus imeallaithe a bheith róchostasach go díréireach d’údaráis phoiblí áitiúla. [Leasú 29]

(19)  Ceanglaítear leis an seachtú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol go dtí 2020 dar teideal "Living well, within the limits of our planet"(33), go mbeidh teacht ag an bpobal ar fhaisnéis shoiléir faoin gcomhshaol ar an leibhéal náisiúnta. Ní raibh foráilte le Treoir 98/83/CE ach go mbeadh rochtain éighníomhach ann ar fhaisnéis, rud a chiallaíonn nach raibh ar na Ballstáit ach a áirithiú go raibh faisnéis le fáil. Ba cheart na forálacha sin a ionadú, dá bhrí sin, lena áirithiú go mbeadh sé éasca teacht ar fhaisnéis atá cothrom le dáta, ar shuíomh gréasáin, cuir i gcás, ar cheart a bheith gníomhach ag scaipeadh naisc leis. Ní torthaí as na cláir faireacháin amháin ba cheart a bheith san fhaisnéis atá cothrom le dáta, , intuigthe agus ábhartha do thomhaltóirí agus atá éasca teacht uirthi ar fáil, cuir i gcás i leabhrán, ar shuíomh gréasáin nó ar fheidhmchlár cliste. Ní torthaí as na cláir faireacháin amháin ba cheart a bheith san fhaisnéis atá cothrom le dáta, ach freisin faisnéis bhreise a d'fhéadfadh a bheith úsáideach don phobal, amhail toradh na ngníomhaíochtaí a rinneadh chun faireachán a dhéanamh ar sholáthraithe uisce i ndáil le paraiméadair cáilíochta uisce, agus faisnéis faoi na táscairí atá liostaithe i gCuid Ba d’Iarscríbhinn I I gcás ollsoláthraithe uisce, ba cheart faisnéis bhreise faoi, inter alia, bainistiú, struchtúr taraife agus cóireáil, a chur ar fáil freisin ar líne. An cuspóir is ceart a bheith le heolas níos fearr don tomhaltóir ar fhaisnéis ábhartha agus trédhearcacht fheabhsaithe ná cur le muinín na saoránach san uisce a sholáthraítear dóibh, agus i seirbhísí uisce, agus ba cheart go n-eascródh uaidh sin úsáid mhéadaithe as uisce buacaire chomh maith le huisce óil, a chuirfeadh le laghdú ar úsáid plaisteach agus ar dhramhaíl ó phlaisteach agus ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus chuideodh sé sin an t-athrú aeráide a mhaolú agus bheadh tionchar dearfach aige ar an gcomhshaol i gcoitinne. [Leasú 30]

(20)  Ar na cúiseanna céanna agus d'fhonn tomhaltóirí a bheith níos mó ar an eolas faoi na himpleachtaí atá ag an tomhaltas uisce, ba cheart faisnéis (ar an sonrasc, cuir i gcás, nó i bhfeidhmchláir chliste) a chur ar fáil don tomhaltóir ar bhealach so-rochtana, mar shampla ar a sonrasc nó ar fheidhmchlár cliste faoin méid uisce arna thomhailt in aghaidh na bliana, athruithe ar thomhaltas i gcomparáid le meántomhaltas teaghlaigh i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil don soláthraí uisce, struchtúr costais na taraife arna muirearú ag an soláthraí uisce, lena n‑áirítear costais na ngnéithe athraitheacha agus seasta de, mar aon leis an bpraghas ar lítear uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine, le go bhféadfadh sé comparáid a dhéanamh le praghas an uisce i mbuidéil. [Leasú 31]

(21)  Tá na prionsabail bhunúsacha is ceart a mheas agus taraifí uisce á socrú, gan dochar d’Airteagal 9(4) de Threoir 2000/60/CE, eadhon an prionsabal gnóthaithe costas ar sheirbhísí uisce agus an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as, leagtha amach i dTreoir 2000/60/CE sa Treoir sin. Ní áirítear i gcónaí, áfach, inbhuanaitheacht airgeadais na seirbhísí uisce, agus fágann sin, uaireanta, nach ndéantar ach tearcinfheistíocht i gcothabháil an bhonneagair uisce. De réir mar a thagann feabhas ar na teicnící faireacháin, is follasaí na rátaí leibhéil sceite – ar de dheasca tearcinfheistíochta iad den chuid is mó – agus ba cheart don Aontas é a spreagadh caillteanas uisce a laghdú chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht an bhonneagair uisce. I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, ba cheart aghaidh a thabhairt ar an chun feasacht a ardú faoin tsaincheist sin, trí bhreis trédhearcachta a bheith ann agus níos mó an fhaisnéise a thabhairt do thomhaltóirí faoi na rátaí sceite agus éifeachtúlacht fuinnimh a bhaineann leis, ba cheart í a roinnt ar bhealach níos trédhearcaí leis na tomhaltóirí. [Leasú 32]

(22)  Is é is aidhm do Threoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(34), an ceart rochtana ar fhaisnéis faoin gcomhshaol a ráthú sna Ballstáit i gcomhréir le Coinbhinsiún Aarhus. Cuimsítear oibleagáidí ginearálta a bhaineann le faisnéis faoin gcomhshaol a bheith ar fáil, ach í a iarraidh, agus a bheith gníomhach i scaipeadh na faisnéise sin. Tá raon feidhme ginearálta freisin le Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(35), agus cuimsíonn sí scaipeadh faisnéise spásúla, lena n‑áirítear tacair shonraí maidir le hábhair éagsúla chomhshaoil. Ba thábhachtach go mbeadh forálacha na Treorach seo a bhaineann le rochtain ar fhaisnéis agus le socruithe malartaithe sonraí ag comhlánú na dTreoracha sin agus nach gcruthóidh siad córas dlí ar leith. Ba cheart d'fhorálacha na Treorach seo maidir le faisnéis don phobal agus maidir le faisnéis faoin bhfaireachán ar chur chun feidhme na Treorach a bheith gan dochar do Threoir 2003/4/CE agus do Threoir 2007/2/CE.

(23)  Níor leagadh síos oibleagáidí tuairiscithe le haghaidh mionsoláthraithe uisce i dTreoir 98/83/CE. Chun an cás sin a leigheas, agus chun aghaidh a thabhairt ar an ngá le faisnéis ar chur chun feidhme agus ar chomhlíonadh, ba cheart córas nua a thabhairt isteach trína gceanglófaí ar na Ballstáit tacair shonraí nach bhfuil iontu ach sonraí ábhartha amháin, amhail sáruithe ar luachanna paraiméadracha agus teagmhais a bhfuil tábhacht áirithe ag baint leo, a bhunú, a choinneáil cothrom le dáta agus a chur ar fáil don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil. D'fhágfadh sin go mbeadh an t‑ualach riaracháin ar na heintitis uile chomh teoranta agus ab fhéidir. D'fhonn bonneagar iomchuí a áirithiú le haghaidh rochtain phoiblí, tuairisciú agus malartú sonraí idir na húdaráis phoiblí, ba cheart do na Ballstáit na sonraíochtaí sonraí a bhunú ar Threoir 2007/2/CE agus ar na gníomhartha cur chun feidhme a ghabhann léi.

(24)  Ní hamháin chun comhlíonadh a sheiceáil a theastaíonn na sonraí a thuairiscíonn na Ballstáit, ach is ríthábhachtach iad freisin le go bhféadfaidh an Coimisiún faireachán agus measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht na reachtaíochta i gcomórtas leis na cuspóirí a shaothraítear leis an reachtaíocht sin, rud a bheidh mar bhonn eolais le haon mheastóireacht a dhéanfar amach anseo ar an reachtaíocht sin i gcomhréir le mír 22 den Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach(36). Sa chomhthéacs sin, tá gá le sonraí ábhartha a fhágfaidh go bhféadfar measúnú níos fearr a dhéanamh ar éifeachtúlacht, éifeachtacht, ábharthacht, agus breisluach AE na Treorach, agus is é sin an fáth a bhfuil gá le sásraí cuí tuairiscithe a áirithiú a bheidh ina dtáscairí, freisin, le haghaidh meastóireachtaí a dhéanfar ar an Treoir seo amach anseo.

(25)  De bhun mhír 22 den Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an Treoir seo laistigh de thréimhse áirithe ón dáta a shocraítear chun í a thrasuí. Ba cheart don mheastóireacht sin a bheith bunaithe ar thaithí a fuarthas, agus ar shonraí a bailíodh, le linn don Treoir seo a bheith á cur chun feidhme, maidir le sonraí ábhartha eolaíochta, anailíseacha agus eipidéimeolaíochta, agus ar aon mholtaí atá ar fáil ó EDS, agus ar shonraí ábhartha eolaíochta, anailíseacha agus eipidéimeolaíochta. [Leasú 34]

(26)  Sa Treoir seo urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Féachtar, go háirithe, leis an Treoir seo na prionsabail a chur chun cinn a bhaineann le cúram sláinte, rochtain ar sheirbhísí ar mhaithe leis an leas ginearálta eacnamaíoch, cosaint an chomhshaoil agus cosaint tomhaltóirí.

(27)  Mar a chinn an Chúirt Bhreithiúnais go mion minic, ní bheadh sé i gcomhréir leis an éifeacht cheangailteach sin atá curtha síos do Threoir sa tríú mír d'Airteagal 288 den Chonradh, is é sin an deis a eisiamh, i bprionsabal, go mbeadh daoine lena mbaineann ag brath ar oibleagáid a fhorchuirtear le Treoir. Tá feidhm ag an mbreithniú sin, go háirithe, maidir le Treoir lena bhfuil sé de chuspóir sláinte an duine a chosaint ar na héifeachtaí díobhálacha a ghabhann le héilliú aon uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine. Dá bhrí sin, i gcomhréir le Coinbhinsiún Aarhus maidir leis an rochtain ar fhaisnéis, rannpháirtíocht phoiblí i gcinnteoireacht agus rochtain ar an gceartas in ábhair chomhshaoil(37), ba cheart rochtain ar an gceartas a bheith ag baill den phobal lena mbaineann d'fhonn cur le cosaint an chirt chun cónaí i dtimpeallacht atá sásúil do shláinte agus d'fholláine an duine. Ina theannta sin, i gcás ina bhfuil lear mór daoine i mbaol 'olldíobhála', de dheasca na gcleachtas neamhdhleathach céanna a bhaineann le sárú ar chearta a bhronntar faoin Treoir seo, ba cheart an deis a bheith acu leas a bhaint as sásraí comhshásaimh de chineál cúiteach, más rud é gur bhunaigh na Ballstáit na sásraí sin i gcomhréir le Moladh 2013/396/AE(38) ón gCoimisiún.

(28)  Chun an Treoir seo a chur in oiriúint do dhul chun cinn eolaíoch agus teicniúil nó chun ceanglais faireacháin a shonrú ar mhaithe leis an measúnú riosca ar ghuaiseacha agus an measúnú riosca ar an gcóras dáileacháin baile, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le leasú Iarscríbhinn I go hIarscríbhinn IV a ghabhann leis an Treoir seo, agus na bearta is gá a ghlacadh faoi na hathruithe a shonraítear faoi Airteagal 10a. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go sonrach, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a beidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. Ina theannta sin, an cumhachtú a leagtar síos i Nóta 10 de Chuid C d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/83/CE maidir le minicíochtaí faireacháin agus modhanna faireacháin a shocrú i gcomhair substaintí radaighníomhacha, tá sé imithe i léig ó glacadh Treoir 2013/51/Euratom ón gComhairle(39) agus ba cheart é a scriosadh dá bhrí sin. Níl gá a thuilleadh leis an gcumhachtú a leagtar síos sa dara fomhír de Chuid A d'Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 98/83/CE agus a bhaineann le leasuithe ar an Treoir sin agus ba cheart é a scriosadh. [Leasú 35]

(29)  D'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh chur chun feidhme na Treorach seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun formáid a ghlacadh chun an fhaisnéis faoin uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine a thabhairt do na daoine uile arna soláthar, mar aon le rialacha mionsonraithe maidir leis an bhfaisnéis sin a thabhairt le fios, agus chun formáid a ghlacadh ina dtabharfaidh na Ballstáit an fhaisnéis maidir le cur chun feidhme na Treorach seo agus ina dtiomsóidh an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil an fhaisnéis sin, mar aon le rialacha mionsonraithe maidir leis an bhfaisnéis sin a thabhairt le fios. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(40).

(30)  Gan dochar do cheanglais Threoir 2008/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(41), ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir leis na pionóis is infheidhme i leith sáruithe ar fhorálacha na Treorach seo agus ba cheart dóibh a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ba cheart na pionóis sin a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

(31)  Leagtar síos le Treoir 2013/51/Euratom socruithe sonracha maidir le faireachán a dhéanamh ar shubstaintí radaighníomhacha in uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine. Níor cheart luachanna paraiméadracha radaighníomhaíochta a leagan síos sa Treoir seo, dá bhrí sin.

(32)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, eadhon sláinte an duine a chosaint, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(33)  Ba cheart an oibleagáid an Treoir seo a thrasuí sa dlí náisiúnta a theorannú do na forálacha sin ar leasú substainteach iad i gcomparáid leis na Treoracha a bhí ann roimhe seo. Is ann don oibleagáid na forálacha nach bhfuil athraithe a thrasuí mar thoradh ar na Treoracha a bhí ann roimhe seo.

(34)  Ba cheart nár dhochar an Treoir seo d'oibleagáidí na mBallstát maidir leis na teorainneacha ama chun na Treoracha a leagtar amach i gCuid B d'Iarscríbhinn V a thrasuí sa dlí náisiúnta,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuspóir

1.  Is Treoir maidir le cáilíocht an uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine do chách san Aontas atá sa Treoir seo. [Leasú 36]

2.  Beidh sé mar chuspóir leis an Treoir seo sláinte an duine a chosaint ar na héifeachtaí díobhálacha a ghabhann le héilliú aon uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine trína áirithiú go mbeidh an t‑uisce glan folláin, agus rochtain uilíoch ar uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine a chur chun cinn. [Leasuithe 163, 189, 207 agus 215]

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo:

1.  Ciallaíonn ‘uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine’ gach cineál uisce, ina riocht bunaidh nó arna chóireáil, chun críocha óil, cócaireachta, ullmhúcháin bia táirgthe, nó chun críocha eile bia, nó chun críocha eile tís in áitribh phoiblí agus phríobháideacha araon, lena n-áirítear gnóthais, beag beann ar a bhunús nó ar cé acu as gréasán dáileacháin nó as tancaer a sholáthraítear é nó, i gcás fíoruiscí, i mbuidéil a chuirtear é nó i gcoimeádáin. [Leasú 38]

2.  Ciallaíonn ‘córas dáileacháin baile’ na píobáin, an feisteas agus na fearais atá suiteáilte idir na buacairí a úsáidtear de ghnáth chun uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine a sholáthar  in áitribh phoiblí agus phríobháideacha araon  agus an gréasán dáileacháin, i gcás nach mbeidh na nithe sin de fhreagracht ar an soláthraí uisce ina cháil mar sholáthraí uisce, de réir an dlí náisiúnta iomchuí, agus sa chás sin amháin.

3.  Ciallaíonn 'soláthraí uisce' eintiteas dlíthiúil a sholáthraíonn ar a laghad 10 m3 d'uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine sa lá ar an meán. [Leasú 40]

3a.  Ciallaíonn 'mionsoláthraí uisce' soláthraí uisce a sholáthraíonn níos lú ná 500 m3 sa lá nó a chuireann soláthar uisce ar fáil do níos lú ná 250 duine. [Leasú 41]

4.  Ciallaíonn 'mionsoláthraí uisce' soláthraí uisce a sholáthraíonn níos lú ná 500 m3 sa lá nó a chuireann soláthar uisce ar fáil do níos lú ná 5 000 2 500 duine. [Leasú 42]

4a.  Ciallaíonn 'soláthraí meánmhéide uisce' soláthraí uisce a sholáthraíonn ar a laghad 500 m3 sa lá nó a chuireann soláthar uisce ar fáil do 2 500 duine ar a laghad. [Leasú 43]

5.  Ciallaíonn 'mórsholáthraí uisce' soláthraí uisce a sholáthraíonn ar a laghad 500 5000 m3 sa lá nó a chuireann soláthar uisce ar fáil do 5 000 25 000 duine ar a laghad. [Leasú 44]

6.  Ciallaíonn 'ollsoláthraí uisce' soláthraí uisce a sholáthraíonn ar a laghad 5 000 20 000 m3 sa lá nó a chuireann soláthar uisce ar fáil do 50 000 100 000 duine ar a laghad. [Leasú 45]

7.  Ciallaíonn 'áitreabh tosaíochta' áitreabh mór neamhtheaghlaigh ina bhfuil a lán úsáideoirí daoine, agus daoine leochaileacha go háirithe, a d'fhéadfadh a bheith neamhchosanta ar rioscaí a bhaineann le huisce, amhail ospidéil, institiúidí cúraim sláinte, tithe scoir, scoileanna, ollscoileanna agus áiseanna eile oideachais, creiseanna agus naíolanna, áiseanna spóirt, áiseanna áineasa, áiseanna caithimh aimsire agus áiseanna taispeántais, foirgnimh a bhfuil lóistín le fáil iontu, forais phionóis agus láithreacha campála, de réir mar a bheidh sainaitheanta ag na Ballstáit. [Leasú 46]

8.  Ciallaíonn 'grúpaí leochaileacha agus imeallaithe' daoine atá scoite amach ón tsochaí, mar thoradh ar an idirdhealú nó ar easpa rochtana ar chearta, acmhainní nó deiseanna, agus atá níos neamhchosanta, i gcomparáid leis an gcuid eile den tsochaí, ar réimse rioscaí a bhaineann leis an tsláinte, leis an tsábháilteacht, le heaspa oideachais, le cleachtais dhíobhálacha a bhíonn ar siúl acu, nó le rioscaí eile.

8a.   ciallóidh ‘gnólacht bia’ gnólacht bia mar a shainmhínítear in Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002. [Leasú 47]

Airteagal 3

Díolúintí

1.  Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)  uiscí mianraí nádúrtha atá aitheanta mar uiscí mianraí nádúrtha ag  an údarás inniúil, dá dtagraítear i  dTreoir 2009/54/CE;

(b)  uiscí ar táirgí íocshláinte iad de réir bhrí Threoir 2001/83/CE.

1a.  Maidir le huisce a úsáidtear i ngnólachtaí bia chun táirgí nó substaintí atá ceaptha do thomhaltas an duine a mhonarú, a phróiseáil, a leasú nó a mhargú, ní bheidh feidhm ach ag Airteagail 4, 5, 6 agus 11 den Treoir seo ina leith. Mar sin féin, ní bheidh feidhm ag aon cheann de na hairteagail sa Treoir seo i gcás inar féidir le hoibreoir gnó bia a léiriú chun sástachta na n-údarás náisiúnta inniúil nach ndéanann cáilíocht an uisce a úsáideann sé difear do shláinteachas na dtáirgí nó substaintí a eascraíonn as a ghníomhaíochtaí agus go gcomhlíonann na táirgí nó na substaintí sin Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(42). [Leasú 48]

1b.  Ní mheasfar gur soláthraí uisce é táirgeoir uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine agus a chuirtear i mbuidéil nó i gcoimeádáin.

Beidh feidhm ag forálacha na Treorach seo maidir le huisce atá ceaptha do thomhaltas an duine agus a chuirtear i mbuidéil nó i gcoimeádáin sa mhéid nach bhfuil siad cumhdaithe le hoibleagáidí faoi reachtaíocht eile de chuid an Aontais. [Leasú 49]

1c.  Is faoi réir Airteagal 1 go hAirteagal 7 agus Airteagal 9 go hAirteagal 12 den Treoir seo agus na hIarscríbhinní a ghabhann léi, agus iad sin amháin, a bheidh soithí muirí a dhéanann díshailleadh ar uisce, a iompraíonn paisinéirí agus a ghníomhaíonn mar sholáthraithe uisce. [Leasú 50]

2.  Féadfaidh na Ballstáit na nithe seo a leanas a dhíolmhú ó fhorálacha na Treorach seo:

(a)  uisce atá ceaptha chun na gcríoch sin ar chucu is deimhin leis na húdaráis inniúla nach bhfuil aon tionchar díreach ná indíreach ag cáilíocht an uisce sin ar shláinte na dtomhaltóirí lena mbaineann, agus chun na gcríoch sin amháin;

(b)  uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine as soláthar aonair lena soláthraítear níos lú ná 10 m3 sa lá, ar an meán, nó lena gcuirtear soláthar uisce ar fáil do níos lú ná 50 duine, ach amháin i gcás ina soláthrófar an t‑uisce mar chuid de ghníomhaíocht tráchtála nó phoiblí.

3.  Na Ballstáit sin a fhéadfaidh dul i muinín na ndíolúintí dá bhforáiltear i mír 2(b), áiritheoidh siad go gcuirfear an pobal lena mbaineann ar an eolas faoin méid sin agus faoi aon bheart is féidir a dhéanamh chun sláinte an duine a chosaint ar na héifeachtaí díobhálacha a ghabhann le héilliú aon uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine. Ina theannta sin, tabharfar comhairle chuí go pras don phobal lena mbaineann i gcás inar léir go bhféadfaidh cáilíocht an uisce sin sláinte an duine a chur i mbaol.

Airteagal 4

Oibleagáidí ginearálta

1.  Gan dochar dá n‑oibleagáidí faoi fhorálacha eile  an Aontais , déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú gur glan folláin a bheidh an t‑uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine. Chun críocha cheanglais íosta na Treorach seo, is glan folláin atá an t‑uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine i gcás  ina gcomhlíonfaidh sé na coinníollacha uile seo a leanas  :

(a)  go  bhfuil sé saor ó aon mhiocrorgánaigh agus aon seadáin agus ó aon substaintí a d’fhéadfadh, de bharr a lín nó a dtiúchana, sláinte an duine a chur i mbaol;

(b)  go  gcomhlíonann sé na ceanglais íosta a leagtar amach i gCuid A agus Cuid B d'Iarscríbhinn I;

(c)  go bhfuil na bearta uile is gá déanta ag  na Ballstáit  chun na  ceanglais  a leagtar amach:

(i)   in Airteagal 5 4 go hAirteagal 12   den Treoir seo a chomhlíonadh  maidir le huisce atá ceaptha do thomhaltas an duine arna sholáthar do na tomhaltóirí deiridh ó ghréasán dáileacháin nó ó thancaer;

(ii)  in Airteagail 4, 5, 6 agus 11(4) den Treoir seo maidir le huisce atá ceaptha do thomhaltas an duine agus a chuirtear i mbuidéil nó i gcoimeádáin i ngnólacht bia;

(iii)  in Airteagail 4, 5, 6 agus 11 den Treoir seo maidir le huisce atá ceaptha do thomhaltas an duine a tháirgtear agus a úsáidtear i ngnólacht bia chun bia a tháirgeadh, a phróiseáil agus a dháileadh. [Leasú 51]

2.  Áiritheoidh na Ballstáit go gcloífidh na bearta a dhéanfar chun an Treoir seo a chur chun feidhme go hiomlán le prionsabal an réamhchúraim agus nach mbeidh sé in aon chás d’éifeacht acu go gceadófar, go díreach nó go hindíreach, aon mheath ar cháilíocht láithreach an uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine ná aon mhéadú ar thruailliú na n-uiscí a úsáidtear chun uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine a tháirgeadh. [Leasú 52]

2a.  Déanfaidh na Ballstáit bearta chun a áirithiú go ndéanfaidh na húdaráis inniúla measúnú ar na leibhéil sceite uisce atá ina gcríoch féin agus ar an bhféidearthacht atá ann go gcuirfí feabhas ar an laghdú ar sceitheadh uisce in earnáil an uisce óil. Cuirfear na gnéithe ábhartha sláinte poiblí, comhshaoil, teicniúla agus eacnamaíocha san áireamh sa mheasúnú sin. Déanfaidh na Ballstáit, faoin 31 Nollaig 2022, spriocanna náisiúnta a ghlacadh chun laghdú a dhéanamh ar leibhéil sceite soláthraithe uisce ina gcríoch faoin 31 Nollaig 2030. Féadfaidh na Ballstáit dreasachtaí fónta a sholáthar chun a áirithiú go gcomhlíonann soláthraithe uisce ina gcríoch na spriocanna náisiúnta. [Leasú 53]

2b.  Maidir le húdarás inniúil atá i gceannas ar tháirgeadh agus ar dháileadh uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine, má dhéanann sé bainistiú tháirgeadh an uisce nó gníomhaíochtaí soláthair, ina iomlán nó i bpáirt, a fhágáil ag soláthraí uisce, sonrófar sa chonradh idir an t-údarás inniúil agus an soláthraí uisce freagrachtaí gach páirtí faoin Treoir seo. [Leasú 54]

Airteagal 5

Caighdeáin cháilíochta

1.  Leagfaidh na Ballstáit síos luachanna is infheidhme maidir leis an uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine maidir leis na paraiméadair a leagtar amach in Iarscríbhinn I , agus beidh na luachanna sin chomh dian céanna leis na luachanna a leagtar amach san Iarscríbhinn sin. [Leasú 55]

1a.  Ní bheidh na luachanna a shocraítear de bhun mhír 1 chomh dian céanna leis na luachanna a leagtar amach i gCuid A, i gCuid B agus i gCuid Ba d’Iarscríbhinn I. Maidir leis na paraiméadair a leagtar amach i gCuid Ba d’Iarscríbhinn I, ní shocrófar na luachanna ach amháin chun críocha faireacháin agus ar mhaithe lena áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 12. [Leasú 56]

2.  Socróidh Ballstát luachanna maidir le paraiméadair bhreise nach bhfuil san áireamh in Iarscríbhinn I i gcás inar gá déanamh amhlaidh chun sláinte an duine a chosaint laistigh dá chríoch náisiúnta nó cuid den chríoch sin.  Déanfaidh  na luachanna ceanglais Airteagal 4(1)(a), ar a laghad, a chomhlíonadh.

Déanfaidh na Ballstáit gach beart is gá chun a áirithiú nach rachaidh na gníomhairí cóireála, na hábhair, agus na nósanna imeachta dífhabhtaithe arna n-úsáid chun críocha dífhabhtaithe i gcórais soláthair uisce chun dochair do cháilíocht an uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine. Aon éilliú uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine ag úsáid na n-oibreán, na n-ábhar agus na nósanna imeachta sin, déanfar é a íoslaghdú gan cur isteach, áfach, ar éifeachtacht an dífhabhtaithe. [Leasú 57]

Airteagal 6

Pointe comhlíontachta

1.  Maidir leis na luachanna paraiméadracha a leagfar síos i gcomhréir le hAirteagal 5  le haghaidh na bparaiméadar a liostaítear i gCuid A agus, i Cuid B agus i gCuid C d'Iarscríbhinn I,  comhlíonfar na luachanna sin: [Leasú 58]

(a)  i gcás uisce a sholáthraítear ó ghréasán dáileacháin, ag an bpointe laistigh d’áitreabh nó de bhunaíocht ina scaoiltear an t‑uisce ó na buacairí sin a úsáidtear de ghnáth chun uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine a sholáthar;

(b)  i gcás uisce a sholáthraítear ó thancaer, ag an bpointe ina scaoiltear an t‑uisce ón tancaer;

(c)  i gcás fíoruiscí uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine agus a chuirtear i mbuidéil nó i gcoimeádáin, ag an bpointe ina gcuirtear an t‑uisce isteach sna buidéil nó sna coimeádáin. [Leasú 59]

(ca)  i gcás uisce a úsáidtear i ngnólacht bia inarb é soláthraí uisce a sholáthraíonn uisce, ag an bpointe seachadta sa ghnólacht bia. [Leasú 60]

1a.  I gcás uisce a chumhdaítear le pointe (a) de mhír 1, measfar go bhfuil a n-oibleagáidí faoin Airteagal seo comhlíonta ag na Ballstáit, más féidir a shuíomh gurb é córas dáileacháin príobháideach nó cothabháil an chórais sin is cúis le neamhchomhlíonadh na bparaiméadar dá bhforáiltear in Airteagal 5, ach amháin maidir le háitribh thosaíochta. [Leasú 61]

Airteagal 7

Cur chuige rioscabhunaithe i leith sábháilteacht uisce

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an t‑uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine a sholáthar, a chóireáil agus a dháileadh faoi réir cur chuige rioscabhunaithe ina mbeidh na heilimintí seo a leanas:

(a)  measúnú guaise a dhéanamh ar dhobharlaigh nó ar chuid de dhobharlaigh a úsáidtear chun uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine a astarraingt, arna gcur i gcrích ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 8; [Leasú 62]

(b)  measúnú riosca ar an soláthar a dhéanfaidh na soláthraithe uisce i ngach córas soláthair uisce chun críocha coimirciú agus faireachán a dhéanamh ar cháilíocht an uisce a sholáthraíonn siad, i gcomhréir le hAirteagal 9 agus Cuid C d’Iarscríbhinn II; [Leasú 63]

(c)  measúnú riosca ar an gcóras dáileacháin baile i gcomhréir le hAirteagal 10.

1a.  Féadfaidh na Ballstáit cur chun feidhme an chur chuige rioscabhunaithe a oiriúnú, gan cur isteach archuspóir na Treorach seo maidir le cáilíocht an uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine agus le sláinte tomhaltóirí, i gcás ina mbeidh srianta ar leith de bharr cúinsí geografacha amhail iargúltacht nó inrochtaineacht ar chrios soláthair uisce. [Leasú 64]

1b.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar freagrachtaí a dháileadh go soiléir agus go hiomchuí i measc na ngeallsealbhóirí, mar atá sainmhínithe ag na Ballstáit, chun cur chuige rioscabhunaithe a chur i bhfeidhm maidir leis na dobharlaigh a úsáidtear le haghaidh astarraingt uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine agus do chórais dáileacháin baile. Déanfar dáileadh na bhfreagrachtaí sin a chur in oiriúint dá gcreat institiúideach agus dlíthiúil. [Leasú 65]

2.  Déanfar measúnuithe guaise a chur i gcrích faoin [3 bliana tar éis an spriocdháta maidir leis an Treoir seo a thrasuí]. Déanfar athbhreithniú orthu gach 3 bliana, agus an ceanglas, dá bhforáiltear in Airteagal 7 de Threoir 2000/60/CE, atá ar na Ballstáit maidir le dobharlaigh a shainaithint á chur san áireamh, agus tabharfar cothrom le dáta iad i gcás inar gá. [Leasú 66]

3.  Déanfaidh ollsoláthraithe uisce agus mórsholáthraithe uisce na measúnuithe riosca ar an soláthar a chur i gcrích faoin [3 bliana tar éis an spriocdháta maidir leis an Treoir seo a thrasuí] agus déanfaidh mionsoláthraithe uisce iad a chur i gcrích faoin [6 bliana tar éis an spriocdháta maidir leis an Treoir seo a thrasuí]. Déanfar iad a athbhreithniú ag eatraimh rialta nach faide ná 6 bliana, agus tabharfar cothrom le dáta iad más gá. [Leasú 67]

3a.  De bhun Airteagal 8 agus Airteagal 9 den Treoir seo, déanfaidh na Ballstáit na bearta ceartaitheacha is gá faoi na cláir beart agus pleananna bainistithe abhantraí dá bhforáiltear in Airteagal 11 agus in Airteagal 13 de Threoir 2000/60/CE faoi seach. [Leasú 68]

4.  Cuirfear na measúnuithe ar an gcóras dáileacháin i gcrích baile sna háitribh dá dtagraítear in Airteagal 10(1) faoin [3 bliana tar éis an spriocdháta maidir leis an Treoir seo a thrasuí]. Déanfar athbhreithniú orthu gach 3 bliana, agus tabharfar cothrom le dáta iad i gcás inar gá. [Leasú 69]

Airteagal 8

Measúnú guaise, faireachán agus bainistiú ar dhobharlaigh a úsáidtear chun uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine a astarraingt [Leasú 70]

1.  Gan dochar d'Airteagal 6 agus Airteagal 7 de do Threoir 2000/60/CE, go háirithe Airteagal 4 go hAirteagal 8, áiritheoidh na Ballstáit, i gcomhar lena n-údaráis inniúla uisce, go ndéanfar measúnú ar ghuaiseacha go gcuirfear measúnú guaise i gcrích lena gcumhdófar na dobharlaigh a úsáidtear le haghaidh astarraingt uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine agus lena soláthraítear níos mó ná 10 m3 in aghaidh an lae ar an meán. Beidh na nithe seo a leanas sa mheasúnú guaise: [Leasú 71]

(a)  sonraí agus geoshuíomhanna gach pointe astarraingthe sna dobharlaigh nó i gcodanna díobh a chumhdaítear leis an measúnú ar ghuaiseacha, Ós rud é go bhféadfadh na sonraí dá dtagraítear san Airteagal seo a bheith íogair, go háirithe i gcomhthéacs an tsláinte phoiblí a chosaint, áiritheoidh na Ballstáit go gcosnófar sonraí den sórt sin agus go gcuirfear in iúl iad do na húdaráis ábhartha amháin; [Leasú 72]

(b)  mapaí ar a dtugtar le fios na criosanna faoi choimirce a leagadh síos i gcomhréir le hAirteagal 7(3) de Threoir 2000/60/CE agus na limistéir faoi chosaint dá dtagraítear in Airteagal 6 den Treoir sin; [Leasú 73]

(c)  sonraí na nguaiseacha, agus na bhfoinsí truailliúcháin a d’fhéadfadh a bheith leo, a dhéanann difear do na dobharlaigh a chumhdaítear leis an measúnú ar ghuaiseacha. Déanfar an taighde sin agus sonraí sin na bhfoinsí truailliúcháin a nuashonrú go tráthrialta chun substaintí nua a dhéanann difear do mhicreaphlaistigh, go háirithe PFASanna, a bhrath. Chuige sin, féadfaidh na Ballstáit leas a bhaint as an athbhreithniú ar thionchar ghníomhaíocht an duine a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir 2000/60/CE agus as faisnéis faoi bhrúnna móra a bailíodh i gcomhréir le pointe 1.4 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin; [Leasú 216]

(d)  faireachán rialta sna dobharlaigh nó i gcodanna de dhobharlaigh a chumhdaítear leis an measúnú guaise ar thruailleáin atá ábhartha don soláthar uisce agus atá roghnaithe as na liostaí seo a leanas: [Leasú 75]

(i)  na paraiméadair a liostaítear i gCuid A agus Cuid B d'Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo;

(ii)  truailleáin screamhuisce a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/118/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(43), agus truailleáin agus táscairí truaillithe ar bhunaigh na Ballstáit luachanna tairseacha ina leith i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin;

(iii)  substaintí tosaíochta agus truailleáin áirithe eile a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(44);

(iv)  paraiméadair chun críocha faireacháin atá i gCuid Ca d’Iarscríbhinn agus sa chuid sin amháin, nó truailleáin ábhartha eile, amhail micreaphlaistigh, ar choinníoll go bhfuil i bhfeidhm modheolaíocht chun micreaphlaistigh a thomhas mar a shonraítear in Airteagal 11(5b), nó truailleáin shonracha abhantraí atá bunaithe ag na Ballstáit ar bhonn an athbhreithnithe ar thionchar ghníomhaíocht an duine a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir 2000/60/CE agus ar bhonn na faisnéise faoi bhrúnna móra a bailíodh i gcomhréir le pointe 1.4 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin. [Leasú 76]

Déanfaidh na Ballstáit rogha idir pointí as pointe (i) go pointe (iv) maidir le faireachán a dhéanamh ar na paraiméadair, na substaintí nó na truailleáin a mheastar a bheith ábhartha i bhfianaise na nguaiseacha a sainaithnítear faoi phointe (c) nó i bhfianaise na faisnéise a thug na soláthraithe uisce i gcomhréir le mír 2.

Chun críche an fhaireacháin rialta agus freisin chun substaintí díobhálacha nua a bhrath trí imscrúduithe nua, féadfaidh na Ballstáit leas a bhaint as faireachán a rinneadh agus an acmhainneacht imscrúdúcháin dá bhforáiltear, i gcomhréir le reachtaíocht eile de chuid an Aontais. [Leasú 217]

D’fhéadfadh soláthraithe uisce an-mhion a dhíolmhú ó na ceanglais dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) den mhír seo, ar choinníoll go bhfuil ag an údarás inniúil réamheolas doiciméadaithe cothrom le dáta ar na paraiméadair ábhartha dá dtagraítear sna pointí sin. Déanfaidh an t-údarás inniúil an díolúine sin a athbhreithniú gach trí bliana ar a laghad agus é a thabhairt cothrom le dáta i gcás inar gá. [Leasú 77]

2.  Na soláthraithe uisce sin a dhéanfaidh faireachán ar a n‑amhuisce chun críocha an rialaithe oibriúcháin, beidh orthu na húdaráis inniúla a chur ar an eolas faoi threochtaí agus faoi aon tiúchana neamhghnácha de na paraiméadair, na substaintí nó na truailleáin a ndearnadh faireachán orthu.

3.  Cuirfidh na Ballstáit na soláthraithe uisce, a bhfuil an dobharlach atá cumhdaithe leis an measúnú ar ghuaiseacha in úsáid acu, ar an eolas faoi na torthaí a bhí ar an bhfaireachán a rinneadh faoi mhír 1(d) agus féadfaidh siad, ar bhonn na dtorthaí sin a bhí ar an bhfaireachán:

(a)  é a cheangal ar na soláthraithe uisce faireachán breise nó cóireáil bhreise a dhéanamh ar pharaiméadair áirithe;

(b)  cead a thabhairt do sholáthraithe uisce minicíocht an fhaireacháin a ísliú i gcás paraiméadair áirithe, gan ceangal a bheith orthu measúnú riosca a dhéanamh ar an soláthar, ar choinníoll nach croípharaiméadair iad de réir bhrí phointe 1 de Chuid B d'Iarscríbhinn II, agus ar choinníoll nach bhfuil aon toisc ann lena bhfuiltear ag súil le réasún gur dócha go mbeidh sí ina cúis le meath ar cháilíocht an uisce. [Leasú 78]

4.  I gcásanna den sórt sin ina gceadófar don soláthraí uisce minicíocht an fhaireacháin dá dtagraítear i mír 2(b) a ísliú, leanfaidh na Ballstáit den fhaireachán rialta a dhéanamh ar na paraiméadair sin sa dobharlach a chumhdaítear leis an measúnú ar ghuaiseacha. [Leasú 79]

5.  Ar bhonn na faisnéise a bailíodh faoi mhír 1 agus mír 2, agus faoi Threoir 2000/60/CE, déanfaidh na Ballstáit na bearta seo a leanas i gcomhar leis na soláthraithe uisce agus páirtithe leasmhara eile, nó áiritheoidh siad go ndéanfaidh na soláthraithe uisce na bearta sin: [Leasú 80]

(a)  bearta coisctheacha chun an leibhéal cóireála is gá a laghdú agus cáilíocht an uisce a chosaint, lena n‑áirítear bearta dá dtagraítear in Airteagal 11(3)(d) de Threoir 2000/60/CE; [Leasú 178]

(aa)  áiritheoidh siad go ndéanfaidh truaillitheoirí, i gcomhar le soláthraithe uisce agus le geallsealbhóirí ábhartha eile, bearta coisctheacha chun an leibhéal cóireála is gá a laghdú nó a sheachaint agus chun cáilíocht an uisce a choimirciú, lena n-áirítear bearta dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 11(3) de Threoir 2000/60/CE chomh maith le bearta breise a mheastar a bheith riachtanach ar bhonn an fhaireacháin a dhéanfar faoi phointe (d) de mhír 1 den Airteagal seo; [Leasú 82]

(b)  bearta maolaitheacha, a mheastar a bheith riachtanach ar bhonn an fhaireacháin arna chur i gcrích faoi mhír 1 (d), chun an fhoinse truaillithe a shainaithint agus aghaidh a thabhairt uirthi agus aon chóireáil bhreise a sheachaint, nuair a mheastar nach bhfuil bearta coisctheacha inmharthana nó éifeachtach go leor chun aghaidh a thabhairt ar fhoinse an truaillithe ar bhealach tráthúil; [Leasú 83]

(ba)  i gcás nach meastar go bhfuil na bearta a leagtar amach i bpointe (aa) agus i bpointe (b) leordhóthanach chun cosaint leormhaith a thabhairt do shláinte an duine, ceangal a chur ar sholáthraithe uisce faireachán breise a dhéanamh ar pharaiméadair áirithe ag an bpointe astarraingte, nó an chóireáil a dhéanamh má tá fíorghá leis, chun rioscaí don tsláinte a chosc. [Leasú 84]

Déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú rialta ar aon bheart den sórt sin.

5a.  Cuirfidh na Ballstáit na soláthraithe uisce, a bhfuil an dobharlach nó codanna de dhobharlaigh a chumhdaítear leis an measúnú guaise atá in úsáid acu, ar an eolas faoi thorthaí an fhaireacháin a rinneadh faoi phointe (d) de mhír 1 agus, ar bhonn thorthaí an fhaireacháin sin, agus ar bhonn na faisnéise a bailíodh faoi mhír 1 agus faoi mhír 2, agus faoi Threoir 2000/60/CE, féadfaidh siad:

(a)  cead a thabhairt do sholáthraithe uisce laghdú a dhéanamh ar mhinicíocht faireacháin paraiméadair áirithe, nó ar líon na bparaiméadar a bhfuil faireachán á dhéanamh orthu, gan a cheangal orthu measúnú riosca soláthair a dhéanamh, ar choinníoll nach croípharaiméadair de réir bhrí phointe 1 de Chuid B d’Iarscríbhinn II iad na paraiméadair lena mbaineann, agus ar choinníoll nach bhfuil aon toisc ann lena bhfuiltear ag súil le réasún gur dócha go mbeidh sí ina cúis le meath ar cháilíocht an uisce;

(b)  i gcás ina gceadaítear do sholáthraí uisce an mhinicíocht faireacháin dá dtagraítear i bpointe (a) a laghdú, leanúint de bheith ag déanamh faireachán rialta ar na paraiméadair sin sa dobharlach atá cumhdaithe faoin measúnú guaise. [Leasú 85]

Airteagal 9

Measúnú riosca, faireachán agus bainistiú ar an soláthar [Leasú 86]

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh soláthraithe uisce measúnú riosca ar an soláthar i gcomhréir le Cuid C d’Iarscríbhinn II, lena bhforáiltear gur féidir minicíocht an fhaireacháin a choigeartú i gcás aon pharaiméadar a liostaítear i gCuid A, Cuid B agus i gcuid Ba d’Iarscríbhinn I nach croípharaiméadair iad de réir chuid B d’Iarscríbhinn II, ag brath ar an líon acu atá san amhuisce. [Leasú 87]

Maidir leis na paraiméadair sin, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh soláthraithe uisce imeacht ó na minicíochtaí samplála a leagtar amach i gCuid B d'Iarscríbhinn II, i gcomhréir leis na sonraíochtaí a leagtar amach i gCuid C d'Iarscríbhinn II, agus ag brath ar an líon acu atá san amhuisce agus ar an gcaoi a ndéantar an chóireáil. [Leasú 88]

Chun na críche sin, beidh ceangal ar cuirfidh soláthraithe uisce san áireamh na torthaí a bhí ar an measúnú ar ghuaiseacha a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 8 den Treoir seo, agus ar an bhfaireachán a rinneadh de bhun Airteagal 7(1) agus Airteagal 8 de Threoir 2000/60/CE, a chur san áireamh. [Leasú 89]

1a.  Féadfaidh na Ballstáit soláthraithe uisce an-mhion a dhíolmhú ó mhír 1, ar choinníoll go bhfuil réamheolas doiciméadaithe cothrom le dáta ag an údarás inniúil maidir leis na paraiméadair ábhartha agus go measann sé nach bhfuil aon riosca ann do shláinte an duine de thoradh na ndíolúintí sin, agus gan dochar d’oibleagáidí an údaráis faoi Airteagal 4.

Déanfaidh an t-údarás inniúil an díolúine a athbhreithniú gach trí bliana nó nuair a bhraitear aon ghuais nua truaillithe sa dobharcheantar, agus déanfar é a thabhairt cothrom le dáta i gcás inar gá. [Leasú 90]

2.  Déanfaidh na húdaráis inniúla na Beidh na soláthraithe uisce freagrach as measúnuithe riosca ar an soláthar a fhormheas agus is iad na soláthraithe uisce a áiritheoidh go gcomhlíonfaidh na measúnuithe sin an Treoir seo. Chuige sin, féadfaidh soláthraithe uisce tacaíocht a iarraidh ar údaráis inniúla.

Féadfaidh na Ballstáit ceangal a chur ar údaráis inniúla formheas nó faireachán a dhéanamh ar mheasúnuithe riosca soláthair a dhéanann soláthraithe uisce. [Leasú 91]

2a.  Ar bhonn thorthaí an mheasúnaithe riosca soláthair arna chur i gcrích de bhun mhír 1, áiritheoidh na Ballstáit go mbunóidh soláthraithe uisce plean sábháilteachta uisce a bheidh curtha in oiriúint do na rioscaí a shainaithnítear agus a bheidh comhréireach le méid an tsoláthraíuisce. Mar shampla, d’fhéadfadh sé go mbainfeadh an plean sábháilteachta uisce sin leis an úsáid a bhaintear as ábhair a bhíonn i dteagmháil le huisce, táirgí cóireála uisce, rioscaí féideartha a eascraíonn ó phíopaí a bhíonn ag sceitheadh uisce, nó bearta chun dul in oiriúint do dhúshláin an lae inniu agus amach anseo, amhail an t-athrú aeráide, agus déanfaidh na Ballstáit é a shonrú tuilleadh. [Leasú 92]

Airteagal 10

Measúnú riosca, faireachán agus bainistiú ar an gcóras dáileacháin baile [Leasú 93]

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar measúnú riosca ar an gcóras dáileacháin baile in áitribh thosaíochta, agus beidh na heilimintí seo a leanas sa mheasúnú sin: [Leasú 94]

(a)  measúnú ar na rioscaí a bhaineann leis na córais dáileacháin baile, agus leis na táirgí gaolmhara agus na hábhair ghaolmhara, agus ar cibé acu a dhéanann nó nach ndéanann siad difear do cháilíocht an uisce ag an bpointe ina dtagann sé as na buacairí a úsáidtear de ghnáth do thomhaltas an duine, go háirithe i gcás ina gcuirfear soláthar uisce ar fáil don phobal in áitreabh tosaíochta; [Leasú 95]

(b)  faireachán rialta ar na paraiméadair a liostaítear i gCuid C d'Iarscríbhinn I in áitribh ina meastar go bhfuil an baol is mó ann do shláinte an duine. Déanfar paraiméadair agus áitribh ábhartha a roghnú ar bhonn thosaíochta ina ndearnadh sainaithint ar rioscaí sonracha maidir le cáilíocht uisce le linn an mheasúnaithe a rinneadh faoi phointe (a). [Leasú 96]

Maidir leis an bhfaireachán rialta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh na Ballstáit , áiritheoidh na Ballstáit rochtain ar shuiteálacha in áitribh thosaíochta chun críocha samplála, agus féadfaidh siad straitéis faireacháin a bhunú a dhíreoidh ar na háitribh thosaíochta, go háirithe maidir le Legionella pneumophila; [Leasú 97]

(c)  fíorú i dtaobh an bhfuil feidhmíocht táirgí agus ábhar a bhíonn i dteagmháil le huisce atá ceaptha do thomhaltas an duine leordhóthanach i ndáil le sláinte an duine a chosaint.hoibreacha foirgníochta a shonraítear i bpointe 3(e) d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 sláinte an duine a chosaint. [Leasú 98]

(ca)  fíorú i dtaobh an bhfuil na hábhair arna n-úsáid oiriúnach le dul i dteagmháil le huisce atá ceaptha do thomhaltas an duine agus an gcomhlíontar na ceanglais a shonraítear in Airteagal 11. [Leasú 99]

2.  I gcás ina mbeidh na Ballstáit den tuairim, ar bhonn an mheasúnaithe a rinneadh faoi mhír 1(a), go bhfuil baol ann do shláinte an duine a thagann as an gcóras dáileacháin baile in áitribh thosaíochta nó as na táirgí gaolmhara agus na hábhair ghaolmhara, nó i gcás inar léir san fhaireachán a rinneadh i gcomhréir le mír 1(b) nár comhlíonadh na luachanna paraiméadracha a leagtar amach i gCuid C d'Iarscríbhinn I, déanfaidh na Ballstáit áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar bearta iomchuí chun an riosca nach gcomhlíonfar na luachanna paraiméadracha a leagtar amach i gCuid C d’Iarscríbhinn I a dhíchur nó a laghdú.

(a)  na bearta iomchuí chun deireadh a chur leis an mbaol nach gcomhlíonfar na luachanna paraiméadracha a leagtar amach i gCuid C d'Iarscríbhinn I, nó chun an baol sin a laghdú;

(b)  na bearta uile is gá lena áirithiú nach gcuirfear sláinte an duine i mbaol, go díreach nó go hindíreach, de dheasca ascnamh substaintí nó ceimiceán as táirgí foirgníochta a úsáidtear chun uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine a ullmhú nó a dháileadh.

(c)  go ndéanfar bearta eile, amhail teicnící iomchuí feabhsúcháin, i gcomhar le soláthraithe uisce, chun nádúr nó airíonna an uisce a athrú sula soláthrófar é ionas go gcuirfear deireadh leis an mbaol nach gcomhlíonfaidh an t‑uisce na luachanna paraiméadracha tar éis é a sholáthar, nó go laghdófar an baol sin;

(d)  tomhaltóirí a chur ar an eolas go cuí agus comhairle chuí a chur orthu faoi dhálaí tomhaltais agus úsáide an uisce agus faoi aon bheart a d'fhéadfaí a dhéanamh chun an baol a sheachaint go dtarlódh sé arís;

(e)  oiliúint a eagrú do phluiméirí agus do ghairmithe eile a mbíonn baint acu leis na córais dáileacháin baile agus suiteáil táirgí foirgníochta;

(f)  i gcás Legionella, a áirithiú go bhfuil bearta éifeachtacha rialaithe agus bainistithe i bhfeidhm chun ráigeanna den ghalar a d'fhéadfadh tarlú a sheachaint agus dul i ngleic leo. [Leasú 100]

2a.  D’fhonn na rioscaí a bhaineann le dáileadh baile a laghdú i ngach ceann de na córais dáileacháin baile, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)  spreagadh a thabhairt d’úinéirí áitribh phoiblí agus phríobháidigh chun measúnú riosca ar dháileachán baile a dhéanamh;

(b)  tomhaltóirí agus úinéirí áitribh phoiblí agus phríobháidigh a chur ar an eolas faoi bhearta atá ann chun díchur nó laghdú a dhéanamh ar an riosca a bhaineann le neamh-chomhlíonadh na gcaighdeán cáilíochta le haghaidh uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine i ngeall ar an gcóras dáileacháin baile;

(c)  tomhaltóirí a chur ar an eolas go cuí agus comhairle a chur orthu maidir le dálaí tomhaltais agus úsáide an uisce agus maidir le bearta a d’fhéadfaí a dhéanamh d’fhonn an baol go dtarlódh sé arís a sheachaint;

(d)  oiliúint a chur chun cinn maidir le pluiméirí agus gairmithe eile a bhíonn ag déileáil le córais dáileacháin baile agus le suiteáil táirgí foirgníochta agus ábhar a bhíonn i dteagmháil le huisce; agus

(e)  i gcás Legionella, agus go háirithe Legionella pneumophila, a áirithiú go bhfuil bearta éifeachtacha rialaithe agus bainistithe atá comhréireach leis an riosca i bhfeidhm chun ráigeanna féideartha an ghalair a chosc agus aghaidh a thabhairt orthu. [Leasú 101]

Airteagal 10a

Íoscheanglais sláinteachais do tháirgí, do shubstaintí agus d’ábhair a bhíonn i dteagmháil le huisce atá ceaptha do thomhaltas an duine

1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta uile is gá chun a áirithiú i gcás substaintí agus ábhair a úsáidtear le haghaidh mhonarú na dtairgí nua go léir a bhíonn i dteagmháil le huisce atá ceaptha do thomhaltas an duine agus a úsáidtear chun críocha astarraingte, cóireála nó dáilte, nó i gcás eisíontais a bhaineann leis na substaintí sin:

(a)  nach ndéanfaidh siad laghdú díreach ná indíreach ar chosaint shláinte an duine dá bhforáiltear sa Treoir seo;

(b)  nach mbeidh tionchar acu ar bholadh ná ar bhlas an uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine;

(c)  nach mbeidh siad i láthair in uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine ar leibhéal tiúchana atá níos airde ná an leibhéal is gá chun an cuspóir lena n-úsáidtear iad a bhaint amach; agus

(d)  nach spreagann siad an fhorbairt mhicribhitheolaíoch.

2.   Chun críocha chur i bhfeidhm comhchuibhithe mhír 1 a áirithiú, faoin... [trí bliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo], déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 19 chun an Treoir seo a fhorlíonadh trína ndéanfaí, maidir leis na híoscheanglais sláinteachais agus liosta na substaintí a úsáidtear chun ábhair a bhíonn i dteagmháil le huisce atá ceaptha do thomhaltas an duine a tháirgeadh, agus a fhormheastar san Aontas, lena n-áirítear teorainneacha sonracha imirce agus coinníollacha speisialta úsáide i ngach cás inarb infheidhme, iad a leagan síos.. Déanfaidh an Coimisiún an liosta sin a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta i gcomhréir leis na forbairtí eolaíocha agus teicneolaíocha is déanaí.

3.  Chun tacú leis an gCoimisiún na gníomhartha tarmligthe a ghlacadh agus a leasú de bhun mhír 2, cuirfear buanchoiste ar bun ina mbeidh ionadaithe arna gceapadh ag na Ballstáit agus a fhéadfaidh cúnamh a iarraidh ó shaineolaithe nó ó chomhairleoirí.

4.  Ábhair a bhíonn i dteagmháil le huisce atá ceaptha do thomhaltas an duine, agus atá cumhdaithe faoi reachtaíocht eile de chuid an Aontais, amhail Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(45)1a, comhlíonfaidh siad mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo. [Leasú 102]

Airteagal 11

Faireachán

1.  Déanfaidh na Ballstáit gach beart is gá chun a áirithiú go ndéanfar faireachán rialta ar cháilíocht an uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine chun a sheiceáil cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an t‑uisce atá ar fáil do thomhaltóirí ceanglais na Treorach seo agus, go háirithe, na luachanna paraiméadracha a socraíodh i gcomhréir le hAirteagal 5.  Déanfar  samplaí a thógáil atá ionadaíoch ar cháilíocht an uisce a thomhlaítear le linn na bliana. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit gach beart is gá a dhéanamh chun a áirithiú, i gcás ina mbeidh dífhabhtú i gceist le huisce atá ceaptha do thomhaltas an duine a ullmhú nó a dháileadh, go bhfíorófar éifeachtúlacht na cóireála dífhabhtaithe a rinneadh agus go gcoinneofar aon éilliú de bharr sheachtháirgí an dífhabhtaithe a ísle is féidir, gan cur as don dífhabhtú. [Leasú 103]

2.  Chun na hoibleagáidí a fhorchuirtear i mír 1 a chomhlíonadh, cuirfear cláir faireacháin iomchuí ar bun  i gcomhréir le Cuid A d'Iarscríbhinn II  maidir leis an uisce ar fad atá ceaptha do thomhaltas an duine.  Beidh na heilimintí seo a leanas sna cláir faireacháin sin:

(a)  faireachán ar na paraiméadair a liostaítear i gCuid A agus Cuid B d'Iarscríbhinn I agus ar na paraiméadair a socraíodh i gcomhréir le hAirteagal 5(2), i gcomhréir le hIarscríbhinn II, agus, i gcás ina ndéanfar measúnú riosca ar an soláthar, i gcomhréir le hAirteagal 9;

(b)  faireachán ar na paraiméadair a liostaítear i gCuid C d'Iarscríbhinn I chun críocha an mheasúnaithe riosca ar an gcóras dáileacháin baile dá bhforáiltear in Airteagal 10(1)(b);

(c)  faireachán chun críocha an mheasúnaithe ar ghuaiseacha dá bhforáiltear in Airteagal 8(1)(d).

3.  Is iad na húdaráis inniúla a chinnfidh na pointí samplála agus comhlíonfaidh na pointí samplála sin na ceanglais iomchuí a leagtar amach i gCuid D d'Iarscríbhinn II.

4.  Comhlíonfaidh na Ballstáit na sonraíochtaí maidir le hanailísiú na bparaiméadar a leagtar amach in Iarscríbhinn III , i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas:

(a)  féadfar modhanna anailíse seachas na modhanna sin a shonraítear i gCuid A d'Iarscríbhinn III a úsáid ar choinníoll gur féidir a thaispeáint go bhfuil na torthaí a gheofar chomh hiontaofa, ar a laghad, leis na torthaí sin a gheofaí trí na modhanna a shonraítear tríd an bhfaisnéis iomchuí ar fad faoi na modhanna sin, agus faoina gcoibhéis, a thabhairt don Choimisiún;

(b)  i gcás na bparaiméadar sin a liostaítear i gCuid B d'Iarscríbhinn III, is cuma cén modh anailíse a úsáidtear ar choinníoll go gcomhlíonfaidh sé na ceanglais a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.

5.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar faireachán breise, cás ar chás, ar shubstaintí agus miocrorgánaigh nár socraíodh aon luach paraiméadrach maidir leo i gcomhréir le hAirteagal 5, más rud é go bhfuil cúis amhrais ann go bhféadfaidh an méid nó an líon díobh atá ann sláinte an duine a chur i mbaol.

5a.  Déanfaidh na Ballstáit torthaí an fhaireacháin arna chur i gcrích i gcomhréir le faireachán na bparaiméadar a liostaítear i gCuid Ca d’Iarscríbhinn I a chur in iúl don Choimisiún faoin ... [trí bliana ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo], agus ina dhiaidh sin uair sa bhliain.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le Airteagal 19 chun an Treoir seo a leasú trí na substaintí atá ar an liosta faire a leagtar amach i gCuid Ca d’Iarscríbhinn I a thabhairt cothrom le dáta. Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh substaintí a chur leis i gcás ina bhfuil baol ann go mbeidh na substaintí sin i láthair in uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine agus a chuireann sláinte an duine i mbaol, ach nach bhfuil léirithe ina leith san fhaisnéis eolaíoch gur ann do riosca do shláinte an duine. Chuige sin, bainfidh an Coimisiún úsáid as taighde eolaíoch EDS go háirithe. I gcás aon substaint nua a bheith curtha leis an tsubstaint, tabharfar údar iomchuí leis faoi Airteagal 1 den Treoir seo. [Leasú 104]

5b.  Faoin ... [aon bhliain amháin tar éis an dáta a dtiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm], déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 19 chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí mhodheolaíocht a ghlacadh chun tomhas a dhéanamh ar na micreaphlaistigh atá liostaithe ar an liosta faire atá leagtha amach i gCuid Ca d’Iarscríbhinn I. [Leasú 105]

Airteagal 12

Gníomhaíocht feabhais agus srianta úsáide

1.  I gcás nach gcomhlíontar na luachanna paraiméadracha a socraíodh i gcomhréir le hAirteagal 5 ag an bpointe comhlíontachta dá dtagraítear in Airteagal 6, áiritheoidh na Ballst áit go ndéanfar imscrúdú láithreach air chun an chúis a bhí leis a shainaithint. [Leasú 106]

2.  Más rud é, beag beann ar na bearta a rinneadh chun na hoibleagáidí a fhorchuirtear in Airteagal 4(1) a chomhlíonadh, nach gcomhlíonann uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine na luachanna paraiméadracha a socraíodh i gcomhréir le hAirteagal 5, áiritheoidh an Ballstát lena mbaineann go ndéanfar an ghníomhaíocht feabhais is gá a luaithe is féidir chun cáilíocht an uisce sin a athbhunú agus tabharfaidh sé tosaíocht don ghníomhaíocht sin a fhorfheidhmiú, ag féachaint, inter alia, dá mhéad a sáraíodh an luach paraiméadrach ábhartha agus don bhaol a d’fhéadfadh a bheith ann do shláinte an duine.

I gcás nach gcomhlíonfar na luachanna paraiméadracha a leagtar amach i gCuid C d'Iarscríbhinn I, beidh na bearta a leagtar amach i bpointe (a) go pointe (f) d'Airteagal 10(2) ina gcuid den ghníomhaíocht feabhais. [Leasú 107]

3.  Beag beann ar cé acu a bhí nó nach raibh aon mhainneachtain ann na luachanna paraiméadracha a chomhlíonadh, áiritheoidh na Ballstáit go dtoirmiscfear aon soláthar uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine a d’fhéadfadh sláinte an duine a chur i mbaol nó áiritheoidh siad go gcuirfear srian ar úsáid an uisce sin  agus  go ndéanfar aon ghníomhaíocht  feabhais  eile is gá chun sláinte an duine a chosaint.

I gcás aon mhainneachtana na ceanglais íosta maidir le luachanna paraiméadracha a leagtar amach i gCuid A agus Cuid B d'Iarscríbhinn I a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit an mhainneachtain sin a mheas mar bhaol do shláinte an duine, ach amháin i gcás ina measann na húdaráis inniúla gur fánach neamhchomhlíonadh an luacha pharaiméadraigh. [Leasú 108]

4.  Sna cásanna a bhfuil tuairisc orthu i mír 2 agus mír 3, ina meastar gur baol ionchasach do shláinte an duine é neamh-chomhlíonadh na luachanna paraiméadracha, déanfaidh na Ballstáit, a luaithe is féidir, na bearta uile seo a leanas: [Leasú 109]

(a)  fógra a thabhairt do na tomhaltóirí uile a ndearnadh difear dóibh maidir leis an mbaol atá ann do shláinte an duine agus an chúis leis an mbaol sin, an sárú ar luach paraiméadrach agus na gníomhaíochtaí feabhais a rinneadh, lena n‑áirítear toirmeasc, srian nó gníomhaíocht eile;

(b)  an chomhairle chuí a chur ar thomhaltóirí, agus iad a choinneáil ar an eolas, faoi dhálaí tomhaltais agus úsáide an uisce, agus aird ar leith a thabhairt ar ghrúpaí a d'fhéadfadh a bheith leochaileach;

(c)  na tomhaltóirí a chur ar an eolas a luaithe a shuífear nach bhfuil baol ann a thuilleadh do shláinte an duine agus iad a chur ar an eolas nuair a bheidh an tseirbhís ar ais mar is gnách arís.

Déanfar na bearta dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) i gcomhar leis an soláthraí lena mbaineann. [Leasú 110]

5.  I gcás ina suitear go bhfuil neamhchomhlíonadh i gceist ag an bpointe tomhaltais, cinnfidh na húdaráis inniúla nó comhlachtaí iomchuí eile an ghníomhaíocht  a dhéanfar  faoi mhír 3, agus aird á tabhairt acu ar na rioscaí do shláinte an duine a thiocfadh as cur isteach ar an soláthar nó as srian a chur ar úsáid uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine. [Leasú 111]

Airteagal 12a

Maoluithe

1.  Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le maoluithe ó na luachanna paraiméadracha a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn I nó atá socraithe i gcomhréir le hAirteagal 5(2), suas le luach uasta a shocrófar, ar choinníollnach ionann na maoluithe sin agus baol do shláinte an duine agus ar choinníoll nach bhfuil aon mhodhanna eile ar fáil chun cothabháil a dhéanamh ar dháileadh an uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine san earnáil lena mbaineann. Beidh na maoluithe sin teoranta do na cásanna seo a leanas:

(a)  crios nua soláthair uisce;

(b)  foinse nua truaillithe a bhraitear i gcrios soláthair uisce nó paraiméadair nua-chuardaithe nó nua-bhraite.

Beidh maoluithe teoranta don tréimhse ama is giorra is féidir, ar tréimhse í nach sáróidh trí bliana, agus i dtreo dheireadh na tréimhse sin déanfaidh na Ballstáit athbhreithníu chun a chinneadh an ndearnadh dul chun cinn leordhóthanach.

I gcásanna eisceachtúla, féadfaidh Ballstát dara maolú a dheonú maidir le pointe (a) agus pointe (b) den chéad fhomhír. I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag Ballstát an dara maolú sin a dheonú, cuirfidh sé an t-athbhreithniú, in éineacht leis na forais lena chinneadh, chuig an gCoimisiún. Ní sháróidh an dara maolú sin trí bliana.

2.  Sonrófar in aon mhaolú a dheonaítear i gcomhréir le mír 1 an fhaisnéis seo a leanas:

(a)  na forais leis an maolú;

(b)  an paraiméadar lena mbaineann, torthaí ábhartha ón bhfaireachán roimh ré, agus an luach uasta is incheadaithe dá bhforáiltear faoin díolúine;

(c)  an limistéar geografach, méid an uisce a dháiltear gach lá, an daonra lena mbaineann agus an ndéanfaí difear d’aonghnóthas táirgthe bia nó nach ndeanfaí;

(d)  clár faireacháin iomchuí lena bhforáiltear, i gcás inar gá, d’fhaireachán níos minice;

(e)  achoimre ar an bplean le haghaidh na mbeart ceartaitheach is gá, lena n-áirítear clár oibre, meastachán ar an gcostas agus forálacha maidir le hathbhreithniú a dhéanamh; agus

(f)  an ré a éilítear don mhaolú.

3.  Má mheasann na húdaráis inniúla nach bhfuil neamh-chomhlíonadh an luacha pharaiméadraigh tromchúiseach agus má tá an ghníomhaíocht a rinneadh i gcomhréir le Airteagal 12(2) leordhóthanach chun an fhadhb a réiteach laistigh de 30 lá, ní gá an fhaisnéis dá bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo a shonrú sa mhaolú.

Sa chás sin, ní chinnfidh na húdaráis inniúla ná comhlachtaí ábhartha eile lena mbaineann ach an luach ceadaithe uasta don pharaiméadar lena mbaineann agus an t-am a cheadaítear chun an fhadhb a réiteach.

4.  Ní féidir dul ar iontaoibh mhír 3 a thuilleadh, más amhlaidh nár comhlíonadh aon luach paraiméadrach ar bith do sholáthar uisce ar leith ar feadh tréimhse is faide ná 30 lá ina iomláine i gcaitheamh an 12 mhí roimhe sin.

5.  Déanfaidh aon Bhallstát a bhain leas as na maoluithe dá bhforáiltear san Airteagal seo a áirithiú go gcuirfear eolas maidir leis an maolú agus na coinníollacha lena mbaineann chuig an bpobal dá mbaineann an maolú sin go pras agus go hiomchuí. Sa bhreis air sin, áiritheoidh an Ballstát, i gcás inar gá, go gcuirfear comhairle ar ghrúpaí ar leith sa daonra a bhféadfadh an maolú a bheith ina riosca ar leith dóibh.

Ní bheidh feidhm ag na hoibleagáidí dá dtagraítear sa chéad fhomhír maidir leis na cúinsí a bhfuil tuairisc orthu i mír 3 ach amháin má chinneann na húdaráis inniúla a mhalairt.

6.  Cé is moite de mhaoluithe arna ndeonú i gcomhréir le mír 3, cuirfidh Ballstát an Coimisiún ar an eolas laistigh de thréimhse dhá mhí maidir le haon mhaolú a bhaineann le soláthar aonair uisce ar mó a sholáthar ná 1 000 m3 in aghaidh an lae mar mheán nó mar sheirbhís a fhreastalaíonn ar níos mó ná 5 000 duine, lena n-áirítear an fhaisnéis a shonraítear i mír 2.

7.  Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le huisce atá ceaptha do thomhaltas an duine agus a dhíoltar i mbuidéil ná i gcoimeádáin. [Leasú 112]

Airteagal 13

Rochtain ar an uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine

1.  Gan dochar d'Airteagal 9 de Threoir 2000/60/CE agus do phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta, déanfaidh na Ballstáit, agus na peirspictíochtaí áitiúla agus réigiúnacha agus cúinsí maidir le dáileadh uisce á gcur san áireamh acu, gach beart is gá chun feabhas a chur ar an rochtain uilíoch do chách ar an uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine agus cuirfidh na Ballstáit úsáid an uisce sin chun cinn ar a gcríoch. Beidh na bearta uile seo a leanas san áireamh:

(a)  sainaithneoidh na Ballstáit daoine nach bhfuil rochtain, nó a mbeidh rochtain theoranta acu, ar uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine, lena n-áirítear grúpaí leochaileacha agus imeallaithe, agus na cúiseanna leis an easpa rochtana sin, agus deiseanna chun feabhas a chur ar an rochtain atá ag na daoine sin á meas acu agus á gcur in iúl dóibh go soiléir faoi na féidearthachtaí atá ann chun nascadh leis an gcóras dáileacháin nó faoi mhodhanna malartacha chun rochtain a fháil ar an uisce sin;

(aa)  Déanfaidh na Ballstáit bearta freisin, amhail:

(b)  trealamh amuigh faoin aer nó faoi dhíon amuigh is istigh a shocrú agus a chothabháil, lena n-áirítear láithreacha athlíonta, le go mbeidh teacht saor in aisce i spásanna poiblí ar uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine, agus i gcás ina ndéanfar amhlaidh go mbeidh sé indéanta go teicniúil agus comhréireach i ndáil leis an ngá atá ann leis na bearta sin; Leis na bearta sin, cuirfear san áireamh freisin dálaí áitiúla ar leith, amhail an aeráid agus an tíreolaíocht;

(c)  uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine a chur chun cinn mar a leanas:

(i)  feachtais a sheoladh chun na saoránaigh a chur ar an eolas faoi cháilíocht an ard uisce sin buacaire;

(ia)  feachtais seolta a sheoladh chun an pobal i gcoitinne a spreagadh chun buidéil uisce in-athúsáidte agus tionscnaimh a sheoladh chun feasacht a ardú faoi shuíomhanna láithreacha athlíonta;

(ii)  soláthar an uisce sin a chur chun cinn i bhfoirgnimh riaracháin agus phoiblí;

(iii)  soláthar saor in aisce an uisce sin soláthar an uisce sin ar tháille íseal a chur chun cinn do chustaiméirí i mbialanna, i gceaintíní agus i seirbhísí lónadóireachta. [Leasú 113,165, 191, 208, 166, 192, 169, 195, 170, 196, 197 agus 220]

2.  Ar bhonn na faisnéise a bailíodh faoi mhír 1(a), déanfaidh na Ballstáit gach beart is gá bearta a mheasann siad a bheith riachtanach agus iomchuí chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag grúpaí leochaileacha agus imeallaithe ar uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine. [Leasú 114]

I gcás nach mbeidh rochtain ar uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine ag na grúpaí sin, cuirfidh na Ballstáit ar an eolas iad láithreach faoi cháilíocht an uisce sin atá siad a úsáid agus faoi aon bheart is féidir a dhéanamh chun sláinte an duine a chosaint ar na héifeachtaí díobhálacha a ghabhann le haon éilliú ar an uisce sin.

2a.  I gcás ina mbeidh oibleagáidí faoin Airteagal seo ar údaráis phoiblí áitiúla faoin dlí náisiúnta, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na modhanna agus na hacmhainní ag na húdaráis sin chun rochtain ar uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine a áirithiú agus go bhfuil aon bhearta maidir leis sin comhréireach le hacmhainní agus méid an chórais dáileacháin lena mbaineann. [Leasuithe 173, 199 agus 209]

2b.   Agus na sonraí arna mbailiú faoi na forálacha a leagtar amach i bpointe (a) d’Airteagal 15(1) á gcur san áireamh, comhoibreoidh an Coimisiún leis na Ballstáit agus leis an mBanc Eorpach Infheistíochta chun tacú le bardais san Aontas nach bhfuil an caipiteal is gá acu chun a chur ar a gcumas rochtain a fháil ar chúnamh teicniúil, ar chistiú de chuid an Aontais atá ar fáil agus ar iasachtaí fadtéarmacha ar ráta fabhrach úis, go háirithe chun críche bonneagar uisce a chothabháil agus a athnuachan chun soláthar uisce d’ardcháilíocht a áirithiú, agus chun seirbhísí uisce agus sláintíochta a leathnú chuig grúpaí leochaileacha agus imeallaithe sa phobal. [Leasuithe 174, 200 agus 210]

Airteagal 14

Faisnéis don phobal

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh faisnéis leordhóthanach, cothrom le dáta agus inrochtana maidir leis an uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine ar fáil ar líne nó ar bhealaí so-úsáidte eile do gach duine a gcuirtear an soláthar uisce sin ar fáil dóibh, i gcomhréir le hIarscríbhinn IV, agus na rialacha cosanta sonraí is infheidhme á gcomhlíonadh. [Leasú 116]

2.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar, ar bhonn rialta agus uair sa bhliain ar a laghad, agus san fhoirm is oiriúnaí (ar an sonrasc, cuir i gcás, nó trí fheidhmchláir chliste) arna cinneadh ag na húdaráis inniúla, an fhaisnéis seo a leanas a chur chuig gach duine a gcuirtear an soláthar uisce sin ar fáil dóibh, gan call dóibh an fhaisnéis sin a iarraidh: [Leasú 117]

(a)  i gcás ina ndéantar costais a ghnóthú trí chóras taraife, faisnéis maidir leis an taraif a mhuirearaítear in aghaidh an mhéadair chiúbaigh d’uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine, lena n-áirítear dáileadh costas seasta, agus na costais a bhaineann leis na heilimintí seo a leanas, ar a laghad, a thabhairt le fios agus athraitheach: [Leasú 118]

(i)  bearta a rinne na soláthraithe uisce chun críocha an mheasúnaithe ar ghuaiseacha de bhun Airteagal 8(5); [Leasú 119]

(ii)  cóireáil agus dáileadh an uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine; [Leasú 120]

(iii)  bailiú agus cóireáil fuíolluisce; [Leasú 121]

(iv)  bearta a rinneadh de bhun Airteagal 13, i gcás ina ndearna soláthraithe uisce na bearta sin; [Leasú 122]

(aa)  faisnéis maidir le cáilíocht an uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine, lena n-áirítear na paraiméadair tháscacha; [Leasú 123]

(b)  i gcás ina ndéantar costais a ghnóthú trí chóras taraife, praghas an tsoláthair uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine a sholáthraítear de réir an lítir agus an mhéadair chiúbaigh, agus an praghas arna shonraisciú in aghaidh an lítir; i gcás nach ndéantar na costais a aisghabháil trí chóras taraife, na costais iomlána bhliantúla a ghabhann leis an gcóras uisce chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Treoir seo, lena ngabhfaidh faisnéis chomhthéacsúil agus ábhartha maidir leis an gcaoi a soláthraítear uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine don limistéar; [Leasú 124]

(ba)   cóireáil agus dáileadh an uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine; [Leasú 125]

(c)  an méid arna thomhailt ag gach teaghlach, in aghaidh na bliana nó na tréimhse billeála ar a laghad, mar aon le treochtaí bliantúla tomhaltais an teaghlaigh, más rud é go bhfuil sé sin indéanta go teicniúil agus ní dhéanfar sin ach amháin má tá an fhaisnéis sin ar fáil don soláthraí uisce; [Leasú 126]

(d)  comparáidí idir tomhaltas bliantúil uisce an teaghlaigh agus meántomhaltas teaghlaigh sa chatagóir chéanna, nuair is infheidhme i gcomhréir le pointe (c); [Leasú 127]

(e)  nasc chuig an suíomh gréasáin ar a bhfuil an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.

Féadfaidh an Déanfaidh na Ballstáit leithdháileadh soiléir freagrachtaí a leagan amach maidir le soláthar na faisnéise faoin bhfomhír idir na soláthróirí uisce, geallsealbhóirí agus comhlachtaí áitiúla inniúla. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme tarmligthe a ghlacadh chun i gcomhréir le hAirteagal 19 lena bhforlíontar an Treoir seo tríd an bhformáid ina dtabharfar an fhaisnéis atá le tabhairt faoin gcéad fhomhír, agus na rialacha mionsonraithe a ghabhann léi, a shonrú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 20(2). [Leasú 128]

3.  Beidh mír 1 agus mír 2 gan dochar do Threoir 2003/4/CE agus Treoir 2007/2/CE.

Airteagal 15

Faisnéis maidir leis an bhfaireachán a chur chun feidhme

1.  Gan dochar do Threoir 2003/4/CE agus Treoir 2007/2/CE, déanfaidh na Ballstáit, le cabhair ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil:

(a)  tacar sonraí a bhunú faoin ... [6 bliana tar éis an spriocdháta maidir leis an Treoir seo a thrasuí], agus a thabhairt cothrom le dáta gach 6 bliana ina dhiaidh sin, ina bhfuil faisnéis faoi na bearta a rinneadh faoi Airteagal 13, agus faoin sciar den daonra a bhfuil rochtain acu ar uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine;

(b)  tacar sonraí a bhunú faoin [6 bliana tar éis an spriocdháta maidir leis an Treoir seo a thrasuí], agus a thabhairt cothrom le dáta gach 6 bliana ina dhiaidh sin, ina bhfuil na measúnuithe ar ghuaiseacha, agus ar an gcóras dáileacháin baile, a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 8 agus Airteagal 10, faoi seach, agus ina n‑áireofar na heilimintí seo a leanas:

(i)  na pointí astarraingthe a shainaithnítear faoi Airteagal 8(1)(a);

(ii)  na torthaí ar an bhfaireachán, a bailíodh i gcomhréir le hAirteagal 8(1)(d) agus Airteagal 10(1)(b);

(iii)  faisnéis achomair shoiléir faoi na bearta a rinneadh de bhun Airteagal 8(5) agus Airteagal 10(2);

(c)  tacar sonraí a bhunú, agus a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn bliantúil ina dhiaidh sin, ina bhfuil na torthaí ar an bhfaireachán i gcásanna inar sáraíodh na luachanna paraiméadracha a socraíodh i gCuid A agus Cuid B d'Iarscríbhinn I, agus a bailíodh i gcomhréir le hAirteagal 9 agus Airteagal 11 agus faisnéis faoi na gníomhaíochtaí feabhais a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 12;

(d)  tacar sonraí a bhunú, agus a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn bliantúil ina dhiaidh sin, ina bhfuil faisnéis faoi theagmhais uisce óil a bhí ina mbaol chúis le riosca ionchasach do shláinte an duine, beag beann ar aon mhainneachtain na luachanna paraiméadracha a chomhlíonadh, agus a mhair níos faide ná 10 lá i ndiaidh a chéile agus a rinne difear do 1 000 duine, ar a laghad, lena n-áirítear na cúiseanna leis na teagmhais sin agus na gníomhaíochtaí feabhais a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 12. [Leasú 129]

I gcás inar féidir, úsáidfear seirbhísí sonraí spásúla mar a shainmhínítear in Airteagal 3(4) de Threoir 2007/2/CE chun na tacair shonraí sin a thabhairt le fios.

2.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ar na tacair shonraí dá dtagraítear i mír 1 ag an gCoimisiún, ag an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil agus ag an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú.

3.  Déanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil forléargas ar an Aontas ina iomláine a fhoilsiú agus a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn na sonraí a bhaileoidh na Ballstáit ar bhonn rialta nó tar éis iarraidh a fháil ón gCoimisiún.

Beidh ar áireamh san fhorléargas ar an Aontas ina iomláine, de réir mar is iomchuí, táscairí aschuir, torthaí agus tionchair na Treorach seo, mapaí forléargais ar an Aontas ina iomláine agus tuarascálacha forléargais ar na Ballstáit.

4.  Féadfaidh an Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme tarmligthe a ghlacadh ina sonrófar i gcomhréir le hAirteagal 19 lena bhforlíontar an Treoir seo tríd an bhformáid ina dtabharfar an fhaisnéis atá le tabhairt faoi mhír 1 agus mír 3, agus na rialacha mionsonraithe maidir leis an bhfaisnéis sin a thabhairt le fios, lena n‑áirítear ceanglais mhionsonraithe maidir leis na táscairí, na mapaí forléargais ar an Aontas ina iomláine agus na tuarascálacha forléargais ar na Ballstáit dá dtagraítear i mír 3. [Leasú 130]

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 20(2). [Leasú 131]

Airteagal 16

Rochtain ar an gceartas

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh, i gcomhréir leis an reachtaíocht nó leis an gcleachtas náisiúnta, fáil ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha nó a gcomhlachais, a n‑eagraíochtaí, nó a ngrúpaí, ar nós imeachta um athbhreithniú os comhair cúirt dlí, nó comhlacht neamhspleách nó neamhchlaonta eile arna bhunú le dlí, chun agóid a dhéanamh i gcoinne dlíthiúlacht nós imeachta nó shubstainteach cinntí, gníomhartha nó neamhghníomhartha a bhaineann le cur chun feidhme Airteagail 4, 5, 12, 13 agus 14, i gcás ina mbeidh ceann de na coinníollacha seo a leanas comhlíonta:

(a)  go bhfuil leas leordhóthanach acu ann;

(b)  go n‑áitíonn siad sárú ar cheart, i gcás ina gceanglaítear é sin mar réamhchoinníoll le dlí nós imeachta riaracháin an Bhallstáit ábhartha.

2.  Is iad na Ballstáit a chinnfidh an chéim ag ar féidir agóid a dhéanamh i gcoinne cinntí, gníomhartha nó neamhghníomhartha.

3.  Déanfaidh na Ballstáit an rud is leas leordhóthanach ann, agus sárú ar cheart, a chinneadh i gcomhréir leis an gcuspóir rochtain fhairsing ar an gceartas a thabhairt don phobal lena mbaineann.

Chuige sin, measfar gur leordhóthanach chun críocha mhír 1(a) an leas atá ag aon eagraíocht neamhrialtasach a chuireann cosaint an chomhshaoil chun cinn.

Measfar freisin go bhfuil cearta ar féidir iad a shárú chun críocha mhír 1(b) ag na heagraíochtaí sin.

4.  Ní eisiafar, le mír 1, mír 2 agus mír 3, an deis nós imeachta um athbhreithniú tosaigh a thabhairt os comhair údarás riaracháin agus ní dhéanfaidh na míreanna sin difear don cheanglas go n‑ídeofar na nósanna imeachta um athbhreithniú riaracháin sula rachfar ar iontaoibh nósanna imeachta um athbhreithniú breithiúnach, i gcás ina mbeidh a leithéid sin de cheanglas ann faoin dlí náisiúnta.

5.  Aon nós imeachta um athbhreithniú den sórt sin dá dtagraítear i mír 1 agus mír 4, beidh sé cóir, cothrom, tráthúil agus ní bheidh sé róchostasach.

Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear faisnéis ar fáil don phobal i dtaobh rochtain ar nósanna imeachta um athbhreithniú riaracháin agus athbhreithniú breithiúnach.

Airteagal 17

Meastóireacht

1.  Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Treoir faoin [12 bhliain tar éis an dáta deiridh chun an Treoir seo a thrasuí]. Beidh an mheastóireacht sin bunaithe, inter alia, ar na heilimintí seo a leanas:

(a)  an taithí a fuarthas agus an Treoir seo á cur chun feidhme;

(b)  na tacair shonraí ó Bhallstáit a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 15(1) agus na forléargais ar an Aontas ina iomláine arna dtiomsú ag an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil i gcomhréir le hAirteagal 15(3);

(c)  sonraí eolaíocha, anailíseacha agus eipidéimeolaíocha ábhartha;

(d)  moltaí ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, más ann dóibh.

2.  I gcomhthéacs na meastóireachta, tabharfaidh an Coimisiún aird faoi leith ar fheidhmíocht na Treorach seo maidir leis na gnéithe seo a leanas:

(a)  an cur chuige rioscabhunaithe a leagtar amach in Airteagal 7;

(b)  forálacha maidir leis an rochtain ar uisce a leagtar amach in Airteagal 13 agus an sciar den daonra nach bhfuil rochtain aige ar uisce; [Leasú 132]

(c)  forálacha maidir leis an bhfaisnéis atá le cur ar fáil don phobal faoi Airteagal 14 agus Iarscríbhinn IV, lena n-áirítear forléargas soláimhsithe don úsáideoir ar leibhéal an Aontais Eorpaigh ar an bhfáisnéis a liostaítear i bpointe 7 d’Iarscríbhinn IV. [Leasú 133]

2a.   Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná ... [cúig bliana tar éis an spriocdháta deiridh chun an Treoir seo a thrasuí] — agus ina dhiaidh sin i gcás inarb iomchuí — tuarascáil a thíolacadh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir leis an mbagairt a d’fhéadfadh a bheith ann d’fhoinsí uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine ó mhicriphlaistigh, cógais agus, más gá, truailleáin nua eile agus maidir leis na rioscaí gaolmhara iomchuí sláinte a d’fhéadfadh a bheith ann. Tugtar de chumhacht don Choimisiún, más gá, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 19 chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí uasleibhéil a bhunú le haghaidh micreaphlaisteach, táirgí íocshláinte agus truailleáin nua eile in uisce atá ceaptha le hól ag an duine. [Leasú 134]

Airteagal 18

Iarscríbhinní a athbhreithniú  agus a leasú

1.  Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar Iarscríbhinn I, gach cúig bliana, ar a laghad, i bhfianaise dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil .

Ar bhonn mheasúnuithe riosca na mBallstát ar ghuaiseacha, agus ar an gcóras dáileacháin baile, atá sna tacair shonraí a bunaíodh de bhun Airteagal 15, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar Iarscríbhinn II agus déanfaidh sé a mheas cibé acu atá nó nach bhfuil gá ann an Iarscríbhinn sin a oiriúnú nó sonraíochtaí nua faireacháin a thabhairt isteach chun críocha na measúnuithe riosca sin.

2.  Tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 19, lena leasaítear Iarscríbhinn I go hIarscríbhinn IV más gá, chun iad a chur in oiriúint do dhul chun cinn eolaíoch agus teicniúil nó chun na ceanglais faireacháin a shonrú chun críocha na measúnuithe riosca ar ghuaiseacha, agus na measúnuithe riosca ar an gcóras dáileacháin baile, de bhun Airteagal 8(1)(d) agus Airteagal 10(1)(b).

2a.   Faoin ... [cúig bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo], déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú an bhfuil leibhéal leordhóthanach comhchuibhithe de cheanglais sláinteachais ann anois i ndáil le hábhair agus táirgí a mbíonn teagmháil acu le huisce atá ceaptha le hól ag an duine mar thoradh ar Airteagal 10a agus, más gá, déanfaidh sé bearta iomchuí breise a ghlacadh. [Leasú 135]

Airteagal 19

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 18(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón [dáta theacht i bhfeidhm na Treorach seo].

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 18(2) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.  Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n‑ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 18(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 20

Nós imeachta coiste

1.  Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.  I gcás ina dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal  5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011  .

Airteagal 21

Pionóis

Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar bhearta náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Faoin ... [2 bhliain ó theacht i bhfeidhm na Treorach seo], tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin agus tabharfaidh siad fógra dó faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

Airteagal 22

Trasuí

1.  Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun  Airteagal 2 agus Airteagal 5 go hAirteagal 21 agus Iarscríbhinn I go hIarscríbhinn IV a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin ... [2 bhliain ó theacht i bhfeidhm na Treorach seo]  . Cuirfidh siad  téacs na mbeart sin in iúl  don Choimisiún láithreach.

Nuair a ghlacfaidh Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó gabhfaidh  an tagairt  sin leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil.  Áireoidh siad chomh maith ráiteas go ndéanfar tagairtí i bhforálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin atá ann cheana maidir leis na Treoracha arna n‑aisghairm leis an Treoir seo a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo.   Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh agus conas a dhéanfar an ráiteas sin a leagan amach  .

2.  Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal  23

Aisghairm

1.  Déantar Treoir  98/83/CE, mar a leasaítear leis na hionstraimí a liostaítear i gCuid A d'Iarscríbhinn V,  a aisghairm le héifeacht ón  [an lá tar éis an dáta a luaitear sa chéad fhomhír d'Airteagal 22(1)]  , gan dochar  d'oibleagáidí na mBallstát maidir leis na teorainneacha ama  chun  na Treoracha a leagtar amach   i gCuid B d'Iarscríbhinn V a thrasuí sa dlí náisiúnta.

Déanfar tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar  thagairtí  don Treoir seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn VI.

2.  Maidir le maoluithe a dheonaigh Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir 98/83/CE agus atá fós i bhfeidhm faoin [an dáta deiridh chun an Treoir seo a thrasuí], leanfaidh siad d'fheidhm a bheith leo go dtí go dtiocfaidh deireadh leis na maoluithe sin. Ní fhéadfar iad a athnuachan arís. [Leasú 136]

Airteagal  24

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an  fichiú  lá tar éis  lá  a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

Airteagal 25

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna déanamh in/sa …,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN I

CEANGLAIS ÍOSTA MAIDIR LEIS NA LUACHANNA PARAIMÉADRACHA A ÚSÁIDTEAR CHUN CÁILÍOCHT AN UISCE ATÁ CEAPTHA DO THOMHALTAS AN DUINE A MHEAS

CUID A

Paraiméadair mhicribhitheolaíocha

 nua

Paraiméadar

Luach paraiméadrach

Aonad

Spóir de Clostridium perfringens

0

Líon/100 ml

Baictéir dhrólannacha

0

Líon/100 ml

Enterococci

0

Líon/100 ml

Escherichia coli (E. coli)

0

Líon/100 ml

Áirimh coilíneachtaí heitreatrófacha (HPC) 220

Gan athrú mínormálta

 

Baictéarafagach sómatach drólannach

0

Líon/100 ml

Moirtiúlacht

<1

NTU (aonaid neifiliméadracha moirtiúlachta)

Nóta

Ní bheidh feidhm ag na paraiméadair a leagtar amach sa Chuid seo maidir le fíoruiscí agus uiscí mianraí, i gcomhréir le hAirteagal 2009/54/CE’.

[Leasú 179]

CUID B

Paraiméadair cheimiceacha

Paraiméadar

Luach paraiméadrach

Aonad

Nótaí

Aicriolaimíd

0,10

μg/l

 Tagraíonn an luach paraiméadrach don tiúchan iarmharach de mhonaiméirí san uisce arna ríomh de réir sonraíochtaí den mhéid uasta is ceadmhach a scaoileadh ón bpolaiméir chomhfhreagrach atá i dteagmháil leis an uisce.

Antamón

5,0

μg/l

 

Arsanaic

10

μg/l

 

Beinséin

1,0

μg/l

 

Beinsi[a]piréin

0,010

μg/l

 

Béite éastraidé-ól (50-28-2)

 0,001

 μg/l

 

Bisfeanól-A

 0,01 0,1

 μg/l

 

Bórón

1,0

mg/l

 

Brómáit

10

μg/l

 

Caidmiam

5,0

μg/l

 

Clóráit

 0,25

 mg/l

 

Clóirít

 0,25

 mg/l

 

Cróimiam

 25

μg/l

 Déanfar an luach a chomhlíonadh, ar a dhéanaí, faoin [10 mbliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo]. Is é 50 μg/l an luach paraiméadrach maidir le cróimiam go dtí an dáta sin.

Copar

2,0

mg/l

 

Ciainíd

50

μg/l

 

1,2-déchlóireatán

3,0

μg/l

 

Eipeaclóraihidrin

0,10

μg/l

Tagraíonn an luach paraiméadrach don tiúchan iarmharach de mhonaiméirí san uisce arna ríomh de réir sonraíochtaí den mhéid uasta is ceadmhach a scaoileadh ón bpolaiméir chomhfhreagrach atá i dteagmháil leis an uisce.

Fluairíd

1,5

mg/l

 

Aigéid halaicéiteacha (HAAnna)

 80

 μg/l

Suim iomlán na naoi substaint chomhfhreagracha seo a leanas: aigéad monaclóraicéiteach, déchlóraicéiteach, agus tríchlóraicéiteach, aigéad monabrómaicéiteach agus débhrómaicéiteach, aigéad brómaclóraicéiteach, aigéad brómaidhéchlóraicéiteach, aigéad débhrómaclóraicéiteach agus aigéad tríbhrómaicéiteach.

Luaidhe

 5

μg/l

Déanfar an luach a chomhlíonadh, ar a dhéanaí, faoin [10 mbliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo]. Is é 10 μg/l an luach paraiméadrach maidir le luaidhe go dtí an dáta sin.

Mearcair

1,0

μg/l

 

Micricistín-LR

 1,0

 μg/l

 

Nicil

20

μg/l

 

Níotráit

50

mg/l

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an coinníoll [níotráit]/50 + [nítrít]/3 ≤ 1, áit a gciallaíonn na lúibíní cearnacha an tiúchan níotráite (NO3) agus nítríte (NO2) i mg/l, a chomhlíonadh agus go gcomhlíonfar an luach 0,10 mg/l i gcás nítrítí lasmuigh de na hoibreacha cóireála uisce.

Nítrít

0,50

mg/l

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an coinníoll [níotráit]/50 + [nítrít]/3 ≤ 1, áit a gciallaíonn na lúibíní cearnacha an tiúchan níotráite (NO3) agus nítríte (NO2) i mg/l, a chomhlíonadh agus go gcomhlíonfar an luach 0,10 mg/l i gcás nítrítí lasmuigh de na hoibreacha cóireála uisce.

Naoinilfeanól

 0,3

 μg/l

 

Lotnaidicídí

0,10

μg/l

 Ciallaíonn ‘Lotnaidicídí’:

–  feithidicídí orgánacha,

–  luibhicídí orgánacha,

–  fuingicídí orgánacha,

–  néimeataicídí orgánacha,

–  acairicídí orgánacha,

–  ailgicídí orgánacha,

–  creimiricídí orgánacha,

–  slaimicídí orgánacha,

–  táirgí gaolmhara (rialaitheoirí fáis, inter alia)

agus a gcuid meitibilítí ábhartha  mar a shainmhínítear in Airteagal 3(32) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009(46) .

 Tá an luach paraiméadrach infheidhme maidir le gach lotnaidicíd ar leith.

I gcás aildrine, dé-eildrine, heipteaclóir agus eapocsaíd heipteaclóir, is é 0,030 μg/l an luach paraiméadrach.

Lotnaidicídí — Iomlán

0,50

μg/l

 Ciallaíonn ‘Lotnaidicídí — Iomlán’ suim iomlán na lotnaidicídí ar leith go léir, mar a shainmhínítear sa ró roimhe seo, a braitheadh agus a cainníochtaíodh sa nós imeachta faireacháin.

 PFAS

 0,10

 μg/l

 Ciallaíonn ‘PFAS’ gach substaint shárfhluarailcile agus pholafluarailcile ar leith (foirmle cheimiceach: CnF2n+1−R).

 PFASanna — Iomlán

 0,50 0,30

 μg/l

 Ciallaíonn ‘PFASanna — Iomlán’ suim iomlán na substaintí sárfhluarailcile agus polafluarailcile (foirmle cheimiceach: CnF2n+1−R).

Hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha

0,10

μg/l

 Suim iomlán thiúchana na gcomhdhúl sonraithe seo a leanas: beinsea(b)fluaraintéin, beinsea(k)fluaraintéin, beinsi(ghi)peiriléin, agus indéini(1, 2, 3-cd)piréin  .

Seiléiniam

10

μg/l

 

Teitreaclóireitéin agus Tríchlóireitéin

10

μg/l

Suim iomlán thiúchana na bparaiméadar sonraithe

Tríhalaimeatáin — Iomlán

100

μg/l

 I gcás inar féidir déanamh amhlaidh, gan cur as don dífhabhtú, ba cheart do na Ballstáit féachaint le luach níos ísle a bhaint amach.

Suim iomlán thiúchana na gcomhdhúl sonraithe seo a leanas: clóraform, brómaform, débhrómaclóraimeatán, brómaidhéchlóraimeatán.

Úráiniam

 30

 μg/l

 

Clóiríd vinile

0,50

μg/l

 Tagraíonn an luach paraiméadrach don tiúchan iarmharach de mhonaiméirí san uisce arna ríomh de réir sonraíochtaí den mhéid uasta is ceadmhach a scaoileadh ón bpolaiméir chomhfhreagrach atá i dteagmháil leis an uisce.

[Leasuithe 138 agus 180]

CUID Ba

Paraiméadair tháscacha

Paraiméadair

Luach paraiméadrach

Aonad

Nótaí

Alúmanam

200

μg/l

 

Amóiniam

0,50

mg/l

 

Clóirídí

250

mg/l

Nóta 1

Dath

Sásúil do thomhaltóirí agus gan athrú mínormálta

 

 

Seoltacht

2 500

μS cm-1 ag 20 °C

Nóta 1

Tiúchan ian hidrigine

≥ 6,5 agus ≤ 9,5

Aonaid pH

Nótaí 1 agus 3

Iarann

200

μg/l

 

Mangainéis

50

μg/l

 

Boladh

Sásúil do thomhaltóirí agus gan athrú mínormálta

 

 

Sulfáit

250

mg/l

Nóta 1

Sóidiam

200

mg/l

 

Blas

Sásúil do thomhaltóirí agus gan athrú mínormálta

 

 

Áireamh coilíneachtaí ag 22 °C

Gan athrú mínormálta

 

 

Baictéir dhrólannacha

0

Líon/100 ml

 

Iomlán an charbóin orgánaigh (TOC)

Gan athrú mínormálta

 

 

Moirtiúlacht

Sásúil do thomhaltóirí agus gan athrú mínormálta

 

 

Nóta 1:

Níor cheart go mbeadh an t-uisce creimneach.

Nóta 2:

Níor cheart go ndéanfaí an paraiméadar sin a thomhas ach amháin sa chás go dtagann an t-uisce ó uisce dromchla nó go ndéanann an t-uisce dromchla difear dó. I gcás nach gcomhlíonfar an luach paraiméadrach sin, déanfaidh an Ballstát fiosrúchán maidir le dáileadh uisce chun a áirithiú nach bhfuil aon bhaol féideartha ann do shláinte an duine de thoradh oibreáin phataigineacha a bheith ann, cripteaspóiriodóis mar shampla.

Nóta 3:

I gcás uisce gan súilíní a chuirtear i mbuidéil nó i gcoimeádáin, féadfar an t-íosluach a laghdú go dtí pH 4.5

I gcás uisce a chuirtear i mbuidéil nó i gcoimeádáin atá lán le dé-ocsaíd nítriúil go nádúrtha nó atá saibhrithe go saorga le dé-ocsaíd charbóin, féadfar an t-íosluach a bheith níos lú ná sin.

[Leasú 139]

CUID C

Paraiméadair atá ábhartha maidir leis an measúnú riosca ar an gcóras dáileacháin baile

Paraiméadar

Luach paraiméadrach

Aonad

Nótaí

Legionella pneumophila

<1 000

Líon/l00 ml

I gcás nach gcomhlíontar an luach paraiméadrach <1000/l maidir le Legionella, déanfar an tsampláil arís maidir le Legionella pneumophila. I gcás nach bhfuil Legionella pneumophila ann, is é <10 000/l an luach paraiméadrach a shocrófar maidir le Legionella agus < 10,000/l.

Legionella

< 10 000

Líon/100 ml

In éagmais Legionella pneumophila arb é < 1,000/l an luach paraiméadrach, is é < 10,000/l an luach paraiméadrach le haghaidh Legionella a bheidh ann.

Luaidhe

5

μg/l

Déanfar an luach a chomhlíonadh, ar a dhéanaí, faoin [10 deich mbliana tar éis ó dháta theacht i bhfeidhm na Rialacháin seo]. Is é 10 μg/l an luach paraiméadrach maidir le luaidhe go dtí an dáta sin.

[Leasú 140]

CUID Ca

Paraiméadair atá ag teacht chun cinn faoi fhaireachas

Micreaphlaistigh

Déanfar an faireachán i gcomhréir leis an modheolaíocht maidir le micreaphlaistigh a thomhas arna leagan síos sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 11(5b)

[Leasú 141]

IARSCRÍBHINN II

FAIREACHÁN

CUID A

Cuspóirí ginearálta agus cláir faireacháin maidir leis an uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine

1.  Na cláir faireacháin a bhunaítear ar Airteagal 11(2) maidir le huisce atá ceaptha do thomhaltas an duine, déanfaidh siad :

(a)  a fhíorú go bhfuil bearta éifeachtacha i bhfeidhm chun rioscaí do shláinte an duine a rialú feadh an tslabhra soláthair uisce ina iomláine, ag an  limistéar astarraingthe  agus le linn chóireáil, stóráil agus dháileadh an uisce, agus a fhíorú gur glan folláin atá an t‑uisce ag an bpointe comhlíontachta;

(b)  faisnéis a chur ar fáil faoi cháilíocht an uisce arna sholáthar do thomhaltas an duine chun a thaispeáint go bhfuiltear ag comhlíonadh na n‑oibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 4 agus na luachanna paraiméadracha a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal  5;

(c)  an chaoi is oiriúnaí a shainaithint chun an baol do shláinte an duine a mhaolú.

2.  Na cláir faireacháin a bhunaítear  ar Airteagal 11(2) áireofar ceann de na nithe seo a leanas iontu :

(a)  samplaí scoite den uisce a bhailiú agus a anailísiú;

(b)  tomhais arna dtaifeadadh trí phróiseas leanúnach faireacháin.

Áireofar, freisin, sna cláir faireacháin clár rialaithe oibriúcháin a chomhlánóidh na seiceálacha fíoraithe agus a chabhróidh na fadhbanna a bhaineann leis an bhfeidhmíocht oibriúcháin, agus le cáilíocht an uisce, a thuiscint go gasta agus a cheadóidh gníomhaíocht feabhais a bheidh pleanáilte roimh ré a dhéanamh gan mhoill. Beidh gach clár rialaithe oibriúcháin dírithe go sonrach ar chineál soláthair ar leith, agus cuirfear torthaí na measúnuithe riosca ar ghuaiseacha, agus torthaí na measúnuithe riosca ar an soláthar, san áireamh iontu, agus tá sé beartaithe leo go ndeimhneoidh siad cé chomh héifeachtach agus atá na bearta rialaithe uile le linn chéimeanna na hastarraingthe, na cóireála, an dáileacháin agus na stórála. Mar chuid den chlár rialaithe oibriúcháin, déanfar faireachán ar pharaiméadar na moirtiúlachta chun rialú rialta a dhéanamh ar cé chomh héifeachtach agus a éiríonn leis na próisis scagtha fáil réidh leis an bparaiméadar sin, i gcomhréir leis na luachanna paraiméadracha agus na minicíochtaí a thugtar le fios sa tábla seo a leanas:

Paraiméadar

Luach paraiméadrach

Moirtiúlacht

0.3 NTU (95%) agus ní >0.5 NTU ar feadh 15 nóiméad as a chéile

An toirt (m3) uisce a dháiltear nó a tháirgtear gach lá laistigh de chrios soláthair

Minicíocht íosta

≤ 10 000

Laethúil

>10 000

Ar líne

Ina theannta sin, d’fhéadfadh na nithe seo a leanas a bheith i gceist le cláir faireacháin:

(a)  cigireachtaí ar thaifid ar fheidhmiúlacht agus stádas cothabhála an trealaimh;

(b)  cigireachtaí ar an  limistéar astarraingthe  , agus ar an mbonneagar cóireála, stórála agus dáileacháin  , gan dochar do na ceanglais faireacháin dá bhforáiltear faoi Airteagal 8(1)(c) agus Airteagal 10(1)(b) .

3.  Áiritheoidh na Ballstáit go n‑athbhreithneofar na cláir faireacháin ar bhonn leanúnach agus go ndéanfar iad a thabhairt cothrom le dáta nó a athdheimhniú gach  6  bliana ar a laghad.

CUID B

 Croípharaiméadair  agus minicíochtaí  samplála 

1.  Croípharaiméadair

Glactar leis gur 'croípharaiméadair' iad Escherichia coli (E. coli), spóir de Clostridium perfringens, agus baictéarafagaigh shómatacha dhrólannacha agus enterococci níl agus ní fhéadfaidh siad faoi réir measúnú riosca ar an soláthar i gcomhréir le Cuid C den Iarscríbhinn seo. Déanfar faireachán orthu i gcónaí ag na minicíochtaí a leagtar amach i dTábla 1 de phointe 2. [Leasú 142]

2.  Minicíochtaí samplála

Na paraiméadair uile a leagtar amach i gcomhréir le hAirteagal 5, déanfar faireachán orthu ag na minicíochtaí a leagtar amach sa Tábla seo a leanas, ar a laghad, ach amháin má chinntear minicíocht eile samplála i bhfianaise measúnú riosca ar an soláthar a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 9 agus Cuid C den Iarscríbhinn seo:

Tábla 1

Minicíocht íosta samplála agus anailíse chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na bparaiméadar

Toirt an uisce a dháiltear nó a tháirgtear gach lá laistigh de chrios soláthair

(Féach Nótaí 1 agus 2) m3

Paraiméadar Ghrúpa A (paraiméadar micribhitheolaíoch) -

líon samplaí sa bhliain

(Féach Nóta 3)

Paraiméadar Ghrúpa B (paraiméadar ceimiceach) -

líon samplaí sa bhliain

 

≤ 100

> 0

(Féach Nóta 4)

> 0

(Féach Nóta 4)

> 100

≤ 1000

4

1

> 1000

≤ 10000

4

+3

Le haghaidh gach 1,000 m3/lá agus cuid de den toirt iomlán

1

+1

Le haghaidh gach 1,000 m3/lá agus cuid de den toirt iomlán

> 10000

 

≤ 100000

3

+ 1

le haghaidh gach 10,000 m3/lá agus

cuid de den toirt iomlán

> 100000

 

12

+ 1

le haghaidh gach 25,000 m3/lá agus cuid de den toirt iomlán

Nóta 1: Is é is crios soláthair ann limistéar atá sainithe go geografach arb as foinse amháin nó níos mó laistigh de a fhaightear an t-uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine agus ar féidir glacadh leis gur cáilíocht aonfhoirmeach, den chuid is mó, atá san uisce ann.

Nóta 2: Ríomhtar an toirt mar mheán a thógtar thar thréimhse bliana féilire. Féadfar an líon áitritheoirí i gcrios soláthair a úsáid in ionad na toirte uisce chun an mhinicíocht íosta a shocrú, ar bhonn tomhaltas uisce de 200 l/(lá*capita).

Nóta 3: ríomhtar an mhinicíocht a luaitear faoi mar a leanas: e.g. 4,300 m 3 /lá = 16 shampla (ceithre cinn don chéad 1,000 m 3 /lá + 12 cheann do 3,300 m 3 /lá breise).

Nóta 4: Maidir leis na Ballstáit a chinn soláthairtí aonair a dhíolmhú faoi Airteagal 3(2)(b) den Treoir seo, ní chuirfidh siad na minicíochtaí sin i bhfeidhm ach maidir le criosanna soláthair ina ndáiltear idir 10 agus 100 m 3 sa lá.

[Leasú 186]

CUID C

Measúnú riosca ar an soláthar

1.  Beidh an measúnú riosca ar an soláthar dá dtagraítear in  Airteagal 9  bunaithe ar na prionsabail ghinearálta um measúnú riosca a leagtar amach i gcaighdeáin idirnáisiúnta amhail caighdeán EN 15975-2 a bhaineann le ‘slándáil an tsoláthair uisce óil, treoirlínte maidir le bainistíocht riosca agus géarchéime’.

2.  Tar éis measúnú riosca a dhéanamh ar an soláthar, cuirfear leis an liosta de pharaiméadair a ndéanfar faireachán orthu agus ardófar na minicíochtaí samplála a leagtar amach i gCuid B, i gcás ina gcomhlíonfar ceann ar bith de na coinníollacha seo a leanas:

(a)  nach leor an liosta paraiméadar ná na minicíochtaí a leagtar amach san Iarscríbhinn seo chun na hoibleagáidí a fhorchuirtear le hAirteagal 11(1) a chomhlíonadh;

(b)  gur gá faireachán breise chun críocha Airteagal 11(6);

(c)  gur gá na dearbhuithe a leagtar amach i bpointe (1)(a) de Chuid A a chur ar fáil;

(d)  gur gá na minicíochtaí samplála a ardú de bhun Airteagal 8(3)(a).

3.  Tar éis measúnú riosca a dhéanamh ar an soláthar, féadfar an liosta de na paraiméadair a ndéanfar faireachán orthu a ghiorrú, agus na minicíochtaí samplála a leagtar amach i gCuid B a ísliú, ar choinníoll go gcomhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)  go gcinntear an suíomh samplála agus an mhinicíocht samplála i gcoibhneas le bunús an pharaiméadair, agus le hinathraitheacht agus treocht fhadtéarmach a thiúchana, agus aird á tabhairt ar Airteagal 6;

(b)  maidir le minicíocht íosta na samplála a laghdú i gcás paraiméadair, gur lú ná 60 % den luach paraiméadrach gach ceann de na torthaí a fuarthas ó shamplaí a bailíodh ag eatraimh rialta thar thréimhse nach lú ná 3 bliana ó phointí samplála atá ionadaíoch ar an gcrios soláthair ina iomláine;

(c)  maidir le paraiméadar a bhaint den liosta de na paraiméadair a mbeidh faireachán le déanamh orthu, gur lú ná 30 % den luach paraiméadrach gach ceann de na torthaí a fuarthas ó shamplaí a bailíodh ag eatraimh rialta thar thréimhse nach lú ná 3 bliana ó phointí atá ionadaíoch ar an gcrios soláthair ina iomláine;

(d)  maidir le paraiméadar a bhaint den liosta de na paraiméadair a mbeidh faireachán le déanamh orthu, go bhfuil an cinneadh sin bunaithe ar thoradh an mheasúnaithe riosca, go bhfuil torthaí an fhaireacháin ar fhoinsí an uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine mar bhonn eolais leis agus go ndeimhnítear leis go gcosnaítear sláinte an duine ar na héifeachtaí díobhálacha a bhaineann le héilliú aon uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine, mar a leagtar síos in Airteagal 1;

(e)  maidir le minicíocht samplála paraiméadair a laghdú nó paraiméadar a bhaint den liosta de na paraiméadair a mbeidh faireachán le déanamh orthu, go ndeimhnítear sa mheasúnú riosca nach ann d’aon toisc ar féidir a bheith ag súil leis le réasún gur dóigh go mbainfidh sí ó cháilíocht an uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine.

4.  I gcás ina mbeidh torthaí an fhaireacháin, lena léirítear gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (b) go pointe (e) de mhír 3, ar fáil cheana faoin [dáta theacht i bhfeidhm na Treorach seo], féadfar na torthaí sin a úsáid chun an faireachán a oiriúnú tar éis an mheasúnaithe riosca ar an soláthar ón dáta sin.

CUID D

Modhanna samplála agus pointí samplála

1.  Cinnfear pointí samplála chun a áirithiú go gcomhlíonfar na pointí comhlíontachta mar a shainmhínítear in Airteagal 6. I gcás gréasán dáileacháin, féadfaidh Ballstát samplaí a thógáil laistigh den chrios soláthair nó ag na hoibreacha cóireála i gcás paraiméadair ar leith más féidir a léiriú nach mbeadh aon athrú díobhálach ann ar luach tomhaiste na bparaiméadar lena mbaineann. A mhéid is féidir, dáilfear an líon samplaí go cothrom ó thaobh ama agus suímh de.

2.  Comhlíonfar na ceanglais seo a leanas le linn sampláil ag an bpointe comhlíontachta:

(a)  is ag buacaire an tomhaltóra, gan é a shruthlú roimh ré, a thógfar samplaí comhlíontachta maidir le paraiméadair cheimiceacha áirithe (go háirithe copar, luaidhe  , Legionella  agus nicil). Tógfar sampla lae randamaigh de thoirt lítir amháin. De rogha air sin, féadfaidh na Ballstáit leas a bhaint as modhanna samplála ar thréimhsí seasta lonnaithe uisce lena dtugtar léiriú níos fearr ar an gcás náisiúnta, ar choinníoll gurb amhlaidh, ar leibhéal an chreasa soláthair, nach é an toradh a bheadh air sin gur lú an líon cásanna de neamhchomhlíonadh ná an líon a bheadh ann dá n‑úsáidfí modh an lae randamaigh;

(b)  is de réir EN ISO 19458, cuspóir samplála B, a dhéanfar samplaí comhlíontachta a thógáil agus a láimhseáil maidir le paraiméadair mhicribhitheolaíocha ag an bpointe comhlíontachta.

2a.  Tógfar samplaí le haghaidh Legionella i gcórais dáileacháin baile ag pointí riosca maidir le leathadh Legionella pneumophila agus/nó nochtadh do Legionella pneumophila. Déanfaidh na Ballstáit treoirlínte a bhunú le haghaidh modhanna samplála le haghaidh Legionella; [Leasú 144]

3.  Is de réir ISO 5667-5 a dhéanfar an tsampláil sa ghréasán dáileacháin, cé is moite den tsampláil a dhéanfar ag buacaire an tomhaltóra. I gcás paraiméadair mhicribhitheolaíocha, is de réir EN ISO 19458, cuspóir samplála A, a dhéanfar samplaí a thógáil agus a láimhseáil sa ghréasán dáileacháin.

IARSCRÍBHINN IIa

Íoscheanglais sláinteachais le haghaidh substaintí agus ábhar maidir le monarú táirgí nua a théann i dteagmháil le huisce atá ceaptha do thomhaltas an duine:

(a)  liosta substaintí arna bhformheas lena n-úsáid maidir le monarú ábhar, lena n-áirítear, ábhair orgánacha, leaistiméirí, sileacóin, miotail, stroighin, roisíní ianmhalartaithe agus ábhair ilchodacha agus táirgí arna ndéanamh de na substaintí sin.

(b)  ceanglais shonracha maidir le húsáid na substaintí in ábhair agus le táirgí a dhéantar de na substaintí sin.

(c)  srianta sonracha maidir le haistriú substaintí áirithe isteach in uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine.

(d)  rialacha sláinteachais maidir le hairíonna eile is gá le haghaidh comhlíonadh.

(e)  rialacha bunúsacha chun a fhíorú go bhfuil pointí (a) go (d) á gcomhlíonadh.

(f)  rialacha a bhaineann le modhanna samplála agus anailíse chun a fhíorú go bhfuil pointí (a) go (d) á gcomhlíonadh. [Leasú 145]

IARSCRÍBHINN III

SONRAÍOCHTAÍ MAIDIR LEIS AN ANAILÍS AR NA PARAIMÉADAIR

Áiritheoidh na Ballstáit gur de réir EN ISO/IEC 17025, nó de réir caighdeáin choibhéiseacha eile a nglactar leo ar an leibhéal idirnáisiúnta, a dhéanfar bailíochtú agus taifeadadh ar na modhanna anailíse a úsáidfear chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na Treorach seo agus chun an comhlíonadh sin a léiriú. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh saotharlanna nó páirtithe atá ar conradh ag saotharlanna cleachtais córais bainistíochta cáilíochta i bhfeidhm de réir EN ISO/IEC 17025 nó caighdeáin choibhéiseacha eile a nglactar leo ar an leibhéal idirnáisiúnta.

I gcás nach ann do mhodh anailíse lena gcomhlíontar na critéir feidhmíochta íosta a leagtar amach i gCuid B, áiritheoidh na Ballstáit go mbainfear leas, chun an faireachán a dhéanamh, as na teicnící is fearr atá ar fáil gan costais iomarcacha a thabhú.

CUID A

Paraiméadair mhicribhitheolaíocha a sonraítear modhanna anailíse ina leith

Is iad seo a leanas na modhanna le haghaidh paraiméadair mhicribhitheolaíocha:

(a)  Escherichia coli (E. coli) agus baictéir dhrólannacha (EN ISO 9308-1 nó EN ISO 9308-2)

(b)  Enterococci (EN ISO 7899-2)

(c)  Pseudomonas aeruginosa (EN ISO 16266)

(d)  áireamh coilíneachtaí nó áirimh coilíneachtaí heitreatrófacha ag 22 °C (EN ISO 6222)

(e)  Clostridium perfringens, lena n‑áirítear spóir (EN ISO 14189)

(f)  Moirtiúlacht (EN ISO 7027)

(g)  Legionella (EN ISO 11731)

(h)  Baictéarafagaigh shómatacha dhrólannacha (EN ISO 10705-2)

CUID B

Paraiméadair cheimiceacha a sonraítear saintréithe feidhmíochta ina leith

1.  Paraiméadair cheimiceacha

I gcás na bparaiméadar a leagtar amach i dTábla 1, beidh an modh anailíse a úsáidtear ábalta, ar a laghad, tiúchana a thomhas atá cothrom leis an luach paraiméadrach nuair atá teorainn cainníochtaithe, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(2) de Threoir 2009/90/CE ón gCoimisiún(47), 30 % nó níos ísle den luach paraiméadrach ábhartha, agus neamhchinnteacht tomhais mar a shonraítear i dTábla 1, ag dul leis. Sloinnfear an toradh trí úsáid a bhaint, ar a laghad, as an líon céanna figiúirí suntasacha a úsáidtear sa luach paraiméadrach a bhreithnítear i gCuid B d’Iarscríbhinn I.

Ní bhainfear úsáid as an neamhchinnteacht tomhais a leagtar síos i dTábla 1 mar lamháltas breise ar na luachanna paraiméadracha a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

Tábla 1

An tsaintréith feidhmíochta íosta um ‘Neamhchinnteacht tomhais’

Paraiméadair

Neamhchinnteacht tomhais

(Féach Nóta 1)

% den luach paraiméadrach

Nótaí

Aicriolaimíd

 30

 

Antamón

40

 

Arsanaic

30

 

Beinsi[a]piréin

50

Féach Nóta 2

Beinséin

40

 

Béite éastraidé-ól (50-28-2)

 50

 

Bisfeanól-A

 50

 

Bórón

25

 

Brómáit

40

 

Caidmiam

25

 

Clóráit

 30

 

Clóirít

 30

 

Cróimiam

30

 

Copar

25

 

Ciainíd

30

Féach Nóta 3

1,2-déchlóireatán

40

 

Eipeaclóraihidrin

 30

 

Fluairíd

20

 

Aigéid halaicéiteacha (HAAnna)

 50

 

Luaidhe

25

 

Mearcair

30

 

Micricistín-LR

 30

 

Nicil

25

 

Níotráit

15

 

Nítrít

20

 

Naoinilfeanól

 50

 

Lotnaidicídí

30

Féach Nóta 4

 PFASanna

 50 20

 

Hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha

 30

Féach Nóta 5

Seiléiniam

40

 

Teitreaclóireitéin

30

Féach Nóta 6

Tríchlóireitéin

40

Féach Nóta 6

Tríhalaimeatáin — Iomlán

40

Féach Nóta 5

Úráiniam

 30

 

Clóiríd vinile

 50

 

[Leasuithe 177 agus 224]

2.  Nótaí a ghabhann le Tábla 1

Nóta 1

Tá an neamhchinnteacht tomhais ina paraiméadar neamhdhiúltach atá ina shaintréith i scaipeadh na luachanna cainníochta a shanntar do thomhasán, bunaithe ar an bhfaisnéis a úsáidtear. Tá an critéar feidhmíochta le haghaidh na neamhchinnteachta tomhais (k = 2) cothrom leis an gcéatadán den luach paraiméadrach a luaitear sa tábla nó le haon luach eile atá níos déine ná sin. Mura sonraítear a mhalairt, measfar gurb é leibhéal an luacha pharaiméadraigh an neamhchinnteacht tomhais.

Nóta 2:

Mura féidir luach na neamhchinnteachta tomhais a chomhlíonadh, ba cheart an teicníc is fearr atá ar fáil a roghnú (suas go dtí 60 %).

Nóta 3:

Leis an modh seo, déantar iomlán na ciainíde sna foirmeacha go léir ina mbíonn sí a chinneadh.

Nóta 4:

Is mar threoir amháin a thugtar na saintréithe feidhmíochta a bhaineann le lotnaidicídí aonair. A fhad a bhaineann leis an neamhchinnteacht tomhais, is féidir luachanna atá chomh híseal le 30 % a bhaint amach i gcás roinnt lotnaidicídí agus is féidir go gceadófar luachanna níos airde, go dtí 80 %, i gcás lotnaidicídí áirithe.

Nóta 5:

Tá na saintréithe feidhmíochta infheidhme maidir le gach substaint ar leith, a shonraítear mar 25 % den luach paraiméadrach atá i gCuid B d’Iarscríbhinn I.

Nóta 6:

Tá na saintréithe feidhmíochta infheidhme maidir le gach substaint ar leith, a shonraítear mar 50 % den luach paraiméadrach atá i gCuid B d’Iarscríbhinn I.

IARSCRÍBHINN IV

FAISNÉIS A THABHARFAR AR LÍNE DON PHOBAL [Leasú 146]

Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar fáil do thomhaltóirí ar líne i leagan ar bhealaí atá chomh saincheaptha céanna agus atá furasta a thuiscint: [Leasú 147]

(1)  sonraí an tsoláthraí uisce ábhartha, an limistéar agus líon na ndaoine a soláthraítear uisce dóibh agus an modh táirgthe uisce a shainaithint; [Leasú 148]

(2)  athbhreithniú ar na torthaí is déanaí ar an bhfaireachán ar in aghaidh an tsoláthraí uisce, le haghaidh na bparaiméadair a liostaítear i gCuid A agus, Cuid B agus Cuid Ba d'Iarscríbhinn I, lena n‑áirítear minicíocht na samplála agus suíomh na bpointí samplála, a bhaineann le limistéar leasa an duine a bhfuil an t‑uisce sin á sholáthar dó, mar aon leis an luach paraiméadrach a socraíodh i gcomhréir le hAirteagal 5. Ní ceadmhach torthaí an fhaireacháin a bheith níos sine ná: [Leasú 149]

(a)  mí i gcás ollsoláthraithe uisce;

(b)  sé mhí i gcás meánsoláthraithe agus mórsholáthraithe uisce; [Leasú 202]

(c)  bliain i gcás mionsoláthraithe uisce;

(3)  i gcás ina mbeidh baol ionchasach ann do shláinte an duine mar a chinntear ag na húdaráis inniúla tar éis sárú ar na luachanna paraiméadracha a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 5, faisnéis faoin mbaol atá ann do shláinte an duine agus an chomhairle sláinte agus tomhaltais a bhaineann leis an mbaol sin nó hipearnasc a thugann rochtain ar an bhfaisnéis sin; [Leasú 150]

(4)  achoimre ar an measúnú riosca ábhartha ar an soláthar; [Leasú 151]

(5)  faisnéis faoi na paraiméadair tháscacha a liostaítear i gcuid Ba d’Iarscríbhinn 1 agus na luachanna paraiméadracha gaolmhara seo a leanas:

(a)  Dath;

(b)  pH (Tiúchan ian hidrigine);

(c)  Seoltacht;

(d)  Iarann;

(e)  Mangainéis;

(f)  Boladh;

(g)  Blas;

(h)  Cruas;

(i)  Mianraí, ainiain/caitiain atá tuaslagtha in uisce;

–  Bóráit BO3-

–  Carbónáit CO32-

–  Clóiríd Cl-

–  Fluairíd F-

–  Hidrigincharbónáit HCO3-

–  Níotráit NO3-

–  Nítrít NO2-

–  Fosfáit PO43-

–  Sileacáit SiO2

–  Sulfáit SO42-

–  Suilfíd S2-

–  Alúmanam Al

–  Amóiniam NH4+

–  Calciam Ca

–  Maignéisiam Mg

–  Potaisiam K

–  Sóidiam Na

Féadfar luach paraiméadrach agus/nó míniú a thabhairt in éineacht leis na luachanna paraiméadracha sin agus le comhdhúile neamhianaithe agus riandúile eile; [Leasú 152]

(6)  comhairle do thomhaltóirí lena n-áirítear maidir le conas tomhaltas uisce a laghdú i gcás inarb iomchuí agus uisce a úsáid go freagrach de réir na ndálaí áitiúla; [Leasú 153]

(7)  maidir le soláthraithe móra agus ollsoláthraithe uisce, faisnéis bhliantúil faoin méid seo a leanas: [Leasú 154]

(a)  feidhmíocht iomlán an chórais uisce maidir le héifeachtúlacht, lena n‑áirítear rátaí sceite agus an tomhaltas fuinnimh in aghaidh an mhéadair chiúbaigh den uisce a soláthraíodh arna gcinneadh ag na Ballstáit; [Leasú 155]

(b)  faisnéis faoi struchtúr shamhail na bainistíochta agus rialachais an struchtúr úinéireachta a bhaineann le soláthar uisce an tsoláthraí uisce lena n‑áirítear comhdhéanamh an bhoird; [Leasú 156]

(c)  an méid uisce a soláthraíodh gach bliain agus treochtaí;

(d)  i gcás ina ndéanfar na costais a aisghabháil trí chóras taraifí, faisnéis faoi struchtúr costais na taraife arna muirearú ar thomhaltóirí in aghaidh an mhéadair chiúbaigh d'uisce, lena n‑áirítear costais athraitheacha agus sheasta, agus ar a laghad na costais a bhaineann le húsáid fuinnimh in aghaidh an mhéadair chiúbaigh d'uisce a soláthraíodh, chomh maith leis na bearta a rinne soláthraithe uisce chun críocha an mheasúnaithe ar ghuaiseacha de bhun Airteagal 8(4), le cóireáil agus le dáileadh an uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine, le bailiú agus le cóireáil fuíolluisce, agus na costais a bhaineann leis na bearta chun críocha Airteagal 13, i gcás inar soláthraithe uisce a rinne na bearta sin; [Leasú 157]

(e)  an méid infheistíochta a mheasann an soláthraí is gá chun inbhuanaitheacht airgeadais a áirithiú maidir le soláthar na seirbhísí uisce (cothabháil an bhonneagair san áireamh) agus an méid infheistíochta a fuarthas nó a forchúitíodh iarbhír atá déanta, atá ar bun agus atá beartaithe, chomh maith leis an bplean airgeadais; [Leasú 158]

(f)  na cineálacha cóireála agus dífhabhtaithe uisce a cuireadh i bhfeidhm;

(g)  achoimre agus staitisticí a bhaineann le gearáin a rinne tomhaltóirí, agus le tráthúlacht agus sásúlacht na bhfreagairtí a tugadh ar fhadhbanna conas a réitítear iad; [Leasú 159]

(8)  arna iarraidh sin dó ag an tomhaltóir, rochtain a thabhairt ar shonraí stairiúla a théann siar 10 mbliana, ar a mhéad, ar mhaithe le faisnéis a thabhairt faoi phointe (2) agus pointe (3) rochtain ar shonraí stairiúla faoi fhaisnéis faoi phointe (2) agus faoi phointe(3) a théann siar suas le 10 mbliana, agus tráth nach luaithe ná dáta thrasuí na Treorach seo arna iarraidh sin. [Leasú 160]

IARSCRÍBHINN V

Cuid A

An Treoir aisghairthe

agus liosta de na leasuithe a rinneadh uirthi

(dá dtagraítear in Airteagal 23)

Treoir 98/83/CE ón gComhairle

(IO L 330, 5.12.1998, lch. 32.)

 

Rialachán (AE) Uimh. 1882/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 284, 31.10.2003, lch. 1.)

Pointe 29 d'Iarscríbhinn II, agus an pointe sin amháin

Rialachán (AE) Uimh. 596/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 188, 18.7.2009, lch. 14.)

Pointe 2.2 den Iarscríbhinn, agus an pointe sin amháin

Treoir (AE) 2015/1787 ón gCoimisiún

(IO L 260, 7.10.2015, lch. 6.)

 

Cuid B

Teorainneacha ama don trasuí sa dlí náisiúnta

(dá dtagraítear in Airteagal 23)

Treoir

Teorainn ama don trasuí

 

98/83/CE

25 Nollaig 2000

 

(AE) 2015/1787

27 Deireadh Fómhair 2017

 

IARSCRÍBHINN VI

Tábla Comhghaoil

Treoir 98/83/CE

An Treoir seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2, an fhoclaíocht réamhráiteach

Airteagal 2, an fhoclaíocht réamhráiteach

Airteagal 2, pointe 1 agus pointe 2

Airteagal 2, pointe 1 agus pointe 2

-

Airteagal 2, pointe 3 go pointe 8

Airteagal 3(1), an fhoclaíocht réamhráiteach

Airteagal 3(1), an fhoclaíocht réamhráiteach

Airteagal 3(1)(a) agus (b)

Airteagal 3(1)(a) agus (b)

Airteagal 3(2) agus (3)

Airteagal 3(2) agus (3)

Airteagal 4(1), an fhoclaíocht réamhráiteach

Airteagal 4(1), an fhoclaíocht réamhráiteach

Airteagal 4(1)(a) agus (b)

Airteagal 4(1)(a) agus (b)

Airteagal 4(1), an dara fomhír

Airteagal 4(1)(c)

Airteagal 4(2)(c)

Airteagal 4(2)

Airteagal 5(1) agus (2)

Airteagal 5(1)

Airteagal 5(3)(c)

Airteagal 5(2)

Airteagal 6(1), pointe (a) go pointe (c)

Airteagal 6, pointe (a) go pointe (c)

Airteagal 6(1), pointe (d)

-

Airteagal 6(2)

-

Airteagal 6(3)

-

-

Airteagal 7

-

Airteagal 8

 

Airteagal 9

-

Airteagal 10

Airteagal 7(1)

Airteagal 11(1)

Airteagal 7(2)

Airteagal 11(2), an fhoclaíocht réamhráiteach

-

Airteagal 11(2), pointe (a) go pointe (c)

Airteagal 7(3)

Airteagal 11(3)

Airteagal 7(4)

-

Airteagal 7(5)(a)

Airteagal 11(4), an fhoclaíocht réamhráiteach

Airteagal 7(5)(b)

Airteagal 11(4)(a)

Airteagal 7(5)(c)

Airteagal 11(4)(b)

Airteagal 7(6)

Airteagal 11(5)

Airteagal 8(1)

Airteagal 12(1)

Airteagal 8(2)

Airteagal 12(2), an chéad fhomhír

-

Airteagal 12(2), an dara fomhír

Airteagal 8(3)

Airteagal 12(3), an chéad fhomhír

-

Airteagal 12(3), an dara fomhír

-

Airteagal 12(4), pointe (a) go pointe (c)

Airteagal 8(4)

Airteagal 12(5)

Airteagal 8(5) go (7)

-

Airteagal 9

-

Airteagal 10

-

-

Airteagal 13

-

Airteagal 14

-

Airteagal 15

-

Airteagal 16

-

Airteagal 17

Airteagal 11(1)

Airteagal 18(1), an chéad fhomhír

-

Airteagal 18(1), an dara fomhír

Airteagal 11(2)

-

-

Airteagal 18(2)

-

Airteagal 19

Airteagal 12(1)

Airteagal 20(1)

Airteagal 12(2), an chéad fhomhír

Airteagal 20(1)

Airteagal 12(2), an dara fomhír

-

Airteagal 12(3)

-

Airteagal 13

-

Airteagal 14

-

Airteagal 15

-

-

Airteagal 21

Airteagal 17(1) agus (2)

Airteagal 22(1) agus (2)

Airteagal 16(1)

Airteagal 23(1)

Airteagal 16(2)

-

 

Airteagal 23(2)

Airteagal 18

Airteagal 24

Airteagal 19

Airteagal 25

Iarscríbhinn I, Cuid A

Iarscríbhinn I, Cuid A

Iarscríbhinn I, Cuid B

Iarscríbhinn I, Cuid B

Iarscríbhinn I, Cuid C

-

-

Iarscríbhinn I, Cuid C

Iarscríbhinn II, Cuid A, pointe (1)(a) go (c)

Iarscríbhinn II, Cuid A, pointe (1)(a) go (c)

Iarscríbhinn II, Cuid A, pointe (2), an chéad fhomhír

Iarscríbhinn II, Cuid A, pointe (2), an chéad fhomhír

-

Iarscríbhinn II, Cuid A, pointe (2), an dara fomhír agus an tábla

Iarscríbhinn II, Cuid A, pointe (2), an dara fomhír

Iarscríbhinn II, Cuid A, pointe (2), an tríú fomhír

Iarscríbhinn II, Cuid A, pointe (3)

-

Iarscríbhinn II, Cuid A, pointe (4)

Iarscríbhinn II, Cuid A, pointe (3)

Iarscríbhinn II, Cuid B, pointe (1)

-

Iarscríbhinn II, Cuid B, pointe (2)

Iarscríbhinn II, Cuid B, pointe (1)

Iarscríbhinn II, Cuid B, pointe (3)

Iarscríbhinn II, Cuid B, pointe (2)

Iarscríbhinn II, Cuid C, pointe (1)

-

Iarscríbhinn II, Cuid C, pointe (2)

Iarscríbhinn II, Cuid C, pointe (1)

Iarscríbhinn II, Cuid C, pointe (3)

-

Iarscríbhinn II, Cuid C, pointe (4)

Iarscríbhinn II, Cuid C, pointe (2)

Iarscríbhinn II, Cuid C, pointe (5)

Iarscríbhinn II, Cuid C, pointe (3)

-

Iarscríbhinn II, Cuid C, pointe (4)

Iarscríbhinn II, Cuid C, pointe (6)

-

Iarscríbhinn II, Cuid D, pointe (1) go pointe (3)

Iarscríbhinn II, Cuid D, pointe (1) go pointe (3)

Iarscríbhinn III, an chéad fhomhír agus an dara fomhír

Iarscríbhinn III, an chéad fhomhír agus an dara fomhír

Iarscríbhinn III, Cuid A, an chéad fhomhír agus an dara fomhír

-

Iarscríbhinn III, Cuid A, an tríú fomhír, pointe (a) go pointe (f)

Iarscríbhinn III, Cuid A, an tríú fomhír, pointe (a) go pointe (h)

Iarscríbhinn III, Cuid B, pointe (1), an chéad fhomhír

Iarscríbhinn III, Cuid B, pointe (1), an chéad fhomhír

Iarscríbhinn III, Cuid B, pointe (1), an dara fomhír

-

Iarscríbhinn III, Cuid B, pointe (1), an tríú fomhír agus Tábla 1

Iarscríbhinn III, Cuid B, pointe (1), an dara fomhír agus Tábla 1

Iarscríbhinn III, Cuid B, pointe (1), Tábla 2

-

Iarscríbhinn III, Cuid B, pointe (2)

Iarscríbhinn III, Cuid B, pointe (2)

Iarscríbhinn IV

-

Iarscríbhinn V

-

-

Iarscríbhinn IV

-

Iarscríbhinn V

-

Iarscríbhinn VI

(1)IO C 367, 10.10.2018, lch. 107.
(2)IO C 361, 5.10.2018, lch. 46.
(3)IO C 77, 28.3.2002, lch. 1.
(4) Is ionann an seasamh seo agus na leasuithe arna nglacadh an 23 Deireadh Fómhair 2018 (Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2018)0397).
(5)IO C 367, 10.10.2018, lch. 107.
(6)IO C 361, 5.10.2018, lch. 46.
(7) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Márta 2019.
(8)Treoir 98/83/CE ón gComhairle an 3 Samhain 1998 maidir le cáilíocht an uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine (IO L 330, 5.12.1998, lch. 32).
(9)Féach Iarscríbhinn V.
(10) Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).
(11)Treoir 2009/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le huiscí mianraí nádúrtha a shaothrú agus a mhargú (Athmhúnlú) (IO L 164, 26.6.2009, lch. 45).
(12)Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n‑úsáid ag an duine (IO L 311, 28.11.2001, lch. 67).
(13)Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1).
(14)COM(2014)0177.
(15)SWD(2016)0428.
(16)Tuarascáil speisialta ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa SR 12/2017: "Implementing the Drinking Water Directive: water quality and access to it improved in Bulgaria, Hungary and Romania, but investment needs remains substantial" [Cur Chun Feidhme na Treorach maidir le hUisce Óil: cáilíocht an uisce agus an rochtain ar uisce á bhfeabhsú sa Bhulgáir, san Ungáir agus sa Rómáin, ach tá gá le méid mór infheistíochta go fóill.]
(17)Tionscadail Comhair maidir le Paraiméadair Uisce Óil de chuid Oifig Réigiúnach EDS san Eoraip “Support to the revision of Annex I Council Directive 98/83/EC on the quality of water intended for human consumption (Drinking Water Directive) Recommendation”, 11.09.2017.
(18)Treoir (AE) 2015/1787 ón gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2015 lena leasaítear Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 98/83/CE ón gComhairle maidir le cáilíocht an uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine (IO L 260, 7.10.2015, lch. 6).
(19)Guidelines for drinking water quality, an ceathrú heagrán, an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, 2011 http://www.who.int/water_sanitation_health/publications/2011/dwq_guidelines/en/index.html
(20) Lámhleabhar an Phlean Sábháilteachta Uisce: [Water Safety Plan Manual: step-by-step risk management for drinking water suppliers], an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, 2009, http://apps.who.int/iris/bitstream/10665/75143/1/9789242562637_fre.pdf
(21)Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).
(22)Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú agus lena n‑aisghairtear Treoir 89/106/CEE ón gComhairle (IO L 88, 4.4.2011, lch. 5).
(23)Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).
(24)"Legionella and the prevention of Legionellosis", an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, 2007, http://www.who.int/water_sanitation_health/emerging/legionella.pdf
(25)SWD(2016)0185.
(26) COM(2014)0177.
(27) COM(2014)0177, lch. 12.
(28) Forógra Idirinstitiúideach maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta (2017/C 428/09) an 17 Samhain 2017 (IO C 428, 13.12.2017, lch. 10).
(29)P8_TA(2015)0294
(30)P8_TA(2015)0294, mír 62.
(31)COM(2014)0209.
(32)Rún (2013/C 378/01) ón gComhairle an 9 Nollaig 2013 maidir le bearta éifeachtacha chun Romaigh a lánpháirtiú sna Ballstáit (IO C 378, 24.12.2013, lch. 1).
(33)Cinneadh Uimh. 1386/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 ar Chlár Ginearálta Gníomhaíochta don Chomhshaol de chuid an Aontais go dtí 2020 dar teideal “Living well, within the limits of our planet” (IO L 354, 28.12.2013, lch. 171).
(34)Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis ar an gcomhshaol agus lena n‑aisghairtear Treoir 90/313/CEE ón gComhairle (IO L 41, 14.2.2003, lch. 26).
(35)Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear Bonneagar d’Fhaisnéis Spásúil sa Chomhphobal Eorpach (INSPIRE) (IO L 108, 25.4.2007, lch. 1).
(36)IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(37)IO L 124, 17.5.2005, lch. 4.
(38)Moladh ón gCoimisiún an 11 Meitheamh 2013 maidir le prionsabail choiteanna le haghaidh sásraí comhshásaimh de chineál urghaire agus cúiteach sna Ballstáit a bhaineann le sáruithe ar chearta a thugtar faoi dhlí an Aontais (IO L 201, 26.7.2013, lch. 60).
(39)Treoir 2013/51/Euratom ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos ceanglais maidir le sláinte an phobail a chosaint i ndáil le substaintí radaighníomhacha in uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine (IO L 296, 7.11.2013, lch. 12.)
(40)Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(41)Treoir 2008/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le cosaint an chomhshaoil tríd an dlí coiriúil (IO L 328, 6.12.2008, lch. 28).
(42) Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le sláinteachas bia-ábhar (IO L 139, 30.4.2004, lch. 1).
(43)Treoir 2006/118/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le screamhuisce a chosaint ar thruailliú agus ar mheath (IO L 372, 27.12.2006, lch. 19).
(44)Treoir 2008/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin cáilíochta comhshaoil i réimse an bheartais uisce, lena leasaítear agus lena n‑aisghairtear ina dhiaidh sin Treoracha 82/176/CEE, 83/513/CEE, 84/156/CEE, 84/491/CEE, 86/280/CEE ón gComhairle agus lena leasaítear Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 348, 24.12.2008, lch. 84).
(45) Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú agus lena n-aisghairtear Treoir 89/106/CEE ón gComhairle (IO L 88, 4.4.2011, lch. 5).
(46)Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n‑aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1).
(47)Treoir 2009/90/CE ón gCoimisiún an 31 Iúil 2009 lena leagtar síos, de bhun Threoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, sonraíochtaí teicniúla maidir le hanailís cheimiceach agus faireachán a dhéanamh ar stádas an uisce (IO L 201, 1.8.2009, lch. 36).


Éifeachtúlacht nósanna imeachta um athstruchtúrú, dócmhainneacht agus urscaoileadh a fheabhsú ***I
PDF 116kWORD 60k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Márta 2019 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creataí um athstruchtúrú coisctheach, dara deis agus bearta chun éifeachtúlacht nósanna imeachta athstruchtúraithe, dócmhainneachta agus urscaoilte a fheabhsú agus lena leasaítear Treoir 2012/30/AE (COM(2016)0723 – C8-0475/2016 – 2016/0359(COD))
P8_TA(2019)0321A8-0269/2018

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2016)0723),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagail 53 agus 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0475/2016),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do na tuairimí réasúnaithe a thíolaic Dáil Éireann agus Seanad Éireann, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 29 Márta 2017(1),

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún an 12 Iúil 2017(2),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 19 Nollaig 2018 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla agus do na tuairimí ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta agus ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta (A8-0269/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige é a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 28 Márta 2019 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creataí um athstruchtúrú coisctheach, maidir le hurscaoileadh fiachais, agus maidir le dícháílíochtaí agus maidir le bearta chun éifeachtúlacht nósanna imeachta athstruchtúraithe, dócmhainneachta agus urscaoilte fiachais a fheabhsú, agus lena leasaítear Treoir (AE) 2017/1132 (an Treoir maidir le hathstruchtúrú agus dócmhainneacht)

P8_TC1-COD(2016)0359


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2019/1023.)

(1) IO C 209, 30.6.2017, lch. 21.
(2) IO C 342, 12.10.2017, lch. 43.


Feidhmiú cóipchirt agus ceart gaolmhar is infheidhme maidir le cineálacha áirithe tarchuir ar líne agus maidir le hatarchur clár teilifíse agus raidió ***I
PDF 116kWORD 49k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Márta 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha maidir le feidhmiú cóipchirt agus ceart gaolmhar is infheidhme maidir le cineálacha áirithe tarchuir ar líne de chuid eagraíochtaí craoltóireachta agus maidir le hatarchur clár teilifíse agus raidió (COM(2016)0594 – C8-0384/2016 – 2016/0284(COD))
P8_TA(2019)0322A8-0378/2017

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2016)0594),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0384/2016),

–  ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla ar an mbunús dlí atá molta,

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) agus d’Airteagal 53(1) agus d’Airteagal 62 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 25 Eanáir 2017(1),

–  tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 18 Eanáir 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Rialacha 59 agus 39 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla agus do na tuairimí ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas, ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh agus ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra (A8-0378/2017),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige é a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 28 Márta 2019 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha maidir le feidhmiú cóipchirt agus ceart gaolmhar is infheidhme maidir le cineálacha áirithe tarchuir ar líne de chuid eagraíochtaí craoltóireachta agus maidir le hatarchur clár teilifíse agus raidió agus lena leasaítear Treoir 93/83/CEE ón gComhairle

P8_TC1-COD(2016)0284


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2019/789.)

(1) IO C 125, 21.4.2017, lch. 27.


Clár Eoraip na Cruthaitheachta 2021-2027 ***I
PDF 306kWORD 107k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Márta 2019 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear clár Eoraip na Cruthaitheachta (2021 go 2027) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 (COM(2018)0366 – C8-0237/2018 – 2018/0190(COD))
P8_TA(2019)0323A8-0156/2019

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2018)0366),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 167(5) agus d’Airteagal 173(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic a Coimisiún an togra don Pharlaimint (C8‑0237/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 12 Nollaig 2018(1),

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún an 6 Feabhra 2019(2),

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas agus don tuairim ón gCoiste um Buiséid (A8-0156/2019),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 28 Márta 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) …/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an clár Eoraip na Cruthaitheachta (2021 go 2027) agus lena n aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013

P8_TC1-COD(2018)0190


(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 167(5) agus Airteagal 173(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(3),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún(4),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(5)

De bharr an méid seo a leanas:

(1)  Tá ardluach le cultúr, leis na healaíona, le hoidhreacht chultúrtha agus le héagsúlacht chultúrtha do shochaí na hEorpa ó thaobh cúrsaí cultúrtha, oideachais, daonlathais, comhshaoil, cearta daonna agus eacnamaíocha de agus ba cheart iad a chur chun cinn agus tacú leo. Sonraítear i nDearbhú na Róimhe an 25 Márta 2017 agus shonraigh an Chomhairle Eorpach i Nollaig 2017 go bhfuil an t‑oideachas agus an cultúr bunriachtanach chun sochaithe cuimsitheacha agus comhtháite a thógáil do chách agus chun iomaíochas na hEorpa a chothú. [Leasú 1].

(2)  De réir Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), is ar luachanna an mheasa ar dhínit an duine tá an tAontas fothaithe ar luachanna an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus an mheasa ar chearta an duine, lena n‑áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad, atá an tAontas fothaithe. Is comhluachanna ag na Ballstáit na luachanna sin i sochaí arb iad is sainairíonna inti an t‑iolrachas, an neamh‑idirdhealú, an chaoinfhulaingt, an ceartas, an dlúthpháirtíocht agus an comhionannas idir mná agus fir. Déantar na luachanna sin a athdhearbhú agus a chur in iúl a thuilleadh sna cearta, sna saoirsí agus sna prionsabail a chumhdaítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an Chairt), a bhfuil an stádas dlí céanna leis na Conarthaí aici, mar a thagraítear dó dá dtagraítear in Airteagal 6 de CAE. Go háirithe, cumhdaítear an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil in Airteagal 11 den Chairt agus saoirse na n-ealaíon agus na n-eolaíochtaí in Airteagal 13 den Chairt. [Leasú 2]

(3)  In Airteagal 3 CAE sonraítear gurb é is aidhm don Aontas an tsíocháin, a chuid luachanna agus dea-bhail a chuid pobal a chur chun cinn agus, i measc nithe eile, go n‑urramóidh sé saibhreas a éagsúlachta cultúrtha agus teanga, agus go-áiritheoidh sé go ndéanfar oidhreacht chultúrtha na hEorpa a chaomhnú agus a fheabhsú.

(4)  Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Clár Oibre Eorpach Nua don Chultúr(6), leagtar cuspóirí an Aontais amach freisin le haghaidh earnálacha an chultúir agus na na n-earnálacha cultúir agus cruthaitheachta. Tá sé d'aidhm ag an gComhairle mar aidhm aici tairbhe a bhaint as cumhacht an chultúir agus na héagsúlachta cultúrtha ar mhaithe leis an gcomhtháthú le haghaidh comhtháthú sóisialta agus dhea-bhail na sochaí, agus an ghné thrasteorann a bhaineann le hearnálacha an chultúir cultúir agus na cruthaitheachta a chothú, tacaíocht á tabhairt dá n‑acmhainneacht fás, an chruthaitheacht chultúrbhunaithe san oideachas agus sa nuálaíocht, agus i dtaca le poist agus fás, a spreagadh agus an á spreagadh, le haghaidh post agus fáis freisin, agus caidreamh cultúrtha idirnáisiúnta a á neartú. Ba cheart tacaíocht a fháil do, le hEoraip na Cruthaitheachta, tacú le chur chun feidhme an Chláir Oibre Eorpaigh nua Nua don Chultúr ón gclár Eoraip na Cruthaitheachta sin, i dteannta cláir eile de chuid an Aontais. Tá an méid, á chur san áireamh gur cheart luach intreach an chultúir agus an léirithe ealaíonta a chaomhnú agus a chur chun cinn i gcónaí agus go bhfuil cruthú ealaíonta ag croílár tionscadal comhair. Tá tacaíocht do chur chun feidhme an Chláir Oibre Eorpaigh Nua don Chultúr sin i gcomhréir freisin le Coinbhinsiún UNESCO 2005 ar Éagsúlacht Léirithe Cultúir a Chosaint agus a Chur Chun Cinn a tháinig i bhfeidhm an 18 Márta 2007 agus a bhfuil an tAontas ina pháirtí ann. [Leasú 3]

(4a)  Déanfaidh beartais an Aontais idirghabháil na mBallstát a chomhlánú agus tabharfaidh siad breisluach dóibh i réimse an chultúir agus na cruthaitheachta. Ba cheart tionchar bheartais an Aontais a mheasúnú ar bhonn rialta agus aird á tabhairt ar tháscairí cáilíochta agus cainníochta amhail an tairbhe do shaoránaigh, rannpháirtíocht ghníomhach na saoránach, na leasanna do gheilleagar an Aontais ó thaobh fáis agus post agus na n-iarmhairtí ar earnálacha eile an gheilleagair de, agus na scileanna agus inniúlachtaí ag daoine a oibríonn sna hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta. [Leasú 4]

(4b)  Is iad cuspóirí an Chláir ná oidhreacht chultúrtha na hEorpa a choimirciú agus a fheabhsú. Aithnítear go bhfuil na cuspóirí sin ina mbunchuid den cheart ar eolas na hoidhreachta cultúrtha agus chun a bheith rannpháirteach sa saol cultúrtha atá cumhdaithe i gCreat-Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Luach na hOidhreachta Cultúrtha don tSochaí (Coinbhinsiún Faro), a tháinig i bhfeidhm an 1 Meitheamh 2011. Sa Choinbhinsiún sin, cuirtear i bhfáth ról na hoidhreachta cultúrtha i dtógáil sochaí atá síochánta agus daonlathach, agus i bpróisis na forbartha inbhuanaithe agus i gcur chun cinn na héagsúlachta cultúrtha. [Leasú 5]

(5)  Tá cur chun cinn éagsúlachta cultúrtha Eorpaí agus na feasachta maidir le fréamhacha comhchoiteanna bunaithe ar shaoirse an léirithe ealaíonta, ar acmhainn agus inniúlachtaí na n-ealaíontóirí agus na n-oibreoirí cultúrtha, ar earnálacha cultúir agus cruthaitheachta atá rafar agus athléimneach a bheith ann sa réimse phoiblí agus phríobháideach agus ar a gcumas a saothair féin a chruthú, a dhéanamh nuálach agus a léiriú agus iad a dháileadh ar phobal Eorpach mór agus éagsúil. Méadaíonn sé sin a n-acmhainneacht ghnó, cuireann sé le rochtain ar inneachar cruthaitheach, taighde ealaíonta agus cruthaíocht, agus iad a chur chun cinn agus rannchuidíonn sé le fás inbhuanaithe agus cruthú post. Thairis sin, rannchuidíonn cur chun cinn na cruthaitheachta agus eolas nua le hiomaíochas agus le borradh a chur faoi nuálaíocht sna slabhraí luacha tionsclaíocha. Ba cheart cur chuige níos leithne i leith na n-ealaíon agus oideachas cultúrtha agus taighde ealaíonta a ghlacadh, ag eascairt as cur chuige ETIM (Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht agus Matamaitic) i dtreo chur chuige ETIEM (Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht, Ealaíon agus Matamaitic). Cé go ndearnadh dul chun cinn le déanaí maidir le cúnamh i ndáil le haistriúcháin agus fotheidealú, tá an margadh cultúrtha Eorpach fós ilroinnte ó thaobh cúrsaí náisiúnta agus teangeolaíocha de. Is féidir tuilleadh a dhéanamh chun go bhféadfaidh na hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta leas iomlán a bhaint as an margadh aonair Eorpach ná as an margadh aonair digiteach go háirithe, agus urraim á tabhairt do shainiúlacht gach margadh, lena n-áirítear trí chosaint cearta maoine intleachtúla a chur san áireamh. [Leasú 6]

(5a)  Léirítear leis an aistriú digiteach athrú sa pharaidím agus is é ceann de na dúshláin is mó do na hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta é. Tá nuálaíocht dhigiteach tar éis nósanna, caidrimh agus múnlaí táirgthe agus tomhaltais a athrú ar an leibhéal pearsanta agus sóisialta araon agus ba cheart go gcuirfear borradh faoi léiriú cultúrtha agus cruthaitheach léi agus faoin insint chultúrtha agus chruthaitheach atá ann, agus urraim á tabhairt do luach shonrach na n-earnálacha cultúir agus cruthaitheachta laistigh den timpeallacht dhigiteach. [Leasú 7]

(6)  Ba cheart aird a thabhairt ar chineál déach earnálacha an chultúir na n-earnálacha cultúir agus na cruthaitheachta sa Chlár, agus aitheantas á thabhairt, ar thaobh amháin, do luach intreach agus ealaíonta an chultúir agus, ar an taobh eile, do luach eacnamaíoch na n‑earnálacha sin, lena n‑áirítear an méid a chuireann siad tríd is tríd le fás agus le hiomaíochas, le cruthaitheacht, agus le nuálaíocht, le hidirphlé idirchultúrtha, le comhtháthú sóisialta agus le giniúint eolais. Chuige sin, tá gá le hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta Eorpacha cultúir agus cruthaitheachta atá láidir sna réimsí brabúsacha agus neamhbhrabúsacha araon, go háirithe tionscal closamhairc Eorpach atá bríomhar, agus aird á tabhairt ar a acmhainneacht dul i bhfeidhm ar phobail mhóra ar leibhéal áitiúil, náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais agus ar a thábhacht eacnamaíoch, lena n‑áirítear le haghaidh earnálacha cruthaitheachta eile agus le haghaidh na turasóireachta cultúrtha mar aon le turasóireacht chultúrtha agus forbairt réigiúnach, áitiúil agus uirbeach. Mar sin féin, tá dlús curtha le hiomaíochas cuireadh dlús leis an iomaíocht sna margaí closamhairc domhanda de bharr an mhéadaithe atá tagtha ar an mbriseadh digiteach tríd an méadú atá ag teacht ar bhriseadh digiteach, e.g. athruithe ar léiriú agus úsáid meán agus ról méadaitheach na n‑ardán ardán domhanda i dtaca le dáileadh inneachair. Dá bhrí sin, is gá cur leis an tacaíocht atá á tabhairt do thionscal na hEorpa don tionscal Eorpach. [Leasú 8]

(6a)  Teastaíonn foras maith do shaoránacht ghníomhach Eorpach, luachanna comhchoiteanna, cruthaitheacht agus nuálaíocht ar a bhféadfaidís forbairt. Ba cheart don Chlár tacaíocht a thabhairt d’oideachas scannánaíochta agus closamhairc, go háirithe i measc mionaoiseach agus daoine óga. [Leasú 9]

(7)  Ionas gurb éifeachtach an Clár é, ba cheart aird a thabhairt ar chineál sonrach agus ar dhúshláin shonracha na n-earnálacha éagsúla, ar a spriocghrúpaí éagsúla agus ar a riachtanais shonracha trí chineálacha cur chuige saincheaptha laistigh de shraith atá dírithe ar an earnáil closamhairc, laistigh de shraith atá dírithe ar na hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta eile agus laistigh de shraith thrasearnála. Ba cheart don Chlár tacaíocht chothrom a thabhairt do na hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta uile trí scéimeanna cothrománacha lena ndírítear ar chomhriachtanais. Trí thógáil ar thionscadail phíolótacha, bearta agus staidéir ullmhúcháin, ba cheart don Chlár na gníomhaíochtaí earnálacha a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a chur chun feidhme freisin. [Leasú 10]

(7a)  Gné thábhachtach d’oidhreacht chultúrtha, ealaíonta agus eacnamaíoch an Aontais is ea an ceol, de gach aon sórt agus léiriú, agus go háirithe ceol comhaimseartha agus ceol beo. Is gné é de chomhtháthú sóisialta, den lánpháirtiú ilchultúrtha agus de shóisialú an óige, agus is uirlís phríomha é chun feabhas a chur ar an gcultúr, lena n-áirítear an turasóireacht chultúrtha. Ba cheart dá bhrí sin go mbeadh fócas ar leith ar earnáil an cheoil ag na gníomhaíochtaí sonracha a chuirtear i gcrích mar chuid den tsraith CHULTÚIR faoin Rialachán seo ó thaobh leithdháileadh airgeadais agus gníomhaíochtaí spriocdhírithe de. Ba cheart go gcuirfear borradh faoi iomaíochas earnáil an cheoil trí ghlaonna agus uirlisí saincheaptha agus go rachfar i ngleic le cuid de na dúshláin shonracha atá os comhar na hearnála. [Leasú 11]

(7b)  Is gá tacaíocht ón Aontas a atreisiú i réimse na gcaidreamh cultúrtha idirnáisiúnta. Leis an gClár, ba cheart iarracht a dhéanamh rannchuidiú leis an tríú cuspóir straitéiseach de chuid an Chláir Oibre Eorpaigh nua don Chultúr trí leas a bhaint as idirphlé chultúrtha agus idirchultúrtha chun forbairt inbhuanaithe shóisialta agus eacnamaíoch a spreagadh. San Aontas agus ar fud an domhain, tá cathracha ag brú beartais nua chultúrtha chun cinn. Tá líon mór pobal cruthaitheach bailithe le chéile i moil, gorlanna gnó, agus spásanna tiomnaithe ar fud an domhain. Ba cheart don Aontas a bheith lárnach maidir leis na pobail sin ón Aontas agus ó thríú tíortha a líonrú agus le comhoibriú ildisciplíneach maidir le scileanna ealaíonta, cruthaitheach agus digiteach a chothú. [Leasú 12]

(8)  Is é is Tá sé mar aidhm don ag an tsraith thrasearnála saothrú aghaidh a thabhairt ar na dúshláin choiteanna a bhíonn os comhar earnálacha cultúir agus cruthaitheachta éagsúla agus lánsaothrú a dhéanamh ar an rud is acmhainn do don chomhoibriú i ina measc earnálacha cultúir agus cruthaitheachta éagsúla. Is féidir tairbhe a bhaint as cur chuige comhpháirteach trasnaí ó thaobh aistriú eolais agus éifeachtúlachtaí riaracháin de. [Leasú 13]

(9)  Tá gá le hidirghabháil ón Aontas san earnáil closamhairc chun bheith ag gabháil le beartais Mhargadh Aonair Digiteach an Aontais. Tá baint aige sin go háirithe le nuachóiriú an chreata cóipchirt, agus leis an Rialachán atá beartaithe maidir le tarchur ar líne de chuid eagraíochtaí craoltóireachta le Treoir (AE) 2019/789 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(7) agus le , mar aon leis an togra chun Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(8) a leasú (AE) 2018/1808 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(9). Is é is Tá sé mar aidhm dóibh acu acmhainneacht gníomhaithe Eorpacha closamhairc a neartú chun saothair atá infheicthe a ndóthain i bhformáidí éagsúla ar na meáin chumarsáide éagsúla atá ar fáil (e.g. teilifís, pictiúrlann nó físeán ar éileamh) a chruthú, a mhaoiniú, a léiriú agus a scaipeadh ar saothair iad atá tarraingteach do phobail i margadh níos oscailte agus níos iomaíche san Eoraip agus níos faide i gcéin. Ba cheart an tacaíocht a mhéadú chun aghaidh a thabhairt ar fhorbairtí a rinneadh le déanaí sa mhargadh agus go háirithe seasamh neartaithe ardán dáilte domhanda le hais craoltóirí náisiúnta a infheistíonn go traidisiúnta i léiriú saothar Eorpach. [Leasú 14]

(10)  Maidir leis na gníomhaíochtaí speisialta faoin gclár faoi Eoraip na Cruthaitheachta amhail an Lipéad Oidhreachta Eorpach, Laethanta Eorpacha na hOidhreachta, na duaiseanna Eorpacha i réimse an cheoil chomhaimseartha, rac agus pop, i réimse na litríochta, i réimse na hoidhreachta agus i réimse na hailtireachta, agus Príomhchathracha Cultúir na hEorpa, chuathas i bhfeidhm ar na milliúin saoránach Eorpach, léiríodh go bhfuil tairbhí sóisialta agus eacnamaíocha ag baint le beartais chultúrtha Eorpacha agus ba cheart, dá bhrí sin, leanúint leo agus iad a leathnú nuair is féidir. Ba cheart don Chlár tacú le gníomhaíochtaí líonraithe láithreáin an Lipéid Oidhreachta Eorpaigh. [Leasú 15]

(10a)  Chuir Clár Eoraip na Cruthaitheachta faoi Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 borradh faoi thionscadail nuálacha agus rathúla a chruthú, ar tionscadail iad a ghin deachleachtais i dtaca le comhar Eorpach trasnáisiúnta in earnálacha na cruthaitheachta agus an chultúir. Dá réir sin, méadaíodh éagsúlacht chultúrtha na hEorpa do phobail agus rinneadh na sochair shóisialta agus eacnamaíocha a bhaineann le beartais chultúrtha na hEorpa a threisiú. Chun a bheith níos éifeachtúla, ba cheart aird a thabhairt ar scéalta ratha den sórt sin agus iad a leathnú nuair is féidir. [Leasú 16]

(10b)  Ba chóir go mbeadh gníomhaithe ar gach leibhéal sna hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta bainteach go gníomhach le cuspóirí an Chláir a bhaint amach agus le forbairt bhreise an Chláir. Toisc gur léiríodh gur éifeachtach é an taithí de rannpháirtíocht fhoirmiúil geallsealbhóirí i samhail rialachais rannpháirtíocht Bhliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha, a bunaítear le Cinneadh (AE) 2017/864 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(10), i gcultúr an phobail i gcoitinne, tá sé inmholta an tsamhail sin a chur i bhfeidhm ar an gClár freisin. Ba cheart cur chuige trasearnálach a bheith san áireamh sa tsamhail rialachais rannpháirteach sin d’fhonn sineirgí a chruthú idir cláir agus tionscnaimh éagsúla an Aontais i réimse an chultúir agus na cruthaitheachta. [Leasú 17]

(10c)  Ba cheart gníomhaíocht thrasearnálach shuaitheanta a áireamh mar chuid de na gníomhaíochtaí speisialta faoin gClár arb é is aidhm di cruthaitheacht agus éagsúlacht chultúrtha na hEorpa a chur i láthair do na Ballstáit agus do thríú tíortha. Ba cheart go gcuirfear béim ar bharrfheabhas na cruthaitheacht cultúrbhunaithe Eorpaí chun tras-nuálaíocht a spreagadh sa gheilleagar i gcoitinne trí dhuais speisialta a bhronnadh. [Leasú 18]

(11)  Tá an cultúr thar a bheith tábhachtach chun pobail chuimsitheacha, chomhtháite agus mhachnamhacha a neartú, chun críocha a athbheochan agus chun cuimsiú sóisialta a chur chun cinn do dhaoine atá faoi mhíbhuntáiste. I gcomhthéacs shaincheisteanna na himirce agus dúshláin an chomhtháthaithe , tá ról bunriachtanach ag an gcultúr chun spásanna cuimsitheacha a chruthú le haghaidh idirphlé idirchultúrtha agus le haghaidh imircigh agus teifigh a chomhtháthú, cabhrú leo mothú mar chuid de na sochaithe óstacha, agus chun caidreamh maith a fhorbairt idir imircigh agus pobail nua. [Leasú 19]

(11a)  Déanann an cultúr foráil d’inbhuanaitheacht eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil agus déanann sé í a chothú. Ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh sé i gcroílár straitéisí forbartha polaitiúla. Ba cheart an méid a chuireann an cultúr le folláine na sochaí ina hiomláine a chur i dtreis. I gcomhréir le Dearbhú Davos an 22 Eanáir 2018 dar teideal “I dTreo Baukultur ardcháilíochta don Eoraip”, ba cheart, dá bhrí sin, céimeanna a ghlacadh chun cur chuige nua comhtháite a chur chun cinn i ndáil leis an timpeallacht ardcháilíochta tógtha a mhúnlú, ar cur chuige é atá fréamhaithe sa chultúr, a neartaíonn an comhtháthú sóisialta, a ráthaíonn timpeallacht inbhuanaithe agus a chuireann le sláinte agus le folláine an phobail ina iomláine. Leis an gcur chuige sin, níor cheart béim a chur ar limistéir uirbeacha amháin, ach ba cheart go ndíreofaí go príomha ar idirnascthacht na limistéar forimeallach, iargúlta agus tuaithe. Cuimsítear i gcoincheap Baukultur na fachtóirí go léir a bhfuil tionchar díreach acu ar chaighdeán saoil na saoránach agus na bpobal, agus ar an gcaoi sin déantar cuimsiú, comhtháthú agus inbhuanaitheacht a chothú ar bhealach nithiúil. [Leasú 20]

(11b)  Is ábhar tosaíochta é go ndéanfar cultúr, lena n-áirítear earraí agus seirbhísí cultúrtha agus closamhairc, níos inrochtana do dhaoine atá faoi mhíchumais, go mbeidís mar uirlisí dóibh a gcomhlíonadh pearsanta iomlán agus a rannpháirtíocht ghníomhach a chothú, agus ar an gcaoi sin go rannchuideoidh sé le sochaí fhíorchuimsitheach a bheidh bunaithe ar an dlúthpháirtíocht. Dá bhrí sin, ba cheart don Chlár rannpháirtíocht chultúrtha a chur chun cinn agus a mhéadú ar fud an Aontais, go háirithe maidir le daoine atá faoi mhíchumas agus daoine atá faoi mhíbhuntáiste chomh maith le daoine atá ina gcónaí i gceantair tuaithe agus iargúlta. [Leasú 21]

(12)  Tá saoirse an léirithe ealaíonta agus chultúrtha, an tsaoirse ealaíne cainte agus iolrachas sna meáin i gcroílár tionscadal cultúrtha agus cruthaitheach bríomhar, lena n‑áirítear earnálacha bríomhara cultúir agus cruthaitheachta, lena n-áirítear earnáil na meán nuachta. Ba cheart crosmhalartuithe a chur chun cinn leis an gClár chomh maith le agus comhoibriú idir an earnáil closamhairc agus an earnáil foilsitheoireachta a chur chun cinn leis an gClár agus é mar aidhm leis timpeallacht meán neamhspleách agus iolraíoch a chur chun cinn i gcomhréir le Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(11). Leis an gClár, ba cheart tacaíocht a chur ar fáil do ghairmithe sna meáin nua agus feabhas a chur ar fhorbairt na smaointeoireachta criticiúla i measc na saoránach trí litearthacht sna meáin a chur chun cinn, go háirithe do dhaoine óga. [Leasú 22]

(12a)  Soghluaisteacht ealaíontóirí agus oibrithe cultúrtha maidir le forbairt scileanna, foghlaim, feasacht idirchultúrtha, comhchruthú, comhléiriú, cúrsaíocht agus scaipeadh saothar ealaíne agus rannpháirtíocht in imeachtaí idirnáisiúnta amhail aontaí agus féilte, is réamhriachtanas tábhachtach í le haghaidh earnálacha cultúir agus cruthaitheachta san Aontas atá nasctha níos fearr, níos láidre agus níos inbhuanaithe. Is minic a bhíonn srian ar shoghluaisteacht den sórt sin mar thoradh ar an easpa stádais dhlíthiúil, deacrachtaí maidir le víosaí a fháil agus fad ceadanna, an riosca a bhaineann le cánachas dúbailte agus dálaí slándála sóisialta atá neamhbhuan agus éagobhsaí. [Leasú 23]

(13)  De bhun Airteagal 8 agus 10 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), i ngníomhaíochtaí uile an Chláir, ba cheart tacú le príomhshruthú inscne agus le príomhshruthú cuspóirí neamh‑idirdhealaithe agus, i gcás inarb infheidhme, ba cheart critéir iomchuí maidir le cothromaíocht inscne agus éagsúlacht inscne a shainiú. Ba cheart é a bheith mar aidhm ag an gClár a áirithiú go mbeadh rannpháirtíocht sa Chlár agus sna tionscadail a chuirtear i gcrích faoin gClár ag freastal ar éagsúlacht shochaí na hEorpa, agus a bheith ina léiriú uirthi. Ba cheart faireachán a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí a chuirtear i gcrích faoin gClár agus tuairisciú a dhéanamh ina dtaobh, chun feidhmíocht an Chláir a fhionnadh i dtaca leis sin agus chun a chumasú do lucht déanta beartas cinntí níos eolaí a dhéanamh maidir le cláir a bheidh ann amach anseo. [Leasú 24]

(13a)  Tá mná thar a bheith gníomhach i réimse na healaíne agus an chultúir san Aontas mar údair, gairmithe, múinteoirí, agus lucht spéise ar a bhfuil a rochtain ar an bpobal cultúrtha ag méadú. Mar sin féin, mar a léirítear i dtaighde agus i staidéir amhail Gréasán Eorpach Closamhairc na mBan do stiúrthóirí scannán agus an tionscadal ‘We Must’ i réimse an cheoil, tá difríochtaí ann i bpá ó thaobh inscne de agus is lú seans go mbeidh mná in ann a gcuid saothar a bhaint amach agus go mbeidh siad in ann poist chinnteoireachta a bheith acu i réimse an chultúir, na healaíne agus na cruthaitheachta. Is gá, dá bhrí sin, buanna na mban a chur chun cinn agus a saothair a scaipeadh chun tacú le gairmeacha ealaíonta na mban. [Leasú 25]

(14)  I gcomhréir leis an Teachtaireacht Chomhpháirteach Towards an EU strategy for international cultural relations [I dtreo straitéis AE le haghaidh caidreamh cultúrtha idirnáisiúnta], a fhormhuinítear le rún Pharlaimint na hEorpa an 5 Iúil 2017(12), ba cheart aitheantas a thabhairt in ionstraimí cistiúcháin Eorpacha agus go háirithe sa chlár seo d'ábharthacht an chultúir sa chaidreamh idirnáisiúnta agus don ról atá aige chun luachanna Eorpacha a chur chun cinn trí ghníomhaíochtaí tiomnaithe dírithe, arb é is aidhm dóibh tionchar soiléir an Aontais a bheith acu ar chúrsaí domhanda.

(14a)  I gcomhréir leis na conclúidí a dhéantar tar éis Bhliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha 2018, ba cheart don Chlár feabhas a chur ar chomhar agus ar acmhainneacht abhcóideachta na hearnála trí thacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí a bhaineann le hoidhreacht Bhliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha 2018 agus tríd an oidhreacht sin a chur san áireamh. I dtaca leis sin, ba cheart aird a tharraingt ar an ráiteas a d’eisigh Comhairle na nAirí Cultúir i mí na Samhna 2018 agus ar na ráitis a rinneadh ag searmanas clabhsúir na Comhairle a tionóladh an 7 Nollaig 2018. Ba cheart go rannchuideodh an Clár le caomhnú inbhuanaithe fadtéarmach na hoidhreachta cultúrtha Eorpaí trí ghníomhaíochtaí tacaíochta do cheardaithe agus do dhaoine ceirde a mbíonn scileanna acu sna cheird traidisiúnta a bhaineann leis an oidhreacht chultúrtha a athbhunú. [Leasú 26]

(15)  I gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún Towards an integrated approach to cultural heritage for Europe ["Cur chuige comhtháite a bhaint amach maidir le hoidhreacht chultúrtha don Eoraip]" an 22 Iúil 2014(13), ba cheart tairbhe a bhaint as luach fadtéarmach fadtéarma agus inbhuanaitheach oidhreacht chultúrtha na hEorpa, bíodh sé san am roimhe seo, i láthair na huaire, inláimhsithe, doláimhsithe nó digiteach, sna beartais agus sna hionstraimí ábhartha agus cur chuige atá níos comhtháite a fhorbairt i ndáil le buanchoimeád, caomhnú a fhorbairt i ndáil le buanchoimeád, caomhnú, athúsáid oiriúnaitheach, scaipeadh agus luacháil na hoidhreachta sin agus le tacaíocht a thabhairt di trí thacú le heolas gairmiúil ar ardcháilíocht a roinnt go comhoibríoch agus le caighdeáin choiteanna ar ardcháilíocht a fhorbairt don earnáil agus le soghluaisteacht a fhorbairt do ghairmithe na hearnála. Tá an oidhreacht chultúrtha ina cuid dhílis den chomhtháthú Eorpach agus tacaíonn sí leis an nasc atá ann idir an traidisiún agus an nuálaíocht. Ba cheart é a bheith mar thosaíocht ag an gClár an oidhreacht chultúrtha a chaomhnú agus tacaíocht a thabhairt d’ealaíontóirí, do chruthaitheoirí agus don cheardaíocht. [Leasú 27]

(15a)  Ba cheart don Chlár rannchuidiú le rannpháirtíocht agus leis an mbaint atá ag saoránaigh agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta i gcultúr agus sa tsochaí, agus le cur chun cinn an oideachais chultúrtha agus le heolas agus oidhreacht chultúrtha a chur ar fáil don phobal. Ina theannta sin, ba cheart don Chlár an cháilíocht agus an nuálaíocht a chothú maidir le cruthú agus caomhnú, lena n-áirítear trí shineirgí i measc an chultúir, na n-ealaíon, na heolaíochta, taighde agus teicneolaíochta. [Leasú 28]

(16)  I gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal Investing in a smart, innovative and sustainable Industry – A renewed Industrial Policy Strategy [Infheistíocht a dhéanamh ar mhaithe le tionscal cliste, nuálach, inbhuanaithe: straitéis athnuaite beartais tionsclaíochta] an 13 Meán Fómhair 2017(14), rannchuideoidh gníomhaíochtaí amach anseo le comhtháthú cruthaitheachta, dearaidh agus teicneolaíochtaí úrscothacha chun slabhraí luacha tionsclaíocha nua a ghiniúint agus chun iomaíochas tionscal traidisiúnta a athbheochan.

(16a)  I gcomhréir leis an rún ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Nollaig 2016 maidir le beartas comhtháite AE i leith thionscail an chultúir agus na cruthaitheachta, ba cheart é a bheith mar shaincheist trasghearrtha tacaíocht a thabhairt d’earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta. Ba cheart go ndéanfar tionscadail a chomhtháthú ar fud an Chláir chun tacú le samhlacha nua gnó agus le scileanna nua, le saineolas traidisiúnta mar aon le réitigh chruthaitheacha agus idirdhisciplíneacha a aistriú go luach eacnamaíoch agus sóisialta. Thairis sin, ba cheart leas iomlán a bhaint as sineirgí féideartha atá ann idir beartais an Aontais chun úsáid éifeachtach a bhaint as an maoiniú atá ar fáil faoi chláir de chuid an Aontais amhail Fís Eorpach, an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, Erasmus +, EaSI agus InvestEU. [Leasú 29]

(17)  Ba cheart an Clár a bheith oscailte, faoi réir coinníollacha áirithe, do rannpháirtíocht chomhaltaí Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa, tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha a mbaineann leas as straitéis réamhaontachais mar aon le tíortha a chumhdaítear le Beartas Comharsanachta na hEorpa agus páirtithe straitéiseach an Aontais.

(18)  Féadfaidh tríú tíortha ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) a bheith páirteach rannpháirteach i gcláir de chuid an Aontais faoi chuimsiú an chomhair arna bhunú faoi Chomhaontú faoin gcomhaontú le LEE, ina ndéantar foráil maidir le cur chun feidhme na gclár a dhéanfar le cinneadh faoin gcomhaontú sin. Féadfaidh tríú tíortha a bheith páirteach rannpháirteach ar bhonn ionstraimí dlí eile freisin. Ba cheart foráil shonrach sainfhoráil a thabhairt isteach sa Rialachán seo chun na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt dheonú don oifigeach údarúcháin atá freagrach, don Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) agus chomh maith leis sin do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa chun go bhféadfaidh gach ceann díobh a chuid inniúlachtaí féin a fheidhmiú a n-inniúlachtaí faoi seach a chur i gcrích go cuimsitheach. Ba cheart go ndéanfar tuairisciú don údarás buiséadach ar bhonn bliantúil ar na ranníocaíochtaí ó thríú tíortha le Clár Eoraip na Cruthaitheachta. [Leasú 30]

(19)  Ba cheart don Chlár comhar a chothú idir an tAontas agus eagraíochtaí idirnáisiúnta amhail Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (UNESCO), Comhairle na hEorpa, lena n‑áirítear Eurimages agus an Fhaireachlann Eorpach Closamhairc ("an Fhaireachlann"), an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta agus an Eagraíocht Dhomhanda um Maoin Intleachtúil. Ina theannta sin, ba cheart don chlár seo tacú le gealltanais an Aontais i ndáil leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, an ghné chultúrtha díobh go háirithe(15). Maidir leis an earnáil closamhairc, áiritheofar leis an gclár go rannchuideoidh an tAontas le hobair na Faireachlainne Eorpaí Closamhairc.

(20)  Mar léiriú ar an tábhacht a bhaineann le dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanais an Aontais maidir le Comhaontú Pháras agus Spriocanna na Náisiún Aontaithe um Fhorbairt Inbhuanaithe a chur chun feidhme, rannchuideoidh an Clár seo le gníomhaíochtaí aeráide príomhshrutha agus leis an sprioc foriomlán a ghnóthú, is é sin 25 % den chaiteachas ó bhuiséad an Aontais Eorpaigh a bheith ag tacú le cuspóirí aeráide. Déanfar gníomhaíochtaí ábhartha a shainaithint nuair a bheidh an Clár á ullmhú agus á chur chun feidhme, agus déanfar iad a athmheas i gcomhthéacs na meastóireachtaí ábhartha agus na bpróiseas athbhreithniúcháin.

(21)  Tá feidhm ag na rialacha airgeadais cothrománacha a ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar bhonn Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin sa Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(16) (an “Rialachán Airgeadais”) agus cinntear leo, go háirithe, an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme le deontais, soláthar, duaiseanna agus cur chun feidhme indíreach, agus déantar foráil leo maidir le seiceálacha ar fhreagracht na ngníomhaithe airgeadais. Na rialacha a ghlactar ar bhonn Airteagal 322 CFAE, baineann siad freisin le cosaint bhuiséad an Aontais i gcás easnaimh ghinearálaithe maidir le smacht reachta sna Ballstáit, ós rud é gur réamhchoinníoll riachtanach é urramú an smachta reachta i dtaca le bainistiú fónta airgeadais agus cistiú éifeachtach ón Aontas.

(22)  Ó cruthaíodh é, rannchuidigh an tAcadamh Eorpach Scannán, trí bhíthin a shaineolas ar leith agus an ról uathúil atá aige, chun pobal uile-Eorpach cruthaitheoirí agus gairmithe scannán a fhorbairt, agus scannáin Eorpacha a chur chun cinn agus a scaipeadh lastall dá dteorainneacha náisiúnta agus teacht chun cinn lucht féachana idirnáisiúnta de gach aois a chothú. Dá bhrí sin, ba cheart di a bheith incháilithe go heisceachtúil le haghaidh tacaíocht dhíreach ón Aontas i gcomhthéacs an chomhair atá aige le Parlaimint na hEorpa agus Duais Scannánaíochta LUX á heagrú aige. Mar sin féin, ní mór an tacaíocht dhíreach a nascadh le caibidlíocht ar chomhaontú comhair, le misin agus cuspóirí sonracha, idir an dá pháirtí agus níor cheart go mbeifí in ann an tacaíocht a sholáthar go dtí go dtabharfar an comhaontú sin chun críche. Ní chuireann sé sin bac ar an Acadamh Eorpach Scannán cur isteach ar chistiú le haghaidh tionscnaimh agus tionscadail eile faoi shraitheanna éagsúla an Chláir. [Leasú 31]

(23)  Ó cruthaíodh í, tá saineolas uathúil forbartha ag Ceolfhoireann Óige an Aontais Eorpaigh maidir le hoidhreacht shaibhir Eorpach an cheoil, rochtain ar cheol agus idirphlé idirchultúrtha a chur chun cinn, agus maidir le meas agus tuiscint fhrithpháirteach a chur chun cinn trí chultúr, mar aon le gairmiúlacht ceoltóirí óga a chur i dtreis, na scileanna is gá do ghairm in earnáil an chultúir agus na cruthaitheachta a thabhairt dóibh. Tá rannchuidiú Ceolfhoireann Óige an Aontais Eorpaigh aitheanta ag Ballstáit agus ag institiúidí an Aontais, lena n-áirítear ag Uachtaráin as diaidh a chéile ar an gCoimisiún agus ar Pharlaimint na hEorpa. Is é is cúis le sainiúlacht Cheolfhoireann Óige an Aontais Eorpaigh gur ceolfhoireann Eorpach í a théann thar theorainneacha cultúrtha agus gur ceoltóirí óga atá inti a roghnaítear i gcomhréir le critéir chrua ealaíonta le linn próiseas bliantúil éisteachta atá dian agus trédhearcach sna Ballstáit uile. Dá bhrí sin, ba cheart di a bheith incháilithe go heisceachtúil le haghaidh tacaíocht dhíreach ón Aontas ar bhonn misin shonracha agus cuspóirí shonracha atá le bunú agus le measúnú ag an gCoimisiún go rialta . Chun an tacaíocht sin a áirithiú, ba cheart do Cheolfhoireann Óige an Aontais Eorpaigh a hinfheictheacht a mhéadú, a dhícheall a dhéanamh ionadaíocht níos cothroime a bhaint amach idir ceoltóirí ó na Ballstáit uile sa cheolfhoireann agus a hioncaim a éagsúlú trí thacaíocht airgeadais a lorg go gníomhach ó fhoinsí eile seachas cistiú ón Aontas. [Leasú 32]

(24)  Maidir le heagraíochtaí ó earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta a bhfuil cumhdach geografach Eorpach mór acu agus arb é atá i gceist lena ngníomhaíochtaí seirbhísí cultúrtha a chur ar fáil go díreach do shaoránaigh an Aontais agus a d'fhéadfadh, dá bhrí sin, tionchar díreach a bheith acu ar fhéiniúlacht Eorpach, ba cheart iad a bheith incháilithe le haghaidh tacaíocht ón Aontas.

(25)  Chun leithdháileadh éifeachtach cistí ó bhuiséad ginearálta an Aontais a áirithiú, is gá breisluach Eorpach na mbeart agus na ngníomhaíochtaí uile a dhéantar faoin gClár, agus a gcomhlántacht le gníomhaíochtaí na mBallstát, a áirithiú, agus ba cheart féachaint le comhsheasmhacht, comhlántacht agus sineirgí a bhaint amach le cláir chistiúcháin lena dtacaítear le réimsí beartais a bhfuil dlúthcheangal acu le chéile agus le beartais chothrománacha amhail beartas iomaíochta an Aontais.

(26)  Ba cheart tacaíocht airgeadais a úsáid, ar bhealach comhréireach, chun aghaidh a thabhairt ar chlistí theipeanna margaidh nó ar chásanna infheistíochta fo-optamacha agus níor cheart, de thoradh na ngníomhaíochtaí beart, maoiniú príobháideach a dhúbailt ná a dhíbirt phlódú ná níor cheart an iomaíocht a shaobhadh sa mhargadh inmheánach. Ba cheart breisluach soiléir Eorpach a bheith leis na gníomhaíochtaí a dhéantar agus ba cheart iad a bheith oiriúnach do na tionscadail shonracha lena dtacaíonn siad. Ba cheart don Chlár a chur san áireamh, ní hamháin luach eacnamaíoch na dtionscadal ach chomh maith leis sin a ngnéithe cultúrtha agus cruthaitheacha agus sainiúlacht na n-earnálacha lena mbaineann. [Leasú 33]

(26a)  Ba cheart cistiú ó na cláir a bhunaítear le Rialachán .../...[An Ionstraim maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta](17) agus Rialachán .../...[IPA III](18) a úsáid freisin chun gníomhaíochtaí a mhaoiniú faoin ngné idirnáisiúnta den Chlár. Ba cheart na gníomhaíochtaí a chur chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán seo. [Leasú 34]

(27)  Is earnálacha nuálacha, athléimneacha iad earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta atá i mbun fáis i ngeilleagar an Aontais, a ghineann luach eacnamaíoch agus cultúrtha ó mhaoin intleachtúla agus ó chruthaitheacht aonair. Mar sin féin, déanann a n-ilroinnt agus cineál doláimhsithe a gcuid sócmhainní an rochtain atá acu ar mhaoiniú príobháideach a theorannú. Ar cheann de na dúshláin is mó atá ann do na hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta ná an rochtain atá acu ar mhaoiniú a mhéadú, ar rud é atá riachtanach chun a n-iomaíochas a fhás, a choinneáil nó a uas-scálú ar an leibhéal idirnáisiúnta. Ina theannta sin, ba cheart aghaidh a thabhairt ar chuspóirí beartais an Chláir seo, trí ionstraimí airgeadais agus ráthaíocht bhuiséadach, go háirithe do FBManna, faoi ghné bheartais nó faoi ghnéithe beartais an Chiste InvestEU i gcomhréir leis na cleachtais arna bhforbairt faoi chuimsiú Shaoráid Ráthaíochta Earnálacha an Chultúir agus na Cruthaitheachta a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013. [Leasú 35]

(28)  Ba cheart go mbeadh tionchar, cáilíocht agus éifeachtúlacht i gcur chun feidhme an Tionscadail ina bpríomhchritéir mheastóireachta chun an tionscadal atá i gceist a roghnú. Agus aird á tabhairt ar an saineolas teicniúil is gá chun measúnú a dhéanamh ar thograí faoi ghníomhaíochtaí sonracha den Chlár ba cheart foráil a dhéanamh, i gcás inarb ábhartha, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le go bhféadfadh coistí meastóireachta a bheith comhdhéanta de shaineolaithe seachtracha, ar ceart cúlra gairmiúil agus bainistíochta a bheith acu maidir le réimse an iarratais ar a ndéantar meastóireacht. I gcás inarb ábhartha, ba cheart go gcuirfí san áireamh an gá le comhleanúnachas foriomlán leis na cuspóirí maidir le cuimsiú agus éagsúlacht lucht spéise a áirithiú. [Leasú 36]

(29)  Ba cheart córas réadúil agus soláimhsithe táscairí de tháscairí feidhmíochta cainníochtúla agus cáilíochtúla a chur san áireamh sa Chlár chun bheith ag gabháil lena ghníomhaíochtaí agus chun faireachán a dhéanamh ar a fheidhmíocht ar bhonn leanúnach, agus luach intreach na healaíne agus na n-earnálacha cultúir agus cruthaitheachta á gcur san áireamh.. Ba cheart táscairí feidhmíochta mar sin a fhorbairt i gcomhar le geallsealbhóirí. Beidh an faireachán sin mar aon leis na bearta na gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an gClár agus lena ghníomhaíochtaí bunaithe ar na trí shraith den Chlár chlár. Ba cheart go gcuirfear san áireamh leis na sraitheanna ceann amháin nó níos mó de tháscairí cainníochtúla agus cáilíochtúla. Ba cheart na táscairí sin a mheasúnú i gcomhréir leis an Rialachán seo. [Leasú 37]

(29a)  I bhfianaise chastacht na sonraí agus an deacracht a bhaineann le sonraí a aimsiú, a anailísiú agus a oiriúnú agus le tionchar beartas cultúrtha a thomhais agus táscairí a shainiú, ba cheart don Choimisiún an comhar laistigh dá sheirbhísí amhail an tAirmheán Comhpháirteach Taighde agus Eurostat a atreisiú, chun críche sonraí staidrimh iomchuí a bhailiú. Ba cheart don Choimisiún gníomhú i gcomhar le hionaid bharr feabhais san Aontas, le hinstitiúidí staidrimh náisiúnta agus le heagraíochtaí atá ábhartha d’earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta san Eoraip agus i gcomhar le Comhairle na hEorpa, leis an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (OECD) agus le Unesco. [Leasú 38]

(30)  Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais don chlár Eoraip na Cruthaitheachta arb éard a bheidh ann an príomh‑mhéid tagartha do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil, de réir bhrí phointe 17 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais(19).

(31)  Tá feidhm ag Rialachán (AE, Euratom) Uimh. […] (an "Rialachán Airgeadais") maidir leis an gClár seo. Leagtar síos leis an Rialachán sin rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, na rialacha maidir le deontais san áireamh, lena n‑áirítear deontais do thríú páirtithe, duaiseanna, soláthar, ionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha.

(32)  Ba cheart go roghnófar na cineálacha maoinithe agus na modhanna cur chun feidhme a úsáidfear faoin Rialachán seo bunaithe ar chumas oibreoir an tionscadail maidir le cuspóirí sainiúla na mbeart a bhaint amach agus torthaí a thabhairt, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar mhéid an oibreora agus an tionscadail, ar na costais a bhaineann le rialuithe, ar an ualach riaracháin, agus ar an riosca neamh-chomhlíontachta a mheastar a bheith ann. Ba cheart cuimhneamh ar úsáid a bhaint as cnapshuimeanna, as rátaí comhréidhe agus costais aonaid, agus as maoiniú nach mbaineann le costais, mar a thagraítear dó in Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais. [Leasú 39]

(33)  I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 833/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(20), Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2988/95 ón gComhairle(21), Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle(22) agus Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle(23), déanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint le bearta comhréireacha, lena n‑áirítear trí neamhrialtachtaí agus calaois a chosc, a bhrath, a cheartú agus a imscrúdú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, smachtbhannaí riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 féadfaidh an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n‑áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, chun a dhéanamh amach an ndearnadh calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, féadfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) calaois agus ciontaí coiriúla eile a fhiosrú agus a ionchúiseamh a mbíonn éifeacht acu ar leas airgeadais an Aontais mar a fhoráiltear dó i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(24). I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ní mór d’aon duine nó d'aon eintiteas a fhaigheann cistí ón Aontas comhoibriú go hiomlán i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais agus na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, do OIPE agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) agus ní mór dó a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha.

(33a)  Chun na sineirgí is fearr a bhaint as Cistí an Aontais agus ionstraimí faoi bhainistíocht dhíreach, ba cheart éascaíocht a dhéanamh do sholáthar tacaíochta le haghaidh oibríochtaí a bhfuil deimhniú an tSéala Barr Feabhais faighte acu cheana féin. [Leasú 40]

(34)  De bhun Airteagal 94 de Chinneadh 2013/755/AE ón gComhairle(25), tá daoine agus eintitis atá lonnaithe i dtíortha agus críocha thar lear incháilithe do chistiú faoi réir rialacha agus chuspóirí an Chláir agus faoi réir aon socrú féideartha is infheidhme maidir leis an mBallstát lena mbaineann an tír nó an chríoch ábhartha thar lear. Ba cheart na srianta a bhíonn ann mar gheall ar iargúltacht na dtíortha nó na gcríoch sin a chur san áireamh agus an Clár á chur chun feidhme, agus ba cheart faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar bhonn rialta ar a rannpháirtíocht éifeachtach sa Chlár. [Leasú 41]

(34a)  I gcomhréir le hAirteagal 349 CFAE, ba cheart bearta a dhéanamh chun rannpháirtíocht na réigiún is forimeallaí a mhéadú i ngach beart. Ba cheart cothú a dhéanamh ar mhalartuithe soghluaisteachta dá n-ealaíontóirí agus dá gcuid saothar, agus ar chomhar idir daoine agus eagraíochtaí ó na réigiúin sin agus a gcomharsana agus tríú tíortha. Dá bhrí sin, beidh daoine in ann an tairbhe chéanna a bhaint as na buntáistí iomaíocha is féidir a fháil i dtionscail an chultúir agus na cruthaitheachta, go háirithe fás eacnamaíoch agus fostaíocht. Ba cheart faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar bhearta dá leithéid ar bhonn rialta. [Leasú 42]

(35)  Chun eilimintí neamhriachtanacha an Rialacháin seo a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le táscairí a leagtar síos in Airteagal 15 agus in Iarscríbhinn II. Ba cheart don Choimisiún dul i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart na comhairliúcháin sin a dhéanamh i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, ba cheart do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle na doiciméid uile a fháil san am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus ba cheart rochtain chórasach a bheith ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(36)  Chun cur chun feidhme rianúil an Chláir a áirithiú an leanúnachas maidir le tacaíocht cistithe a chuirtear ar fáil faoin gClár a áirithiú agus chun na bearnaí cistithe a bhíonn ag tairbhithe agus atá ag dul i méid a chumhdach, maidir leis na costais arna dtabhú ag an tairbhí sula gcuirtear an t‑iarratas roimh an iarratas ar dheontas a chur isteach, go háirithe na costais a bhaineann le cearta maoine intleachtúla, féadfar ba cheart a mheas gur costais incháilithe iad, ar choinníoll go bhfuil siad nasctha go díreach le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí dá dtugtar tacaíocht. [Leasú 43]

(37)  De bhun mhír 22 agus 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, is gá meastóireacht a dhéanamh ar an gClár seo ar bhonn faisnéis arna bailiú trí cheanglais faireacháin shonracha, agus ró‑rialáil agus ualach riaracháin, ar na Ballstáit go háirithe, á seachaint san am céanna. Ar na ceanglais sin is féidir a áireamh, i gcás inarb iomchuí, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí an Chláir ar an láthair.

(38)  Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun na cláir oibre a ghlacadh. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(26). Ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir le cláir oibre a ghlacadh. Is iomchuí a áirithiú go gcuirfear clabhsúr ceart ar deireadh ceart leis an gclár réamhtheachtach ba réamhtheachtaí, go háirithe maidir lena bheith ag leanúint de shocruithe ilbhliantúla le haghaidh bhainistiú an chláir, amhail cúnamh teicniúil agus riaracháin a mhaoiniú. Amhail ón [1 Eanáir 2021], ba cheart, más gá, a áirithiú leis an gcúnamh teicniúil agus riaracháin go mbainisteofar na gníomhaíochtaí nach mbeidh tugtha chun críche go fóill faoin gclár réamhtheachtach faoin [31 Nollaig 2020]. [Leasú 44]

(38a)  Chun cur chun feidhme éifeachtacht agus éifeachtúil an Chláir a áirithiú, ba cheart don Choimisiún a áirithiú nach mbeidh aon ualach maorlathach nach gá ar na hiarratasóirí le linn chéim an iarratais nó le linn chéim phróiseála na n-iarratas. [Leasú 45]

(38b)  Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar thionscadail ar mhionscála agus a mbreisluach, i bhfianaise shainiúlachtaí earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta. [Leasú 46]

(39)  Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear go háirithe sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Go háirithe, is é an aidhm atá leis an Rialachán seo lánurraim a thabhairt don cheart chun comhionannais idir fir agus mná agus don cheart chun neamh‑idirdhealaithe bunaithe ar ghnéas, ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar threoshuíomh gnéasach, agus cur i bhfeidhm Airteagal 21 agus Airteagal 23 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn. Tá sé i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas freisin.

(40)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a gcineál trasnáisiúnta, líon mór agus raon geografach leathan na ngníomhaíochtaí soghluaisteachta agus comhair arna gcistiú, a n‑éifeachtaí ar rochtain ar shoghluaisteacht foghlama agus ar lánpháirtiú an Aontais go ginearálta, mar aon lena ngné idirnáisiúnta treisithe, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an chuspóir sin a ghnóthú.

(41)  Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 a aisghairm le héifeacht ón [1 Eanáir 2021].

(42)  Chun an leanúnachas a áirithiú maidir leis an tacaíocht chistiúcháin arna soláthar faoin gClár, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón [1 Eanáir 2021].

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Caibidil I

Forálacha Ginearálta

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo bunaítear an clár Eoraip na Cruthaitheachta ("an Clár").

Leagtar síos leis cuspóirí an Chláir, an buiséad don tréimhse 2021-2027, na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)  ciallaíonn "oibríocht mheasctha" gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais, lena n‑áirítear laistigh de shaoráidí measctha de bhun Airteagal 2(6) den Rialachán Airgeadais, lena ndéantar foirmeacha neamh‑iníoctha tacaíochta agus ionstraimí airgeadais ó bhuiséad an Aontais a chumasc le foirmeacha iníoctha tacaíochta ó institiúidí forbartha nó ó institiúidí airgeadais poiblí eile, agus ó institiúidí airgeadais tráchtála agus infheisteoirí;

(2)  ciallaíonn "earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta" gach earnáil a bhfuil a gníomhaíochtaí bunaithe ar luachanna cultúrtha nó ealaíonta agus léirithe cruthaitheacha aonair nó comhchoiteanna eile, agus cleachtais, bíodh na gníomhaíochtaí sin dírithe ar an margadh nó ná bíodh. Áirítear sna gníomhaíochtaí Féadfar a áireamh sna gníomhaíochtaí sin forbairt, cruthú, táirgeadh, scaipeadh agus caomhnú cleachtas, earraí agus seirbhísí a chorpraíonn léirithe cultúrtha, ealaíonta nó léirithe cruthaitheacha eile, chomh maith le feidhmeanna gaolmhara amhail an t‑oideachas nó an bhainistíocht. D'fhéadfaí cuid mhaith díobh nuálaíocht agus poist a chruthú tríothu sin, go háirithe ó mhaoin intleachtúil. Áirítear ar na hearnálacha ailtireacht, cartlanna, leabharlanna agus músaeim, ceardaíocht, ealaíonta, an earnáil ealaíon, closamhairc (lena n‑áirítear scannáin, teilifís, físchluichí agus ilmheáin), oidhreacht chultúrtha, idir inláimhsithe agus dholáimhsithe, dearadh (lena n‑áirítear dearadh faisin), féilte, ceol, litríocht, na taibhealaíona, leabhair agus foilsitheoireacht, raidió agus na hamharcealaíona, féilte, agus dearadh, lena n-áirítear dearadh faisin; [Leasú 47]

(3)  ciallaíonn "FBManna" micreafhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide mar a shainmhínítear iad i Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún(27);

(4)  ciallaíonn "eintiteas dlítheanach" aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bunaíodh mar eintiteas dlítheanach agus a aithnítear mar eintiteas dlítheanach faoin dlí náisiúnta, faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí idirnáisiúnta, a bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige agus a fhéadfaidh, ag gníomhú dó ina ainm féin, cearta a fheidhmiú agus a bheith faoi réir oibleagáidí, nó eintiteas nach bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige i gcomhréir le hAirteagal 197(2)(c) den Rialachán Airgeadais;

(5)  is lipéad ardcháilíochta é “an Séala Barr Feabhais” a bhronntar ar thionscadail a chuirtear faoi bhráid an chláir Eoraip na Cruthaitheachta agus a meastar cistiú a bheith tuillte acu ach nach bhfaigheann é de dheasca teorainneacha buiséid. Aithnítear leis luach an togra agus is cuidiú é agus cistiú malartach á lorg.

Airteagal 3

Cuspóirí an Chláir

(1)  Is iad seo a leanas cuspóirí ginearálta an Chláir:

(-a)  chun rannchuidiú le haitheantas agus cur chun cinn luach intreach an chultúir agus chun coimirciú agus cur chun cinn a dhéanamh ar cháilíocht an chultúir Eorpaigh agus na cruthaitheachta Eorpaí agus iad ina ngné ar leith d’fhorbairt phearsanta, oideachas, comhtháthú sóisialta, saoirse tuairimíochta agus tuairime, agus ar na healaíona, agus iad ag neartú agus ag cur leis an daonlathas, smaointeoireacht chriticiúil, muintearas agus saoránacht agus mar fhoinsí do thírdhreach iolraíoch cultúrtha agus na meán; [Leasú 48]

(a)  comhar Eorpach a chur chun cinn i dtaca le héagsúlacht chultúrtha, ealaíona agus theangeolaíoch agus le hoidhreacht, lena n-áirítear trí fheabhas a chur ar ról na n-ealaíontóirí agus na n-oibreoirí cultúrtha, cáilíocht léirithe cultúrtha agus ealaíonta Eorpacha, agus oidhreacht chultúrtha Eorpach choiteann inláimhsithe agus dholáimhsithe; [Leasú 49]

(b)  iomaíochas earnálacha an chultúir na n-earnálacha cultúir agus na cruthaitheachta uile a chothú agus a gcumhacht eacnamaíoch a mhéadú, go háirithe an earnáil closamhairc, trí bhíthin cruthú post agus nuálaíocht agus cruthaitheacht a mhéadú sna hearnálacha sin. [Leasú 50]

(2)  Is iad seo a leanas cuspóirí sonracha an Chláir:

(a)  feabhas a chur ar an ngné eacnamaíoch, ealaíonta, chultúrtha, shóisialta agus sheachtrach den chomhar ar an leibhéal Eorpach chun éagsúlacht chultúrtha Eorpach agus oidhreacht chultúrtha inláimhsithe agus dholáimhsithe na hEorpa a fhorbairt agus a chur chun cinn, agus iomaíochas agus nuálaíocht na n‑earnálacha cultúir agus cruthaitheachta Eorpacha a neartú agus caidreamh cultúrtha idirnáisiúnta a atreisiú; [Leasú 51]

(aa)  earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta a chur chun cinn, lena n-áirítear an earnáil chlosamhairc, tacaíocht a thabhairt d’ealaíontóirí, oibreoirí, ceardaithe agus do rannpháirtíocht an luchta spéise ag díriú go háirithe ar chomhionannas inscne agus grúpaí faoi ghannionadaíocht; [Leasú 52]

(b)  iomaíochas, nuálaíocht agus inscálaitheacht an tionscail closamhairc Eorpaigh na hearnála closamhairc Eorpaí a chur chun cinn, go háirithe FBManna, cuideachtaí léiriúcháin neamhspleácha agus eagraíochtaí in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta, agus cáilíocht ghníomhaíochtaí na hearnála closamhairc Eorpaí a chur chun tosaigh i mbealach inbhuanaithe agus cur chuige cothrom earnála agus geografach a bheith mar aidhm ann; [Leasú 53]

(c)  comhar beartais agus gníomhaíochtaí nuálacha a chur chun cinn, lena n-áirítear, samhlacha gnó agus bainistíochta nua agus réitigh chruthaitheacha, lena dtacaítear le gach sraith den chlár agus leis na hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta go léir, lena n-áirítear saoirse an léirithe ealaíonta a choimirciú agus cur chun cinn a dhéanamh ar timpeallachtaí cultúrtha agus meán atá éagsúil, neamhspleách agus iolraíoch, litearthacht sna meáin, scileanna digiteacha, oideachas cultúrtha agus ealaíonta, comhionannas inscne, saoránacht ghníomhach, idirphlé idirchultúrtha, athléimneacht agus cuimsiú sóisialta, go háirithe na ndaoine atá faoi mhíchumas, lena n-áirítear trí níos mó rochtana ar earraí agus seirbhísí cultúrtha; [Leasú 54]

(ca)  soghluaisteacht ealaíontóirí agus oibreoirí in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta, agus cursaíocht a saothar a chuid chun cinn; [Leasú 55]

(cb)  sonraí, anailísí agus tacar leormhaith táscairí cainníochtúla agus cáilíochtúla a chur ar fáil do na hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta agus córas comhleanúnach meastóireachtaí agus measúnuithe tionchair a fhorbairt, lena n-áirítear cinn ag a bhfuil gné thras earnála. [Leasú 56]

(3)  Cumhdófar na sraitheanna seo a leanas sa Chlár:

(a)  Leis an tsraith "Cultúr" cumhdaítear earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta cé is moite den earnáil closamhairc;

(b)  Leis an tsraith "MEDIA" cumhdaítear an earnáil closamhairc;

(c)  Leis an tsraith thrasearnála THRASEARNÁLA” cumhdaítear gníomhaíochtaí sna hearnálacha ar fud na n-earnálacha cultúir agus cruthaitheachta go léir, lena n-áirítear earnáil na meán nuachta. [Leasú 57]

Article 3a

Breisluach Eorpach

Aitheantas a thabhairt do luach intreach agus eacnamaíoch an chultúir agus na cruthaitheachta agus urraim a thabhairt do cháilíocht agus iolrachas luachanna agus bheartais an Aontais.

Ní thacóidh an Clár ach leis na gníomhartha agus leis na gníomhaíochtaí sin a chuireann breisluach Eorpach ar fáil agus a rannchuidíonn leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 a bhaint amach.

Áiritheofar breisluach Eorpach ghníomhartha agus ghníomhaíochtaí an Chláir, mar shampla trí na nithe seo a leanas:

(a)  gné thrasnáisiúnta bearta agus gníomhaíochtaí a dhéanann cláir agus beartais réigiúnacha, náisiúnta, agus idirnáisiúnta agus cláir agus beartais eile de chuid an Aontais a chomhlánú, agus an tionchar a bheidh ag bearta agus gníomhaíochtaí den sórt sin ar rochtain na saoránach ar an gcultúr, rannpháirtíocht ghníomhach na saoránach, oideachas, comhtháthú sóisialta agus idirphlé idirchultúrtha;

(b)  forbairt agus cur chun cinn an chomhair thrasnáisiúnta agus idirnáisiúnta idir gníomhairí an chultúir agus na cruthaitheachta lena n-áirítear ealaíontóirí, gairmithe closamhairc, eagraíochtaí cultúir agus cruthaitheachta agus FBManna agus oibreoirí closamhairc, ar comhar é atá dírithe ar fhreagairtí níos cuimsithí, níos gasta, níos éifeachtaí agus níos fadtéarmaí do dhúshláin dhomhanda a spreagadh, go háirithe don aistriú digiteach;

(c)  na barainneachtaí scála agus fás agus poist á gcothú ag tacaíocht an Aontais, a chruthaíonn éifeacht ghiarála le haghaidh cistí breise;

(d)  cothroime iomaíochta níos fearr a áirithiú in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta trí shainiúlachtaí tíortha éagsúla a chur san áireamh, lena n-áirítear tíortha nó réigiúin ina bhfuil staid áirithe gheografach nó theangeolaíoch, amhail na réigiúin is forimeallaí a aithnítear in Airteagal 349 CFAE agus na tíortha agus críocha thar lear a thagann faoi údarás Ballstáit a liostaítear in Iarscríbhinn II de CFAE;

(e)  insint ar chomhfhréamhacha Eorpacha agus éagsúlachtaí Eorpacha a chur chun cinn. [Leasú 58]

Airteagal 4

An tsraith "Cultúr"

I gcomhréir leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3, beidh na tosaíochtaí seo a leanas ag an tsraith "Cultúr":

(-a)  léiriú agus cruthú ealaíonta a chur chun cinn; [Leasú 59]

(-aa)  buanna, inniúlachtaí agus scileanna a chothú agus comhoibriú agus nuálaíocht a spreagadh trí shlabhra iomlán na n-earnálacha cultúir agus cruthaitheachta, lena n-áirítear oidhreacht; [Leasú 60]

(a)  an ghné thrasteorann, cúrsaíocht agus infheictheacht d'oibreoirí agus de shaothair chultúrtha cultúrtha agus chruthaitheacha Eorpacha a neartú agus iad a chur i gcúrsaíocht thar theorainneacha agus a saothairlena n-áirítear trí chláir chónaitheacha, turais, imeachtaí, ceardlanna, taispeántais agus féilte, mar aon le éascú a dhéanamh ar dhea-chleachtais agus feabhas a chur ar acmhainneachtaí gairmiúla; [Leasú 61]

(b)  rochtain, rannpháirtíocht chultúrtha a mhéadú agus feasacht ar chultúr, agus rannpháirtíocht lucht spéise ar fud na hEorpa a mhéadú, go háirithe maidir le daoine faoi mhíchumas nó daoine ó chúlra atá faoi mhíbhuntáiste; [Leasú 62]

(c)  athléimneacht na sochaí agus cuimsiú sóisialta a chur chun cinn tríd an gcultúr agus tríd agus cuimsiú sóisialta, idirphlé idirchultúrtha agus daonlathach agus malartú cultúrtha a fheabhsú trí na healaíona, an cultúr agus an oidhreacht chultúrtha; [Leasú 63]

(d)  feabhas a chur ar acmhainneacht na n‑earnálacha earnálacha cultúir agus cruthaitheachta Eorpacha rath a bheith orthu agus a bheith nuálach, saothair ealaíona a chruthú, príomhinniúlachtaí, eolas, scileanna cleachtais nua ealaíonta agus poist agus fás a chruthú inbhuanaithe a ghiniúint agus rannchuidiú le forbairt áitiúil agus réigiúnach; [Leasú 64]

(da)  acmhainneacht ghairmiúil daoine in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta a chothú, iad a chumhachtú trí bhearta iomchuí; [Leasú 65]

(e)  féiniúlacht Eorpach, saoránacht ghníomhach agus muintearas agus luachanna daonlathacha a neartú trí fheasacht chultúrtha, oidhreacht chultúrtha, léiriú, smaointeoireacht chriticiúil, léiriú ealaíonta, infheictheacht agus aitheantas do chruthaitheoirí, ealaíona, oideachas agus cruthaitheacht chultúrbhunaithe san fhoghlaim fhoirmiúil, neamhfhoirmiúil agus neamhfhoirmeálta ar feadh an tsaoil; [Leasú 66]

(f)  fothú acmhainneachta na n‑earnálacha earnálacha cultúir agus cruthaitheachta Eorpacha a chur chun cinn go hidirnáisiúnta, lena n-áirítear eagraíochtaí an phobail agus micrea-eagraíochtaí, ionas go mbeidh siad gníomhach ar an leibhéal idirnáisiúnta; [Leasú 67]

(g)  rannchuidiú le straitéis dhomhanda an Aontais i leith maidir le caidreamh cultúrtha idirnáisiúnta trí thaidhleoireacht i gcúrsaí iarracht a dhéanamh tionchar fadtéarmach na straitéise a áirithiú trí chur chuige idirphearsanta a bhaineann le líonraí cultúrtha, an tsochaí shibhialta agus eagraíochtaí an phobail. [Leasú 68]

Tugtar mionsonraithe breise ar na tosaíochtaí in Iarscríbhinn I.

Mar chuid de na gníomhaíochtaí sonracha a chuirfear i gcrích mar chuid den tsraith CHULTÚIR, beidh fócas ar leith ar earnáil an cheoil ó thaobh leithdháileadh airgeadais agus gníomhaíochtaí spriocdhírithe de. Cuirfear borradh faoi iomaíochas earnáil an cheoil trí ghlaonna agus uirlisí saincheaptha agus rachfar i ngleic le cuid de na dúshláin shonracha atá os comhar na hearnála. [Leasú 69]

Airteagal 5

An tsraith "MEDIA"

I gcomhréir leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3, beidh na tosaíochtaí seo a leanas ag an tsraith "MEDIA":

(a)  buanna, agus inniúlachtaí, scileanna agus úsáid teicneolaíochtaí digiteacha a chothú chun agus comhoibriú, soghluaisteacht, agus nuálaíocht a spreagadh i gcruthú agus i dtáirgeadh saothar closamhairc Eorpach, lena n-áirítear thar theorainneacha; [Leasú 70]

(b)  feabhas a chur ar dháileadh chúrsaíocht thrasnáisiúnta agus idirnáisiúnta agus ar dháileadh ar líne agus as líne, go háirithe dáileadh amharclannaíochta, agus dáileadh ar líne agus rochtain níos leithne a thabhairt thar na teorainneacha do shaothair chlosamhairc de shaothair chlosamhairc Eorpacha, lena n‑áirítear trí shamhlacha gnó nuálacha agus teicneolaíochtaí nua a úsáid sa timpeallacht dhigiteach nua; [Leasú 71]

(ba)  rochtain níos leithne ar shaothair closamhairc de chuid an Aontais a thabhairt do phobail idirnáisiúnta, go háirithe trí fhógraíocht, imeachtaí, gníomhaíochtaí litearthachta scannáin agus féilte; [Leasú 72]

(bb)  feabhas a chur ar oidhreacht chlosamhairc agus rochtain a éascú, agus tacaíocht agus fógraíocht a thabhairt do chartlanna agus leabharlanna closamhairc mar fhoinsí cuimhne, oideachais, athúsáide agus do ghnó nua, lena n-áirítear trí na teicneolaíochtaí digiteacha is deireanaí; [Leasú 73]

(c)  saothair chlosamhairc closamhairc Eorpacha a chur chun cinn agus tacú le líon an lucht spéise a mhéadú ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin rannpháirtíocht lucht spéise de gach aois, go háirithe i measc na hóige agus daoine faoi mhíchumas, chun saothair chlosamhairc a úsáid go réamhghníomhach agus go dlíthiúil ar fud na hEorpa agus lastall di agus chun comhroinnt ábhar arna ghiniúint ag an úsáideoir, lena n-áirítear trí oideachas scannánaíochta agus closamhairc a chur chun cinn. [Leasú 74]

Tabharfar aghaidh ar na tosaíochtaí sin trí thacú le cruthú saothair Eorpacha a chruthú, cur a chur chun cinn, a rochtain agus scaipeadh, na saothar Eorpach sin le leathadh luachanna Eorpacha agus comhfhéiniúlacht lena bhféadfaí dul i bhfeidhm ar phobal mór lucht féachana de gach aois laistigh den Eoraip agus níos faide i gcéin, agus ar an gcaoi sin rachfar in oiriúint lastall di, rud a d'fhágfadh go bhféadfaí oiriúnú d'fhorbairtí nua sa mhargadh agus comhlánófar an tacú le Treoir maidir le Seirbhísí na Meán Closamhairc. [Leasú 75]

Tugtar mionsonraithe breise ar na tosaíochtaí in Iarscríbhinn I.

Airteagal 6

An tsraith thrasearnála

I gcomhréir le cuspóirí an Chláir dá dtagraítear in Airteagal 3, beidh na tosaíochtaí seo a leanas ag an tsraith thrasearnála:

(a)  tacú le comhar beartais trasnáisiúnta trasearnála lena n‑áirítear maidir leis an ról atá ag an gcultúr i dtaca cultúr le haghaidh cuimsiú sóisialta agus a chur chun cinn, go háirithe maidir le daoine faoi mhíchumas agus chun cur leis an daonlathas agus chun eolas ar an gclár a chur chun cinn agus tacaíocht a thabhairt d'inaistritheacht torthaí chun infheictheacht an Chláir a mhéadú; [Leasú 76]

(b)  cineálacha cur chuige nuálacha a chur chun cinn maidir le cruthú inneachair ealaíonta agus le taighde ealaíonta, rochtain, dáileadh agus cur chun cinn, agus cosaint cóipchirt á cur san áireamh, ar fud earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta, lena gcumhdaítear gnéithe margaidh agus neamh-mhargaidh araon; [Leasú 77]

(c)  gníomhaíochtaí cothrománacha a chur chun cinn lena gcumhdaítear roinnt earnálacha arb é is agus é mar aidhm dóibh leo oiriúnú do na hathruithe struchtúrtha agus teicneolaíocha nach mór d'earnáil na meán dul i ngleic leo, lena n‑áirítear timpeallacht go háirithe cur le meán atá saor, éagsúil agus iolraíoch, a chur chun cinn, mar aon le hiriseoireacht ar ardcháilíocht timpeallacht ealaíonta agus chultúrtha, eiticí gairmiúla san iriseoireacht, smaointeoireacht chriticiúil agus litearthacht sna meáin, go háirithe i measc na hóige trí chuidiú le hoiriúnú le huirlisí agus foirmeacha nua meáin agus dul i ngleic le scaipeadh bréagaisnéise; [Leasú 78]

(d)  deasca cláir a chur ar bun, agus tacaíocht a thabhairt dóibh chun faisnéis a sholáthar faoin gClár ina dtíortha agus lena chun go mbeadh rannpháirtíocht ghníomhach maidir leo i dtíortha rannpháirteacha, chun an Clár a chur chun cinn, ina dtíortha, i mbealach atá cóir agus cothrom, lena n-áirítear trí ghníomhaíochtaí líonra ar an láthair, agus tacú le hiarratasóirí maidir leis an gClár agus bunfhaisnéis a sholáthair ar dheiseanna tacaíochta ábhartha eile atá ar fáil faoi chláir arna maoiniú ag an Aontas agus chun comhar trasteorann agus malartú deachleachtas a spreagadh laistigh d'earnálacha an chultúir agus na de na hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta; [Leasú 79]

Tugtar mionsonraithe breise ar na tosaíochtaí in Iarscríbhinn I.

Airteagal 7

Buiséad

1.  Is é EUR 1 850 000 000 i bpraghsanna reatha  2 806 000 000 i bpraghsanna tairiseacha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir don tréimhse 2021 – 2027. [Leasú 80]

Cuirfear an clár chun feidhme de réir an dáilte airgeadais tháscaigh seo a leanas:

–  suas le EUR 609 000 000 suim nach lú ná le 33 % don chuspóir dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(a) (an tsraith "Cultúr" CHULTÚIR);[Leasú 81]

–  suas le EUR 1 081 000 000 suim nach lú ná le 58 % don chuspóir dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(b) (an tsraith "MEDIA MEÁIN");[Leasú 82]

–  suas le EUR 160 000 000 9 % do na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(c) (an tsraith thrasearnála THRASEARNÁLA) lena n-áirithítear leithdháileadh airgeadais do gach Deasca um Eoraip na Cruthaitheachta ar chomhleibhéal ar a laghad leis an leithdháileadh airgeadais dá bhforáiltear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013. [Leasú 83]

2.  Féadfar an méid dá dtagraítear i mír 1 a úsáid le haghaidh cúnamh teicniúil agus cúnamh riaracháin chun an Clár a chur chun feidhme, cuir i gcás gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, lena n‑áirítear córais teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha.

3.  I dteannta an imchlúdaigh airgeadais mar a léirítear i mír 1, agus chun gné idirnáisiúnta an Chláir a chur chun cinn, féadfar ranníocaíochtaí airgeadais breise a chur ar fáil ó na hionstraimí maoinithe sheachtraigh [An Ionstraim maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Chomhpháirtíocht Idirnáisiúnta, an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (ICR III)], chun tacú le gníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme agus arna mbainistiú i gcomhréir leis an Rialachán seo. Maoineofar an ranníocaíocht sin i gcomhréir leis na Rialacháin lena mbunaítear na hionstraimí sin agus déanfar í a thuairisciú gach bliain don údarás buiséadach, in éineacht leis na ranníocaíochtaí ó thríú tíortha leis an gclár. [Leasú 84]

4.  Féadfar acmhainní arna leithdháileadh ar na Ballstáit faoin mbainistíocht chomhroinnte a aistriú chuig an gClár, má iarrann na Ballstáit sin. Déanfaidh an Coimisiún na hacmhainní sin a chur chun feidhme go díreach i gcomhréir le [hAirteagal 62(1)(a)] den Rialachán Airgeadais nó go hindíreach i gcomhréir le [hAirteagal 62(1)(c)] den Rialachán sin. Úsáidfear na hacmhainní sin chun leas an Bhallstáit lena mbaineann más féidir.

Airteagal 8

Tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár

1.  Beidh an Clár oscailte do na tríú tíortha seo a leanas:

(a)  Comhaltaí de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa Chomhaontú maidir le LEE;

(b)  tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó chomhairlí comhlachais ábhartha, nó i gcomhaontuithe eile den chineál céanna, agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos sna comhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;

(c)  tíortha a chuimsítear faoi Bheartas Comharsanachta na hEorpa, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó chomhairlí comhlachais ábhartha, nó i gcomhaontuithe eile den chineál céanna, agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos sna comhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin.

(d)  tíortha eile, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gcomhaontú sonrach aonair lena gcumhdaítear rannpháirtíocht an tríú tír in aon chlár de chuid an Aontais, ar choinníoll:

(a)  go n‑áirithítear leis an gcomhaontú cothromaíocht i dtaca le ranníocaíochtaí agus sochair an tríú tír atá rannpháirteach i gcláir an Aontais;

(b)  go leagtar síos leis an gcomhaontú coinníollacha maidir le rannpháirtíocht sna cláir, lena n‑áirítear ríomh na ranníocaíochtaí airgeadais le cláir aonair agus a gcostais riaracháin. Is éard a bheidh sna ranníocaíochtaí sin ioncam sannta i gcomhréir le hAirteagal [21(5)] den [Rialachán Airgeadais nua];

(c)  nach dtugtar leis an gcomhaontú cumhacht chinnteoireachta don tríú tír maidir leis an gclár;

(d)  go ráthaítear leis an gcomhaontú cearta an Aontais chun bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú agus chun a leasanna airgeadais a chosaint.

Féadfaidh tríú tíortha a bheith rannpháirteach i struchtúir rialachais na gClár agus i bhfóraim geallsealbhóirí chun críche malartú faisnéise a éascú. [Leasú 85]

2.  Beidh rannpháirtíocht na dtíortha dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) bpointí (a) go (d) de mhír 1 sna sraithe sa tsraitheanna "MEDIA" MEÁIN agus trasearnála TRASEARNÁLA faoi réir chomhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach i dTreoir 2010/13/AE. [Leasú 151]

3.  Maidir leis na comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích leis na tíortha a shonraítear i bpointe (c) de mhír 1, d'fhéadfaidís maolú ar na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 2 i gcásanna cuí‑réasúnaithe.

3a.  Déanfar comhaontuithe leis na tríú tíortha atá comhlachtaithe leis an gClár faoin Rialachán seo a éascú trí nósanna imeachta atá níos tapa ná na nósanna imeachta faoi Rialachán (AE) 1295/2013. Cuirfear comhaontuithe le tíortha nua chun cinn go réamhghníomhach. [Leasú 86]

Airteagal 8b

Tríú tíortha eile

Féadfaidh an Clár tacú le comhar le tríú tíortha, seachas na tíortha sin dá dtagraítear in Airteagal 8, maidir le gníomhaíochtaí arna maoiniú le ranníocaíochtaí breise ó na hionstraimí maoinithe sheachtraigh, de réir Airteagal 7(3), má tá sé chun leas an Aontais.

Airteagal 9

Comhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus leis an bhFaireachlann Eorpach Chlosamhairc

1.  Beidh rochtain ar an gClár oscailte d’eagraíochtaí idirnáisiúnta atá gníomhach sna réimsí atá faoin a chumhdaítear leis an gClár, amhail Unesco, Comhairle na hEorpa, trí bhíthin comhoibriú níos strúchtúrtha leis na Bealaí Cultúrtha agus Euroimages, Faireachlann EUIPO, an Eagraíocht Dhomhanda um Maoin Intleachtúil agus OECD, bunaithe ar ranníocaíochtaí comhpháirteacha, chun cuspóirí an Chláir a shaothrú agus i gcomhréir leis na an Rialachán Airgeadais. [Leasú 87]

2.  Beidh an tAontas ina chomhalta den Fhaireachlann Eorpach Chlosamhairc ar feadh ré an Chláir. Rannchuideoidh rannpháirtíocht an Aontais san Fhaireachlann le tosaíochtaí na sraithe "MEDIA" MEÁIN a shaothrú. Déanfaidh an Coimisiún ionadaíocht ar an Aontas agus é ag plé leis an bhFaireachlann. Leis an tsraith "MEDIA" MEÁIN, tacófar leis an táille ranníocaíochta a íoc le haghaidh bhallraíocht an Aontais san Fhaireachlann chun agus bailiú sonraí agus anailís a chothú san earnáil closamhairc. [Leasú 152]

Article 9a

Bailiú sonraí ar earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta

Déanfaidh an Coimisiún an comhar laistigh dá sheirbhísí amhail an tAirmheán Comhpháirteach Taighde agus Eurostat a atreisiú, chun críche sonraí staidrimh iomchuí a bhailiú chun tionchar beartas cultúrtha a thomhais agus a anailísiú. Chun an chúraim sin, gníomhóidh an Coimisiún i gcomhar le hionaid bharr feabhais san Eoraip agus le heagraíochtaí staidrimh náisiúnta agus gníomhóidh sé i gcomhar le Comhairle na hEorpa, le OECD agus le Unesco. Dá bhrí sin, rannchuideoidh sé le saothrú na gcuspóirí den tsraith CHULTÚIR agus coinneoidh sé súil ghéar ar thuilleadh forbairtí i mbeartas cultúrtha, chomh maith leis sin trí geallsealbhóirí a áireamh ag céim luath i machnamh agus oiriúnú na dtáscairí atá comónta d’earnálacha éagsúla nó táscairí sonracha in aghaidh an réimse gníomhaíochtaí. Tuairisceoidh an Coimisiún go rialta do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis na gníomhaíochtaí sin. [Leasú 88]

Airteagal 10

Cur chun feidhme agus foirmeacha cistiúcháin ón Aontas

1.  Cuirfear an Clár chun feidhme tríd an mbainistíocht dhíreach i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais nó tríd an mbainistíocht indíreach le comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 62(1)(c) den Rialachán Airgeadais.

2.  Féadfar cistiú a sholáthar ón gClár, agus an cistiú sin in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, go háirithe deontais, duaiseanna agus soláthar. Féadfar maoiniú a sholáthar ón gClár freisin i bhfoirm ionstraimí airgeadais laistigh d’oibríochtaí measctha.

3.  Cuirfear oibríochtaí measctha faoin gClár seo chun feidhme i gcomhréir le [Rialachán InvestEU] agus le Teideal X den Rialachán Airgeadais agus na nósanna imeachta a leagtar síos i [Rialachán InvestEU]. An tsaoráid ráthaíochta thiomanta arna cruthú faoi Eoraip na Cruthaitheachta, leanfar léi faoi [rialachán InvestEU] agus cuirfear san áireamh inti cur chun feidhme na gcleachtas arna bhforbairt faoi chuimsiú Shaoráid Ráthaíochta Earnálacha an Chultúir agus na Cruthaitheachta a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013. [Leasú 89]

4.  Le ranníocaíochtaí le sásra árachais fhrithpháirtigh, féadfar an riosca a bhaineann le gnóthú na gcistí atá dlite ag faighteoirí a chumhdach agus measfar gur ráthaíocht leordhóthanach é faoin Rialachán Airgeadais. Beidh feidhm ag na forálacha a leagtar síos in [Airteagal X de] Rialachán XXX [comharba an Rialacháin maidir leis an gCiste Ráthaíochta], bunaithe ar agus ag cur san áireamh na cleachtais chur chun feidhme atá forbartha cheana féin. [Leasú 90]

4a.  Chun gné idirnáisiúnta an Chláir a chur chun cinn, déanfaidh na cláir a bhunaítear le Rialachán .../...[An Ionstraim maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta] agus Rialachán .../...[IPA III] ranníocaíochtaí airgeadais ar na gníomhaíochtaí arna mbunú faoin Rialachán seo. Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le húsáid na gclár sin, agus comhréireacht leis na Rialacháin lena rialaítear iad faoi seach á háirithiú. [Leasú 91]

Airteagal 11

Cosaint Leas Airgeadais an Aontais

I gcás ina mbeidh tríú páirtí rannpháirteach sa Chlár le cinneadh faoi chomhaontú idirnáisiúnta nó de bhua aon ionstraim dlí eile, tabharfaidh an tríú tír na cearta is gá agus an rochtain a theastaíonn don oifigeach údarúcháin freagrach, don Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa chun a n‑inniúlachtaí ábhartha a fheidhmiú go cuimsitheach. I gcás OLAF, áireofar leis na cearta sin an ceart iniúchtaí a dhéanamh, seiceálacha agus iniúchtaí ar an láthair san áireamh, mar a bhforáiltear i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013.

Airteagal 12

Cláir oibre

1.  Is leis na cláir oibre bliantúla dá dtagraítear in Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais a chuirfear an Clár chun feidhme. Sula ndéanfar na cláir oibre a ghlacadh, rachfar i mbun comhairliúcháin leis na geallsealbhóirí éagsúla chun a áirithiú go dtacóidh na gníomhaíochtaí beartaithe leis na hearnálacha éagsúla atá rannpháirteach ar an tslí is fearr is féidir. Leagfar amach leis na cláir oibre, i gcás inarb infheidhme, an méid foriomlán arna chur i leataobh le haghaidh oibríochtaí measctha, nach rachaidh in áit cistiú díreach i bhfoirm deontas.

Sonrófar sna cláir oibre bhliantúla go mionsonraithe cuspóirí ginearálta agus sonrach an Chlár agus na tosaíochtaí beartais agus gníomhaíochtaí a bhaineann leis sin, mar aon leis an buiséad arna leithdháileadh in aghaidh na gníomhaíochta. Cuimseofar sa chlár oibre bliantúil freisin tráthchlár cur chun feidhme táscach. [Leasú 92]

2.  Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 19 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí chláir oibre bhliantúla a bhunú. [Leasú 93]

Caibidil II

Deontais agus eintitis incháilithe

Airteagal 13

Deontais

1.  Tabharfar agus bainisteofar deontais faoin gClár i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán Airgeadais.

1a.  Féadfaidh na glaonna ar thograí a chur san áireamh an gá le tacaíocht iomchuí a áirithiú do thionscadail ar mionscála faoin tsraith CHULTÚIR trí bhearta a d’fhéadfaí rátaí cómhaoinithe níos airde a áireamh iontu. [Leasú 94]

1b.  Déanfar na deontais a dhámhachtain leis na gnéithe seo a leanas den tionscadal lena mbaineann a chur san áireamh:

(a)  cáilíocht an tionscadail;

(b)  tionchar;

(c)  cáilíocht agus éifeachtúlacht a chur chun feidhme. [Leasú 95]

2.  Féadfaidh an coiste meastóireachta a bheith comhdhéanta de shaineolaithe seachtracha. Tiocfaidh sé le chéile os comhair a bhall go fisiciúil nó go cianda.

Beidh cúlra gairmiúil a bhaineann leis an réimse faoi mheasúnú ag na saineolaithe. Féadfaidh an coiste meastóireachta tuairim saineolaithe ó thír an iarratais a iarraidh. [Leasú 96]

3.  De mhaolú ar Airteagal 193(2) den Rialachán Airgeadais, agus i gcásanna cuí‑réasúnaithe a bhfuil údar cuí leo, maidir leis na costais arna dtabhú ag an tairbhí roimh an iarratas ar dheontas a chur isteach, féadfar déanfar a mheas gur costais incháilithe iad, ar choinníoll go bhfuil siad nasctha go díreach le cur chun feidhme na mbeart agus na ngníomhaíochtaí dá dtugtar tacaíocht. [Leasú 97]

4.  I gcás inarb infheidhme, déanfar critéir neamh‑idirdhealaithe iomchuí a shainiú le gníomhaíochtaí an Chláir, lena n‑áirítear maidir le cothromaíocht inscne.

Airteagal 14

Eintitis incháilithe

1.  Beidh feidhm ag na critéir incháilitheachta a leagtar amach i míreanna 2 go 4, i dteannta na gcritéar a leagtar amach in [Airteagal 197] den Rialachán Airgeadais.

2.  Tá na heintitis seo a leanas incháilithe:

(a)  eintitis dhlítheanacha atá bunaithe in aon cheann de na tíortha seo a leanas:

(1)  Ballstát nó tír nó críoch thar lear a bhfuil nasc aici leis an mBallstát sin;

(2)  tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár;

(3)  tríú tír a liostaítear sa chlár oibre faoi na coinníollacha a shonraítear i míreanna 3 agus 4;

(b)  aon eintiteas dlítheanach a bunaíodh faoi dhlí an Aontais nó aon eagraíocht idirnáisiúnta.

3.  Go heisceachtúil, tá eintitis dhlítheanacha atá bunaithe i dtríú tír nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár incháilithe chun páirt a ghlacadh sa Chlár i gcás ina bhfuil sin riachtanach chun cuspóirí gníomhaíochta ar leith a bhaint amach.

4.  I bprionsabal, ba cheart d’eintitis dhlítheanacha atá bunaithe i dtríú tír nach bhfuil comhlachaithe leis an gclár costais a rannpháirtíochta a sheasamh. D’fhéadfadh tuilleadh ranníocaíochtaí ó na hionstraimí maoinithe sheachtraigh, de réir Airteagal 7(3), costais a rannpháirtíochta a chumhdach más chun leas an Aontais atá sé.

5.  Féadfar deontais a dhámhachtain ar na heintitis seo a leanas go heisceachtúil gan glao ar thograí, ar bhonn misin shonracha agus cuspóirí a bheidh le sainiú ag an gCoimisiún agus le measúnú go rialta i gcomhréir le cuspóirí an Chláir: [Leasú 98]

(a)  An tAcadamh Eorpach Scannán i gcomhthéacs an chomhair le Parlaimint na hEorpa ar Dhuais Scannánaíochta LUX, i ndiaidh do na páirtithe comhaontú comhair a chaibidliú agus a shíniú agus i gcomhréir le Europa Cinemas; go dtí go mbeidh an comhaontú comhair curtha chun críche, cuirfear na leithreasuithe ábhartha sa chúlchiste; [Leasú 99]

(b)  Ceolfhoireann Óige an Aontais Eorpaigh as a ghníomhaíochtaí, lena n-áirítear an roghnú rialta de cheoltóirí óga as na Ballstáit ar fad, agus oiliúint dóibh, trí cláir chónaithe a chuireann soghluaisteacht agus deis ar fáil dóibh seinm i bhféilte agus ar thurais laistigh den Aontas agus ar an leibhéal idirnáisiúnta agus a rannchuidíonn le cúrsaíocht an chultúir Eorpaigh thar theorainneacha agus le hidirnáisiúnú a dhéanamh ar ghairmeacha ceoltóirí óga, agus cothromaíocht gheografach na rannpháirtithe ina cuspóir inti; leanfaidh Ceolfhoireann Óige an Aontais Eorpaigh lena hioncaim a éagsúlú trí thacaíocht airgeadais a lorg go gníomhach ó fhoinsí nua agus a spleáchas ar chistiú ón Aontas a laghdú; beidh gníomhaíochtaí Cheolfhoireann Óige an Aontais Eorpaigh i gcomhréir leis an gClár agus leis na cuspóirí agus tosaíochtaí den tsraith CHULTÚIR, go háirithe rannpháirtíocht an luchta éisteachta. [Leasú 100]

Caibidil III

Sineirgí agus comhlántacht

Airteagal 15

Comhlántacht

Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, comhsheasmhacht agus comhlántacht fhoriomlán an Chláir leis na beartais agus leis na cláir ábhartha a áirithiú, go háirithe na cinn a bhaineann le cothromaíocht inscne, le hoideachas, go háirithe oideachas digiteach agus litearthacht meáin, le hóige agus le dlúthpháirtíocht, le fostaíocht agus le cuimsiú sóisialta, go háirithe grúpaí agus mionlaigh ar a ndéantar imeallú, le taighde agus le nuálaíocht, lena n-áirítear nuálaíocht shóisialta, le tionscal agus le fiontar, le talmhaíocht agus le forbairt tuaithe, leis an gcomhshaol agus le gníomhú ar son na haeráide, le comhtháthú, le beartas réigiúnach agus uirbeach, le turasóireacht inbhuanaithe, le Státchabhair státchabhair, le soghluaisteacht agus le comhar idirnáisiúnta agus forbairt, agus chomh maith leis sin chun úsáid éifeachtach cistiú poiblí a chur chun cinn.

Áiritheoidh an Coimisiún, nuair a dhéanfar iarratas ar na nósanna imeachta a leagtar síos i [gClár InvestEU] chun críocha an Chláir, go gcuirfear san áireamh na cleachtais arna bhforbairt faoi chuimsiú Shaoráid Ráthaíochta Earnálacha an Chultúir agus na Cruthaitheachta a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013. [Leasú 101]

Airteagal 16

Cistiú carnach agus comhcheangailte

1.  Féadfaidh gníomhaíocht a fuair ranníocaíocht faoin gClár ranníocaíocht a fháil freisin ó aon chlár eile de chuid an Aontais, lena n‑áirítear Cistí faoi Rialachán (AE) Uimh. XX/XXX [CPR], ar choinníoll nach gcumhdaíonn na ranníocaíochtaí na costais chéanna. Ní rachaidh an cistiú carnach thar chostais incháilithe iomlána na gníomhaíochta agus féadfar an tacaíocht ó na cláir éagsúla de chuid an Aontais a ríomh ar bhonn pro-rata.

2.  D’fhéadfaí Séala Barr Feabhais a bhronnadh ar thogra atá incháilithe faoin gClár ar an gcoinníoll go gcomhlíonann sé na dálaí carnacha seo a leanas:

(a)  rinneadh measúnú air i nglao ar thograí faoin gClár;

(b)  comhlíonann sé íoscheanglais ardcheanglais cháilíochta an ghlao sin ar thograí; [Leasú 102]

(c)  ní fhéadfar é a mhaoiniú faoin nglao sin ar thograí de dheasca srianta buiséadacha.

2a.  Féadfaidh tograí a bhfuil Séala Barr Feabhais dáfa orthu cistiú a fháil go díreach ó chláir eile agus ó chistí faoi Rialachán [Rialachán RFC COM(2018)0375] i gcomhréir le hAirteagal67(5) de, ar choinníoll go bhfuil tograí den sórt sin comhleanúnach le cuspóirí an Chláir. Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh na critéir roghnaithe agus dhamhachtain comhleanúnach, soiléir agus trédhearcach do na tairbhithe ionchasacha maidir leis na tionscadail atá le Séala Barr Feabhais a bheith dáfa orthu. [Leasú 103]

Article 16a

Saoráid Ráthaíochta Earnálacha an Chultúir agus na Cruthaitheachta faoin InvestEU

1.  Le tacaíocht airgeadais trí Chlár nua InvestEU, cuirfear le cuspóirí agus le critéir Saoráid Ráthaíochta Earnálacha an Chultúir agus na Cruthaitheachta agus sainiúlacht na hearnála á cur san áireamh.

2.  Cuirfidh Clár InvestEU iad seo a leanas ar fáil:

(a)  rochtain ar airgeadas do FBManna agus do mhicrea-eagraíochtaí, eagraíochtaí beaga agus eagraíochtaí meánmhéide sna hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta;

(b)  ráthaíochtaí d'idirghabhálaithe airgeadais rannpháirteacha ó aon tír atá rannpháirteach sa tSaoráid Ráthaíochta;

(c)  saineolas breise d'idirghabhálaithe airgeadais rannpháirteacha chun meastóireacht a dhéanamh ar rioscaí a bhaineann le FBManna agus le micrea-eagraíochtaí, le heagraíochtaí beaga agus le heagraíochtaí meánmhéide agus le tionscadail chultúrtha agus chruthaitheacha;

(d)  méid an chistithe d'fhiachas a chuirtear ar fáil do FBManna agus do mhicrea-eagraíochtaí, d'eagraíochtaí beaga agus d'eagraíochtaí meánmhéide;

(e)  an cumas punann iasachtaí éagsúlaithe a fhorbairt agus chun plean margaíochta agus cur chun cinn a thairiscint do FBManna agus do mhicrea-eagraíochtaí, d'eagraíochtaí beaga agus d'eagraíochtaí meánmhéide ar fud na réigiún agus na n-earnálacha;

(f)  na cineálacha iasachtaí seo a leanas: infheistíocht i sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe seachas comhthaobhacht phearsanta; aistriú gnó; caipiteal oibre, amhail maoiniú eatramhach, maoiniú líonta bearnaí, sreabhadh airgid, línte creidmheasa. [Leasú 104]

Caibidil IV

Faireachán, Meastóireacht agus Rialú

Airteagal 17

Faireachán agus tuairisciú

1.  Leagtar amach in Iarscríbhinn II na táscairí a úsáidfear le tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn an Chláir maidir le baint amach na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3.

1a.  Beidh raon táscairí fheidhmíochta coiteann ag na sraitheanna. Beidh raon táscairí tiomanta ag gach sraith. [Leasú 105]

2.  Chun a áirithiú go measfar go héifeachtach dul chun cinn an chláir i dtreo bhaint amach a chuspóirí, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 19 maidir le leasuithe a dhéanamh ar Iarscríbhinn II chun na táscairí a athbhreithniú nó a chomhlánú i gcás ina measfar gur gá. Glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe maidir le táscairí faoin 31 Nollaig 2022. [Leasú 106]

3.  Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta áiritheofar go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chláir, go mbaileofar iad ar dhóigh atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí ón Aontas agus, i gcás inarb ábhartha, ar na Ballstáit.

Airteagal 18

Meastóireacht

1.  Déanfar meastóireachtaí go tráthúil sa dóigh agus go bhféadfar leas a bhaint astu sa phróiseas cinnteoireachta.

1a.  Na figiúirí a bheidh ar fáil maidir le méid na leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí agus na leithreasuithe íocaíochta a bheadh ag teastáil chun maoiniú a dhéanamh ar na tionscadail ar ar bronnadh an Séala Barr Feabhais, déanfar iad a chur in iúl gach bliain don dá chraobh den údarás buiséadach, ar a laghad 3 mhí roimh dháta foilsithe a seasaimh faoi seach maidir le buiséad an Aontais don bhliain dár gcionn, i gcomhréir leis an bhféilire comhaontaithe don nós imeachta buiséadach bliantúil. [Leasú 107]

2.  Déanfar meastóireacht eatramhach athbhreithniú meántéarma ar an gClár a luaithe a bheidh faisnéis leordhóthanach ar fáil ar chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná ceithre bliana ó thosach chur chun feidhme an Chláir faoin 30 Meitheamh 2024.

Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil mheántéarmach mheastóireachta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 31 Nollaig 2024.

Cuirfidh an Coimisiún ar aghaidh, i gcás inar gá agus bunaithe ar an athbhreithniú meántéarma, togra reachtach chun an Rialachán seo a athbhreithniú. [Leasú 108]

3.  I ndeireadh chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná dhá bhliain tar éis dheireadh na tréimhse a shonraítear in Airteagal 1, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh a chur isteach ar an gClár. [Leasú 109]

4.  Cuirfidh an Coimisiún torthaí na meastóireachtaí chomh maith lena bharúlacha féin in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún.

5.  Áiritheofar leis an gcóras tuairiscithe meastóireachta go mbaileofar sonraí chun meastóireacht a dhéanamh ar an gclár ar bhealach éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil, agus ar an leibhéal gráinneachta iomchuí. Déanfar na sonraí agus an fhaisnéis sin a chur in iúl don Choimisiún ar dhóigh atá i gcomhréir le forálacha dlí eile; mar shampla, i gcás inar gá, coinneofar sonraí pearsanta anaithnid. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí ón Aontas.

Airteagal 19

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 12(2) agus Airteagal 17 a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2028.

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 12(2) agus Airteagal 17 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.  Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n‑ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 12(2) agus Airteagal 17 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Caibidil V

Forálacha Idirthréimhseacha agus Críochnaitheacha

Airteagal 20

Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

1.  Tabharfaidh faighteoirí cistithe ón Aontas aitheantas d’fhoinse an chistithe ón Aontas agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe (go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á bpoibliú) trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí luchtanna spéise éagsúla, lena n‑áirítear na meáin agus an pobal, go háirithe ainm an Chláir agus, do ghníomhaíochtaí arna gcistiú faoin tsraith MEÁIN, an lógó MEÁIN. Forbróidh an Coimisiún lógó CULTÚIR a úsáidfear do ghníomhaíochtaí arna gcistiú faoin tsraith CHULTÚIR. [Leasú 110]

2.  Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme bearta faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an gClár agus le bearta agus torthaí an Chláir dá dtugtar tacaíocht trína shraitheanna. Leis na hacmhainní airgeadais arna leithdháileadh ar an gClár, rannchuideofar le cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais freisin, a fhad a bhaineann siad sin leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3.

Airteagal 21

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.

Airteagal 22

Forálacha idirthréimhseacha

1.  Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúnachas ná do mhodhnú na ngníomhaíochtaí lena mbaineann, faoi Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013, a mbeidh feidhm aige maidir leis na gníomhaíochtaí lena mbaineann go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu.

2.  Ina theannta sin, féadfaidh imchlúdach airgeadais an Chláir na speansais theicniúla agus riaracháin a chumhdach is gá chun an t‑aistriú idir an Clár agus na bearta a glacadh faoi Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 a áirithiú.

3.  Más gá, féadfar leithreasuithe a iontráil sa bhuiséad tar éis 2027 chun na speansais dá bhforáiltear in Airteagal 7(4) a chumhdach, ionas go mbeifear in ann na gníomhaíochtaí nach mbeidh curtha i gcrích faoin 31 Nollaig 2027 a bhainistiú.

Airteagal 23

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in/sa ...,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN I

Faisnéis chomhlántach faoi na gníomhaíochtaí atá le cistiú

1.  AN tSRAITH CHULTÚIR

Is leo seo a leanas a dhéanfar tosaíochtaí na sraithe CHULTÚIR den chlár, dá dtagraítear in Airteagal 4, a shaothrú:

Gníomhaíochtaí cothrománacha:

(a)  Tionscadail chomhair thrasnáisiúnta le hidirdhealú soiléir idir tionscadail bheaga, mheánmhéide agus mhórscála agus le haird ar leith ar mhicrea-eagraíochtaí agus eagraíochtaí beaga cultúrtha; [Leasú 111]

(b)  líonraí Eorpacha d'eagraíochtaí cultúir agus cruthaitheachta ó thíortha éagsúla;

(c)  Ardáin chultúrtha agus chruthaitheacha uile-Eorpacha;

(d)  Soghluaisteacht ealaíontóirí, ceardaithe agus oibreoirí cultúrtha agus cruthaitheacha ina ngníomhaíocht thrasnáisiúnta lena n-airítear costas a bhaineann le gníomhaíocht ealaíonta a chumhdach, saothair ealaíonta agus chultúrtha a chur i gcúrsaíocht; [Leasú 112]

(e)  Tacaíocht d’eagraíochtaí cultúrtha cultúir agus cruthaitheachta chun cuidiú leo oibriú ar an leibhéal idirnáisiúnta agus a bhfothú acmhainneachta a fhorbairt; [Leasú 113]

(f)  Forbairt beartas, comhar agus cur chun feidhme i réimse an chultúir, go háirithe trí shonraí a sholáthar agus dea-chleachtas agus tionscadail phíolótacha a mhalartú.

Gníomhaíochtaí earnálacha:

(a)  Tacaíocht don earnáil cheoil: an éagsúlacht, an chruthaitheacht agus an nuálaíocht a chur chun cinn i réimse an cheoil, go háirithe earnáil an cheoil bheo, agus trí líonrú, saothair éagsúla Eorpacha cheoil agus repertoire ceoil a dháileadh agus a chur chun cinn laistigh den Eoraip agus lasmuigh di, gníomhaíochtaí oiliúna agus oiliúint, rannpháirtíocht sa cheol agus rochtain air, forbairt lucht spéise, infheictheacht agus aithint cruthaitheoirí, tionscnóirí agus ealaíontóirí, go háirithe cinn óga agus cinn atá ag teacht chun cinn, mar aon le do repertoire Eorpach, agus tacaíocht do bhailiú agus anailísiú sonraí; [Leasú 114]

(b)  Tacaíocht don earnáil leabhar agus foilsitheoireachta: gníomhaíochtaí spriocdhírithe darb aidhm an éagsúlacht, an chruthaitheacht, agus an nuálaíocht a chur chun cinn, go háirithe aistriú, oiriúnú i bhformáidí inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas, agus cur chun cinn litríocht na hEorpa laistigh den Eoraip agus lasmuigh di, trí leabharlanna freisin, oiliúint agus malartuithe do ghairmithe, d’údair agus d’aistritheoirí na hearnála, mar aon le tionscadail thrasnáisiúnta comhair, nuálaíochta agus forbraíochta san earnáil; [Leasú 115]

(c)  Tacaíocht don earnáil ailtireachta agus don earnáil oidhreachta cultúrtha agus don ailtireacht: gníomhaíochtaí spriocdhírithe i leith soghluaiseacht oibreoirí, taighde, caighdeáin ardcháilíochta a bhunú, forbairt acmhainne, forbairt lucht spéise agus idirnáisiúnú na hearnála cultúrtha agus na hearnála ailtireachta, cur chun cinn Baukultur eolas agus scileanna gairmiúla do cheardaithe a roinnt, rannpháirtíocht lucht spéise, tacaíocht do chosaint, do chaomhnú, agus d’athghiniúint spás saoil, d’athúsáid oiriúnaithe, do chur chun cinn Baukultur, d’inbhuanaitheacht, do scaipeadh, d’fheabhsú agus d’idirnáisiúnú na hoidhreachta cultúrtha agus a luachanna, trí mhúscailt feasachta, líonrú, agus gníomhaíochtaí foghlama idir piaraí; [Leasú 116]

(d)  Tacaíocht d’earnálacha eile: gníomhaíochtaí cur chun cinn spriocdhírithe i leith forbairt a dhéanamh ar ghnéithe cruthaitheacha na hearnála earnálacha eile lena n-áirítear na hearnálacha dearthóireachta agus na hearnála faisin, agus na turasóireachta cultúrtha chultúrtha inbhuanaithe, agus i leith chur chun cinn agus ionadaíocht na n‑earnálacha sin laistigh den Aontas Eorpach. [Leasú 117]

Tacaíocht d’earnálacha uile an chultúir agus na cruthaitheachta i réimsí comhriachtanais, cé go bhféadfar gníomhaíocht earnálach a fhorbairt de réir mar is iomchuí i gcásanna ina dtugann sainiúlachtaí fo-earnála údar cuí do chur chuige spriocdhírithe. Déanfar cur chuige cothrománach i leith tionscadal trasnáisiúnta maidir le comhoibriú, soghluaisteacht agus idirnáisiúnú, lena n-airítear trí chláir cónaithe, turais, imeachtaí, léirithe beo, taispeántais agus féilte, mar aon le chun an éagsúlacht, an chruthaitheacht agus an nuálaíocht a chur chun cinn, oiliúint agus malartuithe do ghairmithe earnálacha, fothú acmhainneachta, líonrú, scileanna, forbairt lucht spéise agus bailiú agus anailísiú sonraí Bainfidh gníomhaíochtaí earnálacha tairbhe as buiséid atá comhréireacht leis na hearnálacha a shainaithnítear gur tosaíochtaí iad. Ba cheart go gcabhródh gníomhaíochtaí earnálacha le dul i ngleic leis na dúshláin shonracha atá os comhair na n-earnálacha éagsúla tosaíochta a shainaithnítear san Iarscríbhinn seo, ag tógáil ar thionscadail phíolótacha atá ann cheana, agus ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin. [Leasú 118]

Gníomhaíochtaí speisialta darb aidhm éagsúlacht chultúrtha agus oidhreacht na hEorpa féiniúlacht Eorpach agus a héagsúlacht chultúrtha agus oidhreachta a dhéanamh infheicthe inbhraite agus an t‑idirphlé idirchultúrtha a chothú: [Leasú 119]

(a)  Príomhchathracha Cultúir na hEorpa, chun tacaíocht airgeadais a chinntiú do Chinneadh Uimh. 445/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(28);

(b)  An Lipéad Oidhreachta Eorpach, chun tacaíocht airgeadais a chinntiú do Chinneadh Uimh. 1194/2011/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(29) agus líonra láithreáin an Lipéid Oidhreachta Eorpaigh;[Leasú 120]

(c)  Duaiseanna cultúrtha de chuid an Aontais, lena n-áirítear an Duais Eorpach Amharclannaíochta; [Leasú 121]

(d)  Laethanta Oidhreachta Eorpacha;

(da)  gníomhaíochtaí darb aidhm léirithe idirdhisciplíneacha a bhaineann leis an Eoraip agus a luachanna; [Leasú 122]

(e)  Tacaíocht do na hinstitiúidí cultúrtha Eorpacha sin a fhéachann le seirbhísí cultúrtha ag a bhfuil scóip leathan gheografach a sholáthar go díreach do shaoránaigh na hEorpa.

2.  AN tSRAITH ‘MEDIA’

I dtosaíochtaí na sraithe MEDIA den MEÁIN chlár, dá dtagraítear in Airteagal 5, cuirfear san áireamh ní amháin ceanglais Threoir 2010/13/AE agus na difríochtaí ó thír go chéile a fhad a bhaineann le hinneachar closamhairc a léiriú, a dháileadh agus a rochtain, ach méid agus saintréithe gach margaidh ar leith freisin, agus ina theannta sin, saothrófar na tosaíochtaí sin ar na dóigheanna seo a leanas, inter alia: [Leasú 123]

(a)  Saothar closamhairc Eorpacha a fhorbairt, go háirithe scannáin agus saothair theilifíse amhail ficsean, cláir faisnéise, scannáin do leanaí agus scannáin bheochana, agus saothair idirghníomhacha amhail físchluichí agus ilmheáin ardcháilíocht agus scéalaíochta, a bhfuil cumas níos fearr maidir le cúrsaíocht trasteorann ag cuideachtaí léiriúcháin neamhspleácha Eorpacha iontu; [Leasú 124]

(b)  Inneachair teilifíse agus sraitheanna scéalaíochta nuálacha agus ar ardcháilíocht a léiriú, do gach aois, trí thacú le cuideachtaí léiriúcháin neamhspleácha Eorpacha; [Leasú 125]

(ba)  Tacaíocht do thionscnaimh atá tiomanta do chruthú agus cur chun cinn saothair a bhaineann le stair chomhtháthú na hEorpa agus do scéalta Eorpacha; [Leasú 126]

(c)  Uirlisí cur chun cinn, fógraíochta agus margaíochta, go háirithe lena n-airítear ar líne agus trí úsáid a bhaint as anailísíocht sonraí, chun méadú a dhéanamh ar shuntasacht, ar infheictheacht, ar rochtain trasteorann agus ar aimsiú lucht spéise saothar Eorpach; [Leasú 127]

(d)  Tacaíocht do dhíolacháin idirnáisiúnta agus do chur i gcúrsaíocht saothar Eorpach neamhnáisiúnta atá dírithe ar léirithe beaga agus móra araon, ar gach ardán, go háirithe le straitéisí dáileacháin comhordaithe a bhaineann a chumhdaíonn roinnt tíortha agus fotheidealú, dubáil agus cur síos fuaime; [Leasú 128]

(da)  Gníomhaíochtaí darb aidhm tacú le tíortha ag a bhfuil cumas táirgeachta íseal chun fheabhas a chur ar a laigí faoi seach arna sainaithint; [Leasú 129]

(e)  Tacaíocht do mhalartuithe idir gnólachtaí agus do ghníomhaíochtaí líonrúcháin líonraithe chun éascaíocht a dhéanamh do chomhléirithe Eorpacha agus idirnáisiúnta agus do chúrsaíocht saothair Eorpacha; [Leasú 130]

(ea)  Tacaíocht do líonraí Eorpach de chruthaitheoirí closamhairc ó thíortha éagsúla arb é is aidhm dóibh tallann chruthaitheach a chothú san earnáil chlosamhairc; [Leasú 131]

(eb)  Bearta sonracha chun rannchuidiú le chóir chothrom do thallann chruthaitheach san earnáil closamhairc; [Leasú 132]

(f)  Saothair Eorpacha a chur chun cinn ag imeachtaí agus ar aontaí earnála laistigh den Eoraip agus lasmuigh di;

(g)  Tionscnaimh darb aidhm a chuireann chun cinn forbairt agus rannpháirtíocht lucht spéise, go háirithe i bpictiúrlanna agus oideachas scannánaíochta a chur chun cinn agus closamhairc, go háirithe, iad sin atá dírithe ar lucht spéise óg; [Leasú 133]

(h)  Gníomhaíochtaí oiliúna agus meantóireachta darb aidhm chun acmhainn oibreoirí closamhairc a mhéadú, lena n-áirítear ceardaithe agus daoine ceirde, chun iad a chur in oiriúint oiriúnú d’fhorbairtí nua margaidh agus do theicneolaíochtaí digiteacha; [Leasú 134]

(i)  Líonra Eorpach amháin nó níos mó d’oibreoirí VOD (físeáin ar éileamh), ar scannáin Eorpacha neamhnáisiúnta sciar nach beag dá gcuid scannán; [Leasú 135]

(j)  Líonra(í) Eorpach(a) féilte, agus líonraí féilte ag taispeáint agus ag cur chun cinn tacar éagsúil de shaothair chlosamhairc Eorpacha, ar scannáin Eorpacha neamhnáisiúnta sciar nach beag dá gcuid scannán; [Leasú 136]

(k)  Líonra Eorpach d’oibreoirí pictiúrlainne, ar scannáin Eorpacha neamhnáisiúnta sciar nach beag dá gcuid scannán, a rannchuidíonn le hatreisiú a dhéanamh ar ról na bpictiúrlanna sa slabhra luacha agus le béim a chur ar thaispeáintí poiblí mar thaithí shóisialta; [Leasú 137]

(l)  Bearta sonracha, lena n-áirítear gníomhaíochta meantóireachta agus líonraithe, chun rannchuidiú le rannpháirteachas níos cothroime fear agus ban a bhaint amach san earnáil closamhairc; [Leasú 138]

(m)  Tacú le hidirphlé beartais, gníomhaíochtaí beartais nuálacha agus malartú dea-chleachtas, go háirithe trí ghníomhaíochtaí anailísíochta a dhéanamh agus sonraí iontaofa a sholáthar;

(n)  Malartú trasnáisiúnta taithí agus saineolais, gníomhaíochtaí foghlama idir piaraí agus líonrú i measc lucht ceaptha beartas na hearnála closamhairc.

(na)  Tacaíocht do chúrsaíocht agus rochtain ilteangach ar inneachar teilifíse cultúrtha ar líne agus as líne, lena n-áirítear trí fhotheidealú, chun saibhreas agus éagsúlacht na hoidhreachta cultúrtha Eorpaí, na cruthaíochta comhaimseartha agus teangacha a chur chun cinn. [Leasú 139]

3.  AN tSRAITH THRASEARNÁLACH

Is leo seo a leanas go háirithe a dhéanfar tosaíochtaí na sraithe THRASEARNÁLAÍ den chlár, dá dtagraítear in Airteagal 6, a shaothrú:

Comhar beartais agus for-rochtain:

(a)  Forbairt beartais, malartú trasnáisiúnta taithí agus saineolais, gníomhaíochtaí foghlama idir piaraí, lena n-áirítear meantóireacht piaraí do nuatheachtaithe chuig an gClár, ardú feasachta agus líonrú i measc eagraíochtaí cultúrtha agus cruthaitheacha agus lucht ceaptha beartas, de chineál trasearnálach, agus chomh maith leis sin trí idirphlé struchtúrtha bhuan le geallsealbhóirí, agus le Fóram na nEarnálacha Cultúir agus Cruthaitheachta chun idirphlé agus treorú beartas earnála a neartú; [Leasú 140]

(b)  Gníomhaíochtaí anailísíochta trasearnálacha;

(c)  Gníomhaíochtaí tacaíochta arb é is aidhm dóibh comhar beartais agus forbairt beartais trasteorann a chothú maidir leis an ról atá an gcuimsiú sóisialta sa chultúr;

(d)  Feabhas a chur ar an eolas atá ag daoine ar an gclár agus ar na hábhair a chlúdaíonn sé, for-rochtain do na saoránaigh a chothú, agus in-aistritheacht torthaí lastall de leibhéal an Bhallstáit a éascú.

An tSaotharlann um Chruthaitheacht Nuálach:

(a)  Cineálacha nua cruthaitheachta a chothú ag na crosbhealaí mar a dtagann earnálacha éagsúla cultúrtha cultúir agus cruthaitheacha le chéile, agus le hoibritheoirí earnálacha eile, cuir i gcás trí úsáid a bhaint as agus meantóireacht ar úsáid teicneolaíochtaí nuálacha laistigh d’eagraíochtaí cultúrtha agus comhoibriú trí mhoil dhigiteacha; [Leasú 141]

(b)  Cuir chuige agus uirlisí nuálacha trasearnálacha a chothú chun gur fusa an cultúr agus an chruthaitheacht, an oidhreacht chultúrtha san áireamh, a rochtain, a dháileadh, a chur chun cinn, agus a chur chun ioncaim.

(ba)  Gníomhaíochtaí darb aidhm léirithe idirdhisciplíneacha a bhaineann leis an Eoraip agus a luachanna; [Leasú 142]

Deasca an chláir:

(a)  An clár a chur chun cinn ar an leibhéal náisiúnta agus faisnéis ábhartha a sholáthar faoi na cineálacha éagsúla tacaíochta airgeadais atá le fáil faoi chuimsiú bheartas an Aontais agus faoi na critéir, an nós imeachta agus na torthaí meastóireachta; [Leasú 143]

(b)  An Tacú le tairbhithe ionchasacha i bpróisis iarratais, comhar trasteorann a chothú agus malartú dea-chleachtas a spreagadh idir gairmithe, institiúidí, ardáin agus líonraí, laistigh de gach ceann de na réimsí atá cuimsithe ag an gclár agus ó cheann go chéile na réimsí sin; [Leasú 144]

(c)  Tacú leis an gCoimisiún féachaint chuig ceartchumarsáid ón mbun aníos agus ón mbarr anuas agus ceart-chraobhscaoileadh scaipeadh thorthaí an chláir i measc na saoránach agus na n-oibritheoirí. [Leasú 145]

Gníomhaíochtaí trasearnálacha a thacaíonn leis na meáin chumarsáide nuachta:

(a)  Cúram a dhéanamh de Freagairt ar na hathruithe struchtúracha agus teicneolaíocha atá le déanamh in os comhair earnáil na meán nuachta trí thimpeallacht neamhspleách agus iolrach sna meáin a chothú ina bhfuil an éagsúlacht agus an t‑iolrachas faoi réim agus faireachán a dhéanamh air sin agus tacú le faireachán neamhspleách chun rioscaí agus dúshláin a mheasúnú maidir le hiolrachas agus saoirse na meán. [Leasú 146]

(b)  Tacú le hardchaighdeáin léiriúcháin sna meáin trí chomhar, scileanna digiteacha, iriseoireacht trasteorann comhoibríoch agus inneachar ardcháilíochta samhlacha eacnamaíocha inbhuanaithe meáin a chothú chun eiticí gairmiúla san iriseoireacht a áirithiú; [Leasú 147]

(c)  Litearthacht sna meáin a chur chun cinn d’fhonn caoi a chun deis a thabhairt do na saoránaigh ar thuiscint shaoránaigh, go háirithe daoine óga, tuiscint chriticiúil a fhorbairt ar na meáin a shealbhú agus tacú le hardán Aontais a chruthú chun cleachtais agus beartais litearthachta meán a roinnt i measc na mBallstát go léir, lena n-áirítear trí líonraí ollscoile raidió agus meán a dhéileálann leis an Eoraip agus a sholáthraíonn cláir oiliúna do ghairmithe sna meáin nuachta chun bréagaisnéis a aithint agus dul i ngleic léi; [Leasú 148]

(ca)  Idirphlé leis an tsochaí shibhialta agus idirphlé pholaitiúil a chothú agus a choimirciú maidir le bagairtí ar shaoirse na meán agus ar iolrachas na meán san Eoraip. [Leasú 149]

IARSCRIBHINN II

TÁSCAIRÍ TIONCHAIR CÁILÍOCHTÚLA AGUS CAINNÍOCHTÚLA COITEANNA DEN CHLÁR

(1)  Tairbhe do shaoránaigh agus pobail;

(2)  Tairbhe chun éagsúlacht chultúrtha Eorpach agus oidhreacht chultúrtha Eorpach a neartú;

(3)  Tairbhe do gheilleagar an Aontais agus do phoist, go háirithe earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta agus FBManna;

(4)  Príomhshruthú bheartais an Aontais, lena n-áirítear caidreamh cultúrtha idirnáisiúnta;

(5)  Breisluach Eorpach tionscadal;

(6)  Cáilíocht comhpháirtíochtaí agus tionscadal cultúrtha;

(7)  Líon na ndaoine a fhaigheann rochtain ar shaothair chultúrtha agus chruthaitheacha Eorpacha arna dtacú ag an gClár;

(8)  Líon na bpost atá nasctha leis na tionscadail mhaoinithe;

(9)  Cothromaíocht inscne, i gcás inar gá, soghluaisteacht agus chumhachtú na n-oibritheoirí in earnálacha an chultúr agus na cruthaitheachta. [Leasú 150]

Táscairí

AN tSRAITH CHULTÚIR:

Líon agus scála na gcomhpháirtíochtaí trasnáisiúnta a cruthaíodh de bharr an chláir

An líon ealaíontóirí agus gníomhaithe cultúrtha agus/nó cruthaitheacha atá soghluaiste (i dtéarmaí geografacha) lasmuigh dá dteorainneacha náisiúnta, de réir tír tionscnaimh

An líon daoine a bhíonn ag rochtain saothair chultúrtha agus chruthaitheacha Eorpacha a cruthaíodh de bharr an chláir, lena n‑áirítear saothair neamhnáisiúnta

An líon tionscadal ar thacaigh an clár leo, a bhí dírithe ar ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste, go háirithe daoine óga dífhostaithe agus imircigh

An líon tionscadal ar thacaigh an clár leo, ar tionscadail iad a raibh baint ag eagraíochtaí tríú tír leo

AN tSRAITH ‘MEDIA’

An líon daoine a bhíonn ag rochtain saothair closamhairc Eorpacha neamhnáisiúnta, ar saothair iad ar thacaigh an clár leo

An líon rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí foghlama ar thacaigh an clár leo arb é a meas gur tháinig feabhas ar a gcuid inniúlachtaí agus gur mhéadaigh a infhostaithe atá siad dá mbarr

Líon agus buiséad na gcomhléiriúchán a forbraíodh agus a cruthaíodh le tacaíocht an chláir

An líon daoine a sroicheadh le gníomhaíochtaí cur chun cinn idir gnólachtaí sna margaí móra

AN tSRAITH THRASEARNÁLACH:

Líon agus scála na gcomhpháirtíochtaí trasnáisiúnta a bunaíodh (táscaire ilchodach do shaotharlanna um chruthaitheacht nuálach agus do ghníomhaíochtaí sna meáin nuachta)

An líon imeachtaí a d’eagraigh deasca an chláir, lenar cuireadh an clár chun cinn

(1)IO C 110, 22.3.2019, lch. 87.
(2)Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.
(3)IO C 110, 22.3.2019, lch. 87
(4)IO C […], […], lch. […].
(5)Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Márta 2019.
(6)COM(2018)0267.
(7)Treoir (AE) 2019/789 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 leagtar síos rialacha maidir le feidhmiú cóipchirt agus ceart gaolmhar is infheidhme maidir le cineálacha áirithe tarchuir ar líne de chuid eagraíochtaí craoltóireachta agus maidir le hatarchur clár teilifíse agus raidió agus lena leasaítear Treoir 93/83/CEE ón gComhairle (IO L 130, 17.5.2019, lch. 82) .
(8)COM(2016)0287.
(9)Treoir (AE) 2018/1808 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2010/13/AE maidir le forálacha áirithe a chomhordú arna leagan síos le dlí, le rialachán nó le gníomh riaracháin sna Ballstáit a bhaineann le seirbhísí meán closamhairc a chur ar fáil (An Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc) i bhfianaise athruithe ar an margadh (IO L 303, 28.11.2018, lch. 69)
(10)Cinneadh (AE) 2017/864 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 maidir le Bliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha (2018) (IO L 131, 20.5.2017, lch. 1).
(11)Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe a leagtar síos le forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin sna Ballstáit i dtaobh seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (Treoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc) (IO L 95, 15.4.2010, lch. 1).
(12)JOIN/2016/029
(13)COM(2014)0477.
(14)COM(2017)0479.
(15)Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe, arna ghlacadh ag na Náisiúin Aontaithe i Meán Fómhair 2015, A/RES/70/1
(16)Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
(17) 2018/0243(COD).
(18) 2018/0247(COD).
(19)IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.
(20)Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).
(21)Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch.1).
(22)Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).
(23)Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh ("OIPE") (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).
(24)Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).
(25)Cinneadh 2013/755/AE ón gComhairle an 25 Samhain 2013 maidir le tíortha agus críocha thar lear a chomhlachú leis an Aontas Eorpach (Cinneadh maidir le Comhlachú Thar Lear) (IO L 344, 19.12.2013, lch. 1).
(26)Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(27)IO L 124, 20.5.2003, lch.1.
(28)Cinneadh 445/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear gníomhaíocht Aontais do Phríomhchathracha Cultúir na hEorpa do na blianta 2020 go 2033 agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Uimh. 1622/2006/CE (IO L 132, 03.11.2014, lch. 1).
(29)Cinneadh Uimh. 1194/2011/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 lena mbunaítear gníomhaíocht Aontais Eorpaigh i leith an Lipéid Oidhreachta Eorpaí (IO L 303, 22.11.2011, lch. 1).


‘Erasmus’: clár an Aontais um oideachas, oiliúint, an óige agus an spórt ***I
PDF 353kWORD 113k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Márta 2019 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear ‘Erasmus’: clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um spórt agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 (COM(2018)0367 – C8-0233/2018 – 2018/0191(COD))
P8_TA(2019)0324A8-0111/2019

(Gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2018)0367),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2), d’Airteagal 165(4) agus d’Airteagal 166(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic a Coimisiún an togra don Pharlaimint (C8‑0233/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 17 Deireadh Fómhair 2018(1),

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún an 6 Feabhra 2019(2),

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas agus na tuairimí ón gCoiste um Fhorbairt, ón gCoiste um Buiséid agus ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta (A8-0111/2019),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  ag formheas a ráitis atá i gceangal leis an rún seo;

3.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

4.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 28 Márta 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) …/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear ‘Erasmus' ‘Erasmus+’: clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um spórt agus lena n aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 [Leasú 1 This amendment applies throughout the text]

P8_TC1-COD(2018)0191


(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 165(4) agus Airteagal 166(4) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(3),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún(4),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(5),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)  I gcomhthéacs athruithe meara agus móra arna spreagadh ag réabhlóid theicneolaíoch agus ag domhandú, Infheistiú i soghluaisteacht foghlama do chách, gan beann ar chúlra sóisialta nó cultúrtha agus beag beann ar acmhainn, agus freisin i gcomhar agus i bhforbairt ar bheartas nuálaíoch sna réimsí maidir le hoideachas, oiliúint, an óige agus spórt chun sochaithe cuimsitheacha, daonlathacha, comhtháite agus athléimneacha a chothú agus iomaíochas an Aontais a bhuanú, agus rannchuidiú le neartú fhéiniúlacht, phrionsabail agus luachanna na hEorpa, agus le hAontas níos daonlathaí. [Leasú 2]

(2)  Chuir an Coimisiún a fhís i láthair ina Theachtaireacht maidir leis an bhFéiniúlacht Eorpach a Neartú trí Oideachas agus Cultúr an 14 Samhain 2017, obair chun Limistéar Oideachais Eorpach a bhunú faoi 2025, ina mbeadh foghlaim saor ó bhac teorainneacha; Mór-roinn ina mbeadh sé ina ghnáth‑nós seal a chaitheamh i mBallstát eile - chun críocha staidéir, foghlama agus oibre - agus anuas ar mháthair-theanga an duine, ba norm é dhá theanga eile a labhairt; Aontas ina bhfuil braistint láidir ag daoine ar a bhféiniúlacht féin mar Eorpaigh, ar oidhreacht chultúrtha na hEorpa agus ar an éagsúlacht lena mbaineann. Sa chomhthéacs sin, chuir an Coimisiún béim ar an ngá clár Erasmus+, ar a bhfuil seantaithí, a neartú i ngach catagóir foghlaimeoirí atá cuimsithe leis cheana agus for-rochtain a dhéanamh ar fhoghlaimeoirí a bhfuil líon níos lú deiseanna acu.

(3)  Léirítear tábhacht an oideachais, na hoiliúna agus na hóige do thodhchaí an Aontais i dTeachtaireacht an Choimisiúin an 14 Feabhra 2018 dar teideal “Creat Airgeadais Ilbhliantúil nua-aimseartha nua lena mbaintear amach a thosaíochtaí don tréimhse iar-2020 go héifeachtúil”(6), agus lena leagtar béim ar an ngá na gealltanais a rinne na Ballstáit ag Cruinniú Mullaigh Sóisialta Göteborg a chur i gcrích, lena n‑áirítear trí Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme go hiomlán(7) i dteannta lena chéad phrionsabal maidir le hoideachas, oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil. Leagann an Teachtaireacht béim ar an ngá cur le soghluaisteacht agus le malairtí, lena n‑áirítear trí chlár cuimsitheach sínte atá neartaithe go mór, de réir mar a d’iarr an Chomhairle Eorpach ina chonclúidí an 14 Nollaig 2017.

(4)  Leagtar síos i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta, a fógraíodh go sollúnta agus a síníodh an 17 Samhain 2017 ag Parlaimint na hEorpa, ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún, mar chéad phrionsabal de, go bhfuil an ceart ag cách ar oideachas, ar oiliúint agus ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil atá ar ardcháilíocht agus cuimsitheach d’fhonn scileanna a chothabháil agus a fháil ionas gur féidir leo rannpháirtiú go hiomlán sa tsochaí agus aistrithe sa mhargadh saothair a bhainistiú go rathúil. Tugtar soiléiriú freisin i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta ar thábhacht an oideachais luath-óige ar cháilíocht mhaith agus ar a thábhachtaí atá sé comhdheiseanna do chách a áirithiú.[Leasú 3]

(5)  An 16 Meán Fómhair 2016 sa Bhratasláiv, leag ceannairí seacht gcinn is fiche de na Ballstáit béim ar a dtiomantas deiseanna níos fearr a chur ar fáil don óige. I nDearbhú na Róimhe a síníodh an 25 Márta 2017, gheall ceannairí seacht gcinn is fiche de na Ballstáit agus ceannairí na Comhairle Eorpaí, Pharlaimint na hEorpa agus an Choimisiúin Eorpaigh go n-oibreoidís i dtreo Aontas ina gcuirfí scoth an oideachais agus na hoiliúna ar dhaoine óga agus ina bhféadfaidís staidéar a dhéanamh agus poist a aimsiú ó cheann ceann na mór-roinne; Aontas a chaomhnóidh ár n-oidhreacht chultúrtha agus a chuirfidh an éagsúlacht chultúrtha chun cinn; Aontas a throidfidh in aghaidh na dífhostaíochta, an idirdhealaithe, an eisiaimh shóisialta agus na bochtaineachta. [Leasú 4]

(6)  Dearbhaíodh i dtuarascáil meastóireachta meántéarma chlár Erasmus+ 2014-2020 go raibh simpliú, cuíchóiriú agus sineirgí nach beag maidir le bainistiú an Chláir mar thoradh ar chruthú cláir aonair maidir le hoideachas, oiliúint, an óige agus spórt cé go bhfuil tuilleadh feabhsúchán riachtanach chun gnóthachain éifeachtúlachta Chlár 2014-2020 a chomhdhlúthú a thuilleadh. Sna comhairliúcháin don mheastóireacht meántéarma agus maidir le Clár na todhchaí, d’iarr na Ballstáit agus na geallsealbhóirí go mbeadh leanúnachas i raon feidhme, struchtúr agus sásraí seachadta an Chláir, agus d’iarr siad roinnt feabhsúchán a dhéanamh freisin, amhail an Clár a dhéanamh níos cuimsithí, níos simplí agus níos sobhainistithe do thairbhithe beaga agus do thionscadail bheaga. Léirigh siad freisin lán a dtacaíochta le haghaidh an Clár a choimeád comhtháite agus paraidím na foghlama ar feadh an tsaoil mar bhonn taca leis. Chuir Parlaimint na hEorpa fáilte, ina Rún an 2 Feabhra 2017 maidir le cur chun feidhme Erasmus+, roimh struchtúr comhtháite an chláir agus d’iarr sí ar an gCoimisiún gné na foghlama ar feadh an tsaoil de chuid an chláir a shaothrú go hiomlán trí chomhar trasearnála a chothú agus a spreagadh i gclár na todhchaí. Rinne an Coimisiún, ina mheasúnú tionchair, na Ballstáit agus na páirtithe leasmhara aibhsiú ar an ngá gné idirnáisiúnta an Chláir a neartú a thuilleadh agus í a shíneadh chuig earnálacha eile an oideachais agus na hoiliúna, agus chuig an óige agus an spórt chomh maith. [Leasú 5]

(7)  Dearbhaíodh na príomhthorthaí sin de bhun an chomhairliúcháin phoiblí oscailte faoi mhaoiniú ón Aontas sna réimsí maidir le luachanna agus soghluaisteacht agus cuireadh béim ar an ngá clár na todhchaí a iompú ina chlár níos cuimsithí agus chun leanúint ar aghaidh ag díriú tosaíochtaí ar chórais oideachais agus oiliúna a nuachóiriú agus tosaíochtaí a neartú maidir le féiniúlacht Eorpach a chothú, saoránacht ghníomhach agus rannpháirteachas sa saol daonlathach.

(7a)  I dTuarascáil Speisialta Uimh. 22/2018 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 3 Iúil 2018 maidir le Erasmus+(8), cuireadh i bhfios go bhfuil breisluach Eorpach follasach ag gabháil leis an gClár, ach nach bhfuil aird leormhaith á tabhairt ar gach gné den bhreisluach sin, amhail braistint níos mó ar an bhféiniúlacht Eorpach nó ilteangachas feabhsaithe, ná nach bhfuil gach gné de á thomhas go leormhaith. Mheas an Chúirt gur cheart a áirithiú leis an gcéad Chlár eile gur fearr a bheidh táscairí ailínithe le cuspóirí an Chláir chun measúnú cuí ar fheidhmíocht a áirithiú. Tugadh ar aird freisin i dtuarascáil na Cúirte go bhfuil ualaí riaracháin ró-ard i gcónaí, in ainneoin na n-iarrachtaí maidir le simpliú i gClár 2014-2020, agus moladh, dá bhrí sin, go ndéanfadh an Coimisiún nósanna imeachta an Chláir a shimpliú a thuilleadh, go háirithe nósanna imeachta um chur i bhfeidhm agus ceanglais tuairiscithe, agus go bhfeabhsódh sé uirlisí TF. [Leasú 6]

(8)  D’iarr an Coimisiún go ndéanfaí infheistíocht níos mó i ndaoine agus go gcuirfí fócas níos láidre ar “an óige” sa chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile ina Theachtaireacht maidir le ‘Buiséad nua-aimseartha le haghaidh Aontas a chumhdaíonn, a chumhachtaíonn agus a chosnaíonn - an creat airgeadais ilbhliantúil don tréimhse 2021-2027’(9)26 a glacadh an 2 Bealtaine 2018, agus d’aithin sé go bhfuil Clár Erasmus+ ar cheann de na scéalta ratha is sofheicthe de chuid an Aontais. In ainneoin an ratha fhoriomláin sin, fós níorbh fhéidir freastal a dhéanamh, faoi Chlár 2014-2020, ar an éileamh ard ar chistiú agus bhí an Clár thíos le rátaí ísle rathúlachta tionscadail. Chun na heasnaimh sin a leigheas, is gá an buiséad a mhéadú don Chlár a thiocfaidh i gcomharbacht ar Chlár 2014-2020. Thairis sin, is é is aidhm leis an gClár a thiocfaidh i gcomharbacht a bheith níos cuimsithí trí theagmháil a dhéanamh le níos mó daoine a bhfuil níos lú deiseanna acu, agus ionchorpraítear roinnt tionscnaimh nua uaillmhianacha ann. Dá bhrí sin, is gá, faoi mar a chuir Parlaimint na hEorpa i bhfáth sa rún uaithi an 14 Márta 2018 maidir leis an gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile, an buiséad a mhéadú faoi thrí, i bpraghsanna seasta, don Chlár a thiocfaidh i gcomharbacht le hais an chreata airgeadais ilbhliantúil don tréimhse 2014-2020. [Leasú 7]

(9)  Sa chomhthéacs sin, tá sé riachtanach an clár maidir le hoideachas, oiliúint, an óige agus spórt (an ‘Clár’) a bhunú a thiocfaidh i gcomharbacht ar chlár Erasmus + 2014-2020 a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(10)27. Ba cheart cineál comhtháite chlár 2014-2020 lena gclúdaítear foghlaim i ngach comhthéacs - foirmiúil, seachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil, agus ag gach céim den saol - a threisiú chun cur chuige i leith na foghlama ar feadh an tsaoil a áirithiú agus chun borradh a chur faoi rianta foghlama solúbtha, rud a ligfeadh do dhaoine an t-eolas, na scileanna agus na hinniúlachtaí sin atá riachtanach chun forbairt mar dhaoine aonair, chun dul i ngleic le dúshláin an aonú haois is fiche agus chun an leas is fearr is féidir a bhaint as deiseanna an aonú haois is fiche a fháil. Le cur chuige den sórt sin, ba cheart aitheantas a thabhairt don luach atá ar ghníomhaíochtaí oideachais sheachfhoirmiúil agus gníomhaíochtaí oideachais neamhfhoirmiúil, agus do na naisc atá eatarthu. [Leasú 8]

(10)  Ba cheart go mbeadh an Clár feistithe ionas go mbeidh sé ina rannchuiditheoir níos tábhachtaí le cur chun feidhme chuspóirí agus thosaíochtaí beartais an Aontais sa réimse maidir le hoideachas, oiliúint, an óige agus spórt. Tá cur chuige comhleanúnach foghlama ar feadh an tsaoil lárnach chun na haistrithe éagsúla a mbeidh ar dhaoine dul i ngleic leo i gcaitheamh a saolré a bhainistiú, go háirithe daoine scothaosta nach mór dóibh scileanna nua saoil nó scileanna le haghaidh éabhlóid sa mhargadh saothair a fhoghlaim. Ba cheart cur chuige den sórt sin a spreagadh trí chomhar éifeachtach trasearnála agus trí idirghníomhaíocht níos mó idir cineálacha éagsúla oideachais. Agus an cur chuige sin á fhorbairt, ba cheart don chéad Chlár eile dlúthchaidreamh a chothabháil leis an gcreat straitéiseach foriomlán le haghaidh comhar idir beartais an Aontais sa réimse maidir le hoideachas, oiliúint agus an óige, lena n-áirítear na cláir oibre beartais maidir le scoileanna, ardoideachas, gairmoideachas agus gairmoiliúint agus foghlaim aosach, agus sineirgí nua a atreisiú agus a fhorbairt le cláir agus le réimsí beartais eile de chuid an Aontais atá gaolmhar. [Leasú 9]

(10a)  Maidir le heagraíochtaí a oibríonn i gcomhthéacs trasteorann, is tábhachtach an rannchuidiú a dhéanann siad le gné thrasnáisiúnta agus idirnáisiúnta an Chláir. Dá bhrí sin, ba cheart tacaíocht a sholáthar faoin gClár, i gcás inarb infheidhme, do líonraí ar leibhéal an Aontais agus d’eagraíochtaí Eorpacha agus d'eagraíochtaí idirnáisiúnta a mbaineann a ngníomhaíochtaí le cuspóirí an Chláir agus a rannchuidíonn leis na cuspóirí sin a bhaint amach. [Leasú 10]

(11)  Is príomh-chomhpháirt é an Clár chun Limistéar Oideachais Eorpach a thógáil agus chun na príomhinniúlachtaí a fhorbairt don fhoghlaim ar feadh an tsaoil, faoi mar a leagtar amach i Moladh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2018 maidir le príomhinniúlachtaí don fhoghlaim ar feadh an tsaoil(11), faoi 2025. Ba cheart go mbeadh sé feistithe chun rannchuidiú le comharba an chreata straitéisigh maidir le comhar in oideachas agus in oiliúint agus leis an gClár Oibre Scileanna don Eoraip28 (12)trí thiomantas comhroinnte maidir le tábhacht straitéiseach scileanna, inniúlachtaí agus eolais le haghaidh poist, fás, iomaíochas, inniúlacht agus comhtháthú sóisialta a chothabháil agus a chruthú. Ba cheart dó tacú leis na Ballstáit for-rochtain a fháil ar na spriocanna atá leagtha amach i nDearbhú Pháras maidir leis an tsaoránacht agus le luachanna coiteanna na saoirse, na caoinfhulaingthe agus an neamh-idirdhealaithe a chur chun cinn tríd an oideachas(13). [Leasú 11]

(12)  Ba cheart go mbeidh an Clár comhleanúnach le straitéis nua óige an Aontais Eorpaigh(14), leis an gcreat um chomhar Eorpach i réimse na hóige don tréimhse 2019-2027, bunaithe ar Theachtaireacht an Choimisiúin an 22 Bealtaine 2018 maidir le “Dul i ngleic agus nascadh le daoine óga agus cumhacht a thabhairt dóibh: Straitéis Óige nua an Aontais Eorpaigh'(15), lena n-áirítear aidhm na Straitéise maidir le tacú le hobair ardcháilíochta don óige agus le foghlaim sheachfhoirmiúil. [Leasú 12]

(13)  Ba cheart go gcuirfeadh an Clár plean oibre an Aontais le haghaidh spóirt san áireamh, ar creat comhair é ar leibhéal an Aontais i réimse an spóirt do na blianta […](16)32. Ba cheart comhleanúnachas agus comhlántacht a áirithiú idir an plean oibre agus na bearta de chuid an Aontais faoin gClár i réimse an spóirt. Is gá díriú go háirithe ar spóirt an phobail, ag cur san áireamh an ról tábhachtach a bhíonn ag spóirt gníomhaíocht fhisiciúil agus stíl bheatha shláintiúil, caidreamh idirphearsanta, cuimsiú sóisialta agus comhionannas a chur chun cinn. Níor cheart go mbeadh an Clár ina thacú le gníomhaíochtaí soghluaisteachta ach i gcomhthéacs spórt an phobail, agus sin do dhaoine óga a imríonn spórt eagraithe ar bhonn rialta agus do bhaill foirne spóirt. Tá sé tábhachtach a aithint freisin gur féidir le baill foirne spóirt a bheith ina ngairmithe, sa mhéid go saothraíonn siad a mbeatha tríd an spórt agus, san am céanna, gur féidir leo a bheith rannpháirteach i spórt an phobail. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh gníomhaíochtaí soghluaisteachta oscailte don ghrúpa sin freisin. Ba cheart go mbeadh an Clár ina rannchuidiú le luachanna comhchoiteanna Eorpacha a chur chun cinn tríd an spórt, trí dhea-rialachas agus ionracas sa spórt, tríd an inbhuanaitheacht agus trí dea-chleachtais chomhshaoil sa spórt, mar aon le hoideachas, oiliúint agus scileanna sa spórt agus trína bhíthin. Ba cheart go bhféadfadh na geallsealbhóirí ábhartha ar fad, lena n-áirítear institiúidí oideachais agus oiliúna, páirt a ghlacadh i gcomhpháirtíochtaí, i gcomhar agus in idirphlé beartais i réimse an spóirt. [Leasú 13]

(14)  Ba cheart go rannchuideodh an Clár le neartú acmhainneacht nuálaíochta an Aontais go háirithe trí thacú le gníomhaíochtaí soghluaisteachta agus comhair lena gcothaítear forbairt scileanna agus inniúlachtaí i réimsí staidéir nó i ndisciplíní réamhbhreathnaitheacha amhail an eolaíocht, an teicneolaíocht, na healaíona, an innealtóireacht agus an mhatamaitic (STEAM), an t-athrú aeráide, cosaint an chomhshaoil, an fhorbairt inbhuanaithe, an fuinneamh glan, intleacht shaorga, róbataic, anailísiú sonraí, dearadh agus ailtireacht, agus litearthacht dhigiteach agus litearthacht sna meáin, chun cuidiú le daoine an t-eolas, na scileanna agus na hinniúlachtaí atá ag teastáil don todhchaí a fhorbairt. [Leasú 14]

(14a)  Ag teacht leis an misean atá aige nuálaíocht a spreagadh san oideachas agus san oiliúint, ba cheart go mbeadh an Clár ina thacú le forbairt straitéisí oideachasúla agus foghlama atá dírithe ar leanaí tréitheacha agus a bhfuil bua iontu, beag beann ar a náisiúntacht, a stádas socheacnamaíoch nó a n-inscne. [Leasú 15]

(14b)  Ba cheart go mbeadh an Clár ina rannchuidiú leis an obair leantach ar Bhliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha, trí thacú le gníomhaíochtaí atá ceaptha forbairt a dhéanamh ar na scileanna is gá chun oidhreacht chultúrtha na hEorpa a chosaint agus a chaomhnú, agus atá ceaptha na deiseanna oideachais arna dtabhairt ag earnáil an chultúir agus na cruthaitheachta a shaothrú ina n-iomláineoffers. [Leasú 16]

(15)  Ba cheart go n-áiritheodh sineirgí le Fís Eorpach go n-úsáidfear na hacmhainní comhcheangailte ón gClár agus ó Chlár ‘Fís Eorpach’(17)33 chun tacú le gníomhaíochtaí atá tiomanta d’institiúidí ardoideachais Eorpacha a neartú agus a nuachóiriú. Go sonrach, comhlánóidh Fís Eorpach tacaíocht an Chláir do ghníomhaíochtaí agus tionscnaimh a léiríonn gné thaighde, amhail tionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha, mar chuid de straitéisí nua comhpháirteacha, comhtháite fadtéarma agus inbhuanaithe a fhorbairt maidir le hoideachas, taighde agus nuálaíocht. Cuideoidh sineirgí le Fís Eorpach comhtháthú oideachais agus taighde, go háirithe in institiúidí ardoideachais, a chothú. [Leasú 17]

(16)  Ba cheart go mbeadh an Clár níos cuimsithí trí fheabhas a chur ar a rátaí rannpháirtíochta i measc daoine a bhfuil líon níos lú deiseanna acu. Tá sé tábhachtach a aithint go bhféadfadh sé go bhfuil cúiseanna éagsúla le leibhéil ísle rannpháirtíochta i measc daoine a bhfuil líon níos lú deiseanna acu agus go bhféadfadh sé go mbíonn na leibhéil sin ag brath ar chomhthéacsanna náisiúnta éagsúla. Dá bhrí sin, ba cheart do na gníomhaireachtaí náisiúnta, laistigh de chreat uile-Aontais, forbairt a dhéanamh ar straitéisí cuimsithe lena ngabhfadh bearta chun feabhas a chur ar fhor-rochtain, chun nósanna imeachta a shimpliú, chun oiliúint a thairiscint agus chun tacú le héifeachtúlacht agus faireachán a dhéanamh uirthi. Ba cheart úsáid a bhaint as sásraí eile chun feabhas a chur ar an gcuimsiú, lena n-áirítear trí fhormáidí soghluaisteachta foghlama níos solúbtha a sholáthar, ag teacht le riachtanais na ndaoine sin a bhfuil líon níos lú deiseanna acu, agus trí rannpháirtíocht na n-eagraíochtaí beaga agus áitiúla a chothú, go háirithe nuatheachtaithe agus eagraíochtaí pobail a oibríonn go díreach le foghlaimeoirí faoi mhíbhuntáiste ó gach aoisghrúpa. [Leasú 18]

(16a)  I gcás nach bhféadfaidh daoine a bhfuil líon níos lú deiseanna acu páirt a ghlacadh sa Chlár, ar chúiseanna airgeadais, bíodh sin mar gheall ar an staid eacnamaíoch ina bhfuil siad nó mar gheall ar na costais níos airde a bhaineann lena rannpháirtíocht sa Chlár mar gheall ar a gcás sonrach, mar a tharlaíonn go minic i gcás daoine faoi mhíchumas, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear bearta leormhaithe tacaíochta airgeadais ar bun. Féadfar a áireamh ar na bearta sin ionstraimí eile de chuid an Aontais, amhail Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, scéimeanna náisiúnta, nó coigeartuithe nó breisithe deontais tríd an gClár. Ba cheart critéir oibiachtúla a úsáid agus measúnú á dhéanamh ar cibé nach bhféadfaidh daoine a bhfuil líon níos lú deiseanna acu páirt a ghlacadh sa Chlár, ar chúiseanna airgeadais, agus ar leibhéal na tacaíochta atá ag teastáil uathu. Níor cheart go mbeadh na costais bhreise ar bhearta chun cuimsiú a éascú a bheith ina bhforais riamh chun diúltú d’iarratas. [Leasú 19]

(16b)  Ba cheart an Clár a bheith dírithe i gcónaí ar thacú le soghluaisteacht fhisiciúil foghlama agus ba cheart go gcruthófaí níos mó deiseanna leis an gClár do dhaoine a bhfuil líon níos lú deiseanna acu chun tairbhiú de ghníomhaíochtaí maidir le soghluaisteacht fhisiciúil foghlama. Ba cheart a aithint, san am céanna, go bhféadfar soghluaisteacht fhisiciúil foghlama a chomhlánú go héifeachtach agus a héifeachtacht a uasmhéadú le formáidí fíorúla, amhail comhar fíorúil, foghlaim chumaisc agus foghlaim fhíorúil. I gcásanna eisceachtúla nach bhféadfaidh daoine páirt a ghlacadh i ngníomhartha agus gníomhaíochtaí soghluaisteachta, féadfar a chur ar a gcumas, a bhuí le formáidí fíorúla, leas a bhaint as buntáistí an Chláir ar bhealach atá costéifeachtach agus nuálach. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh an Clár ina thacú freisin le formáidí agus uirlisí fíorúla den sórt sin. Maidir le formáidí agus uirlisí fíorúla den sórt sin, go háirithe iad siúd a úsáidtear le haghaidh foghlaim teangacha, ba cheart iad a chur ar fáil don phobal chomh forleathan agus is féidir. [Leasú 20]

(16c)  I gcomhréir le hoibleagáidí an Aontais agus na mBallstát faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas, go háirithe Airteagal 9 de maidir le hinrochtaineacht agus Airteagal 24 de maidir le hoideachas, ba cheart aird ar leith a thabhairt chun a áirithiú go mbeidh an rochtain chéanna saor ó bhacainní ar an gClár ag daoine faoi mhíchumas. Chun na críche sin, ba cheart tacaíocht bhreise, lena n-áirítear tacaíocht airgeadais, a sholáthar i gcás inar gá. [Leasú 21]

(16d)  Maidir le constaicí dlí agus riaracháin, amhail deacrachtaí víosaí agus ceadanna cónaí a fháil agus rochtain a fháil ar sheirbhísí tacaíochta, go háirithe seirbhísí sláinte, is féidir leo a bheith ina mbac ar rochtain ar an gClár. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit na bearta uile is gá a ghlacadh chun na constaicí sin a bhaint, agus dlí an Aontais á chomhlíonadh ina iomláine, agus chun malartuithe trasteorann a éascú, mar shampla tríd an gCárta Eorpach um Árachas Sláinte a eisiúint. [Leasú 22]

(17)  Thug an Coimisiún chun suntais ina Theachtaireacht maidir leis an bhféiniúlacht Eorpach a neartú trí oideachas agus cultúr, ról lárnach an oideachais, an chultúir agus an spóirt maidir le saoránacht ghníomhach, luachanna comhchoiteanna braistint ar an dlúthpháirtíocht a chur chun cinn i measc na nglún is óige. Tá sé ríthábhachtach do thodhchaí na hEorpa agus ár sochaithe daonlathacha an fhéiniúlacht Eorpach a neartú agus rannpháirteachas gníomhach daoine aonair agus na sochaí sibhialta i bpróisis dhaonlathacha a chothú. Rannchuidíonn dul thar lear chun staidéar, foghlaim, obair a dhéanamh nó chun oiliúint a fháil nó chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí óige agus spóirt le neartú na féiniúlachta Eorpaí seo i lán a héagsúlachta agus le neartú bhraistint an pháirteachais i bpobal cultúrtha agus chun saoránacht ghníomhach, comhtháthú sóisialta agus smaointeoireacht chriticiúil a chothú i measc daoine ó gach aoisghrúpa. Ba cheart dóibh siúd atá páirteach i ngníomhaíochtaí soghluaisteachta rannpháirtíocht a ghlacadh ina bpobail áitiúla agus chun rannpháirtiú i bpobail áitiúla a dtíre óstaí chun a dtaithí a chomhroinnt. Ba cheart tacú le gníomhaíochtaí a bhaineann le hatreisiú ghnéithe uile na cruthaitheachta maidir le hoideachas, oiliúint agus an óige agus feabhsú príomhinniúlachtaí aonair. [Leasú 23]

(17a)  Tá sé tábhachtach go dtabharfar breisluach Eorpach faoin gClár. Dá bhrí sin, níor cheart go mbeadh gníomhartha agus gníomhaíochtaí incháilithe do chistiú faoin gClár mura rud é go bhféadfaidh siad breisluach Eorpach féideartha a léiriú. Ba cheart go bhféadfaí breisluach Eorpach a léiriú ar roinnt bealaí, trí chineál trasnáisiúnta na ngníomhaíochtaí, mar shampla, a gcomhlántacht agus sineirgí le cláir agus beartais eile de chuid an Aontais, an méid a rannchuidíonn siad le húsáid éifeachtach uirlisí trédhearcachta agus aitheantais an Aontais, an méid a rannchuidíonn siad le forbairt chaighdeáin deimhnithe cáilíochta uile-Aontais, an méid a rannchuidíonn siad le forbairt chaighdeáin choiteanna uile-Aontais i gcláir oideachais agus oiliúna, an méid a dhéanann siad chun ilteangachas agus idirphlé idirchultúrtha agus idirchreidimh a chur chun cinn, an méid a chothaíonn siad braistint Eorpach ar an rud is muintearas ann agus an méid a neartaíonn siad saoránacht na hEorpa. [Leasú 24]

(18)  Ba cheart borradh a chur faoi ghné idirnáisiúnta an Chláir a threisiú trí líon níos mó deiseanna a chur ar fáil do dhaoine aonair agus d’eagraíochtaí maidir le soghluaisteacht, comhar agus idirphlé beartais le tríú tíortha nach bhfuil bainteach leis an gClár, go háirithe tíortha i mbéal forbartha. Ba cheart go mbeadh an ghné idirnáisiúnta ina tacú le forbairt scileanna agus malartuithe idir daoine agus, i gcás náisiúnaigh tíortha i mbéal forbartha, ba cheart go mbeadh sí ina tacú le haistriú eolais ar ais chuig a dtíortha tionscnaimh i ndeireadh a dtréimhsí staidéir. Ba cheart go dtreiseodh sí freisin le fothú acmhainneachta na gcóras oideachais i dtíortha i mbéal forbartha. Ag cur leis an rath ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí ardoideachais agus óige idirnáisiúnta sna cláir réamhtheachtacha sna réimsí maidir le hoideachas, oiliúint agus an óige, ba cheart na gníomhaíochtaí soghluaisteachta idirnáisiúnta a shíneadh le hearnálacha eile, amhail gairmoideachas agus gairmoiliúint agus spórt. [Leasú 25]

(18a)  Chun tionchar na ngníomhaíochtaí i dtíortha i mbéal forbartha a fheabhsú, tá sé tábhachtach sineirgí a fheabhsú idir Erasmus+ agus ionstraimí le haghaidh ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais, amhail an Ionstraim um an gComharsanacht, an Ionstraim um Fhorbairt, an Ionstraim um Chomhar Idirnáisiúnta agus an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais. [Leasú 26]

(19)  Bhí rath ar ailtireacht bhunúsach chlár 2014-2020 i dtrí chaibidil - oideachas agus oiliúint, an óige agus spórt – agus í struchtúraithe timpeall ar thrí phríomhbheart agus dá réir sin ba cheart cloí léi. Ba cheart feabhsúcháin a thabhairt isteach chun na bearta arna dtacú faoin gClár a chuíchóiriú.

(20)  Ba cheart go n-atreiseodh an Clár na deiseanna soghluaisteachta foghlama atá ann cheana, go háirithe sna hearnálacha sin ina bhféadfadh na gnóthachain éifeachtúlachta is mó a bheith ag an gClár, chun a fhor-rochtain a leathnú agus chun freastal ar an ardéileamh nach ndearnadh freastal air go fóill. Ba cheart é sin a dhéanamh le bearta spriocdhírithe lena gcuirtear san áireamh riachtanais shonracha oideachais na dtairbhithe atá beartaithe, go háirithe trí ghníomhaíochtaí soghluaisteachta do mhic léinn agus baill foirne ardoideachais, do dhaltaí agus baill foirne scoile, lena n-áirítear múinteoirí réamhscoile agus baill foirne in oideachas agus cúram na luathóige agus foghlaimeoirí in oideachas na luathóige, agus baill foirne sa ghairmoideachas. Maidir le deiseanna soghluaisteachta d’fhoghlaimeoirí gairmoideachais agus gairmoiliúna i réigiúin teorann, ba cheart iad a chur chun cinn tuilleadh chun na foghlaimeoirí sin a ullmhú do chomhthéacs sonrach an mhargaidh saothair trasteorann. Ba cheart deiseanna a thabhairt faoin gClár freisin d’fhoghlaimeoirí agus baill foirne san oideachas aosach. Is iad is príomhchuspóirí leis an oideachas aosach aistriú eolais, inniúlachtaí agus scileanna agus cur chun cinn an chuimsithe shóisialta, na saoránachta gníomhaí, na forbartha pearsanta agus na folláine. Ba cheart deiseanna soghluaisteachta don óige a atá rannpháirteach i ngníomhaíochtaí foghlama seachfhoirmiúla a fhairsingiú chun for-rochtain a fháil ar a thuilleadh daoine óga, go háirithe nuatheachtaithe, iad siúd a bhfuil líon níos lú deiseanna acu agus grúpaí sa daonra nach bhfuil inrochtana go héasca. Ba cheart soghluaisteacht foirne maidir le hoideachas, oiliúint, an óige agus spórt a atreisiú, ag tabhairt a héifeacht ghiarála san áireamh, ag cur béim ar leith ar athoiliúint agus ar an uasoiliúint, agus ag cur forbairt scileanna le haghaidh an mhargaidh saothair chun cinn. I gcomhréir leis an bhfís d’fhíor-Limistéar Oideachais Eorpach, ba cheart go dtreiseodh an Clár soghluaisteacht agus malairtí agus go gcuirfeadh sé rannpháirteachas mac léinn chun cinn i ngníomhaíochtaí oideachasúla, cultúrtha agus spóirt trí phróisis a dhigitiú chun éascú a dhéanamh ar nósanna imeachta iarratais agus ar rannpháirteachas sa Chlár, trí chórais ar líne atá soláimhsithe a fhorbairt bunaithe ar dhea-chleachtas agus trí uirlisí nua, amhail an Cárta Mic Léinn Eorpach, a chruthú. D’fhéadfadh an tionscnamh seo a bheith ina chéim thábhachtach chun soghluaisteacht do chách a fhíorú, i dtosach trí institiúidí ardoideachais a chumasú tuilleadh mac léinn a sheoladh agus a fháil agus cáilíocht maidir le soghluaisteacht na mac léinn á feabhsú go fóill agus trí rochtain na mac léinn ar sheirbhísí éagsúla a éascú (an leabharlann, iompar, lóistín) sula sroichfidh siad an institiúid thar lear. [Leasú 27]

(20a)  Leis an gClár, ba cheart eispéiris soghluaisteachta ar ardcháilíocht a áirithiú bunaithe ar na prionsabail a leagtar síos i Moladh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le soghluaisteacht thrasnáisiúnta laistigh den Chomhphobal chun críche oideachais agus oiliúna: an Chairt Eorpach Cháilíochta don tSoghluaisteacht(18), lena soiléirítear go bhfuil tionchar follasach ar bhuntáistí na soghluaisteachta ag cáilíocht na faisnéise, ullmhúchán, tacaíocht agus aithint taithí agus cáilíochtaí, agus freisin ag pleananna soiléire foghlama agus torthaí soiléirí foghlama arna dtarraingt suas roimh ré. Ba cheart gníomhaíochtaí soghluaisteachta a ullmhú i gceart roimh ré. Is minc is féidir an t-ullmhúchán sin a dhéanamh go héifeachtúil trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide. I gcás inar iomchuí, ba cheart go bhféadfaí tacaíocht a thabhairt faoin gClár freisin do chuairteanna ullmhúcháin le haghaidh gníomhaíochtaí soghluaisteachta. [Leasú 28]

(20b)  Leis an gClár, ba cheart tacú le soghluaisteacht múinteoirí agus ball foirne oideachais ar an uile leibhéal agus an tsoghluaisteacht sin a spreagadh chun cleachtais oibre a fheabhsú agus chun rannchuidiú le forbairt ghairmiúil. I bhfianaise an róil ríthábhachtaigh a imríonn an t-oideachas réamhscoile agus oideachas na luathóige maidir le héagothromaíochtaí sóisialta agus eacnamaíocha a chosc, tá sé tábhachtach go bhféadfaidh múinteoirí agus baill foirne ar an leibhéal sin a bheith rannpháirteach sa tsoghluaisteacht foghlama faoin gClár. I dtaca le teagasc, ba cheart spreagadh a thabhairt faoin gClár le nuálaíochtaí beartais a thástáil ar bhonn píolótach chun aghaidh a thabhairt ar roinnt de na dúshláin choiteanna atá roimh chórais oideachais san Aontas, amhail tallann nua a mhealladh isteach sa teagasc i gcás na leanaí is imeallaithe agus oiliúint a fhorbairt do mhúinteoirí chun cuidiú leo foghlaimeoirí faoi mhíbhuntáiste a mhúineadh. Chun na buntáistí a ghabhann le rannpháirteachas sa Chlár do mhúinteoirí agus baill foirne oideachais a uasmhéadú, ba cheart gach iarracht a dhéanamh chun a áirithiú go gcuirfear timpeallacht thacúil le haghaidh soghluaisteachta ar fáil dóibh, ar timpeallacht í ina mbeidh an tsoghluaisteacht ina cuid dá gclár oibre agus dá n-ualach oibre rialta, agus chun a áirithiú go mbeidh rochtain acu ar dheiseanna cuí oiliúna agus go bhfaighidh siad tacaíocht iomchuí airgeadais bunaithe ar an tír agus, i gcás inarb iomchuí, ar an réigiún ina mbeidh an tsoghluaisteacht foghlama le tarlú.. [Leasú 29]

(20c)  Mar aitheantas ar an ról ríthábhachtach a imríonn an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint maidir le deiseanna poist a fheabhsú agus le cuimsiú sóisialta a chur chun cinn, ba cheart cuidiú a thabhairt faoin gClár chun cuimsitheacht, cáilíocht agus ábharthacht an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna a atreisiú i gcomhréir le teachtaireacht ón gCoimisiún an 10 Meitheamh 2016 maidir le Clár Oibre nua Scileanna don Eoraip: Ag obair le chéile chun an caipiteal daonna, an infhostaitheacht agus an t-iomaíochas a neartú(19). Ba cheart go ndéanfadh an Clár naisc níos láidre a chur chun cinn idir soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna agus fostóirí, idir phríobhaideach agus phoiblí. Ba cheart go mbeadh sé ina chuidiú freisin chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna earnáil-sonracha sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint, chun comhpháirtíochtaí soghluaisteachta ar ardcháilíocht agus aithint agus deimhniú inniúlachta a chothú, agus chun soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna a spreagadh le cur isteach ar an gCairt um Shoghluaisteacht Gairmoideachais agus Gairmoiliúna mar chomhartha cáilíochta. [Leasú 30]

(21)  Ba cheart go spreagfadh an Clár rannpháirtiú na n-óg i saol daonlathach na hEorpa, lena n-áirítear trí thacú le tionscadail rannpháirtíochta do dhaoine óga chun dul i ngleic leis an tsochaí shibhialta agus rannpháirtiú inti, feasacht a mhúscailt faoi luachanna comhchoiteanna Eorpacha, lena n-áirítear cearta bunúsacha agus stair, cultúr agus saoránacht na hEorpa, daoine óga a thabhairt le chéile mar aon le cinnteoirí ar an leibhéal áitiúil agus náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, agus rannchuidiú leis an bpróiseas lánpháirtíochta Eorpach. Ba cheart go ndéanfadh an Clár feasacht a mhúscailt faoi uirlisí ríomhdhaonlathais, lena n-áirítear an Tionscnamh ó na Saoránaigh. Ba cheart go ndéanfadh sé malartú idir glúine a chur chun cinn freisin i measc daoine óga agus daoine scothaosta. I bhfianaise an róil ríthábhachtaigh a imríonn eagraíochtaí don óige agus obair don óige chun na cuspóirí sin a bhaint amach, ba cheart go mbeadh an Clár ina thacú le forbairt earnáil na hóige san Aontas. [Leasú 31]

(22)  Ba cheart go dtairgfí tuilleadh deiseanna do dhaoine óga tríd an gClár an Eoraip a fheiceáil faoin tionscnamh nua dar teideal DiscoverEU. Ba cheart go dtabharfaí an seans do dhaoine óga idir 18 mbliana d’aois agus 20 bliain d’aois, go háirithe dóibh siúd a bhfuil líon níos lú deiseanna acu, eispéireas aonair nó eispéireas gearrthéarma den chéad uair i ngrúpa a bheith acu ar a bheith ag taisteal ar fud na hEorpa mar chuid de ghníomhaíocht oideachasúil sheachfhoirmiúil nó neamhfhoirmiúil arb é is aidhm léi an bhraistint atá acu go mbaineann siad leis an Aontas Eorpach a chothú agus an éagsúlacht chultúrtha agus teanga atá ann a fheiceáil. Ba cheart go mbeadh gné foghlama stóinseach infhíoraithe ag gabháil leis an tionscnamh agus ba cheart go n-áiritheofaí leis go scaipfear eispéiris go cuí agus go gcomhroinnfear ceachtanna chun an tionscnamh a mheasúnú agus a fheabhsú ar bhonn leanúnach. Ba cheart go ndéanfadh an Clár comhlachtaí a shainaithint atá i gceannas ar fhor-rochtain agus ar roghnú na rannpháirtithe, agus aird chuí á tabhairt ar chothromaíocht gheografach, agus ba cheart go mbeadh sé ina thacú le gníomhaíochtaí chun gné foghlama an eispéiris a chothú. Ba cheart do na comhlachtaí sin a bheith rannpháirteach freisin, i gcás inarb iomchuí, maidir le hoiliúint agus tacaíocht réamh-shoghluaisteachta agus iar-shoghluaisteachta a sholáthar, lena n-áirítear i dtaca le scileanna teanga agus idirchultúrtha. Faoi thionscnamh DiscoverEU, ba cheart naisc a thógáil le Príomhchathracha Cultúir na hEorpa, Príomhchathracha Óige na hEorpa, Príomhchathracha Saorálaíochta na hEorpa agus Príomhchathracha Glasa na hEorpa. [Leasú 32]

(23)  Rannchuidítear le tuiscint fhrithpháirteach agus soghluaisteacht laistigh den Aontas agus lasmuigh de trí theangacha a fhoghlaim. San am céanna, is scileanna bunriachtanacha saoil agus poist iad inniúlachtaí teanga. Dá bhrí sin, ba cheart go bhfeabhsódh an Clár foghlaim teangacha freisin trí chúrsaí teanga ar an láthair agus trí úsáid fhorleathnaithe a bhaint as uirlisí inrochtana ar líne, ós rud é gur féidir le ríomhfhoghlaim buntáistí breise a chur ar fáil maidir le foghlaim teanga ó thaobh rochtana agus solúbthachta de. Ba cheart aird a thabhairt ar riachtanais na n-úsáideoirí sa tacaíocht foghlama teanga a thugtar tríd an gClár, agus béim á cur ar na teangacha a úsáidtear sa tír ghlactha agus, i réigiúin teorann, ar theangacha na dtíortha comharsanachta. Ba cheart tacaíocht foghlama teanga a chumhdach le teangacha comharthaíochta náisiúnta. Ba cheart an uirlis um Thacaíocht Teanga Ar Líne Erasmus a chur in oiriúint do riachtanais shonracha na rannpháirtithe sa Chlár agus ba cheart go mbeadh sí oscailte do chách.. [Leasú 33]

(23a)  Agus é mar aidhm malartuithe a éascú idir na húdaráis agus feabhas a chur ar an idirphlé idirchultúrtha, ba cheart úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí teanga faoin gClár, amhail teicneolaíochtaí aistriúcháin uathoibríoch. [Leasú 34]

(24)  Ba cheart go mbeadh an Clár ina thacú le bearta a chuireann feabhas ar chomhar idir institiúidí agus eagraíochtaí atá gníomhach in oideachas, in oiliúint, leis an óige agus i spórt, ag aithint go bhfuil ról bunúsach ag na hinstitiúidí agus eagraíochtaí sin i bhfeistiú daoine aonair leis an eolas, na scileanna agus na hinniúlachtaí is gá i ndomhan athraitheach agus chun an fhéidearthacht le haghaidh nuálaíochta, cruthaitheachta agus fiontraíochta a chomhlíonadh go leormhaith, go háirithe laistigh den gheilleagar digiteach. Chuige sin, ba cheart comhar éifeachtach idir na geallsealbhóirí ábhartha go léir a áirithiú ar an uile leibhéal de chur chun feidhme an Chláir. [Leasú 35]

(25)  D’iarr an Chomhairle Eorpach ina conclúidí an 14 Nollaig 2017 ar na Ballstáit, ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún roinnt tionscnamh a chur ar aghaidh chun comhar Eorpach a chur ar leibhéal níos airde maidir le hoideachas agus oiliúint, lena n-áirítear trí theacht chun cinn na ‘nOllscoileanna Eorpacha’ faoi 2024 a spreagadh, lena gcuimsítear líonraí ollscoileanna ón mbun aníos ar fud an Aontais. Ba cheart go mbeadh an Clár ina thacú leis na hOllscoileanna Eorpacha sin, ar cheart dóibh a bheith tiomanta don bharr feabhais agus beartaithe institiúidí ardoideachais an Aontais a dhéanamh níos tarraingtí agus comhar a fheabhsú idir taighde, nuálaíocht agus oideachas. Tá an coincheap ‘barr feabhais’ le tuiscint sa chiall is forleithne, maidir leis an gcumas feabhas a chur ar chuimsiú freisin, mar shampla. Ba cheart é a bheith mar aidhm le tacaíocht faoin gClár cumhdach geografach na ‘nOllscoileanna Eorpacha’ a bheith forleathan. [Leasú 36]

(26)  Iarradh in Communiqué Bruges 2010 go dtabharfaí tacaíocht do bharr feabhais gairme ar mhaithe le fás cliste agus inbhuanaithe. Tugadh ar aird i dTeachtaireacht 2017 maidir leis An Nuálaíocht i Réigiúin na hEorpa a Neartú gur cuid de straitéisí speisialaithe cliste ar an leibhéal réigiúnach é go ndéanfar gairmoideachas agus gairmoiliúint a nascadh le córais nuálaíochta. Ba cheart go ndéanfadh an Clár na hacmhainní a chur ar fáil chun freagairt ar na hiarrataí sin agus tacú le forbairt ardán trasnáisiúnta d’ionaid barr feabhais gairme a bheadh comhtháite go dlúth le straitéisí áitiúla agus réigiúnacha le haghaidh fáis, nuálaíochta, iomaíochais, forbairt inbhuanaithe agus cuimsiú sóisialta. Ba cheart go bhfeidhmeodh na hionaid barr feabhais sin mar spreagthóirí scileanna gairmiúla ardcháilíochta i gcomhthéacs dúshlán earnála, agus go mbeidís ina dtacú, san am céanna, le hathruithe struchtúracha ar an bhforiomlán agus le beartais shocheacnamaíocha san Aontas. [Leasú 37]

(27)  Chun úsáid gníomhaíochtaí um chomhar fíorúil a úsáid, ba cheart go mbeadh an Clár ina thacú le húsáid níos córasaí a bhaint as ardáin ar líne atá ann faoi láthair, amhail eTwinning, an Tairseach Oideachais Scoile, an Ríomh-Ardán don Fhoghlaim Aosach san Eoraip, Tairseach Eorpach na hÓige agus an t-ardán ar líne le haghaidh ardoideachais. I gcás inarb iomchuí, ba cheart spreagadh a thabhairt faoin gClár freisin chun ardáin nua ar líne a fhorbairt chun seachadadh beartais oideachais, oiliúna, spóirt agus óige a neartú agus a nuachóiriú ar an leibhéal Eorpach. Ba cheart na hardáin sin a dhéanamh soláimhsithe agus inrochtana de réir bhrí Threoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(20). [Leasú 38]

(28)  Ba cheart go mbeadh an Clár ina rannchuidiú le trédhearcacht agus aithint fhrithpháirteach uathoibríoch scileanna, inniúlachtaí, cáilíochtaí agus dioplómaí a éascú, anuas ar aistriú creidiúintí nó fianaise eile ar thorthaí foghlama, chun dearbhú cáilíochta a chothú agus chun tacú le bailíochtú na foghlama seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla, le bainistiú scileanna agus le treoir. Maidir leis sin, ba cheart go ndéanfadh an Clár tacaíocht a chur ar fáil freisin do phointí teagmhála agus líonraí ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, ar pointí teagmhala agus líonraí iad a sholáthraíonn faisnéis agus cúnamh do rannpháirtithe ionchasacha, agus a éascaíonn, ar an gcaoi sin, malairtí tras-Eorpacha mar aon le forbairt bealaí foghlama solúbtha idir réimsí éagsúla oideachais, oiliúna agus óige agus ar fud socruithe foirmiúla agus seachfhoirmiúla. [Leasú 39]

(29)  Ba cheart go gcuirfeadh an Clár acmhainneacht iar-rannpháirtithe Erasmus+ i gceann oibre agus go dtacódh sé go háirithe le gníomhaíochtaí de líonraí Alumni, d'ambasadóirí agus d’Eora-phiaraí, trí iad a spreagadh chun feidhmiú mar iolraitheoirí an Chláir.

(29a)  Ba cheart go ndéanfadh an Clár béim ar leith a chur ar bhailíochtú agus aithint treimhsí oideachais agus oiliúna thar lear, lena n-áirítear san oideachas meánscoile. Ina leith sin, ba cheart dámhachtain deontas a nascadh le nósanna imeachta um measúnú cáilíochta agus le tuairisc ar thorthaí na foghlama, agus le cur i bhfeidhm iomlán Mholadh ón gComhairle an 15 Márta 2018 maidir le Creat Eorpach le haghaidh Printíseachtaí Ardcháilíochta agus Éifeachtúla(21), Mholadh ón gComhairle an 20 Nollaig 2012 maidir le Bailíochtú Foghlama Neamhfhoirmiúla agus Seachfhoirmiúla(22) agus uirlisí Eorpacha lena rannchuidítear le haitheantas a thabhairt d’fhoghlaim thar lear agus le foghlaim ar ardcháilíocht a áirithiú, amhail an Creat Eorpach um Cháilíochtaí (EQF), an Clár Eorpach um Dhearbhú Cáilíochta san Ardoideachas (EQAR), an Córas Creidmheasa Eorpach don Ghairmoideachais agus don Ghairmoiliúint (ECVET) agus an Creat Tagartha Eorpach um Dhearbhú Cáilíochta i nGairmoideachas agus i nGairmoiliúint (EQAVET). [Leasú 40]

(30)  Mar bhealach chun comhar a áirithiú le hionstraimí eile de chuid an Aontais agus chun tacú le beartais eile de chuid an Aontais, ba cheart deiseanna soghluaisteachta a thairiscint do dhaoine in earnálacha éagsúla gníomhaíochta, amhail an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach, talmhaíocht agus fiontar, ionas go mbeadh oiliúint, intéirneacht nó eispéireas foghlama thar lear acu a ligfeadh dóibh, ag céim ar bith dá saol, fás agus forbairt a dhéanamh ar bhonn pearsanta, go háirithe trí fheasacht ar a bhféiniúlacht Eorpach a fhorbairt agus tuiscint a fháil ar éagsúlacht chultúrtha na hEorpa, agus ar bhonn gairmiúil, go háirithe trí scileanna atá ábhartha don mhargadh saothair a fháil. Ba cheart go ndéanfadh an Clár pointe iontrála a tháirgeadh maidir le scéimeanna soghluaisteachta trasnáisiúnta an Aontais lena mbaineann gné láidir foghlama, agus go ndéanfadh sé simpliú ar thairiscint scéimeanna den sórt sin le haghaidh tairbhithe agus dóibh siúd a ghlacann páirt sna gníomhaíochtaí sin. Ba cheart méadú ar thionscadail Erasmus a éascú; ba cheart bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun cuidiú le tionscnóirí thionscadail Erasmus iarratas a dhéanamh ar dheontais nó sineirgí a fhorbairt trí thacaíocht a thabhairt do Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa agus do na cláir a bhaineann le himirce, slándáil, ceartas agus saoránacht, sláinte, na meáin agus cultúr, chomh maith leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach. [Leasú 41]

(31)  Tá sé tábhachtach teagasc, foghlaim agus taighde a spreagadh maidir le cúrsaí um lánpháirtiú Eorpach agus leis na dúshláin agus deiseanna a bheidh ann don Aontas amach anseo, agus tá sé tábhachtach freisin díospóireacht a chur chun cinn i dtaobh na gcúrsaí sin trí thacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí Jean Monnet ar fud réimsí uile an oideachais agus na hoiliúna. Tá sé thar a bheith tábhachtach, i bhfianaise na ndúshlán atá roimh na luachanna comhchoiteanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe agus atá ina gcuid d’fhéiniúlacht Eorpach comhchoiteann, agus i bhfianaise leibhéil ísle rannpháirtíochta na saoránach, go ndéanfaí braistint Eorpach ar na rudaí is muintearas agus tiomantas ann a chothú. Ba cheart go leanfaí ar aghaidh faoin gClár ag rannchuidiú le barr feabhais i léann an chomhtháthaithe Eorpaigh a fhorbairt agus, san am céanna, ag cur feabhas ar rannpháirtíocht an phobail foghlama trí chéile agus an phobail i gcoitinne i lánpháirtiú na hEorpa. [Leasú 42]

(32)  Ba cheart go mbeadh an Clár i gcomhréir leis an aidhm lárnach i gComhaontú Pháras go neartófar an fhreagairt dhomhanda ar bhagairt an athraithe aeráide. I gcomhréir leis na gealltanais atá tugtha ag an Aontas Comhaontú Pháras agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme, beidh an Clár seo ina rannchuidiú le gníomhú ar son na haeráide agus forbairt inbhuanaithe a phríomhshruthú i mbeartais an Aontais agus beidh sé ina rannchuidiú leis an sprioc fhoriomlán 25 % de chaiteachas buiséadach an Aontais a bhaint amach maidir le tacú le cuspóirí aeráide thar an tréimhse a chumhdaítear le Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027, agus sprioc bhliantúil de 30 % a bheidh le tabhairt isteach a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 2027. Sainaithneofar gníomhaíochtaí ábhartha le linn ullmhú agus chur chun feidhme an Chláir, agus déanfar athmheasúnú ar na gníomhaíochtaí sin i gcomhthéacs na meastóireachtaí ábhartha an phróisis athbhreithnithe. [Leasú 43]

(32a)  I bhfianaise an róil atá ag an Aontas mar ghníomhaire domhanda agus i gcomhréir le Clár 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe agus i bhfianaise na ngealltanas a thug Ballstáit ag Comhdháil Rio+20, ba cheart go ndéanfadh an Clár oideachas agus foghlaim ar feadh an tsaoil atá cuimsitheach, cothromasach agus ar ardcháilíocht a phríomhshruthú, lena n-áirítear aitheantas a thabhairt don ról ríthábhachtach a imríonn oideachas maidir leis an mbochtaineacht a chomhrac. Ba cheart go mbeadh an Clár ina rannchuidiú freisin leis an gclár oibre don fhorbairt inbhuanaithe trí thacú le hiarrachtaí forbairt a dhéanamh ar na scileanna is gá don fhorbairt inbhuanaithe agus oideachas a chur ar dhaoine maidir le hinbhuanaitheacht, cosaint an chomhshaoil agus an athrú aeráide trí oideachas foirmiúil, seachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil. [Leasú 44]

(33)  Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais do ré iomlán an Chlár arb é a bheidh ann an príomh-mhéid tagartha, de réir bhrí [tagairt le nuashonrú de réir mar is cuí Phointe 17 den Chomhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, maidir le comhoibriú in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais(23)], do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil. Ba cheart a áirithiú go dtiocfaidh méadú mór, ón mbliain 2021, ar bhuiséad bliantúil an Chláir, i gcomparáid le bliain deiridh chreat airgeadais ilbhliantúil 2014-2020, agus go mbeidh fás líneach agus céimseach ar leithdháiltí bliantúla. Bheadh próifíl bhuiséadach den sórt sin ina chuidiú le rochtain níos forleithne a áirithiú ó thús thréimhse chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 agus le méaduithe díréireacha a sheachaint sna blianta deiridh a d’fhéadfadh a bheith deacair a iompar. [Leasú 45]

(34)  Laistigh de bhunchlúdach le haghaidh bearta atá le bainistiú ag na gníomhaireachtaí náisiúnta i réimse an oideachais agus na hoiliúna, ba cheart miondealú ar an leithdháileadh íosta in aghaidh na hearnála (ardoideachas, oideachas scoile, gairmoideachas agus gairmoiliúint, agus oideachas aosach) a shainiú d’fhonn mais chriticiúil leithreasuithe a ráthú chun an t-aschur agus na torthaí atá beartaithe a bhaint amach i ngach ceann de na hearnálacha sin. Ba cheart an leithdháileadh buiséid beacht de réir gníomhaíochta agus tionscnaimh a leagan síos sa chlár oibre. [Leasú 46]

(35)  Tá feidhm ag Rialachán (AE, Euratom) Uimh. [leagan nua FR] (an “Rialachán Airgeadais”)(24) maidir leis an gClár seo. Leagtar síos leis rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, lena n‑áirítear na rialacha maidir le deontais, duaiseanna, soláthar, cur chun feidhme indíreach, cúnamh airgeadais, ionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha.

(36)  Maidir leis na cineálacha maoiniúcháin agus na modhanna cur chun feidhme a úsáidfear faoin Rialachán seo, ba cheart iad a roghnú ar bhonn a gcumais cuspóirí sonracha na ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus torthaí a chur ar fáil, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar na costais rialuithe, ar an ualach riaracháin agus ar an riosca neamh-chomhlíontachta a mheastar a bheith ann. Ba cheart a áireamh sa mhéid sin breithniú ar úsáid a bhaint as cnapshuimeanna, as rátaí comhréidhe agus costais aonad, agus freisin as maoiniú nach bhfuil nasctha le costais, mar a thagraítear dó in Airteagal [125(1)] den Rialachán Airgeadais. Ba cheart prionsabail na trédhearcachta, na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe mar a leagtar amach sa Rialachán Airgeadais a urramú agus an Clár á chur chun feidhme. [Leasú 47]

(37)  Féadfaidh tríú tíortha ar comhaltaí iad de Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) a bheith rannpháirteach sa Chlár faoi chuimsiú an chomhair arna bhunú faoin gcomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), ina ndéantar foráil do chur chun feidhme chláir an Aontais le cinneadh faoin gcomhaontú sin. Féadfaidh tríú tíortha a bheith rannpháirteach freisin ar bhonn ionstraimí airgeadais eile. Leis an Rialachán seo, ba cheart na cearta agus an rochtain is gá a dheonú don oifigeach údarúcháin freagrach, don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, chun go bhféadfaidh siad a gcuid inniúlachtaí faoi seach a fheidhmiú. Ba cheart go mbeadh rannpháirtíocht iomlán tríú tíortha sa Chlár faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos i gcomhaontuithe sonracha lena gcumhdaítear rannpháirtíocht na tríú tíre lena mbaineann sa Chlár. Thairis sin, tá i gceist le rannpháirtíocht iomlán an oibleagáid gníomhaireacht náisiúnta a chur ar bun agus roinnt de ghníomhaíochtaí an Chláir a bhainistiú ar leibhéal díláraithe. Ba cheart go bhféadfadh daoine aonair agus eintitis ó thríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár a bheith rannpháirteach i gcuid de ngníomhaíochtaí an Chláir, mar a shainítear sa chlár oibre agus sna hiarrataí ar thograí arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún. D’fhéadfaí socruithe sonracha maidir le daoine aonair agus eintitis ó mhicreastáit Eorpacha a chur san áireamh agus an Clár á chur chun feidhme. [Leasú 48]

(38)  I gcomhréir le hAirteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus i gcomhréir leis an teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le ‘Comhpháirtíocht straitéiseach níos láidre agus athnuaite leis na réigiúin is forimeallaí den Aontas”(25), (an ‘teachtaireacht maidir le comhpháirtíocht straitéiseach’), ba cheart cás sonrach na réigiún sin a chur san áireamh sa Chlár. Déanfar bearta chun rannpháirtíocht na réigiún is forimeallaí a mhéadú i ngach gníomhaíocht. Ba cheart malairtí agus comhar soghluaisteachta idir daoine agus eagraíochtaí ó na réigiúin sin agus ó thríú tíortha, go háirithe a gcomharsana, a chothú. Déanfar faireachán agus meastóireacht ar bhearta den sórt sin ar bhonn rialta.. [Leasú 49]

(38a)  Sa teachtaireacht maidir le comhpháirtíocht straitéiseach, d’aithin an Coimisiún go rachadh soghluaisteacht mhéadaithe foghlaimeoirí agus foirne in oideachas agus oiliúint, go háirithe faoi chlár Erasmus +, go mór chun tairbhe do na réigiúin is forimeallaí, agus gheall sé an tacaíocht airgeadais a thugtar do rannpháirtithe a thaistealaíonn ó na réigiúin is forimeallaí agus chucu a choigeartú tuilleadh trí na rialacha cistiúcháin sonracha do na réigiúin sin a choinneáil faoi Erasmus +, féachaint ar na féidearthachtaí i dtaobh comhar réigiúnach faoi Erasmus plus a leathnú amach chun soghluaisteacht idir na réigiúin is forimeallaí agus tríú tíortha comharsanacha a spreagadh tuilleadh, agus Ciste Sóisialta na hEorpa+ a úsáid mar chomhlánú ar Erasmus + . [Leasú 50]

(39)  De bhun [déanfar an tagairt a nuashonrú de réir mar is cuí i gcomhréir le Cinneadh nua maidir le tíortha agus críocha thar learAirteagal 94 de Chinneadh 2013/755/CE ón gComhairle(26)], tá daoine aonair agus eintitis atá lonnaithe i dtíortha agus críocha thar lear incháilithe do chistiú faoi réir rialacha agus chuspóirí an Chláir agus faoi réir aon socrú féideartha is infheidhme maidir leis an mBallstát lena mbaineann an tír nó an chríoch ábhartha thar lear. Ba cheart na srianta a bhíonn ann mar gheall ar iargúltacht na dtíortha nó na gcríoch sin a chur san áireamh agus an Clár á chur chun feidhme, agus déanfar faireachán agus meastóireacht ar bhonn rialta ar a rannpháirtíocht sa Chlár.

(40)  Ba cheart leanúnachas a choinneáil sa Chlár i dtéarmaí na gcuspóirí agus na dtosaíochtaí atá leis. Mar sin féin, ós rud é go bhfuil sé le cur chun feidhme thar thréimhse 7 mbliana, is gá foráil a dhéanamh do mhéid áirithe solúbthachta chun a chumasú dó na hathruithe atá ag teacht ar chúrsaí agus tosaíochtaí polaitiúla i réimse an oideachais, na hoiliúna, na hóige agus an spóirt. Dá bhrí sin, ní shainítear go mionsonrach sa Rialachán seo an chaoi a bhfuil tionscnaimh shonracha le ceapadh ná ní thugtar réamhbhreith ann ar na tosaíochtaí polaitiúla go léir agus ar na tosaíochtaí polaitiúla lena mbaineann do na seacht mbliana atá le teacht. Os a choinne sin, ba cheart na roghanna agus tosaíochtaí tánaisteacha beartais, lena n-áirítear mionsonraí faoi thionscnaimh nua shonracha, a chinneadh trí bhíthin clár oibre i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais. Agus na tionscnaimh nua sin á gceapadh, ba cheart tarraingt ar na ceachtanna ó thionscnaimh phíolótacha a bhí ann roimhe seo agus atá ann faoi láthair sa réimse agus ba cheart aird chuí a thabhairt ar an mbreisluach Eorpach maidir le substaint agus struchtúr an tionscnaimh. Ba cheart na bearta is gá leis na tionscnaimh nua a chur chun feidhme a leagan amach freisin sa chlár oibre, i gcomhréir le cuspóirí ginearálta agus sonracha an Chláir, leis na critéir roghnúcháin agus dámhachtana le haghaidh deontas, chomh maith le gach aon ghné eile is gá. Is trí bhíthin gníomh tarmligthe ba cheart cláir oibre agus aon leasuithe a dhéantar orthu a ghlacadh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe agus i gcomhairle leis na gníomhaireachtaí agus geallsealbhóirí náisiúnta, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.. [Leasú 51]

(40a)  Ba cheart don Choimisiún, in éineacht leis na gníomhaireachtaí náisiúnta, faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chláir le linn a shaolré agus i ndiaidh dó a bheith tugtha chun críche. Ba cheart an mheastóireacht deiridh ar an gClár a dhéanamh go tráthúil ionas go bhféadfar leas a bhaint aisti, de réir mar is iomchuí, san athbhreithniú meántéarma ar an gclár a thiocfaidh i gcomharbacht. Go háirithe, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú meántéarma a dhéanamh ar an gClár, lena mbeidh togra reachtach ag gabháil, i gcás inar . [Leasú 52]

(41)  De bhun mhír 22 agus mhír 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016(27), is gá meastóireacht a dhéanamh ar an gClár seo ar bhonn faisnéise arna bailiú trí cheanglais faireacháin shonracha, agus ró‑rialáil agus ualach riaracháin, ar na Ballstáit tairbhithe go háirithe, á seachaint san am céanna. Ba cheart go mbeadh táscairí sonracha, intomhaiste agus réalaíocha ar féidir tomhas a dhéanamh orthu thar thréimhse ama mar bhunús le haghaidh meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí an Chláir ar an láthair. [Leasú 53]

(42)  Ba cheart for-rochtain iomchuí, poiblíocht agus scaipeadh na ndeiseanna agus torthaí na mbeart a dtacaíonn an Clár leo a áirithiú ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta agus áitiúil. Ba cheart go mbraithfidh na gníomhaíochtaí for-rochtana, poiblíochta agus scaipthe ar chomhlachtaí cur chun feidhme an Chláir, lena n‑áirítear, nuair is ábhartha, i gcás inarb infheidhme tacaíocht a fháil ó phríomhpháirtithe leasmhara ábhartha eile. [Leasú 54]

(43)  Chun an chumarsáid leis an phobal i gcoitinne a dhéanamh níos éifeachtaí agus chun sineirgí idir gníomhaíochtaí cumarsáide a dhéantar ar thionscnamh an Choimisiúin a threisiú, ba cheart do na hacmhainní a leithdháiltear ar ghníomhartha cumarsáide faoin Rialachán seo rannchuidiú freisin le cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais a chumhdach, ar an gcoinníoll go bhfuil siad sin bainteach le cuspóir ginearálta an Rialacháin seo. [Leasú 55]

(44)  Chun cur chun feidhme éifeachtúil agus éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart go ndéanfadh an Clár an úsáid is mó is féidir a bhaint as socruithe bainistíochta atá i bhfeidhm cheana. Ba cheart, dá bhrí sin, cur chun feidhme an Chláir a chur de chúram ar an gCoimisiún agus ar na gníomhaireachtaí náisiúnta, ar cheart dóibh cur i bhfeidhm comhsheasmhach agus simplí rialacha an Chláir a áirithiú ar fud an Aontais le himeacht aimsire. Chuige sin agus chun a áirithiú go gcuirfear an Clár chun feidhme go héifeachtach, ba cheart don Choimisiún agus do na gníomhaireachtaí náisiúnta oibriú le chéile, agus i gcomhairle le geallsealbhóirí, chun nósanna imeachta comhsheasmhacha, simplí agus ardcháilíochta a fhorbairt agus chun éascú a dhéanamh ar mhalartú dea-chleachtas a fhéadfaidh feabhas a chur ar cháilíocht na dtionscadal faoin gClár. I gcás inarb indéanta, agus chun uasmhéadú a dhéanamh ar éifeachtúlacht, ba cheart gurbh ionann na gníomhaireachtaí náisiúta agus an ceann a ainmneofar chun bainistiú a dhéanamh ar an gclár réamhtheachtach. Ba cheart go mbeadh raon feidhme na meastóireachta ar chomhlíonadh ex-ante teoranta do na ceanglais atá nua agus sonrach don Chlár, mura rud é go dtugtar údar lena mhalairt, amhail i gcás easnaimh thromchúiseacha nó tearcfheidhmíochta ar thaobh na gníomhaireachta náisiúnta lena mbaineann.. [Leasú 56]

(44a)  Chun eagraithe tionscadal nach bhfuil taithí acu ar chláir cistiúcháin an Aontais a spreagadh le hiarratas a dhéanamh ar chistiú, ba cheart don Choimisiún agus do na gníomhaireachtaí náisiúnta comhairle agus tacaíocht a thabhairt agus ba cheart dóibh a áirithiú go mbeidh na nósanna imeachta iarratais chomh soiléir agus is féidir. Ba cheart treoir an Chláir a fheabhsú tuilleadh chun é a dhéanamh soláimhsithe agus soiléir agus ba cheart na foirmeacha iarratais a dhéanamh simplí agus iad a chur ar fáil go tráthúil. Chun an próiseas iarratais a nuachóiriú agus a chomhchuibhiú tuilleadh, ba cheart uirlis chomhchoiteann, ilteangach is ionad ilfhreastail a fhorbairt do thairbhithe an Chláir agus dóibh siúd a bhfuil baint acu le bainistiú an Chláir. [Leasú 57]

(44b)  Mar riail ghinearálta, ba cheart iarrataí ar dheontais agus iarratais tionscadail a chur faoi bhráid ghníomhaireacht náisiúnta na tíre ina bhfuil an t-iarratasóir bunaithe, agus ba cheart don ghníomhaireacht náisiúta sin bainistiú a dhéanamh orthu. Mar sin féin, ba cheart, de mhaolú ar an méid sin, iarrataí ar dheontais agus iarratais tionscadail i leith gníomhaíochtaí arna n-eagrú ag líonraí uile-Aontais agus ag eagraíochtaí Eorpacha agus idirinstitiúideacha a chur faoi bhráid an Choimisiúin, agus ba cheart don Choimisiún iad a bhainistiú go díreach. [Leasú 58]

(45)  Chun bainistíocht fhónta airgeadais agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú i ngach tír rannpháirteach, ba cheart do gach údarás náisiúnta comhlacht neamhspleách iniúchóireachta a ainmniú. Más gá, agus chun uasmhéadú a dhéanamh ar éifeachtúlacht, féadfaidh an comhlacht neamhspleách iniúchóireachta céanna arna ainmniú do na bearta dá dtagraítear i gCaibidil III de Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 a bheith i gceist anseo.

(46)  Ba cheart do na Ballstáit féachaint le gach beart iomchuí a ghlacadh chun deireadh a chur le bacainní dlí agus riaracháin a d’fhéadfadh rochtain ar fheidhmiú ceart an Chláir a chosc nó a d’fhéadfadh bac a chur ar fheidhmiú ceart an Chláir. Áirítear leis sin teacht ar réiteach, i gcás inar féidir, agus gan dochar do dhlí an Aontais maidir le dul isteach agus cónaí náisiúnach tríú tír, ar shaincheisteanna riaracháin a chruthaíonn deacrachtaí víosaí agus ceadanna cónaithe a fháil. I gcomhréir le Treoir (AE) 2016/801 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(28), moltar do Bhallstáit nósanna imeachta meara um ligean isteach a bhunú. [Leasú 59]

(47)  Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta áiritheofar go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chláir, go mbaileofar iad ar dhóigh atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil agus ar an leibhéal cuí gráinneachta. Ba cheart sonraí dá leithéid a chur in iúl don Choimisiún i slí a chomhlíonann na rialacha cosanta sonraí ábhartha.

(48)  Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(29). [Leasú 60]

(49)  Chun na ceanglais ar thairbhithe a shimpliú, ba cheart úsáid a bhaint, a mhéid is féidir, as deontais shimplithe i bhfoirm cnapshuimeanna, costais aonaid agus cistiú ar ráta comhréidh. I gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais agus chun riarachán an Chláir a shimpliú, ba cheart íocaíochtaí ar ráta comhréidh bunaithe ar an tionscadal ábhartha a úsáid le haghaidh gníomhaíochtaí soghluaisteachta ar fud na n-earnálacha go léir. Maidir leis na deontais shimplithe chun tacú le gníomhaíochtaí soghluaisteachta an Chláir, mar atá sainithe ag an gCoimisiún, ba cheart iad a athbhreithniú agus a choigeartú go tráthrialta i bhfianaise chostais mhaireachtála agus chothaithe na tíre óstaí agus an réigiúin óstaigh. Ba cheart go bhféadfadh an Coimisiún agus gníomhaireachtaí náisiúnta na dtíortha seolta na deontais shimplithe sin a choigeartú ar bhonn critéir oibiachtúla, go háirithe chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag daoine a bhfuil líon níos lú deiseanna acu. I gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ba cheart na Ballstáit a spreagadh chomh maith chun na deontais sin a dhíolmhú ó aon chánacha agus tobhaigh shóisialta. Ba cheart feidhm a bheith ag an díolúine chéanna maidir le heintitis phoiblí nó phríobháideacha a dhámhann tacaíocht airgeadais den sórt sin do na daoine aonair lena mbaineann. [Leasú 61]

(50)  I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 833/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(30), Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle(31) agus Rialachán (AE) Uimh. 2017/1939 ón gComhairle(32), déanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha, lena n‑áirítear trí neamhrialtachtaí agus calaois a chosc, a bhrath, a chur ina gceart agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a aisghabháil agus, i gcás inarb iomchuí, smachtbhannaí riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 833/2013 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 féadfaidh an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) imscrúduithe a dhéanamh, lena n‑áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a fháil amach cibé ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, féadfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) calaois agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a fhiosrú, de réir mar a fhoráiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(33). I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ní mór d’aon duine nó d'aon eintiteas a fhaigheann cistí ón Aontas comhoibriú go hiomlán i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais agus na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, don Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise, do Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, agus ní mór dó a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha.

(51)  Tá sé riachtanach comhlántacht na mbeart arna gcur i gcrích laistigh den Chlár le gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag na Ballstáit agus le gníomhaíochtaí eile an Aontais a áirithiú, go háirithe sna réimsí siúd maidir le hoideachas, cultúr, na meáin, an óige agus dlúthpháirtíocht, fostaíocht agus cuimsiú sóisialta, tionscal agus fiontar, talmhaíocht agus forbairt tuaithe le béim ar fheirmeoirí óga, ar chomhtháiteacht, ar bheartas réigiúnach agus ar chomhar agus ar fhorbairt idirnáisiúnta.

(52)  Cé gur lig an creat rialála atá ann cheana do na Ballstáit agus do na réigiúin sineirgí a bhunú sa tréimhse cláraithe roimhe seo idir Erasmus+ agus ionstraimí eile de chuid an Aontais, amhail cistí struchtúracha agus infheistíochta na hEorpa, a thacaíonn freisin le forbairt cháilíochtúil na gcóras oideachais, oiliúna agus óige san Aontas, níor baineadh go leor tairbhe as an bhféidearthacht sin go dtí seo, a chuir teorainn le héifeachtaí córasacha tionscadal agus leis an tionchar ar bheartas. Ba cheart go dtarlódh cumarsáid agus comhar éifeachtach ar leibhéal náisiúnta idir na comhlachtaí náisiúnta atá i gceannas ar bhainistiú na n‑ionstraimí éagsúla chun a dtionchar faoi seach a uasmhéadú. Ba cheart go mbeadh foráil sa chlár le haghaidh comhar gníomhach leis na hionstraimí sin, go háirithe trína áirithiú, maidir le hiarratas ardcháilíochta nach bhféadfar a mhaoiniú faoin gClár, i ngeall ar chistí neamh-leormhaithe, go bhféadfar é a mheas le haghaidh cistiúcháin, trí nós imeachta simplithe, faoi Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa. Chun simpliú a dhéanamh ar an nós imeachta le haghaidh gníomhaíochtaí den sórt sin, ba cheart go bhféadfaí ‘Séala Barr Feabhais’ a bhronnadh orthu mar aitheantas ar an ardcháilíocht atá iontu. Ba cheart go bhféadfaí rátaí rátha fhoriomláin na dtionscadal a mhéadú a bhuí leis an gcomhlántacht traschláir sin. [Leasú 62]

(52a)  Chun éifeachtacht thacaíocht chistiúcháin agus bheartais an Aontais a uasmhéadú, tá sé tábhachtach sineirgí agus comhlántacht a chothú ar bhealach comhleanúnach ar fud na gclár ábhartha ar fad. Níor cheart go mbeadh sé mar thoradh ar shineirgí agus comhlántacht den sórt sin go ndéanfaí na cistí a leithdháiltear ar Chlár Erasmus+ a bhainistiú lasmuigh de struchtúr an Chláir, ná níor cheart go mbeadh sé mar thoradh orthu go mbainfí leas as cistí chun cuspóirí seachas iad sin a leagtar amach sa Rialachán seo a shaothrú. Is iad nósanna imeachta iarratais simplithe ar leibhéal an chur chun feidhme ba cheart a bheith mar thoradh ar aon sineirgí agus ar aon chomhlántacht. [Leasú 63]

(53)  D’fhonn táscairí feidhmíochta an Chláir a athbhreithniú nó a chomhlánú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaobh na hIarscríbhinne. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, ba cheart do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle na doiciméid uile a fháil ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus ba cheart rochtain chórasach a bheith ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(54)  Is iomchuí a áirithiú go gcuirfear deireadh ceart leis an gclár réamhtheachtaí, go háirithe maidir lena bheith ag leanúint de shocruithe ilbhliantúla maidir lena bhainistiú, amhail cúnamh teicniúil agus riaracháin a mhaoiniú. Ón 1 Eanáir 2021 amach, ba cheart, más gá, a áirithiú leis an gcúnamh teicniúil agus riaracháin go mbainisteofaí na bearta nach bhfuil tugtha chun críche faoin gclár réamhtheachtaí faoin 31 Nollaig 2020.

(55)  Urramaíonn an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Go háirithe, is sprioc é de chuid an Rialacháin seo urraim iomlán a áirithiú do cheart an chomhionannais idir fhir agus mhná agus don cheart an neamh‑idirdhealaithe bunaithe ar inscne, ar bhunadh ciníoch nó eitneach, ar ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar chlaonadh gnéasach, agus chun feidhmiú Airteagal 21 agus Airteagal 23 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn. Dá bhrí sin, ba cheart tacaíocht a thabhairt go gníomhach faoin gClár seo do thionscnaimh lena bhféachtar le feasacht a mhúscailt agus le dearcthaí dearfacha a chur chun cinn maidir le haon cheann de na grúpaí a d’fhéadfadh sé go ndéanfaí idirdhealú orthu, agus lena bhféachtar le comhionannas inscne a chothú. Ba cheart go mbeadh sé ina thacú freisin le hiarrachtaí aghaidh a thabhairt ar an mbearna oideachais agus na deacrachtaí sonracha atá os comhair na Romaigh trína rannpháirtíocht iomlán sa Chlár a éascú. Ba cheart urraim ar na cearta agus prionsabail a aithnítear go háirithe sa Chairt um Chearta Bunúsacha a phríomhshruthú ar fud phróiseas pleanála, cur chun feidhme, faireacháin agus meastóireachta an Chláir. [Leasú 64]

(56)  Beidh feidhm ag rialacha cothrománacha airgeadais arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an Rialachán seo. Tá na rialacha sin leagtha síos sa Rialachán Airgeadais agus cinntear leo go háirithe an nós imeachta chun an buiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, sholáthar, dhuaiseanna agus chur chun feidhme indíreach, agus déantar foráil leo chun freagracht gníomhaithe airgeadais a sheiceáil. Na rialacha a ghlactar ar bhonn Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, baineann siad freisin le cosaint bhuiséad an Aontais i gcás easnaimh ghinearálaithe maidir le smacht reachta sna Ballstáit, ós rud é gur réamhchoinníoll riachtanach urramú an smachta reachta i dtaca le bainistiú fónta airgeadais agus cistiú éifeachtach de chuid an Aontais Eorpaigh.

(57)  Ós rud é nach féidir le Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a bhaint amach go cuí ach gur féidir, mar gheall ar a charachtar trasnáisiúnta, méid mór agus forleathan raon feidhme geografach na ngníomhaíochtaí soghluaisteachta agus comhair arna maoiniú, a éifeachtaí maidir le rochtain ar shoghluaisteacht foghlama agus i gcoitinne ar lánpháirtiú an Aontais, agus mar gheall ar a ghné idirnáisiúnta atreisithe, é a bhaint amach ar dhóigh níos fearr ar leibhéal an Aontais, is féidir leis an Aontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, de réir mar atá leagtha amach in Airteagal 5 de Chonradh an Aontais Eorpaigh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán sin thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(58)  Ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 a aisghairm ón 1 Eanáir 2021.

(59)  Chun leanúnachas a áirithiú maidir leis an tacaíocht cistithe arna soláthar faoin gClár, ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2021,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo clár maidir le beart an Aontais i réimsí an oideachais, na hoiliúna, na hóige agus an spóirt ar a dtugtar "Erasmus +" (an "Clár").

Leagtar síos leis cuspóirí an Chláir, an buiséad don tréimhse 2021-2027, na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)  ciallaíonn ‘foghlaim ar feadh an tsaoil’ foghlaim i ngach foirm (foghlaim fhoirmiúil, sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil) a tharlaíonn ag gach céim den saol, lena n-áirítear oideachas agus cúram na luath-óige, oideachas ginearálta, gairmoideachas agus gairmoiliúint, ardoideachas, agus oideachas aosach, as a dtagann feabhas nó nuashonrú ar eolas, scileanna, inniúlachtaí agus dearcthaí nó rannpháirtíocht sa tsochaí ó thaobh pearsanta, sibhialta, cultúrtha nó sóisialta de agus/nó a bhaineann le fostaíocht, lena n-áirítear seirbhísí comhairleoireachta agus treoraíochta a sholáthar; [Leasú 65]

(2)  ciallaíonn ‘soghluaisteacht foghlama’ bogadh go fisiceach go tír eile nach í an tír chónaithe í, chun staidéir, oiliúint, lena n-áirítear athoiliúint nó uasoiliúint, nó foghlaim sheachfhoirmiúil nó neamhfhoirmiúil a ghabháil ar láimh; féadfaidh sí a bheith i bhfoirm tréimhsí oiliúna, printíseachtaí, malartuithe óige, teagasc nó páirt a ghlacadh i ngníomhaíocht ghairmiúil forbraíochta; féadfaidh bearta amhail tacaíocht teanga, lena n-áirítear le haghaidh teangacha comharthaíochta náisiúnta, a bheith ag gabháil léi mar aon le hoiliúint agus/nó féadfar í a chomhlánú trí fhoghlaim inrochtana ar líne agus trí chomhar fíorúil; [Leasú 66]

(2a)  ciallaíonn ‘foghlaim fhíorúil’ sealbhú scileanna agus eolais trí úsáid a bhaint as uirlisí inrochtana faisnéise agus cumarsáide; [Leasú 67]

(2b)  ciallaíonn ‘foghlaim chumaisc’ sealbhú scileanna agus eolais trí mheascán d’uirlisí fíorúla oideachais agus oiliúna agus modhanna traidisiúnta oideachais agus oiliúna; [Leasú 68]

(3)  ciallaíonn "foghlaim neamhfhoirmeálta" foghlaim dheonach a tharlaíonn lasmuigh d'oideachas foirmeálta agus d'oiliúint fhoirmeálta trí ghníomhaíochtaí a bhíonn ar siúl trí ghníomhaíochtaí cuspóiriúla (i dtéarmaí cuspóirí, modhanna agus ama) agus lena mbaineann cineál éigin tacaíocht foghlama;

(4)  ciallaíonn "foghlaim neamhfhoirmiúil" foghlaim mar thoradh ar ghníomhaíochtaí laethúla a bhaineann le hobair, le teaghlach nó le fóillíocht agus nach bhfuil eagraithe ná struchtúraithe i dtéarmaí cuspóirí, ama nó tacaíochta foghlama; D'fhéadfadh sé a bheith neamhbheartaithe ó dhearcadh an fhoghlaimeora;

(5)  ciallaíonn "daoine óga" daoine atá idir trí bliana déag d'aois agus tríocha bliain d'aois;

(6)  ciallaíonn ‘spórt an phobail’ spórt eagraithe a imríonn an lucht spóirt amaitéarach, idir óg agus aosta, go tráthrialta chun críocha sláinte, oideachais nó sóisialta; [Leasú 69]

(7)  ciallaíonn ‘mac léinn ardoideachais’ duine ar bith atá cláraithe ag institiúid ardoideachais, lena n-áirítear ar leibhéal gearr-thimthriallach, baitsiléara, máistreachta nó dochtúireachta nó a choibhéis, nó duine ar bith a bhfuil céim bainte amach aige nó aici ó institiúid den sórt sin le 24 mhí anuas; [Leasú 70]

(8)  ciallaíonn ‘ball foirne’ aon duine atá páirteach san oideachas ar an uile leibhéal, san oiliúint nó san fhoghlaim sheachfhoirmiúil, bíodh sé ar bhonn gairmiúil nó deonach, agus féadfaidh ollúna, múinteoirí, oiliúnóirí, taighdeoirí, ceannairí scoile, oibrithe don óige, baill foirne nach mbíonn ag plé go díreach leis an oideachas agus cleachtóirí eile atá rannpháirteach i gcur chun cinn na foghlama a bheith ar áireamh inti; [Leasú 71]

(8a)  ciallaíonn ‘baill foirne spóirt’ daoine atá bainteach le bainistiú, treorú nó oiliúint foirne spóirt nó mórán daoine aonair a imríonn spórt, ar bhonn íoctha nó ar bhonn deonach; [Leasú 72]

(9)  ciallaíonn ‘foghlaimeoir gairmoideachais agus gairmoiliúna’ aon duine atá cláraithe ar chlár gairmoideachais nó gairmoiliúna tosaigh nó leanúnach ar aon leibhéal ón dara leibhéal suas go dtí an leibhéal iar-mheánscoile nó aon duine a bhain céim amach ó chlár den sórt sin le 24 mhí anuas; [Leasú 73]

(10)  ciallaíonn ‘dalta scoile’ aon duine atá cláraithe i gcáil foghlama ag institiúid a sholáthraíonn oideachas ginearálta ag aon leibhéal ó chúram agus oideachas na luath-óige go dtí oideachas meánscoile uachtaraí, nó aon duine a fhaigheann a chuid scolaíochta nó a cuid scolaíochta lasmuigh de shuíomh institiúideach agus a mheasann na húdaráis inniúla a bheith incháilithe chun páirt a ghlacadh sa Chlár, ina gcríoch faoi seach; [Leasú 74]

(11)  ciallaíonn “oideachas aosach” aon chineál oideachais nach gairmoideachas é d’aosaigh i ndiaidh an oideachais tosaigh, is cuma é a bheith de chineál foirmeálta, neamhfhoirmeálta nó neamhfhoirmiúil;

(12)  ciallaíonn “tríú tír nach bhfuil bainteach leis an gClár” tríú tír nach bhfuil go hiomlán rannpháirteach sa Chlár ach a d’fhéadfadh a heintitis dhlíthiúla tairbhe eisceachtúil a bhaint as an gClár i gcásanna cuí‑údaraithe atá chun leasa an Aontais; [Leasú 75]

(13)  ciallaíonn “tríú tír” tír nach Ballstát í;

(14)  ciallaíonn “comhpháirtíocht” comhaontú idir grúpa institiúidí nó eagraíochtaí chun comhghníomhaíochtaí agus comhthionscadail a chur i gcrích;

(15)  ciallaíonn ‘comhchéim mháistreachta nó dhochtúireachta’ clár comhtháite staidéir a chuireann dhá institiúid ardoideachais ar a laghad ar fáil agus a bhfuil teastas céime amháin mar thoradh air arna eisiúint agus arna shíniú ag gach ceann de na hinstitiúidí rannpháirteacha le chéile agus a aithnítear go hoifigiúil sna tíortha ina bhfuil na hinstitiúidí rannpháirteacha; [Leasú 76]

(16)  baineann “idirnáisiúnta” le haon bheart lena mbaineann aon tríú tíre ar a laghad nach bhfuil bainteach leis an gClár;

(17)  ciallaíonn “comhar fíorúil” aon chineál comhair lena n‑úsáidtear uirlisí teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide;

(18)  ciallaíonn ‘institiúid ardoideachais’ aon eintiteas ina dtairgtear, i gcomhréir leis an dlí nó cleachtas náisiúnta, céimeanna aitheanta nó cáilíochtaí aitheanta eile tríú leibhéil, is cuma cén t-ainm atá ar an mbunaíocht sin mar aon le haon chineál eile eintitis inchomparáide a mheasann na húdaráis náisiúnta a bheith incháilithe chun páirt a ghlacadh sa Chlár, ina gcríocha faoi seach; [Leasú 77]

(19)  baineann “trasnáisiúnta” le haon bheart lena mbaineann dhá thír ar a laghad ar Ballstáit nó ar tríú tíortha iad atá bainteach leis an gClár;

(20)  ciallaíonn ‘gníomhaíocht um rannpháirtíocht óige’ gníomhaíocht lasmuigh den scoil a dhéanann grúpaí neamhfhoirmiúla daoine óga agus/nó eagraíochtaí don óige, agus a bhfuil cur chuige um fhoghlaim sheachfhoirmiúil nó neamhfhoirmiúil agus tacaíocht don inrochtaineacht agus don chuimsiú mar thréithe di; [Leasú 78]

(21)  ciallaíonn ‘oibrí don óige’ gairmí nó saorálaí atá páirteach san fhoghlaim sheachfhoirmiúil nó neamhfhoirmiúil agus a thacaíonn le daoine óga ina bhforbairt phearsanta, lena n-áirítear a bhforbairt shochoideachasúil agus ghairmiúil agus forbairt a gcuid inniúlachtaí; [Leasú 79]

(22)  ciallaíonn ‘idirphlé Óige an Aontais’ an t-idirphlé idir lucht ceaptha beartais, cinnteoirí, saineolaithe, taighdeoirí nó geallsealbhóirí ón tsochaí shibhialta, de réir mar is iomchuí, agus daoine óga agus eagraíochtaí don óige; fónann sé mar fhóram le haghaidh machnamh comhpháirteach leanúnach ar thosaíochtaí, cur chun feidhme agus obair leantach an chomhair Eorpaigh sna réimsí ar fad atá ábhartha do dhaoine óga; [Leasú 80]

(23)  ciallaíonn "tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gclár" tríú tír is páirtí i gcomhaontú leis an Aontas trínar féidir léi a bheith rannpháirteach sa Chlár agus a chomhlíonann na hoibleagáidí uile a leagtar síos sa Rialachán seo maidir leis na Ballstáit. [Leasú 81]

(24)  ciallaíonn ‘eintiteas dlíthiúil’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bunaíodh mar eintiteas dlíthiúil agus a aithnítear mar eintiteas dlíthiúil faoin dlí náisiúnta, faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí idirnáisiúnta, a bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aige agus a fhéadfaidh, ag gníomhú dó ina ainm féin, cearta a fheidhmiú agus a bheith faoi réir oibleagáidí, nó eintiteas nach bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aige i gcomhréir le hAirteagal 197(2)(c) den Rialachán Airgeadais;

(25)  ciallaíonn ‘daoine a bhfuil líon níos lú deiseanna acu’ daoine atá faoi mhíbhuntáiste sa rochtain atá acu ar an gClár mar gheall ar bhacainní éagsúla a eascraíonn, mar shampla, as míchumas, fadhbanna sláinte, deacraíochtaí oideachasúla, a gcúlra imirce, difríochtaí cultúrtha, a staid eacnamaíoch, shóisialta agus gheografach, lena n-áirítear daoine ó phobail imeallaithe nó a bhfuil baol ann go ndéanfaí idirdhealú orthu bunaithe ar aon cheann de na forais a chumhdaítear in Airteagal 21 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh; [Leasú 82]

(26)  ciallaíonn “údarás náisiúnta” an t‑údarás atá i gceannas, ar leibhéal náisiúnta, ar fhaireachán agus ar mhaoirseacht ar bhainistiú an Chláir i mBallstát nó i dtríú tír atá bainteach leis an gClár;

(27)  ciallaíonn “gníomhaireacht náisiúnta” aon chomhlacht nó níos mó ná sin i mBallstát áirithe nó i dtríú tír atá bainteach leis an gClár atá i gceannas ar bhainistiú chur chun feidhme an Chláir ar leibhéal náisiúnta. D’fhéadfadh níos mó ná aon ghníomhaireacht náisiúnta a bheith ann i mBallstát áirithe nó i dtríú tír atá bainteach leis an gClár;

(27a)  ciallaíonn ‘Séala Barr Feabhais’ an lipéad ardcháilíochta a bhronntar ar thionscadail a chuirtear faoi bhráid an Chláir agus a mheastar go bhfuil cistiú tuillte acu ach nach bhfaigheann é mar gheall ar theorainneacha buiséid; aithníonn sé luach an togra agus tacaíonn sé leis an gcuardach le haghaidh cistiú malartach. [Leasú 83]

Airteagal 3

Cuspóirí an Chláir

1.  Is é is aidhm ghinearálta leis an gClár tacú le forbairt oideachasúil, ghairmiúil agus phearsanta daoine san oideachas, oiliúint, gníomhaíochtaí don óige agus spórt, tríd an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil, san Eoraip agus lastall di, agus rannchuidiú dá réir sin le fás inbhuanaithe, le poist ardcháilíochta, comhtháthú sóisialta agus cuimsiú sóisialta, le saoránacht ghníomhach a chur chun cinn agus leis an bhféiniúlacht Eorpach a neartú. Dá réir sin, beidh an Clár ina phríomhionstraim chun limistéar oideachais Eorpach a thógáil, chun nuálaíocht san oideachas agus san fhoghlaim a spreagadh, chun tacú le cur chun feidhme an chomhair straitéisigh Eorpaigh i réimse an oideachais agus na hoiliúna, lena ngabhann cláir oibre fholuiteacha earnála, chun comhar um beartas óige a thabhairt chun cinn faoi Straitéis Óige an Aontais 2019-2027 agus chun an ghné Eorpach a fhorbairt i spórt. [Leasú 84]

2.  Tá na cuspóirí sonracha seo a leanas ag an gClár:

(a)  soghluaisteacht foghlama daoine aonair a chur chun cinn, mar aon le comhar, cuimsiú, cothroime, barr feabhais, cruthaitheacht agus nuálaíocht ar leibhéal na n-eagraíochtaí agus na mbeartas i réimse an oideachais agus na hoiliúna; [Leasú 85]

(b)  soghluaisteacht foghlama seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla, foghlaim idirchultúrtha, smaointeoireacht chriticiúil agus rannpháirtíocht ghníomhach i measc daoine óga a chur chun cinn, mar aon le comhar, cuimsiú, cáilíocht, cruthaitheacht agus nuálaíocht ar leibhéal na n-eagraíochtaí agus na mbeartas i réimse na hóige; [Leasú 86]

(c)  soghluaisteacht foghlama ball foirne spóirt agus daoine óga a imríonn spórt go rialta i suíomh eagraithe a chur chun cinn, laistigh de spórt an phobail, mar aon le comhar, cuimsiú, cruthaitheacht agus nuálaíocht ar leibhéal na n-eagraíochtaí spóirt agus na mbeartas spóirt; [Leasú 87]

(ca)  foghlaim ar feadh an tsaoil a chur chun cinn trí chur chuige trasearnála ar fud suíomhanna foirmiúla, seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla agus trí thacú le conair foghlama solúbtha. [Leasú 88]

2a.  Áireofar sa Chlár gné idirnáisiúnta atreisithe arb é is aidhm léi tacú le cuspóirí an Aontais maidir le gníomhaíocht sheachtrach agus forbairt, trí chomhar idir an tAontas agus tríú tíortha. [Leasú 89]

3.  Saothrófar cuspóirí an Chláir trí na trí phríomhbheart a leanas:

(a)  soghluaisteacht foghlama (‘príomhbheart 1’);

(b)  comhar i measc eagraíochtaí agus institiúidí (‘príomhbheart 2’); agus

(c)  tacaíocht d'fhorbairt beartas agus do chomhar ('príomhbheart 3');

Saothrófar na cuspóirí freisin trí bhearta Jean Monnet de réir mar atá leagtha amach in Airteagal 7.

Beidh ag gabháil le gníomhaíochtaí uile an Chláir gné láidir foghlama lena rannchuideofar le cuspóirí an Chláir a leagtar amach san Airteagal seo a chomhlíonadh. Leagtar amach i gCaibidil II (oideachas agus oiliúint), i gCaibidil III (an óige) agus i gCaibidil IV (spórt) an cur síos ar na gníomhaíochtaí a dtacaítear leo faoi gach príomhghníomhaíocht. Déanfar na cuspóirí oibríochtúla agus na tosaíochtaí beartais comhfhreagracha le haghaidh gach gníomhaíochta a shonrú go mion sa chlár oibre dá dtagraítear in Airteagal 19. [Leasú 90]

Airteagal 3a

Breisluach Eorpach

1.  Ní thacóidh an Clár ach leis na gníomhartha agus leis na gníomhaíochtaí sin a chuireann breisluach Eorpach ar fáil agus a rannchuidíonn leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 a bhaint amach.

2.  Áiritheofar breisluach Eorpach ghníomhartha agus ghníomhaíochtaí an Chláir, mar shampla trí na nithe seo a leanas:

(a)  an ghné thrasnáisiúnta atá acu, go háirithe maidir le soghluaisteacht agus comhar atá dírithe ar thionchar sistéamach inbhuanaithe a bhaint amach;

(b)  comhlántacht agus sineirgí le cláir agus beartais eile ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta;

(c)  an méid a rannchuidíonn siad le huirlisí trédhearcachta agus aitheantais an Aontais a úsáid go héifeachtach;

(d)  an méid a rannchuidíonn siad le caighdeáin dearbhaithe cáilíochta uile-Aontais, lena n-áirítear cairteacha, a fhorbairt;

(e)  an méid a rannchuidíonn siad le comhchaighdeáin uile-Aontais a fhorbairt i gcláir oideachais agus oiliúna;

(f)  idirphlé idirchultúrtha agus idirchreidimh a chothú ar fud an Aontais;

(g)  ilteangachas a chothú ar fud an Aontais; nó

(h)  braistint Eorpach ar an rud is muintearas ann a chothú agus saoránacht Eorpach chomhchoiteann a neartú. [Leasú 91]

CAIBIDIL II

OIDEACHAS AGUS GAIRMOILIÚINT

Airteagal 4

Príomhbheart 1

Soghluaisteacht foghlama

I réimse an oideachais agus na hoiliúna, tacóidh an Clár leis na bearta a leanas faoi phríomhbheart 1:

(a)  soghluaisteacht san ardoideachas idir mhic léinn agus bhaill foirne;

(b)  soghluaisteacht i ngairmoideachas agus i ngairmoiliúint idir fhoghlaimeoirí bhaill foirne;

(c)  soghluaisteacht ar scoil idir dhaltaí agus bhaill foirne, lena n-áirítear múinteoirí réamhscoile agus baill foirne in oideachas agus cúram na luath-óige; [Leasú 92]

(d)  soghluaisteacht na mball foirne agus na bhfoghlaimeoirí san oideachas aosach; [Leasú 93]

(e)  deiseanna foghlama teanga, lena n‑áirítear na gníomhaíochtaí soghluaisteachta tacaíochta.

Beidh an Clár ina thacú le bearta maidir le foghlaim fhíorúil agus le foghlaim chumaisc, a bheidh ag gabháil leis na gníomhaíochtaí soghluaisteachta a leagtar amach i mír 1. Beidh sé ina thacú freisin le bearta den sórt sin do na daoine sin nach féidir leo páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí soghluaisteachta den sórt sin.

Áiritheoidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, go ndéanfar uirlisí foghlama fíorúla agus uirlisí foghlama cumaisc faoin gClár a chur ar fáil don phobal i gcoitinne. [Leasú 94]

Féadfar tacaíocht a dhámhachtain freisin chun na gníomhaíochtaí soghluaisteachta a leagtar amach san Airteagal seo a ullmhú freisin, lena n-áirítear le haghaidh cuairteanna ullmhúcháin, de réir mar is gá. [Leasú 95]

Airteagal 5

Príomhbheart 2

Comhar i measc eagraíochtaí agus institiúidí

I réimse an oideachais agus na hoiliúna, tacóidh an Clár leis na bearta a leanas faoi phríomhbheart 2:

(a)  comhpháirtíochtaí straitéiseacha le haghaidh comhair agus malartuithe cleachtas, lena n-áirítear comhpháirtíochtaí mionscála chun rochtain leathan agus níos cuimsithí ar an gClár a chothú; [Leasú 96]

(b)  comhpháirtíochtaí barr feabhais, go háirithe ollscoileanna Eorpacha, Ionaid um barr feabhais gairme agus comhchéimeanna máistreachta nó dochtúireachta Erasmus Mundus; Beidh baint ag eintiteas amháin ar a laghad atá bunaithe i mBallstát leis na hollscoileanna Eorpacha agus leis na hIonaid barr feabhais gairme; [Leasú 97]

(c)  comhpháirtíochtaí um nuálaíochta, amhail comhghuaillíochtaí don oideachas aosach, chun acmhainneacht nuálaíochta na hEorpa a neartú; [Leasú 98]

(d)  ardáin agus uirlisí inrochtana agus soláimhsithe ar líne le haghaidh comhar fíorúil, lena n-áirítear na seirbhísí tacaíochta le haghaidh eTwinning agus don ardán leictreonach le haghaidh foghlaim aosach san Eoraip, uirlisí chun úsáid mhodhanna an Deartha Uilíoch don Fhoghlaim a chur chun cinn, agus uirlisí chun soghluaisteacht a éascú, amhail an Cárta Mic Léinn Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 25(7c); [Leasú 99]

(da)  fothú acmhainneachta spriocdhírithe i réimse an ardoideachais i dtríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár. [Leasú 100]

Airteagal 6

Príomhbheart 3

Tacaíocht d'fhorbairt beartas agus do chomhar

I réimse an oideachais agus na hoiliúna, tacóidh an Clár leis na bearta a leanas faoi phríomhbheart 3:

(a)  ullmhú agus cur chun feidhme chláir oibre beartais earnála an Aontais maidir le hoideachas agus oiliúint, lena n‑áirítear tacaíocht ó líonra Eurydice nó ó ghníomhaíochtaí eagraíochtaí ábhartha eile;

(b)  an tacaíocht d’uirlisí agus bearta an Aontais lena gcothaítear cáilíocht, trédhearcacht, aithint agus nuashonrú inniúlachtaí, scileanna agus cáilíochtaí(34); [Leasú 101]

(c)  idirphlé beartais agus comhar le geallsealbhóirí ábhartha agus tacaíocht dóibh, lena n-áirítear líonraí uile-Aontais agus eagraíochtaí Eorpacha agus idirnáisiúnta i réimse an oideachais agus na hoiliúna; [Leasú 102]

(d)  bearta spriocdhírithe lena rannchuidítear le cur chun feidhme ardcháilíochta agus cuimsitheach an Chláir; [Leasú 103]

(e)  comhar le hionstraimí eile an Aontais mar aon le tacaíocht do bheartais eile an Aontais;

(f)  gníomhaíochtaí scaipthe agus múscailte feasachta maidir le torthaí agus tosaíochtaí na mbeartas Eorpach agus maidir leis an gClár.

Airteagal 7

Bearta Jean Monnet

Beidh an Clár ina thacú le teagasc, foghlaim, taighde agus díospóireachtaí maidir le cúrsaí a bhaineann le lánpháirtiú na hEorpa agus maidir leis na dúshláin agus na deiseanna a bheidh ann don Aontas amach anseo, trí na gníomhaíochtaí seo a leanas: [Leasú 104]

(a)  Beart Jean Monnet i réimse an ardoideachais; [Leasú 105]

(b)  Gníomhaíocht Jean Monnet i réimsí uile an oideachais agus na hoiliúna; [Leasú 106]

(c)  tacaíocht a thabhairt do na hinstitiúidí seo a leanas a bhfuil aidhm leasa Eorpaigh á saothrú acu: an Institiúid Ollscoile Eorpach, Flórans, lena n‑áirítear Scoil an Rialachais Thrasnáisiúnaigh; Coláiste na hEorpa (campais Bhrugge agus Natolin); an Institiúid Eorpach um Riarachán Poiblí, Maastricht; Acadamh an Dlí Eorpaigh, Trier; an Ghníomhaireacht Eorpach um Riachtanais Speisialta Oideachais agus um Oideachas Cuimsitheach, Odense agus an tIonad Idirnáisiúnta d'Oiliúint Eorpach, Nice.

CAIBIDIL III

An tAos Óg

Airteagal 8

Príomhbheart 1

Soghluaisteacht foghlama

I réimse na hóige, tacóidh an Clár leis na bearta a leanas faoi phríomhbheart 1:

(a)  soghluaisteacht daoine óga;

(b)  gníomhaíochtaí rannpháirtíochta óige;

(c)  gníomhaíochtaí DiscoverEU;

(d)  soghluaisteacht oibrithe óga.

Airteagal 9

Príomhbheart 2

Comhar i measc eagraíochtaí agus institiúidí

I réimse na hóige, tacóidh an Clár leis na bearta a leanas faoi phríomhbheart 2:

(a)  comhpháirtíochtaí straitéiseacha le haghaidh comhair agus malartuithe cleachtas, lena n-áirítear comhpháirtíochtaí mionscála chun rochtain leathan agus níos cuimsithí ar an gClár a chothú; [Leasú 107]

(b)  comhpháirtíochtaí um nuáil chun cumas nuála na hEorpa a neartú;

(c)  ardáin agus uirlisí inrochtana agus soláimhsithe ar líne le haghaidh comhar fíorúil. [Leasú 108]

Airteagal 10

Príomhbheart 3

Tacaíocht d'fhorbairt beartas agus do chomhar

I réimse na hóige, tacóidh an Clár leis na bearta a leanas faoi phríomhbheart 3:

(a)  clár oibre beartais an Aontais maidir leis an óige a ullmhú agus a chur chun feidhme, de réir mar is ábhartha, le tacaíocht ó líonra Youth Wiki; [Leasú 109]

(b)  Uirlisí agus bearta an Aontais lena gcothaítear cáilíocht, trédhearcacht agus aitheantas ar inniúlachtaí agus ar scileanna, go háirithe trí Youthpass;

(c)  caidreamh beartais agus comhar le geallsealbhóirí ábhartha agus tacaíocht dóibh lena n-áirítear líonraí uile-Aontais, eagraíochtaí Eorpacha agus idirnáisiúnta i réimse na hóige, idirphlé Óige an Aontais agus tacaíocht d’Fhóram Eorpach na nÓg; [Leasú 110]

(d)  bearta lena rannchuidítear le cur chun feidhme ardcháilíochta agus cuimsitheach an Chláir; [Leasú 111]

(e)  comhar le hionstraimí eile an Aontais mar aon le tacaíocht do bheartais eile an Aontais;

(f)  gníomhaíochtaí scaipthe agus múscailte feasachta maidir le torthaí agus tosaíochtaí na mbeartas Eorpach agus maidir leis an gClár.

CAIBIDIL IV

An Spórt

Airteagal 11

Príomhbheart 1

Soghluaisteacht foghlama

I réimse an spóirt, beidh an Clár ina thacú, faoi phríomhghníomhaíocht 1, le soghluaisteacht daoine óga a imríonn spórt an phobail agus le soghluaisteacht ball foirne spóirt atá rannpháirteach i spórt an phobail. [Leasú 112]

Airteagal 12

Príomhbheart 2

Comhar i measc eagraíochtaí agus institiúidí

I réimse an spóirt, tacóidh an Clár leis na bearta a leanas faoi phríomhbheart 2:

(a)  comhpháirtíochtaí le haghaidh comhair agus malartuithe cleachtas, lena n‑áirítear comhpháirtíochtaí mionscála chun rochtain leathan agus níos cuimsithí ar an gClár a chothú;

(b)  imeachtaí neamhbhrabúis spórt an phobail, lena n-áirítear imeachtaí mionscála arb é is aidhm leo gné Eorpach an spóirt an fhorbairt tuilleadh. [Leasú 113]

Airteagal 13

Príomhbheart 3

Tacaíocht d'fhorbairt beartas agus do chomhar

I réimse an spóirt, tacóidh an Clár leis na bearta a leanas faoi phríomhbheart 3:

(a)  clár oibre beartas an Aontais maidir le spórt agus gníomhaíocht fhisiciúil a ullmhú agus a chur chun feidhme;

(b)  idirphlé beartais agus comhar le príomhpháirtithe leasmhara, lena n‑áirítear eagraíochtaí neamhrialtasacha Eorpacha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta i réimse an spóirt; [Leasú 114]

(ba)  bearta lena rannchuidítear le cur chun feidhme ardcháilíochta agus cuimsitheach an Chláir; [Leasú 115]

(bb)  comhar le hionstraimí eile de chuid an Aontais mar aon le tacaíocht do bheartais eile de chuid an Aontais; [Leasú 116]

(c)  gníomhaíochtaí scaipthe agus múscailte feasachta maidir le torthaí agus tosaíochtaí an bheartais Eorpaigh agus maidir leis an gClár, lena n‑áirítear duaiseanna agus dámhachtainí spóirt.

Caibidil IVa

CUIMSIÚ [Leasú 117]

Airteagal 13a

Straitéis maidir le cuimsiú

1.  Faoin 31 Márta 2021, forbróidh an Coimisiún creat de bhearta cuimsithe, chomh maith le treoir maidir lena gcur chun feidhme. Bunaithe ar an gcreat sin, agus aird ar leith á tabhairt ar dhúshláin sonracha maidir le rochtain ar an gClár sa chomhthéacs náisiúnta, forbróidh na gníomhaireachtaí náisiúnta straitéis ilbhliantúil maidir le cuimsiú náisiúnta. Cuirfear an straitéis sin ar fáil go poiblí faoin 30 Meitheamh 2021 agus déanfar faireachán ar chur chun feidhme na straitéise ar bhonn tráthrialta.

2.  Tabharfar aird ar leith ar na gnéithe seo a leanas sa chreat agus sa straitéis dá dtagraítear i mír 1:

(a)  comhar le comhpháirtithe sóisialta, le húdaráis náisiúnta agus áitiúla agus leis an tsochaí shibhialta;

(b)  tacaíocht d’eagraíochtaí an phobail, atá bunaithe ar chomhphobail agus a oibríonn go díreach leis na spriocghrúpaí;

(c)  for-rochtain agus cumarsáid leis na spriocghrúpaí, lena n-áirítear trí fhaisnéis sholáimhsithe a scaipeadh;

(d)  nósanna imeachta iarratais a shimpliú;

(e)  seirbhísí speisialta comhairle, oiliúna agus tacaíochta a sholáthar do na spriocghrúpaí, roimh dóibh iarratas a dhéanamh agus chun iad a ullmhú dá rannpháirtíocht sa Chlár;

(f)  dea-chleachtais maidir le seirbhísí inrochtaineachta agus tacaíochta do dhaoine atá faoi mhíchumas;

(g)  sonraí cáilíochtúla agus cainníochtúla iomchuí a bhailiú chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht na straitéise;

(h)  bearta tacaíochta airgeadais a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 13b. [Leasú 118]

Airteagal 13b

Bearta tacaíochta airgeadais um chuimsiú

1.  Oibreoidh an Coimisiún agus na Ballstáit i gcomhar le chéile chun a áirithiú go ndéanfar bearta leormhaithe tacaíochta airgeadais, lena n-áirítear réamh-mhaoiniú i gcás inarb ábhartha, a chur ar bun chun tacú le daoine a bhfuil líon níos lú deiseanna acu agus a gcuirtear bac ar a rannpháirtíocht sa Chlár ar chúiseanna airgeadais, mar gheall go bhfuil siad faoi mhíbhuntáiste eacnamaíoch nó ós rud é gur bacainn mhór iad na costais bhreise a bhaineann le rannpháirtíocht sa Chlár mar gheall ar a gcás sonrach. Is bunaithe ar chritéir oibiachtúla a dhéanfar an measúnú ar na cúiseanna airgeadais agus ar leibhéal na tacaíochta.

2.  Féadfar na nithe seo a leanas a chur san áireamh sna bearta tacaíochta airgeadais dá dtagraítear i mír 1:

(a)  tacaíocht atá ar fáil ó ionstraimí eile de chuid an Aontais, amhail Ciste Sóisialta na hEorpa+;

(b)  tacaíocht atá ar fáil faoi scéimeanna náisiúnta;

(c)  coigeartú agus breisiú ar thacaíocht do ghníomhaíochtaí soghluaisteachta atá ar fáil faoin gClár.

3.  Chun pointe (c) de mhír 2 den Airteagal seo a chomhlíonadh, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inar gá coigeartú ar na deontais lena dtacaítear le gníomhaíochtaí soghluaisteachta faoin gClár nó údaróidh sé do na gníomhaireachtaí náisiúnta iad a choigeartú. I gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach in Airteagal 14, bunóidh an Coimisiún freisin buiséad tiomnaithe chun bearta breise tacaíochta airgeadais faoin gClár a mhaoiniú.

4.  Maidir le costais na mbeart chun cuimsiú a éascú nó chun tacú leis, ní bheidh siad, in imthosca ar bith, ina n-údar le diúltú d’iarratas faoin gClár. [Leasú 119]

CAIBIDIL V

FORÁLACHA AIRGEADAIS

Airteagal 14

Buiséad

1.  Is é EUR 30 000 000 000 41 097 000 000 i bpraghsanna seasta 2018 (EUR 46 758 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir don tréimhse 2021–2027. [Leasú 120]

Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasuithe bliantúla a údarú faoi theorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil. [Leasú 121]

2.  Beidh an Clár oscailte do na tríú tíortha seo a leanas:

(a)  EUR 24 940 000 000 83 % den mhéid dá dtagraítear i mír 1 le haghaidh beart i réimse an oideachais agus na hoiliúna, arna dháileadh mar seo a leanas: : [Leasú 122]

(1)  ba cheart EUR 8 640 000 000 déanfar 34.66 % ar a laghad a dháileadh do bhearta ardoideachais dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 4 agus i bpointe (a) d’Airteagal 5; [Leasú 123]

(2)  ba cheart EUR 5 230 000 000 déanfar 23 % ar a laghad a dháileadh leithdháileadh Sdo bhearta gairmoideachais agus gairmoiliúna dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 4 agus i bpointe (a) d’Airteagal 5; [Leasú 124]

(3)  déanfar 15.63 % ar a laghad a leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí scoile, lena n-áirítear oideachas réamhscoile agus oideachas na luathóige, dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 4 agus i bpointe (a) d’Airteagal 5; [Leasú 125]

(4)  déanfar 6 % ar a laghad a leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí oideachais aosach dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 4 agus i bpointe (a) d’Airteagal 5; [Leasú 126]

(5)  EUR 450 000 000 do bhearta leithdháilfear 1.8 % ar ghníomhaíochtaí Jean Monnet dá dtagraítear in Airteagal 7; [Leasú 127]

(5a)  déanfar 13.91 % den mhéid dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo a leithdháileadh ar ghníomhartha a bhainistítear go díreach den chuid is mó, lena n-áirítear iad sin a leagtar amach i bpointe (e) d’Airteagal 4, i bpointe (b) go pointe (d) d’Airteagal 5 agus i bpointe (a) go pointe (f) d’Airteagal 6; [Leasú 128]

(5b)  féadfar úsáid a bhaint as an 5 % eile chun aon ghníomhaíochtaí i gCaibidil II a mhaoiniú; [Leasú 129]

(b)  10.3 % den mhéid dá dtagraítear i mír 1 le haghaidh gníomhaíochtaí i réimse na hóige dá dtagraítear in Airteagal 8 go hAirteagal 10; [Leasú 130]

(c)  2 % den mhéid dá dtagraítear i mír 1 le haghaidh gníomhaíochtaí i réimse an spóirt dá dtagraítear in Airteagal 11 go hAirteagal 13; agus [Leasú 131]

(d)  3.2 % ar a laghad den mhéid dá dtagraítear i mír 1 mar ranníocaíocht le costais oibríochtúla na ngníomhaireachtaí náisiúnta. [Leasú 132]

Maidir leis an 1.5 % eile nach leithdháilfear faoin dáileadh táscach a leagtar amach sa chéad fhomhír, féadfar é a úsáid le haghaidh tacaíocht chláir. [Leasú 133]

3.  Anuas ar an gclúdach airgeadais a léirítear i mír 1, agus chun gné idirnáisiúnta an Chláir a chur chun cinn, soláthrófar ranníocaíochtaí airgeadais le Rialachán …/… [An Ionstraim maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta](35) agus Rialachán …/… [IPA III](36), chun tacú le gníomhartha a bhunaítear agus a chuirtear chun feidhme faoin Rialachán seo. Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le húsáid na gcistí sin, agus comhréireacht leis na Rialacháin lena rialaítear NDICI agus IPA III faoi seach á háirithiú. [Leasú 134]

4.  Féadfar an méid dá dtagraítear i mír 1 a úsáid le haghaidh cúnamh teicniúil agus riaracháin chun an Clár a chur chun feidhme, amhail gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, lena n-áirítear córais teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha agus comhairle inrochtaineachta agus oiliúna. [Leasú 135]

5.  Gan dochar don Rialachán Airgeadais, féadfaidh caiteachas ar bhearta a d’eascraigh as tionscadail a áirítear sa chéad chlár oibre a bheith incháilithe ón 1 Eanáir 2021.

6.  Féadfar acmhainní arna leithdháileadh ar Bhallstáit faoin mbainistíocht chomhroinnte a aistriú chuig an gClár, má iarrann na Ballstáit sin. Cuirfidh an Coimisiún na hacmhainní sin chun feidhme go díreach i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais nó go hindíreach i gcomhréir le pointe (c) den Airteagal sin. Úsáidfear na hacmhainní sin chun leas an Bhallstáit lena mbaineann a dhéanamh más féidir.

6a.  Is sa chlár oibre dá dtagraítear in Airteagal 19 a chinnfear na tosaíochtaí maidir le leithdháileadh an bhuiséid de réir gníomhaíochta dá bhforáiltear i mír 2. [Leasú 136]

Airteagal 15

Cineálacha cistiúcháin ón Aontas Eorpach agus modhanna cur chun feidhme

1.  Cuirfear an Clár chun feidhme tríd an mbainistíocht dhíreach i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais nó tríd an mbainistíocht indíreach le comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 61(1)(c) den Rialachán Airgeadais.

2.  Féadfar cistiú a sholáthar ón gClár, agus an cistiú sin in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, go háirithe deontais, duaiseanna agus soláthar.

3.  Féadfaidh ranníocaíochtaí le sásra árachais fhrithpháirtigh an baol a bhaineann le gnóthú na gcistí atá dlite ag faighteoirí a chumhdach agus measfar gur ráthaíocht leordhóthanach é faoin Rialachán Airgeadais. Beidh feidhm ag na forálacha atá leagtha síos in [Airteagal X de] Rialachán X [comharba an Rialacháin maidir leis an gCiste Ráthaíochta].

CAIBIDIL VI

RANNPHÁIRTÍOCHT SA CHLÁR

Airteagal 16

Tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár

1.  Beidh an Clár oscailte do rannpháirtíocht ó na tríú tíortha seo a leanas:

(a)  Comhaltaí de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa Chomhaontú maidir le LEE;

(b)  tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna creat‑chomhaontuithe faoi seach agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais, nó i gcomhaontuithe comhchosúla, agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos sna comhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;

(c)  tíortha a chuimsítear faoi Bheartas Comharsanachta na hEorpa, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna creat‑chomhaontuithe faoi seach agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais, nó i gcomhaontuithe comhchosúla, agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos sna comhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;

(d)  tríú tíortha eile, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gcomhaontú sonrach lena gcumhdaítear rannpháirtíocht an tríú tír in aon chlár de chuid an Aontais, ar choinníoll

–  go n‑áirithíonn an comhaontú cothromaíocht i dtaca le ranníocaíochtaí agus sochair an tríú tír atá rannpháirteach i gclár an Aontais;

–  go leagtar síos coinníollacha do rannpháirtíocht sna cláir, lena n‑áirítear ríomh na ranníocaíochtaí airgeadais le cláir aonair agus a gcostais riaracháin. Ioncam sannta i gcomhréir le hAirteagal [21(5)] den Rialachán Airgeadais a bheidh sna ranníocaíochtaí sin;

–  nach dtugtar leis an gcomhaontú cumhacht don tríú tír cinntí a dhéanamh maidir leis an gClár;

–  go ráthaítear cearta an Aontais chun bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú agus chun a leasanna airgeadais a chosaint.

2.  Beidh na tíortha dá dtagraítear i mír 1 go hiomlán rannpháirteach sa Chlár chomh fada agus go gcomhlíonann siad na hoibleagáidí go léir dá bhforchuirtear ar Bhallstáit leis an Rialachán seo.

Airteagal 17

Tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár

Maidir leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 4 go hAirteagal 6 , pointe (a) agus (b) d’Airteagal 7, agus Airteagal 8 go hAirteagal 13, féadfaidh an Clár a bheith oscailte do rannpháirtíocht eintiteas dlítheanach ó aon tríú tír i gcásanna a bhfuil údar cuí leo ar mhaithe le leas an Aontais:

(a)  tríú tíortha dá dtagraítear in Airteagal 16 nach gcomhlíonann an choinníoll atá leagtha amach i mír 2 den Airteagal sin;

(b)  aon tríú tír eile. [Leasú 137]

Airteagal 18

CAIBIDIL 2 Rialacha is infheidhme maidir le bainistiú díreach agus bainistiú indíreach

1.  Beidh an Clár oscailte d’eintitis dhlíthiúla phoiblí agus phríobháideacha atá gníomhach sna réimsí maidir le hoideachas, oiliúint, an óige agus sport.

2.  Tráth a bheidh an Clár á gcur i bhfeidhm, inter alia maidir le roghnú na rannpháirtithe agus dámhachtain na scoláireachtaí, ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit, áiritheoidh siad go ndéanfar iarrachtaí ar leith chun cuimsiú sóisialta agus rannpháirtíocht daoine a bhfuil riachtanais speisialta nó a bhfuil níos lú deiseanna acu a chur chun cinn. [Leasú 138]

3.  Le haghaidh roghnúchán faoi bhainistíocht dhíreach agus neamhdhíreach araon, d’fhéadfadh an coiste meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal [145(3), an tríú fleasc] den Rialachán Airgeadais a bheith comhdhéanta as saineolaithe seachtracha.

4.  Comhlachtaí poiblí, mar aon le scoileanna, le hinstitiúidí ardoideachais agus le heagraíochtaí i réimsí an oideachais, na hoiliúna, na hóige agus an spóirt a bhfuil os cionn 50 % dá n‑ioncam bliantúil faighte acu ó fhoinsí poiblí le dhá bhliain anuas, measfar go bhfuil an cumas airgeadais, gairmiúil agus riaracháin riachtanach acu chun gníomhaíochtaí faoin gClár a chur i gcrích. Ní bheidh sé de cheangal orthu doiciméid eile a chur ar fáil chun an cumas sin a léiriú.

4a.  Déanfar na leibhéil de thacaíocht airgeadais, amhail deontais, cnapshuimeanna, rátaí comhréidhe agus costais aonaid, a athbhreithniú go tráthrialta agus a choigeartú do chostais mhaireachtála agus chothaithe na tíre óstaí nó an réigiúin óstaigh, bunaithe ar fhigiúirí Eurostat. Tabharfar aird chuí i gcoigeartú na gcostas maireachtála agus cothaithe ar na costais taistil chuig an tír óstach agus uaithi nó chuig an réigiún óstach agus uaidh. [Leasú 139]

5.  D’fhonn rochtain do dhaoine a bhfuil líon níos lú deiseanna acu a fheabhsú agus cur chun feidhme réidh an Chláir a áirithiú, d’fhéadfadh an Coimisiún coigeartú a dhéanamh nó údarú a thabhairt do na gníomhaireachtaí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 23 coigeartú a dhéanamh, ar bhonn na gcritéar oibiachtúil, ar na deontais chun tacú le bearta soghluaisteachta an Chláir. [Leasú 140]

6.  Féadfaidh an Coimisiún iarraidh i gcomhar le tríú tíortha nach bhfuil bainteach leis an gClár nó lena gcuid eagraíochtaí agus gníomhaireachtaí a sheoladh chun tionscadail a mhaoiniú ar bhonn cistí comhfhreagracha. Féadfar meastóireacht a dhéanamh ar thionscadail agus iad a roghnú trí chomhnósanna imeachta meastóireachta agus roghnúcháin atá le comhaontú ag na gníomhaireachtaí cistiúcháin lena mbaineann, i gcomhlíonadh na bprionsabal atá leagtha amach i Rialachán XX/2012 [an Rialachán Airgeadais].

CAIBIDIL VII

CLÁRSCEIDEALÚ, FAIREACHÁN, TUAIRISCIÚ agus MEASTÓIREACHT

Airteagal 19

Clár oibre

Is trí bhíthin clár oibre amhail dá dtagraítear in Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais a chinnfear na roghanna agus tosaíochtaí beartais tánaisteacha, lena n-áirítear mionsonraí na dtionscnamh sonrach a leagtar amach in Airteagal 4 go hAirteagal 13. Leagfar amach sa chlár oibre freisin an chaoi a gcuirfear an Clár chun feidhme. Ina theannta sin, tabharfar le fios sa chlár oibre an méid a leithdháilfear ar gach gníomhaíocht agus maidir le dáileadh na gcistí idir na Ballstáit agus tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár i gcás na ngníomhaíochtaí atá le bainistiú tríd an ngníomhaireacht náisiúnta. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 30 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an gclár oibre a ghlacadh. [Leasú 141]

Airteagal 20

Faireachán agus tuairisciú

1.  Leagtar amach san Iarscríbhinn na táscairí a úsáidfear le tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn an Chláir maidir le baint amach na gcuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar amach in Airteagal 3.

2.  Chun a áirithiú go measfar go héifeachtach dul chun cinn an Chláir i dtreo bhaint amach a chuspóirí, tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 30, chun an Iarscríbhinn a leasú chun na táscairí a athbhreithniú nó a fhorlíonadh i gcás ina measfar gur gá, agus chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú.

3.  Áiritheoidh an córas tuairiscithe feidhmíochta go mbaileofar na sonraí chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar mheas an Chláir go héifeachtúil, go héifeachtach, go tráthúil agus ar leibhéal mionsonraí cuí ag tairbhí chistí an Aontais de réir bhrí Airteagal [2(5)] den Rialachán Airgeadais. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí ón Aontas agus (nuair is ábhartha) ar Bhallstáit.

Airteagal 21

Meastóireacht, athbhreithniú meántéarma agus athscrúdú [Leasú 142]

1.  Déanfar aon mheastóireachtaí go tráthúil sa dóigh go bhféadfar leas a bhaint astu sa phróiseas cinnteoireachta. [Leasú 143]

2.  Déanfar an t-athbhreithniú meántéarma ar an gClár nuair a bheidh faisnéis leordhóthanach ar fáil ar chur chun feidhme an Chláir, ach i gcás ar bith tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2024. Beidh sé á thionlacain freisin ag meastóireacht deiridh ar an gclár réamhtheachtach, a úsáidfear san athbhreithniú meántéarma. Maidir leis an athbhreithniú meántéarma, sa bhreis ar an measúnú a dhéanfar ann ar éifeachtacht agus feidhmíocht fhoriomlán an Chláir, déanfar meastóireacht ann, go áirithe, ar sheachadadh na mbeart um chuimsiú a leagtar síos i gCaibidil IVa, ar na hiarrachtaí a dhéantar chun an Clár a shimpliú do na tairbhithe, agus ar chur chun feidhme na dtionscnamh nua dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 5 agus i bpointe (c) d’Airteagal 8. Ar an gcaoi sin, déanfar scrúdú ar mhiondealú na rannpháirtíochta sa Chlár, go háirithe i dtaca le daoine a bhfuil líon níos lú deiseanna acu. [Leasú 144]

3.  Gan dochar do na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil IX agus do dhualgais na ngníomhaireachtaí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 24, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Aibreán 2024 maidir le cur chun feidhme agus tionchar an Chláir ina gcríocha faoi seach. Déanfaidh an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí tuarascáil chomhchosúil a thíolacadh maidir le cur chun feidhme agus tionchar an Chláir i dtíortha i mbéal forbartha rannpháirteacha. [Leasú 145]

3a.  Déanfaidh an Coimisiún, i gcás inar gá agus bunaithe ar an athbhreithniú meántéarma, tograí reachtacha iomchuí a chur ar aghaidh chun an Rialachán seo a leasú. Tiocfaidh an Coimisiún os comhair an choiste inniúil i bParlaimint na hEorpa agus os comhair an chomhlachta inniúil sa Chomhairle chun tuairisc a thabhairt ar an athbhreithniú meántéarma, lena n-áirítear i dtaca lena chinneadh an gá an Rialachán seo a leasú. [Leasú 146]

4.  I ndeireadh chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná ceithre trí bliana tar éis dheireadh na tréimhse a shonraítear in Airteagal 1, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh ar an gClár. [Leasú 147]

5.  Cuirfidh Déanfaidh an Coimisiún torthaí na meastóireachtaí chomh maith lena bharúlacha féin in iúl do , a tharchur chuig Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún. [Leasú 148]

CAIBIDIL VIII

FAISNÉIS, CUMARSÁID AGUS SCAIPEADH

Airteagal 22

Faisnéis, cumarsáid agus scaipeadh torthaí

1.  I gcomhar leis an gCoimisiún agus ar bhonn creat uile-Aontais, déanfaidh na gníomhaireachtaí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 24 straitéis chomhsheasmhach a fhorbairt maidir le for-rochtain éifeachtach agus maidir le scaipeadh agus saothrú thorthaí na ngníomhaíochtaí a dtacaítear leo faoi na gníomhartha ar a ndéanann siad bainistiú laistigh den Chlár, agus tabharfaidh siad cúnamh don Choimisiún sa tasc ginearálta maidir le faisnéis faoin gClár a scaipeadh, lena n-áirítear faisnéis i dtaca le gníomhartha agus gníomhaíochtaí arna mbainistiú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, agus i dtaca le torthaí an Chláir. Cuirfidh na gníomhaireachtaí náisiúnta na spriocghrúpaí ábhartha ar an eolas faoi na gníomhartha agus na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ina dtír d’fhonn comhar a fheabhsú idir geallsealbhóirí agus d’fhonn tacú le cur chuige trasearnála maidir le cur chun feidhme an Chláir. Le linn dóibh gníomhaíochtaí cumarsáide agus for-rochtana a dhéanamh agus le linn dóibh faisnéis a scaipeadh, tabharfaidh an Coimisiún agus na gníomhaireachtaí náisiúnta aird ar leith, i gcomhréir le Caibidil IVa, ar dhaoine a bhfuil líon níos lú deiseanna acu d’fhonn rannpháirtíocht na ndaoine sin sa Chlár a mhéadú. [Leasú 149]

1a.  Maidir le doiciméid riachtanacha go léir an Chláir do thairbhithe, lena n-áirítear foirmeacha iarratais, treoracha agus faisnéis riachtanach, cuirfear ar fáil iad i dteangacha oifigiúla go léir an Aontais ar a laghad. [Leasú 150]

2.  Tabharfaidh faighteoirí cistithe ón Aontas aitheantas d’fhoinse an chistithe ón Aontas agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe, go háirithe nuair a bhíonn na bearta agus a dtorthaí á bpoibliú, trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n‑áirítear na meáin agus an pobal.

3.  Is é "Erasmus+" an t‑ainm branda a mbainfidh na comhlachtaí poiblí agus príobháideacha sna hearnálacha a chumhdaítear leis an gClár feidhm astu chun críche an fháisnéis a bhaineann leis an gClár a chur in iúl agus a eisiúint.

4.  Déanfaidh an Coimisiún gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an gClár, agus a bhaineann le gníomhaíochtaí agus torthaí an Chláir, a chur chun feidhme ar bhealach inrochtana. Leis na hacmhainní airgeadais arna leithdháileadh ar an gClár, rannchuideofar le cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais freisin, a fhad a bhaineann siad sin leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3. [Leasú 151]

4a.  Déanfaidh na gníomhaireachtaí náisiúnta faisnéis faoin gClár a scaipeadh ar sheirbhísí gairmthreorach in institiúidí oideachais agus oiliúna agus ar sheirbhísí fostaíochta. [Leasú 152]

CAIBIDIL IX

CÓRAS BAINISTÍOCHTA AGUS INIÚCHÓIREACHTA

Airteagal 23

Údarás náisiúnta

1.  Laistigh de 22 Eanáir 2014, cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún trí fhógra fhoirmiúil arna sheachadadh ag a mBuanionadaíocht an duine (na daoine) atá údaraithe de réir an dlí chun gníomhú thar a gceann mar an údarás náisiúnta chun críocha an Rialacháin seo. I gcás chur in ionad an údaráis náisiúnta le linn ré an Chláir, cuirfidh an Ballstát ábhartha an Coimisiún ar an eolas faoi láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta céanna.

2.  Déanfaidh na Ballstáit gach beart is gá agus is iomchuí chun aon bhacainní dlí agus riaracháin ar fheidhmiú cuí an Chláir a bhaint, lena n-áirítear, i gcás inar féidir, bearta atá dírithe ar cháin ar dheontais a sheachaint, iniomparthacht na gceart idir córais shóisialta an Aontais a áirithiú agus réiteach a fháil ar shaincheisteanna as a n-eascraíonn deacrachtaí chun víosaí nó ceadanna cónaithe a fháil. [Leasú 153]

3.  Faoin ... , ainmneoidh an t‑údarás náisiúnta gníomhaireacht náisiúnta nó gníomhaireachtaí náisiúnta. I gcásanna gurb ann do níos mó ná gníomhaireacht náisiúnta amháin, bunóidh na Ballstáit sásra cuí chun cur chun feidhme an Chláir ar an leibhéal náisiúnta a bhainistiú ar bhealach comhordaithe, go háirithe d'fhonn cur chun feidhme an Chláir a bheadh comhtháite agus éifeachtúil ó thaobh costas de a áirithiú agus teagmháil éifeachtach leis an gCoimisiún a áirithiú maidir leis sin, agus d'fhonn a éascú go bhféadfaí cistí a aistriú idir gníomhaireachtaí, agus ar an gcaoi sin foráil do sholúbthacht agus d'úsáid níos fearr a bhaint as na cistí a leithdháiltear ar na Ballstáit. Gan dochar d'Airteagal 29(3), cinnfidh gach Ballstát conas a eagróidh sé an caidreamh atá aige idir a údarás náisiúnta agus an ghníomhaireacht náisiúnta, lena n‑áirítear cúraimí amhail clár oibre bliantúil na gníomhaireachta náisiúnta a bhunú.

Cuirfidh an t‑údarás náisiúnta measúnú ex-ante comhlíonta oiriúnach ar fáil don Choimisiún lena gcuirfear in iúl go gcomhlíonann an t‑údarás náisiúnta pointí (c)(v) agus (vi) d'Airteagal 58(1) agus Airteagal 60(1), (2) agus (3) de Rialachán Uimh.966/2012 agus le hAirteagal 38 dá Rialachán Tarmligthe Uimh.1268/2012 ón gCoimisiún(20)chomh maith le ceanglais an Aontais i ndáil le caighdeáin rialála inmheánacha do ghníomhaireachtaí náisiúnta agus rialacha le haghaidh bhainistiú cistí an Chláir do thacaíocht deontais.

4.  Ainmneoidh an t‑údarás náisiúnta comhlacht neamhspleách iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 26.

5.  Bunóidh an t‑údarás náisiúnta a mheasúnú ar chomhlíonadh ex-ante ar a seiceálacha agus ar a iniúchtaí féin, agus/nó ar seiceálacha agus ar iniúchtaí arna ndéanamh ag an gcomhlacht neamhspleách iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 26. Sa chás sin is ionann an t‑údarás náisiúnta atá sannta don Chlár agus an t‑údarás náisiúnta atá sannta do na Cláir Foghlaim ar Feadh an tSaoil nó An tAos Óg i mBun Gníomhaíochta a bhí ann roimhe seo, d'fhéadfaí raon feidhme na seiceálacha agus na hiniúchtaí i ndáil leis an measúnú comhlíonta ex-ante a theorannú do cheanglais atá nua agus sonrach maidir leis an gClár.

6.  Sa chás go ndiúltaíonn an Coimisiún d’ainmniú na gníomhaireachta náisiúnta bunaithe ar a meastóireacht ar an measúnú ar chomhlíonadh ex-ante, nó mura gcomhlíonann an ghníomhaireacht náisiúnta na ceanglais íosta atá socraithe ag an gCoimisiún, áiritheoidh an t‑údarás náisiúnta go nglacfar na céimeanna feabhais atá riachtanach chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an ghníomhaireacht náisiúnta na ceanglais íosta, nó ainmneoidh siad comhlacht eile mar ghníomhaireacht náisiúnta.

7.  Déanfaidh an t‑údarás náisiúnta faireachán agus maoirseacht ar bhainistíocht an Chláir ar an leibhéal náisiúnta. Cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas agus rachaidh sé i mbun comhairle leis in am trátha sula nglacfaidh sé aon chinneadh a bhféadfadh tionchar suntasach a bheith aige ar bhainistiú an Chláir, go háirithe maidir lena ghníomhaireacht náisiúnta.

8.  Soláthróidh an t‑údarás náisiúnta cómhaoiniú leormhaith i gcomhair oibríochtaí a ghníomhaireachta náisiúnta lena áirithiú go ndéanfar an Clár a bhainistiú i dtaca leis na rialacha Aontais is infheidhme.

9.  Bunaithe ar dhearbhú bliantúil bainistíochta na gníomhaireachta náisiúnta, ar an tuairim neamhspleách iniúchóireachta ina thaobh agus ar anailís an Choimisiúin ar chomhlíonadh agus feidhmíocht an údaráis náisiúnta, déanfaidh an t-údarás náisiúnta faisnéis maidir lena ghníomhaíochtaí faireacháin agus maoirseachta i ndáil leis na gClár a sholáthar don Choimisiún gach bliain. I gcás inarb iomchuí, cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil don phobal. [Leasú 154]

10.  Glacfaidh an t‑údarás náisiúnta freagracht as bainistíocht chuí chistí an Aontais a aistríonn an Coimisiún chuig an ngníomhaireacht náisiúnta trí bhíthin tacaíocht deontais a dhámhachtain faoin gClár.

11.  I gcás aon neamhrialtachta, faillí nó calaoise atá inchurtha i leith na gníomhaireachta náisiúnta d'aon easnamh tromchúiseach nó thearcfheidhmíocht ar pháirt na gníomhaireachta náisiúnta, agus sa chás ina ndéanann an Coimisiún éilimh i gcoinne na gníomhaireachta náisiúnta dá bharr sin, beidh an t‑údarás náisiúnta faoi dhliteanais na cistí nár gnóthaíodh a aisíoc leis an gCoimisiúin.

12.  Sna a thuairiscítear i mír 11, féadfaidh an t‑údarás náisiúnta, ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh ón gCoimisiún, an ghníomhaireachta náisiúnta a chúlghairm. I gcás inar mian leis an údarás náisiúnta an sainordú sin a chúlghairm ar aon chúis a bhfuil údar maith leo, cuirfidh sé an chúlghairm in iúl don Choimisiún sé mhí ar a laghad roimh an dáta ar a bhfuil sé beartaithe sainordú na gníomhaireachta náisiúnta a fhoirceannadh. Sa chás sin, déanfaidh an t‑údarás náisiúnta agus an Coimisiún bearta sainiúla agus uainithe maidir le trasdul a chomhaontú go foirmiúil.

13.  I gcás cúlghairme, déanfaidh an t‑údarás náisiúnta na rialuithe riachtanacha maidir le cistí an Aontais a bhí curtha de chúram ar an ngníomhaireacht náisiúnta a bhfuil a sainordú chúlghairthe agus áiritheoidh sé go n‑aistreofar gan bhacainn go dtí an ghníomhaireacht náisiúnta nua na cistí sin agus na doiciméid agus na huirlisí bainistíochta uile a theastaíonn chun an Clár a bhainistiú. Soláthróidh an t‑údarás náisiúnta an tacaíocht airgeadais riachtanach don ghníomhaireacht náisiúnta a bhfuil a sainordú chúlghairthe chun leanúint dá hoibleagáidí conartha vis‑à-vis tairbhithe an Chláir agus vis‑à-vis an Coimisiún a dhéanamh go dtí go n‑aistreofar na hoibleagáidí sin go dtí gníomhaireacht náisiúnta nua.

14.  Má iarrann an Coimisiún air amhlaidh, ainmneoidh an t‑údarás náisiúnta na hinstitiúidí nó na heagraíochtaí, nó cineálacha na n‑institiúidí nó na n‑eagraíochtaí sin, chun bheith incháilithe chun páirt a ghlacadh i mbearta sonracha de chuid an Chláir ina gcríocha faoi seach.

Airteagal 24

An ghníomhaireacht náisiúnta

1.  Maidir leis an ngníomhaireacht náisiúnta:

(a)  beidh pearsantacht dhlítheanach aici nó beidh sí mar chuid d'eintiteas ag a bhfuil pearsantacht dhlítheanach, agus rialófar í de réir dhlí an Bhallstáit lena mbaineann; ní fhéadfar aireacht a ainmniú mar ghníomhaireacht náisiúnta;

(b)  beidh cumas bainistíochta, foireann agus bonneagar leormhaith aici chun a cúraimí a chomhlíonadh go sásúil, lena n‑áiritheofar bainistíocht éifeachtúil agus éifeachtach ar an gClár agus bainistíocht fhónta airgeadais ar chistí an Aontais;

(ba)  beidh an saineolas is gá aici chun earnálacha go léir an Chláir a chumhdach; [Leasú 155]

(c)  beidh sé de chumas dlíthiúil agus oibríochtúil aici na rialacha riaracháin, conarthacha agus airgeadais atá leagtha síos ar leibhéal an Aontais a chur chun feidhme;

(d)  cuirfidh sí ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha ar fáil, arna n‑eisiúint más féidir ag údarás poiblí, a fhreagraíonn do leibhéal cistí an Aontais a n‑iarrfar uirthi a bhainistiú;

(e)  beidh sí ainmnithe d'fhad tréimhse an Chláir.

2.  Beidh an ghníomhaireacht náisiúnta freagrach as bainistiú ar gach céim de thimthriall tionscadail na mbeart a ndéanfar cur síos orthu sa chlár oibre dá dtagraítear in Airteagal [19], i gcomhfhoirmeacht le [pointe (c)(v) agus (vi) d’Airteagal 58(1)] den Rialachán Airgeadais.

3.  Eiseoidh an ghníomhaireacht náisiúnta tacaíocht do thairbhithe laistigh de bhrí Airteagal [2(5)] den Rialachán Airgeadais trí chomhaontú deontais de réir mar atá sonraithe ag an gCoimisiún don bheart Cláir lena mbaineann.

4.  Tuairisceoidh an ghníomhaireacht náisiúnta gach bliain don Choimisiún agus don údarás náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 60(5) de Rialacháin (AE, Euratom) Uimh.966/2012. Beidh an ghníomhaireacht náisiúnta i gceannas ar chur chun feidhme na mbarúlacha arna n‑eisiúint ag an gCoimisiún tar éis dó anailís a dhéanamh ar dhearbhú bliantúil bhainistíochta, agus ar an tuairim neamhspleách iniúchóireachta ina thaobh.

5.  Ní fhéadfaidh an ghníomhaireacht náisiúnta aon chúram a bhaineann le cur chun feidhme an Chláir ná an bhuiséid a tugadh di a tharmligean do thríú páirtí gan cead i scríbhinn a fháil roimh ré ón údarás náisiúnta agus ón gCoimisiún. Is í an ghníomhaireacht náisiúnta agus ise amháin a bheidh freagrach as na cúraimí arna dtarmligean chuig tríú páirtí.

6.  I gcás ina ndéantar sainordú gníomhaireachta náisiúnta a cúlghairm, beidh an ghníomhaireacht náisiúnta sin fós freagrach ó thaobh an dlí de as a hoibleagáidí conartha a chomhlíonadh i leith tairbhithe an Chláir agus maidir leis an gCoimisiún go dtí go n‑aistreofar na hoibleagáidí sin chuig gníomhaireacht náisiúnta nua.

7.  Beidh an ghníomhaireacht náisiúnta i gceannas ar bhainistiú agus ar fhoirceannadh na gcomhaontuithe airgeadais a bhaineann leis na cláir is réamhtheachtaí eadhon na cláir Foghlama ar Feadh an tSaoil agus an tAos Óg i mBun Gníomhaíochta a bheidh fós oscailte ag tús an Chláir.

7a.  Maidir le nósanna imeachta arna gcur ar bun chun an Rialachán a chur chun feidhme, áiritheoidh na gníomhaireachtaí náisiúnta, i gcomhar leis an gCoimisiún, go mbeidh siad comhsheasmhach agus simplí agus gur faisnéis ardcháilíochta a bheidh ann, lena n-áirítear trí chomhchaighdeáin le haghaidh iarratais ar thionscadail agus meastóireacht orthu a fhorbairt. Rachaidh na gníomhaireachtaí náisiúnta i gcomhairle go tráthrialta le tairbhithe an Chláir chun a áirithiú go gcomhlíonfar an ceanglas sin. [Leasú 156]

Airteagal 25

an Coimisiún Eorpach

1.  Ar bhonn na gceanglas comhlíontachta do ghníomhaireachtaí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 23(3), déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na córais bhainistíochta agus rialaithe, go háirithe bunaithe ar mheasúnú ar chomhlíonadh ex-ante an údaráis náisiúnta, ar dhearbhú bliantúil bhainistíochta na gníomhaireachta náisiúnta agus ar thuairim an chomhlachta neamhspleách iniúchóireachta ina leith, agus an fhaisnéis bhliantúil ón údarás náisiúnta maidir lena ghníomhaíochtaí faireacháin agus maoirseachta ar an gClár á cur i gcuntas go cuí.

2.  Laistigh de dhá mhí tar éis dó an measúnú ar chomhlíonadh ex-ante dá dtagraítear in Airteagal 23(3) a fháil ón údarás náisiúnta, glacfaidh an Coimisiún le hainmniú na gníomhaireachta náisiúnta, glacfaidh sé leis ar bhonn coinníollach nó diúltóidh sé don ainmniú sin. Ní rachaidh an Coimisiún i ngaol conarthach leis an ngníomhaireacht náisiúnta go dtí go nglacfar leis an measúnú ar chomhlíonadh ex-ante. I gcás ina nglactar leis go coinníollach, féadfaidh an Coimisiún bearta réamhchúraim comhréireacha a chur i bhfeidhm maidir lena ghaol conarthach leis an ngníomhaireacht náisiúnta.

3.  Cuirfidh an Coimisiún na cistí seo a leanas de chuid an Chláir ar fáil gach bliain don ghníomhaireacht náisiúnta:

(a)  cistí maidir le tacaíocht deontais sa Bhallstát lena mbaineann do bhearta an Chláir ar cuireadh de chúram ar an ngníomhaireacht náisiúnta iad a bhainistiú;

(b)  socrófar ranníocaíocht airgeadais ag tacú le tascanna bainistíochta an Chláir de chuid na gníomhaireachta náisiúnta ar bhonn mhéid na gcistí den Aontas do thacaíocht deontais atá curtha faoi chúram na gníomhaireachta náisiúnta;

(c)  más ábhartha, cistí breise le haghaidh bearta faoi phointe (d) d’Airteagal 6, faoi phointe (d) d’Airteagal 10 agus faoi phointe (ba) d’Airteagal 13. [Leasú 157]

3a.  Beidh an Coimisiún freagrach as na gníomhaíochtaí a bhainistíonn sé go díreach a chur chun feidhme. Déanfaidh sé bainistíocht, dá bhrí sin, ar an uile chéim d’iarratais ar dheontais agus d’iarratais ar thionscadail i gcás ghníomhaíochtaí an Chláir arna liostú i gCaibidlí II, III agus IV nuair is líonraí uile-Aontais agus eagraíochtaí Eorpacha agus idirnáisiúnta a thíolacann iad. [Leasú 158]

4.  Socróidh an Coimisiún na ceanglais maidir le clár oibre na gníomhaireachta náisiúnta. Ní chuirfidh an Coimisiún cistí an Chláir ar fáil don ghníomhaireacht náisiúnta go dtí go mbeidh an clár oibre ábhartha den ghníomhaireacht náisiúnta formheasta go foirmiúil ag an gCoimisiún.

5.  Nuair a bheidh measúnú déanta aige ar an dearbhú bliantúil bhainistíochta agus ar thuairim an chomhlachta neamhspleách iniúchóireachta ina leith, cuirfidh an Coimisiún a thuairim agus a bharúlacha ina leith in iúl don ghníomhaireacht náisiúnta agus don údarás náisiúnta.

6.  I gcás nach féidir leis an gCoimisiún glacadh leis an dearbhú bliantúil bhainistíochta leis an tuairim neamhspleách iniúchóireachta ina leith, nó i gcás ina gcuireann an ghníomhaireacht náisiúnta barúlacha an Choimisiún chun feidhme go míshásúil, féadfaidh an Coimisiún aon bhearta ceartaitheacha agus réamhchúraim is gá chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 60(4) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh.966/2012.

7.  Eagrófar cruinnithe ar bhonn rialta le líonra na ngníomhaireachtaí náisiúnta chun cur chun feidhme comhsheasmhach an Chláir a áirithiú ar fud na mBallstát go léir agus na dtríú tíortha go léir dá dtagraítear in Airteagal 17 agus chun malartú dea-chleachtas a áirithiú. Tabharfar cuireadh do shaineolaithe seachtracha, lena n-áirítear ionadaithe ar an tsochaí shibhialta, ar chomhpháirtithe sóisialta agus ar thríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár páirt a ghlacadh sna cruinnithe sin. Tabharfar cuireadh do Pharlaimint na hEorpa a bheith ina breathnadóir ag na cruinnithe sin. [Leasú 159]

7a.  Chun an próiseas iarratais a shimpliú agus a chomhchuibhiú, déanfaidh an Coimisiún, faoin 30 Meitheamh 2024, uirlis chomhchoiteann, ilteangach is ionad ilfhreastail a sholáthar le haghaidh an Chláir. Cuirfear an uirlis sin ar fáil, ar líne agus ar ghléasanna móibíleacha, d’aon eintiteas a thairbhíonn den Chlár nó a bhfuil baint aige le bainistiú an Chláir. Déanfaidh an uirlis faisnéis faoi chomhpháirtithe féideartha a sholáthar freisin do thairbhithe ionchasacha. [Leasú 160]

7b.  Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh torthaí an tionscadail ar fáil don phobal agus go scaipfear go forleathan iad chun malartú dea-chleachtas a chur chun cinn i measc na ngníomhaireachtaí náisiúnta, geallsealbhóirí agus thairbhithe an Chláir. [Leasú 161]

7c.  Faoin 31 Nollaig 2021, forbróidh an Coimisiún Cárta Mic Léinn Eorpach do na mic léinn ar fad a ghlacann páirt sa Chlár. Faoin 31 Nollaig 2025, cuirfidh an Coimisiún an Cárta Mic Léinn Eorpach ar fáil do na mic léinn go léir san Aontas. [Leasú 162]

Airteagal 26

Comhlacht neamhspleách iniúchóireachta

1.  Eiseoidh an comhlacht neamhspleách iniúchóireachta tuairim iniúchóireachta maidir leis an dearbhú bliantúil bhainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 60(5) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh.966/2012. Is é sin a bheidh mar bhunús an dearbhaithe ar an iomlán de bhun Airteagal [123] den Rialachán Airgeadais.

2.  Maidir leis an gcomhlacht neamhspleách iniúchóireachta:

(a)  beidh na hinniúlachtaí gairmiúla is gá aige chun iniúchtaí san earnáil phoiblí a dhéanamh;

(b)  áiritheoidh sé go gcuirfear caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta i gcuntas sna hiniúchtaí;

(c)  ní bheidh coinbhleacht leasa ag baint leis maidir leis an eintiteas dlíthiúil a bhfuil an ghníomhaireacht náisiúnta ina chuid de. Beidh sé, go háirithe, i dtaca lena chuid feidhmeanna, neamhspleách ón eintiteas dlíthiúil a bhfuil an ghníomhaireacht náisiúnta ina chuid de.

3.  Cuirfidh an comhlacht neamhspleách iniúchóireachta ar fáil don Choimisiún agus dá ionadaithe agus don Chúirt Iniúchóirí rochtain iomlán ar gach doiciméad agus tuarascáil i dtaca leis an tuairim iniúchóireachta a eisíonn sé maidir le dearbhú bliantúil bhainistíochta na gníomhaireachta náisiúnta.

CAIBIDIL X

CÓRAS RIALAITHE

Airteagal 27

Prionsabail an chórais rialaithe

1.  Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí lena n‑áiritheofar, nuair a chuirfear bearta arna maoiniú faoin Rialachán seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí rialuithe éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha.

2.  Beidh an Coimisiún freagrach as na rialuithe maoirseachta maidir le gníomhartha agus gníomhaíochtaí an Chláir a bhainistíonn na gníomhaireachtaí náisiúnta. Socróidh sé na híoscheanglais do na rialuithe arna ndéanamh ag an ngníomhaireacht náisiúnta agus ag an gcomhlacht neamhspleách iniúchóireachta, agus aird á tabhairt ar na córais rialaithe inmheánaigh i gcás airgeadas poiblí náisiúnta. [Leasú 163]

3.  Beidh an ghníomhaireacht náisiúnta freagrach as rialuithe príomhúla na dtairbhithe deontais i gcomhair na mbeart de chuid an Chláir, dá dtagraítear in Airteagal 24(2). Tabharfaidh na rialuithe sin urrús réasúnach go mbaintear úsáid as na deontais arna mbronnadh de réir mar a bhí beartaithe agus i gcomhlíonadh rialacha an Aontais is infheidhme.

4.  Maidir le cistí an Chláir arna n‑aistriú chuig na gníomhaireachtaí náisiúnta, áiritheoidh an Coimisiún comhordú ceart ar a rialuithe leis na húdaráis náisiúnta agus leis na gníomhaireachtaí náisiúnta, ar bhonn an phrionsabail iniúchóireachta aonair agus tar éis anailís a dhéanamh bunaithe ar riosca. Ní bhaineann an fhoráil sin le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF).

Airteagal 28

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

I gcás ina mbeidh tríú tír rannpháirteach sa Chlár le cinneadh faoi chomhaontú idirnáisiúnta nó de bhua aon ionstraim dhlíthiúil eile, tabharfaidh an tríú tír na cearta agus an rochtain is gá don oifigeach údarúcháin atá freagrach, don Oifig Eorpach Frith‑Chalaois agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa a n‑inniúlachtaí ábhartha a chur i bhfeidhm go cuimsitheach. I gcás na hOifige Eorpaí Frith‑Chalaoise, áireofar leis na cearta sin an ceart iniúchtaí a dhéanamh, seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair san áireamh, dá bhforáiltear i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013.

CAIBIDIL X

Comhlántacht

Airteagal 29

Comhsheasmhacht le beartais agus le cláir eile de chuid an Aontais

1.  Cuirfear an Clár chun feidhme d’fhonn comhsheasmhacht agus comhlántacht fhoriomlán le beartais, cláir agus le cistí ábhartha eile an Aontais a áirithiú, go háirithe sna réimsí sin a bhaineann le hoideachas agus oiliúint, cultúr, na meáin, an óige agus dlúthpháirtíocht, fostaíocht agus cuimsiú sóisialta, taighde agus nuáil, tionscal agus fiontar, beartas digiteach, talmhaíocht agus forbairt tuaithe, an comhshaol agus an aeráid, comhtháiteacht, beartas réigiúnach, imirce, slándáil agus comhar agus forbairt idirnáisiúnta.

2.  Féadfaidh gníomh a bhfuil ranníocaíocht faighte aige faoin gClár ranníocaíocht a fháil freisin ó aon chlár eile de chuid an Aontais, ar choinníoll nach gcumhdaíonn na ranníocaíochtaí na costais chéanna. Ní rachaidh an maoiniú carnach thar chostais incháilithe iomlána na gníomhaíochta. [Leasú 164]

3.  I gcás ina soláthrófar go comhpháirteach a bhuí leis an gClár agus le Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa dá dtagraítear in Airteagal 1 de Rialachán (AE) XX [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] tacaíocht airgeadais do bheart aonair, cuirfear an beart sin chun feidhme i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach sa Rialachán seo, lena n‑áirítear rialacha maidir le méideanna a íocadh go míchuí a ghnóthú.

4.  Gníomhaíochtaí atá incháilithe faoin gClár agus a chomhlíonann na coinníollacha carnacha, comparáideacha seo a leanas:

–  rinneadh measúnú orthu i nglao ar thograí faoin gClár;

–  comhlíonann siad íoscheanglais cháilíochta an ghlao sin ar thograí;

–  ní féidir iad a mhaoiniú faoin nglao sin ar thograí i ngeall ar shrianta buiséadacha;

féadfar Séala Barr Feabhais a bhronnadh orthu mar aitheantas ar an gcáilíocht ard atá iontu, rud a éascódh a n-iarratas ar mhaoiniú ó fhoinsí eile nó a d’fhágfadh go bhféadfaí iad a roghnú le haghaidh maoiniú trí Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (SIE) gan phróiseas nua iarratais. Sa chás sin beidh feidhm ag na rátaí cómhaoinithe agus ag na rialacha incháilitheachta bunaithe ar an Rialachán seo. Is é an t-údarás bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal [65] de Rialachán (AE)XX [RFC] a chuirfear na bearta sin chun feidhme i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach sa Rialachán sin agus cisteofar rialacháin shonracha leo, lena n-áirítear rialacha maidir le ceartúcháin airgeadais. [Leasú 165]

CAIBIDIL XII

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 30

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 19 agus 24 a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2028. [Leasú 166]

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 19 agus 13 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana. [Leasú 167]

4.  Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n‑ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr*.

5.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 20 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú faoi dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 31

Nós imeachta coiste

1.  Tabharfaidh an coiste sin cúnamh don Choimisiún de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.  Féadfaidh an coiste teacht le chéile i bhfoirmíochtaí sonracha chun déileáil le saincheisteanna earnála. I gcás inarb iomchuí, agus i gcomhréir lena rialacha nós imeachta agus ar bhonn ad hoc, féadfar cuireadh a thabhairt do shaineolaithe seachtracha, lena n‑áirítear ionadaithe na gcomhpháirtithe sóisialta, chun a bheith rannpháirteach i gcruinnithe i gcáil breathnóirí.

3.  I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. [Leasú 168]

Airteagal 32

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013, le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.

Airteagal 33

Forálacha idirthréimhseacha

1.  Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúnachas ná do mhodhnú na mbeart lena mbaineann arna dtionscnamh faoi Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013, a mbeidh feidhm aige maidir leis na bearta lena mbaineann go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu.

2.  Leis an imchlúdach airgeadais don Chlár féadfar na costais is gá maidir le cúnamh teicniúil agus riaracháin a chumhdach freisin chun an t‑aistriú idir an Clár agus na bearta a glacadh faoi Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 a áirithiú.

3.  De mhaolú ar Airteagal [130(2)] den Rialachán Airgeadais, agus i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh an Coimisiún a cheapadh gur costais atá incháilithe le haghaidh maoinithe iad na costais atá nasctha go díreach le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a thacaítear leo agus a thabhaítear le linn na chéad sé mhí de 2021 de réir mar atá incháilithe le haghaidh maoinithe ón 1 Eanáir 2012, fiú más rud é gur tabhaíodh ag an tairbhí iad sular tíolacadh an t‑iarratas ar dheontas.

4.  Más gá, féadfar leithreasuithe a iontráil sa bhuiséad tar éis 2027 chun na speansais dá bhforáiltear in Airteagal 14(5) a chumhdach, ionas go mbeifear in ann na bearta agus na gníomhaíochtaí nach mbeidh curtha i gcrích faoin [31 Nollaig 2027] a bhainistiú.

5.  Áiritheoidh na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta nach gcuirfear bac ar aistriú idir na bearta a rinneadh i gcomhthéacs chlár Erasmus+ (2014-2020) agus na cinn atá le cur chun feidhme faoin gClár seo.

Airteagal 34

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán sin i bhfeidhm […] [an fichiú] lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in/sa …,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN

Táscairí

(1)  Soghluaisteacht foghlama ardcháilíochta do dhaoine ó chúlraí éagsúla

(2)  Eorpú agus idirnáisiúnú eagraíochtaí agus institiúidí

Cad atá le tomhas?

(3)  Líon na ndaoine a ghlacann páirt i ngníomhaíochtaí soghluaisteachta faoin gClár

(4)  Líon na ndaoine a bhfuil líon níos lú deiseanna acu a ghlacann páirt i ngníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama faoin gClár

(5)  Sciar na rannpháirithe a mheasann gur bhain siad tairbhe as a rannpháirtíocht sna gníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama faoin gClár

(6)  Líon na n‑institiúidí agus na n‑eagraíochtaí arna dtacú ag an gClár faoi phríomhbheart 1 (soghluaisteacht foghlama) agus faoi phríomhbheart 2 (comhar)

(7)  Líon na n‑eagraíochtaí nuathagtha arna dtacú ag an gClár faoi phríomhbheart 1 (soghluaisteacht foghlama) agus faoi phríomhbheart 2 (comhar)

(8)  Sciar na n‑institiúidí agus na n‑eagraíochtaí arna dtacú ag an gClár a d'fhorbair cleachtais ardcháilíochta mar thoradh ar a rannpháirtíocht sa Chlár [Leasú 169]

Iarscríbhinn IA

Déanfar na táscairí cainníochtúla go léir a imdhealú de réir Ballstáit agus inscne ar a laghad.

Cuspóir atá le tomhas? Príomhghníomhaíocht 1 – Soghluaisteacht foghlama

Táscairí:

Líon na ndaoine a ghlacann páirt i ngníomhartha agus gníomhaíochtaí soghluaisteachta faoin gClár;

Líon na ndaoine aonair a bhaineann úsáid as uirlisí foghlama fíorúla nó cumaisc mar thacaíocht don tsoghluaisteacht faoin gClár;

Líon na ndaoine aonair a bhaineann úsáid as uirlisí foghlama cumaisc nó fíorúla toisc nach féidir leo páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí soghluaisteachta;

Líon na n-eagraíochtaí/na n-institiúidí a ghlacann páirt i ngníomhartha agus gníomhaíochtaí soghluaisteachta faoin gClár;

Líon na n-eagraíochtaí/na n-institiúidí a bhaineann úsáid as uirlisí foghlama fíorúla nó cumaisc mar thacaíocht don tsoghluaisteacht faoin gClár;

Líon na n-eagraíochtaí/na n-institiúidí a bhaineann úsáid as uirlisí foghlama cumaisc nó fíorúla toisc nach féidir leo páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí soghluaisteachta;

Sciar na rannpháirtithe a mheasann gur bhain siad tairbhe as a rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí faoi Phríomhghníomhaíocht 1;

Sciar na rannpháirtithe a mheasann gur mó an bhraistint Eorpach atá acu ar an rud is muintearas ann i ndiaidh dóibh páirt a ghlacadh sa Chlár;

Sciar na rannpháirtithe a mheasann gur fearr an inniúlacht teanga iasachta atá acu i ndiaidh dóibh páirt a ghlacadh sa Chlár;

Cuspóir atá le tomhas? Príomhghníomhaíocht 2 – Comhar i measc eagraíochtaí agus institiúidí

Táscairí:

Líon na n-eagraíochtaí/na n-institiúidí a fhaigheann tacaíocht ón gClár faoi Phríomhghníomhaíocht 2;;

Sciar na n-eagraíochtaí/na n-institiúidí a mheasann gur bhain siad tairbhe as a rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí faoi Phríomhghníomhaíocht 2;

Líon na n-eagraíochtaí/na n-institiúidí a bhaineann úsáid as uirlisí agus ardáin de chuid an Aontais le haghaidh comhar;

Cuspóir atá le tomhas? Príomhghníomhaíocht 3 – Tacaíocht d’fhorbairt beartas agus do chomhar

Táscairí:

Líon na n-eagraíochtaí/na n-institiúidí a thairbhíonn de ghníomhaíochtaí faoi Phríomhghníomhaíocht 3;

Cuspóir atá le tomhas? Cuimsiú

Táscairí:

Líon na ndaoine a bhfuil líon níos lú deiseanna acu agus a ghlacann páirt i ngníomhartha agus gníomhaíochtaí soghluaisteachta;

Líon na ndaoine a bhfuil líon níos lú deiseanna acu agus a bhaineann úsáid as uirlisí foghlama fíorúla nó cumaisc mar thacaíocht don tsoghluaisteacht faoin gClár;

Líon na ndaoine a bhfuil líon níos lú deiseanna acu agus a bhaineann úsáid as uirlisí foghlama cumaisc nó fíorúla toisc nach féidir leo páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí soghluaisteachta;

Líon na n-eagraíochtaí nuathagtha arna dtacú ag an gClár faoi Phríomhghníomhaíochtaí 1 agus 2;

Líon na ndaoine a bhfuil líon níos lú deiseanna acu agus a mheasann gur bhain siad tairbhe as a rannpháirtíocht sa Chlár;

Cuspóir atá le tomhas: Simpliú

Táscairí:

NLíon na gcomhpháirtíochtaí mionscála a fhaigheann tacaíocht faoi Phríomhghníomhaíocht 2;

Sciar na rannpháirtithe a mheasann go bhfuil na nósanna imeachta iarratais, rannpháirtíochta agus meastóireachta comhréireach agus simplí;

An t-am is gá ar an meán chun gach iarratas a thabhairt chun críche, de réir gnímh, le hais an chláir a bhí ann roimhe. [Leasú 170]

IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH

RÁITEAS Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

Tá an seasamh ó Pharlaimint na hEorpa, a glacadh ar an gcéad léamh, le tuiscint mar phacáiste. I gcás ina mbeidh an t-imchlúdach airgeadais le haghaidh Chlár 2021-2027 níos ísle ná an méid a leagtar síos in Airteagal 14(1) de sheasamh na Parlaiminte, forchoimeádann Parlaimint na hEorpa an ceart chun athscrúdú a dhéanamh ar an tacaíocht a thugann sí d’aon cheann de na gníomhartha sa Chlár chun a áirithiú go bhféadfar croíghníomhaíochtaí an Chláir agus an tacaíocht fheabhsaithe a thugtar do bhearta um chuimsiú faoin gClár a chur i gcrích go héifeachtach.

Thairis sin, tá sé á shoiléiriú ag Parlaimint na hEorpa go bhfuil an tacaíocht a thugann sí do na tionscnaimh nua ina seasamh – go háirithe na hOllscoileanna Eorpacha, na hIonaid barr feabhais gairme agus DiscoverEU – ag brath (a) ar an meastóireacht a dhéanfar ar na céimeanna píolótacha atá ar bun faoi láthair agus (b) ar an sainiú breise a dhéanfar ar gach tionscnamh. In éagmais an mhéid thuas, bainfidh Parlaimint na hEorpa úsáid as na sainchumais atá aici faoin nós imeachta buiséadach bliantúil chun cistí ábhartha a chur sa chúlchiste go dtí go gcomhlíonfar na coinníollacha sin.

(1) IO C 62, 15.2.2019, lch. 194.
(2) IO C 168, 16.5.2019, lch. 49.
(3)IO C , , lch. .
(4)IO C , , lch. .
(5) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Márta 2019.
(6)COM(2018)0098.
(7)IO C 428, 13.12.2017, lch. 10.
(8) Tuarascáil Speisialta Uimh. 22/2018 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 3 Iúil 2018 dar teideal ‘Soghluaisteacht faoi Erasmus+: na Milliúin de Rannpháirtithe agus Breisluach Eorpach ilghnéitheach, ach mar sin féin caithfear tuilleadh feabhais a chur ar thomhas feidhmíochta’.
(9) COM(2018)0321
(10) Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear ‘Erasmus+’: clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1719/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1720/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 1298/2008/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 50).
(11) IO C 189, 4.6.2018, lch. 1.
(12) COM(2016)0381.
(13)[Tagairt].
(14)[Tagairt - atá le glacadh ag an gComhairle faoi dheireadh 2018].
(15)COM(2018)0269.
(16) [Tagairt].
(17) COM(2018) [ ].
(18) IO L 394, 30.12.2006, lch. 5.
(19) COM(2016)0381.
(20) Treoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le hinrochtaineacht suíomhanna gréasáin agus feidhmchlár móibíleach de chuid comhlachtaí san earnáil phoiblí (IO L 327, 2.12.2016, lch. 1).
(21) IO C 153, 2.5.2018, lch. 1.
(22) IO C 398, 22.12.2012, lch. 1.
(23)IO L […], […], lch. […].
(24)IO L […], […], p. […].
(25)COM(2017)0623.
(26)Cinneadh 2013/755/AE ón gComhairle an 25 Samhain 2013 maidir le tíortha agus críocha thar lear a chomhlachú leis an Aontas Eorpach ('Cinneadh maidir le Comhlachú Thar Lear') (IO L 344, 19.12.2013, lch. 1).
(27)Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1).
(28)Treoir (AE) 2016/801 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir leis na coinníollacha ligean isteach agus cónaí náisiúnaigh tríú tír chun críocha taighde, staidéar, oiliúna, seirbhíse deonaí, scéimeanna malartaithe daltaí nó tionscadal oideachais agus obair au pair (IO L 132, 21.5.2016, lch. 21).
(29)Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011. Lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55 28.2.2011 lch.13).
(30)Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF), IO L 248 (18.9.2013, lch. 1).
(31)Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint ó chalaois agus ó mhírialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).
(32)Rialachán (AE) 2017/1939 an 12 Deireadh Fómhair 2017 ón gComhairle lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).
(33)Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L198, 28.7.2017, lch. 29).
(34)Go háirithe Europass – creat aonair an Aontais maidir le trédhearcacht cáilíochtaí agus inniúlachtaí; an Creat Eorpach um Cháilíochtaí; an Creat Tagartha Eorpach um Dhearbhú Cáilíochta i nGairmoideachas agus i nGairmoiliúint; an Córas Creidmheasa Eorpach don Ghairmoideachais agus don Ghairmoiliúint; an Córas Eorpach Aistrithe Creidiúna; an Clár Eorpach um Dhearbhú Cáilíochta san Ardoideachas; an Cumann Eorpach um Dhearbhú Cáilíochta san Ardoideachas; Líonra Eorpach na Lárionad Faisnéise sa Réigiún Eorpach agus Lárionaid Náisiúnta Faisnéise um Aitheantas Acadúil san Aontas Eorpach; agus na líonraí Euroguidance.
(35)[Tagairt].
(36)[Tagairt].


Creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú ***I
PDF 289kWORD 88k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Márta 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú (COM(2018)0353 – C8-0207/2018 – 2018/0178(COD))
P8_TA(2019)0325A8-0175/2019

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0353),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a chuir an Coimisiún an togra faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa (C8‑0207/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 17 Deireadh Fómhair 2018(1),

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 5 Nollaig 2018(2)

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do chomhphléití an Choiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta agus an Choiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia faoi Riail 55 de na Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta agus ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A8-0175/2019),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 28 Márta 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) …/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú

P8_TC1-COD(2018)0178


(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(3),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún(4),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(5),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)  Is é is aidhm le hAirteagal 3(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach margadh inmheánach a bhunú a bhíonn ag obair ar mhaithe le forbairt inbhuanaithe na hEorpa, bunaithe, i measc nithe eile, ar fhás eacnamaíoch cothromaithe agus ardleibhéal cosanta agus feabhsaithe do cháilíocht an chomhshaoil.

(2)  An 25 Meán Fómhair 2015, ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe creat nua domhanda maidir leis an bhforbairt inbhuanaithe: Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe(6) a bhfuil ina chroílár na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe lena gcumhdaítear trí cholún inbhuanaitheachta: an ghné chomhshaoil, an ghné shóisialta agus an ghné eacnamaíoch/rialachais. Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún in 2016 maidir leis na chéad chéimeanna eile le haghaidh todhchaí inbhuanaithe don Eoraip(7), déantar nasc idir na spriocanna forbartha inbhuanaithe agus creat beartais an Aontais lena áirithiú go gcuirfear na spriocanna forbartha inbhuanaithe san áireamh ag an tús i ngach gníomhaíocht agus tionscnamh beartais de chuid an Aontais, san Aontas agus ar fud an domhain. Sna conclúidí ón gComhairle Eorpach an 20 Meitheamh 2017(8), dearbhaíodh tiomantas an Aontais agus na mBallstát maidir le Clár Oibre 2030 a chur chun feidhme ar bhealach atá iomlán, comhleanúnach, cuimsitheach, comhtháite agus éifeachtach agus i ndlúthchomhar le comhpháirtithe agus le páirtithe leasmhara eile.

(3)  In 2016, chuir an Chomhairle Comhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide i gcrích ar son an Aontais(9). Faoi Airteagal 2(1)(c) de Chomhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide, leagtar síos an cuspóir chun neartú a dhéanamh ar an bhfreagairt don athrú aeráide, i measc modhanna eile, trína áirithiú go mbeidh sreafaí airgeadais comhsheasmhach le bealach i dtreo astaíochtaí ísle gás ceaptha teasa agus le forbairt atá seasmhach ó thaobh na haeráide de.

(4)  Gnéithe ríthábhachtacha is ea an inbhuanaitheacht agus an t‑aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin atá seasmhach ó thaobh aeráide de, níos tíosaí ar acmhainní ná mar a bhí agus níos ciorclaí chun a áirithiú go mbeidh geilleagar an Aontais iomaíoch san fhadtréimhse. Tá an inbhuanaitheacht i gcroílár thionscadal an Aontais Eorpaigh le fada agus tugtar aitheantas sna Conarthaí dá gnéithe sóisialta agus comhshaoil.

(5)  I Nollaig 2016, thug an Coimisiún sainordú do Shainghrúpa Ardleibhéil straitéis uileghabhálach, chuimsitheach de chuid an Aontais a fhorbairt maidir le maoiniú inbhuanaithe. Sa tuarascáil ón Sainghrúpa Ardleibhéil a foilsíodh an 31 Eanáir 2018(10), éilítear go gcruthófar córas aicmithe a mbaineann gné theicniúil stuama leis ar leibhéal an Aontais chun soiléire a bhunú maidir leis na gníomhaíochtaí atá 'glas' nó 'inbhuanaithe', ag tosú leis an maolú ar an athrú aeráide.

(6)  I Márta 2018, d'fhoilsigh an Coimisiún a Phlean Gníomhaíochta i dtaca le Fás Inbhuanaithe a Mhaoiniú(11) lena gcuirtear straitéis uaillmhianach, chuimsitheach ar bun maidir le maoiniú inbhuanaithe. Ceann de na cuspóirí a leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta sin is ea sreafaí caipitil a atreorú chuig infheistíocht inbhuanaithe chun fás inbhuanaithe, cuimsitheach a bhaint amach. Tá bunú córais aicmithe aontaithe le haghaidh táscairí chun méid inbhuanaitheachta na ngníomhaíochtaí inbhuanaithe ar an mbeart is tábhachtaí agus is práinní a bheartaítear sa Phlean Gníomhaíochta. Aithnítear sa Phlean Gníomhaíochta nach mór tuiscint chomhroinnte ar a bhfuil i gceist le 'inbhuanaithe' agus iomlánaíoch ar thionchar na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha agus na n-infheistíochtaí ar an inbhuanaitheacht chomhshaoil agus éifeachtúlacht acmhainní a bheith mar bhonn taca le haistriú sreafaí caipitil i dtreo gníomhaíochtaí atá níos inbhuanaithe ná mar a bhí. Mar chéad chéim, ba cheart treoir shoiléir maidir le gníomhaíochtaí a cháilíonn mar chinn a rannchuidíonn le cuspóirí comhshaoil a bheith ina cabhair le hinfheisteoirí a chur ar an eolas faoi na hinfheistíochtaí lena ndéantar cistiú ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Féadfar i gcomhréir leis an méid inbhuanaitheachta a bhaineann leo. I bhfianaise Spriocanna Inbhuanaitheachta na Náisiún Aontaithe agus na gconclúidí ón gComhairle Eorpach an 20 Meitheamh 2017, ba cheart tuilleadh treorach maidir leis na gníomhaíochtaí lena rannchuidítear le cuspóirí inbhuanaitheachta eile, lena n-áirítear cuspóirí sóisialta agus rialachais, a fhorbairt freisin chun gur féidir Clár Oibre 2030 a chur chun feidhme ar bhealach iomlán, comhleanúnach, cuimsitheach, comhtháite agus éifeachtach. [Leasú 80]

(6a)  Agus aitheantas á thabhairt don phráinne a bhaineann le haghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide, d’fhéadfadh iarmhairtí diúltacha a bheith ag béim chaol ar an nochtadh do charbón trí shreafaí infheistíochta a atreorú i dtreo spriocanna lena mbaineann rioscaí comhshaoil eile. Is amhlaidh dá réir nach foláir coimircí leormhaithe a chur i bhfeidhm chun a áirithiú nach ndéanann gníomhaíochtaí eacnamaíocha díobháil do chuspóirí comhshaoil eile, amhail an bhithéagsúlacht agus an éifeachtúlacht fuinnimh. Teastaíonn faisnéis inchomparáide agus iomlánaíoch ó infheisteoirí maidir le rioscaí comhshaoil agus a dtionchar, chun measúnú a dhéanamh ar a bpunanna atá os cionn an nochta do charbón. [Leasú 2]

(6b)  I bhfianaise na práinne i roinnt réimsí atá idirnasctha leis an díghrádú comhshaoil agus le róthomhaltas acmhainní, ní foláir cur chuige córasach a ghlacadh i leith treochtaí diúltacha a bhfuil fás easpónantúil orthu, amhail cailliúint na bithéagsúlachta, róthomhaltas domhanda na n-acmhainní, teacht aníos bagairtí nua lena n-áirítear ceimiceáin ghuaiseacha agus na manglaim díobh, ganntanas cothaitheach, an t-athrú aeráide, ídiú an ózóin, aigéadú na n-aigéan, ídiú fionnuisce, agus athrú ar an gcóras talún. Is amhlaidh dá réir nach foláir bearta a dhéanamh chun súil a chaitheamh chun cinn agus chun bheith in ann chuig na dúshláin atá ag teacht aníos. Mar gheall ar scála na ndúshlán sin, tá gá le cur chuige iomlánaíoch agus uaillmhianach, agus le cur chun feidhme docht phrionsabal an réamhchúraim. [Leasú 3]

(7)  I gCinneadh Uimh. 1386/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(12), éilíodh méadú ar an gcistiú ón earnáil phríobháideach i leith caiteachas comhshaoil agus caiteachas a bhaineann leis an aeráid, go háirithe trí dhreasachtaí agus modheolaíochtaí a chur ar bun lena spreagfar cuideachtaí chun tomhas a dhéanamh ar chostais chomhshaoil a ngnó agus a mbrabús a eascraíonn as seirbhísí comhshaoil a úsáid.

(7a)  Leagtar síos i dTuarascáil Féintionscnamh Pharlaimint na hEorpa maidir le Maoiniú Inbhuanaithe an 29 Bealtaine 2018 gnéithe riachtanacha de tháscairí inbhuanaitheachta agus den tacsanomaíocht mar dhreasacht le haghaidh infheistíocht inbhuanaithe. Ba cheart comhsheasmhacht a áirithiú i measc reachtaíocht ábhartha. [Leasú 4]

(8)  Chun spriocanna forbartha inbhuanaithe a bhaint amach san Aontas, ní mór sreafaí caipitil a chur i dtreo infheistíochtaí inbhuanaithe. Is tábhachtach an rud é leas iomlán a bhaint as acmhainneacht an mhargaidh inmheánaigh chun na spriocanna sin a bhaint amach. Is den tábhacht é freisin a áirithiú nach gcuirfear isteach sa mhargadh inmheánach ar shreafaí caipitil atá á gcur i dtreo infheistíocht inbhuanaithe.

(8a)  Is é a bheidh i gceist leis an dúshlán ná an córas airgeadais ina iomláine a bhogadh de réir a chéile chun tacú leis an ngeilleagar agus feidhmiú ar bhonn inbhuanaithe. Chuige sin, ní mór an t-airgeadas inbhuanaithe a phríomhshruthú, agus ní mór machnamh a dhéanamh ar thionchar na hinbhuanaitheachta i dtaca le táirgí agus seirbhísí airgeadais. [Leasú 5]

(9)  Bealach éifeachtach chun infheistíochtaí príobháideacha a aistriú de réir a chéile ó ghníomhaíochtaí a bhfuil tionchar diúltach acu ar an gcomhshaol go gníomhaíochtaí atá níos inbhuanaithe is ea táirgí airgeadais a thairiscint lena saothraítear cuspóirí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Le ceanglais náisiúnta maidir le táirgí airgeadais, seirbhísí agus bannaí corparáideacha a mhargú mar infheistíochtaí inbhuanaithe, mar a shainítear sa Rialachán seo, go háirithe le ceanglais a leagtar amach chun ligean do na gníomhaithe margaidh ábhartha lipéad náisiúnta a úsáid, dírítear ar mhuinín na n-infheisteoirí agus a bhfeasacht ar rioscaí a fheabhsú, ar infheictheacht a chruthú agus ar dhul i ngleic le hábhair imní faoi “snas glas”. Tagraíonn snas glas don chleachtas faoina bhfaightear buntáiste iomaíoch éagórach trí tháirge airgeadais a mhargú mar cheann atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, nuair is amhlaidh i ndáiríre nach gcomhlíonann sé caighdeáin bhunúsacha chomhshaoil. Tá scéimeanna lipéadaithe i bhfeidhm ag roinnt bheag Ballstát faoi láthair. Baineann siad leas as tacsanomaíochtaí éagsúla lena ndéantar aicmiú ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Mar gheall ar na gealltanais pholaitiúla faoi Chomhaontú Pháras agus ar leibhéal an Aontais, is dócha go gcuirfidh líon méadaitheach Ballstát scéimeanna lipéadaithe ar bun nó go gcuirfidh siad ceanglais eile ar ghníomhaithe margaidh i leith táirgí airgeadais nó bannaí corparáideacha arna margú mar chinn atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Ar an gcaoi sin, bheadh na Ballstáit ag baint úsáid as a gcuid tacsanomaíochtaí náisiúnta féin chun críocha na hinfheistíochtaí a cháilíonn mar infheistíochtaí inbhuanaithe a chinneadh. Más rud é go bhfuil na ceanglais náisiúnta sin bunaithe ar chritéir agus ar tháscairí éagsúla maidir leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a cháilíonn mar chinn atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, beidh drogall ar infheisteoirí infheistiú thar theorainneacha, mar gheall ar dheacrachtaí i dtaobh comparáid a dhéanamh idir na deiseanna infheistíochta éagsúla. Ina theannta sin, i gcás oibreoirí eacnamaíocha ar mhian leo infheistíocht a mhealladh ó gach cearn den Aontas, bheadh orthu critéir éagsúla a chomhlíonadh sna Ballstáit éagsúla ionas go bhféadfadh a ngníomhaíochtaí cáiliú mar chinn atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de chun críocha na lipéad éagsúil. In éagmais critéir aonfhoirmeacha agus táscairí, treorófar infheistíochtaí díreacha ar bhealach neamhéifeachtach ó thaobh an chomhshaoil de, agus i roinnt cásanna ar bhealach fritorthúil, rud a bheidh ina chúis le spriocanna comhshaoil agus inbhuanaitheachta neamhghnóthaithe. Dá bhrí sin, de bharr an easnaimh sin, méadófar costais agus cruthófar dídhreasacht shuntasach d’oibreoirí eacnamaíocha, arb ionann é agus bac le rochtain a fháil ar mhargaí caipitil trasteorann i gcás infheistíochtaí inbhuanaithe. Meastar go dtiocfaidh méadú eile ar na bacainní ar an rochtain ar mhargaí caipitil trasteorann chun críocha cistí a thiomsú le haghaidh tionscadail inbhuanaithe. Dá bhrí sin, maidir leis na critéir agus na táscairí lena ndéantar méid na hinbhuanaitheachta a bhaineann le gníomhaíocht eacnamaíoch a chinneadh, ba cheart iad a chomhchuibhiú de réir a chéile ar leibhéal an Aontais, chun constaicí ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a bhaint agus a chinntiú nach dtiocfaidh siad chun cinn arís amach anseo. Leis an gcomhchuibhiú sin ar fhaisnéis, ar mhéadracht agus ar chritéir, is fusa a bheidh sé d’oibreoirí eacnamaíocha cistiú a thiomsú dá ngníomhaíochtaí thar theorainneacha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, toisc gur féidir a ngníomhaíochtaí eacnamaíocha a chur i gcomparáid le critéir aonfhoirmeacha agus táscairí chun iad a roghnú mar shócmhainní foluiteacha i leith infheistíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Éascófar, dá bhrí sin, infheistíocht a mhealladh thar theorainneacha laistigh den Aontas. [Leasú 6]

(9a)   Le go mbeidh an tAontas in ann a ghealltanais maidir leis an gcomhshaol agus maidir leis an aeráid a bhaint amach, is gá infheistíochtaí príobháideacha a shlógadh. Chun é sin a bhaint amach, is gá pleanáil go fadtéarmach chomh maith le cobhsaíocht rialála agus intuarthacht a bheith ann d’infheisteoirí. Chun creat beartais chomhtháite a ráthú d’infheistíochtaí inbhuanaithe, tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go mbeidh reachtaíocht an Aontais atá ann cheana ina dúshraith ag forálacha an Rialacháin seo. [Leasú 7]

(10)  Thairis sin, mura gcuireann nochtann rannpháirtithe sa mhargadh aon mhíniú ar fáil d'infheisteoirí maidir leis an chaoi a rannchuidíonn, ar bhealach díobhálach nó dearfach, na gníomhaíochtaí a ndéanann siad infheistíocht iontu le cuspóirí comhshaoil, nó má úsáideann siad coincheapa méadracht éagsúil nó critéir éagsúla chun an tionchar a mheas sa mhíniú a thugann siad ar mhéid na hinbhunaitheachta comhshaoil a bhaineann le gníomhaíocht eacnamaíoch, beidh ualach díréireach ar infheisteoirí i dtaobh na táirgí airgeadais éagsúla sin a sheiceáil agus a chur i gcomparáid le chéile. Fuarthas amach go mbíonn drogall ar infheisteoirí, mar gheall air sin, infheistíocht a dhéanamh i dtáirgí airgeadais inbhuanaithe. Ina theannta sin, bíonn drochéifeachtaí móra ag an easpa muiníne i measc infheisteoirí ar an margadh le haghaidh infheistíocht inbhuanaithe. Léiríodh chomh maith go ndéanfar an margadh inmheánach a ilroinnt de bharr rialacha náisiúnta nó tionscnaimh mhargadhbhunaithe arna nglacadh chun dul i ngleic leis an tsaincheist sin laistigh de theorainneacha náisiúnta. Más rud é go nochtann rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais an chaoi a gcomhlíontar cuspóirí comhshaoil leis na táirgí airgeadais a mhaíonn siad a bheith neamhdhíobhálach don chomhshaol, agus más rud é, i dtaca le nochtaí den sórt sin, go mbaineann siad leas as critéir choiteanna ar fud an Aontais maidir lena bhfuil i gceist le gníomhaíocht eacnamaíoch atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, cabhróidh sé sin le hinfheisteoirí tionchar na ndeiseanna infheistíochta thar theorainneacha ar an gcomhshaol a chur i gcomparáid le chéile agus dreasófar institiúidí infheistiúcháin lena samhlacha gnó a dhéanamh níos inbhuanaithe. Is mó an méid muiníne a bheidh ag infheisteoirí agus iad ag infheistiú i dtáirgí airgeadais glasa ar fud an Aontais, rud a chuirfidh feabhas ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. [Leasú 8]

(10a)  Chun tionchar comhshaoil éifeachtach agus inbhuanaitheacht níos forleithne a ghnóthú, chun ualach riaracháin neamhéigeantach ar rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus ar gheallsealbhóirí eile a laghdú, agus chun éascú a dhéanamh ar an bhfás ar mhargaí airgeadais Eorpacha lena gcistítear gníomhaíochtaí inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, ba cheart go mbeadh an tacsanamaíocht bunaithe ar chritéir agus ar tháscairí comhchuibhithe, inchomparáide agus aonfhoirmeacha, lena n-áireofaí na táscairí maidir leis an ngeilleagar ciorclach ar a laghad. Ba cheart go mbeadh na táscairí sin comhsheasmhach leis an modheolaíocht aontaithe maidir le measúnú saolré, agus go gcuirfí i bhfeidhm iad ar fud thionscnaimh rialála an Aontais. Ba cheart iad a bheith mar an bunús do mheasúnú ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha agus ar riosca infheistíochta agus tionchar ar an gcomhshaol. Ní mór go seachnófar aon fhorluí i rialáil nach mbeadh i gcomhréir le prionsabail na rialála níos fearr agus nach gcuirfí i bhfeidhm ar bhealach comhréireach. An aidhm atá ann ná téarmaíocht chomhsheasmhach agus creat rialála soiléir a chruthú. Ba cheart go seachnófaí freisin aon ualach neamhriachtanach a chur ar na húdaráis agus ar na hinstitiúidí airgeadais araon. Ar an gcuma chéanna, ba cheart raon feidhme agus úsáid na gcritéar scagtha teicniúil, chomh maith leis an nasc le tionscnaimh eile, a shainiú go soiléir sula dtiocfaidh an tacsanomaíocht agus na critéir lena mbaineann i bhfeidhm. Agus critéir chomhchuibhithe maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de á socrú, ba cheart inniúlacht na mBallstát i réimsí beartais éagsúla a chur san áireamh. Ba cheart go mbeadh ceanglais an Rialacháin seo infheidhme ar dhóigh chomhréireach le hinstitiúidí beaga agus neamhchasta mar a shainmhínítear faoin Rialachán seo. [Leasú 9]

(10b)  Ba cheart go ndéanfaí na táscairí a chomhchuibhiú ar bhonn gnóthais atá ann cheana, amhail saothar an Choimisiúin, na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil, agus OECD, i measc grúpaí eile, agus go gcuimseofaí leo an tionchar comhshaoil ar CO2 agus ar astuithe eile, ar an mbithéagsúlacht, ar tháirgeadh dramhaíola, ar úsáid fuinnimh agus fuinnimh in-athnuaite, ar amhábhair, ar an uisce, ar úsáid talún dhíreach agus indíreach, mar a leagtar amach i gCreat faireacháin an Choimisiúin ar an ngeilleagar ciorclach (COM(2018)0029), i bPlean gníomhaíochta AE don Gheilleagar Ciorclach (COM(2015)0614) agus i rún Pharlaimint na hEorpa an 9 Iúil 2015 maidir le héifeachtúlacht acmhainní: ag bogadh i dtreo geilleagar ciorclach (2014/2208/(INI)). Thairis sin, ba cheart na táscairí a cheapadh chun na moltaí ó Shainghrúpa Tacaíochta an Choimisiúin Eorpaigh maidir le Geilleagar Ciorclach a chur san áireamh freisin. Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar conas obair an tsainghrúpa sin a chomhtháthú leis an nGrúpa Saineolaithe Teicniúla. Ba cheart go gcuirfí san áireamh leis na táscairí caighdeáin inbhuanaithe atá aitheanta go hidirnáisiúnta. [Leasú 10]

(11)  Chun dul i ngleic le constaicí atá ann cheana maidir le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus chun teacht chun cinn na gconstaicí sin sa todhchaí a chosc, ba cheart a cheangal ar na Ballstáit agus ar an Aontas leas a bhaint as coincheap coiteann i leith na hinfheistíochta atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de leibhéal inbhuanaitheachta na n-infheistíochtaí ó thaobh an chomhshaoil de agus ceanglais á leagan síos acu do ghníomhaithe margaidh chun críche lipéadú a dhéanamh ar tháirgí airgeadais, ar sheirbhísí nó ar bhannaí corparáideacha atá á margú ar an leibhéal náisiúnta mar chinn atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Ar na cúiseanna céanna, i gcás bainisteoirí ciste agus infheisteoirí institiúideacha a mhaíonn go mbíonn cuspóirí comhshaoil á saothrú acu, ba cheart dóibh leas a bhaint as an gcoincheap céanna i leith infheistíocht atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, agus as na táscairí céanna, as an méadracht chéanna, agus as na critéir chéanna lena ndéantar an tionchar ar an gcomhshaol a ríomh, agus an dóigh a saothraíonn siad na cuspóirí sin á nochtadh acu. [Leasú 11]

(12)  Ach critéir a bhunú i leith gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, d'fhéadfadh sé go spreagfaí gnólachtaí chun faisnéis a nochtadh ar a suíomh gréasáin, ar bhonn deonach, maidir leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a mbíonn siad ag gabháil dóibh atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Ní hamháin go Cuideoidh an fhaisnéis maidir le tionchar comhshaoil na ngníomhaíochtaí leis na gníomhaithe ábhartha sna margaí airgeadais chun leibhéal inbhuanaitheacht chomhshaoil na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha ar siúl ag gnólachtaí a aithint go héasca agus a chinneadh, ach éascóidh sí freisin do ghnólachtaí cistiú a aimsiú. [Leasú 12]

(13)  Le táscairí uile-Aontais atá ábhartha don chinneadh maidir le tionchar na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha ar an gcomhshaol, ba cheart go gcumasófaí beartais agus straitéisí de chuid an Aontais a fhorbairt amach anseo, lena n-áirítear caighdeáin uile-Aontais i leith táirgí airgeadais atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus, bunú lipéad, ar deireadh, lena dtabharfaí aitheantas foirmiúil do chomhlíonadh na gcaighdeán sin ar fud an Aontais, agus ar a mbunófaí bearta eacnamaíocha, rialála agus stuamachta chomh maith. Is riachtanach iad na ceanglais dhlíthiúla aonfhoirmeacha chun méid na hinbhuanaitheachta comhshaoil a bhaineann le hinfheistíochtaí a bhreithniú, ar bhunús critéar aonfhoirmeach maidir leis an méid inbhuanaitheachta comhshaoil a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha agus táscairí coiteanna chun measúnú a dhéanamh ar thionchar na n-infheistíochtaí ar an gcomhshaol; mar thagairt do reachtaíocht an Aontais amach anseo leis an aidhm chun éascú a dhéanamh ar an aistriú ó infheistíochtaí lena mbaineann tionchar comhshaoil diúltach chuig infheistíochtaí le tionchar dearfach. [Leasú 13]

(14)  I gcomhthéacs spriocanna forbartha inbhuanaithe a bhaint amach san Aontas, léiríodh go raibh d’fhéadfadh roghanna beartais cosúil le cruthú Ciste Eorpaigh le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha a bheith éifeachtach i dtaobh rannchuidiú le hinfheistíocht phríobháideach, taobh le caiteachas poiblí, a shlógadh agus a chur i dtreo infheistíochtaí inbhuanaithe. Sonraítear i Rialachán (AE) 2015/1017 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(13) sprioc infheistíochta chothrománach aeráide 40 % do thionscadail bhonneagair agus nuálaíochta faoin gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha. D'fhéadfadh Féadfaidh critéir choiteanna maidir le hinbhuanaitheacht gníomhaíochtaí eacnamaíocha agus táscairí coiteanna don mheasúnú ar an tionchar comhshaoil a bheith mar bhonn taca le tionscnaimh den chineál céanna de chuid an Aontais amach anseo lena ndéanfar hinfheistíocht a shlógadh lena saothraítear cuspóirí a bhaineann leis an aeráid nó cuspóirí comhshaoil eile. [Leasú 14]

(15)  Chun ilroinnt an mhargaidh a sheachaint chomh maith le dochar do leasanna tomhaltóirí a sheachaint de bharr smaointe éagsúla maidir le méid na hinbhuanaitheachta comhshaoil a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha, i gcás ceanglais náisiúnta nach mór do ghníomhairí margaidh a chomhlíonadh nuair is mian leo táirgí airgeadais nó bannaí corparáideacha a mhargú mar a shainítear sa Rialachán seo mar chinn atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, ba cheart na critéir aonfhoirmeacha i leith gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a bheith ina ndúshraith acu. Áirítear leis na gníomhaithe margaidh sin rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a thairgeann táirgí airgeadais inbhuanaithe nó seirbhísí agus cuideachtaí neamhairgeadais a eisíonn bannaí corparáideacha "glasa" inbhuanaithe. [Leasú 15]

(16)  Ionas nach ndéanfar dochar do leasanna tomhaltóirí, ba cheart do bhainisteoirí cistí agus d'infheisteoirí institiúideacha a thairgeann táirgí airgeadais mar chinn atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de nochtadh a dhéanamh ar an dóigh agus ar a mhéid a úsáidtear na critéir maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de chun inbhuanaitheacht chomhshaoil na n‑infheistíochtaí a chinneadh. Leis an bhfaisnéis sin arna nochtadh, ba cheart a chur ar a gcumas d'infheisteoirí tuiscint a fháil ar an sciar den infheistíocht lena ndéantar cistiú ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de mar chéatadán de na gníomhaíochtaí eacnamaíocha go léir, agus, ar an gcaoi sin, tuiscint a fháil ar inbhuanaitheacht comhshaoil na hinfheistíochta. Ba cheart don Choimisiún an fhaisnéis nach mór a nochtadh chun na críche sin a shonrú. Leis an bhfaisnéis sin, ba cheart a chur ar a gcumas do na húdaráis inniúla náisiúnta comhlíonadh na hoibleagáide nochta a fhíorú go héasca, agus an oibleagáid sin a fhorfheidhmiú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme.

(17)  Ionas nach rachfar timpeall ar an oibleagáid nochta, ba cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid sin freisin maidir le gach táirge airgeadais arna dtairgeadh mar chinn a bhfuil saintréithe comhchosúla acu le hinfheistíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil sé de sprioc leo an comhshaol a chosaint go ginearálta. Níor cheart a cheangal ar rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais gan infheistíocht a dhéanamh ach amháin i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de arna gcinneadh i gcomhréir leis na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sa Rialachán seo. Ba cheart rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus gníomhaithe eile a spreagadh chun an Coimisiún a chur ar an eolas má mheasann siad nach bhfuil na critéir scagtha theicniúla atá ábhartha do na gníomhaíochtaí arna maoiniú acu bunaithe go fóill agus ar an gcúis sin gur cheart a mheas go bhfuil a dtáirgí airgeadais inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, chun cuidiú leis an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh ar a iomchuí agus atá sé na critéir scagtha theicniúla a chomhlánú nó a thabhairt cothrom le dáta. [Leasú 16]

(18)  Chun críocha a chinneadh an bhfuil méid na hinbhuanaitheachta comhshaoil a bhaineann le gníomhaíocht eacnamaíoch inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, eacnamaíoch a chinneadh, ba cheart liosta uileghabhálach cuspóirí comhshaoil a leagan síos, bunaithe ar tháscairí lena ndéantar an tionchar ar an gcomhshaol a thomhas, agus a thionchar ar an luachshlabhra tionsclaíoch iomlán á chur san áireamh agus comhleanúnachas le reachtaíocht an Aontais atá ann cheana á áirithiú, amhail an pacáiste Fuinnimh Ghlain. [Leasú 17]

(19)  Agus léirmhíniú a dhéanamh ar an gcuspóir comhshaoil i dtaobh éiceachórais shláintiúla a chosaint, ba cheart ionstraimí ábhartha reachtacha agus neamhreachtacha de chuid an Aontais a chur san áireamh, lena n‑áirítear Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(14), Treoir 92/43/CEE ón gComhairle(15), Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(16), Straitéis Bhithéagsúlachta AE go dtí 2020(17), Straitéis AE maidir le Bonneagar Glas, Treoir 91/676 ón gComhairle(18), Rialachán (AE) Uimh. 511/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(19), Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(20), an Plean Gníomhaíochta maidir le Forfheidhmiú an Dlí, Rialachas agus Trádáil i dtaca le Foraoisí(21), agus an Plean Gníomhaíochta maidir le Gáinneáil ar Fhiadhúlra(22).

(20)  Maidir le gach cuspóir comhshaoil, ba cheart critéir aonfhoirmeacha a leagan síos bunaithe ar fhaisnéis arna soláthar trí mheán táscairí comhchuibhithe chun gníomhaíochtaí eacnamaíocha a mheas mar chinn a rannchuidíonn go mór leis an gcuspóir sin. Ba cheart gur ghné amháin de na critéir aonfhoirmeacha dochar suntasach d’aon cheann de na cuspóirí comhshaoil a leagtar amach sa Rialachán seo a sheachaint. Is amhlaidh atá ionas nach measfar go bhfuil infheistíochtaí inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, cé go ndéanann na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a dtéann na hinfheistíochtaí sin chun sochair dóibh dochar don chomhshaol ar mó é ná rannchuidiú na ngníomhaíochtaí sin do chuspóir comhshaoil. Leis na coinníollacha i leith rannchuidiú mór agus i leith dochar suntasach ar bith a dhéanamh, ba cheart féachaint chuige, trí infheistíochtaí i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, go rannchuideofar i ndáiríre leis na cuspóirí comhshaoil a bhaint amach. [Leasú 18]

(21)  Ag meabhrú an ghealltanais chomhpháirtigh a rinne Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún chun na prionsabail atá cumhdaithe i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta a shaothrú d'fhonn tacú le fás inbhuanaithe, cuimsitheach, agus ag aithint ábharthacht chearta agus chaighdeáin íosta idirnáisiúnta an duine agus na gceart agus na gcaighdeán íosta idirnáisiúnta saothair, ba cheart nár mhór gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bheith i gcomhréir le coimircí íosta chun cáiliú mar chinn atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Ar an gcúis sin, níor cheart gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bheith cáilithe mar chinn atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de ach amháin nuair a dhéantar iad agus dearbhú na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) maidir le Cearta Bunúsacha agus Prionsabail ag an Obair agus na hocht gcroíchoinbhinsiún de chuid EIS á gcomhlíonadh. Sainítear i gcroíchoinbhinsiúin EIS cearta an duine agus cearta saothair atá cuideachtaí ceaptha a urramú. Cumhdaítear roinnt de na caighdeáin idirnáisiúnta sin freisin i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe toirmeasc ar an sclábhaíocht agus ar shaothar éignithe agus prionsabal an neamh-idirdhealaithe. Tá na coimircí íosta sin gan dochar do chur i bhfeidhm ceanglais atá níos déine ná mar a bhí maidir leis an an gcomhshaol, le sláinte agus le sábháilteacht agus le hinbhuanaitheacht shóisialta a leagtar amach i ndlí an Aontais, i gcás inarb infheidhme.

(22)  I bhfianaise na sonraí teicniúla sonracha is gá chun measúnú a dhéanamh ar thionchar comhshaoil gníomhaíochta eacnamaíche agus i bhfianaise gur dual d'athruithe tarlú go sciobtha san eolaíocht agus sa teicneolaíocht araon, ba cheart na critéir i leith atá ábhartha maidir le méid na hinbhuanaitheachta comhshaoil a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a chur in oiriúint go rialta do na hathruithe sin. Chun go mbeidh na critéir agus táscairí cothrom le dáta, bunaithe ar fhianaise eolaíoch agus ar ionchur ó shaineolaithe chomh maith le páirtithe leasmhara ábhartha, ba cheart na coinníollacha maidir le rannchuidiú mór agus dochar suntasach a mhionsonrú tuilleadh i leith gníomhaíochtaí eacnamaíocha éagsúla agus ba cheart iad a thabhairt cothrom le dáta go rialta. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún critéir scagtha theicniúla, atá mionsonraithe agus calabraithe, agus tacar táscairí comhchuibhithe a leagan síos i leith na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha difriúla, ar bhonn an ionchuir theicniúil ó Ardán il-gheallsealbhóra maidir le Maoiniú Inbhuanaithe. [Leasú 19]

(23)  Bíonn drochthionchar ag roinnt gníomhaíochtaí eacnamaíocha ar an gcomhshaol, agus is féidir rannchuidiú go mór le cuspóir comhshaoil amháin nó níos mó ach an drochthionchar sin a laghdú. I gcás na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha sin, is iomchuí critéir scagtha theicniúla a leagan síos lena gceanglaítear feabhas mór a chur ar fheidhmíocht chomhshaoil i gcomparáid le meán an tionscail, inter alia, chun a mheas an bhféadfaidh an ghníomhaíocht sin rannchuidiú suntasach a ghnóthú do chuspóir comhshaoil amháin nó níos mó. Ba cheart tionchar fadtéarmach gníomhaíochta eacnamaíche ar leith a mheas sna critéir sin freisin i.e. níos mó ná 3 bliana), go háirithe i dtaca leis na tairbhí comhshaoil a bhaineann le táirgí agus seirbhísí agus i dtaca le rannchuidiú táirgí idirmheánacha, agus ar an gcaoi sin measúnú a sholáthar ar an tionchar atá ag gach céim den mhonaraíocht agus ag an úsáid feadh an luachshlabhra agus an tsaolré. [Leasú 20]

(24)  Níor cheart a mheas go bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de mó an dochar a dhéantar mura dtugtar léi glansochar don chomhshaol. ná na sochair a thugtar léi Ba cheart a aithint leis na critéir scagtha theicniúla na ceanglais íosta is gá chun dochar suntasach do chuspóirí eile a sheachaint. Agus na critéir scagtha theicniúla á mbunú agus á dtabhairt cothrom le dáta, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go bhfuil na critéir sin réasúnach, comhréireach agus bunaithe ar fhianaise eolaíoch atá ar fáil agus go gcuirtear san áireamh leo an luachshlabhra iomlán agus saolré na dteicneolaíochtaí. Ba cheart go n-áiritheoidh sé go dtugtar cothrom le dáta iad go rialta. I gcás ina bhfágann an mheastóireacht eolaíoch nach féidir an riosca a chinneadh le deimhneacht leordhóthanach, ba cheart feidhm a bheith ag prionsabal an réamhchúraim, i gcomhréir le hAirteagal 191 CFAE. [Leasú 21]

(25)  Agus na critéir scagtha theicniúla á mbunú agus á dtabhairt cothrom le dáta, ba cheart don Choimisiún dlí ábhartha an Aontais a chur san áireamh, chomh maith le hionstraimí neamhreachtacha an Aontais atá i bhfeidhm cheana féin, lena n‑áirítear Rialachán (CE) 66/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(23), Scéim AE um Bainistíocht agus Iniúchadh Comhshaoil(24), critéir AE um Sholáthar Poiblí Glas(25). Ardán an Choimisiúin maidir le Geilleagar Ciorclach, an tArdán Eorpach maidir le Measúnú Saolré, agus an obair leanúnach ar na rialacha maidir le Lorg Comhshaoil Táirgí agus Eagraíochtaí(26). Chun neamhréireachtaí neamhriachtanacha le haicmithe ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha atá ann cheana chun críocha eile a sheachaint, ba cheart don Choimisiún na haicmithe staidrimh a bhaineann leis an Earnáil Earraí agus Seirbhísí Comhshaoil a chur san áireamh freisin, eadhon Aicmiú na nGníomhaíochtaí agus an Chaiteachais maidir le Cosaint an Chomhshaoil (CEPA) agus Aicmiú na nGníomhaíochtaí Bainistithe Acmhainní (CReMA)(27). [Leasú 22]

(26)  Agus na critéir scagtha theicniúla agus na táscairí comhchuibhithe á mbunú agus á dtabhairt cothrom le dáta, ba cheart don Choimisiún sainiúlachtaí earnáil an bhonneagair earnálacha éagsúla, agus seachtrachtaí comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha a chur san áireamh laistigh d'anailís chostais agus tairbhe. Maidir leis sin, ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh ar an obair a dhéanann eagraíochtaí idirnáisiúnta, amhail ECFE, ar reachtaíocht agus caighdeáin ábhartha an Aontais, lena n‑áirítear Treoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(28), Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(29), Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(30), Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(31), Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(32), agus ar an modheolaíocht atá ann faoi láthair. Sa chomhthéacs sin, ba cheart creataí rialachais iomchuí a chur chun cinn leis na critéir scagtha theicniúla, ar creataí iad lena ndéantar comhtháthú ar thosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais, dá dtagraítear sna Prionsabail um Infheistíocht Fhreagrach(33) a dtacaíonn na Náisiúin Aontaithe leo, i ngach céim de shaolré thionscadail. [Leasú 23]

(26a)  Agus na critéir scagtha theicniúla á sainiú ag an gCoimisiún, ba cheart a chur san áireamh freisin bearta idirthréimhseacha i dtreo gníomhaíochtaí lena dtacaítear leis an aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin atá níos inbhuanaithe. I gcás cuideachtaí atá ag gabháil faoi láthair do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha lena ndéantar díobháil don chomhshaol, ba cheart go mbeadh dreasachtaí ar fáil chun aistriú gasta a dhéanamh chuig stádas atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, nó ar a laghad, chuig stádas nach bhfuil díobhálach don chomhshaol. Agus na próisis aistrithe sin ar siúl, ba cheart iad a spreagadh leis na critéir scagtha theicniúla. Más léir go bhfuil an chuid is mó de na gnóthais a dhéanann gníomhaíocht díobhálach ar leith ag gabháil don aistriú sin, féadfar é sin a chur san áireamh sna critéir scagtha. Is féidir iarrachtaí díograiseacha aistrithe a léiriú trí, i measc nithe eile, taighde leanúnach agus iarrachtaí forbartha, mórinfheistíochtaí caipitiúla i dteicneolaíochtaí nua atá níos inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, nó i bpleananna nithiúla maidir le haistriú i gcéimeanna luatha, ar a laghad, den chur chun feidhme. [Leasú 24]

(27)  Chun spreagadh a thabhairt don nuálaíocht atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, agus chun saobhadh iomaíochta a sheachaint agus maoiniú á thiomsú i gcomhair gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, ba cheart a áirithiú leis na critéir scagtha teicniúla gur féidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha ábhartha laistigh d'earnáil shonrach de mhacrai-earnálacha i.e. earnálacha NACE amhail an talmhaíocht, an fhoraoiseacht agus an iascaireacht, an mhonaraíocht, soláthar leictreachais, gáis, gaile agus aerchóiriúcháin, an fhoirgníocht, an t-iompar agus seirbhísí stórála) cáiliú mar cheann atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus go gcaithfear go cothrom leo más é an méid céanna rannchuidithe a bhíonn i gceist leo i dtaca le ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí comhshaoil a leagtar amach sa Rialachán seo, agus san am céanna nach ndéanfaidís dochar suntasach do chuspóirí comhshaoil eile faoi Airteagal 3 agus Airteagal 12. D’fhéadfadh éagsúlacht a bheith i gceist idir earnálacha ó thaobh cumas féideartha chun rannchuidiú leis na cuspóirí comhshaoil sin, áfach, agus ba cheart é sin a léiriú sna critéir scagtha. Laistigh de gach macrai-earnáil eacnamaíoch, áfach, níor cheart go bhfágfadh na critéir sin go mbeadh gníomhaíocht eacnamaíoch faoi mhíbhuntáiste éagórach i gcomparáid le ceann eile má bhíonn an méid céanna rannchuidithe i gceist leis an gcéad cheann i dtaca leis na cuspóirí comhshaoil agus a bhíonn i gceist leis an dara ceann, agus san am céanna nach ndéanfaidís dochar suntasach do chuspóirí comhshaoil eile faoi Airteagal 3 agus Airteagal 12. [Leasú 25]

(27a)  Is toradh ar theicneolaíochtaí agus táirgí arna bhforbairt feadh an luachshlabhra uile iad gníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Ar an ábhar sin, ba cheart ról iomlán an luachshlabhra i seachadadh deiridh gníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a mheas sna critéir scagtha theicniúla, ó amhábhair a phróiseáil go dtí an táirge deiridh agus a chéim dramhaíola. [Leasú 26]

(27b)   Chun nach gcuirfear isteach ar luachshlabhraí a fheidhmíonn go maith, ba cheart go mbreithneofaí sna critéir scagtha theicniúla gur le teicneolaíochtaí agus táirgí arna bhforbairt ag an iliomad gníomhaithe eacnamaíocha a chumasaítear gníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. [Leasú 27]

(28)  Agus critéir scagtha theicniúla á mbunú aige, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar rioscaí aistrithe a d’fhéadfadh a bheith ann, an mbeadh luas ghlacadh na gcritéar sin i leith gníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de ina chúis le sócmhainní tréigthe nó an mbeadh dreasachtaí neamhréireacha ann dá mbarr, agus an mbeadh aon drochthionchar aige ar leachtacht sna margaí airgeadais. [Leasú 28]

(29)  Chun ualach ró‑mhór costas comhlíontachta ar oibreoirí eacnamaíocha a sheachaint, ba cheart don Choimisiún critéir scagtha theicniúla a bhunú lena ndéanfar foráil maidir le soiléire dhlíthiúil leordhóthanach, ar critéir iad atá indéanta agus is féidir a chur i bhfeidhm go héasca, agus ar féidir comhlíonadh na gcritéar sin a fhíorú laistigh de theorainneacha réasúnta i dtaobh costais chomhlíontachta.

(30)  Chun a áirithiú go ndéantar infheistíochtaí a threorú i dtreo gníomhaíochtaí eacnamaíocha a mbeidh an tionchar dearfach is mó acu ar na cuspóirí comhshaoil, ba cheart don Choimisiún tosaíocht a thabhairt do chritéir scagtha theicniúla a bhunú i leith na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha a d’fhéadfadh an rannchuidiú ba mhó a bheith i gceist leo i dtaca leis na cuspóirí comhshaoil. Ba cheart a chur san áireamh sna critéir scagtha torthaí na dtionscadal chun sainaithint agus forbairt teicneolaíochtaí nua a éascú agus chomh maith leis sin chun inscálaitheacht na dteicneolaíochtaí sin a chur san áireamh. [Leasú 29]

(31)  Ba cheart critéir scagtha theicniúla iomchuí a bhunú don earnáil iompair, lena n-áirítear le haghaidh sócmhainní soghluaiste, agus ba cheart a chur san áireamh iontu saolré iomlán na dteicneolaíochtaí agus gur ón earnáil iompair, lena n-áirítear loingseoireacht idirnáisiúnta, a thagann gar do 26 % d’iomlán na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa san Aontas. Mar a léirítear sa Phlean Gníomhaíochta maidir le Fás Inbhuanaithe a Mhaoiniú(34), is san earnáil iompair atá thart ar 30 % de na riachtanais infheistíochta bliantúla breise don fhorbairt inbhuanaithe san Aontas, lena n-áirítear trí chur leis an leictriú nó trí aistriú chuig modhanna iompair níos glaine trí athrú modha agus bainistíocht tráchta a chur chun cinn. [Leasú 30]

(32)  Agus forbairt na gcritéar scagtha teicniúil á hullmhú ag an gCoimisiún, is gá dó dul i mbun comhairliúcháin iomchuí i gcomhréir le ceanglais maidir le Rialáil Níos Fearr agus tá tábhacht ar leith leis sin. Ba cheart páirtithe leasmhara ábhartha a bheith páirteach sa phróiseas faoina mbunófar na critéir scagtha teicniúla agus na táscairí comhchuibhithe agus faoina dtabharfar cothrom le dáta iad, agus ba cheart, sa phróiseas sin, leas a bhaint as fianaise eolaíoch, an tionchar socheacnamaíoch, an dea-chleachtas agus saothar agus eintitis atá ann cheana, go háirithe Ardán an Choimisiúin Eorpaigh maidir le Geilleagar Ciorclach, agus as comhairle ó shaineolaithe a bhfuil eolas cruthaithe agus taithí dhomhanda acu sna réimsí ábhartha. Chun na críche sin, ba cheart don Choimisiún Ardán maidir le maoiniú inbhuanaithe a bhunú. Ba cheart an tArdán sin a bheith comhdhéanta de réimse leathan saineolaithe a dhéanann ionadaíocht ar an earnáil phoiblí agus ar an earnáil phríobháideach araon chun a áirithiú go dtugtar aird chuí ar shainiúlachtaí na n-earnálacha ábhartha uile. Ba cheart a áireamh le hionadaithe na hearnála poiblí saineolaithe ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil agus ó ghníomhaireachtaí náisiúnta um chaomhnú comhshaoil, ó na hÚdaráis Eorpacha Mhaoirseachta, ón nGrúpa Comhairleach um Thuairisciú Airgeadais san Eoraip agus ón mBanc Eorpach Infheistíochta. Ba cheart a áireamh le saineolaithe na hearnála príobháidí ionadaithe de chuid geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear gníomhaithe margaidh airgeadais agus neamhairgeadais, ionadaithe an fhíorgheilleagair a dhéanann ionadaíocht ar raon leathan tionscal, ollscoileanna, institiúidí taighde, comhlachais agus eagraíochtaí. I gcás inar gá, ba cheart cead a bheith ag an Ardán comhairle a iarraidh ó neamhchomhaltaí. Ba cheart don Ardán comhairle a chur ar an gCoimisiún maidir le critéir scagtha theicniúla agus táscairí comhchuibhithe a fhorbairt, a anailísiú agus a athbhreithniú, lena n-áirítear a dtionchar féideartha ar luacháil sócmhainní ar measadh, go dtí glacadh na gcritéar scagtha teicniúil, gur shócmhainní inbhuanaithe iad faoi chleachtais mhargaidh atá ann cheana. Ina theannta sin, ba cheart don Ardán comhairle a chur ar an gCoimisiún maidir le hoiriúnacht na gcritéar scagtha teicniúil agus na dtáscairí le haghaidh tuilleadh úsáidí i dtionscnaimh bheartais de chuid an Aontais amach anseo a bheidh dírithe ar infheistíocht inbhuanaithe a éascú. Leasú Ba cheart don Ardán comhairle a chur ar an gCoimisiún maidir le caighdeáin chuntasaíochta inbhuanaitheachta agus caighdeáin tuairiscithe chomhtháite a fhorbairt do chomhlachtaí corpraithe agus do rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais, lena n-áirítear tríd an athbhreithniú ar Threoir 2013/34/AE. [Leasú 31]

(33)  Chun na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo a shonrú, agus go háirithe chun critéir scagtha theicniúla agus táscairí atá mionsonraithe agus calabraithe a bhunú agus a thabhairt cothrom le dáta i leith gníomhaíochtaí eacnamaíocha éagsúla maidir lena bhfuil i gceist le rannchuidiú mór leis na cuspóirí comhshaoil agus dochar suntasach dóibh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an bhfaisnéis is gá chun an oibleagáid nochta a leagtar amach in Airteagal 4(3) a chomhlíonadh, agus i dtaca leis na critéir scagtha theicniúla a luaitear in Airteagal 6(2), Airteagal 7(2), Airteagal 8(2), Airteagal 9(2), Airteagal 10(2) agus Airteagal 11(2). Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú gníomhartha tarmligthe a áirithiú, ba cheart do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle na doiciméid uile a fháil an tráth céanna le saineolaithe na mBallstát, agus ba cheart rochtain chórasach a bheith ag saineolaithe Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar chruinnithe de shainghrúpaí de chuid an Choimisiúin a bhíonn ag plé le hullmhú gníomhartha tarmligthe. [Leasú 32]

(34)  Chun dóthain ama a fhágáil ag na gníomhaithe ábhartha go léir chun dul i dtaithí ar na critéir i leith gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a leagtar amach sa Rialachán seo agus chun ullmhú lena gcur i bhfeidhm, ba cheart na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo a bheith infheidhme, i leith gach cuspóra comhshaoil, sé mhí tar éis ghlacadh na gcritéar scagtha teicniúil ábhartha.

(35)  Ba cheart athbhreithniú rialta a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus ar a laghad tar éis dhá bhliain chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir le forbairt critéar scagtha teicniúil agus táscairí comhchuibhithe i leith gníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de nó gníomhaíochtaí atá díobhálach ó thaobh an chomhshaoil de, chun measúnú a dhéanamh ar an úsáid atá á baint as an sainmhíniú ar infheistíocht atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de nó infheistíochtaí lena mbaineann tionchar díobhálach don chomhshaol, agus chun a mheas an gá sásra fíoraithe breise a bhunú ionas go gcomhlíonfar na hoibleagáidí. Ba cheart a áireamh san athbhreithniú freisin measúnú ar na forálacha is gá chun raon feidhme an Rialacháin seo a leathnú chun cuspóirí maidir le hinbhuanaitheacht shóisialta a chumhdach. Faoin 31 Márta 2020, ba cheart don Choimisiún, i gcás inarb iomchuí, tograí reachtacha breise a fhoilsiú maidir le sásra fíoraithe um chomhlíonadh a bhunú. [Leasú 33]

(36)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit féin cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach, ach gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, mar gheall ar an ngá atá le critéir aonfhoirmeacha agus táscairí a thabhairt isteach ar leibhéal an Aontais i leith gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. [Leasú 34]

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Caibidil I

Ábhar, raon feidhme agus sainmhínithe

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.  Bunaítear leis an Rialachán seo na critéir chun méid an tionchair chomhshaoil agus na hinbhuanaitheachta a bhaineann le gníomhaíocht eacnamaíoch a chinneadh inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de chun críocha méid na hinbhuanaitheachta comhshaoil a bhaineann le hinfheistíocht a shuí, ar infheistíocht í a dhéantar.

2.  Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)  bearta arna nglacadh ag na Ballstáit nó ag an Aontas lena leagtar amach aon cheanglais atá ar rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais i leith táirgí airgeadais nó bannaí corparáideacha arna margú laistigh den Aontas mar chinn atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de.

(b)  rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a dhéanann táirgí airgeadais a thairiscint laistigh den Aontas mar infheistíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de nó mar infheistíochtaí a bhfuil tréithe comhchosúla acu, agus

(ba)   rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a thairgeann táirgí airgeadais eile seachas sna cásanna seo a leanas:

i.  má sholáthraíonn an rannpháirtí sa mhargadh airgeadais mínithe, atá tacaithe ag fianaise réasúnta chun sástacht na n-údarás inniúil ábhartha, nach bhfuil aon tionchar inbhuanaitheachta suntasach ag na gníomhaíochtaí eacnamaíocha arna gcistiú ag a tháirgí airgeadais de réir na gcritéar scagtha teicniúil dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 3a, agus sa chás sin ní bheidh feidhm ag forálacha Chaibidil II agus Chaibidil III. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil ina réamheolaire, nó

ii.  má dhearbhaíonn an rannpháirtí sa mhargadh airgeadais ina réamheolaire nach bhfuil cuspóirí inbhuanaitheachta á saothrú leis an táirge airgeadais i dtrácht agus go bhfuil baol méadaithe ann go dtacóidh an táirge le gníomhaíochtaí eacnamaíocha nach meastar a bheith inbhuanaithe faoin Rialachán seo.

2a.  Cuirfear i bhfeidhm na critéir dá dtagraítear in Airteagal 1(1) ar bhealach comhréireach, agus ualach iomarcach riaracháin á sheachaint, agus ag cur san áireamh cineál, scála agus castacht an rannpháirtí sa mhargadh airgeadais agus na n-institiúidí creidmheasa trí fhorálacha simplithe le haghaidh eintitis bheaga agus neamhchasta i gcomhréir le forálacha mhír 2d d’Airteagal 4.

2b.  Féadfar na critéir dá dtagraítear sa chéad mhír den Airteagal seo a úsáid chun na críche atá luaite sa mhír sin ag gnóthais nach gcumhdaítear le hAirteagal 1(2) nó maidir le táirgí airgeadais eile seachas na cinn sin a shainítear in Airteagal 2 ar bhonn deonach.

2c.  Glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe chun críche na faisnéise a chuirfidh an rannpháirtí sin sa mhargadh airgeadais faoi bhráid na n-údarás inniúil ábhartha chun críocha phointe (a) de mhír 2 den Airteagal seo. [Leasuithe 35, 55, 59, 87 agus 96]

Airteagal 2

Sainmhínithe

1.  Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)  ciallaíonn 'infheistíocht atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de' infheistíocht lena ndéantar cistiú ar ghníomhaíocht eacnamaíoch amháin nó roinnt gníomhaíochtaí eacnamaíocha a cháilíonn faoin Rialachán seo mar chinn atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de;

(b)  ciallaíonn 'rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais' rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais aon cheann de na nithe seo a leanas, mar a shainmhínítear iad in Airteagal 2(a) de [togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán maidir le nochtaí a bhaineann le hinfheistíochtaí inbhuanaithe agus rioscaí hinbhuanaitheachta agus lena leasaítear Treoir (AE) 2016/2341];

(i)  institiúid chreidmheasa mar a shainmhínítear í i bpointe (1) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a shainmhínítear faoi [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach tagairt don airteagal ábhartha] de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(ba)   ciallaíonn ‘eisitheoir’ eisitheoir liostaithe faoi mar a shainmhínítear i bpointe (h) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2003/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(35) agus i bpointe (h) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(36);

(c)  ciallaíonn ‘táirgí airgeadais’ bainistíocht punainne, CIM, IBIP, táirge pinsin, scéim pinsean nó GCUI, banna corparáide mar a shainmhínítear iad in Airteagal 2(j) de [togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán maidir le nochtaí a bhaineann le hinfheistíochtaí inbhuanaithe agus rioscaí inbhuanaitheachta agus lena leasaítear Treoir (AE) 2016/2341], chomh maith le heisiúintí dá dtagraítear i dTreoir 2003/71/CE agus Rialachán (AE) 2017/1129);

(ca)  ciallaíonn ‘táscairí comhshaoil’, ar a íosmhéid, tomhas ídiú na n-acmhainní, ar nós amhábhar, fuinnimh, fuinnimh in-athnuaite, uisce, tionchar ar sheirbhísí éiceachórais, astuithe lena n-áirítear CO2, tionchar ar an mbithéagsúlacht agus úsáid talún agus táirgeadh dramhaíola, bunaithe ar fhianaise eolaíochta, agus ar mhodheolaíocht an Choimisiúin maidir le Measúnú Saolré ar leagtar amach i gcreat faireacháin an Choimisiúin maidir leis an ngeilleagar ciorclach (COM(2018)0029);

(cb)  ciallaíonn ‘údarás náisiúnta inniúil ábhartha’ na húdaráis inniúla nó mhaoirseachta sna Ballstáit, mar a shonraítear sna gníomhartha Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh 1094/2010, agus cumhdaítear faoina raon feidhme catagóir an rannpháirtí sa mhargadh airgeadais a thagann faoi réir an cheanglais nochta dá dtagraítear in Airteagal 4 den Rialachán seo;

(cc)  ciallaíonn ‘ÚME (ESA) ábhartha’ Údarás Maoirseachta Eorpach, nó Údaráis Maoirseachta Eorpacha, mar a shonraítear sna gníomhartha Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus/nó de Rialachán (AE) Uimh 1095/2010, agus cumhdaítear faoina raon feidhme catagóir an rannpháirtí sa mhargadh airgeadais a thagann faoi réir an cheanglais nochta dá dtagraítear in Airteagal 4 den Rialachán seo;

(d)  ciallaíonn ‘maolú ar an athrú aeráide’ an próiseas na próisis is gá, lena n-áirítear bearta idirthréimhseacha, chun an méadú ar an meánteocht dhomhanda á choimeád go mór faoi bhun 2 °C agus iarrachtaí a shaothrú i dtaca lena theorannú chuig os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch, agus an méadú teochta a theorannú 1.5  C thar leibhéil réamhthionsclaíocha, mar a leagtar síos i gComhaontú Pháras;

(e)  ciallaíonn ‘oiriúnú don athrú aeráide’ an próiseas chun oiriúnú don aeráid iarbhír agus don athrú aeráide a bhfuiltear ag súil léi agus dá héifeachtaí;

(f)  ciallaíonn ‘gás ceaptha teasa’ gás ceaptha teasa a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(37);

(g)  ciallaíonn ‘geilleagar ciorclach’ luach agus úsáid táirgí, ábhar agus na hacmhainní uile eile sa gheilleagar a choinneáil ar a leibhéal is airde a fhad agus is féidir, agus dá bhrí sin an tionchar comhshaoil a laghdú agus dramhaíl a íoslaghdú, lena n-áirítear trí chur i bhfeidhm an ordlathais dramhaíola a leagtar síos in Airteagal 4 de Threoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(38) agus lena n-íoslaghdaítear úsáid acmhainní ar bhunús príomhtháscairí faoin ngeilleagar ciorclach a leagtar amach sa chreat faireacháin maidir le dul chun cinn i dtreo geilleagar ciorclach, agus na céimeanna éagsúla den táirgeadh, ídiú, bainistiú dramhaíola á gcumhdach.

(h)  ciallaíonn 'truailliú':

(i)  substaintí, creathadh, teas, torann nó truailleáin eile a thabhairt isteach, go díreach nó go hindíreach, mar thoradh ar ghníomhaíocht an duine, san aer, san uisce nó sa talamh, ar substaintí, creathadh, teas, torann nó truailleáin eile iad a d'fhéadfadh a bheith díobhálach do shláinte an duine nó do cháilíocht an chomhshaoil, a d'fhéadfadh damáiste a dhéanamh do mhaoin ábhartha, nó a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh do thaitneamhachtaí agus d'úsáidí dlisteanacha eile a bhaintear as an gcomhshaol nó cur isteach orthu;

(ii)  i gcomhthéacs na muirthimpeallachta, truailliú mar a shainmhínítear é in Airteagal 3(8) de Threoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(39);

(iia)   i gcomhthéacs thimpeallacht an uisce, ‘truailliú’ mar a shainmhínítear é in Airteagal 2(33) de Threoir 2000/60/CE;

(i)  ciallaíonn ‘éiceachóras sláintiúil’ éiceachóras atá i riocht maith fisiceach, ceimiceach agus bitheolaíoch nó ar dhea-chaighdeán fisiceach, ceimiceach agus bitheolaíoch agus ar féidir leis é féin a atáirgeadh nó a athshlánú chuig cothromaíocht agus lena gcaomhnaítear an bhithéagsúlacht;

(j)  ciallaíonn 'éifeachtúlacht fuinnimh' úsáid a bhaint as fuinneamh ar shlí níos éifeachtúla i ngach céim den slabhra fuinnimh ó tháirgeadh go dtí an tomhaltas deiridh;

(k)  ciallaíonn 'dea-stádas comhshaoil' dea-stádas comhshaoil mar a shainmhínítear é in Airteagal 3(5) de Threoir 2008/56/CE;

(l)  ciallaíonn 'uiscí mara' uiscí mara mar a shainmhínítear iad in Airteagal 3(1) de Threoir 2008/56/CE;

(m)  beidh le 'uisce dromchla', 'uisce intíre', 'uiscí idirchriosacha' agus 'uisce cósta' an chiall chéanna atá leo i bpointí (1), (3), (6) agus (7) d'Airteagal 2 de Threoir 2000/60/CE(40);

(n)  ciallaíonn 'bainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí' úsáid a bhaint as foraoisí agus talamh foraoise ar bhealach, agus ar ráta, lena gcoinnítear a mbithéagsúlacht, a dtáirgiúlacht, a gcumas athghiniúna, a mbeogacht agus a gcumas chun feidhmeanna ábhartha éiceolaíocha, eacnamaíocha agus sóisialta a chomhlíonadh, anois agus amach anseo, ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal domhanda, agus nach bhfágtar dá mbarr go ndéantar damáiste d'éiceachórais eile úsáid a bhaint as foraoisí agus talamh foraoise i gcomhréir le reachtaíocht is infheidhme. [Leasuithe 36,88 agus 89]

Caibidil II

Gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de

Airteagal 3

Critéir maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de

Chun críocha inbhuanaitheacht comhshaoil infheistíochta a shuíomh, beidh gníomhaíocht eacnamaíoch inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de i gcás ina gcomhlíonann an ghníomhaíocht sin na critéir seo a leanas go léir:

(a)  rannchuidíonn an ghníomhaíocht eacnamaíoch go mór le ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí comhshaoil a leagtar amach in Airteagal 5 i gcomhréir le hAirteagal 6 go hAirteagal 11;

(b)  ní dhéanann an ghníomhaíocht eacnamaíoch dochar suntasach d'aon cheann de na cuspóirí comhshaoil a leagtar amach in Airteagal 5 i gcomhréir le hAirteagal 12;

(c)  déantar an ghníomhaíocht eacnamaíoch i gcomhréir leis na coimircí íosta a leagtar síos in Airteagal 13;

(d)  comhlíonann an ghníomhaíocht eacnamaíoch critéir scagtha theicniúla, i gcás inar shonraigh an Coimisiún na critéir sin, ar bhonn táscairí comhchuibhithe lena dtomhaistear tionchar inbhuanaitheachta ar leibhéal na cuideachta nó an phlean a bhaineann leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch agus i gcomhréir le hAirteagail 6(2), 7(2), 8(2), 9(2), 10(2) agus 11(2). [Leasú 37]

Airteagal 3a

Critéir i gcomhair gníomhaíochtaí eacnamaíocha le drochthionchar suntasach ar an gcomhshaol

Faoin 31 Nollaig 2021, seolfaidh an Coimisiún measúnú tionchair ar na hiarmhairtí a eascróidh as athbhreithniú ar an Rialachán seo chun an creat i gcomhair infheistíochtaí inbhuanaithe a mhéadú le creat a úsáidtear chun critéir a chinneadh i dtaca le cathain agus conas a imríonn gníomhaíocht eacnamaíoch drochthionchar suntasach ar inbhuanaitheacht. [Leasú 38]

Airteagal 4

Úsáid a bhaint as Cur i bhfeidhm agus comhlíonadh na gcritéir chun leibhéal na hinbhuanaitheachta ó thaobh an chomhshaoil de a chinneadh i ndáil le gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de

1.  Cuirfidh na Ballstáit agus an tAontas i bhfeidhm na critéir leis na agus an tAontas gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a chinneadh, a leagtar amach in Airteagal 3, chun críocha aon bheart lena leagtar síos ceanglais inbhuanaitheachta ar ghníomhaithe margaidh i leith táirgí airgeadais nó bannaí corparáideacha.

2.  I gcás rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a thairgeann táirgí airgeadais nó bannaí corparáideacha an fhaisnéis ábhartha a nochtadh, lena lamháiltear dóibh a shuí arb ionann na táirgí a thairgeann siad agus infheistíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, nó mar infheistíochtaí a bhfuil tréithe comhchosúla leo, nochtfaidh siad faisnéis i ndáil leis an dóigh agus lena mhéid a úsáidtear na critéir maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a leagtar amach in Airteagal 3 chun inbhuanaitheacht comhshaoil na hinfheistíochta a chinneadh de bhun chritéir Airteagal 3. I gcás ina measann rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais, maidir le gníomhaíocht eacnamaíoch nach gcomhlíonann na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach i gcomhréir leis an Rialachán seo nó nach bhfuil na critéir scagtha theicniúla sin bunaithe fós ina leith, gur cheart í a mheas mar cheann atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, féadfaidh déanfaidh siad an Coimisiún a chur ar an eolas faoi sin. I gcás inarb iomchuí, tabharfaidh an Coimisiún fógra don Ardán maidir le Maoiniú Inbhuanaithe dá dtagraítear in Airteagal 15 i ndáil le hiarrataí den sórt sin ó na rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais. Ní thairgfidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais táirgí airgeadais mar infheistíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de nó mar infheistíochtaí a bhfuil tréithe comhchosúla acu, murab ionann na táirgí sin agus táirgí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de.

2a.  Déanfaidh na Ballstáit, i ndlúthchomhar le ÚME ábhartha, faireachán ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 2. Déanfaidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais í a thuairisciú don údarás inniúil náisiúnta ábhartha a chuirfidh í in iúl do ÚME ábhartha gan mhoill. Aon uair nach n-aontaíonn an t-údarás inniúil náisiúnta ábhartha nó ÚME ábhartha leis an bhfaisnéis arna tuairisciú dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 2a, déanfaidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais an fhaisnéis arna nochtadh a athbhreithniú agus a cheartú.

2b.  Beidh nochtadh na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 4 comhsheasmhach le prionsabail na faisnéise córa, soiléire agus neamh-mhíthreoraí a áirítear i dTreoir (AE) 2014/65/AE agus i dTreoir (AE) 2016/97 agus beidh na cumhachtaí idirghabhála dá dtagraítear in Airteagal 4(2)(c) comhsheasmhach leis na cumhachtaí sin a áirítear i Rialachán Uimh. 600/2014.

2c.  Ní éileofar ceanglais nochta ar bith faoi … [OF cuir isteach tagairt don Rialachán maidir le nochtaí a bhaineann le hinfheistíochtaí inbhuanaithe agus rioscaí inbhuanaitheachta agus lena leasaítear Treoir (AE) 2016/2341] sa Rialachán seo.

2d.  Beidh gnóthais bheaga agus neamh-chasta dá dtagraítear in Airteagal 2.2b agus 2.2c faoi réir forálacha simplithe.

3.  Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 16 chun forlíonadh a dhéanamh ar mhír 2, 2a agus 2b chun sonrú a dhéanamh ar an bhfaisnéis a bhfuil gá léi chun an mhír na míreanna sin a chomhlíonadh, lena n-áirítear liosta infheistíochtaí a bhfuil tréithe comhchosúla acu le hinfheistíochtaí inbhuanaithe agus na tairseacha cáilíochta ábhartha chun críocha mhír 2, agus infhaighteacht na faisnéise ábhartha agus na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach i gcomhréir leis an Rialachán seo á gcur san áireamh. Leis an bhfaisnéis sin, beidh infheisteoirí in ann na nithe seo a leanas a shainaithint:

(a)  céatadán na sealúchas a bhaineann le cuideachtaí i gcuideachtaí difriúla a dhéanann gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de;

(b)  an sciar den infheistíocht lena ndéantar cistiú ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de mar chéatadán de na gníomhaíochtaí eacnamaíocha go léir.

(ba)  na sainmhínithe ábhartha ar ghnóthais bheaga agus neamh-chasta dá dtagraítear in Airteagal 2b mar aon leis na forálacha simplithe a bhfuil feidhm acu maidir leis na heintitis sin.

3a.  Foilseoidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 3.

4.  Glacfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe i gcomhréir le mír 3 faoin 31 Nollaig 2019 d'fhonn a áirithiú go dtiocfaidh sé i bhfeidhm an 1 Iúil 2020. Féadfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe sin a leasú, go háirithe i bhfianaise leasuithe ar na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 6(2), le hAirteagal 7(2), le hAirteagal 8(2), le hAirteagal 9(2), le hAirteagal 10(2) agus le hAirteagal 11(2). [Leasú 39]

Airteagal 4a

Faireachán margaidh

1.  I gcomhréir le hAirteagal 9(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010, Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, déanfaidh ÚME ábhartha faireachán ar an margadh do tháirgí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 1 den Rialachán seo, a ndéantar iad a mhargú, a dháileadh nó a dhíol san Aontas.

2.  Déanfaidh údaráis inniúla faireachán ar an margadh do tháirgí airgeadais a ndéantar iad a mhargú, a dháileadh nó a dhíol ina mBallstát nó óna mBallstát.

3.  I gcomhréir le hAirteagal 9(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, féadfaidh ÚME ábhartha, i gcás ina ndéanann na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 1 sárú ar an Rialachán seo, toirmisc nó srianadh sealadach a dhéanamh san Aontas ar mhargú, dáileadh nó díol na dtáirgí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 1;

Féadfaidh feidhm a bheith ag toirmeasc nó srian dá dtagraítear in Airteagal 3 in imthosca arna sonrú ag ÚME ábhartha nó bheith faoi réir eisceachtaí arna sonrú ag ÚME ábhartha.

4.  Agus gníomh á dhéanamh aige faoin Airteagal seo, déanfaidh ÚME ábhartha a áirithiú i ndáil leis an ngníomh sin:

(a)  nach bhfuil éifeacht dhíobhálach aige ar éifeachtúlacht na margaí airgeadais nó ar infheisteoirí, ar éifeacht í atá díréireach le tairbhí an ghnímh, agus

(b)  nach gcruthaítear riosca arbatráiste rialála leis;

I gcás ina mbeidh beart déanta ag údarás inniúil nó ag údaráis inniúla faoin Airteagal seo, féadfaidh ÚME ábhartha aon cheann de na bearta dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh.

5.  Sula gcinnfidh sé aon ghníomh a dhéanamh faoin Airteagal seo, cuirfidh ÚME ábhartha údaráis inniúla ar an eolas maidir leis an ngníomh atá beartaithe aige.

6.  Déanfaidh ÚME ábhartha athbhreithniú ar thoirmeasc nó ar shrian arna fhorchur faoi mhír 1 ag eatraimh iomchuí agus gach trí mhí ar a laghad. Muna ndéantar athnuachan ar an toirmeasc nó ar an srian i ndiaidh na tréimhse trí mhí sin, rachaidh sé in éag.

7.  Beidh forlámhas ag gníomh arna ghlacadh ag ÚME ábhartha faoin Airteagal seo thar aon ghníomh roimhe sin a ndearna údarás inniúil. [Leasú 40]

Airteagal 5

Cuspóirí comhshaoil

1.  Chun críocha an Rialacháin seo, beidh siad seo a leanas ina gcuspóirí comhshaoil:

(1)  maolú ar an athrú aeráide;

(2)  oiriúnú don athrú aeráide;

(3)  úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint;

(4)  aistriú chuig geilleagar ciorclach, lena n-áirítear cosc agus athchúrsáil dramhaíola agus méadú ar ghlacadh le hamhábhair thánaisteacha;

(5)  cosc agus rialú ar thruailliú;

(6)  bithéagsúlacht agus éiceachórais shláintiúla a chosaint, agus athbhunú éiceachóras díghrádaithe.

1a.  Déanfar na cuspóirí a leagtar amach sa chéad mhír a thomhas le táscairí comhchuibhithe, anailís saolré agus critéir eolaíocha, agus comhlíonfar iad agus é á áirithiú go bhfuil siad sách maith chun dul i ngleic leis na dúshláin chomhshaoil atá ar na bacáin. [Leasú 41]

Airteagal 6

Rannchuidiú mór le maolú ar an athrú aeráide

1.  Measfar go rannchuidíonn gníomhaíocht eacnamaíoch go mór le maolú ar an athrú aeráide i gcás ina rannchuidíonn an ghníomhaíocht sin go mór le cobhsú na dtiúchan gás ceaptha teasa san atmaisféar ar leibhéal a chuireann cosc ar thrasnaíocht chontúirteach antrapaigineach leis an gcóras aeráide trí astaíochtaí gás ceaptha teasa a sheachaint nó a laghdú nó trí fheabhas a chur ar bhaint gás ceaptha teasa trí aon cheann de na modhanna seo a leanas, lena n‑áirítear trí nuálaíocht phróisis nó táirge:

(a)  fuinneamh in-athnuaite nó fuinneamh a bheadh neodrach ó thaobh aeráide de a ghiniúint, a stóráil nó a úsáid (lena n‑áirítear fuinneamh atá neodrach ó thaobh carbóin de), a ghiniúint, a stóráil, a dháileadh nó a úsáid i gcomhréir leis an Treoir maidir le Fuinneamh Inathnuaite, lena n-áirítear trí leas a bhaint as teicneolaíocht nuálach a bhféadfaí coigilteas suntasach a dhéanamh sa todhchaí dá barr nó trí atreisiú riachtanach na greille;

(b)  éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú i ngach earnáil, seachas giniúint fuinnimh a úsáideann breoslaí iontaise soladacha, agus ag gach céim den slabhra fuinnimh, chun tomhaltas príomhúil fuinnimh agus tomhaltas deiridh fuinnimh a laghdú;

(c)  cur le soghluaisteacht ghlan nó soghluaisteacht atá neodrach ó thaobh aeráide de;

(d)  aistriú chuig úsáid a bhaint as ábhair in-athnuaite atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de nó méadú a dhéanamh ar a n-úsáid, bunaithe ar mheasúnú iomlán saolré agus ionadú a dhéanamh ar ábhair atá go háirithe iontaise-bhunaithe, rud a chruthaíonn coigiltis astaíochtaí gás ceaptha teasa sa ghearrthéarma;

(e)  cur leis an úsáid a bhaintear as teicneolaíochtaí i dtaca le gabháil agus úsáid carbóin (CCU) agus gabháil agus stóráil carbóin (CCS) atá sábháilte ó thaobh an chomhshaoil de agus a chruthaíonn glanlaghdú in astaíochtaí;

(f)  astaíochtaí antrapaigineacha gás ceaptha teasa a chéimniú amach, lena n‑áirítear i gcás breoslaí iontaise;

(fa)  asbhaint CO2 ón atmaisféar a mhéadú agus é a stóráil in éiceachórais nádúrtha, mar shampla trí fhoraoisiú, athbhunú foraoisí agus talmhaíocht athghiniúnach;

(g)  bonneagar fuinnimh a bhunú, a bhfuil gá leis chun go mbeifear in ann dícharbónú a dhéanamh ar chórais fuinnimh;

(h)  breoslaí glana, éifeachtúla a tháirgeadh ó fhoinsí in-athnuaite nó ó fhoinsí atá neodrach ó thaobh carbóin de.

2.  Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 chun:

(a)  mír 1 a fhorlíonadh chun critéir scagtha theicniúla bunaithe ar tháscairí a bhunú le coinníollacha a chinneadh, ar coinníollacha iad faoina measfar, chun críocha an Rialacháin seo, go rannchuidíonn gníomhaíocht eacnamaíoch shonrach go mór le maolú ar an athrú aeráide. Áireofar ar na critéir scagtha theicniúla sin tairseacha i gcomhair gníomhaíochtaí maolaithe i gcomhréir leis an gcuspóir teorannú a dhéanamh ar théamh domhanda chuig leibhéal i bhfad faoi 2 C agus iarrachtaí a shaothrú i dtaca lena theorannú chuig 1.5 C thar leibhéil réamhthionsclaíocha, mar a leagtar síos i gComhaontú Pháras;

(b)  Airteagal 12 a fhorlíonadh chun critéir scagtha theicniúla bunaithe ar tháscairí a bhunú, maidir le gach cuspóir comhshaoil ábhartha, lena chinneadh an measfar, chun críocha an Rialacháin seo, go ndéanann gníomhaíocht eacnamaíoch a bhfuil critéir scagtha bunaithe ar tháscairí bunaithe ina leith de bhun phointe (a) den mhír seo dochar suntasach do cheann amháin nó níos mó de na cuspóirí sin.

3.  Bunóidh an Coimisiún na critéir scagtha theicniúla bunaithe ar tháscairí dá dtagraítear i mír 2 i ngníomh tarmligthe amháin, agus na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 14 á gcur san áireamh aige.

4.  Glacfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 2 faoin 31 Nollaig 2019, d'fhonn a áirithiú go dtiocfaidh sé i bhfeidhm an 1 Iúil 2020. [Leasuithe 42, 66 agus 99]

Airteagal 7

Rannchuidiú mór le hoiriúnú don athrú aeráide

1.  Measfar go rannchuidíonn gníomhaíocht eacnamaíoch go mór le hoiriúnú don athrú aeráide i gcás ina rannchuidíonn an ghníomhaíocht sin go mór le laghdú a dhéanamh ar éifeachtaí diúltacha na haeráide atá ann faoi láthair agus na haeráide a mheastar a bheidh ann sa todhchaí nó go gcuireann sí cosc ar mhéadú nó aistriú ar éifeachtaí diúltacha an athraithe aeráide, trí na modhanna seo a leanas:

(a)  éifeachtaí diúltacha an athraithe aeráide ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch a chosc nó a laghdú, ar éifeachtaí iad a bhaineann le suíomh nó comhthéacs sonrach, agus a ndéanfar iad a mheasúnú agus a chur in ord tosaíochta ag baint úsáid as réamh-mheastacháin aeráide atá ar fáil;

(b)  cosc nó laghdú a dhéanamh ar na héifeachtaí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ag an athrú aeráide ar an timpeallacht nádúrtha agus ar an timpeallacht thógtha ina ndéantar an ghníomhaíocht eacnamaíoch, ar éifeachtaí diúltacha iad a dhéanfar a mheasúnú agus a chur in ord tosaíochta ag baint úsáid as réamh-mheastacháin aeráide atá ar fáil agus staidéir ar an tionchar daonna ar an athrú aeráide.

2.  Glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 16 chun:

(a)  mír 1 a fhorlíonadh chun critéir scagtha theicniúla bunaithe ar tháscairí a bhunú le coinníollacha a chinneadh, ar coinníollacha iad faoina measfar, chun críocha an Rialacháin seo, go rannchuidíonn gníomhaíocht eacnamaíoch shonrach go mór le hoiriúnú don athrú aeráide;

(b)  Airteagal 12 a fhorlíonadh chun critéir scagtha theicniúla bunaithe ar tháscairí a bhunú, maidir le gach cuspóir comhshaoil ábhartha, lena chinneadh an measfar, chun críocha an Rialacháin seo, go ndéanann gníomhaíocht eacnamaíoch a bhfuil critéir scagtha bunaithe ar tháscairí bunaithe ina leith de bhun phointe (a) den mhír seo dochar suntasach do cheann amháin nó níos mó de na cuspóirí sin.

3.  Bunóidh an Coimisiún na critéir scagtha theicniúla bunaithe ar tháscairí dá dtagraítear i mír 2 le chéile i ngníomh tarmligthe amháin, agus na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 14 á gcur san áireamh aige.

4.  Glacfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 2 faoin 31 Nollaig 2019, d'fhonn a áirithiú go dtiocfaidh sé i bhfeidhm an 1 Iúil 2020. [Leasú 43]

Airteagal 8

Rannchuidiú mór le húsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint

1.  Measfar go rannchuidíonn gníomhaíocht eacnamaíoch go mór le húsáid inbhuanaithe a bhaint as dobharlaigh acmhainní mara agus uiscí mara agus iad a chosaint i gcás ina rannchuidíonn an ghníomhaíocht sin go mór le dea-stádas uiscí, lena n-áirítear fionnuisce, uiscí idirchriosacha uiscí dromchla intíre, inbhir agus uiscí cósta, nó le dea-stádas comhshaoil uiscí mara, i gcás ina ndéantar bearta leordhóthanacha leis an ngníomhaíocht sin chun éagsúlacht bhitheolaíoch, táirgiúlacht, athléimneacht, luach agus sláinte fhoriomlán éiceachóras mara a athbhunú, a chosaint nó a chothabháil, mar aon le slite beatha na bpobal atá ag brath orthu, trí aon cheann de na modhanna seo a leanas:

(a)  an comhshaol uisceach a chosaint, lena n-áirítear uisce snámha (bruachánach agus sáile), ó iarmhairtí díobhálacha de bharr scaoileadh fuíolluisce uirbigh agus thionsclaíoch, lena n-áirítear plaistigh, trína áirithiú go ndéantar bailiú agus cóireáil leordhóthanach ar fhuíolluisce uirbeach agus tionsclaíoch i gcomhréir le hAirteagail 3, 4, 5 agus 11 de Threoir 91/271/CEE ón gComhairle53 nó i gcomhréir leis an teicníc is fearr atá ar fáil a leagtar amach i dTreoir 2010/75/AE(41);

(aa)  an comhshaol uisce a chosaint ó iarmhairtí díobhálacha de bharr astaíochtaí agus scaoileadh ar muir i gcomhréir le coinbhinsiúin bunaithe ar IMO amhail MARPOL, mar aon le coinbhinsiúin nach gcumhdaítear le MARPOL, amhail an Coinbhinsiún um Bainistíocht Uisce Ballasta agus Coinbhinsiúin na Mara Réigiúnacha;

(b)  sláinte an duine a chosaint ó éifeachtaí díobhálacha aon éillithe ar uisce óil trína áirithiú go bhfuil sé saor ó aon mhiocrorgánaigh, paraisítí agus substaintí a d'fhéadfadh sláinte an duine a chur i mbaol, agus a fhíorú go gcomhlíonann sé na ceanglais íosta a leagtar síos in Iarscríbhinn I, Cuid A agus Cuid B, a ghabhann le Treoir 98/83/CE ón gComhairle(42), agus cur le rochtain saoránach ar uisce óil glan;

(c)  uisce a asbhaint i gcomhréir le cuspóir an dea-stádais chainníochtúil mar a shainítear é i dtábla 2.1.2 in Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2000/60/CE;

(d)  bainistíocht agus éifeachtúlacht uisce a fheabhsú, athúsáid uisce a éascú, córais bainistithe uisce báistí, nó aon ghníomhaíocht eile lena gcosnaítear nó lena bhfeabhsaítear cáilíocht agus cainníocht dhobharlaigh an Aontais i gcomhréir le Treoir 2000/60/CE;

(e)  úsáid inbhuanaithe seirbhísí éiceachórais mhuirí a áirithiú nó cur le dea-stádas comhshaoil uiscí muirí, arna chinneadh ar bhonn na dtuairisceoirí cáilíochtúla a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/56/CE agus mar a shonraítear tuilleadh i gCinneadh (AE) 2017/848 ón gCoimisiún(43).

2.  Glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 16 chun:

(a)  mír 1 a fhorlíonadh chun critéir scagtha theicniúla bunaithe ar tháscairí a bhunú le coinníollacha a chinneadh, ar coinníollacha iad faoina measfar, chun críocha an Rialacháin seo, go rannchuidíonn gníomhaíocht eacnamaíoch shonrach go mór le húsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní mara agus iad a chosaint;

(b)  Airteagal 12 a fhorlíonadh chun critéir scagtha theicniúla bunaithe ar tháscairí a bhunú, maidir le gach cuspóir comhshaoil ábhartha, lena chinneadh an measfar, chun críocha an Rialacháin seo, go ndéanann gníomhaíocht eacnamaíoch a bhfuil critéir scagtha bunaithe ar tháscairí bunaithe ina leith de bhun phointe (a) den mhír seo dochar suntasach do cheann amháin nó níos mó de na cuspóirí sin.

3.  Bunóidh an Coimisiún na critéir scagtha theicniúla dá dtagraítear i mír 2 le chéile in aon ghníomh tarmligthe amháin, agus na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 14 á gcur san áireamh aige.

4.  Glacfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 2 faoin 1 Iúil 2022, d'fhonn a áirithiú go dtiocfaidh sé i bhfeidhm an 31 Nollaig 2022. [Leasú 44]

Airteagal 9

Rannchuidiú mór leis an ngeilleagar ciorclach agus le , lena n-áirítear cosc agus athchúrsáil dramhaíola agus méadú ar ghlacadh le hamhábhair thánaisteacha

1.  Measfar go rannchuidíonn gníomhaíocht eacnamaíoch go mór leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach, lena n-áirítear cosc agus athchúrsáil ar dhramhaíl mar aon lena hathúsáid, lena gcumhdaítear saolré iomlán táirge nó gníomhaíochta eacnamaíche ag céimeanna difriúla an táirgthe, tomhaltas agus críoch úsáide, i gcás ina rannchuidíonn an ghníomhaíocht sin go mór, i gcomhréir le acquis an Aontais, leis an gcuspóir comhshaoil sin trí aon cheann de na modhanna seo a leanas:

(a)  feabhas a chur ar úsáid éifeachtúil amhábhar agus acmhainní i dtáirgeadh, lena n-áirítear trí laghdú a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear as bun-amhábhair agus cur leis an úsáid a bhaintear as seachtháirgí agus amhábhair thánaisteacha, lena dtacaítear dá bhrí sin le hoibríochtaí dramhaíola;

(b)  cur le marthanacht táirgí agus leis an acmhainneacht iad a dheisiú, a uasghrádú nó a athúsáid táirgí a dhearadh, a mhonarú agus cur lena n-úsáid, ar táirgí iad atá éifeachtúil ó thaobh acmhainní de, marthanach (lena n-áirítear i dtéarmaí saolré agus easpa dífheidhmeacht ionsuite), indeisithe, athúsáidte agus in-uasghrádaithe;

(c)  deireadh a chur le dearadh táirgí dramhaíola agus cur lena mhéid is féidir táirgí a athúsáid agus a athchúrsáil, lena n-áirítear ábhair aonair atá i dtáirgí, inter alia trí úsáid a bhaint as táirgí agus ábhair eile in ionad cinn nach féidir a athchúrsáil nó trí laghdú a dhéanamh ar úsáid táirgí agus ábhar nach féidir a athchúrsáil;

(d)  laghdú a dhéanamh ar chion na substaintí guaiseacha agus ionadú a dhéanamh ar shubstaintí arb údar mór imní iad in ábhair agus táirgí, i gcomhréir leis na ceanglais dlí chomhchuibhithe a leagtar síos ar leibhéal an Aontais, go háirithe, leis na forálacha a leagtar síos le reachtaíocht AE lena n-áirithítear bainistiú sábháilte substaintí, ábhar agus táirgí agus dramhaíola;

(e)  síneadh ama a chur le húsáid táirgí, lena n‑áirítear trí chur le hathúsáid, le hathmhonarú, le huasghrádú, le deisiú agus le comhroinnt táirgí arna ndéanamh ag tomhaltóirí;

(f)  cur leis an úsáid a bhaintear as amhábhair thánaisteacha agus lena gcáilíocht, lena n‑áirítear trí athchúrsáil ardchaighdeán dramhaíola;

(g)  giniúint dramhaíola a laghdú, lena n-áirítear giniúint dramhaíola i bpróisis a bhaineann le táirgeadh tionsclaíoch, eastóscadh mianraí, monarú, tógáil agus scartáil;

(h)  cur leis an ullmhúchán le haghaidh athúsáid agus athchúrsáil dramhaíola;

(ha)   forbairt bonneagair bainistithe dramhaíola a mhéadú, a bhfuil gá leis do chosc, athúsáid agus athchúrsáil;

(i)  loscadh, diúscairt dramhaíola agus líonadh talún a sheachaint, i gcomhréir leis an ordlathas dramhaíola;

(j)  bruscar agus truailliú eile de bharr bainistiú dramhaíola míchuí, lena n-áirítear cosc agus laghdú ar bhruscar muirí a sheachaint, a laghdú agus a ghlanadh;

(ja)   an méid dramhaíola bia a ghintear i dtáirgeadh príomhúil, i bpróiseáil agus monarú, i miondíol agus dáileadh eile bia, i mbialanna agus seirbhísí bia agus freisin i dteaghlaigh a laghdú;

(k)  úsáid éifeachtúil a bhaint as acmhainní fuinnimh nádúrtha, amhábhair, uisce agus talamh.

(ka)  bithgheilleagar a chothú trí úsáid inbhuanaithe foinsí inathnuaite chun ábhair agus tráchtearraí a tháirgeadh.

2.  Glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 16 chun:

(a)  mír 1 a fhorlíonadh chun critéir scagtha theicniúla, bunaithe ar tháscairí an Choimisiúin i dtaca leis an ngeilleagar ciorclach, a bhunú le coinníollacha a chinneadh, ar coinníollacha iad faoina measfar, chun críocha an Rialacháin seo, go rannchuidíonn gníomhaíocht eacnamaíoch shonrach go mór leis an ngeilleagar ciorclach agus le cosc agus athchúrsáil ar dhramhaíl;

(b)  Airteagal 12 a fhorlíonadh chun critéir scagtha theicniúla, bunaithe ar tháscairí an Choimisiúin i dtaca leis an ngeilleagar ciorclach, a bhunú, maidir le gach cuspóir comhshaoil ábhartha, lena chinneadh an measfar, chun críocha an Rialacháin seo, go ndéanann gníomhaíocht eacnamaíoch a bhfuil critéir scagtha bunaithe ina leith de bhun phointe (a) den mhír seo dochar suntasach do cheann amháin nó níos mó de na cuspóirí sin.

3.  Bunóidh an Coimisiún na critéir scagtha theicniúla bunaithe ar tháscairí an Choimisiúin i dtaca leis an ngeilleagar ciorclach dá dtagraítear i mír 2 le chéile i ngníomh tarmligthe amháin, agus na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 14 á gcur san áireamh aige.

4.  Glacfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 2 faoin 1 Iúil 2021, d'fhonn a áirithiú go dtiocfaidh sé i bhfeidhm an 31 Nollaig 2021. [Leasú 45]

Airteagal 10

Rannchuidiú mór le cosc agus rialú ar thruailliú

1.  Measfar go rannchuidíonn gníomhaíocht eacnamaíoch go mór le cosc agus rialú ar thruailliú i gcás ina rannchuidíonn an ghníomhaíocht sin go mór le hardleibhéal cosanta don chomhshaol ó thruailliú trí aon cheann de na modhanna seo a leanas:

(a)  laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí truailleán aeir, uisce agus ithreach seachas gáis ceaptha teasa;

(b)  leibhéil cháilíochta aeir, uisce nó ithreach a fheabhsú sna limistéir ina dtarlaíonn an ghníomhaíocht eacnamaíoch agus íoslaghdú a dhéanamh ar an drochthionchar ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol agus ar an mbaol ina leith;

(c)  íoslaghdú a dhéanamh ar éifeachtaí díobhálacha suntasacha ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol de bharr táirgeadh agus úsáid ceimiceán.

2.  Glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 16 chun:

(a)  mír 1 a fhorlíonadh chun critéir scagtha theicniúla bunaithe ar tháscairí a bhunú le coinníollacha a chinneadh, ar coinníollacha iad sin faoina measfar, chun críocha an Rialacháin seo, go rannchuidíonn gníomhaíocht eacnamaíoch shonrach go mór le cosc agus rialú ar thruailliú;

(b)  Airteagal 12 a fhorlíonadh chun critéir scagtha theicniúla bunaithe ar tháscairí a bhunú, maidir le gach cuspóir comhshaoil ábhartha, lena chinneadh an measfar, chun críocha an Rialacháin seo, go ndéanann gníomhaíocht eacnamaíoch a bhfuil critéir scagtha bunaithe ina leith de bhun phointe (a) den mhír seo dochar suntasach do cheann amháin nó níos mó de na cuspóirí sin.

3.  Bunóidh an Coimisiún na critéir scagtha theicniúla dá dtagraítear i mír 2 le chéile in aon ghníomh tarmligthe amháin, agus na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 14 á gcur san áireamh aige.

4.  Glacfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 2 faoin 1 Iúil 2021, d'fhonn a áirithiú go dtiocfaidh sé i bhfeidhm an 31 Nollaig 2021. [Leasú 46]

Airteagal 11

Rannchuidiú mór le bithéagsúlacht agus éiceachórais shláintiúla a chosaint, nó le hathbhunú éiceachóras díghrádaithe

1.  Chun críocha an Rialacháin seo, measfar go rannchuidíonn gníomhaíocht eacnamaíoch go mór le bithéagsúlacht agus le héiceachórais shláintiúla nó le hathbhunú éiceachóras díghrádaithe i gcás ina rannchuidíonn an ghníomhaíocht sin go mór le cosaint, caomhnú agus feabhsú seirbhísí bithéagsúlachta agus éiceachórais nó lena n-athbhunú i gcomhréir leis na hionstraimí reachtacha agus neamhreachtacha ábhartha de chuid an Aontais, trí aon cheann de na modhanna seo a leanas:

(a)  bearta caomhnaithe dúlra chun gnáthóga nádúrtha agus speicis fauna agus flora fiáine a chothabháil nó a athbhunú ag dea-stádas caomhnaithe chun pobail leordhóthanacha a bhaint amach de speicis a tharlaíonn go nádúrtha, agus bearta chun bail na n-éiceachóras agus a gcumas i dtaobh seirbhísí a sholáthar a chosaint, a athbhunú agus a fheabhsú;

(b)  bainistiú talún inbhuanaithe, lena n‑áirítear cosaint leordhóthanach ar bhithéagsúlacht ithreach; neodracht i dtaobh díghrádú talún; agus láithreáin éillithe a fheabhsú;

(c)  cleachtais talmhaíochta inbhuanaithe, lena n‑áirítear iad siúd a rannchuidíonn le dífhoraoisiú agus caillteanas gnáthóige a stopadh nó a chosc;

(d)  bainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí, agus Rialachán Adhmaid AE, Rialachán LULUCF AE, an Treoir maidir le Fuinneamh Inathnuaite (RED) agus reachtaíocht ábhartha náisiúnta á gcur san áireamh, ar bainistiú é atá i gcomhréir leo sin agus leis na conclúidí ó Chomhdháil na nAirí maidir le Cosaint na bhForaoisí san Eoraip (MCPFE).

2.  Glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 16 chun:

(a)  mír 1 a fhorlíonadh chun critéir scagtha theicniúla bunaithe ar tháscairí a bhunú le coinníollacha a chinneadh, ar coinníollacha iad faoina measfar, chun críocha an Rialacháin seo, go rannchuidíonn gníomhaíocht eacnamaíoch shonrach go mór le bithéagsúlacht agus le héiceachórais shláintiúla a chosaint nó le héiceachórais dhíghrádaithe a athbhunú;

(b)  Airteagal 12 a fhorlíonadh chun critéir scagtha theicniúla bunaithe ar tháscairí a bhunú, maidir le gach cuspóir comhshaoil ábhartha, lena chinneadh an measfar, chun críocha an Rialacháin seo, go ndéanann gníomhaíocht eacnamaíoch a bhfuil critéir scagtha bunaithe ar tháscairí bunaithe ina leith de bhun phointe (a) den mhír seo dochar suntasach do cheann amháin nó níos mó de na cuspóirí sin.

3.  Bunóidh an Coimisiún na critéir scagtha theicniúla dá dtagraítear i mír 2 le chéile in aon ghníomh tarmligthe amháin, agus na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 14 á gcur san áireamh aige.

4.  Glacfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 2 faoin 1 Iúil 2022, d'fhonn a áirithiú go dtiocfaidh sé i bhfeidhm an 31 Nollaig 2022. [Leasú 47]

Airteagal 12

Dochar suntasach do chuspóirí comhshaoil

1.  Chun críocha Airteagal 3(b), agus a saolré iomlán á cur san áireamh, measfar go ndéanann gníomhaíocht eacnamaíoch dochar suntasach:

(a)  do mhaolú ar an athrú aeráide, i gcás ina mbíonn an ghníomhaíocht sin ina cúis le méid suntasach astaíochtaí gás ceaptha teasa;

(b)  d'oiriúnú don athrú aeráide, i gcás ina gcuirtear leis an éifeacht dhiúltach ar an aeráid atá ann faoi láthair, agus an aeráid a mheastar a bheidh ann, de bharr na gníomhaíochta sin, i gcás na timpeallachta nádúrtha agus na timpeallachta tógtha ina dtarlaíonn an ghníomhaíocht sin agus níos faide i gcéin;

(c)  d’úsáid inbhuanaithe agus cosaint uisce agus acmhainní mara, i gcás ina ndéanann an ghníomhaíocht sin díobháil shuntasach do dhea-stádas uiscí an Aontais, lena n-áirítear fionnuisce, uiscí idirchriosacha agus uiscí cósta, nó do dhea-stádas comhshaoil uiscí mara de chuid an Aontais, i gcomhréir le Treoir 2000/60/CE agus Treoir 2008/56/CE lena mbunaítear creat i gcomhair gníomh ag an gComhphobal sa réimse a bhaineann le beartas uisce;

(d)  don gheilleagar ciorclach agus do chosc agus athchúrsáil ar dhramhaíl, i gcás ina mbíonn neamhéifeachtúlachtaí suntasacha i gceist maidir le húsáid ábhar i gcéim amháin nó níos mó agus acmhainní, amhail fuinneamh neamh-inathnuaite, amhábhair, uisce agus talamh, go díreach nó go hindíreach i gcéimeanna difriúla de shaolré táirgí, lena n-áirítear neamhéifeachtúlachtaí a bhaineann le gnéithe arna ndearadh chun saolré na dtáirgí a shrianadh, de bharr na gníomhaíochta sin, lena n-áirítear i dtéarmaí marthanacht táirgí agus i dtaca leis an acmhainneacht iad a dheisiú, a uasghrádú, a athúsáid nó a athchúrsáil; nó i gcás ina dtagann méadú suntasach ar ghiniúint, ar loscadh nó ar dhiúscairt dramhaíola de bharr na gníomhaíochta sin;

(e)  do chosc agus rialú ar thruailliú i gcás ina dtagann méadú suntasach ar astaíochtaí truailleán san aer, san uisce agus sa talamh de bharr na gníomhaíochta sin, i gcomparáid leis an gcás sular cuireadh tús leis an ngníomhaíocht sin;

(f)  d’éiceachórais shláintiúla, i gcás ina ndéanann an ghníomhaíocht sin díobháil shuntasach do dhea-bhail agus d’athléimneacht éiceachóras, lena n-áirítear bithéagsúlacht agus úsáid talún.

1a.   Agus measúnú á dhéanamh ar ghníomhaíocht eacnamaíoch i gcomparáid le critéir (a) go (f), tabharfar aird ar na tionchair ar an gcomhshaol a bheidh ag an ngníomhaíocht féin, mar aon leis an tionchar a bheidh ag na táirgí agus na seirbhísí arna soláthar ag an ngníomhaíocht sin feadh a saolré iomlán agus, más gá, ar fud an tslabhra luacha. [Leasuithe 48 agus 101]

Airteagal 13

Coimircí íosta

Is éard a bheidh sna coimircí íosta dá dtagraítear in Airteagal 3(c) nósanna imeachta arna gcur chun feidhme ag an ngnóthas a bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch á déanamh aige lena áirithiú go gcloífear le treoirlínte ECFE maidir le fiontair ilnáisiúnta agus le Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine, lena n-áirítear leis na prionsabail agus na cearta a leagtar amach sna hocht gcoinbhinsiún bhunúsacha a shainaithnítear i ndearbhú na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Cearta agus Prionsabail Bhunúsacha ag an Obair, eadhon: maidir leis an gceart gan bheith faoi réir saothar éignithe, le saoirse comhlachais, le ceart oibrithe i dtaobh eagrúcháin, leis an gceart chun cómhargála, le luach saothair comhionann d'oibrithe fireanna agus d'oibrithe baineanna ar obair a mbaineann luach comhionann léi, le neamh-idirdhealú maidir le deiseanna agus cóir i dtaobh fostaíochta agus slí bheatha, chomh maith le ceart leanaí gan bheith faoi réir saothar leanaí, déantar iad a urramú agus sa Bhille Idirnáisiúnta um Chearta an Duine.

Faoin 31 Nollaig 2021, seolfaidh an Coimisiún measúnú tionchair ar na hiarmhairtí a ghabhfadh le hathbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán seo chun go n-áireofaí comhlíonadh íoschoimircí eile ar gá don ghnóthas atá i mbun gníomhaíocht eacnamaíoch cloí leo chun a shuí go bhfuil an ghníomhaíocht eacnamaíoch sin inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, agus ar a iomchuí a bheadh an t-athbhreithniú sin.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh chun an tAirteagal seo a fhorlíonadh trí chritéir a shonrú ar mhaithe lena chinneadh an bhfuiltear ag cloí le ceanglais an Airteagail seo. Nuair a bheidh an gníomh tarmligthe dá dtagraítear san Airteagal seo á tharraingt suas, breithneoidh an Coimisiún na prionsabail a liostaítear i mír 1 agus mír 2. Déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe sin a ghlacadh faoin 31 Nollaig 2020. [Leasuithe 49, 70, 72 agus 93]

Airteagal 14

Ceanglais maidir le critéir scagtha theicniúla

1.  Maidir leis na critéir scagtha theicniúla arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagail 6(2), 7(2), 8(2), 9(2), 10(2) agus 11(2):

(-a)  beidh siad bunaithe ar tháscairí comhchuibhithe lena dtomhaistear an tionchar ar an gcomhshaol ag baint úsáid as measúnú saolré comhchuibhithe;

(a)  sainaithneofar leo an rannchuidiú féideartha is ábhartha leis an gcuspóir comhshaoil áirithe, agus iad á meas, ní hamháin ar bhonn tionchar gearrthéarmach, ach ar bhonn tionchar fadtéarmach gníomhaíochta eacnamaíche áirithe freisin;

(b)  sonrófar iontu na ceanglais íosta nach mór a chomhlíonadh chun dochar suntasach d'aon cheann de na cuspóirí comhshaoil ábhartha a sheachaint;

(c)  beidh siad cáilíochtúil nó cainníochtúil, nó iad araon, agus beidh tairseacha san áireamh iontu i gcás inar féidir;

(d)  i gcás inarb iomchuí, beidh siad bunaithe ar scéimeanna lipéadaithe agus deimhniúcháin de chuid an Aontais, ar mhodheolaíochtaí de chuid an Aontais chun lorg comhshaoil a mheas, agus ar chórais aicmithe staidrimh de chuid an Aontais, agus cuirfear san áireamh iontu aon reachtaíocht ábhartha de chuid an Aontais atá ann cheana; agus inniúlacht na mBallstát á haithint;

(e)  beidh siad bunaithe ar fhianaise dhochloíte eolaíoch agus cuirfear san áireamh leo, i gcás inarb ábhartha, cloífidh siad le prionsabal an réamhchúraim a chumhdaítear in Airteagal 191 CFAE;

(f)  cuirfear san áireamh leo tionchair na gníomhaíochta eacnamaíche féin ar an gcomhshaol, chomh maith leis na tionchair ar an gcomhshaol atá ag na táirgí agus na seirbhísí a sholáthraítear de bharr na gníomhaíochta eacnamaíche sin , go háirithe feadh a saolré iomlán agus, más gá, ar fud an tslabhra luacha, trína dtáirgeadh ó phróiseáil amhábhar chuig an táirgeadh deiridh, trína n-úsáid, trí dheireadh a ré agus trína n-athchúrsáil a bhreithniú;

(fa)   cuirfear san áireamh leo an costas a bhaineann le neamhghníomhaíocht, bunaithe ar Chreat Sendai um Laghdú Rioscaí Tubaiste 2015-2030;

(g)  cuirfear san áireamh leo cineál agus scála na gníomhaíochta eacnamaíche, agus cuirfear san áireamh, má tá gníomhaíocht ag aistriú chuig cumraíocht agus/nó oibríocht inbhuanaithe, trí thionscadail taighde agus nuálaíochta, amlínte agus conairí an aistrithe sin;

(h)  cuirfear san áireamh leo an tionchar féideartha ar leachtacht sa mhargadh, an baol go bhféadfaí sócmhainní áirithe a thréigean mar thoradh ar luach a chailleadh mar gheall ar an aistriú chuig geilleagar atá níos inbhuanaithe, chomh maith leis an mbaol go gcruthófaí dreasachtaí neamhréireacha;

(ha)   beidh sé éasca iad a chur i bhfeidhm agus seachnófar ualach riaracháin nach gá leo ó thaobh an chomhlíonta de;

(i)  cumhdófar leo gach gníomhaíocht eacnamaíoch ábhartha laistigh de mhacrai-earnáil eacnamaíoch shonrach agus áiritheofar go gcaithfear go cothrom leis na gníomhaíochtaí sin i dtéarmaí a rioscaí inbhuanaitheachta má rannchuidíonn siad go cothrom le ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí comhshaoil, agus mura ndéanann siad díobháil mhór d’aon cheann den na cuspóirí comhshaoil eile faoi Airteagal 3 agus Airteagal 12, chun saobhadh iomaíochta sa mhargadh a sheachaint;

(j)  leagfar síos iad chun fíorú chomhlíonadh na gcritéar sin a éascú nuair is féidir é.

2.  Áireofar leis na critéir scagtha theicniúla dá dtagraítear i mír 1 freisin critéir bunaithe ar tháscairí i leith gníomhaíochtaí a bhaineann leis an aistriú chuig fuinneamh glan i dtreo neodracht astaíochtaí gás ceaptha teasa, go háirithe éifeachtúlacht fuinnimh agus fuinneamh in-athnuaite, a mhéid a rannchuidíonn siad siúd go mór le haon cheann de na cuspóirí comhshaoil.

2a.  Áiritheoidh na critéir scagtha theicniúil nach ndéanfar gníomhaíochtaí ginte cumhachta a úsáideann breoslaí iontaise soladacha a mheas mar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de.

2b.  Áiritheoidh na critéir scagtha theicniúil nach ndéanfar gníomhaíochtaí eacnamaíocha a rannchuidíonn le héifeachtaí dian-inghlasála carbóin a mheas mar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe de réir an chomhshaoil.

2c.   Áiritheoidh na critéir scagtha theicniúil nach ndéanfar gníomhaíochtaí ginte cumhachta a tháirgeann dramhaíl neamh-inathnuaite a mheas mar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe de réir an chomhshaoil.

3.  Áireofar freisin leis na critéir scagtha theicniúla dá dtagraítear i mír 1 critéir i leith gníomhaíochtaí a bhaineann leis an aistriú chuig soghluaisteacht ghlan nó soghluaisteacht atá neodrach ó thaobh na haeráide de, lena n‑áirítear trí athrú modha, bearta éifeachtúlachta agus breoslaí malartacha, a mhéid a rannchuidíonn siad siúd go mór le haon cheann de na cuspóirí comhshaoil.

3a.  Más cosúil go bhfuil an chuid is mó de na gnóthais a dhéanann gníomhaíocht eacnamaíoch shonrach ag gabháil do chonair i dtreo gníomhaíocht a aistriú i dtreo na hinbhuanaitheachta, féadfar é sin a chur san áireamh sna critéir scagtha. Féadfar conair den sórt sin a léiriú trí thaighde leanúnach agus iarrachtaí forbartha, mórthionscadail infheistíochta i dteicneolaíochtaí nua níos inbhuanaithe, nó i bpleananna nithiúla maidir le haistriú i gcéimeanna luatha, ar a laghad, den chur chun feidhme.

4.  Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú rialta ar na critéir scagtha dá dtagraítear i mír 1 agus, más iomchuí, leasóidh sé na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh i gcomhréir leis an Rialachán seo i gcomhréir le forbairtí eolaíochta agus teicneolaíochta. [Leasuithe 50, 73, 74, 75 agus 104]

Airteagal 15

Ardán maidir le Maoiniú Inbhuanaithe

1.  Bunóidh an Coimisiún Ardán maidir le maoiniú inbhuanaithe a n-áiritheoidh a chomhdhéanamh cothromaíocht, raon leathan barúlacha agus comhionannas inscne. Beidh sé comhdhéanta, ar bhealach cothrom, d’ionadaithe ó na grúpaí seo a leanas:

(a)  ionadaithe de chuid na n‑eagraíochtaí uathu seo a leanas:

(i)  an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil;

(ii)  na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha;

(iii)  an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

(iiia)   Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha;

(iiib)   an Grúpa Comhairleach Eorpach um Thuairisciú Airgeadais (EFRAG);

(b)  saineolaithe a bheidh ionadaíoch do pháirtithe leasmhara príobháideacha ábhartha gheallsealbhóirí príobháideacha, lena n-áirítear gníomhaithe margaidh airgeadais neamh-airgeadais agus earnálacha gnó, a bheidh ionadaíoch do thionscail ábhartha;

(ba)   saineolaithe a bheidh ionadaíoch don tsochaí shibhialta, agus a mbeidh saineolas acu i réimse na saincheisteanna comhshaoil, sóisialta, saothair agus rialachais;

(c)  saineolaithe arna gceapadh i gcáil phearsanta, a bhfuil eolas agus taithí chruthaithe acu sna réimsí a chumhdaítear leis an Rialachán seo a bheidh ionadaíoch do shaol an léinn, lena n-áirítear ollscoileanna, institiúidí taighde agus meithleacha machnaimh, agus le saineolas domhanda.

1a.   Ceapfar saineolaithe dá dtagraítear i bpointe (b) agus i bpointe (c) i gcomhréir le hAirteagal 237 den Rialachán Airgeadais, agus beidh eolas cruthaithe agus taithí chruthaithe acu sna réimsí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, go háirithe i dtaca le hinbhuanaitheacht san earnáil airgeadais.

1b.   Cuirfear Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas go cuí ar bhonn tráthúil maidir leis an nós imeachta roghnúcháin le haghaidh saineolaithe don Ardán.

2.  Déanfaidh an tArdán maidir le Maoiniú Inbhuanaithe an méid seo a leanas:

(-a)   cuirfidh sé comhairle ar an gCoimisiún maidir leis na táscairí comhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 14(1)(-a) a bhunú, agus maidir leis an ngá a d’fhéadfadh a bheith ann nuashonrú a dhéanamh orthu; agus an méid sin á dhéanamh aige, bainfidh sé leas as obair eintitis agus thionscnaimh ábhartha an Aontais, go sonrach an Creat um Fhaireachán ar an nGeilleagar Ciorclach.

(a)  cuirfidh sé comhairle ar an gCoimisiún maidir leis na critéir scagtha theicniúla dá dtagraítear in Airteagal 14, agus maidir leis an ngá a d'fhéadfadh a bheith ann na critéir sin a thabhairt cothrom le dáta;

(b)  déanfaidh sé anailís ar thionchar na gcritéar scagtha teicniúil bunaithe ar shonraí agus ar thaighde eolaíoch nuair a bheidh fáil orthu i dtéarmaí na gcostas agus na sochar féideartha a bhaineann lena gcur i bhfeidhm;

(c)  cuideoidh sé leis an gCoimisiún anailís a dhéanamh ar iarrataí ó gheallsealbhóirí ar chritéir scagtha theicniúla a fhorbairt nó a athbhreithniú i leith gníomhaíocht eacnamaíoch áirithe, bunaithe ar shonraí agus ar thaighde eolaíoch nuair a bheidh an méid sin ar fáil; déanfar conclúidí na hanailísí sin a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin go tráthúil;

(d)  arna iarraidh sin don Choimisiún nó do Pharlaimint na hEorpa, cuirfidh sé comhairle ar an gCoimisiún nó ar Pharlaimint na hEorpa maidir le hoiriúnacht na gcritéar scagtha teicniúil i leith úsáidí breise a bhféadfaí a bhaint astu amach seo;

(da)   i gcomhar le EFRAG, cuirfidh sé comhairle ar an gCoimisiún maidir le caighdeáin cuntasaíochta inbhuanaitheachta agus caighdeáin tuairiscithe chomhtháthaithe a fhorbairt i gcomhair corparáidí agus rannpháirtithe an mhargaidh airgeadais, lena n-áirítear trí athbhreithiú a dhéanamh ar Threoir 2013/34/AE;

(e)  déanfaidh sé faireachán ar threochtaí ar leibhéal an Aontais agus na mBallstát a bhaineann le sreafaí caipitil ó ghníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhfuil drochthionchar acu ar inbhuanaitheacht an chomhshaoil i dtreo infheistíocht inbhuanaithe bunaithe ar shonraí agus ar thaighde eolaíoch nuair a bheidh fáil orthu, agus tuairisceoidh sé go rialta don Choimisiún i leith na dtreochtaí sin;

(f)  cuirfidh sé comhairle ar an gCoimisiún maidir leis an ngá a d’fhéadfadh a bheith ann an Rialachán seo a leasú, go háirithe i dtaca le hábharthacht agus cáilíocht sonraí, agus bealaí chun an t-ualach riaracháin a laghdú.

(fa)   rannchuideoidh sé le meastóireacht agus forbairt ar rialacháin agus ar bheartais airgeadais inbhuanaithe, lena n-áirítear saincheisteanna a bhaineann le comhtháthú beartais;

(fb)  cuideoidh sé leis an gCoimisiún i sainiú cuspóirí sóisialta féideartha.

2a.   Déanfaidh an tArdán breithniú cuí ar shonraí iomchuí agus ar thaighde eolaíoch ábhartha agus na cúraimí sin á gcomhall aige. Féadfaidh sé comhairliúcháin phoiblí a sheoladh chun barúlacha na ngeallsealbhóirí a fháil maidir le hábhair shonracha faoina shainordú.

3.  Beidh an tArdán maidir le Maoiniú Inbhuanaithe faoi chathaoirleacht an Choimisiúin agus bunófar é i gcomhréir le rialacha cothrománacha an Choimisiúin le haghaidh grúpaí saineolaithe. Foilseoidh an Coimisiún anailísí, plé, tuarascálacha agus miontuairiscí an Ardáin ar a shuíomh gréasáin. [Leasú 51]

Airteagal 16

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 4(3), 6(2), 7(2), 8(2), 9(2), 10(2) agus 11(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón … [Dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear i mír 2 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.  Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Mar chuid d’ullmhú na ngníomhartha tarmligthe, déanfaidh an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí mar aon le measúnuithe ar na roghanna beartais atá molta.

5.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 4(3), 6(2), 7(2), 8(2), 9(2), 10(2) agus 11(2), 12(2) agus 13(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle. [Leasú 52]

Caibidil III

Forálacha deiridh

Airteagal 17

Clásal athbhreithnithe

1.  Faoin 31 Nollaig 2021 agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm agus tionchar an Rialacháin seo. Déanfar meastóireacht sa tuarascáil sin ar na nithe seo a leanas:

(a)  an dul chun cinn i ndáil le cur chun feidhme an Rialacháin seo maidir le forbairt na gcritéar scagtha teicniúil bunaithe ar tháscairí i leith gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de;

(b)  an gá a d’fhéadfadh a bheith ann athbhreithniú a dhéanamh ar na critéir agus liosta na dtáscairí a leagtar amach sa Rialachán seo i dtaobh gníomhaíocht eacnamaíoch a mheas mar ghníomhaíocht atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de chun nuálaíocht agus an t-aistriú inbhuanaithe a éascú;

(c)  a iomchuí atá sé cur le raon feidhme an Rialacháin seo chun cuspóirí inbhuanaitheachta eile a chumhdach, go háirithe cuspóirí sóisialta;

(d)  an úsáid a bhaintear as an sainmhíniú ar infheistíocht atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus ar infheistíochtaí a bhfuil drochthionchar acu ar an gcomhshaol i ndlí an Aontais, agus ar leibhéal na mBallstát, lena n-áirítear a iomchuí atá sé sásra fíoraithe breise a athbhreithniú nó a bhunú maidir le comhlíonadh na gcritéar atá bunaithe ar tháscairí a leagtar amach sa Rialachán seo;

(da)   éifeachtacht na tacsanomaíochta i dtaca le hinfheistíochtaí príobháideacha a chur i dtreo gníomhaíochtaí inbhuanaithe.

1a.  Faoin 31 Nollaig 2021, agus gach trí bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar raon feidhme an Rialacháin seo má chruthaíonn sé ualach riaracháin iomarcach nó mura bhfuil fáil leormhaith ar na sonraí is gá do rannpháirtithe an mhargaidh airgeadais.

2.  Cuirfear an tuarascáil na tuarascálacha chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Déanfaidh an Coimisiún tograí reachtacha a ghabhann leis nuair is iomchuí. [Leasuithe 53 agus 105]

Airteagal 18

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.  Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.  Beidh feidhm ag Airteagal 3 go hAirteagal 13 den Rialachán seo:

(a)  maidir leis na cuspóirí comhshaoil dá dtagraítear i bpointe (1) agus pointe (2) d'Airteagal 5, ón 1 Iúil 2020;

(b)  maidir leis na cuspóirí comhshaoil dá dtagraítear i bpointe (4) agus pointe (5) d'Airteagal 5, ón 31 Nollaig 2021;

(c)  maidir leis na cuspóirí comhshaoil dá dtagraítear i bpointe (3) agus pointe (6) d'Airteagal 5, ón 31 Nollaig 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in/sa …,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

(1) IO C 62, 15.2.2019, lch. 103.
(2) IO C 86, 7.3.2019, lch. 24.
(3)IO C 62, 15.2.2019, lch. 103.
(4)IO C 86, 7.3.2019, lch. 24.
(5) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Márta 2019.
(6)I mbun athraithe: Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe (NA 2015) le fáil ag https://sustainabledevelopment.un.org/post2015/transformingourworld.
(7)COM(2016)0739.
(8)CO EUR 17, CONCL 5.
(9)Cinneadh (AE) 2016/1841 ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2016 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Chomhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (IO L 282, 19.10.2016, lch. 4).
(10)Tuarascáil Deiridh Shainghrúpa Ardleibhéil AE maidir le Maoiniú Inbhuanaithe, Geilleagar Eorpach Inbhuanaithe a Mhaoiniú, le fáil ag: https://ec.europa.eu/info/sites/info/files/180131-sustainable-finance-final-report_en.pdf.
(11)COM(2018)0097.
(12)Cinneadh Uimh. 1386/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2020 dar teideal 'Muid ag maireachtáil go maith, faoi shrianta ár bpláinéid' (IO L 354/171, 28.12.2013).
(13)Rialachán (AE) 2017/2396 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2017 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 2015/1017 i ndáil le síneadh a chur le ré an Chiste Eorpaigh le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha chomh maith le feabhsuithe teicniúla ar an gCiste sin agus ar an Mol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht a thabhairt isteach (IO L 345, 27.12.2017, lch. 34).
(14)Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 020, 26.1.2010, lch. 7).
(15)Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flóra fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).
(16)Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le tabhairt isteach agus leathadh speiceas coimhthíoch ionrach a chosc agus a bhainistiú (IO L 317, 4.11.2014, lch. 35).
(17)Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions - Our life insurance, our natural capital: an EU biodiversity strategy to 2020 [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún – Ár n‑árachas saoil, ár gcaipiteal nádúrtha: straitéis bhithéagsúlachta AE go 2020] (COM(2011)0244).
(18)Treoir 91/676 ón gComhairle an 12 Nollaig 1991 maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú de bharr níotráití ó fhoinsí talmhaíochta (IO L 375, 31.12.1991, lch. 1).
(19)Rialachán (AE) Uimh. 511/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 i ndáil le bearta comhlíonta d'úsáideoirí ó Phrótacal Nagoya maidir le Rochtain ar Acmhainní Géiniteacha agus Comhroinnt Chothrom agus Chothromasach na dTairbhí a eascraíonn as a nÚsáid san Aontas (IO L 150, 20.5.2014, lch. 59).
(20)Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 lena leagtar síos oibleagáidí na n‑oibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar an margadh (IO L 295, 12.11.2010, lch. 23).
(21)Communication from the Commission to the Council and the European Parliament - Forest Law Enforcement, Governance and Trade (FLEGT) - Proposal for an EU Action Plan [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa – Forfheidhmiú an Dlí, Rialachas agus Trádáil i dtaca le Foraoisí (FLEGT) – Togra le haghaidh Plean Gníomhaíochta AE] (COM(2003)0251).
(22)Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions - EU Action Plan against Wildlife Trafficking [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – Plean Gníomhaíochta AE i gcoinne na Gáinneála ar Fhiadhúlra] (COM(2016)0087).
(23)Rialachán (CE) 66/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le hÉicilipéad an AE (IO L 27, 30.1.2010, lch. 1).
(24)Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le rannpháirtíocht shaorálach eagraíochtaí i scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS), agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 761/2001, Cinneadh 2001/681/CE ón gCoimisiún agus Cinneadh 2006/193/CE ón gCoimisiún (IO L 342, 22.12.2009, lch. 1–45).
(25)Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions Public procurement for a better environment [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún Soláthar Poiblí le haghaidh comhshaol níos fearr] {SEC(2008) 2124} {SEC(2008) 2125} {SEC(2008) 2126} COM/2008/0400 final.
(26)2013/179/AE: Commission Recommendation of 9 April 2013 on the use of common methods to measure and communicate the life cycle environmental performance of products and organisations [Moladh ón gCoimisiún an 9 Aibreán 2013 maidir le modhanna coiteanna a úsáid chun feidhmíocht chomhshaoil ​​saolré táirgí agus eagraíochtaí a thomhas agus a chur in iúl] (IO L 124, 4.5.2013, lch. 1–210).
(27)Iarscríbhinn 4 agus Iarscríbhinn 5 a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 538/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 maidir le Cuntais Eorpacha Eacnamaíocha Chomhshaoil (IO L 158, 27.5.2014).
(28)Treoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2001 maidir le héifeachtaí pleananna agus clár áirithe ar an gcomhshaol a mheasúnú (IO L 197, 21.7.2001, lch. 30).
(29)Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol (IO L 26, 28.1.2012, lch. 1).
(30)Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain (IO L 94, 28.3.2014, lch. 1).
(31)Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n‑aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).
(32)Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnáil an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n‑aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243).
(33)https://www.unpri.org/download?ac=6303.
(34)COM(2018)0097.
(35) Treoir 2003/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/34/CE (IO L 345, 31.12.2003, lch. 64).
(36) Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad le haghaidh trádála ar mhargadh rialáilte, agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/71/CE (IO L 168, 30.6.2017, lch 12).
(37)Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sásra chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus chun faisnéis eile atá ábhartha don athrú aeráide a thuairisciú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 280/2004/CE (IO L 165, 18.6.2013, lch. 13).
(38)Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n‑aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).
(39)Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais chomhshaoil mhuirí (An Treoir Réime um Straitéis Mhuirí) (IO L 164, 25.6.2008, lch. 19–40).
(40)Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).
(41)Treoir 91/271/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1991 maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh (IO L 135, 30.5.1991, lch. 40).
(42)Treoir 98/83/CE ón gComhairle an 3 Samhain 1998 maidir le cáilíocht uisce atá ceaptha le hól ag daoine (IO L 330, 5.12.1998, lch. 32).
(43)Cinneadh (AE) 2017/848 ón gCoimisiún an 17 Bealtaine 2017 lena leagtar síos critéir agus caighdeáin mhodheolaíochta maidir le dea-stádas comhshaoil uiscí mara agus sonraíochtaí agus modhanna caighdeánaithe le haghaidh faireacháin agus measúnú, agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 2010/477/AE (IO L 125, 18.5.2017, lch. 43).

Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais