Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2018/0190(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0156/2019

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0156/2019

Díospóireachtaí :

PV 28/03/2019 - 4
CRE 28/03/2019 - 4

Vótaí :

PV 28/03/2019 - 8.5
Mínithe ar vótaí

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2019)0323

Téacsanna atá glactha
PDF 306kWORD 107k
Déardaoin, 28 Márta 2019 - Strasbourg Eagrán deiridh
Clár Eoraip na Cruthaitheachta 2021-2027 ***I
P8_TA(2019)0323A8-0156/2019
Rún
 Téacs comhdhlúite

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Márta 2019 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear clár Eoraip na Cruthaitheachta (2021 go 2027) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 (COM(2018)0366 – C8-0237/2018 – 2018/0190(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2018)0366),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 167(5) agus d’Airteagal 173(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic a Coimisiún an togra don Pharlaimint (C8‑0237/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 12 Nollaig 2018(1),

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún an 6 Feabhra 2019(2),

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas agus don tuairim ón gCoiste um Buiséid (A8-0156/2019),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1)IO C 110, 22.3.2019, lch. 87.
(2)Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 28 Márta 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) …/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an clár Eoraip na Cruthaitheachta (2021 go 2027) agus lena n aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013
P8_TC1-COD(2018)0190

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 167(5) agus Airteagal 173(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún(2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(3)

De bharr an méid seo a leanas:

(1)  Tá ardluach le cultúr, leis na healaíona, le hoidhreacht chultúrtha agus le héagsúlacht chultúrtha do shochaí na hEorpa ó thaobh cúrsaí cultúrtha, oideachais, daonlathais, comhshaoil, cearta daonna agus eacnamaíocha de agus ba cheart iad a chur chun cinn agus tacú leo. Sonraítear i nDearbhú na Róimhe an 25 Márta 2017 agus shonraigh an Chomhairle Eorpach i Nollaig 2017 go bhfuil an t‑oideachas agus an cultúr bunriachtanach chun sochaithe cuimsitheacha agus comhtháite a thógáil do chách agus chun iomaíochas na hEorpa a chothú. [Leasú 1].

(2)  De réir Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), is ar luachanna an mheasa ar dhínit an duine tá an tAontas fothaithe ar luachanna an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus an mheasa ar chearta an duine, lena n‑áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad, atá an tAontas fothaithe. Is comhluachanna ag na Ballstáit na luachanna sin i sochaí arb iad is sainairíonna inti an t‑iolrachas, an neamh‑idirdhealú, an chaoinfhulaingt, an ceartas, an dlúthpháirtíocht agus an comhionannas idir mná agus fir. Déantar na luachanna sin a athdhearbhú agus a chur in iúl a thuilleadh sna cearta, sna saoirsí agus sna prionsabail a chumhdaítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an Chairt), a bhfuil an stádas dlí céanna leis na Conarthaí aici, mar a thagraítear dó dá dtagraítear in Airteagal 6 de CAE. Go háirithe, cumhdaítear an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil in Airteagal 11 den Chairt agus saoirse na n-ealaíon agus na n-eolaíochtaí in Airteagal 13 den Chairt. [Leasú 2]

(3)  In Airteagal 3 CAE sonraítear gurb é is aidhm don Aontas an tsíocháin, a chuid luachanna agus dea-bhail a chuid pobal a chur chun cinn agus, i measc nithe eile, go n‑urramóidh sé saibhreas a éagsúlachta cultúrtha agus teanga, agus go-áiritheoidh sé go ndéanfar oidhreacht chultúrtha na hEorpa a chaomhnú agus a fheabhsú.

(4)  Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Clár Oibre Eorpach Nua don Chultúr(4), leagtar cuspóirí an Aontais amach freisin le haghaidh earnálacha an chultúir agus na na n-earnálacha cultúir agus cruthaitheachta. Tá sé d'aidhm ag an gComhairle mar aidhm aici tairbhe a bhaint as cumhacht an chultúir agus na héagsúlachta cultúrtha ar mhaithe leis an gcomhtháthú le haghaidh comhtháthú sóisialta agus dhea-bhail na sochaí, agus an ghné thrasteorann a bhaineann le hearnálacha an chultúir cultúir agus na cruthaitheachta a chothú, tacaíocht á tabhairt dá n‑acmhainneacht fás, an chruthaitheacht chultúrbhunaithe san oideachas agus sa nuálaíocht, agus i dtaca le poist agus fás, a spreagadh agus an á spreagadh, le haghaidh post agus fáis freisin, agus caidreamh cultúrtha idirnáisiúnta a á neartú. Ba cheart tacaíocht a fháil do, le hEoraip na Cruthaitheachta, tacú le chur chun feidhme an Chláir Oibre Eorpaigh nua Nua don Chultúr ón gclár Eoraip na Cruthaitheachta sin, i dteannta cláir eile de chuid an Aontais. Tá an méid, á chur san áireamh gur cheart luach intreach an chultúir agus an léirithe ealaíonta a chaomhnú agus a chur chun cinn i gcónaí agus go bhfuil cruthú ealaíonta ag croílár tionscadal comhair. Tá tacaíocht do chur chun feidhme an Chláir Oibre Eorpaigh Nua don Chultúr sin i gcomhréir freisin le Coinbhinsiún UNESCO 2005 ar Éagsúlacht Léirithe Cultúir a Chosaint agus a Chur Chun Cinn a tháinig i bhfeidhm an 18 Márta 2007 agus a bhfuil an tAontas ina pháirtí ann. [Leasú 3]

(4a)  Déanfaidh beartais an Aontais idirghabháil na mBallstát a chomhlánú agus tabharfaidh siad breisluach dóibh i réimse an chultúir agus na cruthaitheachta. Ba cheart tionchar bheartais an Aontais a mheasúnú ar bhonn rialta agus aird á tabhairt ar tháscairí cáilíochta agus cainníochta amhail an tairbhe do shaoránaigh, rannpháirtíocht ghníomhach na saoránach, na leasanna do gheilleagar an Aontais ó thaobh fáis agus post agus na n-iarmhairtí ar earnálacha eile an gheilleagair de, agus na scileanna agus inniúlachtaí ag daoine a oibríonn sna hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta. [Leasú 4]

(4b)  Is iad cuspóirí an Chláir ná oidhreacht chultúrtha na hEorpa a choimirciú agus a fheabhsú. Aithnítear go bhfuil na cuspóirí sin ina mbunchuid den cheart ar eolas na hoidhreachta cultúrtha agus chun a bheith rannpháirteach sa saol cultúrtha atá cumhdaithe i gCreat-Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Luach na hOidhreachta Cultúrtha don tSochaí (Coinbhinsiún Faro), a tháinig i bhfeidhm an 1 Meitheamh 2011. Sa Choinbhinsiún sin, cuirtear i bhfáth ról na hoidhreachta cultúrtha i dtógáil sochaí atá síochánta agus daonlathach, agus i bpróisis na forbartha inbhuanaithe agus i gcur chun cinn na héagsúlachta cultúrtha. [Leasú 5]

(5)  Tá cur chun cinn éagsúlachta cultúrtha Eorpaí agus na feasachta maidir le fréamhacha comhchoiteanna bunaithe ar shaoirse an léirithe ealaíonta, ar acmhainn agus inniúlachtaí na n-ealaíontóirí agus na n-oibreoirí cultúrtha, ar earnálacha cultúir agus cruthaitheachta atá rafar agus athléimneach a bheith ann sa réimse phoiblí agus phríobháideach agus ar a gcumas a saothair féin a chruthú, a dhéanamh nuálach agus a léiriú agus iad a dháileadh ar phobal Eorpach mór agus éagsúil. Méadaíonn sé sin a n-acmhainneacht ghnó, cuireann sé le rochtain ar inneachar cruthaitheach, taighde ealaíonta agus cruthaíocht, agus iad a chur chun cinn agus rannchuidíonn sé le fás inbhuanaithe agus cruthú post. Thairis sin, rannchuidíonn cur chun cinn na cruthaitheachta agus eolas nua le hiomaíochas agus le borradh a chur faoi nuálaíocht sna slabhraí luacha tionsclaíocha. Ba cheart cur chuige níos leithne i leith na n-ealaíon agus oideachas cultúrtha agus taighde ealaíonta a ghlacadh, ag eascairt as cur chuige ETIM (Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht agus Matamaitic) i dtreo chur chuige ETIEM (Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht, Ealaíon agus Matamaitic). Cé go ndearnadh dul chun cinn le déanaí maidir le cúnamh i ndáil le haistriúcháin agus fotheidealú, tá an margadh cultúrtha Eorpach fós ilroinnte ó thaobh cúrsaí náisiúnta agus teangeolaíocha de. Is féidir tuilleadh a dhéanamh chun go bhféadfaidh na hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta leas iomlán a bhaint as an margadh aonair Eorpach ná as an margadh aonair digiteach go háirithe, agus urraim á tabhairt do shainiúlacht gach margadh, lena n-áirítear trí chosaint cearta maoine intleachtúla a chur san áireamh. [Leasú 6]

(5a)  Léirítear leis an aistriú digiteach athrú sa pharaidím agus is é ceann de na dúshláin is mó do na hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta é. Tá nuálaíocht dhigiteach tar éis nósanna, caidrimh agus múnlaí táirgthe agus tomhaltais a athrú ar an leibhéal pearsanta agus sóisialta araon agus ba cheart go gcuirfear borradh faoi léiriú cultúrtha agus cruthaitheach léi agus faoin insint chultúrtha agus chruthaitheach atá ann, agus urraim á tabhairt do luach shonrach na n-earnálacha cultúir agus cruthaitheachta laistigh den timpeallacht dhigiteach. [Leasú 7]

(6)  Ba cheart aird a thabhairt ar chineál déach earnálacha an chultúir na n-earnálacha cultúir agus na cruthaitheachta sa Chlár, agus aitheantas á thabhairt, ar thaobh amháin, do luach intreach agus ealaíonta an chultúir agus, ar an taobh eile, do luach eacnamaíoch na n‑earnálacha sin, lena n‑áirítear an méid a chuireann siad tríd is tríd le fás agus le hiomaíochas, le cruthaitheacht, agus le nuálaíocht, le hidirphlé idirchultúrtha, le comhtháthú sóisialta agus le giniúint eolais. Chuige sin, tá gá le hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta Eorpacha cultúir agus cruthaitheachta atá láidir sna réimsí brabúsacha agus neamhbhrabúsacha araon, go háirithe tionscal closamhairc Eorpach atá bríomhar, agus aird á tabhairt ar a acmhainneacht dul i bhfeidhm ar phobail mhóra ar leibhéal áitiúil, náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais agus ar a thábhacht eacnamaíoch, lena n‑áirítear le haghaidh earnálacha cruthaitheachta eile agus le haghaidh na turasóireachta cultúrtha mar aon le turasóireacht chultúrtha agus forbairt réigiúnach, áitiúil agus uirbeach. Mar sin féin, tá dlús curtha le hiomaíochas cuireadh dlús leis an iomaíocht sna margaí closamhairc domhanda de bharr an mhéadaithe atá tagtha ar an mbriseadh digiteach tríd an méadú atá ag teacht ar bhriseadh digiteach, e.g. athruithe ar léiriú agus úsáid meán agus ról méadaitheach na n‑ardán ardán domhanda i dtaca le dáileadh inneachair. Dá bhrí sin, is gá cur leis an tacaíocht atá á tabhairt do thionscal na hEorpa don tionscal Eorpach. [Leasú 8]

(6a)  Teastaíonn foras maith do shaoránacht ghníomhach Eorpach, luachanna comhchoiteanna, cruthaitheacht agus nuálaíocht ar a bhféadfaidís forbairt. Ba cheart don Chlár tacaíocht a thabhairt d’oideachas scannánaíochta agus closamhairc, go háirithe i measc mionaoiseach agus daoine óga. [Leasú 9]

(7)  Ionas gurb éifeachtach an Clár é, ba cheart aird a thabhairt ar chineál sonrach agus ar dhúshláin shonracha na n-earnálacha éagsúla, ar a spriocghrúpaí éagsúla agus ar a riachtanais shonracha trí chineálacha cur chuige saincheaptha laistigh de shraith atá dírithe ar an earnáil closamhairc, laistigh de shraith atá dírithe ar na hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta eile agus laistigh de shraith thrasearnála. Ba cheart don Chlár tacaíocht chothrom a thabhairt do na hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta uile trí scéimeanna cothrománacha lena ndírítear ar chomhriachtanais. Trí thógáil ar thionscadail phíolótacha, bearta agus staidéir ullmhúcháin, ba cheart don Chlár na gníomhaíochtaí earnálacha a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a chur chun feidhme freisin. [Leasú 10]

(7a)  Gné thábhachtach d’oidhreacht chultúrtha, ealaíonta agus eacnamaíoch an Aontais is ea an ceol, de gach aon sórt agus léiriú, agus go háirithe ceol comhaimseartha agus ceol beo. Is gné é de chomhtháthú sóisialta, den lánpháirtiú ilchultúrtha agus de shóisialú an óige, agus is uirlís phríomha é chun feabhas a chur ar an gcultúr, lena n-áirítear an turasóireacht chultúrtha. Ba cheart dá bhrí sin go mbeadh fócas ar leith ar earnáil an cheoil ag na gníomhaíochtaí sonracha a chuirtear i gcrích mar chuid den tsraith CHULTÚIR faoin Rialachán seo ó thaobh leithdháileadh airgeadais agus gníomhaíochtaí spriocdhírithe de. Ba cheart go gcuirfear borradh faoi iomaíochas earnáil an cheoil trí ghlaonna agus uirlisí saincheaptha agus go rachfar i ngleic le cuid de na dúshláin shonracha atá os comhar na hearnála. [Leasú 11]

(7b)  Is gá tacaíocht ón Aontas a atreisiú i réimse na gcaidreamh cultúrtha idirnáisiúnta. Leis an gClár, ba cheart iarracht a dhéanamh rannchuidiú leis an tríú cuspóir straitéiseach de chuid an Chláir Oibre Eorpaigh nua don Chultúr trí leas a bhaint as idirphlé chultúrtha agus idirchultúrtha chun forbairt inbhuanaithe shóisialta agus eacnamaíoch a spreagadh. San Aontas agus ar fud an domhain, tá cathracha ag brú beartais nua chultúrtha chun cinn. Tá líon mór pobal cruthaitheach bailithe le chéile i moil, gorlanna gnó, agus spásanna tiomnaithe ar fud an domhain. Ba cheart don Aontas a bheith lárnach maidir leis na pobail sin ón Aontas agus ó thríú tíortha a líonrú agus le comhoibriú ildisciplíneach maidir le scileanna ealaíonta, cruthaitheach agus digiteach a chothú. [Leasú 12]

(8)  Is é is Tá sé mar aidhm don ag an tsraith thrasearnála saothrú aghaidh a thabhairt ar na dúshláin choiteanna a bhíonn os comhar earnálacha cultúir agus cruthaitheachta éagsúla agus lánsaothrú a dhéanamh ar an rud is acmhainn do don chomhoibriú i ina measc earnálacha cultúir agus cruthaitheachta éagsúla. Is féidir tairbhe a bhaint as cur chuige comhpháirteach trasnaí ó thaobh aistriú eolais agus éifeachtúlachtaí riaracháin de. [Leasú 13]

(9)  Tá gá le hidirghabháil ón Aontas san earnáil closamhairc chun bheith ag gabháil le beartais Mhargadh Aonair Digiteach an Aontais. Tá baint aige sin go háirithe le nuachóiriú an chreata cóipchirt, agus leis an Rialachán atá beartaithe maidir le tarchur ar líne de chuid eagraíochtaí craoltóireachta le Treoir (AE) 2019/789 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(5) agus le , mar aon leis an togra chun Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(6) a leasú (AE) 2018/1808 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(7). Is é is Tá sé mar aidhm dóibh acu acmhainneacht gníomhaithe Eorpacha closamhairc a neartú chun saothair atá infheicthe a ndóthain i bhformáidí éagsúla ar na meáin chumarsáide éagsúla atá ar fáil (e.g. teilifís, pictiúrlann nó físeán ar éileamh) a chruthú, a mhaoiniú, a léiriú agus a scaipeadh ar saothair iad atá tarraingteach do phobail i margadh níos oscailte agus níos iomaíche san Eoraip agus níos faide i gcéin. Ba cheart an tacaíocht a mhéadú chun aghaidh a thabhairt ar fhorbairtí a rinneadh le déanaí sa mhargadh agus go háirithe seasamh neartaithe ardán dáilte domhanda le hais craoltóirí náisiúnta a infheistíonn go traidisiúnta i léiriú saothar Eorpach. [Leasú 14]

(10)  Maidir leis na gníomhaíochtaí speisialta faoin gclár faoi Eoraip na Cruthaitheachta amhail an Lipéad Oidhreachta Eorpach, Laethanta Eorpacha na hOidhreachta, na duaiseanna Eorpacha i réimse an cheoil chomhaimseartha, rac agus pop, i réimse na litríochta, i réimse na hoidhreachta agus i réimse na hailtireachta, agus Príomhchathracha Cultúir na hEorpa, chuathas i bhfeidhm ar na milliúin saoránach Eorpach, léiríodh go bhfuil tairbhí sóisialta agus eacnamaíocha ag baint le beartais chultúrtha Eorpacha agus ba cheart, dá bhrí sin, leanúint leo agus iad a leathnú nuair is féidir. Ba cheart don Chlár tacú le gníomhaíochtaí líonraithe láithreáin an Lipéid Oidhreachta Eorpaigh. [Leasú 15]

(10a)  Chuir Clár Eoraip na Cruthaitheachta faoi Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 borradh faoi thionscadail nuálacha agus rathúla a chruthú, ar tionscadail iad a ghin deachleachtais i dtaca le comhar Eorpach trasnáisiúnta in earnálacha na cruthaitheachta agus an chultúir. Dá réir sin, méadaíodh éagsúlacht chultúrtha na hEorpa do phobail agus rinneadh na sochair shóisialta agus eacnamaíocha a bhaineann le beartais chultúrtha na hEorpa a threisiú. Chun a bheith níos éifeachtúla, ba cheart aird a thabhairt ar scéalta ratha den sórt sin agus iad a leathnú nuair is féidir. [Leasú 16]

(10b)  Ba chóir go mbeadh gníomhaithe ar gach leibhéal sna hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta bainteach go gníomhach le cuspóirí an Chláir a bhaint amach agus le forbairt bhreise an Chláir. Toisc gur léiríodh gur éifeachtach é an taithí de rannpháirtíocht fhoirmiúil geallsealbhóirí i samhail rialachais rannpháirtíocht Bhliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha, a bunaítear le Cinneadh (AE) 2017/864 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(8), i gcultúr an phobail i gcoitinne, tá sé inmholta an tsamhail sin a chur i bhfeidhm ar an gClár freisin. Ba cheart cur chuige trasearnálach a bheith san áireamh sa tsamhail rialachais rannpháirteach sin d’fhonn sineirgí a chruthú idir cláir agus tionscnaimh éagsúla an Aontais i réimse an chultúir agus na cruthaitheachta. [Leasú 17]

(10c)  Ba cheart gníomhaíocht thrasearnálach shuaitheanta a áireamh mar chuid de na gníomhaíochtaí speisialta faoin gClár arb é is aidhm di cruthaitheacht agus éagsúlacht chultúrtha na hEorpa a chur i láthair do na Ballstáit agus do thríú tíortha. Ba cheart go gcuirfear béim ar bharrfheabhas na cruthaitheacht cultúrbhunaithe Eorpaí chun tras-nuálaíocht a spreagadh sa gheilleagar i gcoitinne trí dhuais speisialta a bhronnadh. [Leasú 18]

(11)  Tá an cultúr thar a bheith tábhachtach chun pobail chuimsitheacha, chomhtháite agus mhachnamhacha a neartú, chun críocha a athbheochan agus chun cuimsiú sóisialta a chur chun cinn do dhaoine atá faoi mhíbhuntáiste. I gcomhthéacs shaincheisteanna na himirce agus dúshláin an chomhtháthaithe , tá ról bunriachtanach ag an gcultúr chun spásanna cuimsitheacha a chruthú le haghaidh idirphlé idirchultúrtha agus le haghaidh imircigh agus teifigh a chomhtháthú, cabhrú leo mothú mar chuid de na sochaithe óstacha, agus chun caidreamh maith a fhorbairt idir imircigh agus pobail nua. [Leasú 19]

(11a)  Déanann an cultúr foráil d’inbhuanaitheacht eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil agus déanann sé í a chothú. Ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh sé i gcroílár straitéisí forbartha polaitiúla. Ba cheart an méid a chuireann an cultúr le folláine na sochaí ina hiomláine a chur i dtreis. I gcomhréir le Dearbhú Davos an 22 Eanáir 2018 dar teideal “I dTreo Baukultur ardcháilíochta don Eoraip”, ba cheart, dá bhrí sin, céimeanna a ghlacadh chun cur chuige nua comhtháite a chur chun cinn i ndáil leis an timpeallacht ardcháilíochta tógtha a mhúnlú, ar cur chuige é atá fréamhaithe sa chultúr, a neartaíonn an comhtháthú sóisialta, a ráthaíonn timpeallacht inbhuanaithe agus a chuireann le sláinte agus le folláine an phobail ina iomláine. Leis an gcur chuige sin, níor cheart béim a chur ar limistéir uirbeacha amháin, ach ba cheart go ndíreofaí go príomha ar idirnascthacht na limistéar forimeallach, iargúlta agus tuaithe. Cuimsítear i gcoincheap Baukultur na fachtóirí go léir a bhfuil tionchar díreach acu ar chaighdeán saoil na saoránach agus na bpobal, agus ar an gcaoi sin déantar cuimsiú, comhtháthú agus inbhuanaitheacht a chothú ar bhealach nithiúil. [Leasú 20]

(11b)  Is ábhar tosaíochta é go ndéanfar cultúr, lena n-áirítear earraí agus seirbhísí cultúrtha agus closamhairc, níos inrochtana do dhaoine atá faoi mhíchumais, go mbeidís mar uirlisí dóibh a gcomhlíonadh pearsanta iomlán agus a rannpháirtíocht ghníomhach a chothú, agus ar an gcaoi sin go rannchuideoidh sé le sochaí fhíorchuimsitheach a bheidh bunaithe ar an dlúthpháirtíocht. Dá bhrí sin, ba cheart don Chlár rannpháirtíocht chultúrtha a chur chun cinn agus a mhéadú ar fud an Aontais, go háirithe maidir le daoine atá faoi mhíchumas agus daoine atá faoi mhíbhuntáiste chomh maith le daoine atá ina gcónaí i gceantair tuaithe agus iargúlta. [Leasú 21]

(12)  Tá saoirse an léirithe ealaíonta agus chultúrtha, an tsaoirse ealaíne cainte agus iolrachas sna meáin i gcroílár tionscadal cultúrtha agus cruthaitheach bríomhar, lena n‑áirítear earnálacha bríomhara cultúir agus cruthaitheachta, lena n-áirítear earnáil na meán nuachta. Ba cheart crosmhalartuithe a chur chun cinn leis an gClár chomh maith le agus comhoibriú idir an earnáil closamhairc agus an earnáil foilsitheoireachta a chur chun cinn leis an gClár agus é mar aidhm leis timpeallacht meán neamhspleách agus iolraíoch a chur chun cinn i gcomhréir le Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(9). Leis an gClár, ba cheart tacaíocht a chur ar fáil do ghairmithe sna meáin nua agus feabhas a chur ar fhorbairt na smaointeoireachta criticiúla i measc na saoránach trí litearthacht sna meáin a chur chun cinn, go háirithe do dhaoine óga. [Leasú 22]

(12a)  Soghluaisteacht ealaíontóirí agus oibrithe cultúrtha maidir le forbairt scileanna, foghlaim, feasacht idirchultúrtha, comhchruthú, comhléiriú, cúrsaíocht agus scaipeadh saothar ealaíne agus rannpháirtíocht in imeachtaí idirnáisiúnta amhail aontaí agus féilte, is réamhriachtanas tábhachtach í le haghaidh earnálacha cultúir agus cruthaitheachta san Aontas atá nasctha níos fearr, níos láidre agus níos inbhuanaithe. Is minic a bhíonn srian ar shoghluaisteacht den sórt sin mar thoradh ar an easpa stádais dhlíthiúil, deacrachtaí maidir le víosaí a fháil agus fad ceadanna, an riosca a bhaineann le cánachas dúbailte agus dálaí slándála sóisialta atá neamhbhuan agus éagobhsaí. [Leasú 23]

(13)  De bhun Airteagal 8 agus 10 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), i ngníomhaíochtaí uile an Chláir, ba cheart tacú le príomhshruthú inscne agus le príomhshruthú cuspóirí neamh‑idirdhealaithe agus, i gcás inarb infheidhme, ba cheart critéir iomchuí maidir le cothromaíocht inscne agus éagsúlacht inscne a shainiú. Ba cheart é a bheith mar aidhm ag an gClár a áirithiú go mbeadh rannpháirtíocht sa Chlár agus sna tionscadail a chuirtear i gcrích faoin gClár ag freastal ar éagsúlacht shochaí na hEorpa, agus a bheith ina léiriú uirthi. Ba cheart faireachán a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí a chuirtear i gcrích faoin gClár agus tuairisciú a dhéanamh ina dtaobh, chun feidhmíocht an Chláir a fhionnadh i dtaca leis sin agus chun a chumasú do lucht déanta beartas cinntí níos eolaí a dhéanamh maidir le cláir a bheidh ann amach anseo. [Leasú 24]

(13a)  Tá mná thar a bheith gníomhach i réimse na healaíne agus an chultúir san Aontas mar údair, gairmithe, múinteoirí, agus lucht spéise ar a bhfuil a rochtain ar an bpobal cultúrtha ag méadú. Mar sin féin, mar a léirítear i dtaighde agus i staidéir amhail Gréasán Eorpach Closamhairc na mBan do stiúrthóirí scannán agus an tionscadal ‘We Must’ i réimse an cheoil, tá difríochtaí ann i bpá ó thaobh inscne de agus is lú seans go mbeidh mná in ann a gcuid saothar a bhaint amach agus go mbeidh siad in ann poist chinnteoireachta a bheith acu i réimse an chultúir, na healaíne agus na cruthaitheachta. Is gá, dá bhrí sin, buanna na mban a chur chun cinn agus a saothair a scaipeadh chun tacú le gairmeacha ealaíonta na mban. [Leasú 25]

(14)  I gcomhréir leis an Teachtaireacht Chomhpháirteach Towards an EU strategy for international cultural relations [I dtreo straitéis AE le haghaidh caidreamh cultúrtha idirnáisiúnta], a fhormhuinítear le rún Pharlaimint na hEorpa an 5 Iúil 2017(10), ba cheart aitheantas a thabhairt in ionstraimí cistiúcháin Eorpacha agus go háirithe sa chlár seo d'ábharthacht an chultúir sa chaidreamh idirnáisiúnta agus don ról atá aige chun luachanna Eorpacha a chur chun cinn trí ghníomhaíochtaí tiomnaithe dírithe, arb é is aidhm dóibh tionchar soiléir an Aontais a bheith acu ar chúrsaí domhanda.

(14a)  I gcomhréir leis na conclúidí a dhéantar tar éis Bhliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha 2018, ba cheart don Chlár feabhas a chur ar chomhar agus ar acmhainneacht abhcóideachta na hearnála trí thacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí a bhaineann le hoidhreacht Bhliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha 2018 agus tríd an oidhreacht sin a chur san áireamh. I dtaca leis sin, ba cheart aird a tharraingt ar an ráiteas a d’eisigh Comhairle na nAirí Cultúir i mí na Samhna 2018 agus ar na ráitis a rinneadh ag searmanas clabhsúir na Comhairle a tionóladh an 7 Nollaig 2018. Ba cheart go rannchuideodh an Clár le caomhnú inbhuanaithe fadtéarmach na hoidhreachta cultúrtha Eorpaí trí ghníomhaíochtaí tacaíochta do cheardaithe agus do dhaoine ceirde a mbíonn scileanna acu sna cheird traidisiúnta a bhaineann leis an oidhreacht chultúrtha a athbhunú. [Leasú 26]

(15)  I gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún Towards an integrated approach to cultural heritage for Europe ["Cur chuige comhtháite a bhaint amach maidir le hoidhreacht chultúrtha don Eoraip]" an 22 Iúil 2014(11), ba cheart tairbhe a bhaint as luach fadtéarmach fadtéarma agus inbhuanaitheach oidhreacht chultúrtha na hEorpa, bíodh sé san am roimhe seo, i láthair na huaire, inláimhsithe, doláimhsithe nó digiteach, sna beartais agus sna hionstraimí ábhartha agus cur chuige atá níos comhtháite a fhorbairt i ndáil le buanchoimeád, caomhnú a fhorbairt i ndáil le buanchoimeád, caomhnú, athúsáid oiriúnaitheach, scaipeadh agus luacháil na hoidhreachta sin agus le tacaíocht a thabhairt di trí thacú le heolas gairmiúil ar ardcháilíocht a roinnt go comhoibríoch agus le caighdeáin choiteanna ar ardcháilíocht a fhorbairt don earnáil agus le soghluaisteacht a fhorbairt do ghairmithe na hearnála. Tá an oidhreacht chultúrtha ina cuid dhílis den chomhtháthú Eorpach agus tacaíonn sí leis an nasc atá ann idir an traidisiún agus an nuálaíocht. Ba cheart é a bheith mar thosaíocht ag an gClár an oidhreacht chultúrtha a chaomhnú agus tacaíocht a thabhairt d’ealaíontóirí, do chruthaitheoirí agus don cheardaíocht. [Leasú 27]

(15a)  Ba cheart don Chlár rannchuidiú le rannpháirtíocht agus leis an mbaint atá ag saoránaigh agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta i gcultúr agus sa tsochaí, agus le cur chun cinn an oideachais chultúrtha agus le heolas agus oidhreacht chultúrtha a chur ar fáil don phobal. Ina theannta sin, ba cheart don Chlár an cháilíocht agus an nuálaíocht a chothú maidir le cruthú agus caomhnú, lena n-áirítear trí shineirgí i measc an chultúir, na n-ealaíon, na heolaíochta, taighde agus teicneolaíochta. [Leasú 28]

(16)  I gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal Investing in a smart, innovative and sustainable Industry – A renewed Industrial Policy Strategy [Infheistíocht a dhéanamh ar mhaithe le tionscal cliste, nuálach, inbhuanaithe: straitéis athnuaite beartais tionsclaíochta] an 13 Meán Fómhair 2017(12), rannchuideoidh gníomhaíochtaí amach anseo le comhtháthú cruthaitheachta, dearaidh agus teicneolaíochtaí úrscothacha chun slabhraí luacha tionsclaíocha nua a ghiniúint agus chun iomaíochas tionscal traidisiúnta a athbheochan.

(16a)  I gcomhréir leis an rún ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Nollaig 2016 maidir le beartas comhtháite AE i leith thionscail an chultúir agus na cruthaitheachta, ba cheart é a bheith mar shaincheist trasghearrtha tacaíocht a thabhairt d’earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta. Ba cheart go ndéanfar tionscadail a chomhtháthú ar fud an Chláir chun tacú le samhlacha nua gnó agus le scileanna nua, le saineolas traidisiúnta mar aon le réitigh chruthaitheacha agus idirdhisciplíneacha a aistriú go luach eacnamaíoch agus sóisialta. Thairis sin, ba cheart leas iomlán a bhaint as sineirgí féideartha atá ann idir beartais an Aontais chun úsáid éifeachtach a bhaint as an maoiniú atá ar fáil faoi chláir de chuid an Aontais amhail Fís Eorpach, an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, Erasmus +, EaSI agus InvestEU. [Leasú 29]

(17)  Ba cheart an Clár a bheith oscailte, faoi réir coinníollacha áirithe, do rannpháirtíocht chomhaltaí Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa, tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha a mbaineann leas as straitéis réamhaontachais mar aon le tíortha a chumhdaítear le Beartas Comharsanachta na hEorpa agus páirtithe straitéiseach an Aontais.

(18)  Féadfaidh tríú tíortha ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) a bheith páirteach rannpháirteach i gcláir de chuid an Aontais faoi chuimsiú an chomhair arna bhunú faoi Chomhaontú faoin gcomhaontú le LEE, ina ndéantar foráil maidir le cur chun feidhme na gclár a dhéanfar le cinneadh faoin gcomhaontú sin. Féadfaidh tríú tíortha a bheith páirteach rannpháirteach ar bhonn ionstraimí dlí eile freisin. Ba cheart foráil shonrach sainfhoráil a thabhairt isteach sa Rialachán seo chun na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt dheonú don oifigeach údarúcháin atá freagrach, don Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) agus chomh maith leis sin do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa chun go bhféadfaidh gach ceann díobh a chuid inniúlachtaí féin a fheidhmiú a n-inniúlachtaí faoi seach a chur i gcrích go cuimsitheach. Ba cheart go ndéanfar tuairisciú don údarás buiséadach ar bhonn bliantúil ar na ranníocaíochtaí ó thríú tíortha le Clár Eoraip na Cruthaitheachta. [Leasú 30]

(19)  Ba cheart don Chlár comhar a chothú idir an tAontas agus eagraíochtaí idirnáisiúnta amhail Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (UNESCO), Comhairle na hEorpa, lena n‑áirítear Eurimages agus an Fhaireachlann Eorpach Closamhairc ("an Fhaireachlann"), an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta agus an Eagraíocht Dhomhanda um Maoin Intleachtúil. Ina theannta sin, ba cheart don chlár seo tacú le gealltanais an Aontais i ndáil leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, an ghné chultúrtha díobh go háirithe(13). Maidir leis an earnáil closamhairc, áiritheofar leis an gclár go rannchuideoidh an tAontas le hobair na Faireachlainne Eorpaí Closamhairc.

(20)  Mar léiriú ar an tábhacht a bhaineann le dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanais an Aontais maidir le Comhaontú Pháras agus Spriocanna na Náisiún Aontaithe um Fhorbairt Inbhuanaithe a chur chun feidhme, rannchuideoidh an Clár seo le gníomhaíochtaí aeráide príomhshrutha agus leis an sprioc foriomlán a ghnóthú, is é sin 25 % den chaiteachas ó bhuiséad an Aontais Eorpaigh a bheith ag tacú le cuspóirí aeráide. Déanfar gníomhaíochtaí ábhartha a shainaithint nuair a bheidh an Clár á ullmhú agus á chur chun feidhme, agus déanfar iad a athmheas i gcomhthéacs na meastóireachtaí ábhartha agus na bpróiseas athbhreithniúcháin.

(21)  Tá feidhm ag na rialacha airgeadais cothrománacha a ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar bhonn Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin sa Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(14) (an “Rialachán Airgeadais”) agus cinntear leo, go háirithe, an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme le deontais, soláthar, duaiseanna agus cur chun feidhme indíreach, agus déantar foráil leo maidir le seiceálacha ar fhreagracht na ngníomhaithe airgeadais. Na rialacha a ghlactar ar bhonn Airteagal 322 CFAE, baineann siad freisin le cosaint bhuiséad an Aontais i gcás easnaimh ghinearálaithe maidir le smacht reachta sna Ballstáit, ós rud é gur réamhchoinníoll riachtanach é urramú an smachta reachta i dtaca le bainistiú fónta airgeadais agus cistiú éifeachtach ón Aontas.

(22)  Ó cruthaíodh é, rannchuidigh an tAcadamh Eorpach Scannán, trí bhíthin a shaineolas ar leith agus an ról uathúil atá aige, chun pobal uile-Eorpach cruthaitheoirí agus gairmithe scannán a fhorbairt, agus scannáin Eorpacha a chur chun cinn agus a scaipeadh lastall dá dteorainneacha náisiúnta agus teacht chun cinn lucht féachana idirnáisiúnta de gach aois a chothú. Dá bhrí sin, ba cheart di a bheith incháilithe go heisceachtúil le haghaidh tacaíocht dhíreach ón Aontas i gcomhthéacs an chomhair atá aige le Parlaimint na hEorpa agus Duais Scannánaíochta LUX á heagrú aige. Mar sin féin, ní mór an tacaíocht dhíreach a nascadh le caibidlíocht ar chomhaontú comhair, le misin agus cuspóirí sonracha, idir an dá pháirtí agus níor cheart go mbeifí in ann an tacaíocht a sholáthar go dtí go dtabharfar an comhaontú sin chun críche. Ní chuireann sé sin bac ar an Acadamh Eorpach Scannán cur isteach ar chistiú le haghaidh tionscnaimh agus tionscadail eile faoi shraitheanna éagsúla an Chláir. [Leasú 31]

(23)  Ó cruthaíodh í, tá saineolas uathúil forbartha ag Ceolfhoireann Óige an Aontais Eorpaigh maidir le hoidhreacht shaibhir Eorpach an cheoil, rochtain ar cheol agus idirphlé idirchultúrtha a chur chun cinn, agus maidir le meas agus tuiscint fhrithpháirteach a chur chun cinn trí chultúr, mar aon le gairmiúlacht ceoltóirí óga a chur i dtreis, na scileanna is gá do ghairm in earnáil an chultúir agus na cruthaitheachta a thabhairt dóibh. Tá rannchuidiú Ceolfhoireann Óige an Aontais Eorpaigh aitheanta ag Ballstáit agus ag institiúidí an Aontais, lena n-áirítear ag Uachtaráin as diaidh a chéile ar an gCoimisiún agus ar Pharlaimint na hEorpa. Is é is cúis le sainiúlacht Cheolfhoireann Óige an Aontais Eorpaigh gur ceolfhoireann Eorpach í a théann thar theorainneacha cultúrtha agus gur ceoltóirí óga atá inti a roghnaítear i gcomhréir le critéir chrua ealaíonta le linn próiseas bliantúil éisteachta atá dian agus trédhearcach sna Ballstáit uile. Dá bhrí sin, ba cheart di a bheith incháilithe go heisceachtúil le haghaidh tacaíocht dhíreach ón Aontas ar bhonn misin shonracha agus cuspóirí shonracha atá le bunú agus le measúnú ag an gCoimisiún go rialta . Chun an tacaíocht sin a áirithiú, ba cheart do Cheolfhoireann Óige an Aontais Eorpaigh a hinfheictheacht a mhéadú, a dhícheall a dhéanamh ionadaíocht níos cothroime a bhaint amach idir ceoltóirí ó na Ballstáit uile sa cheolfhoireann agus a hioncaim a éagsúlú trí thacaíocht airgeadais a lorg go gníomhach ó fhoinsí eile seachas cistiú ón Aontas. [Leasú 32]

(24)  Maidir le heagraíochtaí ó earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta a bhfuil cumhdach geografach Eorpach mór acu agus arb é atá i gceist lena ngníomhaíochtaí seirbhísí cultúrtha a chur ar fáil go díreach do shaoránaigh an Aontais agus a d'fhéadfadh, dá bhrí sin, tionchar díreach a bheith acu ar fhéiniúlacht Eorpach, ba cheart iad a bheith incháilithe le haghaidh tacaíocht ón Aontas.

(25)  Chun leithdháileadh éifeachtach cistí ó bhuiséad ginearálta an Aontais a áirithiú, is gá breisluach Eorpach na mbeart agus na ngníomhaíochtaí uile a dhéantar faoin gClár, agus a gcomhlántacht le gníomhaíochtaí na mBallstát, a áirithiú, agus ba cheart féachaint le comhsheasmhacht, comhlántacht agus sineirgí a bhaint amach le cláir chistiúcháin lena dtacaítear le réimsí beartais a bhfuil dlúthcheangal acu le chéile agus le beartais chothrománacha amhail beartas iomaíochta an Aontais.

(26)  Ba cheart tacaíocht airgeadais a úsáid, ar bhealach comhréireach, chun aghaidh a thabhairt ar chlistí theipeanna margaidh nó ar chásanna infheistíochta fo-optamacha agus níor cheart, de thoradh na ngníomhaíochtaí beart, maoiniú príobháideach a dhúbailt ná a dhíbirt phlódú ná níor cheart an iomaíocht a shaobhadh sa mhargadh inmheánach. Ba cheart breisluach soiléir Eorpach a bheith leis na gníomhaíochtaí a dhéantar agus ba cheart iad a bheith oiriúnach do na tionscadail shonracha lena dtacaíonn siad. Ba cheart don Chlár a chur san áireamh, ní hamháin luach eacnamaíoch na dtionscadal ach chomh maith leis sin a ngnéithe cultúrtha agus cruthaitheacha agus sainiúlacht na n-earnálacha lena mbaineann. [Leasú 33]

(26a)  Ba cheart cistiú ó na cláir a bhunaítear le Rialachán .../...[An Ionstraim maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta](15) agus Rialachán .../...[IPA III](16) a úsáid freisin chun gníomhaíochtaí a mhaoiniú faoin ngné idirnáisiúnta den Chlár. Ba cheart na gníomhaíochtaí a chur chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán seo. [Leasú 34]

(27)  Is earnálacha nuálacha, athléimneacha iad earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta atá i mbun fáis i ngeilleagar an Aontais, a ghineann luach eacnamaíoch agus cultúrtha ó mhaoin intleachtúla agus ó chruthaitheacht aonair. Mar sin féin, déanann a n-ilroinnt agus cineál doláimhsithe a gcuid sócmhainní an rochtain atá acu ar mhaoiniú príobháideach a theorannú. Ar cheann de na dúshláin is mó atá ann do na hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta ná an rochtain atá acu ar mhaoiniú a mhéadú, ar rud é atá riachtanach chun a n-iomaíochas a fhás, a choinneáil nó a uas-scálú ar an leibhéal idirnáisiúnta. Ina theannta sin, ba cheart aghaidh a thabhairt ar chuspóirí beartais an Chláir seo, trí ionstraimí airgeadais agus ráthaíocht bhuiséadach, go háirithe do FBManna, faoi ghné bheartais nó faoi ghnéithe beartais an Chiste InvestEU i gcomhréir leis na cleachtais arna bhforbairt faoi chuimsiú Shaoráid Ráthaíochta Earnálacha an Chultúir agus na Cruthaitheachta a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013. [Leasú 35]

(28)  Ba cheart go mbeadh tionchar, cáilíocht agus éifeachtúlacht i gcur chun feidhme an Tionscadail ina bpríomhchritéir mheastóireachta chun an tionscadal atá i gceist a roghnú. Agus aird á tabhairt ar an saineolas teicniúil is gá chun measúnú a dhéanamh ar thograí faoi ghníomhaíochtaí sonracha den Chlár ba cheart foráil a dhéanamh, i gcás inarb ábhartha, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le go bhféadfadh coistí meastóireachta a bheith comhdhéanta de shaineolaithe seachtracha, ar ceart cúlra gairmiúil agus bainistíochta a bheith acu maidir le réimse an iarratais ar a ndéantar meastóireacht. I gcás inarb ábhartha, ba cheart go gcuirfí san áireamh an gá le comhleanúnachas foriomlán leis na cuspóirí maidir le cuimsiú agus éagsúlacht lucht spéise a áirithiú. [Leasú 36]

(29)  Ba cheart córas réadúil agus soláimhsithe táscairí de tháscairí feidhmíochta cainníochtúla agus cáilíochtúla a chur san áireamh sa Chlár chun bheith ag gabháil lena ghníomhaíochtaí agus chun faireachán a dhéanamh ar a fheidhmíocht ar bhonn leanúnach, agus luach intreach na healaíne agus na n-earnálacha cultúir agus cruthaitheachta á gcur san áireamh.. Ba cheart táscairí feidhmíochta mar sin a fhorbairt i gcomhar le geallsealbhóirí. Beidh an faireachán sin mar aon leis na bearta na gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an gClár agus lena ghníomhaíochtaí bunaithe ar na trí shraith den Chlár chlár. Ba cheart go gcuirfear san áireamh leis na sraitheanna ceann amháin nó níos mó de tháscairí cainníochtúla agus cáilíochtúla. Ba cheart na táscairí sin a mheasúnú i gcomhréir leis an Rialachán seo. [Leasú 37]

(29a)  I bhfianaise chastacht na sonraí agus an deacracht a bhaineann le sonraí a aimsiú, a anailísiú agus a oiriúnú agus le tionchar beartas cultúrtha a thomhais agus táscairí a shainiú, ba cheart don Choimisiún an comhar laistigh dá sheirbhísí amhail an tAirmheán Comhpháirteach Taighde agus Eurostat a atreisiú, chun críche sonraí staidrimh iomchuí a bhailiú. Ba cheart don Choimisiún gníomhú i gcomhar le hionaid bharr feabhais san Aontas, le hinstitiúidí staidrimh náisiúnta agus le heagraíochtaí atá ábhartha d’earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta san Eoraip agus i gcomhar le Comhairle na hEorpa, leis an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (OECD) agus le Unesco. [Leasú 38]

(30)  Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais don chlár Eoraip na Cruthaitheachta arb éard a bheidh ann an príomh‑mhéid tagartha do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil, de réir bhrí phointe 17 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais(17).

(31)  Tá feidhm ag Rialachán (AE, Euratom) Uimh. […] (an "Rialachán Airgeadais") maidir leis an gClár seo. Leagtar síos leis an Rialachán sin rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, na rialacha maidir le deontais san áireamh, lena n‑áirítear deontais do thríú páirtithe, duaiseanna, soláthar, ionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha.

(32)  Ba cheart go roghnófar na cineálacha maoinithe agus na modhanna cur chun feidhme a úsáidfear faoin Rialachán seo bunaithe ar chumas oibreoir an tionscadail maidir le cuspóirí sainiúla na mbeart a bhaint amach agus torthaí a thabhairt, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar mhéid an oibreora agus an tionscadail, ar na costais a bhaineann le rialuithe, ar an ualach riaracháin, agus ar an riosca neamh-chomhlíontachta a mheastar a bheith ann. Ba cheart cuimhneamh ar úsáid a bhaint as cnapshuimeanna, as rátaí comhréidhe agus costais aonaid, agus as maoiniú nach mbaineann le costais, mar a thagraítear dó in Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais. [Leasú 39]

(33)  I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 833/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(18), Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2988/95 ón gComhairle(19), Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle(20) agus Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle(21), déanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint le bearta comhréireacha, lena n‑áirítear trí neamhrialtachtaí agus calaois a chosc, a bhrath, a cheartú agus a imscrúdú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, smachtbhannaí riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 féadfaidh an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n‑áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, chun a dhéanamh amach an ndearnadh calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, féadfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) calaois agus ciontaí coiriúla eile a fhiosrú agus a ionchúiseamh a mbíonn éifeacht acu ar leas airgeadais an Aontais mar a fhoráiltear dó i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(22). I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ní mór d’aon duine nó d'aon eintiteas a fhaigheann cistí ón Aontas comhoibriú go hiomlán i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais agus na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, do OIPE agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) agus ní mór dó a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha.

(33a)  Chun na sineirgí is fearr a bhaint as Cistí an Aontais agus ionstraimí faoi bhainistíocht dhíreach, ba cheart éascaíocht a dhéanamh do sholáthar tacaíochta le haghaidh oibríochtaí a bhfuil deimhniú an tSéala Barr Feabhais faighte acu cheana féin. [Leasú 40]

(34)  De bhun Airteagal 94 de Chinneadh 2013/755/AE ón gComhairle(23), tá daoine agus eintitis atá lonnaithe i dtíortha agus críocha thar lear incháilithe do chistiú faoi réir rialacha agus chuspóirí an Chláir agus faoi réir aon socrú féideartha is infheidhme maidir leis an mBallstát lena mbaineann an tír nó an chríoch ábhartha thar lear. Ba cheart na srianta a bhíonn ann mar gheall ar iargúltacht na dtíortha nó na gcríoch sin a chur san áireamh agus an Clár á chur chun feidhme, agus ba cheart faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar bhonn rialta ar a rannpháirtíocht éifeachtach sa Chlár. [Leasú 41]

(34a)  I gcomhréir le hAirteagal 349 CFAE, ba cheart bearta a dhéanamh chun rannpháirtíocht na réigiún is forimeallaí a mhéadú i ngach beart. Ba cheart cothú a dhéanamh ar mhalartuithe soghluaisteachta dá n-ealaíontóirí agus dá gcuid saothar, agus ar chomhar idir daoine agus eagraíochtaí ó na réigiúin sin agus a gcomharsana agus tríú tíortha. Dá bhrí sin, beidh daoine in ann an tairbhe chéanna a bhaint as na buntáistí iomaíocha is féidir a fháil i dtionscail an chultúir agus na cruthaitheachta, go háirithe fás eacnamaíoch agus fostaíocht. Ba cheart faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar bhearta dá leithéid ar bhonn rialta. [Leasú 42]

(35)  Chun eilimintí neamhriachtanacha an Rialacháin seo a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le táscairí a leagtar síos in Airteagal 15 agus in Iarscríbhinn II. Ba cheart don Choimisiún dul i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart na comhairliúcháin sin a dhéanamh i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, ba cheart do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle na doiciméid uile a fháil san am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus ba cheart rochtain chórasach a bheith ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(36)  Chun cur chun feidhme rianúil an Chláir a áirithiú an leanúnachas maidir le tacaíocht cistithe a chuirtear ar fáil faoin gClár a áirithiú agus chun na bearnaí cistithe a bhíonn ag tairbhithe agus atá ag dul i méid a chumhdach, maidir leis na costais arna dtabhú ag an tairbhí sula gcuirtear an t‑iarratas roimh an iarratas ar dheontas a chur isteach, go háirithe na costais a bhaineann le cearta maoine intleachtúla, féadfar ba cheart a mheas gur costais incháilithe iad, ar choinníoll go bhfuil siad nasctha go díreach le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí dá dtugtar tacaíocht. [Leasú 43]

(37)  De bhun mhír 22 agus 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, is gá meastóireacht a dhéanamh ar an gClár seo ar bhonn faisnéis arna bailiú trí cheanglais faireacháin shonracha, agus ró‑rialáil agus ualach riaracháin, ar na Ballstáit go háirithe, á seachaint san am céanna. Ar na ceanglais sin is féidir a áireamh, i gcás inarb iomchuí, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí an Chláir ar an láthair.

(38)  Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun na cláir oibre a ghlacadh. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(24). Ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir le cláir oibre a ghlacadh. Is iomchuí a áirithiú go gcuirfear clabhsúr ceart ar deireadh ceart leis an gclár réamhtheachtach ba réamhtheachtaí, go háirithe maidir lena bheith ag leanúint de shocruithe ilbhliantúla le haghaidh bhainistiú an chláir, amhail cúnamh teicniúil agus riaracháin a mhaoiniú. Amhail ón [1 Eanáir 2021], ba cheart, más gá, a áirithiú leis an gcúnamh teicniúil agus riaracháin go mbainisteofar na gníomhaíochtaí nach mbeidh tugtha chun críche go fóill faoin gclár réamhtheachtach faoin [31 Nollaig 2020]. [Leasú 44]

(38a)  Chun cur chun feidhme éifeachtacht agus éifeachtúil an Chláir a áirithiú, ba cheart don Choimisiún a áirithiú nach mbeidh aon ualach maorlathach nach gá ar na hiarratasóirí le linn chéim an iarratais nó le linn chéim phróiseála na n-iarratas. [Leasú 45]

(38b)  Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar thionscadail ar mhionscála agus a mbreisluach, i bhfianaise shainiúlachtaí earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta. [Leasú 46]

(39)  Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear go háirithe sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Go háirithe, is é an aidhm atá leis an Rialachán seo lánurraim a thabhairt don cheart chun comhionannais idir fir agus mná agus don cheart chun neamh‑idirdhealaithe bunaithe ar ghnéas, ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar threoshuíomh gnéasach, agus cur i bhfeidhm Airteagal 21 agus Airteagal 23 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn. Tá sé i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas freisin.

(40)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a gcineál trasnáisiúnta, líon mór agus raon geografach leathan na ngníomhaíochtaí soghluaisteachta agus comhair arna gcistiú, a n‑éifeachtaí ar rochtain ar shoghluaisteacht foghlama agus ar lánpháirtiú an Aontais go ginearálta, mar aon lena ngné idirnáisiúnta treisithe, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an chuspóir sin a ghnóthú.

(41)  Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 a aisghairm le héifeacht ón [1 Eanáir 2021].

(42)  Chun an leanúnachas a áirithiú maidir leis an tacaíocht chistiúcháin arna soláthar faoin gClár, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón [1 Eanáir 2021].

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Caibidil I

Forálacha Ginearálta

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo bunaítear an clár Eoraip na Cruthaitheachta ("an Clár").

Leagtar síos leis cuspóirí an Chláir, an buiséad don tréimhse 2021-2027, na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)  ciallaíonn "oibríocht mheasctha" gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais, lena n‑áirítear laistigh de shaoráidí measctha de bhun Airteagal 2(6) den Rialachán Airgeadais, lena ndéantar foirmeacha neamh‑iníoctha tacaíochta agus ionstraimí airgeadais ó bhuiséad an Aontais a chumasc le foirmeacha iníoctha tacaíochta ó institiúidí forbartha nó ó institiúidí airgeadais poiblí eile, agus ó institiúidí airgeadais tráchtála agus infheisteoirí;

(2)  ciallaíonn "earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta" gach earnáil a bhfuil a gníomhaíochtaí bunaithe ar luachanna cultúrtha nó ealaíonta agus léirithe cruthaitheacha aonair nó comhchoiteanna eile, agus cleachtais, bíodh na gníomhaíochtaí sin dírithe ar an margadh nó ná bíodh. Áirítear sna gníomhaíochtaí Féadfar a áireamh sna gníomhaíochtaí sin forbairt, cruthú, táirgeadh, scaipeadh agus caomhnú cleachtas, earraí agus seirbhísí a chorpraíonn léirithe cultúrtha, ealaíonta nó léirithe cruthaitheacha eile, chomh maith le feidhmeanna gaolmhara amhail an t‑oideachas nó an bhainistíocht. D'fhéadfaí cuid mhaith díobh nuálaíocht agus poist a chruthú tríothu sin, go háirithe ó mhaoin intleachtúil. Áirítear ar na hearnálacha ailtireacht, cartlanna, leabharlanna agus músaeim, ceardaíocht, ealaíonta, an earnáil ealaíon, closamhairc (lena n‑áirítear scannáin, teilifís, físchluichí agus ilmheáin), oidhreacht chultúrtha, idir inláimhsithe agus dholáimhsithe, dearadh (lena n‑áirítear dearadh faisin), féilte, ceol, litríocht, na taibhealaíona, leabhair agus foilsitheoireacht, raidió agus na hamharcealaíona, féilte, agus dearadh, lena n-áirítear dearadh faisin; [Leasú 47]

(3)  ciallaíonn "FBManna" micreafhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide mar a shainmhínítear iad i Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún(25);

(4)  ciallaíonn "eintiteas dlítheanach" aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bunaíodh mar eintiteas dlítheanach agus a aithnítear mar eintiteas dlítheanach faoin dlí náisiúnta, faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí idirnáisiúnta, a bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige agus a fhéadfaidh, ag gníomhú dó ina ainm féin, cearta a fheidhmiú agus a bheith faoi réir oibleagáidí, nó eintiteas nach bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige i gcomhréir le hAirteagal 197(2)(c) den Rialachán Airgeadais;

(5)  is lipéad ardcháilíochta é “an Séala Barr Feabhais” a bhronntar ar thionscadail a chuirtear faoi bhráid an chláir Eoraip na Cruthaitheachta agus a meastar cistiú a bheith tuillte acu ach nach bhfaigheann é de dheasca teorainneacha buiséid. Aithnítear leis luach an togra agus is cuidiú é agus cistiú malartach á lorg.

Airteagal 3

Cuspóirí an Chláir

(1)  Is iad seo a leanas cuspóirí ginearálta an Chláir:

(-a)  chun rannchuidiú le haitheantas agus cur chun cinn luach intreach an chultúir agus chun coimirciú agus cur chun cinn a dhéanamh ar cháilíocht an chultúir Eorpaigh agus na cruthaitheachta Eorpaí agus iad ina ngné ar leith d’fhorbairt phearsanta, oideachas, comhtháthú sóisialta, saoirse tuairimíochta agus tuairime, agus ar na healaíona, agus iad ag neartú agus ag cur leis an daonlathas, smaointeoireacht chriticiúil, muintearas agus saoránacht agus mar fhoinsí do thírdhreach iolraíoch cultúrtha agus na meán; [Leasú 48]

(a)  comhar Eorpach a chur chun cinn i dtaca le héagsúlacht chultúrtha, ealaíona agus theangeolaíoch agus le hoidhreacht, lena n-áirítear trí fheabhas a chur ar ról na n-ealaíontóirí agus na n-oibreoirí cultúrtha, cáilíocht léirithe cultúrtha agus ealaíonta Eorpacha, agus oidhreacht chultúrtha Eorpach choiteann inláimhsithe agus dholáimhsithe; [Leasú 49]

(b)  iomaíochas earnálacha an chultúir na n-earnálacha cultúir agus na cruthaitheachta uile a chothú agus a gcumhacht eacnamaíoch a mhéadú, go háirithe an earnáil closamhairc, trí bhíthin cruthú post agus nuálaíocht agus cruthaitheacht a mhéadú sna hearnálacha sin. [Leasú 50]

(2)  Is iad seo a leanas cuspóirí sonracha an Chláir:

(a)  feabhas a chur ar an ngné eacnamaíoch, ealaíonta, chultúrtha, shóisialta agus sheachtrach den chomhar ar an leibhéal Eorpach chun éagsúlacht chultúrtha Eorpach agus oidhreacht chultúrtha inláimhsithe agus dholáimhsithe na hEorpa a fhorbairt agus a chur chun cinn, agus iomaíochas agus nuálaíocht na n‑earnálacha cultúir agus cruthaitheachta Eorpacha a neartú agus caidreamh cultúrtha idirnáisiúnta a atreisiú; [Leasú 51]

(aa)  earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta a chur chun cinn, lena n-áirítear an earnáil chlosamhairc, tacaíocht a thabhairt d’ealaíontóirí, oibreoirí, ceardaithe agus do rannpháirtíocht an luchta spéise ag díriú go háirithe ar chomhionannas inscne agus grúpaí faoi ghannionadaíocht; [Leasú 52]

(b)  iomaíochas, nuálaíocht agus inscálaitheacht an tionscail closamhairc Eorpaigh na hearnála closamhairc Eorpaí a chur chun cinn, go háirithe FBManna, cuideachtaí léiriúcháin neamhspleácha agus eagraíochtaí in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta, agus cáilíocht ghníomhaíochtaí na hearnála closamhairc Eorpaí a chur chun tosaigh i mbealach inbhuanaithe agus cur chuige cothrom earnála agus geografach a bheith mar aidhm ann; [Leasú 53]

(c)  comhar beartais agus gníomhaíochtaí nuálacha a chur chun cinn, lena n-áirítear, samhlacha gnó agus bainistíochta nua agus réitigh chruthaitheacha, lena dtacaítear le gach sraith den chlár agus leis na hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta go léir, lena n-áirítear saoirse an léirithe ealaíonta a choimirciú agus cur chun cinn a dhéanamh ar timpeallachtaí cultúrtha agus meán atá éagsúil, neamhspleách agus iolraíoch, litearthacht sna meáin, scileanna digiteacha, oideachas cultúrtha agus ealaíonta, comhionannas inscne, saoránacht ghníomhach, idirphlé idirchultúrtha, athléimneacht agus cuimsiú sóisialta, go háirithe na ndaoine atá faoi mhíchumas, lena n-áirítear trí níos mó rochtana ar earraí agus seirbhísí cultúrtha; [Leasú 54]

(ca)  soghluaisteacht ealaíontóirí agus oibreoirí in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta, agus cursaíocht a saothar a chuid chun cinn; [Leasú 55]

(cb)  sonraí, anailísí agus tacar leormhaith táscairí cainníochtúla agus cáilíochtúla a chur ar fáil do na hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta agus córas comhleanúnach meastóireachtaí agus measúnuithe tionchair a fhorbairt, lena n-áirítear cinn ag a bhfuil gné thras earnála. [Leasú 56]

(3)  Cumhdófar na sraitheanna seo a leanas sa Chlár:

(a)  Leis an tsraith "Cultúr" cumhdaítear earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta cé is moite den earnáil closamhairc;

(b)  Leis an tsraith "MEDIA" cumhdaítear an earnáil closamhairc;

(c)  Leis an tsraith thrasearnála THRASEARNÁLA” cumhdaítear gníomhaíochtaí sna hearnálacha ar fud na n-earnálacha cultúir agus cruthaitheachta go léir, lena n-áirítear earnáil na meán nuachta. [Leasú 57]

Article 3a

Breisluach Eorpach

Aitheantas a thabhairt do luach intreach agus eacnamaíoch an chultúir agus na cruthaitheachta agus urraim a thabhairt do cháilíocht agus iolrachas luachanna agus bheartais an Aontais.

Ní thacóidh an Clár ach leis na gníomhartha agus leis na gníomhaíochtaí sin a chuireann breisluach Eorpach ar fáil agus a rannchuidíonn leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 a bhaint amach.

Áiritheofar breisluach Eorpach ghníomhartha agus ghníomhaíochtaí an Chláir, mar shampla trí na nithe seo a leanas:

(a)  gné thrasnáisiúnta bearta agus gníomhaíochtaí a dhéanann cláir agus beartais réigiúnacha, náisiúnta, agus idirnáisiúnta agus cláir agus beartais eile de chuid an Aontais a chomhlánú, agus an tionchar a bheidh ag bearta agus gníomhaíochtaí den sórt sin ar rochtain na saoránach ar an gcultúr, rannpháirtíocht ghníomhach na saoránach, oideachas, comhtháthú sóisialta agus idirphlé idirchultúrtha;

(b)  forbairt agus cur chun cinn an chomhair thrasnáisiúnta agus idirnáisiúnta idir gníomhairí an chultúir agus na cruthaitheachta lena n-áirítear ealaíontóirí, gairmithe closamhairc, eagraíochtaí cultúir agus cruthaitheachta agus FBManna agus oibreoirí closamhairc, ar comhar é atá dírithe ar fhreagairtí níos cuimsithí, níos gasta, níos éifeachtaí agus níos fadtéarmaí do dhúshláin dhomhanda a spreagadh, go háirithe don aistriú digiteach;

(c)  na barainneachtaí scála agus fás agus poist á gcothú ag tacaíocht an Aontais, a chruthaíonn éifeacht ghiarála le haghaidh cistí breise;

(d)  cothroime iomaíochta níos fearr a áirithiú in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta trí shainiúlachtaí tíortha éagsúla a chur san áireamh, lena n-áirítear tíortha nó réigiúin ina bhfuil staid áirithe gheografach nó theangeolaíoch, amhail na réigiúin is forimeallaí a aithnítear in Airteagal 349 CFAE agus na tíortha agus críocha thar lear a thagann faoi údarás Ballstáit a liostaítear in Iarscríbhinn II de CFAE;

(e)  insint ar chomhfhréamhacha Eorpacha agus éagsúlachtaí Eorpacha a chur chun cinn. [Leasú 58]

Airteagal 4

An tsraith "Cultúr"

I gcomhréir leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3, beidh na tosaíochtaí seo a leanas ag an tsraith "Cultúr":

(-a)  léiriú agus cruthú ealaíonta a chur chun cinn; [Leasú 59]

(-aa)  buanna, inniúlachtaí agus scileanna a chothú agus comhoibriú agus nuálaíocht a spreagadh trí shlabhra iomlán na n-earnálacha cultúir agus cruthaitheachta, lena n-áirítear oidhreacht; [Leasú 60]

(a)  an ghné thrasteorann, cúrsaíocht agus infheictheacht d'oibreoirí agus de shaothair chultúrtha cultúrtha agus chruthaitheacha Eorpacha a neartú agus iad a chur i gcúrsaíocht thar theorainneacha agus a saothairlena n-áirítear trí chláir chónaitheacha, turais, imeachtaí, ceardlanna, taispeántais agus féilte, mar aon le éascú a dhéanamh ar dhea-chleachtais agus feabhas a chur ar acmhainneachtaí gairmiúla; [Leasú 61]

(b)  rochtain, rannpháirtíocht chultúrtha a mhéadú agus feasacht ar chultúr, agus rannpháirtíocht lucht spéise ar fud na hEorpa a mhéadú, go háirithe maidir le daoine faoi mhíchumas nó daoine ó chúlra atá faoi mhíbhuntáiste; [Leasú 62]

(c)  athléimneacht na sochaí agus cuimsiú sóisialta a chur chun cinn tríd an gcultúr agus tríd agus cuimsiú sóisialta, idirphlé idirchultúrtha agus daonlathach agus malartú cultúrtha a fheabhsú trí na healaíona, an cultúr agus an oidhreacht chultúrtha; [Leasú 63]

(d)  feabhas a chur ar acmhainneacht na n‑earnálacha earnálacha cultúir agus cruthaitheachta Eorpacha rath a bheith orthu agus a bheith nuálach, saothair ealaíona a chruthú, príomhinniúlachtaí, eolas, scileanna cleachtais nua ealaíonta agus poist agus fás a chruthú inbhuanaithe a ghiniúint agus rannchuidiú le forbairt áitiúil agus réigiúnach; [Leasú 64]

(da)  acmhainneacht ghairmiúil daoine in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta a chothú, iad a chumhachtú trí bhearta iomchuí; [Leasú 65]

(e)  féiniúlacht Eorpach, saoránacht ghníomhach agus muintearas agus luachanna daonlathacha a neartú trí fheasacht chultúrtha, oidhreacht chultúrtha, léiriú, smaointeoireacht chriticiúil, léiriú ealaíonta, infheictheacht agus aitheantas do chruthaitheoirí, ealaíona, oideachas agus cruthaitheacht chultúrbhunaithe san fhoghlaim fhoirmiúil, neamhfhoirmiúil agus neamhfhoirmeálta ar feadh an tsaoil; [Leasú 66]

(f)  fothú acmhainneachta na n‑earnálacha earnálacha cultúir agus cruthaitheachta Eorpacha a chur chun cinn go hidirnáisiúnta, lena n-áirítear eagraíochtaí an phobail agus micrea-eagraíochtaí, ionas go mbeidh siad gníomhach ar an leibhéal idirnáisiúnta; [Leasú 67]

(g)  rannchuidiú le straitéis dhomhanda an Aontais i leith maidir le caidreamh cultúrtha idirnáisiúnta trí thaidhleoireacht i gcúrsaí iarracht a dhéanamh tionchar fadtéarmach na straitéise a áirithiú trí chur chuige idirphearsanta a bhaineann le líonraí cultúrtha, an tsochaí shibhialta agus eagraíochtaí an phobail. [Leasú 68]

Tugtar mionsonraithe breise ar na tosaíochtaí in Iarscríbhinn I.

Mar chuid de na gníomhaíochtaí sonracha a chuirfear i gcrích mar chuid den tsraith CHULTÚIR, beidh fócas ar leith ar earnáil an cheoil ó thaobh leithdháileadh airgeadais agus gníomhaíochtaí spriocdhírithe de. Cuirfear borradh faoi iomaíochas earnáil an cheoil trí ghlaonna agus uirlisí saincheaptha agus rachfar i ngleic le cuid de na dúshláin shonracha atá os comhar na hearnála. [Leasú 69]

Airteagal 5

An tsraith "MEDIA"

I gcomhréir leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3, beidh na tosaíochtaí seo a leanas ag an tsraith "MEDIA":

(a)  buanna, agus inniúlachtaí, scileanna agus úsáid teicneolaíochtaí digiteacha a chothú chun agus comhoibriú, soghluaisteacht, agus nuálaíocht a spreagadh i gcruthú agus i dtáirgeadh saothar closamhairc Eorpach, lena n-áirítear thar theorainneacha; [Leasú 70]

(b)  feabhas a chur ar dháileadh chúrsaíocht thrasnáisiúnta agus idirnáisiúnta agus ar dháileadh ar líne agus as líne, go háirithe dáileadh amharclannaíochta, agus dáileadh ar líne agus rochtain níos leithne a thabhairt thar na teorainneacha do shaothair chlosamhairc de shaothair chlosamhairc Eorpacha, lena n‑áirítear trí shamhlacha gnó nuálacha agus teicneolaíochtaí nua a úsáid sa timpeallacht dhigiteach nua; [Leasú 71]

(ba)  rochtain níos leithne ar shaothair closamhairc de chuid an Aontais a thabhairt do phobail idirnáisiúnta, go háirithe trí fhógraíocht, imeachtaí, gníomhaíochtaí litearthachta scannáin agus féilte; [Leasú 72]

(bb)  feabhas a chur ar oidhreacht chlosamhairc agus rochtain a éascú, agus tacaíocht agus fógraíocht a thabhairt do chartlanna agus leabharlanna closamhairc mar fhoinsí cuimhne, oideachais, athúsáide agus do ghnó nua, lena n-áirítear trí na teicneolaíochtaí digiteacha is deireanaí; [Leasú 73]

(c)  saothair chlosamhairc closamhairc Eorpacha a chur chun cinn agus tacú le líon an lucht spéise a mhéadú ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin rannpháirtíocht lucht spéise de gach aois, go háirithe i measc na hóige agus daoine faoi mhíchumas, chun saothair chlosamhairc a úsáid go réamhghníomhach agus go dlíthiúil ar fud na hEorpa agus lastall di agus chun comhroinnt ábhar arna ghiniúint ag an úsáideoir, lena n-áirítear trí oideachas scannánaíochta agus closamhairc a chur chun cinn. [Leasú 74]

Tabharfar aghaidh ar na tosaíochtaí sin trí thacú le cruthú saothair Eorpacha a chruthú, cur a chur chun cinn, a rochtain agus scaipeadh, na saothar Eorpach sin le leathadh luachanna Eorpacha agus comhfhéiniúlacht lena bhféadfaí dul i bhfeidhm ar phobal mór lucht féachana de gach aois laistigh den Eoraip agus níos faide i gcéin, agus ar an gcaoi sin rachfar in oiriúint lastall di, rud a d'fhágfadh go bhféadfaí oiriúnú d'fhorbairtí nua sa mhargadh agus comhlánófar an tacú le Treoir maidir le Seirbhísí na Meán Closamhairc. [Leasú 75]

Tugtar mionsonraithe breise ar na tosaíochtaí in Iarscríbhinn I.

Airteagal 6

An tsraith thrasearnála

I gcomhréir le cuspóirí an Chláir dá dtagraítear in Airteagal 3, beidh na tosaíochtaí seo a leanas ag an tsraith thrasearnála:

(a)  tacú le comhar beartais trasnáisiúnta trasearnála lena n‑áirítear maidir leis an ról atá ag an gcultúr i dtaca cultúr le haghaidh cuimsiú sóisialta agus a chur chun cinn, go háirithe maidir le daoine faoi mhíchumas agus chun cur leis an daonlathas agus chun eolas ar an gclár a chur chun cinn agus tacaíocht a thabhairt d'inaistritheacht torthaí chun infheictheacht an Chláir a mhéadú; [Leasú 76]

(b)  cineálacha cur chuige nuálacha a chur chun cinn maidir le cruthú inneachair ealaíonta agus le taighde ealaíonta, rochtain, dáileadh agus cur chun cinn, agus cosaint cóipchirt á cur san áireamh, ar fud earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta, lena gcumhdaítear gnéithe margaidh agus neamh-mhargaidh araon; [Leasú 77]

(c)  gníomhaíochtaí cothrománacha a chur chun cinn lena gcumhdaítear roinnt earnálacha arb é is agus é mar aidhm dóibh leo oiriúnú do na hathruithe struchtúrtha agus teicneolaíocha nach mór d'earnáil na meán dul i ngleic leo, lena n‑áirítear timpeallacht go háirithe cur le meán atá saor, éagsúil agus iolraíoch, a chur chun cinn, mar aon le hiriseoireacht ar ardcháilíocht timpeallacht ealaíonta agus chultúrtha, eiticí gairmiúla san iriseoireacht, smaointeoireacht chriticiúil agus litearthacht sna meáin, go háirithe i measc na hóige trí chuidiú le hoiriúnú le huirlisí agus foirmeacha nua meáin agus dul i ngleic le scaipeadh bréagaisnéise; [Leasú 78]

(d)  deasca cláir a chur ar bun, agus tacaíocht a thabhairt dóibh chun faisnéis a sholáthar faoin gClár ina dtíortha agus lena chun go mbeadh rannpháirtíocht ghníomhach maidir leo i dtíortha rannpháirteacha, chun an Clár a chur chun cinn, ina dtíortha, i mbealach atá cóir agus cothrom, lena n-áirítear trí ghníomhaíochtaí líonra ar an láthair, agus tacú le hiarratasóirí maidir leis an gClár agus bunfhaisnéis a sholáthair ar dheiseanna tacaíochta ábhartha eile atá ar fáil faoi chláir arna maoiniú ag an Aontas agus chun comhar trasteorann agus malartú deachleachtas a spreagadh laistigh d'earnálacha an chultúir agus na de na hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta; [Leasú 79]

Tugtar mionsonraithe breise ar na tosaíochtaí in Iarscríbhinn I.

Airteagal 7

Buiséad

1.  Is é EUR 1 850 000 000 i bpraghsanna reatha  2 806 000 000 i bpraghsanna tairiseacha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir don tréimhse 2021 – 2027. [Leasú 80]

Cuirfear an clár chun feidhme de réir an dáilte airgeadais tháscaigh seo a leanas:

–  suas le EUR 609 000 000 suim nach lú ná le 33 % don chuspóir dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(a) (an tsraith "Cultúr" CHULTÚIR);[Leasú 81]

–  suas le EUR 1 081 000 000 suim nach lú ná le 58 % don chuspóir dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(b) (an tsraith "MEDIA MEÁIN");[Leasú 82]

–  suas le EUR 160 000 000 9 % do na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(c) (an tsraith thrasearnála THRASEARNÁLA) lena n-áirithítear leithdháileadh airgeadais do gach Deasca um Eoraip na Cruthaitheachta ar chomhleibhéal ar a laghad leis an leithdháileadh airgeadais dá bhforáiltear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013. [Leasú 83]

2.  Féadfar an méid dá dtagraítear i mír 1 a úsáid le haghaidh cúnamh teicniúil agus cúnamh riaracháin chun an Clár a chur chun feidhme, cuir i gcás gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, lena n‑áirítear córais teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha.

3.  I dteannta an imchlúdaigh airgeadais mar a léirítear i mír 1, agus chun gné idirnáisiúnta an Chláir a chur chun cinn, féadfar ranníocaíochtaí airgeadais breise a chur ar fáil ó na hionstraimí maoinithe sheachtraigh [An Ionstraim maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Chomhpháirtíocht Idirnáisiúnta, an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (ICR III)], chun tacú le gníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme agus arna mbainistiú i gcomhréir leis an Rialachán seo. Maoineofar an ranníocaíocht sin i gcomhréir leis na Rialacháin lena mbunaítear na hionstraimí sin agus déanfar í a thuairisciú gach bliain don údarás buiséadach, in éineacht leis na ranníocaíochtaí ó thríú tíortha leis an gclár. [Leasú 84]

4.  Féadfar acmhainní arna leithdháileadh ar na Ballstáit faoin mbainistíocht chomhroinnte a aistriú chuig an gClár, má iarrann na Ballstáit sin. Déanfaidh an Coimisiún na hacmhainní sin a chur chun feidhme go díreach i gcomhréir le [hAirteagal 62(1)(a)] den Rialachán Airgeadais nó go hindíreach i gcomhréir le [hAirteagal 62(1)(c)] den Rialachán sin. Úsáidfear na hacmhainní sin chun leas an Bhallstáit lena mbaineann más féidir.

Airteagal 8

Tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár

1.  Beidh an Clár oscailte do na tríú tíortha seo a leanas:

(a)  Comhaltaí de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa Chomhaontú maidir le LEE;

(b)  tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó chomhairlí comhlachais ábhartha, nó i gcomhaontuithe eile den chineál céanna, agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos sna comhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;

(c)  tíortha a chuimsítear faoi Bheartas Comharsanachta na hEorpa, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó chomhairlí comhlachais ábhartha, nó i gcomhaontuithe eile den chineál céanna, agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos sna comhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin.

(d)  tíortha eile, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gcomhaontú sonrach aonair lena gcumhdaítear rannpháirtíocht an tríú tír in aon chlár de chuid an Aontais, ar choinníoll:

(a)  go n‑áirithítear leis an gcomhaontú cothromaíocht i dtaca le ranníocaíochtaí agus sochair an tríú tír atá rannpháirteach i gcláir an Aontais;

(b)  go leagtar síos leis an gcomhaontú coinníollacha maidir le rannpháirtíocht sna cláir, lena n‑áirítear ríomh na ranníocaíochtaí airgeadais le cláir aonair agus a gcostais riaracháin. Is éard a bheidh sna ranníocaíochtaí sin ioncam sannta i gcomhréir le hAirteagal [21(5)] den [Rialachán Airgeadais nua];

(c)  nach dtugtar leis an gcomhaontú cumhacht chinnteoireachta don tríú tír maidir leis an gclár;

(d)  go ráthaítear leis an gcomhaontú cearta an Aontais chun bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú agus chun a leasanna airgeadais a chosaint.

Féadfaidh tríú tíortha a bheith rannpháirteach i struchtúir rialachais na gClár agus i bhfóraim geallsealbhóirí chun críche malartú faisnéise a éascú. [Leasú 85]

2.  Beidh rannpháirtíocht na dtíortha dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) bpointí (a) go (d) de mhír 1 sna sraithe sa tsraitheanna "MEDIA" MEÁIN agus trasearnála TRASEARNÁLA faoi réir chomhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach i dTreoir 2010/13/AE. [Leasú 151]

3.  Maidir leis na comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích leis na tíortha a shonraítear i bpointe (c) de mhír 1, d'fhéadfaidís maolú ar na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 2 i gcásanna cuí‑réasúnaithe.

3a.  Déanfar comhaontuithe leis na tríú tíortha atá comhlachtaithe leis an gClár faoin Rialachán seo a éascú trí nósanna imeachta atá níos tapa ná na nósanna imeachta faoi Rialachán (AE) 1295/2013. Cuirfear comhaontuithe le tíortha nua chun cinn go réamhghníomhach. [Leasú 86]

Airteagal 8b

Tríú tíortha eile

Féadfaidh an Clár tacú le comhar le tríú tíortha, seachas na tíortha sin dá dtagraítear in Airteagal 8, maidir le gníomhaíochtaí arna maoiniú le ranníocaíochtaí breise ó na hionstraimí maoinithe sheachtraigh, de réir Airteagal 7(3), má tá sé chun leas an Aontais.

Airteagal 9

Comhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus leis an bhFaireachlann Eorpach Chlosamhairc

1.  Beidh rochtain ar an gClár oscailte d’eagraíochtaí idirnáisiúnta atá gníomhach sna réimsí atá faoin a chumhdaítear leis an gClár, amhail Unesco, Comhairle na hEorpa, trí bhíthin comhoibriú níos strúchtúrtha leis na Bealaí Cultúrtha agus Euroimages, Faireachlann EUIPO, an Eagraíocht Dhomhanda um Maoin Intleachtúil agus OECD, bunaithe ar ranníocaíochtaí comhpháirteacha, chun cuspóirí an Chláir a shaothrú agus i gcomhréir leis na an Rialachán Airgeadais. [Leasú 87]

2.  Beidh an tAontas ina chomhalta den Fhaireachlann Eorpach Chlosamhairc ar feadh ré an Chláir. Rannchuideoidh rannpháirtíocht an Aontais san Fhaireachlann le tosaíochtaí na sraithe "MEDIA" MEÁIN a shaothrú. Déanfaidh an Coimisiún ionadaíocht ar an Aontas agus é ag plé leis an bhFaireachlann. Leis an tsraith "MEDIA" MEÁIN, tacófar leis an táille ranníocaíochta a íoc le haghaidh bhallraíocht an Aontais san Fhaireachlann chun agus bailiú sonraí agus anailís a chothú san earnáil closamhairc. [Leasú 152]

Article 9a

Bailiú sonraí ar earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta

Déanfaidh an Coimisiún an comhar laistigh dá sheirbhísí amhail an tAirmheán Comhpháirteach Taighde agus Eurostat a atreisiú, chun críche sonraí staidrimh iomchuí a bhailiú chun tionchar beartas cultúrtha a thomhais agus a anailísiú. Chun an chúraim sin, gníomhóidh an Coimisiún i gcomhar le hionaid bharr feabhais san Eoraip agus le heagraíochtaí staidrimh náisiúnta agus gníomhóidh sé i gcomhar le Comhairle na hEorpa, le OECD agus le Unesco. Dá bhrí sin, rannchuideoidh sé le saothrú na gcuspóirí den tsraith CHULTÚIR agus coinneoidh sé súil ghéar ar thuilleadh forbairtí i mbeartas cultúrtha, chomh maith leis sin trí geallsealbhóirí a áireamh ag céim luath i machnamh agus oiriúnú na dtáscairí atá comónta d’earnálacha éagsúla nó táscairí sonracha in aghaidh an réimse gníomhaíochtaí. Tuairisceoidh an Coimisiún go rialta do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis na gníomhaíochtaí sin. [Leasú 88]

Airteagal 10

Cur chun feidhme agus foirmeacha cistiúcháin ón Aontas

1.  Cuirfear an Clár chun feidhme tríd an mbainistíocht dhíreach i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais nó tríd an mbainistíocht indíreach le comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 62(1)(c) den Rialachán Airgeadais.

2.  Féadfar cistiú a sholáthar ón gClár, agus an cistiú sin in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, go háirithe deontais, duaiseanna agus soláthar. Féadfar maoiniú a sholáthar ón gClár freisin i bhfoirm ionstraimí airgeadais laistigh d’oibríochtaí measctha.

3.  Cuirfear oibríochtaí measctha faoin gClár seo chun feidhme i gcomhréir le [Rialachán InvestEU] agus le Teideal X den Rialachán Airgeadais agus na nósanna imeachta a leagtar síos i [Rialachán InvestEU]. An tsaoráid ráthaíochta thiomanta arna cruthú faoi Eoraip na Cruthaitheachta, leanfar léi faoi [rialachán InvestEU] agus cuirfear san áireamh inti cur chun feidhme na gcleachtas arna bhforbairt faoi chuimsiú Shaoráid Ráthaíochta Earnálacha an Chultúir agus na Cruthaitheachta a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013. [Leasú 89]

4.  Le ranníocaíochtaí le sásra árachais fhrithpháirtigh, féadfar an riosca a bhaineann le gnóthú na gcistí atá dlite ag faighteoirí a chumhdach agus measfar gur ráthaíocht leordhóthanach é faoin Rialachán Airgeadais. Beidh feidhm ag na forálacha a leagtar síos in [Airteagal X de] Rialachán XXX [comharba an Rialacháin maidir leis an gCiste Ráthaíochta], bunaithe ar agus ag cur san áireamh na cleachtais chur chun feidhme atá forbartha cheana féin. [Leasú 90]

4a.  Chun gné idirnáisiúnta an Chláir a chur chun cinn, déanfaidh na cláir a bhunaítear le Rialachán .../...[An Ionstraim maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta] agus Rialachán .../...[IPA III] ranníocaíochtaí airgeadais ar na gníomhaíochtaí arna mbunú faoin Rialachán seo. Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le húsáid na gclár sin, agus comhréireacht leis na Rialacháin lena rialaítear iad faoi seach á háirithiú. [Leasú 91]

Airteagal 11

Cosaint Leas Airgeadais an Aontais

I gcás ina mbeidh tríú páirtí rannpháirteach sa Chlár le cinneadh faoi chomhaontú idirnáisiúnta nó de bhua aon ionstraim dlí eile, tabharfaidh an tríú tír na cearta is gá agus an rochtain a theastaíonn don oifigeach údarúcháin freagrach, don Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa chun a n‑inniúlachtaí ábhartha a fheidhmiú go cuimsitheach. I gcás OLAF, áireofar leis na cearta sin an ceart iniúchtaí a dhéanamh, seiceálacha agus iniúchtaí ar an láthair san áireamh, mar a bhforáiltear i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013.

Airteagal 12

Cláir oibre

1.  Is leis na cláir oibre bliantúla dá dtagraítear in Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais a chuirfear an Clár chun feidhme. Sula ndéanfar na cláir oibre a ghlacadh, rachfar i mbun comhairliúcháin leis na geallsealbhóirí éagsúla chun a áirithiú go dtacóidh na gníomhaíochtaí beartaithe leis na hearnálacha éagsúla atá rannpháirteach ar an tslí is fearr is féidir. Leagfar amach leis na cláir oibre, i gcás inarb infheidhme, an méid foriomlán arna chur i leataobh le haghaidh oibríochtaí measctha, nach rachaidh in áit cistiú díreach i bhfoirm deontas.

Sonrófar sna cláir oibre bhliantúla go mionsonraithe cuspóirí ginearálta agus sonrach an Chlár agus na tosaíochtaí beartais agus gníomhaíochtaí a bhaineann leis sin, mar aon leis an buiséad arna leithdháileadh in aghaidh na gníomhaíochta. Cuimseofar sa chlár oibre bliantúil freisin tráthchlár cur chun feidhme táscach. [Leasú 92]

2.  Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 19 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí chláir oibre bhliantúla a bhunú. [Leasú 93]

Caibidil II

Deontais agus eintitis incháilithe

Airteagal 13

Deontais

1.  Tabharfar agus bainisteofar deontais faoin gClár i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán Airgeadais.

1a.  Féadfaidh na glaonna ar thograí a chur san áireamh an gá le tacaíocht iomchuí a áirithiú do thionscadail ar mionscála faoin tsraith CHULTÚIR trí bhearta a d’fhéadfaí rátaí cómhaoinithe níos airde a áireamh iontu. [Leasú 94]

1b.  Déanfar na deontais a dhámhachtain leis na gnéithe seo a leanas den tionscadal lena mbaineann a chur san áireamh:

(a)  cáilíocht an tionscadail;

(b)  tionchar;

(c)  cáilíocht agus éifeachtúlacht a chur chun feidhme. [Leasú 95]

2.  Féadfaidh an coiste meastóireachta a bheith comhdhéanta de shaineolaithe seachtracha. Tiocfaidh sé le chéile os comhair a bhall go fisiciúil nó go cianda.

Beidh cúlra gairmiúil a bhaineann leis an réimse faoi mheasúnú ag na saineolaithe. Féadfaidh an coiste meastóireachta tuairim saineolaithe ó thír an iarratais a iarraidh. [Leasú 96]

3.  De mhaolú ar Airteagal 193(2) den Rialachán Airgeadais, agus i gcásanna cuí‑réasúnaithe a bhfuil údar cuí leo, maidir leis na costais arna dtabhú ag an tairbhí roimh an iarratas ar dheontas a chur isteach, féadfar déanfar a mheas gur costais incháilithe iad, ar choinníoll go bhfuil siad nasctha go díreach le cur chun feidhme na mbeart agus na ngníomhaíochtaí dá dtugtar tacaíocht. [Leasú 97]

4.  I gcás inarb infheidhme, déanfar critéir neamh‑idirdhealaithe iomchuí a shainiú le gníomhaíochtaí an Chláir, lena n‑áirítear maidir le cothromaíocht inscne.

Airteagal 14

Eintitis incháilithe

1.  Beidh feidhm ag na critéir incháilitheachta a leagtar amach i míreanna 2 go 4, i dteannta na gcritéar a leagtar amach in [Airteagal 197] den Rialachán Airgeadais.

2.  Tá na heintitis seo a leanas incháilithe:

(a)  eintitis dhlítheanacha atá bunaithe in aon cheann de na tíortha seo a leanas:

(1)  Ballstát nó tír nó críoch thar lear a bhfuil nasc aici leis an mBallstát sin;

(2)  tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár;

(3)  tríú tír a liostaítear sa chlár oibre faoi na coinníollacha a shonraítear i míreanna 3 agus 4;

(b)  aon eintiteas dlítheanach a bunaíodh faoi dhlí an Aontais nó aon eagraíocht idirnáisiúnta.

3.  Go heisceachtúil, tá eintitis dhlítheanacha atá bunaithe i dtríú tír nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár incháilithe chun páirt a ghlacadh sa Chlár i gcás ina bhfuil sin riachtanach chun cuspóirí gníomhaíochta ar leith a bhaint amach.

4.  I bprionsabal, ba cheart d’eintitis dhlítheanacha atá bunaithe i dtríú tír nach bhfuil comhlachaithe leis an gclár costais a rannpháirtíochta a sheasamh. D’fhéadfadh tuilleadh ranníocaíochtaí ó na hionstraimí maoinithe sheachtraigh, de réir Airteagal 7(3), costais a rannpháirtíochta a chumhdach más chun leas an Aontais atá sé.

5.  Féadfar deontais a dhámhachtain ar na heintitis seo a leanas go heisceachtúil gan glao ar thograí, ar bhonn misin shonracha agus cuspóirí a bheidh le sainiú ag an gCoimisiún agus le measúnú go rialta i gcomhréir le cuspóirí an Chláir: [Leasú 98]

(a)  An tAcadamh Eorpach Scannán i gcomhthéacs an chomhair le Parlaimint na hEorpa ar Dhuais Scannánaíochta LUX, i ndiaidh do na páirtithe comhaontú comhair a chaibidliú agus a shíniú agus i gcomhréir le Europa Cinemas; go dtí go mbeidh an comhaontú comhair curtha chun críche, cuirfear na leithreasuithe ábhartha sa chúlchiste; [Leasú 99]

(b)  Ceolfhoireann Óige an Aontais Eorpaigh as a ghníomhaíochtaí, lena n-áirítear an roghnú rialta de cheoltóirí óga as na Ballstáit ar fad, agus oiliúint dóibh, trí cláir chónaithe a chuireann soghluaisteacht agus deis ar fáil dóibh seinm i bhféilte agus ar thurais laistigh den Aontas agus ar an leibhéal idirnáisiúnta agus a rannchuidíonn le cúrsaíocht an chultúir Eorpaigh thar theorainneacha agus le hidirnáisiúnú a dhéanamh ar ghairmeacha ceoltóirí óga, agus cothromaíocht gheografach na rannpháirtithe ina cuspóir inti; leanfaidh Ceolfhoireann Óige an Aontais Eorpaigh lena hioncaim a éagsúlú trí thacaíocht airgeadais a lorg go gníomhach ó fhoinsí nua agus a spleáchas ar chistiú ón Aontas a laghdú; beidh gníomhaíochtaí Cheolfhoireann Óige an Aontais Eorpaigh i gcomhréir leis an gClár agus leis na cuspóirí agus tosaíochtaí den tsraith CHULTÚIR, go háirithe rannpháirtíocht an luchta éisteachta. [Leasú 100]

Caibidil III

Sineirgí agus comhlántacht

Airteagal 15

Comhlántacht

Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, comhsheasmhacht agus comhlántacht fhoriomlán an Chláir leis na beartais agus leis na cláir ábhartha a áirithiú, go háirithe na cinn a bhaineann le cothromaíocht inscne, le hoideachas, go háirithe oideachas digiteach agus litearthacht meáin, le hóige agus le dlúthpháirtíocht, le fostaíocht agus le cuimsiú sóisialta, go háirithe grúpaí agus mionlaigh ar a ndéantar imeallú, le taighde agus le nuálaíocht, lena n-áirítear nuálaíocht shóisialta, le tionscal agus le fiontar, le talmhaíocht agus le forbairt tuaithe, leis an gcomhshaol agus le gníomhú ar son na haeráide, le comhtháthú, le beartas réigiúnach agus uirbeach, le turasóireacht inbhuanaithe, le Státchabhair státchabhair, le soghluaisteacht agus le comhar idirnáisiúnta agus forbairt, agus chomh maith leis sin chun úsáid éifeachtach cistiú poiblí a chur chun cinn.

Áiritheoidh an Coimisiún, nuair a dhéanfar iarratas ar na nósanna imeachta a leagtar síos i [gClár InvestEU] chun críocha an Chláir, go gcuirfear san áireamh na cleachtais arna bhforbairt faoi chuimsiú Shaoráid Ráthaíochta Earnálacha an Chultúir agus na Cruthaitheachta a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013. [Leasú 101]

Airteagal 16

Cistiú carnach agus comhcheangailte

1.  Féadfaidh gníomhaíocht a fuair ranníocaíocht faoin gClár ranníocaíocht a fháil freisin ó aon chlár eile de chuid an Aontais, lena n‑áirítear Cistí faoi Rialachán (AE) Uimh. XX/XXX [CPR], ar choinníoll nach gcumhdaíonn na ranníocaíochtaí na costais chéanna. Ní rachaidh an cistiú carnach thar chostais incháilithe iomlána na gníomhaíochta agus féadfar an tacaíocht ó na cláir éagsúla de chuid an Aontais a ríomh ar bhonn pro-rata.

2.  D’fhéadfaí Séala Barr Feabhais a bhronnadh ar thogra atá incháilithe faoin gClár ar an gcoinníoll go gcomhlíonann sé na dálaí carnacha seo a leanas:

(a)  rinneadh measúnú air i nglao ar thograí faoin gClár;

(b)  comhlíonann sé íoscheanglais ardcheanglais cháilíochta an ghlao sin ar thograí; [Leasú 102]

(c)  ní fhéadfar é a mhaoiniú faoin nglao sin ar thograí de dheasca srianta buiséadacha.

2a.  Féadfaidh tograí a bhfuil Séala Barr Feabhais dáfa orthu cistiú a fháil go díreach ó chláir eile agus ó chistí faoi Rialachán [Rialachán RFC COM(2018)0375] i gcomhréir le hAirteagal67(5) de, ar choinníoll go bhfuil tograí den sórt sin comhleanúnach le cuspóirí an Chláir. Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh na critéir roghnaithe agus dhamhachtain comhleanúnach, soiléir agus trédhearcach do na tairbhithe ionchasacha maidir leis na tionscadail atá le Séala Barr Feabhais a bheith dáfa orthu. [Leasú 103]

Article 16a

Saoráid Ráthaíochta Earnálacha an Chultúir agus na Cruthaitheachta faoin InvestEU

1.  Le tacaíocht airgeadais trí Chlár nua InvestEU, cuirfear le cuspóirí agus le critéir Saoráid Ráthaíochta Earnálacha an Chultúir agus na Cruthaitheachta agus sainiúlacht na hearnála á cur san áireamh.

2.  Cuirfidh Clár InvestEU iad seo a leanas ar fáil:

(a)  rochtain ar airgeadas do FBManna agus do mhicrea-eagraíochtaí, eagraíochtaí beaga agus eagraíochtaí meánmhéide sna hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta;

(b)  ráthaíochtaí d'idirghabhálaithe airgeadais rannpháirteacha ó aon tír atá rannpháirteach sa tSaoráid Ráthaíochta;

(c)  saineolas breise d'idirghabhálaithe airgeadais rannpháirteacha chun meastóireacht a dhéanamh ar rioscaí a bhaineann le FBManna agus le micrea-eagraíochtaí, le heagraíochtaí beaga agus le heagraíochtaí meánmhéide agus le tionscadail chultúrtha agus chruthaitheacha;

(d)  méid an chistithe d'fhiachas a chuirtear ar fáil do FBManna agus do mhicrea-eagraíochtaí, d'eagraíochtaí beaga agus d'eagraíochtaí meánmhéide;

(e)  an cumas punann iasachtaí éagsúlaithe a fhorbairt agus chun plean margaíochta agus cur chun cinn a thairiscint do FBManna agus do mhicrea-eagraíochtaí, d'eagraíochtaí beaga agus d'eagraíochtaí meánmhéide ar fud na réigiún agus na n-earnálacha;

(f)  na cineálacha iasachtaí seo a leanas: infheistíocht i sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe seachas comhthaobhacht phearsanta; aistriú gnó; caipiteal oibre, amhail maoiniú eatramhach, maoiniú líonta bearnaí, sreabhadh airgid, línte creidmheasa. [Leasú 104]

Caibidil IV

Faireachán, Meastóireacht agus Rialú

Airteagal 17

Faireachán agus tuairisciú

1.  Leagtar amach in Iarscríbhinn II na táscairí a úsáidfear le tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn an Chláir maidir le baint amach na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3.

1a.  Beidh raon táscairí fheidhmíochta coiteann ag na sraitheanna. Beidh raon táscairí tiomanta ag gach sraith. [Leasú 105]

2.  Chun a áirithiú go measfar go héifeachtach dul chun cinn an chláir i dtreo bhaint amach a chuspóirí, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 19 maidir le leasuithe a dhéanamh ar Iarscríbhinn II chun na táscairí a athbhreithniú nó a chomhlánú i gcás ina measfar gur gá. Glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe maidir le táscairí faoin 31 Nollaig 2022. [Leasú 106]

3.  Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta áiritheofar go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chláir, go mbaileofar iad ar dhóigh atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí ón Aontas agus, i gcás inarb ábhartha, ar na Ballstáit.

Airteagal 18

Meastóireacht

1.  Déanfar meastóireachtaí go tráthúil sa dóigh agus go bhféadfar leas a bhaint astu sa phróiseas cinnteoireachta.

1a.  Na figiúirí a bheidh ar fáil maidir le méid na leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí agus na leithreasuithe íocaíochta a bheadh ag teastáil chun maoiniú a dhéanamh ar na tionscadail ar ar bronnadh an Séala Barr Feabhais, déanfar iad a chur in iúl gach bliain don dá chraobh den údarás buiséadach, ar a laghad 3 mhí roimh dháta foilsithe a seasaimh faoi seach maidir le buiséad an Aontais don bhliain dár gcionn, i gcomhréir leis an bhféilire comhaontaithe don nós imeachta buiséadach bliantúil. [Leasú 107]

2.  Déanfar meastóireacht eatramhach athbhreithniú meántéarma ar an gClár a luaithe a bheidh faisnéis leordhóthanach ar fáil ar chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná ceithre bliana ó thosach chur chun feidhme an Chláir faoin 30 Meitheamh 2024.

Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil mheántéarmach mheastóireachta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 31 Nollaig 2024.

Cuirfidh an Coimisiún ar aghaidh, i gcás inar gá agus bunaithe ar an athbhreithniú meántéarma, togra reachtach chun an Rialachán seo a athbhreithniú. [Leasú 108]

3.  I ndeireadh chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná dhá bhliain tar éis dheireadh na tréimhse a shonraítear in Airteagal 1, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh a chur isteach ar an gClár. [Leasú 109]

4.  Cuirfidh an Coimisiún torthaí na meastóireachtaí chomh maith lena bharúlacha féin in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún.

5.  Áiritheofar leis an gcóras tuairiscithe meastóireachta go mbaileofar sonraí chun meastóireacht a dhéanamh ar an gclár ar bhealach éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil, agus ar an leibhéal gráinneachta iomchuí. Déanfar na sonraí agus an fhaisnéis sin a chur in iúl don Choimisiún ar dhóigh atá i gcomhréir le forálacha dlí eile; mar shampla, i gcás inar gá, coinneofar sonraí pearsanta anaithnid. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí ón Aontas.

Airteagal 19

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 12(2) agus Airteagal 17 a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2028.

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 12(2) agus Airteagal 17 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.  Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n‑ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 12(2) agus Airteagal 17 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Caibidil V

Forálacha Idirthréimhseacha agus Críochnaitheacha

Airteagal 20

Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

1.  Tabharfaidh faighteoirí cistithe ón Aontas aitheantas d’fhoinse an chistithe ón Aontas agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe (go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á bpoibliú) trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí luchtanna spéise éagsúla, lena n‑áirítear na meáin agus an pobal, go háirithe ainm an Chláir agus, do ghníomhaíochtaí arna gcistiú faoin tsraith MEÁIN, an lógó MEÁIN. Forbróidh an Coimisiún lógó CULTÚIR a úsáidfear do ghníomhaíochtaí arna gcistiú faoin tsraith CHULTÚIR. [Leasú 110]

2.  Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme bearta faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an gClár agus le bearta agus torthaí an Chláir dá dtugtar tacaíocht trína shraitheanna. Leis na hacmhainní airgeadais arna leithdháileadh ar an gClár, rannchuideofar le cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais freisin, a fhad a bhaineann siad sin leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3.

Airteagal 21

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.

Airteagal 22

Forálacha idirthréimhseacha

1.  Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúnachas ná do mhodhnú na ngníomhaíochtaí lena mbaineann, faoi Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013, a mbeidh feidhm aige maidir leis na gníomhaíochtaí lena mbaineann go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu.

2.  Ina theannta sin, féadfaidh imchlúdach airgeadais an Chláir na speansais theicniúla agus riaracháin a chumhdach is gá chun an t‑aistriú idir an Clár agus na bearta a glacadh faoi Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 a áirithiú.

3.  Más gá, féadfar leithreasuithe a iontráil sa bhuiséad tar éis 2027 chun na speansais dá bhforáiltear in Airteagal 7(4) a chumhdach, ionas go mbeifear in ann na gníomhaíochtaí nach mbeidh curtha i gcrích faoin 31 Nollaig 2027 a bhainistiú.

Airteagal 23

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in/sa ...,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN I

Faisnéis chomhlántach faoi na gníomhaíochtaí atá le cistiú

1.  AN tSRAITH CHULTÚIR

Is leo seo a leanas a dhéanfar tosaíochtaí na sraithe CHULTÚIR den chlár, dá dtagraítear in Airteagal 4, a shaothrú:

Gníomhaíochtaí cothrománacha:

(a)  Tionscadail chomhair thrasnáisiúnta le hidirdhealú soiléir idir tionscadail bheaga, mheánmhéide agus mhórscála agus le haird ar leith ar mhicrea-eagraíochtaí agus eagraíochtaí beaga cultúrtha; [Leasú 111]

(b)  líonraí Eorpacha d'eagraíochtaí cultúir agus cruthaitheachta ó thíortha éagsúla;

(c)  Ardáin chultúrtha agus chruthaitheacha uile-Eorpacha;

(d)  Soghluaisteacht ealaíontóirí, ceardaithe agus oibreoirí cultúrtha agus cruthaitheacha ina ngníomhaíocht thrasnáisiúnta lena n-airítear costas a bhaineann le gníomhaíocht ealaíonta a chumhdach, saothair ealaíonta agus chultúrtha a chur i gcúrsaíocht; [Leasú 112]

(e)  Tacaíocht d’eagraíochtaí cultúrtha cultúir agus cruthaitheachta chun cuidiú leo oibriú ar an leibhéal idirnáisiúnta agus a bhfothú acmhainneachta a fhorbairt; [Leasú 113]

(f)  Forbairt beartas, comhar agus cur chun feidhme i réimse an chultúir, go háirithe trí shonraí a sholáthar agus dea-chleachtas agus tionscadail phíolótacha a mhalartú.

Gníomhaíochtaí earnálacha:

(a)  Tacaíocht don earnáil cheoil: an éagsúlacht, an chruthaitheacht agus an nuálaíocht a chur chun cinn i réimse an cheoil, go háirithe earnáil an cheoil bheo, agus trí líonrú, saothair éagsúla Eorpacha cheoil agus repertoire ceoil a dháileadh agus a chur chun cinn laistigh den Eoraip agus lasmuigh di, gníomhaíochtaí oiliúna agus oiliúint, rannpháirtíocht sa cheol agus rochtain air, forbairt lucht spéise, infheictheacht agus aithint cruthaitheoirí, tionscnóirí agus ealaíontóirí, go háirithe cinn óga agus cinn atá ag teacht chun cinn, mar aon le do repertoire Eorpach, agus tacaíocht do bhailiú agus anailísiú sonraí; [Leasú 114]

(b)  Tacaíocht don earnáil leabhar agus foilsitheoireachta: gníomhaíochtaí spriocdhírithe darb aidhm an éagsúlacht, an chruthaitheacht, agus an nuálaíocht a chur chun cinn, go háirithe aistriú, oiriúnú i bhformáidí inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas, agus cur chun cinn litríocht na hEorpa laistigh den Eoraip agus lasmuigh di, trí leabharlanna freisin, oiliúint agus malartuithe do ghairmithe, d’údair agus d’aistritheoirí na hearnála, mar aon le tionscadail thrasnáisiúnta comhair, nuálaíochta agus forbraíochta san earnáil; [Leasú 115]

(c)  Tacaíocht don earnáil ailtireachta agus don earnáil oidhreachta cultúrtha agus don ailtireacht: gníomhaíochtaí spriocdhírithe i leith soghluaiseacht oibreoirí, taighde, caighdeáin ardcháilíochta a bhunú, forbairt acmhainne, forbairt lucht spéise agus idirnáisiúnú na hearnála cultúrtha agus na hearnála ailtireachta, cur chun cinn Baukultur eolas agus scileanna gairmiúla do cheardaithe a roinnt, rannpháirtíocht lucht spéise, tacaíocht do chosaint, do chaomhnú, agus d’athghiniúint spás saoil, d’athúsáid oiriúnaithe, do chur chun cinn Baukultur, d’inbhuanaitheacht, do scaipeadh, d’fheabhsú agus d’idirnáisiúnú na hoidhreachta cultúrtha agus a luachanna, trí mhúscailt feasachta, líonrú, agus gníomhaíochtaí foghlama idir piaraí; [Leasú 116]

(d)  Tacaíocht d’earnálacha eile: gníomhaíochtaí cur chun cinn spriocdhírithe i leith forbairt a dhéanamh ar ghnéithe cruthaitheacha na hearnála earnálacha eile lena n-áirítear na hearnálacha dearthóireachta agus na hearnála faisin, agus na turasóireachta cultúrtha chultúrtha inbhuanaithe, agus i leith chur chun cinn agus ionadaíocht na n‑earnálacha sin laistigh den Aontas Eorpach. [Leasú 117]

Tacaíocht d’earnálacha uile an chultúir agus na cruthaitheachta i réimsí comhriachtanais, cé go bhféadfar gníomhaíocht earnálach a fhorbairt de réir mar is iomchuí i gcásanna ina dtugann sainiúlachtaí fo-earnála údar cuí do chur chuige spriocdhírithe. Déanfar cur chuige cothrománach i leith tionscadal trasnáisiúnta maidir le comhoibriú, soghluaisteacht agus idirnáisiúnú, lena n-airítear trí chláir cónaithe, turais, imeachtaí, léirithe beo, taispeántais agus féilte, mar aon le chun an éagsúlacht, an chruthaitheacht agus an nuálaíocht a chur chun cinn, oiliúint agus malartuithe do ghairmithe earnálacha, fothú acmhainneachta, líonrú, scileanna, forbairt lucht spéise agus bailiú agus anailísiú sonraí Bainfidh gníomhaíochtaí earnálacha tairbhe as buiséid atá comhréireacht leis na hearnálacha a shainaithnítear gur tosaíochtaí iad. Ba cheart go gcabhródh gníomhaíochtaí earnálacha le dul i ngleic leis na dúshláin shonracha atá os comhair na n-earnálacha éagsúla tosaíochta a shainaithnítear san Iarscríbhinn seo, ag tógáil ar thionscadail phíolótacha atá ann cheana, agus ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin. [Leasú 118]

Gníomhaíochtaí speisialta darb aidhm éagsúlacht chultúrtha agus oidhreacht na hEorpa féiniúlacht Eorpach agus a héagsúlacht chultúrtha agus oidhreachta a dhéanamh infheicthe inbhraite agus an t‑idirphlé idirchultúrtha a chothú: [Leasú 119]

(a)  Príomhchathracha Cultúir na hEorpa, chun tacaíocht airgeadais a chinntiú do Chinneadh Uimh. 445/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(26);

(b)  An Lipéad Oidhreachta Eorpach, chun tacaíocht airgeadais a chinntiú do Chinneadh Uimh. 1194/2011/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(27) agus líonra láithreáin an Lipéid Oidhreachta Eorpaigh;[Leasú 120]

(c)  Duaiseanna cultúrtha de chuid an Aontais, lena n-áirítear an Duais Eorpach Amharclannaíochta; [Leasú 121]

(d)  Laethanta Oidhreachta Eorpacha;

(da)  gníomhaíochtaí darb aidhm léirithe idirdhisciplíneacha a bhaineann leis an Eoraip agus a luachanna; [Leasú 122]

(e)  Tacaíocht do na hinstitiúidí cultúrtha Eorpacha sin a fhéachann le seirbhísí cultúrtha ag a bhfuil scóip leathan gheografach a sholáthar go díreach do shaoránaigh na hEorpa.

2.  AN tSRAITH ‘MEDIA’

I dtosaíochtaí na sraithe MEDIA den MEÁIN chlár, dá dtagraítear in Airteagal 5, cuirfear san áireamh ní amháin ceanglais Threoir 2010/13/AE agus na difríochtaí ó thír go chéile a fhad a bhaineann le hinneachar closamhairc a léiriú, a dháileadh agus a rochtain, ach méid agus saintréithe gach margaidh ar leith freisin, agus ina theannta sin, saothrófar na tosaíochtaí sin ar na dóigheanna seo a leanas, inter alia: [Leasú 123]

(a)  Saothar closamhairc Eorpacha a fhorbairt, go háirithe scannáin agus saothair theilifíse amhail ficsean, cláir faisnéise, scannáin do leanaí agus scannáin bheochana, agus saothair idirghníomhacha amhail físchluichí agus ilmheáin ardcháilíocht agus scéalaíochta, a bhfuil cumas níos fearr maidir le cúrsaíocht trasteorann ag cuideachtaí léiriúcháin neamhspleácha Eorpacha iontu; [Leasú 124]

(b)  Inneachair teilifíse agus sraitheanna scéalaíochta nuálacha agus ar ardcháilíocht a léiriú, do gach aois, trí thacú le cuideachtaí léiriúcháin neamhspleácha Eorpacha; [Leasú 125]

(ba)  Tacaíocht do thionscnaimh atá tiomanta do chruthú agus cur chun cinn saothair a bhaineann le stair chomhtháthú na hEorpa agus do scéalta Eorpacha; [Leasú 126]

(c)  Uirlisí cur chun cinn, fógraíochta agus margaíochta, go háirithe lena n-airítear ar líne agus trí úsáid a bhaint as anailísíocht sonraí, chun méadú a dhéanamh ar shuntasacht, ar infheictheacht, ar rochtain trasteorann agus ar aimsiú lucht spéise saothar Eorpach; [Leasú 127]

(d)  Tacaíocht do dhíolacháin idirnáisiúnta agus do chur i gcúrsaíocht saothar Eorpach neamhnáisiúnta atá dírithe ar léirithe beaga agus móra araon, ar gach ardán, go háirithe le straitéisí dáileacháin comhordaithe a bhaineann a chumhdaíonn roinnt tíortha agus fotheidealú, dubáil agus cur síos fuaime; [Leasú 128]

(da)  Gníomhaíochtaí darb aidhm tacú le tíortha ag a bhfuil cumas táirgeachta íseal chun fheabhas a chur ar a laigí faoi seach arna sainaithint; [Leasú 129]

(e)  Tacaíocht do mhalartuithe idir gnólachtaí agus do ghníomhaíochtaí líonrúcháin líonraithe chun éascaíocht a dhéanamh do chomhléirithe Eorpacha agus idirnáisiúnta agus do chúrsaíocht saothair Eorpacha; [Leasú 130]

(ea)  Tacaíocht do líonraí Eorpach de chruthaitheoirí closamhairc ó thíortha éagsúla arb é is aidhm dóibh tallann chruthaitheach a chothú san earnáil chlosamhairc; [Leasú 131]

(eb)  Bearta sonracha chun rannchuidiú le chóir chothrom do thallann chruthaitheach san earnáil closamhairc; [Leasú 132]

(f)  Saothair Eorpacha a chur chun cinn ag imeachtaí agus ar aontaí earnála laistigh den Eoraip agus lasmuigh di;

(g)  Tionscnaimh darb aidhm a chuireann chun cinn forbairt agus rannpháirtíocht lucht spéise, go háirithe i bpictiúrlanna agus oideachas scannánaíochta a chur chun cinn agus closamhairc, go háirithe, iad sin atá dírithe ar lucht spéise óg; [Leasú 133]

(h)  Gníomhaíochtaí oiliúna agus meantóireachta darb aidhm chun acmhainn oibreoirí closamhairc a mhéadú, lena n-áirítear ceardaithe agus daoine ceirde, chun iad a chur in oiriúint oiriúnú d’fhorbairtí nua margaidh agus do theicneolaíochtaí digiteacha; [Leasú 134]

(i)  Líonra Eorpach amháin nó níos mó d’oibreoirí VOD (físeáin ar éileamh), ar scannáin Eorpacha neamhnáisiúnta sciar nach beag dá gcuid scannán; [Leasú 135]

(j)  Líonra(í) Eorpach(a) féilte, agus líonraí féilte ag taispeáint agus ag cur chun cinn tacar éagsúil de shaothair chlosamhairc Eorpacha, ar scannáin Eorpacha neamhnáisiúnta sciar nach beag dá gcuid scannán; [Leasú 136]

(k)  Líonra Eorpach d’oibreoirí pictiúrlainne, ar scannáin Eorpacha neamhnáisiúnta sciar nach beag dá gcuid scannán, a rannchuidíonn le hatreisiú a dhéanamh ar ról na bpictiúrlanna sa slabhra luacha agus le béim a chur ar thaispeáintí poiblí mar thaithí shóisialta; [Leasú 137]

(l)  Bearta sonracha, lena n-áirítear gníomhaíochta meantóireachta agus líonraithe, chun rannchuidiú le rannpháirteachas níos cothroime fear agus ban a bhaint amach san earnáil closamhairc; [Leasú 138]

(m)  Tacú le hidirphlé beartais, gníomhaíochtaí beartais nuálacha agus malartú dea-chleachtas, go háirithe trí ghníomhaíochtaí anailísíochta a dhéanamh agus sonraí iontaofa a sholáthar;

(n)  Malartú trasnáisiúnta taithí agus saineolais, gníomhaíochtaí foghlama idir piaraí agus líonrú i measc lucht ceaptha beartas na hearnála closamhairc.

(na)  Tacaíocht do chúrsaíocht agus rochtain ilteangach ar inneachar teilifíse cultúrtha ar líne agus as líne, lena n-áirítear trí fhotheidealú, chun saibhreas agus éagsúlacht na hoidhreachta cultúrtha Eorpaí, na cruthaíochta comhaimseartha agus teangacha a chur chun cinn. [Leasú 139]

3.  AN tSRAITH THRASEARNÁLACH

Is leo seo a leanas go háirithe a dhéanfar tosaíochtaí na sraithe THRASEARNÁLAÍ den chlár, dá dtagraítear in Airteagal 6, a shaothrú:

Comhar beartais agus for-rochtain:

(a)  Forbairt beartais, malartú trasnáisiúnta taithí agus saineolais, gníomhaíochtaí foghlama idir piaraí, lena n-áirítear meantóireacht piaraí do nuatheachtaithe chuig an gClár, ardú feasachta agus líonrú i measc eagraíochtaí cultúrtha agus cruthaitheacha agus lucht ceaptha beartas, de chineál trasearnálach, agus chomh maith leis sin trí idirphlé struchtúrtha bhuan le geallsealbhóirí, agus le Fóram na nEarnálacha Cultúir agus Cruthaitheachta chun idirphlé agus treorú beartas earnála a neartú; [Leasú 140]

(b)  Gníomhaíochtaí anailísíochta trasearnálacha;

(c)  Gníomhaíochtaí tacaíochta arb é is aidhm dóibh comhar beartais agus forbairt beartais trasteorann a chothú maidir leis an ról atá an gcuimsiú sóisialta sa chultúr;

(d)  Feabhas a chur ar an eolas atá ag daoine ar an gclár agus ar na hábhair a chlúdaíonn sé, for-rochtain do na saoránaigh a chothú, agus in-aistritheacht torthaí lastall de leibhéal an Bhallstáit a éascú.

An tSaotharlann um Chruthaitheacht Nuálach:

(a)  Cineálacha nua cruthaitheachta a chothú ag na crosbhealaí mar a dtagann earnálacha éagsúla cultúrtha cultúir agus cruthaitheacha le chéile, agus le hoibritheoirí earnálacha eile, cuir i gcás trí úsáid a bhaint as agus meantóireacht ar úsáid teicneolaíochtaí nuálacha laistigh d’eagraíochtaí cultúrtha agus comhoibriú trí mhoil dhigiteacha; [Leasú 141]

(b)  Cuir chuige agus uirlisí nuálacha trasearnálacha a chothú chun gur fusa an cultúr agus an chruthaitheacht, an oidhreacht chultúrtha san áireamh, a rochtain, a dháileadh, a chur chun cinn, agus a chur chun ioncaim.

(ba)  Gníomhaíochtaí darb aidhm léirithe idirdhisciplíneacha a bhaineann leis an Eoraip agus a luachanna; [Leasú 142]

Deasca an chláir:

(a)  An clár a chur chun cinn ar an leibhéal náisiúnta agus faisnéis ábhartha a sholáthar faoi na cineálacha éagsúla tacaíochta airgeadais atá le fáil faoi chuimsiú bheartas an Aontais agus faoi na critéir, an nós imeachta agus na torthaí meastóireachta; [Leasú 143]

(b)  An Tacú le tairbhithe ionchasacha i bpróisis iarratais, comhar trasteorann a chothú agus malartú dea-chleachtas a spreagadh idir gairmithe, institiúidí, ardáin agus líonraí, laistigh de gach ceann de na réimsí atá cuimsithe ag an gclár agus ó cheann go chéile na réimsí sin; [Leasú 144]

(c)  Tacú leis an gCoimisiún féachaint chuig ceartchumarsáid ón mbun aníos agus ón mbarr anuas agus ceart-chraobhscaoileadh scaipeadh thorthaí an chláir i measc na saoránach agus na n-oibritheoirí. [Leasú 145]

Gníomhaíochtaí trasearnálacha a thacaíonn leis na meáin chumarsáide nuachta:

(a)  Cúram a dhéanamh de Freagairt ar na hathruithe struchtúracha agus teicneolaíocha atá le déanamh in os comhair earnáil na meán nuachta trí thimpeallacht neamhspleách agus iolrach sna meáin a chothú ina bhfuil an éagsúlacht agus an t‑iolrachas faoi réim agus faireachán a dhéanamh air sin agus tacú le faireachán neamhspleách chun rioscaí agus dúshláin a mheasúnú maidir le hiolrachas agus saoirse na meán. [Leasú 146]

(b)  Tacú le hardchaighdeáin léiriúcháin sna meáin trí chomhar, scileanna digiteacha, iriseoireacht trasteorann comhoibríoch agus inneachar ardcháilíochta samhlacha eacnamaíocha inbhuanaithe meáin a chothú chun eiticí gairmiúla san iriseoireacht a áirithiú; [Leasú 147]

(c)  Litearthacht sna meáin a chur chun cinn d’fhonn caoi a chun deis a thabhairt do na saoránaigh ar thuiscint shaoránaigh, go háirithe daoine óga, tuiscint chriticiúil a fhorbairt ar na meáin a shealbhú agus tacú le hardán Aontais a chruthú chun cleachtais agus beartais litearthachta meán a roinnt i measc na mBallstát go léir, lena n-áirítear trí líonraí ollscoile raidió agus meán a dhéileálann leis an Eoraip agus a sholáthraíonn cláir oiliúna do ghairmithe sna meáin nuachta chun bréagaisnéis a aithint agus dul i ngleic léi; [Leasú 148]

(ca)  Idirphlé leis an tsochaí shibhialta agus idirphlé pholaitiúil a chothú agus a choimirciú maidir le bagairtí ar shaoirse na meán agus ar iolrachas na meán san Eoraip. [Leasú 149]

IARSCRIBHINN II

TÁSCAIRÍ TIONCHAIR CÁILÍOCHTÚLA AGUS CAINNÍOCHTÚLA COITEANNA DEN CHLÁR

(1)  Tairbhe do shaoránaigh agus pobail;

(2)  Tairbhe chun éagsúlacht chultúrtha Eorpach agus oidhreacht chultúrtha Eorpach a neartú;

(3)  Tairbhe do gheilleagar an Aontais agus do phoist, go háirithe earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta agus FBManna;

(4)  Príomhshruthú bheartais an Aontais, lena n-áirítear caidreamh cultúrtha idirnáisiúnta;

(5)  Breisluach Eorpach tionscadal;

(6)  Cáilíocht comhpháirtíochtaí agus tionscadal cultúrtha;

(7)  Líon na ndaoine a fhaigheann rochtain ar shaothair chultúrtha agus chruthaitheacha Eorpacha arna dtacú ag an gClár;

(8)  Líon na bpost atá nasctha leis na tionscadail mhaoinithe;

(9)  Cothromaíocht inscne, i gcás inar gá, soghluaisteacht agus chumhachtú na n-oibritheoirí in earnálacha an chultúr agus na cruthaitheachta. [Leasú 150]

Táscairí

AN tSRAITH CHULTÚIR:

Líon agus scála na gcomhpháirtíochtaí trasnáisiúnta a cruthaíodh de bharr an chláir

An líon ealaíontóirí agus gníomhaithe cultúrtha agus/nó cruthaitheacha atá soghluaiste (i dtéarmaí geografacha) lasmuigh dá dteorainneacha náisiúnta, de réir tír tionscnaimh

An líon daoine a bhíonn ag rochtain saothair chultúrtha agus chruthaitheacha Eorpacha a cruthaíodh de bharr an chláir, lena n‑áirítear saothair neamhnáisiúnta

An líon tionscadal ar thacaigh an clár leo, a bhí dírithe ar ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste, go háirithe daoine óga dífhostaithe agus imircigh

An líon tionscadal ar thacaigh an clár leo, ar tionscadail iad a raibh baint ag eagraíochtaí tríú tír leo

AN tSRAITH ‘MEDIA’

An líon daoine a bhíonn ag rochtain saothair closamhairc Eorpacha neamhnáisiúnta, ar saothair iad ar thacaigh an clár leo

An líon rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí foghlama ar thacaigh an clár leo arb é a meas gur tháinig feabhas ar a gcuid inniúlachtaí agus gur mhéadaigh a infhostaithe atá siad dá mbarr

Líon agus buiséad na gcomhléiriúchán a forbraíodh agus a cruthaíodh le tacaíocht an chláir

An líon daoine a sroicheadh le gníomhaíochtaí cur chun cinn idir gnólachtaí sna margaí móra

AN tSRAITH THRASEARNÁLACH:

Líon agus scála na gcomhpháirtíochtaí trasnáisiúnta a bunaíodh (táscaire ilchodach do shaotharlanna um chruthaitheacht nuálach agus do ghníomhaíochtaí sna meáin nuachta)

An líon imeachtaí a d’eagraigh deasca an chláir, lenar cuireadh an clár chun cinn

(1)IO C 110, 22.3.2019, lch. 87
(2)IO C […], […], lch. […].
(3)Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Márta 2019.
(4)COM(2018)0267.
(5)Treoir (AE) 2019/789 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 leagtar síos rialacha maidir le feidhmiú cóipchirt agus ceart gaolmhar is infheidhme maidir le cineálacha áirithe tarchuir ar líne de chuid eagraíochtaí craoltóireachta agus maidir le hatarchur clár teilifíse agus raidió agus lena leasaítear Treoir 93/83/CEE ón gComhairle (IO L 130, 17.5.2019, lch. 82) .
(6)COM(2016)0287.
(7)Treoir (AE) 2018/1808 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2010/13/AE maidir le forálacha áirithe a chomhordú arna leagan síos le dlí, le rialachán nó le gníomh riaracháin sna Ballstáit a bhaineann le seirbhísí meán closamhairc a chur ar fáil (An Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc) i bhfianaise athruithe ar an margadh (IO L 303, 28.11.2018, lch. 69)
(8)Cinneadh (AE) 2017/864 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 maidir le Bliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha (2018) (IO L 131, 20.5.2017, lch. 1).
(9)Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe a leagtar síos le forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin sna Ballstáit i dtaobh seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (Treoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc) (IO L 95, 15.4.2010, lch. 1).
(10)JOIN/2016/029
(11)COM(2014)0477.
(12)COM(2017)0479.
(13)Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe, arna ghlacadh ag na Náisiúin Aontaithe i Meán Fómhair 2015, A/RES/70/1
(14)Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
(15) 2018/0243(COD).
(16) 2018/0247(COD).
(17)IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.
(18)Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).
(19)Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch.1).
(20)Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).
(21)Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh ("OIPE") (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).
(22)Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).
(23)Cinneadh 2013/755/AE ón gComhairle an 25 Samhain 2013 maidir le tíortha agus críocha thar lear a chomhlachú leis an Aontas Eorpach (Cinneadh maidir le Comhlachú Thar Lear) (IO L 344, 19.12.2013, lch. 1).
(24)Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(25)IO L 124, 20.5.2003, lch.1.
(26)Cinneadh 445/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear gníomhaíocht Aontais do Phríomhchathracha Cultúir na hEorpa do na blianta 2020 go 2033 agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Uimh. 1622/2006/CE (IO L 132, 03.11.2014, lch. 1).
(27)Cinneadh Uimh. 1194/2011/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 lena mbunaítear gníomhaíocht Aontais Eorpaigh i leith an Lipéid Oidhreachta Eorpaí (IO L 303, 22.11.2011, lch. 1).

An nuashonrú is déanaí: 20 Aibreán 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais