Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2018/0210(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0176/2019

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0176/2019

Díospóireachtaí :

PV 03/04/2019 - 14
CRE 03/04/2019 - 14

Vótaí :

PV 04/04/2019 - 6.11
Mínithe ar vótaí

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2019)0343

Téacsanna atá glactha
PDF 452kWORD 181k
Déardaoin, 4 Aibreán 2019 - Brussels
An Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh ***I
P8_TA(2019)0343A8-0176/2019
Rún
 Téacs comhdhlúite

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Aibreán 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (COM(2018)0390 – C8-0270/2018 – 2018/0210(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0390),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 42, Airteagal 43(2), Airteagal 91(1), Airteagal 100(2), Airteagal 173(3), Airteagal 175, Airteagal 188, Airteagal 192(1), Airteagal 194(2), Airteagal 195(2) agus Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0270/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 12 Nollaig 2018(1),

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 16 Bealtaine 2018(2),

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iascach agus na tuairimí ón gCoiste um Buiséid, ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia agus ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach (A8-0176/2019),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) IO C 110, 22.3.2019, lch. 104.
(2) IO C 361, 5.10.2018, lch. 9.


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 4 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) …/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an Ciste Eorpach Muirí, agus Iascaigh agus Dobharshaothraithe lena n aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [Leasú. 1. Tá feidhm ag an leasú seo ar fud an téacs]
P8_TC1-COD(2018)0210

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 42, Airteagal 43(2), Airteagal 91(1), Airteagal 100(2), Airteagal 173(3), Airteagal 175, Airteagal 188, Airteagal 192(1), Airteagal 194(2), Airteagal 195(2) agus Airteagal 349 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún(2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)  Is gá Ciste Eorpach Muirí agus, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID) a bhunú don tréimhse 2021-2027. [Leasú 1. Tá feidhm ag an leasú seo ar fud an téacs] Ba cheart é a bheith mar aidhm leis an gciste sin cistiú ó bhuiséad an Aontais a dhíriú ar thacaíocht a thabhairt do chur chun feidhme an Chomhbheartais Iascaigh (CBI), agus na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí, do bheartas muirí an Aontais agus do ghealltanais idirnáisiúnta an Aontais i ngort an rialachais aigéan. Is áis thábhachtach é an cistiú sin le haghaidh iascaigh inbhuanaithe, lena n-áirítear caomhnú acmhainní bitheolaíocha na mara agus gnáthóga, le haghaidh dobharshaothrú inbhuanaithe, le haghaidh na slándála bia trí bhíthin earraí bia mara a sholáthar, le haghaidh fás geilleagair ghoirm inbhuanaithe, le haghaidh rathúnas agus comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta i bpobail iascaireachta agus dobharshaothraithe agus le haghaidh farraigí agus aigéin atá sláintiúil, sábháilte, slán, glan a ndéantar bainistiú inbhuanaithe orthu. Ba cheart go mbeadh tacaíocht faoi CEMID ina rannchuidiú le freastal ar riachtanais tairgeoirí agus tomhaltóirí araon. [Leasú 276]

(1a)   Tá Parliamint na hEorpa ag leagan béime ar a seasamh gur cheart méadú suntasach a dhéanamh, ar bhonn Chomhaontú Pháras, ar an gcaiteachas cothrománach a bhaineann leis an aeráid i gcomparáid leis an gcaiteachas faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) reatha agus gur cheart 30 % a bhaint amach a luaithe is féidir agus faoi 2027 ar a dhéanaí. [Leasú 4]

(1b)  An 14 Márta 2018 agus an 30 Bealtaine 2018, chuir Parlaimint na hEorpa béim ina rúin maidir le CAI 2021-2027 ar an tábhacht atá le prionsabail chothrománacha ar cheart iad a bheith mar bhonn taca do CAI 2021-2027 agus do beartais ghaolmhara uile an Aontais. Sa chomhthéacs sin, d’athdhearbhaigh Parlaimint na hEorpa a seasamh nach mór don Aontas a ghealltanas a chomhlíonadh maidir le bheith ina cheann feadhna i gcur chun feidhme Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SPInna) na Náisiún Aontaithe agus chuir sí in iúl gur údar imní di an easpa tiomantas soiléir agus follasach chuige sin i dtograí an chreata airgeadais ilbhliantúil; d’iarr Parlaimint na hEorpa, dá bhrí sin, go ndéanfaí na SPInna a phríomhshruthú i mbeartais uile an Aontais agus i dtionscnaimh uile an chéad CAI eile. De bhreis air sin, d’athdhearbhaigh sí nach féidir Aontas níos láidre agus níos uaillmhianaí a bhaint amach mura dtugtar acmhainní airgeadais breise dó; D’iarr Parlaimint na hEorpa, dá bhrí sin, go dtabharfaí tacaíocht leanúnach do bhearta atá ann cheana, go háirithe na bearta seanbhunaithe a chumhdaítear sna Conarthaí, eadhon an comhbheartas talmhaíochta agus CBI, agus an beartas comhtháthaithe, mar go gcuireann siad buntáistí follasacha ar fáil do shaoránaigh an Aontais. [Leasú 5]

(1c)   Ina rún an 14 Márta 2018, leag Parlaimint na hEorpa béim ar an tábhacht shocheacnamaíoch agus éiceolaíoch atá le hearnáil na hiascaireachta, an timpeallacht mhuirí agus an ‘geilleagar gorm’ agus a rannchuidiú le neamhspleáchas bia inbhuanaithe an Aontais maidir le hinbhuanaitheacht iascaigh agus dhobharshaothrú na hEorpa a áirithiú agus an tionchar ar an gcomhshaol a mhaolú. Sa bhreis air sin, d’iarr Parlaimint na hEorpa go ndéanfaí na méideanna sonracha a leithdháiltear ar iascaigh faoi CAI reatha a choinneáil agus, sa mhéid go ndéanfaí spriocanna nua maidir le hidirghabháil sa gheilleagar gorm a phleanáil, d’iarr sí go mbeadh méadú ar na leithreasaí airgeadais a bheadh ann do ghnóthaí muirí. [Leasú 6]

(1d)   Thairis sin, ina rúin an 14 Bealtaine 2018 agus an 30 Bealtaine 2018 maidir le CAI 2021-2027, chuir Parlaimint na hEorpa i bhfáth go bhfuil sé ríthábhachtach an t-idirdhealú a chomhrac chun gealltanais an Aontais i dtreo Eoraip uilechuimsitheach a chomhlíonadh, agus dá bhrí sin, gur cheart gealltanais i dtaca le príomhshruthú inscne agus comhionannas inscne a áireamh i mbeartais agus tionscnaimh uile an Aontais faoi chuimsiú an chéad CAI eile. [Leasú 7]

(1e)   Ba cheart go dtabharfaidh CEMID tús áite don tacaíocht d’iascaigh ar mhionscála chun dul i ngleic le saincheisteanna sonracha sa roinn sin agus tacú le bhainistíocht áitiúil, inbhuanaithe ar na hiascaigh lena mbaineann agus ar fhorbairt pobal cósta. [Leasú 8]

(2)  Mar ghníomhaí domhanda aigéan a bhfuil an limistéar muirí is mó ar domhan aige nuair a chuirtear na réigiúin is forimeallaí agus na tíortha agus críocha thar lear san áireamh, feasta, is é an tAontas an cúigiú táirgeoir bia mara is mó ar domhan agus tá freagracht mhór air na haigéin agus na hacmhainní atá iontu a chosaint, a chaomhnú agus a úsáid go hinbhuanaithe. Go deimhin tá sé ríthábhachtach na farraigí agus na haigéin a chaomhnú do dhaonra an domhain atá ag fás go mear. Is chun leas socheacnamaíoch an Aontais é freisin: cuirfidh geilleagar gorm inbhuanaithe a fhorbróidh laistigh de theorainneacha éiceolaíocha borradh faoi infheistíochtaí, faoin bhfostaíocht agus faoin bhfás, cothóidh sé taighde agus nuálaíocht agus cuirfidh sé leis an tslándáil fuinnimh trí fhuinneamh an aigéin. Ina theannta sin, tá farraigí agus aigéin shábháilte agus dhaingne bunriachtanach maidir le rialú éifeachtach a dhéanamh ag teorainneacha agus maidir leis an gcomhrac domhanda in aghaidh na coireachta muirí, agus tugtar aghaidh, ar an gcaoi sin, ar údair imní na saoránach i dtaobh na slándála. [Leasú 277]

(2a)  Le hiascaigh inbhuanaithe agus dobharshaothrú uisce sáile agus fionnuisce, rannchuidítear go mór le slándáil bia an Aontais, cothabháil agus cruthú post iargúlta agus caomhnú na timpeallachta nádúrtha agus, go háirithe, an bhithéagsúlacht. Ba cheart gurb iad tacaíocht agus forbairt na n-earnálacha iascaigh agus dobharshaothraithe príomhchúram an chéad bheartas iascaigh eile de chuid an Aontais. [Leasú 10]

(3)  Glacadh Rialachán (AE) xx/xx Ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [Rialachán lena leagtar síos Forálacha Coiteanna] (‘Rialachán na bhForálacha Coiteanna')(4) d’fhonn feabhas a chur ar an gcomhordú a dhéantar ar thacaíocht ó Chistí faoin mbainistíocht chomhroinnte (na ‘Cistí’), agus chun comhchuibhiú a dhéanamh ar a cur chun feidhme agus é mar phríomhaidhm dó seachadadh beartas a shimpliú ar bhealach comhleanúnach. Tá feidhm ag na forálacha coitianta sin maidir leis an gcuid den CEMID atá faoi bhainistíocht chomhroinnte. Baineann cuspóirí comhlántacha leis na Cistí agus tá an modh bainistíochta céanna acu. Dá bhrí sin, leagtar síos le Rialachán (AE) [an Rialachán lena leagtar síos na Forálacha Coiteanna] sraith cuspóirí coiteanna ginearálta agus prionsabail ghinearálta amhail an chomhpháirtíocht agus an rialachas il-leibhéal. Tá eilimintí coiteanna na pleanála straitéisí agus an chlársceidealaithe ann chomh maith, lena n‑áirítear forálacha maidir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta atá le tabhairt i gcrích le gach Ballstát, agus leagtar amach cur chuige coiteann maidir le díriú feidhmíochta na gCistí. Dá réir sin, áirítear coinníollacha cumasaithe, athbhreithniú feidhmíochta agus socruithe i gcomhair faireacháin, tuairiscithe agus meastóireachta ann. Leagtar forálacha coitianta amach freisin i ndáil le rialacha incháilitheachta, agus sainítear socruithe speisialta i gcomhair ionstraimí airgeadais agus i gcomhair fhorbairt áitiúil InvestEU faoi stiúir an phobail a úsáid agus i gcomhair bainistíochta airgeadais. Baineann roinnt socruithe bainistíochta agus rialaithe leis na Cistí uile. Ba cheart tuairisc a thabhairt sa Chomhaontú Comhpháirtíochta ar chomhlántachtaí idir na Cistí, lena n‑áirítear CEMID, agus cláir eile de chuid an Aontais, i gcomhréir le Rialachán (AE) [an Rialachán lena leagtar síos na Forálacha Coiteanna].

(4)  Tá feidhm maidir leis an Rialachán seo ag rialacha airgeadais cothrománacha a ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar bhonn Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Leagtar síos na rialacha sin i Rialachán (AE) xx/xx ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [an Rialachán maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais] ('an Rialachán Airgeadais')(5) agus cinntear leo, go háirithe, an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, trí sholáthar, trí dhuaiseanna, trí chur chun feidhme indíreach, agus déantar foráil iontu maidir le seiceálacha ar fhreagracht gníomhaithe airgeadais. Na rialacha a ghlactar ar bhonn Airteagal 322 den Chonradh, baineann siad freisin le cosaint bhuiséad an Aontais i gcás easnaimh ghinearálaithe maidir le smacht reachta sna Ballstáit, ós rud é gur réamhchoinníoll riachtanach urramú an smachta reachta i dtaca le bainistiú fónta airgeadais agus cistiú éifeachtach de chuid an Aontais Eorpaigh.

(5)  Faoi bhainistíocht dhíreach, ba cheart do CEMID sineirgí agus comhlántachtaí a fhorbairt le cistí agus le cláir ábhartha eile de chuid an Aontais mar aon le sineirgí idir na Ballstáit agus na réigiúin. Ba cheart dó maoiniú a cheadú freisin i bhfoirm ionstraimí airgeadais mar chuid d'oibríochtaí measctha arna gcur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) xx/xx ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [an Rialachán maidir le InvestEU](6). [Leasú 11]

(6)  Ba cheart tacaíocht faoi CEMID a úsáid chun aghaidh a thabhairt, ar bhealach comhréireach, ar theipeanna margaidh nó ar chásanna infheistíochta fo-optamacha agus níor cheart, de dheasca na tacaíochta sin, maoiniú príobháideach a dhúbailt ná a phlódú ná níor cheart an iomaíocht a shaobhadh sa mhargadh inmheánach. Ba cheart , lena rannchuideofar le hioncaim mhéadaithe ón iascaireacht, cur chun cinn poist le cearta san earnáil, praghsanna córa ráthaithe do tháirgeoirí, breisluach Eorpach soiléir a bheith ag baint leis an tacaíocht fheabhsaithe ón iascaireacht, agus tacaíocht do ghníomhaíochtaí gaolmhara a fhorbairt, go réamhtheachtach agus go hiartheachtach ón iascaireacht. [Leasú 12]

(7)  Ba cheart na cineálacha maoinithe agus na modhanna cur chun feidhme faoin Rialachán seo a roghnú ar bhonn an chumais atá iontu na tosaíochtaí a leagtar amach i gcomhair na ngníomhaíochtaí a ghnóthú agus torthaí a bhaint amach, ag cur san áireamh chostais na rialuithe, an ualaigh riaracháin agus an riosca neamhchomhlíonta a bhfuiltear ag súil leis. Ba cheart úsáid cnapshuimeanna, rátaí comhréidhe agus costas aonaid a chur san áireamh leis sin, chomh maith le maoiniú nach bhfuil baint aige le costais dá dtagraítear in Airteagal 125(1) de Rialachán (AE) [an Rialachán maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais]. [Leasú 13]

(8)  Foráiltear sa chreat airgeadais ilbhliantúil i CAI a leagtar amach i Rialachán (AE) xx/xx(7) nach mór do bhuiséad an Aontais leanúint de thacaíocht a chur ar fáil do bheartais mhuirí agus do bheartais iascaigh. Ba cheart gurbh ionann méideanna méadú 10 % ar a laghad a bheith ar bhuiséid CEMID, ag praghsanna reatha, agus EUR 6 140 000 000 i dtaca le CAI 2014-2020 CEMID. Ba cheart a acmhainní CEMID a roinnt idir bainistíocht chomhroinnte, dhíreach agus indíreach. Ba cheart EUR 5 311 000 000 87 % a leithdháileadh ar thacaíocht faoin mbainistíocht chomhroinnte agus EUR 829 000 000 13 % ar thacaíocht faoin mbainistíocht dhíreach agus indíreach. D’fhonn cobhsaíocht a áirithiú, go háirithe i ndáil le cuspóirí CBI a bhaint amach, ba cheart an sainiú ar leithdháiltí náisiúnta faoin mbainistíocht chomhroinnte don tréimhse phleanála 2021-2027 a bhunú ar scaireanna CEMID 2014-2020. Ba cheart méideanna ar leith a choimeád do na réigiúin is forimeallaí, i gcomhair rialú agus forfheidhmiú, chun sonraí a bhailiú agus a phróiseáil le haghaidh bainistíocht iascaigh agus chun críocha eolaíocha, cosaint agus athbhunú bhithéagsúlacht agus éiceachórais na mara agus an chósta agus eolas muirí, agus ba cheart uasteorainn a chur leis na méideanna le haghaidh scor buan agus scor sealadach de ghníomhaíochtaí iascaireachta agus le haghaidh infheistíochtaí i soithigh. [Leasú 14]

(8a)  Maidir le tábhacht na hearnála dobharshaothraithe, ba cheart leibhéal chistí an Aontais don earnáil agus, go háirithe, do dhobharshaothraithe fionnuisce a choinneáil ar an leibhéal atá socraithe don tréimhse bhuiséadach reatha. [Leasú 15]

(9)  Tá breis agus 5 milliún duine fostaithe in earnáil mhuirí na hEorpa agus gineann sin beagnach EUR 500 billiún in aghaidh na bliana, agus tá poitéinseal san earnáil chéanna i bhfad níos mó post a chruthú. Meastar gurb é EUR 1.3 trilliún an luach ar aschur an gheilleagair dhomhanda aigéan, agus d'fhéadfadh sé sin a bheith breis agus a dhá oiread ní ba mhó faoi 2030. Mar gheall ar an ngá atá le spriocanna Chomhaontú Pháras maidir le hastaíochtaí CO2, a bhaint amach, ba cheart 30 % ar a laghad de bhuiséad an Aontais a úsáid le haghaidh gníomhaíochtaí a bhaineann leis an aeráid. Is gá freisin éifeachtúlacht acmhainní a mhéadú agus lorg an gheilleagair ghoirm ar an gcomhshaol a laghdú, ar geilleagar gorm é a fhorbróidh laistigh de theorainneacha éiceolaíocha agus a bhí ina spreagadh agus a chaithfidh a bheith ina spreagadh i gcónaí don nuálaíocht in earnálacha eile amhail trealamh muirí, tógáil long, breathnóireacht aigéan, dreidireacht, cosaint cóstaí agus tógáil ar muir. Rinne cistí struchtúracha an Aontais, go háirithe Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) agus CEMID, infheistíocht sa gheilleagar muirí. Ní mór D’fhéadfaí uirlisí nua infheistíochta, amhail InvestEU, a úsáid chun poitéinseal fáis na hearnála a shásamh. [Leasú 16]

(9a)   Ba cheart go mbeadh an chomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil ina taca ag infheistíocht sa gheilleagar gorm ionas go seachnófar éifeachtaí díobhálacha ar an timpeallacht a d’fhéadfadh an inbhuanaitheacht fhadtéarmach a chur i mbaol. Más rud é nach bhfuil ann d’fhaisnéis nó saineolas oiriúnach chun meastóireacht a dhéanamh ar thionchar infheistíochtaí ar an gcomhshaol, tá sé inmholta go nglacfadh na hearnálacha poiblí agus príobháideacha araon cur chuige réamhchúraim, de bharr go bhféadfadh gníomhaíochtaí arna nglacadh a bheith díobhálach. [Leasú 17]

(10)  Ba cheart CEMID a bhunú ar na ceithre cúig thosaíocht: iascaigh inbhuanaithe a chothú agus, lena n-áirítear acmhainní bitheolaíocha na mara a chaomhnú; dobharshaothrú inbhuanaithe a chur chun cinn; rannchuidiú le slándáil an tsoláthair bia Aontas trí iascaigh agus margaí dobharshaothraithe agus earnálacha próiseála atá iomaíoch agus inbhuanaithe; an fhorbairt ar gheilleagar gorm inbhuanaithe a chumasú, agus acmhainn iompair éiceolaíoch á cur san áireamh, agus rath agus caomhnú agus comhtháthú sóisialta i bpobail cósta agus intíre a chothú; an rialachas idirnáisiúnta aigéan a threisiú agus farraigí agus aigéin shábháilte, shlána, ghlana, a bhainistítear go hinbhuanaithe a chumasú. Ba cheart coinneáil leis na tosaíochtaí sin tríd an mbainistíocht chomhroinnte, dhíreach agus indíreach. [Leasú 18]

(10a)  D’fheadfaí tosaíochtaí a shonrú le cuspóirí sonracha an Aontais chun tuilleadh soiléireachta a thabhairt ar an úsáid is féidir a bhaint as an gciste agus chun éifeachtúlacht an chiste a mhéadú. [Leasú 19]

(11)  Ba cheart CEMID tar éis 2020 a beith bunaithe ar leagan amach simplithe gan bearta agus rialacha mionsonraithe incháilitheachta a réamhshainiú ar bhealach atá saintreorach ar leibhéal an Aontais. Ina ionad sin, ba cheart tuairisc a thabhairt ar réimsí leathana tacaíochta faoi gach tosaíocht. Mar sin, ba cheart do na Ballstáit clár a leagan amach ina léirítear an bealach is oiriúnaí dóibh chun na tosaíochtaí a bhaint amach. D'fhéadfaí tacaíocht a thabhairt do réimse beart a aithníonn na Ballstáit sna cláir sin faoi na rialacha a leagtar amach sa Rialachán seo agus i Rialachán (AE) Uimh. [Rialachán lena leagtar síos na Forálacha Coiteanna], ar choinníoll go gcumhdaítear leo na réimsí tacaíochta iad faoi na tosaíochtaía aithnítear sa Rialachán seo. Mar sin féin, ní mór liosta d’oibríochtaí neamh‑incháilithe a dhéanamh chun tionchair dhíobhálacha ar an gcaomhnú iascaigh a sheachaint, mar shampla, toirmeasc ginearálta a chur ar infheistíochtaí chun an acmhainn iascaireachta a fheabhsú le maolaithe áirithe a bhfuil údar cuí leo. Chomh maith leis sin, ba cheart infheistíochtaí agus cúiteamh a íoc leis an gcabhlach ar choinníoll go dtagann siad le cuspóirí caomhnaithe CBI. [Leasú 20]

(12)  D’aithin Clár Oibre don Fhorbairt Inbhuanaithe 2030 de chuid na Náisiún Aontaithe caomhnú na n-aigéan agus úsáid inbhuanaithe na n-aigéan mar cheann den 17 sprioc forbartha inbhuanaithe (SDG 14). Tá an tAontas tiomanta go hiomlán don sprioc sin agus dá cur chun feidhme. Sa chomhthéacs sin, tá sé tiomanta geilleagar gorm inbhuanaithe a chur chun cinn a fhorbróidh laistigh de theorainneacha éiceolaíocha a bheidh ag teacht le cur chuige bunaithe ar éiceachóras i leith pleanáil spásúil mhuirí, go háirithe íogaireacht speiceas agus gnáthóga i leith gníomhaíochtaí daonna ar muir, acmhainní bitheolaíocha a chaomhnú agus stádas maith comhshaoil a bhaint amach, toirmeasc a chur ar chineálacha áirithe fóirdheontas d’iascaigh a chuireann leis an ró-acmhainneacht agus leis an ró-iascaireacht, deireadh a chur le fóirdheontais a chuireann leis an iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscthe agus neamhrialáilte (NNN) agus gan fóirdheontais den chineál sin a thabhairt isteach. Ba cheart an toradh sin a bheith ar idirbheartaíocht na hEagraíochta Domhanda Trádála i dtaobh fóirdheontais iascaigh. Chomh maith leis sin, mar chuid d’idirbheartaíocht na hEagraíochta Domhanda Trádála ag an gCruinniú Mullaigh Domhanda maidir le Forbairt Inbhuanaithe 2002 agus ag Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir le Forbairt Inbhuanaithe 2012 (Rio +20), gheall an tAontas go gcuirfear deireadh le fóirdheontais a chuireann leis an ró-acmhainneacht cabhlaigh agus leis an ró-iascaireacht. Rannchuidítear go mór le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach trí iascaigh inbhuanaithe agus earnálacha inbhuanaithe dobharshaothraithe uisce sáile agus fionnuisce an Aontais. [Leasú 21]

(12a)   Chomh maith leis sin, ba cheart do CEMID rannchuidiú le baint amach Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SPInna) eile na Náisiún Aontaithe. Go háirithe, leis an Rialachán seo, áirítear na cuspóirí seo a leanas:

   SFI 1 – Deireadh leis an mBochtaineacht: le CEMID , rannchuideofar le dálaí maireachtála na bpobal cósta is leochailí a fheabhsú, go háirithe iad siúd atá spleách ar acmhainn iascaireachta atá faoi bhagairt ag an ró-iascaireacht, ag an athrú domhanda agus ag fadhbanna comhshaoil.
   SFI 3 – Sláinte Mhaith agus agus Saol Folláin: le CEMID , rannchuideofar leis an gcomhrac i gcoinne thruailliú an uisce chósta, ar truailliú é atá ina údar le galair cheantracha, agus rannchuideofar le dea-cháilíocht bia ó iascaigh agus dobharshaothraithe a áirithiú.
   SFI 7 – Fuinneamh Glan: le CEMID , cuirfear chun cinn forbairt fuinnimh inathnuaite mhuirí tríd an ngeilleagar gorm a mhaoiniú agus áiritheofar leis go mbeidh an fhorbairt sin oiriúnach le haghaidh chosaint na muirthimpeallachta agus caomhnú acmhainní iascaigh.
   SFI 8– Obair Chuibhiúil agus Fás Eacnamaíoch: le CEMID , rannchuideofar le forbairt an gheilleagair ghoirm i gcomhar le CSE, mar ghné den fhás eacnamaíoch. Áiritheofar leis freisin go mbeidh an fás eacnamaíoch sin ina fhoinse mhaith fostaíochta do phobail chósta. Sa bhreis air sin, le CEMID , rannchuideofar chun dálaí oibre iascairí a fheabhsú.
   SFI 12 - An Tomhaltas agus an Táirgíocht Fhreagrach: le CEMID , rannchuideofar le dul i dtreo úsáid fhreagrach acmhainní nádúrtha agus le srian a chur le cur amú acmhainní nádúrtha agus fuinnimh.
   SFI 13 – Gníomhú ar son na hAeráide. le CEMID , cuirfear treoir ar fáil maidir lena bhuiséad chun dul i ngleic leis an athrú aeráide. [Leasú 22]

(13)  Mar léiriú ar a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanais an Aontais Comhaontú Pháras agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme, ba cheart don Rialachán seo cuidiú chun an ghníomhaíocht ar son na haeráide a phríomhshruthú agus chun sprioc fhoriomlán 25 % 30 % de chaiteachais bhuiséadacha an Aontais a bhaint amach maidir leis an tacaíocht do chuspóirí aeráide. Le gníomhaíochtaí faoin gClár seo, meastar go gcaithfear le 30 % d’imchlúdach airgeadais foriomlán go gcumasófar CEMIDrannchuidiú le baint amach na gcuspóirí aeráide, ach gan dochar do chistiú CBI, a bhfuil gá athmheasúnú dearfach a dhéanamh ar an gcistiú ina leith. Sainaithneofar gníomhaíochtaí ábhartha, lena n-áirítear tionscadail atá dírithe ar cheapacha féir mara agus bogach cósta, ar umair mhóra charbóin iad, a chosaint agus a athbhunú, le linn ullmhú agus chur chun feidhme CEMID agus déanfar athmheasúnú ar na gníomhaíochtaí sin mar chuid de na meastóireachtaí agus na próisis athbhreithnithe ábhartha. [Leasú 23]

(14)  Ba cheart do CEMID tacú le cuspóirí comhshaoil an Aontais a bhaint amach ag féachaint go cuí don chomhtháthú sóisialta, faoi chuimsiú CBI agus na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí agus ba cheart dó beartas comhshaoil Eorpach a chomhlíonadh, lena n-áirítear caílíocht uisce lena ráthaítear caílíocht na timpeallachta muirí atá oiriúnach chun cursaí iascaigh a fheabhsú amach anseo. Ba cheart cuntas a choimeád ar an ionchur ach marcóirí comhshaoil an Aontais a chur i bhfeidhm agus iad a thuairisciú go rialta i gcomhthéacs na meastóireachtaí agus na dtuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht. [Leasú 24]

(15)  I gcomhréir le hAirteagal 42 den Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘Rialachán CBI’)(8), ba cheart do chúnamh airgeadais faoi CEMID a bheith ar choinníoll go gcomhlíontar rialacha CBI CBI agus dlí ábhartha comhshaoil an Aontais go hiomlán. Níor cheart cúnamh airgeadais an Aontais a dheonú ach do na hoibreoirí agus na Ballstáit sin a chomhlíonann a gcuid oibleagáidí ábhartha dlíthiúla go hiomlán. Níor cheart iarratais ó thairbhithe nach gcomhlíonann rialacha infheidhme CBI a ghlacadh. [Leasú 25]

(16)  Chun aghaidh a thabhairt ar na coinníollacha sonracha de CBI dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 agus chun cuidiú le rialacha CBI a chomhlíonadh go hiomlán, ba cheart forálacha sa bhreis ar na rialacha maidir le briseadh, fionraíocht agus ceartuithe airgeadais mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. [Rialachán lena leagtar síos na Forálacha Coiteanna] a leagan amach. Sa chás nach gcomhlíonann Ballstát nó tairbhí na hoibleagáidí a cuireadh air faoi CBI, nó sa chás go bhfuil fianaise ag an gCoimisiún a chruthaíonn nach bhfuiltear ag comhlíonadh na n-oibleagáidí, ba cheart go mbeadh cead ag an gCoimisiún spriocdhátaí le haghaidh íocaíochta a bhriseadh ar bhonn sealadach. Chomh maith le bheith in ann an spriocdháta le haghaidh íocaíochta a bhriseadh, agus ionas nach ndéanfar caiteachas neamh-incháilithe a íoc amach, ba cheart cead a thabhairt don Choimisiún íocaíochtaí a chur ar fionraí agus ceartuithe airgeadais a fhorchur sa chás nach gcomhlíonann Ballstát rialacha CBI ar bhealach tromchúiseach. [Leasú 26]

(17)  Rinneadh bearta le blianta beaga anuas i dtreo stoic éisc a thabhairt ar ais ar leibhéil shláintiúla, brabúsacht a mhéadú in earnáil iascaireachta an Aontais agus éiceachórais mhuirí a chaomhnú. Tá dúshláin shuntasacha fós le sárú, áfach, chun cuspóirí socheacnamaíocha agus comhshaoil CBI a bhaint amach go hiomlán, lena n-áirítear an oibleagáid dhlíthiúil na stoic éisc ar fad a athbhunú agus a chaomhnú os cionn na leibhéal bithmhaise lenar féidir uastáirgeacht inbhuanaithe a bhaint amach. Chuige sin, beidh tacaíocht leanúnach de dhíth tar éis 2020, go háirithe maidir leis na himchuacha farraige ar ina leith atá dul chun cinn níos moille á dhéanamh, go háirithe sna himchuacha is iargúlta amhail iad siúd sna réigiúin is forimeallaí. [Leasú 27]

(17a)  Foráiltear le hAirteagal 13 CFAE go bhfuil an tAontas agus na Ballstáit, agus beartais an Aontais inter alia maidir leis an iascach á bhfoirmiú agus á gcur chun feidhme acu, le lánaird a thabhairt ar na ceanglais maidir le leas ainmhithe, toisc gur neacha mothaitheacha na hainmhithe, agus forálacha reachtaíochta nó riaracháin agus nósanna na mBallstát, go háirithe maidir le deasghnátha reiligiúnacha, traidisiúin chultúrtha agus oidhreacht réigiúnach, á n-urramú acu. [Leasú 2]

(18)  Tá an t-iascach lárnach i slí mhaireachtála agus oidhreacht chultúrtha go leor pobal cósta agus oileánda san Aontas, go háirithe mar a mbíonn ról tábhachtach ag an iascaireacht bheag chósta amhail sna réigiúin is forimeallaí. Toisc go bhfuil formhór na ndaoine i scata pobail iascaireachta os cionn 50 bliain ar an meán, tá dúshlán fós ag baint leis an athnuachan glúine agus le gníomhaíochtaí a éagsúlú laistigh d’earnáil an iascaigh. Tá sé ríthábhachtach dá bhrí sin go gcuirfeadh CEMID tacaíocht ar fáil ar a tharraingtí atá earnáil an iascaigh trí ghairmoiliúint agus rochtain na ndaoine óga ar ghairmeacha san iascaireacht a áirithiú. [Leasú 28]

(18a)  Le cur chun feidhme na sásraí comhbhainistíochta sna gníomhaíochtaí iascaireachta gairmiúla agus áineasa agus sa dobharshaothrú, i dteannta rannpháirtíocht dhíreach na ngeallsealbhóirí lena mbaineann, amhail údaráis riaracháin, earnáil na hiascaireachta agus an dobharshaothraithe, an pobal eolaíochta, agus an tsochaí shibhialta, ar bhonn leithdháileadh cothrom na bhfreagrachtaí cinnteoireachta, agus ar bhonn bainistíocht oiriúnaitheach atá bunaithe ar eolas, ar fhaisnéis agus ar neasacht, rannchuidítear le baint amach chuspóirí CBI. Ba cheart go dtacódh CEMID le cur chun feidhme na sásraí sin ar an leibhéal áitiúil. [Leasú 29]

(19)  Ba cheart do CEMID díriú ar rannchuidiú le cuspóirí comhshaoil, eacnamaíocha, sóisialta agus fostaíochta CBI a bhaint amach, mar a leagtar síos in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Áiritheofar leis an tacaíocht sin go mbeidh gníomhaíochtaí iascaireachta inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil san fhadtéarma agus go mbainisteofar iad ar bhealach a bheidh ag luí leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, lena rannchuideofar le tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus fostaíochta a bhaint amach, agus le hinfhaighteacht soláthairtí bia folláine agus dálaí oibrí córa a áirithiú san am chéanna. Maidir leis sin, ba cheart aitheantas ar leith a thabhairt d’iascaigh atá ag brath ar oileáin bheaga amach ón gcósta agus tacaíocht a thabhairt dóibh chun gur féidir leo maireachtáil agus rath a bheith orthu. [Leasú 30]

(20)  Ba cheart an tacaíocht ó CEMID rannchuidiú le gnóthú tráthúil na hoibleagáide dlíthiúla maidir le stoic éisc a athbhunú agus a chaomhnú os cionn na leibhéal bithmhaise lenar féidir uastáirgeacht inbhuanaithe a bhaint amach agus íoslaghdú a dhéanamh ar thionchair dhiúltacha na ngníomhaíochtaí iascaireachta atá neamh-inbhuanaithe agus díobhálach ar éiceachóras na mara, agus na tionchair sin a dhíothú i gcás inar féidir. Ba cheart nuálaíocht agus infheistíochtaí i dtaca le cleachtais agus teicnící iascaireachta ísealtionchair, aeráidseasmhacha agus ísealcharbóin a chuimsiú leis an tacaíocht sin, mar aon le teicnící a bhfuil iascaireacht roghnaíoch d’aidhm acu. [Leasú 31]

(21)  Is oibleagáid dhlíthiúil í an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír agus tá sí ar cheann de na príomhdhúshláin a bhaineann le CBI. Ciallaíonn sé go bhfuil deireadh tagtha le cleachtas an sceite, cleachtas nach raibh inghlactha ó thaobh an chomhshaoil de, agus go bhfuil athruithe suntasacha agus tábhachtacha tagtha ar chleachtais iascaireachta don earnáil, cleachtais a mbaineann costas ard airgeadais leo in amanna. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit CEMIDa úsáid chun tacaíocht a thabhairt don nuálaíocht agus do na hinfheistíochtaí a rannchuidíonn le cur chun feidhme iomlán agus tráthúil na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír, lena mbaineann ráta déine cabhrach atá níos airde ná an ráta a bhfuil feidhm aige maidir le hoibríochtaí eile, amhail infheistíochtaí i dtrealamh roghnaitheach iascaireachta agus cur i bhfeidhm beart roghnaíochta ama agus spáis, infheistíochtaí le haghaidh feabhas a chur ar bhonneagar calafoirt agus infheistíochtaí le haghaidh margaíocht a dhéanamh ar ghabhálacha de thaisme. Ba cheart uasráta déine cabhrach 100% a cheadú chun córais thrédhearcacha le haghaidh deiseanna iascaireachta a mhalartú idir Ballstáit (babhtáil cuóta) a dhearadh, a fhorbairt, a fhaire, a mheas agus a bhainistiú, chun maolú a dhéanamh ar éifeacht an ‘speicis scoir’, arb í an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír is siocair leis. [Leasú 279]

(21a)   Ba cheart faireachán cothrom a dhéanamh ar an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír feadh an speictrim iomláin, ó shoithí iascaireachta ar an mionchóir go dtí soithí iascaireachta ar an mórchóir, i ngach Ballstát an Aontais. [Leasú 33]

(22)  Ba cheart CEMID a bheith in ann tacú leis an nuálaíocht agus le hinfheistíochtaí ar bord soithí iascaireachta d’fhonn sláinte, sábháilteachta agus dálaí oibre, cosaint chomhshaoil, éifeachtúlacht fuinnimh, leas ainmhithe agus caighdeán na ngabhálacha a fheabhsú mar aon le tacú le saincheisteanna sonracha a bhaineann le cúram sláinte. Mar sin féin, níor cheart go mbeadh riosca ann mar thoradh ar thacaíocht dá leithéid go dtiocfadh méadú ar an gcumas iascaireachta nó ar an gcumas atá ann iasc a aimsiú agus níor cheart an tacaíocht a bhronnadh díreach ar an gcúis gur comhlíonadh na riachtanais atá éigeantach faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta. Faoin leagan amach gan bearta saintreoracha, ba cheart go mbeadh sé faoi na Ballstáit rialacha incháilitheachta beachta a shainiú le haghaidh na n-infheistíochtaí agus na tacaíochta sin. Maidir leis an tsláinte, an tsábháilteacht agus dálaí oibre ar bord soithí iascaireachta, ba cheart ráta déine cabhrach níos airde ná an ráta i bhfeidhm d’oibríochtaí eile a cheadú. [Leasú 34]

(23)  Tá an rialú ar iascach ríthábhachtach maidir le CBI a chur chun feidhme. Dá bhrí sin, ba cheart do CEMID, faoi bhainistíocht chomhroinnte, tacú le córas rialaithe iascaigh don Aontas, mar a shainítear i Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle (‘an Rialachán maidir le Rialú’)(9). Déanann oibleagáidí áirithe dá bhforáiltear tríd an athbhreithniú ar an Rialachán um Rialú dlisteanú ar thacaíocht ar leith ó CEMID, i.e. córais rianaithe soithí agus córais leictreonacha éigeantacha i gcás soithí iascaireachta mionscála cósta, córais leictreonacha éigeantacha tuairiscithe agus chianbhrathadóireachta agus tomhas agus taifeadadh leanúnach éigeantach ar chumhacht inneall tiomáinteachta. Anuas air sin, féadfar infheistíochtaí ó na Ballstáit i sócmhainní rialaithe a úsáid chun faireachas muirí agus comhoibriú i dtaobh feidhmeanna garda cósta a dhéanamh.

(24)  Braitheann rath CBI ar chomhairle eolaíoch a bheith ar fáil do bhainistíocht iascach agus, dá réir sin, ar shonraí i dtaca le hiascaigh a bheith ar fáil. I bhfianaise na ndúshlán agus na gcostas a bhaineann le sonraí iontaofa iomlána a fháil, is gá tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát chun sonraí a bhailiú, a phróiseáil agus a mhalartú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2017/1004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘an Rialachán maidir leis an gCreat um Bailiú Sonraí’)(10) agus chun rannchuidiú leis an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil. Ba cheart don tacaíocht sin sineirgí a cheadú i dtaca le cineálacha eile sonraí muirí, lena n-áirítear sonraí faoi iascaigh áineasa a bhailiú, a phróiseáil agus a mhalartú. [Leasú 35]

(25)  Ba cheart do CEMID tacú le cur chun feidhme atá bunaithe ar eolas agus le rialachas CBI faoin mbainistíocht dhíreach agus indíreach ach foráil a dhéanamh do chomhairle eolaíoch, córas rialaithe iascaigh don Aontas a fhorbairt agus a chur chun feidhme, Comhairlí Comhairleacha a fheidhmiú agus ranníocaíochtaí saorálacha d’eagraíochtaí idirnáisiúnta, mar aon le gealltanas níos fearr ón Aontas maidir leis an rialú idirnáisiúnta aigéan. [Leasú 36]

(26)  I bhfianaise na ndúshlán maidir le cuspóirí caomhnaithe CBI a bhaint amach, ba cheart CEMID a bheith in ann tacú le gníomhaíochtaí i ndáil le bainistíocht iascaigh agus cabhlaigh iascaireachta. Sa chomhthéacs sin, ní mór leanúint in amanna den tacaíocht do chabhlaigh a oiriúnú i ndáil le ranna áirithe cabhlaigh agus imchuacha farraige. Ba cheart tacaíocht dá leithéid a dhíriú ar acmhainní bitheolaíocha na mara a chaomhnú agus a shaothrú go hinbhuanaithe agus ar chothromaíocht a bhaint amach idir an acmhainn iascaireachta agus na deiseanna iascaireachta atá ar fáil. Dá bhrí sin, ba cheart CEMID a bheith in ann tacú le scor buan gníomhaíochtaí iascaireachta i ranna cabhlaigh nuair nach bhfuil cothromaíocht idir an acmhainn iascaireachta agus na deiseanna iascaireachta atá ar fáil. Ba cheart tacaíocht den sórt sin a bheith ina huirlis de chuid na bpleananna gníomhaíochta chun ranna cabhlaigh inar aithníodh ró‑acmhainneacht struchtúrach a choigeartú, mar a fhoráiltear in Airteagal 22(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, agus ba cheart í a chur chun feidhme trí bhriseadh an tsoithigh iascaireachta nó trína dhíchoimisiúnú nó trína iarfheistiú le haghaidh gníomhaíochtaí eile. I gcás ina gcuirfeadh an t‑iarfheistiú sin tuilleadh brú ar éiceachóras na mara de dheasca na hiascaireachta áineasa, níor cheart tacaíocht a dheonú ach amháin dá mbeadh sé i gcomhréir le CBI agus le cuspóirí na bpleananna bliantúla ábhartha. Chun a áirithiú go mbeidh an t‑oiriúnú struchtúrach a dhéantar ar chabhlach ag teacht leis na cuspóirí caomhnaithe, ba cheart an tacaíocht do scor buan gníomhaíochtaí iascaireachta a bheith iomlán coinníollach agus ceangailte le torthaí a bhaint amach. Dá bhrí sin, ba cheart tacaíocht den sórt sin a chur chun feidhme trí bhíthin maoiniú nach bhfuil nasctha le costais’, dá bhforáiltear i Rialachán (AE) [Rialachán lena leagtar síos na Forálacha Coiteanna]. Faoi chuimse an tsásra sin, níor cheart don Choimisiún cúiteamh leis na Ballstáit i ngeall ar scor buan de ghníomhaíochtaí iascaireachta ar bhonn na bhfíorchostas a tabhaíodh ach ar bhonn na gcoinníollacha a chomhlíonadh agus na dtorthaí a bhaint amach. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún coinníollacha den sórt sin a bhunú le gníomh tarmligthe, ar coinníollacha iad ba cheart a bheith bainteach cuspóirí caomhnaithe CBI. [Leasú 37]

(26a)   Chun iascaigh inbhuanaithe atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, ag a mbeidh brú laghdaithe ar acmhainní iascaireachta, a bhunú ba cheart do CEMID tacú le nuachóiriú a dhéanamh ar shoithí i dtreo soithí a úsáideann níos lú fuinnimh, lena n-áirítear do ranna cabhlaigh a bhfuil míchothromaíochtaí iontu, trí fhóirdheontais nó trí bhíthin ionstraimí airgeadais. Ba cheart do CEMID cabhair a cheadú d’iascairí óga chun a gcuid fearas oibre, lena n-áirítear soithí atá os cionn 12 m, a fháil, seachas i ranna a bhfuil míchothromaíochtaí iontu. [Leasú 38]

(26b)   Toisc go bhfuil ról ríthábhachtach ag calafoirt iascaireachta, láithreáin ag a dtugtar iasc i dtír, fothanacha agus hallaí ceantála chun cáilíocht na dtáirgí arna dtabhairt i dtír a áirithiú, mar aon le dálaí sábháilteachta agus dálaí oibre, ba cheart do CEMID , mar thosaíocht, tacú le bonneagair calafoirt a nuachóiriú, agus go háirithe margú a dhéanamh ar tháirgí iascaigh, chun breisluach na dtáirgí arna dtabhairt i dtír a optamú.. [Leasú 39]

(27)  I bhfianaise luaineacht na ngníomhaíochtaí iascaireachta, d’fhéadfadh cúinsí eisceachtúla caillteanais shuntasacha eacnamaíochta a chruthú d’iascairí. D’fhonn na hiarmhairtí sin a mhaolú, ba cheart CEMID a bheith in ann tacú le cúiteamh ar scor sealadach gníomhaíochtaí iascaireachta mar gheall ar bhearta caomhnaithe áirithe a chur chun feidhme, i.e. pleananna ilbhliantúla, spriocanna maidir le stoic a chaomhnú agus a shaothrú go hinbhuanaithe, bearta chun acmhainneacht iascaireachta na soithí iascaireachta a oiriúnú do na deiseanna iascaireachta atá ar fáil agus bearta teicniúla, mar gheall ar bhearta éigeandála a chur chun feidhme, mar gheall air gur cuireadh isteach ar chomhaontú comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe a chur i bhfeidhm nó gan é a athnuachan ar chúiseanna force majeure, mar gheall ar thubaiste nádúrtha nó mar gheall ar eachtra chomhshaoil, lena n-áirítear eachtraí maidir le dúnta sláinte nó mortlaíocht mhínormálta na n-acmhainní iascaigh, tionóiscí ar muir le linn gníomhaíochtaí iascaireachta agus teagmhais dhíobhálacha aeráide. Níor cheart tacaíocht a thabhairt ach amháin más suntasach é tionchar na gcúinsí sin ar iascairí, i.e. má chuirtear stop le gníomhaíochtaí tráchtála an tsoithigh lena mbaineann 120 lá as a chéile ar a laghad le dhá bhliain anuas. Ba cheart na sainiúlachtaí a bhaineann le hiascaigh eascann a chur san áireamh sna coinníollacha i ndáil le tacaíocht den sórt sin a bhronnadh. [Leasú 40]

(27a)  Ba cheart go mbeadh iascairí agus táirgeoirí dobharshaothraithe uisce sáile agus fionnuisce in ann tacaíocht a fháil ó CEMID D i gcás géarchéim sna margaí iascaigh agus dobharshaothraithe, i gcás tubaistí nádúrtha nó teagmhais aeráide. [Leasú 41]

(27b)  Chun rannchuidiú le forbairt dhearfach foinsí uisce agus leis an iascaireacht a bheith á déanamh i gcónaí nuair nach é an séasúr coiscthe é, le CEMID , ba cheart go bhféadfaí tacú le tréimhsí sosa bitheolaíocha, nuair is den riachtanas iad na tréimhsí sin, ach a dtiteann siad le linn céimeanna áirithe criticiúla de shaolré na speiceas, a mhéid a bhaineann le saothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh. [Leasú 306]

(27c)  Tá Parlaimint na hEorpa ag cur i bhfáth a dheargriachtanaí atá sé tacú le bunú ciste cúitimh pá chun tréimhsí neamhiascaireachta a chumhdach agus go n-áireofaí na tréimhsí sin mar am oibre iarbhír chun críocha an phinsin scoir agus teidlíochtaí eile slándála sóisialta. Ag moladh, lena chois sin, go ndéanfaí pá íosta a bhunú, a shocrófaí i gcomhréir le cleachtais áitiúla, le caibidlíochtaí agus le comhaontuithe cómhargála. [Leasú 307]

(28)  Soithí iascaireachta faoi bhun 12 mhéadar agus nach n-úsáideann trealamh iascaireachta tarraingthe a dhéanann iascaireacht bheag chósta. Cuimsítear leis an earnáil sin beagnach 75 % de na soithí iascaireachta ar fad atá cláraithe san Aontas agus beagnach leath den fhostaíocht ar fad in earnáil an iascaigh. Tá oibreoirí in iascaigh mhionscála chósta ag brath go háirithe ar stoic shláintiúla éisc mar phríomhfhoinse ioncaim. Dá bhrí sin, ba cheart do CEMID tús áite a thabhairt dóibh le ráta déine cabhrach 100 %, lena n-áirítear oibríochtaí a bhaineann leis an rialú agus leis an bhforfheidhmiú, agus é mar aidhm aige cleachtais inbhuanaithe iascaireachta a spreagadh i gcomhréir le cuspóirí CBI. Anuas air sin, ba cheart réimsí áirithe tacaíochta a choimeád don iascaireacht ar mhionchóir agus é ina cheangal a áirithiú go bhfuil cothromaíocht ann idir an acmhainneacht iascaireachta agus na deiseanna iascaireachta atá ar fáil, i.e. tacaíocht le haghaidh soitheach athláimhe a fháil, a athchóiriú agus a athaicmiú agus le haghaidh inneall an tsoithigh a ionadú nó a nuachóiriú, mar aon le tacaíocht d’iascairí óga. Anuas air sin, ba cheart do na Ballstáit plean gníomhaíochta a chur sna cláir don iascaireacht bheag chósta, ba cheart faireachán a dhéanamh ar an bplean ar bhonn na dtáscairí, ar cheart garspriocanna agus spriocanna a shocrú ina leith.. [Leasuithe 1, 42 agus 308]

(29)  Mar a shonraítear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste na Réigiún agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta an 24 Deireadh Fómhair 2017 dar teideal ‘Comhpháirtíocht straitéiseach athnuaite níos láidre leis na réigiúin is forimeallaí san Aontas’(11), Tá dúshláin ar leith a bhaineann leis an iargúltacht, an topagrafaíocht agus an aeráid dá dtagraítear in Airteagal 349 den Chonradh roimh na réigiúin is forimeallaí, agus tá sócmhainní ar leith acu lenar féidir geilleagar gorm a fhorbairt. Dá bhrí sin, i gcás gach ceann de na réigiúin is forimeallaí, ba cheart plean gníomhaíochta i ndáil le hearnáil an gheilleagair ghoirm inbhuanaithe a fhorbairt, lena n‑áirítear saothrú inbhuanaithe iascach agus an dobharshaothraithe, a chur le cláir na mBallstát lena mbaineann agus ba cheart leithdháileadh airgeadais a choimeád chun tacú leis na pleananna gníomhaíochta sin a chur chun feidhme. Chomh maith leis sin, ba cheart CEMID a bheith in ann tacú le cúiteamh a íoc leis D’fhonn iomaíochas táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe áirithe ó na réigiúin is forimeallaí as na costais bhreise a bhíonn orthu mar gheall ar an áit ina bhfuil siad agus mar gheall ar a n‑oileánachas a chothú i gcomparáid le táirgí dá samhail ó réigiúin eile an Aontais, thug an tAontas bearta isteach i 1992 chun na costais bhreise lena mbaineann san earnáil iascaigh a chúiteamh. Leagtar síos na bearta atá i bhfeidhm don tréimhse 2014-2020 i Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(12). Is gá leanúint de thacaíocht a thabhairt chun na costais bhreise a bhaineann le hiascaireacht, le feirmeoireacht, le próiseáil agus le margú táirgí iascaigh áirithe ó na réigiúin is forimeallaí a fhritháireamh, ionas go rannchuidíonn an cúiteamh le hinmharthanacht eacnamaíoch oibreoirí as na réigiúin sin. I bhfianaise na ndálaí margaithe éagsúla sna réigiúin is forimeallaí, na luaineachtaí i ngabhálacha agus i stoic agus in éilimh an mhargaidh, ba cheart é a fhágáil faoi na Ballstáit lena mbaineann na táirgí iascaigh atá incháilithe do chúiteamh, na huasmhéideanna faoi seach agus na méideanna cúitimh laistigh den leithdháileadh foriomlán in aghaidh an Bhallstáit a chinneadh. Ba cheart údarás a thabhairt do na Ballstáit idirdhealú a dhéanamh ar an liosta agus ar an líon táirgí iascaigh atá i gceist agus ar mhéid an chúitimh laistigh den leithdháileadh foriomlán in aghaidh an Bhallstáit. Ba cheart údarás a thabhairt dóibh freisin a bpleananna cúitimh a chur in oiriúint má tá údar cuí leis mar gheall ar thosca atá ag athrú. Ba cheart do na Ballstáit an leibhéal cúitimh a shocrú ar leibhéal a fhágann gur féidir costais bhreise a fhritháireamh, ar costais iad a thig ó mhíbhuntáistí sonracha na réigiún is forimeallaí. D’fhonn róchúiteamh a sheachaint, ba cheart go mbeadh an méid sin i gcomhréir leis na costais bhreise atá á bhfritháireamh tríd an gcabhair. Chuige sin, ba cheart cineálacha eile idirghabhála poiblí a bhfuil tionchar acu ar leibhéal na gcostas breise a chur san áireamh inti freisin. Anuas air sin, ba cheart ráta déine cabhrach níos airde ná an ráta a bhfuil feidhm aige maidir le hoibríochtaí eile a chur i bhfeidhm sna réigiúin is forimeallaí. [Leasú 43]

(29a)  Chun a áirithiú go dtiocfaidh earnáil an iascaigh chósta ar mhionscála slán sna réigiúin is forimeallaí agus i gcomhréir le prionsabail na hionramhála difreálaithe d’oileáin agus do chríocha beaga dá dtagraítear i Sprioc 14 de na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFInna), ba cheart go mbeadh sé indéanta le CEMID tacaíocht a thabhairt, ar bhonn Airteagal 349 CFAE, d’éadáil agus athnuachan soithí iascaireachta cósta ar mhionscála a dhéanann a ngabháil éisc a thabhairt i dtír i gcalafoirt sna réigiúin is forimeallaí agus a rannchuidíonn le forbairt inbhuanaithe áitiúil, chun sábháilteacht an duine a mhéadú, caighdeáin sláintíochta an Aontais a chomhlíonadh, iascaireacht NNN a chomhrac agus éifeachtúlacht chomhshaoil níos mó a bhaint amach. Maidir le hathnuachan an chabhlaigh iascaireachta sin, ba cheart go bhfanfadh sé laistigh d’uasteorainneacha údaraithe le haghaidh acmhainne, agus go gcomhlíonfadh sé cuspóirí CBI. Ba cheart go mbeadh sé indéanta le CEMID tacaíocht a thabhairt do bhearta gaolmhara, amhail foirgniú nó nuachóiriú longchlós atá tiomanta do shoithí iascaireachta cósta ar mhionscála sna réigiúin is forimeallaí, éadáil agus athchóiriú na mbonneagar agus na dtrealamh, nó staidéir. [Leasú 44]

(29b)   Ag féachaint don rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le staid ar leith na n-oileán (2015/3014(RSP) agus le tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis ‘na fadhbanna sonrach a gcaithfidh oileáin aghaidh a thabhairt orthu’ (1229/2011), is cuid thábhachtach de gheilleagair áitiúla na n-oileán iad an talmhaíocht, an pórú agus na hiascaigh. Bíonn deacrachtaí ag réigiúin oileánacha Eorpacha mar thoradh ar easpa inrochtaineachta, go háirithe FBManna, ar leibhéal íseal dealaithe idir táirgí agus ar an ngá atá le straitéis chun leas a bhaint as na sineirgí féideartha go léir idir Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa agus ionstraimí eile an Aontais d’fhonn na baic atá ar na hoileáin a chúiteamh agus feabhas a chur ar a bhfás eacnamaíoch, ar a gcruthú post agus ar a bhforbairt inbhuanaithe. Cé go n-aithnítear le hAirteagal 174 CFAE go bhfuil baic bhuana nádúrtha agus gheografacha ar leith ann a bhaineann go sonrach le staid na n-oileán, ní foláir don Choimisiún ‘Creat Straitéiseach an Aontais le haghaidh na nOileán’ a bhunú d’fhonn ionstraimí a nascadh ar ionstraimí iad a bhfuil mórthionchar críochach acu. [Leasú 45]

(30)  Faoi bhainistíocht chomhroinnte, ba cheart CEMID a bheith in ann tacú leis an mbithéagsúlacht agus éiceachórais na mara agus an chósta a chosaint agus a athbhunú. Chun na críche sin, ba cheart tacaíocht a bheith ar fáil le haghaidh cúiteamh a íoc le hiascairí a bhailíonn trealamh iascaireachta a cailleadh agus bruscar muirí, go háirithe plaisteach, ón bhfarraige agus le haghaidh infheistíochtaí i gcalafoirt chun saoráidí cuí glactha agus stórála a chur ar fáil i gcomhair an trealaimh iascaireachta sin a cailleadh agus an bruscar muirí a bailíodh. Ba cheart tacaíocht a bheith ar fáil freisin le haghaidh gníomhaíochtaí chun stádas maith comhshaoil a bhaint amach nó a choinneáil sa mhuirthimpeallacht, mar a leagtar amach i dTreoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Treoir Réime um Straitéis Mhuirí’)(13), le haghaidh cur chun feidhme bearta cosanta spásúla arna mbunú de bhun na Treorach sin agus, i gcomhréir leis na creataí gníomhaíochta tosaíochta a bhunaítear de bhun Threoir 92/43/CEE ón gComhairle ('an Treoir maidir le Gnáthóga')(14), le haghaidh bainistiú, athneartú agus faireachán ar limistéir NATURA 2000 chomh maith le cosaint speiceas faoi Threoir 92/43/CEE agus Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ('an Treoir maidir le hÉin')(15) agus faoi Threoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(16), agus mar aon le caighdeáin an Aontas i leith fuíolluisce uirbigh agus freisin i ndáil le tógáil, suiteáil, nuachóiriú, agus ullmhú agus meastóireacht eolaíoch a dhéanamh ar shaoráidí buana nó sochorraithe a bhfuil sé mar aidhm leo fauna agus flora muirí a chosaint agus a fheabhsú sna réigiún is forimeallaí. Faoin mbainistíocht dhíreach, ba cheart do CEMIDtacú le farraigí glana sláintiúla a chur chun cinn agus leis an Straitéis Eorpach um Plaistigh sa Gheilleagar Ciorclach a forbraíodh sa Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún an 16 Eanáir 2016(17), a chur chun feidhme, i gcomhréir leis an gcuspóir i ndáil le stádas maith comhshaoil a bhaint amach agus a chothú sa mhuirthimpeallacht.. [Leasú 46]

(31)  D’aithin Clár Oibre don Fhorbairt Inbhuanaithe 2030 de chuid na Náisiún Aontaithe deireadh a chur leis an ocras, slándáil bia agus cothú feabhsaithe a bhaint amach mar cheann den 17 sprioc forbartha inbhuanaithe (SDG 2). Tá an tAontas tiomanta go hiomlán don sprioc sin agus dá cur chun feidhme. Sa chomhthéacs sin, rannchuidíonn an t-iascach agus an dobharshaothrú inbhuanaithe le slándáil an tsoláthair bia agus leis an gcothú. Mar sin féin, déanann an tAontas 60 % dá sholáthar ar tháirgí iascaigh a allmhairiú faoi láthair agus dá bhrí sin, tá sé ag brath go mór ar thríú tíortha. Is dúshlán mór é borradh a chur faoin tomhaltas a dhéantar ar tháirgí éisc a tháirgtear san Aontas a bhfuil ardchaighdeáin cáilíochta ag gabháil leo agus atá ar fáil ar phraghsanna réasúnta, a ndéantar institiúidí poiblí amhail ospidéil nó scoileanna a sholáthar le táirgí iascaireachta áitiúla ar mhionscála, agus le cláir oiliúna agus feasachta a thionscnamh in institiúidí oideachais maidir leis an tábhacht atá le héisc áitiúla a ithe. [Leasú 47]

(32)  Ba cheart CEMID a bheith in ann tacú leis an dobharshaothrú, lena n‑áirítear an dobharshaothrú fionnuisce, a chur chun cinn agus a fhorbairt go hinbhuanaithe, le go saothrófar ainmhithe agus plandaí uisceacha chun bia agus amhábhair eile a tháirgeadh. Tá nósanna imeachta riaracháin casta fós i bhfeidhm i mBallstáit áirithe, amhail deacrachtaí rochtana ar spás agus nósanna imeachta troma ceadúnaithe agus fágann sé sin gur deacair don earnáil feabhas a chur ar íomhá táirgí saothraithe agus ar iomaíochas na dtáirgí. Ba cheart an tacaíocht a bheith ag luí le pleananna náisiúnta straitéiseacha ilbhliantúla don dobharshaothrú arna bhforbairt ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Go háirithe, tacaíocht i ndáil le hinbhuanaitheacht chomhshaoil, infheistíochtaí táirgiúla, nuálaíocht, sealbhú scileanna gairmiúla, feabhsú dálaí oibre, bearta cúitimh lena soláthraítear talamh criticiúil agus seirbhísí bainistithe nádúir, ba cheart í a bheith incháilithe. Gníomhaíochtaí sláinte phoiblí, scéimeanna árachais do stoic dhobharshaothraithe agus gníomhaíochtaí sláinte agus leasa ainmhithe, ba cheart iad a bheith incháilithe freisin. Mar sin féin, i gcás infheistíochtaí táirgiúla, níor Ba cheart tacaíocht a sholáthar ach trí ionstraimí airgeadais, más féidir, agus trí InvestEU, toisc go gcuireann siad giaráil is airde ar fáil maidir leis na margaí agus dá bhrí sin is fearr iad ná deontais chun dul i ngleic le dúshláin mhaoinithe na hearnála agus trí dheontais. [Leasú 48]

(33)  Braitheann slándáil an tsoláthair bia ar chosaint na muirthimpeallachta, ar bhainistiú inbhuanaithe stoc éisc, ar mhargaí éifeachtúla dea-eagraithe lena gcuirtear feabhas ar thrédhearcacht, cobhsaíocht, cáilíocht agus éagsúlacht i dtaobh an tslabhra soláthair agus lena gcuirtear faisnéis ar fáil do thomhaltóirí. Chun na críche sin, ba cheart CEMID a bheith in ann tacú le margadh an iascaigh agus na dtáirgí dobharshaothraithe i gcomhréir le cuspóirí Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘Rialachán um Chomheagrú na Margaí’)(18). Go háirithe, ba cheart tacaíocht a bheith ar fáil inter alia le haghaidh eagraíochtaí táirgeoirí a chruthú, lena n-áirítear comharchumainn iascaigh agus táirgeoirí ar mhionchóir, le haghaidh pleananna táirgeachta agus margaithe a chur chun feidhme, le haghaidh feachtais chur chun cinn agus cumarsáide, le haghaidh asraonta margaidh nua a chur chun cinn, le haghaidh staidéir a dhéanamh ar mhargaí, le haghaidh chaomhnú agus neartú Fhaireachlann an Mhargaidh Eorpaigh um Iascach agus um Tháirgí Dobharshaothraithe (EUMOFA) agus le haghaidh faisnéis mhargaidh a fhorbairt agus a scaipeadh. [Leasuithe 49 agus 280]

(33a)   Cuireann cáilíocht agus éagsúlacht earraí bia mara an Aontais buntáiste iomaíoch ar fáil do tháirgeoirí, ar rannchuidiú tábhacht é don oidhreacht chultúrtha agus ghastranómach, a dhéanann caomhnú traidisiúin chultúrtha agus forbairt agus cur i bhfeidhm an tsaineolais nua eolaíche a thabhairt le chéile. Tá níos mó agus níos mó saoránach agus tomhaltóirí ag éileamh táirgí ar ardcháilíocht le sainghnéithe áirithe atá nasctha lena dtionscnamh geografach. Chun na críche sin, beidh CEMID in ann tacú le hearraí bia mara a áirítear in Rialachán (AE) 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(19). Go háirithe, beidh sé in ann tacú le haithint agus clárú Tásca geografacha cáilíochta faoin Rialachán sin. Ina theannta sin, beidh sé in ann tacú leis na heintitis bhainistíochta i dtaca le hainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint (ATFC) agus tásca geografacha faoi chosaint (TGFC), mar aon leis na cláir atá á bhforbairt acu chun an cháilíocht a fheabhsú. Thairis sin, beidh sé in ann tacú leis an taighde a dhéanann na heintitis bhainistíochta sin chun feasacht ar shaoráidí saintáirgthe, próisis agus táirgí a fheabhsú. [Leasú 50]

(33b)  I bhfianaise Rún Pharlaimint na hEorpa an 4 Nollaig 2008 maidir le ‘Plean Eorpach um Bainistiú Broigheall’ agus rún an 17 Meitheamh 2010 maidir le hugach úr don Straitéis um Fhorbairt Inbhuanaithe Dhobharshaothrú na hEorpa, le CEMID , ba cheart tacaíocht a thabhairt do thaighde eolaíoch agus bailiú sonraí maidir le tionchar na n-éan imirceach ar earnáil an dobharshaothraithe agus ar stoic ábhartha éisc an Aontais. [Leasú 51]

(33c)  I bhfianaise an ghá atá le hearnáil dobharshaothraithe atá ag fás agus cailliúintí tábhachtacha na stoc éisc mar gheall ar éin imirceacha, ba cheart do CEMID cúitimh shonracha i leith na gcailliúintí a chur san áireamh go dtí go mbeidh Plean Bainistithe Eorpach i bhfeidhm. [Leasú 52]

(34)  Bíonn ról ag tionscal na próiseála maidir le táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a bheith ar fáil agus caighdeán na dtáirgí. Ba cheart CEMID a bheith in ann tacú le hinfheistíochtaí sonraithe sa tionscal sin, ar choinníoll go dtacaíonn siad le gnóthú cuspóirí CEM. Níor cheart Féadfar tacaíocht den sórt sin a chur ar fáil ach amháin trí dheontais, trí ionstraimí airgeadais agus trí InvestEU seachas trí dheontais. [Leasú 53]

(34a)  Seachas na bearta incháilithe atá luaite cheana, ba cheart do CEMID a bheith in ann tacaíocht a thabhairt do réimsí eile a bhaineann le hiascach agus dobharshaothrú lena n-áirítear tacaíocht d’fhiach cosantach nó bainistiú fiadhúlra núise na speiceas a chuireann leibhéil inbhuanaithe na stoc éisc i mbaol, go sonrach rónta agus broighill.. [Leasú 54]

(34b)  Seachas na bearta incháilithe atá luaite cheana, ba cheart do CEMID a bheith in ann tacaíocht a thabhairt do réimsí eile a bhaineann le hiascach agus dobharshaothrú lena n-áirítear díobháil do ghabhálacha a chúiteamh arb é is cúis léi mamaigh agus éin atá faoi chosaint reachtaíocht an Aontais, go sonrach rónta agus broighill. . [Leasú 55]

(35)  Braitheann cruthú post i réigiúin chósta go mór ar an bhforbairt faoi thionchar an phobail a dhéantar ar gheilleagar gorm inbhuanaithe a fhorbróidh laistigh de theorainneacha éiceolaíocha agus lena dtugtar beocht do chreatlach shóisialta na réigiún sin, lena n-áirítear na hoileáin agus na réigiúin is forimeallaí. Is dócha go gcruthóidh níos fearr le tionscail agus seirbhísí aigéin ná leis an ngeilleagar domhanda agus go gcuirfidh siad go mór leis an bhfostaíocht agus leis an bhfás faoi 2030. Le go mbeidh sé inbhuanaithe, braitheann an fás gorm ar an nuálaíocht agus ar an infheistíocht i ngnólachtaí muirí nua, sa bhithgheilleagar agus sa bhiteicneolaíocht, lena n-áirítear samhlacha inbhuanaithe turasóireachta, fuinneamh in-athnuaite bunaithe ar na haigéin, longthógáil nuálach ardleibhéil agus seirbhís nua calafoirt agus forbairt inbhuanaithe na hearnála iascaigh agus dobharshaothraithe, lenar féidir poist a chruthú agus feabhas a chur ar an bhforbairt áitiúil san am céanna, chomh maith le forbairt táirgí muirí nua atá bunaithe ar bhitheolaíocht. Cé gur cheart infheistíocht sa gheilleagar gorm inbhuanaithe a phríomhshruthú ar fud bhuiséad an Aontais, ba cheart do CEMID D díriú ar choinníollacha cumasaithe maidir le geilleagar gorm inbhuanaithe a fhorbróidh laistigh de theorainneacha éiceolaíocha agus ar scrogaill a bhaint chun infheistíocht agus forbairt ar mhargaí agus ar theicneolaíochtaí nó seirbhísí nua a éascú. Ba cheart tacaíocht d’fhorbairt an gheilleagair ghoirm inbhuanaithe a sholáthar tríd an mbainistíocht chomhroinnte, dhíreach agus indíreach. [Leasú 56]

(35a)  I gcomhréir le hAithris 3 de Rialachán CBI, is féidir tionchar suntasach a bheith ag iascach áineasa ar acmhainní éisc agus mar sin ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go seolfar iad ar bhealach atá ag luí le cuspóirí CBI. Ní féidir iascach áineasa a bhainistiú go cuí, áfach, gan bailiú iontaofa agus athfhillteach de shonraí iascaigh áineasa mar a chuir Parlaimint na hEorpa in iúl go láidir ina rún maidir le riocht na n-iascach áineasa san Aontas Eorpach (2017/2120(INI)). [Leasú 57]

(35b)   Is é an sprioc atá ag geilleagar gorm tomhaltas agus táirgeadh inbhuanaithe a ráthú, agus chomh maith leis sin úsáid éifeachtúil acmhainní i gcomhcheangal le cosaint agus caomhnú éagsúlachta, tháirgiúlacht, athléimneacht, bhunphrionsabail agus luachanna intreacha na n-éiceachóras muirí a ráthú. Tá sé bunaithe ar mheasúnú a dhéanamh ar riachtanais fadtéarmach na nglúnta atá ann anois agus iad siúd atá le teacht. Ciallaíonn sé sin na praghsanna cearta a shocrú d’earraí agus do sheirbhísí. [Leasú 58]

(35c)  Tá gá le bearta tacaíochta chun idirphlé sóisialta a éascú agus chun úsáid a bhaint as CEMID chun cabhrú le hoiliúint oibrithe oilte san earnáil mhuirí agus iascaigh. Leis an tábhacht atá leis na hearnálacha muirí agus iascaigh a nuachóiriú agus an ról atá ag an nuálaíocht chuige sin, is gá measúnú nua a dhéanamh ar na leithdháiltí airgeadais faoi CEMID le haghaidh oiliúint ghairmiúil agus gairmoiliúint.. [Leasú 59]

(35d)   Tá infheistíocht i gcaipiteal daonna riachtanach freisin chun iomaíochas agus feidhmíocht eacnamaíoch na ngníomhaíochtaí iascaireachta agus muirí a mhéadú. Dá bhrí sin, ba cheart do CEMID tacú le seirbhísí comhairleacha, le comhar idir eolaithe agus iascairí, le hoiliúint ghairmiúil, le foghlaim ar feadh an tsaoil, cabhrú le spreagadh scaipeadh eolais agus cabhrú le feidhmíocht fhoriomlán agus iomaíochas foriomlán na n-oibreoirí a fheabhsú mar aon leis an idirphlé sóisialta a chur chun cinn. Mar aitheantas ar an ról atá acu i bpobail iascaireachta, ba cheart, faoi choinníollacha áirithe, tacaíocht a dheonú do chéilí agus do pháirtithe saoil iascairí féinfhostaithe maidir le hoiliúint ghairmiúil, le foghlaim ar feadh an tsaoil, le scaipeadh eolais agus le líonrú a chuireann lena bhforbairt ghairmiúil. [Leasú 60]

(36)  Braitheann forbairt geilleagair ghoirm inbhuanaithe go láidir ar chomhpháirtíochtaí idir geallsealbhóirí áitiúla a chuireann go mór le beocht agus inbhuanaitheacht dhaonra na bpobal agus na ngeilleagar cósta, oileáin agus intíre. Ba cheart do CEMID uirlisí a chur ar fáil chun comhpháirtíochtaí dá leithéid a chothú. Chun na críche sin, ba cheart tacaíocht a bheith la fáil le haghaidh forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail faoin mbainistíocht chomhroinnte. Ba cheart do straitéisí den sórt sin borradh a chur faoin éagsúlú eacnamaíoch i gcomhthéacs áitiúil trí iascach agus dobharshaothrú cósta agus intíre a fhorbairt mar aon le geilleagar gorm inbhuanaithe a fhorbairt. Ba cheart do straitéisí FÁSAP a áirithiú go mbaineann pobail áitiúla leas agus tairbhe as deiseanna a chuireann an geilleagar gorm inbhuanaithe ar fáil, go mbaintear buntáiste as acmhainní comhshaoil, cultúrtha, sóisialta agus daonna agus go ndéantar iad a threisiú. Ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh gach comhpháirtíocht ag teacht le príomhfhócas a straitéise ach ról agus ionadaíocht chothrom a bheith ag na geallsealbhóirí ar fad ón ngeilleagar gorm inbhuanaithe áitiúil. [Leasú 61]

(37)  Faoin mbainistíocht chomhroinnte, ba cheart CEMID a bheith in ann tacú le geilleagar gorm inbhuanaithe a fhorbróidh laistigh de theorainneacha éiceolaíocha trí shonraí a bhailiú, a bhainistiú agus a úsáid chun an t-eolas ar riocht na timpeallachta muirí agus fionnuisce agus riocht na n-acmhainní a fheabhsú. Ba cheart go mbeadh sé mar aidhm leis an tacaíocht sin na riachtanais faoi Threoir 92/43/CEE agus faoi Threoir 2009/147/CE a chomhlíonadh, tacú leis an bpleanáil spásúil mhuirí, le hinbhuanaitheacht na hearnála iascaigh agus dobharshaothraithe agus feabhas a chur ar cháilíocht sonraí agus ar roinnt sonraí trí bhíthin an Líonra Eorpaigh um Breathnóireacht agus Sonraí Muirí. [Leasú 62]

(38)  Faoin mbainistíocht dhíreach agus indíreach, ba cheart do CEMID díriú ar na coinníollacha cumasaithe a chruthú don gheilleagar gorm inbhuanaithe a fhorbraíonn laistigh de theorainneacha éiceolaíocha agus a chothaíonn timpealleacht mhuirí shláintiúil trí rialachas agus bainistíocht chomhtháite an bheartais mhuirí a chur chun cinn, feabhas a chur ar aistriú agus ar ghlacadh taighde, nuálaíocht agus teicneolaíocht sa gheilleagar gorm inbhuanaithe, scileanna muirí a fheabhsú, tuiscint ar na farraigí agus ar na haigéin agus sonraí comhshaoil agus socheacnamaíocha faoin ngeilleagar gorm inbhuanaithe a roinnt, geilleagar gorm inbhuanaithe ísealcharbóin aeráidseasmhach a chur chun cinn agus tairseach thionscadail agus ionstraimí nuálacha airgeadais a fhorbairt. Ba cheart machnamh cuí a dhéanamh ar chás sonrach na réigiún agus na n-oileán is forimeallaí a thagann faoi raon feidhme Airteagal 174 CFAE i ndáil leis na réimsí thuasluaite. [Leasú 63]

(39)  Tá 60 % de na haigéin lastall de theorainneacha dlínse náisiúnta. Ciallaíonn sin go bhfuil comhfhreagracht idirnáisiúnta ann. Is fadhbanna trasteorann iad formhór na bhfadhbanna a bhaineann leis na haigéin lena n‑áirítear an dúshaothrú, an t‑athrú aeráide, an t‑aigéadú, an truailliú agus an, an tsirtheoireacht nó miandóireacht faoi uisce agus a mbíonn laghdú bithéagsúlacht atá ag meath mar thoradh orthu agus dá bhrí sin, ní mór freagairt chomhroinnte a thabhairt orthu. Faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, ina bhfuil an tAontas mar Pháirtí faoi Chinneadh 98/392/CE(20) ón gComhairle, bunaíodh neart cearta dlínsiúla, institiúidí agus creataí ar leith chun gníomhaíocht an duine ar na haigéin a rialú agus a bhainistiú. Le blianta beaga anuas, tá comhaontú domhanda ann gur cheart an mhuirthimpeallacht agus gníomhaíochtaí muirí an duine a bhainistiú go héifeachtach chun aghaidh a thabhairt ar an mbrú ar na haigéin agus ar na farraigí atá ag méadú de shíor. [Leasú 64]

(40)  Mar ghníomhaí domhanda, tá an tAontas meáite ar an rialú idirnáisiúnta aigéan a chur chun cinn, i gcomhréir leis an Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig an gComhairle, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún an 10 Samhain 2016 dar teideal ‘Rialachas idirnáisiúnta aigéan: clár oibre le haghaidh thodhchaí na n‑aigéan’(21). Is beartas nua é beartas rialachais aigéan an Aontais lena gcumhdaítear na haigéin ar bhealach comhtháite. Ní amháin go bhfuil an rialachas idirnáisiúnta aigéan lárnach maidir leis an gClár Oibre don Fhorbairt Inbhuanaithe 2030 agus go háirithe i dtaca le Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 14 (‘na haigéin, na farraigí agus acmhainní muirí a chaomhnú agus a úsáid go hinbhuanaithe don fhorbairt inbhuanaithe’) ach tá sé tábhachtach chun farraigí agus aigéin shábháilte, shlána, ghlana a bhainistítear go hinbhuanaithe a chinntiú do na glúine atá le teacht freisin. Ní mór don Aontas seasamh leis na gealltanais idirnáisiúnta sin a thug sé agus a bheith ina phríomhcheann feadhna maidir le rialachas idirnáisiúnta aigéan níos fearr a dhéanamh ar an leibhéal déthaobhach, réigiúnach agus iltaobhach, lena n-áirítear iascaireacht NNN a chosc, a stopadh agus a dhíothú agus an tionchar ar an timpeallacht mhuirí a íoslaghdú, chun feabhas a chur ar an gcreat um rialachas idirnáisiúnta aigéan, chun brú ar na haigéin agus ar na farraigí a laghdú, chun dálaí a chruthú do gheilleagar gorm inbhuanaithe a fhorbraíonn laistigh de theorainneacha éiceolaíocha agus chun taighde agus sonraí idirnáisiúnta faoi na haigéin a threisiú. [Leasú 65]

(41)  Cuirfidh gníomhaíochtaí faoi CEMID lena gcuirtear an rialachas idirnáisiúnta aigéan chun cinn feabhas ar an gcreat uileghabhálach de phróisis idirnáisiúnta agus réigiúnacha, comhaontuithe, rialacha agus institiúidí chun gníomhaíocht an duine ar na haigéin a rialáil agus a bhainistiú. Ba cheart do CEMID maoiniú a dhéanamh ar shocruithe idirnáisiúnta a rinne an tAontas i réimsí nach gcumhdaítear leis na Comhaontuithe Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe (CCIIanna) a bunaíodh le tríú tíortha éagsúla agus ar ranníocaíocht dhlíthiúil ballraíochta an Aontais le hEagraíochtaí Réigiúnacha um Bainistíocht Iascaigh (ERBIanna). Leanfar den chistiú a thugtar do CCIIanna agus ERBIanna faoi snáithe éagsúla de bhuiséad an Aontais.

(42)  I ndáil leis an tslándáil agus an chosaint, tá cosaint teorainneacha níos fearr agus slándáil mhuirí riachtanach. Faoi Straitéis Slándála Muirí an Aontais a ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh an 24 Meitheamh 2014 agus an Plean Gníomhaíochta a ghabhann léi a glacadh an 16 Nollaig 2014, tá an chomhroinnt faisnéise agus an comhar Garda Teorann agus Cósta Eorpaigh idir an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach, an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí agus an Garda Teorann agus Cósta Eorpach, tá siad an‑tábhachtach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. Dá bhrí sin, ba cheart do CEMID tacú leis an bhfaireachas muirí agus le comhoibriú an gharda cósta faoin mbainistíocht chomhroinnte agus dhíreach, lena n‑áirítear trí bhíthin earraí a cheannach i gcomhair oibríochtaí muirí ilchuspóireacha. Ba cheart dó freisin cead a thabhairt do ghníomhaireachtaí ábhartha tacaíocht a chur chun feidhme i réimse an fhaireachais agus na slándála muirí tríd an ‘mbainistíocht indíreach’.

(43)  Faoin mbainistíocht chomhroinnte, ba cheart do gach Ballstát clár amháin a ullmhú i gcomhar leis na réigiúin uile agus ba cheart don Choimisiún é a fhaomhadh. I gcomhthéacs an réigiúnaithe agus d’fhonn na Ballstáit a spreagadh chun cur chuige níos straitéisí a ghlacadh agus na cláir á n-ullmhú acu, ba cheart don Choimisiún anailís a fhorbairt ar gach imchuach farraige lena léirítear na láidreachtaí agus na laigí coitianta i ndáil le cuspóirí CBI a bhaint amach. Ba cheart go mbeadh an anailís sin mar threoir do na Ballstáit agus don Choimisiún araon le linn idirbheartaíocht a dhéanamh ar gach clár agus dúshláin agus riachtanais réigiúnacha á gcur san áireamh. Agus na cláir á meas, ba cheart don Choimisiún na dúshláin chomhshaoil agus shocheacnamaíocha a bhaineann le CBI, feidhmiú socheacnamaíoch geilleagair ghoirm inbhuanaithe a fhorbraíonn laistigh de theorainneacha éiceolaíocha, go háirithe maidir le hiascach cósta ar an mionchóir, na dúshláin ar leibhéal imchuach farraige, éiceachórais mhuirí a chaomhnú agus a athchóiriú, bruscar muirí a laghdú agus a bhailiú agus athrú aeráide a chomhrac, a mhaolú agus oiriúnú chuige a chur san áireamh. [Leasú 66]

(43a)   Chun cur chun feidhme éifeachtach na mbeart bainistithe ar an leibhéal réigiúnach a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit scéim comhbhainistithe a chur i bhfeidhm ina mbeadh Comhairlí Comhairleacha, eagraíochtaí iascairí, institiúidí/údaráis inniúla rannpháirteach chun idirphlé agus rannpháirtíocht na bpáirtithe uile a neartú. [Leasú 67]

(44)  Ba cheart measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht thacaíocht CEMID sna Ballstáit ar bhonn táscairí. Ba cheart do na Ballstáit tuairisc a thabhairt faoina ndul chun cinn maidir leis na garspriocanna agus na spriocanna atá leagtha síos, agus ba cheart don Choimisiún athbhreithniú feidhmíochta a dhéanamh, bunaithe ar na tuarascálacha a ullmhaíonn na Ballstáit, le go mbeifear in ann fadhbanna i ndáil leis an gcur chun feidhme a aithint go luath agus gníomhaíocht cheartaitheach a shocrú. Ba cheart córas faireacháin agus creat meastóireachta a bhunú chun na críche sin.

(44a)  Tuairiscíodh go raibh an nós imeachta íocaíochta faoin CEMID reatha go dona, toisc nach bhfuil ach 11% de úsáidte agus é ceithre bliana i bhfeidhm. Ba cheart feabhas a chur ar an nós imeachta sin chun dlús a chur le híocaíochtaí le tairbhithe, go háirithe a mhéid a bhaineann le daoine aonair nó le teaghlaigh. [Leasú 68]

(45)  De bhun mhír 22 agus mhír 23 den Chomhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr(22), is gá meastóireacht a dhéanamh ar CEMID ar bhonn faisnéis arna bailiú trí cheanglais faireacháin shonracha agus, san am céanna, ró‑rialáil agus ualach riaracháin, ar na Ballstáit go háirithe, a sheachaint. Ar na ceanglais sin is féidir a áireamh, i gcás inarb iomchuí, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí CEMID an láthair.

(46)  Ba cheart don Choimisiún gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann le CEMID, agus a bhaineann le gníomhaíochtaí agus torthaí CEMID, a chur chun feidhme. Leis na hacmhainní airgeadais arna leithdháileadh ar CEMID, ba cheart rannchuidiú freisin le cumarsáid chorparáideach faoi thosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a fhad a bhaineann siad le tosaíochtaí CEMID.

(46a)   Ba cheart don Choimisiún freisin uirlisí leordhóthanacha a sholáthar chun an tsochaí a chur ar an eolas faoi ghníomhaíochtaí iascaireachta agus dobharshaothraithe agus faoi na sochair a bhaineann le tomhaltas éisc agus bia na mara a éagsúlú. [Leasú 69]

(47)  I gcomhréir le Rialachán (EU) [Rialachán maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais] Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(23), Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2988/95 ón gComhairle(24), Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle(25) agus Rialachán (AE) Uimh. 2017/1939 ón gComhairle(26) déanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha, lena n‑áirítear trí neamhrialtachtaí, lena n‑áirítear calaois, a chosc, a bhrath agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, smachtbhannaí riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 d'fhéadfadh an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) imscrúduithe a dhéanamh, lena n‑áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle, d'fhéadfadh ba cheart d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh calaois agus cionta coiriúla eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a fhiosrú, de réir mar a fhoráiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(27). I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. [Rialachán maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais] ní mór d’aon duine nó d'aon eintiteas a fhaigheann cistí ón Aontas comhoibriú go hiomlán i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais agus na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, do OIPE agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) agus ní mór dó a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéantar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint i ndáil le CEMID a bhainistiú agus a chur chun feidhme, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. [Rialachán maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais] agus le Rialachán (AE) Uimh. [Rialachán lena leagtar síos na Forálacha Coiteanna]. [Leasú 70]

(48)  Chun feabhas a chur ar an trédhearcacht maidir le húsáid chistí an Aontais agus maidir leis an mbainistíocht fhónta airgeadais a dhéantar orthu, go háirithe an rialú poiblí ar an airgead a úsáistear a threisiú, ba cheart faisnéis áirithe áirithe faoi na hoibríochtaí dá dtugtar tacaíocht faoi CEMID a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin de chuid an Bhallstáit i gcomhréir le Rialachán (AE) [an Rialachán lena leagtar síos Forálacha Coiteanna]. Nuair a fhoilseoidh Ballstát faisnéis faoi oibríochtaí arna gcistiú faoi CEMID, cloífidh sé leis na rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(28). [Leasú 71]

(49)  Chun eilimintí neamhriachtanacha áirithe den Rialachán seo a fhorlíonadh agus a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an tairseach thruiceartha agus fad na tréimhse neamh‑inghlacthachta i ndáil le critéir inghlactha na n‑iarratas, sainiú a dhéanamh ar na coinníollacha a bhaineann leis na bearta caomhnaithe a chur chun feidhme don mhaoiniú nach mbaineann leis an gcostas i ndáil le scor buan de ghníomhaíochtaí iascaireachta, sainiú a dhéanamh ar na critéir chun costais bhreise mar gheall ar bhaic ar leith ar na réigiúin is forimeallaí a ríomh, sainiú a dhéanamh ar chásanna neamhchomhlíonta ag na Ballstáit is féidir an sprioc-am íocaíochta a idirbhriseadh mar gheall orthu, sainiú a dhéanamh ar chásanna neamhchomhlíonta thromchúisigh ag na Ballstáit is féidir an íocaíochtaí a chur ar fionraí mar gheall orthu, sainiú a dhéanamh ar na critéir lena mbunaítear leibhéal na gceartuithe airgeadais atá le cur i bhfeidhm agus ar na critéir chun rátaí comhréidhe nó ceartuithe eachtarshuite airgeadais a chur i bhfeidhm, leasú Iarscríbhinn I agus bunú creata faireacháin agus meastóireachta. Chun trasdul rianúil a éascú ón scéim a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 chuig an scéim a bhunaítear leis an Rialachán seo, ba cheart an chumhacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le coinníollacha idirthréimhseacha a bhunú.

(50)  D’fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil le cláir feidhmíochta a fhaomhadh agus a leasú, pleananna oibre náisiúnta i dtaobh bailiú sonraí a fhaomhadh agus a leasú, íocaíochtaí a chur ar fionraí agus ceartuithe airgeadais.

(51)  Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil le nósanna imeachta, formáid agus amchláir maidir leis na pleananna oibre náisiúnta i dtaobh bailiú sonraí a chur isteach agus maidir leis na tuarascálacha bliantúla feidhmíochta a thabhairt ar láimh.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I:

AN CREAT AIRGEADAIS

CAIBIDIL I

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMID). Leagtar síos ann tosaíochtaí CEMID, an buiséid don tréimhse 2021-2027, foirmeacha cistiúcháin ón Aontas agus na rialacha sonracha maidir le cistiú den chineál sin a sholáthar, agus comhlánfaidh na treoirlínte sin na rialacha ginearálta a bhaineann le CEMID faoi Rialachán (AE) Uimh. [Rialachán lena leagtar síos forálacha coiteanna].

Airteagal 2

Raon feidhme geografach

Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le hoibríochtaí a dhéantar i gcríoch an Aontais mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo.

Airteagal 3

Sainmhínithe

1.  Chun críche an Rialacháin seo agus gan dochar do mhír 2, beidh feidhm ag na sainmhínithe dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, in Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013, Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 agus in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. [Rialachán lena leagtar síos forálacha coiteanna].

2.  Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)  ciallaíonn “oibríocht measctha” gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais, lena n‑áirítear laistigh de shaoráidí measctha de bhun Airteagal 2(6) de Rialachán Uimh. [Rialachán maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais], lena gcomhcheanglaítear foirmeacha neamh‑iníoctha tacaíochta agus/nó ionstraimí airgeadais ó bhuiséad an Aontais d'fhoirmeacha iníoctha tacaíochta ó institiúidí forbartha nó institiúidí airgeadais poiblí eile, agus ó institiúidí airgeadais tráchtála agus infheisteoirí;

(2)  ciallaíonn ‘Timpeallacht Chomónta um Chomhroinnt Faisnéise’ (CISE) timpeallacht córas arna fhorbairt chun tacú le malartú faisnéise idir údaráis a bhfuil baint acu le faireachas muirí thar earnálacha agus thar theorainneacha, ionas go gcuirfear lena bhfeasacht siúd maidir le gníomhaíochtaí a dhéantar ar muir; [Leasú 72]

(3)  ciallaíon ‘garda cósta’ údaráis náisiúnta a bhfuil sé de chúram orthu feidhmeanna garda cósta a chomhlíonadh, lena n‑áirítear sábháilteacht mhuirí, slándáil mhuirí, custaim mhuirí, cosc agus díchur ar gháinneáil agus smuigleáil, forfheidhmiú an dlí muirí a bhaineann leis, rialú teorann muirí, faireachas muirí, cosaint an chomhshaoil mhuirí, cuardach agus tarrtháil, freagairt timpiste agus tubaiste, rialú iascaigh, iniúchadh agus gníomhaíochtaí eile a bhaineann leis na feidhmeanna sin; [Leasú 73]

(4)  ciallaíonn ‘Líonra Eorpach um Breathnóireacht agus Sonraí Muirí’ (EMODnet) comhpháirtíocht ina gcuirtear sonraí agus meiteashonraí muirí i dtoll a chéile chun go mbeadh fáil níos éasca ag an bpobal agus ag úsáideoirí príobháideacha ar na hacmhainní scoilte sin i dtreo gur féidir leo úsáid a bhaint astu agus déantar sin trí shonraí muirí idir-inoibritheacha, comhchuibhithe agus atá ar cháilíocht dhearbhaithe a chur ar fáil;

(5)  ciallaíonn ‘iascaireacht thaiscéalaíoch’ iascaireacht stoic nach bhfuil iascaireacht déanta air nó nach bhfuil iascaireacht déanta orthu le cineál áirithe trealaimh i rith na ndeich mbliana roimhe sin.

(6)  ciallaíonn 'iascaire' aon duine nádúrtha ag gabháil do ghníomhaíochtaí iascaireachta tráchtála, faoi mar atá aitheanta ag an mBallstát ábhartha;

(6a)   ciallaíonn ‘iascach áineasa’ gníomhaíochtaí iascaireachta neamhthráchtála lena saothraítear achmhainní bitheolaíocha mara chun críocha áineasa, turasóireachta nó spóirt; [Leasú 74]

(6b)   ciallaíonn ‘earnáil na n-iascach áineasa’ codanna go léir d’iascach áineasa agus na gnóthais agus poist a bhraitheann ar na hiascach sin nó arna ghiniúint ag na hiascach sin; [Leasú 75]

(7)  ciallaíonn "iascaireacht intíre" gníomhaíochtaí iascaireachta chun críocha tráchtála a dhéanann soithí ag feidhmiú dóibh in uiscí intíre nó a dhéanann feistí eile, lena n‑áirítear iad siúd a úsáidtear le haghaidh iascaireachta oighir;

(7a)   ciallaíonn 'iascaire de chois' aon duine nádúrtha ag gabháil do ghníomhaíochtaí iascaireachta tráchtála, faoi mar atá aitheanta ag an mBallstát ábhartha; [Leasú 76]

(8)  ciallaíonn ‘rialachas idirnáisiúnta na n‑aigéan’ togra de chuid an Aontais chun feabhas a chur ar an gcreat uileghabhálach ina gcuimsítear próisis idirnáisiúnta agus réigiúnacha, comhaontuithe, socruithe, rialacha agus institiúidí trí chur chuige chomhtháite trasearnála riailbhunaithe chun a áirithiú go mbeidh na haigéin folláin, sábháilte, slán, glan agus bainistithe go hinbhuanaitheach.

(9)  ciallaíonn' Beartas Muirí ' beartas de chuid an Aontais arb é is aidhm dó cinnteoireacht chomhtháite agus chomhleanúnach a chothú chun forbairt inbhuanaithe, fás eacnamaíoch agus comhtháthú sóisialta na mBallstát a uasmhéadú, agus go háirithe sna réigiún cósta agus oileánach agus sna réigiún is forimeallaí san Aontas, chomh maith le hearnálacha an gheilleagair ghoirm, trí bheartais chomhtháite a bhaineann le cúrsaí muirí agus trí chomhar idirnáisiúnta ábhartha;

(10)  ciallaíonn ‘slándáil mhuirí agus faireachas muirí’ gníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh tuiscint a fháil, cosc a chur nuair is gá agus bainistiú cuimsitheach a dhéanamh ar na heachtraí agus na gníomhaíochtaí uile a bhaineann leis an réimse muirí a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar réimsí na sábháilteachta muirí, na slándála muirí, forfheidhmithe dlí, cosanta, rialaithe teorann, chosaint an chomhshaoil mhuirí, rialaithe iascaigh, trádála agus leasa eacnamaíoch an Aontais;

(11)  ciallaíonn 'pleanáil spásúil mhuirí' próiseas trína ndéanann údaráis an Bhallstáit lena mbaineann anailís ar ghníomhaíochtaí an duine i limistéir mhuirí, agus trína ndéanann siad na gníomhaíochtaí sin a eagrú, d'fhonn cuspóirí éiceolaíocha, eacnamaíocha agus sóisialta a bhaint amach;

(12)  ciallaíonn ‘infheistithe táirgiúla dobharshaothraithe’ infheistithe i dtógáil, leathnú, nuachóiriú nó feistiú saoráidí maidir le táirgiú dobharshaothraithe; [Leasú 77]

(13)  ciallaíonn ‘straitéis imchuach farraige’ creat comhtháite chun tabhairt faoi dhúshláin choiteanna i ndáil le cúrsaí muirí agus cúrsaí mara atá roimh na Ballstáit, agus roimh thríú tíortha i gcásanna inarb iomchuí, in imchuach sonrach amháin nó i bhfo-imchuach farraige amháin nó níos mó, agus chun comhar agus comhordú a chur chun cinn chun comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a bhaint amach; is é an Coimisiúin a fhorbraíonn é i gcomhar leis na Ballstáit agus na tríú tíortha lena mbaineann, a réigiúin agus le geallsealbhóirí eile de réir mar is iomchuí; [Leasú 78]

(14)  ciallaíonn 'iascaireacht chósta ar an mionchóir' iascaireacht arna déanamh ag soithí iascaireachta atá níos giorra ná 12 mhéadar ar an iomlán agus gan trealamh tarraingthe in úsáid acu mar atá liostaithe in Airteagal 2(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle(29), iascaireacht de chois agus bailiú sliogéisc. [Leasú 79]

(14a)   ciallaíonn ‘cabhlach ar an mionchóir ó na réigiúin is forimeallaí’ cabhlach ar an mionchóir a oibríonn sna réigiúin is forimeallaí mar a shainmhínítear i ngach clár oibriúcháin náisiúnta; [Leasú 80]

(15)  ciallaíonn ‘geilleagar gorm inbhuanaithe’ gach gníomhaíocht eacnamaíoch earnála agus trasearnála ar fud an mhargaidh aonair a bhaineann le haigéin, le mara, le cóstaí agus le huiscí intíre, a chumhdaíonn na hoileáin agus na réigiúin is forimeallaí san Aontas agus tíortha talamhiata, lena n-áirítear earnálacha atá ag teacht chun cinn agus earraí agus seirbhísí neamh-mhargaidh, atá dírithe ar leas comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíoch a áirithiú do na glúnta atá ann anois agus do na glúnta atá le teacht agus ag an am céanna éiceachórais mhuirí sláintiúil a athchóiriú agus acmhainní nádúrtha leochaileacha a chosaint, agus atá comhsheasmhach le reachtaíocht comhshaoil an Aontais; [Leasú 81]

(15a)   ciallaíonn ‘comhbhainistíocht’ socrú comhpháirtíochta ina ndéanann an rialtas, pobal úsáideoirí na n-acmhainní áitiúla (iascairí), gníomhaithe seachtracha (eagraíochtaí neamhrialtasacha, institiúidí taighde), agus uaireanta geallsealbhóirí eile iascaigh agus acmhainní cósta (úinéirí bád, trádálaithe éisc, gníomhaireachtaí creidmheasa nó iasachtóirí airgid, tionscal na turasóireachta, etc.) an fhreagracht agus an t-údarás a chomhroinnt maidir le cinnteoireacht i ndáil le bainistiú iascaigh; [Leasú 82]

(15b)   ciallaíonn ‘teagmhas comhshaoil’ feiniméan timpisteach de bhunús nádúrtha nó daonna agus as sin eascraíonn díghrádú ar an gcomhshaol. [Leasú 83]

Airteagal 4

Tosaíochtaí

Cuirfidh CEMID le cur chun feidhme an Chomhbheartais Iascaigh (CBI) agus an bheartais mhuirí. Saothrófar leis na tosaíochtaí seo a leanas:

(1)  Iascaigh inbhuanaithe a chothú agus acmhainní bitheolaíochta mara a chosaint, a athbhunú agus a chaomhnú; [Leasú 291/rev]

(1a)  Dobharshaothrú inbhuanaithe a chothú; [Leasú 85]

(2)  Rannchuidiú le slándáil bia san Aontas trí dhobharshaothrú agus, iascaigh agus margaí atá inbhuanaithe agus freagrach ar bhonn sóisialta margaí iomaíocha agus inbhuanaithe; [Leasú 291/rev]

(3)  Fás geilleagair ghoirm inbhuanaithe a éascú, acmhainn iompair éicealaíoch a chur san áireamh, rathúnas agus comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta a chothú i bpobail chósta, oileáin agus intíre; [Leasú 87]

(4)  Rialachas idirnáisiúnta na n‑aigéan a neartú agus aigéin agus farraigí folláine, sábháilte, slána, glana agus bainistithe go hinbhuanaitheach a shaothrú.

Rannchuideoidh tacaíocht faoi bhun CEMID freisin le cuspóirí an Aontais maidir le maolú an athraithe aeráide agus leis an oiriúnú don athrú sin. Rianófar an iniúchóireacht sin i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach in Iarscríbhinn XIV. [Leasú 88]

Ní bheidh méadú san acmhainn iascaireachta mar thoradh ar shaothrú na gcuspóirí sin. [Leasú 281]

Airteagal 4a

Na réigiúin is forimeallaí

Ní mór go gcuirfí san áireamh i bhforálacha an Rialacháin seo na srianta sonracha a aithnítear in Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. [Leasú 89]

CAIBIDIL II

Creat airgeadais

Airteagal 5

An buiséad

1.  Méadófar an imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme CEMID don tréimhse 2021 – 2027 go EUR 6 140 000 000 EUR 6 867 000 000 i bpraghsanna tairiseacha 2018 (i.e. EUR 7 739 000 000 i bpraghsanna reatha). [Leasú 90]

2.  Déanfar an chuid den imchlúdach airgeadais atá leithdháilte ar CEMID faoi Theideal II a chur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. [Rialachán lena leagtar síos forálacha comhchoiteanna] agus Airteagal 63 de Rialachán (AE) Uimh. [Rialachán maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais].

3.  Is é an Coimisiún féin a dhéanfaidh an chuid den imchlúdach airgeadais atá leithdháilte ar CEMID faoi Theideal III a chur chun feidhme go díreach i gcomhréir le hAirteagal 62(1)(a) de Rialachán (AE) Uimh. [Rialachán maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais] nó, ceachtar acu, déanfar í a chur chun feidhme laistigh de Chreat na bainistíochta indírí i gcomhréir le hAirteagal 62(1)(c) den Rialachán sin.

Airteagal 6

Acmhainní buiséadacha faoi bhainistíocht chomhpháirteach

1.  EUR 5 311 000 000 87 % d’imchlúdach airgeadais CEMID [EUR xxx] i bpraghsanna reatha a bheidh sa chuid den imchlúdach airgeadais atá faoi bhainistíocht chomhpháirteach, mar a shonraítear i dTeideal II i gcomhréir leis an miondealú bliantúil a leagtar amach in Iarscríbhinn V. [Leasú 91]

2.  Maidir le hoibríochtaí sna réigiúin is forimeallaí, déanfaidh gach Ballstát lena mbaineann, na suimeanna seo a leanas ar a laghad a leithdháileadh laistigh dá thacaíocht airgeadais an Aontais a leagtar amach in Iarscríbhinn V:

(a)  EUR 102 000 000 i gcomhair na nAsór agus Mhaidéara;

(b)  EUR 82 000 000 i gcomhair na nOileán Canárach;

(c)  EUR 131 000 000 i gcomhair Guadalúip, Ghuáin na Fraince, Martinique, Réunion agus Saint‑Martin. [Leasú 92]

3.  Ní rachaidh an cúiteamh dá dtagraítear in Airteagal 21 thar 50% de na leithdháiltí dá dtagraítear i bpointe (a), (b) agus (c) de mhír 2. [Leasú 93]

4.  Déanfar 15 % ar a laghad de thacaíocht airgeadais an Aontais a leithdháileadh ar limistéir tacaíochta dá dtagraítear in Airteagal 19 agus Airteagal 20. Féadfaidh Ballstáit nach bhfuil fáil acu ar uiscí an Aontais céatadán níos ísle a chur i bhfeidhm maidir le méid a gcuid tascanna rialaithe agus bailiúcháin sonraí. I gcás nach mbaintear feidhm as leithdháiltí i gcomhair rialaithe agus bailiú sonraí faoi Airteagal 19 agus Airteagal 20 den Rialachán seo, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann méideanna comhfhreagracha a aistriú a bhfuil feidhm le baint astu faoi bhainistiú díreach chun críocha córas rialaithe iascaigh don Aontas a fhorbairt agus a chur chun feidhme, ag an nGníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach, faoi phointe (b) d’Airteagal 40 den Rialachán seo. [Leasú 94]

4a.  Déanfar 25 % ar a laghad de thacaíocht airgeadais an Aontais a leithdháiltear in aghaidh an Bhallstáit a leithdháileadh ar chosaint agus ar athchóiriú na bithéagsúlachta muirí agus cósta agus éiceachórais agus ar eolas mara (Airteagal 22 agus 27). [Leasuithe 283 agus 315]

4b.  Déanfar 10% ar a laghad de thacaíocht airgeadais an Aontais a leithdháileadh ar shábháilteacht agus ar dhálaí oibre agus maireachtála an chriú a fheabhsú agus ar oiliúint, idirphlé sóisialta, scileanna agus fostaíocht. Ní sháróidh tacaíocht airgeadais an Aontais ó CEMID a leithdháileadh in aghaidh an Bhallstáit do na hinfheistíochtaí go léir ar bord 60 % de thacaíocht airgeadais an Aontais a leithdháileadh in aghaidh an Bhallstáit, áfach. [Leasú 96]

5.  Tacaíocht airgeadais an Aontais ó CEMID a leithdháiltear in aghaidh an Bhallstáit ar limistéir tacaíochta dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus 18, ní rachaidh sé thar an tairseach is airde den dá thairseach seo a leanas:

(a)  EUR 6 000 000; nó

(b)  10 % 15 %de thacaíocht airgeadais an Aontais a leithdháiltear ar gach Ballstát. [Leasú 97]

6.  I gcomhréir le hAirteagal 30 go hAirteagal 32 de Rialachán (AE) Uimh. [Rialachán lena leagtar síos forálacha coiteanna], féadfaidh CEMID tacaíocht a thabhairt do chúnamh teicniúil maidir le riarachán éifeachtach a dhéanamh ar an gciste agus úsáid cheart a bhaint as ar thionscnamh Ballstáit.

Airteagal 7

Dáileadh airgeadais le haghaidh an bhainistithe chomhpháirtigh

Leagtar amach na hacmhainní atá ar fáil le haghaidh ghealltanais na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 6(1) don tréimhse 2021 go 2027 sa tábla in Iarscríbhinn V.

Airteagal 8

Acmhainní buiséadacha faoi bhainistíocht dhíreach

1.  EUR 829 000 000 13 % d’imchlúdach airgeadais CEMID [EUR xxx] i bpraghsanna reatha a bheidh sa chuid den imchlúdach airgeadais atá faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach, mar a shonraítear i dTeideal III. [Leasú 98]

2.  Féadfar an méid dá dtagraítear i mír 1 a úsáid le haghaidh cúnaimh theicniúil agus chúnamh riaracháin chun CEMID a chur chun feidhme, cuir i gcás gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, lena n‑áirítear córais teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha.

Go háirithe, ar thionscnamh an Choimisiúin, féadfaidh CEMID tacú leis na bearta seo a leanas, faoi réir na huasteorann 1,7 % den imchlúdach airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5(1):

(a)  cúnaimh theicniúil chun an Rialachán seo a chur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 29 de Rialachán (AE) Uimh. [Rialachán lena leagtar síos Forálacha Coiteanna];

(b)  ullmhúchán, faireachán agus measúnú ar comhaontuithe comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe agus ar rannpháirtíocht an Aontais in eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh;

(c)  gréasán Eorpach de Ghrúpaí Áitiúla Gníomhaíochta a bhunú.

3.  Seasfaidh CEMID costais na ngníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo.

CAIBIDIL III

Clárú

Airteagal 9

Clárú le haghaidh beart arna maoiniú faoi bhainistíocht chomhpháirteach

1.  I gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. [Rialachán lena leagtar síos Forálacha Coiteanna], ullmhóidh gach Ballstát clár náisiúnta amháin nó cláir réigiúnacha oibríochtúla chun na tosaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 4 a chur chun feidhme. [Leasú 99]

2.  Déanfar tacaíocht faoi Theideal II a eagrú feadh na limistéar tacaíochta a leagtar síos in Iarscríbhinn II.

3.  Sa bhreis ar na heilimintí dá dtagraítear in Airteagal 17 de [Rialachán (AE) Uimh. [Rialachán lena leagtar síos Forálacha Coiteanna], áireofar sa chlár na nithe seo leanas:

(a)  anailís ar an gcás i dtéarmaí láidreachtaí, laigí, deiseanna agus bagairtí agus sainaithint na riachtanas a gcaithfear aghaidh a thabhairt orthu sa limistéar geografach atá cumhdaithe faoin gclár, lena n‑áirítear imchuacha farraigí, i gcás inarb ábhartha;

(b)  plean gníomhaíochta maidir le hiascaireacht chósta ar mhionscála dá dtagraítear in Airteagal 15;

(c)  i gcás inarb infheidhme, na pleananna gníomhaíochta maidir leis na réigiúin is forimeallaí dá dtagraítear i mír 4 in Airteagal 29c;. [Leasú 100]

(ca)   i gcás inarb iomchuí, pleananna gníomhaíochta imchuach farraige do na húdaráis fhonáisiúnta atá freagrach as an iascaireacht, as sliogiasc agus as gnóthaí muirí. [Leasú 101]

4.  Mar chuid dá gclár, déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann plean gníomhaíochta a ullmhú le haghaidh gach ceann dá réigiúin is forimeallaí dá dtagraítear in Airteagal 6(2), lena leagfar síos na nithe seo a leanas:

(a)  straitéis maidir leis an saothrú inbhuanaithe iascach agus forbairt an gheilleagair ghoirm inbhuanaithe

(b)  tuairisc ar na príomhghníomhaíochtaí atá beartaithe agus na hacmhainní airgeadais comhfhreagracha, lena n‑airítear:

(i)  tacaíocht struchtúrtha don earnáil iascaigh agus dobharshaothraithe faoi Theideal II:

(ii)  cúiteamh na gcostas breise dá dtagraítear in Airteagal 21;

(iii)  infheistíochtaí eile sa gheilleagar gorm inbhuanaithe is gá chun forbairt inbhuanaithe cois cósta a bhaint amach. [Leasú 102]

5.  Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó tuairimí a fháil ó na Comhairlí ábhartha Comhairleacha, anailís a fhorbairt do gach imchuach farraige a léireoidh láidreachtaí agus laigí coiteanna an imchuacha farraige chéanna maidir le cuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh a bhaint amach, dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. I gcás inarb infheidhme,, agus le gnóthú dea-stádais comhshaoil, amhail dá dtagraítear i dTreoir 2008/56/CE. Cuirfear san áireamh leis an anailís seo na straitéisí imchuacha farraige agus macrairéigiúnacha. [Leasú 103]

6.  Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gclár i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. [Rialachán lena leagtar síos Forálacha Coiteanna]. Ina mheasúnú, déanfaidh an Coimisiún, na nithe seo a leanas a chur san áireamh, go háirithe:

(a)  rannchuidiú an chláir leis na tosaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 4 a uasmhéadú;

(b)  an chothromaíocht idir acmhainn iascaireachta na gcabhlach agus na deiseanna iascaireachta atá ar fáil, mar a thuairiscíonn na Ballstáit go bliantúil de réir Airteagal 22(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(ba)   i gcás inarb infheidhme, an gá atá ann na cabhlaigh a nuachóiriú nó a athnuachan; [Leasú 104]

(c)  i gcás inarb infheidhme, na pleananna bainistíochta ilbhliantúla arna nglacadh faoi Airteagal 9 agus Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, na pleananna bainistíochta arna nglacadh faoi Airteagal 19 de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle agus na moltaí ó eagraíochtaí réigiúnacha bainistíochta iascaigh, i gcás inarb infheidhme maidir leis an Aontas;

(d)  cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha dá dtagraítear in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(da)   rialú ar speicis ionracha a dhéanann damáiste suntasach do tháirgiúlacht na n-iascach; [Leasú 105]

(db)   tacaíocht do thaighde ar threalamh roghnaitheach nuálach iascaireachta, agus ar a úsáid, ar fud an Aontais i gcomhréir, inter alia, le hAirteagal 27 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013; [Leasú 106]

(e)  an fhianaise is déanaí maidir leis an gcothromaíocht idir tosaíochtaí comhshaoil agus feidhmíocht shocheacnamaíoch an gheilleagair ghoirm inbhuanaithe, agus go háirithe earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe; [Leasú 107]

(f)  i gcas inarb infheidhme, na hanailísí dá dtagraítear i mír 5;

(g)  rannchuidiú an chláir chun cothromaíocht idir na gnéithe eacnamaíocha agus sóisialta a bhaint amach agus le caomhnú agus athshlánú éiceachóras muirí, agus beidh an tacaíocht a bhaineann le limistéir Natura 2000 i gcomhréir le creataí gníomhaíochta tosaíochta arna n‑ullmhú de bhun Threoir 92/43/CEE agus fionnuisce; [Leasú 108]

(h)  rannchuidiú an chláir le bruscar muirí a bhailiú agus a laghdú, i gcomhréir le Treoir xx/xx ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [Treoir maidir le tionchar táirgí plaisteacha áirithe ar an timpeallacht a laghdú](30); [Leasú 109]

(i)  rannchuidiú an chláir le maolú an athraithe aeráide agus leis an oiriúnú don athrú sin, lena n-áirítear trí astaíochtaí CO2 a laghdú trí bhíthin coigilt breosla; [Leasú 110]

(ia)   rannchuidiú an chláir le dul i ngleic le hiascaireacht NNN. [Leasú 111]

7.  Faoi réir Airteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh.[Rialachán lena leagtar síos Forálacha Coiteanna], déanfaidh an Coimisiún an clár a fhormheas trí bhíthin gnímh chur chun feidhme. Déanfaidh an Coimisiún an clár a bheartaítear a fhormheas ar choinníoll gur cuireadh an fhaisnéis is gá faoina bhráid.

8.  Faoi réir Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. [Rialachán lena leagtar síos Forálacha Coiteanna], déanfaidh an Coimisiún an clár a fhormheas trí bhíthin gnímh chur chun feidhme.

Airteagal 10

Clárú do thacaíocht faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach

Déanfar Teidil III a chur chun feidhme trí bhíthin clár oibre dá dtagraítear in Airteagal 110 de Rialachán (AE) Uimh. [Rialachán maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i dtaca le buiséad ginearálta an Aontais]. Leagfar amach sna cláir oibre, i gcás inarb infheidhme, an méid foriomlán arna chur i leataobh le haghaidh na n‑oibríochtaí measctha dá dtagraítear in Airteagal 47.

TEIDEAL II:

TACAÍOCHT FAOI BHAINISTIÚ COMHROINNTE

CAIBIDIL I

Prionsabail ghinearálta tacaíochta

Airteagal 11

Státchabhair

1.  Gan dochar do mhír 2, beidh feidhm ag Airteagal 107, ag Airteagal 108 agus ag Airteagal 109 den Chonradh maidir le cabhair arna deonú ag na Ballstáit d'fhiontair in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe.

2.  Mar sin féin, ní bheidh feidhm ag Airteagal 107, ag Airteagal 108 agus ag Airteagal 109 maidir le híocaíochtaí arna ndéanamh ag na Ballstáit de bhun an Rialacháin seo agus a thagann faoi raon feidhme Airteagal 42 den Chonradh.

3.  Forálacha náisiúnta lena mbunaítear maoiniú poiblí a théann thar fhorálacha an Rialacháin seo maidir le híocaíochtaí, dá dtagraítear i mír 2, déanfar iad a láimhseáil ina n‑iomláine ar bhonn mhír 1.

Airteagal 12

Inghlacthacht iarratas

1.  Ní bheidh aon iarratas a thíolacann tairbhí iarratasóir le haghaidh tacaíochta ó CEMID inghlactha ar feadh tréimhse sainaitheanta ama a leagtar síos de bhun mhír 4, má chinn údarás inniúil go bhfuil an tairbhí t-iarratasóir lena mbaineann tar éis na nithe seo a leanas a dhéanamh: [Leasú 112]

(a)  sárú tromchúiseach déanta acu faoi Airteagal 42 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008(31) nó faoi Airteagal 90 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle nó faoi reachtaíocht eile a ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle faoi chuimsiú chreat CBI agus reachtaíocht chomhshaoil an Aontais; [Leasú 317]

(b)  go raibh siad páirteach in oibriú, i mbainistiú nó in úinéireacht soithí iascaireachta atá ar áireamh i liosta soithí a leagtar amach in Airteagal 40(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 nó soithigh a bhfuil bratach air de chuid tríú tíortha neamh‑chomhoibritheacha a leagtar amach in Airteagal 33 den Rialachán sin; nó

(c)  aon cheann de na cionta comhshaoil atá leagtha amach in Airteagal 3 agus Airteagal 4 de Threoir 2008/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(32) déanta acu, má dhéantar an t‑iarratas ar thacaíocht faoi Airteagal 23. [Leasú 114]

2.  Leanfaidh an tairbhí de na coinníollacha inghlacthachta dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh, tar éis an t‑iarratas a chur isteach agus le linn thréimhse iomlán chur chun feidhme na hoibríochta agus ar feadh cúig dhá bhliain tar éis na híocaíochta deiridh leis an tairbhí sin. [Leasú 115]

3.  Gan dochar do rialacha níos forleithne mar a comhaontaíodh sa chomhaontú Comhpháirtíochta leis an mBallstát lena mbaineann, ní bheidh aon iarratas a thíolacann tairbhí inghlactha ar feadh tréimhse sainaitheanta ama a leagtar síos de bhun mhír 4 má chinn údarás inniúil go bhfuil calaois déanta ag an tairbhí sin, mar a shainítear in Airteagal 3 de Threoir 2017/1371/EU ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(33).

4.  Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 52 maidir le na nithe seo a leanas:

(a)  an tairseach chur i ngníomh agus an tréimhse ama neamh‑inghlacthachta dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 3 a shainaithint, a bheidh comhréireach le cineál, tromchúis, fad agus athdhéanamh na sáruithe tromchúiseacha nó na gcionta tromchúiseacha nó na calaoise tromchúisí, agus bliain amháin ar a laghad a bheidh sa tréimhse sin;

(aa)   aon choinníollacha faoina laghdaítear tréimhse na neamh-incháilitheachta; [Leasú 116]

(ab)   sainmhíniú ar na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh tar éis chur isteach na hiarrata dá dtagraítear i mír 2 agus na socruithe maidir leis an cúnamh a deonaíodh a aisghabháil i gcás neamhchomhlíonaidh, a bheidh le scálú de réir thromchúis an tsáraithe a rinneadh; [Leasú 117]

(b)  dátaí ábhartha tosaithe nó críochnaithe na tréimhse dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 3.

5.  Ceanglóidh na Ballstáit ar thairbhithe a bhfuil iarratas á chur isteach acu faoi CEMID go soláthróidh siad deimhniú sínithe don údarás bainistíochta lena ndearbhaítear go bhfuil na critéir atá liostaithe i mír 1 agus mír 3 á n‑urramú acu. Deimhneoidh na Ballstáit fírinneacht an dearbhaithe roimh fhormheas na hoibríochta, bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil i gcomhréir le clár náisiúnta na sáruithe dá dtagraítear in Airteagal 93 den Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, nó ar shonraí eile atá ar fáil.

Chun críocha an fhíorúcháin dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfidh Ballstát ar fáil, arna iarraidh sin do Bhallstát eile, faisnéis atá ina chlár náisiúnta de sháruithe dá dtagraítear in Airteagal 93 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

5a.  Féadfaidh na Ballstáit an tréimhse neamh-inghlacthachta a chur i bhfeidhm i leith na n-iarratas a chur na hiascairí in uiscí intíre isteach, ar iascairí iad a rinne sáruithe tromchúiseacha mar a shainmhínítear sna rialacha náisiúnta. [Leasú 118]

Airteagal 12a

Oibríochtaí incháilithe

Féadfaidh CEMID tacú le meascán d’oibríochtaí éagsúla arna n-aithint ag na Ballstáit ina gcláir, ar choinníoll go bhfuil siad cumhdaithe ag ceann amháin nó níos mó de na tosaíochtaí atá sainaitheanta sa Rialachán seo. [Leasú 119]

Airteagal 13

Oibríochtaí neamh‑incháilithe

Ní bheidh na hoibríochtaí seo a leanas incháilithe faoi CEMID:

(a)  oibríochtaí lena méadaítear acmhainn iascaireachta soithigh, nó lena dtacaítear le héadáil trealaimh a mhéadaíonn cumas an tsoithigh teacht ar éisc, seachas chun críche shábháilteacht nó dhálaí oibre agus maireachtála an chriú a fheabhsú, lena n-áirítear ceartúcháin ar chobhsaíocht an tsoithigh, nó ar cháilíocht an táirge, ar choinníoll go leithdháiltear an méadú ar an mBallstát lena mbaineann laistigh den teorainn, gan an chothromaíocht idir cumas iascaireachta agus deiseanna iascaireachta atá ar fáil a chur i gcontúirt agus gan méadú a dhéanamh ar chumas an tsoithigh lena mbaineann iasc a ghabháil; [Leasú 120]

(b)  soithí nua iascaireachta a thógáil nó a allmhairiú, mura bhforáiltear dá mhalairt sa Rialachán seo;

(c)  soithí iascaireachta a aistriú go tríú tíortha nó soithí a aistriú go clár loingseoireachta tríú tíortha, lena n‑áirítear trí chomhfhiontair a chruthú le comhpháirtithe na dtíortha sin;

(d)  scor sealadach de ghníomhaíochtaí iascaireachta, mura ndéantar foráil don mhéid sin go sonrach sa Rialachán;

(e)  iascaireacht thaiscéalaíoch;

(f)  aistriú úinéireachta ar ghnóthas, seachas aistriú ghnóthais chuig iascairí óga nó táirgeoirí óga dobharshaothraithe; [Leasú 121]

(g)  athstocáil dhíreach, mura bhfuil foráil déanta dó go sainráite mar bheart caomhantais i gníomh dlíthiúil de chuid an Aontais nó i gcásanna athstocála trialaí nó athstocála a bhaineann le próisis chun dálaí comhshaoil agus táirgthe an chomhshaoil nádúrtha a fheabhsú; [Leasú 122]

(h)  calafoirt nua láithreáin nua ag a gcuirtear iasc i dtír a thógáil seachas calafoirt bheaga agus láithreáin ag a gcuirtear iasc i dtír i limistéir iargúlta, go háirithe sna réigiúin is forimleallaí, ar oileáin iargúlta agus i limistéir chósta fhorimeallacha agus neamh-uirbeacha; [Leasú 123]

(i)  sásraí idirghabhála margaidh arb é is aidhm dóibh táirgí iascaigh nó dobharshaothraithe a tharraingt siar ón margadh d'fhonn an soláthar a laghdú ionas nach dtitfeadh praghsanna nó chun cur le praghsanna d'aon turas; ag teacht as sin, oibríochtaí stórála i slabhra lóistíochta a mbeadh an tionchar céanna acu go beartaithe nó go neamhbheartaithe; [Leasú 124]

(j)  ach amháin má fhoráiltear a mhalairt sa Rialachán seo, infheistíochtaí ar bord soithí iascaireachta atá riachtanach chun go gcomhlíonfar na ceanglais faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta, lena n-áirítear ceanglais faoi oibleagáidí an Aontais i gcomhthéacs eagraíochtaí réigiúnacha um bainistíocht iascaigh, ach amháin má chruthaíonn na hinfheistíochtaí sin costais dhíréireacha do na hoibreoirí; [Leasú 125]

(k)  infheistíochtaí ar bord soithí iascaireachta a rinne gníomhaíocht iascaireachta inar caitheadh 60 lá in aghaidh na bliana ar a laghad ar muir le linn an dá bhliain féilire roimh dháta chur isteach an iarratais ar thacaíocht. [Leasú 126]

(ka)  má mhéadaítear cumhacht in kW le príomhinneall nó inneall cúnta soithigh iascaireachta, déanfar iad a ionadú nó a nuachóiriú; [Leasú 127]

(kb)  orgánaigh ghéinmhodnaithe a tháirgeadh, ar táirgeadh é a bhféadfadh tionchar díobhálach a bheith aige ar an gcomhshaol nádúrtha. [Leasú 128]

Airteagal 13a

Tacaíocht d’oibríochtaí i ndáil le bainistiú iascaigh agus cabhlach iascaireachta

Féadfaidh CEMID tacú le hoibríochtaí i ndáil le bainistiú iascaigh agus cabhlach iascaireachta i gcomhréir leis an scéim iontrála/scoir dá dtagraítear in Airteagal 23 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 agus leis na huasteorainn chumais iascaireachta a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin. Go háirithe, déanfaidh na Ballstáit iarracht chun leithdháileadh a n-acmhainn iascaireachta atá ar fáil a bharrfheabhsú, agus riachtanais a gcabhlach á gcur san áireamh, ach gan a n-acmhainn fhoriomlán iascaireachta a mhéadú. [Leasú 323]

CAIBIDIL II

Tosaíocht 1: Iascach inbhuanaithe agus, caomhnú acmhainní bitheolaíocha na mara agus an chobhsaíocht shocheacnamaíoch a chothú; [Leasú 129]

Roinn 1

Coinníollacha ginearálta

Airteagal 14

Raon feidhme ginearálta na tacaíochta

1.  Rannchuideoidh tacaíocht faoin gCaibidil seo le gnóthú chuspóirí comhshaoil, eacnamaíocha, sóisialta agus fostaíochta CBI, amhail mar a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, agus cothóidh sí idirphlé sóisialta idir geallsealbhóirí. [Leasú 130]

2.  I gcás ina ndeontar an tacaíocht faoin gcaibidil seo do shoitheach, ní aistreofar an soitheach sin lasmuigh den Aontas ná ní aistreofar go clár loingseoireachta eile é le linn na gcúig bliana ar a laghad tar éis íocaíocht deiridh an oibríocht ar tugadh tacaíocht di.

3.  Ina theannta sin, beidh tacaíocht faoin gCaibidil seo infheidhme maidir le hiascaireacht intíre, cé is moite d'Airteagal 15 agus Airteagal 17.

Roinn 2

Iascaireacht chósta ar an mionchóir

Airteagal 15

Plean gníomhaíochta CEMID don iascaireacht chósta ar an mionchóir

1.  Mar chuid dá gclár, déanfaidh na Ballstáit plean gníomhaíochta sonrach a ullmhú, agus i gcomhar cuí leis na hearnálacha ábhartha, i ndáil le hiascaireacht chósta ar an mionchóir, ina leagfar amach straitéis chun iascaireacht chósta ar an mionchóir a fhorbairt a bheidh bhrabúsach agus inbhuanaithe. I gcás inarb infheidhme, déanfar an straitéis seo a struchtúrú mar a leanas: [Leasú 131]

(a)  an acmhainneacht iascaireachta a choigeartú agus a bhainistiú

(b)  cleachtais iascaireachta inbhuanaithe ísealcharbóin atá athléimneach i gcoinne athrú na haeráide agus a dhéanann an damáiste is lú is féidir don mhuirthimpeallacht a chur chun cinn;

(c)  atreisiú ar shlabhra breisluacha na hearnála agus straitéisí margaíochta a chur chun cinn, aon sásraí trína gcuirtear feabhas ar an bpraghas céad-díola, iad siúd a chur chun cinn, chun dul chun sochair d’iascairí trí luach níos fearr saothair a thabhairt dóibh, agus aon sásraí trína gcuirtear chun cinn dáileadh cothrom agus iomchuí breisluacha feadh shlabhra luacha na hearnála, iad siúd a chur chun cinn, corrlaigh idirghabhálaithe a laghdú, na praghsanna a íoctar le táirgeoirí a mhéadú agus srian a chur leis na praghsanna a íocann tomhaltóirí deiridh; [Leasú 311]

(d)  scileanna, eolas, nuálaíocht agus fothú acmhainní a chur chun cinn, go háirithe d’iascairí óga; [Leasú 132]

(e)  sláinte, sábháilteacht agus dálaí oibre ar bord soithí iascaireachta, in iascaireacht de chois agus bailiú sloigéisc, agus ar talamh i ngníomhaíochtaí a bhaineann go díreach le hiascaireacht a fheabhsú; [Leasú 133]

(f)  comhlíonadh níos fearr le ceanglais maidir le bailiú sonraí, inrianaitheacht, faireachán, rialú agus faireachas;

(g)  rannpháirtíocht i mbainistiú rannpháirteach an spás muirí, lena n‑áirítear Limistéar Muirí faoi Chosaint agus limistéir Natura 2000;

(h)  éagsúlú gníomhaíochtaí sa gheilleagar gorm inbhuanaithe i gcoitinne;

(i)  comheagrú agus rannpháirtíocht sa phróiseas cinnteoireachta agus sa phróiseas comhairleach.

2.  Cuirfear san áireamh leis an bplean gníomhaíochta treoirlínte deonacha na hEagraíochta Bia agus Talmhaíochta chun an t‑iascach inbhuanaithe ar an mionchóir a chinntiú, agus, i gcás inarb iomchuí, an plean réigiúnach le haghaidh iascach ar mhionscála ón gCoimisiún Iascaigh Ginearálta don Mheánmhuir.

3.  Chun críche chur chun feidhme na straitéise dá dtagraítear i mír 1, bunófar, leis an bplean gníomhaíochta, phríomhchéimeanna agus spriocanna sonracha atá nasctha le táscairí ábhartha arna leagan amach faoin gcreat faireacháin agus meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 37.

3a.  Chun an t-ualach riaracháin ar oibreoirí a mhaolú agus iarratas ar chúnamh á chur isteach acu, déanfaidh na Ballstáit a ndícheall chun foirm iarratais simplithe amháin ón Aontas a thabhairt isteach le haghaidh bhearta CEMID. [Leasú 134]

Airteagal 16

Infheistíochtaí i soithí iascaireachta cósta ar an mionchóir

1.  Féadfaidh CEMID tacú leis na hinfheistíochtaí seo a leanas maidir le soithí iascaireachta ar an mionchóir a bhaineann le roinn chabhlaigh lenar léirigh an tuarascáil is déanaí ar acmhainneacht iascaireachta, dá dtagraítear in Airteagal 22(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, go ndearnadh cothromú leis na deiseanna iascaireachta atá ar fáil don roinn sin:

(a)  cás ina bhfaigheann iascaire óg soitheach iascaireachta den chéad uair agus é faoi bhun 40 bliain d'aois tráth a chuireann sé isteach an t‑iarratas agus a bhfuil cúig bliana oibre ar a laghad curtha de aige mar iascaire nó a bhfuil gairmcháilíocht leordhóthanach bainte amach aige;

(aa)  soithí a athaicmiú, a athnuachan agus a méid a athrú, nuair is follas iad a bheith den seandéanamh, ní a fhágann gur féidir feabhas a chur ar dhálaí iascaireachta agus tréimhsí níos sia a thabhairt ar muir. [Leasú 312]

(b)  príomhinneall nó inneall coimhdeach a ionadú nó a nuachóiriú.

(ba)  rochtain ar chreidmheas, ar árachas, agus ar ionstraimí airgeadais a éascú. [Leasú 136]

2.  Déanfar na soithí dá dtagraítear i mír 1 a fheistiú i le haghaidh iascaireacht mhara agus beidh siad idir 5 agus 30 bliain d'aois. [Leasú 137]

3.  Ní dheonófar an tacaíocht dá dtagraítear i mír 1(b) ach amháin ar na coinníollacha seo a leanas:

(a)  ní mó an chumhacht in kW a bheidh san inneall nua nó nuachóirithe ná a bhí sa seancheann;

(b)  má laghdaítear acmhainn iascaireachta in kW mar thoradh ar ionadú nó nuachóiriú príomhinnill nó innill choimhdigh, baintear an laghdú sin go buan de chlár shoithí iascaireachta an Aontais;

(c)  Déanfaidh an Ballstát cigireacht fhisiceach ar chumhacht innill an tsoithigh iascaireachta lena áirithiú nach sáróidh sé an chumhacht innill sin atá luaite sa cheadúnas iascaireachta.

4.  Ní dhéanfar tacaíocht a dheonú faoin Airteagal seo murar ullmhaíodh an measúnú ar an gcothromú idir acmhainn iascaireachta agus deiseanna iascaireachta sa tuarascáil is déanaí dá dtagraítear in Airteagal 22(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir leis an roinn chabhlaigh a bhfuil na soithí lena mbaineann mar chuid de, murar ullmhaíodh an measúnú sin ar bhonn na dtáscairí bitheolaíocha, eacnamaíocha agus ar bhonn na dtáscairí úsáide soithigh a leagtar amach sna treoracha coiteanna dá dtagraítear sa Rialachán sin.

Roinn 3

Réimsí sonracha tacaíochta

Airteagal 17

Bainistiú iascaigh agus cabhlach iascaireachta

1.  Féadfaidh CEMID tacú le hoibríochtaí i ndáil le bainistiú iascaigh agus cabhlach iascaireachta.

2.  Má dheonaítear an Féadfar an tacaíocht dá dtagraítear i mír 1 trí scor buan gníomhaíochtaí iascaireachta a chúiteamh, ar choinníoll go ndéanfar na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh: [Leasú 139]

(a)  tá an scor buan réamh‑mheasta mar uirlis de chuid phlean gníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 22(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(aa)  is é an toradh atá ar an scor go dtagann laghdú buan ar an acmhainneacht iascaireachta mar nach ndéantar an tacaíocht a fuarthas a athinfheistiú sa chabhlach; [Leasú 140]

(b)  cuirtear an scor buan i gcrích tríd an soitheach iascaireachta a bhriseadh nó a chur as feidhm agus a iarfheistiú i gcomhair gníomhaíochtaí eile seachas iascaireacht tráchtála, agus na bearta sin fós ar aon dul le cuspóirí CBI agus pleananna ilbhliantúla;

(c)  úinéirí soithí iascaireachta an Aontais a cláraíodh mar shoithí gníomhacha agus a rinne gníomhaíocht iascaireachta inar caitheadh 120 90 lá ar a laghad ar muir le linn an dá bhliain féilire roimh dháta chur isteach an iarratais ar thacaíocht; [Leasú 141]

(d)  déantar an acmhainn iascaireachta choibhéiseach a bhaint go buan de chlár loingseoireachta an Aontais agus déantar na ceadúnais agus údaruithe iascaireachta a tharraingt siar go buan, i gcomhréir le hAirteagal 22(5) agus (6) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013; agus

(e)  ní fhéadfaidh tairbhí soitheach iascaireachta nua a chlárú laistigh de chúig bliana tar éis an tacaíocht sin a fháil.

Féadfaidh iascairí, lena n-áirítear úinéirí soithí iascaireachta agus baill an chriú, a d'oibrigh ar muir ar feadh 90 lá ar a laghad ar bord soithigh iascaireachta de chuid an Aontais lena mbaineann an scor buan le linn an dá bhliain roimh dháta chur isteach an iarratais ar thacaíocht tairbhe a bhaint freisin as an tacaíocht dá dtagraítear i mír 1. Scoirfidh na h-iascairí lena mbaineann go hiomlán de na gníomhaíochtaí iascaireachta go léir. Cuirfidh an tairbhí cruthúnas ar fáil don údarás inniúil maidir le scor buan de na gníomhaíochtaí iascaireachta. Aisíocfaidh an t-iascaire an cúiteamh ar bhonn sealadach pro rata sa chás ina dtéann an t-iascaire sin i mbun ghníomhaíocht na hiascaireachta athuair taobh istigh de thréimhse níos lú ná dhá bhliain i ndiaidh dháta chur isteach an iarratais ar thacaíocht. [Leasú 143]

3.  Déanfar an tacaíocht don scor buan gníomhaíochtaí iascaireachta dá dtagraítear i mír 2 a chur i bhfeidhm trí mhaoiniú nach bhfuil nasctha le costais, i gcomhréir le hAirteagal 46(a) agus le hAirteagal 89 de Rialachán (AE) Uimh. [Rialachán lena leagtar síos Forálacha Coiteanna], agus beidh an tacaíocht bunaithe ar na nithe seo a leanas chomhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar síos i mír 2 den Airteagal seo: [Leasú 144]

(a)  coinníollacha a chomhlíonadh, i gcomhréir le hAirteagal 46(a) de Rialachán (AE) Uimh. [Rialachán lena leagtar síos Forálacha Coiteanna]; agus [Leasú 145]

(b)  torthaí a bhaint amach, i gcomhréir le hAirteagal 46(a)(ii) de Rialachán (AE) Uimh. [Rialachán lena leagtar síos Forálacha Coiteanna]. [Leasú 146]

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 52, lena leagtar síos na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (a), a bhainfidh le cur chun feidhme bearta caomhnaithe, dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. [Leasú 147]

4.  Ní dhéanfar tacaíocht a dheonú faoi mhír 2 murar ullmhaíodh an measúnú ar an gcothromú idir acmhainn iascaireachta agus deiseanna iascaireachta sa tuarascáil is déanaí dá dtagraítear in Airteagal 22(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir leis an roinn chabhlaigh a bhfuil na soithí lena mbaineann mar chuid de, murar ullmhaíodh an measúnú sin ar bhonn na dtáscairí bitheolaíocha, eacnamaíocha agus ar bhonn na dtáscairí úsáide soithigh a leagtar amach sna treoracha coiteanna dá dtagraítear sa Rialachán sin.

Airteagal 18

Stop a chur le urghnách gníomhaíochtaí iascaireachta go sealadach [Leasú 148]

1.  Féadfaidh CEMID tacú le cúiteamh as an scor urghnách sealadach iascaireachta arb é is cúis leis ceann de na nithe seo a leanas: [Leasú 149]

(a)  bearta caomhnaithe, dá dtagraítear in Airteagal 7 (1), pointí (a), (b), (c), (i) agus (j) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, lena n-áirítear tréimhsí coiscthe iascaireachta agus TACanna agus cuótaí a chur as an áireamh, nó bearta caomhnaithe coibhéiseacha arna nglacadh ag eagraíochtaí réigiúnacha bainistíochta iascaigh, i gcás inarb infheidhme maidir leis an Aontas; [Leasú 150]

(b)  bearta práinneacha an Choimisiúin nó na mBallstát i gcás bagairt thromchúiseach ar acmhainní bitheolaíocha na mara, dá dtagraítear in Airteagal 12 agus Airteagal 13 faoi seach de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013; [Leasú 151]

(c)  cur isteach ar iarratas nó ar neamh-athnuachan, de dheasca cúiseanna force majeure, i dtaca le comhaontú comhpháirtíochta maidir le hiascach inbhuanaithe nó aon phrótacal a ghabhann leis; nó [Leasú 152]

(d)  tubaistí nádúrtha , teagmhais chomhshaoil, lena n-áirítear eachtraí maidir le dúnta sláinte nó mortlaíocht mhínormálta na n-acmhainní iascaigh, tionóiscí ar muir le linn gníomhaíochtaí iascaireachta agus teagmhais dhíobhálacha aeráide, lena n-áirítear dálaí aimsire contúirteacha faidréiseacha ar muir lena ndéantar difear d’iascach sonrach, a d'aithin go foirmiúil údarás inniúil an Bhallstáit ábhartha. [Leasú 153]

Ní chuirfear fionraí séasúrtha athfhillteach na ngníomhaíochtaí iascaireachta san áireamh agus cúiteamh á dheonú agus íocaíochtaí á ndéanamh faoin Airteagal seo. [Leasú 154]

2.  ní dheonófar an tacaíocht dá dtagraítear i mír 1 ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a)  cás ina gcuirtear stop le gníomhaíochtaí trádála iascaireachta an tsoithigh lena mbaineann ar feadh 90 30 lá as a chéile; agus [Leasú 155]

(b)  cás nach ionann an caillteanas a thagann as an scor agus níos mó ná 25 % de láimhdeachas bliantúil an ghnóthais lena mbaineann, arna ríomh ar bhonn mheánláimhdeachas an ghnóthais sna trí bliana féilire roimhe sin.

3.  Ní dheonófar an tacaíocht dá dtagraítear i mír 1 ach amháin do na daoine seo a leanas:

(a)  úinéirí soithí iascaireachta a cláraíodh mar shoithí gníomhacha agus a rinne gníomhaíocht iascaireachta inar caitheadh 120 lá ar a laghad ar muir le linn gach ceann de na trí bhliain féilire roimh bhliain chur isteach an iarratais ar thacaíocht; nó [Leasú 157]

(b)  iascairí a d'oibrigh ar feadh 120 lá ar a laghad ar bord soithigh iascaireachta de chuid an Aontais lena mbaineann an scor urghnách sealadach le linn an dá bhliain roimh dháta chur isteach an iarratais ar thacaíocht. [Leasú 158]

Ní bheidh feidhm ag líon na laethanta ar muir dá dtagraítear sa mhír seo maidir le hiascaigh eascanna.

4.  Féadfar an tacaíocht dá dtagraítear i mír 1 a dheonú ar feadh uastréimhse sé mhí in aghaidh gach soithigh le linn na tréimhse ó 2021 agus 2027. [Vótáil ar leithligh]

5.  Cuirfear na gníomhaíochtaí uile iascaireachta a dhéanann an soitheach iascaireachta lena mbaineann nó a dhéanann na hiascairí lena mbaineann ar fionraí go héifeachtach le linn na tréimhse a bhaineann leis an scor. Féachfaidh an t‑údarás inniúil chuige go n‑éireoidh an soitheach iascaireachta as aon ghníomhaíocht iascaireachta le linn na tréimhse a bhaineann leis an scor urghnách sealadach agus go seachnófar an róchúiteamh i gcás ina n‑úsáidfí an soitheach chun críocha eile. [Leasú 159]

Airteagal 19

Rialú agus forfheidhmiú

1.  Féadfaidh CEMID tacú le forbairt agus cur chun feidhme córas rialaithe iascaigh de chuid an Aontais dá bhforáiltear in Airteagal 36 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 agus mar a shonraítear i Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle.

2.  De mhaolú ar Airteagal 13(a), féadfar an tacaíocht dá dtagraítear i mír 1 na nithe seo a leanas a chuimsiú:

(a)  ceannach agus, suiteáil agus bainistiú ar shoithí comhpháirteanna atá riachtanach le haghaidh rianú éigeantach soithí agus córas tuairiscithe leictreonach a úsáidtear chun críocha rialaithe agus iniúchta, i gcás soithí iascaireachta cósta ar an mionchóir ar lú ná 12 mhéadar a bhfad iomlán; [Leasú 160]

(b)  ceannach agus suiteáil ar shoithí comhpháirteanna atá riachtanach le haghaidh córas cianfhaireacháin leictreonach a úsáidtear chun cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha dá dtagraítear in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013; [Leasú 161]

(c)  ceannach agus suiteáil ar shoithí gléasanna le haghaidh tomhas leanúnach éigeantach agus chun cumhacht tiomána innill a thaifeadadh. [Leasú 162]

3.  Ina theannta sin, is féidir go gcuideoidh an tacaíocht dá dtagraítear i mír 1 leis an bhfaireachas muirí dá dtagraítear in Airteagal 28 agus go gcuideoidh sé leis an gcomhar Eorpach i ndáil le feidhmeanna carda cósta dá dtagraítear in Airteagal 29.

4.  De mhaolú ar Airteagal 2, féadfar an tacaíocht dá dtagraítear i mír 1 a dheonú d'oibríochtaí a dhéantar lasmuigh de chríoch an Aontais freisin.

Airteagal 20

Bailiú, próiseáil agus scaipeadh sonraí ar mhaithe le bainistiú iascaigh agus dobharshaothraithe agus chun críocha eolaíocha [Leasú 163]

1.  Féadfaidh CEMID tacú le tiomsú, bainistiú, próiseáil, úsáid agus scaipeadh sonraí ar mhaithe le bainistiú iascaigh agus dobharshaothraithe agus chun críocha eolaíocha, lena n-áirítear sonraí maidir le hiascaigh áineasa, dá bhforáiltear le hAirteagal 25(1) agus (2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, agus a shonraítear sa bhreis air sin i Rialachán (AE) Uimh. 2017/1004, bunaithe ar na pleananna oibre náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 2017/1004. [Leasú 164]

2.  De mhaolú ar Airteagal 2, féadfar an tacaíocht dá dtagraítear i mír 1 a dheonú d'oibríochtaí a dhéantar lasmuigh de chríoch an Aontais freisin.

3.  Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha maidir le nósanna imeachta, formáidí agus tráthchláir i ndáil leis na pleananna oibre réigiúnacha a chur faoina bhráid dá dtagraítear i mír 1. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 53(2).

4.  Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena bhformheastar nó lena leasaítear na pleananna oibre dá dtagraítear i mír 1 faoin 31 Nollaig an bhliain roimh an mbliain a mbeidh feidhm ag an bplean oibre uirthi.

Airteagal 22

Bithéagsúlacht agus éiceachórais mhuirí, chósta agus fionnuisce a chosaint agus a athbhunú [Leasú 166]

1.  Féadfaidh an CEMID tacú le gníomhaíochtaí maidir le cosaint agus athshlánú bithéagsúlachta muirí agus, cósta agus fionnuisce a chosaint agus a athbhunú, lena n-áirítear in uiscí intíre. Chun na críche sin, ba cheart an comhar leis an nGníomhaireacht Eorpach Spáis agus le cláir Eorpacha satailíte a chothú chun tuilleadh sonraí a bhailiú faoi staid an truaillithe mhuirí agus go háirithe, maidir le dramhaíl phlaisteach sna huiscí. [Leasú 167]

2.  D'fhéadfadh sé go gcuimseofar na nithe seo a leanas leis an tacaíocht dá dtagraítear i mír 1:

(a)  cúiteamh d’iascairí as trealamh iascaireachta caillte a bhailiú agus bruscar muirí a bhailiú go héighníomhach ón muir, lena n-áirítear bailiú feamainne sargasaí sna réigiúin is forimeallaí i dtrácht; [Leasú 168]

(b)  infheistíochtaí i gcalafoirt chun saoráidí glactha, stórála agus athchúrsála leormhaithe a sholáthar le haghaidh trealamh iascaireachta caillte agus bruscar muirí, chomh maith le gabhálacha de thaisme dá dtagraítear in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a bhailiú ón muir; [Leasú 169]

(ba)   trealamh agus gabhálacha a chosaint ar mhamaigh agus ar éin atá faoi chosaint Threoir 92/43/CEE nó Threoir 2009/147/CE, ar choinníoll nach mbainfidh sé an bonn ó roghnaíocht trealaimh iascaireachta; [Leasú 170]

(bb)   cúiteamh ar threalamh iascaireachta inbhuanaithe agus sliogiascaireachta a úsáid; [Leasú 171]

(c)  gníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh dea-stádas comhshaoil sa mhuirthimpeallacht a bhaint amach, mar a leagtar amach in Airteagal 1(1) de Threoir 2008/56/CE;

(ca)   bearta chun dea-stádas comhshaoil a bhaint amach agus a choinneáil sa chomhshaol fionnuisce; [Leasú 172]

(cb)  gníomhaíochtaí glantacháin, go háirithe i gcás plaisteach, i gcalafoirt agus i limistéir chósta agus iascaireachta an Aontais; [Leasú 173]

(d)  cur chun feidhme na mbeart um chosaint spásúil arna nglacadh de bhun Airteagal 13(4) de Threoir 2008/56/CE;

(e)  bainistiú, athshlánú agus faireachán maidir le limistéir Natura 2000 i gcomhréir le creataí gníomhaíochta tosaíochta arna mbunú de bhun Threoir 92/43/CEE;

(f)  Cosaint speiceas faoi Threoir 92/43/CEE agus, faoi Threoir 2009/147/CE, i gcomhréir le creataí gníomhaíochta tosaíochta arna mbunú de bhun Threoir 92/43/CEE, agus cosaint na speiceas ar fad a chosnaítear faoin gCoinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol (CITES), agus/nó atá ar Liosta Dearg an Aontais Idirnáisiúnta um Chaomhnú an Dúlra agus Acmhainní Nádúrtha (IUCN); [Leasú 174]

(fa)   tógáil, suiteáil nó nuachóiriú saoráidí seasta nó soghluaiste atá beartaithe chun fauna agus flora muirí a chosaint agus a fheabhsú, lena n-áirítear iad a ullmhú go heolaíoch agus meastóireacht a dhéanamh orthu agus, i gcás na réigiún is forimeallaí, feistí comhthiomsaithe iasc atá ar ancaire lena rannchuidítear le hiascaireacht inbhuanaithe agus roghnaíoch; [Leasú 175]

(fb)   scéimeanna chun díobháil do ghabhálacha a chúiteamh arb é is cúis léi mamaigh agus éin atá faoi chosaint Threoir 92/43/CEE agus atá faoi chosaint Threoir 2009/147/CE; [Leasú 176]

(fc)   cur le bainistiú nó caomhnú níos fearr a dhéanamh i dtaca le hacmhainní bitheolaíocha muirí; [Leasú 177]

(fd)   maidir le speicis a chuireann leibhéil inbhuanaithe stoc éisc i mbaol, tacaíocht d’fhiach rialaithe cosantach nó do bhainistiú fiadhúlra ionrach ina leith; [Leasú 178]

(fe)   athstocáil dhíreach mar bheart caomhnaithe i ngníomh dlíthiúil de chuid an Aontais; [Leasú 179]

(ff)   tacaíocht do bhailiú agus do bhainistiú sonraí ar speicis choimhthíocha a bheith ann, rud a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le héifeachtaí turraingeacha ar an mbithéagsúlacht; [Leasú 180]

(fg)   oiliúint d’iascairí, go háirithe i dtaca le húsáid níos roghnaithí feistis agus trealaimh iascaireachta, d’fhonn feasacht a ardú agus an tionchar atá ag an iascaireacht ar an muirthimpeallacht a laghdú. [Leasú 181]

2a.  Féadfaidh CEMID cistiú a sholáthar do dhamáistí agus d’infheistíochtaí faoi threoir phointe (a) agus phointe (b) d’Airteagal 22(2) ag 100 %. [Leasú 182]

2b.  Áirítear ar phointe (e) agus ar phointe (f) de mhír 2 gníomhaíochtaí comhfhreagracha arna ndéanamh ag feirmeacha éisc agus ag feirmeoirí. [Leasú 183]

Airteagal 22a

Taighde eolaíoch agus bailiú sonraí ar an tionchar a bhaineann le héin imirceacha

1.  Féadfaidh CEMID tacú, bunaithe ar na pleananna straitéiseacha náisiúnta ilbhliantúla, le bunú tionscadal náisiúnta nó trasteorann um thaighde eolaíoch bailiú sonraí agus é mar aidhm leo tuiscint níos fearr a fháil ar thionchar na n-éan imirceach ar an earnáil dobharshaothraithe agus ar stoic éisc ábhartha eile an Aontais. Ba cheart do na tionscadail sin a dtorthaí a fhoilsiú go luath agus moltaí a dhéanamh i leith bainistiú níos fearr.

2.  Le bheith incháilithe, ní mór, ar a laghad, institiúid aitheanta náisiúnta amháin nó institiúid aitheanta amháin de chuid an Aontais a bheith i dtionscadal náisiúnta um thaighde eolaíoch agus bailiú sonraí.

3.  Le bheith incháilithe, áireofar ar thionscadal trasteorann um thaighde eolaíoch agus bailiú sonraí institiúid amháin ar a laghad ó dhá Bhallstát éagsúla ar a laghad. [Leasú 184]

Airteagal 22b

Nuálaíochtaí

1.  Chun nuálaíocht san iascach a spreagadh, féadfaidh CEMID tacú le tionscadail lena ndírítear ar an méid seo a leanas a fhorbairt nó a thabhairt isteach: táirgí agus trealamh atá feabhsaithe go suntasach nó atá nua; próisis agus teicnící nua nó feabhsaithe; córais bhainistíochta agus eagrúcháin nua nó fheabhsaithe, lena n-áirítear ar leibhéal na próiseála agus na margaíochta; agus féadfaidh sé tacú le tionscadail lena ndírítear ar dheireadh a chur de réir a chéile le hábhair mhuirí aischurtha agus le fo-ghabhálacha, ar eolas teicniúil nó eagraíochtúil nua a thabhairt isteach, rud lena ndéanfar laghdú ar thionchar na ngníomhaíochtaí iascaireachta ar an gcomhshaol, lena n-áirítear teicnící níos fearr iascaireachta agus roghnaíocht trealaimh iascaireachta, nó ar úsáid níos inbhuanaithe acmhainní muirí beo agus cómhaireachtáil le creachadóirí faoi chosaint a bhaint amach.

2.  Tionscnóidh fiontraithe aonair nó eagraíochtaí táirgeoirí agus a gcomhlachais oibríochtaí arna maoiniú faoin Airteagal seo.

3.  Déanfaidh an Ballstát torthaí na n-oibríochtaí arna maoiniú faoin Airteagal seo a phoibliú. [Leasú 185]

CAIBIDIL IIa

Tosaíocht 1 a: Dobharshaothrú inbhuanaithe a chur chun cinn [Leasú 186]

Airteagal 23

An dobharshaothrú

1.  Féadfaidh CEMID tacú le cur chun cinn dobharshaothraithe inbhuanaithe - idir uisce sáile agus fhionnuisce, lena n-áirítear an dobharshaothrú le córais choimeádta iata agus córais athshruthaithe uisce - dá bhforáiltear in Airteagal 34(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 agus féadfaidh sé tacú leis an méadú ar tháirgeadh dobharshaothraithe, agus acmhainn iompair éiceolaíoch á cur san áireamh. Féadfaidh sé tacú freisin le sláinte agus leas ainmhithe sa dobharshaothrú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(34) agus le Rialachán (AE) Uimh. 652/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(35). [Leasú 187]

2.  Beidh an tacaíocht faoi mhír 1 comhleanúnach leis an bplean straitéiseach náisiúnta ilbhliantúil chun dobharshaothrú a fhorbairt dá dtagraítear in Airteagal 34(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

3.  Féadfar tacú le hinfheistíochtaí táirgiúla dobharshaothraithe faoin Airteagal seo trí dheontais, i gcomhréir le hAirteagal 48(1) de Rialachán (AE) [Rialachán lena leagtar síos Forálacha Coiteanna], agus más féidir, trí na hionstraimí airgeadais dá bhforáiltear in Airteagal 52 de Rialachán (AE) Uimh. [Rialachán lena leagtar síos Forálacha Coiteanna] agus trí InvestEU, i gcomhréir le hAirteagal 10 den Rialachán sin. [Leasú 188]

Airteagal 23a

Líonra Faisnéise Staidrimh um Dhobharshaothrú

1.  Féadfaidh CEMID tacú le bailiú, le bainistiú agus le húsáid sonraí chun an dobharshaothrú a bhainistiú mar a fhoráiltear i bpointí (a) agus (e) d’Airteagal 34(1) agus in Airteagal 34(5) agus i bpointe (d) d’Airteagal 35(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir le Líonra Faisnéise Staidrimh um Dhobharshaothrú (ASIN-RISA) agus pleananna oibre náisiúnta a bhunú lena chur chun feidhme.

2.  De mhaolú ar Airteagal 2, féadfar an tacaíocht dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dheonú le haghaidh oibríochtaí lasmuigh de chríoch an Aontais freisin.

3.  Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha maidir le nósanna imeachta, formáidí agus tráthchláir chun ASIN-RISA a chruthú dá dtagraítear i mír 1. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 53(2).

4.  Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena bhformheastar nó lena leasaítear na pleananna oibre dá dtagraítear i mír 1 faoin 31 Nollaig an bhliain roimh an mbliain a mbeidh feidhm ag an bplean oibre uirthi. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 53(2). [Leasú 189]

CAIBIDIL III

Tosaíocht 2: Rannchuidiú Cur chun cinn iascach agus margaí dobharshaothraithe agus earnálacha próiseála atá iomaíoch agus inbhuanaithe lena rannchuidítear le slándáil bia san Aontas tríd an dobharshaothrú agus trí mhargaí iomaíocha agus inbhuanaithe [Leasú 190]

Airteagal 24

Margaíocht na dtáirgí iascaireachta agus na dtáirgí dobharshaothraithe

1.   Féadfaidh CEMID tacú le gníomhaíochtaí a rannchuidíonn le cuspóirí chomheagraíocht na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe dá bhforáiltear in Airteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 agus a shonraítear sa bhreis air sin i Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013. Ina theannta sin, féadfaidh sé tacú le hinfheistíochtaí agus gníomhaíochtaí inláimhsithe a chuireann chun cinn margaíocht, cáilíocht agus breisluach táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe inbhuanaithe. [Leasú 191]

1a.  Maidir le pleananna margaíochta agus táirgeachta, dá dtagraítear in Airteagal 28 de Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013, a ullmhú agus a chur chun feidhme, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann airleacan de luach 50 % den tacaíocht airgeadais a dheonú tar éis formheas a dhéanamh ar an bplean margaíochta agus táirgeachta i gcomhréir le hAirteagal 28(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013. [Leasú 192]

1b.  Ní bheidh tacaíocht a dheonófar in aghaidh na heagraíochta táirgeoirí in aghaidh na bliana faoin Airteagal seo níos mó ná 3 % de mheánluach bliantúil na táirgeachta arna cur ar an margadh ag an eagraíocht táirgeoirí sin sna trí bliana féilire roimhe sin nó na táirgeachta arna cur ar an margadh ag baill na heagraíochta sin le linn na tréimhse céanna. I gcás aon eagraíochta táirgeoirí nua-aitheanta, ní bheidh an tacaíocht sin níos mó ná 3 % de mheánluach bliantúil na táirgeachta arna cur ar an margadh ag baill na heagraíochta sin sna trí bliana féilire roimhe sin. [Leasú 193]

1c.  Ní dheonófar an tacaíocht dá dtagraítear i mír 2 ach amháin d’eagraíochtaí táirgeoirí agus do chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí. [Leasú 194]

Airteagal 25

Próiseáil agus stóráil na dtáirgí iascaireachta agus na dtáirgí dobharshaothraithe [Leasú 195]

1.  Féadfaidh CEMID tacú le hinfheistíochtaí i bpróiseáil na dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe. Beidh an tacaíocht sin ina rannchuidiú le cuspóirí chomheagraíocht na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe dá bhforáiltear in Airteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 agus a shonraítear sa bhreis air sin i Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013. [Leasú 196]

1a.   Chomh maith leis sin, féadfaidh CEMID tacú le hinfheistíochtaí nuálaíochta i ndáil le táirgí iascaireachta agus dobharsaothraithe, mar aon le comhpháirtíochtaí a chur chun cinn idir eagraíochtaí táirgeoirí agus eagraíochtaí eolaíochta. [Leasú 197]

2.  Féadfar tacaíocht faoin Airteagal seo a dheonú trí dheontais agus trí na hionstraimí airgeadais dá bhforáiltear in Airteagal 52 de Rialachán (AE) Uimh. [Rialachán lena leagtar síos Forálacha Coiteanna] agus trí InvestEU, i gcomhréir le hAirteagal 10 den Rialachán sin. [Leasú 198]

2a.  Féadfaidh na Ballstáit tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt iascach agus plandaí próiseála dobharshaothraithe trí úsáid a bhaint as acmhainní eile faoin gCiste Struchtúrach. [Leasú 199]

Airteagal 25a

Cúnamh stórála

1.  Tacóidh CEMID le cúiteamh d’eagraíochtaí aitheanta táirgeoirí agus do chomhlachais aitheanta eagraíochtaí táirgeoirí a stórálann táirgí iascaigh atá liostaithe in Iarscríbhinn II de Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013, ar choinníoll go stóráiltear na táirgí i gcomhréir le hAirteagal 30 agus le hAirteagal 31 den Rialachán sin agus faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)  nach mbeidh méid an chúnaimh stórála níos mó ná méid na gcostas teicniúil agus airgeadais a bhaineann leis na gníomhaíochtaí is gá chun na táirgí atá i gceist a chobhsú agus a stóráil;

(b)  nach mbeidh na cainníochtaí atá incháilithe do chúnamh stórála níos mó ná 15 % de chainníochtaí bliantúla na dtáirgí lena mbaineann a chuir an eagraíocht táirgeoirí ar díol;

(c)  nach mbeidh an tacaíocht airgeadais in aghaidh na bliana níos mó ná 2 % de mheánluach bliantúil na táirgeachta arna cur ar an margadh ag baill d’eagraíocht táirgeoirí sa tréimhse 2016-2018. Chun críocha an phointe sin, i gcás nár chuir baill d’eagraíocht táirgeoirí aon táirgeacht ar an margadh idir 2016 go 2018, cuirfear san áireamh meánluach bliantúil na táirgeachta arna cur ar an margadh sna chéad trí bliana táirgeachta den bhall sin.

2.  Ní fhéadfar an tacaíocht dá dtagraítear i mír 1 a dheonú go dtí go mbeidh na táirgí curtha ar fáil lena gcaitheamh ag an duine.

3.  Déanfaidh na Ballstáit méid na gcostas teicniúil agus airgeadais is infheidhme ina gcuid críoch a shocrú mar a leanas:

(a)  déanfar costais theicniúla a ríomh gach bliain ar bhonn na gcostas díreach a bhaineann leis na gníomhaíochtaí is gá maidir le cobhsú agus stóráil;

(b)  déanfar costais airgeadais a ríomh gach bliain trí úsáid a bhaint as an ráta úis arna shocrú gach bliain i ngach Ballstát; cuirfear costais theicniúla agus airgeadais ar fáil go poiblí.

4.  Déanfaidh na Ballstáit rialuithe lena áirithiú go gcomhlíonann na táirgí a fhaigheann cúnamh stórála na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo. Chun críocha na rialuithe sin, coimeádfaidh tairbhithe an chúnaimh stórála taifid stoc do gach catagóir táirgí a stóráiltear agus a thugtar isteach sa mhargadh arís níos déanaí lena gcaitheamh ag an duine. [Leasú 200]

CAIBIDIL IV

Tosaíocht 3: Geilleagar gorm inbhuanaithe laistigh de theorainneacha éiceolaíocha a éascú agus pobail rathúla cois cósta, ar oileáin agus ar imeall an uisce a chothú [Leasú 201]

Airteagal 26

An fhorbairt áitiúil agus í faoi stiúir an phobail

1.  Tabharfaidh CEMID tacaíocht d'fhorbairt geilleagar áitiúil a thabhairt do na dálaí fabhracha is gá do gheilleagar gorm inbhuanaithe agus do leas na bpobal áitiúil le forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail mar atá leagtha amach in Airteagal 25 de [Rialachán (AE) Uimh. [Rialachán lena leagtar síos Forálacha Coiteanna]. [Leasú 202]

2.  Chun críche tacaíocht ó CEMID, déanfaidh na straitéisí forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail dá dtagraítear in Airteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. [Rialachán lena leagtar síos forálacha coiteanna], déanfaidh siad a áirithiú go mbainfidh pobail áitiúla leas agus tairbhe níos fearr as na deiseanna a bhaineann leis an ngeilleagar gorm inbhuanaithe laistigh de theorainneacha éiceolaíocha. [Leasú 203]

2a.  Ní mór do na straitéisí luí leis na deiseanna agus na riachtanais atá sainaitheanta sa limistéar ábhartha agus le tosaíochtaí an Aontais a leagtar amach in Airteagal 4. D’fhéadfadh raon straitéisí a bheith ann, idir straitéisí atá dírithe ar iascach agus straitéisí níos forleithne atá dírithe ar éagsúlú limistéar iascaigh. Beidh níos mó i gceist leis an stráitéis ná díreach bailiúchán oibríochtaí nó neas-suíomh beart earnálach. [Leasú 204]

2b.   Ba cheart na gníomhaíochtaí a dhéantar san earnáil sin a bheith ag luí leis na straitéisí forbartha réigiúnacha ionas go dtiocfadh fás ar gheilleagar gorm inbhuanaithe agus go mbeadh breisluach ag críocha cósta. [Leasú 205]

2c.   Déanfaidh na Ballstáit an córas comhbhainistíochta a chur chun feidhme chun a áirithiú go mbainfear amach cuspóirí an Rialacháin seo agus aird á tabhairt ar an staid iascaireachta áitiúil. [Leasú 206]

Airteagal 27

Eolas faoi chúrsaí na mara agus cúrsaí fionnuisce [Leasú 207]

Feadfaidh CEMID tacú freisin le bailiú, bainistiú, anailísiú, próiseáil agus úsáid sonraí chun feabhas a chur ar an bhfaisnéis maidir le staid na muirthimpeallachta agus le timpeallacht an fhionnuisce, iascaigh áineasa agus earnáil na n-iascach áineasa, d’fhonn na spriocanna seo a leanas a bhaint amach: [Leasú 208]

(a)  ceanglais a chomhlíonadh maidir le faireacháin agus ainmniú agus bainistiú láithreáin faoi Threoir 92/43/CEE agus faoi Threoir 2009/147/CE;

(aa)   ceanglais maidir le bailiú sonraí a chomhlíonadh faoi Rialachán (CE) Uimh. 665/2008 ón gCoimisiún(36), Cinneadh 2010/93/AE ón gCoimisiúin(37), agus Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1251 ón gCoimisiún(38) agus an Rialachán maidir leis an gCreat um Bailiú Sonraí; [Leasú 209]

(b)  Tacaíocht a thabhairt do phleanáil spásúil mhuirí dá dtagraítear i dTreoir 2014/89/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(39);

(ba)   ceanglais bailithe sonraí a chomhlíonadh faoin Rialachán maidir leis an gComhbheartas Iascaigh; [Leasú 210]

(c)  Feabhas a chur ar cháilíocht agus comhroinnt sonraí tríd an Líonra Eorpach um Breathnóireacht agus Sonraí Muirí (EMODnet) chomh maith le líonraí sonraí eile lena gcumhdaítear fionnuisce; [Leasú 211]

(ca)   líon na sonraí iontaofa maidir le gabhálacha iascaireachta áineasa a ardú; [Leasú 212]

(cb)   infheistíochtaí san anailís agus breathnóireacht ar thruailliú muirí, go háirithe plaistigh, chun sonraí maidir leis an staid a mhéadú; [Leasú 213]

(cc)   cur leis an eolas faoi bhruscar muirí plaisteach agus faoina thiúchan. [Leasú 214]

CAIBIDIL V

Tosaíocht 4: Rialachas idirnáisiúnta na n‑aigéan a neartú agus aigéin agus farraigí folláine, sábháilte, slána, glana a áirithiú a mbeidh bainistithe inbhuanaithe á dhéanamh orthu

Airteagal 28

An faireachas mara

1.  Féadfaidh CEMID tacú le gníomhaíochtaí a rannchuidíonn le cuspóirí na timpeallachta chomónta um chomhroinnt faisnéise.

2.  De mhaolú ar Airteagal 2, féadfar an tacaíocht dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dheonú d'oibríochtaí a dhéantar lasmuigh de chríoch an Aontais freisin.

2a.   I gcomhréir leis an gcuspóir chun farraigí agus aigéin atá sábháilte, slán, glan agus a ndéantar bainistiú inbhuanaithe orthu a bhaint amach, rannchuideoidh CEMID le Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 14 de Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe a bhaint amach. [Leasú 215]

Airteagal 29

Comhar na ngardaí cósta

1.  Féadfaidh CEMID tacú le gníomhaíochtaí, a bhfuil údaráis náisiúnta i mbun a ndéanta, a rannchuidíonn le comhar Eorpach ar fheidhmeanna garda cósta dá dtagraítear in Airteagal 53 de Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(40), in Airteagal 2b de Rialachán (AE) Uimh. 2016/1625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(41) agus in Airteagal 7a de Rialachán (AE) Uimh. 2016/1626 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(42).

2.  Is féidir go mbeidh na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 ina rannchuidiú le forbairt agus cur chun feidhme chóras rialaithe agus cigireachta iascaigh de chuid an Aontais faoi na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 19. [Leasú 216]

3.  De mhaolú ar Airteagal 2, féadfar an tacaíocht dá dtagraítear i mír 1 a dheonú d'oibríochtaí a dhéantar lasmuigh de chríoch an Aontais freisin.

Airteagal 29a

An dúlra agus speicis a chosaint

Le CEMID , tacófar le gníomhaíochtaí maidir le cosaint an dúlra a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí iad a dhéantar faoi chuimsiú Chairt Dhomhanda na Náisiún Aontaithe ar son an Dúlra, go háirithe Airteagail 21, 22, 23 agus 24 di.

Le CEMID , tacófar freisin le gníomhaíochtaí lena ndírítear ar chomhar deonach le fóraim, eagraíochtaí, comhlachtaí agus institiúidí idirnáisiúnta agus ar chomhordú deonach eatarthu chun modhanna a chomhthiomsú ar mhaithe leis an gcomhrac i gcoinne iascaireacht NNN, phóitseáil speiceas muirí agus an sléachta ar speicis a meastar gur ‘creachadóirí’ ar stoic iasc iad. [Leasuithe 217 agus 301]

Caibidil Va

Na réigiúin is forimeallaí[Leasú 218]

Airteagal 29b

Acmhainní buiséadacha faoi bhainistíocht chomhpháirteach

1.  I gcás oibríochtaí sna réigiúin is forimeallaí, déanfaidh gach Ballstát lena mbaineann, mar chuid de thacaíocht sin an Aontais a leagtar amach in Iarscríbhinn V, agus a ndéanann na Ballstáit sin í a chur ar fáil, na suimeanna seo a leanas ar a laghad a leithdháileadh(43):

(a)  EUR 114 000 000 i bpraghsanna tairiseacha 2018 (i.e. EUR 128 566 000 i bpraghsanna reatha) i gcomhair na nAsór agus Mhaidéara;

(b)  EUR 91 700 000 i bpraghsanna tairiseacha 2018 (i.e. EUR 103 357 000 i bpraghsanna reatha) i gcomhair na nOileán Canárach;

(c)  EUR 146 500 000 i bpraghsanna tairiseacha 2018 (i.e. EUR 165 119 000 i bpraghsanna reatha) i gcomhair Guadalúip, Ghuáin na Fraince, Martinique, Réunion agus Saint-Martin.

2.  Cinnfidh gach Ballstát an chuid de na himchlúdaigh airgeadais arna bunú i mír 1, arna cur i leataobh don chúiteamh dá dtagraítear in Airteagal 29d, agus ní rachaidh sí thar 50 % de gach leitdháileadh dá dtagraítear i mír 1.

3.  De mhaolú ar Airteagal 9(8) den Rialachán seo agus ar Airteagal 19(2) de Rialachán (AE) Uimh. .../... [Rialachán lena leagtar síos na Forálacha Comhchoiteanna], agus chun coinníollacha athraitheacha a áireamh, féadfaidh na Ballstáit liosta agus cainníochtaí na dtáirgí iascaigh incháilithe agus an leibhéal cúitimh dá dtagraítear in Airteagal 29d a choigeartú, ar an gcoinníoll go n-urramaítear na méideanna dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo. Ní bheifear in ann na coigeartuithe sin a dhéanamh ach amháin a mhéid a dhéanfar méadú nó laghdú comhfhreagrach ar na pleananna cúitimh atá ag réigiún eile sa Bhallstát céanna. Cuirfidh an Ballstát an Coimisiún ar an eolas faoi na coigeartuithe roimh ré. [Leasú 321]

Airteagal 29c

Plean gníomhaíochta

Mar chuid dá gclár, déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann plean gníomhaíochta a ullmhú le haghaidh gach ceann dá réigiúin is forimeallaí dá dtagraítear in Airteagal 6(2), lena leagfar síos na nithe seo a leanas:

(a)  straitéis maidir leis an saothrú inbhuanaithe iascach agus forbairt an gheilleagair ghoirm inbhuanaithe;

(b)  tuairisc ar na príomhghníomhaíochtaí atá beartaithe agus na hacmhainní airgeadais comhfhreagracha, lena n-airítear:

i.   tacaíocht struchtúrtha don earnáil iascaigh agus dobharshaothraithe faoi Theideal II;

ii.   an cúiteamh ar chostais bhreise dá dtagraítear in Airteagal 29d, lena n-áirítear an liosta de tháirgí iascaigh agus dobharshaothraithe agus cainníocht na dtáirgí sin agus leibhéal an chúitimh;

iii.   infheistíochtaí eile sa gheilleagar gorm inbhuanaithe is gá chun forbairt inbhuanaithe cois cósta a bhaint amach. [Leasú 220]

Airteagal  29d

Cabhlaigh iascaireachta chósta ar mhionscála a athnuachan agus bearta gaolmhara

Gan dochar do phointe (a) agus do phointe (b) d’Airteagal 13 agus d’Airteagal 16, féadfaidh CEMID tacú leis an méid seo a leanas sna réigiúin is forimeallaí:

(a)  cabhlaigh iascaireachta chósta ar mhionscála a athnuachan, lena n-áirítear soithí nua a thógáil agus a fháil, do na hiarratasóirí sin, cúig bliana roimh thráth a n-iarratais ar an gcúnamh, a mbeidh a bpríomháit chlárúcháin sa réigiún is forimeallaí ina ndéanfar an soitheach nua a chlárú, agus a dhéanfaidh a gcuid gabhálacha éisc uile a thabhairt i dtír i gcalafoirt sna réigiúin is forimeallaí, chun feabhas a chur ar shábháilteacht an duine, chun rialacha an Aontais agus coinníollacha náisiúnta a chomhlíonadh maidir le sláinteachas, sláinte agus dálaí oibre ar bord, chun iascaireacht NNN a chomhrac agus chun éifeachtúlacht chomhshaoil níos fearr a bhaint amach. Fanfaidh an soitheach arna fháil le cúnamh de bheith cláraithe sa réigiún is forimeallaí go ceann 15 bliana ar a laghad ón dáta a dheonófar an chabhair. Mura gcomhlíontar an coinníoll sin, déanfar an cúnamh a aisíoc i méid atá comhréireach, ag féachaint do chineál, tromaíocht, ré agus athdhéanamh an neamhchomhlíonta. Maidir le hathnuachan an chabhlaigh iascaireachta sin, fanfaidh sé laistigh d’uasteorainneacha údaraithe le haghaidh acmhainne, agus comhlíonfaidh sé cuspóirí CBI;

(b)  príomhinneall nó inneall coimhdeach a ionadú nó a nuachóiriú. Féadfaidh cumhacht an innill nua nó an innill nuachóirithe dul thar chumhacht an innill reatha i gcás ina mbeidh údar cuí le cumhacht mhéadaithe ar chúiseanna sábháilteachta ar muir, gan méadú a dhéanamh ar chumas an tsoithigh iascaireachta lena mbaineann iasc a ghabháil;

(c)  cabhail adhmaid struchtúrach soithigh a athchóiriú i bpáirt, nuair atá gá leis sin ar mhaithe le sábháilteacht mhuirí a fheabhsú, de réir chritéir theicniúla oibiachtúla na hailtireachta cabhlaigh;

(d)  calafoirt, bonneagair chalafoirt, láithreáin nua ag a gcuirtear iasc i dtír, hallaí ceantála, longchlóis agus ceardlanna athchóirithe a thógáil agus a nuachóiriú sa chás amháin go rannchuideodh sé sin le hiascaireacht inbhuanaithe. [Leasú 287]

Airteagal 21 29e

Cúiteamh ar chostais bhreise sna réigiúin is forimeallaí le haghaidh táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe

1.  Féadfaidh CEMID tacú le cúiteamh na gcostas breise a thabhaíonn na hoibreoirí le linn iascaireacht, fheirmeoireacht, phróiseáil agus mhargú táirgí áirithe iascaigh agus dobharshaothraithe ó na réigiúin fhorimeallacha a chumhdaítear faoi Airteagal 6(2) 29b(1).

1a.  Beidh an cúiteamh i gcomhréir leis na costais bhreise a bhfuil sé i gceist leis iad a fhritháireamh. Beidh údar cuí leis an leibhéal cúitimh i leith na gcostas breise sa phlean um chúiteamh. Ní rachaidh an cúiteamh, áfach, in aon chás, thar 100 % den chaiteachas a tabhaíodh.

2.  Déanfaidh gach Ballstát lena mbaineann, i gcomhréir leis na critéir atá leagtha síos de réir mír 7, an liosta de tháirgí iascaigh agus dobharshaothraithe agus cainníocht na dtáirgí sin atá incháilithe do chúiteamh a chinneadh do na réigiúin dá dtagraítear i mír 1.

3.  Agus an liosta agus na cainníochtaí dá dtagraítear i mír 2 á mbunú acu, cuirfidh na Ballstáit san áireamh na tosca ábhartha ar fad, go háirithe an gá lena áirithiú go bhfuil an cúiteamh ag luí go hiomlán le rialacha an Chomhbheartais Iascaigh.

4.  Ní dheonófar an cúiteamh le haghaidh táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe:

(a)  a ghabhann soithí tríú tír, cé is moite de shoithí iascaireachta faoi bhratach Veiniséala a oibríonn in uiscí an Aontais, i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2015/1565 ón gComhairle(44);

(b)  a ghabhann soithí iascaireachta an Aontais nach bhfuil cláraithe i gcalafort i gceann amháin de na réigiúin dá dtagraítear i mír 1;

(ba)   a ghabhann soithí iascaireachta an Aontais a chláraítear i gcalafort i gceann amháin de na réigiúin dá dtagraítear i mír 1 ach nach bhfuil ag feidhmiú sa réigiún sin, nó a chomhlachas;

(c)  a allmhairítear ó thríú tíortha.

5.  Ní bheidh feidhm ag mír 4 (b) má sháraíonn acmhainn reatha an tionscail phróiseála sa réigiún is forimeallaí lena mbaineann cainníocht an amhábhair arna sholáthar.

6.  Chun an róchúiteamh a sheachaint maidir leis an gcúiteamh a íocfar do na tairbhithe ata i mbun gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 sna réigiúin is imeallaí nó a bhfuil soitheach ina seilbh acu atá cláraithe i gcalafort sna réigiúin sin agus atá ag feidhmiú ann, cuirfear san áireamh na nithe seo a leanas:

(a)  (a) na costais bhreise a bhaineann le gach táirge iascaigh nó dobharshaothraithe nó le gach catagóir táirgí a thig ó mhíbhuntáistí sonracha na réigiún lena mbaineann; agus

(b)  aon chineál eile idirghabhála poiblí a dhéanann difear do leibhéal na gcostas breise.

7.  Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 52 lena leagtar síos na critéir maidir le ríomh na gcostas breise a eascraíonn as míbhuntáistí sonracha na réigiún lena mbaineann agus lena bhformheastar an creat modheolaíoch chun cúnamh cúitimh a íoc. [Leasú 165]

Airteagal 29f

Státchabhair

1.   Do na táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le CFAE, a bhfuil feidhm ag Airteagal 107, Airteagal 108 agus Airteagal 109 de ina leith, féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 108 CFAE, cabhair oibriúcháin a údarú sna réigiúin is forimeallaí dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE laistigh de na hearnálacha ina dtáirgtear, ina bpróiseáiltear agus ina margaítear táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, d’fhonn na srianta sonracha sna réigiúin sin mar thoradh ar a leithlisiú, a n-oileánachas agus a bhfíoriargúltacht a mhaolú.

2.   Féadfaidh na Ballstáit maoiniú breise a dheonú chun na pleananna cúitimh dá dtagraítear in Airteagal 29d a chur chun feidhme. I gcásanna mar sin, cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoin Státchabhair a fhéadfaidh an Coimisiún a fhormheas i gcomhréir leis an Rialachán seo mar chuid de na pleananna sin. Measfar go mbeidh fógra curtha i leith Státchabhrach a chuirtear in iúl ar an mbealach sin, de réir bhrí na chéad abairte d’Airteagal 108(3) CFAE. [Leasú 222]

Airteagal 29g

Athbhreithniú – POSEI

Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil ar chur chun feidhme fhorálacha na Caibidle seo faoin 31 Nollaig 2023 a thíolacadh agus, más gá, tograí iomchuí a ghlacadh. Déanfaidh an Coimisiún measúnú i dtaobh an bhféadfaí Clár na Roghanna a Bhaineann go Sonrach leis an Iargúltacht agus an Oileánachas (POSEI) a chruthú le haghaidh saincheisteanna muirí agus iascaigh. [Leasú 223]

CAIBIDIL VI

Rialacha le haghaidh cur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhpháirteach

Roinn 1

Tacaíocht ó CEMID

Airteagal 30

Costais bhreise nó ioncam ligthe thar ceal a ríomh

Tacaíocht a dheonaítear ar bhonn costas breise nó ar bhonn ioncam ligthe thar ceal, déanfar í a dheonú faoi cheann de na foirmeacha dá dtagraítear i bpointí (a), (c), (d) agus (e) d'Airteagal 46 de Rialachán (AE) Uimh. [Rialachán lena leagtar síos Forálacha Coiteanna].

Airteagal 31

Rátaí cómhaoinithe a chinneadh

Leagtar amach in Iarscríbhinn II an t‑uasráta cómhaoinithe in aghaidh an réimse tacaíochta.

Airteagal 32

Méid an chúnaimh phoiblí

1.  Cuirfidh na Ballstáit uasráta cabhrach de 50% de chaiteachas incháilithe iomlán na hoibríochta.

2.  De mhaolú ar mhír 1, leagtar amach in Iarscríbhinn III uasrátaí sonracha cabhrach maidir le réimsí airithe tacaíochta agus cineálacha áirithe oibríochtaí.

3.  I gcás ina bhfuil oibríocht amháin ag teacht faoi roinnt ceann de línte 2 go 16 d'Iarscríbhinn III, is ag an t‑uasráta cabhrach is airde a bheidh feidhm.

4.  I gcás ina dtagann oibríocht amháin faoi cheann amháin nó níos mó de línte 2 go 16 d'Iarscríbhinn III agus ina dtagann an oibríocht faoi líne 1 den Iarscríbhinn chéanna, beidh feidhm ag an t‑uasráta cabhrach a luaitear i líne 1.

Airteagal 32a

Beartas muirí agus geilleagar gorm inbhuanaithe a fhorbairt

Tacóidh CEMID le cur chun feidhme an bheartais mhuirí chomhtháite agus le fás an gheilleagair ghoirm inbhuanaithe trí ardáin réigiúnacha a fhorbairt chun tionscadail nuálacha a chistiú. [Leasú 224]

Roinn 2

bainistíocht airgeadais;

Airteagal 33

Briseadh a chur sa sprioc-am íocaíochta

1.  I gcomhréir le hAirteagal 90(4) de Rialachán (AE) Uimh. [Rialachán lena leagtar síos Forálacha Coiteanna], féadfaidh an Coimisiún an spriocdháta íocaíochta d’iarratas íocaíochta ina iomláine, nó do chuid de, a bhriseadh i gcás ina bhfuil fianaise ann lena gcruthaítear nár chomhlíon Ballstát na rialacha is infheidhme faoi CBI nó dlí ábhartha comhshaoil an Aontais, más rud é go bhféadfadh sé difear a dhéanamh don chaiteachas atá in iarratas íocaíochta a bhfuil an íocaíocht eatramhach á hiarraidh ina leith. [Leasú 225]

2.  Sula mbrisfear isteach ar spriocdháta d'íocaíocht dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh an Coimisiún in iúl don Bhallstát go bhfuil fianaise ann a thugann le fios nár comhlíonadh na rialacha agus tabharfar deis don Bhallstát barúlacha a chur i láthair laistigh de thréimhse réasúnta ama.

3.  Beidh an briseadh isteach ar iomlán an chaiteachais dá dtagraítear i mír 1 comhréireach le cineál, tromchúis, fad agus athdhéanamh na neamhchomhlíontachta.

4.  Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 52, lena sainítear na cásanna de neamhchomhlíonadh i mír 1.

Airteagal 34

Íocaíochtaí a chur ar fionraí

1.  I gcomhréir le hAirteagal 91(3) de Rialachán (AE) Uimh. [Rialachán lena leagtar síos Forálacha Coiteanna], féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena gcuirfear ar fionraí iomlán na n-íocaíochtaí eatramhacha faoin gclár nó cuid de na híocaíochtaí sin i gcás neamhchomhlíonadh tromchúiseach na rialacha faoi CBI nó dlí ábhartha comhshaoil an Aontais nuair is dócha go mbeadh tionchar ag an neamhchomhlíonadh tromchúiseach sin ar an gcaiteachas atá in iarratas ar íocaíocht a bhfuil an íocaíocht eatramhach á hiarraidh ina leith. [Leasú 226]

2.  Sula gcuirfear íocaíocht ar fionraí dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh an Coimisiún in iúl don Bhallstát go measann an Coimisiún go bhfuil cás tromchúiseach ann de neamhchomhlíonadh na rialacha is infheidhme faoi CBI agus tabharfar deis don Bhallstát barúlacha a chur i láthair laistigh de thréimhse réasúnta ama.

3.  Beidh an fionraí dá dtagraítear i mír 1 comhréireach, maidir le cineál, tromchúis, fad agus athdhéanamh an neamhchomhlíonta thromchúisigh.

4.  Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 52, lena shainítear na cásanna de neamhchomhlíonadh tromchúiseach dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 35

Ceartuithe airgeadais ag na Ballstáit

1.  I gcomhréir le hAirteagal 97(4) de Rialachán (AE) Uimh. [Rialachán lena leagtar síos Forálacha Coiteanna], cuirfidh na Ballstáit ceartuithe airgeadais i bhfeidhm mura n‑urramaítear na hoibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 12(2) den Rialachán seo.

2.  I gcásanna ina gcuirtear i bhfeidhm na ceartuithe airgeadais dá dtagraítear i mír 1, cinnfidh na Ballstáit méid an cheartaithe, agus beidh an ceartú sin comhréireach, ag féachaint do chineál, tromchúis, fad agus athdhéanamh an tsáraithe nó an cheana a rinne an tairbhí agus tábhacht rannchuidiú CEMID le gníomhaíocht eacnamaíoch an tairbhí.

Airteagal 36

Ceartuithe airgeadais ag an gCoimisiún

1.  I gcomhréir le hAirteagal 98(5) de Rialachán (AE) Uimh. [Rialachán lena leagtar síos Forálacha Coiteanna], glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a dhéanfaidh ceartuithe airgeadais trí iomlán an rannchuidithe ón Aontais, nó cuid den rannchuidiú sin le clár ar leith, a chur ar ceal, más rud é, i ndiaidh dó tabhairt faoin scrúdú is gá, go measann sé:

(a)  go n‑imrítear tionchar ar chaiteachas a áirítear san iarratas ar íocaíocht i gcásanna nach n‑urramaíonn an tairbhí na hoibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 12(2) agus nár cheartaigh an Ballstát an caiteachas sin sular osclaíodh an nós imeachta ceartúcháin faoin mír seo;

(b)  go n-imrítear tionchar ar chaiteachas atá in iarratas íocaíochta de dheasca nár chomhlíon Ballstát, ar bhealach tromchúiseach, rialacha CBI nó dlí ábhartha comhshaoil an Aontais a bhfuil de thoradh air gur cuireadh an íocaíocht ar fionraí faoi Airteagal 34 dá dheasca agus nach féidir leis an mBallstát sin a thaispeáint go fóill go bhfuil na gníomhaíochtaí riachtanacha feabhais déanta aige chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh sé na rialacha is infheidhme amach anseo agus go gcuirfidh sé chun feidhme iad. [Leasú 227]

2.  Cinnfidh an Coimisiún méid ceartúcháin agus cineál, tromchúis, fad agus athdhéanamh an neamhchomhlíonadh thromchúisigh sin ag an mBallstát nó an tairbhí maidir le rialacha CBI nó dhlí ábhartha comhshaoil an Aontais, agus a thábhachtaí atá an ranníocaíocht ó CEMID do ghníomhaíocht eacnamaíoch an tairbhí lena mbaineann. [Leasú 228]

3.  I gcás nach féidir méid an chaiteachais a bhaineann le neamhchomhlíonadh rialacha CBI nó dhlí ábhartha comhshaoil an Aontais ag an mBallstát  a chainníochtú go cruinn, cuirfidh an Coimisiún ceartúchán ráta comhréidh nó ceartúchán eachtarshuite airgeadais i bhfeidhm i gcomhréir le mír 4. [Leasú 229]

4.  Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 52, lena mbunófar na critéir le haghaidh leibhéal an cheartúcháin airgeadais a bheidh le cur i bhfeidhm a shuí agus na critéir le haghaidh cur i bhfeidhm ceartúchán rátaí comhréidh nó eachtarshuite airgeadais.

Roinn 3

Faireachán agus tuairisciú

Airteagal 37

Córas faireacháin agus meastóireachta

1.  Leagtar amach in Iarscríbhinn II na táscairí a úsáidfear le tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn CEMID i dtreo ghnóthú na dtosaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 4.

2.  Chun a áirithiú go measfar go héifeachtach dul chun cinn an Chláir i dtreo ghnóthú a dtosaíochtaí, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 52, chun Iarscríbhinn I a leasú chun na táscairí a athbhreithniú nó a chomhlánú i gcás ina measfar gur gá, agus chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú.

Airteagal 38

Tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht

1.  I gcomhréir le hAirteagal 36(6) de Rialachán (AE) Uimh. [Rialachán lena leagtar síos Forálacha Coiteanna], déanfaidh gach Ballstát tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht a thíolacadh go dtí an Coimisiún tráth nach déanaí ná mí amháin roimh an gcruinniú athbhreithnithe bliantúil. Tíolacfar an chéad tuarascáil in 2023 agus an tuarascáil dheireanach in 2029.

2.  Cuirfear síos sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 ar dhul chun cinn maidir le cur chun feidhme na gclár agus maidir le clocha míle agus spriocanna dá dtagraítear in Airteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. [Rialachán lena leagtar síos Forálacha Coiteanna] a bhaint amach. Ina theannta sin, cuirfear síos sa tuarascáil ar shaincheisteanna a imríonn tionchar ar fheidhmíocht an chláir agus ar na bearta arna ndéanamh chun dul i ngleic leis na saincheisteanna sin.

3.  Déanfar an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 a scrúdú le linn an chruinnithe athbhreithnithe bhliantúil, i gcomhréir le hAirteagal 36 de Rialachán (AE) Uimh. [Rialachán lena leagtar síos Forálacha Coiteanna].

3a.  Foilseoidh gach Ballstát an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 sa bhunteanga agus i gceann amháin de theangacha oibre an Choimisiúin Eorpaigh. [Leasú 230]

3b.  Déanfar an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 a fhoilsiú go rialta ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh. [Leasú 231]

3c.  Foilseoidh gach Ballstát agus an Coimisiún tuarascálacha ar dhea-chleachtais ar a suíomh gréasáin faoi seach. [Leasú 232]

4.  Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos rialacha maidir le hoibriú an chórais sin dá dtagraítear i mír 1. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 53(2).

4a.  Foilseoidh an Coimisiún na doiciméid ábhartha uile a bhaineann le glacadh na ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 7. [Leasú 233]

TEIDEAL III

TACAÍOCHT FAOI BHAINISTÍOCHT DHÍREACH AGUS INDÍREACH

Airteagal 39

Raon feidhme geografach

De mhaolú ar Airteagal 2, féadfar an Teideal seo a dheonú freisin d'oibríochtaí a dhéantar lasmuigh de chríoch an Aontais, cé is moite de chúnamh teicniúil.

CAIBIDIL I

Tosaíocht 1: Iascach inbhuanaithe agus caomhnú acmhainní bitheolaíocha na mara a chothú;

Airteagal 40

Cur chun feidhme an OECC

Tacóidh CEMID le cur chun feidhme CBI trí na nithe seo a leanas:

(a)  Comhairle agus eolas eolaíoch a sholáthar chun críche cinntí fónta agus éifeachtúla maidir le bainistiú iascaigh faoi CBI a chur chun cinn, lena n‑áirítear trí saineolaithe a bheith rannpháirteach i gcomhlachtaí eolaíocha;

(aa)   rannpháirtíocht chistí chlár taighde agus forbartha Fhís na hEorpa a mhéid is féidir chun tacaíocht agus spreagadh a thabhairt do ghníomhaíochtaí taighde agus forbartha agus nuálaíochta san earnáil iascaigh agus dobharshaothraithe; [Leasú 234]

(b)  cur chun feidhme córas rialaithe iascaigh de chuid an Aontais dá bhforáiltear in Airteagal 36 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 agus mar a shonraítear sa bhreis air sin i Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle.

(c)  Feidhmiú Chomhairlí Comhairleacha arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 43 de Rialúchán (AE) Uimh. 1380/2013, a bhfuil cuspóir acu ar cuid de CBI é agus a bhfuil CBI á thacú aige;

(d)  ranníocaíochtaí deonacha le gníomhaíochtaí eagraíochtaí idirnáisiúnta a dhéileálann le cúrsaí iascaigh, i gcomhréir le hAirteagal 29 agus le hAirteagal 30 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

Airteagal 41

Farraigí atá glan agus folláin a chur chun cinn

1.  Tacóidh CEMID le farraigí glana folláine a chur chun cinn, lena n‑áirítear trí gníomhaíochtaí lena dtabharfar tacaíocht do chur chun feidhme Threoir 2008/56/CE agus trí ghníomhaíochtaí lena n‑áiritheofar go mbeidh comhleanúnachas le dea-riocht comhshaoil a bhaint amach de bhun Airteagal 2(5)(j) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, agus lena n‑áiritheofar cur chun feidhme na straitéise Eorpaí le haghaidh plaisteach i ngeilleagar ciorclach.

2.  Beidh an tacaíocht dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir le reachtaíocht chomhshaoil an Aontais, go háirithe maidir leis an gcuspóir dea-stádas comhshaoil a bhaint amach mar a leagtar amach in Airteagal 1(1) de Threoir 2008/56/CE.

CAIBIDIL II

Tosaíocht 2: Rannchuidiú le slándáil bia san Aontas trí iascach, tríd an dobharshaothrú agus trí mhargaí iomaíocha agus inbhuanaithe [Leasú 235]

Airteagal 42

Faisnéis maidir leis an margadh

Tacóidh CEMID le forbairt agus le scaipeadh na faisnéise maidir leis an margadh le haghaidh táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a dhéanfaidh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013, is é sin, go príomha trí Líonra Faisnéise Staidrimh um Dhobharshaothrú (ASIN-RISA) a chruthú. [Leasú 236]

CAIBIDIL III

Tosaíocht 3: An fás sa Na dálaí cuí le haghaidh geilleagar gorm inbhuanaithe a éascú agus muirthimpeallacht shláintiúil do phobail rathúla cois cósta a chothú [Leasú 237]

Airteagal 43

Beartas muirí agus geilleagar gorm inbhuanaithe a fhorbairt a fhorbróidh laistigh de theorainneacha éiceolaíocha ar muir agus i bhfionnuisce [Leasú 238]

Tacóidh CEMID le cur chun feidhme an bheartais mhuirí agus le forbairt geilleagair ghoirm inbhuanaithe trí na nithe seo a leanas: [Leasú 239]

(a)  Geilleagar gorm inbhuanaithe ísealcharbóin aeráidseasmhach a chur chun cinn lena n-áiritheofar folláine an duine agus an chomhshaoil agus a fhorbróidh laistigh de theorainneacha éiceolaíocha ar muir agus i bhfionnuisce; [Leasú 240]

(aa)   athbhunú, cosaint agus cothabháil éagsúlacht, tháirgiúlacht, athléimneacht agus luach intreach na gcóras muirí; [Leasú 241]

(b)  rialachas agus bainistiú comhtháite an bheartais mhuirí a chur chun cinn, lena n-airítear trí phleanáil spásúil mhuirí, straitéisí imchuach farraige, comhar réigiúnach muirí, straitéisí macrairéigiúnacha de chuid an Aontais agus comhar trasteorann; [Leasú 242]

(ba)   an táirgeadh agus tomhaltas freagrach, teicneolaíochtaí glana, fuinneamh in-athnuaite agus sreafaí ciorclacha ábhar a chur chun cinn; [Leasú 243]

(c)  feabhas a chur ar aistriú taighde agus ar an leas a bhaintear as, agus ar nuálaíocht agus teicneolaíocht sa gheilleagar gorm inbhuanaithe, lena n-airítear an líonra Eorpach um breathnóireacht agus sonraí muirí (EMODnet) agus chomh maith leis sin i líonraí sonraí eile ina gcumhdaítear fionnuisce, chun a áirithiú nach mó an fás ná na gnóthachain teicneolaíochta agus éifeachtúlachta, go ndíreofar ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha inbhuanaithe a chomhlíonann riachtanais na nglúnta reatha agus na todhchaí, agus go ndéanfar na huirlisí agus na cumais is gá don aistriú chuig geilleagar ciorclach a fhorbairt i gcomhréir le straitéis an Aontais maidir le plaistigh i ngeilleagar ciorclach; [Leasú 244]

(d)  feabhas a chur ar scileanna muirí, litearthacht maidir le cúrsaí na n-aigéan agus an fhionnuisce agus sonraí socheacnamaíocha faoin ngeilleagar gorm eacnamaíoch a chomhroinnt; [Leasú 245]

(e)  píblínte tionscadal agus ionstraimí airgeadais nuálacha a fhorbairt;

(ea)  tacú le bearta maidir le cosaint agus athbhunú na bithéagsúlachta agus éiceachóras na mara agus an chósta ag tabhairt cúiteamh d’iascairí chun trealamh iascaireachta caillte agus bruscar muirí a bhailiú ón muir. [Leasú 246]

Airteagal 43a

Cinntí infheistíochta sa gheilleagar gorm

Beidh an chomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil mar an bunús do chinntí infheistíochta faoin ngeilleagar gorm inbhuanaithe ionas go seachnófar éifeachtaí díobhálacha ar an timpeallacht a d’fhéadfadh an inbhuanaitheacht fhadtéarmach a chur i mbaol. I gcás nach bhfuil eolas ná faisnéis leordhóthanach ann, cuirfear cur chuige an réamhchúraim i bhfeidhm san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach araon, de bharr go bhféadfadh bearta arna nglacadh a bheith díobhálach. [Leasú 247]

CAIBIDIL IV

Tosaíocht 4: Rialachas idirnáisiúnta na n‑aigéan a neartú, agus aigéin agus farraigí folláine, sábháilte, slána, glana a áirithiú a mbeidh bainistiú inbhuanaithe á dhéanamh orthu

Airteagal 44

Slándáil agus faireachas muirí

Tacóidh CEMID le slándáil agus faireachán muirí a chur chun cinn, lena n‑airítear trí chomhroinnt sonraí, comhar idir an garda cósta agus gníomhaireachtaí, agus comhraicfidh CEMID in aghaidh gníomhaíochtaí gníomhaíochtaí coiriúla agus mídhleathacha ar muir.

Airteagal 45

Rialachas idirnáisiúnta na n‑aigéan

Tacóidh CEMID le cur chun feidhme an bheartais maidir le rialachas idirnáisiúnta na n‑aigéan trí na nithe seo a leanas:

(a)  Ranníocaíochtaí deonacha le heagraíochtaí idirnáisiúnta atá gníomhach i réimse rialachas na n‑aigéan.

(b)  comhar deonach le fóraim, eagraíochtaí, comhlachtaí agus institiúidí agus comhordú eatarthu i gcomhthéacs Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, Chlár Oibre 2030 maidir leis an bhForbairt Inbhuanaithe agus comhaontuithe, socruithe agus comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta eile;

(c)  comhpháirtíochtaí aigéin a chur chun feidhme idir an tAontas agus gníomhaithe aigéin eile;

(d)  comhaontuithe, socruithe agus ionstraimí idirnáisiúnta ábhartha arb é is aidhm dóibh rialachas aigéan níos fearr a chur chun cinn, mar aon le gníomhaíochtaí, bearta, uirlisí agus eolas a áirithíonn aigéin fholláine, shábháilte, shlána, ghlana a mbeidh bainistiú inbhuanaithe á dhéanamh orthu, an méid sin go léir a chur chun feidhme;

(e)  comhaontuithe, bearta agus uirlisí idirnáisiúnta ábhartha a chur chun feidhme chun iascaireacht NNN a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú agus bearta agus uirlisí chun an tionchar ar an gcomhshaol a íoslaghdú, go háirithe i gcás éin mhara, mamaigh farraige agus turtair mhara a ghabháil de thaisme; [Leasú 248]

(f)  Comhar agus forbairt idirnáisiúnta maidir le taighde agus sonraí aigéin

Airteagal 45a

Na haigéin a ghlanadh

Le CEMID, tacófar le cur chun feidhme gníomhaíochtaí lenar féidir gach cineál dramhaíola agus, mar ábhar tosaíochta, plaistigh, ‘ilchríocha plaisteach’ agus dramhaíl ghuaiseach nó radaighníomhach a ghlanadh as na farraigí agus as na haigéin. [Leasuithe 249 agus 300]

CAIBIDIL V

Rialacha maidir le cur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach

Airteagal 46

Cineálacha maoinithe ón Aontas

1.  Féadfaidh CEMID cistiú a chur ar fáil in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. [Rialachán maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais], go háirithe soláthar de bhun Theideal VII den Rialachán sin agus deontais de bhun Theideal VIII den Rialachán sin. Ina theannta sin, féadfaidh sé maoiniú a sholáthar i bhfoirm ionstraimí airgeadais laistigh d'oibríochtaí measctha, dá dtagraítear in Airteagal 47.

2.  Féadfaidh saineolaithe neamhspleácha meastóireacht na dtograí deontais a chur i gcrích.

2a.  Cuirfear dlús le nósanna imeachta íocaíochta a bhaineann leis an Rialachán seo chun an t-ualach eacnamaíoch ar iascairí a laghdú. Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an bhfeidhmíocht reatha chun dlús a chur leis an bpróiseas íocaíochta agus feabhas a chur air. [Leasú 250]

Airteagal 47

Oibríochtaí measctha

Déanfar oibríochtaí measctha faoi CEMID a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. [Rialachán maidir le InvestEU] agus Teideal X de Rialachán (AE) Uimh. [Rialachán maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais]. Sna ceithre mhí tar éis an Rialachán seo a fhoilsiú san Iris Oifigiúil, tíolacfaidh an Coimisiún sraith treoirlínte mionsonraithe do na Ballstáit chun oibríochtaí cumaisc a chur chun feidhme i gcláir oibríochtúla náisiúnta i gcomhréir le CEMID , agus aird ar leith á tabhairt ar oibríochtaí arna ndéanamh ag gníomhaithe áitiúla i bhforbairt áitiúil. [Leasú 251]

Airteagal 48

Meastóireacht

1.  Déanfar meastóireachtaí go tráthúil sa dóigh agus go bhféadfar leas a bhaint astu sa phróiseas cinnteoireachta.

2.  Déanfar an mheastóireacht eatramhach ar an tacaíocht faoi Theideal III ach a mbeidh faisnéis leordhóthanach ar fáil faoina cur chun feidhme, ach tráth nach faide ná ceithre bliana ó thosach chur chun feidhme na tacaíochta. Tabharfar an measúnú sin i bhfoirm tuairisce ón gCoimisiún agus soláthrófar ann measúnú mionsonraithe ar gach gné sonrach den chur chun feidhme. [Leasú 252]

3.  I ndeireadh na tréimhse chur chun feidhme, ach tráth nach déanaí ná ceithre bliana ina diaidh, ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta deiridh maidir leis an tacaíocht faoi Theideal III.

4.  Cuirfidh an Coimisiún torthaí na meastóireachtaí chomh maith lena bharúlacha féin, in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún. [Leasú 253]

4a.  De réir mar is iomchuí, féadfaidh an Coimisiún leasuithe ar an Rialachán seo a mholadh ar bhonn na tuarascála dá dtagraítear i mír 2. [Leasú 254]

Airteagal 49

Iniúchtaí

Iniúchtaí ar úsáid na ranníocaíochta ón Aontas arna ndéanamh ag daoine nó eintitis, lena n‑áirítear daoine nó eintitis nach bhfuil sainordú acu ó institiúidí nó ó chomhlachtaí de chuid an Aontais, sin é an bonn a bheidh leis an gcinnteacht fhoriomlán de bhun Airteagal 127 de Rialachán (AE) Uimh. [Rialachán maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais].

Airteagal 50

Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

1.  Tabharfaidh faighteoirí cistithe ón Aontas aitheantas d'fhoinse an chistithe ón Aontas agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe sin, go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á bpoibliú, trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n‑áirítear na meáin agus an pobal.

2.  Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann le CEMID, agus a bhaineann le gníomhaíochtaí agus torthaí CEMID. Leis na hacmhainní airgeadais arna leithdháileadh ar an gClár, rannchuideofar le cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais freisin, a fhad a bhaineann siad sin leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 4.

Airteagal 51

Eintitis incháilithe

1.  Beidh feidhm leis na critéir incháilitheachta a leagtar amach i mír 2 go 3 mar aon leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 197 de Rialachán (AE) Uimh. [Rialachán maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais.].

2.  Tá na heintitis seo a leanas incháilithe:

(a)  eintitis dhlíthiúla arna mbunú i mBallstát, i dtír nó críoch thar lear nó i dtríú tír, a liostaítear sa chlár oibre faoi na coinníollacha a shonraítear i míreanna 3 agus 4; [Leasú 255]

(b)  aon eintiteas dlíthiúil a bunaíodh faoi dhlí an Aontais, lena n-áirítear eagraíochtaí gairmiúla nó faoi aon eagraíocht idirnáisiúnta. [Leasú 256]

3.  Go heisceachtúil, tá eintitis dhlíthiúla atá bunaithe i dtríú tír incháilithe chun páirt a ghlacadh sa Chlár i gcás ina bhfuil sin riachtanach chun cuspóirí gníomhaíochta ar leith a bhaint amach.

4.  I bprionsabal, ba cheart d'eintitis dhlíthiúla atá bunaithe i dtríú tír nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár costais a rannpháirtíochta a sheasamh.

TEIDEAL IV

FORÁLACHA NÓS IMEACHTA

Airteagal 52

Tarmligean a fheidhmiú

1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.  Tabharfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 12, 17, 21, 33, 34, 36, 37 agus 55 go dtí an 31 Nollaig 2027.

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 12, 17, 21, 33, 34, 36, 37 agus 55 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

5.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 12, 17, 21, 33, 34, 36, 37 nó 55 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 53

Nós imeachta coiste

1.  Beidh CEMID de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(45).

2.  I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. [Leasú 257]

TEIDEAL V

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 54

Aisghairm

1.  Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.

2.  Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 55

Forálacha idirthréimhseacha

1.  Chun an trasdul a éascú ón scéim tacaíochta a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 chuig an scéim a bhunaítear leis an Rialachán seo, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 52 lena leagtar síos na dálaí faoinar féidir le tacaíocht atá formheasta ag an gCoimisiún faoi Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 a chomhtháthú le tacaíocht dá bhforáiltear faoin Rialachán seo.

2.  Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúnachas ná do mhodhnú na ngníomhaíochtaí lena mbaineann, go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu, faoi Rialachán (AE) Uimh. 508/2014, a mbeidh feidhm aige fós maidir leis na gníomhaíochtaí lena mbaineann go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu.

3.  Leanfaidh iarratais a rinneadh faoi Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 de bheith bailí.

Airteagal 56

Teacht i bhfeidhm agus an dáta cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2021 ar aghaidh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in/sa …,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN I

COMHTHÁSCAIRÍ

TOSAÍOCHT

TÁSCAIRE

An t-iascach inbhuanaithe agus caomhnú acmhainní bitheolaíocha na mara a chothú araon

An forás ar thoirt na ngabhálacha éisc a thugtar i dtír as na stoic a bhíonn á meas de réir leibhéal na huastáirgeachta inbhuanaithe (MSY)

An méadú ar bhrabúsacht chabhlach iascaireachta an Aontais agus ar fhostaíocht. [Leasú 260]

An leibhéal comhlíonta leis na cuspóirí comhshaoil arna mbunú leis an bPlean Gníomhaíochta maidir le Caomhnú na Muirthimpeallachta i gcomhréir leis an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí (TRSM) nó, mura bhfuil sé sin ann, torthaí dearfacha suntasacha i láithreáin Natura 2000, agus i limistéir mhuirí faoi chosaint faoi TRSM, a bhfuil cosaint, athchóiriú agus bearta athshlánaithe á gcumhdach ann [Leasú 261]

Céatadán na soithí iascaireachta a bhfuil gléas suímh leictreonach iontu mar aon le gléas tuairiscithe faoi thoirt an éisc a gabhadh

Rannchuidiú le slándáil bia san Aontas trí iascach, tríd an dobharshaothrú agus trí mhargaí atá iomaíocha agus inbhuanaithe[Leasú 258]

An méadú ar luach agus ar thoirt na dtáirgí dobharshaothraithe san Aontas

An méadú ar bhrabúsacht chabhlach iascaireachta an Aontais agus an fhostaíocht [Leasú 262]

An méadú ar luach agus ar thoirt an éisc a thugtar i dtír

An fás sa gheilleagar gorm inbhuanaithe a éascú agus pobail rathúla a chothú cois cósta agus ar oileáin [Leasú 259]

Forbairt an OTI i réigiúin mhuirí an NUTS 3

An fhorbairt ar líon na bpost (san FTE) sa gheilleagar gorm inbhuanaithe

Rialachas idirnáisiúnta na n-aigéan a neartú agus aigéin agus farraigí folláine, sábháilte, slána, glana a áirithiú a mbeidh bainistiú inbhuanaithe á dhéanamh orthu

Líon na gcomhoibríochtaí a chuireann rannchuidiú leis an gcomhar Eorpach i bhfeidhmeanna na ngardaí cósta

IARSCRIBHINN II

RÉIMSÍ TACAÍOCHTA FAOI BHAINISTIÚ COMHROINNTE

TOSAÍOCHT

RÉIMSE TACAÍOCHTA

AN CINEÁL RÉIMSE TACAÍOCHTA (na focail atá le húsáid sa phlean maoinithe)

AN tUASRÁTA CÓMHAOINITHE

(% an caiteachais phoiblí incháilithe

1

Airteagal 14(1)

Cuspóirí comhshaoil, eacnamaíocha, sóisialta agus fostaíochta an Chomhbheartais Iascaigh (CBI) a chur i gcrích

1.1

75%

1

Airteagal 16

Infheistíochtaí i soithí iascaireachta beaga amach ón gcósta

1.1

75% 85 % [Leasú 263]

1

Airteagal 17(1)

Bainistiú na hiascaireachta agus na gcabhlach iascaireachta

1.1

75%

1

Airteagal 17(2)

Stop a chur le gníomhaíochtaí iascaireachta go buan

1.2

50%

1

Airteagal 18

Stop a chur le gníomhaíochtaí iascaireachta go hurghnách

1.2

50%

1

Airteagal 19

Rialú agus forfheidhmiú

1.3

85%

1

Airteagal 20

Tiomsú agus próiseáil sonraí i mbainistiú na hiascaireachta agus chun críche na heolaíochta

1.3

85%

1

Airteagal 21

Cúiteamh ar chostais bhreise sna réigiúin is forimeallaí le haghaidh táirgí iascaigh agus táirgí dobharshaothraithe

1.4

100%

1

Airteagal 22

Cosaint agus athshlánú bhithéagsúlacht na mara agus éiceachórais na mara

1.5

85%

2

Airteagal 23

An dobharshaothrú

2.1

75% 85 %

2

Iascach

2.1

75 % [Leasú 264]

2

Airteagal 23a

Líonra Faisnéise Staidrimh um Dhobharshaothrú

X

75 % [Leasú 265]

2

Airteagal 24

Margaíocht na dtáirgí iascaireachta agus na dtáirgí dobharshaothraithe

2.1 3.1

75%[Leasú 266]

2

Airteagal 25

Próiseáil na dtáirgí iascaireachta agus na dtáirgí dobharshaothraithe

2.1 3.1

75% [Leasú 267]

3

Airteagal 26

An fhorbairt áitiúil agus í faoi stiúir an phobail

3.1

75%

3

Airteagal 27

Eolas faoi chúrsaí na mara

3.1

75%

4

Airteagal 28

An faireachas mara

4.1

75%

4

Airteagal 29

Comhar na ngardaí cósta

4.1

75%

 

Cúnamh teicniúil

5.1

75%

IARSCRÍBHINN III

NA hUASRÁTAÍ SONRACHA DON GHRÁD CÚNTA FAOI CHOMHBHAINISTÍOCHT

UIMHIR NA SRAITHE

RÉIMSE NA TACAÍOCHTA NÓ AN CINEÁL OIBRÍOCHTA

AN tUASRÁTA SA GHRÁD CÚNTA

1

Airteagal 16

Infheistíochtaí i soithí iascaireachta beaga amach ón gcósta

30% 55 % [Leasú 268]

2

Oibríochtaí a chuireann comaoin ar an gcur chun feidhme a ghabhann le hoibleagáid na gabhála éisc a dtagraítear di in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013:

—  oibríochtaí a chuireann feabhas ar an roghnaíocht méideanna, nó ar an acmhainn roghnaíocht speiceas atá sa trealamh iascaireachta;

—  oibríochtaí a chuireann feabhas ar bhonneagar na gcalafort iascaireachta, ar na hallaí ceantála, ar na láithreacha a gcuirtear an t-iasc i dtír, agus ar an bhfoscadh a bhíonn ar fáil, chun an t-iasc a gabhtar de thaisme a chur i dtír agus a stóráil go héasca;

—  oibríochtaí a chuireann éascaíocht i margaíocht an éisc de chuid na stoc tráchtála a gabhtar de thaisme i gcomhréir le hAirteagal 8(2)(b) de rialachán (AE) Uimh. 1379/2013.

75%

3

Oibríochtaí a chuireann feabhas ar shláinte, ar shábháilteacht agus ar dhálaí oibre ar bord soithí iascaireachta

75%

4

Oibríochtaí atá lonnaithe sna réigiúin is forimeallaí

85%

5

Oibríochtaí atá lonnaithe ar Oileáin iargúlta na hÉireann, na Gréige agus ar oileán Dugi Otok, Vis, Mljet agus Lastovo sa Chróit [Leasú 269]

85%

6

Airteagal 19

Rialú agus forfheidhmiú

85%

7

Oibríochtaí a bhaineann leis an iascaireacht cois cósta ar scála beag (lena n-áirítear an rialú agus an forfheidhmiú)

100%

8

An uair is comhlacht poiblí dlí atá sa tairbhí, nó gnóthas a bhfuil oibriú seirbhísí ar mhaithe le leas coiteann na heacnamaíochta de chúram air, de réir mar a dtagraítear dó sin in Airteagal 106(2) den Chonradh, sa chás go gceadaítear tacaíocht leis na seirbhísí sin a chur chun oibre

100%

9

Airteagal 17(2)

Stop a chur le gníomhaíochtaí iascaireachta go buan

100%

10

Airteagal 18

Stop a chur le gníomhaíochtaí iascaireachta go hurghnách

100%

11

Airteagal 20

Tiomsú agus próiseáil sonraí i mbainistiú na hiascaireachta agus chun críche na heolaíochta

100%

12

Airteagal 21

Cúiteamh ar chostais bhreise sna réigiúin is forimeallaí le haghaidh táirgí iascaigh agus táirgí dobharshaothraithe

100%

13

Airteagal 27

Eolas faoi chúrsaí na mara

100%

14

Airteagal 28

An faireachas mara

100%

15

Airteagal 29

Comhar na ngardaí cósta

100%

16

Oibríochtaí a bhaineann le dearadh, le forbairt, le faire, le measúnú agus le bainistiú ar chórais thrédhearcacha sa mhalartú deiseanna iascaireachta idir na Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 16(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013

100%

16a

Oibríochtaí a dhéanann tairbhithe tionscadal comhchoiteann

60 % [Leasú 270]

16b

Oibríochtaí a dhéanann eagraíocht idirchraoibhe, eagraíocht táirgeoirí nó comhlachas eagraíochta táirgeoirí

75 % [Leasú 271]

IARSCRÍBHINN IV

NA COMHÉIFEACHTAÍ LE MÉID NA TACAÍOCHTA A RÍOMH i gCÁS SPRIOCANNA A BHAINEANN LEIS AN gCOMHSHAOL AGUS LEIS AN ATHRÚ AERÁIDE

*Féadfaidh Ballstát moladh a chur sa chlár atá aige go ndéanfaí comhéifeacht 40% a leithdháileadh ar réimse tacaíochta a bhfuil * leis sa tábla ach a bhféada sé ábharthacht an réimse thacaíochta sin do mhaolú an athraithe aeráide a léiriú, agus an ábharthacht atá ann don oiriúnú don athrú aeráide, nó do spriocanna a bhaineann leis an gcomhshaol, de réir mar is iomchuí.

IARSCRÍBHINN V

ACMHAINÍ FORIOMLÁNA GACH BALLSTÁIT DON CHISTE EORPACH MUIRÍ, IASCAIGH AGUS DOBHARSHAOTHRAITHE DON TRÉIMHSE 2021 GO 2027 [Leasú 1]

 

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

BE

5 420 528

5 528 939

5 639 520

5 752 311

5 867 358

5 984 701

6 072 814

40 266 171

BG

11 435 037

11 663 737

11 897 017

12 134 959

12 377 660

12 625 203

12 811 085

84 944 698

CZ

4 039 229

4 120 014

4 202 416

4 286 465

4 372 195

4 459 635

4 525 295

30 005 249

DK

27 053 971

27 595 050

28 146 963

28 709 906

29 284 109

29 869 767

30 309 543

200 969 309

DE

28 513 544

29 083 814

29 665 502

30 258 817

30 863 998

31 481 253

31 944 754

211 811 682

EE

13 110 534

13 372 744

13 640 205

13 913 011

14 191 273

14 475 087

14 688 206

97 391 060

IE

19 165 423

19 548 731

19 939 714

20 338 511

20 745 284

21 160 173

21 471 716

142 369 552

EL

50 480 983

51 490 602

52 520 436

53 570 852

54 642 278

55 735 079

56 555 673

374 995 903

ES

150 831 009

153 847 625

156 924 643

160 063 158

163 264 447

166 529 604

168 981 438

1 120 441 924

FR

76 346 460

77 873 387

79 430 888

81 019 517

82 639 920

84 292 652

85 533 702

567 136 526

HR

32 804 523

33 460 613

34 129 839

34 812 441

35 508 695

36 218 841

36 752 095

243 687 047

IT

69 761 016

71 156 235

72 579 390

74 030 988

75 511 619

77 021 791

78 155 791

518 216 830

CY

5 156 833

5 259 970

5 365 171

5 472 475

5 581 926

5 693 560

5 777 387

38 307 322

LV

18 156 754

18 519 888

18 890 294

19 268 103

19 653 468

20 046 521

20 341 668

134 876 696

LT

8 236 376

8 401 103

8 569 129

8 740 512

8 915 324

9 093 623

9 227 510

61 183 577

LU

—  

—  

—  

—  

—  

—  

—  

—  

HU

5 076 470

5 177 999

5 281 561

5 387 193

5 494 938

5 604 832

5 687 353

37 710 346

MT

2 938 064

2 996 826

3 056 763

3 117 899

3 180 258

3 243 860

3 291 620

21 825 290

NL

13 182 316

13 445 962

13 714 887

13 989 186

14 268 972

14 554 340

14 768 625

97 924 288

AT

904 373

922 460

940 910

959 728

978 923

998 500

1 013 200

6 718 094

PL

68 976 348

70 355 873

71 763 020

73 198 291

74 662 268

76 155 454

77 276 699

512 387 953

PT

50 962 391

51 981 638

53 021 293

54 081 726

55 163 369

56 266 592

57 095 013

378 572 022

RO

21 868 723

22 306 097

22 752 228

23 207 276

23 671 425

24 144 835

24 500 321

162 450 905

SI

3 221 347

3 285 774

3 351 490

3 418 521

3 486 892

3 556 627

3 608 990

23 929 641

SK

2 049 608

2 090 600

2 132 413

2 175 061

2 218 563

2 262 933

2 296 250

15 225 428

FI

9 659 603

9 852 795

10 049 855

10 250 853

10 455 872

10 664 981

10 822 003

71 755 962

SE

15 601 692

15 913 725

16 232 007

16 556 649

16 887 785

17 225 527

17 479 140

115 896 525

IOMLÁN

714 953 155

729 252 201

743 837 554

758 714 409

773 888 819

789 365 971

800 987 891

5 311 000 000

(1)IO C 110, 22.3.2019, lch. 104.
(2)IO C 361, 5.10.2018, lch. 9.
(3) Seasamh ó Pharliamint na hEorpa an 4 Aibreán 2019.
(4)IO C […], […], lch. […].
(5)IO C […], […], lch. […].
(6)IO C […], […], lch. […].
(7)IO C […], […], lch. […].
(8)Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).
(9)Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail d'fhonn comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.)
(10)Rialachán (AE) 2017/1004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 maidir le creat Aontais a bhunú maidir le bailiú, bainistiú agus úsáid sonraí in earnáil an iascaigh agus maidir le tacaíocht a thabhairt do chomhairle eolaíoch a mhéid a bhaineann sé leis an gComhbheartas Iascaigh agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 199/2008 ón gComhairle (IO L 157, 20.6.2017, lch. 1).
(11)COM(2017)0623
(12) Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2328/2003 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 791/2007 ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1255/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 149, 20.5.2014, lch. 1).
(13) Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais comhshaoil mhuirí (IO L 164, 25.6.2008, lch. 19).
(14) Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.07.1992, lch. 7).
(15) Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.01.2010, lch. 7).
(16) Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireach Fómhair 2000 lena mbunaítear creat i gcomhair gnímh ag an gComhphobal sa réimse a bhaineann le beartas uisce (IO L 327, 22.12 2000, lch. 1).
(17) COM(2018)0028.
(18)Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1184/2006 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 104/2000 (IO L 354, 28.12.2013, lch. 1).
(19) Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 343, 14.12.2012, lch. 1).
(20)Cinneadh 98/392/CE ón gComhairle an 23 Márta 1998 i ndáil le conclúid an Chomhphobail Eorpaigh ag Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe an 10 Nollaig 1982 maidir le Dlí na Farraige agus an Comhaontú ón 28 Iúil 1994 a bhaineann le Cuid XI de a chur chun feidhme (IO L 179, 23.6.1998, lch. 1).
(21)JOIN(2016)0049
(22)Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1).
(23)Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).
(24)Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).
(25)Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 an 18 Nollaig 1995 ón gComhairle maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch.1).
(26)Rialachán (AE) 2017/1939 an 12 Deireadh Fómhair 2017 ón gComhairle lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).
(27)Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).
(28)Rialachán (AE)  2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(29)Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle an 21 Nollaig 2006 maidir le bearta bainistithe i leith saothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93 agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1626/94 (IO L 409, 30.12.2006, lch. 11).
(30)OI […], […], p. […].
(31)Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1936/2001 agus (CE) Uimh. 601/2004 agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1093/94 agus (CE) Uimh. 1447/1999 (IO L 286, 29.10.2008, lch. 1).
(32)Treoir 2008/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le cosaint an chomhshaoil tríd an dlí coiriúil (IO L 328, 6.12.2008, lch. 28).
(33)Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).
(34)Rialachán (AE) Uimh. 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in‑tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n‑aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (IO L 84, 31.3.2016, lch. 1).
(35)Rialachán (AE) Uimh. 652/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena leagtar síos forálacha maidir le bainistiú caiteachais i ndáil leis an mbiashlabhra, sláinte ainmhithe agus leas ainmhithe, agus i ndáil le sláinte plandaí agus ábhar atáirgthe plandaí, lena leasaítear Treoir 98/56/CE, Treoir 2000/29/CE agus Treoir 2008/90/CE ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 66/399/CEE, Cinneadh 76/894/CEE agus Cinneadh 2009/470/CE ón gComhairle (IO L 189, 27.6.2014, lch. 1).
(36) Rialachán (CE) Uimh. 665/2008 an 14 Iúil 2008 ón gCoimisiún lena leagtar síos rialacha mionsonraithe i dtaca le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 199/2008 ón gComhairle maidir le bunú creata Comhphobail chun sonraí san earnáil iascaigh a bhailiú, a bhainistiú agus a úsáid agus le haghaidh tacaíochta do chomhairle eolaíochta maidir leis an gComhbheartas Iascaigh (IO L 186, 15.7.2008, lch. 3).
(37) Cinneadh 2010/93/EU ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2009 lena nglactar clár ilbhliantúil Comhphobail maidir le bailiú, bainistiú agus úsáid sonraí in earnáil an iascaigh don tréimhse 2011-2013 (fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2009)10121) IO L 41, 16.2.2010, lch. 8).
(38) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1251 ón gCoimisiún an 12 Iúil 2016 lena nglactar clár ilbhliantúil de chuid an Aontais maidir le bailiú, bainistiú agus úsáid sonraí in earnáil an iascaigh agus san earnáil dobharshaothraithe don tréimhse 2017-2019 (IO L 207, 1.8.2016, lch. 113).
(39)Treoir 2014/89/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 lena mbunaítear bunaíodh creat do phleanáil spásúil mhuirí (IO L 257, 28.8.2014, lch. 135).
(40)Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach. Agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 863/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2005/267/CE ón gComhairle (IO L 251, 16.9.2016, lch. 1).
(41)Rialachán (CE) Uimh. 2016/1625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (IO L 251, 16.9.2016, lch. 77).
(42)Rialachán (AE) 2016/1626 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 768/2005 lena mbunaítear Gníomhaireacht Chomhphobail um Rialú ar Iascach (IO L 251, 16.9.2016, lch. 80).
(43) Is gá na figiúirí sin a chur in oiriúint de réir na bhfigiúirí ar ar aontaíodh in Airteagal 5(1).
(44)Cinneadh (AE) 2015/1565 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2015, maidir le formheas, thar ceann an Aontais Eorpaigh, ar dheonú deiseanna iascaireachta in uiscí an Aontais do shoithí iascaireachta faoi bhratach Phoblacht Bholavarach Veiniséala sa limistéar eacnamaíoch eisiach amach ó chósta Ghuáin na Fraince (IO L 244, 14.9.2015, lch. 55).
(45)Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.02.2011, lch. 13)

An nuashonrú is déanaí: 6 Deireadh Fómhair 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais