Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2018/0136(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0469/2018

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0469/2018

Díospóireachtaí :

PV 16/01/2019 - 29
CRE 16/01/2019 - 29

Vótaí :

PV 17/01/2019 - 10.8
CRE 17/01/2019 - 10.8
Mínithe ar vótaí
PV 04/04/2019 - 6.17

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2019)0038
P8_TA(2019)0349

Téacsanna atá glactha
PDF 214kWORD 64k
Déardaoin, 4 Aibreán 2019 - Brussels
Buiséad an Aontais a chosaint i gcás easnaimh ghinearálaithe i ndáil leis an smacht reachta sna Ballstáit ***I
P8_TA(2019)0349A8-0469/2018
Rún
 Téacs comhdhlúite

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Aibreán 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le buiséad an Aontais a chosaint i gcás easnaimh ghinearálaithe i ndáil leis an smacht reachta sna Ballstáit (COM(2018)0324 – C8-0178/2018 – 2018/0136(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0324),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 322(1)(a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus d’Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, ar dá mbun a chuir an Coimisiún an togra faoi bhráid na Parlaiminte (C8-0178/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ón gCúirt Iniúchóirí an 17 Lúnasa 2018(1),

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do chomhphléití an Choiste um Buiséid agus an Choiste um Rialú Buiséadach faoi Riail 55 de na Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid agus an Coiste um Rialú Buiséadach agus do thuairimí an Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, an Choiste um Fhorbairt Réigiúnach agus an Choiste um Ghnóthaí Bunreachtúla (A8-0469/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo(2);

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) IO C 291, 17.8.2018, lch. 1.
(2) Is ionann an seasamh seo agus na leasuithe arna nglacadh an 17 Eanáir 2019 (Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2019)0038).


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 4 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) …/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le buiséad an Aontais a chosaint i gcás easnaimh ghinearálaithe i ndáil leis an smacht reachta sna Ballstáit
P8_TC1-COD(2018)0136

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 322(1)(a) de,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí(1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(2)

De bharr an méid seo a leanas:

(1)  Tá an smacht reachta ar cheann de na bunluachanna ar a bhfuil Tá an tAontas ar luachanna an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus ar an meas ar chearta an duine, lena n-áirítear cearta na ndaoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad, mar a chumhdaítear in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus sna critéir le haghaidh ballraíocht den Aontas. Mar a mheabhraítear in Airteagal 2 de CAE, is comhluachanna ag Ballstáit na luachanna sin i sochaí arb iad is sainairíonna inti an t-iolrachas, an neamh-idirdhealú, an chaoinfhulaingt, an ceartas, an dlúthpháirtíocht agus an comhionannas idir mná agus fir. [Leasú 1]

(1a)  Ba cheart do na Ballstáit seasamh lena n-oibleagáidí agus dea-shampla a thabhairt trína gcomhlíonadh go dílis agus bogadh i dtreo cultúr comhroinnte ina mbeidh an smacht reachta ina luach uilíoch agus é le cur i bhfeidhm go cothrom ag cách lena mbaineann. Tá lánurraim agus cur chun cinn na bprionsabal sin ina réamhriachtanas ríthábhachtach do dhlisteanacht thionscadal na hEorpa trí chéile agus tá siad ina mbunchoinníoll chun iontaoibh na saoránach as an Aontas a chothú agus chun cur chun feidhme éifeachtach a bheartas a áirithiú. [Leasú 2]

(1b)  I gcomhréir le hAirteagal 2, le hAirteagal 3(1) agus le hAirteagal 7 CAE, is féidir leis an Aontas gníomhú chun a chroí bunreachtúil agus na luachanna coiteanna ar ar fothaíodh é a chosaint, lena n-áirítear a phrionsabail bhuiséadacha. Tá sé d’oibleagáid ar na Ballstáit, institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus tíortha is iarrthóirí na prionsabail agus na luachanna sin a urramú, a chosaint agus a chur chun cinn, agus tá dualgas an chomhair dhílis orthu. [Leasú 3]

(2)  Leis an smacht reachta, ceanglaítear ar na cumhachtaí poiblí gníomhú laistigh de na srianta atá leagtha amach faoin dlí, i gcomhréir le luachanna an daonlathais agus na hurraime do chearta bunúsacha, agus faoi smacht ag cúirteanna neamhspleácha neamhchlaonta. Éilítear leis, go háirithe, prionsabal na dlíthiúlachta(3), lena n-áiritear próiseas trédhearcach, cuntasach, daonlathach chun dlí a achtú; prionsabal na deimhneachta dlíthiúla (4), prionsabal an toirmisc ar threallachas na gcumhachtaí feidhmiúcháin(5), prionsabal scaradh na gcumhachtaí(6) , prionsabal na rochtana ar an gceartas agus ar chosaint dlí éifeachtach os comhair cúirteanna neamhspleácha neamhchlaonta(7) a urramú(8). Léirítear na prionsabail sin inter alia ar leibhéal Choimisiún na Veinéise i gComhairle na hEorpa agus freisin ar bhonn chás-dlí ábhartha na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine(9)[Leasú 4]

(2a)  Maidir leis na critéir aontachais, nó critéir Chóbanhávan, a bunaíodh ag Comhairle Eorpach Chóbanhávan sa bhliain 1993 agus ar treisíodh leo ag Comhairle Eorpach Mhaidrid sa bhliain 1995, is iadsan is coinníollacha riachtanacha nach mór do na tíortha is iarrthóirí ar fad a chomhlíonadh chun bheith ina mBallstát. Áirithítear ar na critéir sin cobhsaíocht na n-institiúidí a ráthaíonn an daonlathas, an smacht reachta, cearta an duine agus meas ar mhionlaigh agus cosaint dóibh; geilleagar margaidh atá feidhmiúil agus an acmhainn chun déileáil le brú iomaíochta agus le fórsaí margaidh ; agus an cumas na hoibleagáidí a ghabhann le ballraíocht den Aontas a chomhlíonadh. [Leasú 5]

(2b)  Is é a bhíonn mar thoradh ar mhainneachtain ag tír is iarrthóir na caighdeáin, na luachanna agus na prionsabail dhaonlathacha is gá a chomhlíonadh go gcuirtear moill ar aontachas na tíre sin leis an Aontas, go dtí go gcomhlíonann sí na caighdeáin sin ina n-iomláine. Maidir leis na hoibleagáidí atá ar thíortha is iarrthóirí faoi chritéir Chóbanhávan, leanann siad d’fheidhm a bheith acu maidir leis na Ballstáit i ndiaidh dóibh dul isteach san Aontas de bhua Airteagal 2 CAE agus phrionsabal an chomhair dhílis a chumhdaítear in Airteagal 4 CAE. Ba cheart, dá bhrí sin, measúnú a dhéanamh ar na Ballstáit ar bhonn tráthrialta chun a fhíorú go bhfuil na critéir sin agus na luachanna coiteanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe fós á gcomhlíonadh lena ndlíthe agus lena gcleachtais agus, ar an gcaoi sin, creat dlíthiúil agus riaracháin fónta á sholáthar maidir le bearta an Aontais a chur chun feidhme. [Leasú 6]

(3)  Cé nach bhfuil aon ordlathas i gceist le luachanna an Aontais, tá urraim don smacht reachta bunriachtanach chun na luachanna bunúsacha eile ar a bhfuil an tAontas fothaithe a chosaint, luachanna amhail an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas agus urraim do chearta an duine. Tá dlúthbhaint idir an urraim don smacht reachta agus an urraim don daonlathas agus do na cearta bunúsacha: ní féidir daonlathas agus urraim do chearta bunúsacha a bheith ann gan urraim don smacht reachta, agus vice versa. Tá comhleanúnachas agus comhsheasmhacht na mbeartas inmheánach agus seachtrach maidir leis an daonlathas, an smacht reachta agus na cearta bunúsacha ina gcroíchuid d’inchreidteacht an Aontais. [Leasú 7]

(4)  Aon uair a chuireann na Ballstáit buiséad an Aontais chun feidhme, agus beag beann ar an modh cur chun feidhme a úsáideann siad, is réamhchoinníoll riachtanach é an urraim don smacht reachta chun prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais atá cumhdaithe in Airteagal 317 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh.

(5)  Ní féidir leis na Ballstáit bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú ach amháin má fheidhmíonn údaráis phoiblí de réir dlí, agus má dhéanann seirbhísí imscrúdaitheacha agus seirbhísí ionchúisimh sáruithe ar an dlí a leanúint go héifeachtach, agus más féidir cinntí na n-údarás poiblí a bheith faoi réir athbhreithniú breithiúnach éifeachtach ag cúirteanna neamhspleácha agus ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

(6)  Ba cheart go ráthófaí neamhspleáchas agus neamhchlaonta na mbreithiúna i gcónaí agus ba cheart do sheirbhísí imscrúdaithe agus ionchúisimh a bheith in ann a bhfeidhm a chur i gcrích go cuí. Ba cheart acmhainní agus nósanna imeachta leordhóthanacha a bhronnadh orthu chun feidhmiú go héifeachtach agus le lánurraim don cheart chun triail chóir. Tá na coinníollacha sin riachtanach mar ráthaíocht íosta in aghaidh cinntí neamhdhleathacha treallacha ag údaráis phoiblí a d’fhéadfadh cur as do na prionsabail bhunúsacha sin agus dochar a dhéanamh do leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh. [Leasú 8]

(7)  Glactar leis go háirithe, má tá an córas breithiúnach neamhspleách, go bhfuil an comhlacht lena mbaineann in ann a chúraimí breithiúnacha a fheidhmiú ar bhealach iomlán neamhspleách, gan a bheith faoi réir ag aon srianta ordlathais ná a bheith ina thánaiste ag aon chomhlacht eile, agus gan orduithe ná treoracha a ghlacadh ó aon fhoinse ar chor ar bith, agus go bhfuil cosaint aige dá bharr ar idirghabhálacha seachtracha nó brú seachtrach a d’fhéadfadh bac a chur ar bhreithiúnas neamhspleách a chomhaltaí agus tionchar a imirt ar a gcinntí. Le neamhspleáchas agus neamhchlaontacht a chinntiú tá gá le rialacha, go háirithe maidir le comhdhéanamh an chomhlachta agus maidir le ceapachán, fad seirbhíse agus forais lena chomhaltaí a dhiúltú agus a chur as oifig, chun deireadh a chur le haon dabht réasúnach in intinn daoine maidir leis an gcomhlacht sin a bheidh beag beann ar thosca seachtracha agus maidir lena neodracht i ndáil leis na leasanna a thugtar os a chomhair.

(7a)   I neamhspleáchas an ionchúisimh agus na mbreithiúna, cumhdaítear neamhspleáchas foirmiúil (de jure) agus neamhspleáchas iarbhír (de facto) an ionchúisimh agus na mbreithiúna agus na n-ionchúisitheoirí agus breithiúna aonair. [Leasú 9]

(8)  Tá an urraim don smacht reachta tábhachtach do shaoránaigh an Aontais, ach tá sí tábhachtach bunriachtanach do shaoránaigh an Aontais, ach tá sí ríthábhachtach freisin do thionscnaimh ghnó, don nuálaíocht, don infheistíocht, do chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach agus d’fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, nach mbeidh borradh inbhuanaithe fúthu mura mbíonn creat daingean dlí agus institiúideach i bhfeidhm. [Leasú 10]

(8a)  Maidir le lánpháirtiú shásraí faireacháin an Aontais atá ann cheana, amhail an Sásra Comhair agus Fíorúcháin, an Scórchlár Ceartais agus na tuarascálacha Frith-Éillithe, a chomhtháthú i gcreat níos leithne maidir le faireachán a dhéanamh ar an smacht reachta, d’fhéadfaí sásraí rialaithe a bheadh níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí a sholáthar chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint. [Leasú 11]

(8b)   Maidir le heaspa trédhearcachta, idirdhealú treallach, saobhadh iomaíochta agus éagothroime iomaíochta laistigh den mhargadh inmheánach agus lasmuigh de, tionchar ar shláine an mhargaidh aonair agus ar chothroime, cobhsaíocht agus dlisteanach an chórais cánach, neamhionannais eacnamaíocha mhéadaithe, iomaíocht éagórach idir stáit, míshástacht shóisialta, mímhuinín, agus easnamh daonlathach, is iadsan roinnt éifeachtaí diúltacha de chleachtais chánach dhíobhálacha. [Leasú 12]

(9)  In Airteagal 19 CAE, ina léirítear go nithiúil an luach atá leis an smacht reachta atá sonraithe in Airteagal 2 CAE, ceanglaítear ar na Ballstáit cosaint dlí éifeachtach a sholáthar sna réimsí atá folaithe le dlí an Aontais, lena n-áirítear na réimsí sin a bhfuil baint acu le buiséad an Aontais a chur chun feidhme. Is é an t-athbhreithniú breithiúnach éifeachtach, atá ceaptha comhréireacht le dlí an Aontais a áirithiú, croí an smachta reachta, agus tá cúirteanna neamhspleácha de dhíth chuige sin(10). Tá sé ríthábhachtach neamhspleáchas na gcúirteanna a choinneáil, mar atá dearbhaithe sa dara fomhír d’Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh(11). Is fíor sin, go háirithe, don athbhreithniú breithiúnach ar bhailíocht na mbeart, na gconarthaí nó na n-ionstraimí eile a n-eascraíonn caiteachas poiblí nó fiachas poiblí astu, inter alia i gcomhthéacs nósanna imeachta um sholáthar poiblí a fhéadfar a thabhairt os comhair na gcúirteanna freisin.

(10)  Dá bhrí sin tá gaol soiléir idir an urraim don smacht reachta agus cur chun feidhme éifeachtach bhuiséad an Aontais i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais.

(10a)  Tá an iliomad ionstraimí agus próiseas ag an Aontas chun a áirithiú go ndéantar na prionsabail agus na luachanna a leagtar síos in CAE a chur i bhfeidhm ina n-iomláine agus go cuí ach, faoi láthair, níl freagairt mhear éifeachtach tugtha ag institiúidí an Aontais, go háirithe maidir le bainistíú fónta airgeadais a áirithiú. Le go mbeidh na hionstraimí atá ann cheana leordhóthanach agus éifeachtach, ba cheart iad a fhorfheidhmiú, a mheasúnú agus a chomhlánú faoi chuimsiú sásra smachta reachta. [Leasú 13]

(11)  Maidir le heasnaimh ghinearálaithe sna Ballstáit i ndáil leis an smacht reachta a dhéanann difear go háirithe d’fheidhmiú cuí údarás poiblí agus d’athbhreithniú breithiúnach éifeachtach, is féidir leo dochar tromchúiseach a dhéanamh do leasanna airgeadais an Aontais. Maidir le himscrúduithe éifeachtúla ar na heasnaimh sin agus le cur chun feidhme beart éifeachtach agus comhréireach nuair a chruthaítear easnamh ginearálaithe, tá gá leo ní hamháin chun leasanna airgeadais an Aontais a urrú, lena n-áirítear bailiú éifeachtach ioncaim, ach freisin chun iontaoibh an phobail as an Aontas agus a institiúidí a áirithiú. Is iad na breithiúna neamhspleácha a sheasann leis an smacht reachta agus leis an deimhneacht dhlíthiúil sna Ballstáit uile, agus iadsan amháin, atá in ann a ráthú gur leor an chosaint a thugtar d’airgead as buiséad an Aontais. [Leasú 14]

(11a)   Measann an Coimisiúin gurb ionann an scála imghabhála agus seachanta cánach agus suas le EUR 1 trilliún in aghaidh na bliana. Tá tionchair dhiúltacha na gcleachtas sin ar bhuiséid na mBallstát agus an Aontais agus ar shaoránaigh soiléir agus d’fhéadfaidís an bonn a bhaint ó iontaoibh as an daonlathas. [Leasú 15]

(11b)   Tá tionchar díreach ag seachaint cánach ar bhuiséid na mBallstát agus an Aontais agus ar leithdháileadh na hiarrachta cánach idir catagóirí cáiníocóirí agus idir tosca eacnamaíochta freisin. [Leasú 16]

(11c)   Ba cheart do Bhallstáit prionsabal an chomhair dhílis a chur i bhfeidhm go hiomlán in ábhair iomaíochta cánach. [Leasú 17]

(11d)   Ba cheart don Choimisiún, mar chaomhnóir na gConarthaí, a áirithiú go gcomhlíontar dlí an Aontais agus prionsabal an chomhair dhílis go hiomlán idir na Ballstáit. [Leasú 18]

(11e)   Dá ndéanfaí measúnú agus faireachán ar bhearta cánacha na mBallstát ar leibhéal an Aontais, d'áiritheofaí nach gcuirfí aon bhearta cánach díobhálacha nua chun feidhme sna Ballstáit. Maidir le faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na mBallstát, a ndlínsí, a réigiún agus struchtúr riaracháin eile leis an gcomhliosta Aontais de dhlínsí neamhchomhoibríocha, dhéanfaí coimirciú ar an margadh aonair agus d'áiritheofaí go bhfeidhmíonn sé go cuí agus go cuimsitheach. [Leasú 19]

(12)  Tá gá le measúnú cáilíochtúil cuimsitheach ón gCoimisiún chun easnamh ginearálaithe a shainaithint. D’fhéadfadh Ba cheart an measúnú sin a bheith a bheith oibiachtúil, cothrom agus trédhearcach agus bunaithe ar fhaisnéis ó na foinsí ábhartha go léir, agus aird á tabhairt ar na critéir a úsáidtear i gcomhthéacs chaibidlíochtaí aontachais an Aontais, go háirithe ar chaibidlí an acquis maidir leis na breithiúna agus cearta bunúsacha, leis an gceartas, an tsaoirse agus an tslándáil, le rialú airgeadais agus le cánachas, agus freisin leis na treoirlínte a úsáidtear i gcomhthéacs an tSásra Comhair agus Fíorúcháin chun an dul chun cinn a dhéanann Ballstát a rianú, agus faisnéis ó institiúidí aitheanta, lena n-áirítear breithiúnais ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine, rúin ó Pharlaimint na hEorpa, tuarascálacha ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, agus conclúidí agus moltaí ó eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha, amhail comhlachtaí Chomhairle na hEorpa, lena n-áirítear, go háirithe, Seicliosta Smachta Reachta Choimisiún na Veinéise, agus líonraí idirnáisiúnta ábhartha, amhail na líonraí Eorpacha de chúirteanna uachtaracha agus de chomhairlí na mbreithiúna. [Leasú 20]

(12a)  Ba cheart painéal comhairleach a bhunú a bheidh comhdhéanta de shaineolaithe neamhspleácha sa dlí bunreachtúil agus i gcúrsaí airgeadais agus buiséid agus a bheidh sé mar chuspóir aige cuidiú leis an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar easnaimh ghinearálaithe. Ba cheart go ndéanfaidh an painéal sin measúnú bliantúil neamhspléach maidir leis na saincheisteanna i ndáil leis an smacht reachta i ngach Ballstát a dhéanann difear do phrionsabail an bhainistiú fhónta nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais, nó má tá baol ann go ndéanfaidís difear dóibh, ag cur faisnéise ó gach foinse ábhartha agus gach institiúid aitheanta san áireamh. Ba cheart don Choimisiún tuairimí ábhartha a thugann an Painéal a chur san áireamh agus cinneadh maidir le bearta féideartha a ghlacadh nó a chur ar leataobh á dhéanamh acu. [Leasú 21]

(13)  Ba cheart na bearta féideartha atá le glacadh i gcás easnaimh ghinearálaithe agus an nós imeachta is inleanta lena nglacadh a chinneadh. Ba cheart a bheith san áireamh sna bearta sin íocaíochtaí agus gealltanais a chur ar fionraí, cistiú faoi ghealltanais reatha a laghdú, agus toirmeasc ar ghealltanais nua a chur i gcrích le faighteoirí. [Leasú 22]

(14)  Ba cheart feidhm a bheith ag prionsabal na comhréireachta agus na bearta atá le glacadh á gcinneadh, agus aird chuí á tabhairt go háirithe ar thromchúis an cháis, an méid ama atá imithe thart ó thosaigh an t-iompar ábhartha, an fad a mhair an t-iompar agus an méid uaireanta a tharla sé, rún an Bhallstáit lena mbaineann agus leibhéal an chomhoibrithe ón mBallstát chun deireadh a chur leis an easnamh ginearálaithe i ndáil leis an smacht reachta, agus iarmhairtí an easnaimh sin ar na cistí ón Aontas lena mbaineann.

(14a)  Tá sé bunriachtanach go ndéantar leasanna dlisteanacha na bhfaighteoirí agus tairbhithe deiridh a choimirciú go cuí nuair a dhéantar bearta a ghlacadh i gcás easnaimh ghinearálaithe. Agus breithniú á dhéanamh ar ghlacadh beart, ba cheart don Choimisiún an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu ar fhaighteoirí agus tairbhithe deiridh a chur san áireamh. Chun treisiú leis an gcosaint a thugtar d’fhaighteoirí nó tairbhithe deiridh, ba cheart don Choimisiún faisnéis a agus treoir a sholáthair trí shuíomh gréasáin nó tairseach idirlín, chomh maith le huirlisí leormhaithe chun an Coimisiún a chur ar an eolas maidir le haon sárú ar oibleagáid dhlíthiúil atá ar eintitis rialtais agus ar na Ballstáit leanúint d’íocaíochtaí a dhéanamh i ndiaidh bearta a ghlacadh ar bhonn an Rialacháin seo. I gcás inarb iomchuí agus chun a áirithiú go n-íoctar aon mhéid atá dlite ag eintitis rialtais nó ag Ballstáit go héifeachtach leis na faighteoirí nó tairbhithe deiridh, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann íocaíochtaí a dhéantar leis na heintitis seo a aisghabháil, nó, de réir mar is iomchuí, ceartú airgeadais a dhéanamh trí thacú do chlár a laghdú, agus méid coibhéiseach a aistriú go cúlchiste an Aontais a bheidh le húsáid chun leas na bhfaighteoirí nó na dtairbhithe deiridh. [Leasú 23]

(15)  Chun cur chun feidhme aonfhoirmeach an Rialacháin seo a áirithiú agus i bhfianaise a thábhachtaí agus atá iarmhairtí airgeadais na mbeart arna bhforchur de bhun an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Chomhairle, ar cheart di gníomhú ar bhonn togra ón gCoimisiún. Chun glacadh cinntí atá de dhíth chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint a éascú, ba cheart vótáil trí thromlach cáilithe aisiompaithe a úsáid Choimisiún. [Leasú 24]

(15a)  I bhfianaise na héifeachta atá acu ar bhuiséad an Aontais, níor cheart go dtiocfadh bearta a fhorchuirtear de bhun an Rialacháin seo i bhfeidhm ach amháin i ndiaidh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle formheas a thabhairt méid is ionann agus luach na mbeart arna nglacadh a aistriú go cúlchiste buiséadach. Chun éascú a dhéanamh ar ghlacadh cinntí a cheanglaítear chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, ba cheart a mheas go bhfuil na haistrithe sin formheasta mura ndéanann Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle iad a leasú nó diúltú dóibh laistigh de thréimhse shocraithe agus an Chomhairle ag gníomhú di trí thromlach cáilithe. [Leasú 25]

(16)  Sula molfaidh an Coimisiún aon bheart a ghlacadh de bhun an Rialacháin seo, ba cheart dó an Ballstát lena mbaineann a chur ar an eolas faoin gcúis a measann sé go bhféadfadh easnamh ginearálaithe i ndáil leis an smacht reachta a bheith ann sa Bhallstát sin. Ba cheart don Choimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas gan mhoill maidir le haon fhógra den sórt sin agus faoina bhfuil ann. Ba cheart cead a bheith ag an mBallstát lena mbaineann a bharúlacha a chur isteach. Ba cheart don Choimisiún na barúlacha sin a chur san áireamh. [Leasú 26]

(17)  Ba cheart don Chomhairle Choimisiún bearta a chur i leataobh le héifeacht fionraíochta ar thogra ón gCoimisiún agus a mholadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle cúlchiste buiséadach na mbeart i dtrácht a chur i leataobh, ina iomláine nó i bpáirt, más rud é go bhfuil an cás as ar eascair forchuir na mbeart sin réitithe go leordhóthanach. [Leasú 27]

(18)  Ba cheart don Choimisiún Parlaimint na hEorpa a choinneáil ar an eolas maidir le haon bheart arna mholadh agus arna ghlacadh de bhun an Rialacháin seo, [Leasú 28]

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo na rialacha atá riachtanach chun buiséad an Aontais a chosaint i gcás easnaimh ghinearálaithe i ndáil leis an smacht reachta sna Ballstáit.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)  tagraíonn tuigfear‘an smacht reachta’ ag féachaint do luachanna an Aontais a chumhdaítear in Airteagal 2 de CAE agus sna critéir le haghaidh ballraíocht den Aontas mar a mheabhraítear in Airteagal 49 den Chonradh; áirítear leis prionsabail an chomhionannais, a dhéanann talamh slán de go bhfuil próiseas trédhearcach, cuntasach, daonlathach agus iolraíoch ann chun dlí a achtú; prionsabal na deimhneachta dlíthiúla; prionsabal an toirmisc ar threallachas na gcumhachtaí feidhmiúcháin; prionsabal na rochtana ar an gceartas agus ar chosaint dlí éifeachtach os comhair cúirteanna neamhspleácha neamhchlaonta, lena n-áirítear maidir le cearta bunúsacha de réir mar atá sonraithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus i gconarthaí idirnáisiúnta cearta daonra; prionsabal scaradh na gcumhachtaí; prionsabal an neamh-idirdhealithe agus comhionannais faoin dlí; [Leasú 29]

(b)  ciallaíonn ‘easnamh ginearálaithe i ndáil leis an smacht reachta’ cleachtas nó faillí fhorleathan nó athfhillteach, nó beart ag údaráis phoiblí a dhéanann difear don smacht reachta, sa chás ina dhéanann sé difear nó go bhfuil baol ann go ndéanfadh sé difear do phrionsabal an bhainistiú fhónta airgeadais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh; d’fhéadfadh easnamh ginearálaithe i ndáil leis an smacht reachta a bheith mar thoradh ar bhagairt shistéamach ar luachanna an Aontais, a shonraítear in Airteagal 2 CAE, a dhéanann difear nó go bhfuil baol ann go ndéanfadh sé difear do phrionsabal an bhainistíú fhónta airgeadais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh; [Leasú 30]

(c)  ciallaíonn ‘eintiteas rialtais’ gach aon údarás údarás poiblí agus gach leibhéal rialtais, lena n-áirítear údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, chomh maith le heagraíochtaí de chuid na mBallstát de réir bhrí [phointe 42 d’Airteagal 2] de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. […] 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(12) (an ‘Rialachán Airgeadais’). [Leasú 31]

Airteagal 2a

Easnaimh ghinearálaithe

Measfar, go háirithe, gur easnaimh ghinearálaithe i ndáil leis an smacht reachta iad an méid seo a leanas, i gcás ina ndéanann siad difear do phrionsabail an bhainistiú fhónta airgeadais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh, nó má tá an baol ann go ndéanfadh siad difear dóibh:

(a)  neamhspleáchas na mbreithiúna a chur i mbaol, lena n-áirítear aon teorannú a dhéanamh ar an gcumas feidhmeanna breithiúnacha a dhéanamh go huathrialach trí idirghabháil sheachtrach a dhéanamh i ráthaíochtaí neamhspleáchais, trí shrian a chur le breithiúnas faoi ordú seachtrach, trí athbhreithniú a dhéanamh go treallach ar rialacha maidir le ceapadh nó téarmaí seirbhíse pearsanra bhreithiúnaigh, trí thionchar a imirt ar phearsanra breithiúnach ar bhealach ar bith a gcuirtear as dá neamhchlaontacht nó trí chur isteach ar neamhspleáchas nó trí chur isteach ar neamhspleáchas aturnaetha;

(b)  gan cinntí treallacha nó neamhdhleathacha ó údaráis phoiblí, lena n-áirítear cinntí údarás forfheidhmithe dlí, a chosc, a cheartú agus smachtbhannaí a fhorchur ina leith, acmhainní airgeadais agus daonna a dhéanann difear dá bhfeidhmiú cuí a choinneáil siar nó gan a áirithiú nach bhfuil coinbhleachtaí leasa ann;

(c)  teorainn a chur le hinfhaighteacht agus éifeachtacht leigheasanna dlí, lena n-áirítear trí rialacha nós imeachta sriantacha, gan breithiúnais a chur chun feidhme, nó teorainn a chur le himscrúdú, ionchúiseamh nó smachtbhannaí ar sháruithe ar an dlí;

(d)  acmhainneacht riaracháin Ballstáit a chur i mbaol maidir leis na hoibleagáidí a ghabhann le ballraíocht den Aontas a urramú, lena n-áirítear an acmhainneacht na rialacha, na caighdeáin agus na beartais, ar corpas dhlí an Aontais iad, a chur chun feidhme go héifeachtach;

(e)  bearta a lagaíonn cosaint na cumarsáide rúnda idir an dlíodóir agus an cliant. [Leasú 32]

Airteagal 3

Bearta Rioscaí do leasanna airgeadais an Aontais [Leasú 32]

1.  Déanfar bearta iomchuí i gcás ina ndéanann Féadfar easnamh ginearálaithe i ndáil leis an smacht reachta i mBallstát difear do phrionsabail na bainistíochta fónta airgeadais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh, nó go bhfuil an baol ann go ndéanfadh sé difear dóibh sin, a suí nuair a dhéantar difear, go háirithe maidir leo seo a leanas do cheann amháin nó níos mó do na rudaí seo a leanas, nó má tá baol ann go ndéanfar difear dóibh: [Leasú 34]

(a)  feidhmiú cuí údaráis an Bhallstáit sin a chuireann buiséad an Aontais chun feidhme, go háirithe i gcomhthéacs an tsoláthair phoiblí nó nósanna imeachta deontais, agus nuair a dhéantar faireachán agus rialuithe; [Leasú 35]

(aa)  feidhmiú cuí an gheilleagair margaidh, agus iomaíocht agus fórsaí margaidh san Aontas á n-urramú ar an gcaoi sin, mar aon leis na hoibleagáidí a bhaineann le ballraíocht a chur chun feidhme go héifeachtach, lena n-áirítear cloí leis an aidhm maidir le haontas polaitiúil, eacnamaíoch agus airgeadaíochta; [Leasú 36]

(ab)  feidhmiú cuí na n-údarás a dhéanann rialú airgeadais, faireachán agus iniúchtaí inmheánacha agus seachtracha, agus feidhmiú cuí córas éifeachtach trédhearcach bainistithe airgeadais agus cuntasachta; [Leasú 37]

(b)  feidhmiú cuí seirbhísí imscrúdaithe agus ionchúisimh phoiblí i ndáil le calaois, lena n-áirítear calaois chánach, éilliú nó sáruithe eile ar dhlí an Aontais a bhaineann le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais a ionchúiseamh; [Leasú 38]

(c)  athbhreithniú breithiúnach éifeachtach ag cúirteanna neamhspleácha ar ghníomhaíochtaí nó faillí na n-údarás dá dtagraítear i bpointe (a), (a b) agus (b); [Leasú 39]

(d)  cosc ar chalaois, lena n-áiritear calaois chánach, éilliú nó sáruithe eile ar dhlí an Aontais a bhaineann le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais agus forchur smachtbhannaí ina leith, agus forchur pionós éifeachtach athchomhairleach ar fhaighteoirí ag cúirteanna náisiúnta nó ag údaráis riaracháin; [Leasú 40]

(e)  gnóthú cistí a íocadh go mícheart;

(ea)   cosc ar imghabháil cánach agus iomaíocht chánach agus forchur smachtbhannaí ina leith, agus feidhmiú cuí na n-údarás a rannchuidíonn leis an gcomhar riaracháin i gcúrsaí cánach; [Leasú 41]

(f)  an comhar éifeachtach tráthúil leis an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise agus, faoi réir rannpháirtíocht an Bhallstáit lena mbaineann, le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh sna himscrúduithe nó ionchúisimh a dhéanann siad de bhun a ngníomhartha dlí ábhartha agus de bhun phrionsabal an chomhair dhílis; [Leasú 42]

(fa)  cur chun feidhme cuí bhuiséad an Aontais tar éis sárú sistéamach ar chearta bunúsacha. [Leasú 43]

2.  Féadfar an méid seo a leanas, go háirithe, a mheas a bheith ina n-easnaimh ghinearálaithe i ndáil leis an smacht reachta:

(a)  neamhspleáchas na mbreithiúna a chur i mbaol;

(b)  gan cinntí treallacha nó neamhdhleathacha ag údaráis phoiblí, lena n-áirítear cinntí údarás forfheidhmithe dlí, a chosc, a cheartú agus smachtbhannaí a fhorchur ina leith, acmhainní airgeadais agus daonna a choinneáil siar a dhéanann difear dá bhfeidhmiú cuí nó gan a áirithiú nach bhfuil coinbhleachtaí leasa ann;

(c)  teorainn a chur le hinfhaighteacht agus éifeachtacht leigheasanna dlí, lena n-áirítear trí rialacha nós imeachta sriantacha, gan breithiúnais a chur chun feidhme, nó teorainn a chur le himscrúdú, ionchúiseamh nó smachtbhannaí ar sháruithe ar an dlí. [Leasú 44]

Airteagal 3a

Painéal saineolaithe neamhspleácha

1.  Bunóidh an Coimisiún painéal saineolaithe neamhspleácha (‘an Painéal’).

Beidh an painéal comhdhéanta de shaineolaithe neamhspleácha sa dlí bunreachtúil agus i gcúrsaí airgeadais agus buiséid. Ceapfaidh parlaimint náisiúnta gach Ballstáit saineolaí amháin agus ceapfaidh Parlaimint na hEorpa cúigear saineolaithe. Déanfar cothromaíocht inscne a áirithiú le comhdhéanamh an choiste meastóireachta.

Féadfar cuireadh a thabhairt d’ionadaithe na n-eagraíochtaí agus líonraí ábhartha, amhail Cónaidhm Eorpach na nAcadamh Eolaíochtaí agus Daonnachtaí, Líonra Eorpach na nInstitiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine, comhlachtaí Chomhairle na hEorpa, an Coimisiún Eorpach um Éifeachtúlacht an Cheartais, Comhairle Bharraí agus Chumainn Dlí na hEorpa, an Líonra um Cheartas Cánach, na Náisiúin Aontaithe, an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip agus an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, nuair is iomchuí, a bheith mar bhreathnóirí don Phainéal i gcomhréir le rialacha na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 6.

2.  Beidh sé mar chuspóir le cúraimí comhairleacha an phainéil cuidiú leis an gCoimisiún chun easnaimh ghinearálaithe i ndáil leis an smacht reachta i mBallstát a shainaithint, má dhéanann na heasnaimh ghinearálaithe sin difear do phrionsabail an bhainistiú fhónta nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais, nó má tá baol ann go ndéanfaidís difear dóibh.

Déanfaidh an Painéal measúnú ar an gcás i ngach Ballstát go bliantúil ar bhonn critéir agus faisnéis cainníochtúla agus cáilíochtúla, agus aird chuí á tabhairt don fhaisnéis agus treoir dá dtagraítear in Airteagal 5(2)..

3.  Gach bliain, poibleoidh an Painéal achoimre dá thorthaí.

4.  Mar chuid den cúraim comhairleacha agus aird á tabhairt do thoradh na saincheisteanna faoi mhír 2, féadfaidh an Painéal a thuairim a thabhairt maidir le heasnamh ginearálaithe i ndáil leis an smacht reachta i mBallstát.

Agus tuairim á tabhairt aige, déanfaidh an Painéal a dhícheall chun teacht ar chomhthoil. Mura bhféadfar teacht ar an gcomhthoil sin, tabharfaidh an Painéal a thuairim trí thromlach simplí de na comhaltaí.

5.  Agus gníomhartha á gcur chun feidhme acu de bhun Airteagal 5(6) agus Airteagal 6(2), cuirfidh an Coimisiún aon tuairim ábhartha a thugann an Painéal san áireamh i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo.

6.  Toghfaidh an Painéal a chathaoirleach as measc a chomhaltaí Bunóidh an Painéal a chuid rialacha nós imeachta. [Leasú 45]

Airteagal 4

Ábhar na mbeartBearta chun buiséad an Aontais a chosaint [Leasú 46]

1.  Nuair a chomhlíontar na coinníollacha in Airteagal 3, féadfar ceann amháin nó níos mó de na bearta iomchuí seo a leanas a ghlacadh [Leasú 47]

(a)  i gcás ina gcuireann an Coimisiún buiséad an Aontais chun feidhme faoin mbainistíocht dhíreach nó indíreach de bhun phointe (a) agus phointe (c) d’Airteagal 62 den Rialachán Airgeadais, agus i gcás inarb eintiteas rialtais an faighteoir:

(1)  íocaíochtaí nó cur chun feidhme an ghealltanais dhlíthiúil a chur ar fionraí nó an gealltanas dlíthiúil a fhoirceannadh de bhun Airteagal [131(3)] den Rialachán Airgeadais;

(2)  toirmeasc ar ghealltanais dhlíthiúla nua a thabhairt i gcrích;

(b)  i gcás ina gcuireann an Coimisiún buiséad an Aontais chun feidhme faoin mbainistíocht roinnte de bhun [phointe (b) d’Airteagal 62] den Rialachán Airgeadais:

(1)  formheas ceann amháin nó níos mó de na cláir nó formheas leasuithe ar na cláir a chur ar fionraí;

(2)  gealltanais a chur ar fionraí;

(3)  gealltanais a laghdú, lena n-áirítear trí cheartuithe airgeadais nó aistrithe chuig cláir chaiteachais eile;

(4)  réamh-mhaoiniú a laghdú;

(5)  sprioc-amanna íocaíochtaí a bhriseadh;

(6)  íocaíochtaí a chur ar fionraí.

2.  Ach amháin má fhoráiltear dá mhalairt sa chinneadh lena nglactar na bearta, ní dhéanfaidh forchur beart iomchuí difear don oibleagáid atá ar eintitis rialtais dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 nó atá ar Bhallstáit dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 an clár nó an ciste a ndéanann an beart difear dó a chur chun feidhme, agus go háirithe an oibleagáid íocaíochtaí a dhéanamh leis na faighteoirí nó tairbhithe deiridh.

3.  Beidh na bearta a dhéanfar comhréireach le cineál, tromchúis agus raon feidhme an easnaimh ghinearálaithe i ndáil leis an smacht reachta. A mhéad is féidir, díreofar na bearta ar na gníomhaíochtaí de chuid an Aontais a ndearna an t-easnamh sin difear dóibh nó a d’fhéadfadh sé difear a dhéanamh dóibh. [Leasú 48]

3a.  Cuirfidh an Coimisiún eolas agus treoir ar fáil chun leas na bhfaighteoirí agus tairbhithe deiridh maidir leis na hoibleagáidí ag na Ballstáit dá dtagraítear i mír 2 trí shuíomh gréasáin nó tairseach idirlín..

Cuirfidh an Coimisiún uirlisí leormhaithe ar an suíomh gréasáin nó tairseach céanna d’fhaighteoirí agus tairbhithe deiridh chun an Coimisiún a chur ar an eolas maidir le haon sárú ar na hoibleagáidí seo a dhéanann difear do na faighteoirí nó tairbhithe deiridh seo dar leo. Cuirfear an mír seo i bhfeidhm ar bhealach lena n-áirithítear cosaint na ndaoine a tuairiscíonn sáruithe dlí an Aontais, i gcomhréir leis na prionsabail atá leagtha síos i Treoir XXX (Treoir maidir le cosaint do dhaoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais). Ní fhéadfaidh an Coimisiún faisnéis a sholáthraíonn na faighteoirí nó tairbhithe deiridh i gcomhréir leis an mír seo a chur san áireamh ach amháin má tá cruthúnas ag gabháil leis an bhfaisnéis sin gur chuir an faighteoir nó tairbhí deiridh lena mbaineann gearán foirmiúil faoi bhráid an údaráis inniúil. [Leasú 49]

3b.  Bunaithe ar an bhfaisnéis a sholáthraíonn na faighteoirí nó tairbhithe deiridh i gcomhréir le mír 3 a, áiritheoidh an Coimisiún go n-íocfar go héifeachtach aon mhéid atá le híoc ag eintitis rialtais nó ag Ballstáit, i gcomhréir le mír 2 a, leis na faighteoirí nó tairbhithe deiridh.

Más gá:

(a)  faoi threoir cistí ó bhuiséad an Aontais a bhainistítear i gcomhréir le hAirteagal 62(1)(c) den Rialachán Airgeadais, déanfaidh an Coimisiún:

(i)  aon íocaíocht le haon cheann de na comhlachtaí dá dtagraítear i bpointí (v) go (vii) d’Airteagal 62(1)(c) den Rialachán Airgeadais a aisghabháil le haghaidh méid is ionann agus an méid nach n-íoctar leis na faighteoirí nó tairbhithe deiridh, i sárú ar mhír 2 den Airteagal seo,;

(ii)  méid is ionann agus an méid dá dtagraítear sa phointe roimhe seo a aistriú go cúlchiste an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 12 de Rialachán XXX ón gComhairle (Rialachán CAI). Measfar gur corrlach atá fágtha ar fáil an méid sin de réir bhrí phointe (a) d’Airteagal 12(1) de Rialachán XXX ón gComhairle (Rialachán CAI) agus bainfidh leas as i gcomhréir le hAirteagal 12(2) de Rialachán XXX ón gComhairle (Rialachán CAI), a mhéid is féidir, chun leas na bhfaighteoirí nó na dtairbhithe deiridh dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo;

(b)  faoi threoir cistí ó bhuiséad an Aontais a bhainistítear i gcomhréir le hAirteagal 62(1)(b) den Rialachán Airgeadais:

(i)  measfar gur oibleagáid na mBallstát de réir bhrí [Airteagal 63] de Rialachán XXX ón gComhairle (Rialachán RFC) í oibleagáid na n-údarás rialtais nó na mBallstát dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo. Déileálfar le haon sárú ar an oibleagáid sin i gcomhréir le [hAirteagal 98] de Rialachán XXX ón gComhairle (Rialachán RFC);

(ii)  Aistreoidh an Coimisiún an méid a bheidh ann mar thoradh ar thacaíocht laghdaithe ó na Cistí go clár, agus [Airteagal 98] de Rialachán XXX (Rialachán RFC) á chur i bhfeidhm, go dtí cúlchiste an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 12 de Rialachán XXX ón gComhairle (Rialachán CAI). Measfar gur corrlach atá fágtha ar fáil é an méid sin de réir bhrí phointe a) d’Airteagal 12(1) de Rialachán XXX ón gComhairle (Rialachán CAI), agus bainfear leas as i gcomhréir le mír 2 d’Airteagal 12 de Rialachán XXC ón gComhairle (Rialachán CAI), a mhéid is féidir, chun leas na bhfaighteoirí nó na dtairbhithe deiridh dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo. [Leasú 50]

Airteagal 5

Nós imeachta

1.  I gcás ina gcinneann an Coimisiún, agus tuaraimí an phainéil á gcur san áireamh, go bhfuil forais réasúnacha aige lena chreidiúint go bhfuil coinníollacha Airteagal 3 comhlíonta, seolfaidh sé fógra i scríbhinn chuig an mBallstát sin, ina leagfar amach na forais ar ar bhunaigh sé a chinneadh. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas gan mhoill faoi aon fhógra den sórt sin agus faoina bhfuil ann. [Leasú 51]

2.  Féadfaidh Agus measúnú á dhéanamh aige ar cibé ar comhlíonadh coinníollacha Airteagal 3, déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis ábhartha uile a chur san áireamh, lena n-áirítear tuairimí ón bPainéal, breithiúnais ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, rúin ó Pharlaimint na hEorpa, tuarascálacha Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, agus conclúidí agus moltaí ó eagraíochtaí agus líonraí idirnáisiúnta ábhartha. Tabharfaidh an Coimisiún aird freisin ar na critéir a úsáidtear i gcomhthéacs chaibidlíochtaí aontachais an Aontais, go háirithe ar chaibidlí an acquis maidir leis na breithiúna agus cearta bunúsacha, leis an gceartas, leis an tsaoirse agus an tslándáil, leis an rialú airgeadais agus leis an gcánachas, agus freisin ar na treoirlínte a úsáidtear i gcomhthéacs an tSásra Comhair agus Fíorúcháin chun an dul chun cinn a dhéanann Ballstát a rianú. [Leasú 52]

3.  Féadfaidh an Coimisiún aon fhaisnéis bhreise atá de dhíth dá mheasúnú a iarraidh, roimh cinneadh a dhéanamh de bhun mhír 1 agus ina dhiaidh.

4.  Soláthróidh an Ballstát lena mbaineann an fhaisnéis atá de dhíth agus féadfaidh sé barúlacha a dhéanamh laistigh de theorainn ama arna sonrú ag an gCoimisiún, teorainn nach mbeidh níos lú ná aon mhí amháinnach mbeidh níos mó ná trí mhí ó dháta an fhógra faoin toradh. Sna barúlacha uaidh, féadfaidh an Ballstát a mholadh go nglacfaí bearta feabhais. [Leasú 53]

5.  Agus cinneadh á dhéanamh cibé acu a ghlacfaidh nó nach nglacfaidh sé togra le haghaidh cinneadh maidir le aon bhearta dá dtagraítear in Airteagal 4, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an fhaisnéis a fhaigheann sé agus aon bharúlacha a dhéanann an Ballstát lena mbaineann, chomh maith le leormhaitheas aon bheart feabhais a mholtar. Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir leis an obair leantach a dhéanfar ar an bhfaisnéis arna fáil laistigh de theorainn ama tháscach de mhí amháin agus, i gcás ar bith laistigh de thréimhse réasúnach ama ón dáta a bhfaighfear an fhaisnéis sin. [Leasú 54]

5a.  Agus measúnú á dhéanamh aige ar chomhréireacht na mbeart a bheidh le forchur, tabharfaidh an Coimisiún aird chuí ar an bhfaisnéis agus an treoir dá dtagraítear i mír 2. [Leasú 55]

6.  I gcás ina measann an Coimisiún go bhfuil an t-easnamh ginearálaithe i ndáil leis an smacht reachta cruthaithe, cuirfidh sé togra le haghaidh gníomh cur chun feidhme maidir leis na bearta iomchuí faoi bhráid na Comhairle. [Leasú 56]

6a.  Déanfaidh an Coimisiún, an tráth céanna a nglacfaidh sé a chinneadh, togra a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun méid is ionann agus luach na mbeart arna nglacadh a aistriú chuig cúlchiste buiséadach. [Leasú 57]

6b.  De mhaolú ar Airteagal 31(4) agus (6) den Rialachán Airgeadais, déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle plé ar an togra le haghaidh aistrithe laistigh de cheithre seachtaine i ndiaidh don dá institiúid é a fháil. Measfar go bhfuil an togra le haghaidh aistrithe formheasta mura rud é, laistigh den tréimhse cheithre seachtaine, go ndéanann Parlaimint na hEorpa, ag gníomhú trí thromlach na vótaí a caitheadh, nó an Chomhairle, ag gníomhú trí thromlach cáilithe, é a leasú nó diúltú dó. Má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle an togra le haghaidh aistrithe a leasú nó má dhiúltaíonn siad dó, beidh feidhm ag Airteagal 31(8) den Rialachán Airgeadais. [Leasú 58]

6c.  dtagraítear i mír 6 i bhfeidhm más rud é nach ndiúltaíonn Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle don togra le haghaidh aistrithe laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 6b. [Leasú 59]

7.  Measfar an cinneadh a bheith glactha ag an gComhairle, ach amháin má chinneann sí, trí thromlach cáilithe, diúltú don togra ón gCoimisiún laistigh d’aon mhí amháin tar éis a ghlactha ag an gCoimisiún. [Leasú 60]

8.  Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, togra an Choimisiún a leasú agus an téacs leasaithe a ghlacadh mar chinneadh ón gComhairle. [Leasú 61]

Airteagal 6

Bearta a chur i leataobh

1.  Féadfaidh an Ballstát lena mbaineann, tráth ar bith, fógra foirmiúil a chur faoi bhráid an Choimisiúin ina n-áireofar fianaise lena thaispeáint go ndearnadh an t-easnamh ginearálaithe i ndáil leis an smacht reachta a leigheas nó nach ann dó a thuilleadh. [Leasú 62]

2.  Ar iarraidh an Bhallstáit lena mbaineann nó ar a thionscnamh féin, déanfaidh an Coimisiún, agus aon tuairimí ón bPainéal á gcur san áireamh, measúnú ar an staid ina bhfuil an Ballstát lena mbaineann laistigh de theorainn ama tháscach de mhí amháin agus, i gcás ar bith, laistigh de thréimhse réasúnach ama ón dáta a bhfaighfear an fógra foirmiúil. A luaithe nach mbeidh na heasnaimh ghinearálaithe i ndáil leis an smacht reachta, a bhí ina bhforas le bearta dá dtagraítear in Airteagal 4 ann a thuilleadh, go hiomlán nó i bpáirt, déanfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh gan mhoill lena ndéanfar na bearta sin a chur i leataobh go hiomlán nó i bpáirt. Déanfaidh an Coimisiún, an tráth céanna a nglacfaidh sé a chinneadh, togra a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun deireadh a chur leis an gcúlchiste buiséadach dá dtagraítear in Airteagal 5(6a), go hiomlán nó i bpáirt. Beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar amach i míreanna 2, 4, 5, 6, 6b agus 6c d’Airteagal 5. [Leasú 63]

3.  I gcás ina gcuirtear bearta i leataobh a bhaineann le fionraí formheasa ceann amháin nó níos mó de na cláir nó formheasa leasuithe ar na cláir dá dtagraítear i bpointe (i) d’Airteagal 4(2)(b) nó a bhaineann le fionraí gealltanas dá dtagraítear i bpointe (ii) d’Airteagal 4(2)(b), iontrálfar méideanna a fhreagraíonn do na gealltanais a cuireadh ar fionraí sa bhuiséad faoi réir Airteagal 7 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. XXXX ón gComhairle (Rialachán CAI). Ní fhéadfar gealltanais bhliain n a cuireadh ar fionraí a iontráil sa bhuiséad tar éis bhliain n+2. Amhail ó bhliain n+3, déanfar méid is ionann agus na gealltanais a cuireadh ar fionraí a iontráil i gCúlchiste an Aontais le haghaidh Gealltanas dá bhforáiltear in Airteagal 12 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. XXXX ón gComhairle (Rialachán CAI). [Leasú 64]

Airteagal 7

Faisnéis a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa

Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa ar an eolas láithreach faoi aon bheart arna mholadh nó arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 agus Airteagal 5. [Leasú 65]

Article 7a

Reporting

Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, go háirithe ar éifeachtúlacht na mbeart arna nglacadh, más ann dóibh, ar a dhéanaí cúig bliana i ndiaidh dá theacht i bhfeidhm.

Beidh moltaí iomchuí ag gabháil leis an tuarascáil, i gcás inar gá. [Leasú 66]

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021. [Leasú 67]

Airteagal 8a

Ar áireamh sa Rialachán Airgeadais

Déanfar inneachar an Rialacháin seo a chur isteach sa Rialachán Airgeadais ach a ndéanfar an chéad athbhreithniú eile air.. [Leasú 68]

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in/sa …,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

(1)IO C 291, 17.8.2018, lch. 1.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Aibreán 2019.
(3)Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 29 Aibreán 2004, CAS Succhi di Frutta, C-496/99 PECLI:EU:C:2004:236, mír 63.
(4)Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 12 Samhain 1981, Amministrazione delle finanze dello Stato v Srl Meridionale Industria Salumi agus daoine eile Ditta Italo Orlandi & Figlio agus Ditta Vincenzo Divella v Amministrazione delle finanze dello Stato. Cásanna uamtha 212 go 217/80, ECLI:EU:C:1981:270, mír 10.
(5)Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 21 Meán Fómhair 1989, Hoechst, Cásanna uamtha 46/87 agus 227/88, ECLI:EU:C:1989:337, mír 19.
(6)Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 10 Samhain 2016, Kovalkovas, C-477/16, ECLI:EU:C:2016:861, mír 36; Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 10 Samhain 2016, PPU Poltorak, C-452/16, ECLI:EU:C:2016:858, mír 35; agus Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 22 Nollaig 2010, DEB,C-279/09, ECLI:EU:C:2010:811, mír 58.
(7)Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 27 Feabhra 2018, Associação Sindical dos Juízes Portugueses v Tribunal de Contas C-64/16, ECLI:EU:C:2018:117, míreanna 31, 40-41; breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 25 Iúil 2018, LM, C-216/18 PPU, ECLI:EU:C:2018:586, míreanna 63-67.
(8)Teachtaireacht ón gCoimisiún A new EU Framework to strengthen the Rule of Law [Creat AE nua chun an Smacht Reachta a neartú], COM(2014)0158 final, Iarscríbhinn I.
(9) Tuarascáil ó Choimisiún na Veinéise an 4 Aibreán 2011 Staidéar Uimh. 512/2009 (CDL-AD(2011)003rev).
(10)Cás C-64/16, mír 32-36.
(11)Cás C-64/16, mír 40-41.
(12) Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

An nuashonrú is déanaí: 6 Deireadh Fómhair 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais