Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2018/0111(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0438/2018

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0438/2018

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 04/04/2019 - 6.20

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2019)0352

Téacsanna atá glactha
PDF 121kWORD 56k
Déardaoin, 4 Aibreán 2019 - Brussels
Faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid ***I
P8_TA(2019)0352A8-0438/2018
Rún
 Téacs

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Aibreán 2019 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (athmhúnlú) (COM(2018)0234 – C8-0169/2018 – 2018/0111(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach – athmhúnlú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0234),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0169/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 17 Deireadh Fómhair 2018(1),

–  tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

–  ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 28 Samhain 2001 maidir le húsáid níos struchtúrtha theicníocht an athmhúnlaithe do ghníomhartha reachtacha(2),

–  ag féachaint don litir dar dáta an 14 Meitheamh 2018 ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla chuig an gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh i gcomhréir le Riail 104(3) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 6 Feabhra 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Rialacha 104 agus 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta agus do na tuairimí ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra agus ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra, ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas agus ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A8-0438/2018),

A.  de bhrí, i gcomhréir le Meitheal Chomhairleach sheirbhísí dlíthiúla Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin, nach bhfuil aon leasuithe substainteacha i gceist leis an togra ón gCoimisiún, seachas na leasuithe sin a shainaithnítear sa togra mar leasuithe den sórt sin, agus de bhrí, a mhéid a bhaineann le códú na bhforálacha neamhathruithe ó na gníomhartha roimhe sin in éineacht leis na leasuithe sin, gurb é atá sa togra ná códú díreach ar na téacsanna atá cheana ann, gan aon athrú ina substaint;

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo, agus aird á tabhairt ar na moltaí ó Mheitheal Chomhairleach sheirbhísí dlíthiúla Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige é a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1)IO C 62, 15.2.2019, lch. 238.
(2) IO C 77, 28.3.2002, lch. 1.


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 4 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (athmhúnlú)
P8_TC1-COD(2018)0111

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2019/1024.)

An nuashonrú is déanaí: 14 Aibreán 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais