Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2018/0162(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0007/2019

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0007/2019

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 04/04/2019 - 6.22

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2019)0354

Téacsanna atá glactha
PDF 115kWORD 50k
Déardaoin, 4 Aibreán 2019 - Brussels
Íosleibhéal oiliúna do mharaithe ***I
P8_TA(2019)0354A8-0007/2019
Rún
 Téacs

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Aibreán 2019 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2008/106/CE maidir le híosleibhéal oiliúna maraithe agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/45/CE (COM(2018)0315 – C8-0205/2018 – 2018/0162(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0315)),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 100(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0205/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 12 Nollaig 2018(1),

–  tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 15 Feabhra 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht agus don tuairim ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta (A8-0007/2019),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) IO C 110, 22.3.2019, lch. 125.


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 4 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2008/106/CE maidir leis an íosleibhéal oiliúna do mharaithe agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/45/EC maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do dheimhnithe maraithe arna n-eisiúint ag na Ballstáit
P8_TC1-COD(2018)0162

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2019/1159.)

An nuashonrú is déanaí: 14 Aibreán 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais