Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Aibreán 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 maidir leis na rialacha is infheidhme maidir le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach (COM(2017)0571 – C8-0326/2017 – 2017/0245(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2017)0571),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 77(2)(e) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a chuir an Coimisiún an togra faoi bhráid na Parlaiminte (C8‑0326/2017),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don mhéid a thíolaic Teach na dTeachtaí sa tSeic, Seanad na Seice, Parlaimint na Gréige, Parlaimint na Spáinne, Seanad na Fraince agus Parlaimint na Portaingéile maidir leis an dréachtghníomh reachtach,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A8-0356/2018),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo(1);
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Is ionann an seasamh seo agus na leasuithe arna nglacadh an 29 Samhain 2018 (Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2018)0472).
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 4 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) …/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 maidir leis na rialacha is infheidhme maidir le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe pointe (e) d’Airteagal 77(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(1),
De bharr an méid seo a leanas:
(-1) Ar cheann de na príomhnithe atá bainte amach ag an Aontas tá cruthú limistéir ina n-áirithítear saorghluaiseacht daoine thar theorainneacha inmheánacha. Ba cheart go mbeadh ghnáthfheidhmiú agus neartú limistéir den sórt sin, atá bunaithe ar iontaoibh agus ar dhlúthpháirtíocht, ina chuspóir choiteann ag an Aontas agus ag na Ballstáit ar chomhaontaigh a bheith páirteach ann. San am céanna, tá gá le freagairt choiteann ar chásanna a théann i bhfeidhm go mór ar bheartas poiblí nó ar shlándáil inmheánach an limistéir sin, nó codanna de, trína cheadú gur féidir rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú go sealadach i gcúinsí eisceachtúla agus mar rogha dheiridh, agus comhar idir na Ballstáit lena mbaineann á neartú. [Leasú 1]
(1) I limistéar ina bhféadfaidh daoine gluaiseacht faoi shaoirse, ba cheart é a bheith ina eisceacht rialú teorann a athbhunú ag teorainneacha inmheánacha. Ós rud é go ndéantar difear do shaorghluaiseacht daoine trí rialú ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú go sealadach, níor ceart cinneadhé sin a athbhunú ach amháin mar bheart atá ina rogha dheiridh, agus ar feadh tréimhse theoranta agus a mhéid is gá na rialuithe sin agus atá siad comhréireach leis na bagairtí tromchúiseacha arna shainaithint ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil inmheánach. Ba cheart aon bheart den sórt sin a aistarraingt a luaithe nach mbeidh ann dá mbunfhorais a thuilleadh. [Leasú 2]
(1a) Níor cheart go measfaí gur bagairt thromchúiseach, per se, ar an mbeartas poiblí ná ar an tslándáil inmheánach é imirce agus teorainneacha seachtracha a bheith á dtrasnú ag líon mór náisiúnach tríú tíortha. [Leasú 3]
(2) De réir chineál agus scála an bhaoil thromchúisigh sin arna shainaithint, is féidir bearta éagsúla a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt air. Cé go bhfuil sé fós soiléir go bhfuil cumhachtaí póilíneachta éagsúil ina nádúr agus ina gcuspóir ó rialú teorann, tá ag na Ballstáit na cumhachtaí póilíneachta sin, dá dtagraítear in Airteagal 23 de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen)(2), cumhachtaí is féidir a úsáid, faoi réir coinníollacha áirithe, sna limistéir teorann. Tá treoirlínte do na Ballstáit ina thaobh sin sa Mholadh ón gCoimisiún maidir le seiceálacha comhréireacha póilíneachta agus comhar póilíneachta i limistéar Schengen(3). [Leasú 4]
(2a) Roimh dhul i muinín rialú teorann a athbhunú ag teorainneacha inmheánacha, ba cheart do Bhallstáit tosaíocht a thabhairt do bhearta malartacha. Go háirithe, ba cheart don Bhallstát lena mbaineann, i gcás ina bhfuil gá agus údar leis, smaoineamh ar sheiceálacha póilíneachta a úsáid ar bhonn níos éifeachtaí nó iad a threisiú ar a chríoch, lena n-áirítear i limistéir teorann agus ar phríomhbhealaí iompair, ar bhonn measúnú riosca, agus é ag áirithiú nach bhfuil rialú teorann mar chuspóir leis na seiceálacha póilíneachta sin. Tá teicneolaíochtaí nua-aimseartha ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar na bagairtí ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil inmheánach. Ba cheart do na Ballstáit a mheasúnú an bhféadfaí aghaidh leordhóthanach a thabhairt ar an staid trí bhíthin comhar trasteorann méadaithe, ó thaobh na hoibríochta de agus ó thaobh malartú faisnéise idir póilíní agus seirbhísí faisnéise. [Leasú 5]
(3) I gcomhréir le forálacha Chaibidil II de Theideal III de Chód Teorainneacha Schengen, is féidir rialú ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach mar rogha dheiridh i gcás baol tromchúiseach don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach ar feadh tréimhse theoranta nach faide ná sé mhí i gcás imeachtaí intuartha (Airteagal 25), agus ar feadh tréimhse theoranta nach faide ná dhá mhí i gcásanna a éilíonn beart láithreach (Airteagal 28). Ba leor na tréimhsí sin chun dul i ngleic leis an mbaol tromchúiseach a bhain leis na himeachtaí intuartha is minice, amhail imeachtaí idirnáisiúnta spóirt nó imeachtaí polaitiúla ardleibhéil.
(4) Mar sin féin, is léir ónar tharla roimhe seo gurb annamh a bhíonn gá le rialú teorann a athbhunú ag teorainneacha inmheánacha do thréimhsí níos faide ná dhá mhí. I gcúinsí eisceachtúla amháin,d’fhéadfadh bagairtí áirithe tromchúiseacha ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil inmheánach, amhail bagairtí sceimhlitheoireachta trasteorann nó cásanna sonracha i ndáil le gluaiseachtaí tánaisteacha imirceach, leanúint de bheith ann go ceann i bhfad tar éis dheireadh na dtréimhsí thuasluaiteleanúint de bheith ann níos faide ná tar éis dheireadh na dtréimhsí uasta de shé mhí atá údaraithe faoi láthair le haghaidh rialú teorann a athbhunú ag teorainneacha inmheánacha. Dá bhrí sin, tá gá agus údar le coigeartú a dhéanamh ar na teorainneacha ama is infheidhme maidir le rialú teorann a athbhunú ar bhonn sealadach, lena gcur in oiriúint do na riachtanais atá ann faoi láthair, ach ní mór a áirithiú san am céanna nach mbainfear mí-úsáid as an mbeart sin agus gur eisceacht é, nach rachfaí ina mhuinín ach amháin mar rogha dheiridh. Chuige sin, ba cheart síneadh a chur leis an sprioc-am ginearálta is infheidhme faoi Airteagal 25 de Chód Teorainneacha Schengen sa chaoi is gur bhliain a bheadh inti.[Leasú 6]
(4a) Ba cheart go ndéanfaí aon mhaolú ó phrionsabal bunúsach shaorghluaiseacht daoine a léiriú go docht agus glactar leis, le coincheap an bheartais phoiblí gurb ann d’fhíorbhagairt láithreach atá tromchúiseach go leor lena ndéantar difear do leasanna bunúsacha na sochaí. [Leasú 7]
(5) Chun a áirithiú go leanfaidh na rialuithe ag teorainneacha inmheánacha sin de bheith mar bheart atá ina rogha dheiridh agus ina n-eisceacht, ba cheart do na Ballstáit measúnú riosca a chur isteach maidir le hathbhunú nó síneadhfadú beartaithe an rialaithe teorann níos faide ná dhá mhí. Ba cheart measúnú a dhéanamh sa mheasúnú riosca, go háirithe, ar an bhfad a mheastar a mhairfidh an baol arna shainaithint agus ar cé na codanna de na teorainneacha inmheánacha a ndéanfar difear dóibh, agus ba cheart a léiriú gur beart atá ina rogha dheiridh é an síneadh ar na rialuithe teorann, go háirithe trína léiriú gur cruthaíodh nó gur measadh nár leor aon bhearta malartacha, agus ba cheart a mhíniú cén chaoi a mbeadh rialú teorainn ina chuidiú chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol arna shainaithint. I gcás rialú ag teorainneacha inmheánacha is faide ná 6 mhí, ba cheart a léiriú go cúlghabhálach sa mheasúnú riosca freisin éifeachtúlacht agus éifeachtacht an rialaithe teorann arna athbhunú chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol arna shainaithint agus ba cheart míniú mionsonraithe a thabhairt ar an gcaoi a ndeachthas i gcomhairle le gach Ballstát comharsanachta a ndearna an síneadh sin difear dóibh agus ar ról na mBallstát sin i gcinneadh na socruithe is lú ualach oibríochtúil. Ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit fós, i gcás inar gá, an fhaisnéis uile arna cur ar fáil nó codanna de a aicmiú. [Leasú 8]
(5a) I gcás ina molfar rialú ag teorainneacha inmheánacha i gcomhair imeachtaí sonracha beartaithe atá de nádúr agus tréimhse eisceachtúil, amhail gníomhaíochtaí spóirt, ba cheart tréimhse an rialaithe sin a bheith an-chruinn, srianta agus nasctha le tréimhse iarbhír na himeachta. [Leasú 9]
(6) Beidh cáilíocht an mheasúnaithe riosca arna chur isteach ag an mBallstát an-tábhachtach chun measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le hathbhunú nó le fadú beartaithe an rialaithe teorann, agus ar chomhréireacht an rialaithe bheartaithe sin. Ba cheart baint a bheith ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta , Europol,an Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn, an Ghníomhaireacht Eorpach um Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha leis an measúnú sin. [Leasú 10]
(7) Ba cheart cumhacht an Choimisiúin tuairim a eisiúint faoi Airteagal 27(4) de Chód Teorainneacha Schengen a mhodhnú chun na hoibleagáidí nua atá ar na Ballstáit i dtaca leis an measúnú riosca a chur san áireamh, lena n-áirítear an comhar leis na Ballstáit lena mbaineann. Nuair a dhéantar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha ar feadh níos mó ná sé mhí, ba cheart é a bheith d'oibleagáid ar an gCoimisiún tuairim a eisiúint. Ba cheart freisin an nós imeachta comhairliúcháin dá bhforáiltear le hAirteagal 27(5) de Chód Teorainneacha Schengen a mhodhnú chun ról na nGníomhaireachtaí (an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus Europol)an Aontais a chur san áireamh agus chun díriú ar chur chun feidhme praiticiúil gnéithe éagsúla den chomhar idir na Ballstáit, lena n-áirítear comhordú beart éagsúil, i gcás inarb iomchuí, ar an dá thaobh den teorainn. [Leasú 11]
(8) Chun na rialacha athbhreithnithe a dhéanamh níos oiriúnaí do na dúshláin a bhaineann le baol seasta tromchúiseach don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach, ba cheart foráil shonrach a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht síneadh a chur le rialuithe ag teorainneacha inmheánacha thar aon bhliain amháinsé mhí ar bhonn eisceachtúil. Ba cheart bearta eisceachtúla comhchuimseacha náisiúnta – staid éigeandála, mar shampla – a chur i bhfeidhm laistigh den chríoch in éineacht leis an síneadh sin chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol. I gcás ar bith, fiú agus an fhéidearthacht sin ann, níor cheart na rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a bheith i bhfeidhm níos mó ná dhá bhliainaon bhliain amháin. [Leasú 12]
(8a) Ba cheart cothromaíocht a aimsiú idir an riachtanas agus an chomhréireacht de rialú ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú agus an bhagairt atá ann ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil inmheánach, arb é is cúis leis an ngá atá le hathbhunú den sórt sin, agus ba cheart freisin bearta malartacha a mheas a d’fhéadfaí a ghlacadh ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal an Aontais, nó an dá rud, agus tionchar rialú den sórt sin ar shaorghluaiseacht daoine laistigh de limistéar gan rialú ag teorainneacha inmheánacha a mheas freisin. [Leasú 13]
(9) Ba cheart an tagairt d'Airteagal 29 atá in Airteagal 25(4) a mhodhnú d'fhonn an gaol idir na tréimhsí is infheidhme faoi Airteagal 29 agus Airteagal 25 de Chód Teorainneacha Schengen a shoiléiriú.[Leasú 14]
(10) An fhéidearthacht rialuithe sealadacha a dhéanamh ag teorainneacha inmheánacha mar fhreagairt ar bhaol sonrach don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach a mhaireann níos mó ná bliain amháinsé mhí, ba cheart í a bheith faoi réir nós imeachta ar leith lena gceanglófar moladh ón gComhairle. [Leasú 15]
(11) Chuige sin, ba cheart don Choimisiún tuairim a eisiúint maidir leis an ngá atá leis an bhfadú sin agus comhréireacht an fhadaithe agus, i gcás inarb iomchuí, maidir leis an gcomhar leis na Ballstáit chomharsanachta. Ba cheart go gcuirfear Parlaimint na hEorpa ar an eolas láithreach faoin fhadú beartaithe. Ba cheart go mbeadh deis ag na Ballstáit a ndéanfar difear dóibh barúlacha a thabhairt don Choimisiún sula n-eiseoidh sé a thuairim. [Leasú 16]
(12) I bhfianaise chineál na mbeart sin, a bhfuil baint acu le cumhachtaí feidhmiúcháin náisiúnta agus le cumhachtaí náisiúnta forfheidhmiúcháin i dtaca le baol tromchúiseach don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt go heisceachtúil don Chomhairle moltaí a ghlacadh faoin nós imeachta áirithe seo.
(13) Féadfaidh an Chomhairle, ag cur thuairim an Choimisiúin san áireamh, síneadh eisceachtúil den chineál sin a mholadh agus, i gcás inarb iomchuí, na coinníollacha maidir le comhar idir na Ballstáit lena mbaineann a chinneadha leagan síos, d'fhonn a áirithiú gur beart eisceachtúil é agus nach mbeidh sé i bhfeidhm ach an fad is gá agus a bhfuil údar leis, agus go bhfuil sé ag teacht leis na bearta a rinneadh ar an leibhéal náisiúnta laistigh den chríoch chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol áirithe céanna don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach. Ba cheart gur réamhriachtanas é an moladh ón gComhairle maidir le haon síneadh breise anuas ar an tréimhse bliana, agus ba cheart, dá bhrí sin, é a bheith ag teacht leis an moladh dá bhforáiltear cheana in Airteagal 29sé mhí. Ba cheart go gcuirfear an moladh ón gComhairle ar aghaidh láithreach chuig Parlaimint na hEorpa. [Leasú 17]
(13a) Bearta a dhéantar faoin nós imeachta ar leith ina gcuireann cúinsí eisceachtúla feidhmiú foriomlán an limistéir gan rialú ag teorainneacha inmheánacha i mbaol, níor cheart iad a fhadú, nó iad a nascadh le bearta a dhéantar faoi nós imeachta eile chun rialú ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú nó a fhadú dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2016/399. [Leasú 18]
(13b) I gcás ina measann an Coimisiún gur mhainnigh Ballstát oibleagáid faoi na Conarthaí a chomhlíonadh, ba cheart don Choimisiún, mar chaomhnóir na gConarthaí a dhéanann maoirseacht ar chur i bhfeidhm dhlí an Aontais, bearta iomchuí a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 258 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear tríd an ábhar a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. [Leasú 19]
(14) Ós rud é gurb é is cuspóir don Rialachán seo síneadh ar rialú teorann a athbhunaíodh a cheadú i gcásanna eisceachtúla ag codanna sonracha de na teorainneacha inmheánacha ar feadh na tréimhse is gá do Bhallstát chun freagairt leordhóthanach a thabhairt ar bhagairt sheasta de chineál trasteorann, gurb é is cuspóir dó comhlánú a dhéanamh ar na rialacha atá i bhfeidhm cheana féin maidir le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach, ní féidir leis na Ballstáit an méid sin a bhaint amach ag gníomhú dóibh ina n-aonar; is gá leasú a dhéanamh ar na comhrialacha arna mbunú ar leibhéal an Aontais. Dá bhrí sin, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta arna leagan amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.
(15) I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse sé mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.
(16) Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil an Ríocht Aontaithe rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle(4); dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo ná níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.
(17) Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle(5); dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm
(18) Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le hacquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt(6), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe A d'Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle(7).
(19) Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt(8), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe A d'Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE(9), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle(10).
(20) Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt(11), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe A d'Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle(12).
(21) Urramaítear leis an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear, go háirithe, le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
(22) Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 2016/399 a leasú dá réir sin,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2016/399 mar a leanas:
(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 25:"
"1. I gcás ina bhfuil baol tromchúiseach ann don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach sa limistéar gan rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha i mBallstát, féadfaidh an Ballstát sin rialú teorann a athbhunú ar bhonn eisceachtúil ag a theorainneacha inmheánacha uile nó ag codanna sonracha dá theorainneacha inmheánacha ar feadh tréimhse teoranta 30 lá ar a mhéid, nó ar feadh ré intuartha an bhaoil thromchúisigh má mhaireann sé níos faide ná 30 lá ach nach faide ná sé mhí mar bheart atá ina rogha dheiridh. Ní rachaidh raon feidhme agus ré athbhunú sealadach an rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha thar a bhfuil riachtanach chun freagairt a thabhairt ar an mbaol tromchúiseach. [Leasú 20]
2. Ní athbhunófar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha ach mar rogha dheiridh, agus i gcomhréir le hAirteagail 27, 27a, 28 agus 29. Cuirfear na critéir dá dtagraítear, faoi seach, in Airteagal 26 agus in Airteagal 30 san áireamh i ngach cás ina bhfuil sé beartaithe rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú de bhun Airteagail 27, 27a, 28 agus 29.[Leasú 21]
3. Más ann fós don bhaol tromchúiseach don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach sa Bhallstát lena mbaineann tar éis na tréimhse dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo, féadfaidh an Ballstát sin rialú teorann ag a theorainneacha inmheánacha a shíneadh, ag cur san áireamh dó na critéir dá dtagraítear in Airteagal 26 agus i gcomhréir le hAirteagal 27, ar bhonn an fhorais chéanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus, ag cur aon ghné nua san áireamh, ar feadh tréimhsí in-athnuaite a fhreagraíonn do ré intuartha an bhaoil thromchúisigh agus nach faide iad ná sé mhí.[Leasuithe 22 agus 52]
4. An tréimhse iomlán a mbeidh rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha athbhunaithe lena linn, lena n-áirítear aon síneadh dá bhforáiltear le mír 3 den Airteagal seo, ní bheidh sí níos faide aon bhliain amháin.
Sna cásanna eisceachtúla dá dtagraítear in Airteagal 27a, féadfar dhá bhliain eile ar a mhéad a chur leis an tréimhse iomlán i gcomhréir leis an Airteagal sin.
I gcúinsí eisceachtúla, dá dtagraítear in Airteagal 29, féadfar dhá bhliain ar a mhéad a chur leis an tréimhse iomlán, i gcomhréir le mír 1 den Airteagal sin."[Leasú 23]
"
(1a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 26:"
"Airteagal 26
Critéir maidir le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach
Sula gcinneann Ballstát, mar bheart atá ina rogha dheiridh, rialú teorann a athbhunú go sealadach ag teorainn inmheánach amháin nó níos mó dá chuid nó ag codanna dá theorainneacha inmheánacha, nó má chinneann sé athbhunú sealadach den sórt sin a fhadú, déanfaidh sé na nithe seo a leanas a mheasúnú:
(a)
cibé an bhféadfaí a mheas gur dócha go ndéanfadh athbhunú rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha an bhagairt ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil inmheánach a réiteach go leordhóthanach;
(b)
cibé an dócha go ndéanfadh aon bheart eile seachas athbhunú rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha, amhail comhar póilíneachta trasteorann feabhsaithe nó seiceálacha póilíneachta treisithe, an bhagairt ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil inmheánach a réiteach go leordhóthanach;
(c)
an chomhréireacht a bhaineann le rialú teorann ag teorainneacha inmheánach a athbhunú go sealadach maidir leis an mbagairt ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil inmheánach, go háirithe trí na nithe seo a leanas a chur san áireamh:
(i)
an tionchar is dóigh a bheidh ag aon bhaol do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach, lena n-áirítear i ndiaidh gníomhartha sceimhlitheoireachta nó i ndiaidh bagairtí sceimhlitheoireachta agus lena n-áirítear gníomhartha nó bagairtí a thagann ón gcoireacht eagraithe; agus
(ii)
an tionchar is dóigh a bheidh ag athbhunú sealadach rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha ar shaorghluaiseacht daoine laistigh den limistéar gan rialú ag teorainneacha inmheánacha.
I gcás ina measann Ballstát faoi phointe (a) den chéad fhomhír nach dócha go ndéanfaidh athbhunú sealadach rialú teorann an bhagairt don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach a réiteach go leordhóthanach, ní athbhunóidh sé rialú ag teorainneacha inmheánacha.
I gcás ina measann Ballstát faoi phointe (b) den chéad fhomhír gur dócha go ndéanfaidh bearta seachas athbhunú rialaithe ag teorainneacha inmheánacha an bhagairt ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil inmheánach a réiteach go leordhóthanach, ní dhéanfaidh sé rialú ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú nó a fhadú agus déanfaidh sé na bearta eile sin.
I gcás ina measann Ballstát faoi phointe (c) den chéad fhomhír nach bhfuil an t-athbhunú molta de rialú ag teorainneacha inmheánacha comhréireach leis an mbagairt, ní dhéanfaidh sé rialú teorann a athbhunú nó a fhadú."; [Leasú 24]
"
(2) Leasaítear Airteagal 27 mar a leanas:
(-i) cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:"
"Nós imeachta maidir le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú i gcás ina dtuartar bagairt thromchúiseach ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil inmheánach"; [Leasú 25]
"
(-ia) cuirtear an mhír seo a leanas isteach roimh mhír 1:"
"-1. I gcás ina bhfuil bagairt thromchúiseach ann ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil inmheánach sa limistéar gan rialú ag teorainneacha inmheánacha i mBallstát, féadfaidh an Ballstát sin, mar bheart atá ina rogha dheiridh agus i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos in Airteagal 26, rialú teorann ar feadh tréimhse theoranta suas le 30 lá a athbhunú ar a theorainneacha inmheánacha ina n-iomláine nó ar chodanna sonracha díobh nó, má mhaireann an bhagairt thromchúiseach níos faide ná 30 lá, ar feadh tréimse thuartha na bagartha tromchúisí ach, i gcás ar bith, gan an tréimhse sin a bheith níos faide ná dhá mhí.”; [Leasú 26]
"
(-ib) cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití i mír 1:"
"1. Chun críocha mhír -1, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra do na Ballstáit eile agus don Choimisiún laistigh de cheithre seachtaine ar a dhéanaí roimh an dáta atá beartaithe don athbhunú, nó laistigh de thréimhse níos giorra i gcás ina bhfuil na cúinsí is cúis leis an ngá le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar eolas níos lú ná ceithre seachtaine roimh an dáta atá beartaithe don athbhunú. Chuige sin, soláthróidh an Ballstát an fhaisnéis seo a leanas:”; [Leasú 27]
"
(i) I mír 1, cuirtear an litir nua (aa) seo a leanas isteach:"
"(aa) measúnú riosca ina measúnófar cá fhad a mheastar a mhairfidh an baol arna shainaithint agus cé na codanna de na teorainneacha inmheánacha a ndéanfar difear dóibh, agus ina léireofar gur rogha dheiridh é an síneadh ar an rialú teorann agus ina míneofar an chaoi a gcabhródh rialú teorann chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol arna shainaithint. I gcás inar athbhunaíodh rialú teorann cheana ar feadh níos mó ná sé mhí, míneofar sa mheasúnú riosca freisin an chaoi ar chuidigh an rialú teorann a athbhunaíodh cheana chun dul i ngleic leis an mbaol arna shainaithint.
Beidh sa mheasúnú riosca freisin tuarascáil mhionsonraithe ar an gcomhordú a bhí ar bun idir an Ballstát lena mbaineann agus an Ballstát nó na Ballstáit a bhfuil teorainneacha inmheánacha aige nó acu leo, teorainneacha ag a raibh rialú teorann i bhfeidhm.
Roinnfidh an Coimisiún an measúnú riosca leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus le Europol, de réir mar is iomchuí." [Leasuithe 28 agus 57]
"
(ia) i mír 1, cuirtear isteach pointe seo a leanas:"
"(ab) aon bhearta eile seachas an t-athbhunú molta, a dhéanfaidh nó a bheartóidh an mBallstát, chun aghaidh a thabhairt ar an mbagairt ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil inmheánach mar aon leis an gcúis fhianaise-bhunaithe a measadh nár leor bearta malartacha, amhail comhar póilíneachta trasteorann feabhsaithe nó seiceálacha póilíneachta;" [Leasú 29]
"
(ii) i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad litir (e):"
"(e) i gcás inarb iomchuí, na bearta atá le déanamh ag na Ballstáit eile, arna gcomhaontú roimh athbhunú ar bhonn sealadach an rialaithe teorann ag na teorainneacha inmheánacha lena mbaineannábhartha." [Leasú 30]
"
(iii) cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte deiridh de mhír 1:"
"I gcás inarMás gá, féadfaidh an Coimisiún faisnéis bhreise a iarraidh ar na Ballstáit lena mbaineann, lena n-áirítear faisnéis faoin gcomhar leis na Ballstáit a ndéanfaidh an t-athbhunú nó an fadú atá beartaithe ar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha difear dóibh agus tuilleadh faisnéise is gá chun a mheas an rogha dheiridh é sin.";[Leasú 31]
"
(iiia) cuirtear an mhír seo a leanas isteach:"
"1a. Más ann fós don bhagairt thromchúiseach ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil inmheánach sa Bhallstát lena mbaineann tar éis dhá mhí, féadfaidh an Ballstát sin rialú teorann ag a theorainneacha inmheánacha a fhadú, agus na critéir a leagtar síos in Airteagal 26 á gcur san áireamh, ar bhonn an fhorais chéanna dá dtagraítear i mír -1 den Airteagal seo agus, agus aon ghnéithe nua á gcur san áireamh, ar feadh tréimhse in-athnuaite a fhreagróidh do ré intuartha na bagartha tromchúisí agus ní bheidh an tréimhse sin, in aon chás, níos faide ná ceithre mhí. Déanfaidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún a chur ar an eolas laistigh den tréimhse ama dá dtagraítear i mír 1."; [Leasú 32]
"
(iiib) cuirtear an mhír seo a leanas isteach:"
"1b. Chun críocha mhír 1a, sa bhreis ar an bhfaisnéis arna soláthar faoi mhír 1, soláthróidh an Ballstát lena mbaineann measúnú riosca a dhéanfaidh na nithe seo a leanas:
(i)
measúnú a dhéanamh ar cá fhad a mheastar a mhairfidh an bhagairt agus ar cén chuid dá teorainneacha inmheánacha a ndéanfar difear dóibh;
(ii)
achoimre a thabhairt ar na gníomhaíochtaí nó ar na bearta malartacha a tugadh isteach roimhe sin chun aghaidh a thabhairt ar an mbagairt arna sainaithint;
(iii)
a mhíniú cén fáth nach ndearna na bearta malartacha sin an bhagairt sin a leigheas go leordhóthanach;
(iv)
a léiriú gurb é an rogha dheiridh é an rialú teorann a fhadú; agus
(v)
a mhíniú conas a thabharfadh rialú teorann cabhair níos fearr chun aghaidh a thabhairt ar an mbagairt arna sainaithint.
Beidh sa mheasúnú riosca dá dtagraítear sa chéad fhomhír freisin tuarascáil mhionsonraithe ar an gcomhar a bhí ar bun idir an Ballstát lena mbaineann agus an Ballstát nó na Ballstáit a ndéanfar difear díreach dóibh trí rialú teorann a athbhunú, lena n-áirítear na Ballstáit sin a bhfuil teorainneacha inmheánacha ag an mBallstát lena mbaineann leo ag a bhfuil rialú teorann i bhfeidhm.
Roinnfidh an Coimisiún an measúnú riosca leis an nGníomhaireacht agus le Europol, agus féadfaidh sé a dtuairimí air sin a iarraidh, i gcás inarb iomchuí.
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 37 lena bhforlíontar an Rialachán seo tríd an modheolaíocht don mheasúnú riosca a ghlacadh."; [Leasú 33]
"
(iiic) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:"
"2. Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 1b a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ag an am céanna a thugtar fógra fúithi, de bhun na míreanna sin, do na Ballstáit eile agus don Choimisiún."; [Leasú 34]
"
(iiid) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:"
"3. Féadfaidh na Ballstáit, atá ag cur isteach fógra, an fhaisnéis uile nó codanna den fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 1b a aicmiú, más gá sin agus i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Ní fhágfar le haicmiú den sórt sin rochtain ar fhaisnéis, trí bhealaí comhair póilíneachta is iomchuí agus slán, ag na mBallstáit eile a ndéanfar difear dóibh trí rialú ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú go sealadach agus ní fhágfar nach gcuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis ar fáil do Pharlaimint na hEorpa. Comhlíonfaidh tarchur agus láimhseáil na faisnéise agus na ndoiciméad a tarchuireadh chuig Parlaimint na hEorpa faoin Airteagal seo leis na rialacha a bhaineann le faisnéis rúnaicmithe a chur ar aghaidh agus a láimhseáil, ar rialacha iad atá infheidhme idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún."; [Leasú 35]
"
(iv) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:"
"4. Tar éis dó fógra a fháil ó Bhallstát faoi mhír 1 1 agus faoi mhír 1a, agus ag féachaint don chomhairliúchán dá bhforáiltear i mír 5, féadfaidh an Coimisiún nó aon Bhallstát eile tuairim a eisiúint, gan dochar d’Airteagal 72 CFAE. [Leasú 36]
I gcás, bunaithe ar an bhfaisnéis atá san fhógra nó ar aon fhaisnéis bhreise a bheidh faighte aige, go mbeidh imní ar an gCoimisiún maidir leis an riachtanas nó leis an gcomhréireacht a bhaineann le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú, nó má mheasann sé go mbeadh comhairliúchán maidir le gnéithegné éigin den fhógra iomchuí, eiseoidh sé tuairim chuige sin gan mhoill.. [Leasú 37]
I gcás inar athbhunaíodh rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha ar feadh sé mhí cheana, eiseoidh an Coimisiún tuairim.[Leasú 38]
"
(v) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:"
An fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 1b, chomh maith le haon tuairim ón gCoimisiún nó ó Bhallstát dá dtagraítear i mír 4, beidh siad faoi réir comhairliúcháin. Beidh na nithe seo a leanas ar áireamh sa chomhairliúchán:
(i)
cruinnithe comhpháirteacha, idir an Ballstát a bhfuil beartaithe aige rialú teorann a athbhunú ag teorainneacha inmheánacha, na Ballstáit eile, go háirithe iad siúd a mbeidh tionchar díreach ag na bearta sin orthu, agus an Coimisiún, ar cruinnithe iad a thionólfar d’fhonn comhar frithpháirteach a eagrú, i gcás inarb iomchuí, idir na Ballstáit agus d’fhonn comhréireacht na mbeart a scrúdú i ndáil leis na himeachtaí is cúis le rialú teorann a athbhunú, lena n-áirítear aon roghanna malartacha féideartha, agus leis an mbagairt ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil inmheánach;
(ii)
i gcás inarb iomchuí, cuairteanna ar an láthair ag an gCoimisiún gan réamhfhógra a thabhairt, ar cuairteanna iad chuig na teorainneacha inmheánacha ábhartha, agus a mbeidh tacaíocht acu, i gcás inarb iomchuí, ó shaineolaithe ó na Ballstáit ón nGníomhaireacht, ó Europol nó seiceálacha ó aon chomhlacht, oifig nó gníomhaireacht ábhartha eile den Aontas chun éifeachtacht na rialuithe teorann ag na teorainneacha inmheánacha sin agus an comhlíonadh leis an Rialachán seo a mheasúnú; déanfar na tuarascálacha ar na cuairteanna gan réamhfhógra sin ar an láthair a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa. [Leasú 39]
"
(3) cuirtear Airteagal 27a nua isteach:"
Nós imeachta ar leith i gcás inar faide ná aon bhliain amháinsé mhí an bhagairt thromchúiseach ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil inmheánach. [Leasú 40]
1. I gcásannaimthosca seisceachtúla, nuair a bhíonn an baol céanna don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach roimh an mBallstát tar éis na tréimhse dá dtagraítear sa chéad abairt d'Airteagal 25(4),27(1a), agus nuair a chuirtear bearta eisceachtúla comhchuimseacha náisiúnta i bhfeidhm freisin laistigh den chríoch chun aghaidh a thabhairt ar an mbagairt sin, is féidir fadú breise a chur leis an rialú teorann a athbhunaíodh ar bhonn sealadach chun dul i ngleic leis an mbagairt sin. [Leasú 41]
2. SéTrí seachtaine ar a dhéanaí roimh dhul in éag na tréimhse dá dtagraítear sa chéad abairt d'Airteagal 25(4)in Airteagal27(1a), tabharfaidh an Ballstát fógra do na Ballstáit eile agus don Choimisiún go bhfuil síneadh breise á lorg aige i gcomhréir leis an nós imeachta ar leith a leagtar síos san Airteagal seo. Beidh san fhógra sin an fhaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 27(1)(a) go (e)27(1)agus(1b). Beidh feidhm ag mír 2 agus mír 3 d'Airteagal 27ag Airteagal27(2) agus (3). [Leasú 42]
3. Eiseoidh an Coimisiún tuairim i dtaobh an gcomhlíonann an fadú atá beartaithe na ceanglais a leagtar síos i mí 1 agus i mír 2 maidir le gá agus comhréireacht an fhadaithe atá beartaithe. Beidh deis ag na Ballstáit a ndéanfar difear dóibh barúlacha a thabhairt don Choimisiún sula n-eiseoidh sé an tuairim sin. [Leasú 43]
4. Féadfaidh an Chomhairle, ag tabhairt aird chuí di arA luaithe a bheidh an tuairim ón gCoimisiún curtha san áireamh aici, féadfaidh an Chomhairle, mar rogha dheiridh, a mholadh go gcuirfidh an Ballstát lena mbaineann fadú breise le rialú teorann ag a theorainneacha inmheánacha ar feadh tréimhse suas le sé mhí. Féadfar síneadh nach faide ná sé mhí a chur leis an tréimhse sin agus is féidir sin a dhéanamh trí huaire ar a mhéidar feadh tréimhse suas le sé mhí. Ina mholadh, cuirfidh an Chomhairle an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 27(1) agus (1b) in iúl agus leagfaidh sí síos na coinníollacha maidir le comhar idir na Ballstáit lena mbaineann." [Leasú 44]
"
(3a) in Airteagal 28, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:"
"4. Ní rachaidh an tréimhse iomlán ina n-athbhunófar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha thar dhá mhí, ar bhonn na buntréimhse a shonraítear i mír 1 den Airteagal seo agus aon fhaduithe a shonraítear i mír 3 den Airteagal seo."; [Leasuithe 45 agus 66]
"
(3b) cuirtear isteach Airteagal nua:"
“Airteagal 28a
Ríomh na tréimhse ina ndéantar an rialú teorann a athbhunú nó a fhadú mar gheall ar bhagairt, dá ndéantar foráil, ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil inmheánach, i gcás inar mó ná sé mhí an bhagairt thromchúiseach ar an mbeartas poiblí agus ar an tslándáil inmheánach agus i gcásanna a éilíonn gníomhaíocht láithreach.
Déanfar aon athbhunú nó fadú ar rialuithe teorann ag teorainneacha inmheánach arna ndéanamh roimh ... [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] a chur san áireamh chun na tréimhsí dá dtagraítear in Airteagal 27, in Airteagal 27a agus in Airteagal 28a ríomh.”; [Leasú 46]
"
(3c) In Airteagal 29(1), cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:"
“Na critéir dá dtagraítear in Airteagal 30, cuirfear san áireamh iad gach uair atá cinneadh maidir le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhuanú nó a fhadú á bhreithniú de bhun an Airteagail seo.” [Leasú 67]
"
(3d) in Airteagal 29, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:"
"5. Beidh an tAirteagal seo gan dochar do bhearta a fhéadfaidh an Ballstát a ghlacadh i gcás ina mbeidh bagairt thromchúiseach ann ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil inmheánach faoi Airteagal 27, Airteagal 27a agus Airteagal 28. Mar sin féin, an tréimhse iomlán ar lena linn a dhéanfar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú nó a fhadú faoin Airteagal seo, ní dhéanfar í a fhadú de bhua na mbeart arna nglacadh faoi Airteagal 27, faoi Airteagal 27a nó faoi Airteagal 28.". [Leasú 47]
"
Airteagal 1a
Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le fógraí arna ndéanamh ag na Ballstáit de bhun Airteagal 27 de Chód Teorainneacha Schengen ón ... [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
Aon tréimhse fógartha leanúnaí i gcomhair athbhunú nó fadú i dtaca le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a bheidh thart roimh ... [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], cuirfear san áireamh í chun na tréimhsí dá dtagraítear in Airteagal 25(4), agus Airteagal 28(4) a ríomh. [Leasú 69]
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.
Arna dhéanamh in/sa …,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle
Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 131, 1.6.2000, lch. 43).
Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).
Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le hacquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).
Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le hacquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).
Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, ar son an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008 lch. 1).
Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, ar son an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).