Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an clár ‘Custaim’ chun comhar a dhéanamh i réimse an chustaim (COM(2018)0442 – C8-0261/2018 – 2018/0232(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2018)0442),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagail 33, 114 agus 207 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0261/2018),
— ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 17 Deireadh Fómhair 2018(1),
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra agus do na tuairimí ón gCoiste um Buiséid agus ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A8-0464/2018),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo(2);
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Tá an seasamh seo ag gabháil in ionad na leasuithe a glacadh an 15 Eanáir 2019 (Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2019)0008).
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 16 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) …/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an clár 'Custaim' chun comhar a dhéanamh i réimse an chustaim
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 33, Airteagal 114 agus 207 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(2),
De bharr an méid seo a leanas:
(1) Leis an gclár Custam 2020 a cuireadh ar bun faoia bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1294/2013(3) agus lena réamhtheachtaithe, rannchuidíodh go mór le comhar custaim a éascú agus a fheabhsúa neartú. Is de chineál trasteorann go leor de na gníomhaíochtaí custaim a bhaineann leis na Ballstáit uile agus a dhéanann difear dóibh uile agus, dá bhrí sin, ní féidir le gach aon Bhallstát iad a chur chun feidhme go héifeachtach ná go héifeachtúil ina aonar. Le clár custaim ar fud an Aontais, arna chur chun feidhme ag an gCoimisiún, cuirtear creat ar fáil ar leibhéal an Aontais do na Ballstáit chun gníomhaíochtaí comhair den chineál sin a fhorbairt, rud atá níos costéifeachtaí ná creat comhair aonair a bheith á chur ar bun ag gach aon Bhallstát ar leibhéal déthaobhach nó iltaobhach. Tá ról riachtanach ag an gclár custaim freisin i gcoimirciú leasanna airgeadais an Aontais agus na mBallstát trí bhailiú éifeachtach dleachtanna custaim a áirithiú agus, ar an gcaoi sin, a bheith ina fhoinse thábhachtach ioncaim do bhuiséad an Aontais agus do na buiséid náisiúnta, agus trí dhíriú ar fhothú acmhainneachta TF agus ar chomhar níos mó i réimse an chustaim. De bhreis air sin, tá gá le rialuithe comhchuibhithe agus caighdeánaithe chun sreafaí trasteorann neamhdhleathacha earraí a leanúint agus chun calaois a chomhrac. Is iomchuí agus is ar mhaithe le héifeachtúlacht é, dá bhrí sin, leanúnachas ghníomhaíochtaí maoinithe an Aontais i réimse an chomhair custaim a áirithiú trí chlár nua a bhunú sa réimse céanna, an clár ‘Custaim’ (‘an Clár’). [Leasú 1]
(1a) Le 50 bliain anuas, tá an t-aontas custaim, arna chur chun feidhme ag údaráis náisiúnta chustaim, ina chuid lárnach den Aontas Eorpach, ar ceann de na bloic thrádála is mó ar domhan é. Is sampla suntasach é an t-aontas custaim de lánpháirtiú rathúil an Aontais, agus tá sé bunriachtanach le haghaidh dhea-fheidhmiú an mhargaidh aonair chun leasa gnólachtaí agus saoránach araon. Chuir Parlaimint na hEorpa in iúl an imní atá uirthi go háirithe maidir le calaois chustaim, sa rún uaithi a glacadh an 14 Márta 2018, dar teideal ‘An chéad CAI eile: Ag ullmhú sheasamh na Parlaiminte maidir le CAI tar éis 2020’. Ní féidir Aontas níos láidre agus níos uaillmhianaí a bhaint amach ach amháin má dhéantar acmhainní airgeadais treisithe, tacaíocht leanúnach do na beartais atá ann cheana féin, agus tuilleadh acmhainní a chur ar fáil dó. [Leasú 2]
(2) Tháinig athruithe móra ar an aontas custam le caoga50 bliain anuas, agus déananntáréimse leathan cúraimí teoranná gcomhlíonadh ag an lucht riaracháin custaim cuid mhór cúraimí ag na teorainneacha anois. Ag gníomhúoibriú le chéile, oibríonn siaddéanann siad a ndícheall chun trádáil a éascú agus rómhaorlathasmaorlathas a laghdú, ioncam a bhailiú le haghaidh buiséid náisiúnta agus buiséad de chuid an Aontais, agus chun cuidiú leis an bpobal a chosaint ar bhagairtí sceimhlitheoireachta, sláinte agus comhshaoil, anuas ar bhagairtí eile. Go háirithe, trí chreat comhchoiteann(4)(5) a thabhairt isteach le haghaidh bainistiú riosca custaim ar leibhéal an Aontais agus tríshreafaí móra airgid a rialú chun dul i ngleic le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, cuireann na húdaráis chustaim iad féin chun tosaigh sa chomhrac in aghaidh na sceimhlitheoireachta, na coireachta eagraithe agus na hiomaíochta éagóraí. I bhfianaise a sainordaithe leathain, is iad na húdaráis chustaim anois, i ndáiríre, na húdaráis is mó a bhfuil baint acu le rialú earraí ar theorainneacha seachtracha an Aontais. Sa chomhthéacs sin, níor cheart go gcumhdófaí comhar custaim amháin sa chlár Custaim ach freisin ba cheart tacaíocht a chur ar fáildon mhisean custaim ina iomláine amhail dá bhforáiltear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, eadhon maoirseacht ar thrádáil idirnáisiúnta an Aontais, cur chun feidhme ghnéithe seachtracha an mhargaidh inmheánaigh, an comhbheartas tráchtála agus comhbheartais eile de chuid an Aontais a bhfuil tionchar acu ar thrádáil agus ar shlándáil an tslabhra soláthair. Dá bhrí sin, le bunús dlí an Rialacháin seo, ba cheart go gcumhdófar comhar custaim (Airteagal 33 CFAE), an margadh inmheánach (Airteagal 114 CFAE) agus an beartas tráchtála (Airteagal 207 CFAE). [Leasú 3]
(3) TríBa cheart go mbeadh sé mar chuspóir ginearálta leis an gClár cuidiú leis na Ballstáit agus an Coimisiún trí chreat gníomhaíochtaí a sholáthar a bhfuil sé mar chuspóirí leisa bhfuil sé mar aidhm leis tacaíocht a thabhairt don aontas custaim agus d'údaráis custaim, leis an gClár, ba cheart, agus é mar chuspóir fadtéarmach leis go n-oibreoidh na húdaráis chustaim go léir san Aontas i gcomhar le chéile a dhlúithe is féidir; rannchuidiú le leasanna airgeadais agus eacnamaíocha an Aontais agus a Bhallstát a chosaint; an tAontas a chosaint ar thrádáil éagórach neamhdhleathach, agus tacaíocht á tabhairt do ghníomhaíochta chosaint ar chleachtais thrádála éagóracha agus neamhdhleathacha, agus gníomhaíochtaí dlisteanach gnóá spreagadh agus slándáil agus sábháilteacht an Aontais agus a chónaitheoirí á deimhniú, agus ar an gcaoi sin cosaint tomhaltóirí a fheabhsú; agus trádáil dhlisteanach a éascú, ionas gur féidir le gnólachtaí agus saoránaigh lántairbhe a bhaint as an margadh inmheánach agus as an trádáil dhomhanda. [Leasú 4]
(3a) Ós rud é gur léir anois nach féidir roinnt de na córais dá dtagraítear in Airteagal 278 de Chód Custaim an Aontais a imlonnú ach i bpáirt faoin 31 Nollaig 2020, rud a thugann le fios go leanfar de chórais neamhleictreonacha a úsáid i ndiaidh an dáta sin, agus in éagmais leasuithe reachtacha a chuireann síneadh leis an spriocdháta sin, nach mbeidh cuideachtaí agus údaráis chustaim in ann a ndualgais agus a n-oibleagáidí dlíthiúla a chomhlíonadh i dtaca le hoibríochtaí custaim, ba cheart go mbeadh sé ar cheann de phríomhchuspóirí sonracha an Chláir cuidiú leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún na córais leictreonacha sin a chur ar bun. [Leasú 5]
(3b) Is réimse beartais dinimiciúil í an bhainistíocht chustaim, a bhfuil dúshláin nua roimpi a eascraíonn as samhlacha gnó agus slabhraí soláthair domhanda atá de shíor ag forbairt, agus as pátrúin tomhaltais atá ag athrú agus as an digitiú, amhail an ríomhthráchtáil, lena n-áirítear idirlíon na rudaí nithiúla, anailísíocht sonraí, intleacht shaorga, teicneolaíocht bhlocshlabhra. Leis an gClár, ba cheart go dtacófaí le bainistíocht chustaim sna cásanna sin agus go gcumasófaí úsáid réiteach nuálach. Leis na dúshláin sin, leagtar tuilleadh béime ar an ngá le comhar a fhorfheidhmiú idir údaráis chustaim agus ar an ngá leis an reachtaíocht chustaim a léirmhíniú agus a chur chun feidhme go comhionann. I gcás ina bhfuil an t-airgeadas poiblí faoi bhrú, ina dtagann ardú ar an méid trádála domhanda agus arb ábhar imní atá ag dul i méid iad calaois agus smuigleáil; ba cheart, leis an gClár, go rannchuideofaí le dul i ngleic leis na dúshláin sin. [Leasú 6]
(3c) Chun an éifeachtúlacht is mó is féidir a bhaint amach agus forluí a sheachaint, ba cheart don Choimisiún cur chun feidhme an Chláir a chomhordú le cláir agus cistí ábhartha eile de chuid an Aontais. Áirítear leis sin go háirithe Clár Fiscalis, Clár Frithchalaoise AE agus Clár an Mhargaidh Aonair, chomh maith leis an gCiste Slándála Inmheánaí agus an Ciste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an Clár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach, an Clár don Eoraip Dhigiteach, an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus an Cinneadh ón gComhairle maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh, chomh maith leis na rialacháin agus bearta cur chun feidhme. [Leasú 7]
(3d) Maidir le tarraingt siar fhéideartha na Ríochta Aontaithe as an Aontas, ní chuirtear san áireamh leis an imchlúdach airgeadais na costais arna n-eascairt as an gcomhaontú um tharraingt siar a shíniú agus as an gcaidreamh a d’fheadfadh a bheith ann amach anseo idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas. D’fhéadfadh sé go dtiocfadh costais bhreise, nach féidir a thomhas go cruinn ag tráth bunaithe an Chláir, as síniú an chomhaontaithe sin, as dícheangal na Ríochta Aontaithe ó gach córas agus comhar custaim atá ann cheana, agus as dul i léig a cuid oibleagáidí dlíthiúla sa réimse sin. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún cuimhneamh ar dhóthain acmhainní a choinneáil siar chun ullmhú do na costais fhéideartha sin. Mar sin féin, níor cheart do na costais sin a bheith cumhdaithe ag imchlúdach an Chláir, mar nach leor an buiséad dá bhforálfar sa Chlár ach chun na costais a chumhdach a d’fhéadfaí a thuar go réalaíoch ag tráth bunaithe an Chláir. [Leasú 8]
(4) Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais don Chlár, arb éard a bheidh ann an príomh‑mhéid tagartha do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil, de réir bhrí phointe 17 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais(6).
(5) D'fhonn an próiseas aontachais agus comhlachais a éascú do thríú tíortha, ba cheart an Clár a bheith oscailte do rannpháirtíocht tíortha aontacha agus tíortha is iarrthóirí, mar aon le hiarrthóirí ionchasacha agus tíortha comhpháirtíochta Bheartas Comharsanachta na hEorpa,má chomhlíontar gach coinníoll. Féadfar é a oscailt do thríú tíortha eile freisin, faoi na coinníollacha dá bhforáiltear i gcomhaontuithe sonracha idir an tAontas agus na tíortha lena mbaineann maidir le rannpháirtíocht na dtíortha sin in aon chlár de chuid an Aontais, más rud é gur chun leasa an Aontais an rannpháirtíocht sin agus go mbeadh tionchar dearfach aici ar an margadh inmheánach gan difear a dhéanamh do chosaint tomhaltóirí. [Leasú 9]
(6) Tá feidhmBa cheart go mbeadh an Clár cumhdaithe ag Rialachán (AE, Euratom) [2018/XXXX]2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(7) (dá ngairtear ‘an Rialachán Airgeadais' anseo feasta) maidir leis an gClár seo. Leagtar síos leis. Leis an Rialachán Airgeadais, foráiltear do na rialacha maidir lele haghaidh cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, lena n‑áirítear na rialacha maidir le deontais, duaiseanna, soláthar agus aisíocaíocht saineolaithe seachtracha. [Leasú 10]
(7) Na gníomhaíochtaí a bhí i bhfeidhm faoi chlár Chustam 2020 agus a léiríodh gur leordhóthanach iad, ba cheart iad a choinneáil dá bharr sin, agus deireadh a chur le gníomhaíochtaí eile a léiríodh gurb easnamhach iad. Chun simplíocht agus solúbthacht níos mó a sholáthar agus an Clár á chur i ngníomh agus, ar an dóigh sin, ionas gurbh fhearr ab fhéidir a chuspóirí a bhaint amach, níor cheart na gníomhaíochtaí a shainiú ach amháin ó thaobh catagóirí foriomlána de le liosta samplaí léiriúcháin de ghníomhaíochtaí nithiúla. Trí chomhar agus trí fhothú acmhainneachta, ba cheart, leis an gClár, tacaíocht a thabhairt do ghlacadh agus úsáid éifeachtach na nuálaíochta agus an méid sin a chur chun cinn, chun tuilleadh feabhais a chur ar acmhainní chun na príomhthosaíochtaí custaim a bhaint amach. [Leasú 11]
(8) Le Rialachán [2018/XXXX] bunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, Ionstraim um Threalamh Rialaithe Custaim(8) (‘Ionstraim TRC’). Chun comhleanúnachas agus comhordú cothrománach a choinneáil idir gach gníomhaíocht chomhair a bhaineann le cúrsaí custaim agus trealamh rialaithe custaim, is iomchuí iad uile a chur chun feidhme faoi aon ghníomh dlí agus tacar rialacha amháin, agus is iad an gníomh agus na rialacha sin an Rialachán seo. Dá bhrí sin, níor cheart le hIonstraim TRC tacú ach amháin leis an trealamh incháilithe a cheannach, a chothabháil agus a uasghrádú, agus ba cheart leis an gClár seo tacú le gach gníomhaíocht ghaolmhar eile, amhail gníomhaíochtaí comhair chun riachtanais trealaimh a mheasúnú nó, i gcás inarb iomchuí, oiliúint i ndáil leis an trealamh arna cheannach. [Leasú 12]
(9) Tá malartuithe faisnéise custaim agus faisnéise gaolmhaire ríthábhachtach le haghaidh feidhmiú cuí custaim agus téann siad i bhfad thar na malartuithe laistigh den aontas custaim. Dá ndéanfaí córais leictreonacha Eorpacha a oiriúnú do thríú tíortha agus d'eagraíochtaí idirnáisiúnta nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár nó dá ndéanfaí iad a shíneadh chucu, d'fhéadfadh sé go mbeadh sé chun leas an Aontais nó na mBallstát. Dá bhrí sin, nuair atá údar cuí leis i ngeall ar an leas sin, ba cheart oiriúnuithe córas leictreonach Eorpach nó síntí leo arna ndéanamh le haghaidh comhar le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta a bheith ina gcostais incháilithe faoin gClár.
(10) I ngeall ar an tábhacht a bhaineann le domhandú, ba cheart leanúint d’fhoráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht saineolaithe seachtracha a dhéanamh páirteach sa Chlár de réir bhrí Airteagal 238 den Rialachán Airgeadais. Ba cheart do na saineolaithe seachtracha sin a bheith ina n-ionadaithe údarás rialtais den chuid is mó, lena n-áirítear ó thríú tíortha neamhchomhlachaithe, mar aon le daoine den lucht acadúil agus le hionadaithe ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, ó oibreoirí eacnamaíocha nó ón tsochaí shibhialta. [Leasú 13]
(11) I gcomhréir le gealltanas an Choimisiúin a bhaineann le comhleanúnachas agus simpliú clár cistiúcháin a áirithiú, a leagtar amach ina Theachtaireacht an 19 Deireadh Fómhair 2010 dar teideal 'Athbhreithniú Bhuiséad AE'(9), ba cheart acmhainní a roinnt le hionstraimí cistiúcháin eile de chuid an Aontais más ionann na cuspóirí atá á saothrú le gníomhaíochtaí an chláir atá beartaithe agus cuspóirí roinnt ionstraimí cistiúcháin eile, á chur san áireamh go ríomhtar an méid a leithdháiltear ar an gClár gan é a chur san áireamh go bhféadfadh costais gan choinne a bheith ann, gan maoiniú dúbailte a chur san áireamh, áfach. Ba cheart go n-áiritheofaí leis na gníomhaíochtaí a dhéanfar faoin gClár seo comhleanúnachas ó thaobh úsáid acmhainní an Aontais de chun tacú leis an aontas custaim agus le húdaráis chustaim. [Leasú 14]
(11a) Ceannach bogearraí a bhfuil gá leo chun rialuithe teorann níos déine a dhéanamh, ba cheart é a bheith incháilithe chun cistiúcháin a fháil faoin gClár. De bhreis air sin, ba cheart ceannach bogearraí is féidir a úsáid sna Ballstáit go léir a spreagadh chun malartú sonraí a éascú. [Leasú 15]
(12) Meastar gurb iad gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta Teicneolaíochta Faisnéise (TF) a gheobhaidh an sciar is mó den bhuiséad faoin gClár. I bhforálacha sonracha, ba cheart cur síos a dhéanamh ar na comhpháirteanna coiteanna agus náisiúnta faoi seach de na córais leictreonacha Eorpacha. Thairis sin, ba cheart raon feidhme na ngníomhaíochtaí agus freagrachtaí an Choimisiúin agus na mBallstát a shainiú go soiléir. Chun comhsheasmhacht agus comhordú gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta TF a áirithiú, ba cheart go bhforálfaí sa Chlár go ndéanfadh an Coimisiún Plean Custaim Straitéiseach Ilbhliantúil (‘MASP-C’) a fhorbairt agus a nuashonrú, arbh é ab aidhm dó ná timpeallacht leictreonach a chruthú lena n-áiritheofaí comhsheasmhacht agus idir-inoibritheacht na gcóras custaim san Aontas. [Leasú 16]
(13) Le Cinneadh Uimh. 70/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(10) iarrtar ar an gCoimisiún Plean Straitéiseach Ilbhliantúil a tharraingt suas le haghaidh Custaim chun timpeallacht chustaim leictreonach atá comhleanúnach comh‑inoibritheach a chruthú le haghaidh an Aontais. Déantar forbairt agus oibriú na gcóras leictreonach atá san áireamh sa Phlean Straitéiseach Ilbhliantúil a chistiú leis an gClár go príomha. Chun comhleanúnachas agus comhordú a áirithiú idir an Clár agus an Plean Straitéiseach Ilbhliantúil, ba cheart forálacha ábhartha an Chinnidh a chur san áireamh sa Rialachán seo. Ós rud é go ndéantar na forálacha ábhartha uile de Chinneadh Uimh. 70/2008/CE a thógáil ar láimh anois le Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 nó leis an Rialachán seo, ba cheart Cinneadh Uimh. 70/2008/CE a aisghairm.
(14) Ba cheart don Choimisiún cláir oibre a ghlacadh chun críocha an Rialacháin seo. I bhfianaise gur de chineál meántéarma go fadtéarma iad na cuspóirí arna saothrú agus taithí a fuarthas le himeacht ama mar dhúshraith, ba cheart go bhféadfaí roinnt blianta a chumhdach i gcláir oibre. Laghdófar an t-ualach riaracháin ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit araon leis an aistriú ó chláir oibre bhliantúla go cláir oibre ilbhliantúla. [Leasú 62]
(14a) I gcomhréir leis na torthaí sa dá thuarascáil speisialta a ghlac Cúirt Iniúchóirí na hEorpa le déanaí i réimse an chustaim, eadhon tuarascáil speisialta Uimh. 19/2017 an 5 Nollaig 2017 dar teideal ‘Import procedures: shortcomings in the legal framework and an ineffective implementation impact the financial interests of the EU’ [‘Nósanna imeachta allmhairiúcháin: easnaimh sa chreat dlíthiúil agus tionchar neamhéifeachtúil chur chun feidhme leasanna airgeadais an Aontais’] agus tuarascáil speisialta Uimh. 26/2018 an 10 Deireadh Fómhair 2018 dar teideal ‘A series of delays in Customs IT systems: what went wrong?’ [‘Sraith moilleanna i gcórais TF Chustaim: cad a chuaigh amú?’], ba cheart do na gníomhaíochtaí a dhéanfaí laistigh den chlár ‘Custaim’ le haghaidh comhair i réimse an chustaim a bheith dírithe ar aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a cuireadh in iúl. [Leasú 17]
(14b) An 4 Deireadh Fómhair 2018 ghlac Parlaimint na hEorpa rún maidir leis an gcomhrac i gcoinne calaois chustaim agus le hacmhainní dílse an Aontais a chosaint. Ba cheart na conclúidí sa rún sin a chur san áireamh i rith na ngníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme faoi chuimsiú an Chláir. [Leasú 18]
(15) Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(11). [Leasú 63]
(16) De bhun mhír 22 agus mhír 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr(12), is gá meastóireacht a dhéanamh ar an gclár seo ar bhonn faisnéis arna bailiú trí cheanglais faireacháin shonracha, agus ró‑rialáil agus ualach riaracháin, ar na Ballstáit, go háirithe, á seachaint san am céanna. Ar na ceanglais sin is féidir a áireamh, i gcás inarb iomchuí, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí na hIonstraime ar an láthair.
(17) Chun freagairt go hiomchuí d’athruithe i dtosaíochtaí beartais, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir le leasú a dhéanamh ar an liosta táscairí chun gnóthú chuspóirí sonracha an Chláir a thomhas, i dtaca le Plean Straitéiseach Ilbhliantúil le haghaidh réimse an chustaim a bhunú agus a nuashonrú agus i dtaca le cláir oibre ilbhliantúla a bhunú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016(13). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú gníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile san am céanna le saineolaithe na mBallstát, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú gníomhartha tarmligthe. [Leasú 64]
(18) I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 833/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(14), Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2988/95 ón gComhairle(15), Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle(16) agus Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle(17), déanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha, lena n‑áirítear trí neamhrialtachtaí agus calaois a chosc, a bhrath, a cheartú agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, smachtbhannaí riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 833/2013 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96, féadfaidh an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n‑áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, féadfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) calaois agus cionta coiriúla eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú, de réir mar a fhoráiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(18). I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ní mór d’aon duine nó d'aon eintiteas a fhaigheann cistí ón Aontas comhoibriú go hiomlán i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais agus na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, do OIPE agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus ní mór dó a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha.
(19) Beidh feidhm ag rialacha cothrománacha airgeadais arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin sa Rialachán Airgeadais agus cinntear leo go háirithe an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, soláthar, duaiseanna, cur chun feidhme indíreach, agus déantar foráil leo maidir le seiceálacha i dtaobh freagracht gníomhaithe airgeadais. Ina theannta sin, baineann na rialacha arna nglacadh ar bhonn Airteagal 322 CFAE le cosaint bhuiséad an Aontais ar easnaimh ghinearálaithe i ndáil leis an smacht reachta sna Ballstáit, óir réamhchoinníoll bunriachtanach le haghaidh na bainistíochta fónta airgeadais agus cistiú éifeachtach AE is ea urramú an smachta reachta.
(20) Maidir leis na cineálacha maoinithe agus na modhanna cur chun feidhme atá le húsáid faoin Rialachán seo, is ar bhonn a gcumas cuspóirí sonracha na ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus na torthaí is fearr a thabhairt ba cheart iad a roghnú, lena n-áirítear, go háirithe, costas na rialuithe, an t-ualach riaracháin, agus an riosca neamh-chomhlíontachta a mheastar a bheith ann. Ba cheart cuimhneamh ar úsáid a bhaint as cnapshuimeanna, as rátaí comhréidhe agus as costais aonaid, agus as maoiniú nach mbaineann le costais dá dtagraítear in Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais. [Leasú 19]
(21) Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.
(22) Gabhann an Rialachán seo ionad Rialachán (AE) Uimh. 1294/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus ba cheart dá bhrí sin an Rialachán sin a aisghairm,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar
1. Bunaítear an clár 'Custaim' leis an Rialachán seo chun comhar a dhéanamh i réimse an chustaim ('Clár').
2. Leagtar síos leis cuspóirí an Chláir, an buiséad don tréimhse 2021-2027, na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1) ciallaíonn ‘údaráis chustaim' na húdaráis mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;
(2) ciallaíonn 'córais leictreonacha Eorpacha' córais leictreonacha atá riachtanach don aontas custaim agus chun misean údarás custam a fhorghníomhú;
(3) ciallaíonn ‘tríú tír’ tír nach bhfuil ina ball den Aontas.
Airteagal 3
Cuspóirí an Chláir
1. D’fhonn an aidhm fhadtéarmach a bhaint amach go mbeadh na húdaráis chustaim go léir san Aontas ag obair i gcomhar le chéile a dhlúithe is féidir, agus chun slándáil agus sábháilteacht na mBallstát a dheimhniú agus an tAontas a chosaint ar chalaois, cleachtais tráchtála éagóracha agus neamhdhleathacha, agus ag an am céanna, gníomhaíochtaí gnó dlisteanacha agus cosaint tomhaltóra ar ardleibhéal a chur chun cinn, is éard is cuspóir ginearálta an Chláir ná tacaíocht a thabhairt don aontas custaim agus do na húdaráis chustaim i gcosaint leasanna airgeadais agus eacnamaíocha an Aontais agus a Bhallstát. [Leasú 20]
2. Is iad seo a leanas cuspóirí sonracha an Chláir:
(1) tacaíocht a thabhairt d’ullmhú agus do chur chun feidhme aonfhoirmeach reachtaíochta agus beartais custaim mar aon le comhar custaim;
(2) cuidiú le fothú acmhainneachta TF, arb é atá i gceist leis ná na córais leictreonacha dá dtagraítear in Airteagal 278 de Chód Custaim an Aontais a fhorbairt, a chothabháil agus a oibriú, agus aistriú rianúil chuig timpeallacht gan pháipéar agus trádáil a chumasú i gcomhréir le hAirteagal 12 den Rialachán seo;
(3) gníomhaíochtaí comhpháirteacha a mhaoiniú, arb é atá i gceist leo ná sásraí comhair lena gcumasaítear oifigigh chun gníomhaíochtaí oibríochtúla comhpháirteacha a dhéanamh faoina bpríomhchúraimí, taithí i réimse an chustaim a roinnt agus páirt a ghlacadh in iarrachtaí chun beartas custaim a chur i gcrích;
(4) inniúlachtaí an duine a fheabhsú, ag tacú le scileanna gairmiúla na n-oifigeach custaim agus é a chur ar a gcumas a ról a chomhlíonadh ar bhonn aonfhoirmeach;
(5) tacaíocht a thabhairt don nuálaíocht i réimse an bheartais custaim.[Leasú 21]
2a. Beidh an Clár comhsheasmhach le haon sineirgíochtaí le cláir ghníomhaíochta agus cistí eile de chuid an Aontais ag a bhfuil cuspóirí comhchosúla i réimsí gaolmhara, agus bainfear leas as na sineirgíochtaí sin. [Leasú 22]
2b. Urramófar le cur chun feidhme an Chláir prionsabail na trédhearcachta, na comhréireachta, na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe. [Leasú 23]
2c. Tacóidh an Clár freisin le meastóireacht agus faireachán leanúnach ar an gcomhar idir údaráis chustaim d’fhonn laigí agus feabhsuithe féideartha a shainaithint. [Leasú 24]
Airteagal 4
An buiséad
1. Is é EUR 842 844 000 i bpraghsanna 2018 (EUR 950 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir don tréimhse 2021-2027. [Leasú 25]
2. I gcás inar gá agus a bhfuil údar cuí leis, féadfar a chumhdach freisin leis an méid dá dtagraítear i mír 1 speansais maidir le hullmhúchán, faireachán, rialú, iniúchóireacht, meastóireacht agus gníomhaíochtaí eile a bhaineann le bainistiú an Chláir agus le meastóireacht a dhéanamh ar a fheidhmíocht agus ar bhaint amach a chuspóirí. Ina theannta sin, féadfar a chumhdach leis speansais a bhaineann le staidéir, cruinnithe saineolaithe, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide ón gCoimisiún arna ndíríú chuig na Ballstáit agus na hoibreoirí eacnamaíocha, a fhad a bhaineann siad sin le cuspóirí an Chláir, mar aon le speansais a bhaineann le líonraí teicneolaíochta faisnéise arb é is fócas dóibh próiseáil agus malartú faisnéise, lena n-áirítear uirlisí teicneolaíochta faisnéise corparáideacha agus cúnamh teicniúil agus riaracháin eile a bhfuil gá leo i ndáil le bainistiú an Chláir, sa mhéid a bhfuil gá leis na gníomhaíochtaí sin chun cuspóirí an Chláir a bhaint amach. [Leasú 26]
2a. Ní úsáidfear an Clár chun costais a chumhdach a bhaineann le tarraingt siar fhéideartha na Ríochta Aontaithe as an Aontas. Déanfaidh an Coimisiún ar a mheasúnú féin acmhainní a choinneáil siar chun na costais a bhainfeadh le dícheangal na Ríochta Aontaithe ó gach córas agus comhar custaim a chumhdach, agus le dul i léig a cuid oibleagáidí dlíthiúla sa réimse sin.
Sula ndéanfaidh an Coimisiún na hacmhainní sin a choinneáil siar, déanfaidh sé meastúchán ar na costais a d’fhéadfadh a bheith ann, agus cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa ar an eolas a luaithe a bhíonn an meastúchán sin ar fáil. [Leasú 27]
Airteagal 5
Tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár
Beidh an Clár oscailte do na tríú tíortha seo a leanas:
(a) tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann lena rannpháirtíocht i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais lena mbaineann, nó i gcomhaontuithe eile den chineál céanna, agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos sna comhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;
(b) tíortha a chuimsítear faoi Bheartas Comharsanachta na hEorpa, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus na coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó Chomhairlí comhlachais lena mbaineann, nó i gcomhaontuithe eile den chineál céanna, agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos sna comhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin, ar choinníoll go bhfuil leibhéal ard go leor comhfhogasaithe bainte amach ag na tíortha sin i dtaca le reachtaíocht agus modhanna riaracháin ábhartha an Aontais;
(c) tríú tíortha eile, i gcomhréir leis , faoi na coinníollacha a leagtar síos i gcomhaontú sonrach lena gcumhdaítearmaidir le rannpháirtíocht an tríú tír in aon chlár de chuid an Aontais, ar choinníoll: [Leasú 28]
– go n‑áirithítear leis an gcomhaontú cothromaíocht chóir idir ranníocaíochtaí agus sochair an tríú tír atá rannpháirteach sna cláir de chuid an Aontais;
– go leagtar síosgo mbunaítear leis an gcomhaontú coinníollacha maidir lele haghaidh rannpháirtíocht sna cláir, lena n‑áirítear ríomh na ranníocaíochtaí airgeadais le cláir aonair agus a gcostais riaracháin. Ioncam sannta i gcomhréir le hAirteagal [21(5)]de Rialachán [2018/XXXX] [an den Rialachán Airgeadais nua] a bheidh sna ranníocaíochtaí sin; [Leasú 29]
– nach dtugtar leis an gcomhaontú cumhacht chinnteoireachta don tríú tír maidir leis an gClár;
– go ráthaítear leis an gcomhaontú cearta an Aontais chun bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú agus chun a leasanna airgeadais a chosaint.
Airteagal 6
Cur chun feidhme agus foirmeacha cistiúcháin ón Aontas
1. Is tríd an mbainistíocht dhíreach a chuirfear an Clár chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.
2. Féadfar cistiú a sholáthar ón gClár, agus an cistiú sin in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, go háirithe deontais, duaiseanna, soláthar agus aisíocaíocht speansas taistil agus cothaithe arna dtabhú ag saineolaithe seachtracha.
CAIBIDIL II
INCHÁILITHEACHT
Airteagal 7
Gníomhaíochtaí incháilithe
1. Ní bheidh ach gníomhaíochtaí lena gcuirtear na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 chun feidhme incháilithe chun cistiú a fháil.
2. Maidir le gníomhaíochtaí lena gcomhlánaítear na gníomhaíochtaí lena gcuirtear chun feidhme na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) [2018/XXX] [Ionstraim TRC] nó maidir le gníomhaíochtaí lena dtacaítear leo sin, agus/nó lena gcomhlánaítear na gníomhaíochtaí lena gcuirtear chun feidhme na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) [2018/XXX] [an Rialachán Frith-Chalaoise], nó gníomhaíochtaí lena dtacaítear leo, beidh siad incháilithe le haghaidh cistiú faoin gClár seo freisin. [Leasú 30]
3. Beidh an méid seo a leanas san áireamh sna gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2:
(c) gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta TF, go háirithe forbairt agus oibriú córas leictreonach Eorpach;
(d) gníomhaíochtaí maidir le fothú inniúlachtaí agus acmhainneacht an duine, lena n-áirítear oiliúint agus malartú dea-chleachtais; [Leasú 32]
(e) tacaíocht agus gníomhaíochtaí eile, lena n‑áirítear:
(1) staidéir;
(2) gníomhaíochtaí nuálaíochta, go háirithe cruthúnas coincheap, treoirthionscnaimh agus tionscnaimh fréamhshamhaltaithe;
(3) gníomhaíochtaí cumarsáide a forbraíodh i gcomhpháirt;
(3a) gníomhaíochtaí faireacháin; [Leasú 33]
(4) aon ghníomhaíocht eile dá bhforáiltear sna cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 13, atá riachtanach chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach nó chun tacú leo.
Cuirtear foirmeacha gníomhaíochtaí a d'fhéadfadh a bheith i gceist dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (d) i láthair i liosta neamh‑uileghabhálach in Iarscríbhinn 1.
4. Maidir le gníomhaíochtaí arb éard atá i gceist leo ná oiriúnuithe do chomhpháirteanna coiteanna de na córais leictreonacha Eorpacha nó síntí leo a fhorbairt, a imlonnú, a chothabháil agus a oibriú le haghaidh comhar le tríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta, beidh siad incháilithe le haghaidh cistiú nuair is chun leasa an Aontais atá siad. Cuirfidh an Coimisiún na socruithe riaracháin is gá i bhfeidhm, lena bhféadfar foráil a dhéanamh maidir le ranníocaíocht airgeadais ó na tríú páirtithe lena mbaineann na gníomhaíochtaí sin. [Leasú 34]
5. I gcás ina bhfuil baint ag gníomhaíocht fothaithe acmhainneachta TF dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 3 le forbairt agus oibriú córais leictreonaigh Eorpaigh, ní bheidh ach na costais a bhaineann leis na freagrachtaí arna dtabhairt don Choimisiún de bhun Airteagal 11(2) incháilithe le haghaidh cistiú faoin gClár. Is iad na Ballstáit a íocfaidh na costais a bhaineann leis na freagrachtaí a thugtar dóibh de bhun Airteagal 11(3).
Airteagal 8
Saineolaithe seachtracha
1. Aon uair ina bhfuil sé tairbhiúil chun na gníomhaíochtaí lena gcuirtear chun feidhme na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 a bhaint amach, i gcás ionadaithe ó údaráis rialtais, lena n-áirítear iad sin ó thríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár de bhun Airteagal 5, daoine den lucht acadúil agus ionadaithe eagraíochtaí idirnáisiúnta agus eagraíochtaí ábhartha eile, oibreoirí eacnamaíocha agus eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht d'oibreoirí eacnamaíocha agus don tsochaí shibhialta, féadfaidh siad páirt a ghlacadh mar shaineolaithe seachtracha i ngníomhaíochtaí arna n-eagrú faoin gClár. [Leasú 35]
2. Beidh costais arna dtabhú ag saineolaithe seachtracha dá dtagraítear i mír 1 incháilithe le haghaidh aisíocaíocht faoin gClár i gcomhréir le forálacha Airteagal 238 den Rialachán Airgeadais.
3. Roghnóidh an Coimisiún saineolaithe seachtracha ar bhonn a gcuid inniúlachta, an taithí atá acu i réimse chur chun feidhme an Rialacháin seo agus ar bhonn an eolais ábhartha atá acu ar an ngníomhaíocht shonrach atá á déanamh, agus déanfar aon choinbhleacht leasa a d’fhéadfadh a bheith ann a sheachaint. Leis an roghnú, bainfear cothromaíocht amach idir ionadaithe gnó agus saineolaithe eile ón tsochaí shibhialta, agus cuirfear san áireamh freisin prionsabal na cothromaíochta inscne. Déanfar an liosta de na saineolaithe seachtracha a nuashonrú go rialta agus cuirfear ar fáil don phobal é. [Leasú 36]
CAIBIDIL III
DEONTAIS
Airteagal 9
Dámhachtain, comhlántacht agus cistiú comhcheangailte
1. Dámhfar agus bainisteofar deontais faoin gClár i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán Airgeadais, agus go sonrach le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais, na trédhearcachta, na comhréireachta, an neamh-idirdhealaithe agus na córa comhionainne. [Leasú 37]
2. Féadfaidh gníomhaíocht a bhfuil ranníocaíocht faighte aici faoi chlár eile de chuid an Aontais ranníocaíocht a fháil faoin gClár freisin, ar choinníoll nach gcumhdaíonn an ranníocaíocht na costais chéanna. Beidh feidhm ag rialacha gach cláir de chuid an Aontais a dhéanann ranníocaíocht maidir lena ranníocaíocht féin leis an ngníomhaíocht. Ní bheidh an cistiú carnach níos airde ná na costais incháilithe iomlána a bhaineann leis an ngníomhaíocht agus féadfar an tacaíocht as na cláir éagsúla de chuid an Aontais a ríomh ar bhonn pro rata i gcomhréir leis na doiciméid ina leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht.
3. I gcomhréir le hAirteagal 198(f) den Rialachán Airgeadais, dámhfar na deontais gan glao ar thograí i gcás inar údaráis chustaim de chuid na mBallstát agus na dtríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár dá dtagraítear in Airteagal 5 den Rialachán seo iad na heintitis incháilithe, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal sin.
Airteagal 10
Ráta cómhaoinithe
1. De mhaolú ar Airteagal 190 den Rialachán Airgeadais, leis an gClár, féadfar suas le 100 % de na costais incháilithe gníomhaíochta a mhaoiniú de réir ábharthacht na gníomhaíochta agus an tionchair mheasta. [Leasú 38]
2. Sna cláir oibre ilbhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 13, leagfar amach an ráta cómhaoinithe is infheidhme i gcás ina n‑éileofar go mbronnfar deontais de réir na ngníomhaíochtaí.
CAIBIDIL IV
FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LE GNÍOMHAÍOCHTAÍ FOTHAITHE ACMHAINNEACHTA TF
Airteagal 11
Freagrachtaí
1. Áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit i gcomhar lena chéile forbairt agus oibriú na gcóras leictreonach Eorpach a liostaítear sa Phlean Straitéiseach Ilbhliantúil le haghaidh Custaim dá dtagraítear in Airteagal 12, lena n-áirítear a ndearadh, sonraíocht, tástáil comhréireachta, úsáid, cothabháil, forbairt, nuachóiriú, slándáil, dearbhú cáilíochta agus rialú cáilíochta. [Leasú 39]
2. Áiritheoidh an Coimisiún an méid seo a leanas go háirithe:
(a) forbairt agus oibriú comhpháirteanna coiteanna arna mbunú faoin bPlean Straitéiseach Ilbhliantúil le haghaidh Custaim dá bhforáiltear in Airteagal 12;
(b) forbairt agus oibriú na gcóras leictreonach Eorpach a chomhordú go foriomlán d’fhonn a n-inoibritheachta, a gcibear-athléimneachta, a n-idirnascachta agus a bhfeabhsaithe leanúnaigh agus a gcur chun feidhme shioncronaithe; [Leasú 40]
(c) comhordú córas leictreonach Eorpach ar leibhéal an Aontais d'fhonn iad a chur ar aghaidh agus a chur chun cinn ar an leibhéal náisiúnta;
(d) forbairt agus oibriú córas leictreonach Eorpach a chomhordú maidir lena n‑idirghníomhaíochtaí le tríú páirtithe, seachas gníomhaíochtaí atá ceaptha chun ceanglais náisiúnta a chomhlíonadh;
(e) comhordú córas leictreonach Eorpach le gníomhaíochtaí ábhartha eile a bhaineann le ríomh‑Rialtas ar leibhéal an Aontais;
(ea) cumarsáid éifeachtúil agus mhear leis na Ballstáit agus idir na Ballstáit d’fhonn rialú chórais leictreonacha an Aontais a chuíchóiriú; [Leasú 41]
(eb) cumarsáid thráthúil agus thrédhearcach le geallsealbhóirí atá bainteach le córais TF a chur chun feidhme ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát, go háirithe maidir le moilleanna i gcur chun feidhme chomhpháirteanna an Aontais agus comhpháirteanna náisiúnta agus sa chaitheachas a bhaineann leo. [Leasú 42]
3. Áiritheoidh an Coimisiún an méid seo a leanas go háirithe:
(a) forbairt agus oibriú comhpháirteanna náisiúnta arna mbunú faoin bPlean Straitéiseach Ilbhliantúil le haghaidh Custaim dá bhforáiltear in Airteagal 12;
(b) forbairt agus oibriú comhpháirteanna náisiúnta córas leictreonach Eorpach a chomhordú ar an leibhéal náisiúnta;
(c) córais leictreonacha Eorpacha a chomhordú le gníomhaíochtaí ábhartha eile a bhaineann le ríomh‑Rialtas ar leibhéal an Aontais;
(d) faisnéis rialta a sholáthar don Choimisiún maidir leis na bearta arna ndéanamh chun gur féidir leis na húdaráis nó na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann lánúsáid agus úsáid éifeachtach a bhaint as na córais leictreonacha Eorpacha; [Leasú 43]
(e) cur chun feidhme córas leictreonach Eorpach ar an leibhéal náisiúnta.
Airteagal 12
Plean Straitéiseach Ilbhliantúil le haghaidh Custaim
1. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 17, lena ndéantar an Rialacháin seo a fhorlíonadh trí Phlean Straitéiseach Ilbhliantúil le haghaidh réimse an chustaim a bhunú agus a nuashonrú, ar plean é ina liostófar gach cúram ábhartha chun córais leictreonacha Eorpacha a fhorbairt agus a oibriú agus ina n-aicmeofar gach córas nó gach cuid de chórasmar seo a leanas: [Leasú 65]
(a) comhpháirt choiteann: comhpháirt de na córais leictreonacha Eorpacha a fhorbraítear ar leibhéal an Aontais, atá ar fáil do gach Ballstát nó atá sainaitheanta mar chomhpháirt chomhchoiteann ag an gCoimisiún ar chúiseanna éifeachtúlachta, slándála cuíchóirithe agus iontaofachta; [Leasú 45]
(b) comhpháirt náisiúnta: comhpháirt de na córais leictreonacha Eorpacha a fhorbraítear ar an leibhéal náisiúnta, atá ar fáil sa Bhallstát a chruthaigh comhpháirt den sórt sin nó a rannchuidigh lena comhchruthú, mar shampla, i dtionscadal forbartha TF comhoibríoch ag grúpa Ballstát; [Leasú 46]
(c) nó meascán den dá rud.
2. Ina theannta sin, cuirfear san áireamh sa Phlean Straitéiseach Ilbhliantúil le haghaidh Custaim gníomhaíochtaí nuálaíochta agus treoirghníomhaíochtaí mar aon leis na modheolaíochtaí agus leis na huirlisí tacaíochta i ndáil leis na córais leictreonacha Eorpacha.
3. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi gach cúram a shanntar dóibh a chur i gcrích faoin bPlean Straitéiseach Ilbhliantúil le haghaidh Custaim dá dtagraítear i mír 1. Tuairisceoidh siad go rialta don Choimisiún freisin maidir leis an dul chun cinn a dhéanfaidh siad lena gcúraimí agus, i gcás inarb infheidhme, maidir le moilleanna intuartha ina gcur chun feidhme. [Leasú 47]
4. Tráth nach déanaí ná an 31 Márta gach bliain, cuirfidh na Ballstáit tuarascálacha bliantúla ar an dul chun cinn faoi bhráid an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme an Phlean Straitéisigh Ilbhliantúil le haghaidh Custaim dá dtagraítear i mír 1 lena gcumhdaítear an tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig an bhliain roimhe sin. Beidh na tuarascálacha bliantúla sin bunaithe ar fhormáid réamhshocraithe.
5. Tráth nach déanaí ná an 31 Deireadh Fómhair gach bliain, bunóidh an Coimisiún, ar bhonn na dtuarascálacha bliantúla dá dtagraítear i mír 4, tuarascáil chomhdhlúite ina ndéanfar measúnú ar an dul chun cinn arna dhéanamh ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún i gcur chun feidhme an phlean dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear faisnéis faoi oiriúnuithe a bhfuil ga leo nó faoi mhoilleanna ar an bplean, agus poibleoidh sé an tuarascáil sin. [Leasú 48]
CAIBIDIL V
CLÁREAGRÚ, FAIREACHÁN, MEASTÓIREACHT AGUS RIALÚ
Airteagal 13
Clár oibre
1. Is leisGlacfar na cláir oibre ilbhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 108110 den Rialachán Airgeadais a chuirfear an Clár chun feidhmechun críocha an Chláir seo. Leagfar amach go háirithe sna cláir oibre bhliantúla na cuspóirí a bheidh le saothrú, na torthaí ionchasacha, an modh cur chun feidhme agus méid iomlán an phlean maoinithe. Leagfar amach iontu go mionsonraithe freisin cur síos ar na bearta atá le maoiniú, meastachán ar an méid atá le leithdháileadh ar gach beart agus tráthchlár garbh cur chun feidhme. [Leasú 66]
2. Glacfaidh an Coimisiún naGlacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 17, lena bhforlíontar an Rialacháin seo trí chláir oibre ilbhliantúla trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 18(2) a bhunú. [Leasú 67]
2a. Leis na cláir oibre ilbhliantúla, tógfar ar an méid arna fhoghlaim ó chláir a tháinig rompu. [Leasú 51]
Airteagal 14
Faireachán agus tuairisciú
1. Leagtar amach in Iarscríbhinn 2 na táscairí a úsáidfear le tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn an Chláir maidir le baint amach na gcuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 3I gcomhréir lena cheanglais tuairiscithe de bhun phointe (h) d’Airteagal 41(3) den Rialachán Airgeadais, cuirfidh an Coimisiún faisnéis maidir le feidhmíocht an Chláir faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Beidh faisnéis ar dhul chun cinn agus ar easnaimh araon san áireamh sa tuairisciú ar fheidhmíocht. [Leasú 52]
2. Leagtar amach in Iarscríbhinn 2 na táscairí a úsáidfear chun tuairisciú a dhéanamh ar fheidhmíocht an Chláir maidir le baint amach na gcuspóirí sonracha dá bhforáiltear in Airteagal 3. Chun a áirithiú go measfar go héifeachtach dul chun cinn an Chláir i dtreo bhaint amach a chuspóirí, tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 17, chun Iarscríbhinn 2 a leasú chun na táscairí a athbhreithniú nó a fhorlíonadh i gcás ina measfar gur gá, agus chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú chun faisnéis cháilíochta nuashonraithe chomh maith le faisnéis chainníochtúil a chur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le feidhmíocht an Chláir. [Leasú 53]
3. Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta, áiritheofar gurb inchomparáide agus iomlán na sonraí is gá chun an faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar thorthaí an Chláir agus go mbaileofar iad ar bhealach éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil. Chuige sin, forchuirfear ceanglais tuairiscithe chomhréireacha agus ábhartha ar fhaighteoirí cistiúchán ón Aontas. Déanfaidh an Coimisiún faisnéis iontaofa ar cháilíocht na sonraí feidhmíochta a úsáidtear a sholáthar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. [Leasú 54]
Airteagal 15
Meastóireacht
1. Déanfar meastóireachtaí go tráthúil sa dóigh agus go bhféadfar leas a bhaint astu sa phróiseas cinnteoireachta.
2. Déanfar meastóireacht eatramhach ar an gClár a luaithe a bheidh faisnéis leordhóthanach ar fáil faoina chur chun feidhme, ach tráth nach déanaí ná trí bliana ó thosach chur chun feidhme an chláir. [Leasú 55]
2a. Leis an meastóireacht eatramhach, cuirfear i láthair na torthaí is gá chun cinneadh a dhéanamh maidir le hobair leantach ar an gClár tar éis 2027 agus maidir lena chuspóirí. [Leasú 56]
3. I ndeireadh chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná ceithretrí bliana tar éis dheireadh na tréimhse a shonraíteardá dtagraítear in Airteagal 1, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh ar an gClár. [Leasú 57]
4. CuirfidhDéanfaidh an Coimisiún conclúidí na meastóireachtaí chomh maith lena bharúlacha féin agus na ceachtanna a foghlaimíodh, a thíolacadh agus a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún. [Leasú 58]
Airteagal 16
Iniúchtaí agus imscrúduithe
I gcás ina mbeidh tríú tír rannpháirteach sa chlár de thoradh cinneadh faoi chomhaontú idirnáisiúnta nó de bhua aon ionstraim dhlí eile, tabharfaidh an tríú tír na cearta agus an rochtain is gá don oifigeach údarúcháin atá freagrach, don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF), do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) chun go bhféadfaidh gach ceann díobh a gcuid inniúlachtaí féin a fheidhmiú ar dhóigh chuimsitheach. I gcás OLAF agus OIPE, áireofar ar na cearta sin an ceart chun imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus iniúchtaí ar an láthair, dá bhforáiltear i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairleagus i Rialachán (AE) 2017/1939(19) ón gComhairle. [Leasú 59]
CAIBIDIL VI
AN NÓS IMEACHTA COISTE AGUS AN TARMLIGEAN A FHEIDHMIÚ
Airteagal 17
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in AirteagalAirteagail 12(1), 13(2) agus 14(2) a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2028. [Leasú 68]
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in AirteagalAirteagail 12(1), 13(2) agus 14(2) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana. [Leasú 69]
4. Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n‑ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun AirteagalAirteagail 12(1), 13(2) agus 14(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle. [Leasú 70]
Airteagal 18
Nós imeachta coiste
1. Tabharfaidh coiste dá ngairfear "Coiste an Chláir Custaim" cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.[Leasú 71]
CAIBIDIL VII
FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS DEIRIDH
Airteagal 19
Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht
1. Tabharfaidh faighteoirí cistithe ón Aontas aitheantas d’fhoinse an chistithe ón Aontas agus áiritheoidh siad an infheictheacht is mó is féidir don chistiú (go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á bpoibliú) trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear na meáin agus an pobal. [Leasú 60]
2. Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an gClár, agus a bhaineann lear an gClár, agus ar na gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin gClár, agus ar na torthaí arna mbaint amach ag na gníomhaíochtaí maoinithe sin. Leis na hacmhainní airgeadais arna leithdháileadh ar an gClár, rannchuideofar le cumarsáid institiúideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a fhadatá siad ceangailte leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3. [Leasú 61]
Airteagal 20
Aisghairm
1. Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1294/2013 le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.
2. Déantar Cinneadh Uimh. 70/2008/CE a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.
Airteagal 21
Forálacha idirthréimhseacha
1. Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúnachas ná do mhodhnú na ngníomhaíochtaí lena mbaineann, faoi Rialachán (AE) Uimh. 1294/2013, a mbeidh feidhm aige maidir leis na gníomhaíochtaí lena mbaineann go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu.
2. Ina theannta sin, féadfaidh clúdach airgeadais an Chláir na speansais theicniúla agus riaracháin a chumhdach is gá chun an t‑aistriú idir an Clár agus na bearta a glacadh faoi réamhtheachtaí an Chláir, Rialachán (AE) Uimh. 1294/2013, a áirithiú.
3. Más gá, féadfar leithreasuithe a iontráil sa bhuiséad tar éis 2027 chun na speansais dá bhforáiltear in Airteagal 4(2) a chumhdach, ionas go mbeifear in ann na gníomhaíochtaí nach mbeidh curtha i gcrích faoin 31 Nollaig 2027 a bhainistiú.
Airteagal 22
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in/sa …,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán An tUachtarán
IARSCRÍBHINN I
Liosta neamh‑uileghabhálach d'fhoirmeacha gníomhaíochtaí a d'fhéadfadh a bheith i gceist dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (d) den chéad fho-mhír d'Airteagal 7(3)
Féadfaidh gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (d) den chéad fhomhír d'Airteagal 7(3) a bheith sna foirmeacha seo a leanas, i measc nithe eile:
(a) Maidir le cruinnithe agus ócáidí ad hoc comhchosúla:
– Seimineár agus ceardlann, a bhfreastalaíonn gach tír orthu den chuid is mó ina ndéantar cur i láthair agus ina ndéanann rannpháirtithe dianphlé agus gníomhaíocht maidir le hábhar ar leith;
– Turas oibre, arna eagrú chun cur ar a gcumas d'oifigigh saineolas nó tuiscint ar chúrsaí custaim a fháil nó a mhéadú;
(b) Maidir le comhoibriú struchtúrtha tionscadalbhunaithe:
– Grúpa tionscadail, comhdhéanta de ghnáth de líon teoranta tíortha, a bheidh oibríochtúil ar feadh tréimhse theoranta ama chun cuspóir atá réamhshainithe, a bhfuil toradh mionsainithe ag gabháil leis, lena n‑áirítear comhordú nó tagarmharcáil, a shaothrú;
– Tascfhórsa, eadhon foirmeacha struchtúrtha comhair, de chineál buan nó neamhbhuan, a chomhthiomsaíonn a shaineolas chun tascanna i réimsí sonracha nó gníomhaíochtaí oibríochtúla a dhéanamh agus seirbhísí comhoibrithe ar líne, cúnamh riaracháin agus saoráidí bonneagair agus trealaimh mar thaca leis sin, b'fhéidir;
– Gníomhaíocht faireacháin, arna déanamh ag comhfhoirne atá comhdhéanta d'oifigigh de chuid an Choimisiúin agus d'oifigigh de chuid na n‑údarás incháilithe chun anailís a dhéanamh ar chleachtais chustaim, aon deacrachtaí a bhaineann le rialacha a chur chun feidhme a shainaithint, agus, i gcás inarb iomchuí, moltaí a dhéanamh maidir le hoiriúnú a dhéanamh ar rialacha agus ar mhodhanna oibre an Aontais;
(c) Maidir le gníomhaíochtaí i dtaca le fothú inniúlachtaí agus acmhainneacht an duine:
– Oiliúint choiteann nó forbairt na ríomhfhoghlama chun tacú leis na scileanna gairmiúla agus an t‑eolas riachtanach i ndáil le cúrsaí custaim a neartú;
– Tacaíocht theicniúil, a bhfuil sé mar aidhm léi nósanna imeachta riaracháin a fheabhsú, feabhas a chur ar acmhainneacht riaracháin agus feidhmiú agus oibríochtaí údarás custam a fheabhsú trí dhea-chleachtais a thionscnamh agus a chomhroinnt.
IARSCRÍBHINN II
Táscairí
Cuspóir sonrach: Tacaíocht a thabhairt d'ullmhú agus do chur chun feidhme aonfhoirmeach reachtaíochta agus beartais custaim mar aon le comhar custaim agus fothú acmhainneachta riaracháin, lena n‑áirítear inniúlacht an duine agus córais leictreonacha Eorpacha le haghaidh custaim a fhorbairt agus a oibriú.
1. Fothú Acmhainneachta (acmhainneacht riaracháin, an duine agus TF):
1. An tInnéacs maidir le Dlí agus Beartais an Aontais a Chur i bhFeidhm agus a Chur Chun Feidhme (Líon na ngníomhaíochtaí faoin gClár arna n‑eagrú sa réimse sin agus moltaí arna n‑eisiúint i ndiaidh na ngníomhaíochtaí sin)
2. An tInnéacs Foghlama (Na modúil foghlama arna n‑úsáid; líon na n‑oifigeach ar cuireadh oiliúint orthu; scór cáilíochta de réir rannpháirtithe)
5. Úsáid príomhchóras leictreonach Eorpach a bhfuil sé mar aidhm leo idirnascacht a mhéadú agus dul i dtreo Aontas Custaim gan pháipéar (líon na dteachtaireachtaí arna malartú agus líon na gcomhairliúchán arna ndéanamh)
6. An ráta críochnaithe i ndáil le CCA (céatadán na ngarspriocanna arna mbaint amach le córais CCA a chur chun feidhme)
2. Comhroinnt eolais agus líonrú:
1. Innéacs Láidreacht an Chomhoibrithe (méid an líonraithe arna dhéanamh, líon na gcruinnithe aghaidh ar aghaidh, líon na ngrúpaí comhoibrithe ar líne)
2. An tInnéacs Dea-Chleachtas agus Treoirlínte (líon na ngníomhaíochtaí faoin gClár arna n‑eagrú sa réimse seo; céatadán na rannpháirtithe a bhain leas as cleachtas oibre nó as treoirlíne arna fhorbairt nó arna forbairt agus tacaíocht á fáil ón gClár)
Rialachán (AE) Uimh. 1294/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear clár gníomhaíochta um chustam san Aontas Eorpach don tréimhse 2014-2020 (Custam 2020) agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Uimh. 624/2007/CE, IO L 347, 20.12.2013, lch. 209.
COM(2016)0605 final Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012,(IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim
Cinneadh Uimh. 70/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le timpeallacht gan pháipéar i ndáil le custaim agus le trádáil (IO L 23, 26.1.2008, lch. 21).
Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13)
An Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1).
Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).
Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).
Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).
Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).
Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).
Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).