Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Téacsanna atá glactha
PDF 107kWORD 42k
Dé Céadaoin, 17 Aibreán 2019 - Strasbourg
Teideal rúin a cuireadh síos chun díospóireacht a thabhairt chun críche a dhréachtú nó a leasú (léirmhíniú ar Riail 149a(2) de na Rialacha Nós Imeachta)
P8_TA(2019)0392

Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2019 maidir le teideal rúin a cuireadh síos chun díospóireacht a thabhairt chun críche a dhréachtú nó a leasú (léirmhíniú ar Riail 149a(2) de na Rialacha Nós Imeachta) (2019/2020(REG))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don litir dar dáta an 3 Aibreán 2019 ó Chathaoirleach an Choiste um Ghnóthaí Bunreachtúla,

–  ag féachaint do Riail 226 dá Rialacha Nós Imeachta,

1.  ag cinneadh an léirmhíniú seo a leanas ar Riail 149a(2) de na Rialacha Nós Imeachta a chur i gceangal:" “Teideal rúin a cuireadh síos chun díospóireacht a thabhairt chun críche faoi Rialacha 123, 128 nó 135 a dhréachtú nó a leasú, ní hionann sin agus athrú ar an gclár oibre, ar choinníoll go dtagann an teideal fós faoi raon feidhme an ábhair a bhfuil díospóireacht á déanamh air.”"

2.  á threorú dá hUachtarán a cinneadh seo a chur ar aghaidh mar eolas chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

An nuashonrú is déanaí: 16 Márta 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais