Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2018/0224(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0401/2018

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0401/2018

Díospóireachtaí :

PV 11/12/2018 - 23
CRE 11/12/2018 - 23
PV 16/04/2019 - 20
CRE 16/04/2019 - 20

Vótaí :

PV 12/12/2018 - 12.11
CRE 12/12/2018 - 12.11
Mínithe ar vótaí
PV 17/04/2019 - 8.3
Mínithe ar vótaí

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2018)0509
P8_TA(2019)0395

Téacsanna atá glactha
PDF 872kWORD 174k
Dé Céadaoin, 17 Aibreán 2019 - Strasbourg Eagrán deiridh
Lena mbunaítear Fís Eorpach – lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh***I
P8_TA(2019)0395A8-0401/2018
Rún
 Téacs comhdhlúite

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2019 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Fís Eorpach - an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus le leathadh (COM(2018)0435 – C8-0252/2018 – 2018/0224(COD))

(Gnáthnós Imeachta Reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2018)0435),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagail 173(3), 182(1), 183 agus 188 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0252/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don litir óna hUachtarán chuig cathaoirligh na gcoistí an 25 Eanáir 2019, ina dtugtar cuntas ar chur chuige na Parlaiminte maidir le cláir earnála sa Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) iar-2020,

–  ag féachaint don litir ón gComhairle chuig Uachtarán Pharlaimint na hEorpa an 1 Aibreán 2019 lena ndeimhnítear an tuiscint choiteann ar tháinig na comhreachtóirí uirthi le linn na caibidlíochta,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh, agus ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Fhorbairt, ón gCoiste um Buiséid, ón gCoiste um Rialú Buiséadach, ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach, ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe agus ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas (A8-0401/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é(1);

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) Tá an seasamh seo ag gabháil in ionad na leasuithe a glacadh an 12 Nollaig 2018 (Téacsanna a glacadh, P8_TA(2018)0509).


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 17 Aibreán 2019 d’fhonn go nglacfaí Rialachán (AE) …/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus le leathadh
P8_TC1-COD(2018)0224

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 173(3), Airteagal 182(1), Airteagal 183, agus an dara mír d’Airteagal 188 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún(2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  Tá sé de chuspóir ag an Aontas a chuid fothaí eolaíocha, barrfeabhais agus teicneolaíocha, ina mbíonn taighdeoirí, an t-eolas eolaíoch agus an teicneolaíocht ag saorchúrsaíocht, a neartú agus a chumas iomaíochta a spreagadh, lena n-áirítear ina thionscal, an Limistéar Eorpach Taighde a neartú agus ag an am céanna gach gníomhaíocht taighde agus nuálaíochta a thabhairt i gcrích ó thaobh tosaíochtaí straitéiseacha agus gealltanais an Aontais a bhfuil sé mar mhóraidhm acu an tsíocháin a chur chun cinn, chomh maith le luachanna an Aontais agus dea-bhail a phobail.

(2)  Chun tionchar eolaíoch, eacnamaíoch agus sochaíoch a imirt ar mhaithe le cur chun cinn an chuspóra ghinearálta sin agus chun an breisluach is mó is féidir a bhaint as infheistíochtaí an Aontais sa réimse Taighde, Forbartha agus Nuálaíochta, ba cheart don Aontas infheistiú sa taighde agus sa nuálaíocht trí Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht 2021-2027 (an ‘Clár’) chun tacú le cruthú ▌ , scaipeadh agus aistriú eolais agus teicneolaíochtaí ar ardcháilíocht san Aontas, chun an tionchar atá ag taighde agus nuálaíocht a threisiú i dtaca leis an gcaoi a dtugtar aghaidh ar dhúshláin dhomhanda, lena n-áirítear na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus an t-athrú aeráide, agus chomh maith leis sin, trí bheith ag forbairt beartas de chuid an Aontais, ag tacú leo agus á gcur chun feidhme, chun tacú le réitigh nuálacha inbhuanaithe i dtionscail agus i sochaí an Aontais ionas go mbeidh glacadh níos réidhe leis na réitigh sin, chun poist a chruthú agus borradh a chur faoin bhfás eacnamaíoch agus faoin iomaíochas tionsclaíoch; Ba cheart, trí bhíthin an Chláir, gach cineál nuálaíochta a chothú, ▌ réitigh nuálacha a chur á n-úsáid sa mhargadh agus é sin a neartú; agus optamú a dhéanamh ar sholáthar na hinfheistíochta.

(2a)  Ba cheart, trí bhíthin an Chláir, rannchuidiú leis an infheistíocht phoiblí agus phríobháideach sa réimse Taighde agus Nuálaíochta (T&N) sna Ballstáit a mhéadú, agus ar an gcaoi sin, cuidiú le méid fhoriomlán na hinfheistíochta i réimse an taighde agus na forbartha a ardú go 3 %, ar a laghad, de OTI an Aontais. Chun an sprioc sin a bhaint amach beidh ar na Ballstáit agus ar an earnáil phríobháideach an Clár a chomhlánú le hinfheistíocht dá gcuid féin, agus le gníomhaíochtaí infheistíochta treisithe dá gcuid féin, sa réimse taighde, forbartha agus nuálaíochta.

(2b)  D’fhonn cuspóirí an Chláir a bhaint amach agus an méid sin a dhéanamh le hurraim do phrionsabal an bharrfheabhais, ba cheart díriú faoin gClár ar naisc chomhoibríocha san Eoraip a neartú, i measc nithe eile, agus ar an gcaoi sin, a bheith ag rannchuidiú leis an deighilt i réimse T&N a laghdú.

(3)  Nuair a dhéantar gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a chur chun cinn, a mheastar a bheith riachtanach chun cuspóirí beartais an Aontais a bhaint amach, ba cheart prionsabal na nuálaíochta a thabhairt san áireamh ▌ óir gur treallús lárnach é an prionsabal sin chun na sócmhainní móra eolais atá san Aontas a chur chun tairbhe don nuálaíocht go tapa agus go tréan.

(4)  Trí leanúint den “Eolaíocht Oscailte, Nuálaíocht Oscailte, Oscailteacht don Domhan Mór” agus cosaint á tabhairt san am céanna do leasanna eolaíocha agus socheacnamaíocha an Aontais, ba cheart an barrfheabhas a chinntiú, agus a chinntiú chomh maith go mbeidh tionchar ag infheistíocht an Aontais ar an réimse taighde agus nuálaíochta. agus acmhainn T&N na mBallstát uile a neartú. Ba cheart ▌ go leanfadh as sin go ndéanfaí an Clár▌ a chur chun feidhme ar dhóigh chothrom.

(5)  D’fhéadfadh an eolaíocht oscailte ▌ cáilíocht, tionchar agus leasanna na heolaíochta a mhéadú agus dlús a chur le réimse an eolais trí bhíthin an t-eolas a dhéanamh níos iontaofa, níos éifeachtúla agus níos cruinne, níos intuigthe don tsochaí agus níos freagraí ar dhúshláin shochaíocha. Ba cheart forálacha a leagan síos lena áirithiú go gcuirfidh na tairbhithe rochtain oscailte ar fhoilseacháin eolaíochta, sonraí taighde agus aschuir taighde eile a ndearnadh athbhreithniú piaraí orthu, ar mhodh oscailte neamh-idirdhealaitheach, saor in aisce agus chomh luath agus is féidir sa phróiseas leata, agus a fhágáil gur féidir iad a úsáid agus a athúsáid chomh leathan agus is féidir. A mhéid a bhaineann le sonraí taighde, is é an prionsabal ar cheart cloí leis ná “bítear chomh hoscailte agus is féidir, agus chomh druidte agus is gá”, agus dá réir sin, déanfar a áirithiú go bhféadfadh eisceachtaí a bheith ann a chuirfidh san áireamh leasanna dlisteanacha de chuid an Aontais, lena n-áirítear leasanna socheacnamaíocha, cearta maoine intleachtúla, cosaint agus rúndacht sonraí pearsanta, údair imní i ngnóthaí slándála, agus leasanna dlisteanacha eile. Ba cheart tuilleadh béime ▌ a leagan ar bhainistíocht fhreagrach ar shonraí taighde, agus sa bhainistíocht sin ba cheart cloí le prionsabail na so-aimsitheachta, inrochtaineachta, idir-inoibritheachta agus in-athúsáideachta (FAIR – findability, accessibility, interoperability agus reusability), go háirithe trí Phleananna Bainistithe Sonraí a phríomhshruthú. I gcás inarb iomchuí, ba cheart do na tairbhithe úsáid a bhaint as na féidearthachtaí atá ann a bhuí leis an Néal Eorpach maidir leis an Eolaíocht Oscailte agus maidir leis an mBonneagar Sonraí Eorpach agus cloí le prionsabail agus cleachtais bhreise na heolaíochta oscailte. Ba cheart rochtain oscailte chómhalartach a spreagadh i gcomhaontuithe idirnáisiúnta comhair san eolaíocht agus sa teicneolaíocht agus sna comhaontuithe comhlachais ábhartha.

(5a)  Spreagtar tairbhithe FMB chun úsáid a bhaint as na hionstraimí atá ann faoi láthair, amhail Deasc Chabhrach um Chearta Maoine Intleachtúla agus FBManna, seirbhís a thugann tacaíocht d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide an Aontais Eorpaigh trí eolas agus seirbhísí saor in aisce a sholáthar, i bhfoirm comhairle faoi rún faoi shaincheisteanna maoine intleachtúla agus nithe gaolmhara eile, chomh maith le hoiliúint, ábhair agus acmhainní ar líne.

(6)  I gceapadh agus i ndearadh an Chláir, ba cheart freagairt a thabhairt ar an riachtanas atá ann mais chriticiúil gníomhaíochtaí a bhunú, ar fud an Aontais agus tríd an gcomhar idirnáisiúnta, agus ag an am céanna, na Ballstáit á spreagadh chun rannpháirtíocht a ghlacadh sa Chlár, i gcomhréir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) na Náisiún Aontaithe agus le Comhaontú Pháras. Ba cheart treisiú ar shaothrú na haidhme sin i gcur chun feidhme an Chláir.

(7)  Na gníomhaíochtaí a dtugtar tacaíocht dóibh faoin gClár, ba cheart go rannchuideoidís le cuspóirí, ▌tosaíochtaí agus gealltanais an Aontais agus an Chláir a ghnóthú, chun faireachán agus measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn sna cuspóirí,▌ tosaíochtaí agus gealltanais sin agus chun tosaíochtaí athbhreithnithe nó tosaíochtaí nua a fhorbairt.

(7a)   Ba cheart féachaint leis an gClár a ailíniú le treochláir agus straitéisí Eorpacha le haghaidh taighde agus nuálaíochta atá ann cheana.

(8)  Ba cheart leanúint, faoin gClár, de chur chuige cothrom idir an cistiú ón mbun aníos (arna thiomáint ag taighdeoirí nó nuálaithe) agus an cistiú ón mbarr anuas (arna chinneadh ag tosaíochtaí a shainítear de réir straitéise), i gcomhréir leis an gcineál taighde agus na cineálacha pobal nuálaíochta atá páirteach ar fud an Aontais, leis na rátaí ratha in aghaidh gach réimse idirghabhála, le cineálacha agus cuspóirí na ngníomhaíochtaí a dhéantar, le prionsabal na coimhdeachta agus leis na tionchair atáthar ag iarraidh a bhaint amach. Ba cheart an cur chuige a roghnófar do na codanna éagsúla den Chlár a chinneadh bunaithe ar mheascán de na tosca sin, agus ba cheart dóibh go léir rannchuidiú le cuspóirí ginearálta agus sonracha uile an Chláir.

(8-a)   An buiséad foriomlán don tsraith a bhaineann leis an bhFairsingiú agus leis an rannpháirtíocht den tsraith "Láidriú an Limistéir Eorpaigh Taighde agus Fairsingiú na Rannpháirtíochta Ann" de Fís Eorpach, ba cheart é a bheith chomh mór, ar a laghad, le 3,3 % de bhuiséad foriomlán Fís Eorpach. Ba cheart an buiséad sin a chur, den chuid is mó, chun tairbhe d’eintitis dhlítheanacha sna tíortha nua a thagann faoin bhfairsingiú.

(8-b)  Ba cheart na Tionscnaimh Bharrfheabhais a bheith dírithe ar bharrfheabhas taighde agus nuálaíochta sna tíortha incháilithe a neartú, lena n-áirítear mar shampla, tacú le hoiliúint a chuirfeadh feabhas ar scileanna bainistithe T&N, duaiseanna, na héiceachórais nuálaíochta a neartú chomh maith le líonraí T&N a chruthú, lena n-áirítear é sin a dhéanamh ar bhonn bonneagair thaighde le maoiniú ó AE. Chun bheith in ann cur isteach ar chistiú faoin tsraith a bhaineann leis an bhfairsingiú agus leis an rannpháirtíocht den chuid ‘Láidriú an Limistéir Eorpaigh Taighde agus Fairsingiú na Rannpháirtíochta Ann’ de Fís Eorpach, caithfidh iarrthóirí a thaispeáint go soiléir go bhfuil a gcuid tionscadal nasctha le straitéisí náisiúnta agus/nó réigiúnacha T&N.

(8a)  Ba cheart, i gcás cuid de na gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta, cur chuige na Mearchonaire chun an Taighde agus na Nuálaíochta a chur i bhfeidhm, agus sa chás sin níor cheart go mbeadh an t-am feithimh le deontas níos faide ná sé mhí. Cheadódh sé sin rochtain níos gasta agus ón mbun aníos a bheith le fáil ar chistí le haghaidh cuibhreannais bheaga chomhoibríocha a bheadh i mbun gníomhaíochtaí éagsúla ó bhuntaighde go cur i bhfeidhm sa mhargadh.

(8b)  Ba cheart, trí bhíthin an Chláir, tacú le céimeanna uile an taighde agus na nuálaíochta, go háirithe i dtionscadail chomhoibríocha. Sócmhainn bhunriachtanach is ea an buntaighde, agus is coinníoll tábhachtach é i dtaca le méadú a dhéanamh ar chumas an Aontais na heolaithe is fearr atá ann a mhealladh ionas go dtiocfaidh an tAontas chun bheith ina mhol domhanda barrfheabhais. Ba cheart an chóimheá idir taighde bunúsach agus feidhmeach a áirithiú. Ach an nuálaíocht a bheith ann ina theannta sin, tacóidh an méid sin le hiomaíochas geilleagrach an Aontais, leis an bhfás san Aontas agus le fostaíocht.

(8c)  Chun an tionchar is mó is féidir a bheith ag Fís Eorpach, ba cheart aird a thabhairt go háirithe ar chuir chuige ildisciplíneacha, idirdhisciplíneacha agus trasdisciplíneacha mar eilimintí riachtanacha don dul chun cinn mór san eolaíocht.

(8d)  Ba cheart an rannpháirtíocht shochaíoch a chothú le húsáid an taighde agus na nuálaíochta freagraí mar mhír thrasearnála, d’fhonn an comhar éifeachtach idir an eolaíocht agus an tsochaí a chur chun cinn. D’fhágfadh sé sin go bhféadfadh na gníomhaithe sochaíocha uile (taighdeoirí, saoránaigh, lucht déanta beartas, an earnáil ghnó, eagraíochtaí treasearnála etc.) oibriú le chéile ar feadh an phróisis taighde agus nuálaíochta ar fad chun an próiseas agus torthaí an phróisis a ailíniú ar dhóigh níos fearr le luachanna, riachtanais agus ionchais na sochaí Eorpaí.

(9)  Ba cheart gníomhaíochtaí taighde arna ndéanamh faoin gcolún ‘Eolaíocht Barrfheabhais agus Oscailte’ a chinneadh i gcomhréir le riachtanais agus deiseanna na heolaíochta. Ba cheart an clár oibre taighde a shocrú trí idirchaidreamh dlúth le pobal na heolaíochta agus ba cheart béim a chur ar lucht ardtallainne nua i réimse T&N a mhealladh mar aon le taighdeoirí óga, agus san am céanna an Limistéar Eorpach Taighde á neartú agus imirce daoine oilte á seachaint. Ba cheart taighde a mhaoiniú ar bhonn barrfheabhais.

(10)  Ba cheart an colún ‘Dúshláin Dhomhanda agus Iomaíochas Tionsclaíoch Eorpach’ a bhunú trí bhraislí de ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta, d’fhonn comhtháthú a uasmhéadú sna réimsí oibre faoi seach agus leibhéil ard inbhuanaithe tionchair a chinntiú don Aontas i ndáil leis na hacmhainní arna n-ídiú ag an am céanna. Spreagfaidh sé sin comhoibriú trasdisciplíneach, trasearnála, trasbheartais agus trasteorann ar mhaithe le cur chun cinn SDGanna na Náisiún Aontaithe agus ghealltanais an Aontais faoi Chomhaontú Pháras agus i gcásanna inar riachtanach é chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shochaíocha, agus iomaíochas thionscail an Aontais laistigh de sin. Trí na gníomhaíochtaí a dhéanfaí faoin gcolún seo, ba cheart an raon iomlán gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a chumhdach, lena n-áirítear Taighde agus Forbairt, píolótú, taispeáint, agus tacaíocht don soláthar poiblí, taighde réamhnormatach agus socrú caighdeán, agus glacadh nuálaíochtaí sa mhargadh, chun a áirithiú go gcoinneoidh an Eoraip a háit cheannródaíochta sa taighde i réimsí tosaíochta a shainítear de réir straitéise.

(11)  Ba cheart go mbeadh páirteachas iomlán agus tráthúil na hearnála tionsclaíochta sa Chlár, ar gach leibhéal ón bhfiontraí aonair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide go fiontair mhórscála, dírithe ▌go háirithe ar phoist agus fás inbhuanaithe a chruthú. ▌

(12)  Tá sé tábhachtach tacú le hearnáil tionsclaíochta an Aontais a áit cheannaireachta a choinneáil nó a bhaint amach sa nuálaíocht, sa digitiú agus sa dícharbónú, go háirithe trí infheistíocht sna príomhtheicneolaíochtaí cumasúcháin a bheidh ina gcrann taca ag an ngnó i saol an lae amárach. Tá sé i gceist go n-imreodh Príomhtheicneolaíochtaí Cumasúcháin (PTCanna) ról lárnach i gColún II ‘Dúshláin Dhomhanda agus an Iomaíochas Tionsclaíoch Eorpach’ agus ba cheart iad a nascadh tuilleadh leis na Tionscnaimh Shuaitheanta Teicneolaíochtaí sa Todhchaí agus Teicneolaíochtaí atá ag Teacht Chun Cinn (FET) chun go bhféadfaí tionscadail taighde a bhunú lena gcumhdófaí iomlán an tslabhra nuálaíochta. Na gníomhaíochtaí a dhéanfaí faoin gClár, ba cheart go mbeidís ina léiriú ar Straitéis Beartais Tionsclaíochta an Aontais ionas go dtabharfaidís aghaidh ar chlistí sa mhargadh nó ar chásanna infheistíochta fo-optamacha, go gcuirfidís borradh faoin infheistíocht ar mhodh comhréireach agus trédhearcach, gan maoiniú príobháideach a dhúbláil ná a phlódú, agus go dtabharfaidís breisluach soiléir don Eoraip mar aon le toradh fónta ar an infheistíochtaí. Áiritheoidh sin comhleanúnachas idir gníomhaíochtaí an chláir agus rialacha Taighde, Forbartha agus Nuálaíochta an Aontais maidir leis an státchabhair, agus ba cheart iad sin a athbhreithniú chun dreasacht a chur faoin nuálaíocht.

(13)  Ba cheart, trí bhíthin an Chláir, tacú leis an taighde agus nuálaíocht ar mhodh comhtháite, agus na forálacha ábhartha uile de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála á n-urramú. Ba cheart coincheap an taighde, forbairt thurgnamhach san áireamh, a úsáid i gcomhréir le Lámhleabhar Frascati atá forbartha ag OECD, agus ba cheart coincheap na nuálaíochta a úsáid i gcomhréir le Lámhleabhar Osló atá forbartha ag OECD agus Eurostat, ag leanúint cur chuige leathan lena gcumhdaítear an nuálaíocht, an dearadh agus an chruthaitheacht shóisialta. Ba cheart sainmhínithe OECD maidir le Leibhéal na hUllmhachta Teicneolaí (LUT) a thabhairt san áireamh, mar a rinneadh faoin gClár Réime a bhí ann roimhe seo, eadhon Fís 2020 ▌. Sa chlár oibre do ghlao ar leith faoin gcolún ‘Dúshláin Dhomhanda agus Iomaíochas Tionsclaíoch Eorpach’ d’fhéadfaí deontais a cheadú le haghaidh bailíochtú táirgí agus macasamhlú margaí ar mhórscála.

(14)  Leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an meastóireacht eatramhach ar an gclár Fís 2020 (COM(2018)0002) agus leis an tuarascáil ó Pharlaimint na hEorpa faoin measúnú ar chur chun feidhme an chláir Fís 2020, tuarascáil a ullmhaíodh i ndáil le meastóireacht eatramhachach a dhéanamh ar an gclár sin, agus togra Chlár Réime 9 (2016/2147(INI)), soláthraíodh sraith moltaí le haghaidh an Chláir seo, lena n-áirítear Rialacha an Chláir maidir le rannpháirtíocht agus leathadh, agus iad sin bunaithe ar na ceachtanna a foghlaimíodh ón gClár Réime a bhí ann roimhe seo chomh maith le hionchur ó institiúidí agus ó pháirtithe leasmhara AE. I measc na moltaí sin tá infheistiú ar bhealach níos uaillmhianaí chun mais chriticiúil a bhaint amach agus an tionchar is mó is féidir a imirt; tacú le nuálaíocht cheannródaíoch; tús áite a thabhairt d’infheistíochtaí taighde agus nuálaíochta (T&N) an Aontais i réimsí lena mbaineann breisluach ard, go háirithe trí threorú an mhisin, rannpháirtíocht na saoránach agus an rannpháirtíocht sin a bheith iomlán, eolasach agus tráthúil, agus trí cumarsáid fhorleathan; eagrú réasúnaithe a dhéanamh ar chreat cistiúcháin an Aontais, chun úsáid iomlán a bhaint as acmhainn T&N na mBallstát go léir lena n-áirítear trí athchóiriú a dhéanamh ar raon na dtionscnamh comhpháirtíochta agus na scéimeanna comhchistiúcháin; tuilleadh sineirgíochtaí, agus sineirgíochtaí nithiúla, a fhorbairt idir ionstraimí cistiúcháin éagsúla an Aontais, go háirithe chun cuidiú chun tairbhe a bhaint as féidearthachtaí T&N nach bhfuil lánleas á mbaint astu ar fud an Aontais; bainteacht níos mó i dtionscadail an Chláir Réime a lorg ó bhonneagair thaighde a fhaigheann maoiniú ón Aontas - go háirithe ó CFRE, comhar idirnáisiúnta a neartú agus an Clár a dhéanamh níos oscailte do rannpháirtíocht tríú tíortha agus, lena linn sin, cosaint a thabhairt i gcónaí do leas an Aontais agus leathnú a dhéanamh ar rannpháirtíocht na mBallstát uile sa Chlár; agus leanúint leis an simpliú bunaithe ar an taithí a fuarthas agus Fís 2020 á chur chun feidhme.

(15)  Ba cheart an beartas comhtháthaithe a bheith ag rannchuidiú le taighde agus nuálaíocht. Dá bhrí sin, is gá aird ar leith a thabhairt ar an gcomhordú agus ar an gcomhlántacht idir an dá bheartas sin de chuid an Aontais. Ba cheart féachaint le rialacha agus sineirgíochtaí an Chláir a ailíniú le cláir eile de chuid an Aontais mar a thagraítear dó sin in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo, óna ndearadh agus a bpleanáil straitéise, go roghnú tionscadail, bainistíocht, cumarsáid, leathadh agus saothrú torthaí, agus go faireachán, iniúchadh agus rialachas. D’fhonn forluí agus dúbláil a sheachaint agus d’fhonn éifeacht ghiarála an chistithe ón Aontas a mhéadú, agus chomh maith leis sin d’fhonn an t-ualach riaracháin a bhíonn ar iarrthóirí a laghdú, ba cheart an prionsabal “leanann gníomh amháin tacar rialacha amháin” a chur i bhfeidhm i ngach cineál sineirgíochtaí:

   is féidir aistrithe a dhéanamh, ar bhonn deonach, ó chláir eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), chuig gníomhaíochtaí de chuid Fís Eorpach. I gcásanna den sórt sin leanfaidh siad rialacha Fís Eorpach, ach ní úsáidfear iad ach ar mhaithe le leas an Bhallstáit nó an údaráis bainistithe, de réir mar is ábhartha, a chinnfidh an t-aistriú a dhéanamh;
   d’fhéadfaí foráil a dhéanamh maidir le comhchistiú ar ghníomhaíocht de chuid Fís Eorpach agus ar chlár eile de chuid an Aontais, ach ní rachadh suim an chomhchistiucháin sin thar shuim iomlán na gcostas incháilithe a ghabhfadh leis an ngníomhaíocht. I gcásanna den chineál sin, is ag rialacha Fís Eorpach, agus acu sin amháin, a bheadh feidhm agus ba cheart iniúchtaí dúbailte a sheachaint;
   Ba cheart Séala Barr Feabhais a dhámhachtain ar na tograí uile a bhain amach an tairseach “barr feabhais” in Fís Eorpach ach nach féidir a mhaoiniú de dheasca sriantacht buiséid. I gcásanna den chineál sin, is ag rialacha an Chiste óna dtiocfadh an tacaíocht ba cheart feidhm a bheith, cé is moite de na rialacha maidir le státchabhair.

(16)  D’fhonn an tionchar is fearr is féidir a fháil as an gcistiú ón Aontas agus rannchuidiú le beartais agus gealltanais an Aontais ar an dóigh is éifeachtaí is féidir, féadfaidh an Clár dul i gComhpháirtíochtaí Eorpacha le comhpháirtithe ón earnáil phríobháideach agus/nó phoiblí, ar bhonn thoradh na Pleanála Straitéisí. Ar na comhpháirtíochtaí sin tá geallsealbhóirí i réimsí an taighde agus na nuálaíochta, idir phoiblí agus phríobháideach, na hionaid inniúlachta, na gorlanna gnó, na páirceanna teicneolaíochta agus eolaíochta, comhlachtaí a thugann seirbhís phoiblí, fondúireachtaí agus eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta agus éiceachórais nuálaíochta réigiúnacha, i gcás inarb iomchuí, a thacaíonn le taighde agus nuálaíocht, nó a dhéanann taighde agus nuálaíocht, ar choinníoll gur féidir an tionchar inmhianaithe a bhaint amach ar dhóigh níos éifeachtaí i gcomhpháirtíocht ná mar a dhéanfadh an tAontas leis féin.

(17)  Trí bhíthin an Chláir, ba cheart an comhar idir Comhpháirtíochtaí Eorpacha agus comhpháirtithe san earnáil phríobháideach agus/nó phoiblí a neartú ar an leibhéal idirnáisiúnta, lena n-áirítear trí chláir thaighde agus nuálaíochta agus infheistíocht trasteorann sa taighde agus nuálaíocht a thabhairt le chéile, chun leasanna frithpháirteacha a sholáthar do dhaoine agus do ghnólachtaí agus a áirithiú ag an am céanna gur féidir leis an Aontas seasamh lena

(17a)  Tá cruthúnas ar fáil gur ionstraim éifeachtach agus éifeachtúil iad na ‘Tionscnaimh Shuaitheanta FET’ agus, trí chomhiarracht chomhordaithe ón Aontas agus ó na Ballstáit, go ndéanann siad leas don tsochaí. Gníomhaíochtaí a dhéantar faoi réir na dTionscnamh Suaitheanta FET maidir le Graiféin, an tionscadal ‘An Inchinn Dhaonna’, agus Teicneolaíocht an Chandaim, agus a dhéantar a mhaoiniú faoin gclár Fís 2020, leanfar de bheith ag tacú leo faoi Fís Eorpach trí ghlaonna ar thograí a bheidh ina gcuid den chlár oibre. Le gníomhaíochtaí ullmhúcháin faoi chuid na dTionscnamh Suaitheanta FET den chlár Fís 2020, cothófar an próiseas Pleanála Straitéisí faoi Fís Eorpach agus beidh siad ina dtreoir ag an obair a dhéanfar ar mhisin, ar chomhpháirtíochtaí comhchistithe nó comhchláraithe, agus ar ghnáthghlaonna le haghaidh tograí.

(18)  Ba cheart don Airmheán Comhpháirteach Taighde (JRC) leanúint d’fhianaise neamhspleách eolaíochta a bheidh dírithe ar chustaiméirí agus tacaíocht theicniúil a sholáthar do bheartais an Aontais feadh thimthriall iomlán na mbeartas. Ba cheart gníomhaíochtaí díreacha JRC a chur chun feidhme ar dhóigh sholúbtha, éifeachtúil agus thrédhearcach, agus riachtanais ábhartha úsáideoirí JRC, na sriantachtaí buiséid agus riachtanais bheartais an Aontais á gcur san áireamh, agus cosaint leasanna airgeadais an Aontais a áirithiú. Ba cheart do JRC leanúint d'acmhainní breise a ghiniúint.

(19)  Faoin gcolún ‘An Eoraip Nuálach’, ba cheart sraith gníomhaíochtaí a bhunú don tacaíocht chomhtháite le haghaidh riachtanais fiontraithe agus fiontraíochta atá á déanamh de thoradh taighde, agus arb é is aidhm leo nuálaíocht cheannródaíoch a bhaint amach agus borradh a chur fúithi le go mbeidh fás tapa ar na margaí, agus chomh maith leis sin, neamhspleáchas teicneolaíochta an Aontais a chur chun cinn i réimsí straitéiseacha. Ba cheart go meallfadh sé cuideachtaí nuálacha, lena n-áirítear FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta, a d’fhéadfadh méadú ar an leibhéal idirnáisiúnta agus ar leibhéal an Aontais agus deontais agus comh-infheistíochtaí tapa solúbtha a sholáthar, le n-áirítear infheisteoirí príobháideacha. Ba cheart na cuspóirí sin a shaothrú trí Chomhairle Eorpach Nuálaíochta (EIC) a chruthú. Ba cheart don Cholún sin tacú freisin leis an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT), le Scéim Nuálaíochta Réigiúnach EIT agus le héiceachórais nuálaíochta Eorpacha i gcoitinne, ar fud an Aontais, go háirithe trí chomhpháirtíochtaí comhchistiúcháin le gníomhaithe tacaíochta nuálaíochta náisiúnta agus réigiúnacha, idir phoiblí agus phríobháideach.

(20)  D’fhonn aghaidh a thabhairt ar an ngá atá ann tacaíocht a thabhairt d’infheistíocht i ngníomhaíochtaí neamhlíneacha agus le riosca níos airde amhail taighde agus nuálaíocht, tá sé ríthábhachtach go mbeadh Fís Eorpach, go háirithe EIC, mar aon le EIT agus a chuid PENanna, ag obair i sineirgíocht leis na táirgí airgeadais atá le cur á n-úsáid faoi InvestEU. Maidir leis sin, ba cheart go bhfónfadh an taithí a fhaightear ó na hionstraimí airgeadais arna gcur in úsáid faoi Fís Eorpach 2020 amhail InnovFin agus an ráthaíocht iasachta do FBManna mar bhonn láidir chun an tacaíocht spriocdhírithe sin a sholáthar. Ba cheart do EIC faisnéis straitéiseach agus gníomhaíochtaí meastóireachta fíor-ama a fhorbairt d’fhonn a chuid gníomhaíochtaí éagsúla a chomhordú agus a bhainistiú ar bhonn tráthúil.

(21)  Ba cheart do EIC, mar aon le codanna eile de Fís Eorpach, gach cineál nuálaíochta a spreagadh, ón nuálaíocht incriminteach go dtí an nuálaíocht cheannródaíoch agus an nuálaíocht shuaiteach atá dírithe go háirithe ar an nuálaíocht lena gcruthófar margadh nua. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag EIC, trína chuid ionstraimí – Treo-Aimsitheoir agus Luasaire – nuálaíochtaí ardriosca a shainaithint, a fhorbairt agus a chur in úsáid den uile chineál, nuálaíochtaí incriminteacha ina measc, ina ndíreofar an fócas is mó ar nuálaíochtaí ceannródaíocha, suaiteacha agus domhaintheicneolaíocht arb acmhainn dóibh a bheith ina nuálaíochtaí cruthaithe margaí. Trí thacaíocht chomhleanúnach chuíchóirithe, ba cheart do EIC an folús atá ann faoi láthair sa tacaíocht phoiblí agus san infheistíocht phríobháideach don nuálaíocht cheannródaíoch a líonadh. Ionstraimí EIC, éilíonn siad gnéithe tiomnaithe dlíthiúla agus bainistíochta d’fhonn a chuid cuspóirí a léiriú, go háirithe gníomhaíochtaí cur in úsáid ar an margadh.

(21a)  De réir bhrí an Rialacháin seo agus go háirithe do na gníomhaíochtaí arna ndéanamh faoi EIC, is é is gnólacht nuathionscanta ann ná FBM atá nuathosaithe (lena n-áirítear seach-chuideachtaí ollscoile), a dhíríonn ar réitigh nuálacha agus ar shamhail ghnó inscálaithe, agus atá féinrialaithe de réir bhrí Airteagal 3 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún(4); agus is é is ‘cuideachta mheánchaipitlithe’ ann ná cuideachta nach micreachuideachta, fiontar beag nó fiontar meánmhéide é, de réir mar a shainmhínítear i Moladh 2003/361/EC ón gCoimisiún agus a bhfuil idir 250 agus 3 000 fostaí ag obair ann i gcás ina ndéantar an líon foirne a ríomh i gcomhréir le hAirteagail 3, 4, 5 agus 6 de Theideal I den Iarscríbhinn a ghabhann leis anMoladh sin; is é is cuideachta mheánchaipitlithe beag ann ná cuideachta mheánchaipitlithe a bhfuil suas le 499 bhfostaí ag obair ann.

(22)  Trí mhaoiniú cumasctha na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí (EIC), ba cheart don Luasaire EIC “gleann an bháis” a líonadh idir an taighde, réamh-olltráchtálú agus méadú cuideachtaí. Go háirithe, ba cheart don Luasaire tacaíocht a sholáthar d’oibríochtaí a bhfuil rioscaí teicneolaíochta nó margaidh ag gabháil leo a fhágann nach meastar iad a bheith iontaofa ó thaobh brabúis agus nach féidir leo infheistíochtaí suntasacha a ghiaráil ón margadh dá bharr, rud a dhéanfaidh comhlánú ar an gclár InvestEU a bhunaítear le Rialachán …(5).

(22a)  Is foinse shuntasach nuálaíochta agus fáis iad FBManna san Eoraip. Dá bhrí sin, tá gá le rannpháirtíocht láidir FBManna, mar a shainmhínítear i Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún, in Fís Eorpach. Agus forbairt á déanamh ar na dea-chleachtais a foghlaimíodh ó Fís Eorpach 2020, ba cheart do Fís Eorpach leanúint le FBManna a spreagadh le bheith páirteach sa Chlár Réime ar mhodh comhtháite.

(22b)   Cé gur cheart gurb é an maoiniú cumasctha príomhúsáid bhuiséad Luasaire EIC, chun críche Airteagal 43, ba cheart go mbeadh an tacaíocht de chineál deontais amháin ó Luasaire EIC do na FBManna, cuideachtaí nuathionscanta ina measc, ag teacht leis sin a thugtar faoi bhuiséad ionstraim FBM faoin gclár réime a bhí ann roimhe sin, an clár Fís 2020, a bunaíodh faoi Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(6).

(22c)   I ndlúthshineirgíocht le InvestEU, ba cheart do Luasaire EIC, ina maoiniú cumasctha agus a bhfoirmeacha tacaíochta airgeadais cothromais, maoiniú a thabhairt do FBManna, cuideachtaí nuathionscanta ina measc, agus, i gcásanna eisceachtúla, tionscadail atá á reáchtáil ag cuideachtaí meánchaipitlithe beaga, nach bhfuil in ann ioncam a ghiniúint, nó nach bhfuil brabúsach fós, nó nach bhfuil in ann fós go leor infheistíochta a mhealladh chun plean gnó a dtionscadal a chur i bhfeidhm go hiomlán. Measfar go mbeidh na heintitis incháilithe sin neamhiontaofa, mar go bhféadfadh sé go raibh nó go mbeadh cuid dá riachtanais infheistíochta comhlíonta ag infheisteoir amháin nó níos mó amhail banc poiblí nó príobháideach, riarthóir teaghlaigh, ciste caipitil fiontair, aingeal gnó, etc. Ar an gcaoi seo, chun teacht ó aon chliseadh sa mhargadh, tabharfaidh Luasaire EIC maoiniú d’eintitis a bhfuil cuma mhaith orthu ach nach bhfuil siad iontaofa ó thaobh brabúis fós, agus atá freagrach as tionscadail cheannródaíochta nuálaíochta a chruthaíonn margadh. Nuair a bheidh na tionscadail sin iontaofa ó thaobh brabúis, féadfaidh siad, ag tréimhse níos déanaí ina bhforbraíocht, a bheith maoinithe faoi InvestEU.

(23)  Ba cheart é a bheith d’aidhm ag EIT, go háirithe trí na Pobail Eolais agus Nuálaíochta (PENanna) agus Scéim Nuálaíochta Réigiúnach EIT atá aige, éiceachórais nuálaíochta a neartú d’fhonn acmhainneacht nuálaíochta an Aontais a fhorbairt, a théann i ngleic le dúshláin dhomhanda trí chomhtháthú gnó, taighde, ardoideachais agus fiontraíochta a chothú. I gcomhréir lena ghníomh bunaithe, le Rialacháin EIT(7)agus le Clár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht EIT(8), ba cheart do EIT nuálaíocht a chothú sna gníomhaíochtaí a dhéanann sé agus tacú le comhtháthú an ardoideachais laistigh den éiceachóras nuálaíochta, go háirithe trí na nithe seo a leanas a dhéanamh: spreagadh a thabhairt don oideachas fiontraíoch, comhar neamhdhisciplíneach láidir a chothú idir an earnáil tionsclaíochta agus lucht léinn; agus scileanna ionchasacha a shainaithint le haghaidh nuálaithe amach anseo chun dul i ngleic le dúshláin dhomhanda, ardscileanna digiteacha agus nuálaíochta san áireamh. Ba cheart do na scéimeanna tacaíochta a chuireann EIT ar fáil dul chun tairbhe tairbhithe EIC, agus ba cheart rochtain mhear a bheith ag na cuideachtaí nuathionscanta a thagann amach as PENanna EIT ar ghníomhuithe EIC freisin. Cé gur cheart go bhfágfadh an fócas a dhíríonn EIT ar éiceachórais nuálaíochta go mbeadh sé ag teacht go nádúrtha leis an gcolún ‘Eoraip Nuálach’, ba cheart dó tacaíocht a thabhairt freisin do na colúin eile ar fad, de réir mar is iomchuí, agus ba cheart ailíniú a dhéanamh ar phleanáil na PENanna atá aige tríd an bpróiseas pleanála straitéisí leis an gcolún ‘Dúshláin Dhomhanda agus Iomaíochas Tionsclaíoch Eorpach’. Ba cheart dúbláil idir PENanna agus ionstraimí eile sa réimse céanna, go háirithe Comhpháirtíochtaí eile, a sheachaint.

(24)  Ba cheart go mbeadh machaire chomhréidh a áirithiú agus a chaomhnú le haghaidh cuideachtaí a bhíonn san iomaíocht i margadh ar leith ina phríomhcheanglas le haghaidh nuálaíocht cheannródaíoch nó shuaiteach, rud a fhágfaidh go mbeidh nuálaithe beaga agus meánmhéide, go háirithe, in ann leas a bhaint as na tairbhí ar a n-infheistíochtaí agus sciar den mhargadh a ghabháil chucu féin. Ar an gcaoi chéanna, féadfaidh méid áirithe oscailteachta maidir le scála nuálaíochta gníomhaíochtaí cistithe - a thugann aghaidh ar líonra mór tairbhithe - a bheith ina chuidiú mór maidir le forbairt acmhainne FBManna, mar go dtabharfaidh sé dóibh a bhfuil ag teastáil uathu chun infheistíochtaí a mhealladh agus a bheith rathúil.

(25)  Ba cheart, trí bhíthin an Chláir, comhar le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, agus tionscnaimh atá bunaithe ar leas an Aontais agus ar thairbhí frithpháirteacha agus ar thiomantais dhomhanda a chur chun cinn agus a chomhtháthú chun SDGnna na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag an gcomhar idirnáisiúnta barr feabhais sa taighde agus nuálaíochta ▌, mealltacht agus iomaíochas tionsclaíoch agus eacnamaíoch an Aontais a neartú chun dul i ngleic le dúshláin dhomhanda, mar a leagtar amach i SDGnna na Náisiún Aontaithe, agus chun tacú le beartais sheachtracha an Aontais. Ba cheart cur chuige d’oscailteacht ghinearálta i dtaca le barr feabhais i rannpháirtíocht idirnáisiúnta agus gníomhaíochtaí spriocdhírithe comhair idirnáisiúnta a leanúint, ▌agus is gá critéir incháilitheachta iomchuí, a dhéanann leibhéil éagsúla de chumais T&N a bhreithniú, le haghaidh cistiú eintiteas atá bunaithe i dtíortha ísealioncaim go meánleibhéal ioncaim a chur i bhfeidhm. Ag an am céanna, ba cheart comhlachas tríú tíortha sa Chlár a chur chun cinn, áit a mbeidh cómhalartacht ann agus a ndéanfar leasanna an Aontais a chosaint agus ina gcuirfear rannpháirtíocht mhéadaithe na mBallstát ar fad sa chlár chun cinn.

(26)  D’fhonn an caidreamh idir an eolaíocht agus an tsochaí a láidriú agus an leas is mó is féidir a bhaint as an idirghníomhaíocht eatarthu, ba cheart, faoin gClár, ról agus rannpháirtíocht a bheith ag saoránaigh agus ag eagraíochtaí den tsochaí shibhialta maidir le cláir oibre don taighde agus nuálaíocht fhreagrach (RRI) agus inneachar an taighde agus na nuálaíochta freagraí sin, a chomhdhearadh agus a chomhchruthú a théann i ngleic le hábhair imní, le riachtanais agus le hionchais na saoránach agus na sochaí sibhialta, trí eolas eolaíochta a chur ar fáil go poiblí, agus trí rannpháirtíocht na saoránach agus eagraíochtaí den tsochaí shibhialta i ngníomhaíochtaí an Chláir a éascú. Ba cheart faireachán a dhéanamh ar na bearta arna nglacadh chun bainteacht na saoránach agus na sochaí sibhialta a fheabhsú.

(26a)  Faoi Fís Eorpach, ba cheart tacaíocht a thabhairt do nuatheicneolaíochtaí a chuidíonn le baic a shárú, ar baic iad a chuireann cosc ar rochtain agus ar pháirteachas iomlán daoine atá faoi mhíchumas agus a chuireann srian, dá réir sin, le forbairt sochaí atá fíorchuimsitheach.

(27)  De bhun Airteagal 349 CFAE, tá na réigiúin is forimeallaí den Aontas i dteideal bearta sonracha (a staid shóisialta, eacnamaíoch agus struchtúrach á cur san áireamh) i ndáil le rochtain ar chláir chothrománacha de chuid an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, saintréithe sonracha na réigiún sin a chur san áireamh i gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún ‘A stronger and renewed strategic partnership with the EU's outermost regions [Comhpháirtíocht straitéiseach neartaithe athnuaite leis na réigiúin is forimeallaí san Aontas]’ (COM(2017)0623) a d’fhormhuinigh an Chomhairle an 12 Aibreán 2018 agus, nuair is féidir, a bpáirteachas sa Chlár a chur chun cinn.

(28)  Ba cheart é a bheith d’aidhm ag na gníomhaíochtaí arna bhforbairt faoin gClár deireadh a chur le neamhionannas inscne, laofacht inscne a sheachaint, an ghné inscne a chomhtháthú go leormhaith in inneachar na taighde agus na nuálaíochta, ag díriú ar chothromaíocht oibre agus saoil a fheabhsú, comhionannas idir mná agus fir a chur chun cinn, ina measc prionsabail a bhaineann le pá comhionann amhail dá dtagraítear in Airteagal 141(3) CFAE agus i dTreoir 2006/54/CE maidir le cur chun feidhme phrionsabal na gcomhdheiseanna agus na córa comhionainne le fir agus le mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí bheatha, chomh maith lena chinntiú go mbíonn rochtain ag taighdeoirí atá faoi mhíchumas ar thaighde agus ar nuálaíocht. ▌

(29)  I bhfianaise sainiúlachtaí earnáil thionscal na cosanta, ba cheart na forálacha mionsonraithe don chistiú ón Aontas le tionscadail thaighde chosanta a shocrú i Rialachán … lena mbunaítear an Ciste Eorpach Cosanta (9) ina sainínítear na rialacha rannpháirtíochta don taighde i réimse na cosanta. Cé go bhféadfaí sineirgí idir Fís Eorpach agus an Ciste Eorpach Cosanta a spreagadh agus dúbláil á seachaint san am céanna, ba cheart trí ghníomhaíochtaí faoi Fís Eorpach béim a leagan go heisiach ar fheidhmeanna sibhialtacha.

(30)  Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais don Chlár. Is é an méid atá luaite don chlár sonrach dá dtagraítear in Airteagal 1(3)(a) ná an príomh-mhéid tagartha, de réir bhrí [tagairt le nuashonrú de réir mar is iomchuí de réir an chomhaontaithe nua idirinstitiúideach: pointe 17 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais(10)], do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(31)  Tá feidhm ag Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (an ‘Rialachán Airgeadais’)(11) maidir leis an gClár seo, mura sonraítear a mhalairt. Leagann sé síos rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear na rialacha maidir le deontais, duaiseanna, soláthar, cur chun feidhme indíreach, cúnamh airgeadais, ionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha.

(31a)  Ba cheart simpliú riaracháin, go háirithe laghdú ar an ualach riaracháin agus ar an moill do thairbhithe a shaothrú go leanúnach tríd an gclár ar fad. Ba cheart don Choimisiún a uirlisí agus a threoir a shimpliú ar bhealach go gcuireann siad ualach íosta ar thairbhithe. Go sonrach, ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh ar leagan giorraithe den treoir a eisiúint.

(31b)  D’fhonn a áirithiú go bhfanfaidh an Eoraip ar thús cadhnaíochta maidir le taighde agus nuálaíocht dhomhanda sa réimse digiteach agus an riachtanas atá ann cur le hinfheistíochtaí chun tairbhe a bhaint as na deiseanna sa teicneolaíocht dhigiteach atá ag méadú a chur san áireamh, ba cheart buiséad leordhóthanach a leithdháileadh ar thosaíochtaí digiteacha lárnacha.

(32)  I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(12), Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2988/95 ón gComhairle(13), Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle(14) agus Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle(15), déanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha, lena n-áirítear trí neamhrialtachtaí, calaois san áireamh, a chosc, a bhrath, a cheartú agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, smachtbhannaí riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, féadfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (EPPO) calaois agus cionta coiriúla eile lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú, de réir mar a fhoráiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(16). I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ní mór d’aon duine nó d'aon eintiteas a fhaigheann cistí ón Aontas comhoibriú go hiomlán le cosaint leasanna airgeadais an Aontais agus na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, do EPPO agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE), agus ní mór dó a áirithiú go ndéanfaidh aon tríú páirtí a bheidh rannpháirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha a dheonú.

(33)  De bhun [tagairt le nuashonrú de réir cinneadh nua maidir le tíortha agus críocha thar lear: Airteagal 94 de Chinneadh 2013/755/AE ón gComhairle(17)], tá daoine agus eintitis atá lonnaithe i dtíortha agus críocha thar lear (OCTanna) incháilithe chun cistiú a fháil faoi réir rialacha agus chuspóirí an Chláir agus faoi réir aon socrú féideartha is infheidhme maidir leis an mBallstát lena mbaineann an tír nó an chríoch ábhartha thar lear. Ba cheart aird chuí a thabhairt leis an gClár seo ar ghnéithe sonracha na gcríoch sin chun a rannpháirtíocht éifeachtach a áirithiú agus chun tacú le comhar agus le sineirgí, go háirithe sna réigiúin is forimeallaí chomh maith le tríú tíortha ina gcomharsanacht.

(34)  De bhun mhír 22 agus mhír 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, is gá meastóireacht a dhéanamh ar an gClár seo ar bhonn faisnéis arna bailiú trí cheanglais faireacháin shonracha, agus ró-rialáil agus ualach riaracháin, ar na Ballstáit agus ar thairbhithe faoin gClár, go háirithe, á seachaint san am céanna. Ar na ceanglais sin is féidir a áireamh, i gcás inarb iomchuí, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí an Rialacháin ar an láthair.

(35)  Chun a bheith in ann táscairí na gconairí tionchair a fhorlíonadh nó a leasú, i gcás ina meastar gur gá, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(36)  Le comhleanúnachas agus sineirgíochtaí idir Fís Eorpach agus Clár Spáis an Aontais Eorpaigh, déanfar earnáil spáis Eorpach a chothú a bheidh nuálach agus iomaíoch ar an leibhéal domhanda; neamhspleáchas na hEorpa a atreisiú maidir le rochtain ar an spás agus leas a bhaint as an spás i dtimpeallacht shlán agus shábháilte; agus ról na hEorpa mar ghníomhaí domhanda a neartú. Tacóidh sonraí agus seirbhísí a chuirfear ar fáil leis an gClár Spáis le réitigh cheannródaíocha a chur i gcrích in Fís Eorpach.

(36a)  Ba cheart a chur san áireamh sa chlár oibre toradh na dtionscadal sonrach a cuireadh i gcrích roimh ré agus staid na heolaíochta, na teicneolaíochta agus na nuálaíochta ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta agus ba cheart a chur san áireamh staid na bhforbairtí ábhartha i réimse an bheartais, an mhargaidh agus na sochaí sula gcisteofar gníomhaíocht ar leith.

(37)  Leis na rialacha don rannpháirtíocht agus leathadh, ba cheart léiriú leordhóthanach a thabhairt ar riachtanais an Chláir, agus na hábhair imní agus moltaí arna ndéanamh ag na páirtithe leasmhara éagsúla á gcur san áireamh.

(38)  Le comhrialacha agus comhcheanglais ar fud an Chláir, ba cheart uirlisí cur chun feidhme simplithe agus coiteanna a áirithiú, lena n-áirítear na huirlisí sin chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar chreat comhleanúnach lena n-éascaítear rannpháirtíocht i gcláir a fhaigheann tacaíocht airgeadais ó bhuiséad an Chláir, lena n-áirítear rannpháirtíocht i gcláir a bhíonn á mbainistiú ag comhlachtaí cistiúcháin amhail EIT, comhghnóthais nó aon struchtúr eile faoi Airteagal 187 CFAE, agus rannpháirtíocht i gcláir arna déanamh ag na Ballstáit de bhun Airteagal 185 CFAE. Ba cheart a bheith in ann rialacha sonracha a ghlacadh ach ní mór eisceachtaí a theorannú do na cásanna sin a bhfuil fíorghá leo agus a bhfuil bonn cirt leo mar is iomchuí.

(39)  Le gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme an Chláir seo ba cheart na cearta bunúsacha a urramú agus cloí leis na prionsabail atá luaite i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh go háirithe. Ba cheart gníomhaíocht den sórt sin a bheith i gcomhréir le gach oibleagáid dhlíthiúil, lena n-áirítear an dlí idirnáisiúnta agus le gach cinneadh ábhartha ón gCoimisiún, amhail fógra an 28 Meitheamh 2013(18), agus le prionsabail eiticiúla, lena n-áirítear aon sárú ar shláine taighde a sheachaint. Ba cheart tuairimí ón nGrúpa Eorpach um Eitic san Eolaíocht agus sna Nuatheicneolaíochtaí, ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha agus ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí a chur san áireamh. Ba cheart Airteagal 13 CFAE a chur san áireamh freisin i ngníomhaíochtaí taighde agus ba cheart úsáid ainmhithe sa taighde agus sa tástáil a laghdú d'fhonn deireadh a chur le húsáid ainmhithe faoi dheoidh.

(40)  I gcomhréir le cuspóirí an chomhair idirnáisiúnta a leagtar amach in Airteagal 180 agus Airteagal 186 CFAE, ba cheart rannpháirtíocht eintiteas dlítheanach atá bunaithe i dtríú tíortha agus rannpháirtíocht eagraíochtaí idirnáisiúnta a chur chun cinn ar mhaithe le leasanna eolaíocha, sochaíocha, eacnamaíocha agus teicneolaíocha an Aontais. Ba cheart cur chun feidhme na Rialacha a bheith i gcomhréir leis na bearta arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 75 agus le hAirteagal 215 CFAE agus i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta. I gcás gníomhaíochtaí a bhaineann le sócmhainní straitéiseacha, leasanna, uathriail nó slándáil an Aontais, féadfar rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí sonracha an Chláir a bheith teoranta d'eintitis atá bunaithe sna Ballstáit amháin, nó d’eintitis atá bunaithe i dtíortha comhlachaithe áirithe nó i dtríú tíortha eile maille leis na Ballstáit.

(41)  Agus aitheantas á thabhairt don athrú aeráide mar cheann de na dúshláin is mó roimh an domhan agus roimh an tsochaí agus mar léiriú ar a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanais an Aontais maidir le Comhaontú Pháras agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme, leis an gClár sin, rannchuideofar leis na gníomhaíochtaí ar son na haeráide a phríomhshruthú agus an sprioc fhoriomlán go gcaithfear ar a laghad 25 % de chaiteachais bhuiséadacha an Aontais mar thacaíocht do chuspóirí aeráide a bhaint amach le linn thréimhse 2021-2027 CAI, agus sprioc bhliantúil de 30 % a bhaint amach a luaithe is féidir agus ar a dhéanaí faoi 2027. Déanfar príomhshruthú aeráide a chomhtháthú ar bhealach leormhaith san inneachar taighde agus nuálaíochta agus cuirfear an méid sin i bhfeidhm ag gach céim den timthriall taighde.

(41a)  I gcomhthéacs na conaire tionchair a bhaineann leis an aeráid, tuairisceoidh an Coimisiún ar aschuir, ar nuálaíochtaí agus ar éifeachtaí comhiomlánaithe measta ar thionscadail a bhaineann leis an aeráid, lena n-áirítear iad a thuairisciú de réir cuid den Chlár agus de réir an mhodha cur chun feidhme. San anailís sin, ba cheart don Choimisiún costais agus sochair fhadtéarmacha do saoránaigh an Aontais a chur san áireamh a bhaineann leis an ngeilleagar, leis an tsochaí agus leis an gcomhshaol, ar costais agus sochair iad atá mar thoradh ar ghníomhaíochtaí an Chláir, lena n-áirítear leas a bhaint as réitigh nuálacha maidir le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú dó, tionchair mheasta ar phoist agus ar chruthú cuideachtaí, fás eacnamaíoch agus iomaíochas, fuinneamh glan, sláinte agus folláine (cáilíocht an aeir, na hithreach agus an uisce san áireamh). Ba cheart na torthaí ón anailís tionchair sin a chur ar fáil don phobal, torthaí a dhéanfar a mheasúnú i gcomhthéacs spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais agus ba cheart an t-aiseolas a úsáid sa phróiseas pleanála straitéisí ina dhiaidh sin agus sna cláir oibre a bheidh ann amach anseo.

(42)  Tá feidhm maidir leis an Rialachán seo ag na rialacha airgeadais cothrománacha arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Leagtar síos na rialacha sin sa Rialachán Airgeadais agus cinntear leo, go háirithe, an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme le deontais, soláthar, duaiseanna, agus cur chun feidhme indíreach, agus forálann siad do sheiceálacha ar fhreagracht na ngníomhaithe airgeadais. Na rialacha a ghlactar ar bhonn Airteagal 322 CFAE, baineann siad freisin le cosaint bhuiséad an Aontais i gcás easnaimh ghinearálaithe maidir le smacht reachta sna Ballstáit, ós rud é gur réamhchoinníoll riachtanach é urramú an smachta reachta i dtaca le bainistiú fónta airgeadais agus maoiniú éifeachtach de chuid an Aontais Eorpaigh.

(43)  D’fhéadfadh tionchar díobhálach a bheith ag úsáid faisnéise cúlra íogaire nó rochtain ag daoine neamhúdaraithe ar thorthaí íogaire agus ar shonraí taighde ar leasanna an Aontais nó leas Ballstáit amháin nó níos mó. Dá bhrí sin ba cheart láimhseáil sonraí rúnda agus faisnéis rúnaicmithe a rialú le dlíthe ábhartha uile an Aontais, lena n-áirítear rialacha inmheánacha na nInstitiúidí, amhail Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún(19), ina leagtar síos na forálacha maidir le rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh a chosaint.

(45)  Is téarmaí agus coinníollacha a bhunú maidir le cistiú ón Aontas a sholáthar do rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí faoin gClár. Is deontais a bheidh ar an bpríomhchineál maoinithe laistigh den Chlár. Na cineálacha maoinithe, is ar bhonn a fhónta atá siad ó thaobh cuspóirí sainiúla na ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus torthaí a bhaint amach ba cheart iad a roghnú, agus aird á tabhairt go háirithe ar chostais rialuithe, ar an ualach riaracháin, agus ar na rioscaí a mheastar a bheith ann mar gheall ar neamh-chomhlíonadh. Maidir le deontais, ba cheart a áireamh orthu breithniú ar úsáid cnapshuimeanna, rátaí comhréidhe nó scálaí costas aonaid mar a leagtar amach sa Rialachán Airgeadais ▌ d’fhonn leanúint de thuilleadh simpliúcháin. Sula bhféadfaí aon chóras nua aisíocaíochta costas a mheas mar chóras fíorshimplí do na tairbhithe, ba cheart meastóireacht chuimsitheach dhearfach a dhéanamh air roimh ré.

(47)  I gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(an Rialachán Airgeadais’)(20), ba cheart, trí bhíthin an Chláir, bonn a sholáthar le haghaidh glacadh níos forleithne le gnáthchleachtais cuntasaíochta costála na dtairbhithe i ndáil le costais phearsanra agus costais aonaid le haghaidh earraí agus seirbhísí arna sonrascadh go hinmheánach (lena n-áirítear na costais sin le haghaidh bonneagair mhóra thaighde mar a thuigtear iad faoi Fhís 2020). Úsáid costas aonaid le haghaidh earraí agus seirbhísí arna sonrascadh go hinmheánach agus arna ríomh i gcomhréir le gnáthchleachtais cuntasaíochta costála na dtairbhithe ina mbeidh costais dhíreacha agus costais indíreacha iarbhír, ba cheart é sin a bheith ina rogha a d’fhéadfadh na tairbhithe uile a dhéanamh. I ndáil leis sin, ba cheart an deis a bheith ag tairbhithe costais indíreacha iarbhír arna ríomh ar bhonn scálaí ranníocaíochtaí a chur san áireamh sna costais aonaid sin le haghaidh earraí agus seirbhísí arna sonrascadh go hinmheánach.

(48)  Ba cheart simpliú breise a dhéanamh ar an gcóras reatha d’aisíocaíocht na gcostas pearsanra iarbhír, ag tógáil ar an gcur chuige um luach saothair bunaithe ar thionscadail a forbraíodh faoi Fhís 2020 agus é a ailíniú tuilleadh leis an Rialachán Airgeadais, a bhfuil d’aidhm aige an bhearna luach saothair idir taighdeoirí AE atá páirteach sa Chlár a laghdú.

(49)  Tá sé léirithe gur sásra tábhachtach coimirce atá sa Chiste um Ráthaíocht Rannpháirtithe a bunaíodh faoi Fhís 2020 agus a ndéanann an Coimisiún bainistiú air, agus maolaítear leis ann gCiste sin na rioscaí a bhaineann leis na méideanna atá dlite agus nár aisíoc rannpháirtithe mainneachtana. Dá bhrí sin, ba cheart leanúint ar aghaidh leis an gCiste um Ráthaíocht Tairbhithe, a athainmníodh mar an Sásra Árachais Fhrithpháirtigh (“an Sásra”), agus é a mhéadú sa chaoi go gcuimseoidh sé comhlachtaí cistiúcháin eile, go háirithe tionscnaimh de bhun Airteagal 185 CFAE. Ba cheart an Sásra a oscailt do thairbhithe ó aon chlár eile an Aontais arna bhainistiú go díreach nó go hindíreach.

(50)   Ba cheart rialacha maidir le saothrú agus leathadh torthaí a leagan síos chun a áirithiú go ndéanann na rannpháirtithe na torthaí sin a chosaint, a shaothrú agus a leathadh de réir mar is iomchuí. Ba cheart níos mó béime a chur ar shaothrú torthaí agus ba cheart don Choimisiún na deiseanna sin do thairbhithe a shainaithint agus cuidiú leis an leas is mó is féidir a bhaint astu le go bhféadfaidh na tairbhithe torthaí a shaothrú, go háirithe san Aontas. Maidir le torthaí a shaothrú, ba cheart iad a mheas i gcomhthéacs phrionsabail an chláir seo, lena n-áirítear an nuálaíocht a chur chun cinn san Aontas agus an Limistéar Eorpach Taighde a neartú.

(51)  Ba cheart na príomheilimintí den chóras meastóireachta agus roghnúcháin tograí ón gclár a bhí ann roimhe, Fís 2020 a leag béim ar leith ar an mbarr feabhais, ‘an tionchar’ agus ‘cáilíocht agus éifeachtúlacht’ na gcritéar i leith cur chun feidhme a choinneáil. Ba cheart leanúint de thograí a roghnú bunaithe ar an meastóireacht a rinne saineolaithe neamhspleácha as a oiread Ballstát is féidir. Ba cheart don Choimisiún meastóireacht neamhspleách a eagrú nuair is iomchuí agus anailís a dhéanamh ar a thorthaí chun claonadh roghnúcháin a sheachaint. I gcás inarb ábhartha, ba cheart go gcuirfeadh saineolaithe neamhspleácha san áireamh an gá atá le comhleanúnachas foriomlán na punainne tionscadal.

(52)  Ba cheart tras-iontaoibh chórasach ar iniúchtaí agus measúnuithe – ▌ atá ag cláir eile de chuid an Aontais – a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 127 den Rialachán Airgeadais do gach cuid den Chlár, chun an t-ualach riaracháin ar thairbhithe chistí an Aontais a laghdú. Ba cheart foráil a dhéanamh go sainráite maidir le tras-iontaoibh trí ghnéithe eile den phróiseas um dearbhú a mheas, amhail iniúchtaí ar chórais agus ar phróisis.

(53)  Ba cheart dul i ngleic le dúshláin shonracha i réimsí an taighde agus na nuálaíochta le duaiseanna, lena n-áirítear trí dhuaiseanna coiteanna nó comhdhuaiseanna i gcás inarb iomchuí, arna n-eagrú ag an gCoimisiún nó ag an gcomhlacht cistiúcháin i gcomhar le comhlachtaí eile de chuid an Aontais, tríú tíortha, eagraíochtaí idirnáisiúnta nó eintitis dhlítheanacha neamhbhrabúsacha. Go háirithe, ba cheart duaiseanna a dhámhachtain ar thionscadail lena mealltar eolaithe chuig tíortha a thagann faoin bhfairsingiú agus duaiseanna a dhámhachtain ar thionscadail rathúla chomh maith chun a n-infheictheacht a mhéadú agus deis a thabhairt gníomhaíochtaí arna maoiniú ag an Aontas a chur chun cinn.

(54)  ▌ Na cineálacha maoiniúcháin agus na modhanna cur chun feidhme a úsáidfear faoin Rialachán seo, is ar bhonn a fhónta atá siad ó thaobh cuspóirí sonracha na ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus torthaí a thabhairt a roghnófar iad, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar chostais rialuithe, ar an ualach riaracháin, agus ar na rioscaí a mheastar a bheith ann mar gheall ar neamh-chomhlíonadh. Ba cheart go mbeadh ar áireamh seo go ndéantar úsáid cnapshuimeanna, rátaí comhréidhe agus scálaí costas aonaid a bhreithniú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

1.  Leis an Rialachán seo, bunaítear Fís Eorpach - An Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (‘an Clár’) mar aon leis na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus leathadh i ngníomhaíochtaí indíreacha faoin gClár agus déantar an creat lena rialaítear tacaíocht ón Aontas le haghaidh gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a chinneadh.

2.  Leagann sé síos cuspóirí an Chláir, an buiséad don tréimhse 2021 – 2027, na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.

3.  Cuirfear an Clár chun feidhme trí na nithe seo a leanas:

(a)  an clár sonrach arna bhunú le Cinneadh .../.../AE(21);

(aa)  ranníocaíocht airgeadais le EIT arna bunú le Rialachán (CE) Uimh. 294/2008;

(b)  an clár sonrach maidir le taighde cosanta arna bhunú le Rialachán .../.../AE Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ciste Eorpach Cosanta.

4.  Leis na téarmaí ‘Fís Eorpach’, ‘an Clár’ agus ‘clár sonrach’ a úsáidtear sa Rialachán seo, is le nithe atá ábhartha don chlár sonrach a bhfuil tuairisc air i mír 3(a) atáthar ag tagairt, agus dó sin amháin, , mura luaitear a mhalairt go sonrach.

Cuirfidh EIT an Clár chun feidhme i gcomhréir lena cuspóirí straitéiseacha don tréimhse 2021-2027, mar a leagtar síos sa Chlár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht atá ag an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht, agus aird á tabhairt ar an bpleanáil straitéiseach.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)  ciallaíonn “bonneagair thaighde” saoráidí lena soláthraítear acmhainní agus seirbhísí do na pobail taighde chun taighde a dhéanamh agus nuálaíocht a chothú ina réimsí féin. Áirítear ar an sainmhíniú na hacmhainní daonna a ghabhann leis, agus cumhdaítear leis mórthrealamh nó tacair ionstraimí; saoráidí a bhfuil baint acu le heolas amhail bailiúcháin, cartlanna nó bonneagair sonraí eolaíocha; córais ríomhaireachta, líonraí cumarsáide agus aon bhonneagar eile ar de chineál uathúil é agus é oscailte d’úsáideoirí seachtracha, atá ríthábhachtach chun barr feabhais a ghnóthú sa taighde agus sa nuálaíocht. I gcás inarb ábhartha, féadfar iad a úsáid i réimsí eile seachas an taighde, mar shampla chun críche oideachais nó seirbhísí poiblí agus féadfar iad a bheith ‘suite ar shuíomh amháin’, ‘fíorúil’ nó ‘dáilte’;

(2)  tá le 'straitéis um speisialtóireacht chliste' an bhrí chéanna agus atá le straitéis um speisialtóireacht chliste mar a shainmhínítear í i Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(22) lena gcomhlíontar na coinníollacha cumasúcháin arna leagan amach i Rialachán (AE) XX [Rialachán na bhForálacha Coiteanna];

(3)  ciallaíonn “Comhpháirtíocht Eorpach” tionscnamh, a raibh Ballstáit agus/nó Tíortha Comhlachaithe páirteach go luath ina ullmhúchán, lena dtugann an tAontas gealltanas, i gcomhar le comhpháirtithe príobháideacha agus/nó poiblí (amhail tionscal, ollscoileanna, eagraíochtaí taighde, comhlachtaí a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta nó idirnáisiúnta nó eagraíochtaí na sochaí sibhialta lena n-áirítear forais agus eagraíochtaí neamhrialtasacha), chun tacaíocht a thabhairt go comhpháirteach le clár gníomhaíochta taighde agus nuálaíochta a fhorbairt agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a bhfuil baint acu leis an nglacadh atá ag an margadh leo, le glacadh rialála nó le glacadh beartais;

(4)  ciallaíonn “rochtain oscailte” an cleachtas a bhaineann le rochtain ar líne a chur ar fáil d’aschuir thaighde ag eascairt as gníomhaíochtaí a mhaoinítear faoin gClár, ▌saor ó tháille don úsáideoir deiridh, i gcomhréir le hAirteagail 10 agus 35(3) den Rialachán seo;

(4a)   ciallaíonn “eolaíocht oscailte” cur chuige a bhaineann leis an bpróiseas eolaíoch atá bunaithe ar obair, uirlisí agus scaipeadh eolais ar bhonn oscailte agus chomhoibríoch, lena n-áirítear eilimintí Airteagal 10.

(5)  ciallaíonn “misean” punann de ghníomhaíochtaí T&N barrfheabhas-bhunaithe agus tionchar-bhunaithe ar fud disciplíní agus earnálacha, arb é is aidhm leo:

–  sprioc intomhaiste a ghnóthú ▌, laistigh d'achar ama socraithe nach bhféadfaí a ghnóthú trí ghníomhaíochtaí aonair amháin,

–  tionchar a imirt ar an tsochaí agus ar cheapadh beartas trí bhíthin na heolaíochta agus na teicneolaíochta, agus

–  a bheith ábhartha do chuid shuntasach de phobal na hEorpa agus do réimse leathan saoránach Eorpach;

(6)  ciallaíonn “soláthar réamhthráchtála” soláthar seirbhísí taighde agus forbartha a bhfuil baint acu le comhroinnt riosca/sochair faoi dhálaí margaidh, agus forbairt iomaíoch i gcéimeanna, ina bhfuil dealú soiléir idir na seirbhísí taighde agus forbartha a sholáthraítear ó úsáid cainníochtaí tráchtála de na táirgí deiridh;

(7)  ciallaíonn “soláthar poiblí réiteach nuálaíoch” soláthar i gcás ina bhfeidhmíonn údaráis chonarthacha mar chustaiméir chéadtrialach le haghaidh earraí nó seirbhísí nuálaíocha nach bhfuil ar fáil fós ar bhonn tráchtála ar mhórscála, agus féadfar tástáil chomhlíontachta a áireamh leis sin;

(8)  ciallaíonn “cearta rochtana” cearta chun torthaí nó réamheolas a úsáid faoi na téarmaí agus na coinníollacha a leagtar síos i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(9)  ciallaíonn “réamheolas” sonraí, saineolas nó faisnéis ar bith, is cuma cad é a bhfoirm nó cineál, bídís inláimhsithe nó doláimhsithe, lena n-áirítear aon cheart amhail cearta maoine intleachtúla, eadhon: (i) cearta atá i seilbh tairbhithe roimh a n-aontachas leis an ngníomhaíocht; agus (ii) cearta arna sainaithint ag na tairbhithe i gcomhaontú i scríbhinn de réir mar is gá chun an ghníomhaíocht a chur chun feidhme nó chun a cuid torthaí a shaothrú;

(10)  ciallaíonn “scaipeadh” nochtadh poiblí na dtorthaí trí mheán iomchuí (seachas nochtadh mar thoradh ar na torthaí a chosaint nó a shaothrú), lena n-áirítear trí na torthaí a fhoilsiú i bhfoilseacháin eolaíocha i meán ar bith;

(11)  ciallaíonn “saothrú” torthaí a úsáid i ngníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta breise seachas iad sin a chumhdaítear faoin ngníomhaíocht lena mbaineann, lena n-áirítear inter alia, saothrú tráchtála amhail táirge nó próiseas a fhorbairt, a chruthú, a mhonarú agus a mhargú, ▌chun seirbhís a chruthú agus a sholáthar, nó i ngníomhaíochtaí i ndáil le caighdeánú;

(12)  ciallaíonn “coinníollacha cothroma agus réasúnacha” coinníollacha iomchuí, lena n-áirítear téarmaí airgeadais nó coinníollacha saor ó ríchíosanna, agus aird á tabhairt ar imthosca sonracha na hiarrata ar rochtain, mar shampla luach iarbhír nó féideartha na dtorthaí nó an réamheolais a bhfuil rochtain á lorg ina leith agus/nó raon feidhme, ré nó saintréithe eile an tsaothraithe atá beartaithe;

(13)  ciallaíonn “comhlacht cistiúcháin” comhlacht nó eagraíocht, seachas an Coimisiún, amhail dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais, a ndéanann an Coimisiún cúraimí maidir leis an mbuiséad a chur chun feidhme faoin gClár a chur ar a n-iontaoibh;

(14)  ciallaíonn “eagraíocht idirnáisiúnta um thaighde Eorpach” eagraíocht idirnáisiúnta, ar Ballstáit nó tíortha comhlachaithe tromlach a gcomhaltaí, agus arb é is príomhchuspóir léi an comhar eolaíoch agus teicneolaíoch a chur chun cinn san Eoraip;

(15)  ciallaíonn “eintiteas dlítheanach” aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bunaíodh mar eintiteas dlítheanach agus a aithnítear mar eintiteas dlítheanach faoin dlí náisiúnta, faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí idirnáisiúnta, a bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aige agus a fhéadfaidh, ag gníomhú dó ina ainm féin, cearta a fheidhmiú agus a bheith faoi réir oibleagáidí, nó eintiteas nach bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aige i gcomhréir le hAirteagal 197(2)(c) den Rialachán Airgeadais;

(15a)  ciallaíonn “tíortha a thagann faoin bhfairsingiú”/“na tíortha ar íseal a bhfeidhmíocht maidir le T&N” tíortha inar gá eintitis a bheith bunaithe iontu chun go mbeidh siad incháilithe mar chomhordaitheoirí faoin tsraith den chlár a bhaineann le ‘rannpháirtíocht a fhairsingiú agus barr feabhais a leathnú’ den chuid ‘Limistéar Taighde Eorpach a Neartú agus Rannpháirtíocht a Fhairsingiú’ de Fís Eorpach. As measc Ballstáit AE, is iad na tíortha sin ná an Bhulgáir, an Chróit, an Chipir, Poblacht na Seice, an Eastóin, an Ghréig, an Ungáir, an Laitvia, an Liotuáin, Málta, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóvaic agus an tSlóivéin, le haghaidh ré iomlán an Chláir. Maidir leis na tíortha comhlachaithe, déanfar liosta de na tíortha incháilithe a shainiú bunaithe ar tháscaire agus foilseofar an liosta sa Chlár Oibre. Ar bhonn Airteagal 349 CFAE, beidh eintitis dhlítheanacha ó na Réigiúin is Forimeallaí lán-incháilithe freisin freisin le bheith ina gcomhordaitheoirí faoin tsraith seo.

(16)  ciallaíonn “eintiteas dlítheanach neamhbhrabúsach” eintiteas dlítheanach atá neamhbhrabúsach de réir na foirme dlíthiúla atá aige nó a bhfuil sé d’oibleagáid dhlithiúil nó reachtach air gan brabús a roinnt ar a gheallsealbhóirí ná ar a chomhaltaí aonair;

(16a)  ciallaíonn “FBM” micrifhiontair agus fiontair bheagmhéide agus mheánmhéide, mar a shainmhínítear i Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún;

(17)  ciallaíonn “cuideachta mheánchaipitlithe bheag” eintiteas nach micrifhiontar, fiontar beag ná fiontar meánmhéide é (‘FBM’) mar a shainmhínítear i Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún lena bhfostaítear suas le 499 bhfostaí ann ▌, i gcás ina ndéantar líon na foirne a ríomh i gcomhréir le hAirteagail 3, 4, 5 agus 6 de Theideal I den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Moladh sin;

(18)  ciallaíonn “torthaí” aon éifeacht inláimhsithe nó doláimhsithe de chuid na gníomhaíochta, amhail sonraí, fios gnó nó faisnéis, is cuma cad é a foirm nó a cineál, cibé acu is féidir í a chosaint nó nach féidir, mar aon le cearta ar bith atá ag gabháil léi, lena n-áirítear cearta maoine intleachtúla;

(18a)  ciallaíonn “aschuir taighde” torthaí a ghintear de bharr na gníomhaíochta, ar féidir rochtain a thabhairt orthu i bhfoirm foilseachán eolaíochta, sonraí nó torthaí agus próiseas monaraithe eile amhail bogearraí, algartaim, prótacail agus leabhair nótaí leictreonacha;

(19)  ciallaíonn “séala barr feabhais” lipéad dearbhaithe a léiríonn go raibh togra a cuireadh isteach le haghaidh glao ar thograí os cionn na tairseacha meastóireachta ar fad a leagtar amach sa chlár oibre, ach nach bhféadfaí é a chistiú de dheasca easpa buiséid a bheith ar fáil don ghlao sin sa chlár oibre, ach a d’fhéadfadh tacaíocht a fháil ó fhoinsí eile cistiúcháin de chuid an Aontais nó ó fhoinsí náisiúnta eile cistiúcháin;

(19a)  ciallaíonn “Plean Straitéiseach T&N” gníomh cur chun feidhme lena leagtar amach straitéis chun inneachar sa chlár oibre a fhíorú agus lena gcumhdaítear tréimhse nach faide ná ceithre bliana, tar éis próiseas comhairliúcháin leathan sainordaithe i gcomhar le geallsealbhóirí éagsúla a chur i gcrích. Sainmhínítear sa Phlean sin, na tosaíochtaí, na cineálacha gníomhaíochtaí agus na cineálacha cur chun feidhme oiriúnacha a bheidh le húsáid.

(20)  ciallaíonn “clár oibre” an doiciméad arna ghlacadh ag an gCoimisiún chun an clár sonrach(23) a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 12 nó leis an doiciméad coibhéiseach ó thaobh inneachair agus struchtúir de arna ghlacadh ag comhlacht cistiúcháin;

(21)  ciallaíonn “airleacan inaisíoctha” cuid de mhaoiniú cumasctha ó Fís Eorpach nó ó EIC a chomhfhreagraíonn d’iasacht faoi Theideal X den Rialachán Airgeadais, ach a dhámhann an tAontas Eorpach go díreach agus ar bhonn neamhbhrabúsach chun costais gníomhaíochtaí a chumhdach a chomhfhreagraíonn do ghníomhaíocht nuálaíochta, agus a aisíocfaidh an tairbhí leis an Aontas Eorpach faoi na coinníollacha dá bhforáiltear sa chonradh;

(22)  ciallaíonn “conradh” an comhaontú arna thabhairt i gcríoch idir an Coimisiún nó comhlacht cistiúcháin le heintiteas dlítheanach lena gcuirtear nuálaíocht agus gníomhaíocht cur in úsáid ar an margadh chun feidhme agus lena dtacaíonn Fís Eorpach nó maoiniú cumasctha EIC leis;

(23)  ciallaíonn “faisnéis rúnaicmithe” faisnéis rúnaicmithe de chuid an Aontais Eorpaigh de réir mar a shainmhínítear in Airteagal 3 den Chinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún chomh maith le faisnéis rúnaicmithe na mBallstát, faisnéis rúnaicmithe tríú tíortha a bhfuil comhaontú slándála ag an Aontas leo agus faisnéis rúnaicmithe eagraíochtaí idirnáisiúnta a bhfuil comhaontú slándála ag an Aontas leo;

(24)  ciallaíonn “oibríocht chumasctha” gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad AE, lena n-áirítear laistigh de shaoráidí cumasctha de bhun Airteagal 2(6) den Rialachán Airgeadais, lena gcomhcheanglaítear foirmeacha neamh-inaisíoctha tacaíochta agus/nó ionstraimí airgeadais ó bhuiséad an Aontais d’fhoirmeacha in-aisíoctha tacaíochta ó institiúidí forbartha nó institiúidí airgeadais poiblí eile, agus chomh maith leis sin, ó institiúidí airgeadais tráchtála agus infheisteoirí;

(25)  ciallaíonn “maoiniú cumasctha faoi Fís Eorpach” tacaíocht airgeadais do chlár chun tacaíocht a sholáthar do ghníomhaíochtaí nuálaíochta agus cur in úsáid ar an margadh, ar comhcheangal sonrach é de dheontas nó d’airleacan inaisíoctha ina bhfuil infheistíocht i gcothromas nó aon fhoirm eile de thacaíocht inaisíoctha;

(25-a)  ciallaíonn “maoiniú cumasctha EIC” tacaíocht airgeadais dhíreach a sholáthraítear faoi EIC chun tacú le gníomhaíocht nuálaíochta agus cur in úsáid ar an margadh, ar comhcheangal sonrach é de dheontas nó d’airleacan inaisíoctha ina bhfuil infheistíocht i gcothromas nó aon fhoirm eile tacaíochta in-aisíoctha;’

(25a)  ciallaíonn “gníomhaíocht taighde agus nuálaíochta” gníomhaíocht arb é is aidhm go príomha léi eolas nua a shuíomh agus/nó indéantacht teicneolaíochta, táirge, próisis, seirbhíse nó réitigh nua nó feabhsaithe a shaothrú. Féadfaidh taighde bunúsach agus feidhmeach, forbairt agus comhtháthú teicneolaíochta, tástáil, taispeáint agus bailíochtú ar fhréamhshamhail ar scála beag i saotharlann nó i dtimpeallacht ionsamhlaithe a bheith i gceist leis sin;

(25b)  ciallaíonn “gníomhaíocht nuálaíochta” gníomhaíocht arb é is aidhm go príomha léi gníomhaíochtaí atá dírithe go díreach ar phleananna agus socruithe nó dearaí a tháirgeadh i gcomhair táirgí, próisis nó seirbhísí atá nua, athraithe nó feabhsaithe, agus a bhféadfadh fréamhshamhlú, tástáil, taispeáint, píolótú, bailíochtú táirgí ar mhórscála agus macasamhlú an mhargaidh a bheith san áireamh leo;

(25c)  ciallaíonn “taighde ceannródaíoch Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Eorpaí um Thaighde (ERC) (lena n-áirítear cruthúnas coincheapa ERC)” gníomhaíochtaí taighde atá faoi cheannas príomhthaighdeora, arna n-óstáil ag tairbhithe aonair nó iolracha;

(25d)  ciallaíonn “gníomhaíocht oiliúna agus soghluaisteachta” gníomhaíocht arb é is aidhm léi scileanna, eolas agus ionchais ghairme taighdeoirí a fheabhsú bunaithe ar shoghluaisteacht idir tíortha agus, más ábhartha, idir earnálacha nó disciplíní;

(25e)  ciallaíonn “gníomhaíocht comhchistiúcháin clár” gníomhaíocht chun comhchistiú ilbhliantúil a chur ar fáil do chlár gníomhaíochtaí arna mbunú agus/nó arna gcur chun feidhme ag eintitis a bhainistíonn agus/nó a chistíonn cláir taighde agus nuálaíochta, cé is moite de chomhlachtaí cistiúcháin an Aontais. Le clár gníomhaíochtaí den sórt sin, féadfar tacú le líonrú agus comhordú, taighde, nuálaíocht, treoirghníomhaíochtaí agus gníomhaíochtaí nuálaíochta agus cur in úsáid ar an margadh, gníomhaíochtaí oiliúna agus soghluaisteachta, múscailt feasachta agus cumarsáid, leathadh agus saothrú, aon tacaíocht ábhartha airgeadais, amhail deontais, duaiseanna, soláthar, chomh maith le maoiniú cumasctha faoi Fís Eorpach nó meascán díobh sin. Féadfaidh na heintitis sin gníomhaíocht chomhchistiúcháin an chláir a chur chun feidhme ar bhonn díreach nó féadfaidh tríú páirtithe í a chur chun feidhme thar a gceann;

(25f)  ciallaíonn “gníomhaíocht soláthair réamhthráchtála” gníomhaíocht arb é is príomhaidhm léi soláthar réamhthráchtála a bhaint amach, ar soláthar é a dhéanfaidh tairbhithe, ar údaráis chonarthacha nó eintitis chonarthacha iad, a chur chun feidhme;

(25g)  ciallaíonn “gníomhaíocht an tsoláthair phoiblí de réitigh nuálacha” gníomhaíocht arb é is príomhaidhm léi soláthar poiblí comhpháirteach nó comhordaithe réiteach nuálach a bhaint amach, ar soláthar é a dhéanfaidh tairbhithe, ar údaráis chonarthacha nó eintitis chonarthacha iad, a chur chun feidhme;

(25h)  ciallaíonn “gníomhaíocht chomhordúcháin agus tacaíochta” gníomhaíocht a chuidíonn le cuspóirí an Chláir, gan gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a chur san áireamh, ach amháin nuair a dhéantar é faoin gcomhchuid “rannpháirtíocht a fhairsingiú agus barr feabhais a leathnú” den chuid “Limistéar Eorpach Taighde a Neartú agus an Rannpháirtíocht a Fhairsingiú”; agus comhordú ón mbun aníos gan comhchistiú gníomhaíochtaí taighde ón Aontas a fhágann gur féidir comhar a bhunú idir eintitis dhlítheanacha ó na Ballstáit agus ó Thíortha Comhlachaithe, chun an Limistéar Eorpach Taighde a neartú;

(25i)  ciallaíonn “duais dreasachta” duais chun infheistíocht a spreagadh i dtreo ar leith, trí sprioc a shonrú sula ndéantar an obair;

(25j)  ciallaíonn “duais aitheantais” duais chun aitheantas a thabhairt don mhéid a baineadh amach roimhe seo agus d’éachtaí oibre i ndiaidh a ndéanta;

(25k)  ciallaíonn “gníomhaíocht nuálaíochta agus cur in úsáid ar an margadh” gníomhaíocht a bhfuil gníomhaíocht nuálaíochta neadaithe inti chomh maith leis na gníomhaíochtaí eile is gá chun nuálaíocht a chur in úsáid ar an margadh, lena n-áirítear méadú cuideachtaí, maoiniú cumasctha faoi Fís Eorpach a chur ar fáil (meascán de chistiú i bhfoirm deontais agus maoiniú príobháideach);

(25l)  ciallaíonn “gníomhaíochtaí indíreacha” gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a soláthraíonn an tAontas tacaíocht airgeadais dóibh agus a dhéanann na rannpháirtithe;

(25m)  ciallaíonn “gníomhaíochtaí díreacha” gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a dhéanann an Coimisiún trína Airmheán Comhpháirteach Taighde (JRC);

(27)  ciallaíonn “soláthar” soláthar mar a shainmhínítear in Airteagal 2(49) den Rialachán Airgeadais;

(28)  ciallaíonn “eintiteas cleamhnaithe” aon eintiteas dlítheanach mar a shainmhínítear in Airteagal 187(1) den Rialachán Airgeadais;

(30)  ciallaíonn “éiceachóras nuálaíochta” éiceachóras lena dtugtar le chéile gníomhaithe nó eintitis ar leibhéal an Aontais arb é an sprioc fheidhmiúil atá acu forbairt teicneolaíochta agus nuálaíocht a chumasú. Cuimsítear leo caidrimh idir acmhainní ábhartha (amhail cistí, trealamh agus saoráidí), eintitis institiúideacha (amhail institiúidí ardoideachais agus seirbhísí tacaíochta, eagraíochtaí taighde agus nuálaíochta, cuideachtaí, caipitlithe fiontair agus idirghabhálaithe airgeadais) agus eintitis cheaptha beartas agus eintitis chistiúcháin náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla;

Airteagal 3

Cuspóirí an chláir

1.  Is é cuspóir ginearálta an Chláir tionchar a imirt ar bhonn eolaíoch, teicneolaíoch, eacnamaíoch agus ar bhonn na sochaí a bhuí le hinfheistíochtaí an Aontais sa taighde agus sa nuálaíocht chun bunúis eolaíocha agus teicneolaíocha an Aontais a neartú agus a iomaíochas a chothú sna Ballstáit uile, lena n-áirítear ina chuid tionscal, tosaíochtaí straitéiseacha an Aontais a bhaint amach, rannchuidiú le cuspóirí agus beartais an Aontais a ghnóthú, rannchuidiú le dul i ngleic le dúshláin dhomhanda, lena n-áirítear na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe trí phrionsabail Chlár Oibre 2030 agus Chomhaontú Pháras a leanúint agus an Limistéar Eorpach Taighde a neartú. Ar an gcaoi sin, déanfar breisluach an Aontais a uasmhéadú leis an gClár trí dhíriú ar chuspóirí agus ar ghníomhaíochtaí nach féidir leis na Ballstáit a bhaint amach go héifeachtach agus iad ag gníomhú ina n-aonar ach ar féidir leo iad a bhaint amach agus iad ag gníomhú i gcomhar le chéile.

2.  Seo a leanas cuspóirí sonracha an Chláir:

(a)  barr feabhais eolaíochta a fhorbairt, a chur chun cinn agus a chur ar aghaidh, tacú le heolas bunúsach agus feidhmeach nua ar ardcháilíocht, scileanna, teicneolaíochtaí agus réitigh a chruthú agus a scaipeadh, oiliúint a chur ar thaighdeoirí agus soghluaisteacht ina measc a chur chun cinn, tallann a mhealladh ar gach leibhéal agus rannchuidiú le páirteachas iomlán dhíorma thréithigh an Aontais sna gníomhaíochtaí lena dtacaítear faoin gClár seo;

(b)  eolas a ghiniúint, tionchar an taighde agus na nuálaíochta a neartú chun beartais an Aontais a cheapadh, chun tacú leo agus chun iad a chur chun feidhme, agus tacú leis an rochtain atá ar réitigh nuálacha sa tionscal Eorpach, agus le glacadh na réiteach sin, go háirithe in FBManna, agus sa tsochaí chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda, lena n-áirítear an t-athrú aeráide agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe;

(c)  gach cineál nuálaíochta a chothú, forbairt theicneolaíoch, léirithe teicneolaíocha, faisnéis ar an teicneolaíocht agus malartuithe teicneolaíochta a éascú, ▌cur in úsáid agus saothrú réitigh nuálaíochta a neartú;

(d)   an leas is fearr is féidir a bhaint as an gClár chun an Limistéar Eorpach Taighde a neartú agus a thionchar agus a tharraingt a mhéadú, páirteachais fheabhas-bhunaithe na mBallstát in Fís Eorpach a chothú, lena n-áirítear na Ballstáit ar íseal a bhfeidhmíocht maidir le T&N, agus naisc chomhoibríocha a éascú i dtaighde agus nuálaíocht na hEorpa.

Airteagal 4

Struchtúr an chláir

1.  Déantar an Clár a struchtúrú sna codanna seo a leanas chun rannchuidiú leis na cuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar amach in Airteagal 3 a ghnóthú:

(1)  Colún I ‘Eolaíocht den Scoth’ ▌ ina bhfuil na comhchodanna seo a leanas:

(a)  an Chomhairle Eorpach um Thaighde (ERC);

(b)  Gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie (MSCA):

(c)  bonneagair thaighde:

(2)  Colún II ‘Dúshláin Dhomhanda agus Iomaíochas Tionsclaíoch Eorpach’ ina bhfuil na comhchodanna seo a leanas, á chur san áireamh go mbeidh ról tábhachtach ag na heolaíochtaí sóisialta agus na daonnachtaí sna braislí ar fad:

(a)  an bhraisle ‘Sláinte’:

(b)  an bhraisle ‘An Cultúr, an Chruthaitheacht agus an tSochaí Chuimsitheach’;

(ba)  an bhraisle ‘Slándáil Shibhialta don tSochaí’;

(c)   an bhraisle ‘Cúrsaí Digiteacha,▌an Tionscal agus an Spás’;

(d)  an bhraisle ‘Aeráid, Fuinneamh agus Soghluaisteacht’:

(f)   an bhraisle ‘Bia, an Bithgheilleagar, Acmhainní Nádúrtha, Talmhaíocht agus an Comhshaol’;

(g)   gníomhaíochtaí díreacha neamhnúicléacha an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde (JRC).

(3)  Colún III ‘An Eoraip Nuálach’ ina bhfuil na comhchodanna seo a leanas:

(a)  an Chomhairle Nuálaíochta Eorpach (EIC);

(b)  Éiceachórais nuálaíochta na hEorpa;

(c)  an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 294/2008.

(4)  An Chuid dar teideal ‘Rannpháirtíocht a Leathnú agus an Limistéar Eorpach Taighde a Threisiú’, ▌ina bhfuil na comhchodanna seo a leanas:

(a)  an rannpháirtíocht a fhairsingiú agus barr feabhais a scaipeadh;

(b)  Córas T&N an Aontais Eorpaigh a athchóiriú agus a fheabhsú.

2.  Leagtar amach línte ginearálta na ngníomhaíochtaí in Iarscríbhinn I.

Airteagal 5(24)

Taighde agus forbairt um chosaint

1.  Na gníomhaíochtaí a dhéanfar faoin gclár sonrach dá dtagraítear in Airteagal 1(3)(b) agus a leagtar síos sa Rialachán lena mbunaítear an Ciste Eorpach Cosanta, leagfaidh siad béim eisiach ar an taighde agus ar an bhforbairt um chosaint, agus beidh acu na cuspóirí agus línte ginearálta na ngníomhaíochtaí seo a leanas:

—  gníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh iomaíochas, éifeachtúlacht agus acmhainneacht nuálaíochta bhonn tionsclaíoch agus teicneolaíoch na cosanta Eorpaí a chothú.

2.  ▌Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an gclár sonrach dá dtagraítear in Airteagal 1(3)(b), seachas i gcás an Airteagail seo, Airteagal 1 ▌agus Airteagal 9(1).

Airteagal 6(25)

Pleanáil straitéiseach agus cur chun feidhme agus foirmeacha cistiúcháin ón Aontas

1.  Is tríd an mbainistíocht dhíreach a chuirfear an Clár chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais nó tríd an mbainistíocht indíreach le comhlachtaí cistiúcháin dá dtagraítear in Airteagal 62(1)(c) den Rialachán Airgeadais.

2.  Féadfar, trí bhíthin an Chláir, cistiú a chur ar fáil do ghníomhaíochtaí indíreacha in aon cheann de na foirmeacha atá leagtha síos sa Rialachán Airgeadais, go háirithe deontais, arb iad sin a bheidh mar phríomhfhoirm tacaíochta sa chlár. Leis an gclár, féadfar maoiniú a chur ar fáil trí dhuaiseanna, trí sholáthair agus trí ionstraimí airgeadais laistigh d’oibríochtaí measctha agus trí thacaíocht chothromais faoi Luasaire EIC.

3.  Beidh feidhm ag na rialacha maidir le páirteachas agus leathadh arna leagan síos sa Rialachán seo maidir le gníomhaíochtaí indíreacha.

4.  Leagtar amach agus sainítear in Airteagal 2 na príomhchineálacha gníomhaíochta a úsáidfear faoin gClár. Úsáidfear na foirmeacha cistiúcháin, dá dtagraítear i mír 2, ar dhóigh sholúbtha síos trí gach cuspóir den Chlár agus cinnfear an úsáid a bheidh leo bunaithe ar riachtanais agus ar shaintréithe na gcuspóirí sonracha.

5.  Tacófar freisin, trí bhíthin an Chláir, le gníomhaíochtaí díreacha a dhéanfaidh an tAirmheán Comhpháirteach Taighde. I gcás ina rannchuideoidh na gníomhaíochtaí le tionscnaimh arna bhunú faoi Airteagal 185 nó faoi Airteagal 187 CFAE, ní mheasfar an rannchuidiú sin a bheith mar chuid den ranníocaíocht airgeadais arna leithdháileadh ar na tionscnaimh sin.

6.  Tacófar le cur chun feidhme an chláir shonraigh agus PENanna EIT trí ▌ phleanáil thrédhearcach agus straitéiseach ar ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta de réir mar a leagtar síos sa chlár sonrach, go háirithe le haghaidh an cholúin ‘Dúshláin Dhomhanda agus Iomaíochas Tionsclaíoch Eorpach’ ▌agus cumhdófar freisin gníomhaíochtaí ábhartha i gcolúin eile mar aon leis an gcuid maidir leis an Limistéar Taighde Eorpach a Neartú agus an Rannpháirtíocht a Fhairsingiú.

Déanfaidh an Coimisiún bainteacht luath na mBallstát agus malartuithe forleathana le Parlaimint na hEorpa a áirithiú, agus mar chomhlánú air sin bheidh comhairliúchán le geallsealbhóirí agus leis an bpobal i gcoitinne

Áiritheofar, de bhun na Pleanála Straitéisí, ailíniú le cláir ábhartha eile de chuid an Aontais mar aon le comhsheasmhacht le tosaíochtaí agus le gealltanais an Aontais agus neartófar comhlántacht agus sineirgí le cláir agus le tosaíochtaí cistiúcháin náisiúnta agus réigiúnacha, agus dá réir sin déanfar an Limistéar Eorpach Taighde (ERA) a neartú. Déanfar réimsí le haghaidh misin fhéideartha agus réimsí le haghaidh comhpháirtíochtaí Eorpacha institiúideacha a leagan síos in Iarscríbhinn Va.

6a.  I gcás inarb iomchuí, chun go bhféadfaidh rochtain níos tapúla ag cuibhreannais chomhoibríocha bheaga ar chistí a bheith ann, féadfar Nós Imeachta Mear i ndáil le Taighde agus Nuálaíocht (FTRI) a mholadh faoi chuid de na glaonna ar thograí atá tiomanta do ghníomhaíochtaí taighde agus / nó do ghníomhaíochtaí nuálaíochta faoi chodanna an Chreatchláir a bhaineann le Dúshláin Dhomhanda agus Iomaíochas Tionsclaíoch Eorpach agus le Treo-Aimsitheoir na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí.

Bainfidh na saintréithe carnacha seo a leanas le glao faoi Nós Imeachta FTRI:

—  glaonna ar thograí ón mbun aníos

—  seal níos giorra sula dtugtar deontas, nach mbeidh níos mó ná 6 mhí;

—  tacaíocht nach dtabharfar ach do chuibhreannais chomhoibríocha bheaga a bheidh comhdhéanta de 6 eintiteas dhlítheanacha incháilithe éagsúla agus neamhspleácha ar a mhéad;

—  tacaíocht airgeadais uasta nach mó ná EUR 2,5 milliún in aghaidh an chuibhreannais.

Sainaithneofar sa chlár oibre na glaonna ina n-úsáidtear Nós Imeachta FTRI.

7.  Déanfar gníomhaíochtaí Fís Eorpach a sholáthar trí ghlaonna oscailte, iomaíocha ar thograí, lena n-áirítear trí mhisin agus Comhpháirtíochtaí Eorpacha, seachas na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 39 maidir le Duiseanna.

Airteagal 6a

Prionsabail an Chláir

1.  Díreofar gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a dhéantar faoin gClár sonrach dá dtagraítear in Airteagal 1(3)(a) agus faoi EIT go heisiach ar iarratais shibhialtacha. Ní cheadófar aistrithe buiséadacha idir an méid a dháilfear don chlár sonrach dá dtagraítear in Airteagal 1(3)(a) agus san EIT agus an méid a dháilfear don chlár sonrach dá dtagraítear in Airteagal 1(3)(b) agus seachnófar dúbláil gan ghá idir an dá chlár.

2.  Le Fís Eorpach, áiritheofar cur chuige ildisciplíneach agus déanfar foráil, i gcás inarb iomchuí, maidir le comhtháthú eolaíochtaí sóisialta agus daonnachtaí ar fud na mbraislí agus na ngníomhaíochtaí a fhorbrófar faoin gClár, lena n-áirítear glaonna sonracha ar ábhair a bhaineann le SSH.

3.  Le codanna comhoibríocha an Chláir, áiritheofar cothromaíocht idir na cinn is ísle agus na cinn is airde de na Leibhéil Ullmhachta Teicneolaíche (TRLanna) agus ar an gcaoi sin cumhdófar an slabhra luacha ar fad.

3a.  Leis an gClár, áiritheofar cur chun cinn agus comhtháthú éifeachtach comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí agus le tionscnaimh idirnáisiúnta atá bunaithe ar shochair fhrithpháirteacha, ar leasanna AE, ar ghealltanais idirnáisiúnta agus, i gcás inarb iomchuí, ar chómhalartacht.

4.  Leis an gClár, cuideofar le tíortha a thagann faoin bhfairsingiú cur lena bpáirteachas in Fís Eorpach agus clúdach geografach leathan a chur chun cinn i dtionscadail chomhoibríocha, lena n-áirítear é sin a dhéanamh trí bharrfheabhas eolaíoch a scaipeadh, naisc chomhoibríocha nua a threisiú, cúrsaíocht intinne a spreagadh agus trí bhíthin Airteagal 20(3) agus Airteagal 45(4) a chur chun feidhme. Déanfaidh na Ballstáit na hiarrachtaí sin a mhacasamhlú trí bhearta comhréireacha dá gcuid féin, lena n-áirítear tuarastail tharraingteacha a shocrú do thaighdeoirí, le tacaíocht ó chistí an Aontais, ó chistí náisiúnta agus ó chistí réigiúnacha. Tabharfar aird faoi leith ar chothromaíocht gheografach, faoi réir an cháis i réimse an taighde agus na nuálaíochta lena mbaineann, i bpainéil mheastóireachta agus i gcomhlachtaí amhail boird agus grúpaí saineolaithe, gan an bonn a bhaint ó na critéir barr feabhais.

5.  Leis an gClár, áiritheofar cur chun cinn éifeachtach comhdheiseanna do chách, agus cuirfear príomhshruthú inscne, agus gné inscne an inneachair taighde agus nuálaíochta chun feidhme agus beidh sé ar cheann d’aidhmeanna an Chláir aghaidh a thabhairt ar chúiseanna na míchothromaíochta inscne. Tabharfar aird ar leith ar an gcothromaíocht inscne a áirithiú a mhéid agus is féidir ar phainéil mheastóireachta agus ar chomhlachtaí comhairleacha ábhartha eile, amhail boird agus grúpaí saineolaithe.

5a.  Déanfar ‘Fís Eorpach’ a chur chun feidhme i sineirge le cláir eile cistiúcháin de chuid an Aontais, agus féachfar le simpliú uasta ar riaracháin a bhaint amach. Tá liosta neamh-uileghabhálach de shinéirgí i gcomhar le cláir eile cistiúcháin de chuid an Aontais ar áireamh in Iarscríbhinn IV.

5b.  Leis an gClár, rannchuidítear le hinfheistíocht phoiblí agus phríobháideach a mhéadú sa réimse T&N sna Ballstáit, agus ar an gcaoi sin cuidítear méid fhoriomlán na hinfheistíochta i réimse an taighde agus na forbartha a ardú go 3 %, ar a laghad, d’olltáirgeacht intíre (OTI) an Aontais.

6.  Díreoidh an Coimisiún, agus an clár á chur chun feidhme aige, ar shimpliú leanúnach riaracháin agus ar laghdú an ualaigh d’iarratasóirí agus do thairbhithe.

7.  Mar chuid de chuspóir ginearálta an Aontais maidir le gníomhaíochtaí aeráide a phríomhshruthú i ndáil le beartais earnála an Aontais agus le cistí an Aontais, ranníocfar trí bhíthin gníomhaíochtaí faoin gClár seo ar a laghad 35 % den chaiteachas ar chuspóirí aeráide i gcás inarb iomchuí. Comhtháthófar príomhshruthú aeráide go leormhaith in inneachar taighde agus nuálaíochta.

8.  Leis an gclár, cuirfear comhchruthú agus comhdhearadh chun cinn trí bhíthin pháirteachas na saoránach agus na sochaí sibhialta.

9.  Leis an gclár, áiritheofar trédhearcacht agus cuntasacht maidir le cistiú poiblí i dtionscadail taighde agus nuálaíochta, agus dá réir sin cosnófar leas an phobail.

10.  Áiritheoidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin ábhartha go gcuirfear treoir leordhóthanach agus faisnéis leordhóthanach ar fáil do na rannpháirtithe uile a d’fhéadfadh a bheith ann tráth a fhoilseofar an glao ar thograí, go háirithe an comhaontú samplach deontais is infheidhme.

Airteagal 7

Misin

1.  Déanfar misin a chlársceidealú laistigh den cholún ‘Dúshláin Dhomhanda agus Iomaíochas Tionsclaíoch Eorpach’, ach féadfaidh siad freisin tairbhiú de ghníomhaíochtaí a dhéantar laistigh de chodanna eile den Chlár chomh maith le gníomhaíochtaí comhlántacha a thugtar i gcrích faoi chláir chistiúcháin eile de chuid an Aontais. Fágfaidh na misin go bhféadfar réitigh iomaíocha a bhaint amach, rud a chuirfidh le breisluach agus tionchar uile-Eorpach.

2.  Déanfar na misin a shainiú agus a chur chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán agus leis an gClár Sonrach, rud a dhéanfaidh bainteacht ghníomhach agus luath na mBallstát a áirithiú chomh maith le malartaithe forleathana le Parlaimint na hEorpa. Déanfar na misin, a gcuspóirí, a mbuiséad, a spriocanna, a raon feidhme, a dtáscairí agus a ngarspriocanna a shainaithint sna Pleananna Straitéiseacha T&N nó sna Cláir Oibre de réir mar is iomchuí. Déanfar an mheastóireacht ar mholtaí faoi na misin i gcomhréir le hAirteagal 26.

2a.  Le linn na chéad trí bliana den chlár, déanfar uasmhéid 10 % de bhuiséad bliantúil Cholún II a chlárú trí ghlaonna sonracha chun na misin a chur chun feidhme. Maidir leis an gcuid eile den chlár, is féidir go méadófar an céatadán sin, ach é sin sa chás amháin go mbeidh measúnú dearfach déanta ar an bpróiseas roghnúcháin agus ar an bpróiseas bainistíochta. Cuirfidh an Coimisiún in iúl cad é an sciar buiséadach iomlán a bhaineann le gach glár a ghabhann leis na misin.

3.  Maidir leis na misin:

(a)  agus úsáid á baint acu as SDGnna mar fhoinsí chun iad a cheapadh agus a chur chun feidhme, beidh inneachar soiléir taighde agus nuálaíochta acu, beidh breisluach Eorpach ag baint leo, agus rannchuideoidh siad le tosaíochtaí agus gealltanais an Aontais a bhaint amach chomh maith le cuspóirí Fís Eorpach faoi mar a leagtar síos in Airteagal 3;

(aa)  cuimseoidh siad réimsí a bhfuil ábharthacht choiteann Eorpach ag baint leo, beidh siad cuimsitheach, spreagfaidh siad páirteachas leathan agus rannpháirtíocht ghníomhach geallsealbhóirí de gach cineál ó earnálacha poiblí agus príobháideacha, lena n-áirítear saoránaigh agus úsáideoirí deiridh, agus tabharfaidh siad torthaí T&N i gcrích a d’fhéadfadh dul chun tairbhe na mBallstát uile;

(b)  beidh siad misniúil agus spreagúil, agus, dá bhrí sin, beidh ábharthacht agus tionchar leathan ag baint leo, maidir le cúrsaí eolaíochta, cúrsaí teicneolaíochta, cúrsaí na sochaí, cúrsaí an gheilleagair, cúrsaí an chomhshaoil nó cúrsaí beartais;

(c)  cuirfidh siad treo soiléir agus cuspóirí in iúl agus beidh siad spriocdhírithe, intomhaiste, faoi cheangal ama agus beidh creat buiséid soiléir ag gabháil leo;

(d)  roghnófar iad ar mhodh trédhearcach agus beidh siad dírithe ar spriocanna agus taighde agus ar ghníomhaíochtaí, forbartha agus nuálaíochta atá uaillmhianach, barrfheabhas-bhunaithe agus tionchar-threallúsaithe ach atá réalaíoch san am céanna;

(da)  beidh an raon feidhme agus an scála is gá acu, agus bainfidh siad an leas iomchuí as na hacmhainní, agus beidh giaráil na gcistí breise poiblí agus príobháideacha is gá acu chun go mbeidh siad in ann toradh an mhisin a thabhairt i gcrích;

(e)  spreagfaidh siad gníomhaíocht i mórán disciplíní (lena n-áirítear na hEolaíochtaí Sóisialta agus na Daonnachtaí) agus beidh gníomhaíochtaí ó réimse leathan TRLanna ar na gníomhaíochtaí sin, lena n-áirítear TRLanna níos ísle;

(f)  beidh siad oscailte do chineálacha éagsúla cur chuigí agus do réitigh iomadúla ón mbonn aníos agus riachtanais agus tairbhí daonnúla agus sochaíocha á gcur san áireamh agus tábhacht rannchuidithe éagsúla á n-aithint chun na misin sin a thabhairt i gcrích.

(fa)  bainfidh siad leas as sineirgíochtaí ar bhealach trédhearcach le cláir eile de chuid an Aontais agus le héiceachórais nuálaíochta náisiúnta agus, i gcás inarb ábhartha, le héiceachórais nuálaíochta réigiúnacha.

4.  Déanfaidh an Coimisiún faireachán agus meastóireacht ar gach misean i gcomhréir le hAirteagail 45 agus 47 agus le hIarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo, lena n-áirítear an dul chun cinn i dtreo spriocanna gearrtéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha, lena gcumhdaítear cur chun feidhme, faireachán agus na misin a chéimniú amach. Déanfar measúnú ar na chéad mhisin a bhunófar faoi Fís Eorpach tráth nach déanaí ná 2023 agus sula ndéanfar aon chinneadh maidir le misin nua a chruthú nó maidir le deireadh a chur le misin nó maidir le misin atá ar bun a atreorú. Foilseofar torthaí an mheasúnaithe sin go poiblí agus áireofar iontu anailís ar phróiseas roghnúcháin na misean agus a rialachas, ar a mbuiséad, a bhfócas agus a ndul chun cinn go dtí seo, gan a bheith teoranta don mhéid sin go léir.

Airteagal 7a

An Chomhairle Nuálaíochta Eorpach

1.  Bunóidh an Coimisiún Comhairle Nuálaíochta Eorpach (EIC) mar ionad ilfhreastail, chun na gníomhaíochtaí faoi Cholún III, ‘An Nuálaíocht Oscailte’, a bhaineann le EIC a chur chun feidhme. Díreoidh EIC go príomha ar an nuálaíocht cheannródaíoch agus shuaiteach, agus díreoidh sé thar aon ní eile ar an nuálaíocht lena gcruthófaí margaí, agus tacóidh sé le nuálaíocht de gach sórt, lena n-áirítear nuálaíocht incriminteach. Feidhmeoidh EIC i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas: luach breise soiléir an Aontais, neamhspleáchas, an cumas rioscaí a ghlacadh, éifeachtúlacht, éifeachtacht, trédhearcacht agus cuntasacht.

2.  Beidh EIC oscailte do gach cineál nuálaithe, lena n-áirítear ó dhaoine aonair go hollscoileanna, eagraíochtaí taighde agus gnólachtaí (FBManna lena n-áirítear cuideachtaí nuathionscanta agus, i gcásanna eisceachtúla, cuideachtaí lárchaipitlithe beaga) agus ó thairbhithe aonair go cuibhreannais ildisciplíneacha. Beidh ar a laghad 70 % de bhuiséad EIC tiomnaithe do FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta.

3.  Sainínítear Bord EIC agus gnéithe bainistíochta EIC i gCinneadh (AE)... [Clár Sonrach] agus sna hiarscríbhinní a ghabhann leis.

Airteagal 8

Comhpháirtíochtaí Eorpacha

1.  Féadfar codanna de Fís Eorpach a chur chun feidhme trí Chomhpháirtíochtaí Eorpacha. Féadfar rannpháirtíocht an Aontais i gComhpháirtíochtaí Eorpacha a dhéanamh in aon cheann de na foirmeacha seo a leanas:

(a)  rannpháirtíocht i gcomhpháirtíochtaí a bhunaítear ar bhonn meabhrán tuisceana agus/nó socruithe conarthacha idir an Coimisiún agus na comhpháirtithe dá dtagraítear in Airteagal 2(3), lena sonraítear cuspóirí na comhpháirtíochta, gealltanais gaolmhara ó gach taobh lena mbaineann maidir le ranníocaíochtaí airgeadais agus/nó ranníocaíochtaí comhchineáil na gcomhpháirtithe, táscairí feidhmíochta agus tionchair, agus na haschuir a sholáthrófar agus módúlachtaí tuairiscithe. Áirítear orthu sin gníomhaíochtaí comhlántacha taighde agus nuálaíochta a chuireann na comhpháirtithe agus an Clár (Comhpháirtíochtaí Eorpacha Comh-chlársceidealaithe) chun feidhme;

(b)  rannpháirtíocht i gclár gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta agus ranníocaíocht airgeadais leis, lena sonraítear na cuspóirí, príomhtháscairí feidhmíochta agus tionchair agus na haschuir a thabharfar i gcrích, bunaithe ar ghealltanas na gcomhpháirtithe maidir le ranníocaíochtaí airgeadais agus/nó ranníocaíochtaí comhchineáil agus maidir lena gcuid gníomhaíochtaí ábhartha a chomhtháthú trí ghníomhú comhchistithe Cláir a úsáid (Comhpháirtíochtaí Eorpacha Comhchistithe);

(c)  rannpháirtíocht i gcláir thaighde agus nuálaíochta agus ranníocaíocht airgeadais leis na cláir sin, ar cláir iad a dhéanfaidh roinnt Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 185 CFAE, nó a dhéanfaidh comhlachtaí arna mbunú de bhun Airteagal 187 CFAE, amhail Gnóthais Chomhpháirteacha, nó na Pobail Eolais agus Nuálaíochta EIT i gcomhlíonadh Rialacháin EIT (Comhpháirtíochtaí Eorpacha Institiúidithe). Ní chuirfear comhpháirtíochtaí den sórt sin chun feidhme ach amháin i gcás nach ngnóthódh codanna de Fís Eorpach, lena n-áirítear foirmeacha eile de Comhpháirtíochtaí Eorpacha, na cuspóirí nó nach gcruthóidís na tionchair riachtanacha a bhfuiltear ag dréim leo, agus sa chás go bhfuil údar cuí leo trí pheirspictíocht fhadtéarmach agus ardleibhéal comhtháthaithe. Cuirfidh comhpháirtíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 185 CFAE nó de bhun Airteagal 187 TEFU bainistiú lárnach ar na ranníocaíochtaí airgeadais uile chun feidhme, seachas i gcásanna a bhfuil údar cuí leo. I gcás na bainistíochta airgeadais lárnaigh, déanfar ranníocaíochtaí ar leibhéal an tionscadail ó stát rannpháirteach amháin ar bhonn cistiú arna iarraidh i dtograí ó eintitis atá bunaithe sa stát rannpháirteach sin, mura rud é go gcomhaontófar a mhalairt i measc na stát rannpháirteach uile lena mbaineann.

Sonrófar sna rialacha le haghaidh comhpháirtíochtaí den sórt sin inter alia na cuspóirí, príomhtháscairí feidhmíochta agus tionchair, agus na haschuir a bheidh le seachadadh, mar aon leis na gealltanais ghaolmhara le haghaidh ranníocaíochtaí airgeadais agus/nó ranníocaíochtaí comhchineáil na gcomhpháirtithe.

2.  Maidir le Comhpháirtíochtaí Eorpacha:

(a)  Bunófar iad chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin Eorpacha nó ar dhúshláin dhomhanda sna cásanna sin amháin inar éifeachtaí a bhainfidh siad cuspóirí Fís Eorpach amach ná mar a d’éireodh leis an Aontas ina aonar agus nuair a chuirtear i gcomparáid iad le cineálacha eile tacaíochta ón gClár Réime. Beidh sciar iomchuí de bhuiséad Fís Eorpach ag na codanna sin. Déanfar formhór an bhuiséid i gcolún II a leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí lasmuigh de chomhpháirtíochtaí Eorpacha;

(b)  Cloífidh siad le prionsabail a bhaineann le breisluach an Aontais, trédhearcacht, oscailteacht, tionchar laistigh den Eoraip agus ar son na hEorpa, an éifeacht láidir ghiarála ar scála leordhóthanach, gealltanais fhadtéarmacha na gcomhpháirtithe rannpháirteacha uile, solúbthacht ó thaobh cur chun feidhme de, comhleanúnachas, comhordú agus comhlántacht le tionscnaimh áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta agus idirnáisiúnta an Aontais agus, i gcás inarb ábhartha, tionscnaimh idirnáisiúnta nó comhpháirtíochtaí eile agus misin;

(c)  Beidh cur chuige soiléir maidir le saolré acu, beidh siad teoranta ó thaobh ama de agus beidh coinníollacha iontu maidir le cistiú ón gClár a chéimniú amach.

2.a.  Déanfar Comhpháirtíochtaí Eorpacha i gcomhréir le hAirteagal 8(1) (a agus b) den Rialachán seo a shainaithint i bPleananna Straitéiseacha T&N sula gcuirfear chun feidhme mar chuid de chláir oibre iad.

Na forálacha agus na critéir roghnúcháin, cur chun feidhme, faireacháin, meastóireacht agus céimnithe amach, leagtar amach iad in Iarscríbhinn III.

Airteagal 8

Athbhreithniú ar réimsí comhpháirtíochta nó réimsí misin

Tráth nach déanaí ná 2023, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar Iarscríbhinn Va mar chuid den fhaireachán foriomlán a dhéantar ar an gclár, lena n-áirítear misin agus comhpháirtíochtaí Eorpacha institiúidithe ar bhonn Airteagal 185 CFAE nó Airteagal 187 CFAE, agus cuirfidh sé tuarascáil ar na príomhthorthaí faoi bhráid na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa.

Airteagal 9

Buiséad

1.  Is é EUR 120 000 000 000 an t-imchlúdach airgeadais a bheidh ann i bpraghsanna na bliana 2018 le haghaidh chur chun feidhme an Chláir Réime don tréimhse 2021 – 2027 le haghaidh an chláir shonraigh dá dtagraítear in Airteagal 1(3)(a) agus, sa bhreis air sin, an méid don chlár sonrach dá dtagraítear in Airteagal 1(3)(b), arna leagan síos sa Rialachán lena mbunaítear an Ciste Eorpach Cosanta.

2.  Maidir le dáileadh táscach an mhéid dá dtagraítear i mír 1, an chéad leath den abairt, is é a bheidh ann:

(a)  27,42 % le haghaidh Colún I ‘Eolaíocht Barr Feabhais agus Oscailte’ don tréimhse 2021-2027, as a dtabharfar

(1)  17,64 % don Chomhairle Eorpach um Thaighde;

(2)  7,23 % do ghníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie;

(3)  2,55 % do bhonneagair thaighde;

(b)  55,48 % le haghaidh Colún II ‘Dúshláin Dhomhanda agus Iomaíochas Tionsclaíoch Eorpach’ don tréimhse 2021-2027, as a dtabharfar

(1)  8,16 % don bhraisle ‘An tSláinte’;

(2)  2,50 % don bhraisle ‘An tSochaí Chuimsitheach agus Shlán Chruthaitheach’;

(2a)  2,00 % don bhraisle ‘Sochaithe Slána’;

(3)  15,94 % don bhraisle ‘Cúrsaí Digiteacha agus, an Tionscal agus an Spás’;

(4)  15,84 % don bhraisle ‘Aeráid, Fuinneamh agus Soghluaisteacht’;

(5)  9,00 % don bhraisle ‘Bia agus, Acmhainní Nádúrtha agus Talmhaíocht’;

(6)  2,04 % do ghníomhaíochtaí díreacha neamhnúicléacha an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde (JRC);

(c)  12,71 % le haghaidh Colún III ‘Eoraip na Nuálaíochta’ don tréimhse 2021-2027, as a dtabharfar:

(1)  8,71 % don Chomhairle Nuálaíochta Eorpach, (EIC); lena n-áirítear suas le 0.53 % d’Éiceachórais Nuálaíochta Eorpacha;

(2)  4 % don Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (IET);

(d)  4,39 % don Chuid, ‘An Limistéar Taighde Eorpach a Neartú’, ina bhfuil na comhchodanna seo a leanas:

(1)  4,00 % do ‘Barr feabhais a scaipeadh agus an rannpháirtíocht a fhairsingiú ar fud an Aontais’;

(2)  0,39 % do ‘córas T&N an Aontais Eorpaigh a athchóiriú agus a fheabhsú.

3.  Chun freagairt do chásanna gan choinne nó do riachtanais agus d’fhorbairtí nua, féadfaidh an Coimisiún, laistigh den nós imeachta buiséadach bliantúil, diall ó na méideanna dá dtagraítear i mír 2 suas le 10 % ar a mhéad, lena n-áirítear leithdháileadh na ranníocaíochtaí ó thíortha comhlachaithe.

3c.  Úsáidfear 45 % de bhuiséad an chnuasaigh ‘An tSochaí Chuimsitheach agus Chruthaitheach’ chun tacú le taighde ar na hearnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha, lena n-áirítear oidhreacht chultúrtha an Aontais, ar a n-áireofar EUR 300 milliún a bheidh le cur in áirithe chun Néal Oidhreachta Cultúrtha Eorpach a chruthú, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gClár Sonrach i ndiaidh measúnú tionchair a bheidh le cur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa.

3d.  Beidh ar a laghad EUR 1 billiún in áirithe do Thaighde Candamach faoin mbraisle ‘Digiteach, Tionscal, agus Spás’ faoi Cholún II.

4.  Féadfar a chumhdach freisin leis an méid dá dtagraítear i mír 1 le haghaidh an chláir shonraigh dá dtagraítear in Airteagal 1(3)(a) agus le haghaidh EIT, speansais maidir le hullmhúchán, faireachán, rialú, iniúchóireacht, meastóireacht agus gníomhaíochtaí eile a bhaineann le bainistiú agus cur chun feidhme an Chláir, lena n-áirítear gach caiteachas riaracháin, chomh maith le meastóireacht a dhéanamh ar ghnóthú a chuspóirí. Ní rachaidh na costais riaracháin a bhaineann le gníomhaíochtaí indíreacha thar 5 % den mhéid iomlán faoin gClár. Thairis sin, féadfar a chumhdach ann speansais a bhaineann le staidéir, cruinnithe saineolaithe, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, a fhad a bhaineann siad sin le cuspóirí an Chláir, mar aon le speansais a bhaineann le líonraí teicneolaíochta faisnéise arb é is fócas dóibh próiseáil agus malartú faisnéise, lena n-áirítear uirlisí teicneolaíochta faisnéise corparáideacha agus cúnamh teicniúil agus riaracháin eile a bhfuil gá leo i ndáil le bainistiú an Chláir.

5.  Más gá, féadfar leithreasaí a iontráil sa bhuiséad tar éis 2027 chun na speansais dá bhforáiltear i mír 4 a chumhdach, ionas go mbeifear in ann na gníomhaíochtaí nach mbeidh curtha i gcrích faoin 31 Nollaig 2027 a bhainistiú.

6.  Féadfar gealltanais bhuiséadacha maidir le gníomhaíochtaí is faide ná aon bhliain airgeadais amháin a roinnt ina dtráthchodanna bliantúla thar roinnt blianta.

7.  Gan dochar don Rialachán Airgeadais, féadfaidh caiteachas le haghaidh gníomhaíochtaí a thagann as tionscadail a áirítear sa chéad chlár oibre a bheith incháilithe ón 1 Eanáir 2021.

Airteagal 10

Eolaíocht oscailte

1.  Leis an gclár, spreagfar an eolaíocht oscailte mar chur chuige maidir leis an bpróiseas eolaíoch, ar cur chuige é atá bunaithe ar obair chomhoibríoch agus ar eolas a scaipeadh, go háirithe i gcomhréir leis na gnéithe seo a leanas:

—  rochtain oscailte ar fhoilseacháin eolaíocha a eascraíonn as taighde a mhaoinítear faoin gClár;

—  rochtain oscailte ar shonraí taighde, lena n-áirítear na sonraí sin is bunús le foilseacháin eolaíocha.

Déanfar na gnéithe sin a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 35(3) den Rialachán seo; Beidh na gnéithe sin freisin i gcomhréir leis an bprionsabal ‘a oscailte is féidir, a iata is gá’.

1a.  Déanfar prionsabal na cómhalartachta san eolaíocht oscailte a chur chun cinn agus a spreagadh i ngach comhaontú comhlachais agus comhair le tríú tíortha, lena n-áirítear comhaontuithe arna síniú ag comhlachtaí cistiúcháin a bhfuil bainistiú díreach an Chláir curtha ar iontaoibh orthu.

2.  Déanfar bainistíocht fhreagrach ar shonraí taighde a áirithiú i gcomhréir leis na prionsabail ‘In-aimsitheacht’, ‘Inrochtaineacht’, ‘Idir-inoibritheacht’ agus ‘In-athúsáidtheacht’ (FAIR). Tabharfar aird freisin ar chaomhnú fadtéarmach sonraí.

3.  Déanfar cleachtais eolaíochta oscailte eilea chur chun cinn agus a spreagadh, lena n-áirítear chun tairbhe FBManna.

Airteagal 11

Cistiú comhlántach, comhcheangailte agus carnach

1.   Déanfar ‘Fís Eorpach’ a chur chun feidhme i sineirge le cláir eile cistiúcháin de chuid an Aontais, agus ag an am céanna féachfar le simpliú uasta ar riaracháin a bhaint amach. Áirítear in Iarscríbhinn IV liosta neamh-uileghabhálach de shineirgí le cláir chistiúcháin eile. Beidh feidhm ag sraith aonair rialacha ‘Fís Eorpach’ maidir le gníomhaíocht chomhchistithe RDI.

2.   Déanfar an Séala Barr Feabhais a dhámhachtain i gcomhair gach cuid den Chlár. Maidir le gníomhaíochtaí a ndéantar deimhniú Séala Barr Feabhais a dhámhachtain orthu, nó a chomhlíonann na coinníollacha carnacha agus comparáideacha seo a leanas:

(a)  go ndearnadh measúnú orthu i nglao ar thograí faoin gClár;

(b)  go gcomhlíonann siad íoscheanglais cháilíochta an ghlao sin ar thograí;

(c)  nach bhféadfar iad a mhaoiniú faoin nglao sin ar thograí i ngeall ar shrianta buiséadacha,

féadfaidh siad tacaíocht a fháil ó chistí náisiúnta nó réigiúnacha, lena n-áirítear ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, ón gCiste Comhtháthaithe, ó Chiste Sóisialta na hEorpa+ nó ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, i gcomhréir le mír 5 d’Airteagal [67] de Rialachán (AE) XX [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] agus Airteagal [8] de Rialachán (AE) XX [maidir leis an gComhbheartas Talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air], gan aon chur i bhfeidhm agus measúnú breise a bheith ag teastáil agus ar choinníoll go mbeidh gníomhaíochtaí den sórt sin comhleanúnach le cuspóirí an chláir lena mbaineann. Cé is moite de rialacha maidir le státchabhair, beidh feidhm ag rialacha an Chiste lena gcuirtear tacaíocht ar fáil.

2a.   I gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) XX [... Rialachán na bhForálacha Coiteanna], féadfaidh an t-údarás bainistíochta a iarraidh, ar bhonn deonach, go ndéanfar codanna dá leithdháiltí airgeadais a aistriú chuig Fís Eorpach. Déanfar acmhainní aistrithe a chur chun feidhme i gcomhréir le rialacha ‘Fís Eorpach’. Sa bhreis air sin, áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar na hacmhainní aistrithe sin a chur ar leataobh go hiomlán do chláir agus/nó do thionscadail a chuirfear chun feidhme sa Bhallstát nó sa réigiún, de réir mar is infheidhme, inar tionscnaíodh iad.

2b.   Le réamhúdarú ó na hiarratasóirí, déanfaidh an Coimisiún na leithdháiltí dá dtagraítear san Airteagal seo a áireamh sa chóras faisnéise maidir le tionscadail roghnaithe ionas go mbeifear in ann malartú tapa faisnéise a dhéanamh agus chun a chumasú d’údaráis mhaoinithe cistiú a sholáthar do na gníomhaíochtaí roghnaithe.

Féadfaidh gníomhaíocht a bhfuil ranníocaíocht faighte aici ó chlár eile de chuid an Aontais ranníocaíocht a fháil faoin gClár freisin, ar choinníoll nach gcumhdaíonn na ranníocaíochtaí na costais chéanna.

Airteagal 12

Tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár

1.  Beidh an Clár in ann comhlachas a dhéanamh leis na tríú tíortha seo a leanas:

(a)  comhaltaí de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gComhaontú LEE;

(b)  tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime faoi seach agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais lena mbaineann, nó i gcomhaontuithe eile den chineál céanna, agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos sna comhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;

(c)  tíortha a chuimsítear faoi Bheartas Comharsanachta na hEorpa, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais lena mbaineann, nó i gcomhaontuithe eile den chineál céanna, agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos sna comhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;

(d)  tríú tíortha agus críocha a chomhlíonann gach ceann de na critéir seo a leanas:

i.  inniúlacht mhaith eolaíochta, teicneolaíochta agus nuálaíochta a bheith acu;

ii.  gealltanas a bheith tugtha acu maidir le geilleagar margaidh oscailte bunaithe ar rialacha, lena n-áirítear a bheith ag caitheamh ar bhealach cóir agus cothrom le cearta maoine intleachtúla, cearta an duine a bheith á n-urramú acu, faoi choimirce institiúidí daonlathacha;

iii.  beartas lena ndéantar folláine eacnamaíoch agus sóisialta na saoránach a fheabhsú a bheith á gcur chun cinn acu.

Aon chomhlachas iomlán nó páirteach sa Chlár a dhéanfar le gach ceann de na tríú tíortha faoi phointe (d), déanfar é bunaithe ar mheasúnú ar na tairbhí don Aontas. Déanfar é, go háirithe, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gcomhaontú sonrach lena gcumhdaítear rannpháirtíocht an tríú tír in aon chlár de chuid an Aontais, ar choinníoll:

–  go n-áirithítear leis an gcomhaontú cothromaíocht chóir idir ranníocaíochtaí agus sochair an tríú tír atá páirteach i gcláir an Aontais;

–   go dtugtar an ceart leis an gcomhaontú gníomhaíocht a chomhordú faoin gClár ar choinníoll go rachaidh sé chun tairbhe don Aontas agus go ndéanfar cosaint leas airgeadais an Aontais a áirithiú;

–  go leagtar síos leis an gcomhaontú coinníollacha maidir le rannpháirtíocht sa chláir, Chlár, lena n-áirítear ríomh na ranníocaíochtaí airgeadais le (fochláir)cláir aonair agus a gcostais riaracháin. Ioncam sannta i gcomhréir le hAirteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais a bheidh sna ranníocaíochtaí sin;

–  nach dtugtar leis an gcomhaontú cumhacht don tríú tír cinntí a dhéanamh maidir leis an gClár;

–  go ráthaítear leis an gcomhaontú cearta an Aontais chun bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú agus chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint.

2.  Le raon feidhme an chomhlachais le gach tríú tír sa Chlár, cuirfear san áireamh an cuspóir maidir le treallús a chur le fás eacnamaíoch san Aontas trí bhíthin na nuálaíochta agus seachnófar imirce daoine oilte ón Aontas. Dá réir sin, cé is moite de chomhaltaí LEE, tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha, d’fhéadfaí codanna aontairbhí den Chlár a eisiamh de chomhaontú comhlathais i dtaca le tír shonrach, go háirithe iad sin atá tiomnaithe d’eintitis phríobháideacha.

3.  Déanfaidh an comhaontú comhlachais, i gcás inarb iomchuí, foráil maidir le rannpháirtíocht chómhalartach eintiteas dlítheanach arna mbunú san Aontas i gcláir chomhchosúla tíortha comhlachais i gcomhréir leis an coinníollacha a leagtar síos ann, agus déanfaidh sé an rannpháirtíocht chómhalartach sin a shaothrú.

4.  Le coinníollacha an chomhaontaithe comhlachais lena gcinnfear leibhéal na ranníocaíochta airgeadais, áiritheofar go ndéanfar ceartú uathoibríoch gach dhá bhliain ar aon mhíchothromaíocht shuntasach i gcomparáid leis an méid a fhaigheann eintitis a bhunaítear sa tír chomhlachaithe trí bheith rannpháirteach sa Chlár, agus costais maidir le bainistiú, cur i bhfeidhm agus oibriú an Chláir á gcur san áireamh.

4a.  Áireofar ranníocaíochtaí na dtíortha comhlachaithe uile i gcodanna ábhartha den Chlár ar choinníoll go n-urramófar miondealú bhuiséad na gcodanna sin arna sonrú in Airteagal 9, mír 2. Déanfaidh an Coimisiún an buiséad iomlán maidir le gach cuid den Chlár a thuairisciú don Chomhairle agus don Pharlaimint le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil, agus gach ceann de na tíortha comhlachaithe, a ranníocaíochtaí aonair agus a gcomhardú airgeadais á sainaithint aige.

TEIDEAL II

RIALACHA MAIDIR LE RANNPHÁIRTÍOCHT AGUS LEATHADH

CAIBIDIL I

Forálacha ginearálta

Airteagal 13

Comhlachtaí cistiúcháin agus gníomhaíochtaí díreacha an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde (JRC)

1.  Ní fhéadfaidh na comhlachtaí cistiúcháin imeacht ó na rialacha arna leagan síos faoin Teideal seo ach amháin na rialacha in Airteagail 14, 15 agus 16, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, agus sa chás ina ndéantar foráil maidir leis sin sa ghníomh bunúsach lena mbunaítear an comhlacht cistiúcháin nó lena gcuirtear cúraimí cur chun feidhme buiséid ar iontaoibh dó nó, maidir le comhlachtaí cistiúcháin faoi Airteagal 62(1)(c)(ii), (iii) nó (v) den Rialachán Airgeadais, má dhéantar foráil maidir leis sa chomhaontú ranníocaíochta agus ina riachtanais oibríochtúla shonracha nó má éilítear sin i ngeall ar an gcineál gníomhaíochta.

2.  Ní bheidh feidhm ag na rialacha arna leagan amach faoin Teideal seo maidir le gníomhaíochtaí díreacha a dhéanann JRC.

Airteagal 14

Gníomhaíochtaí incháilithe agus prionsabail eiticiúla

1.  Gan dochar do mhíreanna 2 ▌den Airteagal seo, ní bheidh ach gníomhaíochtaí lena gcuirtear na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 chun feidhme incháilithe chun cistiú a fháil.

Ní chuirfear maoiniú ar fáil i gcomhair na réimsí taighde seo a leanas:

(a)  gníomhaíochtaí taighde arb é is aidhm leo daoine a chlónáil chun críocha atáirgthe;

(b)  gníomhaíocht taighde arb é is aidhm leo oidhreacht ghéiniteach daoine a athrú ar bhealach go bhféadfadh athruithe den sórt sin teacht in oidhreacht(26);

(c)  gníomhaíochtaí taighde arb é is aidhm leo suthanna daonna a chruthú chun críche taighde a dhéanamh agus chun na críche sin amháin, nó chun gaschealla a sholáthar, lena n-áirítear trí aistriú núicléas cille sómaí.

2.  D’fhéadfaí maoiniú a sholáthar le haghaidh taighde ar ghaschealla daonna, idir ghaschealla daoine fásta agus ghaschealla suthacha, ag brath ar inneachar an togra eolaíochta agus ar chreat dlíthiúil an Bhallstáit lena mbaineann. Ní dheonófar, laistigh den Aontas ná lasmuigh de, aon chistiú le haghaidh gníomhaíochtaí taighde a bhfuil toirmeasc orthu sna Ballstáit uile. Ní dhéanfar cistiú le haghaidh aon ghníomhaíocht i mBallstát ina mbeidh gníomhaíocht den chineál sin toirmiscthe.

Airteagal 15

Eitic(27)

1.  Comhlíonfaidh gníomhaíochtaí a dhéanfar faoin gClár prionsabail eiticiúla agus reachtaíocht ábhartha náisiúnta, reachtaíocht ábhartha de chuid an Aontais agus reachtaíocht ábhartha idirnáisiúnta, lena n-áirítear Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus a Phrótacail Fhorlíontacha.

Tabharfar aird faoi leith ar phrionsabal na comhréireachta, ar an gceart chun príobháideachta, ar an gceart chun cosaint sonraí pearsanta, ar an gceart chun shláine fisicí agus intinne an duine, ar an gceart chun neamh-idirdhealaithe, agus ar an ngá atá le cosaint an chomhshaoil agus ardleibhéil chosanta ar shláinte an duine a áirithiú.

2.  Soláthróidh na heintitis a bheidh rannpháirteach sa ghníomhaíocht an méid seo a leanas:

(a)  féinmheasúnú eitice lena sainaithneofar agus lena sonrófar na saincheisteanna intuartha eitice ar fad a bhaineann leis an gcuspóir, leis an gcur chun feidhme agus leis an tionchar is dócha a bheidh ag na gníomhaíochtaí a bheidh le cistiú, lena n-áirítear deimhniú ar chomhlíonadh mhír 1, agus tuairisc ar an dóigh a dhéanfar é sin a áirithiú;

(b)  deimhniú go gcomhlíonfaidh na gníomhaíochtaí an Cód Iompair Eorpach maidir leis an tSláine Taighde arna fhoilsiú ag Acadaimh Uile na hEorpa agus nach seolfar aon cheann de na gníomhaíochtaí atá eisiata ó chistiúchán;

(c)  maidir le gníomhaíochtaí a dhéantar taobh amuigh den Aontas, deimhniú go gceadófaí na gníomhaíochtaí céanna i mBallstát; agus

(d)  maidir le gníomhaíochtaí a bhainfidh úsáid as gaschealla suthacha daonna, de réir mar is iomchuí, sonraí faoi bhearta ceadúnaithe agus rialaithe a dhéanfaidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann mar aon le sonraí faoi na formheasanna eitice a gheofar sula gcuirfear tús leis na gníomhaíochtaí lena mbaineann.

3.  Déanfar tograí a scagthástáil go córasach chun na gníomhaíochtaí sin a ardaíonn saincheisteanna tromchúiseacha eitice nó casta a shainaithint agus iad a chur faoi mheasúnú eitice. Is é an Coimisiún a dhéanfaidh an measúnú eitice mura ndéantar é a tharmligean do chomhlacht cistiúcháin. Maidir le gníomhaíochtaí a bhfuil baint acu le gaschealla suthacha daonna nó suthanna daonna a úsáid, beidh measúnú eitice éigeantach. Déanfar scagthástáil agus measúnuithe le tacaíocht ó shaineolaithe eitice. Déanfaidh an Coimisiún agus na comhlachtaí cistiúcháin trédhearcacht na nósanna imeachta eitice a áirithiú gan dochar do rúndacht inneachar an nós imeachta.

4.  Na heintitis atá rannpháirteach sa ghníomhaíocht, gheobhaidh siad gach formheas nó gach doiciméad éigeantach eile ó na coistí ábhartha eitice náisiúnta agus áitiúla nó ó chomhlachtaí eile amhail údaráis cosanta sonraí sula gcuirfear tús leis na gníomhaíochtaí ábhartha. Coinneofar na doiciméid sin ar taifead agus tabharfar don Choimisiún iad arna iarraidh sin.

5.  Más iomchuí, déanfaidh an Coimisiún nó comhlacht cistiúcháin seiceálacha eitice. I gcás saincheisteanna eitice tromchúiseacha nó casta, is é an Coimisiún a dhéanfaidh na seiceálacha muna ndéantar é a tharmligean do chomhlacht cistiúcháin.

Déanfar seiceálacha eitice le tacaíocht ó shaineolaithe eitice.

6.  Na gníomhaíochtaí nach gcomhlíonann na ceanglais eiticiúla dá dtagraítear i míreanna 1 go 4 agus, dá bhrí sin, nach mbeidh inghlactha ó thaobh eitice dedéanfar, dá bhrí sin, iad a dhiúltú nó a fhoirceannadh a luaithe a bheidh an neamh-inghlacthacht eitice suite.

Airteagal 16

Slándáil

1.  Na gníomhaíochtaí a dhéantar faoin gclár, comhlíonfaidh siad na rialacha slándála is infheidhme agus go háirithe rialacha maidir le cosaint sonraí rúnaicmithe ar nochtadh neamhúdaraithe, lena n-áirítear aon dlí náisiúnta is ábhartha nó aon dlí an Aontais is ábhartha a chomhlíonadh. I gcás taighde a dhéantar lasmuigh den Aontas a úsáideann agus/nó a ghineann faisnéis rúnaicmithe, is gá, sa bhreis ar na ceanglais sin a chomhlíonadh, go ndéanfar comhaontú maidir le slándáil a thabhairt i gcrích idir an tAontas agus an tríú tír ina seoltar an taighde.

2.  I gcás inarb iomchuí, áireofar ar na tograí sin féinmheasúnú slándála lena sainaithneofar aon saincheisteanna slándála agus lena sonrófar an dóigh a dtabharfar aghaidh ar na saincheisteanna sin chun an dlí náisiúnta agus Aontais is ábhartha a chomhlíonadh.

3.  I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin grinnscrúdú slándála maidir le tograí a bhfuil saincheisteanna slándála ag baint leo.

4.  I gcás inarb iomchuí, déanfaidh na gníomhaíochtaí Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 agus a rialacha cur chun feidhme a chomhlíonadh.

5.  Na heintitis a bheidh rannpháirteach sa ghníomhaíocht, áiritheoidh siad go dtabharfar cosaint ar nochtadh neamhúdaraithe aon fhaisnéis rúnaicmithe a úsáidtear leis an ngníomhaíocht agus/nó a ghintear leis an ngníomhaíocht. Soláthróidh siad cruthúnas ar imréiteach pearsanta slándála agus/nó imréiteach slándála saoráide ó na húdaráis slándála naisiúnta is ábhartha, sula gcuirfear tús leis na gníomhaíochtaí lena mbaineann.

6.  Más rud é go mbeidh ar shaineolaithe seachtracha déileáil le faisnéis rúnaicmithe, beidh gá le himréiteach slándála iomchuí sula gceapfar na saineolaithe sin.

7.  I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin seiceálacha slándála a dhéanamh.

▌Gníomhaíochtaí nach gcomhlíonfaidh na rialacha slándála faoin Airteagal seo, féadfar iad a dhiúltú nó a fhoirceannadh tráth ar bith.

CAIBIDIL II

Deontais

Airteagal 17

Deontais

Dámhfar agus bainisteofar deontais faoin gClár i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán Airgeadais, mura sonraítear a mhalairt sa Chaibidil seo.

Airteagal 18

Eintitis is incháilithe le haghaidh rannpháirtíochta

1.  Féadfaidh aon eintiteas dlítheanach, gan beann ar a áit bhunaíochta, lena n-áirítear eintitis dhlítheanacha as tríú tíortha neamhchomhlachaithe, nó aon eagraíocht idirnáisiúnta a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí faoin gClár ar choinníoll go mbeidh na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo mar aon le haon choinníoll a leagtar síos sa chlár oibre nó sa ghlao comhlíonta.

2.  Beidh eintitis mar chuid de chuibhreannas a mbeidh ar a laghad trí cinn d’eintitis dhlítheanacha neamhspleácha san áireamh ann agus gach ceann acu bunaithe i mBallstát nó tír chomhlachaithe éagsúil agus ar a laghad ceann amháin acu bunaithe i mBallstát, mura rud é:

(a)  go bhforáiltear dá mhalairt leis an gclár oibre, má tá údar cuí leis;

3.  Maidir le gníomhaíochtaí taighde ar thús cadhnaíochta de chuid na Comhairle Eorpaí um Thaighde (ERC), gníomhaíochtaí na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí (EIC), gníomhaíochtaí oiliúna agus soghluaiseachta nó gníomhaíochtaí comhchistiúcháin cláir, féadfaidh eintiteas dlítheanach amháin nó níos mó iad a chur chun feidhme, ach ní mór ceann amháin díobh a bheith bunaithe i mBallstát nó tír chomhlachaithe ar bhonn comhaontú arna thabhairt i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 12.

4.  Féadfaidh eintiteas dlítheanach amháin nó níos mó, a d’fhéadfadh a bheith bunaithe i mBallstát, i dtír chomhlachaithe nó i dtríú tír, gníomhaíochtaí comhordaithe agus tacaíochta a chur chun feidhme

5.  I gcás gníomhaíochtaí a bhaineann le sócmhainní straitéiseacha, leasanna, uathrialachas nó slándáil an Aontais, féadfar a fhoráil sa chlár oibre go mbeidh rannpháirtíocht teoranta d’eintitis dhlítheanacha atá bunaithe sna Ballstáit amháin, nó do na heintitis dhlítheanacha sin atá bunaithe i dtíortha comhlachaithe áirithe nó i dtríú tíortha eile maille leis na Ballstáit.

6.  I gcás inarb iomchuí agus ina bhfuil údar cuí leis, féadfar foráil a dhéanamh sa chlár oibre maidir le critéir incháilitheachta sa bhreis orthu sin a leagtar amach i míreanna 2, 3, 4, agus 5 de réir ceanglais shonracha beartais nó de réir chineál agus chuspóirí na gníomhaíochta, lena n-áirítear líon na n-eintiteas dlítheanach, cineál an eintitis dhlítheanaigh agus an áit bhunaíochta.

7.  Maidir le gníomhaíochtaí a bhaineann leas as méideanna faoi Airteagal 11, beidh siad teoranta d’eintiteas dlítheanach amháin arna bhunú i ndlínse an Údaráis Bhainistithe a dhéanann an tarmligean, seachas mura gcomhaontaítear a mhalairt leis an Údarás Bainistíochta agus má dhéantar foráil maidir leis sa chláir oibre.

8.  I gcás ina léirítear sin sa chlár oibre, féadfaidh JRC a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí.

9.  JRC, eagraíochtaí taighde Eorpacha idirnáisiúnta agus eintitis dhlítheanacha arna gcruthú faoi dhlí an Aontais, measfar iad a bheith bunaithe i mBallstát nach ionann é agus na Ballstáit ina bhfuil na heintitis dhlítheanacha eile a bheidh rannpháirteach sa ghníomhaíocht bunaithe.

10.  I gcás gníomhaíochtaí taighde ar thús cadhnaíochta an eolais, gníomhaíochtaí oiliúna agus soghluaiseachta de chuid na Comhairle Eorpaí um Thaighde (ERC) agus, nuair a fhoráiltear dóibh sa chlár oibre, eagraíochtaí idirnáisiúnta a bhfuil a gceanncheathrú acu i mBallstát nó i dtír chomhlachaithe, measfar iad a bheith bunaithe sa Bhallstát sin nó sa tír chomhlachaithe sin.

Maidir le codanna eile den Chlár, measfar eagraíochtaí idirnáisiúnta seachas eagraíochtaí taighde Eorpacha idirnáisiúnta a bheith bunaithe i dtríú tír neamhchomhlachaithe.

Airteagal 19

Eintitis is incháilithe le haghaidh cistiúcháin

1.   Tá eintitis incháilithe le haghaidh cistiúcháin má tá siad bunaithe i mBallstát nó i dtír chomhlachais amhail dá dtagraítear in Airteagal 12.

Maidir le gníomhaíochtaí a bhaineann leas as méideanna faoi Airteagal 11(3), is iad na heintitis atá bunaithe i ndlínse an Údaráis Bhainistíochta a dhéanann an tarmligean, agus na heintitis sin amháin, a bheidh incháilithe le haghaidh cistiúcháin as na méideanna sin.

1b.  D’fhéadfadh tíortha ísealioncaim go meánioncaim agus, go heisceachtúil, tríú tíortha neamhchomhlachaithe, a bheith incháilithe le haghaidh cistiúcháin i ngníomhaíocht ar choinníoll:

(a)  go sainaithnaítear an tríú tír sa chláir oibre arna ghlacadh ag an gCoimisiún; agus

(b)  go measann an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin go bhfuil a rannpháirtíocht ríthábhachtach chun an ghníomhaíocht a chur chun feidhme;

2.  Ba cheart d’eintitis dhlítheanacha atá bunaithe i dtríú tír neamhchomhlachaithe eile ▌ costais a rannpháirtíochta a iompar. Féadfar comhaontuithe taighde agus nuálaíochta idir na tríú tíortha neamhchomhlachaithe sin agus an tAontas a dhéanamh aon uair a mheasfar iad a bheith úsáideach, agus féadfar sásra cómhaoinithe cosúil leis na cinn arna gcomhaontú laistigh de ‘Fís 2020’ a bhunú. Áiritheoidh na tíortha sin rochtain chómhalartach d’eintitis dhlítheanacha de chuid an Aontais ar chláir chistithe RDI na dtíortha sin, chomh maith le cómhalartacht maidir le rochtain oscailte ar thorthaí agus sonraí eolaíocha agus ar théarmaí córa agus cothromasacha maidir le cearta maoine intleachtúla.

3.  Tá eintitis incháilithe le haghaidh cistiúcháin i ngníomhaíocht má tá siad bunaithe i mBallstát, i dtír chomhlachais ▌.

3a.  Tuairisceoidh an Coimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle agus sonrófar sa tuarascáil, maidir le gach tríú tír neamhchomhlachaithe, méid ranníocaíochtaí airgeadais an Aontais arna sholáthar do na heintitis rannpháirteacha agus méid na ranníocaíochtaí airgeadais arna sholáthar ag an tír chéanna sin d’eintitis an Aontais atá rannpháirteach ina ngníomhaíochtaí.

Airteagal 20

Glao ar thograí

1.  ▌Déanfar inneachar na nglaonna ar thograí le haghaidh gach gníomhaíochta a chur san áireamh sa chlár oibre.

3.  Más gá chun a gcuspóirí a ghnóthú, féadfar, i gcásanna eisceachtúla, srian a chur ar ghlaonna chun gníomhaíochtaí breise a fhorbairt nó chun comhpháirtithe breise a chur le gníomhaíochtaí atá ann cheana. Sa bhreis air sin, féadfar a fhoráil leis an gclár oibre go bhféadfadh eintitis dhlítheanacha ó Bhallstáit ar íseal a bhfeidhmíocht sa taighde agus sa nuálaíocht páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí comhoibríocha T&N atá roghnaithe cheana, ach é sin faoi réir chomhaontú a fháil ón gcuibhreannas lena mbaineann agus ar choinníoll nach bhfuil eintitis dhlítheanacha ó na Ballstáit sin rannpháirteach ann cheana féin.

4.   Níl glao ar thograí de dhíth le haghaidh gníomhaíochtaí comhordaithe agus tacaíochta nó gníomhaíochtaí comhchistiúcháin cláir, más amhlaidh:

(a)  go bhfuil siad le déanamh ag JRC nó eintitis dhlítheanacha a shainaithnítear sa chlár oibre; agus

(b)  nach dtagann siad faoi raon feidhme glao ar thograí, i gcomhréir le Airteagal 195(e) den Rialachán Airgeadais.

5.   Saineoidh an clár oibre glaonna a mbeidh “Séalaí Barr Feabhais” á ndámhachtain ina leith. Le réamhúdarú ón iarratasóir, féadfar faisnéis a bhaineann leis an iarratas agus leis an meastóireacht a chomhroinnt le húdaráis mhaoinithe leasmhara, faoi réir comhaontuithe rúndachta a bheith tugtha i gcrích.

Airteagal 21

Glaonna comhpháirteacha

Féadfaidh an Coimisiún nó comhlacht maoinithe glao comhpháirteach ar thograí a eisiúint i gcomhar leo seo a leanas:

(a)  tríú tíortha, lena n-áirítear eagraíochtaí nó gníomhaireachtaí eolaíochta agus teicneolaíochta na dtíortha sin;

(b)  eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(c)  eintitis dhlítheanacha neamhbhrabúsacha.

I gcás glao comhpháirteach, beidh na ceanglais faoi Airteagal 18 den Rialachán seo á gcomhlíonadh ag iarratasóirí agus bunófar nósanna imeachta comhpháirteacha le haghaidh tograí a roghnú agus meastóireacht a dhéanamh orthu. Beidh baint ag sainghrúpa comhardaithe leis na nósanna imeachta, arna cheapadh ag gach comhpháirtí.

Airteagal 22

Soláthar réamhthráchtála agus soláthar réiteach nuálaíoch

1.  Féadfaidh soláthar réamhthráchtála nó soláthar poiblí réiteach nuálaíoch a bheith i gceist le nó mar phríomhaidhm ag gníomhaíochtaíarna ndéanamh ag tairbhithe ar údaráis chonarthacha nó eintitis chonarthacha iad mar a shainítear i dTreoir 2014/24/AE(28), i dTreoir 2014/25/AE(29) agus i dTreoir 2009/81/EC(30).

2.  Na nósanna imeachta maidir le soláthar:

(a)  comhlíonfaidh siad prionsabail na trédhearcachta, an neamh-idirdhealaithe, na córa comhionainne, na bainistíochta fónta airgeadais, na comhréireachta agus rialacha iomaíochta;

(b)  maidir le soláthar réamhthráchtála, i gcás inarb iomchuí agus gan dochar do na prionsabail a áirítear i bpointe (a), féadfaidh siad úsáid a bhaint as nós imeachta simplithe agus/nó brostaithe agus féadfaidh siad foráil a dhéanamh maidir le coinníollacha sonracha amhail ionad feidhmíochta na ngníomhaíochtaí arna soláthar a bheith teoranta do chríoch na mBallstát agus na dTíortha Comhlachais.

(c)  féadfaidh siad dámhachtain conarthaí iolracha a údarú laistigh den nós imeachta céanna (ilfhoinsiú); agus

(d)  déanfaidh siad foráil maidir le dámhachtain na gconarthaí ar an táirgeoir/na táirgeoirí lena dtugtar an luach airgid is fearr agus a áirithiú nach bhfuil aon choinbhleacht leasa ann san am céanna.

3.  An conraitheoir a ghinfidh na torthaí agus é i mbun soláthair réamhthráchtála, beidh, ar a laghad, na cearta maoine intleachtúla gaolmhara faoina úinéireacht. Teachtfaidh na húdaráis chonarthacha, ar a laghad, cearta rochtana saor ó ríchíosanna ar na torthaí le haghaidh a n-úsáide féin agus an ceart chun ceadúnais neamheisiacha a dheonú do thríú páirtithe, nó an ceart ceangal a chur ar chonraitheoirí rannpháirteacha iad a dheonú, chun na torthaí a shaothrú ar mhaithe leis an údarás conarthach faoi choinníollacha córa agus réasúnacha gan aon cheart a bheith ag na tríú páirtithe sin focheadúnas a dheonú. Má mhainníonn conraitheoir na torthaí a shaothrú ar bhonn tráchtála laistigh de thréimhse shocraithe tar éis an tsoláthair réamhthráchtála mar a shainaithnítear é sa chonradh, féadfaidh na húdaráis chonarthacha, tar éis dul i gcomhairle leis an gconraitheoir maidir le cén fáth nach ndearnadh an saothrú sin, a cheangal air aon úinéireacht ar na torthaí a aistriú chuig na húdaráis chonarthacha.

Airteagal 24

Acmhainneacht airgeadais iarratasóirí

1.  Sa bhreis ar na heisceachtaí a luaitear in Airteagal 198(5) den Rialachán Airgeadais, ní dheimhneofar an acmhainneacht airgeadais ach le haghaidh an chomhordaitheora amháin agus sa chás amháin go bhfuil an cistiú arna iarraidh ón Aontas le haghaidh na gníomhaíochta comhionann le nó níos mó ná EUR 500 000.

2.  Má tá forais ann, áfach, le bheith in amhras faoin acmhainneacht airgeadais nó má tá riosca níos mó ann de dheasca na rannpháirtíochta i roinnt gníomhaíochtaí atá á reáchtáil go fóill arna gcistiú ag cláir taighde agus nuálaíochta de chuid an Aontais, déanfaidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin acmhainneacht airgeadais iarratasóirí eile nó comhordaitheoirí atá faoi bhun na tairsí dá dtagraítear i mír 1 a fhíorú freisin.

3.  Más rud é go ndéanfaidh eintiteas dlítheanach eile an acmhainneacht airgeadais a ráthú go struchtúrach, déanfar acmhainneacht airgeadais an eintitis dhlítheanaigh eile seo a fhíorú.

4.  I gcás ina bhfuil acmhainneacht airgeadais lag ann, féadfaidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin coinníoll a leagan síos maidir le rannpháirtíocht an iarratasóra trí cheangal a chur air dearbhú a sholáthar maidir le dliteanas comhpháirteach agus leithleach ó eintiteas cleamhnaithe.

5.  An ranníocaíocht leis an Sásra Árachais Fhrithpháirtigh arna leagan amach in Airteagal 33, measfar gur ráthú leordhóthanach é faoi Airteagal 152 den Rialachán Airgeadais. Ní fhéadfar ráthú nó urrús breise a ghlacadh ó thairbhithe nó a fhorchur orthu.

Airteagal 25

Critéir dhámhachtana agus roghnaithe

1.  Déanfar meastóireacht ar thogra ar bhonn na gcritéar dámhachtana seo a leanas:

(a)  barr feabhais;

(b)  tionchar;

(c)  cáilíocht agus éifeachtúlacht an chur chun feidhme.

2.  Ní bheidh feidhm ach ag an gcritéar dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 maidir le tograí le haghaidh gníomhaíochtaí taighde ar thús cadhnaíochta a dhéanfaidh ERC.

3.  Leagfar síos sa chlár oibre tuilleadh sonraí maidir le cur i bhfeidhm na gcritéar dámhachtana a leagtar síos i mír 1, lena n-áirítear aon ualú, tairseacha agus, i gcás inarb ábhartha, rialacha maidir le deileáil le tograí ex-aequo, agus cuspóirí an ghlao ar thograí á gcur san áireamh. Féadfar na critéir seo a leanas, ach gan a bheith teoranta dóibh, a áireamh ar na coinníollacha maidir le déileáil le tograí ex-aequo: FBManna, inscne, an éagsúlacht gheografach.

3a.  Déanfaidh an Coimisiún agus na comhlachtaí cistiúcháin eile an fhéidearthacht go mbeadh nós imeachta tíolactha dhá chéim ann a chur san áireamh agus, i gcás inarb iomchuí, féadfar meastóireacht a dhéanamh ar thograí i ndíth ainm le linn na chéad chéime den mheastóireacht bunaithe ar cheann amháin nó níos mó de na critéir dhámhachtana dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 26

Meastóireacht

1.  Déanfaidh an coiste meastóireachta, a bheidh comhdhéanta de shaineolaithe neamhspleácha seachtracha, meastóireacht ar thograí.

Le haghaidh ghníomhaíochtaí EIC, misean agus i gcásanna a bhfuil udar cuí leo mar a leagtar amach sa chlár oibre arna ghlacadh ag an gCoimisiún, d’fhéadfadh sé go mbeidh an coiste meastóireachta comhdhéanta go páirteach nó, i gcás gníomhaíochtaí comhordúcháin agus tacaíochta, go hiomlán nó go páirteach, d’ionadaithe institiúidí nó comhlachtaí de chuid an Aontais amhail dá dtagraítear in Airteagal 150 den Rialachán Airgeadais.

Féadfaidh breathnóirí neamhspleácha an próiseas meastóireachta a leanúint.

2.  I ngach cás inarb infheidhme, déanfaidh an coiste meastóireachta na tograí a bhfuil na tairseacha is infheidhme bainte amach acu a aicmiú, dá réir seo a leanas:

(a)   na scóir mheastóireachta,

(b)   a mhéid a rannchuidíonn siad le cuspóirí sonracha beartais a bhaint amach, lena n-áirítear bunú punainne comhsheasmhaí tionscadal eadhon tionscadail maidir le gníomhaíochtaí threo-aimsitheoir EIC, misin agus, i gcásanna eile a bhfuil údar cuí leo mar a leagtar amach go mionsonrach sa chlár oibre arna ghlacadh ag an gCoimisiún.

Maidir le gníomhaíochtaí EIC, misin agus, i gcásanna eile a bhfuil údar cuí leo mar a leagtar amach sa chlár oibre arna ghlacadh go mionsonrach ag an gCoimisiún, féadfaidh an coiste meastóireachta ▌coigeartuithe ar na tograí a mholadh a mhéid is gá sin ar mhaithe le comhsheasmhacht chur chuige na punainne. Beidh na coigeartuithe sin i gcomhréir leis na coinníollacha rannpháirtíochta agus cloífidh siad le prionsabal na córa comhionainne. Cuirfear Coiste an Chláir ar an eolas maidir le cásanna den sórt sin.

2a.  Ceapfar an próiseas meastóireachta chun coinbhleacht leasa agus claontacht a sheachaint. Déanfar trédhearcacht na gcritéar meastóireachta agus an mhodha fhéideartha scórála a ráthú.

3.  I gcomhréir le hAirteagal 200(7) den Rialachán Airgeadais, gheobhaidh na hiarratasóirí aiseolas ag gach céim den mheastóireacht agus, i gcás inarb infheidhme, na cúiseanna lena dhiúltú.

4.  Eintitis dhlítheanacha atá bunaithe i mBallstáit ar íseal a bhfeidhmíocht T&N agus a ghlac páirt ar bhealach sásúil sa chomhchuid ‘Rannpháirtíocht a leathnú agus Barr Feabhais a Chomhroinnt’, gheobhaidh siad, arna iarraidh sin, taifead den rannpháirtíocht sin a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil le tograí le haghaidh codanna comhoibríocha den chlár atá á gcomhordú acu.

Airteagal 27

An nós imeachta athbhreithnithe ar mheastóireacht, fiosruithe agus gearáin

1.  Féadfaidh an t-iarratasóir athbhreithniú ar mheastóireacht a iarraidh má mheasann sé nach bhfuil an nós imeachta meastóireachta is infheidhme curtha i bhfeidhm mar is ceart maidir lena thogra(31).

2.  Níl feidhm ag athbhreithniú meastóireachta ach amháin maidir le gnéithe nósanna imeachta den mheastóireacht, agus níl feidhm aige maidir le meastóireacht ar fhiúntais an togra.

2a.  Bainfidh iarratas ar athbhreithniú le togra sonrach agus tíolacfar é laistigh de 30 lá tar éis chur in iúl thorthaí na meastóireachta.

Tabharfaidh coiste athbhreithnithe meastóireachta tuairim ar ghnéithe nós imeachta, agus déanfaidh baill foirne de chuid an Choimisiúin nó de chuid an chomhlachta ábhartha cistiúcháin, ar baill foirne iad nach raibh baint acu leis an meastóireacht ar na tograí, cathaoirleacht air agus áireofar iad mar chomhaltaí air. Féadfaidh an coiste ceann acu seo a leanas a mholadh:

(a)  athmheastóireacht ar an togra, arna dhéanamh go príomha ag meastóirí nach raibh bainteach leis an meastóireacht roimhe sin;

(b)  an mheastóireacht tosaigh a dhearbhú.

3.  Ní chuirfidh an t-athbhreithniú meastóireachta moill ar phróiseas roghnúcháin le haghaidh tograí nach bhfuil faoi réir a n-athbhreithnithe.

3a.  Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh nós imeachta ann chun gur féidir le rannpháirtithe fiosruithe nó gearáin a dhéanamh faoina rannpháirtíocht in Fís Eorpach. Cuirfear ar fáil ar líne faisnéis maidir le conas fiosruithe nó gearáin a chlárú.

Airteagal 28

Am chun deontais a thabhairt

1.  De mhaolú ar an gcéad fhomhír d’Airteagal 194(2) den Rialachán Airgeadais, beidh feidhm ag na tréimhsí seo a leanas:

(a)  maidir leis na hiarratasóirí go léir a chur ar an eolas faoi mheastóireacht eolaíoch ar a n-iarratais, beidh uastréimhse chúig mhí ann ón dáta deiridh chun na tograí iomlána a thíolacadh;

(b)  maidir le comhaontuithe deontais a shíniú le hiarratasóirí, beidh uastréimhse ocht mí ann ón dáta deiridh le haghaidh tograí iomlána a thíolacadh.

2.  Féadfaidh an clár oibre ▌ tréimhsí níos giorra a leagan síos.

3.  De bhreis ar na heisceachtaí a leagtar síos sa dara fomhír d’Airteagal 194(2) den Rialachán Airgeadais, féadfar dul thar na dtréimhsí dá dtagraítear i mír 1 maidir le gníomhaíochtaí ERC, maidir le misin agus nuair a chuirfear gníomhaíochtaí faoi mheasúnú eitice nó slándála.

Airteagal 29

Cur chun feidhme an deontais

1.  Más rud é nach gcomhlíonfaidh an tairbhí a oibleagáidí maidir le cur chun feidhme teicniúil na gníomhaíochta, comhlíonfaidh na tairbhithe eile na hoibleagáidí sin gan aon chistiúchán breise ón Aontas, mura rud é go bhfuil siad saortha go sainráite ón oibleagáid sin. Beidh freagracht airgeadais gach tairbhí teoranta dá fhiacha féin, faoi réir na bhforálacha a bhaineann leis an Sásra Árachais Fhrithpháirtigh.

2.  Féadfaidh an comhaontú deontais garspriocanna agus tráthchodanna a bhaineann le réamh-mhaoiniú a leagan síos. Mura mbaintear na garspriocanna amach, féadfar an ghníomhaíocht a fhionraí, a leasú nó, má tá údar cuí leis, a fhoirceannadh.

3.  Féadfar an ghníomhaíocht a fhoirceannadh freisin más amhlaidh nach bhfuil na torthaí a bhfuiltear ag dréim leo ábhartha a thuilleadh maidir leis an Aontas de dheasca cúiseanna eolaíocha teicneolaíocha, nó i gcás luasaire EIC de dheasca cúiseanna eacnamaíocha freisin, nó i gcás EIC agus i gcás misean, de dheasca a ábharthacht mar chuid de phunann gníomhaíochtaí. Déanfaidh an Coimisiún, in éineacht leis an gcomhordaitheoir gníomhaíochta agus, más iomchuí, le saineolaithe seachtracha, nós imeachta a leanúint sula gcinnfidh sé an ghníomhaíocht a fhoirceannadh i gcomhréir le Airteagal 133 den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 29a

Comhaontú Deontais Samplach

1.  Déanfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, comhaontuithe deontais samplacha a tharraingt suas idir an Coimisiún nó an comhlacht ábhartha cistiúcháin agus na tairbhithe, i gcomhréir leis an Rialachán seo. Má tá gá le modhnú suntasach ar chomhaontú deontais samplach, inter alia i bhfianaise tuilleadh simplithe do na tairbhithe, déanfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, é a athbhreithniú de réir mar is iomchuí.

2.  Bunófar leis an gcomhaontú deontais cearta agus oibleagáidí na dtairbhithe, agus cearta an Choimisiúin nó an chomhlachta cistiúcháin ábhartha i gcomhréir leis an Rialachán seo. Bunófar leis, freisin, cearta agus oibleagáidí na n-eintiteas dlítheanach a ndéanfar tairbhithe díobh le linn chur chun feidhme na gníomhaíochta, chomh maith le ról agus cúraimí comhordaitheora cuibhreannais.

Airteagal 30

Rátaí cistiúcháin

1.  Beidh feidhm ag ráta cistiúcháin aonair in aghaidh na gníomhaíochta maidir le gach gníomhaíocht arna cistiú aige. Socrófar an t-uasráta in aghaidh na gníomhaíochta sa chlár oibre.

2.  Leis an gClár, féadfar suas le 100 % de chostais incháilithe gníomhaíochta a aisíoc, seachas:

(a)  gníomhaíochtaí nuálaíochta: suas le 70 % de na costais iomlána incháilithe, seachas eintitis dlítheanacha neamhbhrabúis, i gcás ina bhféadfaidh an Clár suas le 100 % de na costais iomlána incháilithe a aisíoc;

(b)  gníomhaíochtaí comhchistithe an Chláir: ar a laghad 30 % de na costais iomlána incháilithe, agus i gcásanna sainaitheanta agus cásanna a bhfuil údar cuí leo, suas le 70 %.

3.  Beidh feidhm freisin ag na rátaí maoinithe a chinntear san Airteagal seo maidir le gníomhaíochtaí ina bhfuil an ráta comhréidh, an t-aonad costais nó maoiniú cnapshuime socraithe don ghníomhaíocht ar fad nó do chuid de.

Airteagal 31

Costais indíreacha

1.  Cinnfear costais incháilithe indíreacha trí ráta comhréidh 25 % de na costais incháilithe dhíreacha iomlána a chur i bhfeidhm, seachas na costais incháilithe dhíreacha le haghaidh fochonraitheoireachta, tacaíocht airgeadais do thríú páirtithe agus aon chostais aonaid nó cnapshuimeanna a bhfuil costais indíreacha san áireamh leo.

I gcás inarb iomchuí, na costais atá san áireamh i gcostais aonaid nó i gcnapshuimeanna, déanfar iad a ríomh leis an ráta comhréidh arna leagan amach i mír 1, seachas costais aonaid le haghaidh earraí agus seirbhísí a ghearradh ar an sonrasc go hinmheánach a ríomhfar ar bhonn na gcostas iarmhír, i gcomhréir le gnáthchleachtas cuntasaíochta chostála na dtairbhithe.

2.  Má dhéantar foráil maidir leis sa chlár oibre, áfach, féadfar costais indíreacha a dhearbhú i bhfoirm cnapshuime nó i bhfoirm costas aonaid.

Airteagal 32

Costais incháilithe

1.  De bhreis ar na critéir a leagtar amach in Airteagal 186 den Rialachán Airgeadais, i gcás tairbhithe ar luach saothair de réir tionscadail é a luach saothair, tá costais phearsanra incháilithe suas go dtí0 an luach saothair a d’íocfaí leis an duine as obair i dtionscadail T&N arna maoiniú le scéimeanna náisiúnta, lena n-áirítear muirir slándála sóisialta agus costais eile a bhaineann le luach saothair phearsanra a shanntar don ghníomhaíocht, mar a eascraíonn as an dlí náisiúnta nó as an gconradh fostaíochta.

Ciallaíonn luach saothair de réir tionscadail luach saothair atá nasctha le rannpháirtíocht duine i dtionscadail, agus is cuid é de ghnáthchleachtais an tairbhí maidir le luach saothair agus go n-íoctar é ar dhóigh chomhsheasmhach.

2.  De mhaolú ar Airteagal 190(1) den Rialachán Airgeadais, na costais acmhainní a chuireann tríú páirtithe ar fáil trí bhíthin ranníocaíochtaí comhchineáil, beidh siad incháilithe, suas le costais incháilithe dhíreacha an tríú páirtí.

3.  De mhaolú ar Airteagal 192 den Rialachán Airgeadais, aon ioncam a ghintear trí na torthaí a shaothrú, ní mheasfar é a bheith mar fháltas na gníomhaíochta.

3a.  Féadfaidh tairbhithe a ngáthchleachtais chuntasaíochta a úsáid chun na costais arna dtabhú i ndáil le gníomhaíocht a shainaithint agus a dhearbhú i gcomhréir leis na téarmaí agus coinníollacha uile a leagtar amach sa chomhaontú deontais, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le hAirteagal 186 den Rialachán Airgeadais.

4.  De mhaolú ar Airteagal 203(4) den Rialachán Airgeadais, beidh dearbhú maidir leis na ráitis airgeadais éigeantach tráth a íocfar an t-iarmhéid, más rud é go bhfuil an méid arna éileamh mar chostais iarbhír agus na costais aonaid arna ríomh i gcomhréir le gnáthchleachtais chuntasaíochta costála comhionann le nó níos mó ná EUR 325 000.

Deimhnithe maidir le ráitis airgeadais, féadfaidh iniúchóir seachtrach formheasta iad a tháirgeadh nó, i gcás comhlachtaí poiblí, féadfaidh oifigeach poiblí inniúil agus neamhspleách iad a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 203, mír 4 den Rialachán Airgeadais.

4a.  I gcás inarb iomchuí, le haghaidh oiliúint MSCA agus deontais soghluaisteachta, tabharfar aird chuí sa ranníocaíocht AE ar aon chostas breise ar an tairbhí, ar costais iad a bhaineann le saoire mháithreachais nó tuismitheora, le saoire bhreoiteachta, le saoire speisialta nó le hathrú ar eagraíocht óstach earcaíochta nó ar stádas teaghlaigh taighdeora le linn shaolré an chomhaontaithe deontais.

4b.  Beidh costais a bhaineann le rochtain oscailte, lena n-áirítear pleananna bainistíochta sonraí, incháilithe le haghaidh aisíocaíochta mar a fhoráiltear tuilleadh sa chomhaontú deontais.

Airteagal 33

Sásra Árachais Fhrithpháirtigh

1.  Déantar leis seo Sásra Árachais Fhrithpháirtigh (an ‘Sásra’) a bhunú agus glacfaidh sé ionad an chiste arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 38 de Rialachán (AE) Uimh. 1290/2013, agus tiocfaidh sé i gcomharbacht ar an gciste sin. Leis an Sásra, cumhdófar an riosca a ghabhann le neamhghnóthú suimeanna atá ag na tairbhithe:

(a)  don Choimisiún faoi Chinneadh Uimh. 1982/2006/CE,

(b)  don Choimisiún agus do chomhlachtaí an Aontais faoi “Fís 2020”,

(c)  don Choimisiún agus do chomhlachtaí cistiúcháin faoin gClár.

Féadfar cumhdach an riosca maidir le comhlachtaí cistiúcháin dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír a chur chun feidhme trí chóras cumhdaigh indíreach arna leagan amach sa chomhaontú is infheidhme agus cineál an chomhlachta chistiúcháin á chur san áireamh.

2.  Is é an tAontas, a ndéanfaidh an Coimisiún ionadaíocht dó ina cháil mar ghníomhaire feidhmiúcháin, a bhainisteoidh an Sásra. Leagfaidh an Coimisiún amach rialacha sonracha le haghaidh oibríocht an tSásra.

3.  Déanfaidh tairbhithe ranníocaíocht 5 % de chistiú an Aontais le haghaidh na gníomhaíochta. Ar bhonn meastóireachtaí tréimhsiúla trédhearcacha, féadfaidh an Coimisiún an ranníocaíocht sin a mhéadú go dtí 8 % nó é a laghdú faoi bhun 5 %. Déanfar ranníocaíocht na dtairbhithe leis an Sásra a chúiteamh ón réamh-mhaoiniú tosaigh agus íocfar í leis an Sásra thar ceann na dtairbhithe, agus ní sháróidh an ranníocaíocht sin, in aon imthosca, méid an réamh-mhaoinithe tosaigh.

4.  Aisíocfar ranníocaíocht na dtairbhithe tráth a íocfar an t-iarmhéid.

5.  Cuirfear aon aisíoc a ghinfidh an Sásra ar ais leis an Sásra. Más rud é nach leor an t-aisíoc sin, ní dhéanfaidh an Sásra idirghabháil agus déanfaidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin aon mhéid atá dlite a ghnóthú go díreach ó thairbhithe nó ó thríú páirtithe.

6.  Ioncam atá sannta don Sásra de réir bhrí Airteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais a bheidh sna méideanna a dhéanfar a ghnóthú. A luaithe a bheidh na deontais ar fad a gcumhdaíonn an Sásra a riosca go díreach nó go hindíreach tugtha chun críche, gnóthóidh an Coimisiún suimeanna ar bith a bheidh fós gan íoc agus cuirfear isteach i mbuiséad an Aontais iad, faoi réir chinntí an údaráis reachtaigh.

7.  Féadfar an Sásra a leathnú amach chuig tairbhithe aon chlár eile de chuid an Aontais atá á bhainistiú go díreach. Glacfaidh an Coimisiún módúlachtaí le haghaidh rannpháirtíocht tairbhithe clár eile.

Airteagal 34

Úinéireacht agus cosaint

1.  Beidh úinéireacht ag tairbhithe ar aon toradh a ghinfidh siad. Maidir le haon cheart de chuid a bhfostaithe nó aon pháirtithe eile i ndáil leis na torthaí, áiritheoidh siad gur féidir iad a fheidhmiú ar dhóigh atá ag teacht le hoibleagáidí tairbhithe i gcomhréir leis na coinníollacha arna leagan síos sa chomhaontú deontais.

Beidh úinéireacht ag beirt thairbhithe nó níos mó ar na torthaí go comhpháirteach más rud é:

(a)  go bhfuil siad ginte acu go comhpháirteach; agus

(b)  nach féidir:

(i)  ranníocaíocht gach tairbhí ar leith a shíomh,

(ii)  iad a dhealú óna chéile nuair atá a gcosaint á hiarraidh, á fáil nó á coinneáil.

Tiocfaidh na comhúinéirí ar chomhaontú i scríbhinn maidir leis an leithdháileadh agus maidir le téarmaí fheidhmiú a n-úinéireachta comhpháirtí. Mura gcomhaontaítear a mhalairt sa Chomhaontú Cuibhreannais nó sa chomhaontú comhúinéireachta, féadfaidh gach comh-úinéir ceadúnais neamheisiacha a thabhairt do thríú páirtithe chun na torthaí faoi chomh-úinéireacht a shaothrú (gan aon cheart a bheith ann ar fhocheadúnas), má thugtar réamhfhógra agus cúiteamh cóir réasúnach do na comh-úinéirí eile. Féadfaidh na comh-úinéirí a chomhaontú i scríbhinn córas eile a chur i bhfeidhm seachas comh-úinéireacht.

2.  Na tairbhithe a bhfuil cistiú Aontais faighte acu, cosnóidh siad a dtorthaí go leormhaith más féidir iad a chosaint agus má tá údar cuí leis an gcosaint sin, agus gach ní ábhartha á chur san áireamh, lena n-áirítear féidearthachtaí maidir le saothrú tráchtála agus aon leasanna dlisteanacha eile. Nuair a dhéantar cinneadh maidir le cosaint, déanfaidh tairbhithe leasanna dlisteanacha tairbhithe eile sa ghníomhaíocht a mheas.

Airteagal 35

Saothrú agus leathadh

1.  Gach rannpháirtí a fuair cistiú ón Aontas, déanfaidh sé a dhícheall na torthaí ar leis iad a shaothrú, nó cuirfidh sé iad á saothrú ag eintiteas dlítheanach eile. Is féidir le tairbhithe an saothrú a dhéanamh go díreach nó is féidir é a dhéanamh go hindíreach go háirithe trína n-aistriú agus trí thorthaí a aistriú agus a cheadúnú i gcomhréir le hAirteagal 36.

Leis an gclár oibre, féadfar foráil a dhéanamh maidir le hoibleagáidí breise saothraithe.

Más rud é nach ndéantar aon saothrú faoi cheann tréimhse áirithe arna sainaithint sa chomhaontú deontais, d’ainneoin a dhícheall a bheith déanta ag tairbhí a thorthaí a shaothrú go díreach nó go hindíreach, úsáidfidh an tairbhí ardán iomchuí ar líne arna shainaithint sa chomhaontú deontais chun páirtithe a aimsiú chun na torthaí sin a shaothrú. Má tá údar cuí leis, bunaithe ar iarratas ó thairbhí, is féidir an oibleagáid sin a tharscaoileadh.

2.  A luaithe is indéanta, i bhformáid atá ar fáil go poiblí agus faoi réir aon sriain a bhaineann le cosaint maoine intleachtúla, le rialacha slándála nó le leasanna dlisteanacha ▌, déanfaidh tairbhithe na torthaí a leathadh a luaithe is féidir.

Leis an gclár oibre, féadfar foráil a dhéanamh maidir le hoibleagáidí breise leata, agus leasanna airgeadais agus eolaíochta an Aontais á gcoimirciú.

3.  Áiritheoidh tairbhithe go mbeidh feidhm ag rochtain oscailte maidir le foilseacháin eolaíochta faoi na téarmaí agus na coinníollacha arna leagan síos sa chomhaontú deontais. Go háirithe, áiritheoidh na tairbhithe go gcoinneoidh siad féin nó na húdair cearta maoine intleachtúla leordhóthanacha chun a gceanglais maidir le rochtain oscailte a chomhlíonadh.

Is é an riail ghinearálta a chuirfear i bhfeidhm faoi théarmaí agus coinníollacha arna leagan síos sa chomhaontú deontais go mbeidh rochtain oscailte ar shonraí taighde, á áirithiú go bhféadfadh sé go mbeadh eisceachtaí ann de réir an phrionsabail ‘a oscailte is féidir, a iata is gá’, agus leasanna dlisteanacha na dtairbhithe, lena n-áirítear saothrú tráchtála agus aon srianta eile, á gcur san áireamh, amhail rialacha maidir le cosaint sonraí, príobháideachas, rúndacht, rúin cheirde, leasanna iomaíochais an Aontais, rialacha maidir le slándáil nó cearta maoine intleachtúla.

Leis an gclár oibre, féadfar foráil a dhéanamh maidir le dreasachtaí nó oibleagáidí breise chun cleachtais i dtaca le heolaíocht oscailte a chomhlíonadh.

4.  Déanfaidh tairbhithe na sonraí taighde ar fad arna nginiúint i ngníomhaíocht de chuid Fís Eorpach a bhainistiú i gcomhréir le prionsabail FAIR agus i gcomhréir leis na téarmaí agus coinníollacha arna leagan síos sa chomhaontú deontais agus bunóidh siad Plean Bainistithe Sonraí.

Leis an gclár oibre, féadfar foráil a dhéanamh, i gcás ina bhfuil údar cuí leis, maidir le hoibleagáidí breise chun an Néal Eorpach maidir leis an Eolaíocht Oscailte (EOSC) a úsáid chun sonraí taighde a stóráil agus chun rochtain a thabhairt orthu.

5.  Na tairbhithe a bheartaíonn a gcuid torthaí a leathadh, tabharfaidh siad réamhfhógra do na tairbhithe eile sa ghníomhaíocht. Féadfaidh aon tairbhí eile agóid a dhéanamh in aghaidh an leata más féidir leis a léiriú go ndéanfadh an leathadh beartaithe dochar mór do leasanna dlisteanacha i ndáil lena thorthaí nó lena réamheolas. Sna cásanna sin, ní fhéadfar an ghníomhaíocht leata a dhéanamh mura ndéantar na bearta is gá chun na leasanna dlisteanacha sin a chosaint.

6.  Mura ndéantar foráil maidir lena mhalairt sa chlár oibre, áireofar sna tograí plean le haghaidh saothrú agus leathadh na dtorthaí. Más amhlaidh go ndéanfar táirge nó próiseas a fhorbairt, a chruthú, a mhonarú agus a chur ar an margadh nó seirbhís a chruthú nó a sholáthar mar chuid den saothrú a bhfuiltear ag dréim leis, beidh straitéis ann sa phlean le haghaidh saothrú den sórt sin. Leis an bplean, má dhéanfar foráil maidir le saothrú i dtríú tíortha neamhchomhlachaithe go príomha, míneoidh na heintitis dhlítheanacha an dóigh a mbeidh an saothrú fós chun leasa an Aontais.

Déanfaidh na tairbhithe an plean a uasdátú tuilleadh le linn na gníomhaíochta agus ina diaidh, i gcomhréir leis an gcomhaontú deontais.

7.  Chun críocha an fhaireacháin agus an leata a dhéanfaidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin, soláthróidh na tairbhithe aon fhaisnéis arna hiarraidh i dtaca le saothrú agus leathadh a dtorthaí, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa chomhaontú deontais. Faoi réir leasanna dlisteanacha na dtairbhithe, cuirfear faisnéis den sórt sin ar fáil go poiblí.

Airteagal 36

Aistriú agus ceadúnú

1.  Féadfaidh tairbhithe úinéireacht a dtorthaí a aistriú. Áiritheoidh siad go mbeidh feidhm ag a n-oibleagáidí maidir leis an úinéir nua agus go mbeidh oibleagáid ar an úinéir nua iad a chur ar aghaidh in aon aistriú a bheidh ann ina dhiaidh sin.

2.  Mura gcomhaontaítear a mhalairt i scríbhinn le haghaidh tríú páirtithe arna sainaithint go sonrach, lena n-áirítear Eintitis Chleamhnaithe, nó murar féidir é a dhéanamh faoin dlí is infheidhme, na tairbhithe a bheartaíonn a n-úinéireacht ar thorthaí a aistriú, tabharfaidh siad réamhfhógra d’aon tairbhí eile a bhfuil cearta rochtana aige fós ar na torthaí sin. Ní mór faisnéis leordhóthanach a chur san áireamh san fhógra maidir leis an úinéir nua ionas go mbeidh tairbhí in ann measúnú a dhéanamh ar an éifeacht a bheidh aige sin ar a chearta rochtana.

Mura gcomhaontaítear a mhalairt i scríbhinn le haghaidh tríú páirtithe arna sainaithint go sonrach, lena n-áirítear Eintitis Chleamhnaithe, féadfaidh tairbhí agóid a dhéanamh in aghaidh an aistrithe más féidir leis a léiriú go ndéanfadh an t-aistriú difear diúltach dá chearta rochtana. Sa chás sin, ní fhéadfar an t-aistriú a dhéanamh go dtí go dtiocfaidh na rannpháirtithe lena mbaineann ar chomhaontú. Déanfar teorainneacha ama i ndáil leis sin a leagan síos sa chomhaontú deontais.

3.  Féadfaidh tairbhithe ceadúnais a dheonú ar a gcuid torthaí nó an ceart chun iad a shaothrú ar dhóigh eile, lena n-áirítear ar bhonn eisiach, mura ndéanfaidh an méid sin difear do chomhlíonadh a gcuid oibleagáidí. Féadfar ceadúnais eisiacha do thorthaí a dheonú faoi réir thoiliú na dtairbhithe uile eile lena mbaineann a dhéanfaidh a gcearta rochtana ina leith a tharscaoileadh.

4.  I gcás ina bhfuil údar cuí leis, leagfar síos leis an gcomhaontú deontais an ceart don Choimisiún nó don chomhlacht cistiúcháin chun agóid a dhéanamh in aghaidh aistrithe úinéireachta torthaí, nó in aghaidh ceadúnas eisiach a dheonú maidir le torthaí, sna cásanna seo a leanas:

(a)  má tá cistiú ón Aontas faighte ag na tairbhithe a ghineann na torthaí;

(b)  má dhéantar an t-aistriú nó an ceadúnas a dheonú ar eintiteas dlítheanach atá bunaithe i dtríú tír neamhchomhlachaithe; agus

(c)  mura bhfuil an t-aistriú nó an ceadúnas i gcomhréir le leasanna an Aontais.

Má tá feidhm ag an gceart chun agóid a dhéanamh, tabharfaidh an tairbhí réamhfhógra ina leith. Féadfar an ceart chun agóid a dhéanamh a tharscaoileadh i scríbhinn maidir le haistrithe nó deontais le haghaidh eintitis dhlítheanacha sonracha arna sainaithint má tá bearta ann lena ndéantar leasanna an Aontais a choimirciú.

Airteagal 37

Cearta rochtana

1.  Beidh feidhm ag na prionsabail maidir le cearta rochtana seo a leanas:

(a)  is i scríbhinn a dhéanfar aon iarraidh ar chearta rochtana a fheidhmiú nó aon tarscaoileadh ceart rochtana;

(b)  mura gcomhaontaítear a mhalairt i gcomhar leis an deontóir, ní bheidh aon cheart focheadúnúnas a dheonú san áireamh sna cearta rochtana;

(c)  cuirfidh tairbhithe aon réamheolas maidir le haon srian ar rochtain a dheonú in iúl dá chéile;

(d)  mura bhfuil baint ag tairbhí le gníomhaíocht a thuilleadh, ní dhéanfaidh sé difear dá chuid oibleagáidí maidir le rochtain a dheonú;

(e)  má dhéanann tairbhí mainneachtain ar a chuid oibleagáidí, féadfaidh na tairbhithe a chomhaontú nach bhfuil cearta rochtana aige a thuilleadh.

2.  Déanfaidh tairbhithe rochtain a dheonú ar:

(a)  a gcuid torthaí saor ó ríchíosanna ar aon tairbhí eile sa ghníomhaíocht a bhfuil sé ag teastáil uaidh chun a chúraimí féin a chur chun feidhme;

(b)  a réamheolas ar aon tairbhí eile sa ghníomhaíocht a bhfuil sé ag teastáil uaidh chun a chúraimí féin a chur chun feidhme, faoi réir aon srianta dá dtagraítear i mír 1(c); deonfar an rochtain sin saor ó ríchíosanna, ach amháin má chomhaontaíonn na tairbhithe a mhalairt sula rachaidh siad isteach faoin gcomhaontú deontais;

(c)  a dtorthaí agus, faoi réir aon srianta dá dtagraítear i mír 1(c), ar a réamheolas ar aon tairbhí eile sa ghníomhaíocht a bhfuil sé ag teastáil uaidh chun a gcuid torthaí féin a shaothrú; deonófar an rochtain sin faoi choinníollacha cothroma agus réasúnacha a dtiocfar ar chomhaontú maidir leo.

3.  Mura rud é go gcomhaontaíonn na tairbhithe a mhalairt, deonóidh siad rochtain ar a gcuid torthaí freisin agus, faoi réir aon srianta dá dtagraitear i mír 1(c), ar an réamheolas maidir leo ar eintiteas dlítheanach:

(a)  atá bunaithe i mBallstát nó i dtír chomhlachaithe;

(b)  atá faoi rialú díreach nó indíreach tairbhithe eile, nó aon rialú díreach nó indíreach céanna leis an tairbhí sin, nó a rialaíonn an tairbhí sin go díreach nó go hindíreach; agus

(c)  a dteastaíonn an rochtain uaidh chun torthaí an tairbhí sin a shaothrú, i gcomhréir le hoibleagáid saothraithe an tairbhí.

Deonófar rochtain faoi choinníollacha cothroma agus réasúnacha a dtiocfar ar chomhaontú maidir leo.

4.  Is féidir rochtain a iarraidh chun críocha saothraithe suas le bliain tar éis dheireadh na gníomhaíochta mura gcomhaontaíonn na rannpháirtithe ar theorainn ama eile.

5.  Na tairbhithe a bhfuil cistiú ón Aontas faighte acu, deonóidh siad rochtain ar a gcuid torthaí saor ó ríchíosanna ar institiúidí an Aontais, ar chomhlachtaí, ar oifigí nó ar ghníomhairí le aghaidh bheartais agus chláir an Aontais a fhorbairt, a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh orthu. Beidh na cearta rochtana sin teoranta d'úsáid neamhthráchtála agus neamhiomaíoch.

Ní áireofar ar na cearta rochtana sin réamheolas maidir leis an tairbhí.

I ngníomhaíochtaí faoin mbraisle ‘Slándáil shibhialta don tsochaí’, maidir leis na tairbhithe a bhfuil cistiú ón Aontas faighte acu, tabharfaidh siad rochtain ar a gcuid torthaí saor ó ríchíosanna d'údaráis náisiúnta na mBallstát chun a mbeartais nó a gcláir a fhorbairt, a chur chun feidhme agus chun faireachán a dhéanamh orthu sa réimse sin. Beidh an rochtain teoranta d’úsáid neamhthráchtála agus neamhiomaíoch agus deonófar í de réir comhaontú déthaobhach lena saineofar coinníollacha sonracha arb é is aidhm leo a áirithiú go n-úsáidfear na cearta sin chun na gcríocha a bhí beartaithe agus go mbeidh na hoibleagáidi iomchuí maidir le rúndacht i bhfeidhm. Cuirfidh an Ballstát is iarrthóir, an institiúid is iarrthóir, an comhlacht is iarrthóir, an oifig is iarrthóir nó an gníomhaireacht is iarrthóir de chuid an Aontais gach Ballstát ar an eolas maidir le hiarratais den sórt sin.

6.  Féadfaidh an clár oibre foráil a dhéanamh, i gcás inarb iomchuí, maidir le cearta breise rochtana.

Airteagal 38

Forálacha sonracha ▌

Féadfaidh feidhm a bheith ag rialacha sonracha maidir le húinéireacht, saothrú agus leathadh, aistriú agus ceadúnú chomh maith le cearta rochtana le haghaidh gníomhaíochtaí ERC, gníomhaíochtaí oiliúna agus soghluaisteachta, gníomhaíochtaí soláthair réamhthráchtála, soláthar poiblí maidir le gníomhaíochtaí réiteach nuálaíoch, gníomhaíochtaí comhchistithe cláir agus gníomhaíochtaí comhordaithe agus tacaíochta.

Leagfar na rialacha sonracha sin amach sa chomhaontú deontais agus ní athróidh siad na prionsabail ná na hoibleagáidí maidir le rochtain oscailte.

Airteagal 39

Duaiseanna

1.  Déanfar duaiseanna faoin gClár a dhámhachtain agus a bhainistiú i gcomhréir le Teideal IX den Rialachán Airgeadais, mura sonraítear a mhalairt sa Chaibidil seo.

2.  Aon eintiteas dlítheanach, gan beann ar a áit bhunaíochta, féadfaidh sé a bheith rannpháirteach i gcomórtas, mura bhforáiltear a mhalairt sa clár oibre nó sna rialacha maidir le comórtais.

3.  Féadfaidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin, i gcás inarb iomchuí, duaiseanna a eagrú i gcomhar le:

(a)  comhlachtaí eile de chuid an Aontais;

(b)  tríú tíortha, lena n-áirítear eagraíochtaí nó gníomhaireachtaí eolaíochta agus teicneolaíochta na dtíortha sin;

(c)  eagraíochtaí idirnáisiúnta; nó

(d)  eintitis dhlítheanacha neamhbhrabúsacha.

4.  Beidh oibleagáidí maidir le cumarsáid, agus i gcás inarb iomchuí, saothrú agus leathadh, cearta úinéireachta agus rochtana lena n-áirítear forálacha ceadúnaithe san áireamh sa chlár oibre nó i rialacha an chomórtais.

CAIBIDIL IV

Soláthar

Airteagal 40

Soláthar

1.  Déanfar soláthar faoin gClár a dhámhachtain agus a bhainistiú i gcomhréir le Teideal VII den Rialachán Airgeadais, mura sonraítear a mhalairt sa Chaibidil seo.

2.  D'fhéadfadh freisin soláthar a bheith i bhfoirm soláthar réamhthráchtála nó soláthar réiteach nuálaíoch arna ndéanamh ag an gCoimisiún nó ag an gcomhlacht ábhartha cistiúcháin thar a cheann féin nó i gcomhar le húdaráis chonarthacha ó Bhallstáit agus ó thíortha gaolmhara. Sa chás sin, beidh feidhm ag na rialacha arna leagan síos i mír 22.

CAIBIDIL V

Oibríochtaí measctha agus maoiniú cumasctha

Airteagal 41

Oibríochtaí measctha

Cuirfear oibríochtaí measctha arna gcinneadh faoin gClár seo chun feidhme i gcomhréir leis an gClár InvestEU agus le Teideal X den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 42

Fís Eorpach agus Maoiniú cumasctha EIC

1.  Maidir leis na comhpháirteanna a bhaineann le deontais agus airleacan in-aisíoctha atá i maoiniú cumasctha Fís Eorpach nó EIC, beidh siad faoi réir Airteagail 30 go dtí 33.

2.  Cuirfear maoiniú cumasctha EIC chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 43. Féadfar an tacaíocht faoi mhaoiniú cumasctha EIC a dheonú go dtí gur féidir an gníomhú a mhaoiniú mar oibríocht mheasctha nó mar oibríocht mhaoinithe agus infheistíochta faoi chumhdach iomlán ráthú an Aontais Eorpaigh faoi InvestEU. De mhaolú ar Airteagal 209 den Rialachán Airgeadais, na coinníollacha arna leagan síos i mír (2) agus, go háirithe, i mír (a) agus i mír (d), ní bheidh feidhm acu tráth a dhéantar maoiniú cumasctha EIC a dhámhachtain.

3.  Féadfar maoiniú cumasctha de chuid Fís Eorpach a dhámhachtain ar chomhchistiú cláir ina ndéanann comhchlár Ballstát agus tíortha comhlachaithe foráil maidir le hionstraimí airgeadais a úsáid mar thaca leis na gníomhaíochtaí roghnaithe. Déanfar meastóireacht agus roghnú na ngníomhaíochtaí sin i gcomhréir le hAirteagail 11, 19, 20, 24, 25 agus 26. Le módúlachtaí cur chun feidhme mhaoiniú cumasctha de chuid Fís Eorpach, comhlíonfar Airteagal 29, agus de réir analaí Airteagal 43(9), mar aon le coinníollacha breise agus a bhfuil údar cuí leo arna sainiú ag an gclár oibre.

4.  Aisíocaíochtaí lena n-áirítear airleacan inaisíoctha agus ioncaim mhaoiniú cumasctha de chuid Fís Eorpach agus EIC, measfar mar ioncaim leithdháilte inmheánach iad i gcomhréir le hAirteagail 21(3)(f) agus 21(4) den Rialachán Airgeadais.

5.  Cuirfear maoiniú cumasctha de chuid ‘Fís Eorpach’ agus EIC ar fáil ar dhóigh lena gcuirtear iomaíochas an Aontais chun cinn agus an am céanna nach ndéantar an iomaíocht sa mhargadh inmheánach a shaobhadh.

Airteagal 42a

An Treo-Aimsitheoir

1.  Leis an Treo-Aimsitheoir cuirfear deontais ar fáil do thionscadail cheannródaíochta ardriosca, arna gcur chun feidhme ag cuibhreannais nó ag mona-thairbhithe, arb é is aidhm dóibh nuálaíochtaí radacacha agus deiseanna margaidh nua a fhorbairt. Leis an Treo-Aimsitheoir, tabharfar tacaíocht do na céimeanna is luaithe sa taighde agus forbairt eolaíoch, teicneolaíoch nó domhaintheicneolaíochta, lena n-áirítear cruthúnas an choincheapa agus fréamhshamhlacha maidir le bailíochtú teicneolaíochta.

Cuirfear an Treo-Aimsitheoir chun feidhme go príomha trí ghlao oscailte leanúnach ar thograí ón mbun aníos le scoithdhátaí rialta gach bliain agus déanfar foráil leis freisin maidir le dúshláin iomaíocha chun príomhchuspóirí straitéiseacha ina n-éilítear an teicneolaíocht dhomhain agus an smaointeoireacht radacach.

2.  Le gníomhaíochtaí aistrithe an Treo-Aimsitheora, cabhrófar le gach cineál taighdeoirí agus nuálaithe an chonair a fhorbairt don fhorbairt tráchtála san Aontas, amhail gníomhaíochtaí taispeántais agus staidéir indéantachta chun cásanna gnó ionchasacha a mheasúnú, agus tacú le seach-chuideachtaí agus gnólachtaí nuathionscanta a chruthú.

(a)  cinnfear seoladh agus inneachar na nglaonna ar thograí i dtaca le cuspóirí agus buiséad arna leagan amach ag an gclár oibre i ndáil le punann na ngníomhaíochtaí lena mbaineann;

(b)  Féadfar deontais bhreise de mhéid socraithe nach mó ná EUR 50 000 a dhámhachtain ar gach togra a roghnaíodh cheana faoi Threo-Aimsitheoir EIC trí ghlao ar thograí, chun gníomhaíochtaí comhlántacha a dhéanamh, lena n-áirítear comhordú práinneach agus gníomhaíochtaí tacaíochta, chun pobal na dtairbhithe a neartú, amhail trí mheasúnú a dhéanamh ar sheach-chuideachtaí féideartha nó ar nuálaíocht a d’fhéadfadh margadh nua a chruthú nó trí phlean gnó a fhorbairt. Cuirfear Coiste an Chláir arna bhunú faoin gClár Sonrach, ar an eolas maidir le cásanna den sórt sin.

3.  Beidh feidhm ag na critéir dhámhachtana a shainmhínítear in Airteagal  25 maidir le Treo-Aimsitheoir EIC.

Airteagal 43

An Treo-Aimsitheoir

1.  Beidh sé mar aidhm le Luasaire EIC, go bunúsach, tacú le nuálaíocht lena gcruthófar margadh nua. Sa Luasaire, ní thabharfar tacaíocht ach do mhona-thairbhithe agus go príomha cuirfear maoiniú cumasctha ar fáil. Faoi choinníollacha áirithe, féadfaidh sé tacaíocht ar bhonn deontais agus ar bhonn cothromais, agus ar na boinn sin amháin, a chur ar fáil.

I Luasaire EIC, molfar dhá chineál tacaíochta:

—  Tacaíocht maoinithe cumasctha do FBManna, lena n-áirítear do ghnólachtaí nuathionscanta agus, i gcásanna eisceachtúla, do chuideachtaí lárchaipitlithe beaga a bhfuil nuálaíocht cheannródaíoch, shuaiteach agus neamhiontaofa á déanamh acu.

—  Tacaíocht ar bhonn deontais, agus air sin amháin, do FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, atá i mbun aon chineál nuálaíochta, ó nuálaíocht chéimneach go nuálaíocht cheannródaíoch agus shuaiteach, a bhfuil sé mar aidhm leo méadú a dhéanamh ina dhiaidh sin.

Féadfar tacaíocht ar bhonn cothromais, agus air sin amháin, a sholáthar do FBManna neamhiontaofa, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, ar FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta iad a bhfuil tacaíocht ar bhonn deontais, agus air sin amháin, faighte acu cheana.

Tacaíocht den chineál deontas amháin, ní chuirfear ar fáil í faoi Luasaire EIC ach amháin faoi na coinníollacha carnacha seo a leanas:

(a)  beidh faisnéis ag gabháil leis an tionscadal maidir le hacmhainneachtaí agus toilteanas an iarratasóra méadú a dhéanamh;

(b)  gnólacht nuathionscanta nó FBM amháin is ea an tairbhí;

(c)  ní féidir tacaíocht ar bhonn deontais, agus air sin amháin, faoi Luasaire EIC a chur ar fáil ach uair amháin do thairbhí le linn Fís Eorpach a bheith ar siúl agus go huasmhéid EUR 2.5 milliún.

1a.  Eintiteas dlítheanach atá incháilithe mar ghnó nuathionscanta, FBM nó i gcásanna eisceachtúla, cuideachta bheag meánchaipitlithe, arna bhunú i mBallstát nó i dtír comhlachaithe a bheidh ina thairbhí ar Luasaire EIC agus a bhfuil fonn orthu a gcuideachta a mhéadú. Féadfaidh an tairbhí an togra a thíolacadh nó, faoi réir réamh-chomhaontú ón tairbhí, féadfaidh duine nádúrtha amháin nó níos mó nó eintiteas dlítheanach amháin nó níos mó an togra a thíolacadh, ar duine nó eintiteas é nó iad a bhfuil sé beartaithe aige nó acu an tairbhí sin a bhunú nó tacú leis an tairbhí sin. Más é an dara cás thuas é, ní shíneofar an comhaontú ach leis an tairbhí agus leis sin amháin.

2.  Beidh cinneadh aonair dámhachtana ann a chlúdóidh agus a sholáthróidh cistiúchán le haghaidh gach cineál ranníocaíochta ón Aontas arna soláthar faoi mhaoiniú cumasctha EIC.

3.  Déanfaidh saineolaithe seachtracha neamhspleácha meastóireacht ar thograí de réir a bhfiúntas aonair féin agus roghnófar iad i gcomhthéacs glao leanúnach oscailte ina mbeidh scoithdhátaí, bunaithe ar Airteagail 24 go dtí 26, faoi réir mhír 4.

4.  Is é a bheidh sna critéir dhámhachtana:

(a)   barr feabhais;

(b)   tionchar;

(c)   leibhéal riosca na gníomhaíochta lena gcuirfí cosc ar infheistíochtaí, cáilíocht agus éifeachtúlacht an chur chun feidhme, agus an gá le tacaíocht an Aontais.

5.  Le comhaontú ó na hiarratasóirí lena mbaineann, féadfaidh an Coimisiún nó comhlachtaí cistiúcháin a bhfuil ‘Fís Eorpach’ á cur chun feidhme acu (lena n-áirítear PENanna EIT) togra le haghaidh gníomhaíocht nuálaíochta agus leata an mhargaidh, lena gcomhlíontar an chéad dá chritéar cheana féin, a thíolacadh go díreach le haghaidh meastóireacht faoin gcritéar dámhachtana deireanach, faoi réir na gcoinníollacha carnacha a leanas:

(a)   eascróidh an togra as aon ghníomhaíocht eile arna mhaoiniú le Fís 2020, ón gClár seo;, faoi réir scéim píolóta sa chéad chlár oibre de Fís Eorpach, ó chláir náisiúnta agus/nó réigiúnacha, ag tosú le mapáil an éilimh i gcomhair scéim den chineál sin. Leagfar síos forálacha mionsonraithe sa Chlár Sonrach.

(b)   beidh sé bunaithe ar athbhreithniú ar thionscadal a bhí ann tráth nach mó ná 2 bhliain roimhe sin lena ndéantar barr feabhais agus tionchar an togra a mheasúnú agus faoi réir coinníollacha agus próiseas arna mionsonrú tuilleadh sa chlár oibre.

6.  Féadfar Séala Barr Feabhais a dhámhachtain faoi réir na gcoinníollacha carnacha seo a leanas:

(a)   is cuideachta nuathionscanta, FBM nó cuideachta bheag mheánchaipitlithe é an tairbhí,

(b)   bhí an togra incháilithe agus bhain sé amach na tairseacha is infheidhme i dtaca leis an gcéad dá chritéar dámhachtana dá dtagraítear i mír 4.

(c)   le haghaidh na ngníomhaíochtaí a bheadh incháilithe faoi ghníomhaíocht nuálaíochta.

7.  Maidir le togra ar éirigh leis sa mheastóireacht, molfaidh saineolaithe seachtracha neamhspleácha tacaíocht chomhfhreagrach ó Luasaire EIC, bunaithe ar an riosca a thabhaítear agus ar na hacmhainní agus an t-am is gá chun an nuálaíocht a thabhairt agus a chur ar an margadh.

Féadfaidh an Coimisiún tionscadal arna mholadh ag saineolaithe seachtracha neamhspleácha a dhiúltú ar chúiseanna cuí-réasúnaithe, lena n-áirítear neamhchomhlíonadh chuspóirí bheartais an Aontais. Cuirfear Coiste an Chláir ar an eolas maidir leis na cúiseanna atá le diúltuithe den sórt sin.

8.  Ní mó ná 70 % de chostais incháilithe iomlána na gníomhaíochta nuálaíochta a roghnaíodh a bheidh deontas nó comhpháirt airleacain in-aisíoctha de thacaíocht Luasaire EIC.

9.  Déanfar modúlachtaí na gcomhpháirteanna cothromais agus tacaíochta in-aisíoctha de thacaíocht Luasaire EIC a mhionsonrú sa Chinneadh [Clár sonrach].

10.  Sa chonradh le haghaidh na gníomhaíochta roghnaithe, bunófar garspriocanna sonracha intomhaiste agus an réamh-mhaoiniú comhfhreagrach agus na híocaíochtaí comhfhreagracha i dtráthchodanna de thacaíocht Luasaire EIC.

I gcás mhaoiniú cumasctha EIC, féadfar gníomhaíochtaí a chomhfhreagraíonn do ghníomhaíocht nuálaíochta a sheoladh agus féadfar an chéad réamh-mhaoiniú den deontas nó an t-airleacan in-aisíoctha a íoc, roimh chur chun feidhme comhpháirteanna eile den mhaoiniú cumasctha EIC a bheidh dáfa. Beidh cur chun feidhme na gcomhpháirteanna sin faoi réir ghnóthú na ngarspriocanna sonracha arna leagan síos sa chonradh.

11.  I gcomhréir leis an gconradh, déanfar an ghníomhaíocht a chur ar fionraí, a leasú nó, má tá údar cuí leis, a fhoirceannadh mura mbaintear garspriocanna intomhaiste amach. Féadfar é a fhoirceannadh freisin i gcás nach féidir an cur in úsáid ar an margadh, san Aontas go háirithe, a chomhlíonadh.

I gcásanna eisceachtúla agus ar chomhairle bhord EIC, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh tacaíocht Luasaire EIC a mhéadú faoi réir athbhreithniú ar an tionscadal arna dhéanamh ag saineolaithe seachtracha neamhspleácha. Cuirfear Coiste an Chláir ar an eolas maidir le cásanna den sórt sin.

Caibidil VI

Saineolaithe

Airteagal 44

Saineolaithe seachtracha neamhspleácha a cheapadh

1.  Déanfar saineolaithe seachtracha neamhspleácha a shainaithint agus a roghnú ar bhonn glaonna ar iarratais ó dhaoine aonair agus glaonna atá dírithe ar eagraíochtaí ábhartha amhail gníomhaireachtaí taighde, institiúidí taighde, ollscoileanna, eagraíochtaí um chaighdeánú, eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta nó fiontraíochtaí d'fhonn bunachar sonraí d'iarratasóirí a bhunú.

De mhaolú ar Airteagal 237(3) den Rialachán Airgeadais, féadfaidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin ábhartha, go heisceachtúil agus i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, saineolaí aonair nach bhfuil sa bhunachar sonraí ach a bhfuil na scileanna iomchuí aige nó aici a roghnú ar bhealach trédhearcach, ar choinníoll nár sainaithníodh saineolaithe seachtracha oiriúnacha i nglao ar léiriú spéise.

Dearbhóidh na saineolaithe sin a neamhspleáchas agus a n-acmhainneacht chun tacú le cuspóirí ‘Fís Eorpach’.

2.  I gcomhréir le hAirteagal 273(2) agus le hAirteagal 237(3) den Rialachán Airgeadais, íocfar saineolaithe seachtracha neamhspleácha bunaithe ar choinníollacha caighdeánacha. Má tá údar cuí leis, agus i gcásanna eisceachtúla, féadfar leibhéal iomchuí íocaíochta os cionn na gcoinníollacha caighdeánacha a dheonú bunaithe ar chaighdeáin mhargaidh ábhartha, go háirithe le haghaidh saineolaithe sonracha ardleibhéil.

3.  De bhreis ar míreanna 2 agus 3 d’Airteagal 38 den Rialachán Airgeadais, foilseofar ainmneacha na saineolaithe seachtracha neamhspleácha a dhéanann meastóireacht ar iarratais ar dheontas, ar saineolaithe iad a cheaptar i gcáil phearsanta, mar aon lena réimse saineolais, ar a laghad uair amháin sa bhliain ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin nó ar shuíomh gréasáin an chomhlachta chistiúcháin. Déanfar faisnéis den sórt sin a bhailiú, a phróiseáil agus a fhoilsiú i gcomhréir le rialacha AE maidir le cosaint sonraí.

3a.  Glacfaidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin ábhartha na bearta iomchuí chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint maidir le rannpháirtíocht saineolaithe seachtracha oiriúnacha i gcomhréir le hAirteagal 61 agus Airteagal 150(5) den Rialachán Airgeadais.

Áiritheoidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin ábhartha nach ndéanfaidh saineolaí a thugann aghaidh ar choinbhleacht leasa maidir le hábhar a mbeidh air nó uirthi tuairim a thabhairt ina leith, meastóireacht, agus nach dtabharfaidh sé nó sí comhairle ná cúnamh maidir leis an gceist shonrach i dtrácht.

3-b.  Agus saineolaithe seachtracha neamhspleácha á gceapadh aige, glacfaidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin ábhartha bearta iomchuí chun ballraíocht chothrom sna grúpaí saineolaithe agus sna painéil mheastóireachta a lorg i dtéarmaí scileanna, taithí, eolais, lena n-áirítear i dtéarmaí speisialtóireachta, go háirithe maidir le SSH, éagsúlacht gheografach agus inscne, agus aird á tabhairt ar an staid atá i réim i réimse na gníomhaíochta.

3b.  I gcás inarb iomchuí, áiritheofar líon cuí saineolaithe neamhspleácha le haghaidh gach togra chun cáilíocht na meastóireachta a ráthú.

3c.  Cuirfear leibhéal an luacha saothair do gach saineolaí neamhspleách agus seachtrach ar fáil do Parlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Déanfar é a chumhdach faoi speansais an Chláir.

TEIDEAL III

FAIREACHÁN, MEASTÓIREACHT AGUS RIALÚ A DHÉANAMH AR CHLÁR AGUS CUMARSÁID MAIDIR LEIS

Airteagal 45

Faireachán agus tuairisciú

1.  Déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach ar bhainistiú agus chur chun feidhme ‘Fís Eorpach’, ar a chlár sonrach agus ar ghníomhaíochtaí EIT. Chun trédhearcacht a fheabhsú, cuirfear na sonraí sin ar fáil go poiblí ar bhealach inrochtana ar leathanach gréasáin an Choimisiúin de réir an nuashonraithe is déanaí.

Go sonrach, sa bhunachar sonraí céanna, áiritheofar sonraí le haghaidh tionscadail arna maoiniú faoi ERC, Comhpháirtíochtaí Eorpacha, misin, EIC agus EIT.

Áireofar air sin:

(i)  “Tascairí atá faoi cheangal ama chun tuairisciú a dhéanamh, ar bhonn bliantúil, ar dhul chun cinn an Chláir maidir le gnóthú na gcuspóirí a bhunaítear in Airteagal 3 agus a leagtar amach in Iarscríbhinn V iad ar feadh na gconairí tionchair;”

(ii)  faisnéis ar leibhéal eolaíochtaí sóisialta agus daonnachtaí a phríomhshruthú, an cóimheas idir LRTanna níos ísle agus níos airde i dtaighde comhoibríoch, an dul chun cinn maidir le rannpháirtíocht tíortha a leathnú, comhdhéanamh geografach na gcuibhreannas i dtionscadail chomhoibríocha, forbairt thuarastail na dtaighdeoirí, nós imeachta taiscthe dhá chéim agus nós imeachta meastóireachta a úsáid, na bearta atá dírithe ar naisc chomhoibríocha i dtaighde agus nuálaíocht na hEorpa a éascú, athbhreithniú meastóireachta a úsáid agus líon agus cineálacha na ngearán, leibhéal an phríomhshruthaithe aeráide agus caiteachais lena mbaineann, rannpháirtíocht FBM, rannpháirtíocht na hearnála príobháidí, rannpháirtíocht inscne i ngníomhaíochtaí cistithe, painéil mheastóireachta, boird mheastóireachta agus grúpaí comhairleacha meastóireachta, na Séalaí Barr Feabhais, na Comhpháirtíochtaí Eorpacha, chomh maith leis an ráta cómhaoinithe, cistiú comhlántach agus carnach ó chistí eile de chuid an Aontais, bonneagair thaighde, am chun deontas a thabhairt, leibhéal an chomhair idirnáisiúnta, rannpháirtíocht saoránach agus na sochaí sibhialta.

(iii)  leibhéil caiteachais imdhealaithe ar leibhéal an tionscadail chun go bhféadfar anailís shonrach a dhéanamh, lena n-áirítear in aghaidh an réimse idirghabhála.

(iv)  leibhéal an ró-shuibscríofa, go háirithe líon na dtograí agus in aghaidh an ghlao ar thograí, a meánscór, sciar na dtograí os cionn agus faoi bhun na dtairseach cáilíochta.

2.  Taugar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 a bhaineann le leasuithe ar Iarscríbhinn V chun táscairí na gconarí tionchair a fhorlíonadh nó a leasú, i gcás ina meastar gur gá sin, chomh maith le bunlínte agus spriocanna a leagan síos.

3.  Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta, áiritheofar go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar thorthaí an Chláir ar dhóigh atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil gan an t-ualach riaracháin a mhéadú do thairbhithe. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí ón Aontas, lena n-áirítear ar leibhéal na dtaighdeoirí a bheidh rannpháirteach i ngníomhaíochtaí chun go bhféadfaidh siad a ngairm agus a soghluaisteacht a rianú, agus (nuair is ábhartha) ar Bhallstáit(32).

3a.  Le hanailís cháilíochtúil ón gCoimisiún agus ón Aontas nó ó chomhlachtaí cistiúcháin náisiúnta, comhlánófar sonraí cainníochtúla a mhéid is féidir.

4.  Déanfar faireachán ar na bearta arb é is aidhm dóibh naisc chomhoibríocha sa taighde agus nuálaíocht Eorpach a éascú, agus déanfar athbhreithniú orthu i gcomhthéacs na gclár oibre.

Airteagal 46

Faisnéis, cumarsáid, poiblíocht agus leathadh agus saothrú

1.  Tabharfaidh faighteoirí cistithe ón Aontas aitheantas d’fhoinse an chistithe ón Aontas agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe (go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á bpoibliú, lena n-áirítear le haghaidh duaiseanna) trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear na meáin agus an pobal.

2.  Cuirfidh an Coimisiún gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an gClár chun feidhme, agus a bhaineann le gníomhaíochtaí agus torthaí an Chláir. Sa bhreis air sin, cuirfear faisnéis chríochnaitheach agus thráthúil ar fáil do na Ballstáit agus do na tairbhithe. Déanfar seirbhísí fianaise-bhunaithe meaitseála bunaithe ar anailísíochtaí agus finíochtaí líonraí a chur ar fáil do na heintitis leasmhara chun cuibhreannais a bhunú i ndáil le tionscadail chomhoibríocha, agus aird ar leith á tabhairt ar na deiseanna líonraithe a shainaithint le haghaidh eintitis dhlítheanacha ó Bhallstáit ar íseal a bhfeidhmíocht T&N. Ar bhonn na hanailíse sin, féadfar imeachtaí meaitseála a eagrú ar bhonn glaonna sonracha ar thograí. Leis na hacmhainní airgeadais arna leithdháileadh ar an gClár, rannchuideofar freisin leis an gcumarsáid chorparáideach a dhéantar ar thosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a fhad a bhaineann siad sin leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3.

3.  Bunóidh an Coimisiún straitéis le haghaidh leathadh agus saothrú chun infhaighteacht agus scaipeadh thorthaí agus eolas an Chláir maidir le taighde agus nuálaíocht a mhéadú chun dlús a chur le saothrú chun cur leis an nglacadh sa mhargadh agus borradh a chur faoi thionchar an Chláir. Rannchuideoidh na hacmhainní airgeadais a leithdháilfear ar an gClár le cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais freisin chomh maith le gníomhaíochtaí faisnéise, cumarsáide, poiblíochta, leata agus saothraithe a fhad a bhaineann siad sin leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3.

Airteagal 47

Meastóireacht ar an gClár

1.  Déanfar meastóireachtaí ar an gClár go tráthúil ionas go bhféadfar faisnéis uathu a úsáid sa phróiseas cinnteoireachta ar an gclár féin, ar an gclár a thiocfaidh i gcomharbacht air agus ar thionscnaimh eile is ábhartha maidir le taighde agus nuálaíocht.

2.  Déanfar meastóireacht eatramhach ar an gClár le cúnamh ó shaineolaithe neamhspleácha arna roghnú ar bhonn próiseas trédhearcach a luaithe agus a bheidh faisnéis leordhóthanach ar fáil ar chur chun feidhme an Chláir, tráth nach déanaí ná ceithre bliana ó thús chur chun feidhme an Chláir. Áireofar air sin anailís phunainne agus measúnú ar thionchar fadtéarmach na gClár Réime a chuaigh roimhe agus is air sin a bheidh aon choigeartú maidir le cur chun feidhme an chláir agus/nó athbhreithniú ar an gclár, bunaithe, de réir mar is iomchuí. Leis an meastóireacht, déanfar measúnú ar éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht agus comhsheasmhacht an Chláir agus ar breisluach an Aontais.

3.  I ndeireadh chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná ceithre bliana tar éis dheireadh na tréimhse a shonraítear in Airteagal 1, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh a thabhairt i gcrích ar an gClár. Áireofar air sin measúnú ar thionchar fadtéarmach na gClár Réime a chuaigh roimhe.

4.  Foilseoidh an Coimisiún torthaí na meastóireachtaí chomh maith lena bharúlacha féin agus déanfaidh sé iad a chur in iúl agus i láthair do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún.

Airteagal 48

Iniúchtaí

1.  Áiritheofar leis an gcóras rialaithe don Chlár go mbeidh cothromaíocht iomchuí ann idir iontaoibh agus rialú, agus costais riaracháin agus costais eile a bhaineann le rialú ar gach leibhéal á gcur san áireamh, go háirithe i dtaca le tairbhithe. Beidh rialacha iniúchóireachta soiléir, comhsheasmhach agus comhleanúnach le linn an Chláir.

2.  Beidh an straitéis iniúchóireachta don Chlár bunaithe ar iniúchóireacht airgeadais arna déanamh ar shampla ionadaíoch den chaiteachas ar fud an Chláir trí chéile. Comhlánófar an sampla ionadaíoch le rogha bunaithe ar mheasúnú ar na rioscaí a bhaineann leis an gcaiteachas. Maidir le gníomhaíochtaí a fhaigheann comhchistiú ó chláir éagsúla de chuid an Aontais, ní dhéanfar ach iniúchadh amháin orthu sin, lena gcumhdófar na cláir uile i dtrácht agus na rialacha is infheidhme lena mbaineann.

3.  Ina theannta sin, féadfaidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin brath ar athbhreithnithe ar chórais chomhcheangailte ar leibhéal na dtairbhithe. Beidh na hathbhreithnithe comhcheangailte sin roghnach maidir le cineálacha áirithe tairbhithe agus déanfar iniúchadh ar chórais agus ar phróisis, rud a bheidh á chomhlánú le hiniúchadh ar idirbhearta, arna ndéanamh ag iniúchóir neamhspleách inniúil atá cáilithe chun iniúchtaí reachtacha a dhéanamh ar dhoiciméid cuntasaíochta i gcomhréir le Treoir 2006/43/CE(33). Féadfaidh an Coimisiún nó comhlacht cistiúcháin iad a úsáid chun cinnteacht fhoriomlán a chinneadh maidir le bainistíocht airgeadais fhónta ar chaiteachais agus chun leibhéal na n-iniúchtaí ex post agus na ráiteas airgeadais a athmheas.

4.  I gcomhréir le hAirteagal 127 den Rialachán Airgeadais, féadfaidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin brath ar iniúchtaí maidir le húsáid ranníocaíochtaí an Aontais arna ndéanamh ag daoine nó eintitis eile atá neamhspleách agus inniúil, lena n-áirítear daoine nach bhfuil sainordú tugtha dóibh chuige ó Institiúidí nó ó chomhlachtaí an Aontais.

5.  Féadfar iniúchtaí a dhéanamh suas le dhá bhliain i ndiaidh íocaíocht na hiarmhéide.

5a.  Foilseoidh an Coimisiún treoirlínte iniúchóireachta, agus é mar aidhm leo cur i bhfeidhm agus léirmhíniú iontaofa agus aonfhoirmí ar na nósanna imeachta agus rialacha iniúchóireachta le linn ré an chláir a áirithiú.

Airteagal 49

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.  Tabharfar de chumhacht don Choimisiún, nó dá ionadaithe, agus don Chúirt Iniúchóirí, iniúchadh a dhéanamh, nó i gcás eagraíochtaí idirnáisiúnta an chumhacht fíorú a dhéanamh i gcomhréir le comhaontuithe eatarthu, ar bhonn doiciméad agus ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a gheobhaidh cistí de chuid an Aontais faoin Rialachán seo.

2.  Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh, i gcomhréir leis na forálacha agus leis na nósanna imeachta a leagtar síos le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle, d'fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le cistiú ón Aontas nó ráthaíochtaí buiséadacha faoin Rialachán seo.

3.  Féadfar a cheangal freisin ar údaráis inniúla tríú tíortha agus ar eagraíochtaí idirnáisiúnta comhoibriú le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), i gcomhréir le Comhaontuithe Cúnaimh Fhrithpháirtigh Dlí, nuair a dhéanann sé imscrúduithe i gcionta coiriúla a thagann faoina inniúlacht i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939.

4.  Gan dochar do mhír 1 ná do mhír 2, beidh forálacha sna comhaontuithe comhair le tríú tíortha agus sna heagraíochtaí idirnáisiúnta agus sna conarthaí, sna comhaontuithe deontais agus gealltanais dhlítheanacha eile chomh maith le comhaontuithe lena mbunaítear ráthaíocht bhuiséadach a eascróidh ón Rialachán seo a chur chun feidhme, lena gcumhachtófar go sainráite an Coimisiún, an Chúirt Iniúchóirí agus OLAF chun iniúchtaí, seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí den sórt sin a dhéanamh i gcomhréir lena gcuid inniúlachtaí faoi seach. Áireofar ar an méid sin forálacha chun a áirithiú maidir le haon tríú páirtí atá bainteach le cur chun feidhme chistí de chuid an Aontais nó le cur chun feidhme oibríochta cistiúcháin a fhaigheann tacaíocht, ina iomláine nó go páirteach, ó ráthaíocht bhuiséadach go ndeonóidh siad cearta coibhéiseacha.

Airteagal 50

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 45(2) a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2028.

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 45(2) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.  Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 45(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

TEIDEAL IV

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 51

Aisghairm

Déantar Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1290/2013 a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.

Airteagal 52

Forálacha idirthréimhseacha

1.  Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúnachas ná do mhodhnú na ngníomhaíochtaí lena mbaineann, faoi Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 agus faoi Rialachán (AE) Uimh. 1290/2013, a leanfaidh d’fheidhm a bheith acu go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu. Na pleananna oibre agus na gníomhaíochtaí dá bhforáiltear i bpleananna oibre arna nglacadh faoi Rialachán (AE) Uimh. 1290/2013 agus faoi ghníomhartha bunúsacha na gcomhlachtaí comhfhreagracha, leanfar dá rialáil le Rialachán (AE) Uimh. 1290/2013 agus leis na gníomhartha bunúsacha sin go dtí go dtabharfar i gcrích iad.

2.  Féadfaidh clúdach airgeadais an Chláir na speansais theicniúla agus riaracháin is gá a chumhdach chun an t-aistriú idir an Clár agus na bearta arna nglacadh faoi réamhtheachtaí an Chláir, Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013, a áirithiú.

Airteagal 53

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in/sa …,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN I

TREOIRLÍNTE DO NA GNÍOMHAÍOCHTAÍ

Na cuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar amach in Airteagal 3, déanfar iad a shaothrú ar fud an Chláir, trí na réimsí idirghabhála agus trí threoirlínte na ngníomhaíochtaí a bhfuil tuairisc orthu san Iarscríbhinn seo, agus in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gClár Sonrach chomh maith.

(1)  Colún I 'Eolaíocht Barr Feabhais'

Leis an gcolún seo, i gcomhréir le hAirteagal 4, tríd na gníomhaíochtaí seo a leanas, déanfar eolaíocht barr feabhais a chur chun cinn, scoth na tallainne a mhealladh chun na hEorpa, tacaíocht iomchuí a chur ar fáil do thaighdeoirí ag luathchéim agus tacú le cruthú agus scaipeadh eolaíochta barr feabhais, mar aon le heolas, modheolaíochtaí agus scileanna ardchaighdeáin, teicneolaíochtaí agus réitigh ar dhúshláin dhomhanda shóisialta, chomhshaoil agus eacnamaíocha. Rannchuideoidh sé le cuspóirí sonracha eile an Chláir mar a bhfuil tuairisc orthu in Airteagal 3.

(a)  An Chomhairle Eorpach um Thaighde: Cistiú tarraingteach solúbtha á chur ar fáil le go mbeidh taighdeoirí aonair tréitheacha agus cruthaitheacha, le béim ar thaighdeoirí luathchéime, agus a bhfoirne, in ann na goirt is mó a bhfuil gealladh fúthu a threabhadh san eolaíocht cheannródaíoch, gan beann ar a náisiúntacht ná ar a dtír dhúchais agus ar bhonn iomaíochta ar fud an Aontais inarb é an barr feabhais an t-aon slat tomhais.

Réimse idirghabhála: An eolaíocht cheannródaíoch

(b)  Gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie: Eolas agus scileanna nua a chur ar fáil do lucht taighde trí shoghluaisteacht agus cumarsáid trasna teorainneacha, earnálacha agus disciplíní, feabhas a chur ar chórais oiliúna agus forbartha gairme mar aon leis an earcú institiúideach agus náisiúnta a struchtúrú agus a fheabhsú, agus an Chairt Eorpach do Thaighdeoirí agus an Cód Iompair um earcú taighdeoirí á gcur san áireamh; tríd an méid sin a dhéanamh, cabhraíonn Gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie le bunchlocha a chur ar fud na hEorpa ar fad faoin gcreat taighde den scoth atá san Eoraip, rud a rannchuidíonn chun borradh a chur faoi phoist, fás agus infheistíocht, agus chun dúshláin sochaíocha atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo a réiteach.

Réimsí idirghabhála: Barr feabhais a chothú trí shoghluaisteacht taighdeoirí thar theorainneacha, earnálacha agus disciplíní; scileanna nua a chothú trí oiliúint den scoth a chur ar thaighdeoirí; acmhainní daonna agus forbairt scileanna a neartú ar fud an Limistéir Eorpaigh Thaighde; sineirgíochtaí a fheabhsú agus a éascú; for-rochtain phoiblí a chur chun cinn.

(c)  Bonneagair thaighde: Bonneagair thaighde inbhuanaithe de scoth an domhain a bhronnadh ar an Eoraip atá oscailte agus inrochtana do na taighdeoirí is fearr ón Eoraip agus ó áiteanna níos faide i gcéin. Úsáid an bhonneagair taighde atá ann cheana a spreagadh, lena n-áirítear an bonneagar atá á mhaoiniú trí Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa. Agus sin á dhéanamh cuirfear le cumas an bhonneagair taighde tacú le dul chun cinn eolaíochta agus leis an nuálaíocht, agus an eolaíocht oscailte agus den scoth a chumasú, de réir na bprionsabal FAIR, é sin taobh le taobh le gníomhaíochtaí i mbeartais ghaolmhara an Aontais agus sa chomhar idirnáisiúnta.

Réimsí idirghabhála: Creat na mbonneagar taighde Eorpach a chomhdhlúthú agus a fhorbairt; Bonneagair thaighde a oscailt, a chomhtháthú agus a idirnascadh; Poitéinseal nuálaíochta na mBonneagar Taighde Eorpach agus gníomhaíochtaí i leith Nuálaíochta agus Oiliúna An beartas Eorpach maidir le bonneagar taighde agus an comhar idirnáisiúnta a threisiú;

(2)  Colún II ‘Dúshláin Dhomhanda agus Iomaíochas Tionsclaíoch Eorpach

Leis an gcolún seo, i gcomhréir le hAirteagal 4, trí na gníomhaíochtaí seo a leanas, tacófar le heolas, teicneolaíochtaí agus réitigh inbhuanaithe nua a chruthú agus a scaipeadh níos fearr, iomaíochas na tionsclaíochta Eorpaí a neartú, tionchar an taighde agus na nuálaíochta a neartú maidir le beartais an Aontais a fhorbairt, a thacú agus a chur chun feidhme, agus tacú leis an nglacadh le réitigh nuálacha sa tionsclaíocht, go háirithe in FBManna agus i ngnólachtaí nuathionscanta, agus sa tsochaí chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda. Rannchuideoidh sé le cuspóirí sonracha eile an Chláir mar a bhfuil tuairisc orthu in Airteagal 3.

Déanfar na heolaíochtaí sóisialta agus na daonnachtaí a chomhtháthú go hiomlán ar fud na mbraislí ar fad, lena n-áirítear gníomhaíochtaí sonracha agus gníomhaíochtaí tiomnaithe.

Chun solúbthacht agus sineirgíochtaí tionchair a uasmhéadú, eagrófar gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta i bhraisle, idirnasctha trí bhonneagair taighde uile-Eorpach, a dhéanfaidh comhar trasdhisiplíneach, trasearnálacha, trasbheartas, trasteorann agus idirnáisiúnta a dhreasú, ina n-aonar agus le chéile. Leis an gcolún seo de ‘Fís Eorpach’, cumhdaítear gníomhaíochtaí ó réimse leathan LRTanna, lena n-áirítear LRTanna níos ísle.

Rannchuidíonn gach braisle le roinnt SDGanna; agus faigheann go leor SDGanna tacaíocht ó níos mó ná braisle amháin.

Cuirfear na gníomhaíochtaí T&N chun feidhme sna braislí seo a leanas agus trasna na mbraislí sin:

(a)  An bhraisle ‘Sláinte’: Feabhas agus cosaint do shláinte agus folláine na saoránach ag gach aois, trí eolas nua a ghiniúint, réitigh nuálacha a fhorbairt, agus trína áirithiú go ndéantar gné na hinscne a chomhtháthú, i gcás inarb ábhartha, chun galair a chosc, a dhiagnóisiú, a fhaire, a chóireáil agus a leigheas agus trí theicneolaíochtaí na sláinte a fhorbairt; rioscaí don tsláinte a mhaolú, an pobal a chosaint agus an dea-shláinte agus an fholláine a chur chun cinn, san ionad oibre freisin; córais sláinte phoiblí a dhéanamh níos costéifeachtaí, níos cothroime agus níos inbhuanaithe; galair atá bainteach leis an mbochtaineacht a chosc agus dul i ngleic leo; agus tacú le rannpháirtíocht agus féinbhainistiú na n-othar, agus é sin a chumasú.

Réimsí idirghabhála: Sláinte ó thús go deireadh an tsaoil; Cinntithigh chomhshaoil agus sláinte sóisialta; galair neamhtheagmhálacha agus galair thearca; Galair ionfhabhtaíocha, lena n-áirítear galair a bhaineann leis an mbochtaineacht agus galair a ndearnadh siléig iontu; Uirlisí, teicneolaíochtaí agus réitigh dhigiteacha don tsláinte agus don chúram, lena n-áirítear leigheas pearsantaithe; Córais chúraim sláinte

(b)  An bhraisle ‘An Cultúr, an Chruthaitheacht agus an tSochaí Chuimsitheach’: Luachanna daonlathacha ▌a neartú, lena n-áirítear an smacht reachta agus na cearta bunúsacha, ár n-oidhreacht chultúrtha a choimirciú, poitéinseal na n-earnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha a thaiscéaladh, agus claochluithe socheacnamaíocha a rannchuidíonn le cuimsiú agus fás a chur chun cinn, ▌lena n-áirítear bainistiú ar imirce agus lánpháirtiú imirceach.

Réimsí idirghabhála: Daonlathas agus Rialachas; Cultúr, oidhreacht chultúrtha agus cruthaitheacht; Claochluithe sóisialta agus eacnamaíocha.▌

(c)   An bhraisle ‘An tSlándáil Shibhialta don tSochaí’: Ag freagairt do na dúshláin a eascraíonn as bagairtí leanúnacha slándála, lena n-áirítear an chibearchoireacht, chomh maith le tubaistí nádúrtha agus tubaistí de dhéantús an duine.

Réimsí idirghabhála: Sochaithe athléimneacha tar éis tubaistí; An chosaint agus an tslándáil; An chibearshlándáil.

d)   An bhraisle 'Cúrsaí Digiteacha, an Tionscal agus an Spás’: Cumais a threisiú agus ceannasacht na hEorpa a chinntiú in eochair-theicneolaíochtaí cumasúcháin don digitiú agus táirgeadh, agus sa teicneolaíocht spáis, ar feadh na tslabhra luacha, chun tionscal iomaíoch, digiteach, ísealcharbóin agus ciorclach a thógáil; soláthar inbhuanaithe amhábhar a áirithiú; ábhair ardfhorbartha a fhorbairt agus bonn a chur ar fáil don dul chun cinn agus don nuálaíocht maidir le ▌dúshláin shochaíocha dhomhanda.

Réimsí idirghabhála: Teicneolaíochtaí monaraíochta; Eochair-theicneolaíochtaí digiteacha, lena n-áirítear teicneolaíochtaí candamacha; Teicneolaíochtaí cumasúcháin atá ag teacht chun cinn; Ábhair ardfhorbartha; Intleacht shaorga agus róbataic; Idirlíon den chéad ghlúin eile; An ríomhaireacht ardfhorbartha agus Mórshonraí; Tionscail chiorclacha; Tionscail ísealcharbóin agus ghlan; An Spás, lena n-áirítear faire na cruinne.

(e)  An bhraisle ‘Aeráid, Fuinneamh agus Soghluaisteacht’: An t-athrú aeráide a chomhrac trí thuiscint níos fearr a fháil ar a chúiseanna, a éabhlóid, na rioscaí, na tionchair agus na deiseanna a bhaineann leis, trí earnáil an fhuinnimh agus an iompair a dhéanamh níos cairdiúla don aeráid agus don chomhshaol, níos éifeachtaí agus níos iomaíche, níos cliste, níos sábháilte agus níos buanseasmhaí, úsáid foinsí inathnuaite fuinnimh agus éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn, fheabhas a chur ar athléimneacht an Aontais i leith suaití seachtracha agus tríd an iompar sóisialta a oiriúnú i bhfianaise na spriocanna forbartha inbhuanaithe (SDGanna).

Réimsí idirghabhála: An t-athrú aeráide agus Réitigh; Soláthar Fuinnimh; Córais agus Eangacha Fuinnimh; Foirgnimh agus Saoráidí Tionsclaíocha maidir le hAistriú Fuinnimh; Pobail agus Cathracha; Iomaíochas Tionsclaíoch san Iompar; Iompar agus Soghluaisteacht atá Glan, Sábháilte agus Inrochtana; Soghluaisteacht Chliste; Stóráil Fuinnimh.

(f)   An bhraisle ‘Bia, Bithgheilleagar, Acmhainní Nadúrtha, Talmhaíocht agus Comhshaol’: An comhshaol a chosaint, acmhainní nádúrtha agus bitheolaíocha ón talamh, ó uiscí intíre agus ón bhfarraige a athshlánú, a bhainistiú go hinbhuanaithe agus a úsáid chun stop a chur le creimeadh na bithéagsúlachta, chun aghaidh a thabhairt ar shlándáil an tsoláthair bhia agus an chothaithe do chách agus an trasdul go geilleagar ciorclach ísealcharbóin atá tíosach ar acmhainní agus go bithgheilleagar inbhuanaithe.

Réimsí idirghabhála: Breathnóireacht chomhshaoil; An bhithéagsúlacht agus acmhainní nádúrtha; Talmhaíocht, foraoiseacht agus ceantair thuaithe; Farraigí, aigéin agus uiscí intíre; Córais bhia; Córais nuálaíochta bhithbhunaithe i mbithgheilleagar AE; Córais chiorclacha

(g)   Gníomhaíochtaí díreacha neamhnúicléacha an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde: Fianaise eolaíochta ar ardchaighdeán a chruthú le haghaidh beartais phoiblí mhaithe a bheidh éifeachtúil agus inacmhainne. Teastaíonn fianaise thrédhearcach, chuimsitheach, chothromaithe mar bhonn ciallmhar do thionscnaimh agus tograí nua reachtaíochta AE, agus teastaíonn fianaise freisin le bheith in ann cur chun feidhme na mbeartas a thomhas agus le faireachán a dhéanamh air. Soláthróidh an tAirmheán Comhpháirteach Taighde (JRC) fianaise eolaíochta agus tacaíocht theicniúil feadh thimthriall iomlán na mbeartas. Díreoidh JRC a thaighde ar thosaíochtaí beartais an Aontais.

Réimsí idirghabhála: Sláinte; Cultúr, cruthaitheacht agus an tsochaí chuimsitheach; Slándáil Shibhialta don tSochaí; cúrsaí digiteacha, an tionscal agus an spás; aeráid, fuinneamh agus soghluaisteacht; bia, bithgheilleagar, acmhainní nádúrtha, talmhaíocht agus comhshaol; tacú le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus le rialachas eacnamaíoch an Aontais; tacú leis na Ballstáit maidir le reachtaíocht a chur chun feidhme agus straitéisí um speisialtóireacht chliste a fhorbairt; uirlisí agus modhanna anailíseacha le haghaidh beartais a cheapadh; bainistiú eolais; aistriú eolais agus teicneolaíochta; tacaíocht don eolaíocht le freastal ar ardáin bheartais.

(3)  Colún III ‘An Eoraip Nuálaíoch’

Leis an gcolún seo, i gcomhréir le hAirteagal 4, tríd na gníomhaíochtaí seo a leanas, déanfar gach cineál nuálaíochta a chothú, lena n-áirítear nuálaíocht neamhtheicneolaíoch, go príomha in FBManna lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, trí chabhrú leis an bhforbairt agus an léiriú teicneolaíoch, agus le haistriú eolais, agus trí chur in úsáid na réiteach nuálach a neartú ▌. Rannchuideoidh sé freisin le cuspóirí sonracha eile an Chláir mar a thuairiscítear in Airteagal 3. Déanfar EIC a chur chun feidhme trí dhá ionstraim go príomha, an Treo-Aimsitheoir, arna gcur chun feidhme trí thaighde comhoibritheach den chuid is mó, agus an Luasaire.

(a)  An Chomhairle Nuálaíochta Eorpach: ag díriú go príomha ar nuálaíocht atá ceannródaíoch agus suaiteach, spriocdhírithe ar nuálaíocht lena gcruthófar margaí, agus ag an am céanna tacófar le gach cineál nuálaíochtaí, lena n-áirítear nuálaíocht chéimneach.

Réimsí idirghabhála: Treo-Aimsitheoir i leith ardtaighde, ag tacú le teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn anois agus a bheidh ag teacht chun cinn amach anseo ar teicneolaíochtaí ceannródaíocha, lena gcruthófar margadh nua agus/nó teicneolaíochtaí domhain iad; An Luasaire, bearna an mhaoinithe a dhúnadh idir céimeanna déanacha an taighde agus na ngníomhaíochtaí nuálaíochta agus tús úsáide sa mhargadh, nuálaíocht cheannródaíoch, mhargaí-chruthaitheach a chur in úsáid go héifeachtach agus cuideachtaí a uas-scálú i gcásanna nach gcuireann an margadh maoiniú inmharthana ar fáil; ▌gníomhaíochtaí breise EIC, amhail duaiseanna agus comhaltachtaí, agus seirbhísí breisluacha gnó.

(b)  Éiceachórais nuálaíochta na hEorpa

Réimsí idirghabhála: Áireofar ar na gníomhaíochtaí, go háirithe nascadh, i gcás inarb iomchuí i gcomhar le EIT, le ▌gníomhaithe nuálaíochta náisiúnta agus réigiúnacha agus ag tacú le Ballstáit, Réigiúin agus tíortha comhlachaithe chun cláir nuálaíochta chomhpháirteacha thrasteorann a chur chun feidhme, ó mhalartú cleachtas agus eolais i ndáil le rialáil na nuálaíochta go scileanna boga a fheabhsú i ndáil le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta, lena n-áirítear nuálaíocht oscailte nó nuálaíocht úsáideoir-stiúrtha, chun borradh a chur faoi éifeachtacht an chórais nuálaíochta Eorpaigh. Ba cheart é sin a chur chun feidhme i sineirge inter alia le tacaíocht CFRE d'éiceachórais nuálaíochta agus do chomhpháirtíochtaí idir-réigiúnacha i dtaca le speisialtóireacht cliste.

(c)  An Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht

Réimsí idirghabhála: Éiceachórais nuálaíochta inbhuanaithe ar fud na hEorpa; Scileanna nuálaíochta agus fiontraíochta i bhfoghlaim ar feadh an tsaoil, lena n-áirítear acmhainní na n-institiúidí ardoideachais ar fud na hEorpa a mhéadú; Réitigh nua don mhargadh chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin ▌dhomhanda ▌; Sineirgíochtaí agus breisluach laistigh de ‘Fís Eorpach’.

(4)  An Chuid ‘An Rannpháirtíocht a Leathnú agus an Limistéar Taighde Eorpach a neartú’

Trí na gníomhaíochtaí seo a leanas, leis an gcolún seo, saothrófar na cuspóirí sonracha amhail mar a leagtar amach in ▌Airteagal 3(2)(d). Rannchuideoidh sé freisin le cuspóirí sonracha ▌eile an Chláir mar a bhfuil tuairisc orthu in Airteagal 3. Agus é mar fhothaca leis an gClár iomlán, leis an gcuid seo, tacófar le gníomhaíochtaí a rannchuidíonn le tallann a mhealladh, cúrsaíocht daoine oilte a chothú agus imirce daoine oilte a chosc, agus a rannchuidíonn le hEoraip a bheidh níos eolasbhunaithe agus níos nuálaí, agus cothrom ó thaobh inscne de, a bheidh ar thús cadhnaíochta san iomaíochas domhanda, agus an comhar trasnáisiúnta á chothú agus dá bhrí sin, láidreachtaí agus cumas féideartha náisiúnta a optamú san Eoraip trí chéile i Limistéar Eorpach Taighde (LET) a bheidh ag feidhmiú go maith, limistéar ina mbeidh lucht saothair ardoilte ag gluaiseacht thart gan bhac ar bhealach cothrom, ina mbeidh tuiscint agus iontaoibh ag saoránaigh eolasacha as na torthaí ó T&N, torthaí a bheidh á leathadh go forleathan agus a rachadh chun tairbhe don tsochaí ina iomláine, agus ina mbeidh beartas an Aontais, go háirithe beartas T&N, bunaithe ar fhianaise eolaíochta atá ar ardchaighdeán.

Tacóidh sé freisin le gníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh cáilíocht na dtograí a thagann ó eintitis dhlítheanacha ó Bhallstáit ar íseal a fheidhmíocht maidir le T&N, amhail seiceálacha agus comhairle proifisiúnta réamhthogra, agus borradh a chur faoi ghníomhaíochtaí na bPointí Teagmhála Náisiúnta chun tacú le líonrú idirnáisiúnta, chomh maith le gníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh tacú le eintitis dhlítheanacha ó Bhallstáit ar íseal a bhfeidhmíocht maidir le T&N páirt a ghlacadh i dtionscadail chomhoibríocha atá roghnaithe cheana, nach bhfuil eintitis dhlítheanacha ó na Ballstáit sin rannpháirteach iontu.

Réimsí idirghabhála: Rannpháirtíocht a leathnú agus barr feabhais a scaipeadh, lena n-áirítear trí Theacht le chéile i bhFoirne, Nascadh, cathaoirligh ERA, COST, tionscnaimh Bharr Feabhais agus gníomhaíochtaí chun cúrsaíocht daoine oilte a chothú; Córas T&N na hEorpa a athchóiriú agus a fheabhsú, lena n-áirítear, mar shampla trí thacú le hathchóiriú a dhéanamh ar bheartas náisiúnta maidir leis an taighde agus an nuálaíocht, gairmeacha beatha tarraingteacha a chur ar fáil, agus tacú le heolaíocht inscne agus saoránach.

IARSCRÍBHINN Ia

AN INSTITIÚID EORPACH UM NUÁLAÍOCHT AGUS TEICNEOLAÍOCHT (EIT)

Beidh feidhm ag an méid seo a leanas maidir le cur chun feidhme ghníomhaíochtaí chlár EIT:

1.  An Réasúnaíocht

Mar a luaitear go soiléir sa Tuarascáil ón nGrúpa Ardleibhéil maidir leis an tairbhe is mó is féidir a bhaint as an tionchar a bheidh ag taighde agus nuálaíocht AE (Grúpa Ardleibhéil Lamy), is an bealach chun tosaigh ná ‘oideachas a chur ar dhaoine don todhchaí agus infheistiú sna daoine a chuirfidh an t-athrú i gcrích’. Go háirithe, iarrtar ar institiúidí ardoideachais Eorpacha an fhiontraíocht a spreagadh, teorainneacha disciplíneacha a bhaint as a chéile agus comhar láidir idirdhisciplíneach idir na hollscoileanna agus an earnáil thionsclaíoch a bhuanú. De réir suirbhéanna a rinneadh le déanaí, is é an rochtain ar dhaoine éirimiúla an fachtóir is tábhachtaí ar fad a bhfuil tionchar aige ar an rogha a dhéanfaidh fiontraithe Eorpacha maidir le hionaid ghnólachtaí nuathionscanta. Tá príomhról tábhachtach ag an oideachas, deiseanna agus oiliúint fiontraíochta agus scileanna cruthaitheacha a fhorbairt chun cumas na nuálaithe atá ann cheana a fhorbairt chun go mbeidh na gnólachtaí atá acu níos rathúla ar fad. Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeidh rochtain ar dhaoine éirimiúla fiontraíocha, mar aon le rochtain ar sheirbhísí gairmiúla, ar chaipiteal agus ar mhargaí ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, agus go dtabharfar gníomhaithe ábhartha na nuálaíochta le chéile faoi chuimsiú cuspóir comhchoiteann chun go bhféadfar éiceachóras nuálaíochta a chothú. Is gá iarrachtaí ar fud an Aontais Eorpaigh a chomhordú chun mais chriticiúil de chnuasaigh agus d'éiceachórais fiontraíochta idirnasctha ar fud an Aontais Eorpaigh a chruthú.

Is é EIT an t-éiceachóras comhtháite nuálaíochta is mó atá ann sa Eoraip inniu, lena dtugtar comhpháirtithe le chéile ón réimse gnó, taighde, oideachais agus ó réimsí eile. Leanfaidh EIT de thacaíocht a thabhairt dá Phobail Eolais agus Nuálaíochta (PENanna), ar comhpháirtíochtaí Eorpacha ar mhórscála iad a thugann aghaidh ar dhúshláin shonracha dhomhanda, agus déanfaidh siad na héiceachórais nuálaíocha timpeall orthu a neartú. Déanfaidh sé é sin trí chomhtháthú an oideachais, an taighde agus na nuálaíochta a chothú de réir na gcaighdeán is airde, agus dá bhrí sin, timpeallachtaí a chruthú a chabhróidh leis an nuálaíocht, agus trí ghlúin nua fiontraithe a chur chun cinn agus tacú leo agus trí chruthú gnóthaí nuálacha i ndlúthshineirgí agus i gcomhlántacht le EIC a spreagadh.

Ní mór iarrachtaí a dhéanamh go fóill, ar fud na hEorpa, chun éiceachórais a fhorbairt lenar féidir le taighdeoirí, nuálaithe, tionscail agus rialtais idirghníomhú le chéile go héasca. Go deimhin, ní bhíonn éiceachórais na nuálaíochta ag feidhmiú go héifeachtach go fóill mar gheall ar roinnt ▌cúiseanna amhail an méid seo a leanas:

–  cuirtear bac ar ghníomhaithe na nuálaíochta go fóill a bheith ag idirghníomhú le chéile mar go bhfuil constaic eagrúcháin, rialála agus cultúir rompu;

–  sna hiarrachtaí chun éiceachórais na nuálaíochta a neartú, bainfear leas as comhordú agus fócais shoiléir ar chuspóirí sonracha agus ar thionchar sonrach.

chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin shochaíocha amach anseo, teacht i dtír ar na deiseanna a bheidh ag na teicneolaíochtaí nua agus rannchuidiú le fás geilleagrach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus inbhuanaithe, poist, iomaíochas agus leas shaoránaigh na hEorpa, is gá acmhainn nuálaithe na hEorpa a neartú tuilleadh tríd an méid seo: timpeallachtaí atá ann cheana a neartú agus cruthú timpeallachtaí nua a chothú atá fabhrach don chomhar agus don nuálaíocht; acmhainneachtaí nuálaíochta na n-ollscoileanna agus earnáil an taighde a neartú; tacú le glúin nua fiontraithe; cruthú agus forbairt fiontar nuálach a spreagadh, mar aon le hinfheictheacht agus aitheantas na ngníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta arna gcistiú ag AE a neartú, go háirithe cistiú EIT don phobal i gcoitinne.

Mar gheall ar chineál agus ar scála na ndúshlán nuálaíochta, is gá idirchaidreamh a dhéanamh le gníomhaithe agus acmhainní a chur ar fáil ar leibhéal an Aontais trí chomhar trasteorann a chothú. Is gá fáil réidh leis na bacainní idir disciplíní agus ar feadh na slabhraí luacha agus cruthú timpeallachta fabhraí a chothú ina ndéanfar eolas agus saineolas a mhalartú go héifeachtach, agus ina ndéanfar scileanna tréitheacha fiontraithe a fhorbairt agus fiontraithe a mhealladh. Áiritheofar le Clár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht de chuid EIT go mbeidh comhréireacht ann le dúshláin ‘Fís Eorpach’, mar aon le comhlántacht le EIC.

2.  Réimsí Idirghabhála

2.1.  Éiceachórais nuálaíochta inbhuanaithe ar fud na hEorpa

I gcomhréir le Rialachán EIT agus an Clár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht de chuid EIT, beidh ról treisithe ag EIT in éiceachórais nuálaíochta inbhuanaithe atá dírithe ar dhúshláin a neartú ar fud na hEorpa. Go háirithe, leanfaidh EIT de bheith ag feidhmiú go príomha trína Phobail Eolais agus Nuálaíochta (PENanna), trí chomhpháirtíochtaí mórscála Eorpacha lena dtugtar aghaidh ar dhúshláin shochaíocha shonracha. Leanfaidh sé de bheith ag neartú éiceachórais nuálaíochta timpeall orthu trína n-oscailt suas agus trí chomhtháthú an taighde, na nuálaíochta agus an oideachais a chothú. Lena chois sin, neartóidh EIT éiceachórais na nuálaíochta ar fud na hEorpa trína Scéim Nuálaíochta Réigiúnach (EIT RIS) a leathnú. Oibreoidh EIT i gcomhar le héiceachórais na nuálaíochta ina léirítear ardchumas nuálaíochta atá bunaithe ar straitéis, ailíniú téamach agus tionchar atá beartaithe, i ndlúthshineirgí le Straitéisí agus Ardáin um Speisialtóireacht Chliste.

–  Éifeachtacht na PENanna atá ann cheana agus a n-oscailteacht i leith comhpháirtithe nua a threisiú lena gcumasófar an t-aistriú chuig féin-inbhuanaitheacht san fhadtéarma, agus lena ndéanfar anailísiú ar an ngá atá le PENanna nua a bhunú chun dul i ngleic le dúshláin dhomhanda. Saineofar na réimsí téamacha sonracha sa Chlár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht, agus an Phleanáil Straitéiseach á cur san áireamh;

–  Dlús a chur faoi réigiúin dul i dtreo barr feabhais sna tíortha ar nuálaithe a shainítear sa Chlár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht i ndlúthchomhair leis na cistí struchtúracha agus cláir ábhartha eile arna gcistiú ag an Aontas nuair is iomchuí.

2.2.  Scileanna nuálaíochta agus fiontraíochta i bhfoghlaim ar feadh an tsaoil, lena n-áirítear acmhainneachtaí na n-institiúidí ardoideachais ar fud na hEorpa a mhéadú

Treiseofar gníomhaíochtaí oideachais EIT chun an nuálaíocht agus an fhionraíocht a chothú trí oideachas agus oiliúint dhiongbháilte. Díreofar fócas níos láidre ar fhorbairt an chaipitil dhaonna a bheidh bunaithe ar leathnú chláir oideachais EIT PENanna atá ann cheana d'fhonn leanúint de bheith ag cur ar fáil curaclaim ardcháilíochta atá bunaithe ar an nuálaíocht, ar an gcruthaitheacht agus ar an bhfiontraíocht i gcomhréir le straitéis AE um an tionscal agus scileanna do mhic léinn agus do lucht gairme. Féadfar a áireamh orthu na taighdeoirí agus nuálaithe dá dtugtar tacaíocht le codanna eile de Fís Eorpach, go háirithe le gníomhartha Marie Skłodowska-Curie. Tacóidh EIT le nuachóiriú a dhéanamh ar institiúidí ardoideachais ar fud na hEorpa freisin agus iad a lánpháirtiú in éiceachórais na nuálaíochta trína n-acmhainn agus a gcumas fiontraíochta a chothú agus a mhéadú agus iad a spreagadh le riar níos fearr ar riachtanais scileanna nua roimh ré.

–  Curaclaim nuálacha a fhorbairt, lena gcuirfear san áireamh riachtanais na sochaí agus an tionscail amach anseo, agus cláir thrasearnálacha a fhorbairt atá le tairiscint do mhic léinn, fiontraithe agus lucht gairme ar fud na hEorpa agus lasmuigh di ina gcomhcheanglófar saineolas earnála sonraí le scileanna atá dírithe ar an ▌nuálaíocht agus scileanna fiontraíochta, amhail ▌scileanna ardteicneolaíochta a bhaineann le heochair-theicneolaíochtaí cumasúcháin digiteacha agus inbhuanaithe;

–  Branda EIT a neartú agus a leathnú chun feabhas a chur ar infheictheacht agus aitheantas chláir oideachais EIT atá bunaithe ar chomhpháirtíochtaí idir institiúidí ardoideachais éagsúla, ionaid taighde agus comhlachtaí taighde agus feabhas a chur ar a cháilíocht ina hiomláine ag an am céanna trí churaclaim ina bhfoghlaimeofar ábhar an churaclaim trí chleachtadh a dhéanamh agus oideachas fiontraíochta diongbháilte a bhfuil cuspóir leis a chur ar fáil mar aon le soghluaisteacht idirnáisiúnta, idir-eagraíochtaí agus idir-earnálacha;

–  Acmhainneacht nuálaíochta agus fiontraíochta earnáil an ardoideachais a fhorbairt, trí ghiaráil agus cur chun cinn a dhéanamh ar shaineolas Phobal EIT chun oideachas, taighde agus gnó a nascadh le chéile;

–  Ról phobal EIT Aalumni a threisiú ina eiseamláir do mhic léinn nua agus ina ionstraim láidir chun an tionchar a bheidh ag EIT a léiriú.

2.3.  Réitigh nua don mhargadh chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda

Le EIT déanfar éascú, cumhachtú agus dámhachtainí i dtaca le fiontraithe, nuálaithe, taighdeoirí, oideoirí, mic léinn agus gníomhaithe nuálaíochta, agus príomhshruthú inscne á áirithiú, a bheith ag obair i gcomhar le chéile i bhfoirne trasdisciplíneacha chun smaointe a ghiniúint agus iad a chlaochlú ina nuálaíocht incriminteach shuaiteach. Is iad príomhghnéithe na ngníomhaíochtaí ná an nuálaíocht oscailte agus an cur chuige trasteorann, lena ndíreofar ar ghníomhaíochtaí ábhartha Thriantán an Eolais a chur san áireamh agus atá an-tábhachtach le go mbeidh rath orthu (e.g. is féidir tionscnóirí tionscadal an rochtain a fheabhsú ar an méid seo: céimithe cáilithe in ábhair shonracha, úsáideoirí tosaigh, gnólachtaí nuathionscanta a bhfuil smaointe nuálacha acu, gnólachtaí nach gnólachtaí intíre iad a bhfuil sócmhainní comhlántacha acu etc.).

–  tacú le táirgí, seirbhísí agus deiseanna margaidh nua a fhorbairt lena mbeidh gníomhaithe Thriantán an Eolais ag obair i gcomhar le chéile chun réitigh a fháil ar dhúshláin dhomhanda;

—   slabhra luacha na nuálaíochta ar fad a chomhtháthú go hiomlán: ón mac léinn go fiontraí, ón smaoineamh go táirge, ón saotharlann go tomhaltóir. Áiritheofar air sin, tacaíocht do ghnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá i mbun fáis.

–  Seirbhísí agus tacaíocht ardleibhéil a sholáthar do ghnólachtaí nuálacha, lena n-áirítear cúnamh teicniúil a thabhairt do mhionchoigeartú táirgí agus seirbhísí, meantóireacht shubstainteach, tacú le custaiméirí spriocdhírithe a áirithiú agus caipiteal a thógáil, chun go gcuirfear ar an margadh go mear iad agus go gcuirfear dlús faoina bpróiseas fáis.

2.4.  Sineirgíochtaí agus breisluach laistigh de Fís Eorpach.

Cuirfidh EIT dlús lena iarrachtaí chun leas a bhaint as na sineirgí agus na comhlántachtaí idir PENanna atá ann cheana agus le gníomhaithe agus tionscnaimh éagsúla ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus ar leibhéil dhomhanda agus leathnóidh sé an líonra eagraíochtaí dlúthchomhair atá aige ar an leibhéal straitéiseach agus ar an leibhéal oibríochtúil araon, agus dúbláil á seachaint aige.

–  Dlúthchomhar le EIC agus InvestEU maidir le cuíchóiriú a dhéanamh ar an tacaíocht (i.e. cistiú agus seirbhísí) a thairgtear ▌d'fhiontair nuálacha sna céimeanna nuathionscanta agus fáis, go háirithe trí PENanna;

–  Gníomhaíochtaí EIT a phleanáil agus a chur chun feidhme chun an tairbhe is mó is féidir a bhaint as sineirgí agus comhlántachtaí le codanna eile den Chlár;

–  Páirteachas le Ballstáit AE, ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach araon, lena rachfar i mbun idirphlé struchtúrtha agus lena ndéanfar iarrachtaí comhordaithe chun sineirgí le tionscnaimh náisiúnta agus réigiúnacha a chumasú, lena n-áirítear straitéisí um speisialtóireacht chliste, agus trí chur chun feidhme ‘Éiceachórais nuálaíochta na hEorpa’ á bhreithniú freisin, chun dea-chleachtais agus dea-fhoghlaim a shainaithint, a chomhroinnt agus a leathadh;

–  Cleachtais agus torthaí nuálacha a roinnt agus a leathadh ar fud na hEorpa agus níos faide anonn, chun rannchuidiú le beartas nuálaíochta san Eoraip i gcomhar le codanna eile de Fís Eorpach;

–  Ionchur a thabhairt faoi phléití ar bheartais nuálaíochta agus rannchuidiú le tosaíochtaí bheartais AE a dhearadh agus a chur chun feidhme trína bheith ag obair go leanúnach le seirbhísí ábhartha uile an Choimisiúin Eorpaigh, le cláir eile de chuid AE agus lena bpáirtithe leasmhara, agus roghanna éagsúla a iniúchadh tuilleadh i dtionscnaimh cur chun feidhme beartais;

–  Sineirgí le cláir eile de chuid AE a shaothrú, lena n-áirítear na cláir sin ina dtacaítear le forbairt caipitil dhaonna agus nuálaíochta (e.g. COST, ESF+, ERDF, Erasmus +, Eoraip na Cruthaitheachta agus COSME Plus/Margadh Aonair, InvestEU);

–  Comhghuaillíochtaí straitéiseacha a chruthú le príomhghníomhaithe nuálaíochta ar leibhéal AE agus ar an leibhéal idirnáisiúnta, agus tacú le PENanna chun comhoibriú agus naisc le príomh-chomhpháirtithe Thriantán an Eolais ó thríú tíortha a fhorbairt, arb é is aidhm dóibh margaí nua a oscailt do réitigh de bhun PENanna mar aon le maoiniú agus daoine éirimiúla a mhealladh ó thar lear. Cuirfear rannpháirtíocht tríú tíortha chun cinn maidir le prionsabail na cómhalartachta agus na sochar frithpháirteach.

IARSCRÍBHINN III

COMHPHÁIRTÍOCHTAÍ

Déanfar Comhpháirtíochtaí Eorpacha a roghnú agus a chur chun feidhme, a chéimniú amach, a athnuachan, nó déanfar faireachán agus meastóireacht orthu, ar bhonn na gcritéar seo a leanas:

1)  Roghnú:

(a)  A léiriú go bhfuil an Chomhpháirtíocht Eorpach níos éifeachtaí ó thaobh cuspóirí gaolmhara an Chláir a gnóthú trí rannpháirtíocht agus tiomantas na gcomhpháirtithe, go háirithe maidir le tionchair shoiléire a ghnóthú don Aontas Eorpach agus dá shaoránaigh, go háirithe i bhfianaise na dúshláin dhomhanda agus na cuspóirí taighde agus nuálaíochta a ghnóthú, iomaíochas agus inbhuanaitheacht AE a chinntiú agus rannchuidiú le neartú an Limistéir Eorpaigh Taighde agus Nuálaíochta agus, i gcás inarb ábhartha, le tiomantais idirnáisiúnta;

I gcás Comhpháirtíochtaí Eorpacha institiúidithe arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 185 CFAE, tá rannpháirtíocht 40 % de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh ar a laghad éigeantach;

(b)  Leanúnachas agus sineirgí na Comhpháirtíochta Eorpaí laistigh de chreat taighde agus nuálaíochta an Aontais, agus rialacha Fís Eorpach á leanúint a mhéid is féidir;

(c)  Trédhearcacht agus oscailteacht na Comhpháirtíochta Eorpaí i ndáil le tosaíochtaí agus cuspóirí a shainaithint maidir le torthaí agus tionchar a bhfuiltear ag súil leo agus maidir le rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe agus na ngeallsealbhóirí ón slabhra luacha ina iomláine, ó earnálacha, chúlraí agus disciplíní éagsúla, lena n-áirítear cinn idirnáisiúnta nuair is ábhartha agus gan cur isteach ar an iomaíochas Eorpach; módúlachtaí soiléire maidir le rannpháirtíocht FBManna a chur chun cinn agus chun torthaí a leathadh agus leas a bhaint astu, go háirithe ag FBManna, lena n-áirítear trí eagraíochtaí idirmheánacha;

(d)  Léiriú ex ante ar bhreisíocht agus treoíocht na Comhpháirtíochta Eorpaí, lena n-áirítear fís straitéiseach chomhchoiteann de chuspóir na Comhpháirtíochta Eorpaí. Beidh na nithe seo a leanas, go háirithe, san áireamh san fhís sin:

–  sainaithint táirgí insoláthartha, torthaí agus tionchar, atá intomhaiste, laistigh d'amchlár sonrach, luach bunúsach eacnamaíoch agus/nó luach sochaíoch don Aontas san áireamh;

–  léiriú ar na héifeachtaí giarála cáilíochtúla agus cainníochtúla suntasacha ▌a bhfuiltear ag súil leo, lena n-áirítear modh lena ndéanfaí príomhtháscairí feidhmíochta a thomhais;

–  cuir chuige chun solúbthacht an chur chun feidhme a áirithiú agus chun coigeartú a dhéanamh má athraíonn riachtanais bheartais agus/nó an mhargaidh, nó má dhéantar dul chun cinn ó thaobh na heolaíochta, chun comhleanúnachas beartais a fheabhsú ar an leibhéal réigiúnach, náisiúnta agus ar leibhéal AE;

–  straitéis scoir agus bearta don chéimniú amach ón gClár.

(e)  Léiriú ex ante ar thiomantas fadtéarmach na gcomhpháirtithe, lena n-áirítear sciar íosta infheistíochtaí poiblí agus/nó príobháideacha;

I gcás Comhpháirtíochtaí Eorpacha institiúidithe, a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 185 nó le hAirteagal 187 CFAE, is é a bheidh sna ranníocaíochtaí airgeadais agus/nó sna ranníocaíochtaí comhchineáil ó chomhpháirtithe seachas an tAontas méid is ionann agus 50 %, ar a laghad, de ghealltanais bhuiséadacha chomhiomlánaithe na Comhpháirtíochta Eorpaí agus féadfaidh siad a bheith chomh hard le 75 %. I gcás gach Comhpháirtíocht Eorpach institiúidithe den sórt sin, beidh sciar den rannchuidiú ó chomhpháirtithe eile seachas ón Aontas i bhfoirm ranníocaíochtaí. I gcás comhpháirtithe eile seachas ón Aontas nó ó na Stáit Rannpháirteacha, ba cheart ranníocaíochtaí airgeadais a bheith dírithe go príomha ar chostais riaracháin mar aon le comhordú agus tacaíocht agus gníomhaíochtaí neamhiomaíocha eile a chumhdach.

(ea)  I gcomhaontú leis na húdaráis réigiúnacha, glacfar le ERDF mar pháirt-rannchuidiú náisiúnta do ghníomhaíochtaí comhchistiúcháin cláir a bhfuil baint ag na Ballstáit leo.

2)  Cur chun feidhme:

(a)  Cur chuige córasach a áiritheoidh go mbeidh na Ballstáit rannpháirteach go gníomhach agus go luath agus go mbainfear amach tionchair na Comhpháirtíochta Eorpaí a bhfuiltear ag súil leo trí chur chun feidhme solúbtha ar ghníomhaíochtaí comhpháirteacha a bhfuil breisluach ard Eorpach ag gabháil leo agus a rachaidh thar glaonna comhpháirteacha ar ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta freisin, iad siúd a bhfuil baint acu leis an nglacadh atá ag an margadh leo, le glacadh rialála nó le glacadh beartais san áireamh;

(b)  Bearta iomchuí lena n-áirithítear oscailteacht leanúnach an tionscnaimh agus trédhearcacht le linn an chur chun feidhme, go háirithe le haghaidh socrú tosaíochtaí agus le haghaidh rannpháirtíocht i nglaonna ar thograí, faisnéis ar fheidhmiú an rialachais, infheictheacht an Aontais, bearta cumarsáide agus for-rochtana, leathadh agus saothrú torthaí, lena n-áirítear straitéis shoiléir i dtaca le rochtain oscailte/úsáideoirí feadh an slabhra breisluacha; bearta iomchuí chun FBManna a chur ar an eolas agus chun a rannpháirtíocht a chur chun cinn;

(c)  Gníomhaíochtaí comhordúcháin agus/nó gníomhaíochtaí comhpháirteacha le tionscnaimh thaighde agus nuálaíochta ábhartha eile chun barrleibhéal na n-idirnasc agus sineirgí éifeachtacha a áirithiú, inter alia chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní cur chun feidhme a d'fhéadfadh a bheith ann ar an leibhéal náisiúnta agus cost-éifeachtúlacht a mhéadú;

(d)  ▌Gealltanais, ▌i dtaca le ranníocaíochtaí airgeadais agus/nó ranníocaíochtaí comhchineáil, ó gach comhpháirtí i gcomhréir le forálacha náisiúnta le linn shaolré an tionscnaimh;

(e)  I gcás gach Comhpháirtíocht Eorpach institiúidithe, rochtain ag an gCoimisiún ar na torthaí agus ar fhaisnéis eile a bhaineann le gníomhairí chun críocha bheartais nó chláir an Aontais a cheapadh agus a chur chun feidhme, agus faireachán a dhéanamh orthu.

3)  Faireachán:

(a)  Córas faireacháin atá i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 45 chun an dul chun cinn i dtreo ▌cuspóirí beartais, táirgí insoláthartha agus eochairtháscairí feidhmíochta sonracha a rianú, a fhágann gur féidir measúnú a dhéanamh thar thréimhse ama ar an méid a baineadh amach, ar thionchair agus ar an ngá a d'fhéadfadh a bheith le bearta ceartaitheacha;

(b)  Tuairisciú tréimhsiúil tiomnaithe ar éifeachtaí giarála cáilíochtúla agus cainníochtúla, lena n-áirítear maidir le ranníocaíochtaí agus rannchuidiú comhchineáil tiomanta a ghealltar agus a chuirtear ar fáil go hiarmhír, infheictheacht agus suí sa chomhthéacs idirnáisiúnta, an tionchar ar thaighde agus na rioscaí ó thaobh nuálaíochta de a bhaineann le hinfheistíochtaí na hearnála príobháidí;

(c)  Faisnéis mhionsonraithe ar an bpróiseas meastóireachta agus torthaí ó gach glao ar thograí laistigh de chomhpháirtíochtaí, a chuirfear ar fáil ar bhealach tráthúil inrochtana i mbunachar sonraí comhchoiteann ar líne.

4)  Meastóireacht, céimniú amach agus athnuachan:

(a)  Meastóireacht ar na tionchair arna mbaint amach ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais i ndáil leis na spriocanna agus eochairtháscairí feidhmíochta arna sainmhíniú, a úsáidfear sa mheastóireacht ar an gClár a leagtar amach in Airteagal 47, lena n-áirítear measúnú ar an modh idirghabhála ó thaobh beartais de is éifeachtaí le haghaidh aon ghníomhaíocht amach anseo; agus an áit a bheidh ag aon athnuachan féideartha ar Chomhpháirtíocht Eorpach i gcreat foriomlán na gComhpháirtíochtaí Eorpacha agus a thosaíochtaí beartais;

(b)  In éagmais athnuachana, bearta iomchuí lena n-áiritheofar go ndéanfar cistiú an Chláir Réime a chéimniú amach de réir na gcoinníollacha agus an amchláir ▌arna gcomhaontú leis na comhpháirtithe a thug gealltanas dlíthiúil ex ante, gan dochar do chistiú leanúnach trasnáisiúnta a d'fhéadfadh teacht ó chláir eile náisiúnta nó de chuid an Aontais, agus gan dochar don infheistíocht phríobháideach agus tionscadail leanúnacha.

IARSCRÍBHINN IV

SINEIRGÍOCHTAÍ LE CLÁIR EILE

1.  Trí shineirgíochtaí leis an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta agus leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (Comhbheartas Talmhaíochta - CBT), áiritheofar:

(a)  go ndéanfar riachtanais taighde agus nuálaíochta na hearnála talmhaíochta agus na limistéar tuaithe san Aontas a shainaithint, go háirithe faoin gComhpháirtíocht Eorpach um Nuálaíocht (CEN) maidir le ‘táirgiúlacht agus inbhuanaitheacht talmhaíochta’(34) agus go gcuirtear san áireamh iad i bpróiseas pleanála straitéisí don taighde agus nuálaíocht agus i gcláir oibre an Chláir;

(b)  go mbainfidh CBT an úsáid is fearr as torthaí taighde agus nuálaíochta agus go gcuireann sé úsáid, cur chun feidhme agus cur in úsáid na réiteach nuálach chun cinn, lena n-áirítear iad sin a thagann as tionscadail a mhaoinítear leis na Cláir Réime um thaighde agus nuálaíocht agus as an gComhpháirtíocht Eorpach um Nuálaíocht ‘táirgiúlacht agus inbhuanaitheacht talmhaíochta’ agus go mbaintear an úsáis is fearr as Pobail Eolais agus Nuálaíochta (PENanna) ábhartha de chuid EIT;

(c)  go dtacaíonn CETFT le glacadh agus leathadh eolais agus réiteach a eascraíonn as torthaí an Chláir a mbeidh earnáil feirmeoireachta níos dinimiciúla agus deiseanna nua i dtaca le forbairt na gceantar tuaithe ann dá mbarr.

2.  Áiritheoidh sineirgíochtaí leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI):

(a)  go bhfuil an Clár agus CEMI idirnasctha go mór toisc go ndéanfar riachtanais thaighde agus nuálaíochta AE i réimse an bheartais mhara agus mhuirí a chur san áireamh i bpróiseas pleanála straitéisí an Chláir don taighde agus nuálaíocht;

(b)  go dtacaíonn CEMI le soláthar céimneach teicneolaíochtaí úra agus táirgí, próisis agus seirbhísí nuálacha, go háirithe iad siúd a thagann ón gClár i réimse an bheartais mara agus mhuirí; go gcuireann CEMI bailiú sonraí ar an láthair agus próiseáil sonraí chun cinn freisin agus go leathann sé gníomhaíochtaí ábhartha a dtacaítear leo faoin gClár, rud a rannchuideoidh ina dhiaidh sin leis an gComhbheartas Iascaigh, le Beartas Muirí Comhtháite, le Rialachas Idirnáisiúnta na nAigéan agus le tiomantais idirnáisiúnta a chur chun feidhme.

3.  Áiritheoidh sineirgíochtaí le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE):

(a)  go n-úsáidfear socruithe chun maoiniú ó CFRE agus ó ‘Fís Eorpach’ a chur le chéile chun tacú le gníomhaíochtaí a dhúnann an bhearna idir Cláir Oibríochtúla réigiúnacha, straitéisí um speisialtóireacht chliste agus barr feabhais idirnáisiúnta sa taighde agus nuálaíocht, lena n-áirítear cláir chomhpháirteacha thrasréigiúnacha/thrasnáisiúnta agus Bonneagair Thaighde uile-Eorpacha, agus é mar aidhm leo an Limistéar Eorpach Taighde a neartú;

(aa)  go bhféadfar cistí CFRE a aistriú ar bhonn deonach chun tacú le gníomhaíochtaí faoin gClár, go háirithe an Séala barr feabhais;

(b)  go ndíríonn CFRE, i measc nithe eile, ar éiceachórais thaighde agus nuálaíochta réigiúnacha agus áitiúla a fhorbairt agus a neartú agus ar an gclaochlú tionsclaíoch, lena n-áirítear tacaíocht le glacadh torthaí agus le leathadh amach teicneolaíochtaí úra agus réiteach nuálach ó na Cláir Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht trí CFRE;

(ba)  go bhfeabhsaítear na héiceachórais réigiúnacha, líonraí ardáin agus straitéisí réigiúnacha atá ann cheana.

4.  Áiritheoidh sineirgíochtaí le Ciste Sóisialta na hEorpa+ (CSE+):

(a)  gur féidir le CSE+ curaclaim nuálacha a dtacaíonn an Clár leo a phríomhshruthú agus a mhéadú ó thaobh scála de, trí chláir náisiúnta nó réigiúnacha, d’fhonn na scileanna agus na hinniúlachtaí is gá do phoist an ama atá le teacht a thabhairt do dhaoine;

(b)  gur féidir na socruithe don mhaoiniú comhlántach ó CSE+ a úsáid ar bhonn deonach chun tacú le gníomhaíochtaí den Chlár lena gcuirtear forbairt an chaipitil dhaonna sa taighde agus nuálaíocht chun cinn, d’fhonn an Limistéar Eorpach Taighde a neartú; [Leasú. 148]

(c)  go ndéanfaidh an tsraith Sláinte de Chiste Sóisialta na hEorpa+ teicneolaíochtaí nuálacha agus samhlacha agus réitigh nua gnó, go háirithe iad siúd a thagann as na Cláir, a phríomhshruthú, chun rannchuidiú le córais sláinte na mBallstát a dhéanamh nuálach, éifeachtach agus inbhuanaithe agus chun rochtain ar chúram sláinte níos fearr agus níos sábháilte a éascú do shaoránaigh na hEorpa.

5.  Áiritheoidh sineirgíochtaí leis an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE):

(a)  go ndéanfar riachtanais thaighde agus nuálaíochta i réimse an iompair, i réimse an fhuinnimh agus san earnáil dhigiteach san Aontas Eorpach a shainaithint agus a shuíomh le linn próiseas pleanála straitéisí an Chláir don taighde agus nuálaíocht;

(b)  go dtacaíonn SCE le soláthar céimneach agus cur in úsáid ar mhórscála na dteicneolaíochtaí nuálacha nua agus na réiteach nuálach nua i réimse an iompair, i réimse an fhuinnimh agus sna bonneagair fhisiciúla dhigiteacha, go háirithe iad sin a thagann as na Cláir Réime um thaighde agus um nuálaíocht;

(c)  go ndéanfar malartú faisnéise agus sonraí idir an Clár Réime agus tionscadail SCE a éascú, mar shampla trí bhéim a leagan ar theicneolaíochtaí ón gClár Réime a bhfuil leibhéal ard ullmhachta don mhargadh ag baint leo a d’fhéadfaí a fhorbairt tuilleadh trí SCE.

6.  Áiritheoidh sineirgíochtaí leis an gClár don Eoraip Dhigiteach (DEP):

(a)  cé go dtagann roinnt réimsí téamacha a dtugtar aghaidh orthu leis an gClár agus le DEP le chéile, go mbeidh na cineálacha gníomhaíochtaí atá le maoiniú, a n-aschuir ionchasacha agus a loighic idirghabhála, éagsúil agus comhlántach;

(b)  go ndéanfar riachtanais thaighde agus nuálaíochta a bhaineann le gnéithe digiteacha a shainaithint agus a shuíomh i bpleananna straitéiseacha an Chláir don taighde agus nuálaíocht; cuimsítear leis sin taighde agus nuálaíocht le haghaidh na Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta, na hIntleachta Saorga agus na Cibearshlándála, Teicneolaíochtaí Mórleabhair Dáilte, Teicneolaíochtaí Candamacha, ag cur teicneolaíochtaí digiteacha le chéile le teicneolaíochtaí cumasúcháin eile agus le nuálaíochtaí neamhtheicneolaíocha; tacú le méadú cuideachtaí trí nuálaíochtaí ceannródaíocha a thabhairt isteach (go leor acu a mbeidh teicneolaíochtaí digiteacha agus fisiciúla á gcur le chéile iontu; an ghné dhigiteach a chomhtháthú feadh an cholúin iomlán ‘Dúshláin Dhomhanda agus Iomaíochas Tionsclaíoch Eorpach’; agus tacú le bonneagair thaighde dhigiteacha;

(c)  go ndíreofar, le DEP, ar acmhainní agus bonneagar digiteach ar mhórscála a fhothú sa Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta, Intleacht Shaorga, Cibearshlándáil, Teicneolaíochtaí Mórleabhair Dáilte, Teicneolaíochtaí Candamacha agus ardscileanna digiteacha, agus é mar aidhm leo glacadh agus cur in úsáid forleathan ann ar fud na hEorpa i dtaca le réitigh dhigiteacha nuálacha ríthábhachtacha, atá ann cheana nó a ndearnadh tástáil orthu, laistigh de chreat an Aontais i réimsí a bhaineann le leas an phobail (amhail sláinte, riarachán poiblí, an ceartas agus an t-oideachas) nó teip margaidh (amhail digitiú gnó, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide); go gcuirfear DEP chun feidhme go príomha trí infheistíochtaí comhordaithe agus straitéiseacha leis na Ballstáit, go háirithe trí sholáthar poiblí comhpháirteach, in acmhainní digiteacha atá le roinnt ar fud na hEorpa agus i mbearta uile-Aontais lena dtacaítear le hidir-inoibritheacht agus le caighdeánú mar chuid den phróiseas chun Margadh Aonair Digiteach a fhorbairt;

(d)  go gcuirfear acmhainní agus bonneagair DEP ar fáil don lucht taighde agus nuálaíochta, lena n-áirítear iad a chur ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ón gClár, agus tástáil, turgnamhaíocht agus taispeántas thar gach earnáil agus disciplín san áireamh;

(e)  go ndéanfar na teicneolaíochtaí digiteacha úra arna bhforbairt tríd an gClár a ghlacadh agus a chur in úsáid le DEP;

(f)  go ndéanfar tionscnaimh faoin gClár le haghaidh forbairt scileanna agus curaclaim inniúlachtaí, lena n-áirítear iad sin arna soláthar ag ionaid chomhlonnaithe Phobal Eolais agus Nuálaíochta de chuid na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht, go ndéanfar iad a chomhlánú le fothú acmhainneachta in ardscileanna digiteacha arna maoiniú faoin gClár don Eoraip Dhigiteach;

(g)  go mbeidh sásraí láidre comhordaithe ann don chláreagrú straitéiseach agus go ndéanfar nósanna imeachta oibriúcháin a ailíniú don dá chlár, agus go mbeidh seirbhísí ábhartha an Choimisiúin, chomh maith le dreamanna eile a mbaineann codanna éagsúla de na cláir faoi seach leo, bainteach leis na struchtúir rialachais atá acu.

7.  Áiritheoidh sineirgíochtaí le Clár an Mhargaidh Aonair:

(a)  go rachaidh Clár an Mhargaidh Aonair i ngleic leis na clistí sa mhargadh a imríonn tionchar ar gach FBM, agus go gcuirfidh sé fiontraíocht agus cruthú agus fás cuideachtaí chun cinn. go mbeidh comhleanúnachas iomlán ann idir Clár an Mhargaidh Aonair agus gníomhaíochtaí EIT agus na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí a bheidh ann amach anseo le haghaidh cuideachtaí nuálacha, agus i réimse na seirbhísí tacaíochta le haghaidh FBManna chomh maith, go háirithe i gcásanna nach gcuireann an margadh maoiniú inmharthana ar fáil;

(b)  go bhfeidhmeoidh an Líonra Fiontar Eorpach, ar aon dul le struchtúir tacaíochta eile do FBManna (e.g. Pointí Teagmhála Náisiúnta, Gníomhaireachtaí Nuálaíochta, DIH, Lárionaid Inniúlachta, gorlanna deimhnithe), chun seirbhísí tacaíochta a chur ar fáil faoi Fís Eorpach, lena n-áirítear an Chomhairle Nuálaíochta Eorpach.

8.  Áiritheoidh sineirgíochtaí leis an gClár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE):

Go ndéanfar na riachtanais thaighde agus nuálaíochta chun dul i ngleic le dúshláin chomhshaoil, aeráide agus fuinnimh laistigh den Aontas a shainaithint agus a shuíomh le linn an phróisis pleanála maidir le taighde straitéiseach agus nuálaíocht de chuid an Chláir. Leanfaidh clár LIFE de bheith ag gníomhú mar chatalaíoch chun reachtaíocht agus beartas an Aontais maidir leis an gcomhshaol, leis an aeráid agus le gnéithe áirithe fuinnimh a chur chun feidhme, lena n-áirítear trí bhíthin glacadh torthaí taighde agus nuálaíochta ón gClár agus cuidiú iad a chur in úsáid ar scála náisiúnta agus (idir)réigiúnach áit a bhféadfaidh siad aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna comhshaoil, aeráide agus aistrithe fuinnimh. Go háirithe, leanfaidh LIFE de shineirgíochtaí leis an gClár a dhreasú trí bhónas a dhámhachtain le linn na meastóireachta ar thograí ar gné díobh úsáid a bhaint as na torthaí ón gClár. Tacóidh tionscadail gníomhaíochtaí caighdeánacha LIFE le teicneolaíochtaí nó modheolaíochtaí oiriúnacha a fhorbairt, a thástáil nó a thaispeáint chun beartas comhshaoil agus aeráide an Aontais a chur chun feidhme, ar féidir iad a chur in úsáid ar mhórscála ina dhiaidh sin, arna gcistiú ó fhoinsí eile, lena n-áirítear ón gClár. Is féidir le EIT chomh maith leis an gComhairle Nuálaíochta Eorpach a bheidh ann amach anseo tacaíochta sholáthar do smaointe nua ceannródaíocha a d'fhéadfadh a bheith mar thoradh ar chur chun feidhme thionscadail LIFE, agus is féidir leo na smaointe sin a uas-scálú agus a thráchtálú.

9.  Áiritheoidh sineirgíochtaí leis an gclár Erasmus:

(a)  go mbainfear úsáid as acmhainní atá curtha le chéile ón gClár agus ó chlár Erasmus chun gníomhaíochtaí a mhaoiniú atá dírithe ar institiúidí ardoideachais Eorpacha a neartú agus a nuachóiriú. Déanfaidh an Clár comhlánú ar thacaíocht ón gclár Erasmus do thionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha, go háirithe a ghné thaighde, mar chuid d'fhorbairt straitéisí nua comhpháirteacha lánpháirtithe inbhuanaithe fadtéarmacha i leith oideachais, taighde agus nuálaíocht atá bunaithe ar chineálacha cur chuige trasdhisciplíneacha agus trasearnálacha chun triantán an eolais a chruthú, rud a chuirfidh borradh faoin bhfás eacnamaíoch; go bhféadfadh gníomhaíochtaí oideachais EIT a bheith ionspioráideach do thionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha agus a bheith idirnasctha leis.

(b)  go gcothóidh an Clár agus Clár Erasmus comhtháthú an oideachais agus an taighde trí éascú d’institiúidí ardoideachais straitéisí coiteanna oideachais, taighde agus nuálaíochta a cheapadh agus a chur ar bun, chun na torthaí agus cleachtais thaighde is déanaí a chur ar fáil mar bhonn eolais don teagasc chun taithí gníomhach taighde a sholáthar do gach mac léinn agus gach ball foirne ardoideachais, go háirithe taighdeoirí, agus chun tacú le gníomhaíochtaí eile lena ndéantar an t-ardoideachas, an taighde agus an nuálaíocht a chomhtháthú.

10.  Áiritheoidh sineirgíochtaí leis an gClár Spáis Eorpach:

(a)  go ndéanfar riachtanais thaighde agus nuálaíochta san earnáil réamhtheachtach agus iartheachtach spáis san Aontas Eorpach a shainaithint agus a shuíomh mar chuid de phróiseas pleanála straitéisí an Chláir don taighde agus nuálaíocht; go ndéanfar na gníomhaíochtaí taighde spáis arna gcur chun feidhme trí ‘Fís Eorpach’ a chur chun feidhme agus aird á tabhairt ar sholáthar agus incháilitheacht eintiteas i gcomhréir le forálacha an Chláir Spáis, i gcás inarb iomchuí;

(b)  go n-úsáidfear na sonraí agus seirbhísí spáis a chuirtear ar fáil mar earraí poiblí faoin gClár Spáis Eorpach chun réitigh cheannródaíocha a fhorbairt trí thaighde agus nuálaíocht, lena n-áirítear sa Chlár Réime, go háirithe i gcomhair bia inbhuanaithe agus acmhainní nádúrtha, faireachán ar an aeráid, cathracha cliste, feithiclí uathoibrithe, an tslándáil agus bainistiú tubaistí;

(c)  go rannchuideoidh Sonraí Copernicus agus Seirbhísí um Rochtain ar Fhaisnéis leis an Néal Eorpach maidir leis an Eolaíocht Oscailte agus go ndéanfaidh siad rochtain taighdeoirí agus eolaithe ar shonraí Copernicus a éascú dá bharr; beidh bonneagair thaighde, go háirithe líonraí breathnóireachta in situ, ina ngnéithe ríthábhachtacha den bhonneagar breathnóireachta in situ a dhéanann seirbhísí Copernicus a chumasú, agus bainfidh siad leas, ina dhiaidh sin, as an bhfaisnéis arna giniúint ag seirbhísí Copernicus.

11.  Áiritheoidh sineirgíochtaí leis an Ionstraim maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta (an ‘Ionstraim Sheachtrach’) go ndéanfar, le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta an Chláir a bhfuil Tríú Tíortha rannpháirteach iontu, agus le gníomhaíochtaí spriocdhírithe comhair idirnáisiúnta, ailíniú agus comhleanúnachas a lorg le gníomhaíochtaí comhthreomhara i dtaca le dul i bhfód ar an margadh agus fothú acmhainní faoin Ionstraim Sheachtrach, bunaithe ar shainmhíniú comhpháirteach ar riachtanais agus ar réimsí idirghabhála le linn próiseas pleanála straitéisí an Chláir don taighde agus nuálaíocht.

12.  Áiritheoidh sineirgíochtaí leis an gCiste Slándála Inmheánaí agus leis an ionstraim bainistithe teorainneacha mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha:

(a)  go ndéanfar riachtanais thaighde agus nuálaíochta i réimse na slándála agus i réimse an bhainistithe comhtháite teorainneacha a shainaithint agus a shuíomh le linn próiseas pleanála straitéisí an Chláir don taighde agus nuálaíocht;

(b)  go dtacaíonn an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ciste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha le teicneolaíochtaí agus réitigh nuálacha úra a chur in úsáid, go háirithe iad siúd a thagann as na Cláir Réime um thaighde agus um nuálaíocht i réimse an taighde slándála.

13.  Áiritheoidh sineirgíochtaí le Ciste InvestEU:

(a)  go soláthróidh an Clár, as a bhuiséad féin, maoiniú cumasctha de chuid Fís Eorpach agus EIC do nuálaithe, arb é leibhéal ard riosca is saintréith dó agus nach gcuireann an margadh maoiniú inmharthana inbhuanaithe ábhartha ar fáil ina leith, agus ag an am céanna déanfaidh sé foráil maidir le comhordú iomchuí chun tacú leis an gcuid den mhaoiniú cumasctha as maoiniú príobháideach a chur ar fáil agus a bhainistiú go héifeachtach trí chistí agus idirghabhálaithe a fhaigheann tacaíocht ó InvestEU;

(b)  go ndéanfar ionstraimí airgeadais don taighde agus nuálaíocht agus do FBManna a ghrúpáil le chéile faoi Chiste InvestEU, go háirithe trí ionú téamach T&N tiomnaithe, agus trí tháirgí arna gcur in úsáid faoin ionú FBManna a dhíríonn ar chuideachtaí nuálacha, rud a chuideoidh freisin chun cuspóirí an Chláir a bhaint amach. Bunófar naisc chomhlántacha láidre idir InvestEU agus Fís Eorpach.

14.  Áiritheoidh sineirgíochtaí leis an gCiste Nuálaíochta faoin Scéim Trádála Astaíochtaí (an ‘Ciste Nuálaíochta’):

(a)  go ndéanfaidh an Ciste Nuálaíochta nuálaíocht a dhíriú go sonrach i dteicneolaíochtaí agus i bpróisis ísealcharbóin, lena n-áirítear gabháil agus úsáid charbóin atá sábháilte don chomhshaol agus a rannchuidíonn go suntasach le tionchair an athraithe aeráide a mhaolú, chomh maith le táirgí a úsáidtear in ionad cinn atá dian ó thaobh úsáid carbóin de, agus le cabhrú chun spreagadh a thabhairt le tionscadail a thógáil agus a oibriú arb é is aidhm dóibh CO2 a ghabháil agus a stóráil go geolaíoch ar dhóigh atá sábháilte don chomhshaol, agus spreagadh a thabhairt freisin do theicneolaíochtaí nuálacha a bhaineann le fuinnimh in-athnuaite agus stóráil fuinnimh; Cruthófar creat iomchuí chun táirgí ‘níos glaise’ a chumasú agus a dhreasú ag a mbeidh breisluach inbhuanaithe do na custaiméirí/úsáideoirí deiridh.

(b)  go dtabharfaidh an Clár cistiú chun teicneolaíochtaí a fhorbairt agus, a thaispeáint agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear réitigh cheannródaíocha, a bheidh in ann geilleagar ísealcharbóin agus cuspóirí an Aontais maidir le dícharbónú, fuinneamh agus claochlú tionsclaíoch a bhaint amach, go háirithe faoi cholún 2 an Chláir agus trí EIT;

(c)  go bhféadfaidh an Ciste Nuálaíochta, ar choinníoll go ndéanfar a chritéar roghnúcháin agus dhámhachtana a chomhlíonadh, tacú le céim taisealbhaidh tionscadal incháilithe a bhféadfadh tacaíocht a bheith faighte acu ón gClár réime um Thaighde agus um Nuálaíocht. Féadfaidh tionscadail a bhfuil tacaíocht á bhfáil acu ón gCiste Nuálaíochta a bheith incháilithe chun tacaíocht a fháil ó Chláir Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht agus a mhalairt. Chun Fís Eorpach a chomhlánú, féadfaidh an Ciste Nuálaíochta díriú ar nuálaíochtaí atá gar don mhargadh a rannchuidíonn le laghdú suntasach agus mear ar astaíochtaí CO2. Bunófar naisc chomhlántacha láidre idir an Ciste Nuálaíochta agus Fís Eorpach.

15.  Áiritheoidh sineirgíochtaí le Clár Taighde agus Oiliúna Euratom:

(a)  go bhforbróidh an Clár agus Clár Taighde agus Oiliúna Euratom gníomhaíochtaí cuimsitheacha lena dtacaítear le hoideachas agus oiliúint (Gníomhuithe Marie Skłodowska-Curie san áireamh) agus é mar aidhm leo scileanna ábhartha a choimeád ar an leibhéal reatha agus a fhorbairt san Eoraip;

(b)  go bhforbróidh an Clár agus Clár Taighde agus Oiliúna Euratom gníomhaíochtaí comhpháirteacha taighde a bheidh dírithe ar ghnéithe cothrománacha den úsáid shlán shábháilte a bhaint as feidhmeanna neamhchumhachta na radaíochta ianúcháin in earnálacha amhail an leigheas, an tionscal, an talmhaíocht, an spás, an t-athrú aeráide, an tslándáil agus ullmhacht i gcás éigeandála agus rannchuidiú na heolaíochta núicléiche.

16.  Rannchuideoidh sineirgí ionchasacha leis an gCiste Eorpach Cosanta dúbailtí a sheachaint.

16a.  Tacóidh sineirgí leis an Eoraip Chruthaitheach le hiomaíochas agus le nuálaíocht, lena rannchuideofar le fás eacnamaíoch agus sóisialta agus lena gcuirfear úsáid éifeachtach cistí poiblí chun cinn.

16b.  D’fhéadfaí sineirgí le aon Tionscadal Tábhachtach ar Mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne (IPCEI) a bheartú.

IARSCRÍBHINN V

EOCHAIRTHÁSCAIRÍ NA gCONAIRÍ TIONCHAIR

Déanfaidh conairí tionchair, agus eochairtháscairí na gconairí tionchair gaolmhara, struchtúrú ar an bhfaireachán ar dhul chun cinn an Chláir Réime (CR) i dtreo a chuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3. Tá na conairí tionchair spleách ar an am agus léiríonn siad trí chatagóir chomhlántacha tionchair, a léiríonn an nádúr neamhlíneach atá ag infheistíocht T&N: eolaíoch, sochaíoch agus teicneolaíoch/eacnamaíoch. I gcás gach ceann de na catagóirí tionchair sin, úsáidfear táscairí ionadacha chun rianú a dhéanamh ar an dul chun cinn, lena ndéantar idirdhealú idir an gearrthéarma, an meántéarma agus téarmaí níos faide, lena n-áirítear thar fhad tréimhse an Chláir, le deiseanna miondealaithe, lena n-áirítear de réir Ballstáit agus tír chomlachaithe. Déanfar na táscairí sin a chur le chéile ag baint úsáid as modheolaíochtaí cainníochtúla agus cáilíochtúla. Rannchuideoidh codanna aonair den Chlár leis na táscairí sin ar leibhéal éagsúil agus trí shásraí éagsúla. Féadfar táscairí breise a úsáid chun faireachán a dhéanamh ar chodanna aonair den chlár, i gcás inarb ábhartha.

Baileofar na micreashonraí ar a bhfuil eochairtháscairí na gconairí tionchair bunaithe le haghaidh gach cuid den Chlár agus gach sásra seachadta ar dhóigh a bheidh bainistithe go lárnach agus comhchuibhithe agus ar an leibhéal iomchuí gráinneachta, a fhágfaidh go mbeidh an t-ualach tuairiscithe ar na tairbhithe chomh beag agus is féidir.

Sa bhreis air sin agus thar eochairtháscairí na gconairí tionchair, mar chuid de na sonraí cur chun feidhme agus bainistithe, dá dtagraítear in Airteagal 45, déanfar bailiú agus tuairisciú gar le fíor-am ar na sonraí maidir le seachadadh barrfheabhsaithe an Chláir chun an Limistéir Eorpach Taighde a neartú, lena ndéantar na rannpháirtíochtaí feabhas-bhunaithe ó na Ballstáit go léir sa Chlár a chothú agus naisc chomhoibríocha a éascú maidir le taighde agus nuálaíocht Eorpach. Áiritheofar leis sin, inter alia, faireachán ar naisc chomhoibríocha, anailís líonra, sonraí maidir le tograí, iarrataí, rannpháirtíochtaí agus tionscadail; iarratasóirí agus rannpháirtithe (lena n-áirítear cineáil na heagraíochta (amhail eagraíochtaí na sochaí sibhialta, FBManna agus an earnáil phríobháideach), tír, (amhail aicmiú sonrach do ghrúpaí tíortha amhail Ballstáit, tíortha comhlachtaithe agus tríú tíortha), inscne, ról sa tionscadal, disciplín/earnáil eolaíoch, lena n-áirítear na heolaíochtaí sóisialta agus na daonnachtaí); agus leibhéal an phríomhshruthaithe aeráide agus méid an chaiteachais a bhaineann leis an aeráid.

Táscairí na gconairí tionchair eolaíocha

Meastar go mbeidh tionchar eolaíoch ag an gClár trí eolas nua ar ardchaighdeán a chruthú, caipiteal daonna sa taighde agus nuálaíocht a neartú, agus scaipeadh eolais agus Eolaíochta Oscailte a chothú. Déanfar faireachán ar an dul chun cinn i dtreo an tionchair sin le táscairí ionadacha a shocrófar feadh an trí eochairchonair tionchair seo a leanas:

Táscairí na gconairí tionchair sochaíocha

Táthar ag súil leis go mbeidh tionchar sochaíoch ag an gClár trí aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí beartais an Aontais agus ar dhúshláin dhomhanda, lena n-áirítear SDGanna na Náisiún Aontaithe, i gcomhréir le prionsabail Chlár 2030 agus spriocanna Chomhaontú Pháras, trí T&N, tairbhí agus tionchar a sholáthar trí mhisin T&N agus trí na Comhpháirtíochtaí Eorpacha agus trí glacadh na nuálaíochta sa tsochaí a neartú a rannchuideoidh, ar deireadh, le folláine na ndaoine. Déanfar faireachán ar an dul chun cinn i dtreo an tionchair sin le táscairí ionadacha a shocrófar feadh an trí eochairchonair tionchair seo a leanas:

Táscairí na gconairí tionchair teicneolaíocha/eacnamaíocha ▌

Táthar ag súil leis go mbeidh tionchar teicneolaíoch/eacnamaíoch ▌ ag an gClár go háirithe laistigh den Aontas trí thionchar a imirt ar chruthú agus fás cuideachtaí, go háirithe FBManna lena n-airítear cuideachtaí nuathionscanta, cruthú fostaíochta dírí agus indírí go háirithe laistigh den Aontas, agus trí ghiaráil ar infheistíochtaí don taighde agus nuálaíocht. Déanfar faireachán ar an dul chun cinn i dtreo an tionchair sin le táscairí ionadacha a shocrófar feadh an trí eochairchonair tionchair seo a leanas:

Iarscríbhinn V – tábla 1

I dtreo tionchar

eolaíoch;

Gearrthéarmach

Meántéarmach

Fadtéarmach

Eolas nua ardcháilíochta a chruthú

Foilseacháin -

Líon na bhfoilseachán eolaíochta a ndearnadh athbhreithniú piaraí orthu faoi CR

Luanna -

Innéacs na Luanna Ualaithe de réir Réimse do na foilseacháin a ndearnadh athbhreithniú piaraí

orthu faoi CR

Eolaíocht de scoth an domhain -

Líon agus sciar na bhfoilseachán a ndearnadh athbhreithniú piaraí orthu ó

thionscadail CR a rannchuidíonn a leibhéal bunúsach le réimsí eolaíochta

Caipiteal daonna sa T&N a neartú

Scileanna -

Líon na dtaighdeoirí atá rannpháirteach i ngníomhaíochtaí uas-scilithe (oiliúint, meantóireacht/cóitseáil, soghluaisteacht agus rochtain ar bhonneagar T&N) i dtionscadail CR

Gairmeacha -

Líon agus sciar na

dtaighdeoirí uas-scilithe faoi CR a imríonn níos mó tionchair aonair ina réimse T&N

Dálaí oibre -

Líon agus sciar na dtaighdeoirí uas-scilithe faoi CR a bhfuil dálaí oibre feabhsaithe acu, lena n-áirítear tuarastail na dtaighdeoirí

Scaipeadh eolais agus Eolaíochta Oscailte a chothú

Eolas comhroinnte -

An sciar d’aschuir thaighde faoi CR (sonraí oscailte/foilseacháin/bogearraí etc.) arna gcomhroinnt faoi

bhonneagair um eolas oscailte

Scaipeadh eolais -

An sciar d’aschuir thaighde faoi CR faoi rochtain oscailte arna n-úsáid go gníomhach/arna lua

Comhoibriú nua -

Sciar na dtairbhithe ó CR a d’fhorbair comhoibriú nua trasdiciplíneach/trasearnálacha le húsáideoirí a n-aschuir T&N oscailte ó CR

Iarscríbhinn V – tábla 2

I dtreo tionchar

sochaíoch;

Gearrthéarmach

Meántéarmach

Fadtéarmach

Aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí beartais an Aontais agus ar dhúshláin dhomhanda trí T&N

Aschuir -

Líon agus sciar na n-aschur arb é is aidhm leo aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí beartais an Aontais arna sainaithint agus ar dhúshláin dhomhanda (lena n-áirítear SDGanna)

(ilghnéitheach: maidir le gach tosaíocht a sainaithníodh)

Áirítear orthu sin: Líon agus sciar na n-aschur ábhartha a bhaineann leis an aeráid arb é is aidhm leo tiomantas faoi Chomhaontú Pháras a bhaint amach

Réitigh -

Líon agus sciar na nuálaíochtaí agus na dtorthaí taighde arb é is aidhm leo aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí beartais an Aontais arna sainaithint agus ar dhúshláin dhomhanda (lena n-áirítear SDGanna)

(ilghnéitheach: maidir le gach tosaíocht a sainaithníodh)

Áirítear orthu sin: Líon agus sciar na nuálaíochtaí agus na dtorthaí taighde a bhaineann leis an aeráid a dhéanann tiomantas an Aontais faoi Chomhaontú Pháras a bhaint amach

Tairbhí -

Éifeachtaí measta comhiomlána a thiocfaidh as úsáid/saothrú torthaí arna gcistiú ag CR, maidir le dul i ngleic le tosaíochtaí beartais an Aontais arna sainaithint agus dúshláin dhomhanda (lena n-áirítear SDGanna), lena n-áirítear rannchuidiú leis an timthriall déanta beartas agus dlíthe (amhail noirm agus caighdeáin) (ilghnéitheach: maidir le gach tosaíocht a sainaithníodh)

Áirítear orthu sin: Éifeachtaí measta comhiomlána a thiocfaidh as úsáid/saothrú torthaí arna gcistiú ag CR a bhaineann leis an gcomhshaol, maidir le tiomantas an Aontais faoi Chomhaontú Pháras a bhaint amach, lena n-áirítear rannchuidiú leis an timthriall déanta beartas agus dlíthe (amhail noirm agus caighdeáin)

Tairbhí agus tionchair a sholáthar trí mhisin T&N

Aschuir na misean T&N -

Aschuir i misin shonracha T&N

Misin

(ilghnéitheach: maidir le gach misean a shainaithnítear)

Torthaí mhisean T&N -

Torthaí misin shonracha

T&N

(ilghnéitheach: maidir le gach misean a shainaithnítear)

Spriocanna a baineadh amach i misin T&N -

Spriocanna a baineadh amach i misin shonracha T&N

(ilghnéitheach: maidir le gach misean a shainaithnítear)

Glacadh an taighde agus na nuálaíochta sa tsochaí a neartú

Comhchruthú -

Líon agus sciar na dtionscadal ó CR ina rannchuidíonn saoránaigh AE agus úsáideoirí deiridh le hinneachar T&N a chomhchruthú

Rannpháirtíocht -

Líon agus sciar na n-eintiteas atá ina dtairbhithe ó CR a bhfuil

sásraí rannpháirtíochta acu le saoránaigh agus úsáideoirí deiridh tar éis tionscadal CR

Glacadh T&N sa tsochaí

Glacadh agus for-rochtain na dtorthaí eolaíochtaí agus réiteach nuálach arna gcomhchruthú faoi CR

Iarscríbhinn V – cuid 3

I dtreo tionchar teicneolaíoch/eacnamaíoch

Gearrthéarmach

Meántéarmach

Fadtéarmach

Fás atá bunaithe ar nuálaíocht a ghiniúint

Aschuir nuálacha -

Líon na dtáirgí, na bpróiseas nó na modhanna nuálacha ó fheidhmeanna CR (de réir cineál nuálaíochta) agus feidhmeanna maidir le Cearta Maoine Intleachtúla (CMIanna)

Nuálaíochtaí -

Líon na nuálaíochtaí ó thionscadail faoi CR (de réir cineál nuálaíochta) lena n-áirítear cinn ó CMIanna a rinneadh a dhámhachtain

Fás eacnamaíoch -

Cruthú, fás agus sciartha margaidh cuideachtaí a ndearnadh nuálaíochtaí a fhorbairt faoi CR

Tuilleadh post agus poist níos fearr a chruthú

Fostaíocht ar tacaíodh léi -

Líon na bpost FTE arna gcruthú, agus líon na bpost arna gcoimeád sna heintitis atá ina dtairbhithe don tionscadal CR (de réir cineál poist)

Fostaíocht arna coinneáil ar bun -

An méadú ar phoist FTE sna heintitis atá ina dtairbhithe tar éis tionscadal CR (de réir cineál poist)

Fostaíocht iomlán -

Líon na bpost díreach agus indíreach arna gcruthú nó arna gcoinneáil ar bun mar thoradh ar thorthaí ó CR a scaipeadh (de réir cineál poist)

Giaráil ar infheistíochtaí in T&N

Comhinfheistíocht -

Méid na hinfheistíochta poiblí agus príobháidí arna gcur chun tairbhe a bhuí leis an infheistíocht tosaigh ó CR

Méadú -

Méid na hinfheistíochta poiblí agus príobháidí arna gcur chun tairbhe chun torthaí ó CR a shaothrú nó a mhéadú ó thaobh scála de (lena n-áirítear infheistíocht dhíreach choigríche)

Rannchuidiú le ‘sprioc 3 %’ -

Dul chun cinn an Aontais i dtreo na sprice 3 % de OTI de bharr CR

IARSCRÍBHINN Va

Réimsí i gcomhair misin fhéideartha agus réimsí ina bhféadfaí Comhpháirtíochtaí Eorpacha institiúidithe a bhunú faoi Airteagal 185 nó Airteagal 187 CFAE

I gcomhréir le hAirteagal 7 agus Airteagal 8 den Rialachán seo, leagtar amach san Iarscríbhinn seo na réimsí le haghaidh Misin fhéideartha agus Comhpháirtíochtaí Eorpacha féideartha atá le bunú faoi Airteagal 185 nó Airteagal 187 CFAE.

I.  Réimsí le haghaidh Misin fhéideartha

Réimse Misin 1: Oiriúnú don Athrú Aeráide, lena n-áirítear Claochlú Sochaíoch

Réimse Misin 2: Ailse

Réimse Misin 3: Aigéin, Farraigí, Uiscí Cósta agus Uiscí Intíre Sláintiúla;

Réimse Misin 4: Cathracha atá Neodrach ó thaobh na hAeráide de agus Cathracha Cliste

Réimse Misin 5: Sláinte na hIthreach agus Bia

Leanfaidh gach misean na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 7 mír 3 den Rialachán seo.

II.  Réimsí le haghaidh Comhpháirtíochta Eorpacha institiúidithe féideartha ar bhonn Airteagal 185 CFAE nó Airteagal 187 CFAE

Réimse Comhpháirtíochta 1: Forbairt níos gasta ar nuálaíochtaí sláinte agus úsáid níos sábháilte díobh d’othair Eorpacha, agus an tsláinte dhomhanda

Réimse Comhpháirtíochta 2: Eochair-theicneolaíochtaí digiteacha agus cumasúcháin a chur chun cinn agus a n-úsáid a chur chun cinn, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta do theicneolaíochtaí nua amhail an Intleacht Shaorga, an fhótónaic agus teicneolaíochtaí candamacha.

Réimse Comhpháirtíochta 3: Ceannaireacht Eorpach i Méadreolaíocht lena n-áirítear córas méadreolaíochta comhtháite.

Réimse Comhpháirtíochta 4: Dlús a chur le hiomaíochas, sábháilteacht agus feidhmíocht chomhshaoil i dtaca le haertrácht, eitlíocht agus iarnróid AE.

Réimse Comhpháirtíochta 5: Réitigh bhithbhunaithe atá inbhuanaithe, cuimsitheach agus ciorclach.

Réimse Comhpháirtíochta 6: Teicneolaíochtaí stórála hidrigine agus fuinnimh inbhuanaithe a bhfuil lorg comhshaoil níos lú agus táirgeacht íseal-astaíochta acu.

Réimse Comhpháirtíochta 7: Réitigh ar na héilimh soghluaisteachta a bheith ag daoine agus earraí amach anseo a bheidh glan, nasctha, comhoibríoch, uathrialaithe agus uathoibríoch.

Réimse Comhpháirtíochta 8: Fiontair bheaga agus mheánmhéide atá nuálach agus dírithe ar thaighde agus forbairt.

D’fhéadfadh togra ar bhonn Airteagal 185 CFAE nó Airteagal 187 CFAE, i gcomhréir le ceart tionscnaimh an Choimisiúin Eorpaigh, a bheith mar thoradh ar an bpróiseas chun an gá le comhpháirtíocht Eorpach institiúidithe a mheas i gceann amháin de na Réimsí Comhpháirtíochta thuasluaite. Seachas sin, d’fhéadfadh an Réimse Comhpháirtíochta ábhartha a bheith faoi réir comhpháirtíochta de bhun Airteagal 8(1)(a) nó Airteagal(8)(1)(b) den Clár Réime nó d'fhéadfaí é a chur chun feidhme trí ghlaonna ar thograí laistigh de Fís Eorpach.

Toisc go bhfuil réimsí leathana de réir téama cumhndaithe sna réimsí féideartha le haghaidh comhpháirtíochta Eorpacha institiúidithe, is féidir, bunaithe ar na riachtanais measúnaithe, níos mó ná comhpháirtíocht amháin iad a chur chun feidhme.

(1)IO C […], […], lch. […].
(2)IO C […], […], lch. […].
(3)Seasamh Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2019. Níor thángthas ar chomhaontú faoi chuimsiú na gcaibidlíochtaí idirinstitiúideacha maidir leis an téacs atá aibhsithe i ndath liath.
(4) Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).
(5)
(6) Táthar ag súil leis go bhfoilseofar an dearbhú seo a leanas ón gCoimisiún i sraith C den Iris Oifigiúil a luaithe a ghlacfar téacs deiridh an Rialacháin seo:“Le cur chun feidhme Luasaire EIC, comhlíonfar na téarmaí a bhunaítear in Airteagal 43.1 agus aithris [X] den Rialachán maidir le Fís Eorpach”.
(7) Rialachán (CE) Uimh. 294/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 (IO L 97, 9.4.2008, lch. 1), arna leasú le Rialachán (AE) Uimh. 1292/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 (IO L 347, 20.12.2013. lch. 174).
(8) Rialachán (AE) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(9)
(10)IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.
(11) Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
(12)Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).
(13)Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 an 18 Nollaig 1995 ón gComhairle maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).
(14)Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).
(15)Rialachán (AE) 2017/1939 an 12 Deireadh Fómhair 2017 ón gComhairle lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).
(16)Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).
(17)Cinneadh 2013/755/AE ón gComhairle an 25 Samhain 2013 maidir le comhlachas na dtíortha agus na gcríoch thar lear leis an Aontas Eorpach (an Cinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear) (IO L 344, 19.12.2013, lch. 1).
(18)IO C 205, 19.7.2013, lch. 9.
(19) Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe de chuid AE a chosaint (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53).
(20) Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
(21)
(22) Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Forbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle.
(23)IO…
(24) Táthar ag dréim leis go bhfoilseofar an dearbhú seo a leanas ón gCoimisiún i sraith C den Iris Oifigiúil a luaithe a ghlacfar téacs críochnaitheach an Rialacháin seo:“Tugann an Coimisiún dá aire an comhréiteach ar tháinig na comhreachtóirí air maidir le foclaíocht Airteagal 5. Is é an tuiscint atá ag an gCoimisiún ar an gclár sonrach maidir le taighde um chosaint a luaitear in Airteagal 1(3)(b) ná go bhfuil an clár sin teoranta do na gníomhaíochtaí taighde faoin gCiste Eorpach Cosanta a bheidh ann amach anseo, agus do na gníomhaíochtaí sin amháin, agus go meastar go bhfuil na gníomhaíochtaí forbartha lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin seo”.
(25) Táthar ag dréim leis go bhfoilseofar dearbhú ón gCoimisiún i sraith C den Iris Oifigiúil a luaithe a ghlacfar téacs críochnaitheach an Rialacháin seo, a bheidh ar aon dul leis seo a leanas: “Arna iarraidh sin air, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún a thuairimí a mhalartú leis an gCoiste atá freagrach i bParlaimint na hEorpa maidir le: (i) liosta d'iarrthóirí na gcomhpháirtíochtaí féideartha bunaithe ar Airteagail 185 agus 187 CFAE agus a bheidh cumhdaithe ag measúnuithe tionchair (tionscanta); (ii) liosta de na misin shealadacha arna sainaithint ag na boird Mhisin; (iii) torthaí an Phlean Straitéisigh sula ndéantar é a ghlacadh go foirmiúil, agus (iv) déanfaidh sé doiciméid a bhaineann le cláir oibre a thíolacadh agus a chomhroinnt.”
(26) Féadtar taighde a bhaineann leis an gcóireáil i gcás ailse na ngónad a mhaoiniú.
(27) Faoi réir an ghnímh dlí chríochnaithe, déanfaidh an Coimisiún ráiteas a éisiúint maidir le taighde ar ghaschealla suthacha daonna faoi mar a rinneadh in ‘Fís 2020’ (Dearbhú 2013 / C 373/02).
(28) Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.03.2014, lch. 65).
(29) Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnáil an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.03.2014, lch. 243).
(30) Treoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir leis na nósanna imeachta maidir le conarthaí áirithe oibreacha a dhámhachtain, conarthaí soláthair agus conarthaí seirbhíse ag údaráis chonarthacha nó ag eintitis i réimsí na cosanta agus na slándála a chomhordú, agus lena leasaítear Treoir 2004/17/CE agus Treoir 2004/18/CE (IO L 216, 20.08.2009, lch. 76).
(31) Déanfar an nós imeachta a mhíniú i ndoiciméad a fhoilseofar roimh thús an phróisis meastóireachta.
(32) Leagtar amach na forálacha maidir le faireachán a dhéanamh ar na Comhpháirtíochtaí Eorpacha in Iarscríbhinn III den Rialachán.
(33) Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hiniúchtaí reachtúla ar chuntais bhliantúla agus ar chuntais chomhdhlúite, lena leasaítear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE agus lena n-aisghairtear Treoir 84/253/CEE ón gComhairle (IO L 157, 9.6.2006, lch. 87).
(34)Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir leis an gComhpháirtíocht Eorpach um Nuálaíocht ‘Táirgiúlacht agus Inbhuanaitheacht Talmhaíochta’ (COM(2012)0079).

An nuashonrú is déanaí: 29 Iúil 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais