Innéacs 
Téacsanna atá glactha
Dé Máirt, 16 Aibreán 2019 - StrasbourgEagrán deiridh
Staidreamh Comhphobail i ndáil le himirce agus le cosaint idirnáisiúnta ***I
 Aontachas AE le hAcht na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le Sonrúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha ***
 Gníomhaíocht an Aontais tar éis a aontachais le hAcht na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le Sonrúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha ***I
 Daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais a chosaint ***I
 Dáileadh trasteorann gnóthas comhinfheistíochta (Treoir) ***I
 Dáileadh trasteorann gnóthas comhinfheistíochta (Rialachán) ***I
 Ceanglais Chaipitil (Rialachán) ***I
 Ceanglais Chaipitil (Treoir) ***I
 Acmhainneacht ionsúcháin caillteanais agus athchaipitliúcháin institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta (Rialachán) ***I
 Acmhainneacht ionsúcháin caillteanais agus acmhainneacht athchaipitliúcháin institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta (Treoir) ***I
 Urrúis de bhun bannaí ceannasacha ***I
 Údaráis Mhaoirseachta Eorpacha agus margaí airgeadais ***I
 Formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal ag an Aontas Eorpach ar an gcóras airgeadais agus lena mbunaítear Bord Eorpach um Riosca Sistéamach ***I
 Margaí in ionstraimí airgeadais agus dul i mbun ghnó an Árachais agus an Atháracharais agus leanúint den ghnó sin (Sócmhainneacht II) ***I
 Maoirseacht stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta (Treoir) ***I
 Ceanglais stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta (Rialachán) ***I
 Dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha san Aontas Eorpach ***I
 Údarás Eorpach Saothair ***I
 Acmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla ***I
 Rialachán maidir le staidreamh gnó Eorpach ***I
 Imscrúduithe OLAF agus comhar le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh ***I
 Lena mbunaítear an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim ***I
 Lena mbunaítear an clár ‘Custaim’ le haghaidh comhar i réimse an chustaim ***I
 Margú agus úsáid réamhtheachtaithe pléascán ***I
 Creat comhchoiteann le haghaidh staidreamh Eorpach a bhaineann le daoine agus le teaghlaigh ***I
 Idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse na dteorainneacha agus na víosaí ***I
 Idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse an chomhair phóilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce ***I
 Líonra Eorpach oifigeach idirchaidrimh inimirce ***I
 Ceanglais chineálcheadaithe do mhótarfheithiclí a mhéid a bhaineann leis an tsábháilteacht ghinearálta ***I

Staidreamh Comhphobail i ndáil le himirce agus le cosaint idirnáisiúnta ***I
PDF 207kWORD 65k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019 ar an togra le haghaidh rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil le himirce agus le cosaint idirnáisiúnta (COM(2018)0307 – C8-0182/2018 – 2018/0154(COD))
P8_TA(2019)0359A8-0395/2018

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2018)0307),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus Airteagal 338(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra don Pharlaimint (C8-0182/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile agus an seasamh i bhfoirm leasuithe ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne (A8-0395/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 16 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) …/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil le himirce agus le cosaint idirnáisiúnta

P8_TC1-COD(2018)0154


(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 338(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)  Bunaítear le Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(2) creat comhchoiteann, inchomparáide dlí le haghaidh staidreamh Eorpach maidir leis an imirce agus cosaint idirnáisiúnta.

(2)  Chun freagairt ar riachtanais nua laistigh den Aontas le haghaidh staidreamh maidir le tearmann himirce agus imirce bhainistithe cosaint idirnáisiúnta, agus ós rud é go bhféadfaidh tréithe na himirce ngluaiseachtaí imirceacha athrú go tapa, teastaíonn creat lenar féidir freagairt thapa a thabhairt do riachtanais athraitheacha i ndáil le staidreamh maidir le tearmann himirce agus imirce bhainistithe cosaint idirnáisiúnta. [Leasú 1]

(2a)  Mar gheall ar an athrú atá ag teacht go leanúnach ar shreafaí reatha imirce agus ar a gcineál ilchineálach, tá gá le sonraí staidrimh atá dí-chomhiomlánaithe ó thaobh inscne de, agus atá cuimsitheach agus inchomparáide, maidir leis an bpobal imirceach, chun an staid iarbhír a thuiscint, chun leochaileachtaí agus éagothromaíochtaí a aithint, agus chun sonraí agus faisnéis iontaofa a sholáthar do lucht déanta beartas le haghaidh forbairt beartas poiblí amach anseo. [Leasú 2]

(3)  Chun tacú leis an Aontas freagairt go héifeachtach do na dúshláin a ghabhann leis an imirce agus beartais a fhorbairt a fhreagraíonn do chúrsaí inscne agus atá bunaithe ar chearta an duine, tá gá le sonraí ar thearmann agus ar imirce bhainistithe ar bhonn níos minice ná ar bhonn bliantúil. [Leasú 3]

(4)  Tá staidreamh maidir le tearmann agus imirce bhainistithe ríthábhachtach chun staidéar a dhéanamh ar raon leathan beartas, na beartais sin a cheapadh agus meastóireacht a dhéanamh orthu, go háirithe maidir le freagairtí do theacht daoine a bhfuil cosaint san Eoraip á lorg acu, agus é mar aidhm leis sin na réitigh is fearr a bhaint amach. [Leasú 4]

(4a)  Tá staidreamh maidir le himirce agus cosaint idirnáisiúnta bunriachtanach chun forléargas a fháil ar ghluaiseachtaí imirce san Aontas agus ionas go mbeadh na Ballstáit in ann dlí an Aontais a chur i bhfeidhm mar is cuí i gcomhréir leis na cearta bunúsacha a leagtar síos i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus sa Choinbhinsiúin chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint. [Leasú 5]

(4b)  Tá an ghéarleanúint ar fhoras inscne ina foras le cosaint idirnáisiúnta a iarraidh agus lena bheith deonaithe. Ba cheart do na húdaráis staidrimh náisiúnta agus d’údaráis staidrimh an Aontais an staidreamh ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a bhailiú bunaithe ar fhoras inscne, lena n-áirítear foréigean inscnebhunaithe. [Leasú 6]

(5)  Chun cáilíocht na sonraí a chuireann na Ballstáit ar fáil, ó thaobh inchomparáideachta de go háirithe, a áirithiú, agus chun forbhreathnú iontaofa a tharraingt suas ar leibhéal an Aontais, ba cheart na sonraí a úsáidtear a bheith bunaithe ar na coincheapa céanna, agus ba cheart iad a bheith ag tagairt don dáta tagartha céanna nó don tréimhse thagartha chéanna.

(6)  Ba cheart sonraí arna gcur ar fáil maidir le tearmann agus imirce bhainistithe a bheith comhsheasmhach leis an bhfaisnéis ábhartha arna bailiú de bhun Rialachán (CE) Uimh. 862/2007.

(7)  Le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(3) tugtar creat tagartha le haghaidh staidreamh Eorpach maidir leis an imirce agus cosaint idirnáisiúnta. Ceanglaítear leis go háirithe go gcomhlíonfar prionsabail an neamhspleáchais ghairmiúil, na neamhchlaontachta, na hoibiachtúlachta, na hiontaofachta, na rúndachta staidrimh agus na héifeachtúlachta costais.

(8)  Agus staidreamh Eorpach á fhorbairt, á chur ar fáil agus á scaipeadh acu, ba cheart do na húdaráis staidrimh náisiúnta agus Eorpacha, agus, i gcás inarb infheidhme, údaráis náisiúnta agus réigiúnacha ábhartha eile, aird a thabhairt ar na prionsabail a leagtar amach i gCód Cleachtais an Staidrimh Eorpaigh, arna athbhreithniú agus arna nuashonrú ag an gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach an 28 Meán Fómhair 2011.

(9)  Ní féidir leis na Ballstáit agus iad ag gníomhú dóibh ina n‑aonar cuspóir an Rialacháin seo, eadhon athbhreithniú a dhéanamh agus bailchríoch a chur ar na rialacha comhchoiteanna atá ann cheana le haghaidh staidreamh Eorpach a bhailiú agus a thiomsú maidir leis an imirce agus cosaint idirnáisiúnta, a ghnóthú go leordhóthanach. Seachas sin, ar chúiseanna comhchuibhithe agus inchomparáideachta, is fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais,. féadfaidh an AE bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán sin thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(9a)  Chun cuspóirí Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 a ghnóthú, ba cheart go leithdháilfí acmhainní airgeadais leordhóthanacha le haghaidh bailiú, anailís agus scaipeadh staidrimh ardchaighdeáin náisiúnta agus Aontais maidir le himirce agus cosaint idirnáisiúnta, go háirithe trí thacú le gníomhaíochtaí i ndáil leis sin i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 516/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(4). [Leasú 7]

(10)  Ráthaítear leis an Rialachán seo an ceart go n-urramófaí an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh agus, go ndéanfaí sonraí pearsanta, neamh-idirdhealaitheacha agus comhionannas inscne a chosaint, de réir mar a leagtar amach in Airteagail 7 agus in Airteagal 8 , 8, 21 agus 23 den Chairt agus i comhréir le Rialachán Uimh. 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(5). [Leasú 8]

(10a)  Trí shonraí atá dí-chomhiomlánaithe ó thaobh na hinscne de a bhailiú, ba cheart go mbeifí in ann leochaileachtaí agus acmhainneachtaí sonracha na mban agus na bhfear a aithint agus anailís a dhéanamh orthu, sa chaoi go léireofaí bearnaí agus neamhionannais eatarthu. Le sonraí a fhreagraíonn do chúrsaí inscne maidir le himirce, d’fhéadfaí níos mó comhionannais a chur chun cinn agus deiseanna a chur ar fáil do ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste. Ba cheart athróga imirce amhail féiniúlacht inscne agus gnéaschlaonadh a chur san áireamh chun sonraí ar an dóigh a gcaitear le daoine LGBTQI+ agus sonraí ar éagothromaíochtaí sna próisis imirce agus tearmainn a bhailiú. [Leasú 9]

(11)  Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le rialacha a leagan síos i ndáil le formáidí iomchuí le haghaidh tarchur sonraí. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(6). [Leasú 10]

(11a)  Chun Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 a oiriúnú d’fhorbairtí teicneolaíochta agus eacnamaíocha, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 a leasú chun sainmhínithe áirithe a nuashonrú agus é a fhorlíonadh chun na grúpálacha sonraí agus na dí-chomhiomlánuithe breise a chinneadh agus chun rialacha maidir le cruinneas agus caighdeáin cháilíochta a leagan síos. Tá sé ríthábhachtach, go háirithe, rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr(7). Go háirithe, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. [Leasú 11]

(11b)  Is gá meastóireacht a dhéanamh go tráthrialta chun go ndéanfar faireachán éifeachtach ar chur i bhfeidhm Rialacháin (CE) Uimh. 862/2007. Ba cheart go ndéanfadh an Coimisiún measúnú cuimsitheach ar na staidrimh a thiomsaítear de bhun Rialachán (CE) Uimh. 862/2007, agus ar a gcáilíocht agus a soláthar tráthúil chun críocha na tuarascálacha sin a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Ba cheart go mbeadh dlúthchomhairliúchán ann le gach gníomhaí atá rannpháirteach sa bhailiú sonraí, lena n-áirítear gníomhaireachtaí de chuid na Náisiún Aontaithe agus maidir le tearmann, agus eagraíochtaí eile idirnáisiúnta agus neamhrialtais is ábhartha. [Leasú 12]

(12)  Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 a leasú dá réir sin.

(13)  Chuathas i gcomhairle leis an gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 mar a leanas:

(-1)  in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):"

‘(c) nósanna imeachta agus próisis riaracháin agus bhreithiúnacha sna Ballstáit a bhaineann le hinimirce, le deonú ceada cónaithe, le saoránacht, le tearmann agus le cineálacha eile cosanta idirnáisiúnta, le hiontráil aimhrialta agus le fanacht agus cur ar ais.’; [Leasú 13]

"

(-1a)  leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)  i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (j):"

‘(j) ‘ciallaíonn ‘iarratas ar chosaint idirnáisiúnta’ iarratas ar chosaint idirnáisiúnta mar a shainítear i bpointe (h) d’Airteagal 2 de Threoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(8);’ [Leasú 14]

"

(b)  i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (k):"

‘(k) ciallaíonn ‘stádas dídeanaí’ stádas dídeanaí mar a shainítear i bpointe (e) d’Airteagal 2 de Threoir 2011/95/AE é;’; [Leasú 15]

"

(c)  i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (l):"

‘(l) ciallaíonn ‘stádas cosanta coimhdí’ stádas cosanta coimhdí mar a shainítear i bpointe (g) d’Airteagal 2 de Threoir 2011/95/AE é;’;[Leasú 16]

"

(d)  i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (m):"

‘(m) ciallaíonn ‘daoine den teaghlach’ daoine den teaghlach mar a shainítear i bpointe (g) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(9);’; [Leasú 17]

"

(e)  i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (o):"

‘(o) ciallaíonn ‘mionaoiseach neamhthionlactha’ mionaoiseach neamhthionlactha mar a shainmítear i bpointe (l) d’Airteagal 2 de Threoir 2011/95/AE é;’; [Leasú 18]

"

(f)  i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (p):"

‘(p) ciallaíonn ‘teorainneacha seachtracha’ teorainneacha seachtracha mar a shainítear i bpointe 2 d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(10) iad;’; [Leasú 19]

"

(g)  i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (q):"

‘(q) ciallaíonn ‘náisiúnaigh tríú tír a ndiúltaítear cead isteach dóibh’ náisiúnaigh tríú tír a ndiúltaítear cead isteach dóibh ag an teorainn sheachtrach mar nach gcomhlíonann siad na coinníollacha iontrála uile a leagtar síos in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2016/399 ná nach mbaineann siad leis na catagóirí daoine dá dtagraítear in Airteagal 6(5) den Rialachán sin;’; [Leasú 20]

"

(h)  i mír 1, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:"

‘(sa) ciallaíonn ‘baint’ baint mar a shainítear í i bpointe 5 d’Airteagal 3 de Threoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle é(11);’; [Leasú 21]

"

(i)  i mír 1, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:"

‘(sb) ciallaíonn ‘imeacht deonach’ imeacht deonach mar a shainítear i bpointe 8 d’Airteagal 3 de Threoir 2008/115/CE é;’; [Leasú `22]

"

(j)  i mír 1, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:"

‘(sc) ciallaíonn ‘filleadh cuidithe deonach’ imeacht deonach mar a shainítear i bpointe 8 d’Airteagal 3 de Threoir 2008/115/CE é le tacaíocht lóistíochtúil, cúnamh airgeadais nó cúnamh ábhartha eile;’; [Leasú 23]

"

(k)  scriostar mír 3. [Leasú 24]

(-1b)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:"

‘Airteagal 3

Staidreamh i ndáil le himirce idirnáisiúnta, leis an bpobal a bhfuil gnáthchónaí air i mBallstát agus le saoránacht a fháil

1.  Soláthróidh na Ballstáit staidreamh don Choimisiún (Eurostat) maidir leis na nithe seo a leanas:

   (a) líon na n-inimirceach a thagann chuig críoch an Bhallstáit, dí-chomhiomlánaithe mar a leanas:
   (i) ina ngrúpaí saoránachta, agus na grúpaí sin de réir aoise agus inscne;
   (ii) ina ngrúpaí de réir na tíre inar rugadh na daoine atá i gceist, agus na grúpaí sin de réir aoise agus inscne;
   (iii) ina ngrúpaí de réir na dtíortha ina raibh gnáthchónaí orthu roimhe sin, agus na grúpaí sin de réir aoise agus inscne;
   (b) líon na n-eisimirceach a imíonn ó chríoch an Bhallstáit, dí-chomhiomlánaithe mar a leanas:
   (i) de réir grúpaí saoránachta;
   (ii) de réir aoise;
   (iii) de réir inscne;
   (iv) ina ngrúpaí de réir na chéad tíre eile a dtéann siad chun gnáthchónaithe ann;
   (c) líon na ndaoine a bhfuil gnáthchónaí orthu sa Bhallstát i ndeireadh na tréimhse tagartha, á ndíchomhiomlánú mar a leanas:
   (i) ina ngrúpaí saoránachta, agus na grúpaí sin de réir aoise agus de réir inscne;
   (ii) ina ngrúpaí de réir tíre breithe agus de réir aoise agus inscne;
   (d) líon na ndaoine a bhfuil gnáthchónaí orthu ar chríoch an Bhallstáit agus ar tugadh saoránacht an Bhallstáit dóibh le linn na bliana tagartha agus a raibh saoránacht Ballstáit eile acu roimhe sin nó saoránacht tríú tír nó a bhí gan stát roimhe sin, dí-chomhaontaithe de réir aoise agus de réir inscne, agus de réir na saoránachta a bhí ag na daoine lena mbaineann roimhe sin agus de réir na ndaoine a bhí gan stát roimhe sin. "
   (da) daoine a raibh gnáthchónaí orthu ar chríoch an Bhallstáit agus a fuar cead cónaithe fadtéarmach le linn na bliana tagartha, dí-chomhaontaithe de réir aoise agus inscne.

2.  Bainfidh an staidreamh dá dtagraítear i mír 1 le tréimhsí tagartha bliana féilire amháin agus soláthrófar don Choimisiún (Eurostat) é laistigh de dhá mhí dhéag ó dheireadh na bliana tagartha. Is é 2020 an chéad bhliain tagartha a bheidh i gceist.’ [Leasú 25]

"

(1)  Leasaítear Airteagal 4 mar seo a leanas:

(-a)  i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):"

‘(c) iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a tarraingíodh siar le linn na tréimhse tagartha, dí-chomhiomlánaithe de réir cineál aistarraingthe;’ [Leasú 26]

"

(a)  i mír 1, cuirtear na pointí seo a leanas isteach:"

‘(d) líon na ndaoine a chuir isteach iarratas ar chosaint idirnáisiúnta nó a áiríodh in iarratas den sórt sin mar bhall teaghlaigh i rith na tréimhse tagartha agus a bhfuil iarratas ar chosaint idirnáisiúnta á chur isteach acu den chéad uair.’

   (da) daoine a bhfuil iarratas ar chosaint idirnáisiúnta curtha isteach acu nó atá san áireamh in iarratas den sórt sin mar dhuine den teaghlach agus a ndearnadh a n-iarratas a phróiseáil faoin nós imeachta brostaithe dá dtagraítear in Airteagal 31(8) de Threoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(12); [Leasú 27]
   (db) daoine a bhfuil iarratas ar chosaint idirnáisiúnta curtha isteach acu nó atá san áireamh in iarratas den sórt sin mar dhuine den teaghlach agus a ndearnadh a n-iarratas a phróiseáil faoin nós imeachta teorann dá dtagraítear in Airteagal 43 de Threoir 2013/32/AE le linn na tréimhse tagartha; [Leasú 28]
   (dc) daoine a bhfuil iarratas ar chosaint idirnáisiúnta curtha isteach acu nó atá san áireamh in iarratas den sórt sin mar dhuine den teaghlach le linn na tréimhse tagartha agus atá díolmhaithe ón nós imeachta brostaithe nó ón nós imeachta teorann i gcomhréir le hAirteagail 24(3) agus 25(6) de Threoir 2013/32/AE; [Leasú 29]
   (dd) daoine a bhfuil iarratas ar chosaint idirnáisiúnta curtha isteach acu gan a bheith cláraithe in Eurodac amhail dá dtagraítear in Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(13); [Leasú 30]
   (de) daoine a bhfuil iarratas ar chosaint idirnáisiúnta curtha isteach acu nó a áiríodh in iarratas den sórt sin mar dhuine den teaghlach le linn na tréimhse tagartha agus ar féidir leo fianaise dhoiciméadach a sholáthar a d’fhéadfadh cuidiú lena gcéannacht a shuíomh; [Leasú 31]
   (df) daoine a bhfuil iarratas ar chosaint idirnáisiúnta curtha isteach acu ina dhiaidh sin amhail dá dtagraítear in Airteagal 40 de Threoir 2013/32/AE nó a áiríodh in iarratas den sórt sin mar dhuine den teaghlach le linn na tréimhse tagartha; [Leasú 32]
   (dg) daoine a bhfuil iarratas ar chosaint idirnáisiúnta curtha isteach acu nó atá san áireamh in iarratas den sórt sin le linn na tréimhse tagartha mar dhuine den teaghlach agus a bhí faoi choinneáil i gcomhréir le Treoir 2013/33/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(14) ag deireadh na tréimhse tagartha, dí-chomhiomlánaithe de réir na míosa a rinneadh na daoine sin a chur faoi choinneáil agus de réir an fhorais leis an gcoinneáil; [Leasú 33]
   (dh) daoine a bhfuil iarratas ar chosaint idirnáisiúnta curtha isteach acu nó atá san áireamh in iarratas den sórt sin mar dhuine den teaghlach agus a bhí faoi réir cinneadh nó gníomh riaracháin nó breithiúnach lena ndearnadh a gcoinneáil a ordú i gcomhréir le hAirteagal 43 de Threoir 2013/33/AE le linn na tréimhse tagartha; [Leasú 34]
   (di) daoine a bhfuil iarratas ar chosaint idirnáisiúnta curtha isteach acu nó atá san áireamh in iarratas den sórt sin mar dhuine den teaghlach agus a bhí faoi réir cinneadh nó gníomh riaracháin nó breithiúnach lena ndearnadh malairt eile ar choinneáil a ordú i gcomhréir le Treoir 2013/33/AE le linn na tréimhse tagartha, dí-chomhiomlánaithe de réir cineál na malairte mar a leanas:
   (i) tuairisciú;
   (ii) taisceadh ráthaíochta airgeadais;
   (iii) oibleagáid chun fanacht in áit ainmnithe;
   (iv) cineál eile rogha ar choinneáil; [Leasú 35]
   (dj) daoine a bhfuil iarratas ar chosaint idirnáisiúnta curtha isteach acu nó atá san áireamh in iarratas den sórt sin mar dhuine den teaghlach agus a bhí faoi réir cinneadh nó gníomh riaracháin nó breithiúnach lena ndearnadh rogha eile ar choinneáil a ordú i gcomhréir le Threoir 2013/33/AE ag deireadh na tréimhse tagartha, dí-chomhaontaithe de réir na míosa, eisíodh cinneadh nó gníomh riaracháin nó breithiúnach i gcoinne na ndaoine sin, agus dí-chomhiomlánaithe tuilleadh de réir cineál an rogha mar seo a leanas:
   (i) tuairisciú;
   (ii) taisceadh ráthaíochta airgeadais;
   (iii) oibleagáid chun fanacht in áit ainmnithe;
   (iv) cineál eile malairte ar choinneáil; [Leasú 36]
   (dk) daoine a bhfuil iarratas ar chosaint idirnáisiúnta curtha isteach acu nó a cuireadh faoi mheasúnú aoise le linn na tréimhse tagartha; [Leasú 37]
   (dl) cinntí maidir le measúnuithe aoise ar iarratasóirí, dí-chomhiomlánaithe mar a leanas:
   (i) measúnuithe lena gcinntear gur mionaoiseach é nó í an t-iarratasóir;
   (ii) measúnuithe lena gcinntear gur aosach é nó í an t-iarratasóir;
   (iii) measúnuithe nach dtagann aon chinneadh críochnaitheach astu nó a thréigtear; [Leasú 38]
   (dm) daoine a bhfuil iarratas ar chosaint idirnáisiúnta curtha isteach acu nó atá san áireamh in iarratas den sórt sin le linn na tréimhse tagartha mar dhuine den teaghlach agus atá sainaitheanta mar dhaoine a dteastaíonn ráthaíochtaí nós imeachta speisialta uathu i gcomhréir le hAirteagal 24 de Threoir 2013/32/AE nó mar iarratasóirí a bhfuil riachtanais ghlactha speisialta acu de réir bhrí phointe (k) d’Airteagal 2 de Threoir 2013/33/AE le linn na tréimhse tagartha; [Leasú 39]
   (dn) daoine a bhfuil iarratas ar chosaint idirnáisiúnta curtha isteach acu nó atá san áireamh in iarratas den sórt sin le linn na tréimhse tagartha mar dhuine den teaghlach agus a bhain tairbhe as cúnamh dlíthiúil saor in aisce faoi Airteagal 20 de Threoir 2013/32/AE le linn na tréimhse tagartha, dí-chomhiomlánaithe le nósanna imeachta ag an gcéad chéim agus ag an dara céim; [Leasú 40]
   (do) daoine a bhfuil iarratas ar chosaint idirnáisiúnta curtha isteach acu nó atá san áireamh in iarratas den sórt sin mar dhuine den teaghlach agus a bhain tairbhe as dálaí glactha ábharacha a chuir caighdeán leormhaith maireachála ar fáil do na hiarratasóirí, i gcomhréir le hAirteagal 17 de Threoir 2013/33/AE ag deireadh na tréimhse tagartha; [Leasú 41]
   (dp) daoine a bhfuil iarratas ar chosaint idirnáisiúnta curtha isteach acu mar mhionaoisigh neamhthionlactha agus ar ceapadh ionadaí dóibh i gcomhréir le hAirteagal 25 de Threoir 2013/32/AE le linn na tréimhse tagartha; [Leasú 42]
   (dq) daoine a bhfuil iarratas ar chosaint idirnáisiúnta curtha isteach acu tar éis dóibh a bheith aitheanta mar mhionaoisigh neamhthionlactha agus a bhfuil rochtain ar an gcóras oideachais deonaithe dóibh i gcomhréir le hAirteagal 25 de Threoir 2013/33/AE le linn na tréimhse tagartha; [Leasú 43]
   (dr) daoine a bhfuil iarratas ar chosaint idirnáisiúnta curtha isteach acu, tar éis dóibh a bheith aitheanta mar mhionaoisigh neamhthionlactha agus a bhfuil socrúchán déanta ina leith i gcomhréir le hAirteagal 25 de Threoir 2011/95/AE le linn na tréimhse tagartha, dí-chomhiomlánaithe de réir an fhorais leis an socrúchán sin; [Leasú 44]
   (ds) meánlíon na mionaoiseach neamhthionlactha in aghaidh an chaomhnóra le linn na tréimhse tagartha.’; [Leasú 45]

"

(b)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na fomhíre deiridh de mhír 1:"

‘Déanfar an staidreamh sin a dhí-chomhiomlánú de réir aoise agus gnéis de réir inscne, agus de réir shaoránacht na ndaoine lena mbaineann, agus na mionaoiseach neamhthionlactha. Bainfidh an staidreamh sin le tréimhsí tagartha míosa féilire amháin agus soláthrófar don Choimisiún (Eurostat) é laistigh de dhá mhí ó dheireadh na míosa tagartha. Eanáir 2020 an chéad mhí tagartha a bheidh i gceist.’; [Leasú 46]

"

(ba)  i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):"

‘(a) daoine a fholaítear le cinntí céadchéime lena ndiúltaítear d’iarratais ar chosaint náisiúnta, ar cinntí iad arna ndéanamh ag comhlachtaí riaracháin nó breithiúnais le linn na tréimhse tagartha, dí-chomhiomlánaithe mar a leanas:

   (i) cinntí lena meastar iarratais a bheith neamh-inghlactha, dí-chomhiomlánaithe tuilleadh de réir foras lena neamh-inghlacthacht;
   (ii) cinntí lena ndiúltaítear d’iarratais mar a bheith gan bhunús;
   (iii) cinntí lena ndiúltaítear d’iarratais mar a bheith go follasach gan bhunús faoin nós imeachta rialta, dí-comhiomlánaithe tuilleadh de réir foras lena ndiúltú;
   (iv) cinntí lena ndiúltaítear d’iarratais mar a bheith go follasach gan bhunús faoin nós imeachta brostaithe, dí-comhiomlánaithe tuilleadh de réir foras lena mbrostú agus lena ndiúltú;
   (v) cinntí lena ndiúltaítear d’iarratais ar an mbonn go bhfuil an t-iarratasóir incháilithe le haghaidh cosanta ina thír nó ina tír thionscnaimh i gcomhréir le hAirteagal 8 de Threoir 2011/95/AE;’; [Leasú 47]

"

(bb)  i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):"

‘(b) daoine a chumhdaítear le cinntí céadchéime, arna ndéanamh ag comhlachtaí riaracháin nó breithiúnacha le linn na tréimhse tagartha, lena ndéantar stádas dídeanaí a dheonú, a chúlghairm nó a fhoirceannadh, nó lena ndiúltaítear é a athnuachan, bunaithe ar scor, eisiamh nó forais eile; déanfar cinntí a ghlacfar maidir le scor nó eisiamh a dhí-chomhiomlánú tuilleadh de réir an fhorais shonraigh ar a mbunófar an scor nó an t-eisiamh;’; [Leasú 48]

"

(bc)  i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):"

‘(c) daoine a fholaítear le cinntí céadchéime, arna ndéanamh ag comhlachtaí riaracháin nó breithiúnacha le linn na tréimhse tagartha, lena ndéantar stádas dídeanaí a dheonú, a chúlghairm, a fhoirceannadh nó a athnuachan bhunaithe ar scor, eisiamh nó forais eile; déanfar cinntí a ghlacfar maidir le scor nó eisiamh a dhí-chomhiomlánú tuilleadh de réir an fhorais shonraigh ar a mbunófar an scor nó an t-eisiamh;’; [Leasú 49]

"

(bd)  i mír 2, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:"

‘(ea) daoine a chumhdaítear le cinntí céadchéime maidir le coinníollacha glactha ábharacha a laghdú nó a aistarraingt, ar cinntí iad a rinne comhlachtaí riaracháin nó breithiúnais le linn na tréimhse tagartha, dí-chomhiomlánaithe de réir cineál an chineáil cinnidh, ré an laghdaithe nó na tarraingthe siar agus de réir forais.’; [Leasú 50]

"

(c)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad na fomhíre deiridh de mhír 2:"

‘Déanfar an staidreamh sin a dhí-chomhiomlánú de réir aoise agus de réir inscne agus de réir shaoránacht na ndaoine lena mbaineann, agus de réir mionaoisigh neamhthionlactha. Bainfidh an staidreamh sin le tréimhsí tagartha trí mhí féilire agus soláthrófar don Choimisiún (Eurostat) é laistigh de dhá mhí ó dheireadh na tréimhse tagartha. Eanáir go Márta 2020 an chéad tréimhse thagartha a bheidh i gceist.’

Déanfar na staitisticí sin a dhí-chomhiomlánú tuilleadh de réir cinntí arna ndeanamh tar éis agallamh pearsanta a dhéanamh agus cinntí arna ndeanamh gan agallamh pearsanta a dhéanamh. Déanfar staitisticí ar chinntí a ghlacfar tar éis agallaimh phearsanta a bheith déanta a dhí-chomhiomlánú tuilleadh de réir agallaimh phearsanta i gcás ina bhfuair an t-iarratasóir seirbhísí ateangaire agus i gcás agallaimh phearsanta nach bhfuair an t-iarratasóir seirbhísí ateangaire ina leith.’; [Leasú 51]

"

(d)  i mír 3, scriostar pointe (a);

(da)  i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):"

‘(b) líon na ndaoine a chumhdaítear le cinntí críochnaitheacha lena ndiúltaítear iarratais ar chosaint idirnáisiúnta ar cinntí iad arna ndéanamh ag comhlachtaí riaracháin nó breithiúnacha ar achomharc nó athbhreithniú le linn na tréimhse tagartha, dí-chomhiomlánaithe mar a leanas:

   (i) cinntí lena meastar iarratais a bheith neamh-inghlactha, dí-chomhiomlánaithe tuilleadh de réir foras lena neamh-inghlacthacht;
   (ii) cinntí lena ndiúltaítear d’iarratais mar a bheith gan bhunús;
   (iii) cinntí lena ndiúltaítear d’iarratais mar a bheith go follasach gan bhunús faoin nós imeachta rialta, dí-chomhiomlánaithe tuilleadh de réir foras lena ndiúltú;
   (iv) cinntí lena ndiúltaítear d’iarratais mar a bheith go follasach gan bhunús faoin nós imeachta brostaithe, dí-chomhiomlánaithe tuilleadh de réir foras lena mbrostú agus lena ndiúltú;
   (v) cinntí lena ndiúltaítear d’iarratais ar an mbonn go bhfuil an t-iarratasóir incháilithe le haghaidh cosanta ina thír nó ina tír thionscnaimh i gcomhréir le hAirteagal 8 de Threoir 2011/95/AE;’; [Leasú 52]

"

(db)  i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):"

‘(c) daoine a chumhdaítear le cinntí críochnaitheacha, arna ndéanamh ag comhlachtaí riaracháin nó breithiúnacha le linn na tréimhse tagartha, lena ndéantar stádas dídeanaí a dheonú, a chúlghairm nó a fhoirceannadh, nó lena ndiúltaítear é a athnuachan, bunaithe ar scor, eisiamh nó forais eile; déanfar cinntí a ghlacfar maidir le scor nó eisiamh a dhí-chomhiomlánú tuilleadh de réir an fhorais shonraigh ar a mbunófar an scor nó an t-eisiamh;’; [Leasú 53]

"

(dc)  i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):"

‘(d) líon na ndaoine a chumhdaítear le cinntí críochnaitheacha, arna ndéanamh ag comhlachtaí riaracháin nó breithiúnacha le linn na tréimhse tagartha, lena ndéantar stádas cosanta coimhdí a dheonú, a chúlghairm, a fhoirceannadh nó lena ndiúltófar dá athnuachan bhunaithe ar scor, eisiamh nó forais eile; déanfar cinntí a ghlacfar maidir le scor nó eisiamh a dhí-chomhiomlánú tuilleadh de réir an fhorais shonraigh ar a mbunófar an scor nó an t-eisiamh;’; [Leasú 54]

"

(dd)  i mír 3, cuirtear an pointe seo a leanas leis:"

‘(ga) daoine a chumhdaítear le cinntí críochnaitheacha maidir le coinníollacha glactha ábharacha a laghdú nó a aistarraingt, ar cinntí iad a rinne comhlachtaí riaracháin nó breithiúnais le linn na tréimhse tagartha, dí-chomhiomlánaithe de réir cineál an chineáil cinnidh, ré an laghdaithe nó na tarraingthe siar agus de réir forais.’; [Leasú 55]

"

(e)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad na fomhíre deiridh de mhír 3:"

‘Déanfar an staidreamh sin faoi phointí (b), (c), (d), (e), (f) agus (g) a dhí-chomhiomlánú de réir aoise agus de réir inscne agus de réir shaoránacht na ndaoine lena mbaineann, agus de réir mionaoisigh neamhthionlactha. Ina theannta sin, le haghaidh phointe (g), déanfar staidreamh a dhí-chomhiomlánú de réir thír an chónaithe agus de réir an chineáil cinnidh um thearmann. Bainfidh an staidreamh sin le tréimhsí tagartha bliana féilire amháin agus soláthrófar don Choimisiún (Eurostat) é laistigh de thrí mhí ó dheireadh na bliana tagartha. Is é 2020 an chéad bhliain tagartha.’ [Leasú 56]

"

(ea)  cuirtear an mhír seo a leanas isteach:"

‘3a. Déanfaidh na Ballstáit staidreamh ar ré na n-achomharc, i laethanta féilire, ón am a thaiscfear an t-achomharc go dtí an t-am a dhéanfar cinneadh céadchéime maidir leis an achomharc, a sholáthar don Choimisiún (Eurostat).’;[Leasú 57]

"

(f)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d) i mír 4:"

‘(d) líon na n‑aistrithe a rinneadh de bharr na gcinntí dá dtagraítear i bpointe (c) agus pointe (h);’

"

(g)  Cuirtear na pointí seo a leanas le mír 4:"

‘(f) líon na n‑iarrataí athscrúdúcháin le haghaidh iarrthóir tearmainn a thógáil ar ais agus feighil a ghlacadh ina leith;’

   (g) na forálacha a bhfuil na hiarrataí dá dtagraítear i bpointe (f) bunaithe orthu;
   (h) na cinntí a rinneadh mar fhreagairt ar na hiarrataí dá dtagraítear i mír (f).’;

"

(h)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad na fomhíre deiridh de mhír 4:"

Déanfar an staidreamh sin a dhíchomhiomlánú de réir aoise agus inscne, agus de réir shaoránacht na ndaoine lena mbaineann, agus na mionaoiseach neamhthionlactha. Bainfidh an staidreamh sin le tréimhsí tagartha míosa féilire amháin agus soláthrófar don Choimisiún (Eurostat) é laistigh de thrí mhí ó dheireadh na bliana tagartha. Eanáir 2020 an chéad tréimhse thagartha a bheidh i gceist.’; [Leasú 58]

"

(ha)  cuirtear an mhír seo a leanas leis:"

‘4a. Déanfar an staidreamh dá dtagraítear i mír 1 go mír 4 a dhí-chomhiomlánú de réir mhí churtha isteach an iarratais.’; [Leasú 59]

"

(1a)  Leasaítear Airteagal 5 mar seo a leanas:

(a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:"

‘Staidreamh i ndáil le teacht isteach aimhrialta agus fanacht aimhrialta a chosc’ ;[Leasú 60]

"

(b)  i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):"

‘(a) líon na náisiúnach tríú tír ar diúltaíodh cead isteach ar chríoch an Bhallstáit dóibh ag an teorainn sheachtrach, dí-chomhiomlánaithe de réir aoise, inscne agus saoránachta;’; [Leasú 61]

"

(c)  i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):"

‘(b) líon na náisiúnach tríú tíortha a fuarthas go haimhrialta ar chríoch an Bhallstáit faoi dhlíthe náisiúnta a bhaineann le hinimirce.’; [Leasú 62]

"

(d)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír de mhír 1:"

‘Déanfar an staidreamh faoi phointe (b) a dhí-chomhiomlánú de réir aoise agus inscne, shaoránacht na ndaoine lena mbaineann, na bhforas lena ngabháil agus ionad na gabhála.’; [Leasú 63]

"

(2)  Leasaítear Airteagal 6 mar seo a leanas:

(a)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:"

‘1. Soláthróidh na Ballstáit staidreamh don Choimisiún (Eurostat) maidir leis na nithe seo a leanas:

   (-a) líon na n-iarratas ar cheadanna cónaithe céaduaire déanta ag náisiúnaigh thríú tír, dí-chomhaontaithe de réir saoránachta, de réir na cúise ar iarradh an cead, de réir aoise agus de réir inscne; [Leasú 64]
   (-aa) líon na n-iarratas diúltaithe ar cheadanna cónaithe céaduaire déanta ag náisiúnaigh thríú tír, dí-chomhaontaithe de réir saoránachta, de réir na cúise ar iarradh an gcead, de réir aoise agus de réir inscne; [Leasú 65]
   (-ab) líon na n-iarratas ar chead cónaithe lena n-athraítear stádas imirce nó cúis le diúltú don iarratas ar fhanacht, dí-chomhiomlánaithe de réir saoránachta, de réir na cúise le diúltú don iarratas ar chead, de réir aoise agus de réir inscne; [Leasú 66]
   (a) líon na gceadanna cónaithe a eisíodh do dhaoine ar náisiúnaigh tríú tíortha iad, á ndí-chomhiomlánú mar a leanas:
   (i) ceadanna a eisíodh le linn na tréimhse tagartha lena ndeonaítear cead cónaithe do dhuine den chéad uair, dí-chomhiomlánaithe de réir saoránachta, de réir na cúise ar eisíodh an cead, agus de réir fhad bailíochta an cheada, de réir aoise agus de réir gnéis inscne; [Leasú 67]
   (ii) ceadanna a eisíodh le linn na tréimhse tagartha agus a deonaíodh tráth a ndearna duine stádas inimirce nó cúis fanachta a athrú, á n-imdhealú de réir saoránachta, de réir na cúise ar eisíodh an cead agus de réir fhad bailíochta an cheada, de réir aoise agus de réir gnéis inscne; [Leasú 68]
   (iii) ceadanna bailí i ndeireadh na tréimhse tagartha (líon na gceadanna a eisíodh, nár tarraingíodh siar agus nach ndeachaigh in éag), á ndí-chomhiomlánú de réir saoránachta, de réir na cúise ar eisíodh an cead, de réir fhad bailíochta an cheada, de réir aoise agus de réir gnéis inscne; [Leasú 69]
   (b) líon na gcónaitheoirí fadtéarma ag deireadh na tréimhse tagartha, arna ndí-chomhiomlánú de réir saoránachta, de réir an chineáil stádais fadtéarma, de réir aoise agus de réir gnéis inscne. [Leasú 70]

Le haghaidh staitisticí a bhfuil gá leo faoi phointí (-a), (-aa) agus (a), déanfar líon na gceadanna arna n-éisiúint ar chúiseanna teaghlaigh a dhí-chomhiomlánú tuilleadh de réir chúis a n-éisithe agus de réir stádas urraitheoir an náisiúnaigh thríú tír.’; [Leasú 71]

"

(b)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:"

‘Bainfidh an staidreamh dá dtagraítear i mír 1 le tréimhsí tagartha bliana féilire amháin agus soláthrófar don Choimisiún (Eurostat) é laistigh de shé mhí ó dheireadh na bliana tagartha. Is é 2020 an chéad bhliain tagartha.’;

"

(3)  Leasaítear Airteagal 7 mar seo a leanas:

(-a)  i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):"

‘(a) líon na náisiúnach tríú tíortha a shuitear a bheith i staid aimhrialta ar chríoch an Bhallstáit agus atá faoi réir cinneadh nó gníomh riaracháin nó breithiúnach ina ndeirtear nó ina ndearbhaítear go bhfuil a bhfanacht aimhrialta agus a chuireann d’oibleagáid orthu críoch an Bhallstáit a fhágáil, dí-chomhiomlánaithe de réir shaoránacht na ndaoine lena mbaineann agus na gcúiseanna leis an gcinneadh;’; [Leasú 72]

"

(-aa)  i mír 1, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:"

‘(aa) líon na náisiúnach tríú tír dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo atá faoi réir cinneadh nó gníomhaíocht riaracháin nó breithiúnach maidir le cosc ar iontráil amhail dá dtagraítear in Airteagal 11 de Threoir 2008/115/CE ag deireadh na tréimhse tagartha, dí-chomhiomlánaithe de réir shaoránacht na ndaoine lena mbaineann;’; [Leasú 73]

"

(-ab)  i mír 1, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:"

‘(ab) líon na náisiúnach tríú tír a bhí faoi réir cinneadh breithiúnach nó riaracháin nó gníomh lena ndéantar a gcoinneáil a ordú i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE*, le linn na tréimhse tagartha;’; [Leasú 74]

"

(-ac)  i mír 1, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:"

‘(ac) líon na náisiúnach tríú tír a bhí faoi réir cinneadh riaracháin nó breithiúnach nó gníomh lena ndéantar a gcoinneáil a ordú i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE ag deireadh na tréimhse tagartha, dí-chomhiomlánaithe de réir na míosa a ndearnadh na náisiúnaigh thríú tír sin a chur faoi choinneáil;’; [Leasú 75]

"

(-ad)  i mír 1, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:"

‘(ad) líon na náisiúnach tríú tír a bhí faoi réir cinneadh nó gníomh riaracháin nó breithiúnach nó lena ndéantar malairt ar choinneáil a ordú i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE le linn na tréimhse tagartha, dí-chomhiomlánaithe de réir chineáil na malairte mar a leanas:

   (i) tuairisciú;
   (ii) taisceadh ráthaíochta airgeadais;
   (iii) oibleagáid chun fanacht in áit ainmnithe;
   (iv) cineál eile malairte ar choinneáil;’; [Leasú 76]

"

(-ae)  i mír 1, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:"

‘(ae) líon na náisiúnach tríú tír atá faoi réir cinneadh riaracháin nó breithiúnach nó gníomh lena ndéantar a gcoinneáil a ordú i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE ag deireadh na tréimhse tagartha, dí-chomhiomlánaithe de réir na míosa a rinneadh an cinneadh riaracháin nó breithiúnach nó gníomh a éisiúint i gcoinne na ndaoine sin, agus dí-chomhiomlánaithe tuilleadh de réir chineáil na malairte mar a leanas:

   (i) tuairisciú;
   (ii) taisceadh ráthaíochta airgeadais;
   (iii) oibleagáid chun fanacht in áit ainmnithe;
   (iv) cineál eile malairte ar choinneáil;’; [Leasú 77]

"

(-af)  i mír 1, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:"

‘(af) líon na náisiúnach tríú tíortha a bhí faoi réir a n-aistriú a chur ar atráth i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir 2008/115/CE le linn na tréimhse tagartha, dí-chomhiomlánaithe de réir an fhorais lena gcur ar atráth agus shaoránacht na ndaoine lena mbaineann;’; [Leasú 78]

"

(-ag)  i mír 1, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:"

‘(ag) líon na náisiúnach tríú tír a bhí faoi réir cinneadh nó gníomh riaracháin nó breithiúnach lena ndearnadh a gcoinneáil a ordú agus tar éis imeachtaí maidir le hathbhreithnithe breithiúnacha a bheith glactha le linn na tréimhse tagartha, amhail dá dtagraítear in Airteagal 15(2) de Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;’; [Leasú 79]

"

(a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1, pointe (b):"

‘(b) líon na náisiúnach tríú tír a d’fhág críoch an Bhallstáit, tar éis cinneadh nó gníomh riaracháin nó breithiúnach, dá dtagraítear i bpointe (a), á n-imdhealú de réir shaoránacht na ndaoine a cuireadh ar ais, de réir an chineáil fillte agus an chúnaimh a fuair siad, agus de réir na tíre cinn scríbe dí-chomhiomlánaithe tuilleadh de réir cur ar ais chuig tír tionscnaimh na náisiúnaigh tríú tír;’; [Leasú 80]

"

(aa)  i mír 1, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:"

‘(ba) líon na náisiúnach tríú tíortha a bhfuil críoch an Bhallstáit fágtha acu, tar éis cinneadh nó gníomh riaracháin nó breithiúnach, dí-chomhiomlánaithe de réir shórt an chinnidh nó an ghnímh mar seo a leanas:

   (i) i gcomhréir le comhaontú foirmiúil athiontrála de chuid an Aontais;
   (ii) i gcomhréir le comhaontú neamhfhoirmiúil athiontrála de chuid an Aontais;
   (iii) i gcomhréir le comhaontú náisiúnta athiontrála;

Déanfar an staidreamh sin dí-chomhiomlánaithe tuilleadh de réir thír chinn scríbe agus shaoránacht na ndaoine lena mbaineann.’ [Leasú 81]

"

(b)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:"

‘2. Déanfar an staidreamh dá dtagraítear i mír 1 a dhí-chomhiomlánú de réir aoise agus inscne an duine le mbaineann, agus de réir mionaoiseaigh neamhthionlactha. Bainfidh siad le tréimhsí tagartha míosa féilire amháin agus déanfar iad a sholáthar don Choimisiún (Eurostat) é laistigh de dhá sheachtain ó dheireadh na tréimhse tagartha. Eanáir 2020 an chéad tréimhse thagartha a bheidh i gceist.’; [Leasú 82]

"

(4)  Scriostar Airteagal 8.

(4a)  In Airteagal 9, cuirtear mír 2 in ionad an méid seo a leanas:"

‘2. Tabharfaidh na Ballstáit tuairisc don Choimisiún (Eurostat) ar na foinsí sonraí a úsáideadh, ar na fáthanna ar roghnaíodh na foinsí sin agus ar na héifeachtaí a bhí ag na foinsí sonraí a roghnaíodh ar cháilíocht an staidrimh, ar na sásraí a úsáidfear chun cosaint sonraí pearsanta a áirithiú agus ar na modhanna meastacháin a úsáideadh agus coinneoidh siad an Coimisiún (Eurostat) ar an eolas maidir le haon athrú a dhéanfar orthu.’; [Leasú 83]

"

(4b)  Cuirtear isteach an t-Airteagal seo a leanas:"

‘Airteagal 9a

Gníomhartha tarmligthe

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10a lena leasaítear na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 2(1).

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10a lena leasaítear an Rialachán seo trí:

   (a) na catagóirí a shainiú ina ngrúpaí de thíortha breithe, de na tíortha a raibh gnáthchónaí orthu ann roimhe sin agus ina dhiaidh sin, agus de shaoránacht mar a fhoráiltear in Airteagal 3(1);
   (b) na catagóirí a shainiú de réir na gcúiseanna a bhí leis na ceadanna cónaithe a éisiúint mar a fhoráiltear in Airteagal 6(1)(a);
   (c) dí-chomhiomlánuithe breise a shainiú;
   (d) na rialacha maidir le caighdeáin chruinnis agus cháilíochta a leagan síos.’; [Leasú 84]

"

(5)  Leasaítear Airteagal 10 mar seo a leanas:

(a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:"

‘1. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir leis na formáidí cuí le haghaidh sonraí a tharchur de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 9. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2).. [Leasú 85]

Is i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 11(2) a ghlacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin.’

"

(b)  I mír 2, scriostar mír 2, pointe (d). [Leasú 86]

(5a)  Cuirtear isteach an t-Airteagal seo a leanas:"

‘Airteagal  10a

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Tugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo.

2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 9a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón ... [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 9a a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.  Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 9a i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.’; [Leasú 87]

"

(5b)  Leasaítear Airteagal 11 mar a leanas:

(a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:"

Nós imeachta coiste’; [Leasú 88]

"

(b)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:"

‘1. Beidh an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach, arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.’; [Leasú 89]

"

(c)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:"

‘2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 11 de.’; [Leasú 90]

"

(d)  scriostar mír 3. [Leasú 91]

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag mír (1) agus ag mír (2) d’Airteagal 4 agus ag pointe (b) de mhír (1) agus mír (2) d’Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 ón 1 Márta 2020.

Beidh feidhm ag mír (3) agus ag mír (4) d’Airteagal 4 agus ag mír (1) agus mír (3) Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 ón 1 Iúil 2020.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in/sa …,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

(1) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 16 Aibreán 2019.
(2)Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil le himirce agus le cosaint idirnáisiúnta agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 311/76 ón gComhairle maidir le staidreamh i ndáil le hoibrithe ón gcoigríoch a thiomsú (IO L 199, 31.7.2007, lch. 23).
(3)Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 516/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, lena leasaítear Cinneadh 2008/381/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 573/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 575/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2007/435/CE ón gComhairle (IO L 150, 20.5.2014, lch. 168).
(5) Rialachán Uimh. 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(6)Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(7) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(8) Treoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le caighdeáin i dtaca le cáiliú náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, ar mhaithe le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach, agus inneachar na cosanta a thugtar (IO L 337, 20.12.2011, lch. 9).
(9)Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát (IO L 180, 29.6.2013, lch. 31).
(10) Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 77, 23.3.2016, lch. 1).
(11) Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhlíthiúil a fhilleadh (IO L 348, 24.12.2008, lch. 98).
(12)Treoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na nósanna imeachta coitianta chun cosaint idirnáisiúnta a thabhairt agus a tharraingt siar (IO L 180, 29.6.2013, lch. 60).
(13)Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le bunú 'Eurodac' chun méarloirg a chur i gcomparáid ar mhaithe le cur i bhfeidhm éifeachtach Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i mBallstát ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát agus maidir le hiarrataí ó údaráis forghníomhaithe dlí na mBallstát agus ó Europol ar chomparáidí le sonraí Eurodac chun críocha forghníomhaithe dlí, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach le haghaidh bainistiú oibríochtúil córas TF ar mhórscála sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (IO L 180, 29.6.2013, lch. 1).
(14) Treoir 2013/33/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena leagtar síos caighdeáin maidir le glacadh le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta (IO L 180, 29.6.2013, lch. 96).


Aontachas AE le hAcht na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le Sonrúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha ***
PDF 96kWORD 47k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le haontachas an Aontais Eorpaigh le hAcht na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le Sonrúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha (06929/2019 – C8-0133/2019 – 2018/0214(NLE))
P8_TA(2019)0360A8-0187/2019

(Toiliú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (06929/2019),

–  ag féachaint d’Acht na Ginéive de Chomhaontú Liospóin maidir le Sonrúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha arna shíniú sa Ghinéiv an 20 Bealtaine 2015 (11510/2018),

–  ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 207 agus Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C8‑0133/2019),

–  ag féachaint do Riail 99(1) agus do Riail (4) agus do Riail 108(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla agus do na tuairimí ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta agus ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A8-0187/2019),

1.  ag tabhairt a toiliú d’aontachas an Aontais Eorpaigh leis an Acht;

2.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.


Gníomhaíocht an Aontais tar éis a aontachais le hAcht na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le Sonrúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha ***I
PDF 126kWORD 54k
Rún
Téacs
Iarscríbhinn
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gníomhaíocht an Aontais tar éis a aontachais le hAcht na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le Sonrúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha (COM(2018)0365 – C8-0383/2018 – 2018/0189(COD))
P8_TA(2019)0361A8-0036/2019

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0365),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 207 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0383/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 12 Nollaig 2018(1),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 20 Márta 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla agus do na tuairimí ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta, ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia agus ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe (A8-0036/2019),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  ag tabhairt dá haire na trí ráiteas ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo, a fhoilseofar i sraith L d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh in éineacht leis an ngníomh reachtach críochnaitheach;

3.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

4.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 16 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gníomhaíocht an Aontais tar éis a aontachais le hIonstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2019/1753.)

IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH

Dearbhú ón gCoimisiún maidir leis an bhféidearthacht atá ann cosaint thásca geografacha an Aontais Eorpaigh a leathnú go gcumhdófar táirgí neamhthalmhaíochta

Tugann an Coimisiún dá aire rún an 6 Deireadh Fómhair 2015 ó Pharlaimint na hEorpa maidir leis an bhféidearthacht atá ann cosaint thásca geografacha an Aontais a leathnú go gcumhdófar táirgí neamhthalmhaíochta.

Thionscain an Coimisiún staidéar i mí na Samhna 2018 chun tuilleadh fianaise eacnamaíoch agus fianaise dhlíthiúil a fháil maidir le tásca geografacha neamhthalmhaíochta laistigh den Mhargadh Aonair a chosaint, rud a bheadh ina chomhlánú ar staidéar a rinneadh in 2013, agus chun tuilleadh sonraí a fháil faoi shaincheisteanna amhail iomaíochas, iomaíocht neamhchothrom, góchumadh, dearcadh an tomhaltóra, costas/tairbhe chomh maith le sonraí faoi éifeachtúlacht na samhlacha um chosaint tásc Geografach neamhthalmhaíochta i bhfianaise phrionsabal na comhréireachta.

I gcomhréir le prionsabail na Rialála Níos Fearr agus leis na gealltanais a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, scrúdóidh an Coimisiún an staidéar chomh maith leis an tuarascáil ar rannpháirtíocht an Aontais in Acht na Ginéive dá dtagraítear san Airteagal maidir le faireachán agus athbhreithniú an Rialacháin i ndáil le gníomhaíocht an Aontais tar éis a aontachais le hAcht na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le Sonrúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha agus déanfaidh sé aon chéim eile is féidir a thabhairt a mheas.

Dearbhú ón gCoimisiún maidir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 9a(3) den Rialachán

Tugann an Coimisiún dá aire, cé gur riachtanas dlíthiúil é an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 9a(3) den Rialachán i bhfianaise inniúlacht eisiach an Aontais, gur féidir leis a lua i gcomhthéacs acquis an Aontais atá ann faoi láthair, mar sin féin, go mbeadh aon idirghabháil den sórt sin a dhéanfadh an Coimisiún eisceachtúil agus go mbeadh údar cuí léi. Le linn an chomhairliúcháin le Ballstát, déanfaidh an Coimisiún gach iarracht aon ábhar imní a réiteach in éineacht leis an mBallstát ionas nach n-eiseofar tuairim dhiúltach. Tugann an Coimisiún dá aire go gcuirfí aon tuairim dhiúltach in iúl i scríbhinn don Bhallstát lena mbaineann agus, de bhun Airteagal 296 CFAE, go sonrófaí inti na cúiseanna is bun léi. Thabharfadh an Coimisiún dá aire, ina theannta sin, nach gcuirfeadh tuairim dhiúltach bac ar iarratas eile a bhaineann leis an sonrúchán tionscnaimh céanna a chur isteach, dá mbeadh aghaidh tugtha go cuí ar na cúiseanna leis an tuairim dhiúltach dá éis sin nó mura mbaineann siad le hábhar a thuilleadh.

Dearbhú ón gCoimisiún maidir leis an togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir le haontachas an Aontais Eorpaigh le hAcht na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le Sonrúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha Ráiteas ón gCoimisiún

Tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil inniúlacht eachtrach eisiach ag an Aontas maidir le tásca geografacha agus go bhfuil sé ag aontú d'Acht na Ginéive de Chomhaontú Liospóin ina Pháirtí ann féin. Leanann sin ó rialú Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 25/10/2017 (cás C-389/15 – an Coimisiún vs. an Chomhairle). De bharr inniúlacht eachtrach eisiach an Aontais, cuirtear cosc ar na Ballstáit a bheith ina bPáirtithe iontu féin d'Acht na Ginéive agus níor cheart dóibh feasta tásca geografacha atá nuachláraithe ag baill tríú tír de chóras Liospóin a chosaint iad féin. Bheadh an Coimisiún, agus aird aige ar a eisceachtúla atá na himthosca agus seacht mBallstát ina bPáirtithe de Chomhaontú Liospóin le fada anuas, agus go bhfuil mórchuid maoin intleachtúil cláraithe acu faoin gcomhaontú sin agus go bhfuil gá le haistriú mín réidh, bheadh an Coimisiún, ar bhonn eisceachtúil, réidh le teacht ar chomhaontú, sa chás áirithe seo, go bhféadfaí a thabhairt d'údarú do BG, CZ, SK, FR, HU, IT, PT aontú d'Acht na Ginéive ar mhaithe le leas an Aontais.

Is mór a chuireann an Coimisiún r i gcoinne an smaoinimh seo, smaoineamh a mbíonn béim ag an gComhairle air go fóill, gur féidir le gach Ballstát den Aontas ar mian leis é go n-údarófaí dó aontú d'Acht Ginéive nó é a dhaingniú i dteannta an Aontais, agus tabhairt chun rialtachta chearta vótála an Aontais i bhfianaise phointe (b)(ii) d'Airteagal 22(4) d'Acht na Ginéive a thabhairt mar chúis aige seachas na himthosca eisceachtúla thuasluaite.

Thairis sin, ba mhaith leis an gCoimisiún a thabhairt chun cuimhne, ós rud é gur fheidhmigh an tAontas a inniúlacht inmheánach maidir le tásca geografacha talmhaíochta, nach féidir le Ballstáit an Aontais a gcórais náisiúnta cosanta GI féin a bheith acu.

Dá bhrí sin, forchoimeádann an Coimisiún a chearta, lena n-áirítear an ceart chun leigheasanna dlí a úsáid i gcoinne an chinnidh ón gComhairle agus, in aon chás, measann sé nach bhféadfaidh an cás seo a bheith ina fhasach le haghaidh aon chomhaontú idirnáisiúnta/EDMI eile atá ann faoi láthair nó a bheidh ann amach anseo, go hairithe ach ní hamháin i gcás ina ndearna an tAontas comhaontuithe idirnáisiúnta a dhaingniú é féin ar bhonn na hinniúlachta eisí atá aige.

(1) IO C 110, 22.3.2019, lch. 55.


Daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais a chosaint ***I
PDF 118kWORD 57k
Rún
Téacs
Iarscríbhinn
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cosaint do dhaoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (COM(2018)0218 – C8-0159/2018 – 2018/0106(COD))
P8_TA(2019)0366A8-0398/2018

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0218),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagail 16, 33, 43, 50, 53(1), 62, 91, 100, 103, 109, 114, 168, 169, 192, 207 agus 325(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus d’Airteagal 31 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0159/2018),

–  ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla ar an mbunús dlí atá molta,

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) agus d’Airteagail 16, 43(2), 50, 53(1), 91, 100, 114, 168(4), 169, 192(1) agus 325(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus d’Airteagal 31 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,

–  ag féachaint don tuairim réasúnaithe a thíolaic Parlaimint na Sualainne, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,

–  ag féachaint do thuairim ón gCúirt Iniúchóirí an 26 Meán Fómhair 2018(1),

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 18 Deireadh Fómhair 2018(2),

–  tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 15 Márta 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Rialacha 59 agus 39 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla agus do na tuairimí ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta, ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, ón gCoiste um Rialú Buiséadach, ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas agus ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla (A8-0398/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  ag tabhairt dá haire an ráiteas ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo;

3.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

4.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 16 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2019/1937.)

IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH

Ráiteas ón gCoimisiún maidir le cosaint do dhaoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais

Ag tráth an athbhreithnithe atá le déanamh i gcomhréir le hAirteagal 21 den Treoir, déanfaidh an Coimisiún staidéar ar an bhféidearthacht moladh a dhéanamh a raon feidhme a leathnú lena cur i bhfeidhm maidir le gníomhartha áirithe atá bunaithe ar Airteagal 153 CFAE agus Airteagal 157 CFAE, tar éis dó dul i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 154 CFAE.

(1) IO C 405, 9.11.2018, lch. 1.
(2) IO C 62, 15.2.2019, lch. 155.


Dáileadh trasteorann gnóthas comhinfheistíochta (Treoir) ***I
PDF 122kWORD 49k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dáileadh trasteorann cistí comhinfheistíochta (COM(2018)0092 – C8-0111/2018 – 2018/0041(COD))
P8_TA(2019)0367A8-0430/2018

(An gnáthnós imeachta reachta: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0092),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 53(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0111/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 11 Iúil 2018(1),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 27 Feabhra 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A8-0430/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 16 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2009/65/CE agus Treoir 2011/61/AE a mhéid a bhaineann le dáileadh trasteorann gnóthas comhinfheistíochta

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2019/1160.)

(1) IO C 367, 10.10.2018, lch. 50.


Dáileadh trasteorann gnóthas comhinfheistíochta (Rialachán) ***I
PDF 126kWORD 51k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dáileadh trasteorann cistí comhinfheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 (COM(2018)0110 – C8-0110/2018 – 2018/0045(COD))
P8_TA(2019)0368A8-0431/2018

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0110),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0110/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 11 Iúil 2018(1),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 27 Feabhra 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A8-0431/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 16 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dáileadh trasteorann gnóthas comhinfheistíochta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 345/2013, (AE) Uimh. 346/2013 agus (AE) Uimh. 1286/2014

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2019/1156.)

(1) IO C 367, 10.10.2018, lch. 50.


Ceanglais Chaipitil (Rialachán) ***I
PDF 127kWORD 61k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i dtaca leis an gcóimheas giarála, leis an gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí, leis na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe, leis an riosca creidmheasa contrapháirtí, leis an riosca marcaí, leis na neamhchosaintí ar chontrapháirtithe lárnacha, leis na neamhchosaintí ar ghnóthais chomh-infheistíochta, leis na neamhchosaintí móra, leis na ceanglais tuairiscithe agus nochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (COM(2016)0850 – C8-0480/2016 – 2016/0360A(COD))
P8_TA(2019)0369A8-0242/2018

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2016)0850),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0480/2016),

—  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim réasúnaithe a thíolaic Parlaimint na Sualainne, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,

–  ag féachaint do thuairim ón mBanc Ceannais Eorpach an 8 Samhain 2017(1),

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 30 Márta 2017(2),

–  ag féachaint don chinneadh ó Chomhdháil na nUachtarán an 18 Bealtaine 2017 chun a údarú don Choiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta an togra ón gCoimisiún thuasluaite a roinnt agus dhá thuarascáil reachtach ar leith a tharraingt suas ar a bhonn,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 15 Feabhra 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A8-0242/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige é a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 16 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann leis an gcóimheas luamhánaithe, leis an gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí, leis na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe, leis an bpriacal creidmheasa contrapháirtí, leis an bpriacal margaidh, leis na risíochtaí ar chontrapháirtithe lárnacha, leis na risíochtaí ar ghnóthais chomhinfheistíochta, leis na risíochtaí móra, leis na ceanglais tuairiscithe agus nochta, agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2019/876.)

(1) IO C 34, 31.1.2018, lch. 5.
(2) IO C 209, 30.06.2017, lch. 36.


Ceanglais Chaipitil (Treoir) ***I
PDF 119kWORD 57k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2013/36/AE maidir le heintitis dhíolmhaithe, cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais, cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais measctha, an luach saothair, bearta agus cumhachtaí maoirseachta agus bearta caomhnaithe caipitil (COM(2016)0854 – C8-0474/2016 – 2016/0364(COD))
P8_TA(2019)0370A8-0243/2018

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2016)0854),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 53(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0474/2016),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim réasúnaithe a thíolaic Parlaimint na Sualainne, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,

–  ag féachaint do thuairim ón mBanc Ceannais Eorpach an 8 Samhain 2017(1),

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 30 Márta 2017(2),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 15 Feabhra 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A8-0243/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 16 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2013/36/AE a mhéid a bhaineann le heintitis dhíolmhaithe, cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais, cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha, an luach saothair, bearta agus cumhachtaí maoirseachta agus bearta caomhnaithe caipitil

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2019/878.)

(1) IO C 34, 31.1.2018, lch. 5.
(2) IO C 209, 30.6.2017, lch. 36.


Acmhainneacht ionsúcháin caillteanais agus athchaipitliúcháin institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta (Rialachán) ***I
PDF 120kWORD 52k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 i ndáil le cumas ionsúcháin caillteanais agus athchaipitliúcháin le haghaidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta (COM(2016)0851 – C8-0478/2016 – 2016/0361(COD))
P8_TA(2019)0371A8-0216/2018

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2016)0851),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0478/2016),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ón mBanc Ceannais Eorpach an 8 Samhain 2017(1);

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 30 Márta 2017(2);

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 15 Feabhra 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A8-0216/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 16 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 a mhéid a bhaineann le hacmhainneacht ionsúcháin caillteanais agus athchaipitliúcháin institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2019/877.)

(1) IO C 34, 31.1.2018, lch. 17.
(2) IO C 209, 30.6.2017, lch. 36.


Acmhainneacht ionsúcháin caillteanais agus acmhainneacht athchaipitliúcháin institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta (Treoir) ***I
PDF 119kWORD 53k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2014/59/AE maidir le cumas ionsúcháin caillteanais agus cumas athchaipitliúcháin institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoracha 98/26/CE, 2002/47/CE, 2012/30/AE, 2011/35/AE, 2005/56/CE, 2004/25/CE agus 2007/36/CE (COM(2016)0852 – C8-0481/2016 – 2016/0362(COD))
P8_TA(2019)0372A8-0218/2018

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2016)0852),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0481/2016),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ón mBanc Ceannais Eorpach 8 Samhain 2017(1);

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 30 Márta 2017(2);

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 15 Feabhra 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A8-0218/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige é a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 16 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2014/59/AE maidir le hacmhainneacht ionsúcháin caillteanais agus acmhainneacht athchaipitliúcháin institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus Treoir 98/26/CE

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2019/879.)

(1) IO C 34, 31.1.2018, lch. 17.
(2) IO C 209, 30.6.2017, lch. 36.


Urrúis de bhun bannaí ceannasacha ***I
PDF 208kWORD 67k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hurrúis de bhun bannaí ceannasacha (COM(2018)0339 – C8-0206/2018 – 2018/0171(COD))
P8_TA(2019)0373A8-0180/2019

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0339),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0206/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  tar éis di dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 17 Deireadh Fómhair 2018(1),

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A8-0180/2019),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 16 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) …/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hurrúis de bhun bannaí ceannasacha

P8_TC1-COD(2018)0171


(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach(2),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(3),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(4),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  B’fhéidir go mbeadh Urrúis de bhun Bannaí Ceannasacha (SBBSanna) in ann aghaidh a thabhairt ar roinnt de na leochaileachtaí a tháinig chun solais le linn na géarchéime airgeadais sa tréimhse 2007-2008 nó a d’eascair as an ngéarchéim. Ar bhonn níos sonraí, b’fhéidir go mbeadh SBBSanna in ann cabhrú leis na bainc agus le hinstitiúidí airgeadais eile a neamhchosaintí ceannasacha a éagsúlú ar bhealach níos fearr, an fáinne fí idir na bainc agus fiachas ceannasach a lagú tuilleadh agus an soláthar sócmhainní ísealriosca atá sloinnte in euro a mhéadú rud a d’éascódh cur chun feidhme an bheartais airgeadaíochta. Sa bhreis air sin, d’fhéadfadh SBBSanna bannaí arna n-eisiúint i margaí náisiúnta beaga agus beagleachtacha a dhéanamh níos tarraingtí d’infheisteoirí idirnáisiúnta, rud a d’fhéadfadh comhroinnt riosca agus laghdú riosca a chothú san earnáil phríobháideach agus leithdháileadh níos éifeachtúla rioscaí a chur chun cinn i measc oibreoirí airgeadais.

(2)  Faoin gcreat dlíthiúil atá ann cheana, is mar urrúsuithe a dhéileálfaí le SBBSanna agus, dá bhrí sin, bheadh siad faoi réir muirir agus lascainí breise i gcoibhneas leis na muirir agus na lascainí a bhfuil na bannaí ceannasacha de chuid an limistéir euro sa phunann fholuiteach faoina réir. Chuirfeadh na muirir agus lascainí breise sin bac ar SBBSanna a tháirgeadh agus a úsáid san earnáil phríobháideach, in ainneoin gur lú na rioscaí a ghabhann le SBBSanna ná na rioscaí sin a bhaineann le cineálacha eile d’urrúsuithe.▌Tá rioscaí áirithe, áfach, amhail rioscaí trádstórais nó iompraíocht chalaoiseach ag foireann SPE, fós i réim. Dá bhrí sin, ba cheart SBBSanna a chur faoi réir creat rialála lena dtugtar aird níos fearr ar na tréithe agus na hairíonna atá acu ionas gur féidir leo teacht chun cinn sa mhargadh.

(2a)  Mar urrúsuithe, tá neamhchosaint ag SBBSanna ar shainrioscaí táirge atá nasctha le SPE, ar eintiteas ann féin é atá scartha go dlíthiúil agus a cuireadh ar bun chun SBBanna a eisiúint. Beidh tráinse céadchaillteanais lasmuigh den chóras baincéireachta lárnach chun an fáinne fí idir na bainc agus fiachas ceannasach a laghdú. Dá bhrí sin, ba cheart an chóir rialála fhabhrach a thugtar do shócmhainní foluiteacha SBBS a leathnú amach chuig sealbhaíochtaí bainc ar thráinse sinsearach SBBS.

(3)  Cuid den obair atá á déanamh ag an gCoimisiún chun rioscaí do chobhsaíocht airgeadais a laghdú agus bogadh i dtreo an tAontas Baincéireachta a chur i gcrích is ea forbairt SBBSanna atá faoi thionchar an mhargaidh a chumasú. D’fhéadfadh SBBSanna tacú le punanna a éagsúlú tuilleadh san earnáil baincéireachta agus foinse nua comhthaobhachta ardchaighdeáin a chruthú ag an am céanna, rud atá oiriúnach go háirithe lena húsáid in idirbhearta airgeadais trasteorann chomh maith le gníomhaíochtaí na mbanc ceannais san Eorachóras agus le gníomhaíochtaí na gcontrapháirtithe lárnacha. Thairis sin, trí SBBSanna a chumasú, d’fhéadfaí méadú a dhéanamh ar an líon ionstraimí atá ar fáil d’infheistíocht trasteorann agus do chomhroinnt riosca san earnáil phríobháideach, rud a chuirfeadh leis an obair atá á déanamh ag an gCoimisiún chun an tAontas Baincéireachta a thabhairt i gcrích agus margaí caipitil na hEorpa a dhoimhniú agus a chomhtháthú tuilleadh i gcomhthéacs Aontas na Margaí Caipitil.

(4)  Níl aon fhrithpháirtiú rioscaí agus caillteanas i measc na mBallstát i gceist le SBBSanna toisc nach ndéanfaidh na Ballstáit a ndliteanais faoi seach a ráthú ar bhonn frithpháirteach laistigh de phunann bannaí ceannasacha fholuiteach na SBBSanna. Ní gá an chóir rialála reatha a thugtar do neamhchosaintí ceannasacha a athrú ach oiread chun SBBSanna a chumasú.

(5)  Chun éagsúlú riosca geografach a bhaint amach laistigh den Aontas Baincéireachta agus den mhargadh inmheánach, ba cheart go mbeadh punann fholuiteach na SBBSanna comhdhéanta de bhannaí ceannasacha na mBallstát sin a bhfuil an euro mar airgeadra acu. Chun rioscaí airgeadra a sheachaint, níor cheart ach bannaí ceannasacha atá sloinnte in euro arna n-eisiúint ag Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu a cheadú lena n-áireamh i bpunann fholuiteach na SBBSanna. Chun a áirithiú go rannchuideoidh na bannaí ceannasacha de chuid gach Ballstáit den limistéar euro le SBBSanna a tháirgeadh ar bhealach atá ar aon dul leis an leas atá ag gach Ballstát ar leith i gcobhsaíocht an limistéir euro ina iomláine, ba cheart ualach coibhneasta na mbannaí ceannasacha náisiúnta i bpunann fholuiteach na SBBSanna a bheith an-chóngarach d’ualach coibhneasta na mBallstát faoi seach sa scála le haghaidh shuibscríobh chaipiteal an Bhainc Cheannais Eorpaigh do bhanc ceannais náisiúnta na mBallstát.

(6)  Chun sócmhainn ísealriosca ardchaighdeáin a sholáthar agus chun freastal ag an am céanna ar na leibhéil dhifriúla fonn riosca atá ar infheisteoirí, ba cheart eisiúint SBBSanna a bheith comhdhéanta de thráinse sinsearach agus de thráinse fo-ordaithe amháin nó níos mó. Ba cheart go ndéanfadh an tráinse sinsearach, atá comhfhreagrach do sheachtó faoin gcéad de luach ainmniúil na heisiúna SBBS, ráta caillteanais ionchasaigh na heisiúna a choinneáil ar aon dul le ráta caillteanais ionchasaigh na mbannaí ceannasacha is sábháilte sa limistéar euro, agus aird á tabhairt ar riosca agus comhghaol na mbannaí ceannasacha atá i bpunann fholuiteach bannaí ceannasacha na SBBSanna. Ba cheart do na tráinsí fo-ordaithe cosaint a thabhairt don tráinse sinsearach. ▌Chun an riosca don tráinse sóisearach (arb é an chéad tráinse a iompróidh caillteanais é) a theorannú, ba cheart luach ainmniúil an tráinse shóisearaigh a bheith ag 5 faoin gcéad ar a laghad de luach ainmniúil gan íoc na heisiúna SBBSanna ar fad. I bhfianaise chastacht ar leith an táirge, níor cheart éadáil ag tomhaltóirí miondíola a mheas ach amháin le haghaidh tráinsí sinsearacha agus gan amhlaidh a dhéanamh le haghaidh tráinsí sóisearacha.

(7)  Chun sláine aon eisiúna SBBS a áirithiú agus chun na rioscaí a bhaineann le sealbhú agus bainistiú na punainne foluití bannaí ceannasacha a theorannú a mhéid is féidir, ba cheart go mbeadh aibíochtaí bannaí ceannasacha foluiteacha ailínithe go dlúth le haibíocht na SBBSanna agus ba cheart go mbeadh comhdhéanamh na punainne foluití bannaí ceannasacha seasta ar feadh shaolré iomlán na SBBSanna.

(8)  De bharr chomhdhéanamh caighdeánaithe phunann fholuiteach aon SBBSanna, d’fhéadfadh sé a bheith deacair SBBS a eisiúint nó go gcuirfí bac ar SBBS a eisiúint i gcás nach bhfuil na bannaí ceannasacha de chuid Ballstáit amháin nó níos mó ar fáil ar an margadh. Ar an gcúis sin, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ann bannaí ceannasacha de chuid Ballstáit ar leith a eisiamh ó eisiúintí SBBSanna amach anseo i gcás ina bhfuil eisiúint bannaí ceannasacha ag an mBallstát sin teoranta go suntasach, agus fad atá eisiúint bannaí ceannasacha ag an mBallstát sin teoranta go suntasach, mar gheall ar ghá laghdaithe le fiachas poiblí nó mar gheall ar rochtain lagaithe ar an margadh.

(9)  Chun a áirithiú go mbeidh SBBSanna aonchineálach a ndóthain, níor cheart eisiamh na mbannaí ceannasacha de chuid Ballstáit ar leith ón bpunann fholuiteach bannaí ceannasacha ná ath-chomhtháthú na mbannaí ceannasacha de chuid Ballstáit ar leith isteach sa phunann fholuiteach bannaí ceannasacha a cheadú ach amháin tar éis cinneadh ón gCoimisiún, rud a áiritheoidh go mbeidh an t-aon phunann fholuiteach bannaí ceannasacha amháin ag na SBBSanna go léir a eisítear ag an aon am amháin. Is táirgí nua iad SBBSanna agus, chun leanúnachas a n-eisiúna ar an margadh a áirithiú, tá údar cuí le sásra cinnteoireachta tráthúil a bheith ann chun punann fholuiteach SBBSanna a choigeartú sa chás nach bhfuil rochtain ar an margadh ar fáil a thuilleadh ag Ballstát. Sa bhreis air sin, tá ábhair bhuartha ardaithe ag tráchtairí agus geallsealbhóirí i dtaobh an fhéidearthacht a bheith ann go mbeadh tionchair dhiúltacha ar leachtacht na margaí le haghaidh bannaí rialtais foluiteacha agus ba cheart a bheith dáiríre faoi na hábhair bhuartha sin. Chuige sin, déantar, leis an Rialachán seo, dualgas faireacháin na margaí do SBBSanna agus faireachán na mbannaí rialtais foluiteacha le haghaidh comharthaí de shuaitheadh a shannadh don Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(5) (ÚEUM).

(9a)  Ar bhonn barúlacha ó ÚEUM agus bunaithe ar a dtuarascálacha, ba cheart an Coimisiún a chumhachtú chun sainmhíniú soiléir a thabhairt ar “leachtacht an mhargaidh” agus modh a leagan síos lena ríomh, chomh maith lena chinneadh, cad iad na critéir a bheadh ag ÚEUM chun a mheas an bhfuil rochtain a thuilleadh ar an margadh ag Ballstát chun críocha an Rialacháin seo. Ba cheart go mbeadh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe den sórt sin a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar na doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(10)  Féadfar méid sheasta an tráinse shinsearaigh de gach eisiúint SBBS a laghdú le haghaidh eisiúintí SBBSanna amach anseo i gcás inarb amhlaidh, de bharr forbairtí díobhálacha margaidh a chuireann isteach go mór ar fheidhmiú na margaí fiachais cheannasaigh i mBallstát nó san Aontas, go mbeidh méid níos lú ag teastáil chun leanúint le hardcháilíocht chreidmheasa agus ísealriosca a áirithiú don tráinse sinsearach. Nuair a thagann forbairtí díobhálacha margaidh den sórt sin chun deiridh, ba cheart méid an tráinse shinsearaigh a thabhairt ar ais go dtína luach tosaigh, is é sin, seachtó faoin gcéad, le haghaidh eisiúintí SBBSanna amach anseo. ▌

(11)  Ba cheart infheisteoirí a chosaint a mhéid is féidir ar riosca dócmhainneachta na hinstitiúide a fhaigheann na bannaí ceannasacha (‘an ceannaitheoir bunaidh’) chun críocha punann fholuiteach na SBBSanna a chur le chéile. Ar an gcúis sin, is eintitis shainchuspóireacha (SPEnna) a bhfuil sé de chúram eisiach orthu SBBSanna a eisiúint agus a bhainistiú agus nach dtugann faoi aon ghníomhaíochtaí eile, amhail creidmheas a sholáthar, agus iadsan amháin, ba cheart a cheadú chun SBBSanna a eisiúint. Is ar an gcúis chéanna sin ba cheart SPEnna a chur faoi réir diancheanglais leithscartha sócmhainní.

(12)  Chun aisioncronachtaí aibíochta beaga a bhainistiú sa tréimhse ama idir an tráth a fhaightear na fáltais ó fhónamh d’fhiachas ar an bpunann fholuiteach agus an dáta a íoctar na fáltais sin amach le hinfheisteoirí in SBBSanna, níor cheart cead a thabhairt do SPEnna na fáltais ón bhfónamh d’fhiachas ar phunann fholuiteach bannaí ceannasacha na SBBSanna a infheistiú ach amháin in airgead tirim agus in ionstraimí airgeadais fíorleachtacha lena mbaineann ísealriosa margaidh agus creidmheasa.

(12a)  Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go dtugtar an chóir chéanna do shealbhaíochtaí bannaí ceannasacha ag SPEnna agus a thugtar d’aon shealbhaíochtaí eile ar an mbanna ceannasach céanna nó do bhannaí ceannasacha eile a eisítear leis na téarmaí céanna.

(13)  Is do tháirgí a chomhlíonann na ceanglais a bhaineann le comhdhéanamh agus aibíocht na punainne foluití agus le méid na dtráinsí sinsearacha agus na dtráinsí fo-ordaithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo, agus a bhfuil a n-eisiúint ag comhlíonadh an chórais maoirseachta, ▌agus iadsan amháin, ba cheart an chóir rialála dá bhforáiltear sa Rialachán seo a thabhairt.

(14)  Ba cheart go ndéanfadh chóras deimhniúcháin ag ÚEUM a áirithiú go gcomhlíonann eisiúint SBBSanna ceanglais an Rialacháin seo. Dá bhrí sin, ba cheart do ÚEUM liosta a choimeád de na SBBSanna deimhnithe▌, rud a chumasódh d’infheisteoirí a fhíorú an amhlaidh gur SBBS go deimhin é aon táirge a thairgtear lena dhíol mar SBBS. Ar an gcúis chéanna, ba cheart do ÚEUM a léiriú sa liosta sin má forchuireadh aon smachtbhanna i leith SBBS agus ba cheart dó aon táirgí a bhfaightear amach ina dtaobh go sáraíonn siad an Rialachán seo a bhaint den liosta.

(15)  Ba cheart d’infheisteoirí a bheith in ann brath ar dheimhniú SBBSanna ag ▌ÚEUM agus ar an bhfaisnéis a sholáthraíonn SPEnna. Leis an bhfaisnéis faoi SBBSanna agus faoi na bannaí ceannasacha atá i bpunann fholuiteach na SBBSanna, ba cheart infheisteoirí a chumhachtú chun idirbhearta SBBSanna a thuiscint, a mheasúnú agus a chur i gcomparáid lena chéile agus gan a bheith ag brath go huile agus go hiomlán ar thríú páirtithe, lena n-áirítear gníomhaireachtaí rátála creidmheasa. De bharr na féidearthachta sin ba cheart go gcuirfí ar chumas infheisteoirí gníomhú go stuama agus a ndícheall cuí a fheidhmiú go héifeachtúil. Dá bhrí sin, ba cheart faisnéis faoi SBBSanna a bheith ar fáil go réidh d’infheisteoirí, trí theimpléid chaighdeánaithe, ar shuíomh gréasáin lena n-áirithítear inrochtaineacht leanúnach.

(16)  Chun drochiompraíocht a chosc agus chun a áirithiú go gcoimeádfar muinín as SBBSanna, ba cheart do ÚEUM foráil a dhéanamh maidir le smachtbhannaí riaracháin iomchuí agus maidir le bearta feabhais iomchuí i gcás sáruithe faillíocha nó sáruithe d’aon ghnó ar na ceanglais maidir le fógra a thabhairt nó na ceanglais táirge le haghaidh SBBSanna.

(17)  Ba cheart d’infheisteoirí in earnálacha airgeadais éagsúla a bheith in ann infheistiú in SBBSanna faoi na coinníollacha céanna leo sin faoina n-infheistíonn siad sna bannaí ceannasacha foluiteacha de chuid an limistéir euro seachas i gcás infheistíochtaí i sealbhaíochtaí tráinsí fo-ordaithe SBBS ag bainc. Ba cheart Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(6), Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(7), Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(8) agus Treoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(9) a leasú, dá bhrí sin, chun a áirithiú go dtabharfar do SBBSanna an chóir rialála chéanna a thugtar dá sócmhainní foluiteacha ar fud na n-earnálacha airgeadais rialáilte éagsúla.

(18)  Chun cobhsaíocht airgeadais a chosaint, muinín infheisteoirí a áirithiú agus leachtacht a chur chun cinn, tá sé tábhachtach go ndéantar maoirseacht chuí éifeachtach ar mhargaí SBBSanna. Chuige sin, ba cheart ÚEUM a chur ar an eolas i dtaobh eisiúint SBBSanna agus ba cheart dó an fhaisnéis ábhartha ar fad a theastaíonn uaidh chun a chúraimí maoirseachta a chur i gcrích a fháil ó SPEnna. Ba cheart maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo go príomha chun cosaint infheisteoirí a áirithiú agus, i gcás inarb infheidhme, ba cheart maoirseacht a dhéanamh ar ghnéithe a d’fhéadfadh a bheith bainteach le heisiúint agus sealbhú SBBSanna ag eintitis airgeadais rialáilte.

(19)  Ba cheart d’údaráis inniúla náisiúnta na n-eintiteas atá páirteach in SBBSanna a chur le chéile nó atá páirteach i margadh SBBS agus do ÚEUM a gcuid gníomhaíochtaí maoirseachta a chomhordú go dlúth le chéile agus ba cheart dóibh a áirithiú go mbíonn a gcuid cinntí comhsheasmhach. ▌

(20)  Ós rud é gur táirgí nua iad SBBSanna, nach feasach cad iad na héifeachtaí a bheidh acu ar na margaí d’urrúis fiachais cheannasacha fholuiteacha, is iomchuí go ndéanfaidh an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS) agus na húdaráis inniúla agus ainmnithe náisiúnta le haghaidh ionstraimí macrastuamachta formhaoirseacht ar an margadh SBBSanna. Chuige sin, ba cheart do BERS leas a bhaint as na cumhachtaí a thugtar dó faoi Rialacháin (AE) Uimh. 1092/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(10) agus, más iomchuí, ba cheart dó rabhaidh a eisiúint agus moltaí le haghaidh gníomhaíochtaí leighis a dhéanamh leis na húdaráis inniúla.

(21)  Ós rud é gur comhlacht é a bhfuil saineolas an-speisialaithe aige ar mhargaí urrús, is iomchuí a chur de chúram ar ÚEUM forbairt a dhéanamh ar dhréachtchaighdeáin theicniúla rialála maidir leis na cineálacha infheistíochta a fhéadfaidh an SPE a dhéanamh leis na fáltais ó íocaíochtaí príomhshuime nó íocaíochtaí úis ar phunann fholuiteach na SBBSanna, maidir leis an bhfaisnéis a sholáthróidh an SPE le haghaidh fógra agus deimhniú a thabhairt do ÚEUM faoi eisiúintí SBBSanna a eisiúint, maidir leis an bhfaisnéis a sholáthrófar sula n-aistreofar SBBS, agus maidir leis na hoibleagáidí comhair agus malartaithe faisnéise atá ar údaráis inniúla. Ba cheart an Coimisiún a chumhachtú chun na caighdeáin sin a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’) agus i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

(22)  Ba cheart an Coimisiún a chumhachtú freisin chun caighdeáin theicniúla chur chun feidhme a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 291 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 i ndáil leis na ceanglais maidir le fógra a thabhairt atá ar SPEnna sula ndéantar SBBSanna a eisiúint.

(23)  Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh chur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun a chinneadh ar cheart na bannaí ceannasacha de chuid Ballstáit ar leith a bhaint de phunann fholuiteach na SBBSanna nó ar cheart iad a áireamh inti agus chun a chinneadh ar cheart méid an tráinse shinsearaigh le haghaidh eisiúintí SBBSanna amach anseo a athrú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(11).

(24)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon creat a leagan síos le haghaidh SBBSanna, a ghnóthú go leordhóthanach, i bhfianaise go bhfuil teacht chun cinn aon mhargaidh SBBSanna ag brath ar dheireadh a chur le bacainní a eascraíonn as cur i bhfeidhm reachtaíocht an Aontais agus nach féidir cothrom iomaíochta sa mhargadh inmheánach do gach infheisteoir institiúideach agus do gach eintiteas atá ag gabháil do SBBSanna a oibriú, agus gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpaigh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Caibidil 1

Ábhar, raon feidhme agus sainmhínithe

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo creat ginearálta le haghaidh urrúis de bhun bannaí ceannasacha (SBBSanna).

Airteagal 2

Raon Feidhme

Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le ceannaitheoirí bunaidh, le heintitis shainchuspóireacha, le hinfheisteoirí agus le haon eintiteas eile a bhfuil baint aige le SBBSanna a eisiúint nó a shealbhú.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)  ciallaíonn ‘údarás inniúil’ údarás poiblí nó comhlacht atá aitheanta go hoifigiúil ag an dlí náisiúnta agus a dtugtar de chumhacht dó leis an dlí náisiúnta nó le dlí an Aontais na cúraimí a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh;

(2)  ciallaíonn ‘banna ceannasach’ aon ionstraim fiachais arna heisiúint ag an rialtas láir de chuid Ballstáit, atá sloinnte agus cistithe in airgeadra intíre an Bhallstáit sin agus a bhfuil aibíocht bhunaidh de bhliain amháin nó níos mó aici;

(3)  ciallaíonn ‘urrús de bhun bannaí ceannasacha’ nó ‘SBBS’ ionstraim airgeadais atá sloinnte in euro, a mbaineann a riosca creidmheasa leis na neamhchosaintí ar phunann bannaí ceannasacha agus a chomhlíonann an Rialachán seo;

(4)  ciallaíonn ‘eintiteas sainchuspóireach’ nó ‘SPE’ duine dlítheanach, nach é an ceannaitheoir bunaidh é, a eisíonn SBBSanna agus a dhéanann na gníomhaíochtaí i dtaca leis an bpunann fholuiteach bannaí ceannasacha i gcomhréir le hAirteagal 7 agus Airteagal 8 den Rialachán seo;

(5)  ciallaíonn ‘ceannaitheoir bunaidh’ duine dlítheanach a cheannaíonn bannaí ceannasacha ar a chuntas féin agus a aistríonn na bannaí ceannasacha sin chuig SPE ina dhiaidh sin chun SBBSanna a eisiúint;

(6)  ciallaíonn ‘infheisteoir’ duine nádúrtha nó dlítheanach a shealbhaíonn SBBS;

(7)  ciallaíonn ‘tráinse’ deighleog, arna bunú de réir conartha, den riosca creidmheasa atá bainteach le punann fholuiteach bannaí ceannasacha na SBBSanna agus a iompraíonn riosca go gcaillfear méid creidmheasa atá níos mó nó níos lú ná suíomh den mhéid chéanna i ndeighleog eile den riosca creidmheasa sin;

(8)  ciallaíonn ‘tráinse sinsearach’ an tráinse laistigh d’eisiúint SBBSanna a iompraíonn caillteanais tar éis do gach ceann de na tráinsí fo-ordaithe den eisiúint SBBS sin caillteanais a iompar;

(9)  ciallaíonn ‘tráinse fo-ordaithe’ aon tráinse laistigh d’eisiúint SBBSanna a iompraíonn caillteanais roimh an tráinse sinsearach;

(10)  ciallaíonn ‘tráinse sóisearach’ an tráinse laistigh d’eisiúint SBBSanna a iompraíonn caillteanais roimh aon tráinse eile.

Caibidil 2

Comhdhéanamh, aibíocht agus struchtúr SBBSanna

Airteagal 4

Comhdhéanamh na punainne foluití

1.  Beidh punann fholuiteach aon eisiúna SBBSanna comhdhéanta de na nithe seo a leanas, agus iadsan amháin:

(a)  bannaí ceannasacha ó Bhallstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu;

(b)  na fáltais ó fhuascailt na mbannaí ceannasacha sin.

2.  Beidh ualach na mbannaí ceannasacha de chuid gach Ballstáit laistigh de phunann fholuiteach SBBSanna (‘ualach bonnlíne’) cothrom le hualach coibhneasta na ranníocaíochta ón mBallstát sin leis an mBanc Ceannais Eorpach (BCE) i gcomhréir leis an scála le haghaidh shuibscríobh chaipiteal íoctha isteach BCE ag bainc cheannais náisiúnta na mBallstát, mar a leagtar síos in Airteagal 29 den Phrótacal maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh atá san iarscríbhinn a ghabhann leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Féadfaidh SPEnna, áfach, diall faoi dheich faoin gcéad ar a mhéad ó luach ainmniúil bannaí ceannasacha gach Ballstáit, ar luach é a thagann as an ualach bonnlíne a chur i bhfeidhm.

3.  Tar éis an chéad SBBS a bheith deimhnithe, déanfaidh ÚEUM, gan moill mhíchuí, tús a chur le faireachán agus measúnú leanúnach féachaint an bhfuil ceann ar bith de na cásanna seo a leanas ann:

(a)  thar an dá mhí dhéag roimhe sin (an ‘tréimhse thagartha’), d’eisigh an Ballstát níos lú ná leath mhéid na mbannaí ceannasacha a d’eascair as a ualach coibhneasta arna chinneadh i gcomhréir le mír 2, arna iolrú faoi mhéid comhiomlán na SBBSanna a eisíodh sa dá mhí dhéag roimh an tréimhse thagartha;

(aa)   bhí tionchar diúltach suntasach ar leachtacht margaidh bhannaí ceannais Ballstáit atá sa phunann fholuiteach ag eisiúint an SBBS;

(b)  thar an dá mhí dhéag roimhe sin, mhaoinigh an Ballstát leath a gceanglas cistiúcháin bliantúil ar a laghad trí chúnamh airgeadais oifigiúil chun tacú le clár coigeartaithe maicreacnamaíoch a chur chun feidhme mar a shonraítear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(12), nó ar chúis éigin níl rochtain ar an margadh ag an mBallstát a thuilleadh.

Chun críocha phointe (aa) den chéad fhomhír, déanfar “leachtacht margaidh” a chinneadh trína chur san áireamh, mar chritéir íosta, an fhianaise de leithead agus doimhneas an mhargadh sna trí mhí roimhe sin de réir mar a mbeidh cruthúnas ann dó le haon tairiscint agus atairiscint íseal, toilleadh ard trádála agus líon mór agus éagsúil rannpháirtithe sa mhargadh.

Chun críocha phointe (aa) den chéad fhomhír, déanfaidh an Coimisiún faoin ... [6 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 24a chun sainmhíniú soiléir agus modh ríofa do “leachtacht margaidh” a thabhairt chun críocha an Rialacháin seo.

Chun críocha phointe (aa) den chéad fhomhír, déanfaidh an Coimisiún faoin ... [6 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 24a chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí chritéir a chinneadh lena ndéanfaidh ÚEUM a mheasúnú cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil rochtain a thuilleadh ag Ballstát ar an margadh.

3a.  Déanfaidh ÚEUM, ar bhonn leanúnach, faireachán agus measúnú féachaint an é nach bhfuil rochtain ar an margadh a thuilleadh ag Ballstát a bhfuil a chuid bannaí ceannasacha i bpunann fholuiteach SBBS nó an ndeachaidh an Ballstát sin i gclár coigeartaithe maicreacnamaíochta, an raibh tionchar diúltach suntasach ag eisiúint SBBS ar leachtacht an mhargaidh agus cibé i dtaobh ualaí bonnlíne Ballstáit a bhfuil fáil theoranta ar bhannaí ceannais acu an bhfuiltear ag cur as d’eisiúint SBBSanna nua, nó an bhfuil deireadh tagtha le haon ceann de na staideanna sin.

Más rud é go bhfaigheann ÚEUM, i gcomhchomhairle le BERS, go bhfuil feidhm ag staid dá dtagraítear i bpointe (a) nó (aa) den chéad fhomhír de mhír 3, féadfaidh sé a iarraidh ar an gCoimisiún ualaí bonnlíne bhannaí an Bhallstáit atá sa phunann fholuiteach a choigeartú.

Más rud é go bhfaigheann ÚEUM, i gcomhchomhairle le BERS, go bhfuil feidhm ag staid dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 3, féadfaidh sé a iarraidh ar an gCoimisiún an Ballstát a eisiamh ó phunann fholuiteach SBBS nó ualaí bonnlíne bhannaí an Bhallstáit atá sa phunann fholuiteach a choigeartú.

Más rud é go bhfaigheann ÚEUM, i gcomhchomhairle le BERS, go bhfuil deireadh tagtha le staid dá dtagraítear i bpointí (a) go (b) den chéad fhomhír de mhír 3, féadfaidh sé a iarraidh ar an gCoimisiún bannaí an Bhallstáit a chur isteach arís i bpunann fholuiteach SBBS agus ualaí bonnlíne bhannaí an Bhallstáit atá sa phunann fholuiteach a choigeartú.

Laistigh de 48 n-uair an chloig ón iarraidh dá dtagraítear sa dara, tríú agus ceathrú fomhír, agus bunaithe ar na cúiseanna agus ar an bhfianaise a sholáthróidh ÚEUM, déanfaidh an Coimisiún ceann de na nithe seo a leanas:

(a)  glacfaidh sé gníomh cur chun feidhme a dhéanann bannaí ceannasacha Ballstáit a eisiamh ó phunann fholuiteach an SBBS nó déanfaidh sé ualaí bonnlíne na mBallstát ábhartha a choigeartú;

(b)  glacfaidh sé gníomh cur chun feidhme lena ndiúltaítear d’eisiamh nó coigeartú ualaí bonnlíne na mBallstát ábhartha; nó

(c)  glacfaidh sé gníomh cur chun feidhme lena ndéantar bannaí an Bhallstáit a cur isteach arís i bpunann fholuiteach SBBS, lena gcoigeartaítear ualaí bonnlíne bhannaí an Bhallstáit atá sa phunann fholuiteach de réir mar is iomchuí.

3b.  Aon ghníomh cur chun feidhme a ghlactar de bhun mhír 3a den Airteagal seo, déanfar é a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 26(2).

I gcás ina ndéantar Ballstát a eisiamh ó phunann fholuiteach SBBS, ag leanúint as gníomh cur chun feidhme faoi mhír 3a, déanfar ualaí bonnlíne bhannaí ceannasacha na mBallstát eile a chinneadh trí bhannaí ceannasach an Bhallstáit dá dtagraítear i mír 3a a eisiamh agus an modh ríofa a leagtar amach i mír 2 a chur i bhfeidhm. I gcás ina mbeidh feidhm ag gníomh cur chun feidhme faoi mhír 3a agus go ndéantar ualaí bonnlíne a choigeartú, déanfar na hualaí bonnlíne a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an ngníomh cur chun feidhme.

Beidh an t-eisiamh nó an coigeartú bailí ar feadh tréimhse tosaigh d’aon mhí amháin. Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhchomhairle le ÚEUM, eisiamh nó coigeartú na n-ualaí bonnlíne dá dtagraítear san Airteagal seo a fhadú ar feadh tréimhsí breise d’aon mhí amháin trí bhíthin gníomh cur chun feidhme. I gcás nach ndéantar an t-eisiamh nó coigeartú a athnuachan faoi dheireadh na tréimhse tosaigh nó faoi dheireadh aon tréimhse athnuachana ina dhiaidh sin, rachaidh sé in éag go huathoibríoch.

3c.  Déanfar BCE a chur ar an eolas ar mhodh tráthúil i dtaobh aon chinneadh a ghlactar de bhun mhíreanna 3a agus 3b.

Airteagal 5

Aibíocht na sócmhainní foluiteacha

1.  Beidh an t-aon dáta aibíochta bunaidh amháin ag tráinsí SBBSanna atá mar chuid den aon eisiúint amháin. Beidh an dáta aibíochta sin cothrom le haibíocht iarmhair an bhanna cheannasaigh a bhfuil an aibíocht iarmhair is faide aige laistigh den phunann fholuiteach, nó suas le lá amháin níos faide ná sin.

2.  Ní bheidh aibíocht iarmhair aon bhanna cheannasaigh i bpunann fholuiteach SBBSanna níos mó ná sé mhí níos giorra ná aibíocht iarmhair an bhanna cheannasaigh a bhfuil an aibíocht iarmhair is faide aige laistigh den phunann sin.

Airteagal 6

Struchtúr na dtráinsí, íocaíocht agus caillteanais

1.  Beidh eisiúint SBBSanna comhdhéanta d’aon tráinse sinsearach amháin agus de thráinse fo-ordaithe amháin nó níos mó. Beidh luach ainmniúil gan íoc an tráinse shinsearaigh cothrom le seachtó faoin gcéad de luach ainmniúil gan íoc na heisiúna SBBSanna ar fad. Is é an SPE a chinnfidh an líon tráinsí fo-ordaithe agus a luachanna ainmniúla gan íoc, faoi réir na teorann a fhágann go mbeidh luach ainmniúil an tráinse shóisearaigh ag cúig faoin gcéad ar a laghad de luach ainmniúil gan íoc na heisiúna SBBSanna ar fad.

2.  I gcás ina gcuireann forbairtí díobhálacha isteach go mór ar fheidhmiú margaí fiachais cheannasaigh i mBallstát nó san Aontas, agus i gcás ina mbeidh an cur isteach sin deimhnithe ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 4, laghdóidh SPEnna luach ainmniúil gan íoc an tráinse shinsearaigh go seasca faoin gcéad le haghaidh aon eisiúna SBBSanna arna heisiúint tar éis an deimhniú sin a thabhairt.

I gcás ina mbeidh sé deimhnithe ag an gCoimisiún, i gcomhréir le mír 4, nach ann don chur isteach sin a thuilleadh, beidh feidhm ag mír 1 maidir leis na heisiúintí SBBSanna ar fad arna n-eisiúint tar éis an deimhniú sin a thabhairt.

3.  Déanfaidh ÚEUM faireachán agus measúnú féachaint an bhfuil an cás dá dtagraítear i mír 2 ann nó ar scoir sé de bheith ann agus tabharfaidh sé eolas don Choimisiún dá réir.

4.  Féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena ndeimhnítear go bhfuil an cur isteach dá dtagraítear i mír 2 ann nó gur scoir sé de bheith ann. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 26(2).

5.  Beidh íocaíochtaí faoi SBBS spleách ar íocaíochtaí na punainne foluití bannaí ceannasacha.

6.  Cinnfear dáileadh na gcaillteanas agus ord na n-íocaíochtaí de réir thráinse na heisiúna SBBSanna agus beidh siad seasta ar fud shaolré iomlán na heisiúna SBBSanna.

Déanfar caillteanais a aithint agus a shannadh de réir mar a thagann siad chun cinn.

Airteagal 7

Eisiúint SBBSanna agus na hoibleagáidí ar SPEnna

1.  Comhlíonfaidh SPEnna gach ceann de na ceanglais seo a leanas:

(a)  tá siad bunaithe san Aontas;

(b)  tá a gcuid gníomhaíochtaí teoranta d’eisiúintí SBBSanna a eisiúint agus a sheirbhísiú agus do bhainistiú a dhéanamh ar phunann fholuiteach na n-eisiúintí sin i gcomhréir le hAirteagail 4, 5, 6 agus 8;

(c)  tá freagracht aonair ar SPEnna as soláthar na seirbhísí agus na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (b).

2.  Beidh úinéireacht iomlán ag SPEnna ar phunann fholuiteach eisiúna SBBSanna.

Beidh punann fholuiteach eisiúna SBBSanna ina socrú comhthaobhachta airgeadais urrúis mar a shainmhínítear in Airteagal 2(c) de Threoir 2002/47/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(13) lena ndaingnítear na hoibleagáidí airgeadais atá ar an SPE i leith infheisteoirí san eisiúint SBBSanna sin.

Maidir le SBBS atá in eisiúint shonrach SBBSanna a shealbhú, ní fhorálfar leis d’aon chearta ná éilimh ar na sócmhainní de chuid an SPE sin atá ag eisiúint na heisiúna SBBSanna sin, más sócmhainní iad atá lasmuigh de phunann fholuiteach na heisiúna sin, agus ní fhorálfar leis ach oiread d’aon chearta ná éilimh i leith an ioncaim a ghintear as an SBBS sin a shealbhú.

Ní bheidh aon laghdú ar luach nó fáltais na punainne foluití bannaí ceannasacha ina chúis le héileamh dliteanais ó infheisteoirí.

3.  Coinneoidh SPE taifid agus cuntais chun go ndéanfaidh sé na nithe seo:

(a)  a shócmhainní dílse agus a acmhainní airgeadais a leithscaradh ó shócmhainní agus acmhainní airgeadais phunann fholuiteach na heisiúna SBBSanna agus ó na fáltais ghaolmhara;

(b)  punanna foluiteacha agus fáltais na n-eisiúintí éagsúla SBBSanna a leithscaradh óna chéile;

(c)  na seasaimh atá ag infheisteoirí nó idirghabhálaithe éagsúla a leithscaradh óna chéile;

(d)  a fhíorú gurb amhlaidh am ar bith gurb ionann an líon SBBSanna in aon eisiúint amháin agus iomlán na SBBSanna a shealbhaíonn na hinfheisteoirí nó idirghabhálaithe go léir san eisiúint sin;

(e)  a fhíorú gurb ionann luach ainmniúil gan íoc na SBBSanna atá in aon eisiúint amháin agus luach ainmniúil gan íoc phunann fholuiteach bannaí ceannasacha na heisiúna sin.

4.  Sealbhóidh SPEnna na bannaí ceannasacha dá dtagraítear in Airteagal 4(1)(a) faoi choimeád, mar a cheadaítear faoi phointe (1) de Roinn B d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(14) agus pointe (2) de Roinn A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(15), agus ní dhéanfaidh siad amhlaidh ach amháin i mbainc cheannais, taisclanna lárnacha urrús, institiúidí creidmheasa údaraithe nó gnólachtaí infheistíochta údaraithe.

4a.  Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go dtugtar an chóir chéanna do shealbhaíochtaí bannaí ceannasacha ag SPEnna agus a thugtar d’aon sealbhaíochtaí eile ar an mbanna ceannasach céanna nó do bhannaí ceannasacha eile a eisítear leis na téarmaí céanna.

Airteagal 8

Beartas infheistíochta

1.  Infheisteoidh SPE íocaíochtaí príomhshuime nó úis ó na bannaí ceannasacha dá dtagraítear in Airteagal 4(1)(a) agus atá dlite roimh íocaíochtaí príomhshuime nó úis faoin SBBS, agus ní dhéanfaidh sé amhlaidh ach amháin in airgead tirim nó in ionstraimí atá coibhéiseach le hairgead tirim arna shloinneadh in euro atá incháilithe le haghaidh leachtú laistigh de lá amháin, gan ach éifeacht dhíobhálach an-bheag a imirt ar phraghsanna.

Sealbhóidh SPE na híocaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi choimeád, mar a cheadaítear faoi phointe (1) de Roinn B d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE agus pointe (2) de Roinn A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, agus ní dhéanfaidh sé amhlaidh ach amháin i mbainc cheannais, taisclanna lárnacha urrús, institiúidí creidmheasa údaraithe nó gnólachtaí infheistíochta údaraithe.

2.  Ní athróidh SPE punann fholuiteach aon SBBS go dtí go dtagann an SBBS sin in aibíocht.

3.  Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar tuilleadh na hionstraimí airgeadais is féidir a mheas a bheith ina n-ionstraimí fíorleachtacha lena mbaineann riosca íosta margaidh agus creidmheasa amhail dá dtagraítear i mír 1. Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [6 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Déantar an chumhacht chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh a tharmligean chuig an gCoimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Caibidil 3

Úsáid an ainmnithe ‘SBBS’, ceanglais maidir le fógra a thabhairt, agus ceanglais trédhearcachta agus faisnéise

Airteagal 9

Úsáid an ainmnithe ‘Urrúis de bhun Bannaí Ceannasacha’

Ní úsáidfear an t-ainmniú ‘Urrús de bhun Bannaí Ceannasacha’ nó ‘SBBS’ ach amháin le haghaidh táirgí airgeadais a chomhlíonann gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)  comhlíonann an táirge airgeadais Airteagal 4, Airteagal 5 agus Airteagal 6 ar bhonn leanúnach;

(aa)  comhlíonann SPE Airteagal 7 agus Airteagal 8 ar bhonn leanúnach;

(b)  tá an táirge airgeadais sin deimhnithe ag ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 10(1) agus tá an táirge airgeadais curtha ar áireamh sa liosta dá dtagraítear in Airteagal 10(2).

Airteagal 10

Ceanglais maidir le fógra a thabhairt faoi SBBS

1.  Déanfaidh SPE iarratas ar eisiúint SBBS a dheimhniú a chur isteach trí fhógra a thabhairt do ÚEUM seachtain amháin ar a laghad sula n-eiseofar eisiúint SBBSanna trí bhíthin an teimpléid dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, á shonrú go gcomhlíonann eisiúint SBBSanna ceanglais Airteagal 4, Airteagal 5 agus Airteagal 6. Cuirfidh ÚEUM údarás inniúil an SPE ar an eolas faoi sin gan moill mhíchuí.

1a.  San fhógra dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo, beidh míniú ón SPE faoin gcaoi a ndearna sé gach ceann de na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 4, 5, 6, 7 agus 8 a chomhlíonadh.

1b.  Déanfaidh ÚEUM an eisiúint SBBS a dheimhniú sa chás amháin gur lán-deimhin leis go bhfuil an SPE iarrthach agus an eisiúint SBBS ag comhlíonadh na gceanglas go léir a leagtar síos sa Rialachán seo. Déanfaidh ÚEUM a chur in iúl don SPE iarrthach, gan aon mhoill mhíchuí, cibé acu a ndearnadh an deimhniúchán a dheonú nó a dhiúltú.

2.  Coinneoidh ÚEUM, ar a shuíomh gréasáin oifigiúil, liosta de na heisiúintí SBBSanna go léir a bheidh deimhnithe ag ÚEUM. Déanfaidh ÚEUM an liosta sin a nuashonrú láithreach agus bainfidh sé den liosta aon eisiúint SBBSanna nach meastar a bheith ina heisiúint SBBSanna a thuilleadh tar éis cinneadh ó ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 15.

3.  ▌Déanfaidh ÚEUM a thabhairt le fios láithreach ar an liosta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo má rinne sé smachtbhannaí riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 16 a fhorchur nach bhfuil aon cheart achomhairc ann ina leith a thuilleadh, i dtaca leis an SBBS lena mbaineann.

3a.  Déanfaidh ÚEUM an deimhniúchán d’eisiúint SBBS a tharraingt siar i gcás ina gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)  dhiúltaigh an SPE don deimhniúchán go sainráite nó níor bhain sé úsáid as laistigh de shé mhí tar éis an deimhniúchán a bheith deonaithe;

(b)  fuair an SPE an deimhniúchán trí ráitis bhréige a dhéanamh nó ar aon mhodhanna neamhrialta eile;

(c)  ní chomhlíonann an eisiúint SBBS a thuilleadh na coinníollacha faoinar deimhníodh í.

Gabhfaidh éifeacht láithreach ar fud an Aontais le tarraingt siar an deimhniúcháin.

4.  Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin ... [6 mhí ó dháta teacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

5.  Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun na teimpléid a bhunú atá le húsáid le haghaidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin ... [6 mhí ó dháta teacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla chur chun feidhme dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 11

Ceanglais trédhearcachta

1.  Déanfaidh SPE, gan moill mhíchuí, an fhaisnéis seo a leanas a thabhairt d’infheisteoirí agus do ÚEUM:

(a)  faisnéis faoin bpunann fholuiteach atá fíor-riachtanach chun a mheasúnú an gcomhlíonann an táirge airgeadais Airteagal 4, Airteagal 5 agus Airteagal 6;

(b)  tuairisc mhionsonraithe ar an tosaíocht íocaíochtaí atá ag baint le tráinsí na heisiúna SBBSanna;

(c)  más rud é nár dréachtaíodh aon réamheolaire sna cásanna a leagtar amach in Airteagail 1(4), 1(5) nó 3(2) de Rialachán (AE) Uimh. 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(16), forléargas ar phríomhthréithe an SBBS, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, mionsonraí faoi na saintréithe neamhchosanta, na sreafaí airgeadais agus an chascáid caillteanais;

(d)  an fógra agus an deimhniúchán dá dtagraítear in Airteagal 10(1) agus in Airteagal 10(1b) faoi seach.

An fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, déanfar í a chur ar fáil ar a dhéanaí aon mhí amháin tar éis an dáta dlite le haghaidh íocaíocht úis an SBBS.

2.  Déanfaidh an SPE an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin:

(a)  a bhfuil córas rialaithe cáilíochta sonraí atá ag feidhmiú go maith aige;

(b)  atá faoi réir caighdeáin iomchuí rialachais agus a ndéantar é a chothabháil agus a oibriú i gcomhréir le struchtúr eagrúcháin lena n-áirithítear leanúnachas agus feidhmiú rianúil an tsuímh gréasáin;

(c)  atá faoi réir córais, rialuithe agus nósanna imeachta lena sainaithnítear gach foinse ábhartha riosca oibriúcháin;

(d)  ina n-áirítear córais a áirithíonn cosaint agus sláine na faisnéise a fhaightear agus taifeadadh pras na faisnéise sin;

(e)  lena dtugtar an fhéidearthacht taifid den fhaisnéis a choinneáil go ceann cúig bliana ar a laghad tar éis dháta aibíochta gach eisiúna SBBSanna.

An fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus an suíomh a gcuirtear an fhaisnéis ar fáil, déanfaidh SPE iad a chur in iúl sna doiciméid a thugtar d’infheisteoirí maidir leis na SBBSanna.

Airteagal 12

Ceanglais faisnéise

1.  Sula n-aistreoidh sé SBBS, tabharfaidh an t-aistreoir an fhaisnéis seo a leanas ar fad don aistrí:

(a)  an nós imeachta maidir le fáltais ón bpunann fholuiteach bannaí ceannasacha a leithdháileadh ar na tráinsí éagsúla den eisiúint SBBSanna, lena n-áirítear nuair atáthar ag súil le neamhíoc na sócmhainní foluiteacha nó tar éis an neamhíoca sin;

(b)  an dóigh a sannfar d’infheisteoirí na cearta vótála ar thairiscint mhalartaithe nuair atáthar ag súil le neamhíoc aon bhannaí ceannasacha sa phunann fholuiteach nó tar éis an neamhíoca sin, agus an dóigh a leithdháilfear ar na tráinsí difriúla den eisiúint SBBSanna aon chaillteanais ó neamhíoc fiachais.

2.  Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [6 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Déantar an chumhacht chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh a tharmligean chuig an gCoimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Caibidil 4

Formhaoirseacht ar tháirgí

Airteagal 13

Maoirseacht ag ÚEUM

1.  Is é ÚEUM a bheidh ina údarás inniúil chun maoirseacht a dhéanamh ar a mhéid atá SPEnna ag comhlíonadh ceanglais an Rialacháin seo.

2.  Beidh ag ÚEUM ▌cumhachtaí maoirseachta, imscrúdaitheachta agus forchurtha smachtbhannaí ▌chun a chuid dualgas faoin Rialachán seo a chomhlíonadh.

Beidh sé de chumhacht ag ÚEUM na nithe seo a leanas a dhéanamh ar a laghad:

(a)  rochtain a iarraidh ar dhoiciméid ar bith i bhfoirm ar bith a mhéid a bhaineann siad le SBBSanna, agus cóip de na doiciméid sin a fháil nó a ghlacadh;

(b)  ceangal a chur ar an SPE faisnéis a thabhairt gan mhoill;

(c)  ceangal a chur ar aon duine a bhaineann le gníomhaíochtaí an SPE faisnéis a thabhairt;

(d)  cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh trí réamhfhógra a thabhairt nó gan réamhfhógra a thabhairt;

(e)  bearta iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú go leanfaidh SPE de bheith ag comhlíonadh an Rialacháin seo;

(f)  ordú a eisiúint chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh SPE an Rialachán seo agus go staonfaidh sé ó aon iompar a sháraíonn an Rialachán seo a dhéanamh.

Airteagal 14

Comhar idir údaráis inniúla agus ÚEUM

1.  Comhoibreoidh údaráis inniúla atá freagrach as maoirsiú a dhéanamh ar eintitis a chuireann SBBSanna le chéile nó a bhíonn ar shlí eile ag gabháil de mhargadh SBBS agus ÚEUM i ndlúthchomhar le chéile agus malartóidh siad faisnéis chun a gcuid dualgas a chomhlíonadh. Go háirithe, déanfaidh siad a ngníomhaíochtaí maoirseachta a chomhordú go dlúth chun sáruithe ar an Rialachán seo a shainaithint agus a réiteach, dea-chleachtais a fhorbairt agus a chur chun cinn, comhoibriú a éascú, comhsheasmhacht maidir le léirmhíniú a chothú agus measúnuithe trasdlínse a thabhairt i gcás aon easaontuithe.

Chun úsáid chumhachtaí na n-údarás inniúil a éascú agus chun cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú comhsheasmhach na n-oibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo a áirithiú, gníomhóidh ÚEUM i gcomhréir leis na cumhachtaí a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

2.  Aon údarás inniúil a bhfuil forais shoiléire agus inléirithe aige lena chreidiúint go bhfuil SPE ag sárú an Rialacháin seo, tabharfaidh sé eolas mionsonraithe go pras faoi sin do ÚEUM. Déanfaidh ÚEUM bearta iomchuí, lena n-áirítear an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 15

3.  I gcás ina leanann an SPE ar aghaidh ag gníomhú ar bhealach atá ina shárú soiléir ar an Rialachán seo, in ainneoin go bhfuil bearta déanta ag ▌UEUM, féadfaidh ÚEUM gach beart iomchuí a dhéanamh chun infheisteoirí a chosaint, lena n-áirítear cosc a chur ar an SPE ó SBBSanna a mhargú tuilleadh laistigh dá chríoch féin agus an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 15 a dhéanamh.

Airteagal 15

Mí-úsáid an ainmnithe ‘SBBS’

1.  I gcás ina bhfuil cúiseanna ann lena chreidiúint gur bhain SPE i sárú ar Airteagal 9 úsáid as an ainmniú ‘SBBS’ chun táirge nach gcomhlíonann na ceanglais a leagtar amach san Airteagal sin a mhargú, leanfaidh ÚEUM an nós imeachta dá bhforáiltear i mír 2.

2.  Laistigh de 15 lá tar éis dó fáil amach faoin sárú féideartha dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh ÚEUM cinneadh ar sáraíodh Airteagal 9 agus tabharfaidh sé fógra faoi sin do na húdaráis inniúla ábhartha eile, lena n-áirítear údaráis inniúla na n-infheisteoirí, nuair is eol dó cé hiad. ▌

I gcás ina bhfaigheann ÚEUM gur de mheon mhacánta a tharla an sárú a rinne an SPE agus a bhaineann le neamhchomhlíonadh Airteagal 9, féadfaidh tréimhse d’aon mhí amháin ar a mhéad a thabhairt don SPE chun an sárú a sainaithníodh a réiteach, ar tréimhse í a thosóidh ar an lá a ndéanfaidh ÚEUM a chur in iúl don SPE gur tharla an sárú. Le linn na tréimhse sin, leanfar lena mheas gur SBBS é aon SBBS atá le feiceáil ar an liosta atá á choimeád ag ÚEUM de bhun Airteagal 10(2) agus coinneofar ar an liosta sin é.

3.  Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar na hoibleagáidí comhair agus an fhaisnéis atá le malartú faoi mhír 1 agus mír 2.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [6 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Déantar an chumhacht chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear san fhomhír seo a ghlacadh a tharmligean chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 16

Bearta feabhais agus smachtbhannaí riaracháin

1.  Gan dochar don cheart atá ag na Ballstáit smachtbhannaí coiriúla a leagan síos de bhun Airteagal 17, forchuirfidh ÚEUM ar an SPE nó ar an duine nádúrtha atá ag bainistiú an SPE na bearta feabhais iomchuí, lena n-áirítear an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 15, agus na smachtbhannaí riaracháin iomchuí a leagtar amach i mír 3, i gcás inarb amhlaidh i dtaobh SPEnna:

(a)  gur mhainnigh siad na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 7 agus Airteagal 8 a chomhlíonadh;

(b)  gur mhainnigh siad ceanglais Airteagal 9 a chomhlíonadh, lena n-áirítear i gcás nár thug siad fógra do ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 10(1), nó inar thug siad fógra míthreorach;

(c)  gur mhainnigh siad na ceanglais trédhearcachta a leagtar amach in Airteagal 11 a chomhlíonadh.

2.  Beidh an méid seo a leanas ar a laghad sna smachtbhannaí riaracháin dá dtagraítear i mír 1:

(a)  ráiteas poiblí ina gcuirtear in iúl céannacht an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh a rinne an sárú agus cineál an tsáraithe;

(b)  ordú lena gceanglaítear ar an duine nádúrtha nó dlítheanach a rinne an sárú scor den iompar sin agus staonadh ón iompar sin a dhéanamh;

(c)  cosc sealadach lena gcuirtear cosc ar aon chomhalta de chomhlacht bainistíochta an SPE nó ar aon duine nádúrtha eile a leagtar freagracht air as an sárú ó fheidhmeanna bainistíochta a fheidhmiú in SPEnna;

(d)  i gcás sárú dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1, cosc sealadach ar an SPE fógra dá dtagraítear in Airteagal 10(1) a thabhairt;

(e)  smachtbhannaí riaracháin airgid ar luach EUR 5 000 000 ar a mhéad nó, i gcás Ballstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta ar [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], nó 10 % de ghlanláimhdeachas bliantúil iomlán an SPE, mar a dheimhnítear sna cuntais is déanaí atá ar fáil agus formheasta ag comhlacht bainistíochta an SPE;

(f)  smachtbhannaí riaracháin airgid ar luach dhá oiread mhéid an tsochair a baineadh as an sárú ar a mhéad i gcás inar féidir an sochar sin a dhéanamh amach, fiú i gcás inar mó an sochar ná na méideanna uasta dá dtagraítear i bpointe (e).

3.  Agus cineál agus leibhéal na smachtbhannaí riaracháin á gcinneadh, cuirfidh ÚEUM san áireamh a mhéid a rinneadh an sárú d’aon ghnó nó a d’eascair sé as faillí, mar aon leis na himthosca ábhartha go léir, lena n-áirítear na nithe seo a leanas, i gcás inarb iomchuí:

(a)  ábharthacht, tromchúis agus ré an tsáraithe;

(b)  leibhéal freagrachta an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá freagrach as an sárú;

(c)  láidreacht airgeadais an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá freagrach;

(d)  tábhacht an bhrabúis a ghnóthaigh an duine nádúrtha nó dlítheanach nó tábhacht na gcaillteanas a sheachain sé, a mhéid is féidir an brabús nó na caillteanais sin a dhéanamh amach;

(e)  na caillteanais do thríú páirtithe a d’eascair as an sárú;

(f)  an leibhéal comhair a bhí ar bun idir an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach agus an t-údarás inniúil;

(g)  sáruithe eile a rinne an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach roimhe sin.

4.  Áiritheoidh ÚEUM go mbeidh aon chinneadh lena bhforchuirtear na bearta feabhais nó na smachtbhannaí riaracháin réasúnaithe go cuí agus go mbeidh sé faoi réir ceart achomhairc.

Airteagal 17

Idirghníomhú le smachtbhannaí coiriúla

Na Ballstáit a bhfuil smachtbhannaí coiriúla leagtha síos acu le haghaidh an tsáraithe dá dtagraítear in Airteagal 16(1), ligfidh siad do ÚEUM idirchaidreamh a dhéanamh leis na húdaráis bhreithiúnacha, ionchúisimh nó ceartais choiriúil laistigh dá ndlínse féin agus faisnéis shonrach a fháil ó údaráis inniúla ábhartha faoi imscrúduithe coiriúla nó imeachtaí coiriúla a tosaíodh i dtaca leis na sáruithe dá dtagraítear in Airteagal 16(1), agus faisnéis den sórt sin a thabhairt dóibh.

Airteagal 18

Smachtbhannaí riaracháin a fhoilsiú

1.  Foilseoidh ÚEUM ar a shuíomh gréasáin, gan moill mhíchuí agus tar éis dó eolas a thabhairt don duine lena mbaineann faoi, aon chinneadh lena bhforchuirtear smachtbhanna riaracháin nach bhfuil aon cheart achomhairc ann ina leith a thuilleadh agus atá á fhorchur as sárú dá dtagraítear in Airteagal 16(1).

Áireofar leis an bhfoilsiú dá dtagraítear i bhfomhír 1 faisnéis faoi chineál agus nádúr an tsáraithe, agus céannacht an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh ar forchuireadh an smachtbhanna riaracháin air.

2.  Is ar bhonn i ndíth ainm ▌ a fhoilseoidh ÚEUM an smachtbhanna riaracháin i gceann ar bith de na himthosca seo a leanas:

(a)  i gcás ina bhforchuirtear smachtbhanna riaracháin ar dhuine nádúrtha agus inarb amhlaidh, tar éis réamh-mheasúnú a dhéanamh, go meastar foilsiú sonraí pearsanta a bheith díréireach;

(b)  i gcás ina gcuirfí cobhsaíocht margaí airgeadais nó imscrúdú coiriúil atá ar siúl i gcontúirt dá bhfoilseofaí é;

(c)  i gcás ina ndéanfaí damáiste díréireach don SPE nó do na daoine nádúrtha lena mbaineann dá bhfoilseofaí é.

De rogha air sin, i gcás inar dóigh go dtiocfaidh na himthosca dá dtagraítear sa chéad fhomhír chun deiridh laistigh de thréimhse réasúnach ama, féadfar foilsiú faoi mhír 1 a chur siar ar feadh na tréimhse sin.

3.  Áiritheoidh ÚEUM gur ar feadh cúig bliana a choinneofar ar a shuíomh gréasáin oifigiúil an fhaisnéis a fhoilsítear faoi mhír 1 nó 2. Is ar feadh na tréimhse a theastaíonn amháin a choinneofar sonraí pearsanta ar shuíomh gréasáin oifigiúil ÚEUM.

Airteagal 18a

Táillí maoirseachta

1.  Gearrfaidh ÚEUM táillí ar an SPE i gcomhréir leis an Rialachán seo agus i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun mhír 2 den Airteagal seo. Beidh na táillí sin cionmhar le láimhdeachas an SPE i dtrácht agus clúdóidh siad go hiomlán caiteachas riachtanach ÚEUM a bhaineann le SBBSanna a cheadúnú agus le maoirseacht ar SPEnna.

2.  Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 24a chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí chineál na dtáillí, na nithe a mbeidh na táillí dlite ina leith, méid na dtáillí agus an tslí a mbeidh siad le híoc a shonrú tuilleadh.

Airteagal 19

Formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal a dhéanamh ar an margadh SBBSanna

Laistigh de theorainneacha a shainordaithe a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010, beidh BERS freagrach as formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal a dhéanamh ar an margadh SBBSanna san Aontas agus gníomhóidh sé i gcomhréir leis na cumhachtaí a leagtar amach sa Rialachán sin. Má fhaigheann sé go bhfuil margaí SBBS ag cothú riosca tromchúiseach d’fheidhmiú rianúil na margaí le haghaidh urrúis fiachais cheannasaigh na mBallstát sin a bhfuil an Euro ina airgeadra acu, bainfidh BERS leas as na cumhachtaí a thugtar dó faoi Airteagail 16, 17 agus 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010, de réir mar is iomchuí.

Caibidil 4

Cumhachtaí cur chun feidhme agus forálacha críochnaitheacha

Airteagal 21

Leasú ar Threoir 2009/65/CE

I dTreoir 2009/65/CE, cuirtear an tAirteagal 54a seo a leanas isteach:"

"Airteagal 54a

1.  I gcás ina gcuireann na Ballstáit maolú dá dtagraítear in Airteagal 54 i bhfeidhm nó i gcás ina dtugann siad tarscaoileadh dá dtagraítear in Airteagal 56(3), déanfaidh údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI:

   (a) an maolú céanna a chur i bhfeidhm nó an tarscaoileadh céanna a thabhairt don GCUI chun suas go dtí 100% dá shócmhainní a infheistiú in SBBSanna mar a shainmhínítear in Airteagal 3(3) de Rialachán [tagairt do Rialachán SBBS le cur isteach] i gcomhréir le prionsabal an scaipthe riosca i gcás ina measann na húdaráis inniúla sin go bhfuil ag sealbhóirí aonaid sa GCUI cosaint atá coibhéiseach leis an gcosaint sin atá ag sealbhóirí aonaid in GCUI atá ag comhlíonadh na dteorainneacha a leagtar síos in Airteagal 52;
   (b) cur i bhfeidhm mhír 1 agus mhír 2 d’Airteagal 56 a tharscaoileadh.

2.  Faoin … [6 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm Rialachán SBBS], glacfaidh agus foilseoidh na Ballstáit na bearta a theastaíonn chun mír 1 a chomhlíonadh agus cuirfidh siad na bearta sin in iúl don Choimisiún.”.

"

Airteagal 22

Leasú ar Threoir 2009/138/CE

In Airteagal 104 de Threoir 2009/138/CE, cuirtear an mhír 8 seo a leanas leis:"

"8. Chun an Ceanglas Caipitil Sócmhainneachta Bunúsach a ríomh, is amhlaidh, maidir le neamhchosaintí ar urrúis de bhun bannaí ceannasacha mar a shainmhínítear in Airteagal 3(3) de Rialachán [tagairt do Rialachán SBBS le cur isteach], go ndéileálfar leo mar neamhchosaintí ar rialtais láir nó bainc cheannais na mBallstát, arna sloinneadh agus arna gcistiú ina n-airgeadra intíre.

Faoin … [6 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm Rialachán SBBS], glacfaidh agus foilseoidh na Ballstáit na bearta a theastaíonn chun an chéad fhomhír a chomhlíonadh agus cuirfidh siad na bearta sin in iúl don Choimisiún.”.

"

Airteagal 23

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar a leanas:

(1)  in Airteagal 268, cuirtear an mhír 5 seo a leanas leis:"

"5. De mhaolú ar an gcéad mhír, maidir leis an tráinse sinsearach d’urrúis de bhun bannaí ceannasacha mar a shainmhínítear in Airteagal 3(8) de Rialachán [tagairt do Rialachán SBBS le cur isteach], féadfar déileáil leis i gcónaí i gcomhréir leis an gcéad mhír den Airteagal seo.";

"

(2)  in Airteagal 325, cuirtear an mhír 4 seo a leanas leis:"

"4. Chun críche an Teidil seo, is mar neamhchosaintí ar an rialtas láir de chuid Ballstáit a dheáileálfaidh institiúidí le neamhchosaintí atá i bhfoirm an tráinse shinsearaigh d’urrúis de bhun bannaí ceannasacha mar a shainmhínítear in Airteagal 3(8) de Rialachán [tagairt do Rialachán SBBS le cur isteach].";

"

(3)  in Airteagal 390(7), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:"

“Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le neamhchosaintí ar urrúis de bhun bannaí ceannasacha mar a shainmhínítear in Airteagal 3(3) de Rialachán [tagairt do Rialachán SBBS le cur isteach].”.

"

Airteagal 24

Leasuithe ar Threoir (AE) 2016/2341

I dTreoir (AE) 2016/2341, cuirtear an tAirteagal 18a seo a leanas isteach:"

“Airteagal 18a

Urrúis de bhun Bannaí Ceannasacha

1.  Ina rialacha náisiúnta féin maidir le sócmhainní IORPanna a luacháil, maidir le cistí dílse IORPanna a ríomh, agus maidir leis an gcorrlach sócmhainneachta do IORPanna a ríomh, déileálfaidh na Ballstáit le hurrúis de bhun bannaí ceannasacha, mar a shainmhínítear iad in Airteagal 3(3) de Rialachán [tagairt do Rialachán SBBS le cur isteach], ar an mbealach céanna a dhéileáiltear le hionstraimí fiachais cheannasaigh an limistéir euro.

2.  Faoin … [6 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm Rialachán SBBS], glacfaidh agus foilseoidh na Ballstáit na bearta a theastaíonn chun mír 1 a chomhlíonadh agus cuirfidh siad na bearta sin in iúl don Choimisiún.”.

"

Airteagal 24a

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 4(3) agus in Airteagal 18a(2) a thabhairt don Choimisiún ar feadh tréimhse 5 bliana amhail ón [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear sa tríú agus sa cheathrú fomhír d'Airteagal 4(3) agus in Airteagal 18a(2) a chúlghairm tráth ar bith. Má chinntear cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonrófar sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.  Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun an tríú nó an ceathrú fomhír d’Airteagal 4(3) nó de bhun Airteagal 18a(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse thrí mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 25

Clásal meastóireachta

Tráth nach luaithe ná cúig bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus a luaithe atá sonraí leordhóthanacha ar fáil, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo, lena mheasúnú ar chomhlíon sé a chuspóirí i leith deireadh a chur le baic rialála mhíchuí ar theacht chun cinn SBBSanna.

Airteagal 26

Nós imeachta coiste

1.  Beidh an Coiste Eorpach um Urrúis a bunaíodh le Cinneadh 2001/528/CE ón gCoimisiún(17) de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.  I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 27

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in/sa ...,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

(1) IO C 62, 15.2.2019, lch. 113.
(2) IO C , , lch. .
(3) IO C 62, 15.2.2019, lch. 113.
(4) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019.
(5) Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).
(6) Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú na bhforálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUInna) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).
(7) Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil) (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).
(8) Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó Árachais agus Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Sócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).
(9) Treoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le gníomhaíochtaí agus maoirsiú institiúidí um chóir ar scor ceirde (IORPanna) (IO L 354, 23.12.2016, lch. 37).
(10) Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal ag an Aontas Eorpach ar an gcóras airgeadais agus lena mbunaítear Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (IO L 331, 15.12.2010, lch. 1).
(11) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(12) Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le neartú ar an bhfaireachas eacnamaíoch agus buiséadach ar Bhallstáit sa limistéar euro a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha acu nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais (IO L 140, 27.5.2013, lch. 1).
(13) Treoir 2002/47/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meitheamh 2002 maidir le socruithe comhthaobhachta airgeadais (IO L 168, 27.6.2002, lch. 43).
(14) Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).
(15) Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoir 98/26/CE agus Treoir 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 (IO L 257, 28.8.2014, lch. 1).
(16) Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/71/CE (IO L 168, 30.6.2017, lch. 12).
(17) Cinneadh 2001/528/CE ón gCoimisiún an 6 Meitheamh 2001 lena mbunaítear an Coiste Eorpach um Urrúis (IO L 191, 13.7.2001, lch. 45).


Údaráis Mhaoirseachta Eorpacha agus margaí airgeadais ***I
PDF 119kWORD 62k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle Rialachán leasaitheach (AE) Uimh. 1093/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach); Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde); Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí); Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 maidir le cistí caipitil fiontair Eorpacha; Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 maidir le cistí fiontraíochta sóisialta Eorpacha; Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais; Rialachán (AE) 2015/760 maidir le cistí infheistíochta fadtéarmaí Eorpacha; Rialachán (AE) Uimh. 2016/1011 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais, nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas; Rialachán (AE) 2017/1129 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte; Treoir (AE) 2015/849 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí (COM(2018)0646 – C8-0409/2018 – 2017/0230(COD))
P8_TA(2019)0374A8-0013/2019

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0646),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0409/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim réasúnaithe a thíolaic Parlaimint na Sualainne, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,

–  ag féachaint do thuairim ón mBanc Ceannais Eorpach an 11 Aibreán 2018(1) agus an 7 Nollaig 2018(2),

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 15 Feabhra 2018(3) agus an 12 Nollaig 2018(4),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 1 Aibreán 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta agus do na tuairimí ón gCoiste um Buiséid (A8-0013/2019),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 16 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach); Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde); Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí); Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais; Rialachán (AE) Uimh. 2016/1011 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais, nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas; agus Rialachán (AE) 2015/847 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2019/2175.)

(1) IO C 255, 20.7.2018, lch. 2.
(2) IO C 37, 30.1.2019, lch. 1.
(3) IO C 227, 28.6.2018, lch. 63.
(4) IO C 110, 22.3.2019, lch. 58.


Formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal ag an Aontas Eorpach ar an gcóras airgeadais agus lena mbunaítear Bord Eorpach um Riosca Sistéamach ***I
PDF 117kWORD 51k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 maidir le formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal ag an Aontas Eorpach ar an gcóras airgeadais agus lena mbunaítear Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (COM(2017)0538 – C8-0317/2017 – 2017/0232(COD))
P8_TA(2019)0375A8-0011/2019

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2017)0538),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0317/2017),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Bhanc Ceannais Eorpach an 2 Márta 2018(1),

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 15 Feabhra 2018(2),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 1 Aibreán 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta agus do na tuairimí ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla agus ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla (A8-0011/2019),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 16 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 maidir le formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal ag an Aontas Eorpach ar an gcóras airgeadais agus lena mbunaítear Bord Eorpach um Riosca Sistéamach

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2019/2176.)

(1) IO C 120, 6.4.2018, lch. 2.
(2) IO C 227, 28.6.2018, lch. 63.


Margaí in ionstraimí airgeadais agus dul i mbun ghnó an Árachais agus an Atháracharais agus leanúint den ghnó sin (Sócmhainneacht II) ***I
PDF 123kWORD 50k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2014/65/AE maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus Treoir 2009/138/CE maidir le dul i mbun ghnó an Árachais agus an Athárachais, agus leanúint den ghnó sin (Sócmhainneacht II) (COM(2017)0537 – C8-0318/2017 – 2017/0231(COD))
P8_TA(2019)0376A8-0012/2019

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2017)0537),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagail 53(1) agus 62 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0318/2017),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ón mBanc Ceannais Eorpach an 11 Bealtaine 2018,(1)

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 15 Feabhra 2018,(2)

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 1 Aibreán 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A8-0012/2019),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 16 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2009/138/CE maidir le dul i mbun ghnó an Árachais agus an Athárachais agus leanúint den ghnó sin (Sócmhainneacht II), Treoir 2014/65/AE maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus Treoir (AE) 2015/849 maidir le cosc ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha airgead a sciúradh nó sceimhlitheoireacht a mhaoiniú

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2019/2177.)

(1) IO C 251,18.7.2018, lch. 2.
(2) IO C 227, 28.6.2018, lch. 63.


Maoirseacht stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta (Treoir) ***I
PDF 120kWORD 59k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le maoirseacht stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 2013/36/AE agus Treoir 2014/65/AE (COM(2017)0791 – C8-0452/2017 – 2017/0358(COD))
P8_TA(2019)0377A8-0295/2018

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2017)0791),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 53(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0452/2017),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ón mBanc Ceannais Eorpach an 22 Lúnasa 2018(1),

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 19 Aibreán 2018(2),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 20 Márta 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta agus don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A8-0295/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 16 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le maoirseacht stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoracha 2002/87/CE, 2009/65/CE, 2011/61/AE, 2013/36/AE, 2014/59/AE agus 2014/65/AE

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2019/2034.)

(1)IO C 378, 19.10.2018, lch. 5.
(2)IO C 262, 25.7.2018, lch. 35.


Ceanglais stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta (Rialachán) ***I
PDF 117kWORD 62k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na ceanglais stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (COM(2017)0790 – C8-0453/2017 – 2017/0359(COD))
P8_TA(2019)0378A8-0296/2018

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2017)0790),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0453/2017),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ón mBanc Ceannais Eorpach an 22 Lúnasa 2018(1),

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 19 Aibreán 2018(2),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 20 Márta 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A8-0296/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 16 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na ceanglais stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 575/2013, (AE) Uimh. 600/2014 agus (AE) Uimh. 806/2014

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2019/2033.)

(1) IO C 378, 19.10.2018, lch. 5
(2) IO C 262, 25.7.2018, lch. 35.


Dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha san Aontas Eorpach ***I
PDF 118kWORD 52k
Rún
Téacs
Iarscríbhinn
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha san Aontas Eorpach (COM(2017)0797 – C8-0006/2018 – 2017/0355(COD))
P8_TA(2019)0379A8-0355/2018

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle COM(2017)0797,

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 153(1)(b) agus (2)(b) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra don Pharlaimint (C8-0006/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim réasúnaithe a thíolaic Parlaimint na Sualainne, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 23 Bealtaine 2018(1),

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 5 Iúil 2018(2),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 18 Feabhra 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta agus freisin do na tuairimí ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla agus ó Choiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne (A8-0355/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  ag tabhairt dá haire an ráiteas ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo;

3.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

4.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 16 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha san Aontas Eorpach

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2019/1152.)

IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH

Ráiteas ón gCoimisiún

I gcomhréir le hAirteagal 23 den Treoir, athbhreithneoidh an Coimisiún cur i bhfeidhm na Treorach seo 8 mbliana tar éis a teacht i bhfeidhm, d’fhonn na leasuithe riachtanacha a mholadh, i gcás inarb iomchuí. Tabharfaidh an Coimisiún aird ar leith ina thuarascáil ar an dóigh a bhfuil Airteagal 1 agus Airteagal 14 curtha i bhfeidhm ag na Ballstáit. Fíoróidh an Coimisiún comhlíonadh Airteagal 14 freisin agus measúnú á dhéanamh aige ar thrasuigh na Ballstáit an Treoir go hiomlán agus i gceart ina gcórais dlí náisiúnta.

(1) IO C 283, 10.8.2018, lch. 39.
(2) IO C 387, 25.10.2018, lch. 53.


Údarás Eorpach Saothair ***I
PDF 120kWORD 60k
Rún
Téacs
Iarscríbhinn
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Údarás Eorpach Saothair (COM(2018)0131 – C8-0118/2018 – 2018/0064(COD))
P8_TA(2019)0380A8-0391/2018

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0131),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2), agus d’Airteagal 46, Airteagal 48, Airteagal 53(1), Airteagal 62 agus Airteagal 91(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0118/2018),

–  ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla ar an mbunús dlí atá molta,

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) agus d’Airteagail 46 agus 48 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim réasúnaithe a thíolaic Parlaimint na Sualainne, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 20 Méan Fómhair 2018(1),

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 9 Deireadh Fómhair 2018(2),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 21 Feabhra 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Rialacha 59 agus 39 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta agus do na tuairimí ón gCoiste um Buiséid, ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla, ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile agus ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne (A8-0391/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  ag formheas an ráitis chomhpháirtigh ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gComhairle atá i gceangal leis an rún seo, a fhoilseofar i sraith L d'Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, san eagrán a leanann an t-eagrán ina bhfoilseofar an gníomh reachtach críochnaitheach;

3.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

4.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 16 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Údarás Eorpach Saothair, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 883/2004, (AE) Uimh. 492/2011, agus (AE) 2016/589 agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2016/344

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2019/1149.)

IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH

Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún

Tugann Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún dá n-aird nach raibh an próiseas chun an áit ina mbeidh suíomh an Údaráis Eorpaigh Saothair tagtha chun críche tráth glactha an Rialacháin bhunaidh.

Á mheabhrú dóibh an gealltanas maidir le comhar dílis agus trédhearcach, agus na Conarthaí á meabhrú dóibh, admhaíonn na trí Institiúid luach an mhalartaithe faisnéise ó na céimeanna tosaigh den phróiseas chun suíomh an Údaráis Eorpaigh Saothair a roghnú.

Agus luathmhalartú faisnéise ar bun, is éasca a bheadh sé do na trí institiúid a gcearta a fheidhmiú de réir na gConarthaí trí na nósanna imeachta gaolmhara.

Tugann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle rún an Choimisiúin dá n-aire aon bhearta iomchuí a dhéanamh ionas go ndéanfar foráil sa Rialachán bunaidh d’fhoráil maidir leis an áit ina mbeidh suíomh an Údaráis Eorpaigh Saothair, agus a áirithiú go n-oibreoidh an tÚdarás Eorpach Saothair i gcomhréir leis an Rialachán sin.

(1)IO C 440, 6.12.2018, lch. 128.
(2)IO C 461, 21.12.2018, lch. 16.


Acmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla ***I
PDF 121kWORD 57k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006, (CE) Uimh. 1098/2007 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1343/2011 agus (AE) Uimh. 1380/2013 ón gComhairle agus ó Pharlaimint na hEorpa agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle (COM(2016)0134 – C8-0117/2016 – 2016/0074(COD))
P8_TA(2019)0381A8-0381/2017

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2016)0134),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0117/2016),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 13 Iúil 2016(1),

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 7 Nollaig 2016(2),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 22 Feabhra 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iascach agus don tuairim ón gCoiste an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A8-0381/2017).

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo(3);

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 16 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1380/2013, (AE) 2016/1139, (AE) 2018/973, (AE) 2019/472 agus (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2019/1241.)

(1) IO C 389, 21.10.2016, lch. 67.
(2) IO C 185, 9.6.2017, lch. 82.
(3) Glacann an seasamh seo ionad na leasuithe arna nglacadh an 16 Eanáir 2018 (Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2018)0003).


Rialachán maidir le staidreamh gnó Eorpach ***I
PDF 115kWORD 64k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh gnó Eorpach; lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 agus lena n‑aisghairtear 10 ngníomh dlí i réimse an staidrimh gnó (COM(2017)0114 – C8-0099/2017 – 2017/0048(COD))
P8_TA(2019)0382A8-0094/2018

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2017)0114),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 338(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0099/2017),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ón mBanc Ceannais Eorpach an 2 Eanáir 2018(1),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 20 Márta 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A8-0094/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 16 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh gnó Eorpach, lena n-aisghairtear 10 ngníomh dlí i réimse an staidrimh gnó

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2019/2152.)

(1) IO C 77, 1.3.2018, lch. 2.


Imscrúduithe OLAF agus comhar le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh ***I
PDF 313kWORD 94k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 i dtaca le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) a mhéid a bhaineann le comhar le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh agus le héifeachtacht imscrúduithe OLAF (COM(2018)0338 – C8-0214/2018 – 2018/0170(COD))
P8_TA(2019)0383A8-0179/2019

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na Eorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0338),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 325 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, i gcomhar leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra don Pharlaimint (C8‑0214/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Thuairim 8/2018 ón gCúirt Iniúchóirí(1),

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach agus do na tuairimí ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla agus ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A8-0179/2019),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 16 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) …/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 maidir le himscrúduithe a dhéanann an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) maidir le comhoibriú le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh agus éifeachtacht imscrúduithe OLAF

P8_TC1-COD(2018)0170


TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus go háirithe Airteagal 325 de, i dteannta leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí(2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)  Le glacadh Threoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(4) agus Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle(5), tá neartú suntasach déanta ag an Aontas ar fhorálacha an chreata dhlíthiúil chomhchuibhithe maidir leis na hacmhainní atá ar fáil chun leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh a chosaint trí bhíthin an dlí choiriúil. Beidh Tá Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) ina tosaíocht lárnach i réimse an cheartais choiriúil agus an bheartais frithchalaoise, agus é de chumhacht aici imscrúduithe coiriúla a dhéanamh agus daoine a dhíotáil maidir le cionta coiriúla lena ndéantar difear do bhuiséad an Aontais, mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2017/1371, sna Ballstáit rannpháirteacha.. [Leasú 1]

(2)  Chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, déanann an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (“an Oifig”) imscrúduithe riaracháin ar neamhrialtachtaí riaracháin agus ar iompar coiriúil. Ag deireadh a cuid imscrúduithe, d'fhéadfadh sé moltaí breithiúnacha a dhéanamh do na húdaráis ionchúisimh náisiúnta, lena mbainfeadh an aidhm cúisithe agus ionchúisimh sna Ballstáit a chumasú. Sa todhchaí, sna Ballstáit atá rannpháirteach le OIPE, tuairisceoidh sí cionta coiriúla amhrasta do OIPE, agus comhoibreoidh sí léi i gcomhthéacs a himscrúduithe. [Leasú 2]

(3)  Dá réir sin, ba cheart Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(6) a leasú tar éis Rialachán (AE) 2017/1939 a ghlacadh. Ba cheart na forálacha lena rialaítear an caidreamh idir OIPE agus an Oifig i Rialachán (AE) 2017/1939 a léiriú agus a chomhlánú de bhun na rialacha i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 chun an leibhéal is mó cosanta ar leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh a áirithiú trí shineirgíochtaí idir an dá chomhlacht, ní a éilíonn prionsabail an dlúthchomhair, an mhalartaithe faisnéise, na comhlántachta agus na seachanta dúblála a chur chun feidhme. [Leasú 3]

(4)  Ag féachaint dá gcuspóir comhchoiteann sláine bhuiséad an Aontais a chaomhnú, ba cheart don Oifig agus do OIPE dlúthchaidreamh a bhunú agus a choimeád bunaithe ar chomhar dílis agus é mar aidhm leis comhlántacht a gcuid sainordaithe faoi seach agus comhordú a mbeart a áirithiú, go háirithe maidir le raon feidhme an chomhair fheabhsaithe le haghaidh OIPE a bhunú. I ndeireadh na dála, ba cheart an caidreamh cuidiú a thabhairt lena áirithiú go n‑úsáidfear gach acmhainn chun leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh a chosaint agus dúbláil neamhriachtanach iarrachtaí a sheachaint.

(5)  Le Rialachán (AE) 2017/1939, ceanglaítear ar an Oifig, agus ar institiúidí, ar chomhlachtaí, ar oifigí agus ar ghníomhaireachtaí uile an Aontais agus ar na húdaráis náisiúnta inniúla, iompar coiriúil amhrasta a thuairisciú do OIPE gan moill mhíchuí ar ina leith a fhéadfaidh OIPE a hinniúlacht a fheidhmiú. Ós é sainordú na hOifige é imscrúduithe riaracháin a dhéanamh ar chalaois, ar éilliú agus ar aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile lena ndéantar difear do leas airgeadais an Aontais, tá deis mhaith aici chun bheith ag feidhmiú mar chomhpháirtí nádúrtha agus mar fhoinse phribhléideach faisnéise do OIPE agus tá sé d'acmhainn aici é sin a dhéanamh. [Leasú 4]

(6)  D'fhéadfadh gnéithe lena léireofaí gurbh fhéidir go raibh iompar coiriúil ar siúl a thiocfadh faoi inniúlacht OIPE, go praiticiúil, a bheith sna líomhaintí tosaigh a fhaigheann an Oifig nó tharlódh nach dtiocfaidís chun cinn ach amháin le linn imscrúdú riaracháin arna sheoladh ag an Oifig bunaithe ar amhras maidir le neamhrialtacht riaracháin. D’fhonn a dualgas tuairisc do OIPE a chomhlíonadh, ba cheart don Oifig, dá réir an cháis, iompar coiriúil a thuairisciú tráth ar bith sula ndéantar imscrúdú nó lena linn.

(7)  Sonraítear i Rialachán (AE) 2017/1939 na gnéithe íosta, gnéithe ba cheart a bheith cuimsithe i dtuarascálacha de ghnáth. Is féidir go mbeidh ar an Oifig réamh-mheastóireacht a dhéanamh ar líomhaintí chun na gnéithe sin a fháil amach agus an fhaisnéis riachtanach a bhailiú. Ba cheart don Oifig an mheastóireacht a dhéanamh chomh tapa agus is féidir le modhanna nach gcuirfeadh imscrúdú coiriúil a dhéanfaí amach anseo i mbaol. Tar éis chur i gcrích a meastóireachta, ba cheart di tuairisciú do OIPE má tá amhras ann go bhfuil cion atá faoina hinniúlacht sainaitheanta.

(8)  Ag breithniú ar shaineolas na hOifige, ba cheart an rogha a bheith ann institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais leas a bhaint as an Oifig chun réamh-mheastóireacht den chineál sin a dhéanamh ar líomhaintí arna dtuairisciú dóibh.

(9)  I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, níor cheart don Oifig, i bprionsabal, imscrúdú riaracháin a sheoladh i gcomhthráth le himscrúdú arna dhéanamh ag OIPE ar na fíricí céanna. Mar sin féin, i gcásanna áirithe, d'fhéadfadh sé a bheith riachtanach chun leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh a chosaint go ndéanfadh an Oifig imscrúdú riaracháin comhlántach sula gcuirfí deireadh le himeachtaí coiriúla arna dtionscnamh ag OIPE d’fhonn a fháil amach an bhfuil bearta réamhchúraim riachtanach, nó ar cheart beart airgeadais, araíonachta nó riaracháin a ghlacadh. D'fhéadfadh sé gurbh iomchuí na himscrúduithe comhlántacha a dhéanamh, inter alia, nuair is gá sin chun méideanna atá iníoctha le buiséad an Aontas a aisghabháil faoi réir rialacha sonracha lena mbaineann teorainn ama, nuair a bheidh na méideanna i mbaol thar a bheith mór, nó nuair a bheidh sé riachtanach tuilleadh caiteachais i gcásanna riosca a sheachaint trí bhearta riaracháin.

(10)  Forálann Rialachán (AE) 2017/1939 go bhféadfadh OIPE imscrúduithe comhlántacha den chineál sin a iarraidh ar an Oifig. I gcásanna nach n‑iarrfaidh OIPE é, ba cheart imscrúdú comhlántach a bheith indéanta ar thionscnamh na hOifige, faoi choinníollacha áirithe sonracha, tar éis dul i gcomhairle le OIPE. Go háirithe, ba cheart an deis a bheith ag OIPE agóid a dhéanamh maidir le seoladh imscrúdaithe nó leanúint ar aghaidh le himscrúdú a dhéanfadh an Oifig, nó maidir le feidhmíocht beart sonrach imscrúdaithe a dhéanfadh sí. Ba cheart cúiseanna na hagóide sin a bheith bunaithe ar an ngá éifeachtacht imscrúdú IOPE a chosaint agus iad comhréireach leis an aidhm sin. Ba cheart don Oifig staonadh ó bheart a fheidhmiú a bhfuil agóid déanta ag OIPE ina leith. Mura ndéanfaidh chomhaontaíonn OIPE agóid leis an iarraidh, ba cheart imscrúdú na hOifige a dhéanamh i ndlúthchomhairle le OIPE. [Leasú 6]

(11)  Ba cheart don Oifig tacaíocht ghníomhach a thabhairt do OIPE lena cuid imscrúduithe. Maidir leis sin, d'fhéadfadh OIPE a iarraidh ar an Oifig a cuid imscrúduithe coiriúla a thacú nó a chomhlánú trí na cumhachtaí faoin Rialachán seo a chleachtadh. Sna cásanna sin ba cheart don Oifig na hoibríochtaí sin a fheidhmiú faoi réir teorainneacha a cumhachtaí féin agus laistigh den chreat dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

(12)  Chun comhordú, comhar agus trédhearcacht éifeachtach a áirithiú idir an Oifig agus OIPE, ba cheart faisnéis a mhalartú eatarthu ar bhonn leanúnach. Tá an malartú faisnéise sna céimeanna sula ndéanfaidh an Oifig agus OIPE imscrúduithe a sheoladh thar a bheith ábhartha chun comhordú cuí a áirithiú idir na gníomhaíochtaí faoi seach, chun comhlántacht a ráthú agus chun dúbailt a sheachaint. Chun na críche sin, ba cheart don Oifig agus do OIPE úsáid a bhaint as feidhmeanna amas/gan amas a gcóras bainistithe cáis faoi seach. Ba cheart don Oifig agus do OIPE módúlachtaí agus coinníollacha an mhalartaithe faisnéise sin a shonrú ina gcuid socruithe oibre. [Leasú 7]

(13)  Socraíodh sa Tuarascáil ón gCoimisiún maidir le Meastóireacht ar fheidhmiú Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013(7), a glacadh an 2 Deireadh Fómhair 2017, gur chothaigh athruithe 2013 ar an gcreat dlíthiúil feabhsúcháin shoiléire, maidir le déanamh imscrúduithe, comhar le comhpháirtithe agus cearta na ndaoine lena mbaineann. San am céanna, rinneadh aibhsiú sa mheastóireacht ar roinnt easnamh a chuireann isteach ar éifeachtacht agus ar éifeachtúlacht imscrúduithe.

(14)  Is gá aghaidh a thabhairt ar na tátail is soiléire i meastóireacht an Choimisiúin trí Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 a leasú. Is athruithe bunriachtanacha iad sin atá riachtanach sa ghearrthéarma chun an creat le haghaidh imscrúduithe na hOifige a neartú, chun Oifig láidir agus lánfheidhmiúil a chothabháil lena gcomhlánófar cur chuige dlí coiriúil OIPE le himscrúduithe riaracháin, ach nach gcuimseoidh athrú ar an sainordú ná ar na cumhachtaí. Baineann siad go príomha le réimsí ina gcuireann easpa soiléireachta an Rialacháin bac ar an Oifig imscrúduithe éifeachtacha a dhéanamh faoi láthair, amhail seiceálacha ar an láthair a dhéanamh, an fhéidearthacht rochtain a fháil ar fhaisnéis cuntas bainc, nó a inghlactha mar fhianaise atá na cás-tuarascálacha arna dtarraingt suas ag an Oifig. Ba cheart don Choimisiún togra nua, cuimsitheach a thíolacadh tráth nach déanaí ná dhá bhliain tar éis na meastóireachta ar OIPE agus ar an Oifig, agus ar an gcomhar eatarthu. [Leasú 8]

(15)  Ní imríonn na hathruithe sin tionchar ar na ráthaíochtaí nós imeachta is infheidhme i gcreat imscrúduithe. Tá ceangal ar an Oifig ráthaíochtaí nós imeachta Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle(8) mar aon leis na ráthaíochtaí atá sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a fheidhmiú. Ceanglaíonn an creat ar an Oifig a himscrúdú a dhéanamh go hoibiachtúil, go neamhchlaonta agus faoi rún, fianaise ar son agus in aghaidh an duine lena mbaineann a lorg, agus bearta imscrúdaitheacha a dhéanamh ar bhonn údarú i scríbhinn tar éis seiceáil um dhlíthiúlacht. Ní mór don Oifig a áirithiú go dtabharfar urraim do chearta daoine atá bainteach lena cuid imscrúduithe, lena n‑áirítear toimhde na neamhchiontachta agus an ceart féin-ionchoiriú a sheachaint. Nuair a chuirfear agallamh orthu, tá na cearta, inter alia, ag na daoine lena mbaineann cúnamh a fháil ó dhuine a roghnaigh siad féin, chun taifeadadh an agallaimh a fhormheas, agus chun aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais a úsáid. Tá an ceart ag daoine lena mbaineann barúil a thabhairt maidir le fíricí an cháis sula ndéanfar cinntí.

(16)  Déanann an Oifig seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair lenar féidir léi rochtain a fháil ar áitreabh agus ar dhoiciméadúchán oibreoirí eacnamaíocha i gcreat a cuid imscrúduithe ar chalaois amhrasta, ar éilliú nó ar iompar neamhdhleathach eile a chuireann isteach ar leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh. Déantar iad sin i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96, a chiallaíonn i roinnt cásanna go mbíonn feidhmiú na gcumhachtaí sin faoi réir choinníollacha an dlí náisiúnta. Fuarthas amach i meastóireacht an Choimisiúin nach sonraítear i gcónaí a infheidhme agus atá an dlí náisiúnta, agus dá réir sin go gcuirtear bac ar éifeachtacht ghníomhaíochtaí imscrúdaitheacha na hOifige.

(17)  Is iomchuí dá réir sin na teagmhais ar cheart don dlí náisiúnta a bheith infheidhme maidir leo le linn imscrúduithe na hOifige a shoiléiriú, gan na cumhachtaí atá ar fáil don Oifig a athrú ná an dóigh a bhfeidhmítear an Rialachán i leith na mBallstát a athrú. Léiríonn an soiléiriú sin an rialú le déanaí ón gCúirt Ghinearálta i gcás T-48/16, Sigma Orionis SA v An Coimisiún Eorpach.

(18)  Ba cheart seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanfadh an Oifig, i gcásanna ina ngéillfidh an t‑oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann don tseiceáil, a bheith faoi réir dhlí an Aontais amháin. Ba cheart gurbh fhéidir leis an Oifig, dá bhrí sin, a cumhachtaí imscrúdaitheacha a fheidhmiú go héifeachtach comhleanúnach i ngach Ballstát, d’fhonn rannchuidiú le hardleibhéal cosanta ar leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh ar fud an Aontais, de réir mar is gá in Airteagal 325 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

(19)  I gcásanna inar gá don Oifig brath ar chúnamh ó na húdaráis inniúla náisiúnta, go háirithe i gcásanna ina gcuirfidh an t‑oibreoir eacnamaíoch i gcoinne seiceáil agus cigireacht ar an láthair, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh bearta na hOifige éifeachtach, agus an cúnamh riachtanach a chur ar fáil i gcomhréir le rialacha ábhartha an dlí nós imeachta náisiúnta.

(20)  Ba cheart dualgas ar oibreoirí eacnamaíocha oibriú i gcomhar leis an Oifig a thabhairt isteach i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013. Tá sé sin de réir a n‑oibleagáide faoi Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 teacht ar áitreabh, ar thalamh, ar mhodhanna iompair nó ar limistéir eile, arna n‑úsáid chun críocha gnó, a dhámhachtain chun seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh, agus de réir oibleagáid Airteagal 129(9) den Rialachán Airgeadais go gcomhoibreoidh aon duine nó aonán a fhaigheann cistí ón Aontas go hiomlán maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh, lena n‑áirítear i gcomhthéacs imscrúduithe na hOifige.

(21)  Mar chuid dá dhualgas comhoibrithe, ba cheart an deis a bheith ag an Oifig a cheangal ar oibreoirí eacnamaíocha ar féidir gur bhain an cás atá á imscrúdú leo, nó a d'fhéadfadh faisnéis ábhartha a bheith acu, faisnéis ábhartha a chur ar fáil. Nuair a atá siad ag freagairt d'iarrataí den chineál sin, níl an oibleagáid ar oibreoirí eacnamaíocha a admháil go bhfuil gníomhaíocht neamhdhleathacha déanta acu, ach tá an oibleagáid orthu ceisteanna fíorasacha a fhreagairt agus doiciméid a chur ar fáil, fiú más féidir an fhaisnéis sin a úsáid lena chinneadh go raibh siad nó oibreoir eacnamaíoch eile páirteach i ngníomhaíocht neamhdhleathach.

(22)  Ba cheart an deis a bheith ag oibreoirí eacnamaíocha aon cheann de na teangacha oifigiúla sa Bhallstát ina reáchtáiltear an tseiceáil a úsáid, mar aon leis an gceart cúnamh a fháil ó dhuine a roghnaigh siad féin, lena n‑áirítear abhcóide seachtrach, le linn seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair. Níor cheart é a bheith ina choinníoll go mbeadh abhcóide i láthair, sular féidir seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a bheith bailí. D’fhonn éifeachtacht na seiceálacha agus na gcigireachtaí ar an láthair a áirithiú, go háirithe maidir leis an riosca go rachadh fianaise ar iarraidh, ba cheart an deis a bheith ag an Oifig rochtain a fháil ar áitreabh, talamh, modhanna iompair nó limistéir eile a úsáidtear chun críocha gnó gan fanacht go dtí go rachaidh an t‑oibreoir i gcomhairle lena abhcóide. Níor cheart ach go nglacfadh sí le moill ghearr réasúnach ag feitheamh le comhairliúchán le habhcóide sula gcuirfear tús le haon seiceáil. Ní mór d'aon mhoill den chineál sin cloí a bheith chomh gairid agus is féidir.

(23)  Chun trédhearcacht a áirithiú, ba cheart don Oifig, agus seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair á ndéanamh acu, faisnéis iomchuí a chur ar fáil d'oibreoirí eacnamaíocha maidir lena ndualgas comhoibriú agus na hiarmhairtí a bheidh ann má dhiúltaíonn siad sin a dhéanamh, agus i leith an nós imeachta is infheidhme maidir leis na seiceála, lena n‑áirítear na coimircí nós imeachta is infheidhme.

(24)  Bíonn rochtain ag an Oifig, le linn imscrúduithe inmheánacha agus, i gcás inar gá, le linn imscrúduithe seachtracha, ar aon fhaisnéis ábhartha atá i seilbh na n-institiúidí, na gcomhlachtaí, na n-oifigí agus na ngníomhaireachtaí. Is den riachtanas é a shoiléiriú, mar a moladh i meastóireacht an Choimisiúin, gur cheart go mbeifí in ann an rochtain sin a fháil gan beann ar an gcineál meáin ar a bhfuil an fhaisnéis nó na sonraí sin stóráilte, chun dul chun cinn forásach teicneolaíoch a léiriú. [Leasú 9]

(25)  Ionas go mbeidh creat níos comhlántaí ann le haghaidh imscrúduithe na hOifige, ba cheart na rialacha is infheidhme maidir le himscrúduithe inmheánacha agus seachtracha a ailíniú a thuilleadh, d’fhonn dul i ngleic le neamhréireachtaí áirithe arna sainaithint i meastóireacht an Choimisiúin, sa chás nach bhfuil bonn cirt le rialacha atá éagsúil le chéile. Ba cheart go mba amhlaidh an cás, mar shampla, ionas gur féidir tuarascálacha agus moltaí arna ndréachtú tar éis imscrúdú seachtrach a sheoladh chuig an institiúid, an gcomhlacht, an oifig nó an ngníomhaireacht lena mbaineann ionas go bhféadfadh sí gníomh cuí a ghlacadh, faoi mar a tharlaíonn in imscrúduithe inmheánacha. Nuair is féidir agus i gcomhréir lena sainordú, ba cheart go dtacódh an Oifig leis an institiúid, leis an gcomhlacht, leis an oifig nó leis an ngníomhaireacht lena mbaineann san athleanúint ar a moltaí. Chun comhar idir an Oifig agus na hinstitiúidí, na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí a áirithiú a thuilleadh, ba cheart go gcuirfeadh an Oifig in iúl, nuair is gá, d’institiúid, do chomhlacht, d’oifig nó do ghníomhaireacht lena mbaineann de chuid an Aontais nuair a chinneann sí gan imscrúdú seachtrach a oscailt, mar shampla nuair a bheadh institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht de chuid an Aontais ina foinse den fhaisnéis tosaigh.

(26)  Ba cheart don Oifig fáil réidh leis na hacmhainní riachtanacha chun an lorg airgid a leanúint d’fhonn modus operandi atá a úsáidtear go minic in an-chuid seifteanna calaoiseacha. Sa lá atá inniú ann, tá sí in ann faisnéis bhaincéireachta a fháil atá ábhartha dá gníomhaíocht imscrúdaitheach atá i seilbh institiúidí creidmheasa i roinnt Ballstát, mar gheall ar chomhar agus cúnamh na n‑údarás náisiúnta. Chun cur chuige éifeachtach ar fud an Aontais a áirithiú, ba cheart a shonrú sa Rialachán cén dualgas atá ar na húdaráis náisiúnta inniúla i leith faisnéis faoi chuntais bhainc agus cuntais íocaíochtaí a chur ar fáil don Oifig, mar chuid dá dhualgas ginearálta cúnamh a thabhairt di. Ba cheart an comhoibriú sin a reáchtáil, de ghnáth, trí na hAonaid um Fhaisnéis Airgeadais sna Ballstáit. Agus iad ag tabhairt an chúnaimh sin don Oifig, ba cheart do na húdaráis náisiúnta feidhmiú i gcomhréir le forálacha ábhartha an dlí nós imeachta dá bhforáiltear i reachtaíocht náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann.

(26a)   Chun aird a thabhairt ar chosaint agus urraim ceart agus ráthaíochtaí nós imeachta, ba cheart don Oifig feidhm inmheánach a chruthú, eadhon rialaitheoir na ráthaíochtaí nós imeachta, agus acmhainní leormhaithe a sholáthar dó nó di. Ba cheart rochtain a bheith ag rialaitheoir na ráthaíochtaí nós imeachta ar an bhfaisnéis uile is gá chun a dhualgais nó a dualgais a chomhlíonadh. [Leasú 10]

(26b)   Leis an Rialachán seo, bunófar sásra gearán don Oifig i gcomhar le Rialaitheoir na ráthaíochtaí nós imeachta, chun an urraim do chearta agus ráthaíochtaí nós imeachta i ngníomhaíochtaí uile na hOifige a áirithiú. Ba cheart gur sásra riaracháin a bheadh sa sásra sin faoinar cheart go mbeadh an Rialaitheoir freagrach as gearáin arna bhfáil ag an Oifig a láimhseáil i gcomhréir leis an gceart chun dea-riaracháin. Ba cheart go mbeadh an sásra éifeachtach, agus go n-áiritheofaí leis go ndéanfar bearta leantacha go cuí de dhroim na ngearán. Chun trédhearcacht agus cuntasacht a mhéadú, ba cheart don Oifig tuairisciú ar an sásra gearán ina tuarascáil bhliantúil. Ba cheart go gcumhdófaí leis an tuarascáil, go háirithe, líon na ngearán a fuair sí, cineálacha na sáruithe ar chearta agus ar ráthaíochtaí nós imeachta lena mbaineann, na gníomhaíochtaí i dtrácht agus, i gcás inarb indéanta sin, na bearta leantacha a rinne an Oifig. [Leasú 11]

(27)  Tarchur luath faisnéise na hOifige le haghaidh bearta réamhchúraim a ghlacadh mar uirlis ríthábhachtach le haghaidh leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh a chosaint. D’fhonn dlúthchomhar ar an ábhar sin a áirithiú idir an Oifig agus institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, is iomchuí go mbeidh an deis acu sin dul i gcomhairle leis an Oifig tráth ar bith d’fhonn aon bheart réamhchúraim iomchuí a shocrú, lena n‑áirítear bearta chun fianaise a chosaint.

(28)  Is fianaise inghlactha in imeachtaí riaracháin nó breithiúnacha iad tuarascálacha arna ndréachtú ag an Oifig sa dóigh chéanna agus de réir na gcoinníollacha céanna a bhaineann leis na tuarascálacha riaracháin arna ndréachtú ag na cigirí riaracháin náisiúnta. Fuarthas amach i meastóireacht an Choimisiúin nach n‑áirithíonn an riail sin go leordhóthanach éifeachtacht ghníomhaíochtaí na hOifige. D’fhonn éifeachtacht agus úsáid chomhsheasmhach thuarascálacha na hOifige a mhéadú, ba cheart foráil maidir le hinghlacthacht tuarascálacha den chineál sin in imeachtaí breithiúnacha de chineál neamhchoiriúil os comhair cúirteanna náisiúnta, agus in imeachtaí riaracháin agus sna Ballstáit a dhéanamh sa Rialachán. Ba cheart feidhm a bheith i gcónaí ag an riail lena bhforáiltear maidir le comhionannas le tuarascálacha cigirí riaracháin náisiúnta i gcás imeachtaí breithiúnacha de chineál coiriúil. Ba cheart go mbeadh foráil sa Rialachán maidir le hinghlacthacht na dtuarascálacha arna ndréachtú ag an Oifig in imeachtaí riaracháin agus breithiúnacha ar leibhéal an Aontais.

(29)  Áirítear faoi shainordú na hOifige cosaint ioncam bhuiséad an Aontais a eascraíonn as acmhainní dílse CBL. Sa réimse sin, ba cheart go mbeadh an Oifig in ann tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát, agus iad a chomhlánú, trí imscrúduithe arna ndéanamh i gcomhréir lena sainordú, trí údaráis náisiúnta inniúla a chomhordú i gcásanna casta, trasnáisiúnta, agus tríd an tacaíocht agus an cúnamh do na Ballstáit agus do OIPE. Chuige sin, ba cheart go mbeadh an Oifig in ann faisnéis a mhalartú trí líonra Eurofisc arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 ón gComhairle(10) , agus forálacha Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(11) á gcur san áireamh, chun comhar a chur chun cinn agus a éascú sa chomhrac i gcoinne calaois CBL. [Leasú 12]

(30)  Tugadh seirbhísí comhordaithe frith-chalaoise na mBallstát isteach le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 chun comhar éifeachtach agus malartú faisnéise a éascú, lena n‑áirítear faisnéis de chineál oibríochtúil, idir an Oifig agus na Ballstáit. Ba é conclúid na meastóireachta gur rannchuidigh siad go deimhneach le hobair na hOifige. Sainaithníodh an gá a ról a shoiléiriú a thuilleadh d’fhonn a áirithiú go gcuirfear an cúnamh riachtanach ar fáil don Oifig lena áirithiú go mbeidh a cuid imscrúduithe éifeachtach, agus an t‑eagrúchán agus cumhachtaí na seirbhísí comhordaithe frith-chalaoise a fhágáil faoi gach Ballstát. Maidir leis sin, ba cheart an deis a bheith ag na seirbhísí comhordaithe frith-chalaoise an cúnamh atá ag teastáil ón Oifig chun a cuid cúraimí a dhéanamh go héifeachtach a chur ar fáil, a fháil nó a chomhordú, i gcás imscrúdú seachtrach nó inmheánach a dhéanfar roimh an imscrúdú, lena linn nó ag a dheireadh.

(31)  Tá dualgas na hOifige cúnamh a chur ar fáil do Bhallstáit d’fhonn a mbearta a chomhordú le haghaidh leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh a chosaint ina phríomhghné dá sainordú i leith tacú le comhar trasteorann idir na Ballstáit. Ba cheart rialacha níos mionsonraithe a leagan síos d’fhonn gníomhaíochtaí comhordúcháin na hOifige agus a comhar a éascú sa chomhthéacs sin le húdaráis na mBallstát, le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta. Ba cheart na rialacha sin a bheith gan dochar don Oifig na cumhachtaí arna mbronnadh ar an gCoimisiún a fheidhmiú i bhforálacha sonracha lena rialaítear cúnamh frithpháirteach idir údaráis riaracháin na mBallstát agus comhar idir na húdaráis sin agus an Coimisiún, go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle(12).

(32)  Ina theannta sin, ba cheart an deis a bheith ag an Oifig cúnamh ó sheirbhísí comhordaithe frith-chalaoise a iarraidh i gcomhthéacs gníomhaíochtaí comhordúcháin, agus an deis a bheith ag na seirbhísí comhordaithe frith-chalaoise oibriú i gcomhar eatarthu féin, ionas gur féidir na sásraí atá ar fáil athreisiú a thuilleadh don chomhar sa chomhrac in aghaidh na calaoise.

(32a)   Tabharfaidh údaráis inniúla na mBallstát an cúnamh is gá don Oifig chun go mbeidh sí in ann a cúraimí a chomhlíonadh. Nuair a dhéanfaidh an Oifig moltaí d’údaráis ionchúisimh náisiúnta Ballstáit agus nuair nach ndéanfar aon bheart iardain ina leith sin, ba cheart don Bhallstát údar lena chinneadh a thabhairt don Oifig. Uair sa bhliain, ba cheart don Oifig tuarascáil a tharraingt suas chun cuntas a thabhairt ar an gcúnamh arna sholáthar ag an Ballstáit agus ar na bearta iardain ar na moltaí breithiúnacha. [Leasú 13]

(32b)   Chun na rialacha nós imeachta maidir le déanamh imscrúduithe a leagtar amach sa Rialachán seo a fhorlíonadh, ba cheart don Oifig an cód nós imeachta i gcomhair imscrúduithe a mbeidh ar fhoireann na hOifige cloí leis a leagan síos. Dá bhrí sin, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le cód nós imeachta a bhunú, gan dochar do neamhspleáchas na hOifige i bhfeidhmiú a hinniúlachtaí di. Leis na gníomhartha tarmligthe sin, ba cheart go gcumhdófaí na nithe seo a leanas go háirithe: na cleachtais a bheidh le comhlíonadh agus sainordú agus reacht na hOifige á gcur chun feidhme; rialacha mionsonraithe lena rialaítear nósanna imeachta imscrúdaithe maille leis na gníomhartha imscrúdaithe a cheadaítear; cearta dlisteanacha na ndaoine lena mbaineann; ráthaíochtaí nós imeachta; forálacha a bhaineann le cosaint sonraí agus beartais maidir le cumarsáid agus rochtain ar dhoiciméid; forálacha maidir leis an tseiceáil dlíthiúlachta agus na modhanna sásaimh ar féidir leis na daoine lena mbaineann dul ar a n-iontaoibh; an caidreamh le OIPE. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Oifig i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a cuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí. [Leasú 14]

(32c)   Tráth nach déanaí ná cúig bliana tar éis an dáta arna chinneadh i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 120(2) de Rialachán (AE) 2017/1939, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an Rialacháin seo agus ar éifeachtúlacht an chomhair idir an Oifig agus OIPE go háirithe. [Leasú 15]

(33)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, mar atá cosaint leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh a neartú trí oibríocht na hOifige a chur in oiriúint do bhunú OIPE agus éifeachtacht imscrúduithe na hOifige a fheabhsú, a bhaint amach go leordhóthanach, ach gur fearr is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais trí rialacha lena rialaítear an caidreamh idir an dá oifig sin de chuid an Aontais a ghlacadh agus éifeachtacht dhéanamh na n‑imscrúduithe ag an Oifig a fheabhsú ar fud an Aontais, d'fhéadfadh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta de réir mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun dlús a chur leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise, an éillithe agus aon ghníomhaíochta neamhdhleathaí eile lena ndéanfaí dochar do leasanna airgeadais an Aontais.

(34)  Níl sé i gceist leis an Rialachán seo cumhachtaí ná freagrachtaí na mBallstát a mhionathrú maidir le bearta a ghlacadh chun calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile lena ndéanfaí dochar do leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac.

(35)  Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(13) agus thug sé tuairim maidir le (14).

(36)  Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 mar a leanas:

(-1)  in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití de mhír 1:"

“1. Chun dlús a chur leis an gcomhrac i gcoinne na calaoise, an éillithe agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach nó neamhrialtacht eile lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh agus do leasanna airgeadais an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (dá ngairtear “an tAontas” i dteannta a chéile anseo feasta i gcás comhthéacs lena n-éilítear sin), feidhmeoidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise a bunaíodh le Cinneadh 1999/352/CE, CEGC, Euratom (“an Oifig”) na cumhachtaí imscrúdaithe a thugtar don Choimisiún tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:” [Leasú 16]

"

(-1a)  in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:"

“2. Tabharfaidh an Oifig cúnamh ón gCoimisiún do na Ballstáit agus dlúthchomhar rialta á eagrú acu idir a n-údaráis inniúla chun comhordú a dhéanamh ar a ngníomhaíocht a bhfuil sé mar aidhm léi leasanna airgeadais an Aontais a chosaint ar chalaois. Rannchuideoidh an Oifig le modhanna a cheapadh agus a fhorbairt chun calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach nó neamhrialtacht eile lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais a chosc agus a chomhrac. Maidir le taithí oibríochtúil agus an cleachtas nós imeachta is fearr a chomhroinnt i réimse chosaint leasanna airgeadais an Chomhphobail, déanfaidh an Oifig iad sin a chur chun cinn agus a chomhordú leis na Ballstáit agus ina measc, agus tabharfaidh sí tacaíocht do ghníomhaíochtaí comhpháirteacha frithchalaoise arna ndéanamh ag na Ballstáit ar bhonn deonach.” [Leasú 17]

"

(-1b)  in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe d de mhír 3:"

"(d) Rialachán (AE) 2018/1725;" [Leasú 18]

"

(-1c)  in Airteagal 1, cuirtear pointe da le mír 3: "

“(da) Rialachán (AE) 2016/679.” [Leasú 19]

"

(-1d)  in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:"

“4. Laistigh de na hinstitiúidí, na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí a bunaíodh leis na Conarthaí, nó ar a mbonn, (‘institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí’), agus gan dochar d’Airteagal 12d, déanfaidh an Oifig imscrúduithe riaracháin chun calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach nó neamhrialtacht eile lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac Chun na críche sin, déanfaidh sí imscrúdú ar ábhair thromchúiseacha a bhaineann le dualgais ghairmiúla a chomhlíonadh sa dóigh go bhfuil faillí á déanamh in oibleagáidí oifigigh agus sheirbhísigh eile an Aontais agus ar faillí í a bhfhéadfadh imeachtaí araíonachta nó, de réir mar a bheidh, imeachtaí coiriúla a bheith mar thoradh uirthi, nó mainneachtain choibhéiseach oibleagáidí a bheith á gcomhlíonadh ag comhaltaí institiúidí agus comhlachtaí, ag cinn oifigí agus gníomhaireachtaí nó ag baill foirne institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí nach bhfuil faoi réir na Rialachán Foirne (dá ngairtear le chéile “oifigigh, seirbhísigh eile, comhaltaí institiúidí nó comhlachtaí, cinn oifige nó gníomhaireachtaí, nó baill foirne” anseo feasta).” [Leasú 20]

"

(1)  in Airteagal 1, cuirtear isteach mír 4a mar a leanas:"

"4a. Déanfaidh an Oifig dlúthchaidreamh a bhunú agus a choimeád le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) a bheidh bunaithe ar chomhar feabhsaithe faoi Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle(15). Beidh an caidreamh sin bunaithe ar chomhar frithpháirteach, ar chomhlántacht, ar sheachaint dúblála agus ar mhalartú faisnéise. Is é an aidhm a bheidh ann go háirithe a áirithiú go n‑úsáidtear na hacmhainní ar fad atá ar fáil chun leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh a chosaint trí chomhlántacht a sai norduithe faoi seach agus tríd an tacaíocht arna cur ar fáil ag an Oifig chuig OIPE. [Leasú 21]

Rialófar comhoibriú idir an Oifig agus OIPE le hAirteagal 12c go hAirteagal 12f”.

"

(1a)  in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:"

“5. I gcás chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát agus institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí socruithe riaracháin a bhunú leis an Oifig. Féadfaidh sé go mbainfidh na socruithe riaracháin sin le tarchur faisnéise, déanamh imscrúduithe agus bearta iardain ina leith, go háirithe.” [Leasú 22]

"

(1b)   in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2:"

"(2) ‘ciallóidh ‘neamhrialtacht’ ‘neamhrialtacht’ mar a shainmhínítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 í, lena n-áirítear sáruithe lena ndéantar difear d’ioncam ó cháin bhreisluacha;" [Leasú 23]

"

(1c)  in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3:"

“(3) beidh le “calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach nó neamhrialtacht eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais” an bhrí a thugtar do na focail sin sna gníomhartha ábhartha de chuid an Aontais;” [Leasú 24]

"

(2)  In Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 4:"

ciallóidh "(4) imscrúduithe riaracháin’ (‘imscrúduithe’) aon chigireacht, aon seiceáil nó aon bheart eile a dhéanann an Oifig i gcomhréir le hAirteagal 3 agus le hAirteagal 4, d’fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal l a bhaint amach agus d’fhonn cineál neamhrialta na ngníomhaíochtaí atá faoi imscrúdú a dhéanamh amach, nuair is gá sin; ní dhéanfaidh na himscrúduithe sin aon difear do chumhachtaí OIPE nó d'údarás inniúla na mBallstát maidir le himeachtaí coiriúla a thionscnamh.";

"

(2a)  in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 5:"

“(5) ciallóidh “duine lena mbaineann” aon duine nó aon oibritheoir eacnamaíoch a bhfuil amhras ann go ndearna sé calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach nó neamhrialtacht eile lena ndearnadh difear do leasanna airgeadais an Aontais agus atá, dá bhrí sin, faoi réir a imscrúdaithe ag an Oifig;” [Leasú 25]

"

(2b)  in Airteagal 2, cuirtear isteach pointe 7a seo a leanas:"

“(7a) ‘ciallaíonn 'comhalta d'institiúid' comhalta de Pharlaimint na hEorpa, comhalta den Chomhairle Eorpach, ionadaí de chuid Ballstáit ar leibhéal na n-airí sa Chomhairle, comhalta den Choimisiúin Eorpach, comhalta de Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, comhalta de Chomhairle Rialaithe an Bhainc Cheannais Eorpaigh nó comhalta den Chúirt Iniúchóirí, de réir mar is iomchuí.” [Leasú 26]

"

(2c)  in Airteagal 2, cuirtear isteach pointe 7b seo a leanas:"

“(7b) ciallaíonn ‘na fíricí céanna’ gur mar a chéile fíricí ábhartha, agus fíricí ábhartha á dtuiscint sa chiall gur ann do shraith d’imthosca nithiúla atá fite fuaite ina chéile agus a fhéadfaidh, ina n-iomláine, gnéithe d’imscrúdú míghnímh a bhunú atá faoi inniúlacht na hOifige nó OIPE.” [Leasú 27]

"

(3)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:"

“Airteagal 3

Imscrúduithe seachtracha Seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair sna Ballstáit agus i dtríú tíortha [Leasú 28]

1.  Laistigh den raon feidhme arna shainiú in Airteagal 1 agus i bpointe (1) agus pointe (3) d'Airteagal 2, déanfaidh an Oifig seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair sna Ballstáit agus, i gcomhréir leis na comhaontuithe um chomhoibriú agus cúnamh frithpháirteach agus aon ionstraim dlí eile atá i bhfeidhm, i dtríú tíortha agus in áitribh eagraíochtaí idirnáisiúnta. [Leasú 29]

2.  Déanfar seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair i gcomhréir leis an Rialachán seo agus, a mhéid nach bhfuil cás cumhdaithe faoin Rialachán seo, le Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96.

3.  Oibreoidh oibreoirí eacnamaíocha i gcomhar leis an Oifig le linn a cuid imscrúduithe. Féadfaidh an Oifig faisnéis ó bhéal a iarraidh, lena n‑áirítear le hagallaimh, agus faisnéis i scríbhinn a iarraidh ar oibreoirí eacnamaíocha i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 4(2). [Leasú 30]

4.  Déanfaidh an Oifig seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair tar éis údarú i scríbhinn a thaispeáint, de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 7(2) den Rialachán seo agus d'Airteagal 6(1) de Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/1996. Cuirfidh sí an t‑oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann ar an eolas faoin nós imeachta is infheidhme i leith na seiceála, lena n‑áirítear na coimircí nós imeachta is infheidhme, agus dualgas comhoibrithe an oibreora eacnamaíoch lena mbaineann.

5.  Agus í ag úsáid na gcumhachtaí sin, comhlíonfaidh an Oifig na ráthaíochtaí nós imeachta dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96. Agus seiceáil agus cigireacht ar an láthair á ndéanamh, beidh an ceart ag an oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann gan ráitis fhéin-ionchoiritheacha a dhéanamh agus cúnamh a fháil ó dhuine a roghnaigh sé féin. Agus ráitis á ndéanamh le linn na seiceálacha ar an láthair, tabharfar deis don oibreoir eacnamaíoch aon cheann de theangacha oifigiúla an Bhallstáit ina bhfuil sé lonnaithe a úsáid. Ní chuirfidh an ceart cúnamh a fháil ó a roghnaigh sé féin bac ar rochtain a bheith ag an Oifig ar áitreabh an oibreora eacnamaíoch, agus ní chuirfidh sé moill mhíchuí ar thús na seiceála.

6.  Arna iarraidh sin ag an Oifig, soláthróidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann d'fhoireann na hOifige, gan moill mhíchuí, an cúnamh is gá chun a cúraimí a chur i gcrích go héifeachtach, amhail mar a shonraítear san údarú i scríbhinn dá dtagraítear in Airteagal 7(2). [Leasú 31]

Áiritheoidh an Ballstát lena mbaineann, i gcomhréir le Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96, go gceadófar d'fhoireann na hOifige rochtain a fháil ar gach faisnéis agus gach doiciméad a bhaineann leis an ábhar atá faoi imscrúdú agus atá riachtanach chun na seiceálacha agus an chigireacht ar an láthair a dhéanamh go héifeachtach éifeachtúil, agus go mbeidh sé in ann coimeád doiciméad nó sonraí a ghlacadh orthu féin chun a áirithiú nach mbeidh aon bhaol ann go rachaidh siad ar iarraidh. I gcás ina n-úsáidtear gairis atá faoi úinéireacht phríobháideach chun críocha oibre, ní bheidh na gairis sin faoi réir imscrúduithe ag an Oifig ach amháin má bhíonn foras maith amhrais aige go bhféadfadh a n-ábhar a bheith ábhartha don imscrúdú. [Leasú 32]

7.  I gcás ina ngéillfidh an t‑oibreoir eacnamaíoch do sheiceáil agus do chigireacht ar an láthair de bhun an Rialacháin seo, ní bheidh feidhm ag Airteagal 2(4) de Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2988/95 ná ag an tríú fomhír d’Airteagal 6(1) ná Airteagal 7(1) de Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96, sa mhéid nach mór de réir na bhforálacha sin an dlí náisiúnta a chomhlíonadh agus d'fhéadfaidís rochtain na hOifige ar fhaisnéis agus ar dhoiciméadúchán a shrianadh de réir na gcoinníollacha a bhaineann le cigirí riaracháin náisiúnta.

I gcás ina bhfaighidh foireann na hOifige amach go bhfuil oibreoir eacnamaíoch ag cur in aghaidh seiceáil agus cigireacht ar an láthair atá údaraithe de bhun an Rialacháin seo, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann an cúnamh dóibh is gá ó na húdaráis forfheidhmithe dlí i gcomhréir leis an dlí náisiúnta ionas gur féidir leis an Oifig a seiceáil nó a cigireacht ar an láthair a dhéanamh go héifeachtach gan moill mhíchuí.

Agus cúnamh á chur ar fáil aige i gcomhréir leis an mír seo nó le mír 6, feidhmeoidh na húdaráis inniúla náisiúnta i gcomhréir le haon riail nós imeachta náisiúnta is infheidhme maidir leis an údarás inniúil náisiúnta lena mbaineann. Maidir leis an gcúnamh sin, má bhíonn gá le húdarú ó údarás breithiúnach i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, déanfar isteach iarratas ar an údarú sin.

7a.  I gcás ina léirítear nach gcomhlíonann Ballstát an dualgas atá air oibriú i gcomhar de bhun mhír 6 agus mhír 7, beidh sé de cheart ag an Aontas an méid a bhaineann leis an tseiceáil nó an chigireacht ar an láthair i dtrácht a aisghabháil. [Leasú 33]

8.  Mar chuid dá feidhm imscrúdaitheach, déanfaidh an Oifig na seiceálacha agus na cigireachtaí sna Ballstáit, ar seiceálacha agus cigireachtaí iad dá bhforáiltear in Airteagal 9(1) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 agus sna rialacha earnála dá dtagraítear in Airteagal 9(2) den Rialachán sin, agus, i gcomhréir leis na comhaontuithe comhair agus cúnaimh fhrithpháirtigh agus le haon ionstraim dlí eile atá i bhfeidhm, i dtríú tíortha agus in áitreabh eagraíochtaí idirnáisiúnta.

9.  Le linn imscrúdú seachtrach, féadfaidh an Oifig rochtain a bheith aici ar aon fhaisnéis agus sonraí ábhartha, beag beann ar an meán ar a bhfuil siad stóráilte, atá ag na hinstitiúidí, na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí a bhfuil baint acu leis an ábhar atá faoi imscrúdú, i gcás ina mbeidh gá leis d’fhonn a dhéanamh amach an ndearnadh calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a rinne dochar do leasanna airgeadais an Aontais. Beidh feidhm ag Airteagal 4(2) agus (4) chun na críche sin. [Leasú 34]

10.  Gan dochar d'Airteagal 12c(1), i gcás ina mbeidh faisnéis á láimhseáil ag an Oifig sula ndéanfar cinneadh an n‑osclófar imscrúdú seachtrach agus amhras ann de bhun na faisnéise sin go ndearnadh calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a rinne dochar do leasanna airgeadais an Aontais, féadfaidh an Oifig údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann a chur ar an eolas, agus, i gcás ina mbeidh gá leis, na hinstitiúidí, na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí lena mbaineann.

Gan dochar do na rialacha earnála dá dtagraítear in Airteagal 9(2) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95, áiritheoidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann go ndéanfar beart iomchuí, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ar beart é ar féidir leis an Oifig a bheith páirteach ann. Arna iarraidh sin, cuirfidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann an Oifig ar an eolas faoin mbeart a rinneadh agus faoi na torthaí ar ar tháinig siad ar bhonn na faisnéise amhail dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo."; [Leasú 35]

"

(4)  Leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(-a)  in in Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:"

“Forálacha breise maidir le himscrúduithe” [Leasú 36]

"

(-aa)  in Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:"

“1. Is i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo agus sna cinntí arna nglacadh ag an institiúid, an comhlacht, an oifig nó an ghníomhaireacht faoi seach a dhéanfar na himscrúduithe riaracháin laistigh de na hinstitiúidí, na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí sna réimsí dá dtagraítear in Airteagal 1.” [Leasú 37]

"

(a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:"

"2. Le linn imscrúduithe inmheánacha: [Leasú 38]

   (a) beidh an ceart ag an Oifig rochtain láithreach, gan fógra, a fháil, i gcás inar gá sin chun a shuí an ndearnadh calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile lena ndearnadh difear do leasanna airgeadais an Aontais, ar aon fhaisnéis agus sonraí ábhartha a bhaineann leis an ábhar atá faoi imscrúdú, gan beann ar an gcineál meáin ar a bhfuil siad stóráilte, atá i seilbh na n-institiúidí, na gcomhlachtaí, na n-oifigí agus na ngníomhaireachtaí, agus ar a áitreabh. I gcás ina n-úsáidtear gairis atá faoi úinéireacht phríobháideach chun críocha oibre, ní bheidh na gairis sin faoi réir imscrúduithe ag an Oifig ach amháin má bhíonn foras maith amhrais aige go bhféadfadh a n-ábhar a bheith ábhartha don imscrúdú. Tabharfar de chumhacht don Oifig iniúchadh a dhéanamh ar chuntais na n-institiúidí, na gcomhlachtaí, na n-oifigí agus na ngníomhaireachtaí. Féadfaidh an Oifig cóip a dhéanamh d'aon doiciméad nó den mhéid a bheidh ar aon mheán sonraí a bheidh i seilbh na n-institiúidí, na gcomhlachtaí, na n-oifigí agus ngníomhaireachtaí, agus féadfaidh sí sleachta díobh a fháil, agus, más gá, na doiciméid nó na sonraí sin a choimeád ina seilbh chun a áirithiú nach mbeidh an baol ann go rachaidh siad ar iarraidh; [Leasú 39]
   (b) féadfaidh an Oifig faisnéis ó bhéal, lena n-áirítear trí agallaimh, agus faisnéis i scríbhinn a iarraidh ar oibreoirí eacnamaíocha, ar oifigigh, ar sheirbhísigh eile, ar chomhaltaí institiúidí nó comhlachtaí, ar chinn oifige nó gníomhaireachtaí, nó ar bhaill foirne, a bheidh iomlán doiciméadaithe de réir gnáthchaighdeáin um rúndacht agus de réir chaighdeáin sin an Aontais um chosaint sonraí. Oibreoidh oibreoirí eacnamaíocha i gcomhar leis an Oifig. [Leasú 40]

"

(b)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad scriostar mír 3:"

"3. I gcomhréir le hAirteagal 3, féadfaidh an Oifig seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh ar áitreabh oibreoirí eacnamaíocha d’fhonn rochtain a fháil ar fhaisnéis a bhaineann leis an ábhar atá faoi imscrúdú inmheánach."; [Leasú 41]

"

(ba)  in Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:"

“4 Cuirfear na hinstitiúidí, na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí ar an eolas aon uair a dhéanfaidh foireann na hOifige imscrúdú ar a n-áitreabh nó aon uair a cheadóidh siad doiciméad nó sonraí, nó a iarrfaidh siad faisnéis atá ina seilbh siúd. Gan dochar d’Airteagal 10 ná d’Airteagal 11, féadfaidh an Oifig, tráth ar bith, an fhaisnéis a gheofar le linn imscrúduithe a chur ar aghaidh chuig an institiúid, chuig an gcomhlacht, chuig an oifig nó chuig an ngníomhaireacht lena mbaineann.” [Leasú 42]

"

(bb)  in Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:"

“5. Cuirfidh na hinstitiúidí, na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí nósanna imeachta iomchuí i bhfeidhm agus déanfaidh siad gach beart is gá chun rúndacht imscrúduithe a áirithiú ag gach céim.” [Leasú 43]

"

(bc)  in Airteagal 4, mír 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhomhír 1:"

“I gcás inar léir ó imscrúduithe go bhféadfadh oifigeach, seirbhíseach eile, comhalta institiúide nó comhlachta, ceann oifige nó gníomhaireachta, nó ball foirne a bheith ina dhuine nó ina duine lena mbaineann, déanfar an institiúid, an comhlacht, an oifig nó an ghníomhaireacht lena mbaineann an duine sin a chur ar an eolas.” [Leasú 44]

"

(bd)  in Airteagal 4, mír 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhomhír 2:"

“I gcásanna nach féidir rúndacht an imscrúdaithe inmheánaigh a áirithiú trí fheidhm a bhaint as na gnáth-bhealaí cumarsáide, bainfidh an Oifig feidhm as bealaí iomchuí malartacha chun faisnéis a thraschur.” [Leasú 45]

"

(be)  in Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:"

“7. Maidir leis an gcinneadh a bheidh le glacadh ag gach institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht amhail dá bhforáiltear i mír 1, áireofar ann, go háirithe, riail maidir le dualgas ar oifigigh, ar sheirbhísigh eile, ar chomhaltaí institiúidí nó comhlachtaí, ar chinn oifige nó gníomhaireachta, nó ar bhaill foirne oibriú i gcomhar leis an Oifig agus faisnéis a sholáthar di, agus rúndacht an imscrúdaithe á háirithiú.” [Leasú 46]

"

(c)  i mír 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:"

Gan dochar d'Airteagal 12c(1), más rud é, sula ndéanfar cinneadh i dtaobh imscrúdú inmheánach seachtrach a oscailt nó gan é a oscailt, go mbeidh faisnéis á láimhseáil ag an Oifig lena dtugtar le fios go ndearnadh calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach nó neamhrialtacht eile lena ndearnadh difear do leasanna airgeadais an Aontais, féadfaidh an Oifig an institiúid, an comhlacht, an oifig nó an ghníomhaireacht, de réir mar is iomchuí, údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann agus na hinstitiúidí, na comhlachtaí, na hoifigí nó na gníomhaireachtaí lena mbaineann a chur ar an eolas ina thaobh sin.

Arna iarraidh sin, cuirfidh an institiúid, an chomhlacht, an oifig nó an ghníomhaireacht lena mbaineann an Oifig ar an eolas faoi aon bheart a rinneadh agus faoina cinntí ar bhonn na faisnéise sin."; [Leasú 47]

"

(ca)  i mír 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhomhír 2:"

“A mhéid a bhaineann le himscrúduithe laistigh de na hinstitiúidí, na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí, i gcás ina ndéanfaidh an Oifig údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann a chur ar an eolas, beidh feidhm ag na ceanglais nós imeachta a leagtar síos sa dara fomhír agus sa tríú fomhír d’Airteagal 9(4). Má chinneann na húdaráis inniúla aon ghníomhaíocht a dhéanamh ar bhonn na faisnéise arna tarchur chucu, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, déanfaidh siad, arna iarraidh sin di, an Oifig a chur ar an eolas ina thaobh sin.” [Leasú 48]

"

(cb)  i mír 8, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:"

“A mhéid a bhaineann le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair de bhun Airteagal 3, gan dochar do na rialacha earnála dá dtagraítear in Airteagal 9(2) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95, áiritheoidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann go ndéanfar gníomhaíocht iomchuí, a bhféadfaidh an Oifig a bheith rannpháirteach inti, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Arna iarraidh sin, cuirfidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann an Oifig ar an eolas faoin ngníomhaíocht a rinneadh agus faoinar fhionn siad ar bhonn na faisnéise amhail dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.” [Leasú 49]

"

(5)  Leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:

(a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte de mhír 1:"

“Gan dochar d'Airteagal 12d, féadfaidh an tArd-Stiúrthóir imscrúdú a sheoladh má tá leoramhras ann, a d'fhéadfadh a bheith bunaithe ar fhaisnéis a chuirfidh aon tríú páirtí ar fáil nó ar fhaisnéis a chuirfidh foinse anaithnid ar fáil, go ndearnadh calaois nó éilliú nó gníomhaíocht neamhdhleathach eile a rinne dochar do leasanna airgeadais an Aontais."; [Leasú 50]

"

(aa)   cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:"

"1. Gan dochar d'Airteagal 12d, féadfaidh an tArd-Stiúrthóir imscrúdú a oscailt nuair atá leoramhras ann, a d'fhéadfadh freisin a bheith bunaithe ar fhaisnéis arna soláthar ag aon tríú páirtí nó ar fhaisnéis anaithnid, go ndearnadh calaois nó éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach nó neamhrialtacht eile lena ndearnadh difear do leasanna airgeadais an Aontais. Ní bheidh an tréimhse mheastóireachta roimh an gcinneadh níos sia ná dhá mhí. Más eol cé an faisnéiseoir a sholáthar an bhunfhaisnéis, déanfar é nó í a chur ar an eolas de réir mar is iomchuí." [Leasú 51]

"

(ab)  i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhomhír 1:"

“Is é an tArd-Stiúrthóir, ag gníomhú dó ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh ó institiúid, ó chomhlacht, ó oifig nó ó ghníomhaireacht de chuid an Aontais, nó ó Bhallstát, a dhéanfaidh an cinneadh maidir le himscrúdú a oscailt.” [Leasú 52]

"

(ac)  i mír 2, scriostar fomhír 2; [Leasú 53]

(ad)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:"

“3. Fad atá breithniú á dhéanamh ag an tArd-Stiúrthóir i dtaobh cé acu imscrúdú a oscailt nó gan é a oscailt ar iarraidh amhail dá dtagraítear i mír 2, agus/nó fad atá imscrúdú den sórt sin á dhéanamh ag an Oifig, ní dhéanfaidh na hinstitiúdí, na comhlachtaí, na hoifigí ná na gníomhaireachtaí lena mbaineann imscrúdú comhuaineach ar na fíricí ceánna, mura gcomhaontófar a mhalairt leis an Oifig. Ní bheidh feidhm ag an mír sin maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag OIPE de bhun Rialachán (AE) 2017/1939.” [Leasú 54]

"

(b)  cuirtear an abairt seo a leanas le mír 3:"

“Ní bhainfidh an mhír sin le himscrúduithe OIPE de bhun Rialachán (AE) 2017/1939."; [Leasú 55]

"

(ba)   in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:"

"5. Má chinneann an tArd-Stiúrthóir gan imscrúdú inmheánach a oscailt laistigh de na hinstitiúidí, na comhlachtaí, na hoifigí, ná na gníomhaireachtaí d’ainneoin leoramhras a bheith ann go ndearnadh calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach nó neamhrialtacht eile lena ndearnadh difear do leasanna airgeadais an Aontais, déanfaidh sé, gan mhoill, aon fhaisnéis ábhartha a chur chuig an institiúid, chuig an gcomhlacht, chuig an oifig nó chuig an ngníomhaireacht lena mbaineann ionas go ndéanfar gníomhaíocht iomchuí i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir leis an institiúid sin, leis an gcomhlacht sin, leis an oifig sin nó leis an ngníomhaireacht sin. Tiocfaidh an Oifig ar chomhaontú leis an institiúid sin, leis an gcomhlacht sin, leis an oifig sin nó leis an ngníomhaireacht sin, más iomchuí, maidir le bearta oiriúnacha chun rúndacht fhoinse na faisnéise sin a chosaint agus iarrfaidh sí, más gá, go gcuirfí ar an eolas í faoin ngníomhaíocht a dhéanfaí." [Leasú 56]

"

(c)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:"

"6. Má chinneann an tArd-Stiúrthóir nach n‑osclóidh sé imscrúdú seachtrach, féadfaidh sé seiceáil nó cigireacht ar an láthair a dhéanamh de bhun Airteagal 3 d’ainneoin leoramhras a bheith ann go ndearnadh calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach nó neamhrialtacht eile lena ndearnadh difear do leasanna airgeadais an Aontais, déanfaidh sé, gan mhoill, aon fhaisnéis ábhartha a chur chuig údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann ionas go ndéanfar gníomhaíocht i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta. I gcás inar gá, déanfaidh an Oifig an institiúid, an comhlacht, an oifig nó an ghníomhaireacht lena mbaineann a chur ar an eolas freisin."; [Leasú 57]

"

(ca)  cuirtear isteach mír 6a:"

“6a. I gcomhréir le hAirteagal 17(5), déanfaidh an tArd-Stiúrthóir an Coiste Maoirseachta a chur ar an eolas ó am go chéile faoi na cásanna ina mbeidh cinneadh déanta aige gan imscrúdú a oscailt, agus tabharfaidh sé cúiseanna leis an gcinneadh sin.” [Leasú 58]

"

(6)  Leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:

(-a)  in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:"

“1. Is é an tArd-Stiúrthóir a stiúrfaidh seoladh na n-imscrúduithe ar bhonn, i gcás inarb iomchuí, treoracha i scríbhinn. Is í foireann na hOifige, a bheidh ainmnithe aige sin, a dhéanfaidh na himscrúduithe faoin threoir siúd. Ní dhéanfaidh an tArd-Stiúrthóir féin imscrúduithe.” [Leasú 59]

"

(a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre de mhír 3:"

“Tabharfaidh údaráis inniúla na mBallstát an cúnamh is gá ionas gur féidir le foireann na hOifige a gcuid tascanna a chomhlíonadh i gcomhréir leis an Rialachán seo go héifeachtach gan moill mhíchuí.";

"

(b)  Cuirtear an dara fomhír seo a leanas le mír 3:"

“Ar iarratas na hOifige maidir le cúrsaí atá á imscrúdú, soláthróidh na hAonaid um Fhaisnéis Airgeadais arna mbunú de bhun Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(16) agus údaráis inniúla ábhartha eile na mBallstát an méid seo a leanas di:

   (a) an fhaisnéis dá dtagraítear [in Airteagal 32a(3) de] i dTreoir (AE) 2015/849(17);
   (b) nuair a bheidh dianghá ann chun críocha an imscrúdaithe, taifead na n‑idirbheart.";

"

(c)  cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach i mír 3:"

“Nuair a bheidh cúnamh á chur ar fáil i gcomhréir leis na fomhíreanna roimhe seo, feidhmeoidh na húdaráis inniúla náisiúnta i gcomhréir le haon riail nós imeachta náisiúnta is infheidhme leis an údarás inniúil náisiúnta lena mbaineann.";

"

(ca)   i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:"

"Áiritheoidh na hinstitiúidí, na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí go ndéanfaidh a n-oifigigh, a seirbhísigh eile, a gcomhaltaí, a gceannasaithe agus a mbaill foirne an cúnamh is gá a thabhairt d’fhoireann na hOifige ionas go bhféadfaidh siad a gcúraimí a chomhlíonadh go héifeachtach i gcomhréir leis an Rialachán seo agus gan moill mhíchuí." [Leasú 60]

"

(cb)  scriostar mír 4; [Leasú 61]

(cc)  i mír 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití:"

“6. I gcás inar léir ó imscrúduithe go bhféadfadh sé gurb iomchuí bearta riaracháin réamhchúraim a dhéanamh chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, déanfaidh an Oifig, gan mhoill an institiúid, an comhlacht, an oifig nó an ghníomhaireacht lena mbaineann a chur ar an eolas faoin imscrúdú atá ar siúl agus molfaidh sí bearta a d’fhéadfaí a ghlacadh. Beidh na nithe seo a leanas san fhaisnéis a sholáthrófar:” [Leasú 62]

"

(cd)  i mír 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhomhír 1 pointe b:"

“(b) aon fhaisnéis a d’fhéadfadh cuidiú leis an institiúid, leis an gcomhlacht, leis an oifig nó leis an ngníomhaireacht lena mbaineann agus cinneadh á dhéanamh maidir leis na bearta riaracháin réamhchúraim iomchuí a dhéanfar chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint;” [Leasú 63]

"

(ce)  i mír 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhomhír 1 pointe c:"

“(c) aon bhearta speisialta um rúndacht a mholfar, go háirithe i gcásanna ina n-úsáidtear bearta imscrúdaitheacha a thagann faoi inniúlacht údaráis náisiúnta bhreithiúnaigh nó faoi inniúlacht údaráis náisiúnta eile, i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta is infheidhme maidir le himscrúduithe.” [Leasú 64]

"

(d)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír i mír 6:"

“Sa bhreis an gcéad fhomhír, déanfaidh an institiúid, an chomhlacht, an oifig nó an ghníomhaireacht lena mbaineann an Oifig a chur ar an eolas gan mhoill faoi aon diall ó na bearta réamhchúraim arna moladh agus faoi na cúiseanna leis an diall.."; [Leasú 65]

"

(e)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:"

"8. Mura bhféadfar imscrúdú a fhoirceannadh faoi cheann 12 mhí tar éis a sheoladh, déanfaidh an tArd-Stiúrthóir, ar dhul in éag na tréimhse 12 mhí sin agus gach sé mhí tar a éis sin, tuarascáil a thabhairt don Choiste Maoirseachta, ina léireofar go mion, na cúiseanna leis an moill agus, nuair is iomchuí, na bearta feabhais a bheidh glactha d’fhonn dlús a chur leis an imscrúdú."; [Leasú 66]

"

(ea)  cuirtear isteach mír 8a:"

“8a. Beidh sa tuarascáil, ar a laghad, tuairisc ghearr ar na fíricí, a gcáilíocht dhlíthiúil, measúnú ar an damáiste a rinneadh nó is dealraitheach a dhéanamh, dáta éagtha na tréimhse teorann reachtúla, na cúiseanna nárbh fhéidir an tréimhse 12 mhí a choinneáil, agus na bearta feabhais a bheidh beartaithe d’fhonn dlús a chur leis an imscrúdú, i gcás inarb infheidhme.” [Leasú 67]

"

(7)  Leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

(-a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:"

“1. Déanfaidh na hinstitiúidí, na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí aon fhaisnéis a bhaineann le cásanna ina bhféadfadh sé go ndearnadh calaois nó éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach nó neamhrialtacht eile lena ndearnadh difear do leasanna airgeadais an Aontais a tharchur chuig an Oifig gan mhoill. Beidh an dualgas sin ar OIPE i gcás nach dtagann na cásanna lena mbaineann faoina shainordú i gcomhréir le Caibidil IV de Rialachán (AE) 2017/1939.” [Leasú 68]

"

(a)  cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas isteach i mír 1:"

“I gcás go dtuairisceoidh na hinstitiúidí, na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí do OIPE i gcomhréir le hAirteagal 24 de Rialachán (AE) 2017/1939, féadfaidh siad, ina ionad sin, an oibleagáid a leagtar amach sa chéad fhomhír a chomhlíonadh trí chóip den tuarascáil a cuireadh chuig OIPE a tharchur chuig an Oifig."; [Leasú 69]

"

(b)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:"

"2. Déanfaidh na hinstitiúidí, na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí, agus, mura gcuirfear bac orthu faoin dlí náisiúnta, déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát, ar iarraidh ón Oifig nó ar a dtionscnamh féin, aon doiciméad nó faisnéis atá ina seilbh agus a bhaineann le himscrúdú atá á dhéanamh ag an Oifig a tharchur chuig an Oifig gan mhoill. [Leasú 70]

Roimh sheoladh imscrúdaithe, déanfaidh siad, ar iarratas na hOifige, aon doiciméad nó aon fhaisnéis atá ina seilbh atá riachtanach chun measúnú a dhéanamh ar na líomhaintí nó na critéir le haghaidh imscrúdú a sheoladh de réir leagtar amach in Airteagal 5(1) a tharchur.";

"

(c)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:"

"3. Déanfaidh na hinstitiúidí, na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí, agus, mura gcuirfear bac orthu faoin dlí náisiúnta, déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát, ar iarraidh ón Oifig nó ar a dtionscnamh féin, aon doiciméad nó faisnéis eile atá ina seilbh acu, ar doiciméad é nó ar faisnéis í a mheastar a bheith ábhartha agus a bhaineann leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise, an éillithe agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach neamhrialtacht eile lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais, a tharchur chuig an Oifig gan mhoill."; [Leasú 71]

"

(d)  cuirtear isteach an mhír 4 seo a leanas:"

"4. Ní bhainfidh an tAirteagal seo le OIPE maidir le cionta coiriúla ar féidir léi a hinniúlacht a fheidhmiú ina leith i gcomhréir le hAirteagal 22 agus le hAirteagal 25 Caibidil IV de Rialachán (AE) 2017/1939. [Leasú 72]

Tá sin gan dochar don deis a bheith ag OIPE an fhaisnéis ábhartha a chur ar fáil don Oifig faoi chásanna i gcomhréir le hAirteagal 34(8), Airteagal 36(6), Airteagal 39(4) agus Airteagal 101(3) agus (4) de Rialachán (AE) 2017/1939.";

"

(8)  Leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

(-a)   i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhomhír 4:"

"Ní bheidh feidhm ag na ceanglais dá dtagraítear sa dara fomhír agus sa tríú fomhír maidir le ráitis a ghlacadh i gcomhthéacs seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair. Cuirfear in iúl don duine lena mbaineann, áfach, cé na cearta atá aige nó aici sula nglacfar ráiteas, go háirithe an ceart ar chúnamh a fháil ó dhuine dá rogha féin." [Leasú 73]

"

(-aa)   i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhomhír 2:"

"Chun na críche sin, tabharfaidh an Oifig cuireadh don duine lena mbaineann a bharúlacha a chur in iúl i scríbhinn nó ag agallamh le foireann a ndéanfaidh an Oifig iad a ainmniú. Sa chuireadh sin, beidh achoimre ar na fíorais a bhaineann leis an duine lena mbaineann agus an fhaisnéis a éilítear le hAirteagail 15 agus 16 de Rialachán (CE) 2018/1725, agus léireofar ann an teorainn ama chun barúlacha a chur isteach, nach mbeidh níos giorra ná 10 lá oibre ón dáta a gheofar an cuireadh chun barúlacha a chur in iúl. Féadfar an tréimhse fógra a ghiorrú le toiliú sainráite an duine lena mbaineann nó ar fhorais phráinne chuí-réasúnaithe a bhaineann leis an imscrúdú. I dtuarascáil chríochnaitheach an imscrúdaithe, déanfar tagairt d’aon bharúlacha den chineál sin." [Leasú 74]

"

(a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír de mhír 4:"

“I gcásanna ina mbeidh údar cuí leo nach mór rúndacht imscrúdaithe a chaomhnú agus/nó ina n‑úsáidfear imeachtaí imscrúdaitheacha a thagann faoi chúram OIPE nó údaráis bhreithiúnacha náisiúnta, féadfaidh an tArdStiúrthóir cinneadh a dhéanamh comhlíonadh na hoibleagáide a chur siar, is é sin an oibleagáid a iarraidh ar an duine lena mbaineann barúil a chur in iúl.";

"

(aa)  cuirtear isteach mír 5a:"

“5a. I gcás cásanna inarb í obair leantach bhreithiúnach moladh na hOifige, agus gan dochar do na cearta um rúndacht atá ag sceithirí eolais agus ag faisnéiseoirí, beidh rochtain ag an duine lena mbaineann ar an tuarascáil a tharraingeoidh an Oifig suas faoi Airteagal 11 i ndiaidh a himscrúdaithe, agus ar aon doiciméid ábhartha, a mhéid a bhainfidh siad leis an duine sin agus más rud é, i gcás inarb infheidhme, nach ndéanfaidh IOPE ná na húdaráis náisiúnta bhreithiúnacha agóid ina choinne sin laistigh de thréimhse de shé mhí. Féadfaidh an t-údarás náisiúnta breithiúnach údarú a dheonú sula mbeidh an tréimhse sin dulta in éag.” [Leasú 75]

"

(8a)   Cuirtear Airteagal 9a isteach:"

“Airteagal 9a

Rialaitheoir na ráthaíochtaí nós imeachta

1.  I gcomhréir leis an nós imeachta a shonraítear i mír 2, ceapfaidh an Coimisiún Rialaitheoir ráthaíochtaí nós imeachta (‘an Rialaitheoir’) ar feadh téarma neamh-inathnuaite cúig bliana. Ar a théarma a dhul in éag, fanfaidh sé san oifig go dtí go gceapfar duine ina ionad.

2.   Tar éis glao ar iarratais in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, tarraingeoidh an Coimisiún suas liosta d’iarrthóirí ag a bhfuil na cáilíochtaí cuí do phost an Rialaitheora. Ceapfaidh an Coimisiún an tArd-Stiúrthóir tar éis dó dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle.

3.   Beidh ag an Rialaitheoir na cáilíochtaí agus an taithí is gá i réimse na gceart agus na ráthaíochtaí nós imeachta.

4.   Feidhmeoidh an Rialaitheoir a chuid feidhmeanna agus é go hiomlán neamhspleách agus ní lorgóidh sé ná ní ghlacfaidh sé treoracha ó aon duine agus é ag comhlíonadh a chuid dualgas.

5.   Déanfaidh an Rialaitheoir faireachán ar chearta agus ráthaíochtaí nós imeachta a bheith á gcomhlíonadh ag an Oifig. Beidh sé freagrach as an ngearán a gheobhaidh an Oifig a láimhseáil.

6.   Tuairisceoidh an Rialaitheoir ar fheidhmiú na feidhme sin, ar bhonn bliantúil, do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, don Choimisiún, don Choiste Maoirseachta agus don Oifig. Ní dhéanfaidh sé tagairt do chásanna aonair atá faoi imscrúdú agus áiritheoidh sé rúndacht na n-imscrúduithe fiú tar éis a ndúnta.” [Leasú 76]

"

(8b)   Cuirtear Airteagal 9b isteach:"

“Airteagal 9b

Sásra gearán

1.   Déanfaidh an Oifig, i gcomhar leis an Rialaitheoir, na bearta is gá chun sásra gearán a chur ar bun chun faireachán a dhéanamh ar an urraim do ráthaíochtaí nós imeachta i ngníomhaíochtaí uile na hOifige agus chun an urraim sin a áirithiú.

2.   Aon duine lena mbaineann imscrúdú arna dhéanamh ag an Oifig, beidh sé i dteideal gearán a thaisceadh leis an Rialaitheoir maidir leis na ráthaíochtaí nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 9 a bheith á gcomhlíonadh ag an Oifig. Maidir le gearán a thaisceadh, ní bheidh aon éifeacht fhionraitheach aige sin ar sheoladh an imscrúdaithe atá faoi lán seoil.

3.   Féadfar gearáin a thaisceadh aon mhí amháin ar a laghad tar éis don ghearánaí teacht ar na fíorais ábhartha arb iad is bunús leis an sárú líomhnaithe ar a ráthaíochtaí nós imeachta. Ní fhéadfar aon ghearán a chomhdú tráth is déanaí ná aon mhí tar éis clabhsúr a chur ar an imscrúdú. Maidir le gearáin a bhaineann leis an tréimhse fógra dá dtagraítear in Airteagal 9(2) agus (4), comhdófar iad sula rachaidh an tréimhse fógra a leagtar síos sna forálacha sin in éag.

4.   Ar ghearán a fháil dó, cuirfidh an Rialaitheoir Ard-Stiúrthóir na hOifige ar an eolas láithreach agus tabharfaidh sé caoi don Oifig ar an tsaincheist a bheidh tarraingthe anuas ag an ngearánaí a réiteach laistigh de 15 lá oibre.

5.   Gan dochar d’Airteagal 10 den Rialachán seo, tarchuirfidh an Oifig don Rialaitheoir an fhaisnéis uile a bhféadfaidh gá a bheith ag an Rialaitheoir léi chun moladh a eisiúint.

6.   Eiseoidh an Rialaitheoir moladh ar an ngearán gan mhoill, ach, ar a dhéanaí, laistigh de dhá mhí ón Oifig an Rialaitheoir a chur ar an eolas faoin ngníomhaíocht atá déanta aici chun an tsaincheist a fhuascailt nó tar éis an tréimhse dá dtagraítear i mír 3 a dhul in éag. Cuirfear an moladh faoi bhráid na hOifige agus cuirfear in iúl don ghearánaí é. I gcásanna eisceachtúla, féadfaidh an Rialaitheoir a chinneadh síneadh 15 lá a chur leis an tréimhse a bhféadfar an moladh a eisiúint lena linn. Cuirfidh an Rialaitheoir litir chuig an Ard-Stiúrthóir chun na cúiseanna leis an síneadh a chur in iúl dó. In éagmais moladh ón Rialaitheoir laistigh de na teorainneacha ama a leagtar amach sa mhír seo, measfar gur dhiúltaigh an Rialaitheoir don ghearán gan moladh a dhéanamh ina leith.

7.   Gan cur isteach ar sheoladh imscrúdaithe atá faoi lán seoil, scrúdóidh an Rialaitheoir an gearán trí bhíthin nós imeachta sáraíochta. Lena dtoiliú siúd, féadfaidh an Rialaitheoir a iarraidh ar fhinnéithe mínithe i scríbhinn nó ó bhéal a sholáthar a mheasann sé nó sí a bheith ábhartha chun na fíorais a fhionnadh.

8.   Leanfaidh an tArd-Stiúrthóir an moladh ón Rialaitheoir ar an tsaincheist, ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo ina bhféadfaidh sé nó sí diall uaidh. Má dhiallann an tArd-Stiúrthóir ón moladh ón Rialaitheoir, cuirfidh sé in iúl don ghearánaí agus don Rialaitheoir na príomhchúiseanna leis an gcinneadh sin, sa mhéid nach ndéanfaidh sé difear don imscrúdú atá idir lámha é sin a dhéanamh. I nóta a bheidh le cur i gceangal le tuarascáil chríochnaitheach an imscrúdaithe, luafaidh sé nó sí na cúiseanna nár lean sé an moladh ón Rialaitheoir.

9.   Féadfaidh an tArd-Stiúrthóir tuairim an Rialaitheora a iarraidh ar aon ábhar a bhaineann le hurramú ráthaíochtaí nós imeachta atá faoi réim shainordú an Rialaitheoir, lena n-áirítear ar an gcinneadh faisnéis ón duine lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagal 9(3) a chur siar. In aon iarraidh den sórt sin, luafaidh an tArd-Stiúrthóir an teorainn ama ar laistigh de is gá don Rialaitheoir freagra a thabhairt.

10.   Gan dochar do na teorainneacha ama dá bhforáiltear in Airteagal 90a de na Rialacháin Foirne, i gcás ina ndéanfaidh oifigeach nó seirbhíseach eile de chuid an Aontais gearán a thaisceadh leis an Ard-Stiúrthóir i gcomhréir le hAirteagal 90a de na Rialacháin Foirne agus ina mbeidh gearán taiscthe ag an oifigeach nó ag an seirbhíseach eile leis an Rialaitheoir i dtaca leis an tsaincheist chéanna, fanfaidh an tArd-Stiúrthóir leis an moladh ón Rialaitheoir sula dtabharfaidh sé freagra ar an ngearán.” [Leasú 77]

"

(9)  Leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:

(-a)   cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:"

"1. Déanfar an fhaisnéis a tharchuirtear nó a fhaightear le linn imscrúduithe lasmuigh de na hinstitiúidí, na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí, is cuma cén fhoirm ina mbeidh sí, a chosaint leis na forálacha ábhartha faoin dlí náisiúnta agus faoi dhlí an Aontais." [Leasú 78]

"

(-aa)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:"

“2. Beidh an fhaisnéis a tharchuirtear nó a fhaightear le linn imscrúduithe laistigh de na hinstitiúidí, na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí, is cuma cén fhoirm ina mbeidh sí, faoi réir rúndacht ghairmiúil agus beidh aici an chosaint a thugtar leis na rialacha is infheidhme maidir le hinstitiúidí an Aontais.” [Leasú 79]

"

(-ab)   cuirtear isteach mír 3a:"

“3a. Nochtfaidh an Oifig a tuarascálacha agus a moltaí nuair a bheidh na nósanna imeachta gaolmhara náisiúnta uile agus na nósanna imeachta gaolmhara uile de chuid an Aontais tugtha chun críche ag na comhlachtaí freagracha agus nuair nach ndéanfaidh an nochtadh difear a thuilleadh do na himscrúduithe. Beidh an nochtadh i gcomhréir leis na rialacha agus na prionsabail maidir le cosaint sonraí a leagtar amach san Airteagal seo agus in Airteagal 1.” [Leasú 80]

"

(a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre de mhír 4:"

“Féadfaidh an Oifig Oifigeach Cosanta Sonraí a cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 24 43 de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 (AE) 2018/1725."; [Leasú 81]

"

(aa)  cuirtear isteach mír 5a:"

"5a. Maidir le daoine a dhéanfaidh coireanna agus sáruithe a bhaineann le leasanna airgeadais AE a thuairisciú don Oifig, tabharfar cosaint iomlán dóibh, go háirithe trí reachtaíocht an Aontais maidir le daoine a thuairisceoidh sáruithe ar dhlí an Aontais a chosaint." [Leasú 82]

"

(10)  Leasaítear Airteagal 11 mar a leanas:

(a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír i mír 1:"

Féadfar Beidh moltaí ón Ard-Stiúrthóir maidir leis an ngníomhaíocht a bheidh le déanamh ag gabháil leis an tuarascáil. Léireofar leis na moltaí sin, i gcás inarb iomchuí, aon ghníomhaíocht araíonaíochta, riaracháin, airgeadais agus/nó breithiúnach a dhéanfaidh na hinstitiúidí, na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí agus údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann, agus sonrófar iontu go háirithe na suimeanna measta a bheidh le haisghnóthú, chomh maith le réamhaicmiú na bhfíoras a suíodh i ndlí."; [Leasú 83]

"

(b)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:"

"2. Agus na tuarascálacha sin agus na moltaí sin á ndréachtú, cuirfear forálacha ábhartha dhlí an Aontais agus, a mhéid agus is infheidhme, dhlí náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann san áireamh.

Déanfaidh an Oifig bearta inmheánacha cuí chun cáilíocht chomhsheasmhach tuarascálacha agus moltaí deiridh a áirithiú, agus déanfaidh sí breithniú i dtaobh cé acu atá nó nach bhfuil gá le hathbhreithniú a dhéanamh ar na Treoirlínte maidir le Nósanna Imeachta Imscrúdúcháin, chun aghaidh a thabhairt ar aon neamhréireachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann. [Leasú 84]

Tar éis fíorú simplí a dhéanamh ar a mbarántúlacht, beidh tuarascálacha arna ndréachtú ar an mbonn sin, lena n-áirítear gach fianaise lena dtacaítear leis na tuarascálacha sin agus atá ag gabháil leo, ina bhfianaise inghlactha in imeachtaí breithiúnacha de chineál neamhchoiriúil de chineál neamhchoiriúil os comhair cúirteanna náisiúnta agus in imeachtaí riaracháin sna Ballstáit. Ní dhéanfar difear leis an Rialachán seo do chumhacht na gcúirteanna náisiúnta measúnú a dhéanamh ar an bhfianaise gan srian. [Leasú 85]

Fianaise inghlactha a bheidh i dtuarascálacha a dhréachtóidh an Oifig in imeachtaí coiriúla an Bhallstáit inar gá iad a úsáid, ar an gcaoi céanna agus a ndréachtaíonn cigirí náisiúnta riaracháin tuarascálacha riaracháin agus faoi na coinníollacha céanna a bhaineann leis na tuarascálacha sin. Beidh siad faoi réir na rialacha meastóireachta céanna is infheidhme maidir le tuarascálacha riaracháin a dhréachtaíonn cigirí náisiúnta riaracháin agus beidh an luach céanna fianaise ag gabháil leo agus a ghabhann le tuarascálacha mar sin. [Leasú 86]

Cuirfidh na Ballstáit aon riail sa dlí náisiúnta atá ábhartha chun críocha an tríú chéad fomhír in iúl don Oifig. [Leasú 87]

Tabharfaidh na cúirteanna náisiúnta fógra don Oifig faoi aon fhianaise ar diúltaíodh di i gcomhréir leis an mír seo. Beidh an bunús dlí don diultú sin agus údar mionsonraithe leis an diultú sin ar áireamh san fhógra. Déanfaidh an tArd-Stiúrthóir, ina thuarascálacha bliantúla nó ina tuarascálacha bliantúla de bhun Airteagal 17(4), meastóireacht ar inghlacthacht fianaise sna Ballstáit. [Leasú 88]

Beidh tuarascálacha arna ndréachtú ag an Oifig ina bhfianaise inghlactha in imeachtaí breithiúnacha os comhair chúirteanna an Aontais agus in imeachtaí riaracháin san Aontas.";

"

(c)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:"

"3. Déanfar, de réir mar is iomchuí, tuarascálacha agus moltaí arna dtarraingt suas tar éis imscrúdú seachtrach agus aon doiciméad gaolmhar ábhartha a chur chuig údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann i gcomhréir leis na rialacha a bhaineann le himscrúduithe seachtracha agus, más gá, chuig an institiúid, chuig an gcomhlacht, chuig an oifig nó chuig an ngníomhaireacht lena mbaineann. Déanfaidh an institiúid sin, an comhlacht sin, an oifig sin nó an ghníomhaireacht sin pé gníomhaíocht, go háirithe de chineál araíonachta nó dlíthiúil, a éilítear de réir thorthaí na n-imscrúduithe sheachtraigh sin, agus tuairisceoidh sé nó sí don Oifig ina thaobh sin, laistigh de theorainn ama a leagfar síos sna moltaí a ghabhann leis an tuarascáil agus, ina theannta sin, ar iarraidh ón Oifig. Laistigh de 9 mí, tuairisceoidh údaráis inniúla na mBallstát don Oifig ar na gníomhaíochtaí a rinneadh mar fhreagairt ar an gcás-tuairisc."; [Leasú 89]

"

(ca)  scriostar mír 4; [Leasú 90]

(cb)  in Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5: "

“5. I gcás ina léirítear sa tuarascáil arna tarraingt suas tar éis imscrúdú inmheánach go bhfuil fíorais ann a bhféadfadh imeachtaí coiriúla a bheith mar thoradh orthu, déanfar an fhaisnéis sin a tharchur gan mhoill chuig údaráis bhreithiúnacha an Bhallstáit lena mbaineann, gan dochar d’Airteagail 12c agus 12d.” [Leasú 91]

"

(cc)   cuirtear isteach mír 6a:"

“6a. Maidir leis na moltaí araíonachta, riaracháin, airgeadais agus breithiúnacha arna ndéanamh ag an Ard-Stiúrthóir de bhun mhíreanna 1 agus 3, áiritheoidh údaráis inniúla na mBallstát agus na hinstitiúidí, na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí go ngníomhófar ina leith, agus déanfaidh tuarascáil mhionsonraithe maidir leis na gníomhaíochtaí arna ndéanamh a chur chuig an Oifig faoin 31 Márta gach bliain, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, na cúiseanna nach ndearnadh moltaí ón Oifig a chur chun feidhme.” [Leasú 92]

"

(cd)  in Airteagal 11, leasaítear mír 8 mar a leanas:"

“8. I gcás faisnéis, ba bhun le himscrúdú, a bheith tugtha ag faisnéiseoir don Oifig, tabharfaidh an Oifig fógra don fhaisnéiseoir go bhfuil clabhsúr curtha ar an imscrúdú. Féadfaidh an Oifig aon iarraidh den sórt sin a dhiúltú, áfach, má mheasann sé go ndéanfaí dochar do leasanna dlisteanacha an duine lena mbaineann, d’éifeachtacht an imscrúdaithe agus don ghníomhaíocht a bheidh le déanamh ina dhiaidh sin, nó d’aon cheanglais rúndachta.” [Leasú 93]

"

(10a)  Tar éis Airteagal 11, cuirtear airteagal nua isteach:"

“Airteagal 11a

Caingean os comhair na Cúirte Ginearálta

Féadfaidh aon duine lena mbaineann caingean a thionscnamh in aghaidh an Choimisiúin chun an tuarascáil imscrúdaithe arna tarchur chuig na húdaráis náisiúnta nó chuig na hinstitiúidí faoi Airteagal 11(3) a neamhniú mar gheall ar easpa inniúlachta, ar shárú ar cheanglas bunriachtanach nós imeachta, ar shárú ar na Conarthaí, lena n-áirítear sárú ar an gCairt, nó ar mhí-úsáid cumhachtaí.” [Leasú 94]

"

(11)  Leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:

(-a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: "

“1. Gan dochar d’Airteagail 10 agus 11 den Rialachán seo ná d’fhorálacha Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96, féadfaidh an Oifig faisnéis a fuarthas le linn na seiceálacha nó na gcigireachtaí ar an láthair de bhun Airteagal 3 a tharchur in am trátha chuig údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann ionas go bhféadfaidh siad gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh i gcomhréir lena ndlí náisiúnta. Féadfaidh sí freisin faisnéis a tharchur chuig an institiúid, chuig an gcomhlacht, chuig an oifig nó chuig an ngníomhaireacht lena mbaineann.” [Leasú 95]

"

(a)  cuirtear an abairt seo a leanas le mír 1:"

“Is féidir léi faisnéis a tharchur freisin chuig an institiúid, chuig an gcomhlacht, chuig an oifig nó chuig an ngníomhaireacht lena mbaineann.”; [Leasú 96]

"

(aa)  i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhomhír 1:"

“Gan dochar d’Airteagail 10 agus 11, déanfaidh an tArd-Stiúrthóir faisnéis a fuair an Oifig, le linn imscrúduithe laistigh de na hinstitiúidí, na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí, maidir le fíorais a thagann faoi dhlínse údaráis náisiúnta bhreithiúnaigh, a tharchur chuig údaráis bhreithiúnacha an Bhallstáit lena mbaineann.” [Leasú 97]

"

(b)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:"

"3. Déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann, mura gcuirfidh an dlí náisiúnta bac orthu, an Oifig a chur ar an eolas laistigh de mhí amháin faoin ngníomhaíocht a rinneadh ar bhonn na faisnéise a tarchuireadh chucu faoin Airteagal seo."; [Leasú 98]

"

(c)  cuirtear isteach an mhír 5 seo a leanas:"

"5. D'fhéadfadh an Oifig, ar a tionscnamh féin nó ar iarratas, an fhaisnéis ábhartha a mhalartú le líonra Eurofisc arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 ón gComhairle(18).";

"

(12)  cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas:"

"Airteagal 12a

Seirbhísí comhordaithe frith-chalaoise sna Ballstáit

1.  Chun críocha an Rialacháin seo, saineoidh na Ballstáit seirbhís (“an tseirbhís comhordaithe frith-chalaoise”) chun go n‑éascófar comhar éifeachtach agus malartú faisnéise leis an Oifig, lena n‑áirítear faisnéis de chineál oibríochtúil. Féadfar an tseirbhís chomhordaithe frith-chalaoise a mheas, i gcás inarb iomchuí, mar údarás inniúil chun críocha an Rialacháin seo.

2.  Déanfaidh na seirbhísí comhordaithe frith-chalaoise, ar iarratas na hOifige, sula ndéanfar cinneadh ar cheart imscrúdú a sheoladh, agus le linn nó tar éis imscrúdú, cúnamh a chur ar fáil, a fháil nó a chomhordú de réir mar is gá ionas gur féidir leis an Oifig a cuid cúraimí a dhéanamh go héifeachtach. Áiritheofar go háirithe sa chúnamh sin an cúnamh ó na húdaráis inniúla náisiúnta a chuirfear ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 3(6) agus (7), Airteagal 7(3) agus Airteagal 8(2) agus (3).

3.  D'fhéadfadh an Oifig cúnamh a iarraidh ó na seirbhísí comhordaithe frith-chalaoise agus gníomhaíochtaí comhordúcháin á ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 12b, lena n‑áirítear, nuair is iomchuí, comhar cothrománach agus malartú faisnéise idir seirbhísí comhordaithe frith-chalaoise.

Airteagal 12b

Gníomhaíochtaí comhordúcháin

1.  De bhun Airteagal 1(2), féadfaidh an Oifig comhar a eagrú agus a éascú idir údaráis inniúla na mBallstát, na n‑institiúidí, na gcomhlachtaí, na n‑oifigí agus na ngníomhaireachtaí, agus, i gcomhréir le comhaontuithe um chomhoibriú agus cúnamh frithpháirteach agus le haon ionstraim dhlíthiúil eile a bheidh i bhfeidhm, údaráis tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta. Chun na críche sin, d'fhéadfadh na húdaráis rannpháirteacha agus an Oifig faisnéis, lena n‑áirítear faisnéis oibríochta, a bhailiú, a anailísiú agus a mhalartú. D'fhéadfadh foireann na hOifige údaráis inniúla a dhéanann gníomhaíochtaí imscrúdaitheacha ar iarratas na n‑údarás sin a thionlacan. Beidh feidhm ag Airteagal 6, Airteagal 7(6) agus (7), Airteagal 8(3) agus ag Airteagal 10.

2.  Féadfaidh an Oifig tuarascáil a dhréachtú maidir leis na gníomhaíochtaí comhordúcháin a rinneadh agus í a tharchur, nuair is iomchuí, chuig na húdaráis inniúla náisiúnta agus chuig na hinstitiúidí, na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí lena mbaineann.

3.  Ba cheart feidhm a bheith ag an Airteagal seo gan dochar don Oifig na cumhachtaí a fheidhmiú a bronnadh ar an gCoimisiún i bhforálacha sonracha lena rialaítear cúnamh frithpháirteach idir údaráis riaracháin na mBallstát agus comhar idir na húdaráis sin agus an Coimisiún.

3a.   Maidir leis na hoibleagáidí um chúnamh riaracháin frithpháirteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 515/97(19) ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 608/20131B(20), beidh feidhm acu freisin maidir le gníomhaíochtaí comhordúcháin a bhaineann le Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa i gcomhréir leis an Airteagal seo. [Leasú 99]

4.  Féadfaidh an Oifig páirt a ghlacadh i bhfoirne comhpháirteacha imscrúdaithe arna mbunú i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme agus faisnéis oibríochtúil arna fáil de bhun an Rialacháin seo a mhalartú faoin gcreat sin.

Airteagal 12c

Aon iompar coiriúil ar a bhféadfadh sí a hinniúlacht a fheidhmiú ina leith a thuairisciú do OIPE

1.  Déanfaidh an Oifig aon iompar coiriúil a bhféadfadh OIPE a hinniúlacht a fheidhmiú ina leith i gcomhréir le hAirteagal 22 agus le hAirteagal 25(2) agus (3) Caibidil IV de Rialachán (AE) 2017/1939 a thuairsciú do OIPE gan moill mhíchuí. Déanfar an tuarascáil a chur a luaithe is féidir roimh imscrúdú de chuid na hOifige nó lena linn. [Leasú 100]

2.  Cuimseofar sa tuarascáil, ar a laghad, tuairisc ar na fíricí agus an fhaisnéis is eol don Oifig, lena n-áirítear measúnú ar an dochar a rinneadh nó is dócha a rinneadh, i gcás an fhaisnéis sin a bheith ag an Oifig, an cháilíocht dhlíthiúil fhéideartha agus aon fhaisnéis atá ar fáil maidir le híospartaigh ionchasacha, amhrastaigh agus aon duine eile lena mbaineann. In éineacht leis an tuarascáil, déanfaidh an Oifig aon fhaisnéis ábhartha eile atá ina seilbh maidir leis an gcás a tharchur chuig OIPE. [Leasú 101]

3.  Ní bheidh an Oifig faoi cheangal líomhaintí ar léir nach bhfuil bunús tugtha leo a thuairisciú do OIPE.

I gcásanna nach mbeidh na gnéithe a leagtar amach i mír 2 san fhaisnéis a gheobhaidh ag an Oifig, agus nach mbeidh imscrúdú idir lámha ag an Oifig, féadfaidh an Oifig réamh-mheastóireacht a dhéanamh ar na líomhaintí. Déanfar an mheastóireacht go gasta gan mhoill, agus in aon chás laistigh de dhá mhí ón bhfaisnéis a fháil. Le linn na meastóireachta, beidh feidhm ag Airteagal 6 agus ag Airteagal 8(2). Staonfaidh an Oifig ó aon bheart a dhéanamh a d’fhéadfadh aon imscrúdú a d’fhéadfadh OIPE a dhéanamh amach anseo a chur i mbaol. [Leasú 102]

De bhun na réamh-mheastóireachta, tuairisceoidh an Oifig do OIPE ar comhlíonadh na coinníollacha a leagtar amach i mír 1.

4.  I chás ina dtiocfaidh an t‑iompar dá dtagraítear i mír 1 chun solais le linn imscrúdú a dhéanfaidh an Oifig, agus seolfaidh OIPE imscrúdú tar éis na tuarascála, ní leanfaidh an Oifig ar aghaidh lena himscrúdú ar na fíricí céanna seachas i gcomhréir le hAirteagal 12e nó le hAirteagal 12f.

D’fhonn an chéad fhomhír a fheidhmiú, fíoróidh an Oifig i gcomhréir le hAirteagal 12g(2) trí chóras cás-bhainistíochta OIPE cibé an bhfuil imscrúdú á dhéanamh ag OIPE. D'fhéadfadh an Oifig tuilleadh faisnéise a iarraidh ó OIPE. Tabharfaidh OIPE freagra ar iarraidh dá leithéid laistigh de 10 lá oibre.

5.  Féadfaidh na hinstitiúidí, na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí a iarraidh ar an Oifig réamh-mheastóireacht a dhéanamh ar líomhaintí arna dtuairisciú dóibh. Chun críocha na n-iarrataí sin, beidh feidhm mír 3 mutatis mutandis ag míreanna 1 go 4. Déanfaidh an Oifig torthaí na réamh-mheastóireachta a chur in iúl don insititiúid, don chomhlacht, don oifig nó don ghníomhaireacht lena mbaineann, ach amháin más amhlaidh go bhféadfaí imscrúdú arna dhéanamh ag an Oifig nó ag OIPE a chur i mbaol mar gheall ar an bhfaisnéis sin a sholáthar. [Leasú 103]

6.  I gcás ina gcuirfidh an Oifig deireadh lena himscrúdú, tar éis di tuarascáil a chur chuig OIPE i gcomhréir leis an Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagal 9(4) agus ag Airteagal 11.

Airteagal 12d

Dúbláil imscrúduithe a sheachaint

1.   Ní sheolfaidh an tArd-Stiúrthóir imscrúdú i gcomhréir le hAirteagal 5, agus scoirfidh sé d’imscrúdú atá faoi lán seoil, má tá imscrúdú á dhéanamh ag OIPE ar na fíricí céanna, seachas i gcomhréir le hAirteagal 12e nó le hAirteagal 12f. Cuirfidh an tArd-Stiúrthóir OIPE ar an eolas faoi gach cinneadh maidir le gan imscrúdú a oscailt nó scor d’imscrúdú a dhéanfar ar na forais sin. [Leasú 104]

Chun críche an chéad fhomhír a chur i bhfeidhm, fíoróidh an Oifig i gcomhréir le hAirteagal 12g(2) trí chóras bainistithe cáis OIPE cé acu atá nó nach bhfuil imscrúdú á dhéanamh ag OIPE. Féadfaidh an Oifig tuilleadh faisnéise a iarraidh ar OIPE. Tabharfaidh OIPE freagra ar an iarraidh sin laistigh de 10 lá oibre. Féadfar síneadh a chur leis an sprioc-am sin i gcásanna eisceachtúla faoi réir módúlachtaí a bheidh le leagan amach sna socruithe oibre dá dtagraítear in Airteagal 12g(1). [Leasú 105]

I gcás ina gcuirfidh an Oifig clabhsúr ar a himscrúdú i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, ní bheidh feidhm ag Airteagal 9(4) ná ag Airteagal 11. [Leasú 106]

1a.  Arna iarraidh sin do OIPE, staonfaidh an Oifig ó aon bheart a dhéanamh a d’fhéadfadh imscrúdú nó ionchúiseamh a dhéanfadh OIPE a chur i mbaol. Tabharfaidh OIPE fógra don Oifig gan moill mhíchuí nuair a scoirfidh na forais le hiarraidh den sórt sin d’fheidhm a bheith acu. [Leasú 107]

1b.   I gcás ina gcuirfidh OIPE clabhsúr ar imscrúdú nó ina scoirfidh sé d’imscrúdú ar ina leith a fuair sé faisnéis ón Ard-Stiúrthóir de bhun mhír 1 agus atá ábhartha d’fheidhmiú shainordú na hOifige, cuirfidh sé an méid sin in iúl don Oifig gan moill mhíchuí agus féadfaidh sé moltaí a dhéanamh maidir le himscrúduithe riaracháin iardain. [Leasú 108]

Airteagal 12e

Tacaíocht na hOifige d'Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh

1.  Le linn imscrúdú de chuid OIPE, agus ar iarratas OIPE i gcomhréir le hAirteagal 101(3) de Rialachán (AE) 2017/1939, tacóidh an Oifig, i gcomhréir lena sainordú, le gníomhaíocht OIPE a thacú nó comhlánóidh sí í go háirithe leis na modhanna a leanas:

   (a) faisnéis, anailísí (anailísí fóiréinseacha san áireamh), saineolas agus tacaíocht oibríochtúil a chur ar fáil;
   (b) comhordú gníomhaíochtaí sonracha na n‑údarás náisiúnta inniúla agus chomhlachtaí an Aontais a éascú;
   (c) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh.

2.  Déanfar iarraidh de bhun mhír 1 a tharchur i scríbhinn agus sonrófar an méid seo a leanas inti ar a laghad.

   (a) faisnéis faoi imscrúdú OIPE a mhéid is ábhartha sin chun críocha na hiarrata;
   (b) an beart nó na bearta atá OIPE a iarraidh ar an Oifig a fheidhmiú;
   (c) i gcás inarb iomchuí, an amlíne atá beartaithe dá bhfeidhmiú;
   (d) aon treoracha de bhun mhír 2a..

I gcás inar gá, féadfaidh an Oifig faisnéis bhreise a iarraidh.[Leasú 109]

2a.  Chun inghlacthacht fianaise mar aon le cearta bunúsacha agus ráthaíochtaí nós imeachta a chosaint, i gcás ina ndéanfaidh an Oifig bearta tacaíochta nó comhordúcháin ar iarraidh ó OIPE de bhun an Airteagail seo, féadfaidh OIPE a threorú don Oifig caighdeáin um chearta bunúsacha, um ráthaíochtaí nós imeachta agus um chosaint sonraí atá níos airde ná iad sin a ndéantar foráil dóibh sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm. Agus an méid sin á dhéanamh aici, sonróidh sé go mion na ceanglais fhoirmiúla agus na nósanna imeachta a bheidh le cur i bhfeidhm..

In éagmais aon treoracha sonracha den sórt sin ó OIPE, beidh feidhm mutatis mutandis ag Caibidil VI (coimircí nós imeachta) agus ag Caibidil VIII (cosaint sonraí) de Rialachán (AE) 2017/1939 maidir le bearta arna bhfeidhmiú ag an Oifig de bhun an Airteagail seo. [Leasú 110]

Airteagal 12f

Imscrúduithe comhlántacha

1.  I gcásanna a mbeidh údar cuí leo ina mbeidh imscrúdú á dhéanamh ag OIPE, ina measfaidh an tArd-Stiúrthóir gur cheart imscrúdú a sheoladh nó leanúint de i gcomhréir le sainordú na hOifige d’fhonn éascaíocht a dhéanamh ar bhearta réamhchúraim nó gníomhaíocht airgeadais, araíonachta nó riaracháin a ghlacadh, cuirfidh an Oifig é sin in iúl do OIPE i scríbhinn, agus sonróidh sí cineál agus cuspóir an imscrúdaithe, agus iarrfaidh sé ar OIPE a chur in iúl i scríbhinn go bhfuil sé ag toiliú le himscrúdú comhuaineach a sheoladh. [Leasú 111]

Féadfaidh Déanfaidh OIPE, faoi cheann 30 20 oibre tar éis dó an fhaisnéis sin a fháil, a thoiliú a thabhairt le himscrúdú a sheoladh a choinneáil ar bun nó le feidhmiú aon ghnímh áirithe a bhaineann leis an imscrúdú, agóid a dhéanamh ina n-aghaidh, i gcás inar gá chun go seachnófaí a himscrúdú féin nó a hionchúiseamh a chur i mbaol, agus féadfaidh sé déanamh amhlaidh a fhad is a bheidh na forais sin ann. I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh OIPE síneadh 10 lá oibre breise a chur leis an sprioc-Leasú Cuirfidh sé an Oifig ar an eolas faoi sin.

I gcás ina ndéanfaidh agóid ina aghaidh, ní dheanfaidh an Oifig imscrúdú comhuaineach a sheoladh. Sa chás sin, tabharfaidh OIPE fógra don Oifig gan moill mhíchuí nuair a scoirfidh na forais leis an agóid d’fheidhm a bheith acu. [Leasú 112]

I gcás ina dtabharfaidh OIPE a thoiliú, féadfaidh an Oifig imscrúdú a sheoladh nó leanúint de, agus déanfaidh sí an t-imscrúdú sin i ndlúthchomhairle le OIPE. [Leasú 113]

Mura dtabharfaidh OIPE freagra faoin sprioc-am sa dara fomhír, féadfaidh an Oifig dul i mbun comhairliúchán le OIPE ionas go ndéanfar cinneadh laistigh de 10 lá. [Leasú 114]

Cuirfidh an Oifig a himscrúdú ar fionraí nó scoirfidh sí de, nó staonfaidh sí ó bhearta áirithe a bhaineann leis an imscrúdú a fheidhmiú, má dhéanann OIPE agóid ina aghaidh tar a éis sin, ar bhonn na bhforas céanna dá dtagraítear sa dara fomhír.

2.  I gcás ina gcuirfidh OIPE in iúl don Oifig nach bhfuil imscrúdú á déanamh aici i bhfreagra ar iarraidh faisnéise arna cur isteach i gcomhréir le hAirteagal 12d agus ina seolfaidh sí imscrúdú tar a éis sin ar na fíricí céanna, beidh uirthi é sin a chur in iúl don Oifig gan mhoill. Beidh feidhme ag mír (1) má mheasann an tArd-Stiúrthóir, tar éis dó an fhaisnéis sin a fháil, gur cheart leanúint ar aghaidh leis an imscrúdú arna sheoladh ag an Oifig chun gur fusa glacadh bearta réamhchúraim nó bearta airgeadais, araíonachta nó riaracháin a ghlacadh.

Airteagal 12g

Socruithe oibre agus malartú faisnéise le OIPE

1.  I gcás inar gá chun éascaíocht a dhéanamh ar an gcomhar le OIPE amhail mar a leagtar amach in Airteagal 1(4a), tiocfaidh an Oifig ar chomhaontú le OIPE maidir le socruithe riaracháin. Féadfar, leis na socruithe oibre sin, mionsonraí praiticiúla a bhunú le haghaidh faisnéis a mhalartú, lena n-áirítear sonraí pearsanta, faisnéis oibríochtúil, straitéiseach nó theicniúil agus faisnéis rúnda, maille le hardáin teicneolaíochta faisnéise a chur ar bun, lena n-áirítear cur chuige coiteann i leith uasghráduithe agus comhoiriúnacht bogearraí. Áireofar iontu socruithe mionsonraithe maidir le malartú leanúnach faisnéise le linn líomhaintí a bheith á bhfáil agus á bhfíorú chun críche inniúlachtaí a chinneadh i ndáil le himscrúduithe arna ndéanamh ag an dá oifig. Áireofar iontu freisin socruithe maidir le haistriú fianaise idir an Oifig agus OIPE, maille le socruithe maidir le cionroinnt caiteachais.

Sula nglacfar na socruithe oibre le OIPE,, cuirfidh an tArd-Stiúrthóir an dréacht chuig an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, chuig an gCoiste Maoirseachta agus chuig Parlaimint na hEorpa chun faisnéis a fháil. Déanfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus an Coiste Maoirseachta a dtuairimí a thabhairt gan mhoill. [Leasú 115]

2.  Beidh rochtain neamhdhíreach ag an Oifig ar chóras cás-bhainistíochta OIPE ar bhonn córas amais/gan amas. Nuair a aimseofar meaitseáil idir na sonraí atá curtha isteach sa chóras cás-bhainistíochta ag an Oifig agus sonraí atá i seilbh OIPE, déanfar é a chur in iúl do OIPE agus don Oifig go bhfuil meaitseáil ann. Glacfaidh an Oifig bearta iomchuí ionas go mbeidh rochtain ag OIPE ar fhaisnéis ina chóras cás-bhainistíochta ar bhonn córas amais/gan amas.;

Maidir leis an uile uair a gheobhaidh an Oifig rochtain indíreach ar fhaisnéis i gcóras bainistithe chás OIPE, ní dhéanfar é sin ach a mhéid is gá i gcás fheidhmiú fheidhmeanna na hÓige mar a shainmhínítear iad faoin Rialachán seo agus beidh údar cuí leo agus déanfar iad a bhailíochtú trí bhíthin nós imeachta a ndéanfaidh an Oifig é a chur ar bun. Coinneoidh an Oifig taifead den uile uair a gheofar rochtain ar chóras bainistithe chás OIPE. [Leasú 116]

2a.   Buailfidh Ard-Stiúrthóir na hOifige agus an Príomh-Ionchúisitheoir Poiblí Eorpach le chéile uair sa bhliain ar a laghad chun ábhair leasa choitinn a phlé.."; [Leasú 117]

"

(12a)  Leasaítear Airteagal 15 mar a leanas:

(a)  i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhomhír 2: "

“Déanfaidh an Coiste Maoirseachta faireachán ar fhorbairtí i dtaca le ráthaíochtaí nós imeachta a chur i bhfeidhm agus le fad imscrúduithe, agus orthu siúd go háirithe.” [Leasú 118]

"

(b)  i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhomhír 5: "

“Tabharfar rochtain don Choiste Maoirseachta ar an bhfaisnéis uile agus ar na doiciméid uile a mheasann sé a bheith riachtanach ó thaobh chomhlíonadh a chúraimí, lena n-áirítear tuarascálacha agus moltaí ar imscrúduithe ar cuireadh clabhsúr orthu agus cásanna a díbheadh, gan cur isteach, áfach, ar sheoladh imscrúduithe atá ar siúl, agus ag féachaint go cuí do na ceanglais maidir le rúndacht agus cosaint sonraí.” [Leasú 119]

"

(c)  I mír 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhomhír 1:"

“Ceapfaidh an Coiste Maoirseachta a chathaoirleach. Glacfaidh sé a rialacha nós imeachta féin, a chuirfear mar fhaisnéis faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, an Choimisiúin agus an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí sula nglacfar iad. Comórfar cruinnithe de chuid an Choiste Maoirseachta ar thionscnamh a chathaoirligh nó ar thionscnamh an Ard-Stiúrthóra. Beidh 10 gcruinniú aige ar a laghad in aghaidh na bliana. Déanfaidh an Coiste Maoirseachta a chinntí trí thromlach de na comhaltaí a chomhdhéanann í. Is é an Coimisiún a sholáthróidh a rúnaíocht i ndlúthchomhar leis an gCoiste Maoirseachta. Sula gceapfar aon duine den fhoireann chuig an rúnaíocht, rachfar i gcomhairle leis an gCoiste Maoirseachta agus cuirfear a thuairimí san áireamh. Gníomhóidh an rúnaíocht de réir threoracha an Choiste Maoirseachta agus go neamhspleách ar an gCoimisiún. Gan dochar dá rialú ar bhuiséad an Choiste Maoirseachta agus ar a rúnaíocht, ní chuirfidh an Coimisiún isteach ar fheidhmeanna faireacháin an Choiste Maoirseachta.” [Leasú 120]

"

(13)  Leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:

(-a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:"

“1. Uair sa bhliain, buailfidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún leis an Ard-Stiúrthóir le haghaidh malartú tuairimí ar an leibhéal polaitiúil chun plé a dhéanamh ar bheartas na hOifige i ndáil le modhanna chun calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile nó neamhrialtacht lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais a chosc agus a chomhrac. Beidh an Coiste Maoirseachta rannpháirteach sa mhalartú tuairimí. Tugtar cuireadh don Phríomh-Ionchúisitheoir Poiblí Eorpach a bheith rannpháirteach sa mhalartú tuairimí. Féadfar cuireadh a thabhairt d’ionadaithe ón gCúirt Iniúchóirí, ó Eurojust agus/nó ó Europol freastal air ar bhonn ad hoc arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, don Choimisiún, don Ard-Stiúrthóir nó don Choiste Maoirseachta.” [Leasú 121]

"

(a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú abairt i mír 1:"

“Féadfar cuireadh a thabhairt d'ionadaithe ón gCúirt Iniúchóirí, OIPE, Eurojust agus/nó Europol a bheith i láthair ar bhonn ad hoc ar iarratas Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, an Choimisiún, an Ard-Stiúrthóra nó an Choiste Maoirseachta."; [Leasú 122]

"

(aa)  i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití:"

“2. Féadfaidh baint a bheith ag an malartú tuairimí le haon ábhar a gcomhaontaíonn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún le chéile ina leith. Ar bhonn níos sonraí, féadfaidh baint a bheith ag an malartú tuairimí leis na nithe seo a leanas:” [Leasú 123]

"

(b)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d) i mír 2:"

"(d) an creat don chaidreamh idir an Oifig agus na hinstitiúidí, na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí, go háirithe OIPE, agus gníomhaíocht arna déanamh i ndáil le tuarascálacha críochnaitheacha imscrúdaithe na hOifige agus faisnéis eile arna cur ar aghaidh ag an Oifig."; [Leasú 124]

"

(ba)  i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe e:"

"(e) an creat don chaidreamh idir an Oifig agus na hinstitiúidí, na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí, agus gníomhaíocht arna déanamh i ndáil le tuarascálacha críochnaitheacha imscrúdaithe na hOifige agus faisnéis eile arna cur ar aghaidh ag an Oifig;" [Leasú 125]

"

(bb)  tar éis mhír 4, cuirtear mír nua, mír 4a, isteach:"

“4a. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún uainíocht ar uachtaránacht an mhalartaithe tuairimí.” [Leasú 126]";

"

(14)  Leasaítear Airteagal 17 mar a leanas:

(-a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:"

“1. Beidh Ard-Stiúrthóir i gceannas ar an Oifig. Is é an Coimisiún a cheapfaidh an tArd-Stiúrthóir, i gcomhréir leis an nós imeachta a shonraítear i mír 2. Seacht mbliana a bheidh i dtéarma oifige an Ard-Stiúrthóra agus ní bheidh sé in-athnuaite. Déanfar an tArd-Stiúrthóir a earcú mar ghníomhaire sealadach faoi na Rialacháin Foirne.” [Leasú 127]

"

(-aa)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:"

“2. Chun Ard-Stiúrthóir nua a cheapadh, foilseoidh an Coimisiún glao ar iarratais in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Foilseofar é sin ar a laghad sé mhí roimh dheireadh théarma oifige an Ard-Stiúrthóra atá i seilbh oifige. Nuair a thabharfaidh an Coiste Maoirseachta tuairim fhabhrach maidir leis an nós imeachta roghnúcháin a chuirfidh an Coimisiún i bhfeidhm, tarraingeoidh an Coimisiún suas liosta d’iarrthóirí cuí-cháilithe. Ainmneofar an tArd-Stiúrthóir de thoil a chéile idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún, agus is é an Coimisiún a cheapfaidh é dá éis sin.” [Leasú 128]

"

(a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:"

"3. Ní iarrfaidh an tArd-Stiúrthóir ná ní ghlacfaidh treoracha ar/ó aon rialtas ná ó aon institiúid, comhlacht, oifig ná gníomhaireacht agus é i mbun a dhualgas maidir le himscrúduithe seachtracha agus inmheánacha nó gníomhaíochtaí comhordúcháin a sheoladh agus a dhéanamh, nó maidir le tuarascálacha a dhréachtú tar éis na n‑imscrúduithe sin nó na ngníomhaíochtaí comhordúcháin sin. Má mheasann an tArd-Stiúrthóir gur cuireadh a neamhspleáchas i mbaol de dheasca beart a rinne an Coimisiún, cuirfidh sé an Coiste Maoirseachta ar an eolas faoi sin láithreach agus déanfaidh sé cinneadh maidir le caingean a thionscnamh in aghaidh an Choimisiúin os comhair na Cúirte Breithiúnais."; [Leasú 129]

"

(aa)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:"

“4. Tuairisceoidh an tArd-Stiúrthóir go tráthrialta, agus go bliantúil ar a laghad, do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, don Choimisiún agus don Chúirt Iniúchóirí maidir le torthaí imscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig, leis an ngníomhaíocht a rinneadh agus na fadhbanna a bhí le sárú agus le hobair leantach na hOifige ar na moltaí a rinne an Coiste Maoirseachta i gcomhréir le hAirteagal 15, agus rúndacht na n-imscrúduithe, cearta dlisteanacha na ndaoine lena mbaineann agus na bhfaisnéiseoirí, agus, i gcás inarb iomchuí, an dlí náisiúnta is infheidhme maidir le himeachtaí breithiúnacha á n-urramú.

Beidh sa tuarascáil bhliantúil freisin measúnú ar leibhéal an chomhair le húdaráis inniúla na mBallstát agus leis na hinstitiúidí, na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí, ag féachaint go háirithe do chur chun feidhme Airteagal 11 (2) agus (6a).” [Leasú 130]

"

(ab)  cuirtear isteach mír 4a:"

“4a. Arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa i gcomhthéacs a ceart rialaithe buiséid, féadfaidh an tArd-Stiúrthóir faisnéis a sholáthar faoi ghníomhaíochtaí na hOifige, agus rúndacht imscrúduithe agus imeachtaí iardain á hurramú aige. Áiritheoidh Parlaimint na hEorpa rúndacht na faisnéise a sholáthrófar i gcomhréir leis an mír seo.” [Leasú 131]

"

(ac)  i mír 5, scriostar fomhír 1; [Leasú 132]

(b)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b) i mír 5:"

"(b) cásanna inar cuireadh an fhaisnéis ar aghaidh chuig údaráis bhreithiúnacha na mBallstát agus chuig OIPE;", [Leasú 133]

"

(ba)  i mír 5, fomhír 3, cuirtear isteach pointe nua ar lorg phointe b:"

“(ba) de chásanna a díbheadh;” [Leasú 134]

"

(bb)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:"

“7. Cuirfidh an tArd-Stiúrthóir nós imeachta inmheánach comhairleach agus rialaithe i bhfeidhm, lena n-áirítear seiceáil dlíthiúlachta, a bhaineann, inter alia, le ráthaíochtaí nós imeachta agus na cearta bunúsacha atá ag na daoine lena mbaineann agus ag finnéithe, agus dlí náisiúnta na mBallstát lena mbaineann a urramú, agus tagairt faoi leith á déanamh d’Airteagal 11(2). Is iad saineolaithe ón Oifig, a bhfuil saineolas acu sa dlí agus i nósanna imeachta imscrúdaithe agus atá cáilithe chun bheith i seilbh oifig bhreithiúnach i mBallstát, a dhéanfaidh an tseiceáil dlíthiúlachta. Beidh a dtuairim siúd ag gabháil le tuarascáil chríochnaitheach an imscrúdaithe.” [Leasú 135]

"

(bc)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:"

“8. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 19a maidir le cód nós imeachta a bhunú i gcomhair imscrúduithe a bheidh le leanúint ag foireann na hOifige. Leis na gníomhartha tarmligthe sin, cumhdófar nithe seo a leanas go háirithe:

   (a) na cleachtais a bheidh le comhlíonadh agus sainordú agus reacht na hOifige á gcur chun feidhme;
   (b) rialacha mionsonraithe lena rialaítear nósanna imeachta imscrúdaithe maille leis na gníomhartha imscrúdaithe a cheadaítear;
   (c) cearta dlisteanacha na ndaoine lena mbaineann;
   (d) ráthaíochtaí nós imeachta;
   (da) forálacha a bhaineann le cosaint sonraí agus beartais maidir le cumarsáid agus rochtain ar dhoiciméid;
   (db) forálacha maidir leis an tseiceáil dlíthiúlachta agus na modhanna sásaimh ar féidir leis na daoine lena mbaineann dul ar a n-iontaoibh;
   (dc) an caidreamh le OIPE.

Le linn a chuid oibre ullmhúcháin, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an gCoiste Maoirseachta agus leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.

Déanfar aon ghníomh tarmligthe a ghlacfar i gcomhréir leis an mír seo a fhoilsiú chun críocha faisnéise ar shuíomh gréasáin na hOifige i dteangacha oifigiúla uile institiúidí an Aontais.” [Leasú 136]

"

(c)  cuirtear pointe (e) a leanas isteach sa chéad fhomhír de mhír 8:"

"(e) caidrimh le OIPE."; [Leasú 137]

"

(ca)  i mír 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:"

“Sula ndéanfar aon phionós araíonachta a fhorchur ar an Ard-Stiúrthóir, nó a dhíoluine/a díoluine a tharscaoileadh, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an gCoiste Maoirseachta.” [Leasú 138]

"

(14a)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19:"

“Airteagal 19

Tuarascáil mheastóireachta agus athbhreithniú

Tráth nach déanaí ná cúig bliana tar éis an dáta arna chinneadh i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 120(2) de Rialachán (AE) 2017/1939, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireacht ar chur i bhfeidhm agus ar thionchar an Rialacháin sin, go háirithe maidir le héifeachtacht agus éifeachtúlacht an chomhair idir an Oifig agus OIPE, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Beidh tuairim ón gCoiste Maoirseachta ag gabháil leis an meastóireacht sin.

Tráth nach déanaí ná dhá bhliain tar éis an tuarascáil mheastóireachta a thíolacadh de bhun na chéad fhomhíre, déanfaidh an Coimisiún togra reachtach a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle chun creat na hOifige a nuachóiriú, lena n-áirítear breis rialacha nó rialacha níos mionsonraithe maidir leis an Oifig, a cuid feidhmeanna nó na nósanna imeachta is infheidhme maidir lena cuid gníomhaíochtaí a chur ar bun, ag féachaint go háirithe dá comhar le OIPE, d’imscrúduithe trasteorann agus d’imscrúduithe i mBallstáit nach bhfuil rannpháirteach in OIPE.” [Leasú 139]

"

(14b)  Cuirtear Airteagal 19a nua isteach:"

“Airteagal 19a

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Tugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 17(8) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse ceithre bliana amhail ón ... (dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo). Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse ceithre bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 2(2) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 17(8) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.” [Leasú 140]

"

Airteagal 2

1.  Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.  Beidh feidhm ag na hAirteagail ó 12c go 12f dá dtagraítear i bpointe 12 in Airteagal 1 ón dáta arna shocrú i gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal 120(2) de Rialachán (AE) 2017/1939.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in/sa …,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

(1) Tuairim CIE Uimh. 8/2018.
(2)IO C 42, 1.2.2019, lch. 1.
(3) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019.
(4) Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).
(5) Rialachán ón gComhairle (AE) 2017/1939 an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).
(6)Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe a dhéanann an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle, (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).
(7)COIM(2017)0589. Ag gabháil leis an tuarascáil sin bhí Doiciméad Inmheánach Oibre um meastóireacht, SWD(2017)0332, mar aon le Tuairim ó Choiste Maoirseachta na hOifige, Tuairim 2/2017.
(8)Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile,(IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).
(9)Cuirfear Airteagal 129 isteach i Rialachán (AE) 2018/XX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (an Rialachán Airgeadais nua), ar baineadh comhaontú polaitiúil amach ina leith agus a bhfuil ionchas ann go nglacfar leis sna míonna beaga seo.
(10)Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 an 7 Deireadh Fómhair 2010 ón gComhairle maidir le comhar riaracháin agus calaois a chomhrac sa réimse maidir le cáin bhreisluacha (IO L 268, 12.10.2010, lch. 1).
(11) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachta an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(12)Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle an 13 Márta 1997 maidir le cúnamh frithpháirteach idir údaráis riaracháin na mBallstát agus maidir le comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún chun a áirithiú go gcuirfear an dlí ar ábhair chustaim agus ar ábhair thalmhaíochta i bhfeidhm i gceart (IO L 82, 22.3.1997, lch. 1).
(13)Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).
(14)IO C ….
(15)Rialachán ón gComhairle (AE) 2017/1939 an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear comhoibriú feabhsaithe chun feidhme maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘an EPPO’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).
(16)Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n‑aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).
(17)Cuirfear Airteagal 32a(3) isteach i dTreoir (AE) 2015/849 le Treoir (AE) 2018/XX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849, ar socraíodh comhaontú polaitiúil ina leith an 19 Nollaig 2017 agus a bhfuil ionchas ann go nglacfar é sna míonna atá le teacht.
(18)Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 an 7 Deireadh Fómhair 2010 ón gComhairle maidir le comhoibriú riaracháin agus calaois a chomhrac sa réimse maidir le cáin bhreisluacha (IO L 268, 12.10.2010, lch. 1).
(19) Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle an 13 Márta 1997 maidir le cúnamh frithpháirteach idir údaráis riaracháin na mBallstát agus maidir le comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún chun a áirithiú go gcuirfear an dlí ar ábhair chustaim agus ar ábhair thalmhaíochta i bhfeidhm i gceart, (IO L 082, 22.3.1997, lch. 1).
(20) Rialachán (AE) Uimh. 608/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir leis an bhforghníomhú a dhéanann údaráis chustaim ar chearta maoine intleachtúla agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1383/2003 ón gComhairle (IO L 181, 29.6.2013, lch. 15).


Lena mbunaítear an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim ***I
PDF 238kWORD 72k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim (COM(2018)0474 – C8-0273/2018 – 2018/0258(COD))
P8_TA(2019)0384A8-0460/2018

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2018)0474),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2), agus d’Airteagal (33), d’Airteagal 114 agus d’Airteagal 207 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0273/2018),

—  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 17 Deireadh Fómhair 2018(1),

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra agus do thuairimí an Choiste um Buiséid, an Coiste um Rialú Buiséadach agus an Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A8-0460/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é(2);

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil nó téacs eile a chur ina ionad;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 16 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) …/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim

P8_TC1-COD(2018)0258


TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 33, Airteagal 114 agus Airteagal 207 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(3),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(4),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  Is gá an trealamh cuí a bheith sna 2 140 oifig chustaim(5) atá suite ag teorainneacha seachtracha an Aontais Eorpaigh chun feidhmiú éifeachtach agus éifeachtúil an aontais custaim a áirithiú. Tá géarghá anois ann níos mó ná riamh i dtaca le rialuithe custaim leordhóthanacha coibhéiseacha a bheith ann, ní hamháin i ngeall ar an bhfeidhm a bhí ag na húdaráis chustaim go traidisiúnta ioncam a bhailiú ach toisc go bhfuil gá níos mó anois ann rialú earraí atá á dtabhairt isteach agus á dtabhairt amach thar theorainneacha seachtracha an Aontais a threisiú go mór chun sábháilteacht agus slándáil a áirithiú. Mar sin féin, san am céanna, níor cheart do na rialuithe sin ar ghluaiseacht earraí thar na teorainneacha seachtracha bac a chur ar thrádáil dhlisteanach le tríú tíortha, ach ba cheart dóibh an trádáil dhlisteanach sin a éascú, i gcomhréir leis na coinníollacha sábháilteachta agus slándála. [Leasú 1]

(1a)  Is cloch choirnéil den Aontas Eorpach é an t-aontas custaim, ar ceann de na bloic thrádála is mó ar domhan é, agus tá sé bunriachtanach le haghaidh dhea-fheidhmiú an mhargaidh aonair chun leasa ghnólachtaí agus shaoránaigh an Aontais Eorpaigh araon. Ina rún an 14 Márta 2018(6), chuir Parlaimint na hEorpa in iúl go raibh imní ar leith uirthi maidir le calaois chustaim, rud a bhí ina chúis le caillteanas suntasach ioncaim le haghaidh bhuiséad an Aontais. D’athdhearbhaigh Parlaimint na hEorpa nach féidir Eoraip níos láidre agus níos uaillmhianaí a bhaint amach ach amháin má dhéantar acmhainní airgeadais atreisithe a sholáthar di, agus d’iarr sí, dá bhrí sin, tacaíocht leanúnach a sholáthar do bheartais atá ann cheana, acmhainní a mhéadú do chláir shuaitheanta an Aontais, agus freagrachtaí breise a mheaitseáil le hacmhainní airgeadais breise. [Leasú 2]

(2)  Tá éagothroime ann faoi láthair i dtaca le feidhmíocht rialaithe custaim ag na Ballstáit. Is éard is cúis leis an éagothroime sin difríochtaí ar bhonn tíreolaíoch idir na Ballstáit, agus difríochtaí idir a n‑acmhainneacht agus acmhainní féin. An cumas atá sna Ballstáit freagra a thabhairt ar dhúshláin ar toradh iad ar shamhlacha domhanda gnó agus slabhraí soláthair atá ag forbairt i rith an ama, ní ar an ngné dhaonna amháin a bhíonn sé ag brath, ach ar threalamh rialaithe custaim atá nua-aimseartha agus iontaofa a bheith ar fáil freisin n-acmhainneachtaí agus a n-acmhainní faoi seach, mar aon le heaspa rialuithe custaim caighdeánaithe. Ní ar an ngné dhaonna amháin atá cumas na mBallstát ag brath chun freagairt do dhúshláin a chruthaítear de thoradh samhlacha domhanda gnó agus slabhraí soláthair a bhíonn ag éabhlú de shíor, ach ar threalamh rialaithe custaim atá nua-aimseartha agus iontaofa a bheith ar fáil agus ag feidhmiú go cuí freisin. Le dúshláin eile, amhail borradh faoi ríomhthráchtáil, digitiú na dtaifead rialaithe agus iniúchta, athléimneacht in aghaidh cibearionsaithe, sabaitéireacht, spiaireacht thionsclaíoch agus mí-úsáid sonraí, méadófar an t-éileamh freisin i gcomhair nósanna imeachtaí custaim atá ag feidhmiú níos fearr. Dá bhrí sin, is gné thábhachtach é trealamh rialaithe custaim coibhéiseach a sholáthar i dtaca le dul i ngleic leis an éagothroime atá ann faoi láthair. Cuirfidh sé feabhas ar choibhéis i bhfeidhmíocht rialuithe custaim ar fud na mBallstát, agus seachnófar atreorú sreafaí earraí i dtreo na bpointí is laige ar an gcaoi sin. Ba cheart go mbeadh na hearraí go léir a thagann isteach i gcríoch chustaim an Aontais faoi réir rialuithe críochnúla ionas nach mbeidh calaoiseoirí custaim in ann ‘siopadóireacht calafoirt’ a dheanamh. Chun a áirithiú go méadófar an neart foriomlán mar aon le cóineasú i bhfeidhmíocht rialuithe custaim ag Ballstáit, ní mór straitéis shoiléir a bheith ann maidir leis na pointí is laige. [Leasú 3]

(3)  Tá an gá atá acu le tacaíocht airgeadais curtha in iúl arís agus arís eile ag na roinnt Ballstáit, agus tá anailís chuimsitheach iarrtha acu ar an trealamh atá de dhíth. Sna conclúidí uaidh maidir le cistiú custaim an 23 Márta 2017(7), thug an Chomhairle cuireadh don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an bhféidearthacht na riachtanais i dtaca le trealamh teicniúil a chistiú ó chláir airgeadais an Choimisiúin amach anseo, agus comhordú agus comhar a fheabhsú idir na húdaráis chustaim agus údaráis um fhorfheidhmiú dlí eile chun críocha cistiúcháin. [Leasú 4]

(4)  Faoi Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(8), ba cheart rialuithe custaim a thuiscint, ní hamháin mar mhaoirseacht ar an reachtaíocht chustaim, ach ar reachtaíocht eile lena rialaítear tabhairt isteach earraí, tabhairt amach earraí, idirthuras earraí, gluaiseacht earraí, stóráil earraí agus úsáid deiridh earraí a ghluaistear idir críoch chustaim an Aontais agus tíortha nó críocha lasmuigh den chríoch sin, agus láithreacht agus gluaiseacht earraí nach earraí de chuid an Aontais iad laistigh de chríoch chustaim an Aontais agus earraí a chuirtear faoin nós imeachta um úsáid deiridh. Áirítear i reachtaíocht eile lena gcumhachtaítear do na húdaráis chustaim cúraimí sonracha rialaithe a dhéanamh forálacha maidir le cánachas, go háirithe i dtaca le dleachtanna máil agus cáin bhreisluacha, agus forálacha maidir le gnéithe seachtracha an mhargaidh inmheánaigh, maidir leis an gcomhbheartas trádála agus comhbheartais eile de chuid an Aontais a bhfuil baint acu le trádáil, maidir le slándáil an tslabhra soláthair agus maidir le cosaint leasanna airgeadais agus eacnamaíocha an Aontais agus na mBallstát.

(5)  Is féidir sochair an aontais custaim a uasmhéadú acu tacú le leibhéal leordhóthanach coibhéiseach rialuithe custaim a bhunú ag teorainneacha seachtracha an Aontais. Ina theannta sin, chuideodh idirghabháil thiomanta ar leibhéal an Aontais i dtaca le trealamh rialaithe custaim chun an éagothroime atá ann faoi láthair a chur ina ceart chun an comhtháthú idir na Ballstáit a fheabhsú ar an iomlán. I bhfianaise na ndúshlán atá roimh an domhan ina iomláine, go háirithe an gá le leasanna airgeadais agus eacnamaíocha an Aontais agus na mBallstát a chosaint, agus sreabhadh na trádála dlisteanaí a éascú san am céanna, tá sé ríthábhachtach trealamh rialaithe nua-aimseartha agus iontaofa a bheith ann ag na teorainneacha seachtracha.

(6)  Is iomchuí, dá bhrí sin, Ionstraim nua a bhunú le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim, ar cheart di braith cleachtas a áirithiú, amhail góchumadh earraí agus cleachtais neamhdhleathacha tráchtála eile. Ba cheart modhanna tacaíochta airgeadais atá ann cheana a mheas. [Leasú 5]

(7)  Ós rud é go bhfuil údaráis chustaim na mBallstát ag glacadh líon níos mó cúraimí orthu féin, lena gcuimsítear, go minic, réimse na slándála agus cúraimí a dhéantar ag an teorainn sheachtrach, ba cheart aghaidh a thabhairt ar choibhéis a áirithiú i rialú ag teorainneacha agus rialú custaim ag na teorainneacha seachtracha trí thacaíocht airgeadais leordhóthanach ón Aontas a chur ar fáil do na Ballstáit. Tá sé chomh tábhachtach céanna comhar idirghníomhaireachtaí a chur chun cinn, agus cibearshlándáil á meas san am céanna, ag teorainneacha an Aontais maidir le rialuithe earraí agus rialuithe daoine i measc údaráis náisiúnta gach Ballstáit atá freagrach as rialú ag teorainneacha nó as cúraimí eile a dhéantar ag an teorainn. [Leasú 6]

(8)  Is gá, dá bhrí sin, Ciste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha (“an Ciste”) a bhunú.

(9)  De bharr na sainghnéithe dlí is infheidhme maidir le Teideal V CFAE agus na mbunús dlí éagsúil is infheidhme maidir leis na beartais i dtaca le teorainneacha seachtracha agus rialú custaim, ní féidir, ó thaobh an dlí, an Ciste a bhunú mar ionstraim aonair.

(10)  Ba cheart an Ciste a bhunú, dá bhrí sin, mar chreat cuimsitheach le haghaidh tacaíocht airgeadais ón Aontas i réimse an bhainistithe teorainneacha ina gcuimsítear an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim (“an Ionstraim”) a bhunaítear leis an Rialachán seo mar aon leis an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do bhainistiú teorainneacha agus víosaí a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(9).

(11)  Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais don Ionstraim arb éard a bheidh ann an príomh-mhéid tagartha do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil, de réir bhrí phointe 17 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais(10). Chun smacht buiséadach a ghnóthú, ba cheart go mbeadh na coinníollacha maidir leis an gcaoi a ndéanfar na deontais a chur in ord tosaíochta soiléir, sainráite agus bunaithe ar riachtanais atá sainaitheanta maidir leis na cúraimí a dhéantar ag na pointí custaim. [Leasú 7]

(12)  Tá feidhm ag Rialachán (AE, Euratom) [2018/XXXX] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(11) (“an Rialachán Airgeadais”) maidir leis an Ionstraim seo. Leagtar síos leis rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, lena n‑áirítear na rialacha maidir le deontais.

(13)  Bunaítear le Rialachán (AE) [2018/XXX] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(12) clár custaim maidir le comhar i réimse an chustaim chun tacú leis an aontas custaim agus leis na húdaráis chustaim. Chun comhleanúnachas agus comhordú cothrománach a choinneáil idir gach gníomhaíocht chomhair, is iomchuí iad uile a chur chun feidhme faoi aon ghníomh dlí agus tacar rialacha amháin. Dá bhrí sin, níor cheart tacú ach amháin leis an trealamh rialaithe custaim atá incháilithe a cheannach, a chothabháil agus a uasghrádú leis an ionstraim seo, agus ba cheart tacú le gach gníomhaíocht ghaolmhar eile leis an gclár custaim le haghaidh comhar sa réimse custaim, amhail gníomhaíochtaí comhair chun measúnú a dhéanamh ar riachtanais trealaimh nó ar oiliúint i ndáil leis an trealamh lena mbaineann.

(13a)  Ba cheart caighdeáin optamacha, lena n-áirítear caighdeáin chibearshlándála, sábhailteachta, chomhshaoil agus sláinte, a bheith á gcomhlíonadh ag trealamh rialaithe custaim arna mhaoiniú faoin Ionstraim seo. [Leasú 8]

(13b)  Ba cheart nach mbeadh rochtain ar na sonraí a tháirgtear le trealamh rialaithe custaim arna mhaoiniú faoin Ionstraim seo ach ag foireann chuí-údaraithe na n-údarás, agus ba cheart gurb iadsan a phróiseálfadh na sonraí chomh maith, agus ba cheart na sonraí a chosaint go leormhaith i gcoinne rochtain nó cumarsáid neamhúdaraithe. Ba cheart go mbeadh smacht iomlán ag Ballstáit ar na sonraí seo. [Leasú 9]

(13c)  Ba cheart trealamh rialaithe custaim arna mhaoiniú faoin Ionstraim seo a bheith ina rannchuidiú le bainistiú rioscaí custaim optamach. [Leasú 10]

(13d)  Agus seantrealamh rialaithe custaim á ionadú trí bhíthin na hIonstraime seo, ba cheart do Bhallstáit a bheith freagrach as diúscairt seantrealaimh rialaithe custaim atá neamhdhíobhálach don chomhshaol. [Leasú 11]

(14)  Ina theannta sin, agus i gcás inarb iomchuí, ba cheart go dtacódh an Ionstraim freisin le ceannach nó uasghrádú trealaimh rialaithe custaim chun píosaí nua nó feidhmiúlachtaí nua a thástáil faoi dhálaí oibríochtúla sula dtosaíonn na Ballstáit ar threalamh nua den chineál sin a cheannach ar an mórchóir. Ba cheart an tástáil faoi dhálaí oibríochtúla a bheith bunaithe go háirithe ar thorthaí taighde ar threalamh rialaithe custaim faoi chuimsiú Rialachán (AE) [2018/XXX](13).

(15)  Féadfaidh sé go mbeidh an chuid is mó den trealamh rialaithe custaim curtha in oiriúint go coibhéiseach nó go teagmhasach do rialuithe comhlíontachta a bhaineann le reachtaíocht eile, amhail forálacha maidir le bainistiú teorainneacha, víosaí nó comhar póilíneachta. Ceapadh an Ciste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, dá bhrí sin, i bhfoirm dhá ionstraim chomhlántacha a bhfuil raon feidhme ar leith ag an dá cheann acu maidir le ceannach trealaimh, ach atá comhleanúnach mar sin féin. Ar lámh amháin, ní áireofar san ionstraim le haghaidh bainistiú teorainneacha agus víosaí arna bunú le Rialachán [2018/XXX](14) trealamh is féidir a úsáid le haghaidh bainistiú teorainneacha agus rialú custaim araon. Ar an lámh eile, ní hamháin go dtabharfaidh an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim arna bhunú leis an Rialachán seo tacaíocht airgeadais do threalamh agus rialú custaim mar phríomhchuspóir ag an tacaíocht sin, ach ceadófar fúithi an trealamh sin a úsáid freisin chun críocha bainteacha eile amhail rialuithe, sábháilteacht agus slándáil teorann. Cothófar leis an dáileadh ról sin comhar idirghníomhaireachta mar ghné den chur chuige Eorpach um bainistiú comhtháite teorainneacha, dá dtagraítear in Airteagal 4(e) de Rialachán (AE) 2016/1624(15), rud lena gcuirfear ar chumas na n‑údarás custaim agus teorann oibriú i gcomhar le chéile agus tionchar bhuiséad an Aontais a uasmhéadú trí bhíthin chomhroinnt agus idir-inoibritheacht an trealaimh rialaithe. Chun a áirithiú go mbeidh aon ionstraim nó trealamh arna maoiniú ag an gciste i gcoimeád buan an phointe chustaim ainmnithe ar leis an trealamh, ba cheart an gníomh comhroinnte agus idir-inoibritheachta idir údaráis chustaim agus teorann a shainmhíniú mar ghníomh neamhchórasach agus neamhrialta. [Leasú 12]

(16)  De mhaolú ar an Rialachán Airgeadais, ba cheart go mbeadh cláir nó ionstraimí áirithe de chuid an Aontais in ann gníomhaíocht a chistiú chun comhar agus idir-inoibritheacht thar réimsí éagsúla a cheadú, agus chun tacú leo sin, i gcás inarb iomchuí. Mar sin féin, sna cásanna sin, féadfaidh sé nach gcumhdóidh na ranníocaíochtaí na costais chéanna i gcomhréir le prionsabal an toirmisc ar chistiú dúbailte arna bhunú leis an Rialachán Airgeadais. Más rud é gur dámhadh ranníocaíochtaí do Bhallstát nó go bhfuil ranníocaíochtaí faighte aige ó chlár eile de chuid an Aontais nó tacaíocht ó chiste eile de chuid an Aontais chun an trealamh céanna a fháil, ba cheart an rannaíocht nó an tacaíocht sin a liostú san iarratas. [Leasú 13]

(16a)   Ba cheart don Choimisiún comhsholáthar agus comhthástáil trealaimh rialaithe custaim idir Ballstáit a dhreasú. [Leasú 14]

(17)  I bhfianaise na héabhlóide tapa atá ag teacht ar thosaíochtaí, bagairtí agus teicneolaíochtaí sa réimse custaim, níor cheart go leanfadh cláir oibre thar thréimhsí fada. San am céanna, an gá atá ann cláir oibre bhliantúla a bhunú, cuireann sé leis an ualach riaracháin don Choimisiún agus do na Ballstáit araon gan é a bheith riachtanach i dtaca leis an Ionstraim a chur chun feidhme. I bhfianaise an chúlra sin, ba cheart do na cláir oibre, i bprionsabal, níos mó ná bliain bhuiséadach amháin a chumhdach. Thairis sin, chun sláine leasanna straitéiseacha an Aontais a chaomhnú, moltar do Bhallstáit cibearshlándáil agus na rioscaí maidir le nochtach ionchasach sonraí íogaire lasmuigh den Aontas a mheas le linn dóibh tairiscint a chur isteach le haghaidh trealamh rialaithe custaim nua. [Leasú 15]

(18)  Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an chláir oibre faoin Rialachán seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán Uimh. (AE) 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(16). [Leasú 16]

(19)  Cé go bhfuil cur chun feidhme lárnach riachtanach chun an cuspóir sonrach a bhaint amach, is é sin rialuithe custaim coibhéiseacha a áirithiú, i bhfianaise cineál teicniúil na hIonstraime seo, teastaíonn obair ullmhúcháin ar an leibhéal teicniúil. Dá bhrí sin, ba cheart tacú leis an gcur chun feidhme trí mheasúnuithe aonair a dhéanamh ar na riachtanais atá ag brath ar shaineolas agus taithí ar an leibhéal náisiúnta, trí bhíthin rannpháirtíocht riaracháin chustaim na mBallstát. Ba cheart an measúnú sin ar riachtanais a bhunú ar mhodheolaíocht shoiléir lena n‑áirítear íosmhéid céimeanna chun a áirithiú go mbaileofar an fhaisnéis ábhartha a theastaíonn. [Leasú 17]

(20)  Chun faireachán agus tuairisciú rialta a áirithiú, ba cheart creat iomchuí a leagan síos chun faireachán a dhéanamh ar na torthaí a bhainfear amach de bharr na hIonstraime agus ar na gníomhaíochtaí a dhéanfar fúithi. Ba cheart faireachán agus tuairisciú den sórt sin a bheith bunaithe ar tháscairí cainníochtúla agus cáilíochtúla, lena dtomhaisfear éifeachtaí na ngníomhaíochtaí faoin Ionstraim. Ba cheart do na Ballstáit nós imeachta soláthair atá trédhearcach agus soiléir a áirithiú. Ba cheart a áireamh sna ceanglais tuairiscithe faisnéis mhionsonraithe áirithe faoi threalamh rialaithe custaim agus faoin nós imeachta soláthair thar thairseach costais ar leith, agus bonn cirt leis na caiteachais. [Leasú 18]

(21)  De bhun mhír 22 agus mhír 23 den chomhaontú idirinstitiúideach do Reachtóireacht Níos Fearr dar dáta an 13 Aibreán 2016(17), ní mór an ionstraim seo a mheas ar bhonn na faisnéise a bhailítear trí cheanglais shonracha faireacháin, agus rórialáil agus ualaí riaracháin á seachaint, go háirithe i leith na mBallstát. Ar na ceanglais sin is féidir a áireamh, i gcás inarb iomchuí, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí na hIonstraime ar an láthair.

(22)  Chun freagairt go hiomchuí don éabhlóid atá ag teacht ar thosaíochtaí beartais, bagairtí agus teicneolaíochtaí, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir le leis an Rialachán seo a leasú chun cláir oibre a leagan síos, leasú a dhéanamh ar na cuspóirí rialaithe custaim i gcás gníomhaíochtaí atá incháilithe faoin Ionstraim, agus ar an liosta táscairí chun gnóthú na gcuspóirí sonracha a thomhas. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí agus atá iomlán trédhearcach le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail atá leagtha síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile san am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. [Leasú 19]

(23)  I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(18), Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2988/95 ón gComhairle(19), Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle(20) agus Rialachán (AE) 2017/1939(21), déanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha, lena n‑áirítear trí neamhrialtachtaí agus calaois a chosc, a bhrath agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, smachtbhannaí riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n‑áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, féadfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh calaois agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a fhiosrú, de réir mar a fhoráiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(22). I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ní mór d’aon duine nó d’aon eintiteas a fhaigheann cistí ón Aontas comhoibriú go hiomlán i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais agus na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, do OIPE agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE), agus ní mór dó a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha.

(24)  Tá feidhm maidir leis an Rialachán seo ag na rialacha airgeadais cothrománacha arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Leagtar síos na rialacha sin sa Rialachán Airgeadais agus cinntear leo, go háirithe, an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme le deontais, soláthar, duaiseanna, agus cur chun feidhme indíreach, agus déantar foráil leo maidir le seiceálacha agus freagracht na ngníomhaithe airgeadais. Na rialacha a ghlactar ar bhonn Airteagal 322 CFAE, baineann siad freisin le cosaint bhuiséad an Aontais i gcás easnaimh ghinearálaithe maidir le smacht reachta sna Ballstáit, ós rud é gur réamhchoinníoll riachtanach urramú an smachta reachta i dtaca le bainistiú fónta airgeadais agus maoiniú éifeachtach de chuid an Aontais Eorpaigh. Ba cheart go n-urramófaí le cistiú faoin Ionstraim seo prionsabail na trédhearcachta, na comhréireachta, na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe. [Leasú 20]

(25)  Na cineálacha maoinithe agus na modhanna cur chun feidhme a úsáidfear faoin Rialachán seo, is ar bhonn a fhónta atá siad ó thaobh cuspóir sainiúil na ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus torthaí a bhaint amach ba cheart iad a roghnú, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar chostais rialuithe, ar an ualach riaracháin, agus ar an riosca neamh-chomhlíontachta a mheastar a bheith ann. Ba cheart cuimhneamh ar úsáid a bhaint as cnapshuimeanna, as rátaí comhréidhe agus as costais aonaid, agus as maoiniú nach mbaineann le costais mar a thagraítear dó in Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais. Ba cheart gurb iad na prionsabail treoracha chun cuspóirí na hIonstraime a bhaint amach ná feabhas a chur ar chur chun feidhme agus ar cháilíocht an chaiteachais, agus úsáid optamach na n-acmhainní airgeadais á háirithiú san am céanna. [Leasú 21]

(26)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon ionstraim a bhunú a thacaíonn leis an aontas custaim agus leis na húdaráis custaim, a ghnóthú go leordhóthanach i ngeall ar éagothroime oibiachtúil atá eatarthu ar an leibhéal tíreolaíoch, agus, de bharr an leibhéil agus na cáilíochta coibhéisí i dtaca le rialú custaim a sholáthrófar a bhuí le cur chuige comhordaithe agus cistiú láraithe, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

1.  Bunaítear leis an Rialachán seo an Ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim (‘an Ionstraim’), mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha (‘an Ciste’) chun tacaíocht airgeadais a sholáthar do cheannach, do chothabháil agus d’uasghrádú trealaimh rialaithe custaim.

2.  I gcomhpháirt le Rialachán [2018/XXX] lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do bhainistiú teorainneacha agus do víosaí(23), bunaítear an Ciste leis an Rialachán seo.

3.  Leagtar síos leis cuspóirí na hIonstraime, an buiséad don tréimhse 2021 – 2027, na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)  ciallaíonn ‘údaráis chustaim’ na húdaráis mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;

(2)  ciallaíonn ‘údaráis chustaim’ na gníomhartha sonracha mar a shainmhínítear i bpointe (3) d’Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;

(3)  ciallaíonn ‘trealamh rialaithe custaim’ trealamh atá beartaithe go príomha chun rialuithe custaim a dhéanamh;

(4)  ciallaíonn ‘trealamh rialaithe custaim soghluaiste’ aon chóir iompair, atá beartaithe, sa bhreis ar a hacmhainneacht shoghluaiste, a bheith ina píosa trealaimh rialaithe custaim nó atá iomlán feistithe le trealamh rialaithe custaim;

(5)  ciallaíonn ‘cothabháil’ idirghabhálacha coisctheacha, ceartaitheacha agus tuarthacha, lena n‑áirítear seiceálacha oibríochtúla agus feidhmiúla, seirbhísiú, deisiú agus ollchóiriú ach gan uasghrádú a chur san áireamh, is gá chun riocht inoibrithe sonraithe píosa trealaimh rialaithe custaim a choinneáil nó a athbhunú chun a shaolré úsáide uasta a bhaint amach;

(6)  ciallaíonn ‘uasghrádú’ idirghabhálacha éabhlóideacha is gá chun trealamh rialaithe custaim atá ann cheana a athrú ó riocht atá as dáta ina riocht úrscothach inoibrithe sonraithe.

Airteagal 3

Cuspóirí ionstraime

1.  Mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha agus d’fhonn an aidhm fhadtéarmach go ndéanfar rialuithe custaim uile san Aontas a chaighdeánú, tá sé mar chuspóir ginearálta leis an Ionstraim tacaíocht a thabhairt don aontas custaim agus d’údaráis chustaim chun leasanna airgeadais agus eacnamaíocha an Aontais agus na Ballstáit a chosaint, chun comhar idirghníomhaireachta a chur chun cinn ag teorainneacha an Aontais maidir le rialuithe earraí agus rialuithe daoine, chun slándáil agus sábháilteacht a áirithiú laistigh den Aontas agus an tAontas a chosaint ar thrádáil éagórach agus neamhdhleathach, agus gníomhaíocht ghnó dhlisteanach á héascú san am céanna. [Leasú 22]

2.  Tá cuspóir ar leith leis an Ionstraim, is é sin, rannchuidiú le rialuithe custaim leordhóthanacha agus coibhéiseacha trí threalamh rialaithe custaim atá ábhartha, úrscothach, slán, athléimneach in aghaidh cibearionsaithe, sábháilte, neamhdhíobhálach don chomhshaol agus iontaofa a cheannach, a chothabháil agus a uasghrádú ar bhealach iomlán trédhearcach. Cuspóir eile atá léi ná feabhas a chur ar cháilíocht rialuithe custaim ar fud Ballstát chun atreorú earraí i dtreo pointí níos laige san Aontas a sheachaint. [Leasú 23]

2a.  Rannchuideoidh an Ionstraim leis an mBainistiú Comhtháite Teorainneacha san Eoraip a chur chun feidhme trí thacaíocht a thabhairt do chomhar idirghníomhaireachta, do chomhroinnt agus d’idir-inoibritheacht an trealaimh nua a fuarthas tríd an Ionstraim. [Leasú 24]

Airteagal 4

Buiséad

1.  Is é EUR 1 149 175 000 i bpraghsanna 2018 (EUR 1 300 000 000 i bpraghsanna reatha) a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme na hIonstraime don tréimhse 2021 – 2027. [Leasú 25]

2.  Sa mhéid dá dtagraítear i mír 1, féadfar speansais maidir le hullmhú, le faireachán, le rialú, le hiniúchóireacht, le meastóireacht agus le gníomhaíochtaí eile a bhaineann le bainistiú na hIonstraime agus le meastóireacht a dhéanamh ar bhaint amach chuspóirí na hIonstraime a chumhdach freisin. Ina theannta sin, féadfar speansais a bhaineann le staidéir, cruinnithe saineolaithe, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a chumhdach sa mhéid sin, a fhad a bhaineann siad sin le cuspóirí na hIonstraime Féadfar a chumhdach freisin leis an méid dá dtagraítear i mír 1 speansais atá dlisteanach agus fíoraithe maidir le hullmhú, le faireachán, le rialú, le hiniúchóireacht, le meastóireacht agus le gníomhaíochtaí eile a bhaineann le bainistiú na hIonstraime agus le meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht na hIonstraime agus ar bhaint amach chuspóirí na hIonstraime a chumhdach chomh maith. Ina theannta sin, maidir le speansais atá dlisteanach agus fíoraithe a bhaineann le staidéir, cruinnithe saineolaithe, gníomhaireachtaí faisnéise agus cumarsáide, malartú sonraí idir na Ballstáit lena mbaineann, féadfar iad a chumhdach leis a fhad a bhaineann siad sin le cuspóirí sonracha na hIonstraime i dtaca leis an gcuspóir ginearálta, mar aon le speansais a bhaineann le líonraí teicneolaíochta faisnéise arb é is fócas dóibh próiseáil agus malartú faisnéise, lena n‑áirítear uirlisí teicneolaíochta faisnéise corparáideacha agus cúnamh teicniúil agus riaracháin eile a bhfuil gá leo i ndáil le bainistiú na hIonstraime. [Leasú 26]

Airteagal 5

Cur chun feidhme agus foirmeacha cistiúcháin ón Aontas

1.  Is tríd an mbainistíocht dhíreach a chuirfear an Ionstraim chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

1a.   Nuair a bhaineann an ghníomhaíocht a dtacaítear léi le trealamh a cheannach nó a uasghrádú, cuirfidh an Coimisiún coimircí leormhaithe agus bearta teagmhasacha ar bun lena n-áiritheofar gurb iad na húdaráis custaim ábhartha a úsáideann an trealamh uile a cheannaítear le tacaíocht ó chláir agus ionstraimí an Aontais i ngach cás ábhartha. [Leasú 27]

2.  Féadfar cistiú a sholáthar ón Ionstraim, agus an cistiú sin in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais agus go háirithe trí bhíthin deontas.

3.  Nuair a bhaineann an ghníomhaíocht lena bhfuiltear ag tacú le trealamh a cheannach nó a uasghrádú, cuirfidh an Coimisiún sásra comhordúcháin ar bun lena n‑áiritheofar éifeachtúlacht agus idir-inoibritheacht idir an trealamh uile a cheannaítear le tacaíocht ó chláir agus ionstraimí an Aontais, rud lena gceadófar comhairliúchán agus rannpháirtíocht ghníomhaireachtaí ábhartha an Aontais, go háirithe an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta. Leis an sásra comhordúcháin áireofar rannpháirtíocht agus comhairliúchán na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta chun breisluach an Aontais a uasmhéadú i réimse an bhainistithe teorainneacha. [Leasú 28]

3a.   Nuair a bhaineann an ghníomhaíocht a dtacaítear léi le trealamh a cheannach nó a uasghrádú, cuirfidh an Coimisiún coimircí leordhóthanacha agus bearta teagmhasacha ar bun lena n-áiritheofar go mbeidh caighdeáin aontaithe maidir le cothabháil rialta á gcomhlíonadh ag an trealamh go léir a cheannaítear le tacaíocht ó chláir agus ionstraimí an Aontais. [Leasú 29]

CAIBIDIL II

INCHÁILITHEACHT

Airteagal 6

Bearta incháilithe

1.  Ionas go mbeadh na gníomhaíochtaí incháilithe do chistiú faoin Ionstraim seo, ní mór na gníomhaíochtaí a bheith i gcomhréir leis na ceanglais seo a leanas:

(a)  cur chun feidhme na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3;

(b)  tacú le trealamh rialuithe custaim a cheannach, a chothabháil agus a uasghrádú lena mbeidh ceann amháin nó níos mó de na críocha rialaithe custaim seo a leanas:

(1)  cigireacht neamh-ionsáite;

(2)  léiriú ar nithe folaithe ar dhaoine;

(3)  radaíocht a bhrath agus núiclíd a shainaithint;

(4)  anailís ar shamplaí i saotharlanna;

(5)  sampláil agus anailís allamuigh ar shamplaí;

(6)  cuardach láimhe.

In Iarscríbhinn 1, leagtar síos liosta táscach den trealamh rialaithe custaim a d’fhéadfaí a úsáid chun na críocha rialaithe custaim dá dtagraítear i bpointe (1) go pointe (6) a bhaint amach.

2.  De mhaolú ar mhír 1, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfar ceannach, cothabháil agus uasghrádú iomlán trédhearcach trealaimh rialaithe custaim a chumhdach sna gníomhaíochtaí chun píosaí nua nó feidhmiúlachtaí nua a thástáil i ndálaí oibríochtúla. [Leasú 30]

3.  Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14 chun na críocha rialaithe custaim a leagtar amach i bpointe (b) de mhír 1 agus in Iarscríbhinn 1 a leasú i gcás inar gá an t‑athbhreithniú sin a dhéanamh agus chun fanacht cothrom le dáta maidir le forbairtí teicneolaíocha, patrúin athraitheacha i smuigleáil earraí agus le réitigh nua, chliste agus nuálacha chun críocha rialaithe custaim. [Leasú 31]

4.  Féadfar Ba cheart trealamh rialaithe custaim arna mhaoiniú faoin Ionstraim seo a úsáid le haghaidh rialuithe custaim, ach féadfar é a úsáid chun críocha atá sa bhreis ar rialuithe custaim, lena n‑áirítear i gcomhair rialú ar dhaoine chun tacú leis na húdaráis maidir le bainistíocht náisiúnta teorainneacha agus imscrúdú chun cuspóirí ginearálta agus sonracha na hIonstraime a leagtar amach in Airteagal 3 a chomhlíonadh. [Leasú 32]

4a.   Dreasóidh an Coimisiúin comhsholáthar agus comhthástáil trealaimh rialaithe custaim idir Ballstáit. [Leasú 33]

Airteagal 7

Eintitis incháilithe

De mhaolú ar Airteagal 197 den Rialachán Airgeadais, is iad údaráis chustaim na mBallstát a bheidh ina n‑eintitis incháilithe a sholáthraíonn an fhaisnéis is gá chun measúnuithe a dhéanamh ar na riachtanais a leagtar amach in Airteagal 11(3).

Airteagal 8

Ráta cómhaoinithe

1.  Féadfar leis an Ionstraim suas le 80 % de chostais incháilithe iomlána gníomhaíochta a mhaoiniú.

2.  Ní thabharfar aon chistiú os cionn na huasteorann sin ach amháin i gcúinsí eisceachtúla a bhfuil údar cuí tugtha leo.

2a.   Féadfar cistiú atá os cionn na huasteorann sin a dheonú i gcásanna comhsholáthar agus comhthastáil trealaimh rialaithe custaim idir na Ballstáit. [Leasú 34]

2b.   Féadfar a áireamh leis na cúinsí eisceachtúla dá dtagraítear i mír 2, trealaimh rialaithe custaim nua a cheannach agus an trealaimh sin a thíolacadh chuig comhthiomsú trealaimh theicniúil an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh. Fionnfar inghlacthacht trealaimh rialaithe custaim chuig an gcomhthiomsú trealaimh theicniúil i gcomhréir le hAirteagal 5(3). [Leasú 35]

Airteagal 9

Costais incháilithe

Ní bheidh na costais seo a leanas incháilithe le haghaidh cistiú faoin Ionstraim Beidh na costais ar fad a bhaineann le gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 6 incháilithe le haghaidh cistiú faoin Ionstraim, cé is moite den mhéid seo a leanas: [Leasú 36]

(a)  costais a bhaineann le ceannach talún;

(aa)  costais a bhaineann le hoiliúint nó le huasghrádú ar na scileanna is gá chun an trealamh a úsáid; [Leasú 37]

(b)  costais a bhaineann le bonneagar, amhail foirgnimh nó saoráidí amuigh faoin aeir, mar aon le troscán;

(c)  costais a bhaineann le córais leictreonacha, cé is moite de bhunachar sonraí bhogearraí agus nuashonrú ar bhogearraí is gá go díreach chun an trealamh rialaithe custaim a úsáid agus cé is moite de na bogearraí leictreonacha agus ríomhchlárú is gá chun bogearraí atá ann cheana a idirnascadh leis an trealamh rialuithe custaim; [Leasú 38]

(d)  costais a bhaineann le líonraí, amhail cainéil chumarsáide urraithe nó neamhurraithe, nó síntiúis cumarsáide shlána nó neamhshlána, nó síntiúis, cé is moite de líonraí nó síntiúis is gá go díreach chun an trealamh rialuithe custaim a úsáid; [Leasú 39]

(e)  costais a bhaineann le cóir iompair, amhail feithiclí, aerárthaí nó longa, cé is moite de threalamh rialaithe custaim soghluaiste;

(f)  costais a bhaineann le tomhaltáin, lena n‑áirítear ábhar tagartha nó calabrúcháin, le haghaidh trealamh rialaithe custaim;

(g)  costais a bhaineann le trealamh cosanta pearsanta.

CAIBIDIL III

DEONTAIS

Airteagal 10

Dámhachtain, comhlántacht agus cistiú comhcheangailte

1.  Dámhfar agus bainisteofar deontais faoin Ionstraim i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán Airgeadais.

2.  I gcomhréir le hAirteagal 195(f) den Rialachán Airgeadais, déanfar deontais a dhámhachtain gan glao ar thograí ar na heintitis incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 7.

3.  De mhaolú ar Airteagal 191 den Rialachán Airgeadais, maidir le gníomhaíocht a fuair ranníocaíocht ón gclár custaim le haghaidh comhar i réimse an chustaim arna bhunú le Rialachán (AE) [2018/XXX](24) nó ó aon chlár eile de chuid an Aontais, féadfar ranníocaíocht a thabhairt di faoin Ionstraim freisin, ar choinníoll nach gcumhdaítear na costais chéanna leis na ranníocaíochtaí. Beidh feidhm ag rialacha gach cláir de chuid an Aontais lena ndéantar ranníocaíocht maidir lena ranníocaíocht féin leis an ngníomhaíocht. Ní rachaidh an cistiú carnach thar chostais incháilithe iomlána na gníomhaíochta agus féadfar an tacaíocht ó na cláir éagsúla de chuid an Aontais a ríomh ar bhonn pro-rata i gcomhréir leis na doiciméid ina leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht.

CAIBIDIL IV

CLÁREAGRÚ, FAIREACHÁN AGUS MEASTÓIREACHT

Airteagal 11

Clár oibre

1.  Is leis na cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 110(2) den Rialachán Airgeadais a chuirfear an Ionstraim chun feidhme.

2.  Glacfaidh an Coimisiún na cláir oibre trí bhíthin gníomh cur chun feidhme. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15 Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14, lena leasaítear Iarscríbhinn 2a chun cláir oibre a leagan síos. [Leasú 40]

3.  Beidh measúnú aonair ar na riachtanais mar thacaíocht le hullmhú na gclár oibre dá dtagraítear i mír 1 agus beidh an méid seo a leanas ar a laghad i gceist leis sin: [Leasú 41]

(a)  catagóiriú coiteann ar phointí trasnaithe teorann;

(b)  fardal uileghabhálach den trealamh rialaithe custaim atá ar fáil agus feidhmiúil; [Leasú 42]

(c)  sainmhíniú coiteann ar threalamh rialaithe custaim ar chaighdeán íosta agus barrmhaith teicniúil trí thagairt a dhéanamh don chatagóir pointí trasnaithe teorann agus [Leasú 43]

(ca)  measúnú ar leibhéal optamach trealaimh rialaithe custaim trí thagairt a dhéanamh don chatagóir pointí trasnaithe teorann; agus [Leasú 44]

(d)  meastachán mionsonraithe ar riachtanais airgeadais ag brath ar mhéid na n-oibríochtaí custaim agus ar an ualach oibre coibhneasta. [Leasú 45]

Is ó na gníomhaíochtaí arna ndéanamh faoin gclár Custaim 2020 arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1294/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(25) nó faoin gclár custaim le haghaidh comhar i réimse an chustaim arna bhunú le Rialachán [2018/XXX](26) a dhéanfar an measúnú ar na riachtanais agus déanfar é a thabhairt cothrom le dáta go rialta agus gach 3 bliana ar a laghad.

Airteagal 12

Faireachán agus tuairisciú

1.  Na táscairí a úsáidfear le tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn na hIonstraime maidir le baint amach na gcuspóirí ginearálta sonracha a leagtar amach in Airteagal 3, déantar iad a leagan amach in Iarscríbhinn 2 I gcomhréir lena cheanglas tuairiscithe de bhun phointe (e)(i) d’Airteagal 38(3) den Rialachán Airgeadais, cuirfidh an Coimisiún faisnéis maidir le feidhmíocht an Chláir faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Áireofar sa tuairisciú maidir le feidhmíocht ón gCoimisiún faisnéis ar dhul chun cinn agus ar easnaimh araon. [Leasú 46]

2.  Leagtar amach in Iarscríbhinn 2 na táscairí chun tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn na hIonstraime i dtreo bhaint amach na gcuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar amach in Airteagal 3. Chun a áirithiú go ndéanfar dul chun cinn na hIonstraime a mheas go héifeachtach i dtreo bhaint amach a cuspóirí, tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 14, chun Iarscríbhinn 2 a leasú chun na táscairí a athbhreithniú nó a fhorlíonadh i gcás ina measfar gur gá, agus chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú chun faisnéis nuashonraithe cháilíochtúil agus chainníochtúil maidir le feidhmíocht an Chláir a sholáthar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. [Leasú 47]

3.  Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta áiritheofar go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar thorthaí na hIonstraime, go mbaileofar iad ar dhóigh atá inchomparáide agus iomlán mar aon le héifeachtúil éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí ón Aontas. Déanfaidh an Coimisiún faisnéis iontaofa ar cháilíocht na sonraí feidhmíochta a úsáidtear a sholáthar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. [Leasú 48]

4.  Ar na ceanglais tuairiscithe dá dtagraítear i mír 3 áiritheofar ar a laghad an fhaisnéis seo a leanas a chur in iúl don Choimisiún go bliantúil i gcás ina gcosnaíonn píosa trealaimh rialaithe custaim níos mó ná EUR 10 000 gan cánacha a chur san áireamh:

(a)  dátaí coimisiúnaithe agus díchoimisiúnaithe an trealaimh rialaithe custaim;

(b)  staidreamh maidir le húsáid an trealaimh rialaithe custaim;

(c)  faisnéis faoi thorthaí ó úsáid an trealaimh rialaithe custaim.

(ca)   láithreacht agus staid na n-ítimí trealaimh arna chistiú ó bhuiséad an Aontais cúig bliana i ndiaidh iad a choimisiúnú; [Leasú 49]

(cb)   faisnéis maidir le huaireanta cothabhála trealamh rialaithe custaim; [Leasú 50]

(cc)   faisnéis faoin nós imeachta soláthair; [Leasú 51]

(cd)   bonn cirt leis na caiteachais. [Leasú 52]

Airteagal 13

Meastóireacht

1.  Déanfar meastóireachtaí go tráthúil sa dóigh agus go bhféadfar leas a bhaint astu sa phróiseas cinnteoireachta Sna meastóireachtaí ar ghníomhaíochtaí arna gcistiú faoin Ionstraim agus dá dtagraítear in Airteagal 6, deanfar measúnú ar thorthaí, tionchar agus éifeachtacht na hIonstraime, agus déanfar iad go tráthúil chun a n-úsáid éifeachtúil sa phróiseas cinnteoireachta a áirithiú. [Leasú 53]

2.  Déanfar an mheastóireacht eatramhach ar an Ionstraim a luaithe a bheidh faisnéis leordhóthanach ar fáil faoi chur chun feidhme na hIonstraime, ach tráth nach déanaí ná ceithre trí bliana ó thosach chur chun feidhme na hIonstraime. [Leasú 54]

Leis an meastóireacht eatramhach, cuirfear i láthair na fionnachtana is gá chun cinneadh a dhéanamh maidir le hobair leantach ar an gClár tar éis 2027 agus maidir lena chuspóirí. [Leasú 55]

3.  I ndeireadh chur chun feidhme na hIonstraime, ach tráth nach déanaí ná ceithre trí bliana tar éis dheireadh na tréimhse a shonraítear in Airteagal 1, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh ar an Ionstraim. [Leasú 56]

4.  Cuirfidh an Coimisiún conclúidí na meastóireachtaí chomh maith lena bharúlacha agus na ceachtanna a foghlaimíodh, in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún. [Leasú 57]

4a.  Cuirfidh an Coimisiún páirtmheastóireachtaí bliantúla san áireamh ina thuarascáil dar teideal “Cosaint Leasanna Airgeadais an Aontais Eorpaigh – An comhrac i gcoinne na calaoise”. [Leasú 58]

CAIBIDIL V

AN TARMLIGEAN A FHEIDHMIÚ AGUS AN NÓS IMEACHTA COISTE

Airteagal 14

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 6(3) agus in Airteagal 12(2) Airteagail 6(3), 11(2) agus 12(2) a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2028. [Leasú 59]

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 6(3) agus in Airteagal 12(2) Airteagail 6(3), 11(2) agus 12(2) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana. [Leasú 60]

4.  Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n‑ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.  Ní thiocfaidh Tiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 6(3) agus Airteagal 12(2) Airteagail 6(3), 11(2) agus 12(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle. [Leasú 61]

Airteagal 15

Nós imeachta coiste

1.  Déanfaidh “Coiste an Chláir Custaim” dá dtagraítear in Airteagal 18 de Rialachán (AE) [2018/XXX](27) cúnamh a thabhairt don Choimisiún.

2.  I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. [Leasú 62]

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS DEIRIDH

Airteagal 16

Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

1.  Tabharfaidh faighteoirí cistiúcháin ón Aontas aitheantas d’fhoinse an chistithe ón Aontas agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe (go háirithe nuair a bhíonn bheidh na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á bpoibliú bhfógairt) trí le fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n‑áirítear na meáin agus an pobal, agus, ar an gcaoi sin, breisluach AE á léiriú agus cuidiú á thabhairt le hiarrachtaí bailithe sonraí an Choimisiúin chun trédhearcacht bhuiséadach a fheabhsú. [Leasú 63]

2.  Cuirfidh Chun trédhearcacht a áirithiú, soláthróidh an Coimisiún chun feidhme gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide go rialta don phobal faisnéis a bhaineann leis an Ionstraim, lena gníomhaíochtaí agus lena torthaí. Leis na hacmhainní airgeadais arna leithdháileadh ar an Ionstraim, rannchuideofar le cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais freisin, a fhad a bhaineann siad sin leis na cuspóirí dá dtagraítear, agus tagairt á déanamh, inter alia, do na cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 3 11. [Leasú 64]

Airteagal 17

Forálacha idirthréimhseacha

Más gá, féadfar leithreasuithe a iontráil sa bhuiséad tar éis 2027 chun na speansais dá bhforáiltear in Airteagal 4(2) a chumhdach, ionas go mbeifear in ann na gníomhaíochtaí nach mbeidh curtha i gcrích faoin 31 Nollaig 2027 a bhainistiú.

Airteagal 18

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in/sa …,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN 1

Liosta táscach de threalamh rialaithe custaim i ndáil le críoch an rialaithe custaim dá dtagraítear in Airteagal 6(1)(b)

CRÍOCH AN RIALAITHE CUSTAIM

TREALAMH AN RIALAITHE CUSTAIM

CATAGÓIR

FEIDHM

Cigireacht neamh-ionsáite

Scanóir x-gha - Ardfhuinneamh

Coimeádáin, trucailí, vaigíní iarnróid agus feithiclí

Scanóir x-gha - Ísealfhuinneamh

Pailléid, boscaí agus beartáin

Bagáiste paisinéirí

Feithiclí

Cúlscaipeadh x-gha

Coimeádáin

Trucailí

Feithiclí

Eile

Uimhirphláta Uathoibríoch / Córais Aitheantais Coimeádán

Scálaí ualaithe feithiclí

Forcardaitheoirí agus trealamh rialaithe custaim soghluaiste comhchosúil

Léiriú ar nithe folaithe ar dhaoine(28)

Tairseach cúlscaipthe x-gha bunaithe ar x-ghathanna

Rud a úsáidtear in aerfoirt den chuid is mó chun nithe folaithe a bhrath ar dhaoine (drugaí, pléascáin, airgead)

Scanóir coirp

Scanóir slándála bunaithe ar thonnta milliméadair

Radaíocht a bhrath agus núiclíd a shainaithint

Brath Raideolaíoch agus Núicléach

Monatóir Radaíochta Pearsanta/brathadóir (PRM)

Brathadóir Radaíochta Láimhe

Feiste Sainaitheantais Iseatóip (RIID)

Monatóir Tairsí Radaíochta (RPM)

Monatóir Tairsí Speictriméadair le haghaidh sainaitheantas iseatóip (SPM)

Anailís ar shamplaí i saotharlanna

Na hearraí go léir a d'fhéadfadh a bheith ann a shainaithint, a chainníochtú agus a fhíorú

Crómatagrafaíocht gháis agus leachta (GC, LC, HPLC…)

Speictriméadracht agus teicnící comhcheangailte le speictriméadracht (IR, Raman, UV-VIS, Fluaraiseacht, GC-MS…)

Trealamh x-gha (XRF…)

Speictriméadracht NMR agus anailísí iseatóip cobhsaí

Trealamh saotharlainne eile (AAS, Anailíseoir Driogtha, DSC, Leictreafóiréis, Micreascóp, LSC, Meaisín tobac…)

[Leasuithe 65, 66, 67 agus 68]

CRÍOCH AN RIALAITHE CUSTAIM

TREALAMH AN RIALAITHE CUSTAIM

CATAGÓIR

FEIDHM

Sampláil agus anailís allamuigh ar shamplaí

Rian a bhrath bunaithe ar Speictriméadracht Soghluaisteachta Ian (IMS)

Trealamh iniompartha chun rianta ábhar bagartha sonrach a bhrath

Brath rianta cainínigh

Le haghaidh réimse rioscaí ar nithe beaga agus móra

Sampláil

Uirlisí a úsáidtear chun samplaí a thógáil, cochall eastarraingthe, lámhainnbhosca

Saotharlanna shoghluaiste

Feithiclí lánfheistithe chun anailís allamuigh a dhéanamh ar shamplaí

[Anailís ar ábhair orgánacha, ar mhiotail agus ar chóimhiotail] Brathadóirí láimhe

Tástálacha dathmhéadracha ceimiceacha

Speictreascópacht Raman

Speictreascópacht infridheirg

Fluaraiseacht x-gha

Brathadóirí gáis i gcomhair coimeádán

Cuardach láimhe

Uirlisí láimhe pearsanta

Uirlisí póca

Foireann uirlisí meicnice

Scáthán teileascópála

Feistí

Ionscóp

|Brathadóir miotail do-aistrithe nó láimhe

Ceamaraí chun an taobh íochtair d'fheithiclí a sheiceáil

Feiste ultrasonach

Méadar dlúis

Eile

Cuardach fo-uisce

IARSCRÍBHINN 2

Táscairí

Cuspóir sonrach: Rannchuidiú le rialuithe custaim leordhóthanacha agus coibhéiseacha trí threalamh rialaithe custaim atá ábhartha, úrscothach agus iontaofa a cheannach, a chothabháil agus a uasghrádú

1.  Trealamh atá ar fáil

(a)  Trealamh rialaithe custaim ar fáil ag Pointí Trasnaithe Teorann talún lena gcomhlíontar caighdeáin arna gcomhaontú (de réir an chineáil trealaimh)

(b)  Trealamh rialaithe custaim ar fáil ag Pointí Trasnaithe Teorann farraige lena gcomhlíontar caighdeáin arna gcomhaontú (de réir an chineáil trealaimh)

(c)  Trealamh rialaithe custaim ar fáil ag Pointí Trasnaithe Teorann aeir lena gcomhlíontar caighdeáin arna gcomhaontú (de réir an chineáil trealaimh)

(d)  Trealaimh rialaithe custaim ar fáil ag Pointí Trasnaithe Teorann poist lena gcomhlíontar caighdeáin arna gcomhaontú (de réir an chineáil trealaimh)

(e)  Trealamh rialaithe custaim ar fáil ag Pointí Trasnaithe Teorann iarnróid lena gcomhlíontar caighdeáin arna gcomhaontú (de réir an chineáil trealaimh)

1a.  Slándáil agus Sábháilteacht

(a)  A mhéid a chomhlíontar caighdeáin slándála an trealaimh rialaithe custaim ag na Pointí Trasnaithe Teorann uile, lena n-áirítear cibearslándáil

(b)  A mhéid a chomhlíontar caighdeáin sabháilteachta an trealaimh rialaithe custaim ag na Pointí Trasnaithe Teorann uile. [Leasú 69]

1b.  Sláinte agus Comhshaol

(a)  A mhéid a chomhlíontar caighdeáin sláinte an trealaimh rialaithe custaim ag na Pointí Trasnaithe Teorann uile

(b)  A mhéid a chomhlíontar caighdeáin chomhshaoil an trealaimh rialaithe custaim ag na Pointí Trasnaithe Teorann uile [Leasú 70]

IARSCRÍBHINN 2a

Cláir oibre [Leasú 71]

IARSCRÍBHINN 2b

Cúinsí eisceachtúla a bhaineann le cistiú breise [Leasú 72]

(1)IO C 62, 15.2.2019, lch. 67.
(2)Tá an seasamh seo i gcomhréir leis na leasuithe a glacadh an 15 Eanáir 2019 (Téacsanna a glacadh, P8_TA(2019)0001).
(3)IO C 62, 15.2.2019, lch. 67.
(4)Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019.
(5)Iarscríbhinn a ghabhann le Tuarascáil Bhliantúil 2016 ar fheidhmíocht an aontais custaim. https://ec.europa.eu/info/publications/annual-activity-report-2016-taxation-and-customs-union_en.
(6)P8_TA(2018)0075: An chéad CAI eile: Ag ullmhú sheasamh na Parlaiminte maidir le CAI tar éis 2020.
(7)https://www.consilium.europa.eu/media/22301/st09581en17-vf.pdf agus http://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-7586-2017-INIT/en/pdf.
(8)Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).
(9)COM(2018)0473
(10)Comhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais (IO C 373, 20.12.2013, lch. 1).
(11)COM(2016)0605.
(12)COM(2018)0442.
(13)COM(2018)0435.
(14)COM(2018)0473.
(15)Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 863/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2005/267/CE ón gComhairle (IO L 251, 16.9.2016, lch. 1).
(16)Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(17)Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1).
(18)Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).
(19)Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 an 18 Nollaig 1995 ón gComhairle maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).
(20)Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).
(21)Rialachán (AE) 2017/1939 an 12 Deireadh Fómhair 2017 ón gComhairle lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).
(22)Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).
(23)COM(2018)0473.
(24)COM(2018)0442.
(25)Rialachán (AE) Uimh. 1294/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear clár gníomhaíochta um chustam san Aontas Eorpach don tréimhse 2014-2020 (Custam 2020) agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Uimh. 624/2007/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 209).
(26)COM(2018)0442.
(27)COM(2018) 442.
(28)Faoi réir forálacha reachtacha is infheidhme agus moltaí eile maidir le cosaint sláinte agus meas ar phríobháideachas.


Lena mbunaítear an clár ‘Custaim’ le haghaidh comhar i réimse an chustaim ***I
PDF 238kWORD 74k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an clár ‘Custaim’ chun comhar a dhéanamh i réimse an chustaim (COM(2018)0442 – C8-0261/2018 – 2018/0232(COD))
P8_TA(2019)0385A8-0464/2018

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2018)0442),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagail 33, 114 agus 207 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0261/2018),

—  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 17 Deireadh Fómhair 2018(1),

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra agus do na tuairimí ón gCoiste um Buiséid agus ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A8-0464/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo(2);

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 16 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) …/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an clár 'Custaim' chun comhar a dhéanamh i réimse an chustaim

P8_TC1-COD(2018)0232


TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 33, Airteagal 114 agus 207 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(3),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(4),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)  Leis an gclár Custam 2020 a cuireadh ar bun faoi a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1294/2013(5) agus lena réamhtheachtaithe, rannchuidíodh go mór le comhar custaim a éascú agus a fheabhsú a neartú. Is de chineál trasteorann go leor de na gníomhaíochtaí custaim a bhaineann leis na Ballstáit uile agus a dhéanann difear dóibh uile agus, dá bhrí sin, ní féidir le gach aon Bhallstát iad a chur chun feidhme go héifeachtach ná go héifeachtúil ina aonar. Le clár custaim ar fud an Aontais, arna chur chun feidhme ag an gCoimisiún, cuirtear creat ar fáil ar leibhéal an Aontais do na Ballstáit chun gníomhaíochtaí comhair den chineál sin a fhorbairt, rud atá níos costéifeachtaícreat comhair aonair a bheith á chur ar bun ag gach aon Bhallstát ar leibhéal déthaobhach nó iltaobhach. Tá ról riachtanach ag an gclár custaim freisin i gcoimirciú leasanna airgeadais an Aontais agus na mBallstát trí bhailiú éifeachtach dleachtanna custaim a áirithiú agus, ar an gcaoi sin, a bheith ina fhoinse thábhachtach ioncaim do bhuiséad an Aontais agus do na buiséid náisiúnta, agus trí dhíriú ar fhothú acmhainneachta TF agus ar chomhar níos mó i réimse an chustaim. De bhreis air sin, tá gá le rialuithe comhchuibhithe agus caighdeánaithe chun sreafaí trasteorann neamhdhleathacha earraí a leanúint agus chun calaois a chomhrac. Is iomchuí agus is ar mhaithe le héifeachtúlacht é, dá bhrí sin, leanúnachas ghníomhaíochtaí maoinithe an Aontais i réimse an chomhair custaim a áirithiú trí chlár nua a bhunú sa réimse céanna, an clár ‘Custaim’ (‘an Clár’). [Leasú 1]

(1a)  Le 50 bliain anuas, tá an t-aontas custaim, arna chur chun feidhme ag údaráis náisiúnta chustaim, ina chuid lárnach den Aontas Eorpach, ar ceann de na bloic thrádála is mó ar domhan é. Is sampla suntasach é an t-aontas custaim de lánpháirtiú rathúil an Aontais, agus tá sé bunriachtanach le haghaidh dhea-fheidhmiú an mhargaidh aonair chun leasa gnólachtaí agus saoránach araon. Chuir Parlaimint na hEorpa in iúl an imní atá uirthi go háirithe maidir le calaois chustaim, sa rún uaithi a glacadh an 14 Márta 2018, dar teideal ‘An chéad CAI eile: Ag ullmhú sheasamh na Parlaiminte maidir le CAI tar éis 2020’. Ní féidir Aontas níos láidre agus níos uaillmhianaí a bhaint amach ach amháin má dhéantar acmhainní airgeadais treisithe, tacaíocht leanúnach do na beartais atá ann cheana féin, agus tuilleadh acmhainní a chur ar fáil dó. [Leasú 2]

(2)  Tháinig athruithe móra ar an aontas custam le caoga 50 bliain anuas, agus déanann réimse leathan cúraimí teorann á gcomhlíonadh ag an lucht riaracháin custaim cuid mhór cúraimí ag na teorainneacha anois. Ag gníomhú oibriú le chéile, oibríonn siad déanann siad a ndícheall chun trádáil a éascú agus rómhaorlathas maorlathas a laghdú, ioncam a bhailiú le haghaidh buiséid náisiúnta agus buiséad de chuid an Aontais, agus chun cuidiú leis an bpobal a chosaint ar bhagairtí sceimhlitheoireachta, sláinte agus comhshaoil, anuas ar bhagairtí eile. Go háirithe, trí chreat comhchoiteann(6)(7) a thabhairt isteach le haghaidh bainistiú riosca custaim ar leibhéal an Aontais agus trí shreafaí móra airgid a rialú chun dul i ngleic le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, cuireann na húdaráis chustaim iad féin chun tosaigh sa chomhrac in aghaidh na sceimhlitheoireachta, na coireachta eagraithe agus na hiomaíochta éagóraí. I bhfianaise a sainordaithe leathain, is iad na húdaráis chustaim anois, i ndáiríre, na húdaráis is mó a bhfuil baint acu le rialú earraí ar theorainneacha seachtracha an Aontais. Sa chomhthéacs sin, níor cheart go gcumhdófaí comhar custaim amháin sa chlár Custaim ach freisin ba cheart tacaíocht a chur ar fáil don mhisean custaim ina iomláine amhail dá bhforáiltear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, eadhon maoirseacht ar thrádáil idirnáisiúnta an Aontais, cur chun feidhme ghnéithe seachtracha an mhargaidh inmheánaigh, an comhbheartas tráchtála agus comhbheartais eile de chuid an Aontais a bhfuil tionchar acu ar thrádáil agus ar shlándáil an tslabhra soláthair. Dá bhrí sin, le bunús dlí an Rialacháin seo, ba cheart go gcumhdófar comhar custaim (Airteagal 33 CFAE), an margadh inmheánach (Airteagal 114 CFAE) agus an beartas tráchtála (Airteagal 207 CFAE). [Leasú 3]

(3)  Trí Ba cheart go mbeadh sé mar chuspóir ginearálta leis an gClár cuidiú leis na Ballstáit agus an Coimisiún trí chreat gníomhaíochtaí a sholáthar a bhfuil sé mar chuspóirí leis a bhfuil sé mar aidhm leis tacaíocht a thabhairt don aontas custaim agus d'údaráis custaim, leis an gClár, ba cheart , agus é mar chuspóir fadtéarmach leis go n-oibreoidh na húdaráis chustaim go léir san Aontas i gcomhar le chéile a dhlúithe is féidir; rannchuidiú le leasanna airgeadais agus eacnamaíocha an Aontais agus a Bhallstát a chosaint; an tAontas a chosaint ar thrádáil éagórach neamhdhleathach, agus tacaíocht á tabhairt do ghníomhaíocht a chosaint ar chleachtais thrádála éagóracha agus neamhdhleathacha, agus gníomhaíochtaí dlisteanach gnóá spreagadh agus slándáil agus sábháilteacht an Aontais agus a chónaitheoirí á deimhniú, agus ar an gcaoi sin cosaint tomhaltóirí a fheabhsú; agus trádáil dhlisteanach a éascú, ionas gur féidir le gnólachtaí agus saoránaigh lántairbhe a bhaint as an margadh inmheánach agus as an trádáil dhomhanda. [Leasú 4]

(3a)  Ós rud é gur léir anois nach féidir roinnt de na córais dá dtagraítear in Airteagal 278 de Chód Custaim an Aontais a imlonnú ach i bpáirt faoin 31 Nollaig 2020, rud a thugann le fios go leanfar de chórais neamhleictreonacha a úsáid i ndiaidh an dáta sin, agus in éagmais leasuithe reachtacha a chuireann síneadh leis an spriocdháta sin, nach mbeidh cuideachtaí agus údaráis chustaim in ann a ndualgais agus a n-oibleagáidí dlíthiúla a chomhlíonadh i dtaca le hoibríochtaí custaim, ba cheart go mbeadh sé ar cheann de phríomhchuspóirí sonracha an Chláir cuidiú leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún na córais leictreonacha sin a chur ar bun. [Leasú 5]

(3b)  Is réimse beartais dinimiciúil í an bhainistíocht chustaim, a bhfuil dúshláin nua roimpi a eascraíonn as samhlacha gnó agus slabhraí soláthair domhanda atá de shíor ag forbairt, agus as pátrúin tomhaltais atá ag athrú agus as an digitiú, amhail an ríomhthráchtáil, lena n-áirítear idirlíon na rudaí nithiúla, anailísíocht sonraí, intleacht shaorga, teicneolaíocht bhlocshlabhra. Leis an gClár, ba cheart go dtacófaí le bainistíocht chustaim sna cásanna sin agus go gcumasófaí úsáid réiteach nuálach. Leis na dúshláin sin, leagtar tuilleadh béime ar an ngá le comhar a fhorfheidhmiú idir údaráis chustaim agus ar an ngá leis an reachtaíocht chustaim a léirmhíniú agus a chur chun feidhme go comhionann. I gcás ina bhfuil an t-airgeadas poiblí faoi bhrú, ina dtagann ardú ar an méid trádála domhanda agus arb ábhar imní atá ag dul i méid iad calaois agus smuigleáil; ba cheart, leis an gClár, go rannchuideofaí le dul i ngleic leis na dúshláin sin. [Leasú 6]

(3c)  Chun an éifeachtúlacht is mó is féidir a bhaint amach agus forluí a sheachaint, ba cheart don Choimisiún cur chun feidhme an Chláir a chomhordú le cláir agus cistí ábhartha eile de chuid an Aontais. Áirítear leis sin go háirithe Clár Fiscalis, Clár Frithchalaoise AE agus Clár an Mhargaidh Aonair, chomh maith leis an gCiste Slándála Inmheánaí agus an Ciste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an Clár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach, an Clár don Eoraip Dhigiteach, an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus an Cinneadh ón gComhairle maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh, chomh maith leis na rialacháin agus bearta cur chun feidhme. [Leasú 7]

(3d)  Maidir le tarraingt siar fhéideartha na Ríochta Aontaithe as an Aontas, ní chuirtear san áireamh leis an imchlúdach airgeadais na costais arna n-eascairt as an gcomhaontú um tharraingt siar a shíniú agus as an gcaidreamh a d’fheadfadh a bheith ann amach anseo idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas. D’fhéadfadh sé go dtiocfadh costais bhreise, nach féidir a thomhas go cruinn ag tráth bunaithe an Chláir, as síniú an chomhaontaithe sin, as dícheangal na Ríochta Aontaithe ó gach córas agus comhar custaim atá ann cheana, agus as dul i léig a cuid oibleagáidí dlíthiúla sa réimse sin. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún cuimhneamh ar dhóthain acmhainní a choinneáil siar chun ullmhú do na costais fhéideartha sin. Mar sin féin, níor cheart do na costais sin a bheith cumhdaithe ag imchlúdach an Chláir, mar nach leor an buiséad dá bhforálfar sa Chlár ach chun na costais a chumhdach a d’fhéadfaí a thuar go réalaíoch ag tráth bunaithe an Chláir. [Leasú 8]

(4)  Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais don Chlár, arb éard a bheidh ann an príomh‑mhéid tagartha do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil, de réir bhrí phointe 17 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais(8).

(5)  D'fhonn an próiseas aontachais agus comhlachais a éascú do thríú tíortha, ba cheart an Clár a bheith oscailte do rannpháirtíocht tíortha aontacha agus tíortha is iarrthóirí, mar aon le hiarrthóirí ionchasacha agus tíortha comhpháirtíochta Bheartas Comharsanachta na hEorpa, má chomhlíontar gach coinníoll. Féadfar é a oscailt do thríú tíortha eile freisin, faoi na coinníollacha dá bhforáiltear i gcomhaontuithe sonracha idir an tAontas agus na tíortha lena mbaineann maidir le rannpháirtíocht na dtíortha sin in aon chlár de chuid an Aontais, más rud é gur chun leasa an Aontais an rannpháirtíocht sin agus go mbeadh tionchar dearfach aici ar an margadh inmheánach gan difear a dhéanamh do chosaint tomhaltóirí. [Leasú 9]

(6)  Tá feidhm Ba cheart go mbeadh an Clár cumhdaithe ag Rialachán (AE, Euratom) [2018/XXXX] 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(9) (dá ngairtear ‘an Rialachán Airgeadais' anseo feasta) maidir leis an gClár seo. Leagtar síos leis . Leis an Rialachán Airgeadais, foráiltear do na rialacha maidir le le haghaidh cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, lena n‑áirítear na rialacha maidir le deontais, duaiseanna, soláthar agus aisíocaíocht saineolaithe seachtracha. [Leasú 10]

(7)  Na gníomhaíochtaí a bhí i bhfeidhm faoi chlár Chustam 2020 agus a léiríodh gur leordhóthanach iad, ba cheart iad a choinneáil dá bharr sin, agus deireadh a chur le gníomhaíochtaí eile a léiríodh gurb easnamhach iad. Chun simplíocht agus solúbthacht níos mó a sholáthar agus an Clár á chur i ngníomh agus, ar an dóigh sin, ionas gurbh fhearr ab fhéidir a chuspóirí a bhaint amach, níor cheart na gníomhaíochtaí a shainiú ach amháin ó thaobh catagóirí foriomlána de le liosta samplaí léiriúcháin de ghníomhaíochtaí nithiúla. Trí chomhar agus trí fhothú acmhainneachta, ba cheart, leis an gClár, tacaíocht a thabhairt do ghlacadh agus úsáid éifeachtach na nuálaíochta agus an méid sin a chur chun cinn, chun tuilleadh feabhais a chur ar acmhainní chun na príomhthosaíochtaí custaim a bhaint amach. [Leasú 11]

(8)  Le Rialachán [2018/XXXX] bunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, Ionstraim um Threalamh Rialaithe Custaim(10) (‘Ionstraim TRC’). Chun comhleanúnachas agus comhordú cothrománach a choinneáil idir gach gníomhaíocht chomhair a bhaineann le cúrsaí custaim agus trealamh rialaithe custaim, is iomchuí iad uile a chur chun feidhme faoi aon ghníomh dlí agus tacar rialacha amháin, agus is iad an gníomh agus na rialacha sin an Rialachán seo. Dá bhrí sin, níor cheart le hIonstraim TRC tacú ach amháin leis an trealamh incháilithe a cheannach, a chothabháil agus a uasghrádú, agus ba cheart leis an gClár seo tacú le gach gníomhaíocht ghaolmhar eile, amhail gníomhaíochtaí comhair chun riachtanais trealaimh a mheasúnú nó, i gcás inarb iomchuí, oiliúint i ndáil leis an trealamh arna cheannach. [Leasú 12]

(9)  Tá malartuithe faisnéise custaim agus faisnéise gaolmhaire ríthábhachtach le haghaidh feidhmiú cuí custaim agus téann siad i bhfad thar na malartuithe laistigh den aontas custaim. Dá ndéanfaí córais leictreonacha Eorpacha a oiriúnú do thríú tíortha agus d'eagraíochtaí idirnáisiúnta nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár nó dá ndéanfaí iad a shíneadh chucu, d'fhéadfadh sé go mbeadh sé chun leas an Aontais nó na mBallstát. Dá bhrí sin, nuair atá údar cuí leis i ngeall ar an leas sin, ba cheart oiriúnuithe córas leictreonach Eorpach nó síntí leo arna ndéanamh le haghaidh comhar le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta a bheith ina gcostais incháilithe faoin gClár.

(10)  I ngeall ar an tábhacht a bhaineann le domhandú, ba cheart leanúint d’fhoráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht saineolaithe seachtracha a dhéanamh páirteach sa Chlár de réir bhrí Airteagal 238 den Rialachán Airgeadais. Ba cheart do na saineolaithe seachtracha sin a bheith ina n-ionadaithe údarás rialtais den chuid is mó, lena n-áirítear ó thríú tíortha neamhchomhlachaithe, mar aon le daoine den lucht acadúil agus le hionadaithe ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, ó oibreoirí eacnamaíocha nó ón tsochaí shibhialta. [Leasú 13]

(11)  I gcomhréir le gealltanas an Choimisiúin a bhaineann le comhleanúnachas agus simpliú clár cistiúcháin a áirithiú, a leagtar amach ina Theachtaireacht an 19 Deireadh Fómhair 2010 dar teideal 'Athbhreithniú Bhuiséad AE'(11), ba cheart acmhainní a roinnt le hionstraimí cistiúcháin eile de chuid an Aontais más ionann na cuspóirí atá á saothrú le gníomhaíochtaí an chláir atá beartaithe agus cuspóirí roinnt ionstraimí cistiúcháin eile, á chur san áireamh go ríomhtar an méid a leithdháiltear ar an gClár gan é a chur san áireamh go bhféadfadh costais gan choinne a bheith ann, gan maoiniú dúbailte a chur san áireamh, áfach. Ba cheart go n-áiritheofaí leis na gníomhaíochtaí a dhéanfar faoin gClár seo comhleanúnachas ó thaobh úsáid acmhainní an Aontais de chun tacú leis an aontas custaim agus le húdaráis chustaim. [Leasú 14]

(11a)   Ceannach bogearraí a bhfuil gá leo chun rialuithe teorann níos déine a dhéanamh, ba cheart é a bheith incháilithe chun cistiúcháin a fháil faoin gClár. De bhreis air sin, ba cheart ceannach bogearraí is féidir a úsáid sna Ballstáit go léir a spreagadh chun malartú sonraí a éascú. [Leasú 15]

(12)  Meastar gurb iad gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta Teicneolaíochta Faisnéise (TF) a gheobhaidh an sciar is mó den bhuiséad faoin gClár. I bhforálacha sonracha, ba cheart cur síos a dhéanamh ar na comhpháirteanna coiteanna agus náisiúnta faoi seach de na córais leictreonacha Eorpacha. Thairis sin, ba cheart raon feidhme na ngníomhaíochtaí agus freagrachtaí an Choimisiúin agus na mBallstát a shainiú go soiléir. Chun comhsheasmhacht agus comhordú gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta TF a áirithiú, ba cheart go bhforálfaí sa Chlár go ndéanfadh an Coimisiún Plean Custaim Straitéiseach Ilbhliantúil (‘MASP-C’) a fhorbairt agus a nuashonrú, arbh é ab aidhm dó ná timpeallacht leictreonach a chruthú lena n-áiritheofaí comhsheasmhacht agus idir-inoibritheacht na gcóras custaim san Aontas. [Leasú 16]

(13)  Le Cinneadh Uimh. 70/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(12) iarrtar ar an gCoimisiún Plean Straitéiseach Ilbhliantúil a tharraingt suas le haghaidh Custaim chun timpeallacht chustaim leictreonach atá comhleanúnach comh‑inoibritheach a chruthú le haghaidh an Aontais. Déantar forbairt agus oibriú na gcóras leictreonach atá san áireamh sa Phlean Straitéiseach Ilbhliantúil a chistiú leis an gClár go príomha. Chun comhleanúnachas agus comhordú a áirithiú idir an Clár agus an Plean Straitéiseach Ilbhliantúil, ba cheart forálacha ábhartha an Chinnidh a chur san áireamh sa Rialachán seo. Ós rud é go ndéantar na forálacha ábhartha uile de Chinneadh Uimh. 70/2008/CE a thógáil ar láimh anois le Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 nó leis an Rialachán seo, ba cheart Cinneadh Uimh. 70/2008/CE a aisghairm.

(14)  Ba cheart don Choimisiún cláir oibre a ghlacadh chun críocha an Rialacháin seo. I bhfianaise gur de chineál meántéarma go fadtéarma iad na cuspóirí arna saothrú agus taithí a fuarthas le himeacht ama mar dhúshraith, ba cheart go bhféadfaí roinnt blianta a chumhdach i gcláir oibre. Laghdófar an t-ualach riaracháin ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit araon leis an aistriú ó chláir oibre bhliantúla go cláir oibre ilbhliantúla. [Leasú 62]

(14a)  I gcomhréir leis na torthaí sa dá thuarascáil speisialta a ghlac Cúirt Iniúchóirí na hEorpa le déanaí i réimse an chustaim, eadhon tuarascáil speisialta Uimh. 19/2017 an 5 Nollaig 2017 dar teideal ‘Import procedures: shortcomings in the legal framework and an ineffective implementation impact the financial interests of the EU’ [‘Nósanna imeachta allmhairiúcháin: easnaimh sa chreat dlíthiúil agus tionchar neamhéifeachtúil chur chun feidhme leasanna airgeadais an Aontais’] agus tuarascáil speisialta Uimh. 26/2018 an 10 Deireadh Fómhair 2018 dar teideal ‘A series of delays in Customs IT systems: what went wrong?’ [‘Sraith moilleanna i gcórais TF Chustaim: cad a chuaigh amú?’], ba cheart do na gníomhaíochtaí a dhéanfaí laistigh den chlár ‘Custaim’ le haghaidh comhair i réimse an chustaim a bheith dírithe ar aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a cuireadh in iúl. [Leasú 17]

(14b)  An 4 Deireadh Fómhair 2018 ghlac Parlaimint na hEorpa rún maidir leis an gcomhrac i gcoinne calaois chustaim agus le hacmhainní dílse an Aontais a chosaint. Ba cheart na conclúidí sa rún sin a chur san áireamh i rith na ngníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme faoi chuimsiú an Chláir. [Leasú 18]

(15)  Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(13). [Leasú 63]

(16)  De bhun mhír 22 agus mhír 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr(14), is gá meastóireacht a dhéanamh ar an gclár seo ar bhonn faisnéis arna bailiú trí cheanglais faireacháin shonracha, agus ró‑rialáil agus ualach riaracháin, ar na Ballstáit, go háirithe, á seachaint san am céanna. Ar na ceanglais sin is féidir a áireamh, i gcás inarb iomchuí, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí na hIonstraime ar an láthair.

(17)  Chun freagairt go hiomchuí d’athruithe i dtosaíochtaí beartais, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir le leasú a dhéanamh ar an liosta táscairí chun gnóthú chuspóirí sonracha an Chláir a thomhas, i dtaca le Plean Straitéiseach Ilbhliantúil le haghaidh réimse an chustaim a bhunú agus a nuashonrú agus i dtaca le cláir oibre ilbhliantúla a bhunú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016(15). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú gníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile san am céanna le saineolaithe na mBallstát, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú gníomhartha tarmligthe. [Leasú 64]

(18)  I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 833/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(16), Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2988/95 ón gComhairle(17), Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle(18) agus Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle(19), déanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha, lena n‑áirítear trí neamhrialtachtaí agus calaois a chosc, a bhrath, a cheartú agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, smachtbhannaí riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 833/2013 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96, féadfaidh an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n‑áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, féadfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) calaois agus cionta coiriúla eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú, de réir mar a fhoráiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(20). I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ní mór d’aon duine nó d'aon eintiteas a fhaigheann cistí ón Aontas comhoibriú go hiomlán i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais agus na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, do OIPE agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus ní mór dó a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha.

(19)  Beidh feidhm ag rialacha cothrománacha airgeadais arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin sa Rialachán Airgeadais agus cinntear leo go háirithe an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, soláthar, duaiseanna, cur chun feidhme indíreach, agus déantar foráil leo maidir le seiceálacha i dtaobh freagracht gníomhaithe airgeadais. Ina theannta sin, baineann na rialacha arna nglacadh ar bhonn Airteagal 322 CFAE le cosaint bhuiséad an Aontais ar easnaimh ghinearálaithe i ndáil leis an smacht reachta sna Ballstáit, óir réamhchoinníoll bunriachtanach le haghaidh na bainistíochta fónta airgeadais agus cistiú éifeachtach AE is ea urramú an smachta reachta.

(20)  Maidir leis na cineálacha maoinithe agus na modhanna cur chun feidhme atá le húsáid faoin Rialachán seo, is ar bhonn a gcumas cuspóirí sonracha na ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus na torthaí is fearr a thabhairt ba cheart iad a roghnú, lena n-áirítear, go háirithe, costas na rialuithe, an t-ualach riaracháin, agus an riosca neamh-chomhlíontachta a mheastar a bheith ann. Ba cheart cuimhneamh ar úsáid a bhaint as cnapshuimeanna, as rátaí comhréidhe agus as costais aonaid, agus as maoiniú nach mbaineann le costais dá dtagraítear in Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais. [Leasú 19]

(21)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(22)  Gabhann an Rialachán seo ionad Rialachán (AE) Uimh. 1294/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus ba cheart dá bhrí sin an Rialachán sin a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

1.  Bunaítear an clár 'Custaim' leis an Rialachán seo chun comhar a dhéanamh i réimse an chustaim ('Clár').

2.  Leagtar síos leis cuspóirí an Chláir, an buiséad don tréimhse 2021-2027, na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)  ciallaíonn ‘údaráis chustaim' na húdaráis mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;

(2)  ciallaíonn 'córais leictreonacha Eorpacha' córais leictreonacha atá riachtanach don aontas custaim agus chun misean údarás custam a fhorghníomhú;

(3)  ciallaíonn ‘tríú tír’ tír nach bhfuil ina ball den Aontas.

Airteagal 3

Cuspóirí an Chláir

1.  D’fhonn an aidhm fhadtéarmach a bhaint amach go mbeadh na húdaráis chustaim go léir san Aontas ag obair i gcomhar le chéile a dhlúithe is féidir, agus chun slándáil agus sábháilteacht na mBallstát a dheimhniú agus an tAontas a chosaint ar chalaois, cleachtais tráchtála éagóracha agus neamhdhleathacha, agus ag an am céanna, gníomhaíochtaí gnó dlisteanacha agus cosaint tomhaltóra ar ardleibhéal a chur chun cinn, is éard is cuspóir ginearálta an Chláir ná tacaíocht a thabhairt don aontas custaim agus do na húdaráis chustaim i gcosaint leasanna airgeadais agus eacnamaíocha an Aontais agus a Bhallstát. [Leasú 20]

2.  Is iad seo a leanas cuspóirí sonracha an Chláir:

(1)   tacaíocht a thabhairt d’ullmhú agus do chur chun feidhme aonfhoirmeach reachtaíochta agus beartais custaim mar aon le comhar custaim;

(2)   cuidiú le fothú acmhainneachta TF, arb é atá i gceist leis ná na córais leictreonacha dá dtagraítear in Airteagal 278 de Chód Custaim an Aontais a fhorbairt, a chothabháil agus a oibriú, agus aistriú rianúil chuig timpeallacht gan pháipéar agus trádáil a chumasú i gcomhréir le hAirteagal 12 den Rialachán seo;

(3)  gníomhaíochtaí comhpháirteacha a mhaoiniú, arb é atá i gceist leo ná sásraí comhair lena gcumasaítear oifigigh chun gníomhaíochtaí oibríochtúla comhpháirteacha a dhéanamh faoina bpríomhchúraimí, taithí i réimse an chustaim a roinnt agus páirt a ghlacadh in iarrachtaí chun beartas custaim a chur i gcrích;

(4)  inniúlachtaí an duine a fheabhsú, ag tacú le scileanna gairmiúla na n-oifigeach custaim agus é a chur ar a gcumas a ról a chomhlíonadh ar bhonn aonfhoirmeach;

(5)  tacaíocht a thabhairt don nuálaíocht i réimse an bheartais custaim.[Leasú 21]

2a.  Beidh an Clár comhsheasmhach le haon sineirgíochtaí le cláir ghníomhaíochta agus cistí eile de chuid an Aontais ag a bhfuil cuspóirí comhchosúla i réimsí gaolmhara, agus bainfear leas as na sineirgíochtaí sin. [Leasú 22]

2b.  Urramófar le cur chun feidhme an Chláir prionsabail na trédhearcachta, na comhréireachta, na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe. [Leasú 23]

2c.  Tacóidh an Clár freisin le meastóireacht agus faireachán leanúnach ar an gcomhar idir údaráis chustaim d’fhonn laigí agus feabhsuithe féideartha a shainaithint. [Leasú 24]

Airteagal 4

An buiséad

1.  Is é EUR 842 844 000 i bpraghsanna 2018 (EUR 950 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir don tréimhse 2021-2027. [Leasú 25]

2.  I gcás inar gá agus a bhfuil údar cuí leis, féadfar a chumhdach freisin leis an méid dá dtagraítear i mír 1 speansais maidir le hullmhúchán, faireachán, rialú, iniúchóireacht, meastóireacht agus gníomhaíochtaí eile a bhaineann le bainistiú an Chláir agus le meastóireacht a dhéanamh ar a fheidhmíocht agus ar bhaint amach a chuspóirí. Ina theannta sin, féadfar a chumhdach leis speansais a bhaineann le staidéir, cruinnithe saineolaithe, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide ón gCoimisiún arna ndíríú chuig na Ballstáit agus na hoibreoirí eacnamaíocha, a fhad a bhaineann siad sin le cuspóirí an Chláir, mar aon le speansais a bhaineann le líonraí teicneolaíochta faisnéise arb é is fócas dóibh próiseáil agus malartú faisnéise, lena n-áirítear uirlisí teicneolaíochta faisnéise corparáideacha agus cúnamh teicniúil agus riaracháin eile a bhfuil gá leo i ndáil le bainistiú an Chláir, sa mhéid a bhfuil gá leis na gníomhaíochtaí sin chun cuspóirí an Chláir a bhaint amach. [Leasú 26]

2a.  Ní úsáidfear an Clár chun costais a chumhdach a bhaineann le tarraingt siar fhéideartha na Ríochta Aontaithe as an Aontas. Déanfaidh an Coimisiún ar a mheasúnú féin acmhainní a choinneáil siar chun na costais a bhainfeadh le dícheangal na Ríochta Aontaithe ó gach córas agus comhar custaim a chumhdach, agus le dul i léig a cuid oibleagáidí dlíthiúla sa réimse sin.

Sula ndéanfaidh an Coimisiún na hacmhainní sin a choinneáil siar, déanfaidh sé meastúchán ar na costais a d’fhéadfadh a bheith ann, agus cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa ar an eolas a luaithe a bhíonn an meastúchán sin ar fáil. [Leasú 27]

Airteagal 5

Tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár

Beidh an Clár oscailte do na tríú tíortha seo a leanas:

(a)  tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann lena rannpháirtíocht i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais lena mbaineann, nó i gcomhaontuithe eile den chineál céanna, agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos sna comhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;

(b)  tíortha a chuimsítear faoi Bheartas Comharsanachta na hEorpa, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus na coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó Chomhairlí comhlachais lena mbaineann, nó i gcomhaontuithe eile den chineál céanna, agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos sna comhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin, ar choinníoll go bhfuil leibhéal ard go leor comhfhogasaithe bainte amach ag na tíortha sin i dtaca le reachtaíocht agus modhanna riaracháin ábhartha an Aontais;

(c)  tríú tíortha eile, i gcomhréir leis , faoi na coinníollacha a leagtar síos i gcomhaontú sonrach lena gcumhdaítear maidir le rannpháirtíocht an tríú tír in aon chlár de chuid an Aontais, ar choinníoll: [Leasú 28]

–  go n‑áirithítear leis an gcomhaontú cothromaíocht chóir idir ranníocaíochtaí agus sochair an tríú tír atá rannpháirteach sna cláir de chuid an Aontais;

–  go leagtar síos go mbunaítear leis an gcomhaontú coinníollacha maidir le le haghaidh rannpháirtíocht sna cláir, lena n‑áirítear ríomh na ranníocaíochtaí airgeadais le cláir aonair agus a gcostais riaracháin. Ioncam sannta i gcomhréir le hAirteagal [21(5)] de Rialachán [2018/XXXX] [an den Rialachán Airgeadais nua] a bheidh sna ranníocaíochtaí sin; [Leasú 29]

–  nach dtugtar leis an gcomhaontú cumhacht chinnteoireachta don tríú tír maidir leis an gClár;

–  go ráthaítear leis an gcomhaontú cearta an Aontais chun bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú agus chun a leasanna airgeadais a chosaint.

Airteagal 6

Cur chun feidhme agus foirmeacha cistiúcháin ón Aontas

1.  Is tríd an mbainistíocht dhíreach a chuirfear an Clár chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

2.  Féadfar cistiú a sholáthar ón gClár, agus an cistiú sin in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, go háirithe deontais, duaiseanna, soláthar agus aisíocaíocht speansas taistil agus cothaithe arna dtabhú ag saineolaithe seachtracha.

CAIBIDIL II

INCHÁILITHEACHT

Airteagal 7

Gníomhaíochtaí incháilithe

1.  Ní bheidh ach gníomhaíochtaí lena gcuirtear na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 chun feidhme incháilithe chun cistiú a fháil.

2.  Maidir le gníomhaíochtaí lena gcomhlánaítear na gníomhaíochtaí lena gcuirtear chun feidhme na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) [2018/XXX] [Ionstraim TRC] nó maidir le gníomhaíochtaí lena dtacaítear leo sin, agus/nó lena gcomhlánaítear na gníomhaíochtaí lena gcuirtear chun feidhme na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) [2018/XXX] [an Rialachán Frith-Chalaoise], nó gníomhaíochtaí lena dtacaítear leo, beidh siad incháilithe le haghaidh cistiú faoin gClár seo freisin. [Leasú 30]

3.  Beidh an méid seo a leanas san áireamh sna gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2:

(a)  cruinnithe agus ócáidí ad hoc comhchosúla;

(b)  comhoibriú struchtúrtha tionscadalbhunaithe, amhail forbairt chomhoibríoch TF ag grúpa Ballstát; [Leasú 31]

(c)  gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta TF, go háirithe forbairt agus oibriú córas leictreonach Eorpach;

(d)  gníomhaíochtaí maidir le fothú inniúlachtaí agus acmhainneacht an duine, lena n-áirítear oiliúint agus malartú dea-chleachtais; [Leasú 32]

(e)  tacaíocht agus gníomhaíochtaí eile, lena n‑áirítear:

(1)  staidéir;

(2)  gníomhaíochtaí nuálaíochta, go háirithe cruthúnas coincheap, treoirthionscnaimh agus tionscnaimh fréamhshamhaltaithe;

(3)  gníomhaíochtaí cumarsáide a forbraíodh i gcomhpháirt;

(3a)   gníomhaíochtaí faireacháin; [Leasú 33]

(4)  aon ghníomhaíocht eile dá bhforáiltear sna cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 13, atá riachtanach chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach nó chun tacú leo.

Cuirtear foirmeacha gníomhaíochtaí a d'fhéadfadh a bheith i gceist dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (d) i láthair i liosta neamh‑uileghabhálach in Iarscríbhinn 1.

4.  Maidir le gníomhaíochtaí arb éard atá i gceist leo ná oiriúnuithe do chomhpháirteanna coiteanna de na córais leictreonacha Eorpacha nó síntí leo a fhorbairt, a imlonnú, a chothabháil agus a oibriú le haghaidh comhar le tríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta, beidh siad incháilithe le haghaidh cistiú nuair is chun leasa an Aontais atá siad. Cuirfidh an Coimisiún na socruithe riaracháin is gá i bhfeidhm, lena bhféadfar foráil a dhéanamh maidir le ranníocaíocht airgeadais ó na tríú páirtithe lena mbaineann na gníomhaíochtaí sin. [Leasú 34]

5.  I gcás ina bhfuil baint ag gníomhaíocht fothaithe acmhainneachta TF dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 3 le forbairt agus oibriú córais leictreonaigh Eorpaigh, ní bheidh ach na costais a bhaineann leis na freagrachtaí arna dtabhairt don Choimisiún de bhun Airteagal 11(2) incháilithe le haghaidh cistiú faoin gClár. Is iad na Ballstáit a íocfaidh na costais a bhaineann leis na freagrachtaí a thugtar dóibh de bhun Airteagal 11(3).

Airteagal 8

Saineolaithe seachtracha

1.  Aon uair ina bhfuil sé tairbhiúil chun na gníomhaíochtaí lena gcuirtear chun feidhme na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 a bhaint amach, i gcás ionadaithe ó údaráis rialtais, lena n-áirítear iad sin ó thríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár de bhun Airteagal 5, daoine den lucht acadúil agus ionadaithe eagraíochtaí idirnáisiúnta agus eagraíochtaí ábhartha eile, oibreoirí eacnamaíocha agus eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht d'oibreoirí eacnamaíocha agus don tsochaí shibhialta, féadfaidh siad páirt a ghlacadh mar shaineolaithe seachtracha i ngníomhaíochtaí arna n-eagrú faoin gClár. [Leasú 35]

2.  Beidh costais arna dtabhú ag saineolaithe seachtracha dá dtagraítear i mír 1 incháilithe le haghaidh aisíocaíocht faoin gClár i gcomhréir le forálacha Airteagal 238 den Rialachán Airgeadais.

3.  Roghnóidh an Coimisiún saineolaithe seachtracha ar bhonn a gcuid inniúlachta, an taithí atá acu i réimse chur chun feidhme an Rialacháin seo agus ar bhonn an eolais ábhartha atá acu ar an ngníomhaíocht shonrach atá á déanamh, agus déanfar aon choinbhleacht leasa a d’fhéadfadh a bheith ann a sheachaint. Leis an roghnú, bainfear cothromaíocht amach idir ionadaithe gnó agus saineolaithe eile ón tsochaí shibhialta, agus cuirfear san áireamh freisin prionsabal na cothromaíochta inscne. Déanfar an liosta de na saineolaithe seachtracha a nuashonrú go rialta agus cuirfear ar fáil don phobal é. [Leasú 36]

CAIBIDIL III

DEONTAIS

Airteagal 9

Dámhachtain, comhlántacht agus cistiú comhcheangailte

1.  Dámhfar agus bainisteofar deontais faoin gClár i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán Airgeadais, agus go sonrach le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais, na trédhearcachta, na comhréireachta, an neamh-idirdhealaithe agus na córa comhionainne. [Leasú 37]

2.  Féadfaidh gníomhaíocht a bhfuil ranníocaíocht faighte aici faoi chlár eile de chuid an Aontais ranníocaíocht a fháil faoin gClár freisin, ar choinníoll nach gcumhdaíonn an ranníocaíocht na costais chéanna. Beidh feidhm ag rialacha gach cláir de chuid an Aontais a dhéanann ranníocaíocht maidir lena ranníocaíocht féin leis an ngníomhaíocht. Ní bheidh an cistiú carnach níos airde ná na costais incháilithe iomlána a bhaineann leis an ngníomhaíocht agus féadfar an tacaíocht as na cláir éagsúla de chuid an Aontais a ríomh ar bhonn pro rata i gcomhréir leis na doiciméid ina leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht.

3.  I gcomhréir le hAirteagal 198(f) den Rialachán Airgeadais, dámhfar na deontais gan glao ar thograí i gcás inar údaráis chustaim de chuid na mBallstát agus na dtríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár dá dtagraítear in Airteagal 5 den Rialachán seo iad na heintitis incháilithe, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal sin.

Airteagal 10

Ráta cómhaoinithe

1.  De mhaolú ar Airteagal 190 den Rialachán Airgeadais, leis an gClár, féadfar suas le 100 % de na costais incháilithe gníomhaíochta a mhaoiniú de réir ábharthacht na gníomhaíochta agus an tionchair mheasta. [Leasú 38]

2.  Sna cláir oibre ilbhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 13, leagfar amach an ráta cómhaoinithe is infheidhme i gcás ina n‑éileofar go mbronnfar deontais de réir na ngníomhaíochtaí.

CAIBIDIL IV

FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LE GNÍOMHAÍOCHTAÍ FOTHAITHE ACMHAINNEACHTA TF

Airteagal 11

Freagrachtaí

1.  Áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit i gcomhar lena chéile forbairt agus oibriú na gcóras leictreonach Eorpach a liostaítear sa Phlean Straitéiseach Ilbhliantúil le haghaidh Custaim dá dtagraítear in Airteagal 12, lena n-áirítear a ndearadh, sonraíocht, tástáil comhréireachta, úsáid, cothabháil, forbairt, nuachóiriú, slándáil, dearbhú cáilíochta agus rialú cáilíochta. [Leasú 39]

2.  Áiritheoidh an Coimisiún an méid seo a leanas go háirithe:

(a)  forbairt agus oibriú comhpháirteanna coiteanna arna mbunú faoin bPlean Straitéiseach Ilbhliantúil le haghaidh Custaim dá bhforáiltear in Airteagal 12;

(b)  forbairt agus oibriú na gcóras leictreonach Eorpach a chomhordú go foriomlán d’fhonn a n-inoibritheachta, a gcibear-athléimneachta, a n-idirnascachta agus a bhfeabhsaithe leanúnaigh agus a gcur chun feidhme shioncronaithe; [Leasú 40]

(c)  comhordú córas leictreonach Eorpach ar leibhéal an Aontais d'fhonn iad a chur ar aghaidh agus a chur chun cinn ar an leibhéal náisiúnta;

(d)  forbairt agus oibriú córas leictreonach Eorpach a chomhordú maidir lena n‑idirghníomhaíochtaí le tríú páirtithe, seachas gníomhaíochtaí atá ceaptha chun ceanglais náisiúnta a chomhlíonadh;

(e)  comhordú córas leictreonach Eorpach le gníomhaíochtaí ábhartha eile a bhaineann le ríomh‑Rialtas ar leibhéal an Aontais;

(ea)   cumarsáid éifeachtúil agus mhear leis na Ballstáit agus idir na Ballstáit d’fhonn rialú chórais leictreonacha an Aontais a chuíchóiriú; [Leasú 41]

(eb)   cumarsáid thráthúil agus thrédhearcach le geallsealbhóirí atá bainteach le córais TF a chur chun feidhme ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát, go háirithe maidir le moilleanna i gcur chun feidhme chomhpháirteanna an Aontais agus comhpháirteanna náisiúnta agus sa chaitheachas a bhaineann leo. [Leasú 42]

3.  Áiritheoidh an Coimisiún an méid seo a leanas go háirithe:

(a)  forbairt agus oibriú comhpháirteanna náisiúnta arna mbunú faoin bPlean Straitéiseach Ilbhliantúil le haghaidh Custaim dá bhforáiltear in Airteagal 12;

(b)  forbairt agus oibriú comhpháirteanna náisiúnta córas leictreonach Eorpach a chomhordú ar an leibhéal náisiúnta;

(c)  córais leictreonacha Eorpacha a chomhordú le gníomhaíochtaí ábhartha eile a bhaineann le ríomh‑Rialtas ar leibhéal an Aontais;

(d)  faisnéis rialta a sholáthar don Choimisiún maidir leis na bearta arna ndéanamh chun gur féidir leis na húdaráis nó na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann lánúsáid agus úsáid éifeachtach a bhaint as na córais leictreonacha Eorpacha; [Leasú 43]

(e)  cur chun feidhme córas leictreonach Eorpach ar an leibhéal náisiúnta.

Airteagal 12

Plean Straitéiseach Ilbhliantúil le haghaidh Custaim

1.  Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 17, lena ndéantar an Rialacháin seo a fhorlíonadh trí Phlean Straitéiseach Ilbhliantúil le haghaidh réimse an chustaim a bhunú agus a nuashonrú, ar plean é ina liostófar gach cúram ábhartha chun córais leictreonacha Eorpacha a fhorbairt agus a oibriú agus ina n-aicmeofar gach córas nó gach cuid de chórasmar seo a leanas: [Leasú 65]

(a)  comhpháirt choiteann: comhpháirt de na córais leictreonacha Eorpacha a fhorbraítear ar leibhéal an Aontais, atá ar fáil do gach Ballstát nó atá sainaitheanta mar chomhpháirt chomhchoiteann ag an gCoimisiún ar chúiseanna éifeachtúlachta, slándála cuíchóirithe agus iontaofachta; [Leasú 45]

(b)  comhpháirt náisiúnta: comhpháirt de na córais leictreonacha Eorpacha a fhorbraítear ar an leibhéal náisiúnta, atá ar fáil sa Bhallstát a chruthaigh comhpháirt den sórt sin nó a rannchuidigh lena comhchruthú, mar shampla, i dtionscadal forbartha TF comhoibríoch ag grúpa Ballstát; [Leasú 46]

(c)  nó meascán den dá rud.

2.  Ina theannta sin, cuirfear san áireamh sa Phlean Straitéiseach Ilbhliantúil le haghaidh Custaim gníomhaíochtaí nuálaíochta agus treoirghníomhaíochtaí mar aon leis na modheolaíochtaí agus leis na huirlisí tacaíochta i ndáil leis na córais leictreonacha Eorpacha.

3.  Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi gach cúram a shanntar dóibh a chur i gcrích faoin bPlean Straitéiseach Ilbhliantúil le haghaidh Custaim dá dtagraítear i mír 1. Tuairisceoidh siad go rialta don Choimisiún freisin maidir leis an dul chun cinn a dhéanfaidh siad lena gcúraimí agus, i gcás inarb infheidhme, maidir le moilleanna intuartha ina gcur chun feidhme. [Leasú 47]

4.  Tráth nach déanaí ná an 31 Márta gach bliain, cuirfidh na Ballstáit tuarascálacha bliantúla ar an dul chun cinn faoi bhráid an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme an Phlean Straitéisigh Ilbhliantúil le haghaidh Custaim dá dtagraítear i mír 1 lena gcumhdaítear an tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig an bhliain roimhe sin. Beidh na tuarascálacha bliantúla sin bunaithe ar fhormáid réamhshocraithe.

5.  Tráth nach déanaí ná an 31 Deireadh Fómhair gach bliain, bunóidh an Coimisiún, ar bhonn na dtuarascálacha bliantúla dá dtagraítear i mír 4, tuarascáil chomhdhlúite ina ndéanfar measúnú ar an dul chun cinn arna dhéanamh ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún i gcur chun feidhme an phlean dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear faisnéis faoi oiriúnuithe a bhfuil ga leo nó faoi mhoilleanna ar an bplean, agus poibleoidh sé an tuarascáil sin. [Leasú 48]

CAIBIDIL V

CLÁREAGRÚ, FAIREACHÁN, MEASTÓIREACHT AGUS RIALÚ

Airteagal 13

Clár oibre

1.  Is leis Glacfar na cláir oibre ilbhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 108 110 den Rialachán Airgeadais a chuirfear an Clár chun feidhme chun críocha an Chláir seo. Leagfar amach go háirithe sna cláir oibre bhliantúla na cuspóirí a bheidh le saothrú, na torthaí ionchasacha, an modh cur chun feidhme agus méid iomlán an phlean maoinithe. Leagfar amach iontu go mionsonraithe freisin cur síos ar na bearta atá le maoiniú, meastachán ar an méid atá le leithdháileadh ar gach beart agus tráthchlár garbh cur chun feidhme. [Leasú 66]

2.  Glacfaidh an Coimisiún na Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 17, lena bhforlíontar an Rialacháin seo trí chláir oibre ilbhliantúla trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 18(2) a bhunú. [Leasú 67]

2a.   Leis na cláir oibre ilbhliantúla, tógfar ar an méid arna fhoghlaim ó chláir a tháinig rompu. [Leasú 51]

Airteagal 14

Faireachán agus tuairisciú

1.  Leagtar amach in Iarscríbhinn 2 na táscairí a úsáidfear le tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn an Chláir maidir le baint amach na gcuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 3 I gcomhréir lena cheanglais tuairiscithe de bhun phointe (h) d’Airteagal 41(3) den Rialachán Airgeadais, cuirfidh an Coimisiún faisnéis maidir le feidhmíocht an Chláir faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Beidh faisnéis ar dhul chun cinn agus ar easnaimh araon san áireamh sa tuairisciú ar fheidhmíocht. [Leasú 52]

2.  Leagtar amach in Iarscríbhinn 2 na táscairí a úsáidfear chun tuairisciú a dhéanamh ar fheidhmíocht an Chláir maidir le baint amach na gcuspóirí sonracha dá bhforáiltear in Airteagal 3. Chun a áirithiú go measfar go héifeachtach dul chun cinn an Chláir i dtreo bhaint amach a chuspóirí, tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 17, chun Iarscríbhinn 2 a leasú chun na táscairí a athbhreithniú nó a fhorlíonadh i gcás ina measfar gur gá, agus chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú chun faisnéis cháilíochta nuashonraithe chomh maith le faisnéis chainníochtúil a chur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le feidhmíocht an Chláir. [Leasú 53]

3.  Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta, áiritheofar gurb inchomparáide agus iomlán na sonraí is gá chun an faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar thorthaí an Chláir agus go mbaileofar iad ar bhealach éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil. Chuige sin, forchuirfear ceanglais tuairiscithe chomhréireacha agus ábhartha ar fhaighteoirí cistiúchán ón Aontas. Déanfaidh an Coimisiún faisnéis iontaofa ar cháilíocht na sonraí feidhmíochta a úsáidtear a sholáthar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. [Leasú 54]

Airteagal 15

Meastóireacht

1.  Déanfar meastóireachtaí go tráthúil sa dóigh agus go bhféadfar leas a bhaint astu sa phróiseas cinnteoireachta.

2.  Déanfar meastóireacht eatramhach ar an gClár a luaithe a bheidh faisnéis leordhóthanach ar fáil faoina chur chun feidhme, ach tráth nach déanaí ná trí bliana ó thosach chur chun feidhme an chláir. [Leasú 55]

2a.   Leis an meastóireacht eatramhach, cuirfear i láthair na torthaí is gá chun cinneadh a dhéanamh maidir le hobair leantach ar an gClár tar éis 2027 agus maidir lena chuspóirí. [Leasú 56]

3.  I ndeireadh chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná ceithre trí bliana tar éis dheireadh na tréimhse a shonraítear dá dtagraítear in Airteagal 1, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh ar an gClár. [Leasú 57]

4.  Cuirfidh Déanfaidh an Coimisiún conclúidí na meastóireachtaí chomh maith lena bharúlacha féin agus na ceachtanna a foghlaimíodh, a thíolacadh agus a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún. [Leasú 58]

Airteagal 16

Iniúchtaí agus imscrúduithe

I gcás ina mbeidh tríú tír rannpháirteach sa chlár de thoradh cinneadh faoi chomhaontú idirnáisiúnta nó de bhua aon ionstraim dhlí eile, tabharfaidh an tríú tír na cearta agus an rochtain is gá don oifigeach údarúcháin atá freagrach, don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF), do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) chun go bhféadfaidh gach ceann díobh a gcuid inniúlachtaí féin a fheidhmiú ar dhóigh chuimsitheach. I gcás OLAF agus OIPE, áireofar ar na cearta sin an ceart chun imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus iniúchtaí ar an láthair, dá bhforáiltear i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus i Rialachán (AE) 2017/1939(21) ón gComhairle. [Leasú 59]

CAIBIDIL VI

AN NÓS IMEACHTA COISTE AGUS AN TARMLIGEAN A FHEIDHMIÚ

Airteagal 17

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal Airteagail 12(1), 13(2) agus 14(2) a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2028. [Leasú 68]

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal Airteagail 12(1), 13(2) agus 14(2) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana. [Leasú 69]

4.  Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n‑ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal Airteagail 12(1), 13(2) agus 14(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle. [Leasú 70]

Airteagal 18

Nós imeachta coiste

1.  Tabharfaidh coiste dá ngairfear "Coiste an Chláir Custaim" cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.  I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. [Leasú 71]

CAIBIDIL VII

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS DEIRIDH

Airteagal 19

Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

1.  Tabharfaidh faighteoirí cistithe ón Aontas aitheantas d’fhoinse an chistithe ón Aontas agus áiritheoidh siad an infheictheacht is mó is féidir don chistiú (go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á bpoibliú) trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear na meáin agus an pobal. [Leasú 60]

2.  Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an gClár, agus a bhaineann le ar an gClár, agus ar na gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin gClár, agus ar na torthaí arna mbaint amach ag na gníomhaíochtaí maoinithe sin. Leis na hacmhainní airgeadais arna leithdháileadh ar an gClár, rannchuideofar le cumarsáid institiúideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a fhad atá siad ceangailte leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3. [Leasú 61]

Airteagal 20

Aisghairm

1.  Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1294/2013 le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.

2.  Déantar Cinneadh Uimh. 70/2008/CE a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.

Airteagal 21

Forálacha idirthréimhseacha

1.  Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúnachas ná do mhodhnú na ngníomhaíochtaí lena mbaineann, faoi Rialachán (AE) Uimh. 1294/2013, a mbeidh feidhm aige maidir leis na gníomhaíochtaí lena mbaineann go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu.

2.  Ina theannta sin, féadfaidh clúdach airgeadais an Chláir na speansais theicniúla agus riaracháin a chumhdach is gá chun an t‑aistriú idir an Clár agus na bearta a glacadh faoi réamhtheachtaí an Chláir, Rialachán (AE) Uimh. 1294/2013, a áirithiú.

3.  Más gá, féadfar leithreasuithe a iontráil sa bhuiséad tar éis 2027 chun na speansais dá bhforáiltear in Airteagal 4(2) a chumhdach, ionas go mbeifear in ann na gníomhaíochtaí nach mbeidh curtha i gcrích faoin 31 Nollaig 2027 a bhainistiú.

Airteagal 22

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in/sa …,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN I

Liosta neamh‑uileghabhálach d'fhoirmeacha gníomhaíochtaí a d'fhéadfadh a bheith i gceist dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (d) den chéad fho-mhír d'Airteagal 7(3)

Féadfaidh gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (d) den chéad fhomhír d'Airteagal 7(3) a bheith sna foirmeacha seo a leanas, i measc nithe eile:

(a)  Maidir le cruinnithe agus ócáidí ad hoc comhchosúla:

–  Seimineár agus ceardlann, a bhfreastalaíonn gach tír orthu den chuid is mó ina ndéantar cur i láthair agus ina ndéanann rannpháirtithe dianphlé agus gníomhaíocht maidir le hábhar ar leith;

–  Turas oibre, arna eagrú chun cur ar a gcumas d'oifigigh saineolas nó tuiscint ar chúrsaí custaim a fháil nó a mhéadú;

(b)  Maidir le comhoibriú struchtúrtha tionscadalbhunaithe:

–  Grúpa tionscadail, comhdhéanta de ghnáth de líon teoranta tíortha, a bheidh oibríochtúil ar feadh tréimhse theoranta ama chun cuspóir atá réamhshainithe, a bhfuil toradh mionsainithe ag gabháil leis, lena n‑áirítear comhordú nó tagarmharcáil, a shaothrú;

–  Tascfhórsa, eadhon foirmeacha struchtúrtha comhair, de chineál buan nó neamhbhuan, a chomhthiomsaíonn a shaineolas chun tascanna i réimsí sonracha nó gníomhaíochtaí oibríochtúla a dhéanamh agus seirbhísí comhoibrithe ar líne, cúnamh riaracháin agus saoráidí bonneagair agus trealaimh mar thaca leis sin, b'fhéidir;

–  Gníomhaíocht faireacháin, arna déanamh ag comhfhoirne atá comhdhéanta d'oifigigh de chuid an Choimisiúin agus d'oifigigh de chuid na n‑údarás incháilithe chun anailís a dhéanamh ar chleachtais chustaim, aon deacrachtaí a bhaineann le rialacha a chur chun feidhme a shainaithint, agus, i gcás inarb iomchuí, moltaí a dhéanamh maidir le hoiriúnú a dhéanamh ar rialacha agus ar mhodhanna oibre an Aontais;

(c)  Maidir le gníomhaíochtaí i dtaca le fothú inniúlachtaí agus acmhainneacht an duine:

–  Oiliúint choiteann nó forbairt na ríomhfhoghlama chun tacú leis na scileanna gairmiúla agus an t‑eolas riachtanach i ndáil le cúrsaí custaim a neartú;

–  Tacaíocht theicniúil, a bhfuil sé mar aidhm léi nósanna imeachta riaracháin a fheabhsú, feabhas a chur ar acmhainneacht riaracháin agus feidhmiú agus oibríochtaí údarás custam a fheabhsú trí dhea-chleachtais a thionscnamh agus a chomhroinnt.

IARSCRÍBHINN II

Táscairí

Cuspóir sonrach: Tacaíocht a thabhairt d'ullmhú agus do chur chun feidhme aonfhoirmeach reachtaíochta agus beartais custaim mar aon le comhar custaim agus fothú acmhainneachta riaracháin, lena n‑áirítear inniúlacht an duine agus córais leictreonacha Eorpacha le haghaidh custaim a fhorbairt agus a oibriú.

1.  Fothú Acmhainneachta (acmhainneacht riaracháin, an duine agus TF):

1.  An tInnéacs maidir le Dlí agus Beartais an Aontais a Chur i bhFeidhm agus a Chur Chun Feidhme (Líon na ngníomhaíochtaí faoin gClár arna n‑eagrú sa réimse sin agus moltaí arna n‑eisiúint i ndiaidh na ngníomhaíochtaí sin)

2.  An tInnéacs Foghlama (Na modúil foghlama arna n‑úsáid; líon na n‑oifigeach ar cuireadh oiliúint orthu; scór cáilíochta de réir rannpháirtithe)

3.  Infhaighteacht córas leictreonach Eorpach (ó thaobh céatadán oibre de)

4.  Infhaighteacht an Líonra Cumarsáide Choitinn (ó thaobh céatadán oibre de)

5.  Úsáid príomhchóras leictreonach Eorpach a bhfuil sé mar aidhm leo idirnascacht a mhéadú agus dul i dtreo Aontas Custaim gan pháipéar (líon na dteachtaireachtaí arna malartú agus líon na gcomhairliúchán arna ndéanamh)

6.  An ráta críochnaithe i ndáil le CCA (céatadán na ngarspriocanna arna mbaint amach le córais CCA a chur chun feidhme)

2.  Comhroinnt eolais agus líonrú:

1.  Innéacs Láidreacht an Chomhoibrithe (méid an líonraithe arna dhéanamh, líon na gcruinnithe aghaidh ar aghaidh, líon na ngrúpaí comhoibrithe ar líne)

2.  An tInnéacs Dea-Chleachtas agus Treoirlínte (líon na ngníomhaíochtaí faoin gClár arna n‑eagrú sa réimse seo; céatadán na rannpháirtithe a bhain leas as cleachtas oibre nó as treoirlíne arna fhorbairt nó arna forbairt agus tacaíocht á fáil ón gClár)

(1) IO C 62, 15.2.2019, lch. 45.
(2) Tá an seasamh seo ag gabháil in ionad na leasuithe a glacadh an 15 Eanáir 2019 (Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2019)0008).
(3)IO C 62, 15.2.2019, lch. 45.
(4) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019.
(5)Rialachán (AE) Uimh. 1294/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear clár gníomhaíochta um chustam san Aontas Eorpach don tréimhse 2014-2020 (Custam 2020) agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Uimh. 624/2007/CE, IO L 347, 20.12.2013, lch. 209.
(6)https://ec.europa.eu/taxation_customs/general-information-customs/customs-risk-management/measures-customs-risk-management-framework-crmf_en
(7) https://ec.europa.eu/taxation_customs/general-information-customs/customs-risk-management/measures-customs-risk-management-framework-crmf_en
(8)IO C 373, 20.12.2013, lch. 1
(9)COM(2016)0605 final Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh.  541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
(10)Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim
(11)COM(2010)0700
(12)Cinneadh Uimh. 70/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le timpeallacht gan pháipéar i ndáil le custaim agus le trádáil (IO L 23, 26.1.2008, lch. 21).
(13)Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13)
(14)An Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1).
(15) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(16)Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).
(17)Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).
(18)Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).
(19)Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).
(20)Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).
(21) Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).


Margú agus úsáid réamhtheachtaithe pléascán ***I
PDF 117kWORD 53k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le margú agus úsáid réamhtheachtaithe pléascán, lena leasaítear Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 98/2013 maidir le margú agus úsáid réamhtheachtaithe pléascán (COM(2018)0209 – C8-0151/2018 – 2018/0103(COD))
P8_TA(2019)0386A8-0473/2018

(An gnáthnós imeachta reathach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0209),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0151/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 11 Iúil 2018(1),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 14 Feabhra 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A8-0473/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 16 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le margú agus úsáid réamhtheachtaithe pléascán, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 98/2013

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2019/1148.)

(1) IO C 367, 10.10.2018, lch. 35.


Creat comhchoiteann le haghaidh staidreamh Eorpach a bhaineann le daoine agus le teaghlaigh ***I
PDF 119kWORD 60k
Rún
Téacs
Iarscríbhinn
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat comhchoiteann le haghaidh staidreamh Eorpach a bhaineann le daoine agus le teaghlaigh bunaithe ar shonraí ar an leibhéal aonair arna mbailiú ó shamplaí (COM(2016)0551 – C8-0345/2016 – 2016/0264(COD))
P8_TA(2019)0387A8-0247/2017

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2016)0551),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 338(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0345/2016),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim réasúnaithe a thíolaic Parlaimint na Sualainne, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 29 Márta 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta (A8-0247/2017),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  ag tabhairt dá haire an ráiteas ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo;

3.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

4.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 16 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat comhchoiteann le haghaidh staidreamh Eorpach a bhaineann le daoine agus le teaghlaigh, bunaithe ar shonraí ar an leibhéal aonair arna mbailiú ó shamplaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 808/2004, (CE) Uimh. 452/2008 agus (CE) Uimh. 1338/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1177/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 577/98 ón gComhairle

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2019/1700.)

IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH

Ráiteas ón gCoimisiún i dtaobh Airteagal 14(2) maidir le comhoibriú le Gníomhaireachtaí an Aontais

Chun comhleanúnachas agus inchomparáideacht staitisticí sóisialta Eorpacha a áirithiú, treiseoidh an Coimisiún an comhoibriú le Gníomhaireachtaí an Aontais i gcomhréir le hairteagal 14(2) agus leis na haithrisí gaolmhara (12 agus 33). Áireofar leis sin comhoibriú treisithe maidir le teicnící, modheolaíocht, agus cáilíocht staitistiúla, mar aon le hionstraimí nua agus foinsí sonraí.


Idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse na dteorainneacha agus na víosaí ***I
PDF 122kWORD 53k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019 ar an togra leasaithe le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise an Aontais Eorpaigh (teorainneacha agus víosaí) agus lena leasaítear Cinneadh 2004/512/CE ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, Cinneadh 2008/633/CGB ón gComhairle, Rialachán (AE) 2016/399, Rialachán (AE) 2017/2226, Rialachán (AE) 2018/XX [Rialachán ETIAS], Rialachán (AE) 2018/XX [Rialachán SIS i réimse na seiceálacha teorann] agus Rialachán (AE) 2018/XX [Rialachán eu-LISA] (COM(2018)0478 – C8-0294/2018 – 2017/0351(COD))
P8_TA(2019)0388A8-0347/2018

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2017)0793) agus don togra leasaithe (COM(2018)0478),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 16(2), d’Airteagal 74 agus pointí (a), (b), (d) agus (e) d’Airteagal 77(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0294/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 23 Bealtaine 2018(1),

–  tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 13 Feabhra 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile agus don tuairim ón gCoiste um Buiséid (A8-0347/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 16 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse na dteorainneacha agus na víosaí agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1726 agus (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2019/817.)

(1) IO C 283, 10.8.2018, lch. 48.


Idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse an chomhair phóilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce ***I
PDF 121kWORD 48k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019 ar an togra leasaithe le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise an Aontais Eorpaigh (comhar póilíneachta agus comhar breithiúnach, tearmann agus imirce) agus lena leasaítear [Rialachán (AE) 2018/XX [Rialachán Eurodac],] Rialachán SIS i réimse fhorfheidhmiú an dlí], Rialachán (AE) 2018/XX [Rialachán ECRIS-TCN] agus Rialachán (AE) 2018/XX [Rialachán eu-LISA] (COM(2018)0480 – C8-0293/2018 – 2017/0352(COD))
P8_TA(2019)0389A8-0348/2018

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2017)0794) agus don togra leasaithe (COM(2018)0480),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 16(2), Airteagal 74, pointe (e) Airteagal 78(2), pointe (c) d’Airteagal 79(2), pointe (d) d’Airteagal 82(1), Airteagal 85(1), pointe (a) d’Airteagal 87(2) agus Airteagal 88(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0293/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 23 Bealtaine 2018(1),

–  tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 13 Feabhra 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile agus don tuairim ón gCoiste um Buiséid (A8-0348/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 16 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse an chomhair phóilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1726, (AE) 2018/1862 agus (AE) 2019/816

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2019/818.)

(1)IO C 283, 10.8.2018, lch. 48.


Líonra Eorpach oifigeach idirchaidrimh inimirce ***I
PDF 117kWORD 51k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le líonra Eorpach oifigeach idirchaidrimh inimirce a chruthú (athmhúnlú) (COM(2018)0303 – C8-0184/2018 – 2018/0153(COD))
P8_TA(2019)0390A8-0040/2019

(An gnáthnós imeachta reachtach – athmhúnlú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0303),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagail  74 agus 79(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0184/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 28 Samhain 2001 maidir le húsáid níos struchtúrtha theicníocht an athmhúnlaithe do ghníomhartha reachtacha(1),

–  ag féachaint don litir dar dáta an 28 Samhain 2018 ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla chuig an gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile i gcomhréir le Riail 104(3) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 27 Feabhra 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Rialacha 104 agus 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A8-0040/2019),

A.  de bhrí, i gcomhréir le Meitheal Chomhairleach sheirbhísí dlíthiúla Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin, nach bhfuil aon leasuithe substainteacha i gceist leis an togra ón gCoimisiún, seachas na leasuithe sin a shainaithnítear sa togra mar leasuithe den sórt sin, agus de bhrí, a mhéid a bhaineann le códú na bhforálacha neamhathruithe ó na gníomhartha roimhe sin in éineacht leis na leasuithe sin, gurb é atá sa togra ná códú díreach ar na téacsanna atá cheana ann, gan aon athrú ina substaint;

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo, agus aird á tabhairt ar na moltaí ó Mheitheal Chomhairleach sheirbhísí dlíthiúla Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 16 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le líonra Eorpach oifigeach idirchaidrimh inimirce a chruthú (athmhúnlú)

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2019/1240.)

(1) IO C 77, 28.3.2002, lch. 1.


Ceanglais chineálcheadaithe do mhótarfheithiclí a mhéid a bhaineann leis an tsábháilteacht ghinearálta ***I
PDF 120kWORD 66k
Rún
Téacs
Iarscríbhinn
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019 oar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais cineálcheadaithe do mhótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh le haghaidh feithiclí dá leithéid, maidir lena sábháilteacht ghinearálta agus cosaint na ndaoine atá i bhfeithiclí agus úsáideoirí soghonta bóthair, lena leasaítear Rialachán (CE) 2018/… agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 78/2009, Rialachán (CE) Uimh. 79/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 (COM(2018)0286 – C8-0194/2018 – 2018/0145(COD))
P8_TA(2019)0391A8-0151/2019

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0286),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0194/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 19 Meán Fómhair 2018(1),

–  tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 29 Márta 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra agus do na tuairimí gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia agus ón gCoiste gCoiste um Iompar agus Turasóireacht (A8-0151/2019),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  ag tabhairt dá haire an ráiteas ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo, a fhoilseofar i sraith L d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh in éineacht leis an ngníomh reachtach críochnathach;

3.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

4.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 16 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais cineálcheadaithe do mhótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh le haghaidh feithiclí den sórt sin, a mhéid a bhaineann lena sábháilteacht ghinearálta agus cosaint na ndaoine atá i bhfeithiclí agus úsáideoirí soghonta bóthair, lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 78/2009, (CE) Uimh. 79/2009 agus (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialacháin (CE) Uimh. 631/2009, (AE) Uimh. 406/2010, (AE) Uimh. 672/2010, (AE) Uimh. 1003/2010, (AE) Uimh. 1005/2010, (AE) Uimh. 1008/2010, (AE) Uimh. 1009/2010, (AE) Uimh. 19/2011, (AE) Uimh. 109/2011, (AE) Uimh. 458/2011, (AE) Uimh. 65/2012, (AE) Uimh. 130/2012, (AE) Uimh. 347/2012, (AE) Uimh. 351/2012, (AE) Uimh. 1230/2012 agus (AE) 2015/166 ón gCoimisiún

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2019/2144.)

IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH

Ráiteas ón gCoimisiún maidir le boinn chaite

Agus aird á tabhairt aige ar shábháilteacht ar bhóithre, cosaint an tomhaltóra, laghdú dramhaíola agus ar an ngeilleagar ciorclach, tá an Coimisiún den tuairim gur tábhachtach an rud é an tástáil a dhéantar ar bhoinn a dhéanamh ní amháin nuair a bhíonn siad nua ach nuair a bhíonn siad caite freisin. Chuige sin, tacóidh an Coimisiún le prótacail tástála iomchuí a fhorbairt mar chuid d’fhóram domhanda na Náisiún Aontaithe maidir le rialacháin feithicle a chomhchuibhiú. Mar sin féin, mura bhfuil an próiseas tugtha i gcrích faoi mhí Iúil 2023, tá sé mar rún ag an gCoimisiún reachtaíocht shonrach de chuid an Aontais a mholadh a chumhdóidh tástáil a dhéanamh ar bhoinn atá caite.

(1) IO C 440, 6.12.2018, lch. 90.

Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais