Teideal rúin a cuireadh síos chun díospóireacht a thabhairt chun críche a dhréachtú nó a leasú (léirmhíniú ar Riail 149a(2) de na Rialacha Nós Imeachta)
107k
42k
Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2019 maidir le teideal rúin a cuireadh síos chun díospóireacht a thabhairt chun críche a dhréachtú nó a leasú (léirmhíniú ar Riail 149a(2) de na Rialacha Nós Imeachta) (2019/2020(REG))
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don litir dar dáta an 3 Aibreán 2019 ó Chathaoirleach an Choiste um Ghnóthaí Bunreachtúla,
– ag féachaint do Riail 226 dá Rialacha Nós Imeachta,
1. ag cinneadh an léirmhíniú seo a leanas ar Riail 149a(2) de na Rialacha Nós Imeachta a chur i gceangal:" “Teideal rúin a cuireadh síos chun díospóireacht a thabhairt chun críche faoi Rialacha 123, 128 nó 135 a dhréachtú nó a leasú, ní hionann sin agus athrú ar an gclár oibre, ar choinníoll go dtagann an teideal fós faoi raon feidhme an ábhair a bhfuil díospóireacht á déanamh air.”"
2. á threorú dá hUachtarán a cinneadh seo a chur ar aghaidh mar eolas chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
Dearbhú polaitiúil le haghaidh grúpa polaitiúil a bhunú (léirmhíniú ar Riail 32(5), an chéad fhomhír, an dara fleasc, de na Rialacha Nós Imeachta)
108k
43k
Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2019 maidir le dearbhú polaitiúil le haghaidh grúpa polaitiúil a bhunú (léirmhíniú ar Riail 32(5), an chéad fhomhír, an dara fleasc, de na Rialacha Nós Imeachta) (2019/2019(REG))
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don litir dar dáta an 3 Aibreán 2019 ó Chathaoirleach an Choiste um Ghnóthaí Bunreachtúla,
– ag féachaint do Riail 226 dá Rialacha Nós Imeachta,
1. ag cinneadh an léirmhíniú seo a leanas ar Riail 32(5), an chéad fhomhír, an dara fleasc, de na Rialacha Nós Imeachta a chur i gceangal:" “I ndearbhú polaitiúil ó ghrúpa, leagfar amach na luachanna ar a son a seasann an grúpa agus na príomhchuspóirí polaitiúla a bhfuil sé ar intinn ag a chomhaltaí a shaothrú le chéile faoi chreat a sainordú a fheidhmiú. Sa dearbhú, tabharfar tuairisc ar chlaonadh polaitiúil comhpháirteach an ghrúpa ar bhealach substaintiúil, sainiúil agus dílis.”"
2. á threorú dá hUachtarán a cinneadh seo a chur ar aghaidh mar eolas chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
Lena mbunaítear Fís Eorpach – lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh***I
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2019 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Fís Eorpach - an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus le leathadh (COM(2018)0435 – C8-0252/2018 – 2018/0224(COD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2018)0435),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagail 173(3), 182(1), 183 agus 188 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0252/2018),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don litir óna hUachtarán chuig cathaoirligh na gcoistí an 25 Eanáir 2019, ina dtugtar cuntas ar chur chuige na Parlaiminte maidir le cláir earnála sa Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) iar-2020,
– ag féachaint don litir ón gComhairle chuig Uachtarán Pharlaimint na hEorpa an 1 Aibreán 2019 lena ndeimhnítear an tuiscint choiteann ar tháinig na comhreachtóirí uirthi le linn na caibidlíochta,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh, agus ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Fhorbairt, ón gCoiste um Buiséid, ón gCoiste um Rialú Buiséadach, ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach, ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe agus ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas (A8-0401/2018),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é(1);
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 17 Aibreán 2019 d’fhonn go nglacfaí Rialachán (AE) …/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus le leathadh
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 173(3), Airteagal 182(1), Airteagal 183, agus an dara mír d’Airteagal 188 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(2),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(4),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) Tá sé de chuspóir ag an Aontas a chuid fothaí eolaíocha, barrfeabhais agus teicneolaíocha, ina mbíonn taighdeoirí, an t-eolas eolaíoch agus an teicneolaíocht ag saorchúrsaíocht, a neartú agus a chumas iomaíochta a spreagadh, lena n-áirítear ina thionscal, an Limistéar Eorpach Taighde a neartú agus ag an am céanna gach gníomhaíocht taighde agus nuálaíochta a thabhairt i gcrích ó thaobh tosaíochtaí straitéiseacha agus gealltanais an Aontais a bhfuil sé mar mhóraidhm acu an tsíocháin a chur chun cinn, chomh maith le luachanna an Aontais agus dea-bhail a phobail.
(2) Chun tionchar eolaíoch, eacnamaíoch agus sochaíoch a imirt ar mhaithe le cur chun cinn an chuspóra ghinearálta sin agus chun an breisluach is mó is féidir a bhaint as infheistíochtaí an Aontais sa réimse Taighde, Forbartha agus Nuálaíochta, ba cheart don Aontas infheistiú sa taighde agus sa nuálaíocht trí Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht 2021-2027 (an ‘Clár’) chun tacú le cruthú ▌, scaipeadh agus aistriú eolais agus teicneolaíochtaí ar ardcháilíocht san Aontas, chun an tionchar atá ag taighde agus nuálaíocht a threisiú i dtaca leis an gcaoi a dtugtar aghaidh ar dhúshláin dhomhanda, lena n-áirítear na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus an t-athrú aeráide, agus chomh maith leis sin, trí bheith ag forbairt beartas de chuid an Aontais, ag tacú leo agus á gcur chun feidhme, chun tacú le réitigh nuálacha inbhuanaithe i dtionscail agus i sochaí an Aontais ionas go mbeidh glacadh níos réidhe leis na réitigh sin, chun poist a chruthú agus borradh a chur faoin bhfás eacnamaíoch agus faoin iomaíochas tionsclaíoch; Ba cheart, trí bhíthin an Chláir, gach cineál nuálaíochta a chothú, ▌ réitigh nuálacha a chur á n-úsáid sa mhargadh agus é sin a neartú; agus optamú a dhéanamh ar sholáthar na hinfheistíochta.
(2a) Ba cheart, trí bhíthin an Chláir, rannchuidiú leisan infheistíocht phoiblí agus phríobháideach sa réimse Taighde agus Nuálaíochta (T&N) sna Ballstáit a mhéadú, agus ar an gcaoi sin, cuidiú le méid fhoriomlán na hinfheistíochta i réimse an taighde agus na forbartha a ardú go 3 %, ar a laghad, de OTI an Aontais. Chun an sprioc sin a bhaint amach beidh ar na Ballstáit agus ar an earnáil phríobháideach an Clár a chomhlánú le hinfheistíocht dá gcuid féin, agus le gníomhaíochtaí infheistíochta treisithe dá gcuid féin, sa réimse taighde, forbartha agus nuálaíochta.
(2b) D’fhonn cuspóirí an Chláir a bhaint amach agus an méid sin a dhéanamh le hurraim do phrionsabal an bharrfheabhais, ba cheart díriú faoin gClár ar naisc chomhoibríocha san Eoraip a neartú,i measc nithe eile, agus ar an gcaoi sin, a bheith ag rannchuidiú leis an deighilt i réimse T&N a laghdú.
(3) Nuair a dhéantar gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a chur chun cinn, a mheastar a bheith riachtanach chun cuspóirí beartais an Aontais a bhaint amach, ba cheart prionsabal na nuálaíochta a thabhairt san áireamh ▌ óir gur treallús lárnach é an prionsabal sin chun na sócmhainní móra eolais atá san Aontas a chur chun tairbhe don nuálaíocht go tapa agus go tréan.
(4) Trí leanúint den “Eolaíocht Oscailte, Nuálaíocht Oscailte, Oscailteacht don Domhan Mór” agus cosaint á tabhairt san am céanna do leasanna eolaíocha agus socheacnamaíocha an Aontais, ba cheart an barrfheabhas a chinntiú, agus a chinntiú chomh maith go mbeidh tionchar ag infheistíocht an Aontais ar an réimse taighde agus nuálaíochta. agus acmhainn T&N na mBallstát uile a neartú. Ba cheart ▌ go leanfadh assin go ndéanfaí an Clár▌ a chur chun feidhme ar dhóigh chothrom.
(5) D’fhéadfadh an eolaíocht oscailte ▌ cáilíocht, tionchar agus leasanna na heolaíochta a mhéadú agus dlús a chur le réimse an eolais trí bhíthin an t-eolas a dhéanamh níos iontaofa, níos éifeachtúla agus níos cruinne, níos intuigthe don tsochaí agus níos freagraí ar dhúshláin shochaíocha. Ba cheart forálacha a leagan síos lena áirithiú go gcuirfidh na tairbhithe rochtain oscailte ar fhoilseacháin eolaíochta, sonraí taighde agus aschuir taighde eile a ndearnadh athbhreithniú piaraí orthu, ar mhodh oscailte neamh-idirdhealaitheach, saor in aisce agus chomh luath agus is féidir sa phróiseas leata, agus a fhágáil gur féidir iad a úsáid agus a athúsáid chomh leathan agus is féidir. A mhéid a bhaineann le sonraí taighde, is é an prionsabal ar cheart cloí leis ná “bítear chomh hoscailte agus is féidir, agus chomh druidte agus is gá”, agus dá réir sin, déanfar a áirithiú go bhféadfadh eisceachtaí a bheith ann a chuirfidh san áireamh leasanna dlisteanacha de chuid an Aontais, lena n-áirítear leasanna socheacnamaíocha, cearta maoine intleachtúla, cosaint agus rúndacht sonraí pearsanta, údair imní i ngnóthaí slándála, agus leasanna dlisteanacha eile. Ba cheart tuilleadh béime ▌ a leagan ar bhainistíocht fhreagrach ar shonraí taighde, agus sa bhainistíocht sin ba cheart cloí le prionsabail na so-aimsitheachta, inrochtaineachta, idir-inoibritheachta agus in-athúsáideachta (FAIR – findability, accessibility, interoperability agus reusability), go háirithe trí Phleananna Bainistithe Sonraí a phríomhshruthú. I gcás inarb iomchuí, ba cheart do na tairbhithe úsáid a bhaint as na féidearthachtaí atá ann a bhuí leis an Néal Eorpach maidir leis an Eolaíocht Oscailte agus maidir leis an mBonneagar Sonraí Eorpach agus cloí le prionsabail agus cleachtais bhreise na heolaíochta oscailte. Ba cheart rochtain oscailte chómhalartach a spreagadh i gcomhaontuithe idirnáisiúnta comhair san eolaíocht agus sa teicneolaíocht agus sna comhaontuithe comhlachais ábhartha.
(5a) Spreagtar tairbhithe FMB chun úsáid a bhaint as na hionstraimí atá ann faoi láthair, amhail Deasc Chabhrach um Chearta Maoine Intleachtúla agus FBManna, seirbhís a thugann tacaíocht d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide an Aontais Eorpaigh trí eolas agus seirbhísí saor in aisce a sholáthar, i bhfoirm comhairle faoi rún faoi shaincheisteanna maoine intleachtúla agus nithe gaolmhara eile, chomh maith le hoiliúint, ábhair agus acmhainní ar líne.
(6) I gceapadh agus i ndearadh an Chláir, ba cheart freagairt a thabhairt ar an riachtanas atá ann mais chriticiúil gníomhaíochtaí a bhunú, ar fud an Aontais agus tríd an gcomhar idirnáisiúnta, agus ag an am céanna, na Ballstáit á spreagadh chun rannpháirtíocht a ghlacadh sa Chlár, i gcomhréir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) na Náisiún Aontaithe agus le Comhaontú Pháras. Ba cheart treisiú ar shaothrú na haidhme sin i gcur chun feidhme an Chláir.
(7) Na gníomhaíochtaí a dtugtar tacaíocht dóibh faoin gClár, ba cheart go rannchuideoidís le cuspóirí, ▌tosaíochtaí agus gealltanais an Aontais agus an Chláir a ghnóthú, chun faireachán agus measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn sna cuspóirí,▌ tosaíochtaí agus gealltanais sin agus chun tosaíochtaí athbhreithnithe nó tosaíochtaí nua a fhorbairt.
(7a) Ba cheart féachaint leis an gClár a ailíniú le treochláir agus straitéisí Eorpacha le haghaidh taighde agus nuálaíochta atá ann cheana.
(8) Ba cheart leanúint, faoin gClár, de chur chuige cothrom idir an cistiú ón mbun aníos (arna thiomáint ag taighdeoirí nó nuálaithe) agus an cistiú ón mbarr anuas (arna chinneadh ag tosaíochtaí a shainítear de réir straitéise), i gcomhréir leis an gcineál taighde agus na cineálacha pobal nuálaíochta atá páirteach ar fud an Aontais, leis na rátaí ratha in aghaidh gach réimse idirghabhála, le cineálacha agus cuspóirí na ngníomhaíochtaí a dhéantar, le prionsabal na coimhdeachta agus leis na tionchair atáthar ag iarraidh a bhaint amach. Ba cheart an cur chuige a roghnófar do na codanna éagsúla den Chlár a chinneadh bunaithe ar mheascán de na tosca sin, agus ba cheart dóibh go léir rannchuidiú le cuspóirí ginearálta agus sonracha uile an Chláir.
(8-a) An buiséad foriomlán don tsraith a bhaineann leis an bhFairsingiú agus leis an rannpháirtíocht den tsraith "Láidriú an Limistéir Eorpaigh Taighde agus Fairsingiú na Rannpháirtíochta Ann" de Fís Eorpach, ba cheart é a bheith chomh mór, ar a laghad, le 3,3 % de bhuiséad foriomlán Fís Eorpach. Ba cheart an buiséad sin a chur, den chuid is mó, chun tairbhe d’eintitis dhlítheanacha sna tíortha nua a thagann faoin bhfairsingiú.
(8-b) Ba cheart na Tionscnaimh Bharrfheabhais a bheith dírithe ar bharrfheabhas taighde agus nuálaíochta sna tíortha incháilithe a neartú, lena n-áirítear mar shampla, tacú le hoiliúint a chuirfeadh feabhas ar scileanna bainistithe T&N, duaiseanna, na héiceachórais nuálaíochta a neartú chomh maith le líonraí T&N a chruthú, lena n-áirítear é sin a dhéanamh ar bhonn bonneagair thaighde le maoiniú ó AE. Chun bheith in ann cur isteach ar chistiú faoin tsraith a bhaineann leis an bhfairsingiú agus leis an rannpháirtíocht den chuid ‘Láidriú an Limistéir Eorpaigh Taighde agus Fairsingiú na Rannpháirtíochta Ann’ de Fís Eorpach, caithfidh iarrthóirí a thaispeáint go soiléir go bhfuil a gcuid tionscadal nasctha le straitéisí náisiúnta agus/nó réigiúnacha T&N.
(8a) Ba cheart, i gcás cuid de na gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta, cur chuige na Mearchonaire chun an Taighde agus na Nuálaíochta a chur i bhfeidhm, agus sa chás sin níor cheart go mbeadh an t-am feithimh le deontas níos faide ná sé mhí. Cheadódh sé sin rochtain níos gasta agus ón mbun aníos a bheith le fáil ar chistí le haghaidh cuibhreannais bheaga chomhoibríocha a bheadh i mbun gníomhaíochtaí éagsúla ó bhuntaighde go cur i bhfeidhm sa mhargadh.
(8b) Ba cheart, trí bhíthin an Chláir, tacú le céimeanna uile an taighde agus na nuálaíochta, go háirithe i dtionscadail chomhoibríocha. Sócmhainn bhunriachtanach is ea an buntaighde, agus is coinníoll tábhachtach é i dtaca le méadú a dhéanamh ar chumas an Aontais na heolaithe is fearr atá ann a mhealladh ionas go dtiocfaidh an tAontas chun bheith ina mhol domhanda barrfheabhais. Ba cheart an chóimheá idir taighde bunúsach agus feidhmeach a áirithiú. Ach an nuálaíocht a bheith ann ina theannta sin, tacóidh an méid sin le hiomaíochas geilleagrach an Aontais, leis an bhfás san Aontas agus le fostaíocht.
(8c) Chun an tionchar is mó is féidir a bheith ag Fís Eorpach, ba cheart aird a thabhairt go háirithe ar chuir chuige ildisciplíneacha, idirdhisciplíneacha agus trasdisciplíneacha mar eilimintí riachtanacha don dul chun cinn mór san eolaíocht.
(8d) Ba cheart an rannpháirtíocht shochaíoch a chothú le húsáid an taighde agus na nuálaíochta freagraí mar mhír thrasearnála, d’fhonn an comhar éifeachtach idir an eolaíocht agus an tsochaí a chur chun cinn. D’fhágfadh sé sin go bhféadfadh na gníomhaithe sochaíocha uile (taighdeoirí, saoránaigh, lucht déanta beartas, an earnáil ghnó, eagraíochtaí treasearnála etc.) oibriú le chéile ar feadh an phróisis taighde agus nuálaíochta ar fad chun an próiseas agus torthaí an phróisis a ailíniú ar dhóigh níos fearr le luachanna, riachtanais agus ionchais na sochaí Eorpaí.
(9) Ba cheart gníomhaíochtaí taighde arna ndéanamh faoin gcolún ‘Eolaíocht Barrfheabhais agus Oscailte’ a chinneadh i gcomhréir le riachtanais agus deiseanna na heolaíochta. Ba cheart an clár oibre taighde a shocrú trí idirchaidreamh dlúth le pobal na heolaíochta agus ba cheart béim a chur ar lucht ardtallainne nua i réimse T&N a mhealladh mar aon le taighdeoirí óga, agus san am céanna an Limistéar Eorpach Taighde á neartú agus imirce daoine oilte á seachaint. Ba cheart taighde a mhaoiniú ar bhonn barrfheabhais.
(10) Ba cheart an colún ‘Dúshláin Dhomhanda agus Iomaíochas Tionsclaíoch Eorpach’ a bhunú trí bhraislí de ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta, d’fhonn comhtháthú a uasmhéadú sna réimsí oibre faoi seach agus leibhéil ard inbhuanaithe tionchair a chinntiú don Aontas i ndáil leis na hacmhainní arna n-ídiú ag an am céanna. Spreagfaidh sé sin comhoibriú trasdisciplíneach, trasearnála, trasbheartais agus trasteorann ar mhaithe le cur chun cinn SDGanna na Náisiún Aontaithe agus ghealltanais an Aontais faoi Chomhaontú Pháras agus i gcásanna inar riachtanach é chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shochaíocha, agus iomaíochas thionscail an Aontais laistigh de sin. Trí na gníomhaíochtaí a dhéanfaí faoin gcolún seo, ba cheart an raon iomlán gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a chumhdach, lena n-áirítear Taighde agus Forbairt, píolótú, taispeáint, agus tacaíocht don soláthar poiblí, taighde réamhnormatach agus socrú caighdeán, agus glacadh nuálaíochtaí sa mhargadh, chun a áirithiú go gcoinneoidh an Eoraip a háit cheannródaíochta sa taighde i réimsí tosaíochta a shainítear de réir straitéise.
(11) Ba cheart go mbeadh páirteachas iomlán agus tráthúil na hearnála tionsclaíochta sa Chlár, ar gach leibhéal ón bhfiontraí aonair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide go fiontair mhórscála, dírithe ▌go háirithe ar phoist agus fás inbhuanaithe a chruthú. ▌
(12) Tá sé tábhachtach tacú le hearnáil tionsclaíochta an Aontais a áit cheannaireachta a choinneáil nó a bhaint amach sa nuálaíocht, sa digitiú agus sa dícharbónú, go háirithe trí infheistíocht sna príomhtheicneolaíochtaí cumasúcháin a bheidh ina gcrann taca ag an ngnó i saol an lae amárach. Tá sé i gceist go n-imreodh Príomhtheicneolaíochtaí Cumasúcháin (PTCanna) ról lárnach i gColún II ‘Dúshláin Dhomhanda agus an Iomaíochas Tionsclaíoch Eorpach’ agus ba cheart iad a nascadh tuilleadh leis na Tionscnaimh Shuaitheanta Teicneolaíochtaí sa Todhchaí agus Teicneolaíochtaí atá ag Teacht Chun Cinn (FET) chun go bhféadfaí tionscadail taighde a bhunú lena gcumhdófaí iomlán an tslabhra nuálaíochta. Na gníomhaíochtaí a dhéanfaí faoin gClár, ba cheart go mbeidís ina léiriú ar Straitéis Beartais Tionsclaíochta an Aontais ionas go dtabharfaidís aghaidh ar chlistí sa mhargadh nó ar chásanna infheistíochta fo-optamacha, go gcuirfidís borradh faoin infheistíocht ar mhodh comhréireach agus trédhearcach, gan maoiniú príobháideach a dhúbláil ná a phlódú, agus go dtabharfaidís breisluach soiléir don Eoraip mar aon le toradh fónta ar an infheistíochtaí. Áiritheoidh sin comhleanúnachas idir gníomhaíochtaí an chláir agus rialacha Taighde, Forbartha agus Nuálaíochta an Aontais maidir leis an státchabhair, agus ba cheart iad sin a athbhreithniú chun dreasacht a chur faoin nuálaíocht.
(13) Ba cheart, trí bhíthin an Chláir, tacú leis an taighde agus nuálaíocht ar mhodh comhtháite, agus na forálacha ábhartha uile de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála á n-urramú. Ba cheart coincheap an taighde, forbairt thurgnamhach san áireamh, a úsáid i gcomhréir le Lámhleabhar Frascati atá forbartha ag OECD, agus ba cheart coincheap na nuálaíochta a úsáid i gcomhréir le Lámhleabhar Osló atá forbartha ag OECD agus Eurostat, ag leanúint cur chuige leathan lena gcumhdaítear an nuálaíocht, an dearadh agus an chruthaitheacht shóisialta. Ba cheart sainmhínithe OECD maidir le Leibhéal na hUllmhachta Teicneolaí (LUT) a thabhairt san áireamh, mar a rinneadh faoin gClár Réime a bhí ann roimhe seo, eadhon Fís 2020 ▌. Sa chlár oibre do ghlao ar leith faoin gcolún ‘Dúshláin Dhomhanda agus Iomaíochas Tionsclaíoch Eorpach’ d’fhéadfaí deontais a cheadú le haghaidh bailíochtú táirgí agus macasamhlú margaí ar mhórscála.
(14) Leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an meastóireacht eatramhach ar an gclár Fís 2020 (COM(2018)0002) agus leis an tuarascáil ó Pharlaimint na hEorpa faoin measúnú ar chur chun feidhme an chláir Fís 2020, tuarascáil a ullmhaíodh i ndáil le meastóireacht eatramhachach a dhéanamh ar an gclár sin, agus togra Chlár Réime 9 (2016/2147(INI)), soláthraíodh sraith moltaí le haghaidh an Chláir seo, lena n-áirítear Rialacha an Chláir maidir le rannpháirtíocht agus leathadh, agus iad sin bunaithe ar na ceachtanna a foghlaimíodh ón gClár Réime a bhí ann roimhe seo chomh maith le hionchur ó institiúidí agus ó pháirtithe leasmhara AE. I measc na moltaí sin tá infheistiú ar bhealach níos uaillmhianaí chun mais chriticiúil a bhaint amach agus an tionchar is mó is féidir a imirt; tacú le nuálaíocht cheannródaíoch; tús áite a thabhairt d’infheistíochtaí taighde agus nuálaíochta (T&N) an Aontais i réimsí lena mbaineann breisluach ard, go háirithe trí threorú an mhisin, rannpháirtíocht na saoránach agus an rannpháirtíocht sin a bheith iomlán, eolasach agus tráthúil, agus trí cumarsáid fhorleathan; eagrú réasúnaithe a dhéanamh ar chreat cistiúcháin an Aontais, chun úsáid iomlán a bhaint as acmhainn T&N na mBallstát go léir lena n-áirítear trí athchóiriú a dhéanamh ar raon na dtionscnamh comhpháirtíochta agus na scéimeanna comhchistiúcháin; tuilleadh sineirgíochtaí, agus sineirgíochtaí nithiúla, a fhorbairt idir ionstraimí cistiúcháin éagsúla an Aontais, go háirithe chun cuidiú chun tairbhe a bhaint as féidearthachtaí T&N nach bhfuil lánleas á mbaint astu ar fud an Aontais; bainteacht níos mó i dtionscadail an Chláir Réime a lorg ó bhonneagair thaighde a fhaigheann maoiniú ón Aontas - go háirithe ó CFRE, comhar idirnáisiúnta a neartú agus an Clár a dhéanamh níos oscailte do rannpháirtíocht tríú tíortha agus, lena linn sin, cosaint a thabhairt i gcónaí do leas an Aontais agus leathnú a dhéanamh ar rannpháirtíocht na mBallstát uile sa Chlár; agus leanúint leis an simpliú bunaithe ar an taithí a fuarthas agus Fís 2020 á chur chun feidhme.
(15) Ba cheart an beartas comhtháthaithe a bheith ag rannchuidiú le taighde agus nuálaíocht. Dá bhrí sin, is gá aird ar leith a thabhairt ar an gcomhordú agus ar an gcomhlántacht idir an dá bheartas sin de chuid an Aontais. Ba cheart féachaint le rialacha agus sineirgíochtaí an Chláir a ailíniú le cláir eile de chuid an Aontais mar a thagraítear dó sin in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo, óna ndearadh agus a bpleanáil straitéise, go roghnú tionscadail, bainistíocht, cumarsáid, leathadh agus saothrú torthaí, agus go faireachán, iniúchadh agus rialachas. D’fhonn forluí agus dúbláil a sheachaint agus d’fhonn éifeacht ghiarála an chistithe ón Aontas a mhéadú, agus chomh maith leis sin d’fhonn an t-ualach riaracháin a bhíonn ar iarrthóirí a laghdú, ba cheart an prionsabal “leanann gníomh amháin tacar rialacha amháin” a chur i bhfeidhm i ngach cineál sineirgíochtaí:
—
is féidir aistrithe a dhéanamh, ar bhonn deonach, ó chláir eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), chuig gníomhaíochtaí de chuid Fís Eorpach. I gcásanna den sórt sin leanfaidh siad rialacha Fís Eorpach, ach ní úsáidfear iad ach ar mhaithe le leas an Bhallstáit nó an údaráis bainistithe, de réir mar is ábhartha, a chinnfidh an t-aistriú a dhéanamh;
—
d’fhéadfaí foráil a dhéanamh maidir le comhchistiú ar ghníomhaíocht de chuid Fís Eorpach agus ar chlár eile de chuid an Aontais, ach ní rachadh suim an chomhchistiucháin sin thar shuim iomlán na gcostas incháilithe a ghabhfadh leis an ngníomhaíocht. I gcásanna den chineál sin, is ag rialacha Fís Eorpach, agus acu sin amháin, a bheadh feidhm agus ba cheart iniúchtaí dúbailte a sheachaint;
—
Ba cheart Séala Barr Feabhais a dhámhachtain ar na tograí uile a bhain amach an tairseach “barr feabhais” in Fís Eorpach ach nach féidir a mhaoiniú de dheasca sriantacht buiséid. I gcásanna den chineál sin, is ag rialacha an Chiste óna dtiocfadh an tacaíocht ba cheart feidhm a bheith, cé is moite de na rialacha maidir le státchabhair.
(16) D’fhonn an tionchar is fearr is féidir a fháil as an gcistiú ón Aontas agus rannchuidiú le beartais agus gealltanais an Aontais ar an dóigh is éifeachtaí is féidir, féadfaidh an Clár dul i gComhpháirtíochtaí Eorpacha le comhpháirtithe ón earnáil phríobháideach agus/nó phoiblí, ar bhonn thoradh na Pleanála Straitéisí. Ar na comhpháirtíochtaí sin tá geallsealbhóirí i réimsí an taighde agus na nuálaíochta, idir phoiblí agus phríobháideach, na hionaid inniúlachta, na gorlanna gnó, na páirceanna teicneolaíochta agus eolaíochta, comhlachtaí a thugann seirbhís phoiblí, fondúireachtaí agus eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta agus éiceachórais nuálaíochta réigiúnacha, i gcás inarb iomchuí, a thacaíonn le taighde agus nuálaíocht, nó a dhéanann taighde agus nuálaíocht, ar choinníoll gur féidir an tionchar inmhianaithe a bhaint amach ar dhóigh níos éifeachtaí i gcomhpháirtíocht ná mar a dhéanfadh an tAontas leis féin.
(17) Trí bhíthin an Chláir, ba cheart an comhar idir Comhpháirtíochtaí Eorpacha agus comhpháirtithe san earnáil phríobháideach agus/nó phoiblí a neartú ar an leibhéal idirnáisiúnta, lena n-áirítear trí chláir thaighde agus nuálaíochta agus infheistíocht trasteorann sa taighde agus nuálaíocht a thabhairt le chéile, chun leasanna frithpháirteacha a sholáthar do dhaoine agus do ghnólachtaí agus a áirithiú ag an am céanna gur féidir leis an Aontas seasamh lena
(17a) Tá cruthúnas ar fáil gur ionstraim éifeachtach agus éifeachtúil iad na ‘Tionscnaimh Shuaitheanta FET’ agus, trí chomhiarracht chomhordaithe ón Aontas agus ó na Ballstáit, go ndéanann siad leas don tsochaí. Gníomhaíochtaí a dhéantar faoi réir na dTionscnamh Suaitheanta FET maidir le Graiféin, an tionscadal ‘An Inchinn Dhaonna’, agus Teicneolaíocht an Chandaim, agus a dhéantar a mhaoiniú faoin gclár Fís 2020, leanfar de bheith ag tacú leo faoi Fís Eorpach trí ghlaonna ar thograí a bheidh ina gcuid den chlár oibre. Le gníomhaíochtaí ullmhúcháin faoi chuid na dTionscnamh Suaitheanta FET den chlár Fís 2020, cothófar an próiseas Pleanála Straitéisí faoi Fís Eorpach agus beidh siad ina dtreoir ag an obair a dhéanfar ar mhisin, ar chomhpháirtíochtaí comhchistithe nó comhchláraithe, agus ar ghnáthghlaonna le haghaidh tograí.
(18) Ba cheart don Airmheán Comhpháirteach Taighde (JRC) leanúint d’fhianaise neamhspleách eolaíochta a bheidh dírithe ar chustaiméirí agus tacaíocht theicniúil a sholáthar do bheartais an Aontais feadh thimthriall iomlán na mbeartas. Ba cheart gníomhaíochtaí díreacha JRC a chur chun feidhme ar dhóigh sholúbtha, éifeachtúil agus thrédhearcach, agus riachtanais ábhartha úsáideoirí JRC, na sriantachtaí buiséid agus riachtanais bheartais an Aontais á gcur san áireamh, agus cosaint leasanna airgeadais an Aontais a áirithiú. Ba cheart do JRC leanúint d'acmhainní breise a ghiniúint.
(19) Faoin gcolún ‘An Eoraip Nuálach’, ba cheart sraith gníomhaíochtaí a bhunú don tacaíocht chomhtháite le haghaidh riachtanais fiontraithe agus fiontraíochta atá á déanamh de thoradh taighde, agus arb é is aidhm leo nuálaíocht cheannródaíoch a bhaint amach agus borradh a chur fúithi le go mbeidh fás tapa ar na margaí, agus chomh maith leis sin, neamhspleáchas teicneolaíochta an Aontais a chur chun cinn i réimsí straitéiseacha. Ba cheart go meallfadh sé cuideachtaí nuálacha, lena n-áirítear FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta, a d’fhéadfadh méadú ar an leibhéal idirnáisiúnta agus ar leibhéal an Aontais agus deontais agus comh-infheistíochtaí tapa solúbtha a sholáthar, le n-áirítear infheisteoirí príobháideacha. Ba cheart na cuspóirí sin a shaothrú trí Chomhairle Eorpach Nuálaíochta (EIC) a chruthú. Ba cheart don Cholún sin tacú freisin leis an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT), le Scéim Nuálaíochta Réigiúnach EIT agus le héiceachórais nuálaíochta Eorpacha i gcoitinne, ar fud an Aontais, go háirithe trí chomhpháirtíochtaí comhchistiúcháin le gníomhaithe tacaíochta nuálaíochta náisiúnta agus réigiúnacha, idir phoiblí agus phríobháideach.
(20) D’fhonn aghaidh a thabhairt ar an ngá atá ann tacaíocht a thabhairt d’infheistíocht i ngníomhaíochtaí neamhlíneacha agus le riosca níos airde amhail taighde agus nuálaíocht, tá sé ríthábhachtach go mbeadh Fís Eorpach, go háirithe EIC, mar aon le EIT agus a chuid PENanna, ag obair i sineirgíocht leis na táirgí airgeadais atá le cur á n-úsáid faoi InvestEU. Maidir leis sin, ba cheart go bhfónfadh an taithí a fhaightear ó na hionstraimí airgeadais arna gcur in úsáid faoi Fís Eorpach 2020 amhail InnovFin agus an ráthaíocht iasachtado FBManna mar bhonn láidir chun an tacaíocht spriocdhírithe sin a sholáthar. Ba cheart do EIC faisnéis straitéiseach agus gníomhaíochtaí meastóireachta fíor-ama a fhorbairt d’fhonn a chuid gníomhaíochtaí éagsúla a chomhordú agus a bhainistiú ar bhonn tráthúil.
(21) Ba cheart do EIC, mar aon le codanna eile de Fís Eorpach, gach cineál nuálaíochta a spreagadh, ón nuálaíocht incriminteach go dtí an nuálaíocht cheannródaíoch agus an nuálaíocht shuaiteach atá dírithe go háirithe ar an nuálaíocht lena gcruthófar margadh nua. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag EIC, trína chuid ionstraimí – Treo-Aimsitheoir agus Luasaire – nuálaíochtaí ardriosca a shainaithint, a fhorbairt agus a chur in úsáidden uile chineál, nuálaíochtaí incriminteacha ina measc, ina ndíreofar an fócas is mó ar nuálaíochtaí ceannródaíocha, suaiteacha agus domhaintheicneolaíocht arb acmhainn dóibh a bheith ina nuálaíochtaí cruthaithe margaí. Trí thacaíocht chomhleanúnach chuíchóirithe, ba cheart do EIC an folús atá ann faoi láthair sa tacaíocht phoiblí agus san infheistíocht phríobháideach don nuálaíocht cheannródaíoch a líonadh. Ionstraimí EIC, éilíonn siad gnéithe tiomnaithe dlíthiúla agus bainistíochta d’fhonn a chuid cuspóirí a léiriú, go háirithe gníomhaíochtaí cur in úsáid ar an margadh.
(21a) De réir bhrí an Rialacháin seo agus go háirithe do na gníomhaíochtaí arna ndéanamh faoi EIC, is é is gnólacht nuathionscanta ann ná FBM atá nuathosaithe (lena n-áirítear seach-chuideachtaí ollscoile), a dhíríonn ar réitigh nuálacha agus ar shamhail ghnó inscálaithe, agus atá féinrialaithe de réir bhrí Airteagal 3 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún(5); agus is é is ‘cuideachta mheánchaipitlithe’ ann ná cuideachta nach micreachuideachta, fiontar beag nó fiontar meánmhéide é, de réir mar a shainmhínítear i Moladh 2003/361/EC ón gCoimisiún agus a bhfuil idir 250 agus 3 000 fostaí ag obair ann i gcás ina ndéantar an líon foirne a ríomh i gcomhréir le hAirteagail 3, 4, 5 agus 6 de Theideal I den Iarscríbhinn a ghabhann leis anMoladh sin; is é is cuideachta mheánchaipitlithe beag ann ná cuideachta mheánchaipitlithe a bhfuil suas le 499 bhfostaí ag obair ann.
(22) Trí mhaoiniú cumasctha na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí (EIC), ba cheart don Luasaire EIC “gleann an bháis” a líonadh idir an taighde, réamh-olltráchtálú agus méadú cuideachtaí. Go háirithe, ba cheart don Luasaire tacaíocht a sholáthar d’oibríochtaí a bhfuil rioscaí teicneolaíochta nó margaidh ag gabháil leo a fhágann nach meastar iad a bheith iontaofa ó thaobh brabúis agus nach féidir leo infheistíochtaí suntasacha a ghiaráil ón margadh dá bharr, rud a dhéanfaidh comhlánú ar an gclár InvestEU a bhunaítear le Rialachán …(6).
(22a) Is foinse shuntasach nuálaíochta agus fáis iad FBManna san Eoraip. Dá bhrí sin, tá gá le rannpháirtíocht láidir FBManna, mar a shainmhínítear i Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún, in Fís Eorpach. Agus forbairt á déanamh ar na dea-chleachtais a foghlaimíodh ó Fís Eorpach 2020, ba cheart do Fís Eorpach leanúint le FBManna a spreagadh le bheith páirteach sa Chlár Réime ar mhodh comhtháite.
(22b) Cé gur cheart gurb é an maoiniú cumasctha príomhúsáid bhuiséad Luasaire EIC, chun críche Airteagal 43, ba cheart go mbeadh an tacaíocht de chineál deontais amháin ó Luasaire EIC do na FBManna, cuideachtaí nuathionscanta ina measc, ag teacht leis sin a thugtar faoi bhuiséad ionstraim FBM faoin gclár réime a bhí ann roimhe sin, an clár Fís 2020, a bunaíodh faoi Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(7).
(22c) I ndlúthshineirgíocht le InvestEU, ba cheart do Luasaire EIC, ina maoiniú cumasctha agus a bhfoirmeacha tacaíochta airgeadais cothromais, maoiniú a thabhairt do FBManna, cuideachtaí nuathionscanta ina measc, agus, i gcásanna eisceachtúla, tionscadail atá á reáchtáil ag cuideachtaí meánchaipitlithe beaga, nach bhfuil in ann ioncam a ghiniúint, nó nach bhfuil brabúsach fós, nó nach bhfuil in ann fós go leor infheistíochta a mhealladh chun plean gnó a dtionscadal a chur i bhfeidhm go hiomlán. Measfar go mbeidh na heintitis incháilithe sin neamhiontaofa, mar go bhféadfadh sé go raibh nó go mbeadh cuid dá riachtanais infheistíochta comhlíonta ag infheisteoir amháin nó níos mó amhail banc poiblí nó príobháideach, riarthóir teaghlaigh, ciste caipitil fiontair, aingeal gnó, etc. Ar an gcaoi seo, chun teacht ó aon chliseadh sa mhargadh, tabharfaidh Luasaire EIC maoiniú d’eintitis a bhfuil cuma mhaith orthu ach nach bhfuil siad iontaofa ó thaobh brabúis fós, agus atá freagrach as tionscadail cheannródaíochta nuálaíochta a chruthaíonn margadh. Nuair a bheidh na tionscadail sin iontaofa ó thaobh brabúis, féadfaidh siad, ag tréimhse níos déanaí ina bhforbraíocht, a bheith maoinithe faoi InvestEU.
(23) Ba cheart é a bheith d’aidhm ag EIT, go háirithe trí na Pobail Eolais agus Nuálaíochta (PENanna) agus Scéim Nuálaíochta Réigiúnach EIT atá aige, éiceachórais nuálaíochta a neartú d’fhonn acmhainneacht nuálaíochta an Aontais a fhorbairt, a théann i ngleic le dúshláin dhomhanda trí chomhtháthú gnó, taighde, ardoideachais agus fiontraíochta a chothú. I gcomhréir lena ghníomh bunaithe, le Rialacháin EIT(8)agus le Clár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht EIT(9), ba cheart do EIT nuálaíocht a chothú sna gníomhaíochtaí a dhéanann sé agus tacú le comhtháthú an ardoideachais laistigh den éiceachóras nuálaíochta, go háirithe trí na nithe seo a leanas a dhéanamh: spreagadh a thabhairt don oideachas fiontraíoch, comhar neamhdhisciplíneach láidir a chothú idir an earnáil tionsclaíochta agus lucht léinn; agus scileanna ionchasacha a shainaithint le haghaidh nuálaithe amach anseo chun dul i ngleic le dúshláin dhomhanda, ardscileanna digiteacha agus nuálaíochta san áireamh. Ba cheart do na scéimeanna tacaíochta a chuireann EIT ar fáil dul chun tairbhe tairbhithe EIC, agus ba cheart rochtain mhear a bheith ag na cuideachtaí nuathionscanta a thagann amach as PENanna EIT ar ghníomhuithe EIC freisin. Cé gur cheart go bhfágfadh an fócas a dhíríonn EIT ar éiceachórais nuálaíochta go mbeadh sé ag teacht go nádúrtha leis an gcolún ‘Eoraip Nuálach’, ba cheart dó tacaíocht a thabhairt freisin do na colúin eile ar fad, de réir mar is iomchuí, agus ba cheart ailíniú a dhéanamh ar phleanáil na PENanna atá aige tríd an bpróiseas pleanála straitéisí leis an gcolún ‘Dúshláin Dhomhanda agus Iomaíochas Tionsclaíoch Eorpach’. Ba cheart dúbláil idir PENanna agus ionstraimí eile sa réimse céanna, go háirithe Comhpháirtíochtaí eile, a sheachaint.
(24) Ba cheart go mbeadh machaire chomhréidh a áirithiú agus a chaomhnú le haghaidh cuideachtaí a bhíonn san iomaíocht i margadh ar leith ina phríomhcheanglas le haghaidh nuálaíocht cheannródaíoch nó shuaiteach, rud a fhágfaidh go mbeidh nuálaithe beaga agus meánmhéide, go háirithe, in ann leas a bhaint as na tairbhí ar a n-infheistíochtaí agus sciar den mhargadh a ghabháil chucu féin. Ar an gcaoi chéanna, féadfaidh méid áirithe oscailteachta maidir le scála nuálaíochta gníomhaíochtaí cistithe - a thugann aghaidh ar líonra mór tairbhithe - a bheith ina chuidiú mór maidir le forbairt acmhainne FBManna, mar go dtabharfaidh sé dóibh a bhfuil ag teastáil uathu chun infheistíochtaí a mhealladh agus a bheith rathúil.
(25) Ba cheart, trí bhíthin an Chláir, comhar le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, agus tionscnaimh atá bunaithe ar leas an Aontaisagus ar thairbhí frithpháirteacha agus ar thiomantais dhomhanda a chur chun cinn agus a chomhtháthú chun SDGnna na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag an gcomhar idirnáisiúnta barr feabhais sa taighde agus nuálaíochta ▌, mealltacht agus iomaíochas tionsclaíoch agus eacnamaíoch an Aontais a neartú chun dul i ngleic le dúshláin dhomhanda, mar a leagtar amach i SDGnna na Náisiún Aontaithe, agus chun tacú le beartais sheachtracha an Aontais. Ba cheart cur chuige d’oscailteacht ghinearálta i dtaca le barr feabhais i rannpháirtíocht idirnáisiúnta agus gníomhaíochtaí spriocdhírithe comhair idirnáisiúnta a leanúint, ▌agus is gá critéir incháilitheachta iomchuí, a dhéanann leibhéil éagsúla de chumais T&N a bhreithniú, le haghaidh cistiú eintiteas atá bunaithe i dtíortha ísealioncaim go meánleibhéal ioncaim a chur i bhfeidhm. Ag an am céanna, ba cheart comhlachas tríú tíortha sa Chlár a chur chun cinn, áit a mbeidh cómhalartacht ann agus a ndéanfar leasanna an Aontais a chosaint agus ina gcuirfear rannpháirtíocht mhéadaithe na mBallstát ar fad sa chlár chun cinn.
(26) D’fhonn an caidreamh idir an eolaíocht agus an tsochaí a láidriú agus an leas is mó is féidir a bhaint as an idirghníomhaíocht eatarthu, ba cheart, faoin gClár, ról agus rannpháirtíocht a bheith ag saoránaigh agus ag eagraíochtaí den tsochaí shibhialta maidir le cláir oibre don taighde agus nuálaíocht fhreagrach (RRI) agus inneachar an taighde agus na nuálaíochta freagraí sin, a chomhdhearadh agus a chomhchruthú a théann i ngleic le hábhair imní, le riachtanais agus le hionchais na saoránach agus na sochaí sibhialta, trí eolas eolaíochta a chur ar fáil go poiblí, agus trí rannpháirtíocht na saoránach agus eagraíochtaí den tsochaí shibhialta i ngníomhaíochtaí an Chláir a éascú. Ba cheart faireachán a dhéanamh ar na bearta arna nglacadh chun bainteacht na saoránach agus na sochaí sibhialta a fheabhsú.
(26a) Faoi Fís Eorpach, ba cheart tacaíocht a thabhairt do nuatheicneolaíochtaí a chuidíonn le baic a shárú, ar baic iad a chuireann cosc ar rochtain agus ar pháirteachas iomlán daoine atá faoi mhíchumas agus a chuireann srian, dá réir sin, le forbairt sochaí atá fíorchuimsitheach.
(27) De bhun Airteagal 349 CFAE, tá na réigiúin is forimeallaí den Aontas i dteideal bearta sonracha (a staid shóisialta, eacnamaíoch agus struchtúrach á cur san áireamh) i ndáil le rochtain ar chláir chothrománacha de chuid an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, saintréithe sonracha na réigiún sin a chur san áireamh i gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún ‘A stronger and renewed strategic partnership with the EU's outermost regions [Comhpháirtíocht straitéiseach neartaithe athnuaite leis na réigiúin is forimeallaí san Aontas]’ (COM(2017)0623) a d’fhormhuinigh an Chomhairle an 12 Aibreán 2018 agus, nuair is féidir, a bpáirteachas sa Chlár a chur chun cinn.
(28) Ba cheart é a bheith d’aidhm ag na gníomhaíochtaí arna bhforbairt faoin gClár deireadh a chur le neamhionannas inscne, laofacht inscne a sheachaint, an ghné inscne a chomhtháthú go leormhaith in inneachar na taighde agus na nuálaíochta, ag díriú ar chothromaíocht oibre agus saoil a fheabhsú, comhionannas idir mná agus fir a chur chun cinn, ina measc prionsabail a bhaineann le pá comhionann amhail dá dtagraítear in Airteagal 141(3) CFAE agus i dTreoir 2006/54/CE maidir le cur chun feidhme phrionsabal na gcomhdheiseanna agus na córa comhionainne le fir agus le mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí bheatha, chomh maith lena chinntiú go mbíonn rochtain ag taighdeoirí atá faoi mhíchumas ar thaighde agus ar nuálaíocht. ▌
(29) I bhfianaise sainiúlachtaí earnáil thionscal na cosanta, ba cheart na forálacha mionsonraithe don chistiú ón Aontas le tionscadail thaighde chosanta a shocrú i Rialachán … lena mbunaítear an Ciste Eorpach Cosanta (10) ina sainínítear na rialacha rannpháirtíochta don taighde i réimse na cosanta. Cé go bhféadfaí sineirgí idir Fís Eorpach agus an Ciste Eorpach Cosanta a spreagadh agus dúbláil á seachaint san am céanna, ba cheart trí ghníomhaíochtaí faoi Fís Eorpach béim a leagan go heisiach ar fheidhmeanna sibhialtacha.
(30) Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais don Chlár. Is é an méid atá luaite don chlár sonrach dá dtagraítear in Airteagal 1(3)(a) ná an príomh-mhéid tagartha, de réir bhrí [tagairt le nuashonrú de réir mar is iomchuí de réir an chomhaontaithe nua idirinstitiúideach: pointe 17 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais(11)], do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.
(31) Tá feidhm ag Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(an ‘Rialachán Airgeadais’)(12) maidir leis an gClár seo, mura sonraítear a mhalairt. Leagann sé síos rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear na rialacha maidir le deontais, duaiseanna, soláthar, cur chun feidhme indíreach, cúnamh airgeadais, ionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha.
(31a) Ba cheart simpliú riaracháin, go háirithe laghdú ar an ualach riaracháin agus ar an moill do thairbhithe a shaothrú go leanúnach tríd an gclár ar fad. Ba cheart don Choimisiún a uirlisí agus a threoir a shimpliú ar bhealach go gcuireann siad ualach íosta ar thairbhithe. Go sonrach, ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh ar leagan giorraithe den treoir a eisiúint.
(31b) D’fhonn a áirithiú go bhfanfaidh an Eoraip ar thús cadhnaíochta maidir le taighde agus nuálaíocht dhomhanda sa réimse digiteach agus an riachtanas atá ann cur le hinfheistíochtaí chun tairbhe a bhaint as na deiseanna sa teicneolaíocht dhigiteach atá ag méadú a chur san áireamh, ba cheart buiséad leordhóthanach a leithdháileadh ar thosaíochtaí digiteacha lárnacha.
(32) I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(13), Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2988/95 ón gComhairle(14), Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle(15) agus Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle(16), déanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha, lena n-áirítear trí neamhrialtachtaí, calaois san áireamh, a chosc, a bhrath, a cheartú agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, smachtbhannaí riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, féadfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (EPPO) calaois agus cionta coiriúla eile lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú, de réir mar a fhoráiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(17). I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ní mór d’aon duine nó d'aon eintiteas a fhaigheann cistí ón Aontas comhoibriú go hiomlán le cosaint leasanna airgeadais an Aontais agus na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, do EPPO agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE), agus ní mór dó a áirithiú go ndéanfaidh aon tríú páirtí a bheidh rannpháirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha a dheonú.
(33) De bhun [tagairt le nuashonrú de réir cinneadh nua maidir le tíortha agus críocha thar lear: Airteagal 94 de Chinneadh 2013/755/AE ón gComhairle(18)], tá daoine agus eintitis atá lonnaithe i dtíortha agus críocha thar lear (OCTanna) incháilithe chun cistiú a fháil faoi réir rialacha agus chuspóirí an Chláir agus faoi réir aon socrú féideartha is infheidhme maidir leis an mBallstát lena mbaineann an tír nó an chríoch ábhartha thar lear. Ba cheart aird chuí a thabhairt leis an gClár seo ar ghnéithe sonracha na gcríoch sin chun a rannpháirtíocht éifeachtach a áirithiú agus chun tacú le comhar agus le sineirgí, go háirithe sna réigiúin is forimeallaí chomh maith le tríú tíortha ina gcomharsanacht.
(34) De bhun mhír 22 agus mhír 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, is gá meastóireacht a dhéanamh ar an gClár seo ar bhonn faisnéis arna bailiú trí cheanglais faireacháin shonracha, agus ró-rialáil agus ualach riaracháin, ar na Ballstáit agus ar thairbhithe faoin gClár, go háirithe, á seachaint san am céanna. Ar na ceanglais sin is féidir a áireamh, i gcás inarb iomchuí, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí an Rialacháin ar an láthair.
(35) Chun a bheith in ann táscairí na gconairí tionchair a fhorlíonadh nó a leasú, i gcás ina meastar gur gá, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(36) Le comhleanúnachas agus sineirgíochtaí idir Fís Eorpach agus Clár Spáis an Aontais Eorpaigh, déanfar earnáil spáis Eorpach a chothú a bheidh nuálach agus iomaíoch ar an leibhéal domhanda; neamhspleáchas na hEorpa a atreisiú maidir le rochtain ar an spás agus leas a bhaint as an spás i dtimpeallacht shlán agus shábháilte; agus ról na hEorpa mar ghníomhaí domhanda a neartú. Tacóidh sonraí agus seirbhísí a chuirfear ar fáil leis an gClár Spáis le réitigh cheannródaíocha a chur i gcrích in Fís Eorpach.
(36a) Ba cheart a chur san áireamh sa chlár oibre toradh na dtionscadal sonrach a cuireadh i gcrích roimh ré agus staid na heolaíochta, na teicneolaíochta agus na nuálaíochta ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta agus ba cheart a chur san áireamh staid na bhforbairtí ábhartha i réimse an bheartais, an mhargaidh agus na sochaí sula gcisteofar gníomhaíocht ar leith.
(37) Leis na rialacha don rannpháirtíocht agus leathadh, ba cheart léiriú leordhóthanach a thabhairt ar riachtanais an Chláir, agus na hábhair imní agus moltaí arna ndéanamh ag na páirtithe leasmhara éagsúla á gcur san áireamh.
(38) Le comhrialacha agus comhcheanglais ar fud an Chláir, ba cheart uirlisí cur chun feidhme simplithe agus coiteanna a áirithiú, lena n-áirítear na huirlisí sin chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar chreat comhleanúnach lena n-éascaítear rannpháirtíocht i gcláir a fhaigheann tacaíocht airgeadais ó bhuiséad an Chláir, lena n-áirítear rannpháirtíocht i gcláir a bhíonn á mbainistiú ag comhlachtaí cistiúcháin amhail EIT, comhghnóthais nó aon struchtúr eile faoi Airteagal 187 CFAE, agus rannpháirtíocht i gcláir arna déanamh ag na Ballstáit de bhun Airteagal 185 CFAE. Ba cheart a bheith in ann rialacha sonracha a ghlacadhach ní mór eisceachtaí a theorannú do na cásanna sin a bhfuil fíorghá leo agus a bhfuil bonn cirt leo mar is iomchuí.
(39) Le gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme an Chláir seo ba cheart na cearta bunúsacha a urramú agus cloí leis na prionsabail atá luaite i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh go háirithe. Ba cheart gníomhaíocht den sórt sin a bheith i gcomhréir le gach oibleagáid dhlíthiúil, lena n-áirítear an dlí idirnáisiúnta agus le gach cinneadh ábhartha ón gCoimisiún, amhail fógra an 28 Meitheamh 2013(19), agus le prionsabail eiticiúla, lena n-áirítear aon sárú ar shláine taighde a sheachaint. Ba cheart tuairimí ón nGrúpa Eorpach um Eitic san Eolaíocht agus sna Nuatheicneolaíochtaí, ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha agus ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí a chur san áireamh. Ba cheart Airteagal 13 CFAE a chur san áireamh freisin i ngníomhaíochtaí taighde agus ba cheart úsáid ainmhithe sa taighde agus sa tástáil a laghdú d'fhonn deireadh a chur le húsáid ainmhithe faoi dheoidh.
(40) I gcomhréir le cuspóirí an chomhair idirnáisiúnta a leagtar amach in Airteagal 180 agus Airteagal 186 CFAE, ba cheart rannpháirtíocht eintiteas dlítheanach atá bunaithe i dtríú tíortha agus rannpháirtíocht eagraíochtaí idirnáisiúnta a chur chun cinn ar mhaithe le leasanna eolaíocha, sochaíocha, eacnamaíocha agus teicneolaíocha an Aontais. Ba cheart cur chun feidhme na Rialacha a bheith i gcomhréir leis na bearta arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 75 agus le hAirteagal 215 CFAE agus i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta. I gcás gníomhaíochtaí a bhaineann le sócmhainní straitéiseacha, leasanna, uathriail nó slándáil an Aontais, féadfar rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí sonracha an Chláir a bheith teoranta d'eintitis atá bunaithe sna Ballstáit amháin, nó d’eintitis atá bunaithe i dtíortha comhlachaithe áirithe nó i dtríú tíortha eile maille leis na Ballstáit.
(41) Agus aitheantas á thabhairt don athrú aeráide mar cheann de na dúshláin is mó roimh an domhan agus roimh an tsochaí agus mar léiriú ar a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanais an Aontais maidir le Comhaontú Pháras agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme, leis an gClár sin, rannchuideofar leis na gníomhaíochtaí ar son na haeráide a phríomhshruthú agus an sprioc fhoriomlán go gcaithfear ar a laghad 25 % de chaiteachais bhuiséadacha an Aontais mar thacaíocht do chuspóirí aeráide a bhaint amach le linn thréimhse 2021-2027 CAI, agus sprioc bhliantúil de 30 % a bhaint amach a luaithe is féidir agus ar a dhéanaí faoi 2027. Déanfar príomhshruthú aeráide a chomhtháthú ar bhealach leormhaith san inneachar taighde agus nuálaíochta agus cuirfear an méid sin i bhfeidhm ag gach céim den timthriall taighde.
(41a) I gcomhthéacs na conaire tionchair a bhaineann leis an aeráid, tuairisceoidh an Coimisiún ar aschuir, ar nuálaíochtaí agus ar éifeachtaí comhiomlánaithe measta ar thionscadail a bhaineann leis an aeráid, lena n-áirítear iad a thuairisciú de réir cuid den Chlár agus de réir an mhodha cur chun feidhme. San anailís sin, ba cheart don Choimisiún costais agus sochair fhadtéarmacha do saoránaigh an Aontais a chur san áireamh a bhaineann leis an ngeilleagar, leis an tsochaí agus leis an gcomhshaol, ar costais agus sochair iad atá mar thoradh ar ghníomhaíochtaí an Chláir, lena n-áirítear leas a bhaint as réitigh nuálacha maidir le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú dó, tionchair mheasta ar phoist agus ar chruthú cuideachtaí, fás eacnamaíoch agus iomaíochas, fuinneamh glan, sláinte agus folláine (cáilíocht an aeir, na hithreach agus an uisce san áireamh). Ba cheart na torthaí ón anailís tionchair sin a chur ar fáil don phobal, torthaí a dhéanfar a mheasúnú i gcomhthéacs spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais agus ba cheart an t-aiseolas a úsáid sa phróiseas pleanála straitéisí ina dhiaidh sin agus sna cláir oibre a bheidh ann amach anseo.
(42) Tá feidhm maidir leis an Rialachán seo ag na rialacha airgeadais cothrománacha arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Leagtar síos na rialacha sin sa Rialachán Airgeadais agus cinntear leo, go háirithe, an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme le deontais, soláthar, duaiseanna, agus cur chun feidhme indíreach, agus forálann siad do sheiceálacha ar fhreagracht na ngníomhaithe airgeadais. Na rialacha a ghlactar ar bhonn Airteagal 322 CFAE, baineann siad freisin le cosaint bhuiséad an Aontais i gcás easnaimh ghinearálaithe maidir le smacht reachta sna Ballstáit, ós rud é gur réamhchoinníoll riachtanach é urramú an smachta reachta i dtaca le bainistiú fónta airgeadais agus maoiniú éifeachtach de chuid an Aontais Eorpaigh.
(43) D’fhéadfadh tionchar díobhálach a bheith ag úsáid faisnéise cúlra íogaire nó rochtain ag daoine neamhúdaraithe ar thorthaí íogaire agus ar shonraí taighde ar leasanna an Aontais nó leas Ballstáit amháin nó níos mó. Dá bhrí sin ba cheart láimhseáil sonraí rúnda agus faisnéis rúnaicmithe a rialú le dlíthe ábhartha uile an Aontais, lena n-áirítear rialacha inmheánacha na nInstitiúidí, amhail Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún(20), ina leagtar síos na forálacha maidir le rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh a chosaint.
▌
(45) Is gá téarmaí agus coinníollacha a bhunú maidir le cistiú ón Aontas a sholáthar do rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí faoin gClár. Is deontais a bheidh ar an bpríomhchineál maoinithe laistigh den Chlár. Na cineálacha maoinithe, is ar bhonn a fhónta atá siad ó thaobh cuspóirí sainiúla na ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus torthaí a bhaint amach ba cheart iad a roghnú, agus aird á tabhairt go háirithe ar chostais rialuithe, ar an ualach riaracháin, agus ar na rioscaí a mheastar a bheith ann mar gheall ar neamh-chomhlíonadh. Maidir le deontais, ba cheart a áireamh orthu breithniú ar úsáid cnapshuimeanna, rátaí comhréidhe nó scálaí costas aonaid mar a leagtar amach sa Rialachán Airgeadais ▌ d’fhonn leanúint de thuilleadh simpliúcháin. Sula bhféadfaí aon chóras nua aisíocaíochta costas a mheas mar chóras fíorshimplí do na tairbhithe, ba cheart meastóireacht chuimsitheach dhearfach a dhéanamh air roimh ré.
▌
(47) I gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(an ‘Rialachán Airgeadais’)(21), ba cheart, trí bhíthin an Chláir, bonn a sholáthar le haghaidh glacadh níos forleithne le gnáthchleachtais cuntasaíochta costála na dtairbhithe i ndáil le costais phearsanra agus costais aonaid le haghaidh earraí agus seirbhísí arna sonrascadh go hinmheánach (lena n-áirítear na costais sin le haghaidh bonneagair mhóra thaighde mar a thuigtear iad faoi Fhís 2020). Úsáid costas aonaid le haghaidh earraí agus seirbhísí arna sonrascadh go hinmheánach agus arna ríomh i gcomhréir le gnáthchleachtais cuntasaíochta costála na dtairbhithe ina mbeidh costais dhíreacha agus costais indíreacha iarbhír, ba cheart é sin a bheith ina rogha a d’fhéadfadh na tairbhithe uile a dhéanamh. I ndáil leis sin, ba cheart an deis a bheith ag tairbhithe costais indíreacha iarbhír arna ríomh ar bhonn scálaí ranníocaíochtaí a chur san áireamh sna costais aonaid sin le haghaidh earraí agus seirbhísí arna sonrascadh go hinmheánach.
(48) Ba cheart simpliú breise a dhéanamh ar an gcóras reatha d’aisíocaíocht na gcostas pearsanra iarbhír, ag tógáil ar an gcur chuige um luach saothair bunaithe ar thionscadail a forbraíodh faoi Fhís 2020 agus é a ailíniú tuilleadh leis an Rialachán Airgeadais, a bhfuil d’aidhm aige an bhearna luach saothair idir taighdeoirí AE atá páirteach sa Chlár a laghdú.
(49) Tá sé léirithe gur sásra tábhachtach coimirce atá sa Chiste um Ráthaíocht Rannpháirtithe a bunaíodh faoi Fhís 2020 agus a ndéanann an Coimisiún bainistiú air, agus maolaítear leis ann gCiste sin na rioscaí a bhaineann leis na méideanna atá dlite agus nár aisíoc rannpháirtithe mainneachtana. Dá bhrí sin, ba cheart leanúint ar aghaidh leis an gCiste um Ráthaíocht Tairbhithe, a athainmníodh mar an Sásra Árachais Fhrithpháirtigh (“an Sásra”), agus é a mhéadú sa chaoi go gcuimseoidh sé comhlachtaí cistiúcháin eile, go háirithe tionscnaimh de bhun Airteagal 185 CFAE. Ba cheart an Sásra a oscailt do thairbhithe ó aon chlár eile an Aontais arna bhainistiú go díreach nó go hindíreach.
(50) Ba cheart rialacha maidir le saothrú agus leathadh torthaí a leagan síos chun a áirithiú go ndéanann na rannpháirtithe na torthaí sin a chosaint, a shaothrú agus a leathadh de réir mar is iomchuí. Ba cheart níos mó béime a chur ar shaothrú torthaí agus ba cheart don Choimisiún na deiseanna sin do thairbhithe a shainaithint agus cuidiú leis an leas is mó is féidir a bhaint astu le go bhféadfaidh na tairbhithe torthaí a shaothrú, go háirithe san Aontas. Maidir le torthaí a shaothrú, ba cheart iad a mheas i gcomhthéacs phrionsabail an chláir seo, lena n-áirítear an nuálaíocht a chur chun cinn san Aontas agus an Limistéar Eorpach Taighde a neartú.
(51) Ba cheart na príomheilimintí den chóras meastóireachta agus roghnúcháin tograí ón gclár a bhí ann roimhe, Fís 2020 a leag béim ar leith ar an mbarr feabhais, ‘an tionchar’ agus ‘cáilíocht agus éifeachtúlacht’ na gcritéar i leith cur chun feidhme a choinneáil. Ba cheart leanúint de thograí a roghnú bunaithe ar an meastóireacht a rinne saineolaithe neamhspleácha as a oiread Ballstát is féidir. Ba cheart don Choimisiún meastóireacht neamhspleách a eagrú nuair is iomchuí agus anailís a dhéanamh ar a thorthaí chun claonadh roghnúcháin a sheachaint. I gcás inarb ábhartha, ba cheart go gcuirfeadh saineolaithe neamhspleácha san áireamh an gá atá le comhleanúnachas foriomlán na punainne tionscadal.
(52) Ba cheart tras-iontaoibh chórasach ar iniúchtaí agus measúnuithe – ▌ atá ag cláir eile de chuid an Aontais – a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 127 den Rialachán Airgeadais do gach cuid den Chlár, chun an t-ualach riaracháin ar thairbhithe chistí an Aontais a laghdú. Ba cheart foráil a dhéanamh go sainráite maidir le tras-iontaoibh trí ghnéithe eile den phróiseas um dearbhú a mheas, amhail iniúchtaí ar chórais agus ar phróisis.
(53) Ba cheart dul i ngleic le dúshláin shonracha i réimsí an taighde agus na nuálaíochta le duaiseanna, lena n-áirítear trí dhuaiseanna coiteanna nó comhdhuaiseanna i gcás inarb iomchuí, arna n-eagrú ag an gCoimisiún nó ag an gcomhlacht cistiúcháin i gcomhar le comhlachtaí eile de chuid an Aontais, tríú tíortha, eagraíochtaí idirnáisiúnta nó eintitis dhlítheanacha neamhbhrabúsacha. Go háirithe, ba cheart duaiseanna a dhámhachtain ar thionscadail lena mealltar eolaithe chuig tíortha a thagann faoin bhfairsingiú agus duaiseanna a dhámhachtain ar thionscadail rathúla chomh maith chun a n-infheictheacht a mhéadú agus deis a thabhairt gníomhaíochtaí arna maoiniú ag an Aontas a chur chun cinn.
(54) ▌ Na cineálacha maoiniúcháin agus na modhanna cur chun feidhme a úsáidfear faoin Rialachán seo, is ar bhonn a fhónta atá siad ó thaobh cuspóirí sonracha na ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus torthaí a thabhairt a roghnófar iad, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar chostais rialuithe, ar an ualach riaracháin, agus ar na rioscaí a mheastar a bheith ann mar gheall ar neamh-chomhlíonadh. Ba cheart go mbeadh ar áireamh seo go ndéantar úsáid cnapshuimeanna, rátaí comhréidhe agus scálaí costas aonaid a bhreithniú,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
TEIDEAL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar
1. Leis an Rialachán seo, bunaítear Fís Eorpach - An Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (‘an Clár’) mar aon leis na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus leathadh i ngníomhaíochtaí indíreacha faoin gClár agus déantar an creat lena rialaítear tacaíocht ón Aontas le haghaidh gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a chinneadh.
2. Leagann sé síos cuspóirí an Chláir, an buiséad don tréimhse 2021 – 2027, na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.
3. Cuirfear an Clár chun feidhme trí na nithe seo a leanas:
(a) an clár sonrach arna bhunú le Cinneadh .../.../AE(22) ▌;
(aa) ranníocaíocht airgeadais le EIT arna bunú le Rialachán (CE) Uimh. 294/2008;
(b) an clár sonrach maidir le taighde cosanta arna bhunú le Rialachán .../.../AE Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ciste Eorpach Cosanta.
4. Leis na téarmaí ‘Fís Eorpach’, ‘an Clár’ agus ‘clár sonrach’ a úsáidtear sa Rialachán seo, is le nithe atá ábhartha don chlár sonrach a bhfuil tuairisc air i mír 3(a) atáthar ag tagairt, agus dó sin amháin, , mura luaitear a mhalairt go sonrach.
Cuirfidh EIT an Clár chun feidhme i gcomhréir lena cuspóirí straitéiseacha don tréimhse 2021-2027, mar a leagtar síos sa Chlár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht atá ag an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht, agus aird á tabhairt ar an bpleanáil straitéiseach.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1) ciallaíonn “bonneagair thaighde” saoráidí lena soláthraítear acmhainní agus seirbhísí do na pobail taighde chun taighde a dhéanamh agus nuálaíocht a chothú ina réimsí féin. Áirítear ar an sainmhíniú na hacmhainní daonna a ghabhann leis, agus cumhdaítear leis mórthrealamh nó tacair ionstraimí; saoráidí a bhfuil baint acu le heolas amhail bailiúcháin, cartlanna nó bonneagair sonraí eolaíocha; córais ríomhaireachta, líonraí cumarsáide agus aon bhonneagar eile ar de chineál uathúil é agus é oscailte d’úsáideoirí seachtracha, atá ríthábhachtach chun barr feabhais a ghnóthú sa taighde agus sa nuálaíocht. I gcás inarb ábhartha, féadfar iad a úsáid i réimsí eile seachas an taighde, mar shampla chun críche oideachais nó seirbhísí poiblí agus féadfar iad a bheith ‘suite ar shuíomh amháin’, ‘fíorúil’ nó ‘dáilte’;
(2) tá le 'straitéis um speisialtóireacht chliste' an bhrí chéanna agus atá le straitéis um speisialtóireacht chliste mar a shainmhínítear í i Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(23) lena gcomhlíontar na coinníollacha cumasúcháin arna leagan amach i Rialachán (AE) XX [Rialachán na bhForálacha Coiteanna];
(3) ciallaíonn “Comhpháirtíocht Eorpach” tionscnamh, a raibh Ballstáit agus/nó Tíortha Comhlachaithe páirteach go luath ina ullmhúchán, lena dtugann an tAontas gealltanas, i gcomhar le comhpháirtithe príobháideacha agus/nó poiblí (amhail tionscal, ollscoileanna, eagraíochtaí taighde, comhlachtaí a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta nó idirnáisiúnta nó eagraíochtaí na sochaí sibhialta lena n-áirítear forais agus eagraíochtaí neamhrialtasacha), chun tacaíocht a thabhairt go comhpháirteach le clár gníomhaíochta taighde agus nuálaíochta a fhorbairt agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a bhfuil baint acu leis an nglacadh atá ag an margadh leo, le glacadh rialála nó le glacadh beartais;
(4) ciallaíonn “rochtain oscailte” an cleachtas a bhaineann le rochtain ar líne a chur ar fáil d’aschuir thaighde ag eascairt as gníomhaíochtaí a mhaoinítear faoin gClár, ▌saor ó tháille don úsáideoir deiridh, i gcomhréir le hAirteagail 10 agus 35(3) den Rialachán seo;
(4a) ciallaíonn “eolaíocht oscailte” cur chuige a bhaineann leis an bpróiseas eolaíoch atá bunaithe ar obair, uirlisí agus scaipeadh eolais ar bhonn oscailte agus chomhoibríoch, lena n-áirítear eilimintí Airteagal 10.
(5) ciallaíonn “misean” punann de ghníomhaíochtaí T&N barrfheabhas-bhunaithe agus tionchar-bhunaithe ar fud disciplíní agus earnálacha, arb é is aidhm leo:
– sprioc intomhaiste a ghnóthú ▌, laistigh d'achar ama socraithe nach bhféadfaí a ghnóthú trí ghníomhaíochtaí aonair amháin,
– tionchar a imirt ar an tsochaí agus ar cheapadh beartas trí bhíthin na heolaíochta agus na teicneolaíochta, agus
– a bheith ábhartha do chuid shuntasach de phobal na hEorpa agus do réimse leathan saoránach Eorpach;
(6) ciallaíonn “soláthar réamhthráchtála” soláthar seirbhísí taighde agus forbartha a bhfuil baint acu le comhroinnt riosca/sochair faoi dhálaí margaidh, agus forbairt iomaíoch i gcéimeanna, ina bhfuil dealú soiléir idir na seirbhísí taighde agus forbartha a sholáthraítear ó úsáid cainníochtaí tráchtála de na táirgí deiridh;
(7) ciallaíonn “soláthar poiblí réiteach nuálaíoch” soláthar i gcás ina bhfeidhmíonn údaráis chonarthacha mar chustaiméir chéadtrialach le haghaidh earraí nó seirbhísí nuálaíocha nach bhfuil ar fáil fós ar bhonn tráchtála ar mhórscála, agus féadfar tástáil chomhlíontachta a áireamh leis sin;
(8) ciallaíonn “cearta rochtana” cearta chun torthaí nó réamheolas a úsáid faoi na téarmaí agus na coinníollacha a leagtar síos i gcomhréir leis an Rialachán seo;
(9) ciallaíonn “réamheolas” sonraí, saineolas nó faisnéis ar bith, is cuma cad é a bhfoirm nó cineál, bídís inláimhsithe nó doláimhsithe, lena n-áirítear aon cheart amhail cearta maoine intleachtúla, eadhon: (i) cearta atá i seilbh tairbhithe roimh a n-aontachas leis an ngníomhaíocht; agus (ii) cearta arna sainaithint ag na tairbhithe i gcomhaontú i scríbhinn de réir mar is gá chun an ghníomhaíocht a chur chun feidhme nó chun a cuid torthaí a shaothrú;
(10) ciallaíonn “scaipeadh” nochtadh poiblí na dtorthaí trí mheán iomchuí (seachas nochtadh mar thoradh ar na torthaí a chosaint nó a shaothrú), lena n-áirítear trí na torthaí a fhoilsiú i bhfoilseacháin eolaíocha i meán ar bith;
(11) ciallaíonn “saothrú” torthaí a úsáid i ngníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta breise seachas iad sin a chumhdaítear faoin ngníomhaíocht lena mbaineann, lena n-áirítear inter alia, saothrú tráchtála amhail táirge nó próiseas a fhorbairt, a chruthú, a mhonarú agus a mhargú, ▌chun seirbhís a chruthú agus a sholáthar, nó i ngníomhaíochtaí i ndáil le caighdeánú;
(12) ciallaíonn “coinníollacha cothroma agus réasúnacha” coinníollacha iomchuí, lena n-áirítear téarmaí airgeadais nó coinníollacha saor ó ríchíosanna, agus aird á tabhairt ar imthosca sonracha na hiarrata ar rochtain, mar shampla luach iarbhír nó féideartha na dtorthaí nó an réamheolais a bhfuil rochtain á lorg ina leith agus/nó raon feidhme, ré nó saintréithe eile an tsaothraithe atá beartaithe;
(13) ciallaíonn “comhlacht cistiúcháin” comhlacht nó eagraíocht, seachas an Coimisiún, amhail dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais, a ndéanann an Coimisiún cúraimí maidir leis an mbuiséad a chur chun feidhme faoin gClár a chur ar a n-iontaoibh;
(14) ciallaíonn “eagraíocht idirnáisiúnta um thaighde Eorpach” eagraíocht idirnáisiúnta, ar Ballstáit nó tíortha comhlachaithe tromlach a gcomhaltaí, agus arb é is príomhchuspóir léi an comhar eolaíoch agus teicneolaíoch a chur chun cinn san Eoraip;
(15) ciallaíonn “eintiteas dlítheanach” aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bunaíodh mar eintiteas dlítheanach agus a aithnítear mar eintiteas dlítheanach faoin dlí náisiúnta, faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí idirnáisiúnta, a bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aige agus a fhéadfaidh, ag gníomhú dó ina ainm féin, cearta a fheidhmiú agus a bheith faoi réir oibleagáidí, nó eintiteas nach bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aige i gcomhréir le hAirteagal 197(2)(c) den Rialachán Airgeadais;
(15a) ciallaíonn “tíortha a thagann faoin bhfairsingiú”/“na tíortha ar íseal a bhfeidhmíocht maidir le T&N” tíortha inar gá eintitis a bheith bunaithe iontu chun go mbeidh siad incháilithe mar chomhordaitheoirí faoin tsraith den chlár a bhaineann le ‘rannpháirtíocht a fhairsingiú agus barr feabhais a leathnú’ den chuid ‘Limistéar Taighde Eorpach a Neartú agus Rannpháirtíocht a Fhairsingiú’ de Fís Eorpach.As measc Ballstáit AE, is iad na tíortha sin ná an Bhulgáir, an Chróit, an Chipir, Poblacht na Seice, an Eastóin, an Ghréig, an Ungáir, an Laitvia, an Liotuáin, Málta, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóvaic agus an tSlóivéin, le haghaidh ré iomlán an Chláir. Maidir leis na tíortha comhlachaithe, déanfar liosta de na tíortha incháilithe a shainiú bunaithe ar tháscaire agus foilseofar an liosta sa Chlár Oibre. Ar bhonn Airteagal 349 CFAE, beidh eintitis dhlítheanacha ó na Réigiúin is Forimeallaí lán-incháilithe freisin freisin le bheith ina gcomhordaitheoirí faoin tsraith seo.
(16) ciallaíonn “eintiteas dlítheanach neamhbhrabúsach” eintiteas dlítheanach atá neamhbhrabúsach de réir na foirme dlíthiúla atá aige nó a bhfuil sé d’oibleagáid dhlithiúil nó reachtach air gan brabús a roinnt ar a gheallsealbhóirí ná ar a chomhaltaí aonair;
(16a) ciallaíonn “FBM” micrifhiontair agus fiontair bheagmhéide agus mheánmhéide, mar a shainmhínítear i Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún;
(17) ciallaíonn “cuideachta mheánchaipitlithe bheag” eintiteas nach micrifhiontar, fiontar beag ná fiontar meánmhéide é (‘FBM’) mar a shainmhínítear i Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún lena bhfostaítear suas le 499 bhfostaí ann ▌, i gcás ina ndéantar líon na foirne a ríomh i gcomhréir le hAirteagail 3, 4, 5 agus 6 de Theideal I den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Moladh sin;
(18) ciallaíonn “torthaí” aon éifeacht inláimhsithe nó doláimhsithe de chuid na gníomhaíochta, amhail sonraí, fios gnó nó faisnéis, is cuma cad é a foirm nó a cineál, cibé acu is féidir í a chosaint nó nach féidir, mar aon le cearta ar bith atá ag gabháil léi, lena n-áirítear cearta maoine intleachtúla;
(18a) ciallaíonn “aschuir taighde” torthaí a ghintear de bharr na gníomhaíochta, ar féidir rochtain a thabhairt orthu i bhfoirm foilseachán eolaíochta, sonraí nó torthaí agus próiseas monaraithe eile amhail bogearraí, algartaim, prótacail agus leabhair nótaí leictreonacha;
(19) ciallaíonn “séala barr feabhais” lipéad dearbhaithe a léiríonn go raibh togra a cuireadh isteach le haghaidh glao ar thograí os cionn na tairseacha meastóireachta ar fad a leagtar amach sa chlár oibre, ach nach bhféadfaí é a chistiú de dheasca easpa buiséid a bheith ar fáil don ghlao sin sa chlár oibre, ach a d’fhéadfadh tacaíocht a fháil ó fhoinsí eile cistiúcháin de chuid an Aontais nó ó fhoinsí náisiúnta eile cistiúcháin;
(19a) ciallaíonn “Plean Straitéiseach T&N” gníomh cur chun feidhme lena leagtar amach straitéis chun inneachar sa chlár oibre a fhíorú agus lena gcumhdaítear tréimhse nach faide ná ceithre bliana, tar éis próiseas comhairliúcháin leathan sainordaithe i gcomhar le geallsealbhóirí éagsúla a chur i gcrích. Sainmhínítear sa Phlean sin, na tosaíochtaí, na cineálacha gníomhaíochtaí agus na cineálacha cur chun feidhme oiriúnacha a bheidh le húsáid.
(20) ciallaíonn “clár oibre” an doiciméad arna ghlacadh ag an gCoimisiún chun an clár sonrach(24) a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 12 nó leis an doiciméad coibhéiseach ó thaobh inneachair agus struchtúir de arna ghlacadh ag comhlacht cistiúcháin;
(21) ciallaíonn “airleacan inaisíoctha” cuid de mhaoiniú cumasctha ó Fís Eorpach nó ó EIC a chomhfhreagraíonn d’iasacht faoi Theideal X den Rialachán Airgeadais, ach a dhámhann an tAontas Eorpach go díreach agus ar bhonn neamhbhrabúsach chun costais gníomhaíochtaí a chumhdach a chomhfhreagraíonn do ghníomhaíocht nuálaíochta, agus a aisíocfaidh an tairbhí leis an Aontas Eorpach faoi na coinníollacha dá bhforáiltear sa chonradh;
(22) ciallaíonn “conradh” an comhaontú arna thabhairt i gcríoch idir an Coimisiún nó comhlacht cistiúcháin le heintiteas dlítheanach lena gcuirtear nuálaíocht agus gníomhaíocht cur in úsáid ar an margadh chun feidhme agus lena dtacaíonn Fís Eorpach nó maoiniú cumasctha EIC leis;
(23) ciallaíonn “faisnéis rúnaicmithe” faisnéis rúnaicmithe de chuid an Aontais Eorpaigh de réir mar a shainmhínítear in Airteagal 3 den Chinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún chomh maith le faisnéis rúnaicmithe na mBallstát, faisnéis rúnaicmithe tríú tíortha a bhfuil comhaontú slándála ag an Aontas leo agus faisnéis rúnaicmithe eagraíochtaí idirnáisiúnta a bhfuil comhaontú slándála ag an Aontas leo;
(24) ciallaíonn “oibríocht chumasctha” gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad AE, lena n-áirítear laistigh de shaoráidí cumasctha de bhun Airteagal 2(6) den Rialachán Airgeadais, lena gcomhcheanglaítear foirmeacha neamh-inaisíoctha tacaíochta agus/nó ionstraimí airgeadais ó bhuiséad an Aontais d’fhoirmeacha in-aisíoctha tacaíochta ó institiúidí forbartha nó institiúidí airgeadais poiblí eile, agus chomh maith leis sin, ó institiúidí airgeadais tráchtála agus infheisteoirí;
(25) ciallaíonn “maoiniú cumasctha faoi Fís Eorpach” tacaíocht airgeadais do chlár chun tacaíocht a sholáthar do ghníomhaíochtaí nuálaíochta agus cur in úsáid ar an margadh, ar comhcheangal sonrach é de dheontas nó d’airleacan inaisíoctha ina bhfuil infheistíocht i gcothromas nó aon fhoirm eile de thacaíocht inaisíoctha;
(25-a) ciallaíonn “maoiniú cumasctha EIC” tacaíocht airgeadais dhíreach a sholáthraítear faoi EIC chun tacú le gníomhaíocht nuálaíochta agus cur in úsáid ar an margadh, ar comhcheangal sonrach é de dheontas nó d’airleacan inaisíoctha ina bhfuil infheistíocht i gcothromas nó aon fhoirm eile tacaíochta in-aisíoctha;’
(25a) ciallaíonn “gníomhaíocht taighde agus nuálaíochta” gníomhaíocht arb é is aidhm go príomha léi eolas nua a shuíomh agus/nó indéantacht teicneolaíochta, táirge, próisis, seirbhíse nó réitigh nua nó feabhsaithe a shaothrú. Féadfaidh taighde bunúsach agus feidhmeach, forbairt agus comhtháthú teicneolaíochta, tástáil, taispeáint agus bailíochtú ar fhréamhshamhail ar scála beag i saotharlann nó i dtimpeallacht ionsamhlaithe a bheith i gceist leis sin;
(25b) ciallaíonn “gníomhaíocht nuálaíochta” gníomhaíocht arb é is aidhm go príomha léi gníomhaíochtaí atá dírithe go díreach ar phleananna agus socruithe nó dearaí a tháirgeadh i gcomhair táirgí, próisis nó seirbhísí atá nua, athraithe nó feabhsaithe, agus a bhféadfadh fréamhshamhlú, tástáil, taispeáint, píolótú, bailíochtú táirgí ar mhórscála agus macasamhlú an mhargaidh a bheith san áireamh leo;
(25c) ciallaíonn “taighde ceannródaíoch Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Eorpaí um Thaighde (ERC) (lena n-áirítear cruthúnas coincheapa ERC)” gníomhaíochtaí taighde atá faoi cheannas príomhthaighdeora, arna n-óstáil ag tairbhithe aonair nó iolracha;
(25d) ciallaíonn “gníomhaíocht oiliúna agus soghluaisteachta” gníomhaíocht arb é is aidhm léi scileanna, eolas agus ionchais ghairme taighdeoirí a fheabhsú bunaithe ar shoghluaisteacht idir tíortha agus, más ábhartha, idir earnálacha nó disciplíní;
(25e) ciallaíonn “gníomhaíocht comhchistiúcháin clár” gníomhaíocht chun comhchistiú ilbhliantúil a chur ar fáil do chlár gníomhaíochtaí arna mbunú agus/nó arna gcur chun feidhme ag eintitis a bhainistíonn agus/nó a chistíonn cláir taighde agus nuálaíochta, cé is moite de chomhlachtaí cistiúcháin an Aontais. Le clár gníomhaíochtaí den sórt sin, féadfar tacú le líonrú agus comhordú, taighde, nuálaíocht, treoirghníomhaíochtaí agus gníomhaíochtaí nuálaíochta agus cur in úsáid ar an margadh, gníomhaíochtaí oiliúna agus soghluaisteachta, múscailt feasachta agus cumarsáid, leathadh agus saothrú, aon tacaíocht ábhartha airgeadais, amhail deontais, duaiseanna, soláthar, chomh maith le maoiniú cumasctha faoi Fís Eorpach nó meascán díobh sin. Féadfaidh na heintitis sin gníomhaíocht chomhchistiúcháin an chláir a chur chun feidhme ar bhonn díreach nó féadfaidh tríú páirtithe í a chur chun feidhme thar a gceann;
(25f) ciallaíonn “gníomhaíocht soláthair réamhthráchtála” gníomhaíocht arb é is príomhaidhm léi soláthar réamhthráchtála a bhaint amach, ar soláthar é a dhéanfaidh tairbhithe, ar údaráis chonarthacha nó eintitis chonarthacha iad, a chur chun feidhme;
(25g) ciallaíonn “gníomhaíocht an tsoláthair phoiblí de réitigh nuálacha” gníomhaíocht arb é is príomhaidhm léi soláthar poiblí comhpháirteach nó comhordaithe réiteach nuálach a bhaint amach, ar soláthar é a dhéanfaidh tairbhithe, ar údaráis chonarthacha nó eintitis chonarthacha iad, a chur chun feidhme;
(25h) ciallaíonn “gníomhaíocht chomhordúcháin agus tacaíochta” gníomhaíocht a chuidíonn le cuspóirí an Chláir, gan gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a chur san áireamh, ach amháin nuair a dhéantar é faoin gcomhchuid “rannpháirtíocht a fhairsingiú agus barr feabhais a leathnú” den chuid “Limistéar Eorpach Taighde a Neartú agus an Rannpháirtíocht a Fhairsingiú”; agus comhordú ón mbun aníos gan comhchistiú gníomhaíochtaí taighde ón Aontas a fhágann gur féidir comhar a bhunú idir eintitis dhlítheanacha ó na Ballstáit agus ó Thíortha Comhlachaithe, chun an Limistéar Eorpach Taighde a neartú;
(25i) ciallaíonn “duais dreasachta” duais chun infheistíocht a spreagadh i dtreo ar leith, trí sprioc a shonrú sula ndéantar an obair;
(25j) ciallaíonn “duais aitheantais” duais chun aitheantas a thabhairt don mhéid a baineadh amach roimhe seo agus d’éachtaí oibre i ndiaidh a ndéanta;
(25k) ciallaíonn “gníomhaíocht nuálaíochta agus cur in úsáid ar an margadh” gníomhaíocht a bhfuil gníomhaíocht nuálaíochta neadaithe inti chomh maith leis na gníomhaíochtaí eile is gá chun nuálaíocht a chur in úsáid ar an margadh, lena n-áirítear méadú cuideachtaí, maoiniú cumasctha faoi Fís Eorpach a chur ar fáil (meascán de chistiú i bhfoirm deontais agus maoiniú príobháideach);
(25l) ciallaíonn “gníomhaíochtaí indíreacha” gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a soláthraíonn an tAontas tacaíocht airgeadais dóibh agus a dhéanann na rannpháirtithe;
(25m) ciallaíonn “gníomhaíochtaí díreacha” gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a dhéanann an Coimisiún trína Airmheán Comhpháirteach Taighde (JRC);
(27) ciallaíonn “soláthar” soláthar mar a shainmhínítear in Airteagal 2(49) den Rialachán Airgeadais;
(28) ciallaíonn “eintiteas cleamhnaithe” aon eintiteas dlítheanach mar a shainmhínítear in Airteagal 187(1) den Rialachán Airgeadais;
(30) ciallaíonn “éiceachóras nuálaíochta” éiceachóras lena dtugtar le chéile gníomhaithe nó eintitis ar leibhéal an Aontais arb é an sprioc fheidhmiúil atá acu forbairt teicneolaíochta agus nuálaíocht a chumasú. Cuimsítear leo caidrimh idir acmhainní ábhartha (amhail cistí, trealamh agus saoráidí), eintitis institiúideacha (amhail institiúidí ardoideachais agus seirbhísí tacaíochta, eagraíochtaí taighde agus nuálaíochta, cuideachtaí, caipitlithe fiontair agus idirghabhálaithe airgeadais) agus eintitis cheaptha beartas agus eintitis chistiúcháin náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla;
▌
Airteagal 3
Cuspóirí an chláir
1. Is é cuspóir ginearálta an Chláir tionchar a imirt ar bhonn eolaíoch, teicneolaíoch, eacnamaíoch agus ar bhonn na sochaí a bhuí le hinfheistíochtaí an Aontais sa taighde agus sa nuálaíocht chun bunúis eolaíocha agus teicneolaíocha an Aontais a neartú agus a iomaíochas a chothú sna Ballstáit uile, lena n-áirítear ina chuid tionscal, tosaíochtaí straitéiseacha an Aontais a bhaint amach, rannchuidiú le cuspóirí agus beartais an Aontais a ghnóthú, rannchuidiú le dul i ngleic le dúshláin dhomhanda, lena n-áirítear na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe trí phrionsabail Chlár Oibre 2030 agus Chomhaontú Pháras a leanúint agus an Limistéar Eorpach Taighde a neartú. Ar an gcaoi sin, déanfar breisluach an Aontais a uasmhéadú leis an gClár trí dhíriú ar chuspóirí agus ar ghníomhaíochtaí nach féidir leis na Ballstáit a bhaint amach go héifeachtach agus iad ag gníomhú ina n-aonar ach ar féidir leo iad a bhaint amach agus iad ag gníomhú i gcomhar le chéile.
2. Seo a leanas cuspóirí sonracha an Chláir:
(a) barr feabhais eolaíochta a fhorbairt, a chur chun cinn agus a chur ar aghaidh, tacú le heolas bunúsach agus feidhmeach nua ar ardcháilíocht, scileanna, teicneolaíochtaí agus réitigh a chruthú agus a scaipeadh, oiliúint a chur ar thaighdeoirí agus soghluaisteacht ina measc a chur chun cinn, tallann a mhealladh ar gach leibhéal agus rannchuidiú le páirteachas iomlán dhíorma thréithigh an Aontais sna gníomhaíochtaí lena dtacaítear faoin gClár seo;
(b) eolas a ghiniúint, tionchar an taighde agus na nuálaíochta a neartú chun beartais an Aontais a cheapadh, chun tacú leo agus chun iad a chur chun feidhme, agus tacú leis an rochtain atá ar réitigh nuálacha sa tionscal Eorpach, agus le glacadh na réiteach sin, go háirithe in FBManna, agus sa tsochaí chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda, lena n-áirítear an t-athrú aeráide agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe;
(c) gach cineál nuálaíochta a chothú, forbairt theicneolaíoch, léirithe teicneolaíocha, faisnéis ar an teicneolaíocht agus malartuithe teicneolaíochta a éascú, ▌cur in úsáid agus saothrú réitigh nuálaíochta a neartú;
(d) an leas is fearr is féidir a bhaint as an gClár chun an Limistéar Eorpach Taighde a neartú agus a thionchar agus a tharraingt a mhéadú, páirteachais fheabhas-bhunaithe na mBallstát in Fís Eorpach a chothú, lena n-áirítear na Ballstáit ar íseal a bhfeidhmíocht maidir le T&N, agus naisc chomhoibríocha a éascú i dtaighde agus nuálaíocht na hEorpa.
Airteagal 4
Struchtúr an chláir
1. Déantar an Clár a struchtúrú sna codanna seo a leanas chun rannchuidiú leis na cuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar amach in Airteagal 3 a ghnóthú:
(1) Colún I ‘Eolaíocht den Scoth’ ▌ ina bhfuil na comhchodanna seo a leanas:
(a) an Chomhairle Eorpach um Thaighde (ERC);
(b) Gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie (MSCA):
(c) bonneagair thaighde:
(2) Colún II ‘Dúshláin Dhomhanda agus Iomaíochas Tionsclaíoch Eorpach’ ina bhfuil na comhchodanna seo a leanas, á chur san áireamh go mbeidh ról tábhachtach ag na heolaíochtaí sóisialta agus na daonnachtaí sna braislí ar fad:
(a) an bhraisle ‘Sláinte’:
(b) an bhraisle ‘An Cultúr, an Chruthaitheacht agus an tSochaí Chuimsitheach’;
(ba) an bhraisle ‘Slándáil Shibhialta don tSochaí’;
(c) an bhraisle ‘Cúrsaí Digiteacha,▌an Tionscal agus an Spás’;
(d) an bhraisle ‘Aeráid, Fuinneamh agus Soghluaisteacht’:
(f) an bhraisle ‘Bia, an Bithgheilleagar, Acmhainní Nádúrtha, Talmhaíocht agus an Comhshaol’;
(g) gníomhaíochtaí díreacha neamhnúicléacha an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde (JRC).
(3) Colún III ‘An Eoraip Nuálach’ ina bhfuil na comhchodanna seo a leanas:
(a) an Chomhairle Nuálaíochta Eorpach (EIC);
(b) Éiceachórais nuálaíochta na hEorpa;
(c) an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 294/2008.
(4) An Chuid dar teideal ‘Rannpháirtíocht a Leathnú agus an Limistéar Eorpach Taighde a Threisiú’, ▌ina bhfuil na comhchodanna seo a leanas:
(a) an rannpháirtíocht a fhairsingiú agus barr feabhais a scaipeadh;
(b) Córas T&N an Aontais Eorpaigh a athchóiriú agus a fheabhsú.
2. Leagtar amach línte ginearálta na ngníomhaíochtaí in Iarscríbhinn I.
1. Na gníomhaíochtaí a dhéanfar faoin gclár sonrach dá dtagraítear in Airteagal 1(3)(b) agus a leagtar síos sa Rialachán lena mbunaítear an Ciste Eorpach Cosanta, leagfaidh siad béim eisiach ar an taighde agus ar an bhforbairt um chosaint, agus beidh acu na cuspóirí agus línte ginearálta na ngníomhaíochtaí seo a leanas:
— gníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh iomaíochas, éifeachtúlacht agus acmhainneacht nuálaíochta bhonn tionsclaíoch agus teicneolaíoch na cosanta Eorpaí a chothú.
2. ▌Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an gclár sonrach dá dtagraítear in Airteagal 1(3)(b), seachas i gcás an Airteagail seo, Airteagal 1 ▌agus Airteagal 9(1).
Pleanáil straitéiseach agus cur chun feidhme agus foirmeacha cistiúcháin ón Aontas
1. Is tríd an mbainistíocht dhíreach a chuirfear an Clár chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais nó tríd an mbainistíocht indíreach le comhlachtaí cistiúcháin dá dtagraítear in Airteagal 62(1)(c) den Rialachán Airgeadais.
2. Féadfar, trí bhíthin an Chláir, cistiú a chur ar fáil do ghníomhaíochtaí indíreacha in aon cheann de na foirmeacha atá leagtha síos sa Rialachán Airgeadais, go háirithe deontais, arb iad sin a bheidh mar phríomhfhoirm tacaíochta sa chlár. Leis an gclár, féadfar maoiniú a chur ar fáil trí dhuaiseanna, trí sholáthair agus trí ionstraimí airgeadais laistigh d’oibríochtaí measctha agus trí thacaíocht chothromais faoi Luasaire EIC.
3. Beidh feidhm ag na rialacha maidir le páirteachas agus leathadh arna leagan síos sa Rialachán seo maidir le gníomhaíochtaí indíreacha.
4. Leagtar amach agus sainítear in Airteagal 2 na príomhchineálacha gníomhaíochta a úsáidfear faoin gClár. Úsáidfear na foirmeacha cistiúcháin, dá dtagraítear i mír 2, ar dhóigh sholúbtha síos trí gach cuspóir den Chlár agus cinnfear an úsáid a bheidh leo bunaithe ar riachtanais agus ar shaintréithe na gcuspóirí sonracha.
5. Tacófar freisin, trí bhíthin an Chláir, le gníomhaíochtaí díreacha a dhéanfaidh an tAirmheán Comhpháirteach Taighde. I gcás ina rannchuideoidh na gníomhaíochtaí le tionscnaimh arna bhunú faoi Airteagal 185 nó faoi Airteagal 187 CFAE, ní mheasfar an rannchuidiú sin a bheith mar chuid den ranníocaíocht airgeadais arna leithdháileadh ar na tionscnaimh sin.
6. Tacófar le cur chun feidhme an chláir shonraigh agus PENanna EIT trí ▌ phleanáil thrédhearcach agus straitéiseach ar ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta de réir mar a leagtar síos sa chlár sonrach, go háirithe le haghaidh an cholúin ‘Dúshláin Dhomhanda agus Iomaíochas Tionsclaíoch Eorpach’ ▌agus cumhdófar freisin gníomhaíochtaí ábhartha i gcolúin eile mar aon leis an gcuid maidir leis an Limistéar Taighde Eorpach a Neartú agus an Rannpháirtíocht a Fhairsingiú.
Déanfaidh an Coimisiún bainteacht luath na mBallstát agus malartuithe forleathana le Parlaimint na hEorpa a áirithiú, agus mar chomhlánú air sin bheidh comhairliúchán le geallsealbhóirí agus leis an bpobal i gcoitinne
Áiritheofar, de bhun na Pleanála Straitéisí, ailíniú le cláir ábhartha eile de chuid an Aontais mar aon le comhsheasmhacht le tosaíochtaí agus le gealltanais an Aontais agus neartófar comhlántacht agus sineirgí le cláir agus le tosaíochtaí cistiúcháin náisiúnta agus réigiúnacha, agus dá réir sin déanfar an Limistéar Eorpach Taighde (ERA) a neartú. Déanfar réimsí le haghaidh misin fhéideartha agus réimsí le haghaidh comhpháirtíochtaí Eorpacha institiúideacha a leagan síos in Iarscríbhinn Va.
6a. I gcás inarb iomchuí, chun go bhféadfaidh rochtain níos tapúla ag cuibhreannais chomhoibríocha bheaga ar chistí a bheith ann, féadfar Nós Imeachta Mear i ndáil le Taighde agus Nuálaíocht (FTRI) a mholadh faoi chuid de na glaonna ar thograí atá tiomanta do ghníomhaíochtaí taighde agus / nó do ghníomhaíochtaí nuálaíochta faoi chodanna an Chreatchláir a bhaineann le Dúshláin Dhomhanda agus Iomaíochas Tionsclaíoch Eorpach agus le Treo-Aimsitheoir na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí.
Bainfidh na saintréithe carnacha seo a leanas le glao faoi Nós Imeachta FTRI:
— glaonna ar thograí ón mbun aníos
— seal níos giorra sula dtugtar deontas, nach mbeidh níos mó ná 6 mhí;
— tacaíocht nach dtabharfar ach do chuibhreannais chomhoibríocha bheaga a bheidh comhdhéanta de 6 eintiteas dhlítheanacha incháilithe éagsúla agus neamhspleácha ar a mhéad;
— tacaíocht airgeadais uasta nach mó ná EUR 2,5 milliún in aghaidh an chuibhreannais.
Sainaithneofar sa chlár oibre na glaonna ina n-úsáidtear Nós Imeachta FTRI.
7. Déanfar gníomhaíochtaí Fís Eorpach ▌a sholáthar trí ghlaonna oscailte, iomaíocha ar thograí, lena n-áirítear trí mhisin agus Comhpháirtíochtaí Eorpacha, seachas na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 39 maidir le Duiseanna.
▌
Airteagal 6a
Prionsabail an Chláir
1. Díreofar gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a dhéantar faoin gClár sonrach dá dtagraítear in Airteagal 1(3)(a) agus faoi EIT go heisiach ar iarratais shibhialtacha. Ní cheadófar aistrithe buiséadacha idir an méid a dháilfear don chlár sonrach dá dtagraítear in Airteagal 1(3)(a) agus san EIT agus an méid a dháilfear don chlár sonrach dá dtagraítear in Airteagal 1(3)(b) agus seachnófar dúbláil gan ghá idir an dá chlár.
2. Le Fís Eorpach, áiritheofar cur chuige ildisciplíneach agus déanfar foráil, i gcás inarb iomchuí, maidir le comhtháthú eolaíochtaí sóisialta agus daonnachtaí ar fud na mbraislí agus na ngníomhaíochtaí a fhorbrófar faoin gClár, lena n-áirítear glaonna sonracha ar ábhair a bhaineann le SSH.
3. Le codanna comhoibríocha an Chláir, áiritheofar cothromaíocht idir na cinn is ísle agus na cinn is airde de na Leibhéil Ullmhachta Teicneolaíche (TRLanna) agus ar an gcaoi sin cumhdófar an slabhra luacha ar fad.
3a. Leis an gClár, áiritheofar cur chun cinn agus comhtháthú éifeachtach comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí agus le tionscnaimh idirnáisiúnta atá bunaithe ar shochair fhrithpháirteacha, ar leasanna AE, ar ghealltanais idirnáisiúnta agus, i gcás inarb iomchuí, ar chómhalartacht.
4. Leis an gClár, cuideofar le tíortha a thagann faoin bhfairsingiú cur lena bpáirteachas in Fís Eorpach agus clúdach geografach leathan a chur chun cinn i dtionscadail chomhoibríocha, lena n-áirítear é sin a dhéanamh trí bharrfheabhas eolaíoch a scaipeadh, naisc chomhoibríocha nua a threisiú, cúrsaíocht intinne a spreagadh agus trí bhíthin Airteagal 20(3) agus Airteagal 45(4) a chur chun feidhme. Déanfaidh na Ballstáit na hiarrachtaí sin a mhacasamhlú trí bhearta comhréireacha dá gcuid féin, lena n-áirítear tuarastail tharraingteacha a shocrú do thaighdeoirí, le tacaíocht ó chistí an Aontais, ó chistí náisiúnta agus ó chistí réigiúnacha. Tabharfar aird faoi leith ar chothromaíocht gheografach, faoi réir an cháis i réimse an taighde agus na nuálaíochta lena mbaineann, i bpainéil mheastóireachta agus i gcomhlachtaí amhail boird agus grúpaí saineolaithe, gan an bonn a bhaint ó na critéir barr feabhais.
5. Leis an gClár, áiritheofar cur chun cinn éifeachtach comhdheiseanna do chách, agus cuirfear príomhshruthú inscne, agus gné inscne an inneachair taighde agus nuálaíochta chun feidhme agus beidh sé ar cheann d’aidhmeanna an Chláir aghaidh a thabhairt ar chúiseanna na míchothromaíochta inscne. Tabharfar aird ar leith ar an gcothromaíocht inscne a áirithiú a mhéid agus is féidir ar phainéil mheastóireachta agus ar chomhlachtaí comhairleacha ábhartha eile, amhail boird agus grúpaí saineolaithe.
5a. Déanfar ‘Fís Eorpach’ a chur chun feidhme i sineirge le cláir eile cistiúcháin de chuid an Aontais, agus féachfar le simpliú uasta ar riaracháin a bhaint amach. Tá liosta neamh-uileghabhálach de shinéirgí i gcomhar le cláir eile cistiúcháin de chuid an Aontais ar áireamh in Iarscríbhinn IV.
5b. Leis an gClár, rannchuidítear le hinfheistíocht phoiblí agus phríobháideach a mhéadú sa réimse T&N sna Ballstáit, agus ar an gcaoi sin cuidítear méid fhoriomlán na hinfheistíochta i réimse an taighde agus na forbartha a ardú go 3 %, ar a laghad, d’olltáirgeacht intíre (OTI) an Aontais.
6. Díreoidh an Coimisiún, agus an clár á chur chun feidhme aige, ar shimpliú leanúnach riaracháin agus ar laghdú an ualaigh d’iarratasóirí agus do thairbhithe.
7. Mar chuid de chuspóir ginearálta an Aontais maidir le gníomhaíochtaí aeráide a phríomhshruthú i ndáil le beartais earnála an Aontais agus le cistí an Aontais, ranníocfar trí bhíthin gníomhaíochtaí faoin gClár seo ar a laghad 35 % den chaiteachas ar chuspóirí aeráide i gcás inarb iomchuí. Comhtháthófar príomhshruthú aeráide go leormhaith in inneachar taighde agus nuálaíochta.
8. Leis an gclár, cuirfear comhchruthú agus comhdhearadh chun cinn trí bhíthin pháirteachas na saoránach agus na sochaí sibhialta.
9. Leis an gclár, áiritheofar trédhearcacht agus cuntasacht maidir le cistiú poiblí i dtionscadail taighde agus nuálaíochta, agus dá réir sin cosnófar leas an phobail.
10. Áiritheoidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin ábhartha go gcuirfear treoir leordhóthanach agus faisnéis leordhóthanach ar fáil do na rannpháirtithe uile a d’fhéadfadh a bheith ann tráth a fhoilseofar an glao ar thograí, go háirithe an comhaontú samplach deontais is infheidhme.
Airteagal 7
Misin
1. Déanfar misin a chlársceidealú laistigh den cholún ‘Dúshláin Dhomhanda agus Iomaíochas Tionsclaíoch Eorpach’, ach féadfaidh siad freisin tairbhiú de ghníomhaíochtaí a dhéantar laistigh de chodanna eile den Chlár chomh maith le gníomhaíochtaí comhlántacha a thugtar i gcrích faoi chláir chistiúcháin eile de chuid an Aontais.Fágfaidh na misin go bhféadfar réitigh iomaíocha a bhaint amach, rud a chuirfidh le breisluach agus tionchar uile-Eorpach.
2. Déanfar na misin a shainiú agus a chur chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán agus leis an gClár Sonrach, rud a dhéanfaidh bainteacht ghníomhach agus luath na mBallstát a áirithiú chomh maith le malartaithe forleathana le Parlaimint na hEorpa.Déanfar na misin, a gcuspóirí, a mbuiséad, a spriocanna, a raon feidhme, a dtáscairí agus a ngarspriocanna a shainaithint sna Pleananna Straitéiseacha T&N nó sna Cláir Oibre de réir mar is iomchuí. Déanfar an mheastóireacht ar mholtaí faoi na misin i gcomhréir le hAirteagal 26.
2a. Le linn na chéad trí bliana den chlár, déanfar uasmhéid 10 % de bhuiséad bliantúil Cholún II a chlárú trí ghlaonna sonracha chun na misin a chur chun feidhme. Maidir leis an gcuid eile den chlár, is féidir go méadófar an céatadán sin, ach é sin sa chás amháin go mbeidh measúnú dearfach déanta ar an bpróiseas roghnúcháin agus ar an bpróiseas bainistíochta. Cuirfidh an Coimisiún in iúl cad é an sciar buiséadach iomlán a bhaineann le gach glár a ghabhann leis na misin.
3. Maidir leis na misin:
(a) agus úsáid á baint acu as SDGnna mar fhoinsí chun iad a cheapadh agus a chur chun feidhme, beidh inneachar soiléir taighde agus nuálaíochta acu, beidh breisluach Eorpach ag baint leo, agus rannchuideoidh siad le tosaíochtaí agus gealltanais an Aontais a bhaint amach chomh maith le cuspóirí Fís Eorpach faoi mar a leagtar síos in Airteagal 3;
(aa) cuimseoidh siad réimsí a bhfuil ábharthacht choiteann Eorpach ag baint leo, beidh siad cuimsitheach, spreagfaidh siad páirteachas leathan agus rannpháirtíocht ghníomhach geallsealbhóirí de gach cineál ó earnálacha poiblí agus príobháideacha, lena n-áirítear saoránaigh agus úsáideoirí deiridh, agus tabharfaidh siad torthaí T&N i gcrích a d’fhéadfadh dul chun tairbhe na mBallstát uile;
(b) beidh siad misniúil agus spreagúil, agus, dá bhrí sin, beidh ábharthacht agus tionchar leathan ag baint leo, maidir le cúrsaí eolaíochta, cúrsaí teicneolaíochta, cúrsaí na sochaí, cúrsaí an gheilleagair, cúrsaí an chomhshaoil nó cúrsaí beartais;
(c) cuirfidh siad treo soiléir agus cuspóirí in iúl agus beidh siad spriocdhírithe, intomhaiste, faoi cheangal ama agus beidh creat buiséid soiléir ag gabháil leo;
(d) roghnófar iad ar mhodh trédhearcach agus beidh siad dírithe ar spriocanna agus taighde agus ar ghníomhaíochtaí, forbartha agus nuálaíochta atá uaillmhianach, barrfheabhas-bhunaithe agus tionchar-threallúsaithe ach atá réalaíoch san am céanna;
(da) beidh an raon feidhme agus an scála is gá acu, agus bainfidh siad an leas iomchuí as na hacmhainní, agus beidh giaráil na gcistí breise poiblí agus príobháideacha is gá acu chun go mbeidh siad in ann toradh an mhisin a thabhairt i gcrích;
(e) spreagfaidh siad gníomhaíocht i mórán disciplíní (lena n-áirítear na hEolaíochtaí Sóisialta agus na Daonnachtaí) agus beidh gníomhaíochtaí ó réimse leathan TRLanna ar na gníomhaíochtaí sin, lena n-áirítear TRLanna níos ísle;
(f) beidh siad oscailte do chineálacha éagsúla cur chuigí agus do réitigh iomadúla ón mbonn aníos agus riachtanais agus tairbhí daonnúla agus sochaíocha á gcur san áireamh agus tábhacht rannchuidithe éagsúla á n-aithint chun na misin sin a thabhairt i gcrích.
(fa) bainfidh siad leas as sineirgíochtaí ar bhealach trédhearcach le cláir eile de chuid an Aontais agus le héiceachórais nuálaíochta náisiúnta agus, i gcás inarb ábhartha, le héiceachórais nuálaíochta réigiúnacha.
4. Déanfaidh an Coimisiún faireachán agus meastóireacht ar gach misean i gcomhréir le hAirteagail 45 agus 47 agus le hIarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo, lena n-áirítear an dul chun cinn i dtreo spriocanna gearrtéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha, lena gcumhdaítear cur chun feidhme, faireachán agus na misin a chéimniú amach. Déanfar measúnú ar na chéad mhisin a bhunófar faoi Fís Eorpach tráth nach déanaí ná 2023 agus sula ndéanfar aon chinneadh maidir le misin nua a chruthú nó maidir le deireadh a chur le misin nó maidir le misin atá ar bun a atreorú. Foilseofar torthaí an mheasúnaithe sin go poiblí agus áireofar iontu anailís ar phróiseas roghnúcháin na misean agus a rialachas, ar a mbuiséad, a bhfócas agus a ndul chun cinn go dtí seo, gan a bheith teoranta don mhéid sin go léir.
Airteagal 7a
An Chomhairle Nuálaíochta Eorpach
1. Bunóidh an Coimisiún Comhairle Nuálaíochta Eorpach (EIC) mar ionad ilfhreastail, chun na gníomhaíochtaí faoi Cholún III, ‘An Nuálaíocht Oscailte’, a bhaineann le EIC a chur chun feidhme. Díreoidh EIC go príomha ar an nuálaíocht cheannródaíoch agus shuaiteach, agus díreoidh sé thar aon ní eile ar an nuálaíocht lena gcruthófaí margaí, agus tacóidh sé le nuálaíocht de gach sórt, lena n-áirítear nuálaíocht incriminteach. Feidhmeoidh EIC i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas: luach breise soiléir an Aontais, neamhspleáchas, an cumas rioscaí a ghlacadh, éifeachtúlacht, éifeachtacht, trédhearcacht agus cuntasacht.
2. Beidh EIC oscailte do gach cineál nuálaithe, lena n-áirítear ó dhaoine aonair go hollscoileanna, eagraíochtaí taighde agus gnólachtaí (FBManna lena n-áirítear cuideachtaí nuathionscanta agus, i gcásanna eisceachtúla, cuideachtaí lárchaipitlithe beaga) agus ó thairbhithe aonair go cuibhreannais ildisciplíneacha. Beidh ar a laghad 70 % de bhuiséad EIC tiomnaithe do FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta.
3. Sainínítear Bord EIC agus gnéithe bainistíochta EIC i gCinneadh (AE)... [Clár Sonrach] agus sna hiarscríbhinní a ghabhann leis.
Airteagal 8
Comhpháirtíochtaí Eorpacha
1. Féadfar codanna de Fís Eorpach a chur chun feidhme trí Chomhpháirtíochtaí Eorpacha. Féadfar rannpháirtíocht an Aontais i gComhpháirtíochtaí Eorpacha a dhéanamh in aon cheann de na foirmeacha seo a leanas:
(a) rannpháirtíocht i gcomhpháirtíochtaí a bhunaítear ar bhonn meabhrán tuisceana agus/nó socruithe conarthacha idir an Coimisiún agus na comhpháirtithe dá dtagraítear in Airteagal 2(3), lena sonraítear cuspóirí na comhpháirtíochta, gealltanais gaolmhara ó gach taobh lena mbaineann maidir le ranníocaíochtaí airgeadais agus/nó ranníocaíochtaí comhchineáil na gcomhpháirtithe, táscairí feidhmíochta agus tionchair, agus na haschuir a sholáthrófar agus módúlachtaí tuairiscithe. Áirítear orthu sin gníomhaíochtaí comhlántacha taighde agus nuálaíochta a chuireann na comhpháirtithe agus an Clár (Comhpháirtíochtaí Eorpacha Comh-chlársceidealaithe) chun feidhme;
(b) rannpháirtíocht i gclár gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta agus ranníocaíocht airgeadais leis, lena sonraítear na cuspóirí, príomhtháscairí feidhmíochta agus tionchair agus na haschuir a thabharfar i gcrích, bunaithe ar ghealltanas na gcomhpháirtithe maidir le ranníocaíochtaí airgeadais agus/nó ranníocaíochtaí comhchineáil agus maidir lena gcuid gníomhaíochtaí ábhartha a chomhtháthú trí ghníomhú comhchistithe Cláir a úsáid (Comhpháirtíochtaí Eorpacha Comhchistithe);
(c) rannpháirtíocht i gcláir thaighde agus nuálaíochta agus ranníocaíocht airgeadais leis na cláir sin, ar cláir iad a dhéanfaidh roinnt Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 185 CFAE, nó a dhéanfaidh comhlachtaí arna mbunú de bhun Airteagal 187 CFAE, amhail Gnóthais Chomhpháirteacha, nó na Pobail Eolais agus Nuálaíochta EIT i gcomhlíonadh Rialacháin EIT (Comhpháirtíochtaí Eorpacha Institiúidithe). Ní chuirfear comhpháirtíochtaí den sórt sin chun feidhme ach amháin i gcás nach ngnóthódh codanna de Fís Eorpach, lena n-áirítear foirmeacha eile de Comhpháirtíochtaí Eorpacha, na cuspóirí nó nach gcruthóidís na tionchair riachtanacha a bhfuiltear ag dréim leo, agus sa chás go bhfuil údar cuí leo trí pheirspictíocht fhadtéarmach agus ardleibhéal comhtháthaithe. Cuirfidh comhpháirtíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 185 CFAE nó de bhun Airteagal 187 TEFU bainistiú lárnach ar na ranníocaíochtaí airgeadais uile chun feidhme, seachas i gcásanna a bhfuil údar cuí leo. I gcás na bainistíochta airgeadais lárnaigh, déanfar ranníocaíochtaí ar leibhéal an tionscadail ó stát rannpháirteach amháin ar bhonn cistiú arna iarraidh i dtograí ó eintitis atá bunaithe sa stát rannpháirteach sin, mura rud é go gcomhaontófar a mhalairt i measc na stát rannpháirteach uile lena mbaineann.
Sonrófar sna rialacha le haghaidh comhpháirtíochtaí den sórt sin inter alia na cuspóirí, príomhtháscairí feidhmíochta agus tionchair, agus na haschuir a bheidh le seachadadh, mar aon leis na gealltanais ghaolmhara le haghaidh ranníocaíochtaí airgeadais agus/nó ranníocaíochtaí comhchineáil na gcomhpháirtithe.
2. Maidir le Comhpháirtíochtaí Eorpacha:
(a) Bunófar iad chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin Eorpacha nó ar dhúshláin dhomhanda sna cásanna sin amháin inar éifeachtaí a bhainfidh siad cuspóirí Fís Eorpach amach ná mar a d’éireodh leis an Aontas ina aonar agus nuair a chuirtear i gcomparáid iad le cineálacha eile tacaíochta ón gClár Réime. Beidh sciar iomchuí de bhuiséad Fís Eorpach ag na codanna sin. Déanfar formhór an bhuiséid i gcolún II a leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí lasmuigh de chomhpháirtíochtaí Eorpacha;
(b) Cloífidh siad le prionsabail a bhaineann le breisluach an Aontais, trédhearcacht, oscailteacht, tionchar laistigh den Eoraip agus ar son na hEorpa, an éifeacht láidir ghiarála ar scála leordhóthanach, gealltanais fhadtéarmacha na gcomhpháirtithe rannpháirteacha uile, solúbthacht ó thaobh cur chun feidhme de, comhleanúnachas, comhordú agus comhlántacht le tionscnaimh áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta agus idirnáisiúnta an Aontais agus, i gcás inarb ábhartha, tionscnaimh idirnáisiúnta nó comhpháirtíochtaí eile agus misin;
(c) Beidh cur chuige soiléir maidir le saolré acu, beidh siad teoranta ó thaobh ama de agus beidh coinníollacha iontu maidir le cistiú ón gClár a chéimniú amach.
2.a. Déanfar Comhpháirtíochtaí Eorpacha i gcomhréir le hAirteagal 8(1) (a agus b) den Rialachán seo a shainaithint i bPleananna Straitéiseacha T&N sula gcuirfear chun feidhme mar chuid de chláir oibre iad.
Na forálacha agus na critéir roghnúcháin, cur chun feidhme, faireacháin, meastóireacht agus céimnithe amach, leagtar amach iad in Iarscríbhinn III.
Airteagal 8
Athbhreithniú ar réimsí comhpháirtíochta nó réimsí misin
Tráth nach déanaí ná 2023, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar Iarscríbhinn Va mar chuid den fhaireachán foriomlán a dhéantar ar an gclár, lena n-áirítear misin agus comhpháirtíochtaí Eorpacha institiúidithe ar bhonn Airteagal 185 CFAE nó Airteagal 187 CFAE, agus cuirfidh sé tuarascáil ar na príomhthorthaí faoi bhráid na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa.
Airteagal 9
Buiséad
1. Is é EUR 120 000 000 000 an t-imchlúdach airgeadais a bheidh ann i bpraghsanna na bliana 2018 le haghaidh chur chun feidhme an Chláir Réime don tréimhse 2021 – 2027 le haghaidh an chláir shonraigh dá dtagraítear in Airteagal 1(3)(a) agus, sa bhreis air sin, an méid don chlár sonrach dá dtagraítear in Airteagal 1(3)(b), arna leagan síos sa Rialachán lena mbunaítear an Ciste Eorpach Cosanta.
2. Maidir le dáileadh táscach an mhéid dá dtagraítear i mír 1, an chéad leath den abairt, is é a bheidh ann:
(a) 27,42 % le haghaidh Colún I ‘Eolaíocht Barr Feabhais agus Oscailte’ don tréimhse 2021-2027, as a dtabharfar
(1) 17,64 % don Chomhairle Eorpach um Thaighde;
(2) 7,23 % do ghníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie;
(3) 2,55 % do bhonneagair thaighde;
(b) 55,48 % le haghaidh Colún II ‘Dúshláin Dhomhanda agus Iomaíochas Tionsclaíoch Eorpach’ don tréimhse 2021-2027, as a dtabharfar
(1) 8,16 % don bhraisle ‘An tSláinte’;
(2) 2,50 % don bhraisle ‘An tSochaí Chuimsitheach agus ShlánChruthaitheach’;
(2a) 2,00 % don bhraisle ‘Sochaithe Slána’;
(3) 15,94 % don bhraisle ‘Cúrsaí Digiteacha agus, an Tionscal agus an Spás’;
(4) 15,84 % don bhraisle ‘Aeráid, Fuinneamh agus Soghluaisteacht’;
(5) 9,00 % don bhraisle ‘Bia agus, Acmhainní Nádúrtha agus Talmhaíocht’;
(6) 2,04 % do ghníomhaíochtaí díreacha neamhnúicléacha an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde (JRC);
(c) 12,71 % le haghaidh Colún III ‘Eoraip na Nuálaíochta’ don tréimhse 2021-2027, as a dtabharfar:
(1) 8,71 % don Chomhairle Nuálaíochta Eorpach,(EIC); lena n-áirítear suas le 0.53 % d’Éiceachórais Nuálaíochta Eorpacha;
(2) 4 % don Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (IET);
(d) 4,39 % don Chuid, ‘An Limistéar Taighde Eorpach a Neartú’, ina bhfuil na comhchodanna seo a leanas:
(1) 4,00 % do ‘Barr feabhais a scaipeadh agus an rannpháirtíocht a fhairsingiú ar fud an Aontais’;
(2) 0,39 % do ‘córas T&N an Aontais Eorpaigh a athchóiriú agus a fheabhsú’.
3. Chun freagairt do chásanna gan choinne nó do riachtanais agus d’fhorbairtí nua, féadfaidh an Coimisiún, laistigh den nós imeachta buiséadach bliantúil, diall ó na méideanna dá dtagraítear i mír 2 suas le 10 % ar a mhéad, lena n-áirítear leithdháileadh na ranníocaíochtaí ó thíortha comhlachaithe.
3c. Úsáidfear 45 % de bhuiséad an chnuasaigh ‘An tSochaí Chuimsitheach agus Chruthaitheach’ chun tacú le taighde ar na hearnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha, lena n-áirítear oidhreacht chultúrtha an Aontais, ar a n-áireofar EUR 300 milliún a bheidh le cur in áirithe chun Néal Oidhreachta Cultúrtha Eorpach a chruthú, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gClár Sonrach i ndiaidh measúnú tionchair a bheidh le cur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa.
3d. Beidh ar a laghad EUR 1 billiún in áirithe do Thaighde Candamach faoin mbraisle ‘Digiteach, Tionscal, agus Spás’ faoi Cholún II.
4. Féadfar a chumhdach freisin leis an méid dá dtagraítear i mír 1 le haghaidh an chláir shonraigh dá dtagraítear in Airteagal 1(3)(a) agus le haghaidh EIT, speansais maidir le hullmhúchán, faireachán, rialú, iniúchóireacht, meastóireacht agus gníomhaíochtaí eile a bhaineann le bainistiú agus cur chun feidhme an Chláir, lena n-áirítear gach caiteachas riaracháin, chomh maith le meastóireacht a dhéanamh ar ghnóthú a chuspóirí. Ní rachaidh na costais riaracháin a bhaineann le gníomhaíochtaí indíreacha thar 5 % den mhéid iomlán faoin gClár. Thairis sin, féadfar a chumhdach ann speansais a bhaineann le staidéir, cruinnithe saineolaithe, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, a fhad a bhaineann siad sin le cuspóirí an Chláir, mar aon le speansais a bhaineann le líonraí teicneolaíochta faisnéise arb é is fócas dóibh próiseáil agus malartú faisnéise, lena n-áirítear uirlisí teicneolaíochta faisnéise corparáideacha agus cúnamh teicniúil agus riaracháin eile a bhfuil gá leo i ndáil le bainistiú an Chláir.
5. Más gá, féadfar leithreasaí a iontráil sa bhuiséad tar éis 2027 chun na speansais dá bhforáiltear i mír 4 a chumhdach, ionas go mbeifear in ann na gníomhaíochtaí nach mbeidh curtha i gcrích faoin 31 Nollaig 2027 a bhainistiú.
6. Féadfar gealltanais bhuiséadacha maidir le gníomhaíochtaí is faide ná aon bhliain airgeadais amháin a roinnt ina dtráthchodanna bliantúla thar roinnt blianta.
7. Gan dochar don Rialachán Airgeadais, féadfaidh caiteachas le haghaidh gníomhaíochtaí a thagann as tionscadail a áirítear sa chéad chlár oibre a bheith incháilithe ón 1 Eanáir 2021.
▌
▌
Airteagal 10
Eolaíocht oscailte
1. Leis an gclár, spreagfar an eolaíocht oscailte mar chur chuige maidir leis an bpróiseas eolaíoch, ar cur chuige é atá bunaithe ar obair chomhoibríoch agus ar eolas a scaipeadh, go háirithe i gcomhréir leis na gnéithe seo a leanas:
— rochtain oscailte ar fhoilseacháin eolaíocha a eascraíonn as taighde a mhaoinítear faoin gClár;
— rochtain oscailte ar shonraí taighde, lena n-áirítear na sonraí sin is bunús le foilseacháin eolaíocha.
Déanfar na gnéithe sin a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 35(3) den Rialachán seo; Beidh na gnéithe sin freisin i gcomhréir leis an bprionsabal ‘a oscailte is féidir, a iata is gá’.
1a. Déanfar prionsabal na cómhalartachta san eolaíocht oscailte a chur chun cinn agus a spreagadh i ngach comhaontú comhlachais agus comhair le tríú tíortha, lena n-áirítear comhaontuithe arna síniú ag comhlachtaí cistiúcháin a bhfuil bainistiú díreach an Chláir curtha ar iontaoibh orthu.
2. Déanfar bainistíocht fhreagrach ar shonraí taighde a áirithiú i gcomhréir leis na prionsabail ‘In-aimsitheacht’, ‘Inrochtaineacht’, ‘Idir-inoibritheacht’ agus ‘In-athúsáidtheacht’ (FAIR). Tabharfar aird freisin ar chaomhnú fadtéarmach sonraí.
3. Déanfar cleachtais eolaíochta oscailte eile ▌a chur chun cinn agus a spreagadh, lena n-áirítear chun tairbhe FBManna.
Airteagal 11
Cistiú comhlántach ▌, comhcheangailte agus carnach
1. Déanfar ‘Fís Eorpach’ a chur chun feidhme i sineirge le cláir eile cistiúcháin de chuid an Aontais, agus ag an am céanna féachfar le simpliú uasta ar riaracháin a bhaint amach. Áirítear in Iarscríbhinn IV liosta neamh-uileghabhálach de shineirgí le cláir chistiúcháin eile. Beidh feidhm ag sraith aonair rialacha ‘Fís Eorpach’ maidir le gníomhaíocht chomhchistithe RDI.
2. Déanfar an Séala Barr Feabhais a dhámhachtain i gcomhair gach cuid den Chlár. Maidir le gníomhaíochtaí a ndéantar deimhniú Séala Barr Feabhais a dhámhachtain orthu, nó a chomhlíonann na coinníollacha carnacha agus comparáideacha seo a leanas:
(a) go ndearnadh measúnú orthu i nglao ar thograí faoin gClár;
(b) go gcomhlíonann siad íoscheanglais cháilíochta an ghlao sin ar thograí;
(c) nach bhféadfar iad a mhaoiniú faoin nglao sin ar thograí i ngeall ar shrianta buiséadacha,
féadfaidh siad tacaíocht a fháil ó chistí náisiúnta nó réigiúnacha, lena n-áirítear ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, ón gCiste Comhtháthaithe, ó Chiste Sóisialta na hEorpa+ nó ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, i gcomhréir le mír 5 d’Airteagal [67] de Rialachán (AE) XX [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] agus Airteagal [8] de Rialachán (AE) XX [maidir leis an gComhbheartas Talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air], gan aon chur i bhfeidhm agus measúnú breise a bheith ag teastáil agus ar choinníoll go mbeidh gníomhaíochtaí den sórt sin comhleanúnach le cuspóirí an chláir lena mbaineann. Cé is moite de rialacha maidir le státchabhair, beidh feidhm ag rialacha an Chiste lena gcuirtear tacaíocht ar fáil.
2a. I gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) XX [... Rialachán na bhForálacha Coiteanna], féadfaidh an t-údarás bainistíochta a iarraidh, ar bhonn deonach, go ndéanfar codanna dá leithdháiltí airgeadais a aistriú chuig Fís Eorpach. Déanfar acmhainní aistrithe a chur chun feidhme i gcomhréir le rialacha ‘Fís Eorpach’. Sa bhreis air sin, áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar na hacmhainní aistrithe sin a chur ar leataobh go hiomlán do chláir agus/nó do thionscadail a chuirfear chun feidhme sa Bhallstát nó sa réigiún, de réir mar is infheidhme, inar tionscnaíodh iad.
2b. Le réamhúdarú ó na hiarratasóirí, déanfaidh an Coimisiún na leithdháiltí dá dtagraítear san Airteagal seo a áireamh sa chóras faisnéise maidir le tionscadail roghnaithe ionas go mbeifear in ann malartú tapa faisnéise a dhéanamh agus chun a chumasú d’údaráis mhaoinithe cistiú a sholáthar do na gníomhaíochtaí roghnaithe.
Féadfaidh gníomhaíocht a bhfuil ranníocaíocht faighte aici ó chlár eile de chuid an Aontais ranníocaíocht a fháil faoin gClár freisin, ar choinníoll nach gcumhdaíonn na ranníocaíochtaí na costais chéanna.
Airteagal 12
Tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár
1. Beidh an Clár in ann comhlachas a dhéanamh leis na tríú tíortha seo a leanas:
(a) comhaltaí de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gComhaontú LEE;
(b) tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime faoi seach agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais lena mbaineann, nó i gcomhaontuithe eile den chineál céanna, agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos sna comhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;
(c) tíortha a chuimsítear faoi Bheartas Comharsanachta na hEorpa, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais lena mbaineann, nó i gcomhaontuithe eile den chineál céanna, agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos sna comhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;
(d) tríú tíortha agus críocha a chomhlíonann gach ceann de na critéir seo a leanas:
i. inniúlacht mhaith eolaíochta, teicneolaíochta agus nuálaíochta a bheith acu;
ii. gealltanas a bheith tugtha acu maidir le geilleagar margaidh oscailte bunaithe ar rialacha, lena n-áirítear a bheith ag caitheamh ar bhealach cóir agus cothrom le cearta maoine intleachtúla, cearta an duine a bheith á n-urramú acu, faoi choimirce institiúidí daonlathacha;
iii. beartas lena ndéantar folláine eacnamaíoch agus sóisialta na saoránach a fheabhsú a bheith á gcur chun cinn acu.
Aon chomhlachas iomlán nó páirteach sa Chlár a dhéanfar le gach ceann de na tríú tíortha faoi phointe (d), déanfar é bunaithe ar mheasúnú ar na tairbhí don Aontas. Déanfar é, go háirithe, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gcomhaontú sonrach lena gcumhdaítear rannpháirtíocht an tríú tír in aon chlár de chuid an Aontais, ar choinníoll:
– go n-áirithítear leis an gcomhaontú cothromaíocht chóir idir ranníocaíochtaí agus sochair an tríú tír atá páirteach i gcláir an Aontais;
– go dtugtar an ceart leis an gcomhaontú gníomhaíocht a chomhordú faoin gClár ar choinníoll go rachaidh sé chun tairbhe don Aontas agus go ndéanfar cosaint leas airgeadais an Aontais a áirithiú;
– go leagtar síos leis an gcomhaontú coinníollacha maidir le rannpháirtíocht sa chláir,Chlár, lena n-áirítear ríomh na ranníocaíochtaí airgeadais le (fochláir)cláir aonair agus a gcostais riaracháin. Ioncam sannta i gcomhréir le hAirteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais a bheidh sna ranníocaíochtaí sin;
– nach dtugtar leis an gcomhaontú cumhacht don tríú tír cinntí a dhéanamh maidir leis an gClár;
– go ráthaítear leis an gcomhaontú cearta an Aontais chun bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú agus chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint.
2. Le raon feidhme an chomhlachais le gach tríú tír sa Chlár, cuirfear san áireamh an cuspóir maidir le treallús a chur le fás eacnamaíoch san Aontas trí bhíthin na nuálaíochta agus seachnófar imirce daoine oilte ón Aontas. Dá réir sin, cé is moite de chomhaltaí LEE, tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha, d’fhéadfaí codanna aontairbhí den Chlár a eisiamh de chomhaontú comhlathais i dtaca le tír shonrach, go háirithe iad sin atá tiomnaithe d’eintitis phríobháideacha.
3. Déanfaidh an comhaontú comhlachais, i gcás inarb iomchuí, foráil maidir le rannpháirtíocht chómhalartach eintiteas dlítheanach arna mbunú san Aontas i gcláir chomhchosúla tíortha comhlachais i gcomhréir leis an coinníollacha a leagtar síos ann, agus déanfaidh sé an rannpháirtíocht chómhalartach sin a shaothrú.
4. Le coinníollacha an chomhaontaithe comhlachais lena gcinnfear leibhéal na ranníocaíochta airgeadais, áiritheofar go ndéanfar ceartú uathoibríoch gach dhá bhliain ar aon mhíchothromaíocht shuntasach i gcomparáid leis an méid a fhaigheann eintitis a bhunaítear sa tír chomhlachaithe trí bheith rannpháirteach sa Chlár, agus costais maidir le bainistiú, cur i bhfeidhm agus oibriú an Chláir á gcur san áireamh.
4a. Áireofar ranníocaíochtaí na dtíortha comhlachaithe uile i gcodanna ábhartha den Chlár ar choinníoll go n-urramófar miondealú bhuiséad na gcodanna sin arna sonrú in Airteagal 9, mír 2. Déanfaidh an Coimisiún an buiséad iomlán maidir le gach cuid den Chlár a thuairisciú don Chomhairle agus don Pharlaimint le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil, agus gach ceann de na tíortha comhlachaithe, a ranníocaíochtaí aonair agus a gcomhardú airgeadais á sainaithint aige.
TEIDEAL II
RIALACHA MAIDIR LE RANNPHÁIRTÍOCHT AGUS LEATHADH
CAIBIDIL I
Forálacha ginearálta
Airteagal 13
Comhlachtaí cistiúcháin agus gníomhaíochtaí díreacha an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde (JRC)
1. Ní fhéadfaidh na comhlachtaí cistiúcháin imeacht ó na rialacha arna leagan síos faoin Teideal seo ach amháin na rialacha in Airteagail 14, 15 agus 16, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, agus sa chás ina ndéantar foráil maidir leis sin sa ghníomh bunúsach lena mbunaítear an comhlacht cistiúcháin nó lena gcuirtear cúraimí cur chun feidhme buiséid ar iontaoibh dó nó, maidir le comhlachtaí cistiúcháin faoi Airteagal 62(1)(c)(ii), (iii) nó (v) den Rialachán Airgeadais, má dhéantar foráil maidir leis sa chomhaontú ranníocaíochta agus ina riachtanais oibríochtúla shonracha nó má éilítear sin i ngeall ar an gcineál gníomhaíochta.
2. Ní bheidh feidhm ag na rialacha arna leagan amach faoin Teideal seo maidir le gníomhaíochtaí díreacha a dhéanann JRC.
Airteagal 14
Gníomhaíochtaí incháilithe agus prionsabail eiticiúla
1. Gan dochar do mhíreanna 2 ▌den Airteagal seo, ní bheidh ach gníomhaíochtaí lena gcuirtear na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 chun feidhme incháilithe chun cistiú a fháil.
Ní chuirfear maoiniú ar fáil i gcomhair na réimsí taighde seo a leanas:
(a) gníomhaíochtaí taighde arb é is aidhm leo daoine a chlónáil chun críocha atáirgthe;
(b) gníomhaíocht taighde arb é is aidhm leo oidhreacht ghéiniteach daoine a athrú ar bhealach go bhféadfadh athruithe den sórt sin teacht in oidhreacht(27);
(c) gníomhaíochtaí taighde arb é is aidhm leo suthanna daonna a chruthú chun críche taighde a dhéanamh agus chun na críche sin amháin, nó chun gaschealla a sholáthar, lena n-áirítear trí aistriú núicléas cille sómaí.
2. D’fhéadfaí maoiniú a sholáthar le haghaidh taighde ar ghaschealla daonna, idir ghaschealla daoine fásta agus ghaschealla suthacha, ag brath ar inneachar an togra eolaíochta agus ar chreat dlíthiúil an Bhallstáit lena mbaineann. Ní dheonófar, laistigh den Aontas ná lasmuigh de, aon chistiú le haghaidh gníomhaíochtaí taighde a bhfuil toirmeasc orthu sna Ballstáit uile. Ní dhéanfar cistiú le haghaidh aon ghníomhaíocht i mBallstát ina mbeidh gníomhaíocht den chineál sin toirmiscthe.
1. Comhlíonfaidh gníomhaíochtaí a dhéanfar faoin gClár prionsabail eiticiúla agus reachtaíocht ábhartha náisiúnta, reachtaíocht ábhartha de chuid an Aontais agus reachtaíocht ábhartha idirnáisiúnta, lena n-áirítear Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus a Phrótacail Fhorlíontacha.
Tabharfar aird faoi leith ar phrionsabal na comhréireachta, ar an gceart chun príobháideachta, ar an gceart chun cosaint sonraí pearsanta, ar an gceart chun shláine fisicí agus intinne an duine, ar an gceart chun neamh-idirdhealaithe, agus ar an ngá atá le cosaint an chomhshaoil agus ardleibhéil chosanta ar shláinte an duine a áirithiú.
2. Soláthróidh na heintitis a bheidh rannpháirteach sa ghníomhaíocht an méid seo a leanas:
(a) féinmheasúnú eitice lena sainaithneofar agus lena sonrófar na saincheisteanna intuartha eitice ar fad a bhaineann leis an gcuspóir, leis an gcur chun feidhme agus leis an tionchar is dócha a bheidh ag na gníomhaíochtaí a bheidh le cistiú, lena n-áirítear deimhniú ar chomhlíonadh mhír 1, agus tuairisc ar an dóigh a dhéanfar é sin a áirithiú;
(b) deimhniú go gcomhlíonfaidh na gníomhaíochtaí an Cód Iompair Eorpach maidir leis an tSláine Taighde arna fhoilsiú ag Acadaimh Uile na hEorpa agus nach seolfar aon cheann de na gníomhaíochtaí atá eisiata ó chistiúchán;
(c) maidir le gníomhaíochtaí a dhéantar taobh amuigh den Aontas, deimhniú go gceadófaí na gníomhaíochtaí céanna i mBallstát; agus
(d) maidir le gníomhaíochtaí a bhainfidh úsáid as gaschealla suthacha daonna, de réir mar is iomchuí, sonraí faoi bhearta ceadúnaithe agus rialaithe a dhéanfaidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann mar aon le sonraí faoi na formheasanna eitice a gheofar sula gcuirfear tús leis na gníomhaíochtaí lena mbaineann.
3. Déanfar tograí a scagthástáil go córasach chun na gníomhaíochtaí sin a ardaíonn saincheisteanna tromchúiseacha eitice nó casta a shainaithint agus iad a chur faoi mheasúnú eitice. Is é an Coimisiún a dhéanfaidh an measúnú eitice mura ndéantar é a tharmligean do chomhlacht cistiúcháin. Maidir le gníomhaíochtaí a bhfuil baint acu le gaschealla suthacha daonna nó suthanna daonna a úsáid, beidh measúnú eitice éigeantach. Déanfar scagthástáil agus measúnuithe le tacaíocht ó shaineolaithe eitice. Déanfaidh an Coimisiún agus na comhlachtaí cistiúcháin trédhearcacht na nósanna imeachta eitice a áirithiú gan dochar do rúndacht inneachar an nós imeachta.
4. Na heintitis atá rannpháirteach sa ghníomhaíocht, gheobhaidh siad gach formheas nó gach doiciméad éigeantach eile ó na coistí ábhartha eitice náisiúnta agus áitiúla nó ó chomhlachtaí eile amhail údaráis cosanta sonraí sula gcuirfear tús leis na gníomhaíochtaí ábhartha. Coinneofar na doiciméid sin ar taifead agus tabharfar don Choimisiún iad arna iarraidh sin.
5. Más iomchuí, déanfaidh an Coimisiún nó comhlacht cistiúcháin seiceálacha eitice. I gcás saincheisteanna eitice tromchúiseacha nó casta, is é an Coimisiún a dhéanfaidh na seiceálacha muna ndéantar é a tharmligean do chomhlacht cistiúcháin.
Déanfar seiceálacha eitice le tacaíocht ó shaineolaithe eitice.
6. Na gníomhaíochtaí nach gcomhlíonann na ceanglais eiticiúla dá dtagraítear i míreanna 1 go 4 agus, dá bhrí sin, nach mbeidh inghlactha ó thaobh eitice dedéanfar, dá bhrí sin, iad a dhiúltú nó a fhoirceannadh a luaithe a bheidh an neamh-inghlacthacht eitice suite.
Airteagal 16
Slándáil
1. Na gníomhaíochtaí a dhéantar faoin gclár, comhlíonfaidh siad na rialacha slándála is infheidhme agus go háirithe rialacha maidir le cosaint sonraí rúnaicmithe ar nochtadh neamhúdaraithe, lena n-áirítear aon dlí náisiúnta is ábhartha nó aon dlí an Aontais is ábhartha a chomhlíonadh. I gcás taighde a dhéantar lasmuigh den Aontas a úsáideann agus/nó a ghineann faisnéis rúnaicmithe, is gá, sa bhreis ar na ceanglais sin a chomhlíonadh, go ndéanfar comhaontú maidir le slándáil a thabhairt i gcrích idir an tAontas agus an tríú tír ina seoltar an taighde.
2. I gcás inarb iomchuí, áireofar ar na tograí sin féinmheasúnú slándála lena sainaithneofar aon saincheisteanna slándála agus lena sonrófar an dóigh a dtabharfar aghaidh ar na saincheisteanna sin chun an dlí náisiúnta agus Aontais is ábhartha a chomhlíonadh.
3. I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin grinnscrúdú slándála maidir le tograí a bhfuil saincheisteanna slándála ag baint leo.
4. I gcás inarb iomchuí, déanfaidh na gníomhaíochtaí Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 agus a rialacha cur chun feidhme a chomhlíonadh.
5. Na heintitis a bheidh rannpháirteach sa ghníomhaíocht, áiritheoidh siad go dtabharfar cosaint ar nochtadh neamhúdaraithe aon fhaisnéis rúnaicmithe a úsáidtear leis an ngníomhaíocht agus/nó a ghintear leis an ngníomhaíocht. Soláthróidh siad cruthúnas ar imréiteach pearsanta slándála agus/nó imréiteach slándála saoráide ó na húdaráis slándála naisiúnta is ábhartha, sula gcuirfear tús leis na gníomhaíochtaí lena mbaineann.
6. Más rud é go mbeidh ar shaineolaithe seachtracha déileáil le faisnéis rúnaicmithe, beidh gá le himréiteach slándála iomchuí sula gceapfar na saineolaithe sin.
7. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin seiceálacha slándála a dhéanamh.
▌Gníomhaíochtaí nach gcomhlíonfaidh na rialacha slándála faoin Airteagal seo, féadfar iad a dhiúltú nó a fhoirceannadh tráth ar bith.
CAIBIDIL II
Deontais
Airteagal 17
Deontais
Dámhfar agus bainisteofar deontais faoin gClár i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán Airgeadais, mura sonraítear a mhalairt sa Chaibidil seo.
Airteagal 18
Eintitis is incháilithe le haghaidh rannpháirtíochta
1. Féadfaidh aon eintiteas dlítheanach, gan beann ar a áit bhunaíochta, lena n-áirítear eintitis dhlítheanacha as tríú tíortha neamhchomhlachaithe, nó aon eagraíocht idirnáisiúnta a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí faoin gClár ar choinníoll go mbeidh na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo mar aon le haon choinníoll a leagtar síos sa chlár oibre nó sa ghlao comhlíonta.
2. Beidh eintitis mar chuid de chuibhreannas a mbeidh ar a laghad trí cinn d’eintitis dhlítheanacha neamhspleácha san áireamh ann agus gach ceann acu bunaithe i mBallstát nó tír chomhlachaithe éagsúil agus ar a laghad ceann amháin acu bunaithe i mBallstát, mura rud é:
(a) go bhforáiltear dá mhalairt leis an gclár oibre, má tá údar cuí leis;
3. Maidir le gníomhaíochtaí taighde ar thús cadhnaíochta de chuid na Comhairle Eorpaí um Thaighde (ERC), gníomhaíochtaí na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí (EIC), gníomhaíochtaí oiliúna agus soghluaiseachta nó gníomhaíochtaí comhchistiúcháin cláir, féadfaidh eintiteas dlítheanach amháin nó níos mó iad a chur chun feidhme, ach ní mór ceann amháin díobh a bheith bunaithe i mBallstát nó tír chomhlachaithe ar bhonn comhaontú arna thabhairt i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 12.
4. Féadfaidh eintiteas dlítheanach amháin nó níos mó, a d’fhéadfadh a bheith bunaithe i mBallstát, nó i dtír chomhlachaithe nó i dtríú tír, gníomhaíochtaí comhordaithe agus tacaíochta a chur chun feidhme
5. I gcás gníomhaíochtaí a bhaineann le sócmhainní straitéiseacha, leasanna, uathrialachas nó slándáil an Aontais, féadfar a fhoráil sa chlár oibre go mbeidh rannpháirtíocht teoranta d’eintitis dhlítheanacha atá bunaithe sna Ballstáit amháin, nó do na heintitis dhlítheanacha sin atá bunaithe i dtíortha comhlachaithe áirithe nó i dtríú tíortha eile maille leis na Ballstáit.
6. I gcás inarb iomchuí agus ina bhfuil údar cuí leis, féadfar foráil a dhéanamh sa chlár oibre maidir le critéir incháilitheachta sa bhreis orthu sin a leagtar amach i míreanna 2, 3, 4, agus 5 de réir ceanglais shonracha beartais nó de réir chineál agus chuspóirí na gníomhaíochta, lena n-áirítear líon na n-eintiteas dlítheanach, cineál an eintitis dhlítheanaigh agus an áit bhunaíochta.
7. Maidir le gníomhaíochtaí a bhaineann leas as méideanna faoi Airteagal 11, beidh siad teoranta d’eintiteas dlítheanach amháin arna bhunú i ndlínse an Údaráis Bhainistithe a dhéanann an tarmligean, seachas mura gcomhaontaítear a mhalairt leis an Údarás Bainistíochta agus má dhéantar foráil maidir leis sa chláir oibre.
8. I gcás ina léirítear sin sa chlár oibre, féadfaidh JRC a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí.
9. JRC, eagraíochtaí taighde Eorpacha idirnáisiúnta agus eintitis dhlítheanacha arna gcruthú faoi dhlí an Aontais, measfar iad a bheith bunaithe i mBallstát nach ionann é agus na Ballstáit ina bhfuil na heintitis dhlítheanacha eile a bheidh rannpháirteach sa ghníomhaíocht bunaithe.
10. I gcás gníomhaíochtaí taighde ar thús cadhnaíochta an eolais, gníomhaíochtaí oiliúna agus soghluaiseachta de chuid na Comhairle Eorpaí um Thaighde (ERC) agus, nuair a fhoráiltear dóibh sa chlár oibre, eagraíochtaí idirnáisiúnta a bhfuil a gceanncheathrú acu i mBallstát nó i dtír chomhlachaithe, measfar iad a bheith bunaithe sa Bhallstát sin nó sa tír chomhlachaithe sin.
Maidir le codanna eile den Chlár, measfar eagraíochtaí idirnáisiúnta seachas eagraíochtaí taighde Eorpacha idirnáisiúnta a bheith bunaithe i dtríú tír neamhchomhlachaithe.
Airteagal 19
Eintitis is incháilithe le haghaidh cistiúcháin
1. Tá eintitis incháilithe le haghaidh cistiúcháin má tá siad bunaithe i mBallstát nó i dtír chomhlachais amhail dá dtagraítear in Airteagal 12.
Maidir le gníomhaíochtaí a bhaineann leas as méideanna faoi Airteagal 11(3), is iad na heintitis atá bunaithe i ndlínse an Údaráis Bhainistíochta a dhéanann an tarmligean, agus na heintitis sin amháin, a bheidh incháilithe le haghaidh cistiúcháin as na méideanna sin.
1b. D’fhéadfadh tíortha ísealioncaim go meánioncaim agus, go heisceachtúil, tríú tíortha neamhchomhlachaithe, a bheith incháilithe le haghaidh cistiúcháin i ngníomhaíocht ar choinníoll:
(a) go sainaithnaítear an tríú tír sa chláir oibre arna ghlacadh ag an gCoimisiún; agus
(b) go measann an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin go bhfuil a rannpháirtíocht ríthábhachtach chun an ghníomhaíocht a chur chun feidhme;
2. Ba cheart d’eintitis dhlítheanacha atá bunaithe i dtríú tír neamhchomhlachaithe eile ▌ costais a rannpháirtíochta a iompar. Féadfar comhaontuithe taighde agus nuálaíochta idir na tríú tíortha neamhchomhlachaithe sin agus an tAontas a dhéanamh aon uair a mheasfar iad a bheith úsáideach, agus féadfar sásra cómhaoinithe cosúil leis na cinn arna gcomhaontú laistigh de ‘Fís 2020’ a bhunú. Áiritheoidh na tíortha sin rochtain chómhalartach d’eintitis dhlítheanacha de chuid an Aontais ar chláir chistithe RDI na dtíortha sin, chomh maith le cómhalartacht maidir le rochtain oscailte ar thorthaí agus sonraí eolaíocha agus ar théarmaí córa agus cothromasacha maidir le cearta maoine intleachtúla.
▌
▌
3. Tá eintitis incháilithe le haghaidh cistiúcháin i ngníomhaíocht má tá siad bunaithe i mBallstát,nó i dtír chomhlachais ▌.
3a. Tuairisceoidh an Coimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle agus sonrófar sa tuarascáil, maidir le gach tríú tír neamhchomhlachaithe, méid ranníocaíochtaí airgeadais an Aontais arna sholáthar do na heintitis rannpháirteacha agus méid na ranníocaíochtaí airgeadais arna sholáthar ag an tír chéanna sin d’eintitis an Aontais atá rannpháirteach ina ngníomhaíochtaí.
Airteagal 20
Glao ar thograí
1. ▌Déanfar inneachar na nglaonna ar thograí le haghaidh gach gníomhaíochta a chur san áireamh sa chlár oibre.
▌
▌
▌
3. Más gá chun a gcuspóirí a ghnóthú, féadfar, i gcásanna eisceachtúla, srian a chur ar ghlaonna chun gníomhaíochtaí breise a fhorbairt nó chun comhpháirtithe breise a chur le gníomhaíochtaí atá ann cheana. Sa bhreis air sin, féadfar a fhoráil leis an gclár oibre go bhféadfadh eintitis dhlítheanacha ó Bhallstáit ar íseal a bhfeidhmíocht sa taighde agus sa nuálaíocht páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí comhoibríocha T&N atá roghnaithe cheana, ach é sin faoi réir chomhaontú a fháil ón gcuibhreannas lena mbaineann agus ar choinníoll nach bhfuil eintitis dhlítheanacha ó na Ballstáit sin rannpháirteach ann cheana féin.
4. Níl glao ar thograí de dhíth le haghaidh gníomhaíochtaí comhordaithe agus tacaíochta nó gníomhaíochtaí comhchistiúcháin cláir, más amhlaidh:
(a) go bhfuil siad le déanamh ag JRC nó eintitis dhlítheanacha a shainaithnítear sa chlár oibre; agus
(b) nach dtagann siad faoi raon feidhme glao ar thograí, i gcomhréir le Airteagal 195(e) den Rialachán Airgeadais.
5. Saineoidh an clár oibre glaonna a mbeidh “Séalaí Barr Feabhais” á ndámhachtain ina leith. Le réamhúdarú ón iarratasóir, féadfar faisnéis a bhaineann leis an iarratas agus leis an meastóireacht a chomhroinnt le húdaráis mhaoinithe leasmhara, faoi réir comhaontuithe rúndachta a bheith tugtha i gcrích.
Airteagal 21
Glaonna comhpháirteacha
Féadfaidh an Coimisiún nó comhlacht maoinithe glao comhpháirteach ar thograí a eisiúint i gcomhar leo seo a leanas:
(a) tríú tíortha, lena n-áirítear eagraíochtaí nó gníomhaireachtaí eolaíochta agus teicneolaíochta na dtíortha sin;
(b) eagraíochtaí idirnáisiúnta;
(c) eintitis dhlítheanacha neamhbhrabúsacha.
I gcás glao comhpháirteach, beidh na ceanglais faoi Airteagal 18 den Rialachán seo á gcomhlíonadh ag iarratasóirí agus bunófar nósanna imeachta comhpháirteacha le haghaidh tograí a roghnú agus meastóireacht a dhéanamh orthu. Beidh baint ag sainghrúpa comhardaithe leis na nósanna imeachta, arna cheapadh ag gach comhpháirtí.
Airteagal 22
Soláthar réamhthráchtála agus soláthar réiteach nuálaíoch
1. Féadfaidh soláthar réamhthráchtála nó soláthar poiblí réiteach nuálaíoch a bheith i gceist le nó mar phríomhaidhm ag gníomhaíochtaíarna ndéanamh ag tairbhithe ar údaráis chonarthacha nó eintitis chonarthacha iad mar a shainítear i dTreoir 2014/24/AE(29), i dTreoir 2014/25/AE(30) agus i dTreoir 2009/81/EC(31).
2. Na nósanna imeachta maidir le soláthar:
(a) comhlíonfaidh siad prionsabail na trédhearcachta, an neamh-idirdhealaithe, na córa comhionainne, na bainistíochta fónta airgeadais, na comhréireachta agus rialacha iomaíochta;
(b) maidir le soláthar réamhthráchtála, i gcás inarb iomchuí agus gan dochar do na prionsabail a áirítear i bpointe (a), féadfaidh siad úsáid a bhaint as nós imeachta simplithe agus/nó brostaithe agus féadfaidh siad foráil a dhéanamh maidir le coinníollacha sonracha amhail ionad feidhmíochta na ngníomhaíochtaí arna soláthar a bheith teoranta do chríoch na mBallstát agus na dTíortha Comhlachais.
(c) féadfaidh siad dámhachtain conarthaí iolracha a údarú laistigh den nós imeachta céanna (ilfhoinsiú); agus
(d) déanfaidh siad foráil maidir le dámhachtain na gconarthaí ar an táirgeoir/na táirgeoirí lena dtugtar an luach airgid is fearr agus a áirithiú nach bhfuil aon choinbhleacht leasa ann san am céanna.
3. An conraitheoir a ghinfidh na torthaí agus é i mbun soláthair réamhthráchtála, beidh, ar a laghad, na cearta maoine intleachtúla gaolmhara faoina úinéireacht. Teachtfaidh na húdaráis chonarthacha, ar a laghad, cearta rochtana saor ó ríchíosanna ar na torthaí le haghaidh a n-úsáide féin agus an ceart chun ceadúnais neamheisiacha a dheonú do thríú páirtithe, nó an ceart ceangal a chur ar chonraitheoirí rannpháirteacha iad a dheonú, chun na torthaí a shaothrú ar mhaithe leis an údarás conarthach faoi choinníollacha córa agus réasúnacha gan aon cheart a bheith ag na tríú páirtithe sin focheadúnas a dheonú. Má mhainníonn conraitheoir na torthaí a shaothrú ar bhonn tráchtála laistigh de thréimhse shocraithe tar éis an tsoláthair réamhthráchtála mar a shainaithnítear é sa chonradh, féadfaidh na húdaráis chonarthacha, tar éis dul i gcomhairle leis an gconraitheoir maidir le cén fáth nach ndearnadh an saothrú sin, a cheangal air aon úinéireacht ar na torthaí a aistriú chuig na húdaráis chonarthacha.
▌
Airteagal 24
Acmhainneacht airgeadais iarratasóirí
1. Sa bhreis ar na heisceachtaí a luaitear in Airteagal 198(5) den Rialachán Airgeadais, ní dheimhneofar an acmhainneacht airgeadais ach le haghaidh an chomhordaitheora amháin agus sa chás amháin go bhfuil an cistiú arna iarraidh ón Aontas le haghaidh na gníomhaíochta comhionann le nó níos mó ná EUR 500 000.
2. Má tá forais ann, áfach, le bheith in amhras faoin acmhainneacht airgeadais nó má tá riosca níos mó ann de dheasca na rannpháirtíochta i roinnt gníomhaíochtaí atá á reáchtáil go fóill arna gcistiú ag cláir taighde agus nuálaíochta de chuid an Aontais, déanfaidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin acmhainneacht airgeadais iarratasóirí eile nó comhordaitheoirí atá faoi bhun na tairsí dá dtagraítear i mír 1 a fhíorú freisin.
3. Más rud é go ndéanfaidh eintiteas dlítheanach eile an acmhainneacht airgeadais a ráthú go struchtúrach, déanfar acmhainneacht airgeadais an eintitis dhlítheanaigh eile seo a fhíorú.
4. I gcás ina bhfuil acmhainneacht airgeadais lag ann, féadfaidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin coinníoll a leagan síos maidir le rannpháirtíocht an iarratasóra trí cheangal a chur air dearbhú a sholáthar maidir le dliteanas comhpháirteach agus leithleach ó eintiteas cleamhnaithe.
5. An ranníocaíocht leis an Sásra Árachais Fhrithpháirtigh arna leagan amach in Airteagal 33, measfar gur ráthú leordhóthanach é faoi Airteagal 152 den Rialachán Airgeadais. Ní fhéadfar ráthú nó urrús breise a ghlacadh ó thairbhithe nó a fhorchur orthu.
Airteagal 25
Critéir dhámhachtana agus roghnaithe
1. Déanfar meastóireacht ar thogra ar bhonn na gcritéar dámhachtana seo a leanas:
(a) barr feabhais;
(b) tionchar;
(c) cáilíocht agus éifeachtúlacht an chur chun feidhme.
2. Ní bheidh feidhm ach ag an gcritéar dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 maidir le tograí le haghaidh gníomhaíochtaí taighde ar thús cadhnaíochta a dhéanfaidh ERC.
3. Leagfar síos sa chlár oibre tuilleadh sonraí maidir le cur i bhfeidhm na gcritéar dámhachtana a leagtar síos i mír 1, lena n-áirítear aon ualú, tairseacha agus, i gcás inarb ábhartha, rialacha maidir le deileáil le tograí ex-aequo, agus cuspóirí an ghlao ar thograí á gcur san áireamh. Féadfar na critéir seo a leanas, ach gan a bheith teoranta dóibh, a áireamh ar na coinníollacha maidir le déileáil le tograí ex-aequo: FBManna, inscne, an éagsúlacht gheografach.
3a. Déanfaidh an Coimisiún agus na comhlachtaí cistiúcháin eile an fhéidearthacht go mbeadh nós imeachta tíolactha dhá chéim ann a chur san áireamh agus, i gcás inarb iomchuí, féadfar meastóireacht a dhéanamh ar thograí i ndíth ainm le linn na chéad chéime den mheastóireacht bunaithe ar cheann amháin nó níos mó de na critéir dhámhachtana dá dtagraítear i mír 1.
Airteagal 26
Meastóireacht
1. Déanfaidh an coiste meastóireachta, a bheidh comhdhéanta de shaineolaithe neamhspleácha seachtracha, meastóireacht ar thograí.
Le haghaidh ghníomhaíochtaí EIC, misean agus i gcásanna a bhfuil udar cuí leo mar a leagtar amach sa chlár oibre arna ghlacadh ag an gCoimisiún, d’fhéadfadh sé go mbeidh an coiste meastóireachta comhdhéanta go páirteach nó, i gcás gníomhaíochtaí comhordúcháin agus tacaíochta, go hiomlán nó go páirteach, d’ionadaithe institiúidí nó comhlachtaí de chuid an Aontais amhail dá dtagraítear in Airteagal 150 den Rialachán Airgeadais.
▌
Féadfaidh breathnóirí neamhspleácha an próiseas meastóireachta a leanúint.
2. I ngach cás inarb infheidhme, déanfaidh an coiste meastóireachta na tograí a bhfuil na tairseacha is infheidhme bainte amach acu a aicmiú, dá réir seo a leanas:
(a) na scóir mheastóireachta,
(b) a mhéid a rannchuidíonn siad le cuspóirí sonracha beartais a bhaint amach, lena n-áirítear bunú punainne comhsheasmhaí tionscadal eadhon tionscadail maidir le gníomhaíochtaí threo-aimsitheoir EIC, misin agus, i gcásanna eile a bhfuil údar cuí leo mar a leagtar amach go mionsonrach sa chlár oibre arna ghlacadh ag an gCoimisiún.
Maidir le gníomhaíochtaí EIC, misin agus, i gcásanna eile a bhfuil údar cuí leo mar a leagtar amach sa chlár oibre arna ghlacadh go mionsonrach ag an gCoimisiún, féadfaidh an coiste meastóireachta ▌coigeartuithe ar na tograí a mholadh a mhéid is gá sin ar mhaithe le comhsheasmhacht chur chuige na punainne. Beidh na coigeartuithe sin i gcomhréir leis na coinníollacha rannpháirtíochta agus cloífidh siad le prionsabal na córa comhionainne. Cuirfear Coiste an Chláir ar an eolas maidir le cásanna den sórt sin.
2a. Ceapfar an próiseas meastóireachta chun coinbhleacht leasa agus claontacht a sheachaint. Déanfar trédhearcacht na gcritéar meastóireachta agus an mhodha fhéideartha scórála a ráthú.
3. I gcomhréir le hAirteagal 200(7) den Rialachán Airgeadais, gheobhaidh na hiarratasóirí aiseolas ag gach céim den mheastóireacht agus, i gcás inarb infheidhme, na cúiseanna lena dhiúltú.
4. Eintitis dhlítheanacha atá bunaithe i mBallstáit ar íseal a bhfeidhmíocht T&N agus a ghlac páirt ar bhealach sásúil sa chomhchuid ‘Rannpháirtíocht a leathnú agus Barr Feabhais a Chomhroinnt’, gheobhaidh siad, arna iarraidh sin, taifead den rannpháirtíocht sin a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil le tograí le haghaidh codanna comhoibríocha den chlár atá á gcomhordú acu.
Airteagal 27
An nós imeachta athbhreithnithe ar mheastóireacht, fiosruithe agus gearáin
1. Féadfaidh an t-iarratasóir athbhreithniú ar mheastóireacht a iarraidh má mheasann sé nach bhfuil an nós imeachta meastóireachta is infheidhme curtha i bhfeidhm mar is ceart maidir lena thogra(32).
2. Níl feidhm ag athbhreithniú meastóireachta ach amháin maidir le gnéithe nósanna imeachta den mheastóireacht, agus níl feidhm aige maidir le meastóireacht ar fhiúntais an togra.
2a. Bainfidh iarratas ar athbhreithniú le togra sonrach agus tíolacfar é laistigh de 30 lá tar éis chur in iúl thorthaí na meastóireachta.
Tabharfaidh coiste athbhreithnithe meastóireachta tuairim ar ghnéithe nós imeachta, agus déanfaidh baill foirne de chuid an Choimisiúin nó de chuid an chomhlachta ábhartha cistiúcháin, ar baill foirne iad nach raibh baint acu leis an meastóireacht ar na tograí, cathaoirleacht air agus áireofar iad mar chomhaltaí air. Féadfaidh an coiste ceann acu seo a leanas a mholadh:
(a) athmheastóireacht ar an togra, arna dhéanamh go príomha ag meastóirí nach raibh bainteach leis an meastóireacht roimhe sin;
(b) an mheastóireacht tosaigh a dhearbhú.
▌
▌
3. Ní chuirfidh an t-athbhreithniú meastóireachta moill ar phróiseas roghnúcháin le haghaidh tograí nach bhfuil faoi réir a n-athbhreithnithe.
3a. Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh nós imeachta ann chun gur féidir le rannpháirtithe fiosruithe nó gearáin a dhéanamh faoina rannpháirtíocht in Fís Eorpach. Cuirfear ar fáil ar líne faisnéis maidir le conas fiosruithe nó gearáin a chlárú.
Airteagal 28
Am chun deontais a thabhairt
1. De mhaolú ar an gcéad fhomhír d’Airteagal 194(2) den Rialachán Airgeadais, beidh feidhm ag na tréimhsí seo a leanas:
(a) maidir leis na hiarratasóirí go léir a chur ar an eolas faoi mheastóireacht eolaíoch ar a n-iarratais, beidh uastréimhse chúig mhí ann ón dáta deiridh chun na tograí iomlána a thíolacadh;
(b) maidir le comhaontuithe deontais a shíniú le hiarratasóirí, beidh uastréimhse ocht mí ann ón dáta deiridh le haghaidh tograí iomlána a thíolacadh.
▌
▌
2. Féadfaidh an clár oibre ▌ tréimhsí níos giorra a leagan síos.
3. De bhreis ar na heisceachtaí a leagtar síos sa dara fomhír d’Airteagal 194(2) den Rialachán Airgeadais, féadfar dul thar na dtréimhsí dá dtagraítear i mír 1 maidir le gníomhaíochtaí ERC, maidir le misin agus nuair a chuirfear gníomhaíochtaí faoi mheasúnú eitice nó slándála.
Airteagal 29
Cur chun feidhme an deontais
1. Más rud é nach gcomhlíonfaidh an tairbhí a oibleagáidí maidir le cur chun feidhme teicniúil na gníomhaíochta, comhlíonfaidh na tairbhithe eile na hoibleagáidí sin gan aon chistiúchán breise ón Aontas, mura rud é go bhfuil siad saortha go sainráite ón oibleagáid sin. Beidh freagracht airgeadais gach tairbhí teoranta dá fhiacha féin, faoi réir na bhforálacha a bhaineann leis an Sásra Árachais Fhrithpháirtigh.
2. Féadfaidh an comhaontú deontais garspriocanna agus tráthchodanna a bhaineann le réamh-mhaoiniú a leagan síos. Mura mbaintear na garspriocanna amach, féadfar an ghníomhaíocht a fhionraí, a leasú nó, má tá údar cuí leis, a fhoirceannadh.
3. Féadfar an ghníomhaíocht a fhoirceannadh freisin más amhlaidh nach bhfuil na torthaí a bhfuiltear ag dréim leo ábhartha a thuilleadh maidir leis an Aontas de dheasca cúiseanna eolaíocha nó teicneolaíocha, nó i gcás luasaire EIC de dheasca cúiseanna eacnamaíocha freisin, nó i gcás EIC agus i gcás misean, de dheasca a ábharthacht mar chuid de phunann gníomhaíochtaí. Déanfaidh an Coimisiún, in éineacht leis an gcomhordaitheoir gníomhaíochta agus, más iomchuí, le saineolaithe seachtracha, nós imeachta a leanúint sula gcinnfidh sé an ghníomhaíocht a fhoirceannadh i gcomhréir le Airteagal 133 den Rialachán Airgeadais.
Airteagal 29a
Comhaontú Deontais Samplach
1. Déanfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, comhaontuithe deontais samplacha a tharraingt suas idir an Coimisiún nó an comhlacht ábhartha cistiúcháin agus na tairbhithe, i gcomhréir leis an Rialachán seo. Má tá gá le modhnú suntasach ar chomhaontú deontais samplach, inter alia i bhfianaise tuilleadh simplithe do na tairbhithe, déanfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, é a athbhreithniú de réir mar is iomchuí.
2. Bunófar leis an gcomhaontú deontais cearta agus oibleagáidí na dtairbhithe, agus cearta an Choimisiúin nó an chomhlachta cistiúcháin ábhartha i gcomhréir leis an Rialachán seo. Bunófar leis, freisin, cearta agus oibleagáidí na n-eintiteas dlítheanach a ndéanfar tairbhithe díobh le linn chur chun feidhme na gníomhaíochta, chomh maith le ról agus cúraimí comhordaitheora cuibhreannais.
Airteagal 30
Rátaí cistiúcháin
1. Beidh feidhm ag ráta cistiúcháin aonair in aghaidh na gníomhaíochta maidir le gach gníomhaíocht arna cistiú aige. Socrófar an t-uasráta in aghaidh na gníomhaíochta sa chlár oibre.
2. Leis an gClár, féadfar suas le 100 % de chostais incháilithe gníomhaíochta a aisíoc, seachas:
(a) gníomhaíochtaí nuálaíochta: suas le 70 % de na costais iomlána incháilithe, seachas eintitis dlítheanacha neamhbhrabúis, i gcás ina bhféadfaidh an Clár suas le 100 % de na costais iomlána incháilithe a aisíoc;
(b) gníomhaíochtaí comhchistithe an Chláir: ar a laghad 30 % de na costais iomlána incháilithe, agus i gcásanna sainaitheanta agus cásanna a bhfuil údar cuí leo, suas le 70 %.
3. Beidh feidhm freisin ag na rátaí maoinithe a chinntear san Airteagal seo maidir le gníomhaíochtaí ina bhfuil an ráta comhréidh, an t-aonad costais nó maoiniú cnapshuime socraithe don ghníomhaíocht ar fad nó do chuid de.
Airteagal 31
Costais indíreacha
1. Cinnfear costais incháilithe indíreacha trí ráta comhréidh 25 % de na costais incháilithe dhíreacha iomlána a chur i bhfeidhm, seachas na costais incháilithe dhíreacha le haghaidh fochonraitheoireachta, tacaíocht airgeadais do thríú páirtithe agus aon chostais aonaid nó cnapshuimeanna a bhfuil costais indíreacha san áireamh leo.
I gcás inarb iomchuí, na costais atá san áireamh i gcostais aonaid nó i gcnapshuimeanna, déanfar iad a ríomh leis an ráta comhréidh arna leagan amach i mír 1, seachas costais aonaid le haghaidh earraí agus seirbhísí a ghearradh ar an sonrasc go hinmheánach a ríomhfar ar bhonn na gcostas iarmhír, i gcomhréir le gnáthchleachtas cuntasaíochta chostála na dtairbhithe.
2. Má dhéantar foráil maidir leis sa chlár oibre, áfach, féadfar costais indíreacha a dhearbhú i bhfoirm cnapshuime nó i bhfoirm costas aonaid.
Airteagal 32
Costais incháilithe
1. De bhreis ar na critéir a leagtar amach in Airteagal 186 den Rialachán Airgeadais, i gcás tairbhithe ar luach saothair de réir tionscadail é a luach saothair, tá costais phearsanra incháilithe suas go dtí0 an luach saothair a d’íocfaí leis an duine as obair i dtionscadail T&N arna maoiniú le scéimeanna náisiúnta, lena n-áirítear muirir slándála sóisialta agus costais eile a bhaineann le luach saothair phearsanra a shanntar don ghníomhaíocht, mar a eascraíonn as an dlí náisiúnta nó as an gconradh fostaíochta.
Ciallaíonn luach saothair de réir tionscadail luach saothair atá nasctha le rannpháirtíocht duine i dtionscadail, agus is cuid é de ghnáthchleachtais an tairbhí maidir le luach saothair agus go n-íoctar é ar dhóigh chomhsheasmhach.
2. De mhaolú ar Airteagal 190(1) den Rialachán Airgeadais, na costais acmhainní a chuireann tríú páirtithe ar fáil trí bhíthin ranníocaíochtaí comhchineáil, beidh siad incháilithe, suas le costais incháilithe dhíreacha an tríú páirtí.
3. De mhaolú ar Airteagal 192 den Rialachán Airgeadais, aon ioncam a ghintear trí na torthaí a shaothrú, ní mheasfar é a bheith mar fháltas na gníomhaíochta.
3a. Féadfaidh tairbhithe a ngáthchleachtais chuntasaíochta a úsáid chun na costais arna dtabhú i ndáil le gníomhaíocht a shainaithint agus a dhearbhú i gcomhréir leis na téarmaí agus coinníollacha uile a leagtar amach sa chomhaontú deontais, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le hAirteagal 186 den Rialachán Airgeadais.
4. De mhaolú ar Airteagal 203(4) den Rialachán Airgeadais, beidh dearbhú maidir leis na ráitis airgeadais éigeantach tráth a íocfar an t-iarmhéid, más rud é go bhfuil an méid arna éileamh mar chostais iarbhír agus na costais aonaid arna ríomh i gcomhréir le gnáthchleachtais chuntasaíochta costála comhionann le nó níos mó ná EUR 325 000.
Deimhnithe maidir le ráitis airgeadais, féadfaidh iniúchóir seachtrach formheasta iad a tháirgeadh nó, i gcás comhlachtaí poiblí, féadfaidh oifigeach poiblí inniúil agus neamhspleách iad a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 203, mír 4 den Rialachán Airgeadais.
4a. I gcás inarb iomchuí, le haghaidh oiliúint MSCA agus deontais soghluaisteachta, tabharfar aird chuí sa ranníocaíocht AE ar aon chostas breise ar an tairbhí, ar costais iad a bhaineann le saoire mháithreachais nó tuismitheora, le saoire bhreoiteachta, le saoire speisialta nó le hathrú ar eagraíocht óstach earcaíochta nó ar stádas teaghlaigh taighdeora le linn shaolré an chomhaontaithe deontais.
4b. Beidh costais a bhaineann le rochtain oscailte, lena n-áirítear pleananna bainistíochta sonraí, incháilithe le haghaidh aisíocaíochta mar a fhoráiltear tuilleadh sa chomhaontú deontais.
Airteagal 33
Sásra Árachais Fhrithpháirtigh
1. Déantar leis seo Sásra Árachais Fhrithpháirtigh (an ‘Sásra’) a bhunú agus glacfaidh sé ionad an chiste arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 38 de Rialachán (AE) Uimh. 1290/2013, agus tiocfaidh sé i gcomharbacht ar an gciste sin. Leis an Sásra, cumhdófar an riosca a ghabhann le neamhghnóthú suimeanna atá ag na tairbhithe:
(a) don Choimisiún faoi Chinneadh Uimh. 1982/2006/CE,
(b) don Choimisiún agus do chomhlachtaí an Aontais faoi “Fís 2020”,
(c) don Choimisiún agus do chomhlachtaí cistiúcháin faoin gClár.
Féadfar cumhdach an riosca maidir le comhlachtaí cistiúcháin dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír a chur chun feidhme trí chóras cumhdaigh indíreach arna leagan amach sa chomhaontú is infheidhme agus cineál an chomhlachta chistiúcháin á chur san áireamh.
2. Is é an tAontas, a ndéanfaidh an Coimisiún ionadaíocht dó ina cháil mar ghníomhaire feidhmiúcháin, a bhainisteoidh an Sásra. Leagfaidh an Coimisiún amach rialacha sonracha le haghaidh oibríocht an tSásra.
3. Déanfaidh tairbhithe ranníocaíocht 5 % de chistiú an Aontais le haghaidh na gníomhaíochta. Ar bhonn meastóireachtaí tréimhsiúla trédhearcacha, féadfaidh an Coimisiún an ranníocaíocht sin a mhéadú go dtí 8 % nó é a laghdú faoi bhun 5 %. Déanfar ranníocaíocht na dtairbhithe leis an Sásra a chúiteamh ón réamh-mhaoiniú tosaigh agus íocfar í leis an Sásra thar ceann na dtairbhithe, agus ní sháróidh an ranníocaíocht sin, in aon imthosca, méid an réamh-mhaoinithe tosaigh.
4. Aisíocfar ranníocaíocht na dtairbhithe tráth a íocfar an t-iarmhéid.
5. Cuirfear aon aisíoc a ghinfidh an Sásra ar ais leis an Sásra. Más rud é nach leor an t-aisíoc sin, ní dhéanfaidh an Sásra idirghabháil agus déanfaidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin aon mhéid atá dlite a ghnóthú go díreach ó thairbhithe nó ó thríú páirtithe.
6. Ioncam atá sannta don Sásra de réir bhrí Airteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais a bheidh sna méideanna a dhéanfar a ghnóthú. A luaithe a bheidh na deontais ar fad a gcumhdaíonn an Sásra a riosca go díreach nó go hindíreach tugtha chun críche, gnóthóidh an Coimisiún suimeanna ar bith a bheidh fós gan íoc agus cuirfear isteach i mbuiséad an Aontais iad, faoi réir chinntí an údaráis reachtaigh.
7. Féadfar an Sásra a leathnú amach chuig tairbhithe aon chlár eile de chuid an Aontais atá á bhainistiú go díreach. Glacfaidh an Coimisiún módúlachtaí le haghaidh rannpháirtíocht tairbhithe clár eile.
Airteagal 34
Úinéireacht agus cosaint
1. Beidh úinéireacht ag tairbhithe ar aon toradh a ghinfidh siad. Maidir le haon cheart de chuid a bhfostaithe nó aon pháirtithe eile i ndáil leis na torthaí, áiritheoidh siad gur féidir iad a fheidhmiú ar dhóigh atá ag teacht le hoibleagáidí tairbhithe i gcomhréir leis na coinníollacha arna leagan síos sa chomhaontú deontais.
Beidh úinéireacht ag beirt thairbhithe nó níos mó ar na torthaí go comhpháirteach más rud é:
(a) go bhfuil siad ginte acu go comhpháirteach; agus
(b) nach féidir:
(i) ranníocaíocht gach tairbhí ar leith a shíomh,
nó
(ii) iad a dhealú óna chéile nuair atá a gcosaint á hiarraidh, á fáil nó á coinneáil.
Tiocfaidh na comhúinéirí ar chomhaontú i scríbhinn maidir leis an leithdháileadh agus maidir le téarmaí fheidhmiú a n-úinéireachta comhpháirtí. Mura gcomhaontaítear a mhalairt sa Chomhaontú Cuibhreannais nó sa chomhaontú comhúinéireachta, féadfaidh gach comh-úinéir ceadúnais neamheisiacha a thabhairt do thríú páirtithe chun na torthaí faoi chomh-úinéireacht a shaothrú (gan aon cheart a bheith ann ar fhocheadúnas), má thugtar réamhfhógra agus cúiteamh cóir réasúnach do na comh-úinéirí eile. Féadfaidh na comh-úinéirí a chomhaontú i scríbhinn córas eile a chur i bhfeidhm seachas comh-úinéireacht.
2. Na tairbhithe a bhfuil cistiú Aontais faighte acu, cosnóidh siad a dtorthaí go leormhaith más féidir iad a chosaint agus má tá údar cuí leis an gcosaint sin, agus gach ní ábhartha á chur san áireamh, lena n-áirítear féidearthachtaí maidir le saothrú tráchtála agus aon leasanna dlisteanacha eile. Nuair a dhéantar cinneadh maidir le cosaint, déanfaidh tairbhithe leasanna dlisteanacha tairbhithe eile sa ghníomhaíocht a mheas.
Airteagal 35
Saothrú agus leathadh
1. Gach rannpháirtí a fuair cistiú ón Aontas, déanfaidh sé a dhícheall na torthaí ar leis iad a shaothrú, nó cuirfidh sé iad á saothrú ag eintiteas dlítheanach eile. Is féidir le tairbhithe an saothrú a dhéanamh go díreach nó is féidir é a dhéanamh go hindíreach go háirithe trína n-aistriú agus trí thorthaí a aistriú agus a cheadúnú i gcomhréir le hAirteagal 36.
Leis an gclár oibre, féadfar foráil a dhéanamh maidir le hoibleagáidí breise saothraithe.
Más rud é nach ndéantar aon saothrú faoi cheann tréimhse áirithe arna sainaithint sa chomhaontú deontais, d’ainneoin a dhícheall a bheith déanta ag tairbhí a thorthaí a shaothrú go díreach nó go hindíreach, úsáidfidh an tairbhí ardán iomchuí ar líne arna shainaithint sa chomhaontú deontais chun páirtithe a aimsiú chun na torthaí sin a shaothrú. Má tá údar cuí leis, bunaithe ar iarratas ó thairbhí, is féidir an oibleagáid sin a tharscaoileadh.
2. A luaithe is indéanta, i bhformáid atá ar fáil go poiblí agus faoi réir aon sriain a bhaineann le cosaint maoine intleachtúla, le rialacha slándála nó le leasanna dlisteanacha ▌, déanfaidh tairbhithe na torthaí a leathadh a luaithe is féidir.
Leis an gclár oibre, féadfar foráil a dhéanamh maidir le hoibleagáidí breise leata, agus leasanna airgeadais agus eolaíochta an Aontais á gcoimirciú.
3. Áiritheoidh tairbhithe go mbeidh feidhm ag rochtain oscailte maidir le foilseacháin eolaíochta faoi na téarmaí agus na coinníollacha arna leagan síos sa chomhaontú deontais. Go háirithe, áiritheoidh na tairbhithe go gcoinneoidh siad féin nó na húdair cearta maoine intleachtúla leordhóthanacha chun a gceanglais maidir le rochtain oscailte a chomhlíonadh.
Is é an riail ghinearálta a chuirfear i bhfeidhm faoi théarmaí agus coinníollacha arna leagan síos sa chomhaontú deontais go mbeidh rochtain oscailte ar shonraí taighde, á áirithiú go bhféadfadh sé go mbeadh eisceachtaí ann de réir an phrionsabail ‘a oscailte is féidir, a iata is gá’, agus leasanna dlisteanacha na dtairbhithe, lena n-áirítear saothrú tráchtála agus aon srianta eile, á gcur san áireamh, amhail rialacha maidir le cosaint sonraí, príobháideachas, rúndacht, rúin cheirde, leasanna iomaíochais an Aontais, rialacha maidir le slándáil nó cearta maoine intleachtúla.
Leis an gclár oibre, féadfar foráil a dhéanamh maidir le dreasachtaí nó oibleagáidí breise chun cleachtais i dtaca le heolaíocht oscailte a chomhlíonadh.
4. Déanfaidh tairbhithe na sonraí taighde ar fad arna nginiúint i ngníomhaíocht de chuid Fís Eorpach a bhainistiú i gcomhréir le prionsabail FAIR agus i gcomhréir leis na téarmaí agus coinníollacha arna leagan síos sa chomhaontú deontais agus bunóidh siad Plean Bainistithe Sonraí.
Leis an gclár oibre, féadfar foráil a dhéanamh, i gcás ina bhfuil údar cuí leis, maidir le hoibleagáidí breise chun an Néal Eorpach maidir leis an Eolaíocht Oscailte (EOSC) a úsáid chun sonraí taighde a stóráil agus chun rochtain a thabhairt orthu.
5. Na tairbhithe a bheartaíonn a gcuid torthaí a leathadh, tabharfaidh siad réamhfhógra do na tairbhithe eile sa ghníomhaíocht. Féadfaidh aon tairbhí eile agóid a dhéanamh in aghaidh an leata más féidir leis a léiriú go ndéanfadh an leathadh beartaithe dochar mór do leasanna dlisteanacha i ndáil lena thorthaí nó lena réamheolas. Sna cásanna sin, ní fhéadfar an ghníomhaíocht leata a dhéanamh mura ndéantar na bearta is gá chun na leasanna dlisteanacha sin a chosaint.
6. Mura ndéantar foráil maidir lena mhalairt sa chlár oibre, áireofar sna tograí plean le haghaidh saothrú agus leathadh na dtorthaí. Más amhlaidh go ndéanfar táirge nó próiseas a fhorbairt, a chruthú, a mhonarú agus a chur ar an margadh nó seirbhís a chruthú nó a sholáthar mar chuid den saothrú a bhfuiltear ag dréim leis, beidh straitéis ann sa phlean le haghaidh saothrú den sórt sin. Leis an bplean, má dhéanfar foráil maidir le saothrú i dtríú tíortha neamhchomhlachaithe go príomha, míneoidh na heintitis dhlítheanacha an dóigh a mbeidh an saothrú fós chun leasa an Aontais.
Déanfaidh na tairbhithe an plean a uasdátú tuilleadh le linn na gníomhaíochta agus ina diaidh, i gcomhréir leis an gcomhaontú deontais.
7. Chun críocha an fhaireacháin agus an leata a dhéanfaidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin, soláthróidh na tairbhithe aon fhaisnéis arna hiarraidh i dtaca le saothrú agus leathadh a dtorthaí, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa chomhaontú deontais. Faoi réir leasanna dlisteanacha na dtairbhithe, cuirfear faisnéis den sórt sin ar fáil go poiblí.
Airteagal 36
Aistriú agus ceadúnú
1. Féadfaidh tairbhithe úinéireacht a dtorthaí a aistriú. Áiritheoidh siad go mbeidh feidhm ag a n-oibleagáidí maidir leis an úinéir nua agus go mbeidh oibleagáid ar an úinéir nua iad a chur ar aghaidh in aon aistriú a bheidh ann ina dhiaidh sin.
2. Mura gcomhaontaítear a mhalairt i scríbhinn le haghaidh tríú páirtithe arna sainaithint go sonrach, lena n-áirítear Eintitis Chleamhnaithe, nó murar féidir é a dhéanamh faoin dlí is infheidhme, na tairbhithe a bheartaíonn a n-úinéireacht ar thorthaí a aistriú, tabharfaidh siad réamhfhógra d’aon tairbhí eile a bhfuil cearta rochtana aige fós ar na torthaí sin. Ní mór faisnéis leordhóthanach a chur san áireamh san fhógra maidir leis an úinéir nua ionas go mbeidh tairbhí in ann measúnú a dhéanamh ar an éifeacht a bheidh aige sin ar a chearta rochtana.
Mura gcomhaontaítear a mhalairt i scríbhinn le haghaidh tríú páirtithe arna sainaithint go sonrach, lena n-áirítear Eintitis Chleamhnaithe, féadfaidh tairbhí agóid a dhéanamh in aghaidh an aistrithe más féidir leis a léiriú go ndéanfadh an t-aistriú difear diúltach dá chearta rochtana. Sa chás sin, ní fhéadfar an t-aistriú a dhéanamh go dtí go dtiocfaidh na rannpháirtithe lena mbaineann ar chomhaontú. Déanfar teorainneacha ama i ndáil leis sin a leagan síos sa chomhaontú deontais.
3. Féadfaidh tairbhithe ceadúnais a dheonú ar a gcuid torthaí nó an ceart chun iad a shaothrú ar dhóigh eile, lena n-áirítear ar bhonn eisiach, mura ndéanfaidh an méid sin difear do chomhlíonadh a gcuid oibleagáidí. Féadfar ceadúnais eisiacha do thorthaí a dheonú faoi réir thoiliú na dtairbhithe uile eile lena mbaineann a dhéanfaidh a gcearta rochtana ina leith a tharscaoileadh.
4. I gcás ina bhfuil údar cuí leis, leagfar síos leis an gcomhaontú deontais an ceart don Choimisiún nó don chomhlacht cistiúcháin chun agóid a dhéanamh in aghaidh aistrithe úinéireachta torthaí, nó in aghaidh ceadúnas eisiach a dheonú maidir le torthaí, sna cásanna seo a leanas:
(a) má tá cistiú ón Aontas faighte ag na tairbhithe a ghineann na torthaí;
(b) má dhéantar an t-aistriú nó an ceadúnas a dheonú ar eintiteas dlítheanach atá bunaithe i dtríú tír neamhchomhlachaithe; agus
(c) mura bhfuil an t-aistriú nó an ceadúnas i gcomhréir le leasanna an Aontais.
Má tá feidhm ag an gceart chun agóid a dhéanamh, tabharfaidh an tairbhí réamhfhógra ina leith. Féadfar an ceart chun agóid a dhéanamh a tharscaoileadh i scríbhinn maidir le haistrithe nó deontais le haghaidh eintitis dhlítheanacha sonracha arna sainaithint má tá bearta ann lena ndéantar leasanna an Aontais a choimirciú.
Airteagal 37
Cearta rochtana
1. Beidh feidhm ag na prionsabail maidir le cearta rochtana seo a leanas:
(a) is i scríbhinn a dhéanfar aon iarraidh ar chearta rochtana a fheidhmiú nó aon tarscaoileadh ceart rochtana;
(b) mura gcomhaontaítear a mhalairt i gcomhar leis an deontóir, ní bheidh aon cheart focheadúnúnas a dheonú san áireamh sna cearta rochtana;
(c) cuirfidh tairbhithe aon réamheolas maidir le haon srian ar rochtain a dheonú in iúl dá chéile;
(d) mura bhfuil baint ag tairbhí le gníomhaíocht a thuilleadh, ní dhéanfaidh sé difear dá chuid oibleagáidí maidir le rochtain a dheonú;
(e) má dhéanann tairbhí mainneachtain ar a chuid oibleagáidí, féadfaidh na tairbhithe a chomhaontú nach bhfuil cearta rochtana aige a thuilleadh.
2. Déanfaidh tairbhithe rochtain a dheonú ar:
(a) a gcuid torthaí saor ó ríchíosanna ar aon tairbhí eile sa ghníomhaíocht a bhfuil sé ag teastáil uaidh chun a chúraimí féin a chur chun feidhme;
(b) a réamheolas ar aon tairbhí eile sa ghníomhaíocht a bhfuil sé ag teastáil uaidh chun a chúraimí féin a chur chun feidhme, faoi réir aon srianta dá dtagraítear i mír 1(c); deonfar an rochtain sin saor ó ríchíosanna, ach amháin má chomhaontaíonn na tairbhithe a mhalairt sula rachaidh siad isteach faoin gcomhaontú deontais;
(c) a dtorthaí agus, faoi réir aon srianta dá dtagraítear i mír 1(c), ar a réamheolas ar aon tairbhí eile sa ghníomhaíocht a bhfuil sé ag teastáil uaidh chun a gcuid torthaí féin a shaothrú; deonófar an rochtain sin faoi choinníollacha cothroma agus réasúnacha a dtiocfar ar chomhaontú maidir leo.
3. Mura rud é go gcomhaontaíonn na tairbhithe a mhalairt, deonóidh siad rochtain ar a gcuid torthaí freisin agus, faoi réir aon srianta dá dtagraitear i mír 1(c), ar an réamheolas maidir leo ar eintiteas dlítheanach:
(a) atá bunaithe i mBallstát nó i dtír chomhlachaithe;
(b) atá faoi rialú díreach nó indíreach tairbhithe eile, nó aon rialú díreach nó indíreach céanna leis an tairbhí sin, nó a rialaíonn an tairbhí sin go díreach nó go hindíreach; agus
(c) a dteastaíonn an rochtain uaidh chun torthaí an tairbhí sin a shaothrú, i gcomhréir le hoibleagáid saothraithe an tairbhí.
Deonófar rochtain faoi choinníollacha cothroma agus réasúnacha a dtiocfar ar chomhaontú maidir leo.
4. Is féidir rochtain a iarraidh chun críocha saothraithe suas le bliain tar éis dheireadh na gníomhaíochta mura gcomhaontaíonn na rannpháirtithe ar theorainn ama eile.
5. Na tairbhithe a bhfuil cistiú ón Aontas faighte acu, deonóidh siad rochtain ar a gcuid torthaí saor ó ríchíosanna ar institiúidí an Aontais, ar chomhlachtaí, ar oifigí nó ar ghníomhairí le aghaidh bheartais agus chláir an Aontais a fhorbairt, a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh orthu. Beidh na cearta rochtana sin teoranta d'úsáid neamhthráchtála agus neamhiomaíoch.
Ní áireofar ar na cearta rochtana sin réamheolas maidir leis an tairbhí.
I ngníomhaíochtaí faoin mbraisle ‘Slándáil shibhialta don tsochaí’, maidir leis na tairbhithe a bhfuil cistiú ón Aontas faighte acu, tabharfaidh siad rochtain ar a gcuid torthaí saor ó ríchíosanna d'údaráis náisiúnta na mBallstát chun a mbeartais nó a gcláir a fhorbairt, a chur chun feidhme agus chun faireachán a dhéanamh orthu sa réimse sin. Beidh an rochtain teoranta d’úsáid neamhthráchtála agus neamhiomaíoch agus deonófar í de réir comhaontú déthaobhach lena saineofar coinníollacha sonracha arb é is aidhm leo a áirithiú go n-úsáidfear na cearta sin chun na gcríocha a bhí beartaithe agus go mbeidh na hoibleagáidi iomchuí maidir le rúndacht i bhfeidhm. Cuirfidh an Ballstát is iarrthóir, an institiúid is iarrthóir, an comhlacht is iarrthóir, an oifig is iarrthóir nó an gníomhaireacht is iarrthóir de chuid an Aontais gach Ballstát ar an eolas maidir le hiarratais den sórt sin.
6. Féadfaidh an clár oibre foráil a dhéanamh, i gcás inarb iomchuí, maidir le cearta breise rochtana.
Airteagal 38
Forálacha sonracha ▌
Féadfaidh feidhm a bheith ag rialacha sonracha maidir le húinéireacht, saothrú agus leathadh, aistriú agus ceadúnú chomh maith le cearta rochtana le haghaidh gníomhaíochtaí ERC, gníomhaíochtaí oiliúna agus soghluaisteachta, gníomhaíochtaí soláthair réamhthráchtála, soláthar poiblí maidir le gníomhaíochtaí réiteach nuálaíoch, gníomhaíochtaí comhchistithe cláir agus gníomhaíochtaí comhordaithe agus tacaíochta.
Leagfar na rialacha sonracha sin amach sa chomhaontú deontais agus ní athróidh siad na prionsabail ná na hoibleagáidí maidir le rochtain oscailte.
▌
Airteagal 39
Duaiseanna
1. Déanfar duaiseanna faoin gClár a dhámhachtain agus a bhainistiú i gcomhréir le Teideal IX den Rialachán Airgeadais, mura sonraítear a mhalairt sa Chaibidil seo.
2. Aon eintiteas dlítheanach, gan beann ar a áit bhunaíochta, féadfaidh sé a bheith rannpháirteach i gcomórtas, mura bhforáiltear a mhalairt sa clár oibre nó sna rialacha maidir le comórtais.
3. Féadfaidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin, i gcás inarb iomchuí, duaiseanna a eagrú i gcomhar le:
(a) comhlachtaí eile de chuid an Aontais;
(b) tríú tíortha, lena n-áirítear eagraíochtaí nó gníomhaireachtaí eolaíochta agus teicneolaíochta na dtíortha sin;
(c) eagraíochtaí idirnáisiúnta; nó
(d) eintitis dhlítheanacha neamhbhrabúsacha.
4. Beidh oibleagáidí maidir le cumarsáid, agus i gcás inarb iomchuí, saothrú agus leathadh, cearta úinéireachta agus rochtana lena n-áirítear forálacha ceadúnaithe san áireamh sa chlár oibre nó i rialacha an chomórtais.
CAIBIDIL IV
Soláthar
Airteagal 40
Soláthar
1. Déanfar soláthar faoin gClár a dhámhachtain agus a bhainistiú i gcomhréir le Teideal VII den Rialachán Airgeadais, mura sonraítear a mhalairt sa Chaibidil seo.
2. D'fhéadfadh freisin soláthar a bheith i bhfoirm soláthar réamhthráchtála nó soláthar réiteach nuálaíoch arna ndéanamh ag an gCoimisiún nó ag an gcomhlacht ábhartha cistiúcháin thar a cheann féin nó i gcomhar le húdaráis chonarthacha ó Bhallstáit agus ó thíortha gaolmhara. Sa chás sin, beidh feidhm ag na rialacha arna leagan síos i mír 22.
CAIBIDIL V
Oibríochtaí measctha agus maoiniú cumasctha
Airteagal 41
Oibríochtaí measctha
Cuirfear oibríochtaí measctha arna gcinneadh faoin gClár seo chun feidhme i gcomhréir leis an gClár InvestEU agus le Teideal X den Rialachán Airgeadais.
Airteagal 42
Fís Eorpach agus Maoiniú cumasctha EIC
1. Maidir leis na comhpháirteanna a bhaineann le deontais agus airleacan in-aisíoctha atá i maoiniú cumasctha Fís Eorpach nó EIC, beidh siad faoi réir Airteagail 30 go dtí 33.
2. Cuirfear maoiniú cumasctha EIC chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 43. Féadfar an tacaíocht faoi mhaoiniú cumasctha EIC a dheonú go dtí gur féidir an gníomhú a mhaoiniú mar oibríocht mheasctha nó mar oibríocht mhaoinithe agus infheistíochta faoi chumhdach iomlán ráthú an Aontais Eorpaigh faoi InvestEU. De mhaolú ar Airteagal 209 den Rialachán Airgeadais, na coinníollacha arna leagan síos i mír (2) agus, go háirithe, i mír (a) agus i mír (d), ní bheidh feidhm acu tráth a dhéantar maoiniú cumasctha EIC a dhámhachtain.
3. Féadfar maoiniú cumasctha de chuid Fís Eorpach a dhámhachtain ar chomhchistiú cláir ina ndéanann comhchlár Ballstát agus tíortha comhlachaithe foráil maidir le hionstraimí airgeadais a úsáid mar thaca leis na gníomhaíochtaí roghnaithe. Déanfar meastóireacht agus roghnú na ngníomhaíochtaí sin i gcomhréir le hAirteagail 11, 19, 20, 24, 25 agus 26. Le módúlachtaí cur chun feidhme mhaoiniú cumasctha de chuid Fís Eorpach, comhlíonfar Airteagal 29, agus de réir analaí Airteagal 43(9), mar aon le coinníollacha breise agus a bhfuil údar cuí leo arna sainiú ag an gclár oibre.
4. Aisíocaíochtaí lena n-áirítear airleacan inaisíoctha agus ioncaim mhaoiniú cumasctha de chuid Fís Eorpach agus EIC, measfar mar ioncaim leithdháilte inmheánach iad i gcomhréir le hAirteagail 21(3)(f) agus 21(4) den Rialachán Airgeadais.
5. Cuirfear maoiniú cumasctha de chuid ‘Fís Eorpach’ agus EIC ar fáil ar dhóigh lena gcuirtear iomaíochas an Aontais chun cinn agus an am céanna nach ndéantar an iomaíocht sa mhargadh inmheánach a shaobhadh.
Airteagal 42a
An Treo-Aimsitheoir
1. Leis an Treo-Aimsitheoir cuirfear deontais ar fáil do thionscadail cheannródaíochta ardriosca, arna gcur chun feidhme ag cuibhreannais nó ag mona-thairbhithe, arb é is aidhm dóibh nuálaíochtaí radacacha agus deiseanna margaidh nua a fhorbairt. Leis an Treo-Aimsitheoir, tabharfar tacaíocht do na céimeanna is luaithe sa taighde agus forbairt eolaíoch, teicneolaíoch nó domhaintheicneolaíochta, lena n-áirítear cruthúnas an choincheapa agus fréamhshamhlacha maidir le bailíochtú teicneolaíochta.
Cuirfear an Treo-Aimsitheoir chun feidhme go príomha trí ghlao oscailte leanúnach ar thograí ón mbun aníos le scoithdhátaí rialta gach bliain agus déanfar foráil leis freisin maidir le dúshláin iomaíocha chun príomhchuspóirí straitéiseachaina n-éilítear an teicneolaíocht dhomhain agus an smaointeoireacht radacach.
2. Le gníomhaíochtaí aistrithe an Treo-Aimsitheora, cabhrófar le gach cineál taighdeoirí agus nuálaithe an chonair a fhorbairt don fhorbairt tráchtála san Aontas, amhail gníomhaíochtaí taispeántais agus staidéir indéantachta chun cásanna gnó ionchasacha a mheasúnú, agus tacú le seach-chuideachtaí agus gnólachtaí nuathionscanta a chruthú.
(a) cinnfear seoladh agus inneachar na nglaonna ar thograí i dtaca le cuspóirí agus buiséad arna leagan amach ag an gclár oibre i ndáil le punann na ngníomhaíochtaí lena mbaineann;
(b) Féadfar deontais bhreise de mhéid socraithe nach mó ná EUR 50 000 a dhámhachtain ar gach togra a roghnaíodh cheana faoi Threo-Aimsitheoir EIC trí ghlao ar thograí, chun gníomhaíochtaí comhlántacha a dhéanamh, lena n-áirítear comhordú práinneach agus gníomhaíochtaí tacaíochta, chun pobal na dtairbhithe a neartú, amhail trí mheasúnú a dhéanamh ar sheach-chuideachtaí féideartha nó ar nuálaíocht a d’fhéadfadh margadh nua a chruthú nó trí phlean gnó a fhorbairt. Cuirfear Coiste an Chláir arna bhunú faoin gClár Sonrach, ar an eolas maidir le cásanna den sórt sin.
3. Beidh feidhm ag na critéir dhámhachtana a shainmhínítear in Airteagal 25 maidir le Treo-Aimsitheoir EIC.
Airteagal 43
An Treo-Aimsitheoir
1. Beidh sé mar aidhm le Luasaire EIC, go bunúsach, tacú le nuálaíocht lena gcruthófar margadh nua. Sa Luasaire,ní thabharfar tacaíocht ach do mhona-thairbhithe agus go príomha cuirfear maoiniú cumasctha ar fáil. Faoi choinníollacha áirithe, féadfaidh sé tacaíocht ar bhonn deontais agus ar bhonn cothromais, agus ar na boinn sin amháin, a chur ar fáil.
I Luasaire EIC, molfar dhá chineál tacaíochta:
— Tacaíocht maoinithe cumasctha do FBManna, lena n-áirítear do ghnólachtaí nuathionscanta agus, i gcásanna eisceachtúla, do chuideachtaí lárchaipitlithe beaga a bhfuil nuálaíocht cheannródaíoch, shuaiteach agus neamhiontaofa á déanamh acu.
— Tacaíocht ar bhonn deontais, agus air sin amháin, do FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, atá i mbun aon chineál nuálaíochta, ó nuálaíocht chéimneach go nuálaíocht cheannródaíoch agus shuaiteach, a bhfuil sé mar aidhm leo méadú a dhéanamh ina dhiaidh sin.
Féadfar tacaíocht ar bhonn cothromais, agus air sin amháin, a sholáthar do FBManna neamhiontaofa, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, ar FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta iad a bhfuil tacaíocht ar bhonn deontais, agus air sin amháin, faighte acu cheana.
Tacaíocht den chineál deontas amháin, ní chuirfear ar fáil í faoi Luasaire EIC ach amháin faoi na coinníollacha carnacha seo a leanas:
(a) beidh faisnéis ag gabháil leis an tionscadal maidir le hacmhainneachtaí agus toilteanas an iarratasóra méadú a dhéanamh;
(b) gnólacht nuathionscanta nó FBM amháin is ea an tairbhí;
(c) ní féidir tacaíocht ar bhonn deontais, agus air sin amháin, faoi Luasaire EIC a chur ar fáil ach uair amháin do thairbhí le linn Fís Eorpach a bheith ar siúl agus go huasmhéid EUR 2.5 milliún.
1a. Eintiteas dlítheanach atá incháilithe mar ghnó nuathionscanta, FBM nó i gcásanna eisceachtúla, cuideachta bheag meánchaipitlithe, arna bhunú i mBallstát nó i dtír comhlachaithe a bheidh ina thairbhí ar Luasaire EIC agus a bhfuil fonn orthu a gcuideachta a mhéadú. Féadfaidh an tairbhí an togra a thíolacadh nó, faoi réir réamh-chomhaontú ón tairbhí, féadfaidh duine nádúrtha amháin nó níos mó nó eintiteas dlítheanach amháin nó níos mó an togra a thíolacadh, ar duine nó eintiteas é nó iad a bhfuil sé beartaithe aige nó acu an tairbhí sin a bhunú nó tacú leis an tairbhí sin. Más é an dara cás thuas é, ní shíneofar an comhaontú ach leis an tairbhí agus leis sin amháin.
2. Beidh cinneadh aonair dámhachtana ann a chlúdóidh agus a sholáthróidh cistiúchán le haghaidh gach cineál ranníocaíochta ón Aontas arna soláthar faoi mhaoiniú cumasctha EIC.
3. Déanfaidh saineolaithe seachtracha neamhspleácha meastóireacht ar thograí de réir a bhfiúntas aonair féin agus roghnófar iad i gcomhthéacs glao leanúnach oscailte ina mbeidh scoithdhátaí, bunaithe ar Airteagail 24 go dtí 26, faoi réir mhír 4.
4. Is é a bheidh sna critéir dhámhachtana:
(a) barr feabhais;
(b) tionchar;
(c) leibhéal riosca na gníomhaíochta lena gcuirfí cosc ar infheistíochtaí, cáilíocht agus éifeachtúlacht an chur chun feidhme, agus an gá le tacaíocht an Aontais.
5. Le comhaontú ó na hiarratasóirí lena mbaineann, féadfaidh an Coimisiún nó comhlachtaí cistiúcháin a bhfuil ‘Fís Eorpach’ á cur chun feidhme acu (lena n-áirítear PENanna EIT) togra le haghaidh gníomhaíocht nuálaíochta agus leata an mhargaidh, lena gcomhlíontar an chéad dá chritéar cheana féin, a thíolacadh go díreach le haghaidh meastóireacht faoin gcritéar dámhachtana deireanach, faoi réir na gcoinníollacha carnacha a leanas:
(a) eascróidh an togra as aon ghníomhaíocht eile arna mhaoiniú le Fís 2020, ón gClár seo; nó, faoi réir scéim píolóta sa chéad chlár oibre de Fís Eorpach, ó chláir náisiúnta agus/nó réigiúnacha, ag tosú le mapáil an éilimh i gcomhair scéim den chineál sin. Leagfar síos forálacha mionsonraithe sa Chlár Sonrach.
(b) beidh sé bunaithe ar athbhreithniú ar thionscadal a bhí ann tráth nach mó ná 2 bhliain roimhe sin lena ndéantar barr feabhais agus tionchar an togra a mheasúnú agus faoi réir coinníollacha agus próiseas arna mionsonrú tuilleadh sa chlár oibre.
6. Féadfar Séala Barr Feabhais a dhámhachtain faoi réir na gcoinníollacha carnacha seo a leanas:
(a) is cuideachta nuathionscanta, FBM nó cuideachta bheag mheánchaipitlithe é an tairbhí,
(b) bhí an togra incháilithe agus bhain sé amach na tairseacha is infheidhme i dtaca leis an gcéad dá chritéar dámhachtana dá dtagraítear i mír 4.
(c) le haghaidh na ngníomhaíochtaí a bheadh incháilithe faoi ghníomhaíocht nuálaíochta.
7. Maidir le togra ar éirigh leis sa mheastóireacht, molfaidh saineolaithe seachtracha neamhspleácha tacaíocht chomhfhreagrach ó Luasaire EIC, bunaithe ar an riosca a thabhaítear agus ar na hacmhainní agus an t-am is gá chun an nuálaíocht a thabhairt agus a chur ar an margadh.
Féadfaidh an Coimisiún tionscadal arna mholadh ag saineolaithe seachtracha neamhspleácha a dhiúltú ar chúiseanna cuí-réasúnaithe, lena n-áirítear neamhchomhlíonadh chuspóirí bheartais an Aontais. Cuirfear Coiste an Chláir ar an eolas maidir leis na cúiseanna atá le diúltuithe den sórt sin.
8. Ní mó ná 70 % de chostais incháilithe iomlána na gníomhaíochta nuálaíochta a roghnaíodh a bheidh deontas nó comhpháirt airleacain in-aisíoctha de thacaíocht Luasaire EIC.
9. Déanfar modúlachtaí na gcomhpháirteanna cothromais agus tacaíochta in-aisíoctha de thacaíocht Luasaire EIC a mhionsonrú sa Chinneadh [Clár sonrach].
10. Sa chonradh le haghaidh na gníomhaíochta roghnaithe, bunófar garspriocanna sonracha intomhaiste agus an réamh-mhaoiniú comhfhreagrach agus na híocaíochtaí comhfhreagracha i dtráthchodanna de thacaíocht Luasaire EIC.
I gcás mhaoiniú cumasctha EIC, féadfar gníomhaíochtaí a chomhfhreagraíonn do ghníomhaíocht nuálaíochta a sheoladh agus féadfar an chéad réamh-mhaoiniú den deontas nó an t-airleacan in-aisíoctha a íoc, roimh chur chun feidhme comhpháirteanna eile den mhaoiniú cumasctha EIC a bheidh dáfa. Beidh cur chun feidhme na gcomhpháirteanna sin faoi réir ghnóthú na ngarspriocanna sonracha arna leagan síos sa chonradh.
11. I gcomhréir leis an gconradh, déanfar an ghníomhaíocht a chur ar fionraí, a leasú nó, má tá údar cuí leis, a fhoirceannadh mura mbaintear garspriocanna intomhaiste amach. Féadfar é a fhoirceannadh freisin i gcás nach féidir an cur in úsáid ar an margadh, san Aontas go háirithe, a chomhlíonadh.
I gcásanna eisceachtúla agus ar chomhairle bhord EIC, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh tacaíocht Luasaire EIC a mhéadú faoi réir athbhreithniú ar an tionscadal arna dhéanamh ag saineolaithe seachtracha neamhspleácha. Cuirfear Coiste an Chláir ar an eolas maidir le cásanna den sórt sin.
Caibidil VI
Saineolaithe
Airteagal 44
Saineolaithe seachtracha neamhspleácha a cheapadh
1. Déanfar saineolaithe seachtracha neamhspleácha a shainaithint agus a roghnú ar bhonn glaonna ar iarratais ó dhaoine aonair agus glaonna atá dírithe ar eagraíochtaí ábhartha amhail gníomhaireachtaí taighde, institiúidí taighde, ollscoileanna, eagraíochtaí um chaighdeánú, eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta nó fiontraíochtaí d'fhonn bunachar sonraí d'iarratasóirí a bhunú.
De mhaolú ar Airteagal 237(3) den Rialachán Airgeadais, féadfaidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin ábhartha, go heisceachtúil agus i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, saineolaí aonair nach bhfuil sa bhunachar sonraí ach a bhfuil na scileanna iomchuí aige nó aici a roghnú ar bhealach trédhearcach, ar choinníoll nár sainaithníodh saineolaithe seachtracha oiriúnacha i nglao ar léiriú spéise.
Dearbhóidh na saineolaithe sin a neamhspleáchas agus a n-acmhainneacht chun tacú le cuspóirí ‘Fís Eorpach’.
2. I gcomhréir le hAirteagal 273(2) agus le hAirteagal 237(3) den Rialachán Airgeadais, íocfar saineolaithe seachtracha neamhspleácha bunaithe ar choinníollacha caighdeánacha. Má tá údar cuí leis, agus i gcásanna eisceachtúla, féadfar leibhéal iomchuí íocaíochta os cionn na gcoinníollacha caighdeánacha a dheonú bunaithe ar chaighdeáin mhargaidh ábhartha, go háirithe le haghaidh saineolaithe sonracha ardleibhéil.
3. De bhreis ar míreanna 2 agus 3 d’Airteagal 38 den Rialachán Airgeadais, foilseofar ainmneacha na saineolaithe seachtracha neamhspleácha a dhéanann meastóireacht ar iarratais ar dheontas, ar saineolaithe iad a cheaptar i gcáil phearsanta, mar aon lena réimse saineolais, ar a laghad uair amháin sa bhliain ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin nó ar shuíomh gréasáin an chomhlachta chistiúcháin. Déanfar faisnéis den sórt sin a bhailiú, a phróiseáil agus a fhoilsiú i gcomhréir le rialacha AE maidir le cosaint sonraí.
3a. Glacfaidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin ábhartha na bearta iomchuí chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint maidir le rannpháirtíocht saineolaithe seachtracha oiriúnacha i gcomhréir le hAirteagal 61 agus Airteagal 150(5) den Rialachán Airgeadais.
Áiritheoidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin ábhartha nach ndéanfaidh saineolaí a thugann aghaidh ar choinbhleacht leasa maidir le hábhar a mbeidh air nó uirthi tuairim a thabhairt ina leith, meastóireacht, agus nach dtabharfaidh sé nó sí comhairle ná cúnamh maidir leis an gceist shonrach i dtrácht.
3-b. Agus saineolaithe seachtracha neamhspleácha á gceapadh aige, glacfaidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin ábhartha bearta iomchuí chun ballraíocht chothrom sna grúpaí saineolaithe agus sna painéil mheastóireachta a lorg i dtéarmaí scileanna, taithí, eolais, lena n-áirítear i dtéarmaí speisialtóireachta, go háirithe maidir le SSH, éagsúlacht gheografach agus inscne, agus aird á tabhairt ar an staid atá i réim i réimse na gníomhaíochta.
3b. I gcás inarb iomchuí, áiritheofar líon cuí saineolaithe neamhspleácha le haghaidh gach togra chun cáilíocht na meastóireachta a ráthú.
3c. Cuirfear leibhéal an luacha saothair do gach saineolaí neamhspleách agus seachtrach ar fáil do Parlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Déanfar é a chumhdach faoi speansais an Chláir.
TEIDEAL III
FAIREACHÁN, MEASTÓIREACHT AGUS RIALÚ A DHÉANAMH AR CHLÁR AGUS CUMARSÁID MAIDIR LEIS
Airteagal 45
Faireachán agus tuairisciú
1. Déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach ar bhainistiú agus chur chun feidhme ‘Fís Eorpach’, ar a chlár sonrach agus ar ghníomhaíochtaí EIT. Chun trédhearcacht a fheabhsú, cuirfear na sonraí sin ar fáil go poiblí ar bhealach inrochtana ar leathanach gréasáin an Choimisiúin de réir an nuashonraithe is déanaí.
Go sonrach, sa bhunachar sonraí céanna, áiritheofar sonraí le haghaidh tionscadail arna maoiniú faoi ERC, Comhpháirtíochtaí Eorpacha, misin, EIC agus EIT.
Áireofar air sin:
(i) “Tascairí atá faoi cheangal ama chun tuairisciú a dhéanamh, ar bhonn bliantúil, ar dhul chun cinn an Chláir maidir le gnóthú na gcuspóirí a bhunaítear in Airteagal 3 agus a leagtar amach in Iarscríbhinn V iad ar feadh na gconairí tionchair;”
(ii) faisnéis ar leibhéal eolaíochtaí sóisialta agus daonnachtaí a phríomhshruthú, an cóimheas idir LRTanna níos ísle agus níos airde i dtaighde comhoibríoch, an dul chun cinn maidir le rannpháirtíocht tíortha a leathnú, comhdhéanamh geografach na gcuibhreannas i dtionscadail chomhoibríocha, forbairtthuarastail na dtaighdeoirí, nós imeachta taiscthe dhá chéim agus nós imeachta meastóireachta a úsáid, na bearta atá dírithe ar naisc chomhoibríocha i dtaighde agus nuálaíocht na hEorpa a éascú, athbhreithniú meastóireachta a úsáid aguslíon agus cineálacha na ngearán, leibhéal an phríomhshruthaithe aeráide agus caiteachais lena mbaineann, rannpháirtíocht FBM, rannpháirtíocht na hearnála príobháidí, rannpháirtíocht inscne i ngníomhaíochtaí cistithe, painéil mheastóireachta, boird mheastóireachta agus grúpaí comhairleacha meastóireachta, na Séalaí Barr Feabhais, na Comhpháirtíochtaí Eorpacha, chomh maith leis an ráta cómhaoinithe, cistiú comhlántach agus carnach ó chistí eile de chuid an Aontais, bonneagair thaighde, am chun deontas a thabhairt, leibhéal an chomhair idirnáisiúnta, rannpháirtíocht saoránach agus na sochaí sibhialta.
(iii) leibhéil caiteachais imdhealaithe ar leibhéal an tionscadailchun go bhféadfar anailís shonrach a dhéanamh, lena n-áirítear in aghaidh an réimse idirghabhála.
(iv) leibhéal an ró-shuibscríofa, go háirithe líon na dtograíagus in aghaidh an ghlao ar thograí, a meánscór, sciar na dtograí os cionn agus faoi bhun na dtairseach cáilíochta.
2. Taugar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 a bhaineann le leasuithe ar Iarscríbhinn V chun táscairí na gconarí tionchair a fhorlíonadh nó a leasú, i gcás ina meastar gur gá sin, chomh maith le bunlínte agus spriocanna a leagan síos.
3. Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta, áiritheofar go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar thorthaí an Chláir ar dhóigh atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil gan an t-ualach riaracháin a mhéadú do thairbhithe. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí ón Aontas, lena n-áirítear ar leibhéal na dtaighdeoirí a bheidh rannpháirteach i ngníomhaíochtaí chun go bhféadfaidh siad a ngairm agus a soghluaisteacht a rianú, agus (nuair is ábhartha) ar Bhallstáit(33).
3a. Le hanailís cháilíochtúil ón gCoimisiún agus ón Aontas nó ó chomhlachtaí cistiúcháin náisiúnta, comhlánófar sonraí cainníochtúla a mhéid is féidir.
4. Déanfar faireachán ar na bearta arb é is aidhm dóibh naisc chomhoibríocha sa taighde agus nuálaíocht Eorpach a éascú, agus déanfar athbhreithniú orthu i gcomhthéacs na gclár oibre.
Airteagal 46
Faisnéis, cumarsáid, poiblíocht agus leathadh agus saothrú
1. Tabharfaidh faighteoirí cistithe ón Aontas aitheantas d’fhoinse an chistithe ón Aontas agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe (go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á bpoibliú, lena n-áirítear le haghaidh duaiseanna) trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear na meáin agus an pobal.
2. Cuirfidh an Coimisiún gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an gClár chun feidhme, agus a bhaineann le gníomhaíochtaí agus torthaí an Chláir. Sa bhreis air sin, cuirfear faisnéis chríochnaitheach agus thráthúil ar fáil do na Ballstáit agus do na tairbhithe. Déanfar seirbhísí fianaise-bhunaithe meaitseála bunaithe ar anailísíochtaí agus finíochtaí líonraí a chur ar fáil do na heintitis leasmhara chun cuibhreannais a bhunú i ndáil le tionscadail chomhoibríocha, agus aird ar leith á tabhairt ar na deiseanna líonraithe a shainaithint le haghaidh eintitis dhlítheanacha ó Bhallstáit ar íseal a bhfeidhmíocht T&N. Ar bhonn na hanailíse sin, féadfar imeachtaí meaitseála a eagrú ar bhonn glaonna sonracha ar thograí. Leis na hacmhainní airgeadais arna leithdháileadh ar an gClár, rannchuideofar freisin leis an gcumarsáid chorparáideach a dhéantar ar thosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a fhad a bhaineann siad sin leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3.
3. Bunóidh an Coimisiún straitéis le haghaidh leathadh agus saothrú chun infhaighteacht agus scaipeadh thorthaí agus eolas an Chláir maidir le taighde agus nuálaíocht a mhéadú chun dlús a chur le saothrú chun cur leis an nglacadh sa mhargadh agus borradh a chur faoi thionchar an Chláir. Rannchuideoidh na hacmhainní airgeadais a leithdháilfear ar an gClár le cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais freisin chomh maith le gníomhaíochtaí faisnéise, cumarsáide, poiblíochta, leata agus saothraithe a fhad a bhaineann siad sin leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3.
Airteagal 47
Meastóireacht ar an gClár
1. Déanfar meastóireachtaí ar an gClár go tráthúil ionas go bhféadfar faisnéis uathu a úsáid sa phróiseas cinnteoireachta ar an gclár féin, ar an gclár a thiocfaidh i gcomharbacht air agus ar thionscnaimh eile is ábhartha maidir le taighde agus nuálaíocht.
2. Déanfar meastóireacht eatramhach ar an gClár le cúnamh ó shaineolaithe neamhspleácha arna roghnú ar bhonn próiseas trédhearcach a luaithe agus a bheidh faisnéis leordhóthanach ar fáil ar chur chun feidhme an Chláir, tráth nach déanaí ná ceithre bliana ó thús chur chun feidhme an Chláir. Áireofar air sin anailís phunainne agus measúnú ar thionchar fadtéarmach na gClár Réime a chuaigh roimhe agus is air sin a bheidh aon choigeartú maidir le cur chun feidhme an chláir agus/nó athbhreithniú ar an gclár, bunaithe, de réir mar is iomchuí. Leis an meastóireacht, déanfar measúnú ar éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht agus comhsheasmhacht an Chláir agus ar breisluach an Aontais.
3. I ndeireadh chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná ceithre bliana tar éis dheireadh na tréimhse a shonraítear in Airteagal 1, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh a thabhairt i gcrích ar an gClár. Áireofar air sin measúnú ar thionchar fadtéarmach na gClár Réime a chuaigh roimhe.
4. Foilseoidh an Coimisiún torthaí na meastóireachtaí chomh maith lena bharúlacha féin agus déanfaidh sé iad a chur in iúl agus i láthair do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún.
Airteagal 48
Iniúchtaí
1. Áiritheofar leis an gcóras rialaithe don Chlár go mbeidh cothromaíocht iomchuí ann idir iontaoibh agus rialú, agus costais riaracháin agus costais eile a bhaineann le rialú ar gach leibhéal á gcur san áireamh, go háirithe i dtaca le tairbhithe. Beidh rialacha iniúchóireachta soiléir, comhsheasmhach agus comhleanúnach le linn an Chláir.
2. Beidh an straitéis iniúchóireachta don Chlár bunaithe ar iniúchóireacht airgeadais arna déanamh ar shampla ionadaíoch den chaiteachas ar fud an Chláir trí chéile. Comhlánófar an sampla ionadaíoch le rogha bunaithe ar mheasúnú ar na rioscaí a bhaineann leis an gcaiteachas. Maidir le gníomhaíochtaí a fhaigheann comhchistiú ó chláir éagsúla de chuid an Aontais, ní dhéanfar ach iniúchadh amháin orthu sin, lena gcumhdófar na cláir uile i dtrácht agus na rialacha is infheidhme lena mbaineann.
3. Ina theannta sin, féadfaidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin brath ar athbhreithnithe ar chórais chomhcheangailte ar leibhéal na dtairbhithe. Beidh na hathbhreithnithe comhcheangailte sin roghnach maidir le cineálacha áirithe tairbhithe agus déanfar iniúchadh ar chórais agus ar phróisis, rud a bheidh á chomhlánú le hiniúchadh ar idirbhearta, arna ndéanamh ag iniúchóir neamhspleách inniúil atá cáilithe chun iniúchtaí reachtacha a dhéanamh ar dhoiciméid cuntasaíochta i gcomhréir le Treoir 2006/43/CE(34). Féadfaidh an Coimisiún nó comhlacht cistiúcháin iad a úsáid chun cinnteacht fhoriomlán a chinneadh maidir le bainistíocht airgeadais fhónta ar chaiteachais agus chun leibhéal na n-iniúchtaí ex post agus na ráiteas airgeadais a athmheas.
4. I gcomhréir le hAirteagal 127 den Rialachán Airgeadais, féadfaidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin brath ar iniúchtaí maidir le húsáid ranníocaíochtaí an Aontais arna ndéanamh ag daoine nó eintitis eile atá neamhspleách agus inniúil, lena n-áirítear daoine nach bhfuil sainordú tugtha dóibh chuige ó Institiúidí nó ó chomhlachtaí an Aontais.
5. Féadfar iniúchtaí a dhéanamh suas le dhá bhliain i ndiaidh íocaíocht na hiarmhéide.
5a. Foilseoidh an Coimisiún treoirlínte iniúchóireachta, agus é mar aidhm leo cur i bhfeidhm agus léirmhíniú iontaofa agus aonfhoirmí ar na nósanna imeachta agus rialacha iniúchóireachta le linn ré an chláir a áirithiú.
Airteagal 49
Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint
1. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún, nó dá ionadaithe, agus don Chúirt Iniúchóirí, iniúchadh a dhéanamh, nó i gcás eagraíochtaí idirnáisiúnta an chumhacht fíorú a dhéanamh i gcomhréir le comhaontuithe eatarthu, ar bhonn doiciméad agus ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a gheobhaidh cistí de chuid an Aontais faoin Rialachán seo.
2. Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh, i gcomhréir leis na forálacha agus leis na nósanna imeachta a leagtar síos le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle, d'fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le cistiú ón Aontas nó ráthaíochtaí buiséadacha faoin Rialachán seo.
3. Féadfar a cheangal freisin ar údaráis inniúla tríú tíortha agus ar eagraíochtaí idirnáisiúnta comhoibriú le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), i gcomhréir le Comhaontuithe Cúnaimh Fhrithpháirtigh Dlí, nuair a dhéanann sé imscrúduithe i gcionta coiriúla a thagann faoina inniúlacht i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939.
4. Gan dochar do mhír 1 ná do mhír 2, beidh forálacha sna comhaontuithe comhair le tríú tíortha agus sna heagraíochtaí idirnáisiúnta agus sna conarthaí, sna comhaontuithe deontais agus gealltanais dhlítheanacha eile chomh maith le comhaontuithe lena mbunaítear ráthaíocht bhuiséadach a eascróidh ón Rialachán seo a chur chun feidhme, lena gcumhachtófar go sainráite an Coimisiún, an Chúirt Iniúchóirí agus OLAF chun iniúchtaí, seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí den sórt sin a dhéanamh i gcomhréir lena gcuid inniúlachtaí faoi seach. Áireofar ar an méid sin forálacha chun a áirithiú maidir le haon tríú páirtí atá bainteach le cur chun feidhme chistí de chuid an Aontais nó le cur chun feidhme oibríochta cistiúcháin a fhaigheann tacaíocht, ina iomláine nó go páirteach, ó ráthaíocht bhuiséadach go ndeonóidh siad cearta coibhéiseacha.
Airteagal 50
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 45(2) a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2028.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 45(2) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4. Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 45(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
TEIDEAL IV
FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 51
Aisghairm
Déantar Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1290/2013 a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.
Airteagal 52
Forálacha idirthréimhseacha
1. Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúnachas ná do mhodhnú na ngníomhaíochtaí lena mbaineann, faoi Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 agus faoi Rialachán (AE) Uimh. 1290/2013, a leanfaidh d’fheidhm a bheith acu go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu. Na pleananna oibre agus na gníomhaíochtaí dá bhforáiltear i bpleananna oibre arna nglacadh faoi Rialachán (AE) Uimh. 1290/2013 agus faoi ghníomhartha bunúsacha na gcomhlachtaí comhfhreagracha, leanfar dá rialáil le Rialachán (AE) Uimh. 1290/2013 agus leis na gníomhartha bunúsacha sin go dtí go dtabharfar i gcrích iad.
2. Féadfaidh clúdach airgeadais an Chláir na speansais theicniúla agus riaracháin is gá a chumhdach chun an t-aistriú idir an Clár agus na bearta arna nglacadh faoi réamhtheachtaí an Chláir, Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013, a áirithiú.
Airteagal 53
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in/sa …,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán An tUachtarán
IARSCRÍBHINN I
TREOIRLÍNTE DO NA GNÍOMHAÍOCHTAÍ
Na cuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar amach in Airteagal 3, déanfar iad a shaothrú ar fud an Chláir, trí na réimsí idirghabhála agus trí threoirlínte na ngníomhaíochtaí a bhfuil tuairisc orthu san Iarscríbhinn seo, agus in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gClár Sonrach chomh maith.
(1) Colún I 'Eolaíocht Barr Feabhais'
Leis an gcolún seo, i gcomhréir le hAirteagal 4, tríd na gníomhaíochtaí seo a leanas, déanfar eolaíocht barr feabhais a chur chun cinn, scoth na tallainne a mhealladh chun na hEorpa, tacaíocht iomchuí a chur ar fáil do thaighdeoirí ag luathchéim agus tacú le cruthú agus scaipeadh eolaíochta barr feabhais, mar aon le heolas, modheolaíochtaí agus scileanna ardchaighdeáin, teicneolaíochtaí agus réitigh ar dhúshláin dhomhandashóisialta, chomhshaoil agus eacnamaíocha. Rannchuideoidh sé le cuspóirí sonracha eile an Chláir mar a bhfuil tuairisc orthu in Airteagal 3.
(a) An Chomhairle Eorpach um Thaighde: Cistiú tarraingteach solúbtha á chur ar fáil le go mbeidh taighdeoirí aonair tréitheacha agus cruthaitheacha, le béim ar thaighdeoirí luathchéime, agus a bhfoirne, in ann na goirt is mó a bhfuil gealladh fúthu a threabhadh san eolaíocht cheannródaíoch, gan beann ar a náisiúntacht ná ar a dtír dhúchais agus ar bhonn iomaíochta ar fud an Aontais inarb é an barr feabhais an t-aon slat tomhais.
Réimse idirghabhála: An eolaíocht cheannródaíoch
(b) Gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie: Eolas agus scileanna nua a chur ar fáil do lucht taighde trí shoghluaisteacht agus cumarsáid trasna teorainneacha, earnálacha agus disciplíní, feabhas a chur ar chórais oiliúna agus forbartha gairme mar aon leis an earcú institiúideach agus náisiúnta a struchtúrú agus a fheabhsú, agus an Chairt Eorpach do Thaighdeoirí agus an Cód Iompair um earcú taighdeoirí á gcur san áireamh; tríd an méid sin a dhéanamh, cabhraíonn Gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie le bunchlocha a chur ar fud na hEorpa ar fad faoin gcreat taighde den scoth atá san Eoraip, rud a rannchuidíonn chun borradh a chur faoi phoist, fás agus infheistíocht, agus chun dúshláin sochaíocha atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo a réiteach.
Réimsí idirghabhála: Barr feabhais a chothú trí shoghluaisteacht taighdeoirí thar theorainneacha, earnálacha agus disciplíní; scileanna nua a chothú trí oiliúint den scoth a chur ar thaighdeoirí; acmhainní daonna agus forbairt scileanna a neartú ar fud an Limistéir Eorpaigh Thaighde; sineirgíochtaí a fheabhsú agus a éascú; for-rochtain phoiblí a chur chun cinn.
(c) Bonneagair thaighde: Bonneagair thaighde inbhuanaithe de scoth an domhain a bhronnadh ar an Eoraip atá oscailte agus inrochtana do na taighdeoirí is fearr ón Eoraip agus ó áiteanna níos faide i gcéin. Úsáid an bhonneagair taighde atá ann cheana a spreagadh, lena n-áirítear an bonneagar atá á mhaoiniú trí Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa. Agus sin á dhéanamh cuirfear le cumas an bhonneagair taighde tacú le dul chun cinn eolaíochta agus leis an nuálaíocht, agus an eolaíocht oscailte agus den scoth a chumasú, de réir na bprionsabal FAIR, é sin taobh le taobh le gníomhaíochtaí i mbeartais ghaolmhara an Aontais agus sa chomhar idirnáisiúnta.
Réimsí idirghabhála: Creat na mbonneagar taighde Eorpach a chomhdhlúthú agus a fhorbairt; Bonneagair thaighde a oscailt, a chomhtháthú agus a idirnascadh; Poitéinseal nuálaíochta na mBonneagar Taighde Eorpach agus gníomhaíochtaí i leith Nuálaíochta agus Oiliúna An beartas Eorpach maidir le bonneagar taighde agus an comhar idirnáisiúnta a threisiú;
(2) Colún II ‘Dúshláin Dhomhanda agus Iomaíochas Tionsclaíoch Eorpach’
Leis an gcolún seo, i gcomhréir le hAirteagal 4, trí na gníomhaíochtaí seo a leanas, tacófar le heolas, teicneolaíochtaí agus réitigh inbhuanaithe nua a chruthú agus a scaipeadh níos fearr, iomaíochas na tionsclaíochta Eorpaí a neartú, tionchar an taighde agus na nuálaíochta a neartú maidir le beartais an Aontais a fhorbairt, a thacú agus a chur chun feidhme, agus tacú leis an nglacadh le réitigh nuálacha sa tionsclaíocht, go háirithe in FBManna agus i ngnólachtaí nuathionscanta, agus sa tsochaí chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda. Rannchuideoidh sé le cuspóirí sonracha eile an Chláir mar a bhfuil tuairisc orthu in Airteagal 3.
Déanfar na heolaíochtaí sóisialta agus na daonnachtaí a chomhtháthú go hiomlán ar fud na mbraislí ar fad, lena n-áirítear gníomhaíochtaí sonracha agus gníomhaíochtaí tiomnaithe.
Chun solúbthacht agus sineirgíochtaí tionchair a uasmhéadú, eagrófar gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta i sé bhraisle, idirnasctha trí bhonneagair taighde uile-Eorpach, a dhéanfaidh comhar trasdhisiplíneach, trasearnálacha, trasbheartas, trasteorann agus idirnáisiúnta a dhreasú, ina n-aonar agus le chéile. Leis an gcolún seo de ‘Fís Eorpach’, cumhdaítear gníomhaíochtaí ó réimse leathan LRTanna, lena n-áirítear LRTanna níos ísle.
Rannchuidíonn gach braisle le roinnt SDGanna; agus faigheann go leor SDGanna tacaíocht ó níos mó ná braisle amháin.
Cuirfear na gníomhaíochtaí T&N chun feidhme sna braislí seo a leanas agus trasna na mbraislí sin:
(a) An bhraisle ‘Sláinte’: Feabhas agus cosaint do shláinte agus folláine na saoránach ag gach aois, trí eolas nua a ghiniúint, réitigh nuálacha a fhorbairt, agus trína áirithiú go ndéantar gné na hinscne a chomhtháthú, i gcás inarb ábhartha, chun galair a chosc, a dhiagnóisiú, a fhaire, a chóireáil agus a leigheas agus trí theicneolaíochtaí na sláinte a fhorbairt; rioscaí don tsláinte a mhaolú, an pobal a chosaint agus an dea-shláinte agus an fholláine a chur chun cinn, san ionad oibre freisin; córais sláinte phoiblí a dhéanamh níos costéifeachtaí, níos cothroime agus níos inbhuanaithe; galair atá bainteach leis an mbochtaineacht a chosc agus dul i ngleic leo; agus tacú le rannpháirtíocht agus féinbhainistiú na n-othar, agus é sin a chumasú.
Réimsí idirghabhála: Sláinte ó thús go deireadh an tsaoil; Cinntithigh chomhshaoil agus sláinte sóisialta; galair neamhtheagmhálacha agus galair thearca; Galair ionfhabhtaíocha, lena n-áirítear galair a bhaineann leis an mbochtaineacht agus galair a ndearnadh siléig iontu; Uirlisí, teicneolaíochtaí agus réitigh dhigiteacha don tsláinte agus don chúram, lena n-áirítear leigheas pearsantaithe; Córais chúraim sláinte
(b) An bhraisle ‘An Cultúr, an Chruthaitheacht agus an tSochaí Chuimsitheach’: Luachanna daonlathacha ▌a neartú, lena n-áirítear an smacht reachta agus na cearta bunúsacha, ár n-oidhreacht chultúrtha a choimirciú, poitéinseal na n-earnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha a thaiscéaladh, agus claochluithe socheacnamaíocha a rannchuidíonn le cuimsiú agus fás a chur chun cinn, ▌lena n-áirítear bainistiú ar imirce agus lánpháirtiú imirceach.
Réimsí idirghabhála: Daonlathas agus Rialachas; Cultúr, oidhreacht chultúrtha agus cruthaitheacht; Claochluithe sóisialta agus eacnamaíocha.▌
(c) An bhraisle ‘An tSlándáil Shibhialta don tSochaí’: Ag freagairt do na dúshláin a eascraíonn as bagairtí leanúnacha slándála, lena n-áirítear an chibearchoireacht, chomh maith le tubaistí nádúrtha agus tubaistí de dhéantús an duine.
Réimsí idirghabhála: Sochaithe athléimneacha tar éis tubaistí; An chosaint agus an tslándáil; An chibearshlándáil.
d) An bhraisle 'Cúrsaí Digiteacha, an Tionscal agus an Spás’: Cumais a threisiú agus ceannasacht na hEorpa a chinntiú in eochair-theicneolaíochtaí cumasúcháin don digitiú agus táirgeadh, agus sa teicneolaíocht spáis, ar feadh na tslabhra luacha, chun tionscal iomaíoch, digiteach, ísealcharbóin agus ciorclach a thógáil; soláthar inbhuanaithe amhábhar a áirithiú; ábhair ardfhorbartha a fhorbairt agus bonn a chur ar fáil don dul chun cinn agus don nuálaíocht maidir le ▌dúshláin shochaíocha dhomhanda.
Réimsí idirghabhála: Teicneolaíochtaí monaraíochta; Eochair-theicneolaíochtaí digiteacha, lena n-áirítear teicneolaíochtaí candamacha; Teicneolaíochtaí cumasúcháin atá ag teacht chun cinn; Ábhair ardfhorbartha; Intleacht shaorga agus róbataic; Idirlíon den chéad ghlúin eile; An ríomhaireacht ardfhorbartha agus Mórshonraí; Tionscail chiorclacha; Tionscail ísealcharbóin agus ghlan; An Spás, lena n-áirítear faire na cruinne.
(e) An bhraisle ‘Aeráid, Fuinneamh agus Soghluaisteacht’: An t-athrú aeráide a chomhrac trí thuiscint níos fearr a fháil ar a chúiseanna, a éabhlóid, na rioscaí, na tionchair agus na deiseanna a bhaineann leis, trí earnáil an fhuinnimh agus an iompair a dhéanamh níos cairdiúla don aeráid agus don chomhshaol, níos éifeachtaí agus níos iomaíche, níos cliste, níos sábháilte agus níos buanseasmhaí, úsáid foinsí inathnuaite fuinnimh agus éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn, fheabhas a chur ar athléimneacht an Aontais i leith suaití seachtracha agus tríd an iompar sóisialta a oiriúnú i bhfianaise na spriocanna forbartha inbhuanaithe (SDGanna).
Réimsí idirghabhála: An t-athrú aeráide agus Réitigh; Soláthar Fuinnimh; Córais agus Eangacha Fuinnimh; Foirgnimh agus Saoráidí Tionsclaíocha maidir le hAistriú Fuinnimh; Pobail agus Cathracha; Iomaíochas Tionsclaíoch san Iompar; Iompar agus Soghluaisteacht atá Glan, Sábháilte agus Inrochtana; Soghluaisteacht Chliste; Stóráil Fuinnimh.
(f) An bhraisle ‘Bia, Bithgheilleagar, Acmhainní Nadúrtha, Talmhaíocht agus Comhshaol’:An comhshaol a chosaint, acmhainní nádúrtha agus bitheolaíocha ón talamh, ó uiscí intíre agus ón bhfarraige a athshlánú, a bhainistiú go hinbhuanaithe agus a úsáid chun stop a chur le creimeadh na bithéagsúlachta, chun aghaidh a thabhairt ar shlándáil an tsoláthair bhia agus an chothaithe do chách agus an trasdul go geilleagar ciorclach ísealcharbóin atá tíosach ar acmhainní agus go bithgheilleagar inbhuanaithe.
Réimsí idirghabhála: Breathnóireacht chomhshaoil; An bhithéagsúlacht agus acmhainní nádúrtha; Talmhaíocht, foraoiseacht agus ceantair thuaithe; Farraigí, aigéin agus uiscí intíre; Córais bhia; Córais nuálaíochta bhithbhunaithe i mbithgheilleagar AE; Córais chiorclacha
(g) Gníomhaíochtaí díreacha neamhnúicléacha an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde: Fianaise eolaíochta ar ardchaighdeán a chruthú le haghaidh beartais phoiblí mhaithe a bheidh éifeachtúil agus inacmhainne. Teastaíonn fianaise thrédhearcach, chuimsitheach, chothromaithe mar bhonn ciallmhar do thionscnaimh agus tograí nua reachtaíochta AE, agus teastaíonn fianaise freisin le bheith in ann cur chun feidhme na mbeartas a thomhas agus le faireachán a dhéanamh air. Soláthróidh an tAirmheán Comhpháirteach Taighde (JRC) fianaise eolaíochta agus tacaíocht theicniúil feadh thimthriall iomlán na mbeartas. Díreoidh JRC a thaighde ar thosaíochtaí beartais an Aontais.
Réimsí idirghabhála: Sláinte; Cultúr, cruthaitheacht agus an tsochaí chuimsitheach; Slándáil Shibhialta don tSochaí; cúrsaí digiteacha, an tionscal agus an spás; aeráid, fuinneamh agus soghluaisteacht; bia, bithgheilleagar, acmhainní nádúrtha, talmhaíocht agus comhshaol; tacú le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus le rialachas eacnamaíoch an Aontais; tacú leis na Ballstáit maidir le reachtaíocht a chur chun feidhme agus straitéisí um speisialtóireacht chliste a fhorbairt; uirlisí agus modhanna anailíseacha le haghaidh beartais a cheapadh; bainistiú eolais; aistriú eolais agus teicneolaíochta; tacaíocht don eolaíocht le freastal ar ardáin bheartais.
(3) Colún III ‘An Eoraip Nuálaíoch’
Leis an gcolún seo, i gcomhréir le hAirteagal 4, tríd na gníomhaíochtaí seo a leanas, déanfar gach cineál nuálaíochta a chothú, lena n-áirítear nuálaíocht neamhtheicneolaíoch, go príomha in FBManna lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, trí chabhrú leis an bhforbairt agus an léiriú teicneolaíoch, agus le haistriú eolais, agus trí chur in úsáid na réiteach nuálach a neartú ▌. Rannchuideoidh sé freisin le cuspóirí sonracha eile an Chláir mar a thuairiscítear in Airteagal 3. Déanfar EIC a chur chun feidhme trí dhá ionstraim go príomha, an Treo-Aimsitheoir, arna gcur chun feidhme trí thaighde comhoibritheach den chuid is mó, agus an Luasaire.
(a) An Chomhairle Nuálaíochta Eorpach: ag díriú go príomha ar nuálaíocht atá ceannródaíoch agus suaiteach, spriocdhírithe ar nuálaíocht lena gcruthófar margaí, agus ag an am céanna tacófar le gach cineál nuálaíochtaí, lena n-áirítear nuálaíocht chéimneach.
Réimsí idirghabhála: Treo-Aimsitheoir i leith ardtaighde, ag tacú le teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn anois agus a bheidh ag teacht chun cinn amach anseo ar teicneolaíochtaí ceannródaíocha, lena gcruthófar margadh nua agus/nó teicneolaíochtaí domhain iad; An Luasaire, bearna an mhaoinithe a dhúnadh idir céimeanna déanacha an taighde agus na ngníomhaíochtaí nuálaíochta agus tús úsáide sa mhargadh, nuálaíocht cheannródaíoch, mhargaí-chruthaitheach a chur in úsáid go héifeachtach agus cuideachtaí a uas-scálú i gcásanna nach gcuireann an margadh maoiniú inmharthana ar fáil; ▌gníomhaíochtaí breise EIC, amhail duaiseanna agus comhaltachtaí, agus seirbhísí breisluacha gnó.
(b) Éiceachórais nuálaíochta na hEorpa
Réimsí idirghabhála: Áireofar ar na gníomhaíochtaí, go háirithe nascadh, i gcás inarb iomchuí i gcomhar le EIT, le ▌gníomhaithe nuálaíochta náisiúnta agus réigiúnacha agus ag tacú le Ballstáit, Réigiúin agus tíortha comhlachaithe chun cláir nuálaíochta chomhpháirteacha thrasteorann a chur chun feidhme, ó mhalartú cleachtas agus eolais i ndáil le rialáil na nuálaíochta go scileanna boga a fheabhsú i ndáil le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta, lena n-áirítear nuálaíocht oscailte nó nuálaíocht úsáideoir-stiúrtha, chun borradh a chur faoi éifeachtacht an chórais nuálaíochta Eorpaigh. Ba cheart é sin a chur chun feidhme i sineirge inter alia le tacaíocht CFRE d'éiceachórais nuálaíochta agus do chomhpháirtíochtaí idir-réigiúnacha i dtaca le speisialtóireacht cliste.
(c) An Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht
Réimsí idirghabhála: Éiceachórais nuálaíochta inbhuanaithe ar fud na hEorpa; Scileanna nuálaíochta agus fiontraíochta i bhfoghlaim ar feadh an tsaoil, lena n-áirítear acmhainní na n-institiúidí ardoideachais ar fud na hEorpa a mhéadú; Réitigh nua don mhargadh chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin ▌dhomhanda ▌; Sineirgíochtaí agus breisluach laistigh de ‘Fís Eorpach’.
(4) An Chuid ‘An Rannpháirtíocht a Leathnú agus an Limistéar Taighde Eorpach a neartú’
Trí na gníomhaíochtaí seo a leanas, leis an gcolún seo, saothrófar na cuspóirí sonracha amhail mar a leagtar amach in ▌Airteagal 3(2)(d). Rannchuideoidh sé freisin le cuspóirí sonracha ▌eile an Chláir mar a bhfuil tuairisc orthu in Airteagal 3. Agus é mar fhothaca leis an gClár iomlán, leis an gcuid seo, tacófar le gníomhaíochtaí a rannchuidíonn le tallann a mhealladh, cúrsaíocht daoine oilte a chothú agus imirce daoine oilte a chosc, agus a rannchuidíonn le hEoraip a bheidh níos eolasbhunaithe agus níos nuálaí, agus cothrom ó thaobh inscne de, a bheidh ar thús cadhnaíochta san iomaíochas domhanda, agus an comhar trasnáisiúnta á chothú agus dá bhrí sin, láidreachtaí agus cumas féideartha náisiúnta a optamú san Eoraip trí chéile i Limistéar Eorpach Taighde (LET) a bheidh ag feidhmiú go maith, limistéar ina mbeidh lucht saothair ardoilte ag gluaiseacht thart gan bhac ar bhealach cothrom, ina mbeidh tuiscint agus iontaoibh ag saoránaigh eolasacha as na torthaí ó T&N, torthaí a bheidh á leathadh go forleathan agus a rachadh chun tairbhe don tsochaí ina iomláine, agus ina mbeidh beartas an Aontais, go háirithe beartas T&N, bunaithe ar fhianaise eolaíochta atá ar ardchaighdeán.
Tacóidh sé freisin le gníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh cáilíocht na dtograí a thagann ó eintitis dhlítheanacha ó Bhallstáit ar íseal a fheidhmíocht maidir le T&N, amhail seiceálacha agus comhairle proifisiúnta réamhthogra, agus borradh a chur faoi ghníomhaíochtaí na bPointí Teagmhála Náisiúnta chun tacú le líonrú idirnáisiúnta, chomh maith le gníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh tacú le eintitis dhlítheanacha ó Bhallstáit ar íseal a bhfeidhmíocht maidir le T&N páirt a ghlacadh i dtionscadail chomhoibríocha atá roghnaithe cheana, nach bhfuil eintitis dhlítheanacha ó na Ballstáit sin rannpháirteach iontu.
Réimsí idirghabhála: Rannpháirtíocht a leathnú agus barr feabhais a scaipeadh, lena n-áirítear trí Theacht le chéile i bhFoirne, Nascadh, cathaoirligh ERA, COST, tionscnaimh Bharr Feabhais agus gníomhaíochtaí chun cúrsaíocht daoine oilte a chothú; Córas T&N na hEorpa a athchóiriú agus a fheabhsú, lena n-áirítear, mar shampla trí thacú le hathchóiriú a dhéanamh ar bheartas náisiúnta maidir leis an taighde agus an nuálaíocht, gairmeacha beatha tarraingteacha a chur ar fáil, agus tacú le heolaíocht inscne agus saoránach.
IARSCRÍBHINN Ia
AN INSTITIÚID EORPACH UM NUÁLAÍOCHT AGUS TEICNEOLAÍOCHT (EIT)
Beidh feidhm ag an méid seo a leanas maidir le cur chun feidhme ghníomhaíochtaí chlár EIT:
1. An Réasúnaíocht
Mar a luaitear go soiléir sa Tuarascáil ón nGrúpa Ardleibhéil maidir leis an tairbhe is mó is féidir a bhaint as an tionchar a bheidh ag taighde agus nuálaíocht AE (Grúpa Ardleibhéil Lamy), is an bealach chun tosaigh ná ‘oideachas a chur ar dhaoine don todhchaí agus infheistiú sna daoine a chuirfidh an t-athrú i gcrích’. Go háirithe, iarrtar ar institiúidí ardoideachais Eorpacha an fhiontraíocht a spreagadh, teorainneacha disciplíneacha a bhaint as a chéile agus comhar láidir idirdhisciplíneach idir na hollscoileanna agus an earnáil thionsclaíoch a bhuanú. De réir suirbhéanna a rinneadh le déanaí, is é an rochtain ar dhaoine éirimiúla an fachtóir is tábhachtaí ar fad a bhfuil tionchar aige ar an rogha a dhéanfaidh fiontraithe Eorpacha maidir le hionaid ghnólachtaí nuathionscanta. Tá príomhról tábhachtach ag an oideachas, deiseanna agus oiliúint fiontraíochta agus scileanna cruthaitheacha a fhorbairt chun cumas na nuálaithe atá ann cheana a fhorbairt chun go mbeidh na gnólachtaí atá acu níos rathúla ar fad. Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeidh rochtain ar dhaoine éirimiúla fiontraíocha, mar aon le rochtain ar sheirbhísí gairmiúla, ar chaipiteal agus ar mhargaí ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, agus go dtabharfar gníomhaithe ábhartha na nuálaíochta le chéile faoi chuimsiú cuspóir comhchoiteann chun go bhféadfar éiceachóras nuálaíochta a chothú. Is gá iarrachtaí ar fud an Aontais Eorpaigh a chomhordú chun mais chriticiúil de chnuasaigh agus d'éiceachórais fiontraíochta idirnasctha ar fud an Aontais Eorpaigh a chruthú.
Is é EIT an t-éiceachóras comhtháite nuálaíochta is mó atá ann sa Eoraip inniu, lena dtugtar comhpháirtithe le chéile ón réimse gnó, taighde, oideachais agus ó réimsí eile. Leanfaidh EIT de thacaíocht a thabhairt dá Phobail Eolais agus Nuálaíochta (PENanna), ar comhpháirtíochtaí Eorpacha ar mhórscála iad a thugann aghaidh ar dhúshláin shonracha dhomhanda, agus déanfaidh siad na héiceachórais nuálaíocha timpeall orthu a neartú. Déanfaidh sé é sin trí chomhtháthú an oideachais, an taighde agus na nuálaíochta a chothú de réir na gcaighdeán is airde, agus dá bhrí sin, timpeallachtaí a chruthú a chabhróidh leis an nuálaíocht, agus trí ghlúin nua fiontraithe a chur chun cinn agus tacú leo agus trí chruthú gnóthaí nuálacha i ndlúthshineirgí agus i gcomhlántacht le EIC a spreagadh.
Ní mór iarrachtaí a dhéanamh go fóill, ar fud na hEorpa, chun éiceachórais a fhorbairt lenar féidir le taighdeoirí, nuálaithe, tionscail agus rialtais idirghníomhú le chéile go héasca. Go deimhin, ní bhíonn éiceachórais na nuálaíochta ag feidhmiú go héifeachtach go fóill mar gheall ar roinnt ▌cúiseanna amhail an méid seo a leanas:
– cuirtear bac ar ghníomhaithe na nuálaíochta go fóill a bheith ag idirghníomhú le chéile mar go bhfuil constaic eagrúcháin, rialála agus cultúir rompu;
– sna hiarrachtaí chun éiceachórais na nuálaíochta a neartú, bainfear leas as comhordú agus fócais shoiléir ar chuspóirí sonracha agus ar thionchar sonrach.
chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin shochaíocha amach anseo, teacht i dtír ar na deiseanna a bheidh ag na teicneolaíochtaí nua agus rannchuidiú le fás geilleagrach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus inbhuanaithe, poist, iomaíochas agus leas shaoránaigh na hEorpa, is gá acmhainn nuálaithe na hEorpa a neartú tuilleadh tríd an méid seo: timpeallachtaí atá ann cheana a neartú agus cruthú timpeallachtaí nua a chothú atá fabhrach don chomhar agus don nuálaíocht; acmhainneachtaí nuálaíochta na n-ollscoileanna agus earnáil an taighde a neartú; tacú le glúin nua fiontraithe; cruthú agus forbairt fiontar nuálach a spreagadh, mar aon le hinfheictheacht agus aitheantas na ngníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta arna gcistiú ag AE a neartú, go háirithe cistiú EIT don phobal i gcoitinne.
Mar gheall ar chineál agus ar scála na ndúshlán nuálaíochta, is gá idirchaidreamh a dhéanamh le gníomhaithe agus acmhainní a chur ar fáil ar leibhéal an Aontais trí chomhar trasteorann a chothú. Is gá fáil réidh leis na bacainní idir disciplíní agus ar feadh na slabhraí luacha agus cruthú timpeallachta fabhraí a chothú ina ndéanfar eolas agus saineolas a mhalartú go héifeachtach, agus ina ndéanfar scileanna tréitheacha fiontraithe a fhorbairt agus fiontraithe a mhealladh. Áiritheofar le Clár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht de chuid EIT go mbeidh comhréireacht ann le dúshláin ‘Fís Eorpach’, mar aon le comhlántacht le EIC.
2. Réimsí Idirghabhála
2.1. Éiceachórais nuálaíochta inbhuanaithe ar fud na hEorpa
I gcomhréir le Rialachán EIT agus an Clár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht de chuid EIT, beidh ról treisithe ag EIT in éiceachórais nuálaíochta inbhuanaithe atá dírithe ar dhúshláin a neartú ar fud na hEorpa. Go háirithe, leanfaidh EIT de bheith ag feidhmiú go príomha trína Phobail Eolais agus Nuálaíochta (PENanna), trí chomhpháirtíochtaí mórscála Eorpacha lena dtugtar aghaidh ar dhúshláin shochaíocha shonracha. Leanfaidh sé de bheith ag neartú éiceachórais nuálaíochta timpeall orthu trína n-oscailt suas agus trí chomhtháthú an taighde, na nuálaíochta agus an oideachais a chothú. Lena chois sin, neartóidh EIT éiceachórais na nuálaíochta ar fud na hEorpa trína Scéim Nuálaíochta Réigiúnach (EIT RIS) a leathnú. Oibreoidh EIT i gcomhar le héiceachórais na nuálaíochta ina léirítear ardchumas nuálaíochta atá bunaithe ar straitéis, ailíniú téamach agus tionchar atá beartaithe, i ndlúthshineirgí le Straitéisí agus Ardáin um Speisialtóireacht Chliste.
– Éifeachtacht na PENanna atá ann cheana agus a n-oscailteacht i leith comhpháirtithe nua a threisiú lena gcumasófar an t-aistriú chuig féin-inbhuanaitheacht san fhadtéarma, agus lena ndéanfar anailísiú ar an ngá atá le PENanna nua a bhunú chun dul i ngleic le dúshláin dhomhanda. Saineofar na réimsí téamacha sonracha sa Chlár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht, agusan Phleanáil Straitéiseach á cur san áireamh;
– Dlús a chur faoi réigiúin dul i dtreo barr feabhais sna tíortha ar nuálaithe a shainítear sa Chlár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht i ndlúthchomhair leis na cistí struchtúracha agus cláir ábhartha eile arna gcistiú ag an Aontas nuair is iomchuí.
2.2. Scileanna nuálaíochta agus fiontraíochta i bhfoghlaim ar feadh an tsaoil, lena n-áirítear acmhainneachtaí na n-institiúidí ardoideachais ar fud na hEorpa a mhéadú
Treiseofar gníomhaíochtaí oideachais EIT chun an nuálaíocht agus an fhionraíocht a chothú trí oideachas agus oiliúint dhiongbháilte. Díreofar fócas níos láidre ar fhorbairt an chaipitil dhaonna a bheidh bunaithe ar leathnú chláir oideachais EIT PENanna atá ann cheana d'fhonn leanúint de bheith ag cur ar fáil curaclaim ardcháilíochta atá bunaithe ar an nuálaíocht, ar an gcruthaitheacht agus ar an bhfiontraíocht i gcomhréir le straitéis AE um an tionscal agus scileanna do mhic léinn agus do lucht gairme. Féadfar a áireamh orthu na taighdeoirí agus nuálaithe dá dtugtar tacaíocht le codanna eile de Fís Eorpach, go háirithe le gníomhartha Marie Skłodowska-Curie. Tacóidh EIT le nuachóiriú a dhéanamh ar institiúidí ardoideachais ar fud na hEorpa freisin agus iad a lánpháirtiú in éiceachórais na nuálaíochta trína n-acmhainn agus a gcumas fiontraíochta a chothú agus a mhéadú agus iad a spreagadh le riar níos fearr ar riachtanais scileanna nua roimh ré.
– Curaclaim nuálacha a fhorbairt, lena gcuirfear san áireamh riachtanais na sochaí agus an tionscail amach anseo, agus cláir thrasearnálacha a fhorbairt atá le tairiscint do mhic léinn, fiontraithe agus lucht gairme ar fud na hEorpa agus lasmuigh di ina gcomhcheanglófar saineolas earnála sonraí le scileanna atá dírithe ar an ▌nuálaíocht agus scileanna fiontraíochta, amhail ▌scileanna ardteicneolaíochta a bhaineann le heochair-theicneolaíochtaí cumasúcháin digiteacha agus inbhuanaithe;
– Branda EIT a neartú agus a leathnú chun feabhas a chur ar infheictheacht agus aitheantas chláir oideachais EIT atá bunaithe ar chomhpháirtíochtaí idir institiúidí ardoideachais éagsúla, ionaid taighde agus comhlachtaí taighde agus feabhas a chur ar a cháilíocht ina hiomláine ag an am céanna trí churaclaim ina bhfoghlaimeofar ábhar an churaclaim trí chleachtadh a dhéanamh agus oideachas fiontraíochta diongbháilte a bhfuil cuspóir leis a chur ar fáil mar aon le soghluaisteacht idirnáisiúnta, idir-eagraíochtaí agus idir-earnálacha;
– Acmhainneacht nuálaíochta agus fiontraíochta earnáil an ardoideachais a fhorbairt, trí ghiaráil agus cur chun cinn a dhéanamh ar shaineolas Phobal EIT chun oideachas, taighde agus gnó a nascadh le chéile;
– Ról phobal EIT Aalumni a threisiú ina eiseamláir do mhic léinn nua agus ina ionstraim láidir chun an tionchar a bheidh ag EIT a léiriú.
2.3. Réitigh nua don mhargadh chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda
Le EIT déanfar éascú, cumhachtú agus dámhachtainí i dtaca le fiontraithe, nuálaithe, taighdeoirí, oideoirí, mic léinn agus gníomhaithe nuálaíochta, agus príomhshruthú inscne á áirithiú, a bheith ag obair i gcomhar le chéile i bhfoirne trasdisciplíneacha chun smaointe a ghiniúint agus iad a chlaochlú ina nuálaíocht incriminteach shuaiteach. Is iad príomhghnéithe na ngníomhaíochtaí ná an nuálaíocht oscailte agus an cur chuige trasteorann, lena ndíreofar ar ghníomhaíochtaí ábhartha Thriantán an Eolais a chur san áireamh agus atá an-tábhachtach le go mbeidh rath orthu (e.g. is féidir tionscnóirí tionscadal an rochtain a fheabhsú ar an méid seo: céimithe cáilithe in ábhair shonracha, úsáideoirí tosaigh, gnólachtaí nuathionscanta a bhfuil smaointe nuálacha acu, gnólachtaí nach gnólachtaí intíre iad a bhfuil sócmhainní comhlántacha acu etc.).
– tacú le táirgí, seirbhísí agus deiseannamargaidh nua a fhorbairt lena mbeidh gníomhaithe Thriantán an Eolais ag obair i gcomhar le chéile chun réitigh a fháil ar dhúshláin dhomhanda;
— slabhra luacha na nuálaíochta ar fad a chomhtháthú go hiomlán: ón mac léinn go fiontraí, ón smaoineamh go táirge, ón saotharlann go tomhaltóir. Áiritheofar air sin, tacaíocht do ghnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá i mbun fáis.
– Seirbhísí agus tacaíocht ardleibhéil a sholáthar do ghnólachtaí nuálacha, lena n-áirítear cúnamh teicniúil a thabhairt do mhionchoigeartú táirgí agus seirbhísí, meantóireacht shubstainteach, tacú le custaiméirí spriocdhírithe a áirithiú agus caipiteal a thógáil, chun go gcuirfear ar an margadh go mear iad agus go gcuirfear dlús faoina bpróiseas fáis.
2.4. Sineirgíochtaí agus breisluach laistigh de Fís Eorpach.
Cuirfidh EIT dlús lena iarrachtaí chun leas a bhaint as na sineirgí agus na comhlántachtaí idir PENanna atá ann cheana agus le gníomhaithe agus tionscnaimh éagsúla ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus ar leibhéil dhomhanda agus leathnóidh sé an líonra eagraíochtaí dlúthchomhair atá aige ar an leibhéal straitéiseach agus ar an leibhéal oibríochtúil araon, agus dúbláil á seachaint aige.
– Dlúthchomhar le EIC agus InvestEU maidir le cuíchóiriú a dhéanamh ar an tacaíocht (i.e. cistiú agus seirbhísí) a thairgtear ▌d'fhiontair nuálacha sna céimeanna nuathionscanta agus fáis, go háirithe trí PENanna;
– Gníomhaíochtaí EIT a phleanáil agus a chur chun feidhme chun an tairbhe is mó is féidir a bhaint as sineirgí agus comhlántachtaí le codanna eile den Chlár;
– Páirteachas le Ballstáit AE, ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach araon, lena rachfar i mbun idirphlé struchtúrtha agus lena ndéanfar iarrachtaí comhordaithe chun sineirgí le ▌ tionscnaimh náisiúnta agus réigiúnacha a chumasú, lena n-áirítear straitéisí um speisialtóireacht chliste, agus trí chur chun feidhme ‘Éiceachórais nuálaíochta na hEorpa’ á bhreithniú freisin, chun dea-chleachtais agus dea-fhoghlaim a shainaithint, a chomhroinnt agus a leathadh;
– Cleachtais agus torthaí nuálacha a roinnt agus a leathadh ar fud na hEorpa agus níos faide anonn, chun rannchuidiú le beartas nuálaíochta san Eoraip i gcomhar le codanna eile de Fís Eorpach;
– Ionchur a thabhairt faoi phléití ar bheartais nuálaíochta agus rannchuidiú le tosaíochtaí bheartais AE a dhearadh agus a chur chun feidhme trína bheith ag obair go leanúnach le seirbhísí ábhartha uile an Choimisiúin Eorpaigh, le cláir eile de chuid AE agus lena bpáirtithe leasmhara, agus roghanna éagsúla a iniúchadh tuilleadh i dtionscnaimh cur chun feidhme beartais;
– Sineirgí le cláir eile de chuid AE a shaothrú, lena n-áirítear na cláir sin ina dtacaítear le forbairt caipitil dhaonna agus nuálaíochta (e.g. COST, ESF+, ERDF, Erasmus +, Eoraip na Cruthaitheachta agus COSME Plus/Margadh Aonair, InvestEU);
– Comhghuaillíochtaí straitéiseacha a chruthú le príomhghníomhaithe nuálaíochta ar leibhéal AE agus ar an leibhéal idirnáisiúnta, agus tacú le PENanna chun comhoibriú agus naisc le príomh-chomhpháirtithe Thriantán an Eolais ó thríú tíortha a fhorbairt, arb é is aidhm dóibh margaí nua a oscailt do réitigh de bhun PENanna mar aon le maoiniú agus daoine éirimiúla a mhealladh ó thar lear. Cuirfear rannpháirtíocht tríú tíortha chun cinn maidir le prionsabail na cómhalartachta agus na sochar frithpháirteach.
▌
IARSCRÍBHINN III
COMHPHÁIRTÍOCHTAÍ
Déanfar Comhpháirtíochtaí Eorpacha a roghnú agus a chur chun feidhme, a chéimniú amach, a athnuachan, nó déanfar faireachán agus meastóireacht orthu, ar bhonn na gcritéar seo a leanas:
1) Roghnú:
(a) A léiriú go bhfuil an Chomhpháirtíocht Eorpach níos éifeachtaí ó thaobh cuspóirí gaolmhara an Chláir a gnóthú trí rannpháirtíocht agus tiomantas na gcomhpháirtithe, go háirithe maidir le tionchair shoiléire a ghnóthú don Aontas Eorpach agus dá shaoránaigh, go háirithe i bhfianaise na dúshláin dhomhanda agus na cuspóirí taighde agus nuálaíochta a ghnóthú, iomaíochas agus inbhuanaitheacht AE a chinntiú agus rannchuidiú le neartú an Limistéir Eorpaigh Taighde agus Nuálaíochta agus, i gcás inarb ábhartha, le tiomantais idirnáisiúnta;
I gcás Comhpháirtíochtaí Eorpacha institiúidithe arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 185 CFAE, tá rannpháirtíocht 40 % de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh ar a laghad éigeantach;
(b) Leanúnachas agus sineirgí na Comhpháirtíochta Eorpaí laistigh de chreat taighde agus nuálaíochta an Aontais, agus rialacha Fís Eorpach á leanúint a mhéid is féidir;
(c) Trédhearcacht agus oscailteacht na Comhpháirtíochta Eorpaí i ndáil le tosaíochtaí agus cuspóirí a shainaithint maidir le torthaí agus tionchar a bhfuiltear ag súil leo agus maidir le rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe agus na ngeallsealbhóirí ón slabhra luacha ina iomláine, ó earnálacha, chúlraí agus disciplíní éagsúla, lena n-áirítear cinn idirnáisiúnta nuair is ábhartha agus gan cur isteach ar an iomaíochas Eorpach; módúlachtaí soiléire maidir le rannpháirtíocht FBManna a chur chun cinn agus chun torthaí a leathadh agus leas a bhaint astu, go háirithe ag FBManna, lena n-áirítear trí eagraíochtaí idirmheánacha;
(d) Léiriú ex ante ar bhreisíocht agus treoíocht na Comhpháirtíochta Eorpaí, lena n-áirítear fís straitéiseach chomhchoiteann de chuspóir na Comhpháirtíochta Eorpaí. Beidh na nithe seo a leanas, go háirithe, san áireamh san fhís sin:
– sainaithint táirgí insoláthartha, torthaí agus tionchar, atá intomhaiste, laistigh d'amchlár sonrach, luach bunúsach eacnamaíoch agus/nó luach sochaíoch don Aontas san áireamh;
– léiriú ar na héifeachtaí giarála cáilíochtúla agus cainníochtúla suntasacha ▌a bhfuiltear ag súil leo, lena n-áirítear modh lena ndéanfaí príomhtháscairí feidhmíochta a thomhais;
– cuir chuige chun solúbthacht an chur chun feidhme a áirithiú agus chun coigeartú a dhéanamh má athraíonn riachtanais bheartais agus/nó an mhargaidh, nó má dhéantar dul chun cinn ó thaobh na heolaíochta, chun comhleanúnachas beartais a fheabhsú ar an leibhéal réigiúnach, náisiúnta agus ar leibhéal AE;
– straitéis scoir agus bearta don chéimniú amach ón gClár.
(e) Léiriú ex ante ar thiomantas fadtéarmach na gcomhpháirtithe, lena n-áirítear sciar íosta infheistíochtaí poiblí agus/nó príobháideacha;
I gcás Comhpháirtíochtaí Eorpacha institiúidithe, a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 185 nó le hAirteagal 187 CFAE, is é a bheidh sna ranníocaíochtaí airgeadais agus/nó sna ranníocaíochtaí comhchineáil ó chomhpháirtithe seachas an tAontas méid is ionann agus 50 %, ar a laghad, de ghealltanais bhuiséadacha chomhiomlánaithe na Comhpháirtíochta Eorpaí agus féadfaidh siad a bheith chomh hard le 75 %. I gcás gach Comhpháirtíocht Eorpach institiúidithe den sórt sin, beidh sciar den rannchuidiú ó chomhpháirtithe eile seachas ón Aontas i bhfoirm ranníocaíochtaí. I gcás comhpháirtithe eile seachas ón Aontas nó ó na Stáit Rannpháirteacha, ba cheart ranníocaíochtaí airgeadais a bheith dírithe go príomha ar chostais riaracháin mar aon le comhordú agus tacaíocht agus gníomhaíochtaí neamhiomaíocha eile a chumhdach.
(ea) I gcomhaontú leis na húdaráis réigiúnacha, glacfar le ERDF mar pháirt-rannchuidiú náisiúnta do ghníomhaíochtaí comhchistiúcháin cláir a bhfuil baint ag na Ballstáit leo.
2) Cur chun feidhme:
(a) Cur chuige córasach a áiritheoidh go mbeidh na Ballstáit rannpháirteach go gníomhach agus go luath agus go mbainfear amach tionchair na Comhpháirtíochta Eorpaí a bhfuiltear ag súil leo trí chur chun feidhme solúbtha ar ghníomhaíochtaí comhpháirteacha a bhfuil breisluach ard Eorpach ag gabháil leo agus a rachaidh thar glaonna comhpháirteacha ar ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta freisin, iad siúd a bhfuil baint acu leis an nglacadh atá ag an margadh leo, le glacadh rialála nó le glacadh beartais san áireamh;
(b) Bearta iomchuí lena n-áirithítear oscailteacht leanúnach an tionscnaimh agus trédhearcacht le linn an chur chun feidhme, go háirithe le haghaidh socrú tosaíochtaí agus le haghaidh rannpháirtíocht i nglaonna ar thograí, faisnéis ar fheidhmiú an rialachais, infheictheacht an Aontais, bearta cumarsáide agus for-rochtana, leathadh agus saothrú torthaí, lena n-áirítear straitéis shoiléir i dtaca le rochtain oscailte/úsáideoirí feadh an slabhra breisluacha; bearta iomchuí chun FBManna a chur ar an eolas agus chun a rannpháirtíocht a chur chun cinn;
(c) Gníomhaíochtaí comhordúcháin agus/nó gníomhaíochtaí comhpháirteacha le tionscnaimh thaighde agus nuálaíochta ábhartha eile chun barrleibhéal na n-idirnasc agus sineirgí éifeachtacha a áirithiú, inter alia chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní cur chun feidhme a d'fhéadfadh a bheith ann ar an leibhéal náisiúnta agus cost-éifeachtúlacht a mhéadú;
(d) ▌Gealltanais, ▌i dtaca le ranníocaíochtaí airgeadais agus/nó ranníocaíochtaí comhchineáil, ó gach comhpháirtí i gcomhréir le forálacha náisiúnta le linn shaolré an tionscnaimh;
(e) I gcás gach Comhpháirtíocht Eorpach institiúidithe, rochtain ag an gCoimisiún ar na torthaí agus ar fhaisnéis eile a bhaineann le gníomhairí chun críocha bheartais nó chláir an Aontais a cheapadh agus a chur chun feidhme, agus faireachán a dhéanamh orthu.
3) Faireachán:
(a) Córas faireacháin atá i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 45 chun an dul chun cinn i dtreo ▌cuspóirí beartais, táirgí insoláthartha agus eochairtháscairí feidhmíochta sonracha a rianú, a fhágann gur féidir measúnú a dhéanamh thar thréimhse ama ar an méid a baineadh amach, ar thionchair agus ar an ngá a d'fhéadfadh a bheith le bearta ceartaitheacha;
(b) Tuairisciú tréimhsiúil tiomnaithe ar éifeachtaí giarála cáilíochtúla agus cainníochtúla, lena n-áirítear maidir le ranníocaíochtaí agus rannchuidiú comhchineáil tiomanta a ghealltar agus a chuirtear ar fáil go hiarmhír, infheictheacht agus suí sa chomhthéacs idirnáisiúnta, an tionchar ar thaighde agus na rioscaí ó thaobh nuálaíochta de a bhaineann le hinfheistíochtaí na hearnála príobháidí;
(c) Faisnéis mhionsonraithe ar an bpróiseas meastóireachta agus torthaí ó gach glao ar thograí laistigh de chomhpháirtíochtaí, a chuirfear ar fáil ar bhealach tráthúil inrochtana i mbunachar sonraí comhchoiteann ar líne.
4) Meastóireacht, céimniú amach agus athnuachan:
(a) Meastóireacht ar na tionchair arna mbaint amach ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais i ndáil leis na spriocanna agus eochairtháscairí feidhmíochta arna sainmhíniú, a úsáidfear sa mheastóireacht ar an gClár a leagtar amach in Airteagal 47, lena n-áirítear measúnú ar an modh idirghabhála ó thaobh beartais de is éifeachtaí le haghaidh aon ghníomhaíocht amach anseo; agus an áit a bheidh ag aon athnuachan féideartha ar Chomhpháirtíocht Eorpach i gcreat foriomlán na gComhpháirtíochtaí Eorpacha agus a thosaíochtaí beartais;
(b) In éagmais athnuachana, bearta iomchuí lena n-áiritheofar go ndéanfar cistiú an Chláir Réime a chéimniú amach de réir na gcoinníollacha agus an amchláir ▌arna gcomhaontú leis na comhpháirtithe a thug gealltanas dlíthiúilex ante, gan dochar do chistiú leanúnach trasnáisiúnta a d'fhéadfadh teacht ó chláir eile náisiúnta nó de chuid an Aontais, agus gan dochar don infheistíocht phríobháideach agus tionscadail leanúnacha.
IARSCRÍBHINN IV
SINEIRGÍOCHTAÍ LE CLÁIR EILE
1. Trí shineirgíochtaí leis an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta agus leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (Comhbheartas Talmhaíochta - CBT), áiritheofar:
(a) go ndéanfar riachtanais taighde agus nuálaíochta na hearnála talmhaíochta agus na limistéar tuaithe san Aontas a shainaithint, go háirithe faoin gComhpháirtíocht Eorpach um Nuálaíocht (CEN) maidir le ‘táirgiúlacht agus inbhuanaitheacht talmhaíochta’(35) agus go gcuirtear san áireamh iad i bpróiseas pleanála straitéisí don taighde agus nuálaíocht agus i gcláir oibre an Chláir;
(b) go mbainfidh CBT an úsáid is fearr as torthaí taighde agus nuálaíochta agus go gcuireann sé úsáid, cur chun feidhme agus cur in úsáid na réiteach nuálach chun cinn, lena n-áirítear iad sin a thagann as tionscadail a mhaoinítear leis na Cláir Réime um thaighde agus nuálaíocht agus as an gComhpháirtíocht Eorpach um Nuálaíocht ‘táirgiúlacht agus inbhuanaitheacht talmhaíochta’ agus go mbaintear an úsáis is fearr as Pobail Eolais agus Nuálaíochta (PENanna) ábhartha de chuid EIT;
(c) go dtacaíonn CETFT le glacadh agus leathadh eolais agus réiteach a eascraíonn as torthaí an Chláir a mbeidh earnáil feirmeoireachta níos dinimiciúla agus deiseanna nua i dtaca le forbairt na gceantar tuaithe ann dá mbarr.
2. Áiritheoidh sineirgíochtaí leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI):
(a) go bhfuil an Clár agus CEMI idirnasctha go mór toisc go ndéanfar riachtanais thaighde agus nuálaíochta AE i réimse an bheartais mhara agus mhuirí a chur san áireamh i bpróiseas pleanála straitéisí an Chláir don taighde agus nuálaíocht;
(b) go dtacaíonn CEMI le soláthar céimneach teicneolaíochtaí úra agus táirgí, próisis agus seirbhísí nuálacha, go háirithe iad siúd a thagann ón gClár i réimse an bheartais mara agus mhuirí; go gcuireann CEMI bailiú sonraí ar an láthair agus próiseáil sonraí chun cinn freisin agus go leathann sé gníomhaíochtaí ábhartha a dtacaítear leo faoin gClár, rud a rannchuideoidh ina dhiaidh sin leis an gComhbheartas Iascaigh, le Beartas Muirí Comhtháite, le Rialachas Idirnáisiúnta na nAigéan agus le tiomantais idirnáisiúnta a chur chun feidhme.
3. Áiritheoidh sineirgíochtaí le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE):
(a) go n-úsáidfear socruithe chun maoiniú ó CFRE agus ó ‘Fís Eorpach’ a chur le chéile chun tacú le gníomhaíochtaí a dhúnann an bhearna idir Cláir Oibríochtúla réigiúnacha, straitéisí um speisialtóireacht chliste agus barr feabhais idirnáisiúnta sa taighde agus nuálaíocht, lena n-áirítear cláir chomhpháirteacha thrasréigiúnacha/thrasnáisiúnta agus Bonneagair Thaighde uile-Eorpacha, agus é mar aidhm leo an Limistéar Eorpach Taighde a neartú;
(aa) go bhféadfar cistí CFRE a aistriú ar bhonn deonach chun tacú le gníomhaíochtaí faoin gClár, go háirithe an Séala barr feabhais;
(b) go ndíríonn CFRE, i measc nithe eile, ar éiceachórais thaighde agus nuálaíochta réigiúnacha agus áitiúla a fhorbairt agus a neartú agus ar an gclaochlú tionsclaíoch, lena n-áirítear tacaíocht le glacadh torthaí agus le leathadh amach teicneolaíochtaí úra agus réiteach nuálach ó na Cláir Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht trí CFRE;
(ba) go bhfeabhsaítear na héiceachórais réigiúnacha, líonraí ardáin agus straitéisí réigiúnacha atá ann cheana.
4. Áiritheoidh sineirgíochtaí le Ciste Sóisialta na hEorpa+ (CSE+):
(a) gur féidir le CSE+ curaclaim nuálacha a dtacaíonn an Clár leo a phríomhshruthú agus a mhéadú ó thaobh scála de, trí chláir náisiúnta nó réigiúnacha, d’fhonn na scileanna agus na hinniúlachtaí is gá do phoist an ama atá le teacht a thabhairt do dhaoine;
(b) gur féidir na socruithe don mhaoiniú comhlántach ó CSE+ a úsáid ar bhonn deonach chun tacú le gníomhaíochtaí den Chlár lena gcuirtear forbairt an chaipitil dhaonna sa taighde agus nuálaíocht chun cinn, d’fhonn an Limistéar Eorpach Taighde a neartú; [Leasú. 148]
(c) go ndéanfaidh an tsraith Sláinte de Chiste Sóisialta na hEorpa+ teicneolaíochtaí nuálacha agus samhlacha agus réitigh nua gnó, go háirithe iad siúd a thagann as na Cláir, a phríomhshruthú, chun rannchuidiú le córais sláinte na mBallstát a dhéanamh nuálach, éifeachtach agus inbhuanaithe agus chun rochtain ar chúram sláinte níos fearr agus níos sábháilte a éascú do shaoránaigh na hEorpa.
5. Áiritheoidh sineirgíochtaí leis an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE):
(a) go ndéanfar riachtanais thaighde agus nuálaíochta i réimse an iompair, i réimse an fhuinnimh agus san earnáil dhigiteach san Aontas Eorpach a shainaithint agus a shuíomh le linn próiseas pleanála straitéisí an Chláir don taighde agus nuálaíocht;
(b) go dtacaíonn SCE le soláthar céimneach agus cur in úsáid ar mhórscála na dteicneolaíochtaí nuálacha nua agus na réiteach nuálach nua i réimse an iompair, i réimse an fhuinnimh agus sna bonneagair fhisiciúla dhigiteacha, go háirithe iad sin a thagann as na Cláir Réime um thaighde agus um nuálaíocht;
(c) go ndéanfar malartú faisnéise agus sonraí idir an Clár Réime agus tionscadail SCE a éascú, mar shampla trí bhéim a leagan ar theicneolaíochtaí ón gClár Réime a bhfuil leibhéal ard ullmhachta don mhargadh ag baint leo a d’fhéadfaí a fhorbairt tuilleadh trí SCE.
6. Áiritheoidh sineirgíochtaí leis an gClár don Eoraip Dhigiteach (DEP):
(a) cé go dtagann roinnt réimsí téamacha a dtugtar aghaidh orthu leis an gClár agus le DEP le chéile, go mbeidh na cineálacha gníomhaíochtaí atá le maoiniú, a n-aschuir ionchasacha agus a loighic idirghabhála, éagsúil agus comhlántach;
(b) go ndéanfar riachtanais thaighde agus nuálaíochta a bhaineann le gnéithe digiteacha a shainaithint agus a shuíomh i bpleananna straitéiseacha an Chláir don taighde agus nuálaíocht; cuimsítear leis sin taighde agus nuálaíocht le haghaidh na Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta, na hIntleachta Saorga agus na Cibearshlándála, Teicneolaíochtaí Mórleabhair Dáilte, Teicneolaíochtaí Candamacha, ag cur teicneolaíochtaí digiteacha le chéile le teicneolaíochtaí cumasúcháin eile agus le nuálaíochtaí neamhtheicneolaíocha; tacú le méadú cuideachtaí trí nuálaíochtaí ceannródaíocha a thabhairt isteach (go leor acu a mbeidh teicneolaíochtaí digiteacha agus fisiciúla á gcur le chéile iontu; an ghné dhigiteach a chomhtháthú feadh an cholúin iomlán ‘Dúshláin Dhomhanda agus Iomaíochas Tionsclaíoch Eorpach’; agus tacú le bonneagair thaighde dhigiteacha;
(c) go ndíreofar, le DEP, ar acmhainní agus bonneagar digiteach ar mhórscála a fhothú sa Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta, Intleacht Shaorga, Cibearshlándáil, Teicneolaíochtaí Mórleabhair Dáilte, Teicneolaíochtaí Candamacha agus ardscileanna digiteacha, agus é mar aidhm leo glacadh agus cur in úsáid forleathan ann ar fud na hEorpa i dtaca le réitigh dhigiteacha nuálacha ríthábhachtacha, atá ann cheana nó a ndearnadh tástáil orthu, laistigh de chreat an Aontais i réimsí a bhaineann le leas an phobail (amhail sláinte, riarachán poiblí, an ceartas agus an t-oideachas) nó teip margaidh (amhail digitiú gnó, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide); go gcuirfear DEP chun feidhme go príomha trí infheistíochtaí comhordaithe agus straitéiseacha leis na Ballstáit, go háirithe trí sholáthar poiblí comhpháirteach, in acmhainní digiteacha atá le roinnt ar fud na hEorpa agus i mbearta uile-Aontais lena dtacaítear le hidir-inoibritheacht agus le caighdeánú mar chuid den phróiseas chun Margadh Aonair Digiteach a fhorbairt;
(d) go gcuirfear acmhainní agus bonneagair DEP ar fáil don lucht taighde agus nuálaíochta, lena n-áirítear iad a chur ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ón gClár, agus tástáil, turgnamhaíocht agus taispeántas thar gach earnáil agus disciplín san áireamh;
(e) go ndéanfar na teicneolaíochtaí digiteacha úra arna bhforbairt tríd an gClár a ghlacadh agus a chur in úsáid le DEP;
(f) go ndéanfar tionscnaimh faoin gClár le haghaidh forbairt scileanna agus curaclaim inniúlachtaí, lena n-áirítear iad sin arna soláthar ag ionaid chomhlonnaithe Phobal Eolais agus Nuálaíochta de chuid na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht, go ndéanfar iad a chomhlánú le fothú acmhainneachta in ardscileanna digiteacha arna maoiniú faoin gClár don Eoraip Dhigiteach;
(g) go mbeidh sásraí láidre comhordaithe ann don chláreagrú straitéiseach agus go ndéanfar nósanna imeachta oibriúcháin a ailíniú don dá chlár, agus go mbeidh seirbhísí ábhartha an Choimisiúin, chomh maith le dreamanna eile a mbaineann codanna éagsúla de na cláir faoi seach leo, bainteach leis na struchtúir rialachais atá acu.
7. Áiritheoidh sineirgíochtaí le Clár an Mhargaidh Aonair:
(a) go rachaidh Clár an Mhargaidh Aonair i ngleic leis na clistí sa mhargadh a imríonn tionchar ar gach FBM, agus go gcuirfidh sé fiontraíocht agus cruthú agus fás cuideachtaí chun cinn. go mbeidh comhleanúnachas iomlán ann idir Clár an Mhargaidh Aonair agus gníomhaíochtaí EIT agus na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí a bheidh ann amach anseo le haghaidh cuideachtaí nuálacha, agus i réimse na seirbhísí tacaíochta le haghaidh FBManna chomh maith, go háirithe i gcásanna nach gcuireann an margadh maoiniú inmharthana ar fáil;
(b) go bhfeidhmeoidh an Líonra Fiontar Eorpach, ar aon dul le struchtúir tacaíochta eile do FBManna (e.g. Pointí Teagmhála Náisiúnta, Gníomhaireachtaí Nuálaíochta, DIH, Lárionaid Inniúlachta, gorlanna deimhnithe), chun seirbhísí tacaíochta a chur ar fáil faoi Fís Eorpach, lena n-áirítear an Chomhairle Nuálaíochta Eorpach.
8. Áiritheoidh sineirgíochtaí leis an gClár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE):
Go ndéanfar na riachtanais thaighde agus nuálaíochta chun dul i ngleic le dúshláin chomhshaoil, aeráide agus fuinnimh laistigh den Aontas a shainaithint agus a shuíomh le linn an phróisis pleanála maidir le taighde straitéiseach agus nuálaíocht de chuid an Chláir. Leanfaidh clár LIFE de bheith ag gníomhú mar chatalaíoch chun reachtaíocht agus beartas an Aontais maidir leis an gcomhshaol, leis an aeráid agus le gnéithe áirithe fuinnimh a chur chun feidhme, lena n-áirítear trí bhíthin glacadh torthaí taighde agus nuálaíochta ón gClár agus cuidiú iad a chur in úsáid ar scála náisiúnta agus (idir)réigiúnach áit a bhféadfaidh siad aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna comhshaoil, aeráide agus aistrithe fuinnimh. Go háirithe, leanfaidh LIFE de shineirgíochtaí leis an gClár a dhreasú trí bhónas a dhámhachtain le linn na meastóireachta ar thograí ar gné díobh úsáid a bhaint as na torthaí ón gClár. Tacóidh tionscadail gníomhaíochtaí caighdeánacha LIFE le teicneolaíochtaí nó modheolaíochtaí oiriúnacha a fhorbairt, a thástáil nó a thaispeáint chun beartas comhshaoil agus aeráide an Aontais a chur chun feidhme, ar féidir iad a chur in úsáid ar mhórscála ina dhiaidh sin, arna gcistiú ó fhoinsí eile, lena n-áirítear ón gClár. Is féidir le EIT chomh maith leis an gComhairle Nuálaíochta Eorpach a bheidh ann amach anseotacaíochta sholáthar do smaointe nua ceannródaíocha a d'fhéadfadh a bheith mar thoradh ar chur chun feidhme thionscadail LIFE, agus is féidir leo na smaointe sin a uas-scálú agus a thráchtálú.
9. Áiritheoidh sineirgíochtaí leis an gclár Erasmus:
(a) go mbainfear úsáid as acmhainní atá curtha le chéile ón gClár agus ó chlár Erasmus chun gníomhaíochtaí a mhaoiniú atá dírithe ar institiúidí ardoideachais Eorpacha a neartú agus a nuachóiriú. Déanfaidh an Clár comhlánú ar thacaíocht ón gclár Erasmus do thionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha, go háirithe a ghné thaighde, mar chuid d'fhorbairt straitéisí nua comhpháirteacha lánpháirtithe inbhuanaithe fadtéarmacha i leith oideachais, taighde agus nuálaíocht atá bunaithe ar chineálacha cur chuige trasdhisciplíneacha agus trasearnálacha chun triantán an eolais a chruthú, rud a chuirfidh borradh faoin bhfás eacnamaíoch; go bhféadfadh gníomhaíochtaí oideachais EIT a bheith ionspioráideach do thionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha agus a bheith idirnasctha leis.
(b) go gcothóidh an Clár agus Clár Erasmus comhtháthú an oideachais agus an taighde trí éascú d’institiúidí ardoideachais straitéisí coiteanna oideachais, taighde agus nuálaíochta a cheapadh agus a chur ar bun, chun na torthaí agus cleachtais thaighde is déanaí a chur ar fáil mar bhonn eolais don teagasc chun taithí gníomhach taighde a sholáthar do gach mac léinn agus gach ball foirne ardoideachais, go háirithe taighdeoirí, agus chun tacú le gníomhaíochtaí eile lena ndéantar an t-ardoideachas, an taighde agus an nuálaíocht a chomhtháthú.
10. Áiritheoidh sineirgíochtaí leis an gClár Spáis Eorpach:
(a) go ndéanfar riachtanais thaighde agus nuálaíochta san earnáil réamhtheachtach agus iartheachtach spáis san Aontas Eorpach a shainaithint agus a shuíomh mar chuid de phróiseas pleanála straitéisí an Chláir don taighde agus nuálaíocht; go ndéanfar na gníomhaíochtaí taighde spáis arna gcur chun feidhme trí ‘Fís Eorpach’ a chur chun feidhme agus aird á tabhairt ar sholáthar agus incháilitheacht eintiteas i gcomhréir le forálacha an Chláir Spáis, i gcás inarb iomchuí;
(b) go n-úsáidfear na sonraí agus seirbhísí spáis a chuirtear ar fáil mar earraí poiblí faoin gClár Spáis Eorpach chun réitigh cheannródaíocha a fhorbairt trí thaighde agus nuálaíocht, lena n-áirítear sa Chlár Réime, go háirithe i gcomhair bia inbhuanaithe agus acmhainní nádúrtha, faireachán ar an aeráid, cathracha cliste, feithiclí uathoibrithe, an tslándáil agus bainistiú tubaistí;
(c) go rannchuideoidh Sonraí Copernicus agus Seirbhísí um Rochtain ar Fhaisnéis leis an Néal Eorpach maidir leis an Eolaíocht Oscailte agus go ndéanfaidh siad rochtain taighdeoirí agus eolaithe ar shonraí Copernicus a éascú dá bharr; beidh bonneagair thaighde, go háirithe líonraí breathnóireachta in situ, ina ngnéithe ríthábhachtacha den bhonneagar breathnóireachta in situ a dhéanann seirbhísí Copernicus a chumasú, agus bainfidh siad leas, ina dhiaidh sin, as an bhfaisnéis arna giniúint ag seirbhísí Copernicus.
11. Áiritheoidh sineirgíochtaí leis an Ionstraim maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta (an ‘Ionstraim Sheachtrach’) go ndéanfar, le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta an Chláir a bhfuil Tríú Tíortha rannpháirteach iontu, agus le gníomhaíochtaí spriocdhírithe comhair idirnáisiúnta, ailíniú agus comhleanúnachas a lorg le gníomhaíochtaí comhthreomhara i dtaca le dul i bhfód ar an margadh agus fothú acmhainní faoin Ionstraim Sheachtrach, bunaithe ar shainmhíniú comhpháirteach ar riachtanais agus ar réimsí idirghabhála le linn próiseas pleanála straitéisí an Chláir don taighde agus nuálaíocht.
12. Áiritheoidh sineirgíochtaí leis an gCiste Slándála Inmheánaí agus leis an ionstraim bainistithe teorainneacha mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha:
(a) go ndéanfar riachtanais thaighde agus nuálaíochta i réimse na slándála agus i réimse an bhainistithe comhtháite teorainneacha a shainaithint agus a shuíomh le linn próiseas pleanála straitéisí an Chláir don taighde agus nuálaíocht;
(b) go dtacaíonn an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ciste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha le teicneolaíochtaí agus réitigh nuálacha úra a chur in úsáid, go háirithe iad siúd a thagann as na Cláir Réime um thaighde agus um nuálaíocht i réimse an taighde slándála.
13. Áiritheoidh sineirgíochtaí le Ciste InvestEU:
(a) go soláthróidh an Clár, as a bhuiséad féin, maoiniú cumasctha de chuid Fís Eorpach agus EIC do nuálaithe, arb é leibhéal ard riosca is saintréith dó agus nach gcuireann an margadh maoiniú inmharthana inbhuanaithe ábhartha ar fáil ina leith, agus ag an am céanna déanfaidh sé foráil maidir le comhordú iomchuí chun tacú leis an gcuid den mhaoiniú cumasctha as maoiniú príobháideach a chur ar fáil agus a bhainistiú go héifeachtach trí chistí agus idirghabhálaithe a fhaigheann tacaíocht ó InvestEU;
(b) go ndéanfar ionstraimí airgeadais don taighde agus nuálaíocht agus do FBManna a ghrúpáil le chéile faoi Chiste InvestEU, go háirithe trí ionú téamach T&N tiomnaithe, agus trí tháirgí arna gcur in úsáid faoin ionú FBManna a dhíríonn ar chuideachtaí nuálacha, rud a chuideoidh freisin chun cuspóirí an Chláir a bhaint amach. Bunófar naisc chomhlántacha láidre idir InvestEU agus Fís Eorpach.
14. Áiritheoidh sineirgíochtaí leis an gCiste Nuálaíochta faoin Scéim Trádála Astaíochtaí (an ‘Ciste Nuálaíochta’):
(a) go ndéanfaidh an Ciste Nuálaíochta nuálaíocht a dhíriú go sonrach i dteicneolaíochtaí agus i bpróisis ísealcharbóin, lena n-áirítear gabháil agus úsáid charbóin atá sábháilte don chomhshaol agus a rannchuidíonn go suntasach le tionchair an athraithe aeráide a mhaolú, chomh maith le táirgí a úsáidtear in ionad cinn atá dian ó thaobh úsáid carbóin de, agus le cabhrú chun spreagadh a thabhairt le tionscadail a thógáil agus a oibriú arb é is aidhm dóibh CO2 a ghabháil agus a stóráil go geolaíoch ar dhóigh atá sábháilte don chomhshaol, agus spreagadh a thabhairt freisin do theicneolaíochtaí nuálacha a bhaineann le fuinnimh in-athnuaite agus stóráil fuinnimh; Cruthófar creat iomchuí chun táirgí ‘níos glaise’ a chumasú agus a dhreasú ag a mbeidh breisluach inbhuanaithe do na custaiméirí/úsáideoirí deiridh.
(b) go dtabharfaidh an Clár cistiú chun teicneolaíochtaí a fhorbairt agus, a thaispeáint agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear réitigh cheannródaíocha, a bheidh in ann geilleagar ísealcharbóin agus cuspóirí an Aontais maidir le dícharbónú, fuinneamh agus claochlú tionsclaíoch a bhaint amach, go háirithe faoi cholún 2 an Chláir agus trí EIT;
(c) go bhféadfaidh an Ciste Nuálaíochta, ar choinníoll go ndéanfar a chritéar roghnúcháin agus dhámhachtana a chomhlíonadh, tacú le céim taisealbhaidh tionscadal incháilithe a bhféadfadh tacaíocht a bheith faighte acu ón gClár réime um Thaighde agus um Nuálaíocht. Féadfaidh tionscadail a bhfuil tacaíocht á bhfáil acu ón gCiste Nuálaíochta a bheith incháilithe chun tacaíocht a fháil ó Chláir Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht agus a mhalairt. Chun Fís Eorpach a chomhlánú, féadfaidh an Ciste Nuálaíochta díriú ar nuálaíochtaí atá gar don mhargadh a rannchuidíonn le laghdú suntasach agus mear ar astaíochtaí CO2. Bunófar naisc chomhlántacha láidre idir an Ciste Nuálaíochta agus Fís Eorpach.
15. Áiritheoidh sineirgíochtaí le Clár Taighde agus Oiliúna Euratom:
(a) go bhforbróidh an Clár agus Clár Taighde agus Oiliúna Euratom gníomhaíochtaí cuimsitheacha lena dtacaítear le hoideachas agus oiliúint (Gníomhuithe Marie Skłodowska-Curie san áireamh) agus é mar aidhm leo scileanna ábhartha a choimeád ar an leibhéal reatha agus a fhorbairt san Eoraip;
(b) go bhforbróidh an Clár agus Clár Taighde agus Oiliúna Euratom gníomhaíochtaí comhpháirteacha taighde a bheidh dírithe ar ghnéithe cothrománacha den úsáid shlán shábháilte a bhaint as feidhmeanna neamhchumhachta na radaíochta ianúcháin in earnálacha amhail an leigheas, an tionscal, an talmhaíocht, an spás, an t-athrú aeráide, an tslándáil agus ullmhacht i gcás éigeandála agus rannchuidiú na heolaíochta núicléiche.
16. Rannchuideoidh sineirgí ionchasacha leis an gCiste Eorpach Cosanta dúbailtí a sheachaint.
16a. Tacóidh sineirgí leis an Eoraip Chruthaitheach le hiomaíochas agus le nuálaíocht, lena rannchuideofar le fás eacnamaíoch agus sóisialta agus lena gcuirfear úsáid éifeachtach cistí poiblí chun cinn.
16b. D’fhéadfaí sineirgí le aon Tionscadal Tábhachtach ar Mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne (IPCEI) a bheartú.
IARSCRÍBHINN V
EOCHAIRTHÁSCAIRÍ NA gCONAIRÍ TIONCHAIR
Déanfaidh conairí tionchair, agus eochairtháscairí na gconairí tionchair gaolmhara, struchtúrú ar an bhfaireachán ar dhul chun cinn an Chláir Réime (CR) i dtreo a chuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3. Tá na conairí tionchair spleách ar an am agus léiríonn siad trí chatagóir chomhlántacha tionchair, a léiríonn an nádúr neamhlíneach atá ag infheistíocht T&N: eolaíoch, sochaíoch agus teicneolaíoch/eacnamaíoch.I gcás gach ceann de na catagóirí tionchair sin, úsáidfear táscairí ionadacha chun rianú a dhéanamh ar an dul chun cinn, lena ndéantar idirdhealú idir an gearrthéarma, an meántéarma agus téarmaí níos faide, lena n-áirítear thar fhad tréimhse an Chláir, le deiseanna miondealaithe, lena n-áirítear de réir Ballstáit agus tír chomlachaithe. Déanfar na táscairí sin a chur le chéile ag baint úsáid as modheolaíochtaí cainníochtúla agus cáilíochtúla. Rannchuideoidh codanna aonair den Chlár leis na táscairí sin ar leibhéal éagsúil agus trí shásraí éagsúla. Féadfar táscairí breise a úsáid chun faireachán a dhéanamh ar chodanna aonair den chlár, i gcás inarb ábhartha.
Baileofar na micreashonraí ar a bhfuil eochairtháscairí na gconairí tionchair bunaithe le haghaidh gach cuid den Chlár agus gach sásra seachadta ar dhóigh a bheidh bainistithe go lárnach agus comhchuibhithe agus ar an leibhéal iomchuí gráinneachta, a fhágfaidh go mbeidh an t-ualach tuairiscithe ar na tairbhithe chomh beag agus is féidir.
Sa bhreis air sin agus thar eochairtháscairí na gconairí tionchair, mar chuid de na sonraí cur chun feidhme agus bainistithe, dá dtagraítear in Airteagal 45, déanfar bailiú agus tuairisciú gar le fíor-am ar na sonraí maidir le seachadadh barrfheabhsaithe an Chláir chun an Limistéir Eorpach Taighde a neartú, lena ndéantar na rannpháirtíochtaí feabhas-bhunaithe ó na Ballstáit go léir sa Chlár a chothú agus naisc chomhoibríocha a éascú maidir le taighde agus nuálaíocht Eorpach. Áiritheofar leis sin, inter alia, faireachán ar naisc chomhoibríocha, anailís líonra, sonraí maidir le tograí, iarrataí, rannpháirtíochtaí agus tionscadail; iarratasóirí agus rannpháirtithe (lena n-áirítear cineáil na heagraíochta (amhail eagraíochtaí na sochaí sibhialta, FBManna agus an earnáil phríobháideach), tír, (amhail aicmiú sonrach do ghrúpaí tíortha amhail Ballstáit, tíortha comhlachtaithe agus tríú tíortha), inscne, ról sa tionscadal, disciplín/earnáil eolaíoch, lena n-áirítear na heolaíochtaí sóisialta agus na daonnachtaí); agus leibhéal an phríomhshruthaithe aeráide agus méid an chaiteachais a bhaineann leis an aeráid.
Táscairí na gconairí tionchair eolaíocha
Meastar go mbeidh tionchar eolaíoch ag an gClár trí eolas nua ar ardchaighdeán a chruthú, caipiteal daonna sa taighde agus nuálaíocht a neartú, agus scaipeadh eolais agus Eolaíochta Oscailte a chothú. Déanfar faireachán ar an dul chun cinn i dtreo an tionchair sin le táscairí ionadacha a shocrófar feadh an trí eochairchonair tionchair seo a leanas:
Táscairí na gconairí tionchair sochaíocha
Táthar ag súil leis go mbeidh tionchar sochaíoch ag an gClár trí aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí beartais an Aontais agus ar dhúshláin dhomhanda, lena n-áirítear SDGanna na Náisiún Aontaithe, i gcomhréir le prionsabail Chlár 2030 agus spriocanna Chomhaontú Pháras, trí T&N, tairbhí agus tionchar a sholáthar trí mhisin T&N agus trí na Comhpháirtíochtaí Eorpacha agus trí glacadh na nuálaíochta sa tsochaí a neartú a rannchuideoidh, ar deireadh, le folláine na ndaoine. Déanfar faireachán ar an dul chun cinn i dtreo an tionchair sin le táscairí ionadacha a shocrófar feadh an trí eochairchonair tionchair seo a leanas:
Táscairí na gconairí tionchair teicneolaíocha/eacnamaíocha ▌
Táthar ag súil leis go mbeidh tionchar teicneolaíoch/eacnamaíoch ▌ ag an gClár go háirithe laistigh den Aontas trí thionchar a imirt ar chruthú agus fás cuideachtaí, go háirithe FBManna lena n-airítear cuideachtaí nuathionscanta, cruthú fostaíochta dírí agus indírí go háirithe laistigh den Aontas, agus trí ghiaráil ar infheistíochtaí don taighde agus nuálaíocht. Déanfar faireachán ar an dul chun cinn i dtreo an tionchair sin le táscairí ionadacha a shocrófar feadh an trí eochairchonair tionchair seo a leanas:
Iarscríbhinn V – tábla 1
I dtreo tionchar
eolaíoch;
Gearrthéarmach
Meántéarmach
Fadtéarmach
Eolas nua ardcháilíochta a chruthú
Foilseacháin -
Líon na bhfoilseachán eolaíochta a ndearnadh athbhreithniú piaraí orthu faoi CR
Luanna -
Innéacs na Luanna Ualaithe de réir Réimse do na foilseacháin a ndearnadh athbhreithniú piaraí
orthu faoi CR
Eolaíocht de scoth an domhain -
Líon agus sciar na bhfoilseachán a ndearnadh athbhreithniú piaraí orthu ó
thionscadail CR a rannchuidíonn a leibhéal bunúsach le réimsí eolaíochta
Caipiteal daonna sa T&N a neartú
Scileanna -
Líon na dtaighdeoirí atá rannpháirteach i ngníomhaíochtaí uas-scilithe (oiliúint, meantóireacht/cóitseáil, soghluaisteacht agus rochtain ar bhonneagar T&N) i dtionscadail CR
Gairmeacha -
Líon agus sciar na
dtaighdeoirí uas-scilithe faoi CR a imríonn níos mó tionchair aonair ina réimse T&N
Dálaí oibre -
Líon agus sciar na dtaighdeoirí uas-scilithe faoi CR a bhfuil dálaí oibre feabhsaithe acu, lena n-áirítear tuarastail na dtaighdeoirí
Scaipeadh eolais agus Eolaíochta Oscailte a chothú
Eolas comhroinnte -
An sciar d’aschuir thaighde faoi CR (sonraí oscailte/foilseacháin/bogearraí etc.) arna gcomhroinnt faoi
bhonneagair um eolas oscailte
Scaipeadh eolais -
An sciar d’aschuir thaighde faoi CR faoi rochtain oscailte arna n-úsáid go gníomhach/arna lua
Comhoibriú nua -
Sciar na dtairbhithe ó CR a d’fhorbair comhoibriú nua trasdiciplíneach/trasearnálacha le húsáideoirí a n-aschuir T&N oscailte ó CR
Iarscríbhinn V – tábla 2
I dtreo tionchar
sochaíoch;
Gearrthéarmach
Meántéarmach
Fadtéarmach
Aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí beartais an Aontais agus ar dhúshláin dhomhanda trí T&N
Aschuir -
Líon agus sciar na n-aschur arb é is aidhm leo aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí beartais an Aontais arna sainaithintagus ar dhúshláin dhomhanda (lena n-áirítear SDGanna)
(ilghnéitheach: maidir le gach tosaíocht a sainaithníodh)
Áirítear orthu sin: Líon agus sciar na n-aschur ábhartha a bhaineann leis an aeráid arb é is aidhm leo tiomantas faoi Chomhaontú Pháras a bhaint amach
Réitigh -
Líon agus sciar na nuálaíochtaí agus na dtorthaí taighde arb é is aidhm leo aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí beartais an Aontais arna sainaithintagus ar dhúshláin dhomhanda (lena n-áirítear SDGanna)
(ilghnéitheach: maidir le gach tosaíocht a sainaithníodh)
Áirítear orthu sin: Líon agus sciar na nuálaíochtaí agus na dtorthaí taighde a bhaineann leis an aeráid a dhéanann tiomantas an Aontais faoi Chomhaontú Pháras a bhaint amach
Tairbhí -
Éifeachtaí measta comhiomlána a thiocfaidh as úsáid/saothrú torthaí arna gcistiú ag CR, maidir le dul i ngleic le tosaíochtaí beartais an Aontais arna sainaithint agus dúshláin dhomhanda (lena n-áirítear SDGanna), lena n-áirítear rannchuidiú leis an timthriall déanta beartas agus dlíthe (amhail noirm agus caighdeáin) (ilghnéitheach: maidir le gach tosaíocht a sainaithníodh)
Áirítear orthu sin: Éifeachtaí measta comhiomlána a thiocfaidh as úsáid/saothrú torthaí arna gcistiú ag CR a bhaineann leis an gcomhshaol, maidir le tiomantas an Aontais faoi Chomhaontú Pháras a bhaint amach, lena n-áirítear rannchuidiú leis an timthriall déanta beartas agus dlíthe (amhail noirm agus caighdeáin)
Tairbhí agus tionchair a sholáthar trí mhisin T&N
Aschuir na misean T&N -
Aschuir i misin shonracha T&N
Misin
(ilghnéitheach: maidir le gach misean a shainaithnítear)
Torthaí mhisean T&N -
Torthaí misin shonracha
T&N
(ilghnéitheach: maidir le gach misean a shainaithnítear)
Spriocanna a baineadh amach i misin T&N -
Spriocanna a baineadh amach i misin shonracha T&N
(ilghnéitheach: maidir le gach misean a shainaithnítear)
Glacadh an taighde agus na nuálaíochta sa tsochaí a neartú
Comhchruthú -
Líon agus sciar na dtionscadal ó CR ina rannchuidíonn saoránaigh AE agus úsáideoirí deiridh le hinneachar T&N a chomhchruthú
Rannpháirtíocht -
Líon agus sciar na n-eintiteas atá ina dtairbhithe ó CR a bhfuil
sásraí rannpháirtíochta acu le saoránaigh agus úsáideoirí deiridh tar éis tionscadal CR
Glacadh T&N sa tsochaí
Glacadh agus for-rochtain na dtorthaí eolaíochtaí agus réiteach nuálach arna gcomhchruthú faoi CR
Iarscríbhinn V – cuid 3
I dtreo tionchar teicneolaíoch/eacnamaíoch
Gearrthéarmach
Meántéarmach
Fadtéarmach
Fás atá bunaithe ar nuálaíocht a ghiniúint
Aschuir nuálacha -
Líon na dtáirgí, na bpróiseas nó na modhanna nuálacha ó fheidhmeanna CR (de réir cineál nuálaíochta) agus feidhmeanna maidir le Cearta Maoine Intleachtúla (CMIanna)
Nuálaíochtaí -
Líon na nuálaíochtaí ó thionscadail faoi CR (de réir cineál nuálaíochta) lena n-áirítear cinn ó CMIanna a rinneadh a dhámhachtain
Fás eacnamaíoch -
Cruthú, fás agus sciartha margaidh cuideachtaí a ndearnadh nuálaíochtaí a fhorbairt faoi CR
Tuilleadh post agus poist níos fearr a chruthú
Fostaíocht ar tacaíodh léi -
Líon na bpost FTE arna gcruthú, agus líon na bpost arna gcoimeád sna heintitis atá ina dtairbhithe don tionscadal CR (de réir cineál poist)
Fostaíocht arna coinneáil ar bun -
An méadú ar phoist FTE sna heintitis atá ina dtairbhithe tar éis tionscadal CR (de réir cineál poist)
Fostaíocht iomlán -
Líon na bpost díreach agus indíreach arna gcruthú nó arna gcoinneáil ar bun mar thoradh ar thorthaí ó CR a scaipeadh (de réir cineál poist)
Giaráil ar infheistíochtaí in T&N
Comhinfheistíocht -
Méid na hinfheistíochta poiblí agus príobháidí arna gcur chun tairbhe a bhuí leis an infheistíocht tosaigh ó CR
Méadú -
Méid na hinfheistíochta poiblí agus príobháidí arna gcur chun tairbhe chun torthaí ó CR a shaothrú nó a mhéadú ó thaobh scála de (lena n-áirítear infheistíocht dhíreach choigríche)
Rannchuidiú le ‘sprioc 3 %’ -
Dul chun cinn an Aontais i dtreo na sprice 3 % de OTI de bharr CR
IARSCRÍBHINN Va
Réimsí i gcomhair misin fhéideartha agus réimsí ina bhféadfaí Comhpháirtíochtaí Eorpacha institiúidithe a bhunú faoi Airteagal 185 nó Airteagal 187 CFAE
I gcomhréir le hAirteagal 7 agus Airteagal 8 den Rialachán seo, leagtar amach san Iarscríbhinn seo na réimsí le haghaidh Misin fhéideartha agus Comhpháirtíochtaí Eorpacha féideartha atá le bunú faoi Airteagal 185 nó Airteagal 187 CFAE.
I. Réimsí le haghaidh Misin fhéideartha
Réimse Misin 1: Oiriúnú don Athrú Aeráide, lena n-áirítear Claochlú Sochaíoch
Réimse Misin 4: Cathracha atá Neodrach ó thaobh na hAeráide de agus Cathracha Cliste
Réimse Misin 5: Sláinte na hIthreach agus Bia
Leanfaidh gach misean na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 7 mír 3 den Rialachán seo.
II. Réimsí le haghaidh Comhpháirtíochta Eorpacha institiúidithe féideartha ar bhonn Airteagal 185 CFAE nó Airteagal 187 CFAE
Réimse Comhpháirtíochta 1: Forbairt níos gasta ar nuálaíochtaí sláinte agus úsáid níos sábháilte díobh d’othair Eorpacha, agus an tsláinte dhomhanda
Réimse Comhpháirtíochta 2: Eochair-theicneolaíochtaí digiteacha agus cumasúcháin a chur chun cinn agus a n-úsáid a chur chun cinn, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta do theicneolaíochtaí nua amhail an Intleacht Shaorga, an fhótónaic agus teicneolaíochtaí candamacha.
Réimse Comhpháirtíochta 3: Ceannaireacht Eorpach i Méadreolaíocht lena n-áirítear córas méadreolaíochta comhtháite.
Réimse Comhpháirtíochta 4: Dlús a chur le hiomaíochas, sábháilteacht agus feidhmíocht chomhshaoil i dtaca le haertrácht, eitlíocht agus iarnróid AE.
Réimse Comhpháirtíochta 5: Réitigh bhithbhunaithe atá inbhuanaithe, cuimsitheach agus ciorclach.
Réimse Comhpháirtíochta 6: Teicneolaíochtaí stórála hidrigine agus fuinnimh inbhuanaithe a bhfuil lorg comhshaoil níos lú agus táirgeacht íseal-astaíochta acu.
Réimse Comhpháirtíochta 7: Réitigh ar na héilimh soghluaisteachta a bheith ag daoine agus earraí amach anseo a bheidh glan, nasctha, comhoibríoch, uathrialaithe agus uathoibríoch.
Réimse Comhpháirtíochta 8: Fiontair bheaga agus mheánmhéide atá nuálach agus dírithe ar thaighde agus forbairt.
D’fhéadfadh togra ar bhonn Airteagal 185 CFAE nó Airteagal 187 CFAE, i gcomhréir le ceart tionscnaimh an Choimisiúin Eorpaigh, a bheith mar thoradh ar an bpróiseas chun an gá le comhpháirtíocht Eorpach institiúidithe a mheas i gceann amháin de na Réimsí Comhpháirtíochta thuasluaite. Seachas sin, d’fhéadfadh an Réimse Comhpháirtíochta ábhartha a bheith faoi réir comhpháirtíochta de bhun Airteagal 8(1)(a) nó Airteagal(8)(1)(b) den Clár Réime nó d'fhéadfaí é a chur chun feidhme trí ghlaonna ar thograí laistigh de Fís Eorpach.
Toisc go bhfuil réimsí leathana de réir téama cumhndaithe sna réimsí féideartha le haghaidh comhpháirtíochta Eorpacha institiúidithe, is féidir, bunaithe ar na riachtanais measúnaithe, níos mó ná comhpháirtíocht amháin iad a chur chun feidhme.
Seasamh Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2019. Níor thángthas ar chomhaontú faoi chuimsiú na gcaibidlíochtaí idirinstitiúideacha maidir leis an téacs atá aibhsithe i ndath liath.
Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).
Táthar ag súil leis go bhfoilseofar an dearbhú seo a leanas ón gCoimisiún i sraith C den Iris Oifigiúil a luaithe a ghlacfar téacs deiridh an Rialacháin seo:“Le cur chun feidhme Luasaire EIC, comhlíonfar na téarmaí a bhunaítear in Airteagal 43.1 agus aithris [X] den Rialachán maidir le Fís Eorpach”.
Rialachán (CE) Uimh. 294/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 (IO L 97, 9.4.2008, lch. 1), arna leasú le Rialachán (AE) Uimh. 1292/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 (IO L 347, 20.12.2013. lch. 174).
Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).
Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 an 18 Nollaig 1995 ón gComhairle maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).
Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).
Rialachán (AE) 2017/1939 an 12 Deireadh Fómhair 2017 ón gComhairle lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).
Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).
Cinneadh 2013/755/AE ón gComhairle an 25 Samhain 2013 maidir le comhlachas na dtíortha agus na gcríoch thar lear leis an Aontas Eorpach (an Cinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear) (IO L 344, 19.12.2013, lch. 1).
Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe de chuid AE a chosaint (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53).
Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Forbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle.
Táthar ag dréim leis go bhfoilseofar an dearbhú seo a leanas ón gCoimisiún i sraith C den Iris Oifigiúil a luaithe a ghlacfar téacs críochnaitheach an Rialacháin seo:“Tugann an Coimisiún dá aire an comhréiteach ar tháinig na comhreachtóirí air maidir le foclaíocht Airteagal 5. Is é an tuiscint atá ag an gCoimisiún ar an gclár sonrach maidir le taighde um chosaint a luaitear in Airteagal 1(3)(b) ná go bhfuil an clár sin teoranta do na gníomhaíochtaí taighde faoin gCiste Eorpach Cosanta a bheidh ann amach anseo, agus do na gníomhaíochtaí sin amháin, agus go meastar go bhfuil na gníomhaíochtaí forbartha lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin seo”.
Táthar ag dréim leis go bhfoilseofar dearbhú ón gCoimisiún i sraith C den Iris Oifigiúil a luaithe a ghlacfar téacs críochnaitheach an Rialacháin seo, a bheidh ar aon dul leis seo a leanas: “Arna iarraidh sin air, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún a thuairimí a mhalartú leis an gCoiste atá freagrach i bParlaimint na hEorpa maidir le: (i) liosta d'iarrthóirí na gcomhpháirtíochtaí féideartha bunaithe ar Airteagail 185 agus 187 CFAE agus a bheidh cumhdaithe ag measúnuithe tionchair (tionscanta); (ii) liosta de na misin shealadacha arna sainaithint ag na boird Mhisin; (iii) torthaí an Phlean Straitéisigh sula ndéantar é a ghlacadh go foirmiúil, agus (iv) déanfaidh sé doiciméid a bhaineann le cláir oibre a thíolacadh agus a chomhroinnt.”
Faoi réir an ghnímh dlí chríochnaithe, déanfaidh an Coimisiún ráiteas a éisiúint maidir le taighde ar ghaschealla suthacha daonna faoi mar a rinneadh in ‘Fís 2020’ (Dearbhú 2013 / C 373/02).
Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.03.2014, lch. 65).
Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnáil an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.03.2014, lch. 243).
Treoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir leis na nósanna imeachta maidir le conarthaí áirithe oibreacha a dhámhachtain, conarthaí soláthair agus conarthaí seirbhíse ag údaráis chonarthacha nó ag eintitis i réimsí na cosanta agus na slándála a chomhordú, agus lena leasaítear Treoir 2004/17/CE agus Treoir 2004/18/CE (IO L 216, 20.08.2009, lch. 76).
Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hiniúchtaí reachtúla ar chuntais bhliantúla agus ar chuntais chomhdhlúite, lena leasaítear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE agus lena n-aisghairtear Treoir 84/253/CEE ón gComhairle (IO L 157, 9.6.2006, lch. 87).
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir leis an gComhpháirtíocht Eorpach um Nuálaíocht ‘Táirgiúlacht agus Inbhuanaitheacht Talmhaíochta’ (COM(2012)0079).
Clár lena gcuirtear Fís na hEorpa chun feidhme***I
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2019 i dtaca leis an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bunú an chláir shonraigh lena gcuirtear chun feidhme Fís na hEorpa - an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (COM(2018)0436 – C8-0253/2018 – 2018/0225(COD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0436)),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 173(3) agus d’Airteagal 182(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic a Coimisiún an togra don Pharlaimint (C8‑0253/2018),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don litir óna hUachtarán chuig cathaoirligh na gcoistí an 25 Eanáir 2019, ina dtugtar cuntas ar chur chuige na Parlaiminte maidir le cláir earnála sa Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) iar-2020,
– ag féachaint don litir ón gComhairle chuig Uachtarán Pharlaimint na hEorpa an 1 Aibreán 2019, lena ndeimhnítear an tuiscint choiteann ar tháinig na comhreachtóirí uirthi le linn na caibidlíochta,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh, agus ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Fhorbairt, ón gCoiste um Buiséid, ón gCoiste um Rialú Buiséadach, ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht agus ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe (A8-0410/2018),
A. de bhrí gur thángthas ar chomhaontú páirteach polaitiúil maidir leis an gClár Sonrach lena gcuirtear chun feidhme Clár Réime Fhís na hEorpa; de bhrí go bhfuil an comhaontú sin bunaithe ar théacs arna leasú go suntasach i gcomparáid leis an togra ón gCoimisiún; de bhrí go bhfuil tionchar ag an méid sin ar an mbunús dlí; de bhrí gur mhalartaigh na hinstitiúidí tuairimí i ndáil leis sin de bhun Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr(1); de bhrí gur cheart sainceist an bhunúis dlí a oiriúnú ag céim níos déanaí den nós imeachta don chomhad seo dá bhrí sin;
1. ag glacadh a seasamh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é(2);
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 17 Aibreán 2019 d’fhonn go nglacfaí Cinneadh (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bunú an chláir shonraigh lena gcuirtear chun feidhme Fis na hEorpa - an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht
Ag féachaint do thuarascáil Pharlaimint na hEorpa maidir leis an measúnú ar chur chun feidhme Fhís 2020 i bhfianaise a meastóireachta eatramhaí agus an togra maidir leis an 9ú Creatchlár;
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(5),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) I gcomhréir le hAirteagal 182(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tá Fís na hEorpa - an Clár réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (“Fís na hEorpa”), a bhunaítear le Rialachán FP/RfP (AE) Uimh. ... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an...(6) , le cur chun feidhme trí chláir shonracha, lena sainmhínítear na rialacha mionsonraithe maidir lena gcur chun feidhme, lena socraítear a dtréimhse feidhme agus lena bhforáiltear an maoiniú a mheastar is gá.
(2) Leagtar amach cuspóirí ginearálta agus sonracha Fhís na hEorpa i Rialachán FP/RfP, chomh maith leis an struchtúr agus na treoirlínte do na gníomhaíochtaí atá le cur i gcrích agus ba cheart don chlár sonrach sin lena gcuirtear chun feidhme Fhís na hEorpa - an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (an ‘Clár Sonrach’) na cuspóirí oibríochtúla agus na gníomhaíochtaí a bhaineann go sonrach le codanna d’Fhís na hEorpa a shainiú ag an am céanna. Tá forálacha maidir leis an gcur chun feidhme a leagtar amach i Rialachán FP/RfP (AE) Uimh. ... infheidhme go hiomlán maidir leis an gClár Sonrach, lena n-áirítear na forálacha sin a bhaineann le prionsabail eiticiúla.
(3) Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme an Chláir Shonraigh, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun cláir oibre a ghlacadh le haghaidh chur chun feidhme an Chláir Shonraigh. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(7).
(4) Chuathas i gcomhairle le Bord Gobharnóirí an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde (JRC), a bunaíodh le Cinneadh ón gCoimisiún 96/282/Euratom(8) faoi inneachar eolaíoch agus teicneolaíoch an Chláir Shonraigh le haghaidh ghníomhaíochtaí díreacha neamhnúicléacha JRC.
(5) Agus léiriú á thabhairt aige ar a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanais an Aontais i dtaca le Comhaontú Pháras agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme, rannchuideoidh an Clár Sonrach sin le gníomhaíochtaí ar son na haeráide a phríomhshruthú agus chun sprioc fhoriomlán de 25% ar a laghad de chaiteachais bhuiséad AE a ghnóthú maidir le tacú le cuspóirí aeráide thar thréimhse CAI 2021-2027, agus sprioc bhliantúil de 30% a bhaint amach a luaithe agus is féidir agus faoi 2027 ar a dhéanaí. Le gníomhaíochtaí faoin gClár Sonrach sin, rannchuideofar 35 % ar a laghad d’imchlúdach airgeadais foriomlán an Chláir Shonraigh do chuspóirí aeráide. Sainaithneofar gníomhaíochtaí ábhartha le linn ullmhú agus chur chun feidhme an Chláir Shonraigh agus déanfar athmheasúnú orthu i gcomhthéacs na bpróiseas athbhreithnithe agus na meastóireachtaí ábhartha. Tabharfar aird ar réigiúin an Aontais atá i mbun aistrithe ar mór a lorg guail agus carbóin.
(6) Ba cheart gníomhaíochtaí an Chláir Shonraigh a úsáid chun dul i ngleic le clistí margaidh nó le cásanna infheistíochta fo-optamacha, ar bhealach comhréireach, gan maoiniú príobháideach a dhúbláil ná a phlódú agus ba cheart breisluach Eorpach soiléir a bheith acu.
(7) Agus léiriú á thabhairt ar an rannchuidiú tábhachtach ar cheart don taighde agus don nuálaíocht a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin i réimse an bhia, na talmhaíochta, i bhforbairt tuaithe agus sa bhithgheilleagar, agus chun na deiseanna comhfhreagracha taighde agus nuálaíochta a thapú i ndlúthshineirge leis an gComhbheartas Talmhaíochta, tabharfar tacaíocht ▌i mbraisle thiomanta ‘Bia, Bithgheilleagar, Acmhainní Nádúrtha, Talmhaíocht agus Comhshaol’don tréimhse 2021-2027 do ghníomhaíochtaí ábhartha faoin gClár Sonrach.
(8) Le tabhairt i gcrích an Mhargaidh Aonair Dhigitigh agus leis na deiseanna atá ag méadú de bharr cóinéasú teicneolaíochtaí digiteacha agus fisiciúla, ní mór infheistíochtaí a uaschéimniú. Rannchuideoidh Fís na hEorpa leis na hiarrachtaí sin trí ▌(9)bhraisle thiomanta chun a áirithiú go bhfanfaidh an Eoraip ar thús cadhnaíochta i dtaighde agus i nuálaíocht dhomhanda sa réimse digiteach.
(9) Maidir leis na cineálacha maoiniúcháin agus na modhanna cur chun feidhme a úsáidfear faoin gCinneadh seo, is ar bhonn a fhónta atá siad ó thaobh chuspóirí sonracha na ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus torthaí a sholáthar a roghnófar iad, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar chostais rialuithe, ar an ualach riaracháin, agus ar an riosca a mheastar a thiocfadh i ndáil le neamh-chomhlíonadh. Maidir le deontais, áireofar leis seo breithniú ar úsáid cnapshuimeanna, rátaí comhréidhe agus scálaí costas aonaid.
(10) Ba cheart do na Ballstáit a bheith rannpháirteach go luath sa phróiseas chun misin a shainiú.
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar
Leis an gCinneadh seo, bunaítear an clár sonrach lena gcuirtear chun feidhme Fís na hEorpa - an Clár réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (an ‘Clár Sonrach’), mar a leagtar amach é in Airteagal 1(3)(a) de Rialachán FP/RfP…/…/AE.
Leagtar síos ann cuspóirí oibríochtúla an Chláir Shonraigh, an buiséad do thréimhse 2021 – 2027, na rialacha maidir leis an gClár Sonrach a chur chun feidhme agus na gníomhaíochtaí atá le cur i gcrích faoin gClár Sonrach.
Airteagal 2
Cuspóirí oibríochtúla
1. Rannchuideoidh an Clár Sonrach leis na cuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar amach in Airteagal 3 de Rialachán FP/RfP...
2. Tá na cuspóirí oibríochtúla seo a leanas ag an gClár Sonrach:
(a) taighde ceannródaíoch agus bunúsach den scoth a neartú; barr feabhais a threisiú agus a leathnú, lena n-áirítear trí rannpháirtíocht níos leithne ar fud an Aontaisa chothú;
(b) an nasc idir taighde, nuálaíocht agus, i gcás inarb iomchuí, oideachas agus beartais eile a threisiú, lena n-áirítear comhlántachtaí le gníomhaíochtaí agus beartais nuálaíochta agus taighde náisiúnta agus réigiúnacha agus AE;
(ba) tacú le tosaíochtaí beartais an Aontais a chur chun feidhme, lena n-áirítear go háirithe na spriocanna forbartha inbhuanaithe agus Comhaontú Pháras;
(c) taighde agus nuálaíocht fhreagrach a chur chun cinn, ag cur san áireamh phrionsabal an réamhchúraim;
(ca) an ghné inscne a neartú ar fud an Chláir;
(cb) naisc chomhoibriúcháin i dtaighde agus i nuálaíocht na hEorpa a mhéadú agus ar fud earnálacha agus disciplíní, lena n-áirítear na heolaíochtaí sóisialta agus na daonnachtaí;
(d) an comhar idirnáisiúnta a neartú;
(da) nascadh agus forbairt le bonneagair thaighde ar fud an Limistéir Eorpaigh Taighdeagus rochtain thrasnáisiúnta a chur ar fáil;
(e) tallann a mhealladh, oiliúint a chur ar thaighdeoirí agus nuálaithe sa Limistéar Eorpach Taighde agus iad a choinneáil, lena n-áirítear trí shoghluaisteacht▌;
(f) an eolaíocht oscailte a chothú agus a hinfheictheacht don phobal agus rochtain oscailte ar fhoilseacháin eolaíocha agus ar shonraí taighde a áirithiú, lena n-áirítear eisceachtaí iomchuí;
(g) saothrú torthaí Taighde & Nuálaíochta (T&N) a spreagadhagus na torthaí sin a scaipeadh agus a shaothrú go gníomhach, go háirithe chun infheistíochtaí príobháideacha agus forbairt beartais a ghiaráil;
▌
▌
(j) spriocanna uaillmhianacha, trí mhisin T&N, a bhaint amach faoi cheann tréimhse shonrach;
(k) an caidreamh agus an idirghníomhaíocht idir an eolaíocht agus an tsochaí a fheabhsú, lena n-áirítear infheictheacht na heolaíochta sa tsochaí agus an eolaíocht a chur in iúl agus rannpháirtíocht saoránach agus úsáideoirí deiridh a chur chun cinn i bpróisis an chomhdhearaidh agus chomhchruthaithe;
▌
(m) dlús a chur le claochlú tionsclaíoch, lena n-áirítear trí scileanna feabhsaithe don nuálaíocht;
▌
(o) gníomhaíochtaí T&N in FBManna a spreagadh agus cuideachtaí nuálacha, go háirithe gnólachtaí nuathionscanta, FBManna, agus i gcásanna eisceachtúla cuideachtaí meánchaipitlithe beaga a chruthú agus a mhéadú;
(p) rochtain ar mhaoiniú riosca a fheabhsú, lena n-áirítear trí shineirgí le InvestEU, go háirithe i gcás nach soláthraíonn an margadh maoiniú inmharthana.
3. Faoi chuimsiú na gcuspóirí dá dtagraítear i mír 2, féadfar aird a thabhairt ar riachtanais nua gan choinne a thiocfaidh chun cinn le linn thréimhse chur chun feidhme an Chláir Shonraigh. Má tá bonn cirt cuí leo, féadfar a áireamh sa mhéid sin freagairtí ar dheiseanna, ar ghéarchéimeanna agus ar bhagairtí a thiocfaidh chun cinn, mar aon le freagairtí ar riachtanais a bhaineann le beartais nua an Aontais a fhorbairt.
Airteagal 3
Struchtúr
1. I gcomhréir le hAirteagal 4(1) de Rialachán FP/RfP..., beidh na codanna seo a leanas sa Chlár Sonrach:
(1) Colún I, ‘Eolaíocht den Scoth’, ina mbeidh na comhchodanna seo a leanas:
(a) an Chomhairle Eorpach um Thaighde (ERC), mar a thuairiscítear i roinn 1 de Cholún I d’Iarscríbhinn I;
(b) Gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie (MSCA), mar a thuairiscítear i roinn 2 de Cholún I d’Iarscríbhinn I;
(c) bonneagair thaighde, mar a thuairiscítear i roinn 3 de Cholún I d’Iarscríbhinn I;
(2) Colún II, ‘Dúshláin Dhomhanda agus Iomaíochas Tionsclaíoch Eorpach’ ina mbeidh na comhchodanna seo a leanas:
(a) braisle ‘Sláinte’, mar a thuairiscítear i roinn 1 de Cholún II d’Iarscríbhinn I;
(b) braisle ‘Cultúr, Cruthaitheacht agus an tSochaí ▌Chuimsitheach’, mar a thuairiscítear i roinn 2 de Cholún II d’Iarscríbhinn I;
(c) braisle ‘Slándáil Shibhialta don tSochaí’, mar a thuairiscítear i roinn 3 de Cholún II d’Iarscríbhinn I;
(d) braisle ‘Cúrsaí Digiteacha, an Tionscal agus an Spás’, mar a thuairiscítear i roinn 4 de Cholún II d’Iarscríbhinn I;
(e) braisle ‘Aeráid, Fuinneamh agus Soghluaisteacht’, mar a thuairiscítear i roinn 5 de Cholún II d’Iarscríbhinn I;
(f) braisle ‘Bia, Bithgheilleagar, Acmhainní Nádúrtha, Talmhaíocht agus Comhshaol’ mar a thuairiscítear i roinn 6 de Cholún II d’Iarscríbhinn I;
(g) gníomhaíochtaí díreacha neamhnúicléacha an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde (JRC), mar a thuairiscítear i roinn 7 de Cholún II d’Iarscríbhinn I;
(3) Colún III ‘An Eoraip Nuálach’ ina mbeidh na comhchodanna seo a leanas:
(a) an Chomhairle Nuálaíochta Eorpach (EIC), mar a thuairiscítear i roinn 1 de Cholún III d’Iarscríbhinn I;
(b) Éiceachórais nuálaíochta na hEorpa, mar a thuairiscítear i roinn 2 de Cholún III d’Iarscríbhinn I;
▌
(4) An Chuid dar teideal ‘Rannpháirtíocht a Leathnú agus an Limistéar Eorpach Taighde a Neartú’, ina mbeidh na comhchodanna seo a leanas:
(a) rannpháirtíocht a leathnú agus barr feabhais a leathadh, mar a thuairiscítear i roinn I de Chuid, ‘An Limistéar Eorpach Taighde a Neartú’, atá in Iarscríbhinn I;
(b) córas T&N an Aontais a athchóiriú agus a threisiú, mar a thuairiscítear i roinn 2 de Chuid, ‘An Limistéar Taighde Eorpach a Neartú’, atá in Iarscríbhinn I;
2. Tuairiscítear in Iarscríbhinn I na gníomhaíochtaí atá le cur i gcrích faoi na codanna dá dtagraítear i mír 1.
Airteagal 4
Buiséad
1. I gcomhréir le hAirteagal (9)(1) de Rialachán FP/RfP ..., is é EUR 120 000 000 000 i bpraghsanna 2018 a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir Shonraigh do thréimhse 2021 - 2027.
2. Déanfar an tsuim dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dháileadh ar an comhchodanna a leagtar amach in Airteagal 3(1) den Chinneadh seo i gcomhréir le hAirteagal 9(2) de Rialachán FP/RfP .... Beidh feidhm ag na socruithe in Airteagal 9(3) go (8) de Rialachán FP/RfP ... .
CAIBIDIL II
CUR CHUN FEIDHME AGUS CLÁRSCEIDEALÚ
Airteagal 4a
Plean Straitéiseach
1. I gcomhréir le mír 6 d’Airteagal 6 den [Rialachán maidir leis an gClár Réime], déanfar cur chun feidhme an Chláir Shonraigh a éascú le Plean Straitéiseach ilbhliantúil a bhaineann le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta, lena gcuirfear comhsheasmhacht idir na cláir oibre, tosaíochtaí AE agus tosaíochtaí náisiúnta chun cinn freisin. Leagfar amach toradh an Phróisis Pleanála Straitéisí i bPlean Straitéiseach ilbhliantúil, chun inneachar na gclár oibre a ullmhú (mar a leagtar amach in Airteagal 11) lena gcumhdófar tréimhse uasta ceithre bliana, ina mbeidh solúbthacht leordhóthanach chun freagairt go mear do dhúshláin nua agus do dhúshláin atá ag teacht chun cinn, do dheiseanna agus do ghéarchéimeanna gan choinne.
2. Díreoidh an Próiseas Pleanála Straitéisí go háirithe ar cholún na ‘nDúshlán Domhanda agus an Iomaíochais Thionsclaíoch Eorpaigh’ agus cumhdófar leis freisin gníomhaíochtaí ábhartha i gcolúin eile agus sa chomhpháirt maidir le Rannpháirtíocht a Leathnú agus an Limistéar Eorpach Taighde a Neartú.
Déanfaidh an Coimisiún rannpháirtíocht luath agus malartuithe forleathana leis na Ballstáit a áirithiú, agus malartuithe forleathana le Parlaimint na hEorpa, a chomhlánófar le comhairliúchán le geallsealbhóirí agus leis an bpobal i gcoitinne. Rannchuideoidh sé sin le rannpháirtíocht níos láidre le saoránaigh agus leis an tsochaí shibhialta.
Féadfaidh na Ballstáit tacú leis an bpróiseas pleanála straitéisí chomh maith trí fhorléargas ar chomhairliúcháin náisiúnta/rannchuidithe na saoránach a chur ar fáil a chuireann leis an bPlean Straitéiseach.
3. Glacfaidh an Coimisiún an Plean Straitéiseach sin trí bhíthin gníomh cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(4). Freagróidh an Plean Straitéiseach do na cuspóirí agus do na gníomhaíochtaí a thuairiscítear in Iarscríbhinn 1. Beidh na heilimintí seo a leanas sa Ghníomh Cur Chun Feidhme, a bhaineann leis an tréimhse a chumhdaítear:
a. Treoshuíomhanna straitéiseacha tábhachtacha le haghaidh tacaíocht T&N, lena n-áirítear cur síos ar thionchair a bhfuiltear ag súil leo, saincheisteanna trasbhraisle agus réimsí idirghabhála arna gcumhdach.
b. Comhpháirtíochtaí Eorpacha a shainaithint i gcomhréir le hAirteagal 8(1) (a agus b) de [Rialachán FP].
ba. Misin a shainaithint i gcomhréir le hAirteagal 5 den Chlár Sonrach agus le hAirteagal 7 agus le hIarscríbhinn Va den Rialachán lena mbunaítear Fís na hEorpa.
c. Réimsí le haghaidh comhar idirnáisiúnta, gníomhaíochtaí a bheidh le hailíniú le Taighde & Nuálaíocht náisiún agus réigiún eile an domhain ar mhórscála, nó gníomhaíochtaí a bheidh le cur i gcrích i gcomhar le heagraíochtaí i dtríú tíortha.
d. Saincheisteanna sonracha, amhail an chothromaíocht idir an taighde agus an nuálaíocht; comhtháthú na nEolaíochtaí Sóisialta agus na nDaonnachtaí; ról Eochairtheicneolaíochtaí Cumasúcháin agus slabhraí luacha straitéiseacha; comhionannas inscne, lena n-áirítear gné na hinscne a chomhtháthú in inneachar T&N; cloí leis na caighdeáin eitice agus sláine is airde; tosaíochtaí maidir le scaipeadh agus saothrú.
4. Cuirfear san áireamh sa Phlean Straitéiseach anailís lena gcumhdófar na heilimintí seo a leanas ar a laghad:
a) Ábhair spreagtha pholaitiúla, shocheacnamaíocha agus chomhshaoil atá ábhartha maidir le tosaíochtaí beartais AE agus na mBallstát.
b) Rannchuidiú taighde agus nuálaíochta le cur i gcrích chuspóirí beartais AE, agus leas á bhaint as staidéir, as fianaise eolaíoch eile agus as tionscnaimh ábhartha ar leibhéal AE agus ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear comhpháirtíochtaí institiúidithe i gcomhréir le hAirteagal 8(1)(c) den [Rialachán maidir leis an gClár Réime].
c) Bonn fianaise de thoradh gníomhaíochtaí fadbhreathnaitheacha, táscairí Eolaíochta agus Teicneolaíochta (S&T) mar aon le táscairí nuálaíochta, forbairtí idirnáisiúnta amhail cur chun feidhme SFInna agus aiseolas óna gcur chun feidhme, lena n-áirítear faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme beart sonrach i ndáil le rannpháirtíocht a leathnú agus barr feabhais agus rannpháirtíocht FBManna a leathadh.
d) Tosaíochtaí a d’fhéadfaí a chur chun feidhme i sineirge le cláir eile AE.
e) Cur síos ar na cineálacha éagsúla cur chuige le haghaidh comhairliúchán le geallsealbhóirí agus rannpháirtíocht saoránach mar chuid den obair chun Cláir Oibre a fhorbairt;
f) Comhlántacht agus sineirgí le pleanáil PENanna de chuid EIT i gcomhréir le Rialachán 294/2008/CE.
5. Déanfar an próiseas pleanála straitéisí a chomhlánú le próiseas comhordaithe straitéisigh le haghaidh Comhpháirtíochtaí Eorpacha, ina mbeidh rannpháirtíocht na mBallstát agus an Choimisiúin ar comhchéim. Feidhmeoidh sé mar phointe iontrála le haghaidh anailís fhadbhreathnaitheach, anailís agus comhairle maidir le forbairt punainne, leagan amach féideartha, cur chun feidhme, faireachán agus céimniú amach comhpháirtíochtaí T&N agus beidh sé faoi threoir creat critéir cuimsitheach, bunaithe ar Iarscríbhinn III den Rialachán maidir le Fís na hEorpa.
Airteagal 5
Misin
1. Féadfar Misin Taighde agus Nuálaíochta a bhunú sna réimsí misin arna sainaithint in Iarscríbhinn Va den Rialachán lena mbunaítear Fís na hEorpa.
2. Bunófar bord misin le haghaidh gach misin, mura féidir struchtúir chomhairleacha atá cheana ann a úsáid, agus sa chás sin, déanfar Coiste an Chláir a chur ar an eolas roimh ré. Beidh an bord misin comhdhéanta de 15 dhuine ardleibhéil neamhspleáchaar a mhéada bhfuil saineolas leathan acu, lena n-áirítear i gcás inarb iomchuí saineolaithe SSH, ó cheann ceann na hEorpa agus níos faide i gcéin, lena n-áirítear ionadaithe ábhartha úsáideoirí deiridh. Déanfaidh an Coimisiún comhaltaí na mbord misin a cheapadh, tar éis nós imeachta trédhearcach chun iad a shainaithint, lena n-áirítear glao oscailte ar léiriú spéise. Rachfar i gcomhairle le Coiste an Chláir maidir leis na nósanna imeachta um shainaithint agus um roghnú, lena n-áirítear na critéir a úsáidtear, ar bhonn tráthúil. Suas le cúig bliana a bheidh i dtéarma oifige chomhaltaí an bhoird misin, ar féidir a athnuachan aon uair amháin.
3. Tabharfaidh an bord misin, in éagmais cumhachtaí cinnteoireachta a bheith acu, comhairle don Choimisiún ar an méid seo a leanas:
(a) misean amháin nó níos mó a shainaithint agus a dhearadh sa réimse misin faoi seach i gcomhréir leis na forálacha agus leis na critéir mar atá leagtha amach in Airteagal 7 den [Rialachán maidir leis an gClár Réime]
(b) inneachar na gclár oibre agus a n-athbhreithniú mar is gá chun cuspóirí an mhisin a ghnóthú, ▌le hionchur ó gheallsealbhóirí agus, ón bpobal, i gcás inarb ábhartha▌;
(c) saintréithe na bpunann tionscadail i gcomhair misean;
(d) gníomhaíochtaí coigeartaithe, nó foirceannadh más iomchuí, bunaithe ar mheasúnuithe cur chun feidhme de réir chuspóirí sainmhínithe an mhisin;
(e) meastóirí saineolacha neamhspleácha a roghnú de réir fhorálacha Airteagal 44 den [Rialachán maidir leis an gClár Réime], faisnéisiú a thabhairt do na meastóirí saineolacha agus critéir mheastóireachta agus a dtábhacht;
(f) creatchoinníollacha a bheidh ina gcuidiú chun cuspóirí an mhisin a ghnóthú;
(g) cumarsáid, lena n-áirítear maidir le feidhmíocht an mhisin agus a bhfuil bainte amach leis.
(h) comhordú beartais idir gníomhaithe ábhartha ar leibhéil éagsúla, go háirithe maidir le sineirgí le beartais eile an Aontais;
(i) eochairtháscairí feidhmíochta.
Cuirfear comhairle na mbord misin ar fáil go poiblí.
▌
4. Maidir le gach réimse Misin, beidh Coiste an Chláir rannpháirteach in ullmhú agus i dtimthriall saoil na misean, agus saincheisteanna ábhartha ón gcomhthéacs náisiúnta á gcur san áireamh mar aon le deiseanna chun ailíniú le gníomhaíochtaí ar an leibhéal náisiúnta a threisiú. Déanfar idirghníomhaíochtaí leis na boird misean ar bhealach tráthúil agus cuimsitheach.
5. Áireofar sa chlár oibre dá bhforáiltear in Airteagal 11 do gach misean a shainaithnítear sa Phlean Straitéiseach, an dearadh, saintréithe a bpunann tionscadail agus forálacha sonracha lena bhféadfar cur chuige éifeachtúil punainne a chumasú.
Airteagal 6
An Chomhairle Eorpach um Thaighde
1. Bunóidh an Coimisiún Comhairle Eorpach um Thaighde (“ERC”), chun na gníomhaíochtaí faoi Cholún I, ‘Eolaíocht den Scoth’, a bhaineann le ERC a chur chun feidhme. Tiocfaidh ERC i gcomharbacht ar ERC a bunaíodh le Cinneadh C(2013)1895(10).
2. Beidh ERC comhdhéanta den Chomhairle Eolaíochta neamhspleách dá bhforáiltear in Airteagal 7 agus den struchtúr cur chun feidhme tiomnaithe dá bhforáiltear in Airteagal 8.
3. Beidh uachtarán ag ERC a roghnófar as measc eolaithe sinsearacha a bhfuil meas orthu ar bhonn idirnáisiúnta.
Ceapfaidh an Coimisiún an tUachtarán tar éis do choiste cuardaigh tiomnaithe neamhspleách próiseas earcaíochta trédhearcach a chur i gcrích. Beidh téarma oifige an Uachtaráin teoranta do thréimhse ceithre bliana agus féadfar é a athnuachan uair amháin. Déanfaidh an Chomhairle Eolaíochta an próiseas earcaíochta agus an t-iarrthóir a roghnófar a fhormheas.
Beidh an tUachtarán ina chathaoirleach ar an gComhairle Eolaíochta agus áiritheoidh sé go mbeidh ceannasaíocht na Comhairle slán agus go rachaidh an Chomhairle i dteagmháil leis an struchtúr cur chun feidhme tiomnaithe, agus déanfaidh sé ionadaíocht thar a ceann i réimse na heolaíochta.
4. Feidhmeoidh ERC i gcomhréir lena croíphrionsabail a bhaineann le barr feabhais eolaíoch, eolaíocht oscailte, neamhspleáchas, éifeachtúlacht, éifeachtacht, trédhearcacht, cuntasacht agus sláine taighde. Áiritheoidh sé go leanfar ar aghaidh le gníomhaíochtaí ERC arna ndéanamh faoi Chinneadh .../CE.
5. Le gníomhaíochtaí ERC tabharfar tacaíocht do thaighde ceannródaíoch,ón mbun aníos, a chuirfidh príomh-imscrúdaitheoirí agus a bhfoirne i gcrích sna réimsí ar fad agus iad in iomaíocht ar an leibhéal Eorpach, lena n-áirítear taighdeoirí gairmréime luath-chéime.
6. Gníomhóidh an Coimisiún mar ráthóir ar neamhspleáchas agus ar shláine ERC agus áiritheoidh sé forghníomhú iomchuí na gcúraimí a chuirtear air.
Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh cur chun feidhme ghníomhaíochtaí ERC i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach i mír 4 den Airteagal seo agus i gcomhréir le straitéis fhoriomlán ERC, dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 7(2), a bhunaigh an Chomhairle Eolaíochta.
Airteagal 7
Comhairle Eolaíochta ERC
1. Beidh an Chomhairle Eolaíochta comhdhéanta d’eolaithe neamhspleácha, d’innealtóirí agus de scoláirí a bhfuil ardcháil agus saineolas iomchuí bainte amach acu, ar mná agus fir iad in aoisghrúpaí éagsúla, rud a áiritheoidh go mbeidh éagsúlacht de réimsí taighde agus tionscnaimh gheografacha éagsúla ann, agus go mbeidh siad ag gníomhú ina gcáil phearsanta, neamhspleách ar shainleasanna seachtracha.
Is é an Coimisiún a cheapfaidh comhaltaí na Comhairle Eolaíochta, i ndiaidh nós imeachta neamhspleách agus trédhearcach chun iad a shainaithint, arna chomhaontú sin leis an gComhairle Eolaíochta, lena n-áireofar comhairliúchán oscailte leis an bpobal eolaíochta agus tuarascáil a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.
Beidh a dtéarma oifige teoranta do cheithre bliana, a fhéadfar a athnuachan uair amháin, ar bhonn córas uainíochta, rud a áiritheoidh go leanfar ar aghaidh le hobair na Comhairle Eolaíochta.
2. Bunóidh an Chomhairle Eolaíochta an méid seo a leanas:
(a) straitéis fhoriomlán ERC;
(b) clár oibre chun gníomhaíochtaí ERC a chur chun feidhme;
(c) modhanna agus nósanna imeachta maidir le hathbhreithniú piaraí agus meastóireacht ar thograí ar ar a mbonn a chinnfear na tograí atá le cistiú;
(d) a seasamh maidir le haon ábhar a fhéadfaidh feabhas a chur ar a bhfuil bainte amach ó thaobh na heolaíochta de agus ar an tionchar a bheidh ag ERC agus ar cháilíocht an taighde a chuirfear i gcrích;
(e) cód iompair lena dtabharfar aghaidh, inter alia, ar choinbhleacht leasa a sheachaint.
Ní imeoidh an Coimisiún ó na seasaimh a bhunaigh an Chomhairle Eolaíochta i gcomhréir le pointí (a), (c), (d), agus (e) den chéad fhomhír ach amháin nuair a mheasfaidh sé nár urramaíodh forálacha an Chinnidh seo. Sa chás sin, glacfaidh an Coimisiún bearta chun a áirithiú go leanfar ar aghaidh de bheith ag cur an chláir shonraigh chun feidhme agus de bheith ag gnóthú a chuspóirí, agus leagfaidh sé amach na pointí ina n-imeoidh sé ó sheasaimh na Comhairle Eolaíochta agus tabharfaidh sé údar cuí dóibh sin.
3. Gníomhóidh an Chomhairle Eolaíochta i gcomhréir leis an sainordú a leagtar amach i roinn 1 de Cholún I d’Iarscríbhinn I.
4. Gníomhóidh an Chomhairle Eolaíochta go heisiach ar mhaithe le cuspóirí ▌ERC a ghnóthú, i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 6. Gníomhóidh sí le sláine agus ionracas agus cuirfidh sí a cuid oibre i gcrích go héifeachtúil agus leis an trédhearcacht is mó agus is féidir.
Airteagal 8
Struchtúr cur chun feidhme tiomnaithe ERC
1. Beidh freagracht ar an struchtúr cur chun feidhme tiomnaithe as cur chun feidhme riaracháin agus as forghníomhú an chláir, mar a thuairiscítear i roinn 1.3.2 de Cholún I d’Iarscríbhinn I. Tacóidh sé leis an gComhairle Eolaíochta i gcur i gcrích a cúraimí uile.
2. Áiritheoidh an Coimisiún go leanfaidh an struchtúr cur chun feidhme tiomnaithe cuspóirí agus ceanglais ERC amháin go docht agus go héifeachtúil agus lena oiread solúbthachta agus is gá.
Airteagal 9
▌An Chomhairle Nuálaíochta Eorpach:
1. Áiritheofar ar EIC, arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 7a den [Rialachán maidir leis an gClár Réime] an Bord Ardleibhéil (“Bord EIC”) dá bhforáiltear in Airteagal 10.
2. Maidir le cur chun feidhme EIC▌, áiritheoidh an Coimisiún:
(a) go mbeidh sé i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, ag tabhairt aird chuí ar thuairim Bhord EIC faoi straitéis fhoriomlán EIC, dá dtagraítear in Airteagal 10(1)(a); agus
(b) nach eascróidh saobhadh iomaíochta as a bheadh i gcodarsnacht leis an leas coiteann.
3. Chun críche maoiniú cumaiscthe EIC a bhainistiú, bainfidh an Coimisiún úsáid as bainistiú indíreach, nó i gcás nach féidir, féadfaidh sé meán sainchuspóireach a bhunú, a bheidh le bainistiú i gcomhréir leis na rialacha cuntasachta is infheidhme. Féachfaidh an Coimisiún le rannpháirtíocht infheisteoirí poiblí agus príobháideacha eile a áirithiú. I gcás nach féidir é sin a dhéanamh san eagrú tosaigh, déanfar an meán sainchuspóireach a struchtúrú ar dhóigh gur féidir infheisteoirí poiblí nó príobháideacha eile a mhealladh chun éifeacht ghiarála ranníocaíocht an Aontais a mhéadú.
4. Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh comhlántachtaí éifeachtacha ann idir EIC, EIT agus InvestEU.
Airteagal 10
Bord EIC
1. Tabharfaidh Bord EIC comhairle don Choimisiúin faoin méid seo a leanas:
(a) an straitéis fhoriomlán do chomhchuid EIC faoi Cholún III, ‘Eoraip Nuálach’;
(b) an clár oibre do chur chun feidhme ghníomhaíochtaí EIC;
(c) na critéir chun measúnú a dhéanamh ar leibhéal nuálaíochta agus próifíl riosca na dtograí agus ar chothromaíocht iomchuí na ndeontas, an chothromais agus cineálacha eile maoiniúcháin le haghaidh luasaire EIC;
(d) sainaithint de phunann straitéiseach thionscadal;
(e) próifíl agus ról bainisteoirí clár.
2. Féadfaidh Bord EIC, arna iarraidh sin air, moltaí a chur chuig an gCoimisiún faoin méid seo a leanas:
(a) aon ábhar ónar féidir treisiú agus cothú a dhéanamh ó thaobh na nuálaíochta de ar éiceachórais nuálaíochta ar fud na hEorpa, an méid atá gnóthaithe ag EIC agus tionchar chuspóirí chomhchuid EIC agus cumas gnólachtaí nuálacha a réitigh a chur i bhfeidhm de réir a chéile;
(b) sainaithint a dhéanamh, i gcomhar le seirbhísí ábhartha an Choimisiúin agus, i gcás inarb iomchuí, le húdaráis náisiúnta agus réigiúnacha agus le heintitis ábhartha eile, amhail Bord Rialaithe EIT, ar bhacainní rialúcháin a d’fhéadfadh teacht roimh fhiontraithe, go háirithe rompu siúd ar tugadh tacaíocht dóibh faoi chomhchuid EIC.
(c) treochtaí teicneolaíochta ó phunann EIC atá ag teacht chun cinn chun eolas a chur ar fáil don chlársceidealú i gcodanna eile den Chlár Sonrach;
(d) saincheisteanna sonracha a shainaithint i gcás inar gá comhairle a fháil ó Bhord EIC.
Gníomhóidh Bord EIC ar mhaithe le cuspóirí chomhchuid EIC a ghnóthú. Gníomhóidh sé le sláine agus ionracas agus cuirfidh sé a chuid oibre i gcrích go héifeachtúil agus ar bhonn trédhearcach.
Gníomhóidh Bord EIC i gcomhréir lena shainordú a leagtar amach i roinn 1 de Cholún III d’Iarscríbhinn I.
3. Beidh Bord EIC comhdhéanta de 15 go 20 duine aonair ardleibhéil neamhspleách a thagann as codanna éagsúla d’éiceachóras nuálaíochta an Aontais, lena n-áirítear fiontraithe, ceannairí corparáideacha, infheisteoirí, saineolaithe riaracháin poiblí agus taighdeoirí, lena n-áirítear saineolaithe acadúla ar chúrsaí nuálaíochta. Rannchuideoidh sé le gníomhaíochtaí for-rochtana agus féachfaidh comhaltaí Bhord EIC le cur le gradam bhranda EIC.
Is é an Coimisiún a cheapfaidh comhaltaí Bhord EIC, i ndiaidh glao oscailte ar cheapacháin nó ar léiriú spéise nó ar an dá cheann acu cibé acu a mheasfaidh an Coimisiúin a bheith níos iomchuí, agus an gá atá le cothromaíocht ó thaobh saineolas, inscne, aois agus dáileadh geografach de á chur san áireamh.
Beidh a dtéarma oifige teoranta do dhá bhliain, a fhéadfar a athnuachan dhá uaire, agus beidh córas uainíochta do cheapacháin i bhfeidhm (ceapfar na comhaltaí gach dá bhliain).
4. Beidh uachtarán ag Bord EIC a cheapfaidh an Coimisiún i ndiaidh próiseas earcaíochta trédhearcach. Is é a bheidh san Uachtarán pearsa phoiblí ardphróifíle a bhfuil baint aige nó aici le réimse na nuálaíochta, le tuiscint mhaith ar chúrsaí taighde agus forbraíochta (R&D).
Ceapfar an tUachtarán le haghaidh téarma oifige atá teoranta do cheithre bliana, a fhéadfar a athnuachan uair amháin.
Beidh an tUachtarán ina chathaoirleach ar Bhord EIC, ullmhóidh sé cruinnithe an Bhoird, sannfaidh sé cúraimí do chomhaltaí, agus féadfaidh sé foghrúpaí tiomnaithe a bhunú, go háirithe chun treochtaí teicneolaíochta ó phunann EIC atá ag teacht chun cinn a shainaithint. Déanfaidh sé nó sí ionadaíocht ar EIC i réimse na nuálaíochta. Cuirfidh sé nó sí EIC chun cinn chomh maith, gníomhóidh sé nó sí mar chomhchainteoir leis an gCoimisiún, trí choistí ábhartha na gclár, in éineacht leis na Ballstát.Déanfaidh an Coimisiún foráil maidir le tacaíocht riaracháin don Uachtarán ionas go bhféadfaidh sé nó sí a chúraimí nó a cúraimí a chur i gcrích.
5. Bunóidh an Coimisiún cód iompair lena dtabharfar aghaidh, inter alia, ar choinbhleacht leasa agus ar shárú rúndachta a sheachaint. Glacfaidh comhaltaí Bhord EIC leis an gcód iompair nuair a ghabhfaidh siad le hoifig.
Airteagal 11
Cláir oibre
1. Déanfar an Clár a chur chun feidhme leis na cláir oibre dá dtagraítear i mír 2 i gcomhréir le hAirteagal 110 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (an ‘Rialachán Airgeadais’)(11). Leagfar amach leo an tionchar ionchasach agus ullmhófar iad i ndiaidh próiseas pleanála straitéisí mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo. Cuirfidh an Coimisiún an Coiste dá dtagraítear in Airteagal 12 ar an eolas go rialta agus ó thús bhunú an chlár, maidir le dul chun cinn foriomlán chur chun feidhme ghníomhaíochtaí indíreacha an chláir shonraigh, lena n-áirítear misin, chun go mbeidh ar chumas an Choiste ionchur iomchuí a chur ar fáil go luath le linn an phróisis pleanála straitéisí agus maidir leis na cláir oibre a ullmhú, go háirithe i dtaca le misin.
Leagfar amach sna cláir oibre, i gcás inarb infheidhme, an méid foriomlán arna chur i leataobh le haghaidh oibríochtaí measctha.
2. Glacfaidh an Coimisiún cláir oibre leithleacha, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, lena gcuirfear gníomhaíochtaí faoi na comhchodanna seo a leanas chun feidhme, faoi mar a leagtar amach in Airteagal 3(1) den Chinneadh seo:
(a) ERC, i gcás ina mbunóidh an Chomhairle Eolaíochta an clár oibre faoi phointe (b) d’Airteagal 7(2), i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 12(3). Ní imeoidh an Coimisiún ón gclár oibre a bhunaigh an Chomhairle Eolaíochta ach amháin nuair a mheasfaidh sé nach mbeidh sé i gcomhréir le forálacha an Chinnidh seo. Sa chás sin, glacfaidh an Coimisiún an clár oibre trí bhíthin gníomh cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(4). Tabharfaidh an Coimisiún údar cuí-réasúnaithe don bheart sin;
(b) na braislí uile faoin gcolún ‘Dúshláin Dhomhanda agus ▌Iomaíochas Thionscal na hEorpa’, MSCA, bonneagair thaighde, tacú le héiceachórais na nuálaíochta, rannpháirtíocht a leathnú agus barr feabhais a leathadh, agus Córas T&N na hEorpa a athchóiriú agus a threisiú, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(4);
(c) EIC, i gcás ina n-ullmhófar an clár oibre i ndiaidh comhairle ó Bhord EIC faoi phointe (b) d’Airteagal 10(1), i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(4);
(d) JRC, i gcás ina gcuirfear san áireamh sa chlár oibre ilbhliantúil an tuairim arna tabhairt ag Bord Gobharnóirí JRC dá dtagraítear i gCinneadh 96/282/Euratom.
3. Sa bhreis ar an gceanglas in Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais, is é a bheidh sna cláir oibre dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, de réir mar is iomchuí, an méid seo a leanas:
(a) sonrú ar an méid a leithdháiltear ar gach gníomhaíocht agus misean agus amchlár táscach maidir le cur chun feidhme;
(b) maidir le deontais, na tosaíochtaí, na critéir roghnúcháin agus dhámhachtana agus an t-ualú coibhneasta a bhaineann leis na critéir dhámhachtana éagsúla agus uasráta cistiúcháin na gcostas incháilithe iomlán;
(c) an tsuim a leithdháilfear ar mhaoiniú cumaiscthe i gcomhréir le hAirteagail 41 go 43 de Rialachán FP/RfP ...:
(d) aon oibleagáidí breise le haghaidh tairbhithe, i gcomhréir le hAirteagail 35 agus 37 de Rialachán FP/RfP.
4. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(4) na bearta seo a leanas a ghlacadh:
(a) an cinneadh i leith chistiú na ngníomhaíochtaí indíreacha a fhormheas, i gcás ina bhfuil an méid measta de ranníocaíocht an Aontais faoin gclár sonrach cothrom le nó níos mó ná EUR 2.5 milliún, cé is moite de ghníomhaíochtaí faoin gcuspóir sonrach “An Chomhairle Eorpach um Thaighde (ERC)”; an cinneadh i leith chistiú na ngníomhaíochtaí indíreacha a fhormheas le haghaidh gníomhaíochtaí indíreacha i mbraisle 2 a chistiú, i gcás ina bhfuil méid measta de ranníocaíocht an Aontais faoin gClár Sonrach cothrom le nó níos mó ná EUR 1 mhilliún;
(b) an cinneadh i leith chistiú na ngníomhaíochtaí a fhormheas a bhaineann le húsáid suthanna daonna agus gaschealla suthacha daonna agus a bhaineann le gníomhaíochtaí faoin mbraisle “Slándáil Shibhialta don tSochaí” dá dtagraítear in Airteagal 3(1)(2)(c).
Airteagal 12
Nós imeachta coiste
1. Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún(12). Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2. Tiocfaidh an coiste le chéile i gcumraíochtaí éagsúla mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II, ag féachaint don ábhar a bheidh le plé.
3. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
4. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
5. I gcás ina bhfuiltear chun tuairim an choiste a fháil trí nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh más rud é, laistigh den teorainn ama leis an tuairim sin a thabhairt, go gcinneann cathaoirleach an choiste amhlaidh nó go n-iarrann tromlach simplí de chomhaltaí an choiste amhlaidh.
6. I gcás na ngníomhartha cur chun feidhme a ghlacfar faoi Airteagal 4a(3) agus i gcás nach dtugann an Coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
7. Cuirfidh an Coimisiún an Coiste ar an eolas ar bhonn rialta faoin dul chun cinn foriomlán a bhaineann le cur chun feidhme an chláir shonraigh agus tabharfaidh sé don Choiste faisnéis thráthúil faoi na gníomhaíochtaí agus comhpháirteanna uile a mholtar nó a chistítear faoi chlár Fhís na hEorpa agus a chodanna seachtraithe, mar a shonraítear in Iarscríbhinn III, lena n-áirítear faisnéis mhionsonraithe/anailís ar staitisticí na nglaonna aonair.
CAIBIDIL III
FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 13
Aisghairm
Déantar Cinneadh 2013/743/AE a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.
Airteagal 14
Forálacha idirthréimhseacha
1. Ní dhéanfaidh an Cinneadh seo difear do leanúnachas ná do mhodhnú na ngníomhaíochtaí lena mbaineann, go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu, faoi Chinneadh 2013/743/AE a mbeidh feidhm aige fós maidir leis na gníomhaíochtaí lena mbaineann go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu.
I gcás inar gá, cuirfidh an Coiste, dá dtagraítear in Airteagal 12 den Chinneadh seo, cúraimí ar bith eile atá fágtha de chuid an Choiste a bunaíodh le Cinneadh 2013/743/AE i gcrích.
2. Ina theannta sin, féadfaidh imchlúdach airgeadais an Chláir Shonraigh na speansais theicniúla agus riaracháin is gá a chumhdach chun an t-aistriú idir an Clár Sonrach agus na bearta a glacadh faoi réamhtheachtaí an Chláir, Cinneadh Uimh. 2013/743/AE, a áirithiú.
Airteagal 15
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Dírítear an Cinneadh seo chuig na Ballstáit.
Arna dhéanamh/déanamh in/i/sa …,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán An tUachtarán
IARSCRÍBHINN I
GNÍOMHAÍOCHTAÍ MAIDIR LE PLEANÁIL STRAITÉISEACH AGUS CLÁIR
Maidir leis an méid seo a leanas, beidh feidhm aigei gcur chun feidhme an Chláir.
Pleanáil Straitéiseach
Mar a leagtar síos in Airteagal 4a, déanfar cur chun feidhme an Chláir Shonraigh a éascúlepleanáil straitéiseach ilbhliantúil do ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta. Díreoidh ▌an próiseas pleanála straitéisígo háirithe ar cholún na nDúshlán Domhanda agus an Iomaíochais Thionsclaíoch Eorpaigh, lena n-áirítear gníomhaíochtaí ábhartha i gcolúin eile agus sa chomhpháirt maidir le Rannpháirtíocht a Leathnú agus an Limistéar Eorpach Taighde a Neartú, agus i ndlúthchomhordú agus i ndlúthshineirge le pleanáil PENanna EIT arna mbunú le Rialachán 294/2008/CE.
Déanfar toradh an Phróisis Pleanála Straitéisí a leagan amach i bPlean Straitéiseach chun inneachar sa chlár oibre a réadú.
▌
▌
Is é is aidhm don phróiseas Pleanála Straitéisí:
– cuspóirí Fhís na hEorpa ar leibhéal an chláir a chur chun feidhme ar bhealach comhtháite agus díriú ar an tionchar foriomlán a bheidh ag an gClár agus ar chomhleanúnachas idir a cholúin éagsúla.
– ▌sineirgí idir Fís na hEorpa agus Cláir eile an Aontais a chur chun cinn, lena n-áirítear na [cistí comhtháthaithe]agus clár Euratom, ina bhfeidhmeofar pointe tagartha do thaighde agus do nuálaíocht sna cláir ghaolmhara uile ar fud bhuiséad AE agus in ionstraimí neamhchistiúcháin. ▌
– cuidiú le beartas AE a fhorbairt agus a réadú do na réimsí ábhartha a chumhdaítear, agus forbairt agus cur chun feidhme beartais sna Ballstáit a chomhlánú.
– ilroinnt iarrachtaí a laghdú agus dúbailt agus forluí idir deiseanna cistithe a sheachaint.
– creat a chur ar fáil chun gníomhaíochtaí díreacha taighde a dhéanann an tAirmheán Comhpháirteach Taighde agus gníomhaíochtaí eile dá dtugtar tacaíocht faoin gClár a nascadh le chéile, lena n-áirítear leas a bhaint as torthaí agus sonraí chun tacú le beartas.
– cur chuige tomhaiste agus leathan i leith taighde agus nuálaíocht a áirithiú, ag céimeanna uile na forbartha, nach bhfuil teoranta do thaighde ceannródaíoch a chothú, do phróisis agus do sheirbhísí táirgí nua a fhorbairt ar bhonn faisnéis eolaíoch agus theicneolaíoch agus ar bhonn fionnachtana, ach a bhaineann leas freisin as na teicneolaíochtaí atá cheana ann ar bhealaí nua agus a chuireann feabhas orthu ar bhonn leanúnach agus a bhaineann leas as an nuálaíocht neamhtheicneolaíoch agus shoisialta.
– cur chuige córasach, trasdisciplíneach, trasearnálach agus trasbheartais i leith nuálaíochta agus taighde a áirithiú, chun dul i ngleic le dúshláin agus chun gnólachtaí agus tionscail nua iomaíocha a thionscnamh san am céanna, lena ndéanfar iomaíochas a chothú, infheistíochtaí príobháideacha a spreagadh agus cothroime iomaíochta sa mhargadh inmheánach a choinneáil.
▌
▌
GNÍOMHAÍOCHTAÍ EILE AN CHLÁIR
Sna colúin, ‘Dúshláin Dhomhanda agus Iomaíochas Tionsclaíoch Eorpach’ agus ‘An Eoraip Nuálach', comhlánófar an taighde agus an nuálaíocht le gníomhaíochtaí a bheidh á gcur i gcrích gar d’úsáideoirí deiridh agus don mhargadh, amhail taisealbhadh, píolótú nó cruthúnas an choincheapa, gan gníomhaíochtaí tráchtálaithe a áireamh, áfach, a théann thar an gcéim taighde agus nuálaíochta. Áireofar air sin freisin tacaíocht do ghníomhaíochtaí i bhfabhar an éilimh a chuidíonn le dlús a chur le himlonnú agus le leathadh raon leathan nuálaíochtaí. Cuirfear béim ar ghlaonna neamh-shaintreoracha ar thograí.
Faoin gcolún, ‘Dúshláin Dhomhanda agus Iomaíochas Tionsclaíoch Eorpach’, lena gcuirfear leis an taithí a fuarthas i bhFhís 2020, déanfar na heolaíochtaí sóisialta agus na daonnachtaí a chomhtháthú go hiomlán ar fud na mbraislí ar fad, lena n-áirítear gníomhaíochtaí sonracha agus gníomhaíochtaí tiomnaithe. Ar an gcaoi chéanna, cuirfear gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta ar chúrsaí mara agus muirí chun feidhme ar bhealach straitéiseach comhtháite i gcomhréir le Beartas Muirí Comhtháite AE, leis an gComhbheartas Iascaigh ▌agus le gealltanais idirnáisiúnta.
I ndáil leis na gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó Fhís 2020, agus a chuirtear i gcrích laistigh de ▌ Thionscnaimh Shuaitheanta FET▌ maidir le Graiféin, an Tionscadal Inchinne Daonna agus an Teicneolaíocht Chandamach,leanfar ar aghaidh leis an tacaíocht sin faoi chlár Fhís na hEorpa trí ghlaonna ar thograí a áirítear sa chlár oibre▌. Le gníomhaíochtaí ullmhúcháin faoichuid na dTionscnamh Suaitheanta FET de chlár Fhís 2020, cothófar an próiseas Pleanála Straitéisí faoi chlár Fhís na hEorpa agus beidh siad ina dtreoir ag an obair a dhéanfar ar mhisin, ar chomhpháirtíochtaí comhchistithe nó comhchláraithe, agus ar ghlaonna rialta ar thograí.
Le hidirphlé a dhéanfaidh an Comhar Eorpach san Eolaíocht agus sa Teicneolaíocht le comhpháirtithe idirnáisiúnta AE agus an t-idirphlé a dhéanfaidh sé faoi bheartas leis na príomhréigiúin dhomhanda, déanfar rannchuidiú tábhachtach le sainaithint córasach na ndeiseanna um chomhar lena dtabharfar tacaíocht do shocrú tosaíochtaí, nuair a dhéanfar é a chumaisc le difreálú de réir tíre/réigiúin. Leanfar de chomhairle a lorg go luath ón struchtúr comhairleach a bhaineann leis an Limistéar Eorpach Taighde.
▌
Leathadh agus Cumarsáid
Le Fís na hEorpa tabharfar tacaíocht thiomnaithe don rochtain oscailte ar fhoilseacháin eolaíochta, ar stórtha eolais agus ar fhoinsí sonraí eile. Tabharfar tacaíocht do ghníomhaíochtaí a bhaineann le heolas a leathadh agus a scaipeadh, i gcomhar le cláir eile de chuid AE freisin, lena n-áirítear torthaí ó bhraislí nó ó phacáistí agus sonraí i dteangacha agus i bhformáidí do spriocphobail agus do líonraí le haghaidh saoránach, na hearnála tionsclaíche, riaracháin phoiblí, lucht léinn, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, agus lucht déanta beartais. Chun na críche sin, féadfar úsáid a bhaint as ardteicneolaíocht agus uirlisí faisnéise i bhFís na hEorpa.
Tabharfar tacaíocht iomchuí do shásraí chun iarratasóirí ionchasacha a chur ar an eolas faoin gclár (e.g. Pointí Teagmhála Náisiúnta).
Cuirfidh an Coimisiún gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann le Fís na hEorpa chun feidhme freisin chun a chur in iúl don phobal go bhfuarthas na torthaí de bharr tacaíocht ó chistiú an Aontais. Féachfaidh sé le feasacht phoiblí a mhúscailt freisin faoin tábhacht atá leis an taighde agus leis an nuálaíocht agus an tionchar agus an tábhacht leathan a bheidh ag an taighde agus an nuálaíocht arna gcistiú ag AE, trí bhíthin e.g. foilseachán, caidreamh leis na meáin, imeachtaí, stórtha eolais, bunachair sonraí, ardáin ilchainéalacha, suíomhanna gréasáin nó úsáid spriocdhírithe na meán sóisialta. Tabharfar tacaíocht do na tairbhithe freisin i bhFís na hEorpa chun a gcuid oibre agus an tionchar a bheidh ag an obair sin a chur in iúl don tsochaí i gcoitinne.
Saothrú agus Glacadh sa Mhargadh
Bunóidh an Coimisiún bearta cuimsitheacha chun torthaí Fhís na hEorpa agus an t-eolas a tháirgfear a shaothrú. Dá bharr sin, cuirfear dlús leis an bpróiseas chun iad a shaothrú ar mhaithe le glacadh leathan sa mhargadh agus cuirfear borradh faoin tionchar a bheidh ag an gClár.
Sainaithneoidh an Coimisiún na torthaí ó ghníomhaíochtaí an taighde agus na nuálaíochta faoin gClár ar bhonn córasach agus déanfaidh sé iad a thaifeadadh ar bhonn córasach agus aistreoidh sé nó scaipfidh sé na torthaí sin agus an t-eolas sin a tháirgfear ar bhonn neamh-idirdhealaitheach ar an earnáil thionsclaíoch agus ar fhiontair idir bheag agus mhór, ar riaracháin phoiblí, lucht léinn, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus lucht déanta beartais, chun an breisluach Eorpach atá ag an gClár a uasmhéadú.
Comhar Idirnáisiúnta
Is mó an tionchar a bheidh ag na torthaí trí ghníomhaíochtaí a ailíniú le tíortha agus le réigiúin eile an domhain faoi chuimsiú iarrachtaí neartaithe i leith comhar idirnáisiúnta ▌. Bunaithe ar an gcomhleas, tabharfar cuireadh do chomhpháirtithe ar fud an domhain oibriú i gcomhar le AE, mar chuid lárnach de thionscnaimh ar mhaithe le gníomhaíochtaí AE i leith inbhuanaitheachta, taighde treisithe agus bharr feabhais na nuálaíochta, agus i leith an iomaíochais.
Le gníomhaíocht chomhpháirteach idirnáisiúnta áiritheofar go rachfar i ngleic go héifeachtach le dúshláin shochaíocha dhomhanda agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, an rochtain ar na daoine is ardchumasaí, ar an saineolas agus ar na hacmhainní is fearr ar domhan, agus soláthar agus éileamh méadaithe ar réitigh nuálacha.
Modheolaíochtaí Oibre maidir le Meastóireacht
Agus úsáid á baint as saineolas ardcháilíochta neamhspleách sa phróiseas meastóireachta, cuirtear taca faoi rannpháirtíocht sa chlár i measc na ngeallsealbhóirí, na bpobal agus na ngrúpaí sainspéise, agus is réamhriachtanas é sin chun barr feabhais agus ábharthacht na ngníomhaíochtaí arna gcistiú a choinneáil.
Áiritheoidh an Coimisiún nó an comhlacht cistithe neamhchlaontacht an phróisis, agus seachnóidh sé coinbhleachtaí leasa i gcomhréir le hAirteagal 61 den Rialachán Airgeadais. Chomh maith leis sin, féachfaidh sé le héagsúlacht gheografach a áireamh i gcomhdhéanamh na gcoistí meastóireachta, agus na ngrúpaí saineolaithe agus comhairleacha.
Go heisceachtúil, i gcás ina mbeidh údar leis mar gheall ar an gceanglas maidir leis na saineolaithe is fearr dá bhfuil ar fáil a cheapadh agus/nó mar gheall ar a laghad saineolaithe cáilithe a bhfuil fáil orthu, féadfaidh saineolaithe neamhspleácha, a thugann cúnamh don choiste meastóireachta nó ar saineolaithe ar an gcoiste meastóireachta féin iad, meastóireacht a dhéanamh ar thograí sonracha ar ina leith a dhearbhaíonn siad leas ionchasach. Sa chás sin, glacfaidh an Coimisiún nó an comhlacht cistithe gach beart ceartaitheach is gá chun sláine an phróisis meastóireachta a áirithiú. Déanfar an próiseas meastóireachta a bhainistiú dá réir sin, lena n-áirítear céim ina mbeidh idirghníomhú idir saineolaithe ó réimsí éagsúla. Cuirfidh an coiste meastóireachta na himthosca ar leith san áireamh nuair a shainaithneoidh sé tograí le haghaidh cistiúcháin.
COLÚN I
EOLAÍOCHT DEN SCOTH
Braitheann dul chun cinn eolaíoch, eacnamaíoch, sóisialta agus cultúrtha ina fhoirmeacha uile ar sholáthar leordhóthanach de thaighdeoirí den scoth; ar dhul ar thóir fionnachtana sa tuiscint agus i sealbhú an eolais ar gach leibhéal; ar na saoráidí den scoth is gá chun é sin a chur i gcrích, lena n-áirítear bonneagair fhisiciúla agus bonneagair eolais don taighde agus don nuálaíocht mar aon leis na modhanna chun modheolaíochtaí agus scileanna eolais a leathadh agus a chomhroinnt go hoscailte (eolaíocht oscailte) ▌
Tá gnóthú nuálaíochta ceannródaíche atá ar cháil dhomhanda nasctha le cur chun cinn na heolaíochta oscailte den scoth ▌. D’fhéadfaí aistrithe paraidíme teicneolaíochta agus eolaíochta a áireamh mar phríomhfhoinsí spreagtha d’fhás na táirgiúlachta, don iomaíochas, don rachmas, d’fhorbairt inbhuanaithe agus don dul chun cinn sóisialta. Ba nós le haistrithe paraidíme den sórt sin eascairt ón mbonn eolaíochta san earnáil phoiblí sula leagfaidís an bonn síos le haghaidh tionscail agus earnálacha úrnua agus le haghaidh dul chun cinn sochaíoch cuimsitheach.
Is minic a dhéantar taighde fadtéarmach ardriosca le hinfheistíocht phoiblí sa taighde, go háirithe trí ollscoileanna agus trí institiúidí taighde poiblí (PRInna) agus trí shaoráidí taighde, lena gcomhlánaítear gníomhaíochtaí na hearnála príobháidí. Lena cois sin, cruthaítear acmhainní daonna ardoilte, eolas gnó agus taithí, ionstraimí agus modheolaíochtaí nua eolaíochta, mar aon leis na líonraí a chruthú lena scaiptear an t-eolas is déanaí.
Tá an eolaíocht Eorpach agus taighdeoirí atá bunaithe san Eoraip ar thús cadhnaíochta le blianta agus leanfaidh siad de bheith ar thús cadhnaíochta i mórán réimsí. Ach ní stádas é sin ar féidir talamh slán a dhéanamh de. ▌ Tá an dúshlán seanbhunaithe ó thíortha amhail Stáit Aontaithe Mheiriceá anois á thabhairt ag olloibreoirí eacnamaíocha amhail an tSín agus an India, go háirithe ó na codanna nuathionsclaíochta den domhan, agus ó na tíortha sin uile ina n-aithníonn na rialtais an iliomad sochar mór a bhainfear as infheistiú sa taighde.
1. AN CHOMHAIRLE EORPACH UM THAIGHDE (ERC)
1.1. Réasúnaíocht
Cé gurb é AE fós an táirgeoir is mó foilseachán eolaíoch ar domhan, níl aige ▌, i gcoibhneas lena mhéid, ach beagán ionaid bharr feabhais, ar ionaid bharr feabhais den scoth iad ar leibhéal domhanda agus ina bhfuil meánfheidhmíocht agus drochfheidhmíocht ag baint lena lán réimsí. I gcomparáid le Stáit Aontaithe Mheiriceá agus anois leis an tSín go pointe áirithe, tá claonadh ag AE cloí le ‘heiseamláir de scothchleachtas dáilte’ ina ndáiltear acmhainní ar líon níos mó taighdeoirí agus institiúidí taighde. Beidh dálaí tarraingteacha a thionscnófar do na taighdeoirí is cumasaí ▌ina chuidiúdon Eoraip cur lena tarraingteacht san iomaíocht dhomhanda le haghaidh eolaithe tréitheacha a mhealladh.
Tá athrú suntasach ag teacht ar chreat an taighde dhomhanda agus é ag dul chun ilpholachais de thoradh méadú ar líon na dtíortha atá ag teacht chun cinn, go háirithe an tSín, lena gcuirtear lena dtáirgeadh eolaíoch. Mar sin, cé gurbh iad AE agus na Stáit Aontaithe a bhí freagrach as dhá thrian nach mór de chaiteachas an domhain ar an taighde agus ar an bhforbairt in 2000, thit an sciar sin go dtí níos lú ná a leath faoi 2013.
Tacaíonn ERC leis na taighdeoirí is cumasaí, lena n-áirítear taighdeoirí tréitheacha nach bhfuil fós ach i dtús a ngairmréime, trí chistiú solúbtha, fadtéarmach a sholáthar chun dul i mbun taighde ceannródaíoch, ardghnóthacháin/ardriosca san Eoraip go príomha. Feidhmíonn sí ar bhonn féinrialach faoi stiúir Comhairle Eolaíochta neamhspleách ina mbíonn eolaithe, innealtóirí agus scoláirí ar a bhfuil an cháil is airde agus saineolas agus éagsúlacht iomchuí bainte amach acu. Is féidir le ERC tarraingt ar thacar níos leithne de dhaoine tréitheacha agus de smaointe ná mar a d’fhéadfadh aon scéim náisiúnta a dhéanamh, lena dtreisítear an barr feabhais ar an dóigh ina mbíonn na taighdeoirí is cumasaí agus na smaointe is fearr in iomaíocht le chéile.
Tá sé cruthaithe ina thaobh go bhfuil tionchar substaintiúil díreach ag cistiú ERC ar thaighde ceannródaíoch, ó thaobh dul chun cinn san eolas is ceannródaíche, an bealach a réiteach i gcomhair torthaí úra agus i gcomhair torthaí gan choinne go minic san eolaíocht agus sa teicneolaíocht, agus le haghaidh réimsí úra i gcomhair taighde. Dá réir sin, gintear smaointe úrnua a chuireann an nuálaíocht agus an airgtheacht sa ghnó chun cinn agus a théann i ngleic le dúshláin shochaíocha. Tá tionchar struchtúrach suntasach ag ERC freisin, lena n-ardaítear caighdeán an chórais taighde Eorpaigh de bhreis ar na taighdeoirí agus ar na gníomhaíochtaí a chistíonn sí go díreach. Déanann gníomhaíochtaí agus taighdeoirí a fhaigheann cistiú ERC sprioc uaillmhianach a leagan síos le haghaidh taighde ceannródaíoch san Eoraip, lena n-ardaítear a phróifíl, agus ina ndéantar é níos tarraingtí do na taighdeoirí is cumasaí ar fud an domhain mar áit oibre agus mar chomhpháirtí oibre. Toisc ardghradam a bheith ag roinnt leo siúd a fhaigheann deontais ó ERC, tá an iomaíocht ag éirí níos géire idir ollscoileanna na hEorpa agus eagraíochtaí taighde chun na coinníollacha oibre is tarraingtí a thairiscint do na taighdeoirí is fearr, agus is féidir leis sin cabhrú leo go hindíreach a gcuid láidreachtaí agus laigí a mheasúnú agus athchóirithe a chur i gcrích.
▌Cistíonn ERC céatadán measartha beag den taighde Eorpach ina iomláine, ach tá ▌tionchar eolaíoch suntasach mar thoradh air sin. Tá an meántionchar atá ag luanna an taighde dá dtugann ERC tacaíocht inchomparáide lena bhfuil ag na hollscoileanna taighde ardléannta is fearr ar domhan. Tá feidhmíocht thaighde ERC an-ard nuair a chuirtear i gcomparáid le feidhmíocht an lucht cistithe taighde is mó ar domhan í. Cistíonn ERC lear mór den taighde ceannródaíoch ina lán de na réimsí taighde a fuair an líon is mó luanna, lena n-áirítear na réimsí sin atá ag teacht chun cinn go mear. Cé go bhfuil cistiú ERC dírithe ar thaighde ceannródaíoch, eisíodh líon suntasach paitinní dá bharr sin.
Tá fianaise shoiléir ann mar sin go ndéanann ERC taighdeoirí den chéad scoth a mhealladh agus a chistiú trína glaonna agus go bhfuil líon suntasach de na torthaí taighde is tábhachtaí agus is mó tionchar ar fud an domhain sna réimsí atá ag teacht chun cinn agus atá ina gcúis le fionnachtana agus le dul chun cinn an-mhór mar thoradh ar ghníomhaíochtaí ERC. Tá obair na dtaighdeoirí a fuair deontais ó ERC an-idirdhisciplíneach freisin agus oibríonn taighdeoirí a fhaigheann deontais ó ERC i gcomhar le taighdeoirí eile ar bhonn idirnáisiúnta, agus foilsítear a dtorthaí go hoscailte ar fud gach réimse den taighde lena n-áirítear sna heolaíochtaí sóisialta, taighde sna healaíona agus sna daonnachtaí.
Tá fianaise cheana ann freisin faoin tionchar fadtéarmach atá ag deontais ERC ar ghairmeacha, ar oiliúint a chur ar thaighdeoirí aitheanta ardoilte agus ar chéimithe dochtúireachta ▌, ar infheictheacht dhomhanda agus ardghradam an taighde Eorpaigh a ardú agus ar chórais taighde náisiúnta trína n-éifeacht láidir tagarmharcála. Tá tábhacht ar leith leis an éifeacht sin i dtaca le heiseamláir de scothchleachtas dáilte AE mar go bhféadfaidh an stádas, lena gcuirtear in iúl go bhfuarthas cistiú ERC, teacht in ionad agus feidhmiú ina tháscaire níos cruinne de cháilíocht taighde ná an t-aitheantas atá bunaithe ar stádas na n-institiúidí. Cuireann sé sin ar chumas daoine aonair uaillmhianacha, institiúidí, réigiún agus tíortha an deis a thapú agus na próifílí taighde ina bhfuil siad sách láidir a mhéadú.
1.2. Réimsí idirghabhála
1.2.1. An Eolaíocht Cheannródaíoch
Meastar go ndéanfar dul chun cinn san eolaíocht cheannródaíoch de thoradh taighde a chistíonn ERC, lena n-áirítear foilseacháin eolaíocha den cháilíocht is airde ▌chun torthaí taighde a bhaint amach a bhféadfadh tionchar mór sochaíoch agus eacnamaíoch a bheith acu agus ERC ag leagan síos sprioc shoiléir uaillmhianach don eolaíocht cheannródaíoch ar fud AE, ar fud na hEorpa agus ar bhonn idirnáisiúnta. Spriocdhíreoidh ERC ar fheabhas intomhaiste a chur ar sciar AE den 1 % de na foilseacháin is mó a luaitear ar domhan, agus é mar aidhm leis sin timpeallacht níos tarraingtí a chur ar fáil in AE do na heolaithe is cumasaí ar domhan agus díreoidh sé a aird ar chur leis an líon taighdeoirí sármhaithe lena n-áirítear taighdeoirí ó lasmuigh den Eoraip a dhéanann sí a chistiú.
Bronnfar cistiú ERC i gcomhréir leis na prionsabail sheanbhunaithe seo a leanas. Is é an barr feabhais eolaíoch an t-aon chritéar amháin a mheasfar agus deontais ó ERC á mbronnadh. Feidhmeoidh ERC ar bhonn ‘ón mbun aníos’ gan aon tosaíochtaí réamhchinntithe a dhéanamh.
Réimsí Ginearálta
– Cistiú fadtéarmach a chur ar fáil chun tacú le sársmaointe taighdeoirí d’aon aois nó d’aon inscne, arb as aon tír ar domhan dóibh, agus lena bhfoirne taighde agus iad i mbun taighde ceannródaíoch, ardghnóthacháin/ardriosca;
– Taighdeoirí le sársmaointe atá i dtús a ngairmréimeagus taighdeoirí gairmréime luath-chéime a chumasú chun an t-aistriú a dhéanamh i dtreo a bheith ina gceannairí taighde neamhspleáchaastu féin trí thacaíocht leordhóthanach a chur ar fáil ag an gcéim chriticiúil agus iad i mbun a bhfoireann taighde féin nó ▌a gclár taighde féin a fhódú nó a chomhdhlúthú;
– Bealaí úra oibre san eolaíocht, lena n-áirítear cur chuige na heolaíochta oscailte, a d’fhéadfadh torthaí ceannródaíocha a chruthú, agus a d‘fhéadfadh ionchas na nuálaíochta tráchtála agus sóisialta atá sa taighde a chistíonn sí a éascú;
– Taithí agus dea-chleachtais a chomhroinnt le gníomhaireachtaí cistithe taighde náisiúnta agus réigiúnacha agus naisc a chruthú le codanna eile an Cláir Réime, go háirithe MSCA, chun an tacaíocht do thaighdeoirí den scoth a chur chun cinn;
– Proifíl taighde ceannródaíoch san Eoraipagus infheictheacht chláir ERC do thaighdeoirí ar fud na hEorpa agus go hidirnáisiúnta a ardú.
1.3. Cur chun feidhme
1.3.1. An Chomhairle Eolaíochta
Is ráthóir ar cháilíocht na gníomhaíochta ó thaobh na heolaíochta de í an Chomhairle Eolaíochta agus is aici atá údarás iomlán ar chinntí a dhéanfar faoin gcineál taighde a dhéanfar a chistiú.
I gcomhthéacs chur chun feidhme an chláir réime agus chun a cúraimí a chur i gcrích, mar a leagtar amach in Airteagal 7, déanfaidh an Chomhairle Eolaíochta an méid seo a leanas:
(1) Straitéis i leith na heolaíochta:
— an straitéis fhoriomlán i leith na heolaíochta do ERC a bhunú, i bhfianaise deiseanna eolaíocha agus riachtanais eolaíocha na hEorpa;
— an clár oibre a bhunú agus bearta tacaíochta éagsúla ERC a cheapadh i gcomhréir lena straitéis eolaíoch;
— na tionscnaimh comhair idirnáisiúnta is gá a bhunú lena n-áirítear gníomhaíochtaí for-rochtana, chun infheictheacht ERC a mhéadú do na taighdeoirí is fearr ón gcuid eile den domhan, i gcomhréir lena straitéis eolaíoch.
(2) Bainistiú, faireachán agus rialú cáilíochta ó thaobh na heolaíochta de:
– córas athbhreithnithe piaraí den scoth a áirithiú, atá bunaithe ar eolaíocht den scoth agus ar láimhseáil atá iomlán trédhearcach, cothrom agus neamhchlaonta a dhéanamh ar na tograí trí sheasaimh a bhunú maidir le glaonna ar thograí a chur chun feidhme agus a bhainistiú, critéir mheastóireachta, próisis athbhreithnithe piaraí lena n-áirítear saineolaithe a roghnú, na modhanna maidir le hathbhreithniú piaraí agus meastóireacht tograí agus na rialacha agus na treoirlínte cur chun feidhme is gá, ar ar a mbonn sin a chinnfear na tograí atá le cistiú faoi mhaoirseacht na Comhairle Eolaíochta;
— i gcás gníomhaíochtaí taighde ceannródaíocha a dhéanann ERC, ceapfar saineolaithe ar bhonn togra ó Chomhairle Eolaíochta ERC;
— a áirithiú go gcuirfear deontais ERC chun feidhme de réir nósanna imeachta simplí trédhearcacha lena ndéantar an fócas a choinneáil ar an mbarr feabhais, an tionscnaíocht a spreagadh agus an tsolúbthacht a chónascadh leis an gcuntasacht trí fhaireachán leanúnach a dhéanamh ar cháilíocht agus cur chur chun feidhme na n-oibríochtaí;
— an méid atá bainte amach ag ERC agus cáilíocht agus tionchar an taighde arna chistiú ag ERC a athbhreithniú agus a mheasúnú agus, dá réir sin, moltaí a dhéanamh agus treoirlínte a leagan síos maidir le gníomhaíochtaí ceartaitheacha nó gníomhaíochtaí sa todhchaí;
— seasaimh maidir le haon ábhar eile a dhéanfaidh difear dá bhfuil bainte amach ag ERC agus don tionchar a bheidh ag gníomhaíochtaí ERC agus ar cháilíocht an taighde a chuirfear i gcrích;
(3) Cumarsáid agus scaipeadh:
— próifíl dhomhanda agus infheictheacht ERC a ardú trí ghníomhaíochtaí cumarsáide agus for-rochtana a chur i gcrích, lena n-áirítear comhdhálacha eolaíocha chun gníomhaíochtaí ERC agus an méid atá bainte amach aici agus na torthaí ó thionscadail arna gcistiú ag ERC, leis an bpobal eolaíochta, geallsealbhóirí tábhachtacha agus leis an ngnáthphobal;
— dul i gcomhairle, i gcás inarb iomchuí, le pobal na n-eolaithe, na n-innealtóirí agus na scoláirí, le gníomhaireachtaí cistithe réigiúnacha agus náisiúnta agus le geallsealbhóirí eile;
— tuairisciú go rialta chuig an gCoimisiún faoina gníomhaíochtaí féin.
Tabharfar cúiteamh do chomhaltaí na Comhairle Eolaíochta i leith na gcúraimí a chuirfidh siad i gcrích trí bhíthin honararium agus, i gcás inarb iomchuí, aisíocaíocht speansas taistil agus cothaithe.
Beidh Uachtarán ERC ina chónaí sa Bhruiséil ar feadh thréimhse an cheapacháin agus tabharfaidh sé formhór a cuid/chuid ama(13)do gnó ERC. Tabharfar luach saothair dó/di ar leibhéal atá i gcomhréir le hardbhainistíocht an Choimisiúin agus soláthróidh an Struchtúr Cur Chun Feidhme Tiomnaithe di/dó an tacaíocht is gá chun a fheidhmeanna/a feidhmeanna a chur i gcrích.
Toghfaidh an Chomhairle Eolaíochta triúr Leas-Chathaoirleach as measc a comhaltaí a thabharfaidh cúnamh don Uachtarán chun ionadaíocht a dhéanamh thar a ceann agus a cuid oibre a eagrú. Féadfar teideal Leas-Chathaoirleach ERC a bheith acu freisin.
Tabharfar tacaíocht don triúr Leas-Chathaoirleach chun cúnamh riaracháin áitiúil leordhóthanach ina n-institiúidí náisiúnta a áirithiú.
1.3.2. An Struchtúr Cur chun Feidhme Tiomnaithe
Beidh gach gné de riarachán cur chun feidhme agus forghníomhú an chláir, dá bhforáiltear i gclár oibre ERC, faoi chúram an struchtúir cur chun feidhme thiomnaithe. Cuirfidh sé, go háirithe, na nósanna imeachta meastóireachta, athbhreithniú piaraí agus próiseas roghnúcháin chun feidhme i gcomhréir leis an straitéis arna bunú ag an gComhairle Eolaíochta agus áiritheoidh sé bainistiú airgeadais agus eolaíochta na ndeontas. Tacóidh an struchtúr cur chun feidhme tiomnaithe leis an gComhairle Eolaíochta i gcur i gcrích a cúraimí go léir mar a leagtar amach thuas, lena n-áirítear a straitéis i leith na heolaíochta a fhorbairt, faireachán ar na hoibríochtaí a dhéanamh agus a hathbhreithniú agus a measúnú ar an méid atá bainte amach ag ERC mar aon lena gníomhaíochtaí for-rochtana agus cumarsáide, rochtain ar na doiciméid agus ar na sonraí is gá atá ina seilbh a thabhairt agus coinneoidh sé an Chomhairle Eolaíochta ar an eolas faoina gníomhaíochtaí.
Chun idirchaidreamh éifeachtach a áirithiú leis an struchtúr cur chun feidhme tiomnaithe faoi cheisteanna straitéise agus oibríochtúla, tionólfaidh bainisteoirí na Comhairle Eolaíochta agus Stiúrthóir an struchtúir cur chun feidhme thiomnaithe cruinnithe maidir le comhordú ar bhonn rialta.
Maidir leis an bhfoireann a earcófar chun na críche sin, lena n-áirítear oifigigh ó institiúidí AE, i gcás inar gá sin, déanfaidh siad ERC a bhainistiú agus cuimseofar leis sin na fíor-riachtanais riarachán chun an chobhsaíocht agus an leanúnachas is gá do riarachán éifeachtach a áirithiú.
1.3.3. Ról an Choimisiúin
Chun a chuid freagrachtaí a chomhlíonadh mar a leagtar amach in Airteagail 6, 7 agus 8 agus i gcomhthéacs a chuid freagrachtaí féin as an mbuiséad a fheidhmiú, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
– leanúnachas agus athnuachan na Comhairle Eolaíochta a áirithiú agus tacaíocht a thabhairt do Bhuanchoiste um Shainaithint Comhaltaí chun comhaltaí a shainaithint amach anseo don Chomhairle Eolaíochta;
– leanúnachas an struchtúir cur chun feidhme thiomnaithe agus cúraimí agus freagrachtaí a tharmligfear chuige a áirithiú, agus tuairimí ón gComhairle Eolaíochta á gcur san áireamh;
– a áirithiú go gcuirfidh an struchtúr cur chun feidhme tiomnaithe raon iomlán a chuid cúraimí agus freagrachtaí i gcrích;
– Stiúrthóir agus comhaltaí bhainistíocht an struchtúir cur chun feidhme thiomnaithe a cheapadh, agus tuairimí ón gComhairle Eolaíochta á gcur san áireamh;
– a áirithiú go nglacfar in am trátha an clár oibre, na seasaimh maidir leis an modheolaíocht cur chun feidhme agus na rialacha cur chun feidhme is gá, lena n-áirítear Rialacha ERC maidir le Tíolacadh agus Samhail-Chomhaontú Deontais ERC, agus na seasaimh atá ag an gComhairle Eolaíochta á gcur san áireamh;
– Coiste an Chláir a chur ar an eolas ar bhonn rialta agus in am tráthúil faoi chur chun feidhme ghníomhaíochtaí ERC agus dul i gcomhairle le Coiste an Chláir faoi sin;
– ós rud é go bhfuil sé freagrach as cur chun feidhme foriomlán an Chláir Réime um Thaighde, déanfaidh sé faireachán ar an struchtúr cur chun feidhme tiomnaithe agus a fheidhmíocht a mheasúnú.
2. GNÍOMHAÍOCHTAÍ MARIE SKLODOWSKA-CURIE (MSCA)
2.1. An Réasúnaíocht
Is é atá ag teastáil ón Eoraip bonn caipitil dhaonna ina bhfuil daoine ardoilte acmhainneacha ag feidhmiú sa taighde agus sa nuálaíocht agus atá in ann dul in oiriúint do réitigh inbhuanaithe ar dhúshláin reatha agus ar dhúshláin na todhchaí agus iad a aimsiú go héasca, amhail mórathruithe déimeagrafacha san Eoraip. Chun barr feabhais a áirithiú, ní mór do thaighdeoirí a bheith soghluaiste, comhoibriú agus eolas a scaipeadh ar fud tíortha, earnálacha agus disciplíní, agus leas a bhaint as an meascán ceart d’eolas agus scileanna chun dul i ngleic le dúshláin shochaíocha agus tacú leis an nuálaíocht.
Is lárionad mór eolaíochta í an Eoraip ina bhfuil thart ar 1.8 milliún taighdeoir ag obair sna mílte ollscoileanna, lárionaid taighde agus ▌ cuideachtaí. Meastar, áfach, go mbeidh ar AE oiliúint a chur ar aon mhilliún taighdeoir nua faoi 2027 agus iad a fhostú chun na spriocanna a bhaint amach atá á leagan amach don infheistíocht mhéadaithe sa taighde agus sa nuálaíocht. Is géarghá é sin a théann thar a bhfuil i gceist san ▌earnáil acadúil (amhail i dtionscal agus gnó, lena n-áirítear FBManna, rialtais, eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta, institiúidí cultúrtha agus ospidéil etc.) agus éilítear leis comhar idir na hearnálacha éagsúla chun taighdeoirí nua a chur ar fáil atá oilte go hiomchuí. Ní mór do AE a chuid iarrachtaí a threisiú chun níos mó ban agus fear óg a mhealladh chuig gairm sa taighde, a bheith níos cuimsithí agus cothromaíocht saoil oibre/teaghlaigh níos fearr a chur chun cinn, taighdeoirí ó thríú tíortha a mhealladh, a thaighdeoirí féin a choinneáil agus taighdeoirí Eorpacha atá ag obair in áiteanna eile a thabhairt ar ais chun na hEorpa. Ina theannta sin, chun barr feabhais a scaipeadh ar bhonn níos leithne, ní mór na coinníollacha faoina bhfuil taighdeoirí ag feidhmiú a fheabhsú a thuilleadh sa Limistéar Eorpach Taighde (LET). I ndáil leis an méid sin, is gá naisc níos láidre go háirithe le Limistéar Eorpach an Oideachais (EEdA), Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), agus le Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE+).
Is fearr is féidir aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin ar leibhéal AE mar gheall ar a ngné chórasach agus mar gheall ar an iarracht idir tíortha a bhfuil gá leis chun iad a réiteach.
Dírítear le gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie (MSCA) ar thaighde den scoth atá go hiomlán ón mbun aníos, atá oscailte d’aon réimse sa taighde agus sa nuálaíocht idir taighde bunúsach agus roghnú seirbhísí ar an margadh agus seirbhísí nuálaíochta. Áirítear orthu sin réimsí taighde a chumhdaítear faoin gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus faoin gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (Euratom). Má thagann riachtanais shonracha chun cinn agus má bhíonn foinsí breise cistithe ar fáil, féadfaidh MSCA naisc a lorg le gníomhaíochtaí áirithe maidir le dúshláin shonracha (lena n-áirítear misin shainaitheanta), cineálacha taighde agus institiúidí nuálaíochta, nó láithreacha geografacha chun freagairt d’fhorbairt riachtanais na hEorpa i ndáil le scileanna, oiliúint taighde, forbairt gairme agus comhroinnt eolais.
Is iad MSCA an phríomhionstraim ar leibhéal AE chun taighdeoirí a mhealladh ó thríú tíortha chuig an Eoraip, atá ina chabhair mhór don chomhar domhanda sa taighde agus sa nuálaíocht dá réir sin. De réir na fianaise, ní hamháin go bhfuil tionchar dearfach ag MSCA ar dhaoine aonair, eagraíochtaí, agus ar leibhéal an chórais, ach soláthraíonn siad torthaí taighde ceannródaíocha a bhfuil tionchar mór acu agus cabhraíonn siad go mór le dul i ngleic le dúshláin shochaíocha agus straitéiseacha freisin san am céanna. Tá rath ar an infheistíocht fhadtéarmach a dhéantar i ndaoine, mar a léirítear le líon buaiteoirí Dhuais Nobel a bhíodh ina n-iarchomhaltaí nó ina n-iarstiúrthóirí de chuid MSCA.
Tríd an iomaíochas taighde domhanda i measc eolaithe agus i measc eagraíochtaí óstacha ón dá earnáil idir acadúil agus neamh-acadúil araon, agus trí eolas ardcháilíochta a chruthú agus a chomhroinnt ar fud tíortha, earnálacha agus disciplíní, cabhraíonn MSCA go sonrach le cuspóirí an chláir oibre ‘Poist, fás agus infheistíocht’, Straitéis Dhomhanda AE agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe.
Rannchuidíonn MSCA le LET a dhéanamh níos éifeachtaí, níos iomaíche agus níos tarraingtí ar fud an domhain. Is féidir an méid sin a bhaint amach trí dhíriú ar ghlúin nua de thaighdeoirí ardoilte agus tacaíocht a thabhairt do thaighdeoirí tréitheacha atá ag teacht chun cinn ar fud AE agus níos faide i gcéin, lena n-áirítear a n-aistriú go comhpháirteanna eile an chláir, amhail ERC agus EIT, a chothú; trí scaipeadh agus cur i bhfeidhm eolas agus smaointe nua i leith bheartais, gheilleagar agus shochaí na hEorpa a chothú, inter alia trí chumarsáid eolaíochta agus bearta for-rochtana poiblí feabhsaithe; trí chomhar idir eagraíochtaí déanta taighde a éascú agus trí fhoilsiú de réir phrionsabail na heolaíochta oscailte agus de réir shonraí FAIR; agus trí thionchar struchtúraithe suntasach a bheith acu ar LET, ina moltar margadh saothair oscailte agus caighdeáin a leagan síos ar mhaithe le hoiliúint ar ardchaighdeán, dálaí fostaíochta tarraingteacha agus córas oscailte, trédhearcach, fiúntas-bhunaithe earcaíochta do thaighdeoirí uile i gcomhréir leis an gCairt Eorpach do Thaighdeoirí agus leis an gCód Iompair um Earcú Taighdeoirí.
2.2. Réimsí Idirghabhála
2.2.1. Barr Feabhais a Chothú trí Shoghluaisteacht Taighdeoirí thar Theorainneacha, Earnálacha agus Disciplíní
Ní mór do AE a bheith ina phointe tagartha i gcónaí do thaighde den scoth agus a bheith tarraingteach mar sin do na taighdeoirí is mó a bhfuil gealladh fúthu, taighdeoirí Eorpacha nó taighdeoirí neamh-Eorpacha araon, i ngach céim den ghairm atá acu. Is féidir an méid sin a bhaint amach trína chur ar chumas taighdeoirí agus ball foirne a bhaineann leis an taighde gluaiseacht agus comhoibriú idir tíortha, earnálacha agus disciplíní agus, dá bhrí sin, tairbhe a bhaint as oiliúint ardcháilíochta agus as deiseanna gairme. Leis sin, éascófar an ghluaiseacht idir an saol acadúil agus earnálachaeile chomh maith le gníomhaíocht fiontraíochta a spreagadh.
Réimsí Ginearálta
– Taithí de bharr na soghluaisteachta laistigh den Eoraip nó lasmuigh di do na taighdeoirí is fearr nó a bhfuil gealladh fúthu gan beann ar a náisiúntacht chun dul i mbun taighde den scoth agus a scileanna a fhorbairt mar aon lena ngairm agus a líonraí i dtaca leis an saol acadúil agus le hearnálacha eile a leathnú (lena n-áirítear bonneagair thaighde).
2.2.2. Scileanna nua a Chothú trí Oiliúint den Scoth a chur ar Thaighdeoirí
Tá gá ag AE le bonn acmhainní daonna atá láidir, athléimneach agus cruthaitheach, agus an meascán ceart de scileanna a bheith ar fáil dó chun riar do riachtanais mhargadh saothair na todhchaí, chun a bheith nuálach agus chun eolas agus smaointe a thiontú ina dtáirgí agus seirbhísí ar mhaithe le tairbhe eacnamaíoch agus shóisialta. Is féidir an méid sin a bhaint amach trí oiliúint a chur ar thaighdeoirí chun a gcroí-inniúlachtaí taighde a fhorbairt a thuilleadh agus a scileanna inaistrithe a fheabhsú, amhail meon cruthaitheach, freagrach, fiontraíochta atá oscailte don tsochaíagus feasacht i leith forbairt inbhuanaithe. Dá bharr sin, beidh ar a gcumas aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, agus feabhas a chur ar a n-ionchais ghairmréime agus ar a bpoitéinseal nuálaíochta.
Réimsí Ginearálta
– Cláir oiliúna chun scileanna éagsúla a bhaineann le dúshláin dhomhanda atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo a thabhairt do thaighdeoirí.
2.2.3. Acmhainní Daonna agus Forbairt Scileanna a Neartú ar fud an Limistéir Eorpaigh Taighde
Chun barr feabhais a chothú, comhar a chur chun cinn idir eagraíochtaí déanta taighde agus éifeacht dhearfach struchtúraithe a chruthú, ní mór caighdeáin oiliúna agus meantóireachta ardcháilíochta, dálaí maithe oibre agus forbairt éifeachtach gairmréime a thabhairt isteach do thaighdeoirí ar fud LET. Más iomchuí agus má tá bonn cirt á thabhairt di le staidéar, cuirfear tacaíocht ar fáil do thaighdeoirí chun filleadh ar a dtír thionscnaimh laistigh de agus chuig an Aontas faoi chuimsiú na réimsí ginearálta reatha. Cabhróidh sé sin le cláir agus córais oiliúna taighde a nuachóiriú agus a fheabhsú agus cuirfidh sé le tarraingteacht na n-institiúidí ▌ar fud an domhain.
Réimsí Ginearálta
– Cláir oiliúna chun barr feabhais a chothú agus na dea-chleachtais a leathadh ar fud institiúidí, bonneagair thaighde agus córais taighde agus nuálaíochta;
– Comhar idirdhisciplíneach agus trasdisciplíneach, eolas a thairgeadh agus a scaipeadh laistigh den Aontas agus le tríú tíortha.
2.2.4. Feabhas a chur ar Shineirgí agus iad a Éascú
Ní mór sineirgí idir córais an taighde agus na nuálaíochta agus cláir ar leibhéal AE, ar an leibhéal réigiúnach agus náisiúnta a fhorbairt tuilleadh. Is féidir an méid sin a ghnóthú go háirithe trí shineirgí ▌, trí chomhlántachtaí le codanna eile d’Fhís na hEorpa amhail an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) agus trí chláir eile AE, go sonach clár Erasmus agus CSE+, lena n-áirítear trí bhíthin Séala Barr Feabhais.
Réimsí Ginearálta
– Cláir oiliúna agus tionscnaimh chomhchosúla i dtaca le forbairt gairmréimeanna taighde dá dtugtar tacaíocht ó fhoinsí cistithe poiblí nó príobháideacha comhlántacha ar an leibhéal réigiúnach, ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal AE.
2.2.5. For-rochtain Phoiblí a Chur chun Cinn
Ní mór an fheasacht faoi ghníomhaíochtaí an chláir agus aitheantas an phobail do thaighdeoirí a fheabhsú ar fud AE agus lasmuigh de, chun próifíl dhomhanda MSCA a ardú agus chun tuiscint níos fearr a chothú maidir leis an tionchar a bheidh ag obair na dtaighdeoirí ar shaol laethúil na saoránach, agus chun daoine óga a spreagadh chun dul i mbun gairmeacha sa taighde. Is féidir an méid sin a bhaint amach trí oibriú de réir phrionsabal na heolaíochta oscailte ina ndéantar eolas agus cleachtais a scaipeadh, a shaothrú agus a leathadh ar bhonn níos fearr. D’fhéadfadh ról lárnach a bheith ag eolaíocht saoránach freisin.
Réimsí Ginearálta
– Tionscnaimh for-rochtana phoiblí chun an pobal a spreagadh chun spéis a chur i ngairmeacha sa taighde, go háirithe daoine óga ó gach cúlra;
– Gníomhaíochtaí cur chun cinn chun próifíl dhomhanda, infheictheacht agus feasacht faoi MSCA a ardú;
– Eolas a scaipeadh agus a bhraisliú trí chomhar trastionscadail, tionscadal de chuid pointí teagmhála náisiúnta (NCPanna) agus trí ghníomhaíochtaí líonraithe eile amhail seirbhís alumni.
3. BONNEAGAIR THAIGHDE
3.1. An Réasúnaíocht
Déanann bonneagair thaighde ealaíne úrscothacha seirbhísí tábhachtacha a sholáthar do phobail taighde agus nuálaíochta, ina bhfuil ról ríthábhachtach acu i dtaca le réimsí eolas ceannródaíoch a leathnú agus bonn a chur faoi rannchuidithe taighde agus nuálaíochta chun dul i ngleic le dúshláin dhomhanda agus le hiomaíochas tionsclaíoch. I bhfírinne, tá bonneagair thaighde réigiúnacha agus náisiúnta agus braislí barr feabhais eolaíocha atá scartha óna chéile ina lán cásanna, agus trí thacú le bonneagair thaighde ar leibhéal AE dhéanfaí é sin a mhaolú, agus dhéanfaí LET a neartú dá bharr sin mar aon leis an ▌gcúrsaíocht eolais ar fud na stórtha sonraí a mhéadú. Is ag dul i méid atá spleáchas an dul chun cinn eolaíoch ar chomhoibriú na mbonneagar taighde agus an tionscail a fhorbraíonn na hionstraimí a bhfuil gá leo atá bunaithe ar eochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin agus ar theicneolaíochtaí nua eile.
Is é an cuspóir foriomlán bonneagair thaighde inbhuanaithe den scoth a chothú san Eoraip ar bonneagair iad a bheidh oscailte agus inrochtana do gach taighdeoirí san Eoraip agus níos faide i gcéin, ina mbainfear leas iomlán as acmhainneacht na mbonneagar sin dul chun cinn agus nuálaíocht a dhéanamh san eolaíocht. Is iad na cuspóirí lárnacha ilroinnt éiceachóras an taighde agus na nuálaíochta a laghdú, dúbailt na n-iarrachtaí a sheachaint, agus comhordú níos fearr a dhéanamh ar dhearadh, ar fhorbairt, ar inrochtaineacht agus ar úsáid na mbonneagar taighde, lena n-áirítear na bonneagair sin a fhaigheann maoiniú ó CFRE. Tá sé ríthábhachtach tacú le rochtain oscailte ar bhonneagair thaighde do na taighdeoirí Eorpacha uile mar aon le, inter alia rochtain mhéadaithe ar acmhainní taighde digiteacha, tríd an Néal Eorpach maidir leis an Eolaíocht Oscailte (dá ngairtear ‘EOSC’ anseo feasta), go sonrach spreagadh a thabhairt d’úsáid na heolaíochta oscailte agus d’úsáid cleachtas sonraí oscailte.
Tá tábhacht freisin le hinbhuanaitheacht fhadtéarmach na mbonneagar taighde a fheabhsú ós rud é go mbíonn siad i mbun oibríochta de ghnáth ar feadh riar maith blianta agus gur cheart dóibh, dá bhrí sin, bearta a chur i gcrích chun tacaíocht leanúnach agus chobhsaí a dhaingniú.
Ar an gcuma chéanna, is gá do AE dul i ngleic leis an méadú mear atá ag teacht ar an iomaíochas domhanda chun daoine tréitheacha a aimsiú trí bhíthin taighdeoirí tríú tíortha a mhealladh chun dul i mbun oibre i mbonneagair thaighde Eorpacha den chéad scoth. Is cuspóir mór é freisin cur le hiomaíochas agus le cumais nuálaíochta an tionscail Eorpaigh, ag tacú le heochairtheicneolaíochtaí agus eochairsheirbhísí le haghaidh bonneagair thaighde agus a n-úsáideoirí agus, dá bhrí sin, ag cur feabhas ar na dálaí i dtaca le réitigh nuálacha a sholáthar.
Chuidigh creataí réime san am atá thart go mór le húsáid níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí a bhaint as bonneagair thaighde náisiúnta chomh maith le cur chuige comhleanúnach straitéiseach i leith beartais a cheapadh do bhonneagair thaighde uile-Eorpacha arna bhforbairt i gcomhar leis an bhFóram Straitéiseach Eorpach um Bonneagair Thaighde. Baineadh buntáistí soiléire as an gcur chuige straitéiseach sin, lena n-áirítear dúbailt na n-iarrachtaí a laghdú agus úsáid fhoriomlán a bhaint as acmhainní ar bhealach níos éifeachtúla agus as próisis agus nósanna imeachta maidir le caighdeánú chomh maith. Tá ról tábhachtach ag an tsoghluaisteacht taighde maidir le húsáid na mbonneagar taighde a éascú, agus ní mór, dá bhrí sin, sineirgí le scéimeanna soghluaisteachta náisiúnta agus Eorpacha a áireamh.
An ghníomhaíocht dá tugtar tacaíocht ó AE, soláthróidh sí breisluach tríd an méid seo a leanas: an tírdhreach taighde reatha atá san Eoraip a chomhdhlúthú agus a bharrfheabhsú in éineacht le hiarrachtaí ar bhonneagair taighde nua a fhorbairt a mbeidh tábhacht agus tionchar uile-Eorpach ag baint leo; a áirithiú go n-oibreoidh tacair chomhchosúla de bhonneagair thaighde i gcomhar le chéile chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna straitéiseacha a dhéanann difear do phobail úsáideoirí; an Néal Eorpach maidir leis an Eolaíocht Oscailte (EOSC) a bhunú mar thimpeallacht éifeachtach intomhaiste inbhuanaithe don taighde sonraíbhunaithe; an taighde náisiúnta agus réigiúnach agus líonraí oideachais a idirnascadh, bonneagar líonraí ardchumais do mhéideanna ollmhóra sonraí agus rochtain ar acmhainní digiteacha thar theorainneacha agus thar fhóireacha fearainn a fheabhsú agus a dhaingniú; an cumhdach uile-Eorpach maidir le bonneagair thaighde dháilte a chur chun cinn, agus comparáid trastíre na sonraí taighde a chumasú, e.g. sna réimsí SSH agus comhshaoil; inoibritheacht na mbonneagar taighde a chothú; aistriú eolais agus oiliúint acmhainní daonna ardoilte a fheabhsú agus a threisiú; úsáid agus, i gcás inarb ábhartha, uasghrádú na mbonneagar taighde uile-Eorpach reatha a chothú ar fud chlár Fhís na hEorpa; bacainní a shárú lena gcuirtear cosc ar na foirne taighde is fearr rochtain a fháil ar na seirbhísí bonneagar taighde is fearr san Eoraip; ionchas nuálaíochta na mbonneagar taighde a chothú, ar bonneagair iad atá dírithe ar an bhforbairt teicneolaíochta agus ar an gcomhnuálaíocht agus úsáid mhéadaithe á baint ag an earnáil thionsclaíoch as bonneagair thaighde.
Agus ní mór an ghné idirnáisiúnta de bhonneagair thaighde AE a threisiú, ag cothú comhordú níos láidre le bonneagair thaighde idirnáisiúnta agus le rannpháirtíocht idirnáisiúnta sna bonneagair thaighde Eorpacha ar mhaithe le comhshochar.
Beidh rannchuidiú sna gníomhaíochtaí do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFInna) éagsúla amhail na spriocanna seo a leanas: SFI 3 – Sláinte Mhaith agus Saol Folláin do na Daoine; SFI 7 – Fuinneamh Inacmhainne agus Glan; SFI 9 – Nuálaíocht Tionscail agus Bonneagar; SFI 13 – Gníomhú ar son na hAeráide.
3.2. Réimsí idirghabhála
3.2.1. Creat na mBonneagar Taighde Eorpach a chomhdhlúthú agus a fhorbairt
Tá bunú, oibriú agus inbhuanaitheacht fhadtéarmach bonneagar taighde arna sainaithint ag an bhFóram Straitéiseach Eorpach um Bonneagair Thaighde agus bunú, feidhmiú agus inbhuanaitheacht fhadtéarmach bonneagar taighde eile den chéad scoth lena ngabhann ábharthacht uile-Eorpach bunriachtanach don Aontas chun a áirithiú go mbeidh sé i dtús áite ó thaobh taighde ar thús cadhnaíochta, go gcuirfear oiliúint agus breisoiliúint ar thaighdeoirí, go gcruthófar agus go n-úsáidfear eolas nua agus go mbeidh a chuid tionscal iomaíoch.
Ba cheart go mbeadh an Néal Eorpach maidir leis an Eolaíocht Oscailte (EOSC) ina bhealach éifeachtach agus cuimsitheach chun seirbhísí bonneagar taighde a sheachadadh agus ba cheart dó an chéad ghlúin eile de sheirbhísí sonraí le haghaidh mórshonraí eolaíochta a chruinniú, a stóráil, a phróiseáil (e.g. anailísíocht, ionsamhlúchán, seirbhísí léirshamhlaithe) agus a chomhroinnt a sholáthar do phobail taighde na hEorpa de réir phrionsabail FAIR. Ina theannta sin, ba cheart do EOSC rochtain ar fhormhór na sonraí arna nginiúint agus arna gcruinniú le bonneagair thaighde, ar ríomhaireacht ardfheidhmíochta agus ar acmhainní eacsascálaithe, lena n-áirítear iad siúd a imlonnaítear faoin mBonneagar Sonraí Eorpach (EDI)(14), a thabhairt do thaighdeoirí san Eoraip.
Nascfar an líonra taighde agus oideachais uile-Eorpach le chéile agus cumasófar leis cianrochtain ar bhonneagair thaighde agus acmhainní taighde, trí idirnascacht a sholáthar idir ollscoileanna, institiúidí taighde agus pobail taighde agus nuálaíochta ar leibhéal AE, mar aon le naisc idirnáisiúnta le líonraí comhpháirtíochta eile ar fud an domhain.
Réimsí Ginearálta
– Saolré bonneagar taighde uile-Eorpach trí bhonneagair nua thaighde a dhearadh; a gcéim ullmhúcháin agus cur chun feidhme, a bhfeidhmíocht luathchéime lena gcomhlánaítear foinsí cistiúcháin eile, i gcás na mbonneagar taighde a dtugtar tacaíocht dóibh le cistí struchtúrtha, mar aon leis an éiceachóras bonneagar taighde a dhaingniú agus a thabhairt chun barr feabhais trí chuíchóiriú a dhéanamh ar angcleachtas faireacháin i gcás mhórthionscadail ESFRI agus i gcás bonneagair thaighde uile-Eorpacha eile agus comhaontuithe seirbhíse, éabhlóidí, cumaisc, cumhdach uile-Eorpach nó díchoimisiúnú bonneagar taighde uile-Eorpach a éascú;
– An Néal Eorpach maidir leis an Eolaíocht Oscailte, lena n-áirítear: inscálaitheacht agus inbhuanaitheacht an bhealaigh rochtana; i gcomhar leis na Ballstáit agus leis na tíortha comhlachaithe acmhainní Eorpacha, náisiúnta, réigiúnacha agus institiúideacha a chónaidhmiú ar bhealach éifeachtach; a éabhlóid theicniúil agus bheartais chun dul i ngleic le riachtanais agus ceanglais nua taighde (e.g. tacair sonraí íogaire a úsáid, príobháideachas trí dhearadh); idir-inoibritheacht sonraí agus comhlíonadh phrionsabail FAIR; agus bonn leathan úsáideoirí;
– An líonra taighde agus oideachais uile-Eorpach lena gcuirtear bunsraith faoi EOSC agus EDI agus trínar féidir seirbhísí ríomhaireachta ardfheidhmíochta/sonraí a sheachadadh i dtimpeallacht néalbhunaithe atá in ann dul i ngleic le tacair sonraí ollmhóra agus le próisis ollmhóra ríomhaireachta.
3.2.2. Bonneagair Thaighde a Oscailt, a Chomhtháthú agus a Idirnascadh
Cuirfear feabhas ar chreat an taighde trí oscailteacht bonneagar taighde idirnáisiúnta, náisiúnta agus réigiúnach a áirithiú le haghaidh na dtaighdeoirí Eorpacha uile agus trína seirbhísí a chomhtháthú nuair is gá, ionas go ndéanfar dálaí rochtana a chomhchuibhiú, soláthar seirbhísí a fheabhsú agus a mhéadú agus straitéis forbartha chomhchoiteann a spreagadh i leith comhpháirteanna ardteicneolaíochta agus ardseirbhísí trí ghníomhaíochtaí nuálacha.
Réimsí Ginearálta
– Líonraí lena dtugtar cisteoirí náisiúnta agus réigiúnacha bonneagar taighde le chéile chun rochtain thrasnáisiúnta taighdeoirí a chomhchistiú;
– Líonraí de bhonneagair thaighde uile-Eorpacha, náisiúnta agus réigiúnacha lena dtugtar aghaidh ar dhúshláin dhomhanda chun rochtain a thabhairt do thaighdeoirí mar aon le seirbhísí na mbonneagar taighde a chomhchuibhiú agus a fheabhsú.
3.2.2a Acmhainneacht nuálaíochta Bonneagar Taighde Eorpach agus gníomhaíochtaí i leith Nuálaíochta agus Oiliúna
Chun an nuálaíocht a spreagadh sna ▌bonneagair thaighde féin agus i dtionscail, déanfar comhar T&F leis an lucht tionscail a chothú chun acmhainneachtaí Aontais agus éileamh ar sholáthar tionsclaíoch a fhorbairt i réimsí ardteicneolaíochta ▌amhail ionstraimíocht eolaíoch ▌. Sa bhreis air sin, spreagfar an lucht tionscail chun bonneagair thaighde a úsáid, e.g. mar shaoráidí tástála turgnamhaí nó mar lárionaid eolasbhunaithe. Chun bonneagair thaighde a fhorbairt agus a shaothrú, beidh gá le scileanna iomchuí a bheith ag a mbainisteoirí, ag a dtaighdeoirí, ag a n-innealtóirí agus ag a dteicneoirí, mar aon le húsáideoirí. Chun na críche sin, le cistiú ón Aontas, tacófar le hoiliúint a chur ar fhoirne a dhéanann bonneagair thaighde, lena ngabhann leas uile-Eorpach, a bhainistiú agus a fheidhmiú, le malartú foirne agus dea-chleachtas idir saoráidí, agus soláthar leormhaith acmhainní daonna i bpríomhdhisciplíní, lena n-áirítear teacht chun cinn curaclam sonrach oideachais. Déanfar sineirgí le gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie a spreagadh.
Réimsí Ginearálta
– Líonraí comhtháthaithe de bhonneagair thaighde le haghaidh straitéis/treochlár comhchoiteann a ullmhú agus a chur chun feidhme i gcomhair forbairt agus ionstraimíocht theicneolaíoch;
– oiliúint a chur ar fhoirne a dhéanann bonneagair thaighde, lena ngabhann leas uile-Eorpach, a bhainistiú agus a fheidhmiú.
3.2.2b An beartas Eorpach maidir le Bonneagar Taighde agus an Comhar Idirnáisiúnta a atreisiú
Tá gá le tacaíocht chun go mbeidh lucht déanta beartais, comhlachtaí cistiúcháin nó grúpaí comhairleacha amhail ESFRI ag obair as lámha a chéile chun straitéis fhadtéarmach Eorpach chomhleanúnach agus inbhuanaithe i leith bonneagair thaighde a fhorbairt agus a chur chun feidhme.
Ar an gcaoi chéanna, tríd an gcomhar straitéiseach idirnáisiúnta a chumasú, neartófar seasamh na mbonneagar taighde Eorpach ar an leibhéal idirnáisiúnta, lena n-áiritheofar an líonrú domhanda ▌, an idir-inoibritheacht agus an rochtain a bheidh acu.
Réimsí Ginearálta
– Suirbhé, faireachán agus measúnú a dhéanamh ar bhonneagair thaighde ar leibhéal AE, mar aon le staidéir bheartais, cumarsáid agus gníomhaíochtaí oiliúna, gníomhaíochtaí straitéiseacha um chomhar idirnáisiúnta i leith bonneagair thaighde, agus gníomhaíochtaí sonracha comhlachtaí beartais agus comhairleacha ábhartha.
COLÚN II
DÚSHLÁIN DHOMHANDA AGUS IOMAÍOCHAS TIONSCLAÍOCH NA hEORPA
▌ Tá mórán dúshlán le sárú ag AE, ar dúshláin dhomhanda roinnt díobh ▌chomh maith. Is ábhalmhór iad méid agus castacht na bhfadhbanna, ▌ agus is gá dul i ngleic leo go comhpháirteach agus in éineacht leis sin tá gá le acmhainní daonna leormhaithe, cuí-oilte agus oilte leis an líon iomchuí acmhainní airgeadais agus le hiarracht chomhréireach chun teacht ar réitigh. Is iad sin go beacht na réimsí ina gcaithfidh an tAontas Eorpach obair as lámha a chéile; go cliste, go solúbtha, go comhshnaidhmthe chun sochair agus chun tairbhe ár saoránach uile.
Is mó tionchar a bheidh ann ach gníomhaíochtaí a ailíniú le náisiúin agus le réigiúin eile ar fud an domhain faoi chuimsiú ▌an comhair idirnáisiúnta ar aon dul lena bhfuil i gClár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe agus sna Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus i gcomhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide. Agus an comhleas mar bhunús leis, iarrfar ar chomhpháirtithe ar fud an domhain oibriú i gcomhar le hiarrachtaí AE mar dhlúthchuid den taighde agus den nuálaíocht le haghaidh forbairt inbhuanaithe.
Tá an taighde agus an nuálaíocht ina bpríomhspreagthaí don fhás inbhuanaithe agus cuimsitheach agus don iomaíochas teicneolaíochta agus tionsclaíoch ▌. Rannchuideoidh siad le réitigh a aimsiú ar fhadhbanna na linne agus ar na fadhbanna a bheidh ann amach anseo, chun an treocht diúltach agus contúirteach lena nasctar an fhorbairt eacnamaíoch▌le húsáid mhéadaitheach acmhainní nádúrtha agus le dúshláin shóisialta atá ag dul i ngéire, a chur ar mhalairt slí chomh tapa agus is féidir. Leis sin, déanfar deiseanna gnó de na dúshláin,a rachaidh ina theannta sin chun sochair go mear don tsochaí.
Rachaidh sé chun tairbhe don Aontas Eorpach a bheith ina úsáideoir agus ina tháirgeoir eolais, teicneolaíochtaí agus tionscal lena léireofar an chaoi a bhféadfaidh an tsochaí agus an geilleagar feidhmiú agus forbairt ach iad a bheith nua-aoiseach, tionsclaíoch, inbhuanaithe, cuimsitheach, cruthaitheach, athléimneach, oscailte agus daonlathach. Maidir leis na samplaí méadaitheacha eacnamaíocha-comhshaoil-sóisialta den rud ▌a bheidh i ngeilleagar inbhuanaithe na todhchaí, déanfar iad a chothú agus cuirfear borradh fúthu, bídís i leith: sláinte agus saol folláin do chách; nó sochaithe athléimneacha, cruthaitheacha agus cuimsitheacha; nó sochaithe a neartófar le slándáil shibhialta; nó soghluaisteacht agus fuinneamh glan a bheidh ar fáil; nó geilleagar agus sochaí dhigitithe; nó tionscal trasdisciplíneach agus cruthaitheach; nó réitigh a bheidh bunaithe ar an spás, ar an bhfarraige nó ar an talamh; nó bithgheilleagar dea-fheidhmiúil, lena n-áirítear réitigh bhia agus cothaithe; úsáid inbhuanaithe acmhainní nádúrtha▌, cosaint an chomhshaoil, maolú an athraithe aeráide agus an oiriúnú dó, ar nithe iad a nginfear rachmas san Eoraip dá mbarr agus lena dtairgfear poist ar cháilíocht níos airde. Beidh fíorthábhacht leis an gclaochlú tionsclaíoch, agus le slabhraí luacha tionsclaíocha nuálacha a fhorbairt san Aontas.
Déanann teicneolaíochtaí nua difear do nach mór gach réimse beartais. I gcás gach teicneolaíochta ar leith, is minic a bhíonn comhcheangal deiseanna sóisialta agus eacnamaíocha ann, deiseanna d’éifeachtúlacht, do cháilíocht agus d’fheabhsú an rialtais, iarmhairtí don fhostaíocht agus don oideachas, ach freisin rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann don tsábháilteacht, don phríobháideachas agus don eitic. Dá bhrí sin, is gá meá comhtháite leasanna, comhar trasearnála agus ceapadh straitéise i leith bheartas na teicneolaíochta.
An taighde agus an nuálaíocht faoin gcolún seo d’Fhís na hEorpa, tá siad ina mbraislí comhtháite, cleamhnaithe fairsinge gníomhaíochtaí. In áit aghaidh a thabhairt ar earnálacha, is é is aidhm do na hinfheistíochtaí ná dul le féith na hinbhuanaitheachta chun athruithe sistéamacha a chur i gcion ar an tsochaí agus ar an ngeilleagar atá againn. Ní bhainfear an méid sin amach ach amháin má ghabhann na gníomhaithe uile, idir ghníomhaithe príobháideacha agus ghníomhaithe poiblí, de thaighde agus de nuálaíocht a chomhdhearadh agus a chomhchruthú; agus úsáideoirí deiridh, eolaithe, teicneolaithe, táirgeoirí, nuálaithe, gnólachtaí, oideoirí, lucht déanta beartais, saoránaigh, agus eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta á dtabhairt le chéile ar an gcuma sin. Dá bhrí sin, níl aon cheann de na ▌braislí beartaithe d’aon chatagóir amháin gníomhaithe agus is trí thionscadail taighde agus nuálaíochta chomhoibríocha, a roghnófar ar bhonn glaonna iomaíocha le haghaidh tograí, a chuirfear na gníomhaíochtaí uile chun feidhme go príomha.
Sa bhreis ar aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda, trí na gníomhaíochtaí sna braislí déanfar, ina theannta sin, eochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin agus eochairtheicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn (bídís ina dteicneolaíochtaí digiteacha nó ná bídís) a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm ▌mar chuid de chomhstraitéis chun ceannaireacht thionsclaíoch agus shóisialta AE a chur chun cinn. I gcás inarb iomchuí, úsáidfear sonraí agus seirbhísí spás-chumasaithe an Aontais Eorpaigh chuige sin. Déanfar leibhéil uile LRT suas go dtí leibhéal 8 a chumhdach sa cholún seo d’Fhís na hEorpa gan dochar do dhlí iomaíochta an Aontais.
Is é a bheidh mar thoradh ar ghníomhaíochtaí go ndéanfar eolas nua a ghiniúint agus réitigh theicneolaíocha agus neamhtheicneolaíocha a fhorbairt, an teicneolaíocht a thabhairt ón tsaotharlann go dtí an margadh agus feidhmchláir a fhorbairt lena n-áirítear línte píolótacha agus léiritheoirí, agus áirítear ar na gníomhaíochtaí sin bearta chun glacadh sa mhargadh a spreagadh agus chun gealltanais a mhealladh ón earnáil phríobháideach agus dreasachtaí i gcomhair gníomhaíochtaí caighdeánaithe san Aontas. Is gá mais chriticiúil taighdeoirí agus tionscal Eorpach i gcomhair teicneolaíochtaí chun go dtiocfaidh astu go mbunófar éiceachórais cheannródaíocha, lena n-áirítear bonneagair theicneolaíochtaúrscothacha e.g. le haghaidh tástála. Déanfar sineirgí le codanna eile d’Fhís na hEorpa agus de EIT, mar aon le cláir eile a uasmhéadú.
De bharr na mbraislí, tiocfaidh nuálaíocht úrnua ar an bhfód go tapa san Aontas Eorpach, trí bhíthin réimse leathan gníomhaíochtaí leabaithe, lena n-áirítear cumarsáid, scaipeadh agus saothrú, caighdeánú, chomh maith le tacaíocht don nuálaíocht neamhtheicneolaíoch agus do shásraí seachadta nuálacha, lena gcuideofar le dálaí margaidh, sochaíocha agus rialála a chruthú, a mbeidh luí le nuálaíocht iontu, amhail na comhshocruithe nuálaíochta. Bunófar píblínte a mbeidh réitigh éagsúla le baint astu, ar réitigh iad arna dtionscnamh as gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta, agus spriocdhíreofar na réitigh sin ar infheisteoirí poiblí agus príobháideacha, agus ar chláir ábhartha eile AE agus náisiúnta nó réigiúnacha. Forbrófar sineirgí leis an tríú colún d’Fhís na hEorpa ina leith sin.
Tá fíorthábhacht leis an gcomhionannas inscne chun fás eacnamaíoch inbhuanaithe a bhaint amach. Dá bhrí, tá sé tábhachtach go ndéanfaí an ghné inscne a chomhtháthú i ngach dúshlán domhanda.
1. BRAISLE ‘SLÁINTE’
1.1. An Réasúnaíocht
Dearbhaítear i gColún AE um Chearta Sóisialta go bhfuil sé de cheart ag gach duine rochtain thráthúil a fháil ar chúram sláinte inacmhainne, coisctheach agus leigheasach atá sábháilte agus ar ardcháilíocht. Is dearbhú atá sa mhéid sin ar ghealltanas an Aontais Eorpaigh do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe lena n-éilítear go mbeadh cumhdach uilíoch sláinte ann do gach duine agus do dhaoine i ngach aois faoi 2030, gan aon duine a fhágáil ar leataobh, agus lena gcuirfear deireadh leis an mbás inchoiscthe.
Is den fhíorthábhacht é go mbeadh an daonra folláin chun go mbeadh sochaí chobhsaí, inbhuanaithe agus chuimsitheach ann, agus tá feabhsuithe sláinte ríthábhachtach i ndáil leis an mbochtaineacht a laghdú, i ndáil le dul i ngleic le sochaí na hEorpa atá ag dul in aois, i ndáil le dul chun cinn agus rachmas sóisialta a chothú, agus i ndáil le borradh a chur faoin bhfás eacnamaíoch. De réir ECFE, áit a mbíonn fás eacnamaíoch 0.3-0.4 % in aghaidh na bliana ann, bítear ag súil le ▌feabhas 10 % breise ar an ionchas saoil. Ó bunaíodh an tAontas Eorpach, tá méadú 12 bhliain ar ionchas saoil na ndaoine ann, a bhuí leis na feabhsuithe ollmhóra ar cháilíocht saoil, comhshaoil, oideachais, sláinte agus cúram sláinte na ndaoine ann. In 2015, ba é 80.6 bliana an t-ionchas saoil foriomlán tráth breithe in AE i gcomparáid le 71.4 bliana ar bhonn domhanda. Le blianta beaga anuas, tá méadú 3 mhí in aghaidh na bliana air sin san Aontas Eorpach ar an meán. Cé is moite de na feabhsuithe sin, is féidir difríochtaí sóisialta agus inscne-shonracha san ionchas saoil a shonrú idir grúpaí sonracha agus ar fud thíortha na hEorpa.
Bhí ról nach beag ag an taighde ▌an tsláinte agus an nuálaíocht i ndáil leis an méid sin a bhaint amach, ach, chomh maith leis sin, i ndáil leis an táirgiúlacht agus an cháilíocht i dtionscal na sláinte agus an chúraim a fheabhsú. Tá seandúshláin ann san Aontas Eorpach, áfach, agus dúshláin nua, agus dúshláin atá ag teacht chun cinn, agus bagairt iontu dá chuid saoránach agus don tsláinte phoiblí, agus bagairt d’inbhuanaitheacht na gcóras sláinte agus cosanta sóisialta, agus d’iomaíochas thionscal na sláinte agus na gcúram. Áirítear na nithe seo a leanas ar na dúshláin mhóra don tsláinte san Aontas Eorpach: inrochtaineacht agus inacmhainneacht sláinte agus cúraim; easpa bealaí éifeachtacha leis an tsláinte a chur chun cinn, agus bealaí le galair a chosc; teacht i réim na ngalar neamhtheagmhálach; an líon cásanna d’ailse a bheith ag dul i méid; méadú ar mheabhairghalair; méadú na frithsheasmhachta in aghaidh drugaí frithmhiocróbacha agus teacht chun cinn eipidéimí ionfhabhtaíocha; méadú ar thruailliú an chomhshaoil; buaine na n-éagothromaíochtaí sláinte i measc tíortha faoi leith agus laistigh díobh ▌, arb éagothromaíochtaí iad a bhfuil difear míréireach á dhéanamh acu do dhaoine atá faoi mhíbhuntáiste nó atá i dtráth leochaileach dá saol; rioscaí sláinte, lena n-áirítear gnéithe a bhaineann leis an mbochtaineacht, a bhrath, a thuiscint, a smachtú, a chosc agus a mhaolú i timpeallacht shóisialta, uirbeach, tuaithe agus nádúrtha atá ag athrú go tapa; an t-athrú déimeagrafach, lena n-áirítear saincheisteanna a bhaineann le haosú, agus na costais mhéadaitheacha do chórais cúraim sláinte Eorpacha▌ agus an brú méadaitheach atá ar thionscal sláinte agus cúraim na hEorpa leanúint de bheith iomaíoch sa nuálaíocht sláinte, agus trí nuálaíocht sláinte a fhorbairt, vis-à-vis ▌gníomhaithe domhanda atá ag teacht chun cinn. Sa bhreis air sin, d’fhéadfadh an éiginnteacht i leith vacsaíní cumhdach imdhíonta a laghdú i measc pobail áirithe daonra.
Tá na dúshláin sláinte sin casta, idirnasctha agus de chineál domhanda, agus tá gá le comhar ildisciplíneach, teicniúil agus neamhtheicniúil, trasearnálach agus trasnáisiúnta chun dul i ngleic leo. Mar thoradh ar ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta, cruthófar dlúthcheangal idir an taighde fionnachtana, cliniciúil, aistritheach eipidéimeolaíochta, eiticiúil, comhshaoil agus socheacnamaíoch, mar aon le dlúthcheangal le heolaíochtaí rialála. Leis na gníomhaíochtaí sin, tabharfar aghaidh ar riachtanais chliniciúla nach bhfuil freastal déanta orthu amhail mar shampla galair neamhchoitianta nó galair ar deacair iad a chóireáil (ailsí, amhail ailse phéidiatrach agus ailse scamhóg). Leis na gníomhaíochtaí sin, bainfear leas as comhscileanna lucht an léinn, cleachtóirí, comhlachtaí rialála agus na tionsclaíochta, agus cothófar a gcomhar le seirbhísí sláinte, le seirbhísí sóisialta, le hothair, le lucht déanta beartais agus le saoránaigh chun an cistiú poiblí a ghiaráil agus chun glacadh torthaí a áirithiú sa chleachtas cliniciúil agus i gcórais cúraim sláinte, agus acmhainneachtaí na mBallstát maidir le heagrú agus maoiniú a gcóras sláinte á gcur san áireamh. Bainfear leas iomlán as taighde ceannródaíoch géanómaíoch agus as taighde ceannródaíoch ilómaíoch eile, mar aon le tabhairt isteach, ar bhonn céimneach, cur chuige leighis phearsantaithe, atá ábhartha chun aghaidh a thabhairt ar iliomad galar neamhthógálacha agus ar an digitiú sa tsláinte agus sa chúram sláinte.
Trí thaighde agus nuálaíocht cothófar comhoibriú straitéiseach ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus ar an leibhéal idirnáisiúnta, chun comhthiomsú a dhéanamh ar an saineolas, na hacmhainneachtaí agus na hacmhainní is gá le raon feidhme, luas agus barraineachtaí scála a chruthú, ▌agus chomh maith le sineirgí a shaothrú, dúbailt iarrachta a sheachaint agus an tairbhe a mheastar a bheidh orthu a roinnt, agus dul faoi scáth na rioscaí airgeadais le chéile. Déanfar sineirgí sa taighde sláinte agus sa nuálaíocht i bhFís na hEorpa a chur chun cinn, go háirithe an tSraith Sláinte faoi chuimsiú Chiste Sóisialta na hEorpa+.
A bhuí le réitigh dhigiteacha sláinte, tá a lán deiseanna ann chun fadhbanna na seirbhisí cúraim a réiteach agus chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna eile atá ag teacht chun cinn maidir le sochaí atá ag dul in aois. Ba cheart leas iomlán a bhaint as na deiseanna is féidir a bheith ann mar gheall ar an digitiú sa tsláinte agus sa chúram sláinte gan an ceart chun príobháideachais agus chun cosanta sonraí a chur i mbaol. Forbraíodh gairis agus bogearraí digiteacha chun breoiteacht othar, lena n-áirítear galair ainsealacha, a dhiagnóisiú agus a chóireáil agus chun féinbhainistiú na breoiteachta sin a éascú. Ina theannta sin, níos mó ná riamh, tá feidhm á baint as teicneolaíochtaí digiteacha san oiliúint agus san oideachas liachta agus chun go bhféadfaidh othair agus tomhaltóirí eile cúraim sláinte faisnéis sláinte a rochtain, a roinnt agus a chruthú.
Leis na gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a bhaineann leis an dúshlán domhanda sin, forbrófar an dúshraith eolais, saothrófar eolas agus teicneolaíochtaí atá ann cheana, comhdhlúthófar agus cruthófar an acmhainneacht taighde agus nuálaíochta agus forbrófar na réitigh is gá chun an tsláinte a chur chun cinn ar bhealach níos éifeachtaí agus chun cosc comhtháite, diagnóis, faireachán, cóireáil, athshlánú agus leigheas galar mar aon le cúram (fadtéarmach agus maolaitheach) a chur chun cinn freisin. Déanfar moltaí le haghaidh gníomhaíochta de thoradh an taighde agus cuirfear na geallsealbhóirí ábhartha ar an eolas ina dtaobh. Is é a bheidh mar thoradh ar thorthaí sláinte níos fearr go mbeidh follaíne agus ionchas saoil méadaithe ann, go gcaithfear saol gníomhach sláintiúil, go bhfeabhsófar cáilíocht an tsaoil agus táirgiúlacht ▌, go mbeidh blianta breise sláinte ag daoine agus inbhuanaitheacht córas sláinte agus cúram sláinte. I gcomhréir le hAirteagail 14 agus 15 den Rialachán agus leis an gCairt um Chearta an Duine agus le Prionsabail Bhunúsacha, tabharfar aird ar leith ar eitic, ar chosaint dínit an duine, ar ghnéithe inscne agus eitneacha agus ar riachtanais daoine atá faoi mhíbhuntáiste agus daoine leochaileacha.
Trí aghaidh a thabhairt ar mhórdhúsláin sláinte, tabharfar tacaíocht do ghealltanas AE do Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe, agus do chláir oibre i gcomhthéacs eagraíochtaí agus tionscnaimh eile de chuid na Náisiún Aontaithe, lena n-áirítear straitéisí domhanda agus pleananna gníomhaíochta na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS). Rannchuideoidh sé sin le spriocanna beartais agus straitéisí an Aontais Eorpaigh, go háirithe le Colún an Aontais maidir le Cearta Sóisialta, le Margadh Digiteach Aonair an Aontais Eorpaigh, le Treoir an Aontais Eorpaigh maidir le cúram sláinte trasteorann, agus le Plean Gníomhaíochta AE don Aon Sláinte Amháin i gcoinne frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha, agus le creataí rialála ábhartha an Aontais a chur chun feidhme.▌
Beidh rannchuidiú sna gníomhaíochtaí do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFInna) seo a leanas, go háirithe: SFI 3 – Sláinte Mhaith agus Saol Folláin do na Daoine; SFI 13 – Gníomhú ar son na hAeráide.
1.2. Réimsí Idirghabhála
1.2.1. Sláinte ó Thús Saoil go Deireadh Saoil
Daoine atá i dtráth saoil a fhágann leochaileach iad (imbhreith, breith, blianta an linbh, leanbaíocht, blianta an déagóra, toircheas, aosacht aibí agus aosacht dhéanach), lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas nó daoine atá gortaithe, tá riachtanais sláinte ar leith acu ar gá breis tuisceana a léiriú ina dtaobh agus réitigh shaincheaptha a fháil orthu, agus gnéithe inscne agus eiticiúla á gcur san áireamh. Dá bharr sin, beifear in ann na héagothromaíochtaí i gcúrsaí sláinte a laghdú, agus an toradh a bhíonn ar an gcúram sláinte a fheabhsú chun sochair d’aosú gníomhach sláintiúil ó thús go deireadh saoil, lena n-áirítear trí thús sláintiúil saoil agus réim bia lena laghdófar an baol go mbeidh galair intinne nó galair fhisiciúla orthu níos faide anonn sa saol. Cuirfear tréithe pobal sonrach san áireamh i ndáil le cosc agus craobhscaoileadh.
Réimsí Ginearálta
– Tuiscint a fháil ar an luathfhorbairt agus ar aosú ó thús go deireadh an tsaoil;
– sláinte réamhbhreithe agus nuabheirthe, sláinte na máthar, sláinte an athar, sláinte an naíonáin agus sláinte an linbh mar aon le ról na dtuismitheoirí, an teaghlaigh agus na n-oideoirí;
– Riachtanais sláinte déagóirí, lena n-áirítear tosca lena n-imrítear tionchar ar an meabhairshláinte;
– An tionchar a bhíonn ag an míchumas nó ag gortuithe ar an tsláinte;
– Taighde ar bhearta chun athshlánú a bheartú, a chur chun feidhme agus a fhaire ó thús go deireadh saoil agus go háirithe clár luath aonair athshlánaithe do leanaí a bhfuil paiteolaíochtaí míchumais orthu;
– Aosú sláintiúil, saol neamhspleách agus gníomhach, lena n-áirítear rannpháirtíocht shóisialta do dhaoine scothaosta agus/nó do dhaoine faoi mhíchumas;
– Oideachas sláinte agus ▌feasacht maidir leis an tsláinte, lena n-áirítear cúrsaí digiteacha.
1.2.2. Tosca Sláinte Sóisialta agus Comhshaoil
Má bhíonn feabhas ar an tuiscint atá ann ar na nithe a théann i gcion ar an tsláinte agus ar na tosca riosca arb ann dóibh bunaithe ar an timpeallacht shóisialta, chultúrtha, eacnamaíoch agus fhisiciúil i ngnáthshaol an duine agus san áit oibre, lena n-áirítear tionchar sláinte na digiteachta, shoghluaisteacht na ndaoine (amhail imirce agus taisteal), an truaillithe, an chothaithe, an athraithe aeráide agus saincheisteanna comhshaoil eile, rannchuideofar le rioscaí agus bagairtí sláinte a shainaithint, a chosc agus a mhaolú; le laghdú a dhéanamh ar bhás agus ar bhreoiteacht de dheasca nochtadh do cheimiceáin agus de dheasca thruailliú an chomhshaoil; le tacaíocht a thabhairt do thimpeallachtaí oibre agus saoil sábháilte, nach bhfuil díobhálach don chomhshaol, sláintiúil, athléimneach agus inbhuanaithe; le stíl mhaireachtála agus nósmhaireacht tomhaltais shláintiúil a chur chun cinn; agus le sochaí chothrom, chuimsitheach agus iontaofa a fhorbairt. Beidh an méid sin bunaithe freisin ar chohóirt daonra-bhunaithe, ar bhithfhaireachán daonna agus ar staidéir eipidéimeolaíochta.
Réimsí Ginearálta
– Teicneolaíochtaí agus modheolaíochtaí chun na nithe seo a leanas a mheas: guaiseacha; nochtadh ar cheimiceáin agus tionchar na gceimiceán ar an tsláinte, truailleáin laistigh agus lasmuigh agus strusairí eile a bhaineann leis an athrú aeráide, leis an áit oibre, leis an stíl mhaireachtála nó leis an gcomhshaol agus éifeachtaí comhcheangailte an iliomad strusairí;
– Tosca comhshaoil, ceirde, socheacnamaíocha, cultúrtha, géiniteacha agus iompraíochta a imríonn tionchar ar shláinte fhisiciúil, ar mheabhairshláinte agus ar fholláine daoine agus ar an idirghníomhaíocht eatarthu, agus aird ar leith ar dhaoine leochaileacha agus ar dhaoine faoi mhíchumas, ar shaincheisteanna a bhaineann go sonrach le haois agus le hinscne i gcás inarb ábhartha, agus lena n-áirítear an tionchar ar an tsláinte de bharr dearadh foirgneamh, táirgí agus seirbhísí;
– Measúnú riosca, bainistíocht agus cumarsáid, arna dtacú le cineálacha cur chuige trasdisciplíneacha, i gcás inarb ábhartha, agus uirlisí feabhsaithe i gcomhair cinnteoireacht fhianaise-bhunaithe, lena n-áirítear tástáil ainmhithe a ionadú agus roghanna malartacha uirthi;
– An acmhainneacht agus na bonneagair chun sonraí maidir leis na tosca sláinte uile a bhailiú, a chomhroinnt, a úsáid, a athúsáid agus a chomhthiomsú go slán, lena n-áirítear nochtadh don duineagus a nasc le bunachair sonraí maidir le paraiméadair comhshaoil, stíleanna maireachtála, stádas sláinte, agus galair, a áirithiú ar leibhéal AE agus ar an leibhéal idirnáisiúnta;
– Cur chun cinn na sláinte, agus bearta idirghabhála faoi choinne cosc príomhúil, lena n-áirítear gnéithe ceirde.
1.2.3. Galair Neamhthógálacha agus Galair Thearca
Is mór an dúshlán atá i ngalair neamhthógálacha, lena n-áirítear ailse agus galair thearca, don tsláinte agus don tsochaí agus éilítear tuiscint fheabhsaithe agus tacsanomaíocht, mar aon le saghsanna cur chuige níos éifeachtaí ▌, lena n-áirítear leigheas pearsantaithe (ar a dtugtar “leigheas ardchruinnis” freisin) i ndáil le cosc, diagnóis, faireachán, cóireáil, athshlánú agus leigheas mar aon le tuiscint ar ilghalrachtaí.
Réimsí Ginearálta
– Tuiscint ar na sásraí atá mar bhonn le forbairt galar neamhthógálach, lena n-áirítear galair Chardashoithíocha;
– Staidéir fhadaimseartha daonra chun tacú leis an tuiscint ar pharaiméadair sláinte agus galar agus chun cuidiú le daonraí a shrathú mar thacaíocht d’fhorbairt míochaine coiscthí;
– Uirlisí agus teicnící diagnóise le haghaidh diagnóis níos luaithe agus níos cruinne agus le haghaidh cóireáil thráthúil atá curtha in oiriúint don othar, lenar féidir srian a chur ar an ngalar nó a dhul chun cinn a aisiompú;
– Cláir ghalarchoisc agus scagthástála, i gcomhréir le moltaí EDS, na Náisiún Aontaithe agus AE, nó ag dul níos sia ná iad;
– Réitigh chomhtháite don fhéinfhaireachán, do chur chun cinn na sláinte, do ghalarchosc agus do bhainistiú na dtinneas ainsealach agus na n-ilghalar, lena n-áirítear galair néarmheathlúcháin agus galair chardashoithíocha;
– Cóireálacha,▌leigheas nó idirghabhálacha eile teiripeacha, idir chóireáil cógaseolaíochta agus neamhchógaseolaíochta;
– An cúram maolaitheach;
– Réimsí nach bhfuil freastal á dhéanamh ar riachtanais chliniciúla iontu amhail ailsí tearca, lena n-áirítear ailsí péidiatraiceacha;
– Measúnú ar éifeachtacht inchomparáide idirghabhálacha agus réiteach, lena n-áirítear bunaithe ar Shonraí i bhFíordhálaí Domhanda;
– Taighde maidir le cur chun feidhme chun idirghabhálacha sláinte a leathnú agus chun tacú lena n-úsáid i mbeartais sláinte agus i gcórais sláinte;
– Taighde a fhorbairt agus faisnéis, cúram agus cóireáil, lena n-áirítear leigheas pearsantaithe, a fheabhsú i gcás galair thearca.
1.2.4. Galair thógálacha, lena n-áirítear galair a bhaineann leis an mbochtaineacht agus galair a ndearnadh faillí iontu
Is ionann daoine a chosaint ar bhagairtí sláinte trasteorann agus mórdhúshlán don tsláinte phoiblí agus dhomhanda agus teastaíonn comhar éifeachtach idirnáisiúnta chuige ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus ar an leibhéal domhanda. Mar chuid de sin beidh tuiscint agus cosc na hullmhachta do luathbhrath ráigeanna agus an freagairt dóibh ó thaobh taighde de, cóireáil agus leigheas galar tógálach, lena n-áirítear galair a bhaineann le bochtaineacht agus galair a ndearnadh faillí iontu agus dul i ngleic freisin leis an bhfrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbach (AMR) bunaithe ar chur chuige ‘Aon Sláinte Amháin’.
Réimsí Ginearálta
– Tuiscint ar shásraí a bhaineann le hionfhabhtú;
– Spreagthaí theacht chun cinn nó theacht chun cinn athuair galar tógálach, agus scaipeadh na ngalar sin, lena n-áirítear tarchur galair ó ainmhithe go daoine (zónóis), nó ó chodanna eile den chomhshaol (uisce, ithir, plandaí, bia) go daoine, mar aon le tionchar an athraithe aeráide agus éabhlóidí éiceachóras ar dhinimic galar tógálach;
– Tuar, luathbhrath agus mearbhrath, rialú agus faireachas galar tógálach, ▌ionfhabhtuithe a bhaineann le cúram sláinte agus tosca a bhaineann leis an gcomhshaol;
– An comhrac in aghaidh na frithsheasmhachta i gcoinne ábhair fhrithmhiocróbacha, lena n-áirítear eipidéimeolaíocht, cosc, diagnóis, mar aon le forbairt frithmhiocróbán agus vacsaíní nua;
– Vacsaíní, lena n-áirítear teicneolaíochtaí i dtaca le hardáin vacsaíní, modhanna diagnóise, cóireálacha agus leigheas ar ghalair thógálacha, lena n-áirítear comhghalrachtaí agus comhionfhabhtuithe;
– Aghaidh a thabhairt ar ghlacadh íseal vacsaíní, an éiginnteacht i leith vacsaíní a thuiscint agus an mhuinín as vacsaíní a fhorbairt;
– Réamhullmhú éifeachtach d’éigeandálaí sláinte, bearta agus straitéisí freagartha agus téarnaimh a mbeidh lámh ag na pobail iontu, agus a gcomhordú ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal AE;
– Na bacainní ar chur chun feidhme agus ar ghlacadh le hidirghabhálacha leighis sa chleachtas cliniciúil agus sa chóras cúraim sláinte araon;
– Na gnéithe trasteorann a bhaineann le galair thógálacha agus na dúshláin ar leith atá ann i dtíortha íseal-ioncaim agus meán-ioncaim (LMICanna), amhail SEIF, eitinn agus galair thrópaiceacha, lena n-áirítear maláire, a mhéid a bhaineann le sreafaí imirce chomh maith agus le soghluaisteacht mhéadaithe an duine, i gcoitinne.
1.2.5. Uirlisí, Teicneolaíochta agus Réitigh Dhigiteacha don tSláinte agus don Chúram, lena n-áirítear leigheas pearsantaithe
Tá teicneolaíochta agus uirlisí sláinte fíorthábhachtach don tsláinte phoiblí, agus rannchuidigh siad go mór leis an bhfeabhas tábhachtach ar cháilíocht saoil, ar shláinte agus ar chúram na ndaoine in AE. Dá bhrí sin, is príomhdhúshlán straitéiseach atá ann uirlisí agus teicneolaíochtaí oiriúnacha, iontaofa, sábháilte, so-úsáidte agus costéifeachtacha don tsláinte agus don chúram a dhearadh, a fhorbairt, a chur ar fáil▌, a chur chun feidhme agus a mheas, agus aird chuí á tabhairt ar riachtanais daoine faoi mhíchumas agus na sochaí atá ag dul in aois. Áirítear orthu sin eochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin ó bhithábhair nua go dtí an bhiteicneolaíocht mar aon le modhanna aonchille, cur chuige ilómaíoch agus cur chuige córasach leighis, intleacht shaorga agus teicneolaíochtaí digiteacha eile, a bhfuil feabhsuithe móra le baint astu thar a bhfuil ann faoi láthair, agus lena spreagfar tionscal sláinte iomaíoch agus inbhuanaithe ina gcruthófar poist ar ardluach. Tá an tionscal sláinte san Eoraip ar cheann de na hearnálacha eacnamaíocha is tábhachtaí san Aontas Eorpach, agus is ionann é 3 % den OTI, agus tá 1.5 milliún duine fostaithe ann. Is gá go mbeadh na geallsealbhóirí ábhartha rannpháirteach a luaithe is féidir, agus déanfar an ghné neamhtheicneolaíoch a chur san áireamh, chun inghlacthacht teicneolaíochtaí, modheolaíochtaí agus uirlisí nua a áirithiú. Áirítear ar an méid sin saoránaigh, soláthraithe cúraim sláinte agus gairmithe.
Réimsí Ginearálta
– Uirlisí agus teicneolaíochtaí le haghaidh na gclár atá i bhfeidhm i speictream na sláinte ar fad, agus aon tásca ábhartha leighis, an bac feidhme, cuir i gcás;
– Uirlisí comhtháite, teicneolaíochtaí, gairis leighis, íomháú míochaine, biteicneolaíocht, nanaimhíochaine agus ardteiripí (lena n-áirítear teiripe cheallach agus géinteiripe), agus réitigh dhigiteacha i leith shláinte an duine agus cúraim, lena n-áirítear intleacht shaorga, réitigh shoghluaiste agus an teileashláinte, agus aghaidh á tabhairt, ag an am céanna, nuair is ábhartha, ar chostéifeachtúlacht gnéithe táirgthe ag céim luath (chun céim na tionsclaíochta agus ionchas na nuálaíochta a bheith ina táirge inacmhainne íocshláinte a bharrfheabhsú);
– Píolótú, imlonnú forleathan, optamú, agus an nuáil i soláthar teicneolaíochtaí sláinte agus cúraim agus uirlisí i gcomhthéacsanna réalaíocha lena n-áirítear trialacha cliniciúla, taighde maidir le cur chun feidhme lena n-áirítear diagnóisic bunaithe ar leigheas pearsantaithe;
– Próisis agus seirbhísí nuálacha chun uirlisí agus teicneolaíochtaí don tsláinte agus don chúram a fhorbairt, a mhonarú agus a sheachadadh go mear;
– Sábháilteacht, éifeachtúlacht, costéifeachtacht, idir-inoibritheacht agus cáilíocht uirlisí agus teicneolaíochtaí don tsláinte agus don chúram mar aon leis an tionchar eiticiúil, dlíthiúil agus sóisialta a ghabhann leo, lena n-áirítear saincheisteanna maidir le hinghlacthacht shóisialta;
– An eolaíocht rialála agus caighdeáin le haghaidh teicneolaíochtaí agus uirlisí sláinte agus cúraim;
– Bainistiú sonraí leighis, lena n-áirítear idir-inoibritheacht sonraí, comhtháthú, modhanna anailíseacha agus léirshamhlaithe, próisis chinnteoireachta, forás na hintleachta saorga, mianadóireacht sonraí, teicneolaíochtaí mórshonraí, bithfhaisnéisíocht agus teicneolaíochtaí ríomhaireachta ardfheidhmíochta chun leigheas pearsantaithe a chothú, lena n-áirítear cosc, agus chun an t-aistear sláinte a bharrfheabhsú.
1.2.6. Córais Chúraim Sláinte
Tá córais sláinte ar phríomhshóchmhainní chórais shóisialta an Aontais Eorpaigh iad, agus in 2017 bhí 24 mhilliún duine fostaithe in earnáil na sláinte agus na hoibre sóisialta. Tá sé ina phríomhthosaíocht do na Ballstáit córais sláinte a dhéanamh sábháilte agus slán, inrochtana do chách, comhtháite, costéifeachtach, athléimneach, inbhuanaithe agus iontaofa trí bhíthin seirbhísí tráthúla agus ábhartha, mar aon le héagothromaíochtaí a laghdú, lena n-áirítear trí leas iomlán a bhaint as acmhainneacht na nuálaíochta sonraí-bhunaithe agus digití le haghaidh cúram sláinte níos fearr agus cúram duineláraithe níos fearr lena gcuirtear le bonneagair sonraí Eorpacha oscailte agus sábháilte. A bhuí le deiseanna nua amhail imlonnú 5G, coincheap an ‘chúpla dhigitigh’ agus Idirlíon na Rudaí Nithiúla déanfar claochlú digiteach na sláinte agus an chúraim a chur chun cinn.
Réimsí Ginearálta
– Tacaíocht a thabhairt don bhonn eolais d’athchóirithe i gcórais sláinte agus i mbeartais sláinte san Eoraip agus níos faide i gcéin;
– Samhlacha agus modhanna nua don tsláinte agus don chúram, lena n-áirítear cur chuige bunaithe ar leigheas pearsantaithe, gnéithe bainistíochta agus eagrúcháin, agus a n-inaistritheacht nó a n-oiriúnú ó thír/réigiún go chéile;
– An measúnú teicneolaíochta sláinte a fheabhsú;
– An éabhlóid a thiocfaidh ar an bhfreagairt don éagothromaíocht i gcúrsaí sláinte agus ar na beartais éifeachtacha;
– Fórsa saothair na sláinte sa todhchaí, agus na riachtanais a bheidh aige, lena n-áirítear scileanna digiteacha;
– Feabhas a chur ar fhaisnéis sláinte thráthúil, inmhuiníne, sábháilte agus iontaofa agus ar úsáid/athúsáid sonraí sláinte, lena n-áirítear taifid leictreonacha sláinte, agus aird chuí ar chosaint sonraí, lena n-áirítear faisnéis a mhí-úsáid a bhaineann le stíl phearsanta mhaireachtála agus le sláinte, ar shlándáil, ar inrochtaineacht, ar idir-inoibritheacht, ar chaighdeáin, ar inchomparáideacht, agus ar shláine;
– Athléimneacht na gcóras sláinte i ndáil le tionchar géarchéimeanna agus nuálaíocht shuaiteach a sheasamh;
– Réitigh i ndáil le cumhachtú saoránach agus othar, le féinfhaireachán, agus leis an idirghníomhú le gairmithe sláinte agus cúraim shóisialta, le haghaidh cúram níos comhtháite agus cur chuige úsáideoir-lárnach, agus aird á tabhairt ar rochtain chomhionann;
– Sonraí, faisnéis, eolas agus dea-chleachtas ó thaighde ar na córais sláinte ar leibhéal AE agus ar fud an domhain, lena gcuirtear le heolas agus bunachair sonraí atá ann cheana.
2. BRAISLE ‘CULTÚR, CRUTHAITHEACHT AGUS ▌SOCHAÍ CHUIMSITHEACH’
2.1. An Réasúnaíocht
Is éard atá san Aontas Eorpach ná bealach uathúil leis an bhfás eacnamaíoch a cheangal le spriocanna forbartha inbhuanaithe agus le beartais shóisialta, lena ngabhann leibhéil arda de chuimsiú sóisialta, agus luachanna coiteanna a bhfuil an daonlathas, cearta an duine, an comhionannas inscne agus saibhreas na héagsúlachta cumhdaithe leo. Is múnla í sin a mbíonn síoréabhlóid uirthi, agus i measc na nithe a mbíonn uirthi dul i ngleic leo tá dúshláin a bhaineann leis an domhandú, leis an athrú teicneolaíochta agus le héagothromaíochtaí atá ag dul in olcas.▌
Ní mór don Aontas Eorpach múnla a chur chun cinn don fhás cuimsitheach agus inbhuanaithe, agus toradh a bhaint as tairbhí na bhforás teicneolaíochta chomh maith, agus breis muiníne a ghnóthú sa rialachas daonlathach, agus an nuáil sa rialachas daonlathach a chur chun cinn, oideachas a chothú, comhrac in aghaidh na héagothromaíochta, na dífhostaíochta, an imeallaithe, an idirdhealaithe agus an radacaithe, agus cearta an duine a ráthú, an éagsúlacht chultúrtha agus oidhreacht chultúrtha na hEorpa a chothú, agus saoránaigh a chumhachtú trí bhíthin na nuálaíochta sóisialta. Beidh bainistiú na himirce agus lánpháirtiú na n-imirceach ina saincheisteanna tosaíochta i gcónaí. Tá ról an taighde agus na nuálaíochta bunriachtanach sna ▌heolaíochtaí sóisialta,▌sna daonnachtaí, agus sna dána, agus in earnáil an chultúir agus in earnáil na cruthaitheachta, i ndáil le freagairt do na dúshláin sin agus le spriocanna AE a bhaint amach. Go háirithe, áirítear gnéithe SSH i réimsí idirghabhála uile na braisle seo.
▌
Mar gheall ar mhéid, castacht agus cineál idirghlúine agus trasnáisiúnta na ndúshlán, is gá don Aontas gníomhaíocht ilsrathach a dhéanamh ina leith. Mura ndéanfaí aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna fíorthábhachtacha sóisialta, polaitiúla, cultúrtha agus eacnamaíocha sin ▌ ach ar an leibhéal náisiúnta, tá baol ann gur úsáid neamhéifeachtúil acmhainní, cur chuige ilroinnte, agus caighdeáin éagsúla eolais agus acmhainneachta an toradh a bheadh air.
▌
Na gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta atá sa Dúshlán Domhanda sin, déanfar iad a ailíniú ar an iomlán le tosaíochtaí AE maidir leis an Athrú Daonlathach; Poist, Fás agus Infheistíocht; An Ceartas agus Cearta Bunúsacha; An Imirce; Aontas Airgeadaíochta Níos Doimhne agus Níos Córa; An Margadh Aonair Digiteach. Freagróidh sé do ghealltanas Chlár Oibre na Róimhe le hobair i dtreo na nithe seo a leanas: “Eoraip shóisialta” agus “Aontas ina gcaomhnaítear ár n-oidhreacht chultúrtha agus ina gcuirtear an éagsúlacht chultúrtha chun cinn”. Tacóidh sé le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta chomh maith, agus leis an gComhshocrú Domhanda don imirce shábháilte, ordúil agus rialta. ▌Déanfar sineirgí leis an gClár Ceartais agus leis an gClár um Chearta agus um Luachanna, lena dtacaítear le gníomhaíochtaí i réimse na rochtana ar cheartas, i réimse chearta na n-íospartach, i réimse an chomhionannais inscne, i réimse an idirdhealaithe inscne, i réimse na cosanta sonraí, agus i gcur chun cinn shaoránacht na hEorpa, agus freisin le clár Eoraip na Cruthaitheachta agus an Clár don Eoraip Dhigiteach, Erasmus, Erasmus+ agus Ciste Sóisialta na hEorpa+ a shaothrú.
Trí na gníomhaíochtaí, rannchuideofar go díreach leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFInna) seo a leanas go háirithe: SFI 1 - Deireadh leis an mBochtaineacht; SFI 3 – Sláinte Mhaith agus Saol Folláin do na Daoine; SFI 4 - Oideachas den Scoth; SFI 5 - Comhionannas Inscne; SFI 8 – Obair Chuibhiúil agus Fás Eacnamaíoch; SFI 9 – Tionsclaíocht, Nuálaíocht, agus Bonneagar; SFI 10 - Laghdú Éagothromaíochtaí; SFI 11 - Cathracha agus Pobail Inbhuanaithe; SFI 16 – An tSíocháin, an Ceartas, agus Institiúidí Láidre.
2.2. Réimsí Idirghabhála
2.2.1. Daonlathas agus Rialachas
De réir cosúlachta, is ag dul ar gcúl atá an mhuinín sa daonlathas agus sna hinstitiúidí polaitiúla seanbhunaithe. Tá an díomá atá ar dhaoine faoin bpolaitíocht á chur in iúl le breis fuinnimh ó bhliain go chéile ag páirtithe pobalacha agus páirtithe frithbhunaíochta, agus san athbheochan sa dúchasachas. Tá an mhíchothromaíocht shocheacnamaíoch, na sreafaí móra imirce, agus ábhair imní faoi chúrsaí slándála, i measc nithe eile. ag cur leis an méid sin. Má táthar le freagairt do na dúshláin reatha agus thodhchaíocha, beidh gá le smaointe nua faoin gcaoi a gcaithfidh institiúidí daonlathacha ar gach leibhéal iad féin a chur in oiriúint i gcomhthéacs na héagsúlachta méadaithe, an iomaíochais eacnamaíoch dhomhanda, dhul chun cinn mear na teicneolaíochta agus an digitithe, agus tá taithí na saoránach ar dhioscúrsaí, cleachtais agus institiúidí bunriachtanach chuige sin.
Réimsí Ginearálta
– Stair, éabhlóid agus éifeachtúlacht na ndaonlathas, ar leibhéil éagsúla agus i bhfoirmeacha éagsúla; ▌ról na mbeartas oideachais, cultúrtha agus óige mar bhunchlocha na saoránachta daonlathaí;
– Ról an chaipitil shóisialta agus na rochtana ar an gcultúr i ndáil le hidirphlé daonlathach agus rannpháirtíocht shibhialta, sochaithe oscailte agus iontaofa a neartú.
– Cur chuige nuálach agus freagrach chun tacaíocht a thabhairt do thrédhearcacht, inrochtaineacht, freagrúlacht, cuntasacht, iontaofacht, athléimneacht, éifeachtacht agus dlisteanacht an rialachais dhaonlathaigh agus cearta bunúsacha agus daonna agus an smacht reachta á n-urramú go hiomlán;
– Straitéisí chun aghaidh a thabhairt ar an bpobalachas, ar chiníochas, ar dheighilt, ar éilliú, ar antoisceachas, ar radacú agus ar sceimhlitheoireacht, agus chun saoránaigh a chuimsiú, a chumhachtú agus a dhéanamh rannpháirteach▌;
– Anailís agus forbairt ar an gcuimsiú sóisialta, eacnamaíoch agus polaitiúil agus ar dhinimic idirchultúrtha san Eoraip agus níos faide i gcéin;
– Tuiscint níos fearr a fháil ar ról na gcaighdeán iriseoireachta, agus ar an ábhar a bhíonn na húsáideoirí a ghiniúint sa tsochaí shár-nasctha, agus uirlisí a fhorbairt chun bréagaisnéis a chomhrac;
– Ról na gcéannachtaí ilchultúrtha, lena n-áirítear céannachtaí spioradálta maidir le daonlathas, saoránacht agus rannpháirtíocht pholaitiúil, mar aon le luachanna fothaithe AE amhail urraim, caoinfhulaingt, comhionannas inscne, comhar agus idirphlé;
– Tacaíocht a thabhairt do thaighde chun féiniúlacht agus muintearas a thuiscint i bpobail, i réigiúin agus i náisiúin;
– An tionchar ar an daonlathas, ar an bpríobháideachas agus ar an tsaoirse cainte a bhíonn ag an dul chun cinn sa teicneolaíocht agus san eolaíocht, lena n-áirítear mórshonraí, gréasáin shóisialta ar líne, agus an intleacht shaorga;
– Daonlathas agus rialachas an mhachnaimh,▌ daonlathas na rannpháirtíochta agus an daonlathas díreach agus saoránacht ghníomhach agus chuimsitheach, lena n-áirítear an ghné dhigiteach;
– Tionchar míchothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta ar an rannpháirtíocht pholaitiúil agus ar an rialachas daonlathach, agus taighde maidir lena mhéid is féidir leis rannchuidiú le míchothromaíochtaí a chur ar gcúl, leis an uile chineál idirdhealaithe, lena n-áirítear idirdhealú inscne, a chomhrac, agus le daonlathas níos athléimní a bhaint amach;
– Gnéithe daonna, sóisialta agus polaitiúla na coiriúlachta, an dogmatachais agus an radacaithe, a mhéid a bhaineann leo siúd atá ag gabháil don iompar sin, nó a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil dó sin, mar aon leo siúd a ndéantar difear dóibh nó a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh;
– Comhrac in aghaidh na bréagaisnéise, na bréagnuachta agus na fuathchainte, agus a dtionchar i ndáil leis an réimse poiblí a mhúnlú;
– AE ina ghníomhaí idirnáisiúnta agus réigiúnach i réimse an rialachais iltaobhaigh, lena n-áirítear roinnt cur chuige nua i leith na taidhleoireachta eolaíochta.
– Éifeachtúlacht na gcóras ceartais, agus rochtain fheabhsaithe ar cheartas bunaithe ar neamhspleáchas agus ar phrionsabail na mbreithiúna agus ar chearta an duine, le modhanna nós imeachta córa, éifeachtúla agus trédhearcacha in ábhair shibhialta agus choiriúla araon.
2.2.2. An Oidhreacht Chultúrtha
Le hearnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha na hEorpa, cruthaítear naisc idir na dána, an cultúr, creideamh agus taithí spioradálta agus an oidhreacht chultúrtha, gnó agus an teicneolaíocht. Fairis sin, tá ról ríthábhachtach ag Tionscail Chultúir agus Chruthaitheachta (CCInna) i ndáil leis an Eoraip a athionsclú agus tá siad ina spreagadh don fhás agus tá sé de bhua straitéiseach acu gur féidir leo iarmhairtí nuálacha a spreagadh in earnalácha tionsclaíocha eile, amhail an turasóireacht, an miondíol, na meáin, teicneolaíochtaí digiteacha agus an innealtóireacht. Tá an oidhreacht chultúrtha ina cuid thábhachtach de na hearnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha agus is dhlúthchuid dár saol í, is mór an tábhacht atá inti do phobail, do ghrúpaí agus do shochaithe, agus tá muintearas ag roinnt léi. Nasc idir stair na sochaí agus an tsochaí a bheidh ann amach anseo is ea í. Tá sé riachtanach tuiscint níos fearr a bheith ann ar ár n-oidhreacht chultúrtha, agus ar an dearcadh agus an tuiscint atá ann ina leith, i ndáil le sochaí chuimsitheach a chruthú san Eoraip agus ar fud an domhain. Tá sí ina theannta sin, ina mórspreagadh do gheilleagair Eorpacha, náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla agus ina foinse chumhachtach spreagtha do thionscail chruthaitheacha agus chultúrtha. Dúshláin fhíorthábhachtacha reatha agus do na glúnta a bheidh ann amach anseo is ea acmhainneacht iomlán ár n-oidhreachta cultúrtha a rochtain, a chaomhnú, a choimirciú, a athbhunú, a thuiscint, agus a shaothrú. Is í an oidhreacht chultúrtha, idir nithiúil agus neamhnithiúil, an príomhspreagadh do na dána, don cheird thraidisiúnta, do na hearnálacha cultúrtha, cruthaitheacha agus fiontraíochta ▌atá ina spreagadh don fhás inbhuanaithe eacnamaíoch, do chruthú post nua agus don trádáil sheachtrach. Dá réir sin, is gá nuálaíocht agus athléimneacht na hoidhreachta cultúrtha a mheas i gcomhar le pobail áitiúla agus le geallsealbhóirí ábhartha. Fairis sin, féadfaidh sí a bheith ina spreagadh don taidhleoireacht chultúrtha agus ina gné de chruthú céannachta agus de chomhtháthú cultúrtha agus sóisialta.
Réimsí Ginearálta
– Léann na hoidhreachta agus na heolaíochta, agus teicneolaíochtaí ceannródaíocha le modheolaíochtaí nuálacha, lena n-áirítear cinn dhigiteacha;
– Rochtain ar an oidhreacht chultúrtha agus comhroinnt na hoidhreachta sin, le patrúin agus úsáidí nuálacha, agus le samhlacha bainistíochta rannpháirteacha;
– Taighde i leith inrochtaineacht na hoidhreachta cultúrtha trí theicneolaíochtaí nua, amhail néalseirbhísí, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta dó, comhlimistéar d’oidhreacht chultúrtha na hEorpa, mar aon le fios gnó agus scileanna, agus a dtarchur, a spreagadh agus a éascú. Déanfar measúnú tionchair roimhe sin;
– Samhlacha inbhuanaithe gnó chun bunsraith airgeadais na hearnála cultúir a neartú;
– An oidhreacht chultúrtha a nascadh le hearnálacha cruthaitheachta atá ag teacht chun cinn, lena n-áirítear na meáin idirghníomhacha, agus an nuálaíocht shóisialta;
– Rannchuidiú na hoidhreachta cultúrtha leis an bhforbairt inbhuanaithe trí réimsí cultúrtha a chaomhnú, a choimirciú, a fhorbairt agus a athshlánú, agus AE ina shaotharlann do nuálaíocht oidhreacht-bhunaithe agus do thurasóireacht inbhuanaithe chultúrtha;
– Caomhnú, coimirciú, feabhsú,▌athshlánú agus bainistiú inbhuanaithe na hoidhreachta cultúrtha agus teangacha lena n-áirítear úsáid scileanna agus ceardaíocht thraidisiúnta nó teicneolaíochtaí ceannródaíocha, lena n-áirítear teicneolaíochtaí digiteacha;
– Tionchar cuimhní cultúrtha, traidisiún, patrún iompair, dearcthaí, creidimh, luachanna, braistinte comhuintearais agus céannachtaí. Ról an chultúir agus na hoidhreachta cultúrtha i sochaithe ilchultúrtha agus patrúin de chuimsiú sóisialta agus d’eisiamh sóisialta.
2.2.3. An Claochlú Sóisialta agus Eacnamaíoch
Tá claochluithe móra socheacnamaíocha agus cultúrtha ag teacht ar shochaithe na hEorpa, go háirithe mar gheall ar an domhandú agus ar nuálaíochtaí teicneolaíochta. Ag an am céanna, tá méadú tagtha ar an éagothromaíocht ioncaim i bhformhór na dtíortha san Eoraip(15). Tá gá le beartais fhorásacha, d’fhonn fás inbhuanaithe agus cuimsitheach, comhionannas inscne agus folláine a chur chun cinn agus éagothromaíochtaí a chur ar gcúl, borradh a chur faoi tháirgiúlacht (lena n-áirítear an dul chun cinn i dtomhas na táirgiúlachta), éagothromaíochtaí sochspásúla agus caipiteal daonna, dúshláin imirce agus dúshláin maidir le lánpháirtiú a thuiscint agus freagairt dóibh agus tacú le dlúthpháirtíocht idir glúnta, idirphlé idirchultúrtha agus soghluaisteacht shóisialta. Tá gá le córais oideachais agus oiliúna inrochtana, cuimsitheacha agus ardcháilíochta chun go mbeidh sochaí níos cothroime agus níos rachmasaí ann amach anseo.
Réimsí Ginearálta
– Bunsraith eolais do chomhairle ar infheistíochtaí agus ar bheartais, go háirithe i dtaobh an oideachais agus na hoiliúna, d’ardscileanna luacha, don táirgiúlacht, don tsoghluaisteacht shóisialta, don fhás, don nuálaíocht shóisialta agus do chruthú post. Ról an oideachais agus na hoiliúna i ndáil le héagothromaíochtaí a chomhrac agus lena bheith ina mbunsraith don chuimsitheacht, lena n-áirítear teip ar scoil a chosc;
– An inbhuanaitheacht shóisialta thar táscairí nach dtugann eolas ach faoin OTI, go háirithe samhlacha nua eacnamaíocha agus gnó, agus teicneolaíochtaí airgeadais nua;
– Uirlisí staidrimh agus uirlisí eacnamaíocha eile chun tuiscint níos fearr a bheith ann ar an bhfás agus ar an nuálaíocht i gcomhthéacs na ngnóthaithe táirgiúlachta marbhánta agus/nó athruithe eacnamaíocha struchtúrtha;
– Samhlacha nua rialachais i limistéir eacnamaíocha agus institiúidí margaidh atá ag teacht chun cinn;
– Cineálacha nua oibre, ról na hoibre, athoiliúint, treochtaí agus athruithe i margaí saothair agus ioncam i sochaithe comhaimseartha, agus an tionchar a bhíonn acu ar dháileadh ioncaim, cothromaíocht oibre is saoil, timpeallachtaí oibre, neamh-idirdhealú, lena n-áirítear comhionannas inscne agus cuimsiú sóisialta;
– Tuiscint níos fearr ar na hathruithe sochaíocha san Eoraip agus ar a dtionchar;
– Éifeachtaí na gclaochluithe sóisialta, teicneolaíocha agus eacnamaíocha ar an rochtain ar thithíocht shábháilte, shláintiúil, inacmhainne agus inbhuanaithe;
– Córais chánach agus sochair maille le beartais slándála sóisialta agus infheistíochta sóisialta, d’fhonn éagothromaíochtaí a chur ar gcúl ar bhealach cóir agus inbhuanaithe agus aghaidh a thabhairt ar ▌thionchair na teicneolaíochta, na ndéimeagrafac agus na héagsúlachta;
– Forbairt chuimsitheach agus inbhuanaithe agus samhlacha fáis do thimpeallachtaí uirbeacha, fo-uirbeacha agus tuaithe;
– Tuiscint ar an tsoghluaisteacht dhaonna agus ar a tionchar i gcomhthéacs na gclaochluithe sóisialta agus eacnamaíocha, arna meas ar scálaí domhanda agus áitiúla le haghaidh rialachas níos fearr ar an imirce, urraim d’éagsúlachtaí, lánpháirtiú fadtéarmach imirceach, lena n-áirítear dídeanaithe agus tionchar idirghabhálacha beartais gaolmhara; urraim do ghealltanais idirnáisiúnta agus do chearta an duine agus saincheisteanna maidir le cabhair um fhorbairt agus le comhar; rochtain mhéadaithe, fheabhsaithe ar oideachas ardcháilíochta, ar oiliúint, ar an margadh saothair, ar chultúr, ar sheirbhísí tacaíochta agus ar shaoránacht ghníomhach agus chuimsitheach, go háirithe do dhaoine leochaileacha, lena n-áirítear imircigh;
– Dul i ngleic le mórdhúshláin maidir le samhlacha Eorpacha don chomhtháthú sóisialta, don imirce, don lánpháirtiú, don athrú déimeagrafach, don aosú, don mhíchumas, don oideachas, don bhochtaineacht agus don eisiamh sóisialta;
– Ardstraitéisí agus modhanna nuálacha i leith an chomhionannais inscne i ngach réimse sóisialta, eacnamaíoch agus cultúrtha, agus chun dul i ngleic le claontachtaí inscne agus le foréigean atá bunaithe ar inscne.
– Córais oideachais agus oiliúna chun claochlú digiteach an Aontais Eorpaigh a chothú agus chun an úsáid is fearr a bhaint as, agus chun bainistiú a dhéanamh ar na rioscaí atá ann de bharr na hidirnascachta domhanda agus na nuálaíochtaí teicneolaíochta, go háirithe na rioscaí ar líne atá ag teacht chun cinn, ábhair imní eiticiúla, éagothromaíochtaí socheacnamaíocha, agus athruithe radacacha sna margaí;
– Nuachóiriú a dhéanamh ar chórais rialachais agus bainistíochta na n-údarás poiblí chun saoránaigh a dhéanamh rannpháirteach agus chun riar dá n-ionchas maidir le soláthar seirbhísí, trédhearcacht, inrochtaineacht, oscailteacht, cuntasacht agus lárnachas an úsáideora.
▌
3. BRAISLE ‘SLÁNDÁIL SHIBHIALTA DON tSOCHAÍ’
3.1. An Réasúnaíocht
Tá an comhar Eorpach ag rannchuidiú le ré ina bhfuil síocháin, cobhsaíocht agus rachmas san Eoraip nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo. Ní foláir don Eoraip freagairt do na dúshláin a eascraíonn as síorbhagairtí ar shlándáil ár sochaí, áfach, atá, níos mó ná riamh, ina sochaí chasta agus dhigitithe. As ionsaithe sceimhlitheoireachta agus radacú, mar aon le cibear-ionsaithe agus bagairtí hibrideacha, eascraíonn díol mór imní agus cuirtear brú ar leith ar an tsochaí. Bagairtí slándála nua agus bagairtí slándála a thiocfaidh chun cinn de dheasca teicneolaíochtaí nua sna blianta beaga amach romhainn, is gá aird a thabhairt orthu siúd freisin. Is ag brath ar fheabhas a chur ar an gcumas atá ann an Eoraip a chosaint ar na bagairtí sin atá slándáil agus rachmas na haimsire atá le teacht. Ní féidir dul i ngleic leo siúd ar bhonn teicneolaíochta amháin ach, os a choinne sin, is gá eolas a bheith ann ina leith faoi dhaoine, a stair, a gcultúr agus a n-iompar, agus tá breithnithe eiticiúla maidir leis an gcothromaíocht idir slándáil agus saoirse ina gcuid díobh. Fairis sin, is gá don Eoraip a neamhspleáchas ar theicneolaíochtaí atá criticiúil ó thaobh na slándála de a áirithiú agus tacú le forbairt teicneolaíochtaí slándála ceannródaíocha.
Is gá saoránaigh na hEorpa, institiúidí stáit, comhlachtaí AE agus an geilleagar a chosaint ar bhagairtí leanúnacha na sceimhlitheoireachta agus na coireachta eagraithe, lena n-áirítear an gháinneáil ar airm thine, an gháinneáil ar dhrugaí, an gháinneáil ar dhaoine agus an gháinneáil ar earraí cultúrtha. Is gá tuiscint níos fearr a bheith ann ar ghnéithe daonna agus sóisialta den choiriúlacht agus den radacú foréigneach chun feabhas a chur ar bheartais phoiblí ó thaobh na slándála de. Tá sé tábhachtach freisin an chosaint agus an tslándáil a neartú trí bhainistiú níos fearr ar theorainneacha, lena n-áirítear teorainneacha muirí agus talún. Tá fás ar an gcibear-choireacht, agus tá na rioscaí a ghabhann léi ag dul chun éagsúlachta, de réir mar atá digitiú ag tarlú don gheilleagar agus don tsochaí. Is gá don Eoraip leanúint dá hiarrachtaí feabhas a chur ar an gcibearshlándáil, ar an bpríobháideachas digiteach, agus ar chosaint sonraí pearsanta, agus scaipeadh na bréagaisnéise agus na faisnéise díobhálaí a chomhrac chun an chobhsaíocht dhaonlathach, shóisialta agus eacnamaíoch a choimirciú. Tá gá le breis iarrachtaí chun teorannú a dhéanamh ar na héifeachtaí a bhíonn ag teagmhais adhaimsire ar shaol agus ar ghairmeacha beatha daoine, ar teagmhais iad atá ag dul chun donais de dheasca an athraithe aeráide, amhail tuilte, stoirmeacha, brothall nó triomaigh is cúis le dóiteáin foraoise, díghrádú talún agus tubaistí nádúrtha nach iad, e.g. creathanna talún. Is féidir le tubaistí, bídís ina dtubaistí nádúrtha nó ina dtubaistí de dhéantús an duine, feidhmeanna tábhachtacha sochaíocha agus bonneagair chriticiúla a chur i mbaol, amhail an chumarsáid, sláinte, bia, uisce óil, soláthar fuinnimh, iompar, slándáil agus rialtas.
Éilíonn sé sin go ndéanfaí taighde teicniúil agus taighde ar na tosca daonna atá i gceist chun feabhas a chur ar an teacht aniar i gcás tubaiste, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, feidhmchláir tástála, oiliúint, agus cibearshláinteachas agus cibearoideachas. Tá gá le breis iarrachtaí chun meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí an taighde slándála agus chun a nglacadh a chur chun cinn.
Leis an mbraisle seo, féachfar le sineirgí a chruthú, go háirithe leis na Cláir seo a leanas: An Ciste Slándála Inmheánaí, an Ciste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha agus an Eoraip Dhigiteach mar aon le comhar feabhsaithe i dtaca le taighde agus nuálaíocht idir gníomhaireachtaí agus eagraíochtaí idir-rialtasacha, lena n-áirítear trí shásraí malartaithe agus comhairliúcháin, sa réimse idirghabhála ‘Cosaint agus Slándáil’, mar shampla.
Is cuid é an taighde ar chúrsaí slándála den fhreagairt leathan chuimsitheach ón Aontas ar bhagairtí slándála. Rannchuidíonn sé leis an bpróiseas forbartha cumais trí fhágáil go mbeidh fáil amach anseo ar theicneolaíochtaí, ar theicnící agus ar fheidhmchláir chun bearnaí cumais a líonadh arna sainaithint ag lucht déanta beartais, cleachtóirí agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta. Cheana féin, b’ionann an cistiú le haghaidh taighde trí chlár réime AE agus tuairim is 50 % d’iomlán an chistithe phoiblí do thaighde shlándála san Aontas Eorpach. Bainfear lánúsáid as na hionstraimí atá ar fáil, lena n-áirítear clár spáis na hEorpa (Galileo agus EGNOS, Copernicus, Feasacht Staide an Spáis, agus Cumarsáid Satailíte Rialtais). Cé go ndíreofar go heisiach ar fheidhmeanna sibhialta le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta faoin gClár seo, i bhfianaise go bhfuil limistéir teicneolaíochta dé-úsáide ann, lorgófar comhordú le taighde cosanta atá á chistiú ag an Aontas chun sineirgí a neartú. Seachnófar dúbláil ar an gcistiú. Rannchuidíonn an comhar trasteorann le forbairt margaidh aonair slándála Eorpaigh, agus le feabhsú na feidhmíochta tionsclaíche, rud a chuireann bonn daingean faoi neamhspleáchas an Aontais Eorpaigh. Tabharfar aird chuí ar thuiscint agus ar dhearcadh an duine ar an tslándáil.
Freagraíonn an taighde slándála do ghealltanas Chlár Oibre na Róimhe oibriú ar son “Eoraip atá sábháilte agus slán”, agus rannchuidíonn sé le hAontas Slándála atá dílis agus éifeachtach.
Trí na gníomhaíochtaí, rannchuideofar go díreach leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFInna) seo a leanas go háirithe: SFI 16 – An tSíocháin, an Ceartas, agus Institiúidí Láidre.
3.1.1. Sochaithe Athléimneacha Tar Éis Tubaistí
Féadfaidh tubaistí eascairt as foinsí éagsúla, bídís nádúrtha nó de dhéantús an duine, lena n-áirítear iad siúd de dheasca ionsaithe sceimhlitheoireachta, teagmhais a bhaineann leis an aeráid agus teagmhais as cuimse eile (lena n-áirítear barr taoide), dóiteáin foraoise, brothall, tuilte, triomaigh, fairsingiú fásaigh, creathanna talún, súnámaithe agus pléascadh bolcánach, géarchéimeanna uisce, teagmhais aimsire spáis, tubaistí tionsclaíocha agus iompair, teagmhais CBRN, agus iad siúd a eascraíonn as carnadh na rioscaí. Is é an aidhm atá ann ná bás daoine, an díobháil don tsláinte agus don chomhshaol, sceimhle mar aon le dochar eacnamaíoch agus ábhartha de dheasca tubaistí a chosc agus a laghdú; soláthar bia, táirgí íocshláinte agus seirbhisí leighis agus slándáil uisce a áirithiú chomh maith le feabhas a chur ar an tuiscint atá ann ar rioscaí tubaiste, na rioscaí sin a laghdú, agus feabhas a chur ar an téarnamh iarthubaiste. Tugtar le fios leis sin go gcumhdaítear raon iomlán an bhainistithe géarchéime: ó chosc agus oiliúint, go bainistiú géarchéime agus bainistiú agus athléimneacht iar-ghéarchéime.
Réimsí Ginearálta
– Teicneolaíochtaí, acmhainneachtaí agus rialachas do chéad fhreagróirí i gcás oibríochtaí éigeandála i gcásanna géarchéime, tubaiste agus iar-thubaiste agus an chéad chéim den téarnamh;
– Acmhainneachtaí na sochaí i dtaca le riosca na tubaiste a chosc, a bhainistiú agus a laghdú ar bhealach níos fearr, lena n-áirítear trí réitigh dhúlrabhunaithe, trí fheabhas a chur ar chumais réamhaisnéise, ar chosc, ar ullmhacht agus ar an bhfreagairt ar rioscaí atá ann cheana agus rioscaí nua agus ar éifeachtaí na ndúradán, measúnú tionchair agus tuiscint níos fearr ar an ngné dhaonna i straitéisí bainistithe riosca agus straitéisí um chumarsáid maidir le rioscaí;
– Tacú ar bhealach níos éifeachtaí le meon Chreat Sendai maidir leis ‘an tsúil aniar a thabhairt do chríoch iarthubaiste’ trí thuiscint níos fearr ar théarnamh iarthubaiste agus taighde ar mheasúnú iarthubaiste níos éifeachtaí ar rioscaí.
– Idiroibritheacht an trealaimh agus na nósanna imeachta atá ann leis an gcomhar oibríochtúil trasteorann agus margadh comhtháite san Aontas Eorpach a éascú.
3.1.2. An Chosaint agus An tSlándáil
Is gá saoránaigh a chosaint ó bhagairtí slándála, agus freagairt do bhagairtí slándála, ó ghníomhaíochtaí coiriúla, lena n-áirítear gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta, agus ó bhagairtí hibrideacha; cosaint a thabhairt do dhaoine, do spásanna poiblí, don bhonneagar bunriachtanach, ó ionsaithe fisiciúla (lena n-áirítear ionsaithe CBRN-E) agus cibear-ionsaithe; an sceimhlitheoireacht agus an radacú foréigneach a chomhrac, lena n-áirítear dul i ngleic le smaointe agus le creidiúntí sceimhlitheoireachta agus iad a thuiscint; an choireacht thromchúiseach a chosc agus a chomhrac, lena n-áirítear cibearchoireacht, agus an choireacht eagraithe (amhail píoráideacht agus góchumadh táirgí); tacaíocht a thabhairt d’íospartaigh; sreafaí coiriúla airgeadais a rianú; acmhainneachtaí nua fóiréinseacha a fhorbairt; tacú le húsáid sonraí i gcomhair fhorfheidhmiú an dlí agus chun cosaint sonraí pearsanta a áirithiú i ngníomhaíochtaí forfheidhmithe dlí; acmhainneachtaí um chosaint teorainneacha a neartú, tacaíocht a thabhairt do bhainistiú teorainneacha an Aontais Eorpaigh san aer, ar tír agus ar muir, le haghaidh sreafaí daoine agus earraí agus an ghné dhaonna sna bagairtí slándála uile sin, agus ina gcosc agus a maolú, a thuiscint. Tá sé riachtanach an tsolúbthacht a choinneáil chun aghaidh a thabhairt go mear ar dhúshláin slándála nua gan choinne a d’fhéadfadh teacht chun cinn.
Réimsí Ginearálta
– Cineálacha cur chuige agus teicneolaíochtaí nuálacha do chleachtóirí slándála (amhail fórsaí póilíneachta, briogáidí dóiteáin, seirbhísí sláinte, gardaí teorann agus cósta, oifigí custaim), go háirithe i gcomhthéacs chlaochlú digiteach agus idir-inoibritheacht na bhfórsaí slándála, oibreoirí bonneagair, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, agus iad siúd a bhíonn ag bainistiú spásanna oscailte;
– Anailís ar fheiniméin na coireachta trasteorann, ardmhodhanna comhroinnte agus bailithe sonraí mhear, iontaofa, chaighdeánaithe agus le príobháideachas treisithe, mar aon le dea-chleachtais;
— Gnéithe daonna agus socheacnamaíocha na coireachta agus an radacaithe fhoréignigh, i ndáil leo siúd atá rannpháirteach in iompar den chineál sin, nó a d’fhéadfadh a bheith rannpháirteach ann, mar aon leo siúd a ndéantar difear dóibh dá dheasca, nó ar baol go ndéanfaí, lena n-áirítear smaointe agus creidiúintí sceimhlitheoireachta agus coireanna bunaithe ar inscne, ar ghnéaschlaonadh nó ar idirdhealú ciníoch a thuiscint agus a chomhrac;
— Anailís ar ghnéithe slándála de theicneolaíochtaí nua amhail seicheamh DNA, modhnú géanóim, nana-ábhair agus ábhair fheidhmeacha, an Intleacht Shaorga, córais uathrialacha, dróin, róbataic, ríomhaireacht chandamach, criptea-airgeadraí, priontáil agus ábhair inchaite 3D, blocshlabhra, mar aon le feabhas a chur ar an bhfeasacht na saoránach, na n-údarás poiblí agus an luchta tionscail chun cosc a chur le cruthú rioscaí nua slándála agus chun rioscaí atá ann cheana a laghdú, lena n-áirítear ó na teicneolaíochtaí nua ▌ sin;
– Acmhainneachtaí feabhsaithe um réamhamharc agus um anailís i gcomhair ceapadh beartais agus ar an leibhéal straitéiseach maidir le bagairtí slándála;
– Bonneagair chriticiúla agus spásanna oscailte agus poiblí a chosaint ar bhagairtí fisiciúla, digiteacha agus hibrideacha, lena n-áirítear éifeachtaí an athraithe aeráide;
– Bréagaisnéis agus bréagnuacht, ag a bhfuil impleachtaí don tslándáil, a fhaire agus a chomhrac, lena n-áirítear acmhainneachtaí a fhorbairt chun bunús na cúblála a bhrath;
– Forbairt theicneolaíoch i gcás feidhmeanna sibhialta agus é mar aidhm leis sin feabhas a chur, i gcás inarb iomchuí, ar idir-inoibritheacht idir an chosaint shibhialta agus fórsaí míleata;
– Idir-inoibritheacht an trealaimh agus na nósanna imeachta atá ann chun comhar oibríochtúil, idir-rialtasach agus idirghníomhaireachta a éascú, agus chun forbairt a dhéanamh ar mhargadh comhtháite AE;
– Uirlisí agus modhanna a fhorbairt le haghaidh Bainistiú Comhtháite Teorainneacha éifeachtach agus éifeachtúil, go háirithe chun méadú a dhéanamh ar an gcumas freagartha agus feabhas a chur ar an acmhainneacht faireachán a dhéanamh ar ghluaiseacht daoine thar theorainneacha seachtracha chun brath rioscaí, an fhreagairt do theagmhais agus cosc na coireachta a fheabhsú.
– Gníomhaíochtaí calaoiseacha ag pointí trasnaithe teorann agus feadh an tslabhra soláthair a bhrath, lena n-áirítear cáipéisí brionnaithe nó cúbláilte ar bhealach eile a shainaithint agus an gháinneáil ar dhaoine agus ar earraí neamhdhleathacha a bhrath;
– Cosaint sonraí pearsanta a áirithiú i ngníomhaíochtaí forfheidhmithe dlí, go háirithe i bhfianaise forbairt theicneolaíoch mhear, lena n-áirítear rúndacht agus sláine faisnéise agus inrianaitheacht agus próiseáil gach idirbhirt;
– Teicnící a fhorbairt chun táirgí góchumtha a shainaithint, chun feabhas a chur ar chosaint codanna agus earraí bunaidh agus chun táirgí arna n-iompar a rialú.
3.1.3. An Chibearshlándáil
Ní amháin gur bagairt dár gcuid geilleagar atá i gcibear-ghníomhaíochtaí mailíseacha, ach is bagairt iad freisin d’fheidhmiú ár gcuid daonlathas, ár gcuid saoirsí, agus ár gcuid luachanna. Is minic an chibear-bhagairt a bheith ina rud coiriúil, rud arb é an brabús is spreagadh dó, ach féadfaidh sí a bheith polaitiúil nó straitéiseach freisin. Maidir lenár slándáil, saoirse, ndaonlathas agus rachmas todhchaíoch, tá siad ag brath ar fheabhas a chur ar ár gcumas AE a chosaint ar chibearbhagairtí. Mar gheall ar an gclaochlú digiteach, ní foláir feabhas mór a chur ar an gcibearshlándáil, chun a áirithiú go gcosnófar an líon ollmhór gléasanna IoT a meastar a gceangal don idirlíon, agus oibriú sábháilte córas gréasáin agus faisnéise, lena n-áirítear i gcomhair eangacha cumhachta, soláthar agus dáileadh uisce óil,feithiclí agus córais iompair, ospidéil, cúrsaí airgeadais, institiúidí poiblí, monarchana agus tithe. Ní foláir don Eoraip a bheith athléimneach i gcoinne cibearionsaithe agus cibearbhacadh éifeachtach a chruthú, agus, ag an am céanna, deimhin a dhéanamh de go ndéanfar cosaint sonraí agus saoirse na saoránach a neartú. Is chun leasa an Aontais é a áirithiú go ndéanfaidh sé acmhainneachtaí straitéiseacha cibearshlándála bunriachtanacha a fhorbairt agus a choinneáil chun an Margadh Aonair Digiteach a dhaingniú, agus, go háirithe, chun a áirithiú go gcosnófar líonraí criticiúla agus córais faisnéise agus chun seirbhísí bunriachtanacha cibearshlándála a sholáthar. Ní foláir don Aontas a bheith in ann a chuid sócmhainní digiteacha a dhaingniú as a stuaim féin agus dul san iomaíocht sa mhargadh domhanda cibearshlándála.
Réimsí Ginearálta
– Teicneolaíochtaí feadh an tslabhra luacha dhigitigh (ó chomhchodanna slána agus cripteagrafaíocht atá frithsheasmach in aghaidh candamachgo bogearraí agus líonraí a bhfuil ar a gcumas iad féin a leigheas);
– Teicneolaíochtaí, modhanna, caighdeáin agus dea-chleachtais chun aghaidh a thabhairt ar ▌bhagairtí cibearshlándála, riachtanais a bheidh ann amach anseo a thuar, agus tionscal iomaíoch Eorpach a chothú, lena n-áirítear uirlisí le haghaidh sainaithint leictreonach, brath bagairtí, cibearshláinteachais, mar aon le hacmhainní oiliúna agus oideachais;
– Comhoibriú oscailte le haghaidh líonra Eorpach um inniúlachtaí cibearshlándála agus lárionad Eorpach inniúlachta.
4. BRAISLE ‘CÚRSAÍ DIGITEACHA, TIONSCAL AGUS AN SPÁS’
4.1. An Réasúnaíocht
Chun iomaíochas tionsclaíoch agus an acmhainneacht aghaidh a thabhairt ar na dúshláin dhomhanda atá le teacht a áirithiú, ní mór don Aontas méadú a dhéanamh ar a cheannas teicneolaíoch agus ar a acmhainneachtaí eolaíochta, teicneolaíochta agus tionscail sna réimsí lárnacha atá ina mbunsraith faoi chlaochlú ár ngeilleagair, na háite oibre agus na sochaí.
Cuireann tionscal AE post amháin as gach cúig phost agus dhá thrian d’infheistíochtaí T&F de chuid na hearnála príobháidí ar fáil agus cruthaíonn sé 80% d’onnmhairithe AE. Beidh rabharta nuálaíochta ann, rud a mbeidh cónascadh na dteicneolaíochtaí fisiciúla agus digiteacha i gceist leis, agus beidh deiseanna ollmhóra ann dá bharr do thionscal AE, agus cuirfear feabhas ar cháilíocht saoil shaoránaigh an Aontais Eorpaigh chomh maith.
Is mórábhar spreagtha é an digitiú. Faoi mar atá sé ag leanúint ar aghaidh go mear sna hearnálacha uile, is rud bunriachtanach dár ngeilleagar agus d’inbhuanaitheacht ár sochaí í an infheistíocht i réimsí tosaíochta ón intleacht shaorga iontaofa go dtí an chéad ghlúin eile den idirlíon, an ríomhaireacht ardfheidhmíochta, fótónaic, teicneolaíochtaí candamacha, róbataic agus micrea-/nanaileictreonaic. Is mór an borradh a chuirtear faoi fhás eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh trí theicneolaíochtaí digiteacha a tháirgeadh agus a úsáid, agus infheistíocht a dhéanamh iontu, agus idir 2001 agus 2011 b’ionann sin agus méadú 30 %. Sa chomhthéacs sin, tá ról FBManna bunriachtanach i gcónaí in AE, ó thaobh fáis agus ó thaobh post de. Le glacadh le teicneolaíochtaí digiteacha i measc FBManna, spreagtar iomaíochas agus inbhuanaitheacht.
Tá eochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin(16) ina mbonn don chónascadh idir an saol fisiciúil agus an saol digiteach, cónascadh atá i gceartlár an rabharta nua nuálaíochta domhanda. Tríd an infheistiú i dtaighde, i bhforbairt, i léiriú agus i gcur in úsáid forleathan eochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin, agus trí sholáthar slán, inbhuanaithe agus inacmhainne amhábhar agus ábhar ardfhorbartha a áirithiú, daingneofar uathriail straitéiseach AE agus cuideofar le tionscal AE a lorg carbóin agus comhshaoil a laghdú go suntasach.
De réir mar is iomchuí, déanfar teicneolaíochtaí todhchaíocha agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun chinn a shaothrú freisin.
Tá tábhacht straitéiseach leis an spás; braitheann tuairim is 10 % de OTI AE ar úsáid na seirbhísí spáis. Tá earnáil spáis den chéadscoth ag AE le tionscal láidir monaraithe satailítí mar aon le hearnáil seirbhísí iartheachtacha bríomhar. Tríd an spás, soláthraítear uirlisí tábhachtacha chun faireacháin, cumarsáid, loingseoireacht agus faireachas a dhéanamh, agus is iomaí deis ghnó a thagann uaidh, go háirithe i bpáirt le teicneolaíochtaí digiteacha agus le foinsí sonraí eile. Ní mór don tAontas Eorpach gach deis díobh sin a thapú trí lánshaothrú a dhéanamh ar acmhainneacht na spáschlár atá aige, eadhon Copernicus, EGNOS, agus Galileo, agus trí bhonneagair spáis agus talún a chosaint ar bhagairtí ón spás.
Tá deis ar leith ag an Aontas Eorpach a bheith ina cheannaire domhanda, agus a sciar féin de mhargaí an domhain a mhéadú, trí léiriú a thabhairt ar an mbealach ar féidir leis an gclaochlú digiteach, ceannaireacht in eochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin agus spáis, an t-aistriú go geilleagar ísealcharbóin ciorclach agus leis an iomaíochas treisiú a dhéanamh ar a chéile trí bharr feabhais na heolaíochta agus na teicneolaíochta.
Chun go dtiocfaidh ann don gheilleagar a bheidh digiteach ciorclach, ísealcharbóin agus ar bheagán astaíochtaí, tá gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais Eorpaigh de bharr a chasta agus atá na slabhraí luacha, de bharr a chórasaí agus a ildisciplíní agus atá na teicneolaíochtaí agus na costais mhóra fhorbartha a ghabhann leo, agus de bharr chineál trasearnálach na bhfadhbanna ar gá aghaidh a thabhairt orthu. Ní mór don Aontas Eorpach a áirithiú gur féidir le gach gníomhaí tionsclaíoch, agus an tsochaí i gcoitinne, sochar a bhaint as teicneolaíochtaí ardfhorbartha agus glan agus as an digitiú. Ní leor forbairt a dhéanamh ar theicneolaíochtaí ann féin. Tá sé bunriachtanach go mbeadh tuiscint shochaíoch ann ar na teicneolaíochtaí agus na héabhlóidí sin le haghaidh rannpháirtíocht úsáideoirí deiridh agus athrú iompair.
Cuideoidh bonneagair atá dírithe ar an tionsclaíocht, lena n-áirítear línte píolóta, le gnólachtaí AE, go háirithe FBManna, déanfaidh siad na teicneolaíochtaí sin a imlonnú, agus feabhsóidh siad a bhfeidhmíocht nuálaíochta féin agus féadfar é sin a éascú freisin le cláir eile de chuid an Aontais.
Tá sé bunriachtanach go mbeadh an lucht tionscail agus an tsochaí shibhialta rannpháirteach ar bhealach láidir chun tosaíochtaí a leagan síos, cláir oibre taighde agus nuálaíochta a fhorbairt agus giaráil na hinfheistíochta poiblí a mhéadú trí infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha, agus chun glacadh torthaí níos fearr a áirithiú. Tá tuiscint ar an tsochaí, agus an glacadh, lena n-áirítear dearadh táirgí, earraí agus seirbhísí a bhreithniú, an-thábhachtach chun rath a bhaint amach mar aon le clár oibre nua um scileanna agus um chaighdeánú atá ábhartha do réimse na tionsclaíochta.
Mar thoradh ar ghníomhaíochtaí i dtaca le heochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin, teicneolaíochtaí digiteacha agus teicneolaíochtaí spáis a thabhairt le chéile, mar aon le soláthar inbhuanaithe amhábhar, lamhálfar cur chuige níos córasaí, agus claochlú tionsclaíoch agus digiteach níos tapúla agus níos doimhne. Áiritheoidh sé gurb éard a dhéanfaidh an taighde agus an nuálaíocht sna réimsí sin ná cur agus rannchuidiú le cur chun feidhme bheartas an Aontais Eorpaigh don tionsclaíocht, don digitiú, don chomhshaol, don fhuinneamh agus don aeráid, don gheilleagar ciorclach, don amhábhar agus don ábhar ardfhorbartha, agus don spás.
Is trí bhíthin gníomhaíochtaí a áiritheofar an chomhlántacht go háirithe faoin gClár don Eoraip Dhigiteach agus faoin gClár Spáis, agus urraim á thabhairt ag an am céanna don dealú idir ▌Cláir agus forluí á sheachaint▌.
Trí na gníomhaíochtaí, rannchuideofar go díreach leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFInna) seo a leanas go háirithe: SFI 8 - Obair Chuibhiúil agus Fás Eacnamaíoch; SFI 9 - Tionsclaíocht, Nuálaíocht, agus Bonneagar; SFI 12 - An Tomhaltas agus An Táirgíocht Fhreagrach; SFI-13 Gníomhú ar son na hAeráide.
4.2. Réimsí Idirghabhála
4.2.1. Teicneolaíochtaí Monaraithe
Tá an monarú ina mhórspreagadh don fhostaíocht agus don rachmas san Aontas Eorpach, óir is é is údar le níos mó ná trí cheathrú d’onnmhairithe domhanda an Aontais Eorpaigh, agus tá breis is 100 milliún de phoist dhíreacha agus indíreacha ann sa réimse sin. Is é an príomhdhúslán atá roimh mhonarú AE ná leanúint de bheith iomaíoch ar an leibhéal domhanda, le táirgí níos cliste agus táirgí níos sainiúla a bhfuil breisluach ard iontu, ar táirgí iad a tháirgtear ar chostais i bhfad níos ísle ó thaobh fuinnimh agus acmhainní ábhar deagus tá lorg carbóin agus comhshaoil níos ísle acu. Ionchur cruthaitheach agus cultúrtha mar aon le dearcadh ó lucht na n-eolaíochtaí sóisialta agus ndaonnachtaí ar an gcaidreamh idir an teicneolaíocht agus daoine sa táirgeadh, beidh fíorthábhacht leo ó thaobh cabhrú le breisluach a ghiniúint. Déanfar staidéar freisin ar an tionchar ar shaol na hoibre agus ar an bhfostaíocht.
Réimsí Ginearálta
– Teicneolaíochtaí monaraíochta ceannródaíocha amhail táirgeadh biteicneolaíochta, monarú breiseánach, róbataic thionsclaíoch, chomhoibríoch, sholúbtha agus chliste, córais mhonaraithe a bhfuil an duine comhtháithe iontu, agus iad á gcur chun cinn trí ghréasán AE de bhonneagair atá dírithe ar an tionsclaíocht, trína soláthraítear seirbhísí chun dlús a chur leis an gclaochlú teicneolaíoch agus le glacadh i dtionscal AE;
– Nuálaíochtaí ceannródaíocha lena n-úsáidtear teicneolaíochtaí éagsúla cumasúcháin feadh an tslabhra luacha. Samplaí díobh sin is ea teicneolaíochtaí inréimneacha, intleacht shaorga, cúpla digiteach, anailísíocht sonraí, teicneolaíochtaí rialaithe, teicneolaíochtaí braite, róbataic thionsclaíoch, chomhoibríoch agus chliste,córais dhuine-láraithe, táirgeadh biteicneolaíochta, ceallraí ardfhorbartha agus hidrigin, lena n-áirítear hidrigin in-athnuaite, agus teicneolaíochtaí cealla breosla, teicneolaíochtaí ardfhorbartha plasma agus léasair;
– Scileanna, áiteanna oibre agus gnólachtaí atá in oiriúint go hiomlán do na teicneolaíochtaí nua i gcomhréir le luachanna sóisialta de chuid na hEorpa;
– Plandaí comhfhiosacha solúbtha, ardchruinnis, gan cháim, íseal-thruailliú agus ▌ísealdhramhaíl, inbhuanaithe agus neodrach ó thaobh an chomhshaoil de, i gcomhréir le cur chuige an gheilleagair chiorclaigh, córais monaraíochta atá cliste agus fuinneamhéifeachtúil trína bhfreastalaítear ar riachtanais custaiméirí;
– Nuálaíochtaí ceannródaíocha i dteicnící chun suíomhanna tógála a chuardach, agus an t-uathoibriú iomlán le rudaí a chur le chéile ar an láthair agus le haghaidh comhchodanna réamhdhéanta.
4.2.2. Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha
Acmhainneachtaí láidre deartha agus táirgeachta a chaomhnú agus a fhorbairt go neamhspleách amhail micrileictreonaic agus nanaileictreonaic, micrichórais, fótónaic, agus córais bogearraí agus chibearfhisciúla, agus a gcomhtháthú mar aon le ábhair ardfhorbartha i gcomhair na bhfeidhmchlár sin, beidh an méid sin bunriachtanach chun go mbeidh Aontas Eorpach ann a bheidh dírithe ar shaoránaigh agus sóisialta.
Réimsí Ginearálta
– Micri- agus nanai-leictreonaic, lena n-áirítear coincheapa deartha agus próiseála,comhchodanna agus trealaimh mhonaraíochta trína dtugtar aghaidh ar riachtanais shonracha an chlaochlaithe dhigitigh agus ar dhúshláin dhomhanda, a mhéid a bhaineann le feidhmíocht, feidhmiúlacht, tomhaltas fuinnimh agus ábhar agus comhtháthú;
– Teicneolaíochtaí éifeachtúla agus slána um brath agus um ghníomhrúchán agus a gcomhtháthú le haonaid ríomhaireachta mar chumasóir den tionscal agus d’Idirlíon na Rudaí Nithiúla, lena n-áirítear réitigh nuálacha ar ábhair sholúbtha agus inleasaithe le haghaidh réada idirghníomhaíocha ar furasta don duine leas a bhaint astu;
– Teicneolaíochtaí mar chomhlánú nó mar roghanna malartacha ar nanaileictreonaic, amhail ▌ríomhaireacht chandamach chomhtháite, tarchur agus brath mar aon le comhchodanna de ríomhaireacht néaramorfach agus leictreonaic rothlacha;
– Struchtúir agus luasairí ríomhaireachta, próiseálaithe ísealchumhachta i gcomhair réimse leathan feidhmeanna, lena n-áirítear feidhmeanna ríomhchumhachta den chineál néaramhorfach, ríomhaireacht an imill, digitiú an tionscail, mórshonraí agus néalríomhaireacht, fuinneamh cliste agus soghluaisteacht nasctha agus uathoibrithe;
– Dearadh crua-earraí ríomhaireachta a chinnteoidh gealltanais láidre ar chur i gcrích iontaofa, dearadh a mbeidh soláthar cosanta mar bhunchuid den phríobháideachas agus den tslándáil atá ann don inchur agus don aischur faisnéise, ríomhaireacht chandamach mar aon le treoir phróiseála agus comhéadain leormhaithe duine le meaisín;
– Teicneolaíochtaí fótónaice lena gcumasaítear feidhmchláir a bhfuil dul chun cinn ceannródaíoch iontu san fheidhmiúlacht, sa chomhtháthú agus san fheidhmíocht;
– Teicneolaíochtaí innealtóireachta córais agus rialaithe chun tacú le córais atá solúbtha, infhorbartha agus iomlán neamhspleách le haghaidh feidhmchláir iontaofa lena ndéantar idirghníomhaíocht leis an domhan fisiciúil agus le daoine, lena n-áirítear réimsí tionsclaíocha agus réimsí a bhfuil tábhacht as cuimse leis an tsábháilteacht iontu;
– Teicneolaíochtaí bogearraí lena gcuirtear le cáilíocht na mbogearraí, le cibearshlándáil agus le hiontaofacht a mbeidh feabhas ann ar feadh ré na seirbhísí, lena méadaítear an táirgiúlacht san fhorbairt, agus lena ndéantar an intleacht shaorga a bheidh mar bhunchuid den earra a thabhairt isteach, chomh maith le hathléimneacht na mbogearraí agus a struchtúr;
– Teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn lena leathnaítear teicneolaíochtaí digiteacha ▌.
4.2.3. Teicneolaíochtaí cumasúcháin atá ag teacht chun cinn
Tá sé léirithe ag eochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin go bhfuil sé d’acmhainneacht acu an nuálaíocht a spreagadh in a lán earnálacha(17). Chun forbairt teicneolaíochtaí nua cumasúcháin a éascú agus chun cur leis an píblíne na nuálaíochta, ní mór téamaí claochlaitheacha taighde a shainaithint, agus tacaíocht a thabhairt dóibh, ón gcéim luath thaiscéalaíoch go dtí taispeántais i bhfeidhmchláir phíolótacha. Fairis sin, pobail atá ag teacht chun cinn, ar minic pobail idirdhisciplíneacha iad, ní mór cúnamh a thabhairt dóibh chun go mbeadh an mhais chriticiúil acu a d’fhágfadh go mbeidís in ann teicneolaíochtaí a bhfuil gealladh fúthu a fhorbairt agus a aibiú. Is é an sprioc atá ann ná teicneolaíochtaí cumasúcháin a dhéanamh chomh haibí sin gur féidir iad a chuimsiú i dtaighde tionsclaíoch agus i dtreochláir nuálaíochta.
Réimsí Ginearálta
— tacaíocht do na treochtaí atá ag teacht chun cinn, agus do threochtaí a bheidh ann amach anseo, maidir le heochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin;
— tacaíocht do phobail atá ag teacht chun cinn lena mbaineann cur chuige duine-lárnaithe ón tús;
— measúnú a dhéanamh ar ionchas suaiteach teicneolaíochtaí tionsclaíocha nua atá ag teacht chun cinn, agus ar a dtionchar ar dhaoine, ar thionscal, ar an tsochaí agus ar an gcomhshaol, comhéadain a dhéanamh le treochlár tionsclaíoch;
— leathnú a dhéanamh ar an mbonn tionsclaíoch le haghaidh teicneolaíocht agus nuálaíocht ag a bhfuil mianach ceannródaíoch a ghlacadh, lena n-áirítear forbairt acmhainní daonna agus sa chomhthéacs domhanda.
4.2.4. Ábhair Ardfhorbartha
Is ceannaire domhanda an tAontas Eorpach sna hábhair ardfhorbartha agus próisis ghaolmhara, a dhéanann suas 20 % dá bhonn tionsclaíoch, agus a chruthaíonn bunús nach mór gach slabhra luacha trí amhábhair a chlaochlú. Má tá i ndán don Aontas Eorpach gan dul ó iomaíochas, agus freastal ar riachtanais na saoránach ó thaobh ábhar ardfhorbartha de atá sábháilte agus inbhuanaithe, ní mór dó infheistíocht a dhéanamh i dtaighde i gcomhair nua-ábhair, lena n-áirítear cinn bhithbhunaithe agus ábhair thógála éifeachtúla agus nuálacha a fhoinsiú, agus ní mór dó feabhas a chur ar mharthanacht agus acmhainn athchúrsála na n-ábhar a fheabhsú, agus idir an lorg carbóin agus an lorg a fhágann sé ar an gcomhshaol a laghdú, agus an nuálaíocht thionsclaíoch trasearnála a bhrú chun cinn trí thacú le feidhmchláir i ngach uile earnáil thionsclaíoch. Thairis sin, tá tionchar as cuimse ag ábhair ardfhorbartha maidir le riachtanais na saoránach.
Réimsí Ginearálta
– Ábhair (lena n-áirítear polaiméirí, bith-ábhair, nana-ábhair, ábhair dhéthoiseacha, ábhair chliste agus il- ábhair (lena n-áirítear ligniceallalós, comhchodaigh, miotail agus cóimhiotail) agus ábhair ardfhorbartha (e.g. ábhar candamach, freagrúil, fótónaice agus forsheoltach) arna ndearadh le hairíonna nua agus feidhmiú nua a thagann leis na riachtanais rialála (ach nach n-eascraíonn brúnna comhshaoil méadaithe le linn a saolré uile, ó tháirgeadh go húsáid nó deireadh a ré);
– Próisis um chomhtháthú ábhar, agus táirgeadh de réir cur chuige eiticiúil atá dírithe ar an gcustaiméir, lena n-áirítear gníomhaíochtaí réamhnormatacha agus measúnú fad a saolré, aimsiú agus bainistiú na n-amhábhar, an mharthanacht, an inathúsáideacht, agus an inathchúrsáltacht, an tsábháilteacht, measúnú riosca do shláinte an duine agus bainistiú comhshaoil agus riosca;
– Cumasóirí ábhar ardfhorbartha amhail an carachtarú (e.g. don dearbhú cáilíochta), déanamh samhlacha agus ionsamhlúchán, píolótú, agus méadú;
– Éiceachóras nuálaíochta de chuid an Aontais Eorpaigh sna teicneolaíochtaí bonneagair(18), atá nasctha agus inrochtana do na geallsealbhóirí ábhartha, arna sainaithint agus arna dtús-áitiú ag na Ballstáit, bonneagair a sholáthraíonn seirbhísí le luas a chur faoin gclaochlú teicneolaíochta agus an glacadh a bheidh an tionsclaíocht an Aontais Eorpaigh leis, go sonrach ag FBManna; cumhdófar leis sin na heochairtheicneolaíochtaí ar fad atá riachtanach chun an nuálaíocht a chumasú i réimse na n-ábhar;
– Réitigh atá bunaithe ar ábhair ardfhorbartha i gcomhair na hoidhreachta cultúrtha, ar dhearadh, ar ailtireacht, nó ar an gcruthaitheacht ghinearálta a bhfuil luí mór acu leis an úsáideoir, chun cur le luach na n-earnálacha tionsclaíocha agus na dtionscal cruthaitheach.
4.2.5. Intleacht Shaorga agus Róbataic
Is rud a bhfuil claonadh ollmhór ina threo é intleacht dá chuid féin a bheith i ngach uile réad nó gaireas agus é a bheith nasctha. I measc na gcúiseanna móra a bheidh le fás eacnamaíoch agus táirgiúlachta sa todhchaí, beidh obair taighdeoirí agus lucht nuála i bhforbairt na hIntleachta Saorga (IS), agus i dtairiscint feidhmchlár i réimse na róbataice agus i réimsí eile. Is iomaí earnáil a chuirfidh tuilleadh forbartha ar an eochairtheicneolaíocht chumasúcháin sin, agus a bhainfidh úsáid aisti, i gcodanna eile den Chlár Réime, amhail earnáil na sláinte, earnáil na monaraíochta, longthógáil, earnáil na tógála, tionscail seirbhíse agus earnáil na feirmeoireachta. Forbairtí IS, ní mór iad a dhéanamh go trédhearcach ar fud AE, ní mór dóibh sábháilteacht, sláine shochaíoch agus comhshaoil na bhfeidhmchlár atá bunaithe ar IS, a áirithiú gnéithe eiticiúla a bhreithniú ón tús, na rioscaí a mheas, agus maolú a dhéanamh ar an acmhainneacht atá ann úsáid mhailíseach a bhaint astu agus leatrom nár beartaíodh a dhéanamh trína mbíthin amhail claonadh inscne, ciníoch nó míchumais. Ní mór a áirithiú freisin go ndéanfar an SI a fhorbairt faoi chuimsiú creat atá dea-chomhordaithe trína n-urramaítear luachanna AE, prionsabail eiticiúla agus Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Comhlánófar an Clár sin le gníomhaíochtaí a leagtar amach faoin gClár don Eoraip Dhigiteach.
Réimsí Ginearálta
– Teicneolaíochtaí IS a chur i gcumas, amhail IS inmhínithe, IS eiticiúil, IS atá faoi smacht an duine, an mheaisínfhoghlaim nach bhfuil faoi mhaoirseacht agus éifeachtúlacht sonraí agus idirghníomhaíochtaí ardfhorbartha idir an duine agus an meaisín agus idir meaisíní;
– Róbataic shábháilte, chliste, chomhoibríoch agus éifeachtúil agus córais chasta, chorpraithe agus uathrialaitheacha;
– Teicneolaíochtaí duine-lárnaithe AI le haghaidh réitigh atá bunaithe ar IS;
– Inniúlachtaí taighde i réimse IS ▌a fhorbairt agus a líonrú ar fud na hEorpa de réir dearcadh oscailte comhoibríoch agus forbairt a dhéanamh ag an am céanna freisin ar an acmhainneacht tástáil iata a dhéanamh;
– IS agus róbataic a chur in úsáid chun tacú le daoine atá faoi mhíchumas agus le cuimsiú daoine imeallaithe;
– Teicneolaíochtaí le haghaidh ardáin IS oscailte, lena n-áirítear bogearraí algartaim, stórtha sonraí, córais bunaithe ar ghníomhairí, róbotaic, agus ardáin na gcóras neamhspleách.
4.2.6. An tIdirlíon den Chéad Ghlúin Eile
Faoin am seo, tá an t-idirlíon ina phríomhchumasóir don chlaochlú digiteach i ngach uile earnáil den gheilleagar agus den tsochaí atá againn. Is gá don Aontas Eorpach a bheith chun cinn ar chách leis an gcéad ghlúin eile den Idirlíon a bhrú i dtreo éiceachórais dhaonlárnaigh i gcomhréir lenár gcuid luachanna sóisialta agus eiticiúla. An t-infheistiú sna teicneolaíochtaí agus i mbogearraí don Chéad Ghlúin Eile den Idirlíon, cuirfidh sé feabhas ar iomaíochas tionsclaíoch an Aontais Eorpaigh san eacnamaíocht dhomhanda. Teastóidh comhar ar scála mór leis na geallsealbhóirí ar fad chun go nglacfar leis na nithe seo chomh mór agus is féidir ar fud an Aontais Eorpaigh. Ba cheart noirm eiticiúla a rialaíonn an t-idirlíon den chéad glúin eile a chur san áireamh freisin.
Réimsí Ginearálta
– Teicneolaíochtaí agus córais le haghaidh bonneagar seirbhísí agus bonneagar líonraí cliste atá iontaofa agus éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de (nascacht lastall de 5G, bonneagair bhogearraí-shainithe, Idirlíon na Rudaí Nithiúla, córais chórais, bonneagair an néil, líonraí optaice den chéad ghlúin eile, candam, néalta cognaíocha agus an t-idirlíon candamach, comhtháthú na Cumarsáide Satailíte), rud a chuireann inniúlachtaí fíor-ama i gcumas, an bhainistíocht díláraithe agus bainistíocht na fíoraíochta (raidió sárthapa agus solúbtha, ríomhaireacht an imill, an comhthéacs roinnte agus an t-eolas roinnte) chun feidhmíocht líonra inscálaithe, éifeachtach, iontaofa agus inmhuiníne atá oiriúnach d’imscaradh ollmhór seirbhíse líonra intomhaiste a áirithiú;
– Feidhmchláir Idirlín den Chéad Ghlúin Eile, agus seirbhísí don tomhaltóir, don tionsclaíocht agus don tsochaí a bheidh bunaithe ar iontaoibh, cothroime, idir-inoibritheacht, feabhas ar smacht an úsáideora ar shonraí, rochtain trédhearcach ar theangacha, coincheapa nua ilmhódacha idirghníomhaíochta, rochtain ar réada, ar fhaisnéis agus ar inneachar a bheidh an-phearsanaithe agus cuimsitheach, lena n-áirítear meáin iontaofa agus tumacha, meáin shóisialta agus líonrú sóisialta chomh maith le samhlacha gnó i gcomhair idirbhearta agus seirbhísí thar bhonneagair chomhroinnte;
– Meán-earraí a bheidh bunaithe ar bhogearraí, lena n-áirítear teicneolaíochtaí mórleabhair dáilte amhail blocshlabhraí, a bheith ag obair i dtimpeallachtaí ard-dáilte, mapáil sonraí agus aistriú sonraí a éascú trasna na mbonneagar hibrideacha a bhfuil cosaint faisnéise mar bhunchuid díobh, intleacht shaorga, anailísíocht sonraí, slándáil agus rialú a neadú i bhfeidhmchlár Idirlín, agus seirbhísí atá bunaithe ar shaorshreabhadh sonraí agus eolais.
4.2.7. An Ríomhaireacht Ardfhorbartha agus Mórshonraí
Is dhá rud iad an Ríomhaireacht Ardfhorbartha agus Mórshonraí nach dtig leis an ngeilleagar sonraí domhanda nua feidhmiú dá n-uireasa, áit arb ag an ardchumas ríomhaireachta a bheidh an mórbhuntáiste iomaíochta. Déanfar an Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta agus anailísíocht Mhórshonraí a spreagadh ar fud AE agus is dhá rud iad sin a bhfuil tábhacht ar leith leo chun tacú le déanamh na mbeartas, leis an gceannaireacht san eolaíocht, leis an nuálaíocht agus iomaíochas tionsclaíoch, agus le caomhnú na ceannasachta náisiúnta agus saincheisteanna eiticiúla á n-urramú. Comhlánófar na ghníomhaíochtaí sin le gníomhaíochtaí faoin gClár don Eoraip Dhigiteach.
Réimsí Ginearálta
– Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta (HPC): an chéad ghlúin eile de na teicneolaíochtaí agus na córais eis-scála agus iar-eis-scála (m.sh. micrea-phróiseálaithe ísealchumhachta, bogearraí, agus comhtháthú na gcóras); algartaim, cóid agus feidhmchláir, uirlisí anailíse agus beirtreacha tástála; seirbhísí agus beirtreacha tástála píolótacha tionsclaíocha; tacú le taighde agus le nuálaíocht,agus gach Ballstát rannpháirteach ann más féidir, le haghaidh bonneagar HPC de scoth an domhain, lena n-áirítear na chéad bhonneagair HPC hibrideacha/ ríomhaireachta chandamach agus le haghaidh seirbhísí comhroinnte san Aontas Eorpach;
– Mórshonraí: Anailísíocht sonraí rí-ardfheidhmíochta; “An príobháideachas trí dhearadh” in anailís na Mórshonraí atá príobháideach agus faoi rún; teicneolaíochtaí le haghaidh ardáin sonraí ar scála iomlán le haghaidh athúsáid faisnéise den chineál tionsclaíoch, pearsanta agus oscailte; bainistiú faisnéise, idir-inoibritheacht agus uirlisí ceangail; feidhmchláir faisnéise le haghaidh dúshláin dhomhanda; modhanna le haghaidh eolaíocht sonraí;
– Lorg carbóin na bpróiseas TFC a laghdú, lena gcuimsítear crua-earraí, ailtireacht, prótacail chumarsáide, bogearraí, braiteoirí, líonraí, lárionaid stórála agus sonraí, agus measúnuithe caighdeánaithe a bheith san áireamh ann.
4.2.8. Tionscail Chiorclacha
Is í an Eoraip atá in áit an cheannródaí sa chlaochlú domhanda ionsar gheilleagar ciorclach. Ba cheart do thionsclaíocht na hEorpa teacht chun bheith ina tionsclaíocht chiorclach: luach na n-acmhainní, na n-ábhar agus na dtáirgí, ba cheart iad a chaomhnú níos faide ná mar a dhéantar inniu, agus slabhraí luacha nua a oscailt amach fiú amháin. Tá rannpháirtíocht na saoránach ríthábhachtach.
Beidh tábhacht mhór go fóill arís le ról na n-amhábhar príomha sa gheilleagar ciorclach, agus ní mór aird a thabhairt ar iad a fhoinsiú, a úsáid agus a tháirgeadh ar bhealach inbhuanaithe. Áiritheofar timthriallta sábháilte agus inbhuanaithe amhábhar. Sa bhreis air sin, ba cheart ábhair, lena n-áirítear ábhair bhithbhunaithe, táirgí agus próisis úrnua a dhearadh don chiorclaitheacht. Beidh buntáistí éagsúla don Eoraip i dtógáil tionsclaíochta ciorclaí: Rachaidh sé sin i dtreo soláthar amhábhair a bheith slán, inbhuanaithe agus inacmhainne, rud a bheidh ann féin ina chosaint don tionscal in aghaidh theirce na n-acmhainní agus in aghaidh ghuagacht na bpraghsanna. Cruthóidh sé freisin deiseanna nua gnó agus bealaí táirgthe nuálacha, atá níos tíosaí ar acmhainní agus ar fhuinneamh. Déanfar taighde agus forbairt atá dírithe ar shubstaintí nach bhfuil chomh guaiseach a ghríosadh agus spreagadh.
Is é an cuspóir atá ann ná nuálaíocht inacmhainne a fhorbairt a mbeidh barr ceannródaíochta ann, agus cumasc teicneolaíochtaí agus próisis ardfhorbartha a chur ar an margadh ionas gur féidir an luach uasta a bhaint as na hacmhainní ar fad.
Réimsí Ginearálta
– Siombóis thionsclaíoch le sreabhadh acmhainní idir ionaid trasna na n-earnálacha agus na bpobal uirbeach; próisis agus ábhair le haghaidh stóráil, iompar, claochlú agus athúsáid a dhéanamh ar acmhainní, arna chónascadh le luacháil na seachtháirgí, na dramhaíola, an fhuíolluisce agus CO2;
– Measúnú luachála agus measúnú saolré ar ábhair agus ar shreabhadh táirgí le húsáid malairt stoc cothabhála agus stoc nua cothabhála, mar aon le rialú acmhainní, rianú ábhair agus scagadh (lena n-áirítear modhanna bailíochtaithe tástála agus uirlisí i gcomhair measúnú riosca do shláinte an duine agus don chomhshaol);
– Táirgí, seirbhísí agus samhlacha nua gnó éicea-dheartha leis an bhfeidhmíocht saolré a fheabhsú, agus leis an marthanacht, an in-uasghrádaitheacht, agus an tsodheisitheacht, an bhaint ó chéile, an athúsáid agus an athchúrsáil a fheabhsú;
– An tionscal éifeachtach athchúrsála, an acmhainn agus an tsábháilteacht uasta a bhaint as na hábhair thánaisteacha, an truailliú (timthriallta ábhar neamhthocsaineach), a laghdú chomh mór agus is féidir, an t-íosghrádú ardchaighdeáin, agus cainníocht díomhaontais tar éis na cóireála;
– Substaintí ar díol imní iad a chur as an áireamh nó, mura bhfuil aon rogha ann, iad a láimhseáil go sábháilte le linn na dtáirgeachta agus i ndeireadh saolré; ionadaithe sábháilte, agus teicneolaíochtaí táirgeachta sábháilte a mbeidh éifeacht iontu ó thaobh costas de;
– Soláthar inbhuanaithe agus ionadú inbhuanaithe na n-amhábhar, na hamhábhair chriticiúla san áireamh, rud a chlúdóidh an slabhra luacha ar fad.
4.2.9. Tionscail Ísealcharbóin Ghlana
Cuireann na hearnálacha tionsclaíocha, lena n-áirítear tionscail dianfhuinnimh, na milliúin post ar fáil, amhail tionscal na cruach, ina measc, agus ní mhairfidh an rachmas inár gcuid sochaithe gan iomaíochas na dtionscal sin. Is iad is cúis, áfach, le 20 % d’iomlán na n-astaíochtaí gáis cheaptha teasa, agus bíonn tionchar mór acu ar an gcomhshaol (go háirithe ar an uisce, ar an aer agus ar thruailleáin ithreach).
As teicneolaíochtaí ceannródaíochta chun laghdú suntasach ar an ngás ceaptha teasa, truailleáin agus éileamh fuinnimh AE a bhaint amach, ar teicneolaíochtaí ceannródaíochta iad a bhíonn i gcumasc go minic le teicneolaíochtaí don tionsclaíocht chiorclach, tiocfaidh slabhraí luacha láidre sa tionsclaíocht, rud a chuirfidh réabhlóid faoi acmhainneachtaí táirgeachta, agus rud a chuirfidh feabhas ar iomaíochas domhanda na tionsclaíochta; agus san am céanna rannchuidithe ríthábhachtacha a dhéanamh leis na spriocanna atá againn i leith gníomhú don aeráid agus i leith cháilíocht an chomhshaoil.
Réimsí Ginearálta
– Teicneolaíochtaí na bpróiseas, idir théamh agus fhuarú, uirlisí digiteacha, uathoibriú agus léirithe ar mhórscála d’fheidhmíocht na bpróiseas agus d’éifeachtúlacht acmhainní agus fuinnimh; laghduithe suntasacha ar astaíochtaí tionsclaíocha na ngás ceaptha teasa agus na dtruilleán, nó seachaint na n-astaíochtaí agus na dtruailleán sin, lena n-áirítear ábhar cáithníneach;
– ▌luacháil CO2 ón tionscal agus ó earnálacha eile;
– Teicneolaíochtaí tiontaithe i gcomhair úsáid inbhuanaithe foinsí carbóin chun éifeachtúlacht acmhainní a mhéadú agus chun astaíochtaí a laghdú, lena n-áirítear córais fuinnimh hibrideacha don earnáil tionscail agus fuinnimh a bhfuil acmhainneacht dícharbónaithe inti;
– An t-aibhléisiú agus úsáid na bhfoinsí fuinnimh neamhghnácha laistigh d’ionaid thionsclaíocha, agus malartuithe fuinnimh agus acmhainní idir ionaid thionsclaíocha (tríd an tsiombóis thionsclaíoch, cuir i gcás);
– Táirgí tionsclaíocha a bhfuil astaíochtaí ísle nó nialasacha carbóin de dhíth orthu ina gcuid próiseas táirgeachta i gcaitheamh an tsaolré.
4.2.10. An Spás, lena n-áirítear Faireachán na Cruinne
Na córais spáis atá ag an Aontas Eorpach, laghdaíonn siad costais agus cuireann siad feabhas ar chúrsaí éifeachtúlachta, cuireann siad réitigh ar fáil do dhúshláin na sochaí, cuireann siad le hathléimneacht na sochaí, cabhraíonn siad le faireachán a dhéanamh ar an athrú aeráide agus é a chomhrac agus cothaíonn siad geilleagar iomaíoch inbhuanaithe. Bhí lámh ag tacaíocht an Aontais Eorpaigh i réadú na sochar agus na dtionchar seo. Ba cheart go gcuideoidh gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta freisin le forás Chlár Spáis an Aontais ar gá ▌dó fanacht chun tosaigh.
Tacóidh an tAontas Eorpach le sineirgíochtaí idir an spás agus eochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin (▌ardmhonaraíocht, Idirlíon na Rudaí Nithiúla, mórshonraí, fótónaic, teicneolaíochtaí candamacha, róbataic, agus an intleacht shaorga); earnáil spáis atá bisiúil agus fiontraíoch agus iomaíoch go réamhtheachtach agus go hiartheachtach a chothú, lena n-áirítear tionscal agus FBManna; borradh a chur faoi chur i bhfeidhm teicneolaíochtaí, sonraí agus seirbhísí spáis in earnálacha eile agus cuidiú neamhspleáchas teicneolaíoch a bhaint amach i dtaca le rochtain a fháil ar an spás agus chun feidhm a bhaint as ar bhealach straitéiseach sábháilte agus slán; agus déanfaidh siad bearta forbartha acmhainní a chur chun cinn. Is ar an treochlár a bhunófar na gníomhaíochtaí den chuid is mó, agus cuirfear san áireamh próiseas comhchuibhithe Ghníomhaireacht Satailítí na hEorpa, mar aon le tionscadail de chuid na mBallstát a bhaineann le hábhar, agus is í Gníomhaireacht Satailítí na hEorpa agus Gníomhaireacht AE don Chlár Spáis a chuirfidh chun feidhme é i gcomhréir leis an Rialachán lena mbunaítear an Clár Spáis don Aontas Eorpach. Tacóidh an chuid spáis freisin, áfach, le glaonna ón mbonn aníos chun ligean do theicneolaíochtaí spáis teacht chun cinn amach anseo.
Tá gá le teicneolaíochtaí nua a imscaradh agus a shaothrú ar bhonn níos fairsinge, iad a nuashonrú agus taighde agus nuálaíocht a dhéanamh ar bhonn leanúnach chun dul i ngleic leis na bearnaí i bhFaireachán na Cruinne (FC) ar talamh agus ar muir agus san atmaisféar (e.g. aigéin fholláine agus farraigí folláine, cosaint don éiceachóras), ag baint tairbhe as Copernicus agus cláir ábhartha Eorpacha eile mar fhoinsí bunriachtanacha agus comhordú a dhéanamh trí Chóras na gCóras Breathnóireachta Domhanda (GEOSS) agus trína chomhpháirt Eorpach, EuroGEOSS.
Réimsí Ginearálta
– An Ghníomhaireacht Eorpach um Chórais Satailíte (Galileo agus EGNOS): feidhmchláir nuálacha, an glacadh domhanda agus páirtithe idirnáisiúnta san áireamh, réitigh a chuirfidh feabhas ar an scafántacht, an deimhniú, macántacht na seirbhísí, forbairt na mbunchodanna idir scealláin, ghlacadóirí agus aintéiní, inbhuanaitheacht na slabhraí soláthair, ar choinníollacha cost-éifeachtúla agus inacmhainne, teicneolaíochtaí nua (e.g. teicneolaíochtaí candaim, naisc optacha, ualaí íocaíochta ath-inchláraithe), i dtreo shaothrú leanúnach na seirbhísí d’fhonn dul i gcion ar dhúshláin na sochaí. Forbairt na gcóras i gcóir na chéad ghlúine eile le haghaidh dúshláin nua mar atá an tslándáil nó an tiomáint uathrialaitheach;
– Córas Eorpach um Fhaireachán na Cruinne (Copernicus): an beartas sonraí oscailte iomlán agus saor a ghiaráil, feidhmchláir nuálacha a fhorbairt, glacadh Eorpach agus domhanda, lena n-áirítear gníomhaithe neamh-spáis agus comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta, taighde atá de dhíth chun croí-sheirbhísí agus taighde a choinneáil ar bun, a fheabhsú, agus a fhairsingiú i gcomhair comhshamhlú agus dúshaothrú sonraí spáis, scafántacht agus éabhlóid na seirbhísí, inbhuanaitheacht na slabhraí soláthair, braiteoirí, córais agus coincheapa misin (e.g. Ardáin For-Airde, dróin, satailítí éadroma); calabrú agus deimhniú; leanúint de shaothrú na seirbhísí agus na dtionchar ar dhúshláin na sochaí; Teicnící próiseála sonraí um ghrinnbhreathnú an domhain, lena n-áirítear mórshonraí, acmhainní ríomhaireachta, agus uirlisí algartaim. Forbairt chórais na chéad ghlúine eile le haghaidh dúshláin ▌amhail an t-athrú aeráide, na poil agus an tslándáil; síneadh ar phunann táirgí agus seirbhísí Copernicus;
– Feasacht Shuíomhúil Spáis: forbairtí chun tacú le hacmhainneacht láidir AE chun faireachán a dhéanamh ar an gcaoi ina bhfuil an timpeallacht spáis agus chun í a thuar e.g. aimsir an spáis, lena n-áirítear guaiseacha radaíochta, smionagar spáis agus réada i ngar don Domhan.Forbairtí ar theicneolaíochtaí braiteoirí agus ar choincheapa nua seirbhíse, amhail bainistiú thrácht spáis, feidhmchláir agus seirbhísí chun bonneagar criticiúil a dhaingniú sa spás agus ar Domhan;
– Cumarsáid Satailíte gan Phriacal do lucht rialtais an Aontais Eorpaigh: réitigh lena dtacaítear le neamhspleáchas AE i gcomhair ▌úsáideoirí rialtais, lena n-áirítear trealamh gaolmhar úsáideora agus réitigh ailtireachta, theicneolaíocha agus chórais don spás agus don bhonneagar ar talamh▌;
– Cumarsáid satailíte do shaoránaigh agus gnólachtaí: comhtháthú cumarsáid chost-éifeachtach satailíte ardfhorbartha sna líonraí talún chun nasc a dhéanamh idir sócmhainní agus daoine i gceantair a bhfuil easpa seirbhísí iontu, mar chuid den nascacht il-láithreach atá curtha i gcumas ag 5G, ▌Idirlíon na Rudaí Nithiúla, agus a rannchuidíonn le bonneagar an Idirlín den Chéad Ghlúin eile (NGI). An trealamh don úsáideoir a fheabhsú agus do rannóg na talún den trealamh, caighdeánú agus idir-inoibritheacht, agus lárchumarsáid chandamach trí shatailít a ullmhú chun ceannaireacht thionsclaíoch an Aontais Eorpaigh a áirithiú;
– Neamh-spleáchas agus inbhuanaitheacht an tslabhra sholáthair: ardú i leibhéil na hullmhachta teicneolaíochta sna satailítí agus sna gléasanna seolta; leathchuid an spáis agus leathchuid na talún faoi mar a ghabhann leis an trealamh, mar aon le háiseanna táirgthe agus tástála i gcomhlántacht le Gníomhaireacht Spáis na hEorpa. Chun daingniú a dhéanamh ar cheannasacht theicneolaíoch agus neamhspleáchas an Aontais Eorpaigh, feabhas ar inbhuanaitheacht an tslabhra sholáthair ar dhálaí cost-éifeachtacha agus inacmhainne, laghdú spleáchais ar theicneolaíochtaí criticiúla spáis neamh-AE, agus eolas feabhsaithe ar an mbealach ar féidir le teicneolaíochtaí spáis réitigh a chruthú d’earnálacha tionsclaíocha eile agus vice-versa;
– Córais spáis: bailíochtú le linn eitilt i bhfithis don tsatailít, mar aon le seirbhísí taispeána, ar a n-airítear seirbhísí na gcomh-mharcach do na satailítí éadroma; taispeántóirí spáis i réimse na satailítí hibrideacha, na satailítí cliste, nó na satailítí inathchumraithe, seirbhísiú, monarú agus cur le chéile, soláthar fuinnimh ag baint feidhm as foinsí éagsúlaithe le linn don tsatailít a bheith ag eitilt i bhfithis timpeall an domhain; próisis thionsclaíocha nua agus uirlisí táirgthe nua; córais talún; nuálaíochtaí ceannródaíocha, agus an t-aistriú teicneolaíochta, i réimse na hathchúrsála, na spásanna glasa, úsáid inbhuanaithe agus shíochánta acmhainní spáis, na hintleachta saorga, na róbotaice, an digitithe, na cost-éifeachtúlachta, na mionsamhlacha;
– Rochtain ar an spás: teicneolaíochtaí nuálacha chun comhoiriúnacht theicniúil agus éifeachtúlacht eacnamaíoch na gcóras Eorpach lainseála spáis, a mhéid a bhaineann le lainseáil satailítí de chuid an Aontais Eorpaigh: próisis táirgeachta atá íseal ó thaobh costais de, teicneolaíochtaí in-athúsáideachta d’fheithiclí lainseála agus coincheapa i gcomhair laghdú costais; coincheapa i gcomhair na rannóga talún de lainseálaithe amach anseo agus bonneagair thalún atá ann cheana (e.g. digitiú, ardbhainistiú sonraí) a oiriúnú; seirbhísí/coincheapa nuálacha spáis, lena n-áirítear córais lainseála atá dírithe ar shatailítí éadroma (e.g. micrealainseálaithe), i gcomhlántacht le Gníomhaireacht Spáis na hEorpa.
– Eolaíocht an spáis: saothrú ar shonraí eolaíocha, arna sheachadadh le misin fionnachtana agus eolaíochta, i gcumasc le forbairt na n-uirlisí nuálacha i dtimpeallacht idirnáisiúnta agus idirdhisciplíneach; rannchuidiú le misin eolaíochta réamhtheachtacha i gcomhair éabhlóid an Chláir Spáis.
5. BRAISLE ‘AERÁID, FUINNEAMH AGUS SOGHLUAISTEACHT’
5.1. An Réasúnaíocht
Is é an meascán idir taighde agus nuálaíocht maidir leis an aeráid, fuinneamh agus soghluaisteacht a rachaidh i ngleic i slí thar a bheith comhtháite agus éifeachtach, le ceann de na dúshláin domhanda is tábhachtaí i dtaobh inbhuanaitheacht agus todhchaí ár gcomhshaoil, ár ngeilleagar agus ár modh beatha.
Chun cuspóirí Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh beidh ar an Aontas Eorpach iompú go geilleagair agus sochaithe atá neodrach ó thaobh díobhála aeráide de, tíosach ar acmhainní agus athléimneach. Beidh gá le hathruithe móra i dtaca le teicneolaíocht, próisis, táirgí agus seirbhísí, ar na bealaí ina n-iompraíonn gnólachtaí agus tomhaltóirí iad féin.Athróidh an margadh fuinnimh a chruth trí idirghníomhaíocht na teicneolaíochta, an bhonneagair, an mhargaidh mar aon le creataí beartais agus rialúcháin, lena n-áirítear cineálacha nua rialachais. Le saothrú iarrachtaí i dtaca le teorainn a chur leis an méadú ar an teocht go 1.5°C, is gá dul chun cinn mear ar dhí-charbonú▌ na n-earnálacha fuinnimh, iompair, foirgneamh, tionsclaíochaagus talmhaíochta. Tá spreagadh nua de dhíth chun dlús a chur le ráta forbartha dhul chun cinn na chéad ghlúine eile agus chun teicneolaíochtaí agus réitigh cost-éifeachtúla nuálacha a léiriú agus a imlonnú, lena n-úsáidfí freisin na deiseanna arna gcur ar fáil ag teicneolaíochtaí digiteacha, biteicneolaíochtaí agus teicneolaíochtaí spáis, chomh maith le heochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin agus ardábhair. Saothrófar é sin trí chur chuige comhtháite lena gcuimseofar dícharbónú, éifeachtúlacht acmhainne, athshlánú feabhsaithe, athúsáid agus athchúrsáil, laghdú ar aerthruailliú, rochtain ar amhábhair agus geilleagar ciorclach i bhFís na hEorpa.
Chun dul chun cinn a dhéanamh sna hearnálacha sin - agus ar fud speictream earnáil tionsclaíochta an Aontais lena n-áirítear bonneagair fuinnimh, iompar, talmhaíocht agus foraoiseacht, turasóireacht, foirgnimh, próisis thionsclaíocha agus úsáid táirgí, ▌bainistiú dramhaíola agus athchúrsáil(19)- beidh gá le hiarrachtaí leanúnacha chun tuiscint níos fearr a fháil ar mheicníochtaí agus dinimicí an athraithe aeráide agus ar na tionchair ghaolmhara ar fud an gheilleagair agus na sochaí, ag baint tairbhe as sineirgí le gníomhaíochtaí réigiúnacha agus náisiúnta, cineálacha eile gníomhaíochtaí de chuid an Aontais agus le comhar idirnáisiúnta, lena n-áirítear trí Nuálaíocht Misean.
Leis na deicheanna de bhlianta anuas, tá dul chun cinn nach beag déanta san eolaíocht aeráide, go háirithe maidir le breithnithe agus comhshamhlú sonraí agus samhaltú aeráide. Mar sin féin, mar gheall ar chastacht an chórais aeráide agus an gá tacaíocht a thabhairt Comhaontú Pháras, na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus beartais an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme is gá iarracht atreisithe a dhéanamh na bearnaí eolais atá fágtha a líonadh, gráinneacht spásúil agus ama na heolaíochta aeráide a fheabhsú tuilleadh agus ag an am céanna idirghníomhaíocht leordhóthanach le saoránaigh agus le geallsealbhóirí eile a áirithiú.
Tá creat beartais cuimsitheach bunaithe ag an Aontas Eorpach sa straitéis don Aontas Fuinnimh, le spriocanna ceangailteacha, gníomhartha reachtacha agus gníomhaíochtaí taighde nuála lena mbaineann an aidhm a bheith ar thús cadhnaíochta córais táirgthe fuinnimh éifeachtúil bunaithe ar fhuinneamh in-athnuaite agus malartach a fhorbairt agus a imlonnú(20).
Áirithítear le hiompar, lena n-áirítear feithiclí, soghluaisteacht daoine agus earraí atá riachtanach má táimid chun margadh aonair comhtháite, comhtháthú críochach agus sochaí oscailte, chuimsitheach a bheith againn san Eoraip. Ag an am céanna, féadfaidh iarmhairtí diúltacha ▌suntasacha a bheith ag iompar ar shláinte daoine, ar bhrú tráchta, ar thalamh, ar uisce, ar aeráid, ar cháilíocht aeir agus ar thorann, agus ar shábháilteacht as a n-eascraíonn roinnt bás roimh am agus costais shocheacnamaíocha mhéadaithe. Leanfaidh an t-éileamh ar earraí agus ar shoghluaisteacht de bheith ag fás. Dá bhrí sin, beidh ar an nuálaíocht an bhearna a dhúnadh idir éileamh atá ag dul i méid agus córais soghluaisteachta agus iompair atá níos glaine agus níos éifeachtúla ar gá dóibh a bheith, sábháilte, cliste, slán, ciúin, iontaofa, inrochtana, cuimsitheach agus inacmhainne freisin, lena dtairgtear seirbhís gan uaim ó dhoras go doras do chách.
Is spreagthaí tábhachtacha d’iomaíochas agus fás eacnamaíoch na hEorpa iad an dá earnáil. Is earnáil bhunúsach i gcomhair an gheilleagair agus den gheilleagar í earnáil an iompair, agus tá AE ina cheannaire domhanda i ndearadh agus monarú feithiclí, iarnróid, aerárthaí agus soithí. Tá líonra casta de thart ar 1.2 milliún cuideachta phríobháideach agus phoiblí in AE mar chuid di agus fostaítear tuairim is 10,5 milliún duine inti. Tá an earnáil tábhachtach freisin do thrádáil idirnáisiúnta AE: in 2016, bhí baint ag 17.2% d’onnmhairí iomlána seirbhísí AE le hiompar. Ag an am céanna, tá breis agus 2 mhilliún duine in AE ag obair i réimse na n-athnuaiteán agus na héifeachtúlachta fuinnimh, agus ag an am céanna cuireann paitinniú teicneolaíochtaí nuálacha fuinnimh ghlain AE sa dara háit is fearr ar fud an domhain.
Dá bhrí sin, gabhann na saincheisteanna atá ag earnálacha an fhuinnimh agus an iompair▌ i bhfad níos faide ná an gá le hastaíochtaí a laghdú. Tá réitigh éifeachtachade dhíth chun freagairt do na hathruithe in iompar úsáideoirí agus i bpátrúin soghluaisteachta▌, an domhandú, iomaíochas idirnáisiúnta atá ag dul i méid agus daonra atá níos sine, níos uirbí agus a bhfuil níos mó éagsúlachta ag baint leis de réir a chéile. Ag an am céanna, tá an méadú ar theacht i bhfód teicneolaíochtaí digiteacha agus spás-bhunaithe, feithiclí uathoibríocha, an Intleacht Shaorga, róbataic, gnólachtaí nua sa mhargadh, samhlacha suaiteacha gnó agus an gá le hathléimneacht mhéadaithe an chórais i gcoinne guaiseacha ilghnéitheacha (lena n-áirítear cibearbhagairtí) ina chúis le claochlú suntasach agus cruthaíonn siad dúshláin agus deiseanna i gcomhair iomaíochas earnálacha iompair agus fuinnimh na hEorpa.
▌
Amach anseo, beidh an cumas atá ag cathracha chun feidhmiú ag brath ar theicneolaíocht agus beidh cáilíocht mhaireachtála cathracha ag forbairt bunaithe ar shoghluaisteacht, éifeachtúlacht fuinnimh agus acmhainní, pleanáil spásúil agus iomaíochas in úsáid spáis. Tabharfaidh forbairtí dúshlán freisin d’inbhuanaitheacht samhlacha sóisialta atá ann cheana agus don rannpháirtíocht shóisialta, do ghnéithe den chuimsiú agus den inrochtaineacht chomh maith le hinacmhainneacht.
Chun bealaí nua a aimsiú chun dlús a chur le himlonnú teicneolaíochtaí fuinneamh-bhunaithe in-athnuaite agus atá tíosach ar fhuinneamh (lena n-áirítear trí iompróirí idirmheánacha amhail cumhacht-go-gás agus hidrigin) agus réitigh neamhtheicneolaíocha eile chun carbón a bhaint as geilleagar na hEorpa, tá gá freisin le héileamh méadaithe don nuálaíocht. Is féidir é sin a spreagadh trí shaoránaigh a chumhachtú, glasú an tsoláthair phoiblí chomh maith le nuáil shocheacnamaíoch agus nuáil san earnáil phoiblí as a dtiocfaidh cineálacha cur chuige níos leithne ná nuálaíocht theicneolaíocht-spreagtha. Le taighde socheacnamaíoch lena gcumhdaítear inter alia riachtanais agus patrúin úsáideoirí, gníomhaíochtaí fadbhreathnaitheachta, gnéithe comhshaoil, rialála, eacnamaíocha, sóisialta, cultúrtha agus iompraíochta, cásanna gnó, samhlacha gnó agus taighde réamhnormatach chun caighdeáin a shocrú agus nuálaíocht i dtaca le glacadh sa mhargadh, éascófar freisin gníomhaíochtaí lena gcothófar nuálaíocht rialála, mhaoiniúcháin agus shóisialta agus scileanna, mar aon le rannpháirtiú agus cumhachtú gníomhaithe margaidh, tomhaltóirí agus saoránach. Le comhordú, comhlántacht agus sineirge níos fearr idir iarrachtaí taighde agus nuálaíochta náisiúnta agus Eorpacha trí mhalartú faisnéise agus comhar idir tíortha, tionscail agus institiúidí taighde AE, cuirfear leis an méid atá bainte amach ag e.g. Plean SET agus an Clár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus um Nuálaíocht i réimse an Iompair (STRIA). Áiritheofar comhlántacht idir an bhraisle seo agus Ciste Nuálaíochta ETS AE.
Rannchuidíonn gníomhaíochtaí faoin mBraisle seo go háirithe le spriocanna an Aontais Fuinnimh, gealltanais Chomhaontú Pháras agus le spriocanna an Mhargaidh Aonair Dhigitigh, an Chláir Oibre Post, Fáis agus Infheistíochta, le neartú an Aontais mar ghníomhaí domhanda, le Straitéis Beartais Thionsclaíoch nua an Aontais, leis an Straitéis Bhithgheilleagair, le Plean Gníomhaíochta an Gheilleagair Chiorclaigh, le Tionscnamh Chomhghuaillíocht Ceallraí AE, leis an Tionscnamh Amhábhar, leis an Aontas Slándála agus leis an gClár Oibre Uirbeach, agus le Comhbheartas Talmhaíochta an Aontais agus le forálacha dlíthiúla an Aontais chun truailliú ó thorann agus aerthruailliú a laghdú.
Trí na gníomhaíochtaí, rannchuideofar go díreach leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFInna) seo a leanas go háirithe: SFI 6 - Uisce glan agus sláinteachas; SFI 7 - Fuinneamh Inacmhainne agus Glan; SFI 9 - Tionsclaíocht, Nuálaíocht, agus Bonneagar; SFI 11 - Cathracha agus Pobail Inbhuanaithe; SFI 12 – An Tomhaltas agus an Táirgíocht Fhreagrach; SFI 13 - Gníomhú ar son na hAeráide.
5.2. Réimsí Idirghabhála
5.2.1. Eolaíocht Aeráide agus Réitigh
Má táthar chun Comhaontú Pháras a chur chun feidhme go héifeachtach ní foláir nó go mbeidh sé bunaithe ar eolaíocht, agus gá le feabhsú leanúnach dá réir sin ar ár n-eolas ar chóras aeráide an domhain, agus ar na roghanna maolaithe agus oiriúnaithe atá ar fáil, ionas go mbeidh léargas córasach agus cuimsitheach ann maidir leis na dúshláin agus na deiseanna i dtaca le freagracht as an aeráid atá ann do gheilleagar agus do shochaí an Aontais Eorpaigh. Ar an mbonn sin, déanfar réitigh atá bunaithe ar an eolaíocht a fhorbairt ar mhaithe le haistriú cost-éifeachtach go sochaí atá neodrach ó thaobh díobháil aeráide de, athléimneach i leith na haeráide, tíosach ar acmhainní, agus gnéithe iompraíochta, rialála, socheacnamaíocha agus rialachais á gcur san áireamh.
Réimsí Ginearálta
– Bunús eolais ar fheidhmiú reatha agus ar fhorbairt thodhchaíoch chóras aeráide agus maireachtála an domhain, agus ar na tionchair, rioscaí agus deiseanna atá freagrach i dtaca leis an aeráid gaolmhara; éifeachtacht na réiteach éagsúil maolaithe agus oiriúnaithe i leith an athraithe aeráide;
– Conairí comhtháite agus neodracha ó thaobh díobháil aeráide de, gníomhaíochtaí agus beartais maolaithe lena gcumhdaítear gach earnáil sa gheilleagar, atá comhoiriúnach le hanailísí chóras an Domhain, Comhaontú Pháras agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe;
– Samhlacha aeráide, réamh-mheastacháin agus teicnící a bhfuil sé mar aidhm leo an acmhainneacht chun nithe a thuar agus seirbhísí aeráide a fheabhsú do ghnólachtaí, d’údaráis phoiblí agus do shaoránaigh, lena n-áirítear gnéithe tras-earnálacha le feabhsú cháilíocht an aeir;
– Conairí oiriúnaithe agus beartais tacaíochta le haghaidh éiceachórais leochaileacha, limistéir uirbeacha, earnálacha eacnamaíocha agus bonneagar atá ríthábhachtach in AE (áitiúil/réigiúnach/náisiúnta), agus uirlisí measúnaithe riosca feabhsaithe san áireamh; timthriall uisce agus oiriúnú don athrú aeráide, amhail tuilte agus ganntanas uisce.
5.2.2. Soláthar Fuinnimh
Is é aidhm an Aontais a bheith ina cheannaire domhanda maidir le teicneolaíochtaí fuinnimh inacmhainne, slána agus inbhuanaithe, rud a chuirfidh feabhas ar a iomaíochas i slabhraí luacha domhanda agus ar a sheasamh i margaí fáis. Dálaí aeráide, geografacha, comhshaoil agus socheacnamaíocha éagsúla san Aontas Eorpach anuas ar an ngá athléimneacht aeráide, slándáil fuinnimh agus rochtain ar amhábhair a áirithiú is ea is cúis le punann leathan na réiteach fuinnimh, lena n-áirítear réitigh de chineál neamhtheicniúil. Maidir le teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite, ní mór costais a laghdú a thuilleadh, ní mór feabhas a chur ar fheidhmíocht, ní mór comhtháthú leis an gcóras fuinnimh a fheabhsú, ní mór teicneolaíochtaí ceannródaíocha a fhorbairt, ag baint tairbhe freisin as dul chun cinn i bhfótónaic, agus ba cheart breathnú ar réitigh hibrideacha (e.g. i gcomhair díshalannú). Maidir le breoslaí iontaise, is gá a n-úsáid a dhícharbónú chun na cuspóirí aeráide a bhaint amach.
Réimsí Ginearálta
– Teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite agus caomhnaithe fuinnimh agus réitigh maidir le giniúint cumhachta, téamh agus fuarú, breoslaí iompair inbhuanaithe agus iompróirí idirmheánacha, ar leibhéil agus ag céimeanna forbartha éagsúla, arna n-oiriúnú do dhálaí agus margaí geografacha agus socheacnamaíocha, laistigh den Aontas agus ar fud an domhain;
– Teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite suaiteacha i gcomhair feidhmeanna atá ann cheana agus feidhmeanna nua araon agus i gcomhair réitigh cheannródaíocha lena n-áirítear a dtionchar ar an gcomhshaol, ar an ngeilleagar agus ar an tsochaí;
– Teicneolaíochtaí agus réitigh chun astaíochtaí gás ceaptha teasa ó chineálacha cur chuige a bhaineann le breoslaí iontaise a laghdú mar aon le cineálacha cur chuige atá bithbhunaithe agus dramhaíl-go-fuinneamh-bhunaithe a tháirgeann cumhacht, téamh, fuarú nó bithbhreoslaí lena n-áirítear trí cheapadh, úsáid agus stóráil carbóin (CCUS) agus staidéir maidir le indéantacht shoch-eacnamaíoch agus éiceolaíoch.
5.2.3. Córais agus Eangacha Fuinnimh
An fás a mheastar a thiocfaidh ar tháirgeadh leictreachais éagsúlaithe agus an t-aistriú i dtreo tuilleadh téamhú, fuarú agus iompar leictreach is ea is cúis leis an ngá le cineálacha cur chuige nua chun eangacha fuinnimh a bhainistiú. Le hais dícharbónú, is é an sprioc atá ann ná inacmhainneacht fuinnimh, slándáil, athléimneacht aeráide, agus cobhsaíocht an tsoláthair a áirithiú, agus bainfear é sin amach trí infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí nuálacha an bhonneagair líonra, solúbthacht mhéadaithe ghiniúint cumhachta inseolta, go háirithe ó fhoinsí inathnuaite agus bainistiú córais nuálach agus freisin trí éascú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí a chothaíonn nuálaíocht rialála agus shóisialta, scileanna, agus trí dul i dteagmháil le gníomhaithe sa mhargadh, tomhaltóirí agus pobail agus iad a chumhachtú. Beidh ról lárnach ag stóráil fuinnimh i bhfoirmeacha éagsúla maidir le seirbhísí a chur ar fáil don eangach, ag feabhsú agus ag atreisiú na n-acmhainneachtaí líonra agus sholúbthacht na gcóras freisin. Beidh sé ríthábhachtach saothrú a dhéanamh ar shineirgí idir líonraí éagsúla (e.g. eangacha leictreachais, líonraí téimh agus fuaraithe, líonraí gáis, bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe iompair, hidrigin, lena n-áirítear a bonneagar, agus líonraí teileachumarsáide) agus gníomhaithe (e.g. láithreáin thionsclaíocha, oibreoirí líonra, ionaid sonraí, féin-táirgeoirí, tomhaltóirí, pobail fuinneamh in-athnuaite) mar aon le freagairt don éileamh agus caighdeáin Eorpacha agus idirnáisiúnta a fhorbairt agus a chomhtháthú chun oibriú cliste comhtháite na mbonneagar ábhartha a chumasú.
Réimsí Ginearálta
– Teicneolaíochtaí agus uirlisí le haghaidh ▌líonraí chun in-athnuaiteáin, réitigh stórála agus ualaigh nua amhail leictrea-shoghluaisteacht agus teaschaidéil chomh maith le leictriú ar phróisis thionsclaíocha a chomhtháthú;
– Cineálacha cur chuige ildisciplíneacha i dtaca leis an tionchar a bhíonn ag athrú aeráide atá spleách ar réigiún ar shlándáil fuinnimh, lena n-áirítear oiriúnú teicneolaíochtaí atá ann cheana, chomh maith le haistriú chuig na paraidímí nua soláthar fuinnimh;
– Cur chuige líonra fuinnimh uile-Eorpaigh i dtaca le soláthar, tarchur agus dáileadh fuinnimh iontaofa;
– Cineálacha cur chuige comhtháite chun táirgeadh a chomhoiriúnú le tomhaltas fuinnimh in-athnuaite ar leibhéal áitiúil lena n-áirítear ar oileáin nó réigiúin iargúlta, bunaithe ar sheirbhísí nua agus ar thionscnaimh phobail;
– Giniúint agus solúbthacht líonra, idir-inoibritheacht agus sineirgí idir na foinsí fuinnimh éagsúla, líonraí, bonneagair agus gníomhaithe, agus teicneolaíochtaí sonracha á saothrú freisin;
— Teicneolaíochtaí, seirbhísí agus réitigh lena gcumasaítear tomhaltóirí le bheith ina ngníomhaithe gníomhacha sa mhargadh.
5.2.4. Foirgnimh agus Saoráidí Tionsclaíocha maidir le hAistriú Fuinnimh
Tá an ról gníomhach a bhíonn ag foirgnimh agus ag suiteálacha tionscail ag éirí níos tábhachtaí i gcónaí maidir lena n-idirghníomhaíocht leis an gcóras fuinnimh. Dá bhrí sin, is míreanna ríthábhachtacha iad san aistriú chuig sochaí atá neodrach ó thaobh carbóin de bunaithe ar fhuinneamh in-athnuaite agus éifeachtúlacht fuinnimh mhéadaithe.
Is toisc thábhachtach iad foirgnimh le haghaidh cháilíocht saoil na saoránach. Trí theicneolaíochtaí éagsúla, fearais agus córais a chomhtháthú agus úsáidí fuinnimh éagsúla a nascadh, tá acmhainneacht an-mhór ag foirgnimh, a n-áitritheoirí agus a n-úsáideoirí maidir le maolú ar an athrú aeráide, fuinneamh a ghiniúint, coigiltis fuinnimh, stóráil, solúbthacht an chórais agus éifeachtúlacht a fheabhsú.
D’fhéadfadh tionscail, go háirithe iadsan atá dian ar fhuinneamh, éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú a thuilleadh, a dtomhailt fuinnimh a laghdú agus d’fhéadfaidís comhtháthú foinsí fuinnimh in-athnuaite a chur chun tosaigh. Tá ról na saoráidí tionsclaíocha sa chóras fuinnimh ag athrú, mar gheall ar an ngá atá ann le hastaíochtaí a laghdú, bunaithe ar leictriú díreach nó indíreach, ar foinse é freisin d’ábhair i gcomhair próisis tháirgthe (e.g. hidrigin). Is féidir le hionaid thionsclaíocha agus mhonaraithe ina dtarlaíonn a lán próisis éagsúla gar dá chéile an malartú sreafaí fuinnimh agus acmhainní eile (amhábhair) eatarthu a bharrfheabhsú.
Réimsí Ginearálta
– Cúpláil earnála a fheabhsú: Próisis, córais agus samhlacha gnó a thacaíonn le solúbthacht agus le héifeachtúlacht sreafaí leictreachais agus teasa idir gléasra tionsclaíoch nó braislí tionsclaíocha agus an córas fuinnimh chomh maith leis an gcóras iompair▌;
– Uirlisí agus bonneagar le haghaidh rialú próisis ar ghléasraí táirgthe chun sreafaí fuinnimh agus ábhair a dhéanann idirghníomhú leis an gcóras fuinnimh a bharrfheabhsú;
– Próisis, dearadh agus ábhair ábhartha, lena n-áirítear próisis thionsclaíocha astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha;
– Solúbthacht agus éifeachtúlacht leictreachais, bunábhair agus teasa i ngléasraí tionsclaíocha agus an córas fuinnimh;
– Próisis, dearadh agus ábhair atá feabhsaithe nó nua chun úsáid a bhaint go héifeachtúil as fuinneamh, chun é a tháirgeadh nó é a stóráil (lena n-áirítear teas agus fuacht) in earnálacha nach bhfuil faoi chumhdach na braisle “Cúrsaí Digiteacha, Tionscal agus an Spás”;
– Straitéisí agus teicneolaíochtaí íseal-astaíochtaí chun limistéir dianúsáide carbóin agus guail atá ag claochlú a athbheochan;
– Foirgnimh chliste agus moil shoghluaisteachta mhóra (calafoirt, aerfoirt, ionaid lóistíochta) mar ghnéithe gníomhacha de líonraí fuinnimh níos leithne agus de réitigh shoghluaisteachta nuálacha;
– Dearadh saolré, tógáil, oibriú, lena n-áirítear téamh agus fuarú agus díchóimeáil foirgneamh, agus aird á tabhairt ar chiorclaíocht, feidhmíocht fuinnimh agus chomhshaoil, chomh maith le cáilíocht an chomhshaoil faoi dhíon, i gcomhair éifeachtúlacht fuinnimh agus acmhainní, i gcomhair folláine agus tionchar na sláinte ar na háitritheoirí, athléimneacht aeráide, lorg carbóin agus athchúrsáil; ábhair ardfhorbartha úrnua a fhorbairt agus a bharrfheabhsú chun feidhmíocht fuinnimh, charbóin agus chomhshaoil foirgneamh thar na saolré a mhéadú;
– Samhlacha, cineálacha cur chuige agus seirbhísí gnó nua chun athchóiriú a mhaoiniú, scileanna tógála a fheabhsú, teagmháil le áitritheoirí foirgneamh agus le gníomhaithe margaidh eile, ag tabhairt aghaidh ar bhochtaineacht fuinnimh agus ar ghníomhaíochtaí réamhnormatacha;
– Faireachán ar fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh agus teicneolaíochtaí rialaithe chun barrfheabhsú a dhéanamh ar thomhailt fuinnimh agus táirgeadh foirgneamh mar aon lena n-idirghníomhaíocht leis an gcóras foriomlán fuinnimh;
– Uirlisí agus fearais chliste le haghaidh gnóthachain éifeachtúlachta fuinnimh i bhfoirgnimh;
– Próisis athchóirithe ar fhoirgnimh atá ann cheana ionsar ‘Foirgnimh Nach Mór Neodrach ó Thaobh Fuinnimh’ agus teicneolaíochtaí nuálacha, lena n-áirítear gnéithe sóisialta, e.g. cumhachtú na saoránach, agus feasacht agus rannpháirtíocht na dtomhaltóirí.
5.2.5. Pobail agus Cathracha
Meastar go mairfidh breis agus 80 % de dhaonra an Aontais i limistéir uirbeacha faoi 2050, ag tomhailt an sciar is mó de na hacmhainní a bheidh ar fáil, fuinneamh san áireamh, agus iad ina limistéir a bheidh thar a bheith leochaileach do na hathruithe meitéareolaíocha neamhfhabhracha a rachaidh in olcas mar gheall ar an athrú aeráide agus ar thubaistí nádúrtha atá ag tarlú cheana féin agus a bheidh níos measa sa todhchaí. Is dúshlán tábhachtach é méadú suntasach a dhéanamh ar an bhfuinneamh foriomlán agus ar éifeachtúlacht acmhainní, mar aon le hathléimneacht phobail agus chathracha na hEorpa trí chur chuigecórasach agus iomlánaíoch, lena spriocdhíreofar ar an stoc foirgneamh, córais fuinnimh, soghluaisteacht, athrú aeráide, imirce, uisce, ithir, cáilíocht an aeir, dramhaíl agus torann, agus aird á tabhairt ar oidhreacht chultúrtha na hEorpa, bainistiú inbhuanaithe ar thurasóireacht, eolaíochtaí sóisialta, gnéithe na ndaonnachtaí agus na ndán, lena n-áirítear stíl mhaireachtála. Sineirgí le CFRE- ba cheart beartas uirbeach agus gníomhaíochtaí uirbeacha a gcistítear a fhiosrú agus a shaothrú.
Réimsí Ginearálta
– Córais fuinnimh/soghluaisteachta chathrach/dúiche i dtreo imlonnú ar fud AE de Dhúichí Fuinnimh Dhearfaigh ▌atá neodrach ó thaobh carbóin de agus soghluaisteacht agus lóistíocht atá saor ó astaíochtaí faoi 2050, lena gcuirfear borradh faoi iomaíochas domhanda réitigh chomhtháite an Aontais;
– Pleanáil chórasach uirbeach, córais ▌bhonneagair agus seirbhísí bonneagair, lena n-áirítear comhéadain fhrithpháirteacha agus idir-inoibritheacht, caighdeánú, réitigh nádúr-bhunaithe agus úsáid teicneolaíochtaí digiteacha, seirbhísí spás-bhunaithe agus sonraí, ag cur éifeachtaí tuartha an athraithe aeráide san áireamh agus athléimneacht aeráide á comhtháthú agus an tionchar ar cháilíocht an aeir agus an uisce;
– Cáilíocht saoil do na saoránaigh, fuinneamh sábháilte, solúbtha, inrochtana agus inacmhainne agus soghluaisteacht ilmhódach, nuálaíocht shóisialta uirbeach agus rannpháirtiú na saoránach, acmhainneacht chiorclach agus athghiniúnach cathracha, meitibileacht uirbeach agus laghdú ar an lorg comhshaoil agus ar thruailliú;
– An clár oibre taighde um chathracha domhanda; forbairt na straitéise maidir le maolú, oiriúnú agus athléimneacht, pleanáil spásúil agus próisis phleanála ábhartha eile.
5.2.6. Iomaíochas Tionsclaíoch san Iompar
Braithfidh an t-athrú i dtreo teicneolaíochtaí glana, nascachta agus uathoibrithe ar dhearadh agus ar dhéanamh tráthúil aerárthaí, feithiclí agus árthaí lena bhforbrófar teicneolaíochtaí agus coincheapa ceannródaíocha nua, lena gcomhtháthófar teicneolaíochtaí éagsúla agus lena gcuirfear dlús lena dtabhairt isteach agus lena ndul i bhfeidhm ar an margadh. Is cuspóirí ríthábhachtacha go fóill iad compord, éifeachtúlacht, inacmhainneacht a mhéadú agus an tionchar saolré ar an gcomhshaol, ar shláinte daoine agus ar úsáid fuinnimh a íoslaghdú. Tá bonneagar iompair nuálaíoch, ardchumais ríthábhachtach ionas go bhfeidhmeoidh gach modh iompair go cuí ag féachaint don éileamh méadaithe ar shoghluaisteacht agus do réimeanna teicneolaíochta a bhíonn ag athrú go mear. Tá aird faoi leith le haghaidh cur chuige comhtháite maidir le bonneagar agus forbairt feithiclí/árthaí/aerárthaí de dhíth freisin chun seirbhísí soghluaisteachta ardcháilíochta a sholáthar agus chun an tionchar fuinnimh ▌comhshaoil, eacnamaíoch agus sóisialta a íoslaghdú.
Réimsí Ginearálta
– Dearadh, forbairt agus taispeáint, monarú, oibríochtaí, caighdeánú, deimhniú, rialacháin agus comhtháthú maidir le feithiclí/árthaí/aerárthaí idir fhisiceach agus digiteach (lena n-áirítear comhtháthú idir dearadh digiteach agus monarú digiteach) a chumasc;
– Dearaí agus coincheapa feithiclí/árthaí/aerárthaí, lena n-áirítear a bpáirteanna spártha agus nuashonruithe bogearraí agus teicneolaíochta, réitigh bhogearraí; ábhair agus struchtúir fheabhsaithe a úsáid, ábhair a athchúrsáil/a athúsáid; éifeachtúlacht, stóráil agus aisghabháil fuinnimh, gnéithe sábháilteachta agus slándála ag brath ar riachtanais na n-úsáideoirí, lena mbaineann tionchar níos lú ar an aeráid, ar an gcomhshaol agus ar shláinte, lena n-áirítear torann agus cáilíocht an aeir;
– Teicneolaíochtaí agus fochórais ar bord, lena n-áirítear feidhmeanna uathoibrithe, le haghaidh na modhanna iompair go léir agus riachtanais agus fiosruithe maidir le comhéadain bhonneagair ábhartha á gcur san áireamh; sineirgí teicneolaíocha idir modhanna; córais iompair ilmhódacha; córais sábháilteachta/seachanta timpistí agus cibearshlándáil a fheabhsú; dul chun cinn i dteicneolaíochtaí na faisnéise, agus in intleacht shaorga, a ghiaráil; comhéadan idir an duine agus an meaisín a fhorbairt;
– Ábhair, teicnící agus modhanna tógála nua, oibríochtaí agus bonneagair a chothabháil, infhaighteacht líonra iontaofa a áirithiú, comhéadain idirmhódúla agus idir-inoibritheacht ilmhódach, sábháilteacht an fhórsa saothair, agus cur chuige saolré iomláine;
– Aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna i dtaca le dearadh agus forbairt bonneagair fhisicigh agus dhigitigh a chumasc, cothabháil an bhonneagair, comhtháthú iompair a athghiniúint agus a uasghrádú, idir-inoibritheacht agus idirmhódúlacht, athléimneacht in aghaidh eachtraí adhaimsire, lena n-áirítear oiriúnú don athrú aeráide.
5.2.7. Iompar agus Soghluaisteacht atá Glan, Sábháilte agus Inrochtana
Ionas gur féidir leis an Aontas a spriocanna aercháilíochta, aeráide agus fuinnimh a bhaint amach, lena n-áirítear glan-astaíochtaí niallais faoi 2050 mar aon le laghdú torainn, beidh sé riachtanach athmhachnamh a dhéanamh ar an gcóras soghluaisteachta ina iomláine, lena n-áirítear riachtanais agus iompraíochtaí na n-úsáideoirí, feithiclí, breoslaí, bonneagair chomh maith le réitigh nua shoghluaisteachta. Beidh sé riachtanach freisin fuinnimh mhalartacha íseal-astaíochtaí a imlonnú agus glacadh sa mhargadh le feithiclí/árthaí/aerárthaí atá saor ó astaíochtaí. Sa bhreis ar ▌éifeachtaí astaíochtaí gás ceaptha teasa, rannchuidíonn iompar go suntasach le droch-leibhéil aercháilíochta agus torainn san Eoraip lena ngabhann iarmhairtí diúltacha do shláinte na saoránach agus d’éiceachórais. Tá sé ríthábhachtach go gcuirfear le dul chun cinn ar leictriú agus ar úsáid ceallraí agus cealla breosla do ghluaisteáin, do bhusanna agus d’fheithiclí saothair éadroim, lena ngabhann caighdeáin leordhóthanacha, chun dlús a chur le taighde agus réitigh nuálaíochta i dtaca le hastaíochtaí ísled’fheidhmeanna bóithre eile (cóistí fad-achair, feithiclí earraí troma agus leoraithe) agus earnálacha iompair eile amhail eitlíocht, iompar d’iarnród, iompar muirí agus loingseoireacht intíre ▌. Tá sé mar aidhm le taighde sábháilteachta iompair rátaí timpiste, básanna agus taismigh a laghdú i ngach modh iompair agus sa chóras iompair iomlán trí eolas agus feasacht a mhéadú agus trí theicneolaíochtaí, táirgí, seirbhísí agus réitigh a fhorbairt a fhágann gur féidir cothromaíocht a aimsiú idir sábháilteacht, éifeachtúlacht, áisiúlacht úsáideora agus an t-athrú aeráide.
Réimsí Ginearálta
– Leictriú ar gach modh iompair, ▌lena n-áirítear teicneolaíochtaí nua ceallraí, cealla breosla agus hibrideacha le haghaidh gléasraí cumhachta agus córais thánaisteacha feithiclí/árthaí/aerárthaí, mearluchtú/athbhreoslú, baint fuinnimh agus comhéadain sholáimhsithe agus inrochtana go héasca leis an mbonneagar luchtaithe/athbhreoslaithe, lena n-áiritheofar idir-inoibritheacht agus soláthar seirbhísí gan uaim; forbairt agus imlonnú ceallraí iomaíocha, sábháilte, ardfheidhmíochta agus inbhuanaithe i gcomhair feithiclí astaíochtaí ísle nó astaíochtaí nialasacha agus gach coinníoll úsáide á chur san áireamh agus le linn na dtréimhsí éagsúla dá saolré; ceallraí iomaíocha, sábháilte, ardfheidhmíochta agus inbhuanaithe a fhorbairt agus a imlonnú le haghaidh feithiclí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha;
– Úsáid breoslaí nua agus breoslaí malartacha inbhuanaithe, lena n-áirítear ard-bhithbhreoslaí agus feithiclí/árthaí/aerárthaí atá nua, sábháilte agus cliste i gcomhair patrúin shoghluaisteachta atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo agus bonneagar tacaíochta le tionchar laghdaithe ar an gcomhshaol agus ar an tsláinte phoiblí; comhchodanna agus córais nideoige i gcomhair réitigh atá neamhdhíobhálach don chomhshaol (e.g. ardchórais bailithe sonraí, etc) teicneolaíochtaí agus réitigh úsáideoir-bhunaithe don idir-inoibritheacht agus soláthar seirbhísí gan uaim;
– Soghluaisteacht shábháilte, inrochtana, chuimsitheach agus inacmhainne, lena laghdófartionchar díobhálach na soghluaisteachta agus san am céanna lena bhfeabhsófar a tionchar dearfach ar an gcomhtháthú sóisialta, ar an gcomhshaol agus ar shláinte an duine, lena n-áirítear iomlaoid chuig modhanna iompair agus scéimeanna comhroinnte ar lú an truailliú a dhéanann siad; Cáilíocht na beatha do na saoránaigh, nuálaíocht shóisialta uirbeach; an tsuim chun timpistí agus gortuithe in iompar de bhóthar a laghdú nó a dhíothú.
– Córais soghluaisteachta athléimneacha i leith na haeráide, lena n-áirítear bonneagair agus lóistíocht, chun nascacht níos fearr a áirithiú do dhaoine agus earraí, ar aistir ghearra agus fhada araon;
– Anailís shistéamach ar phatrúin soghluaisteachta nua agus ar a dtionchar ar iompar agus ar shaoránaigh.
5.2.8. Soghluaisteacht Chliste
Cuideoidh soghluaisteacht chliste le héifeachtúlacht, sábháilteacht agus athléimneacht na soghluaisteachta ó dhoras go doras mar aon leis na comhchodanna go léir a áirithiú, go háirithe trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí digiteacha, ardloingseoireacht satailíte (EGNOS/Galileo), agus intleacht shaorga. Cabhróidh teicneolaíochtaí nua le barrfheabhas a chur ar úsáid agus éifeachtúlacht an bhonneagair iompair agus líonraí iompair, rud a fheabhsóidh il-mhódúlacht agus nascacht agus a chruthóidh iompar lasta níos éifeachtúla agus slabhra soláthair lóistíochta a neartóidh iomaíochas AE. Rannchuideoidh teicneolaíochtaí nua freisin le hiontaofacht a mhéadú, bainistiú tráchta a bharrfheabhsú agus réitigh agus seirbhísí iompair nuálacha a chumasú, agus dá réir sin brú tráchta agus droch-thionchair ar an gcomhshaol a laghdú, ag cur seirbhísí soghluaisteachta agus lóistíochta níos fearr ar fáil do shaoránaigh agus do ghnólachtaí, rud a fheabhsóidh an inrochtaineacht agus cuimsiú sóisialta. Cuirfidh soghluaisteacht nasctha agus uathoibrithe i dteannta leis an mbonneagar cumasúcháin feabhas ar éifeachtúlacht agus ar shábháilteacht i ngach modh iompair.
Réimsí Ginearálta
– Líonra digiteach agus bainistiú tráchta: ardchórais tacaíochta cinntí; bainistiú tráchta den chéad ghlúin eile (lena n-áirítear líonra ilmhódach agus bainistiú tráchta); rannchuidiú le soghluaisteacht ilmhódach agus idirnasctha gan uaim do phaisinéirí agus do lasta; úsáid agus teorainneacha mórshonraí; suí/loingseoireacht satailíte (EGNOS/Galileo) nuálach a úsáid;
– Aerspás Eorpach Aonair: réitigh ar bord agus ar an talamh le haghaidh leibhéil chomhuaineacha níos airde uathoibrithe, nascachta, sábháilteachta, idir-inoibritheachta, feidhmíochta, laghdaithe astaíochta agus seirbhíse;
– Teicneolaíochtaí iarnróid agus oibríochtaí le haghaidh córas iarnróid ardchumais, tostach, idir-inoibritheach agus uathoibrithe;
– Réitigh chliste loingseoireachta d’oibríochtaí ar uisce atá níos sábháilte agus níos éifeachtúla;
– Moil soghluaisteachta mhóra (e.g. stáisiúin iarnróid, calafoirt, aerfoirt, lárionaid lóistíochta) mar eilimintí gníomhacha de réitigh shoghluaisteachta nuálacha;
– Teicneolaíochtaí ar uisce agus oibríochtaí i gcomhair córais iompair atá sábháilte agus uathoibríoch ag tapú na ndeiseanna a sholáthraíonn iompar ar uisce;
– Córais agus seirbhísí soghluaisteachta atá nasctha, comhoibríoch, idir-inoibritheach agus uathoibrithe, lena n-áirítear réitigh theicneolaíocha agus saincheisteanna neamhtheicneolaíocha, amhail athruithe in iompraíocht an úsáideora agus i bpatrúin soghluaisteachta.
5.2.9. Stóráil Fuinnimh
Le réitigh stórála ollmhóra, chliste, chomhdhlúite agus dhíláraithe (comhdhéanta de theicneolaíochtaí ceimiceacha, leictriceimiceacha, leictreacha, meicniúla agus teirmeacha agus teicneolaíochtaí nua suaiteacha) don chóras fuinnimh, méadófar éifeachtúlacht, solúbthacht, neamhspleáchas teicneolaíochta agus inrochtaineacht chomh maith le slándáil an tsoláthair. Beidh sciar mhéadaitheach feithiclí leictreacha agus/nó feithiclí a bhreoslaítear ar dhóigh eile de dhíth le haghaidh iompar astaíochtaí ísle, dícharbónaithe, le ceallraí lena mbainfidh feidhmíocht níos fearr, a bheidh níos saoire, níos éadroime, thar a bheith in-athchúrsáilte agus in-athúsáidte a imreoidh tionchar beag ar an gcomhshaol, chomh maith le soláthar áitiúil de bhreoslaí malartacha/inathnuaite amhail hidrigin, lena n-áirítear hidrigin atá bunaithe ar athnuaiteáin, agus réitigh nuálacha le haghaidh stóráil ar an láthair. Tá roghanna do na réitigh mhórscála stórála fuinnimh atá inbhuanaithe agus cost-éifeachtúil bunriachtanach chun an córas fuinnimh a bharrfheabhsú agus a chomhardú i ngach earnáil, ón táirgeacht go bonneagar agus suas go dtí feidhmeanna don úsáideoir deiridh. Ba cheart aird a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann le stóráil fuinnimh agus ar fho-iarmhairtí eile nach bhfuil ag teastáil.
Réimsí Ginearálta
– Teicneolaíochtaí lena n-áirítear breoslaí in-athnuaite leachtacha agus gásacha mar aon leis na slabhraí luacha lena mbaineann, chomh maith le teicneolaíochtaí suaiteacha, le haghaidh riachtanais stórála fuinnimh idir laethúil agus séasúrach, lena n-áirítear a dtionchar ar an gcomhshaol agus ar an aeráid;
– Ceallraí cliste, inbhuanaithe agus marthanacha agus slabhra luacha an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear réitigh ardábhar a úsáid, dearadh, teicneolaíochtaí táirgthe do cheallraí ar mhórscála atá tíosach ar fhuinneamh, modhanna athúsáide agus athchúrsála chomh maith le hoibriú éifeachtúil ag teochtaí ísle agus riachtanais chaighdeánaithe;
– Hidrigin, go háirithe hidrigin íseal-charbóin agus hidrigin atá bunaithe ar athnuaiteáin, lena n-áirítear cealla breosla, agus slabhra luacha an Aontais ón dearadh go húsáid deiridh ar fud feidhmeanna éagsúla.
6. BRAISLE ‘BIA,AN BITHGHEILLEAGAR,ACMHAINNÍ NÁDÚRTHA, TALMHAÍOCHT AGUS COMHSHAOL’
6.1. An Réasúnaíocht
Tá brú méadaitheach á chur ag gníomhaíochtaí daonna ar ithreacha, ar fharraigí agus ar aigéin, ar uisce, ar aer, ar bhithéagsúlacht agus ar acmhainní nádúrtha eile. Tá cothú phobal daonna méadaitheach an phláinéid spleách go díreach ar shláinte na gcóras nádúrtha agus acmhainní nádúrtha. Thar a luach intreach, is bunchloch don úsáid acmhainní ar fad é éiceachóras feidhmiúil agus rathúil. I dteannta le hathrú aeráide, áfach, cruthaíonn éileamh méadaitheach an chine dhaonna le haghaidh acmhainní nádúrtha brúnna comhshaoil a bhíonn i bhfad níos mó ná leibhéil inbhuanaithe, agus déantar difear d’éiceachórais agus ar a n-acmhainneacht seirbhísí a chur ar fáil chun leasa daoine. Cuireann coincheapa an gheilleagair chiorclaigh, an bhithgheilleagair inbhuanaithe(21) agus an gheilleagair ghoirm(22) deis ar fáil chun spriocanna comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha a chothromú agus chun gníomhaíochtaí daonna a stiúradh i dtreo na hinbhuanaitheachta.
Chun na spriocanna um fhorbairt inbhuanaithe a chomhlíonadh, táirgeadh agus tomhaltas bia shábháilte agus shláintiúil a ráthú, cleachtais inbhuanaithe i dtalmhaíocht, i ndobharshaothrú, in iascaigh agus i bhforaoiseacht a chur chun cinn, teacht do chách ar uisce, ar ithir agus ar aer atá glan a áirithiú, ▌na farraigí, na haigéin agus uiscí intíre a ghlanadh, córais ríthábhachtacha nádúrtha agus comhshaol an phláinéid a chaomhnú agus a athshlánú; ní mór leas a bhaint as ionchas an taighde agus na nuálaíochta. Ach is beag a thuigtear na conairí chun aistriú i dtreo na hinbhuanaitheachta ná na bealaí chun bacainní athléimneacha a shárú. Chun an t-aistriú chuig tomhaltas agus táirgeadh inbhuanaithe a dhénamh agus sláinte an phláinéid a athshlánú ní mór infheistiú i dtaighde agus i dteicneolaíochtaí, i dtáirgí agus i seirbhísí nua d’ardcháilíocht, samhlacha gnó nua, agus nuálaíochtaí sóisialta, críochacha agus comhshaoil. Leis an méid sin, cruthaítear deiseanna nua le haghaidh bithgheilleagar Eorpach a bheidh inbhuanaithe, athléimneach, nuálach agus freagrach, lena gcuirtear borradh faoi éifeachtúlacht, táirgiúlacht agus iomaíochas acmhainní, ▌agus ag lena ngintear poist agus fás nua agus glasagus méadaítear cuimsiú sóisialta.
Tá sé fíorthábhachtach don Eoraip feidhm a bhaint as a cuid acmhainní nádúrtha ar bhealach níos éifeachtúla agus ar bhealach inbhuanaithe.
Cuirfidh na gníomhaíochtaí le bunús eolais agus cuirfear réitigh ar fáil chun: acmhainní nádúrtha ón talamh agus ón bhfarraige a chosaint, a bhainistiú agus a úsáid ar bhonn inbhuanaithe(23) - agus ról na gcóras críochach agus uisceach mar linnte carbóin a fheabhsú; an bhithéagsúlacht a chosaint, seirbhísí éiceachórais a dhaingniú agus slándáil bia agus cothaithe a áirithiú, lena gcuirfear réimeanna bia atá sábháilte, sláintiúil agus cothaitheach ar fáil; dlús a chur leis an aistriú ó gheilleagar líneach iontaise-bhunaithe chuig geilleagar ciorclach ísealcharbóin atá tíosach ar acmhainní, athléimneach, lena mbaineann astaíochtaí ísle, agus tacú le bithgheilleagar agus geilleagar gorm atá inbhuanaithe a fhorbairt; agus limistéir thuaithe, shléibhtiúla, chósta agus uirbeacha atá beoga agus athléimneach a fhorbairt.
Leis na gníomhaíochtaí sin, cuideofar leis an ▌mbithéagsúlacht a chothabháil agus a fheabhsú agus soláthar fadtéarma seirbhísí éiceachórais, amhail oiriúnú don athrú aeráide agus a mhaolú agus ceapadh carbóin (ar talamh agus ar muir araon) a dhaingniú. Cuideoidh siad le laghdú a dhéanamh ar ghás ceaptha teasa (GCT), astaíochtaí eile, dramhaíl agus truailliú ón táirgeadh príomhúil (idir tháirgeadh críochach agus uisceach), úsáid ábhar guaiseach, próiseáil, tomhaltas agus gníomhaíochtaí eile daoine. Spreagfaidh siad infheistíochtaí, lena dtacófar leis an aistriú i dtreo geilleagar ciorclach, bithgheilleagar inbhuanaithe agus geilleagar gorm agus ag an am céanna, cosnóidh siad sláinte agus sláine an chomhshaoil.
Ina theannta sin, leis na gníomhaíochtaí, cothófar cineálacha cur chuige rannpháirteacha freisin maidir le taighde agus nuálaíocht, lena n-áireofar an cur chuige ilghníomhaí agus déanfar eolas agus córais nuálaíochta a fhorbairt ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus Eorpach. Beidh nuálaíocht shóisialta mar aon le rannpháirtiú agus iontaoibh na saoránach sa nuálaíocht ríthábhachtach chun patrúin rialachais, táirgthe,▌tomhaltais agus scileanna nua a spreagadh.
Ós rud é go bhfuil nádúr na ndúshlán sin casta, idirnasctha agus domhanda, leanfaidh gníomhaíochtaí cur chuige córasach, i gcomhar le Ballstáit agus le comhpháirtithe idirnáisiúnta, le foinsí cistiúcháin eile agus le tionscnaimh bheartais eile. Mar chuid de sin, beidh saothrú faoi stiúir na n-úsáideoirí ar fhoinsí mórshonraí comhshaoil, amhail iad siúd a thagann ó Copernicus, EGNOS/Galileo, INSPIRE, EOSC, GEOSS, CEOS agus EMODnet.
Rannchuideoidh gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta faoin mBraisle seo go háirithe le cur chun feidhme na spriocanna a leanas: an Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol, an Comhbheartas Talmhaíochta, an Comhbheartas Iascaigh, reachtaíocht Dhlí an Bhia, an beartas Muirí, an Plean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach, ▌an Straitéis Bithéagsúlachta, creat aeráide agus fuinnimh 2030 agus fís fhadtéarmach AE 2050 i leith neodracht carbóin(24), Beartas Artach AE mar aon le forálacha dlíthiúla an Aontais chun aerthruailliú a laghdú. Níos sia ná na foinsí ginearálta i dtaobh comhairle sheachtrach, lorgófar comhairliúcháin shonracha ón mBuanchoiste um an Taighde Talmhaíochta (SCAR).
Trí na gníomhaíochtaí, rannchuideofar go díreach leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFInna) seo a leanas go háirithe: SFI 2 – Saoirse ón Ocras; SFI 3 – Sláinte Mhaith agus Folláine; SFI 6 - Uisce Glan agus Sláinteachas; SFI 8 – Obair Chuibhiúil agus Fás Eacnamaíoch; SFI 9 – Tionsclaíocht, Nuálaíocht agus Bonneagar; SFI 11 – Cathracha agus Pobail Inbhuanaithe; SFI 12 - An Tomhaltas agus An Táirgíocht Fhreagrach; SFI 13 – Gníomhú ar son na hAeráide. SFI 14 – Beathra Faoin Uisce; SFI 15 – Beathra ar Talamh.
6.2. Réimsí idirghabhála
6.2.1. Breathnóireacht Chomhshaoil
Tá an acmhainneacht chun breathnú ar an gcomhshaol(25), lena n-áirítear breathnú spás-bhunaithe, bunaithe ar an ionad (aer, muir, talamh), agus breathnú déanta ag saoránaigh ina bonn taca do thaighde agus nuálaíocht▌d’úsáid inbhuanaithe bia agus acmhainní nádúrtha agus faireachán orthu, mar aon le bithfhaireachán agus faireachán comhshaoil. Soláthraíonn cumhdach spásúil-ama feabhsaithe agus eatraimh samplála ar chostas laghdaithe, mar aon le rochtain ar mhórshonraí agus comhtháthú ina leith ón iliomad foinsí bealaí nua chun faireachán a dhéanamh ar chóras an Domhain, é a thuiscint agus é a thuar. Tá gá le taighde agus le nuálaíocht chun modhanna agus teicneolaíochtaí a fhorbairt chun feabhas a chur ar cháilíocht chomh maith le rochtain agus úsáid sonraí a éascú.
Réimsí Ginearálta
– Cineálacha cur chuige córasacha faoi stiúir úsáideoirí lena n-áirítear sonraí oscailte, sonraí agus faisnéis faoin gcomhshaol le haghaidh córais chasta samhaltaithe agus thuarthacha, deiseanna gnó ó shaothrú agus luachshonrú sonraí atá ann cheana agus sonraí nua;
– Forbairt bhreise ar an bpunann táirgí agus seirbhísí i gcomhair breathnóireachtaí comhshaoil;
– Stádas bithéagsúlachta, cosaint éiceachórais, maolú agus oiriúnú i leith athrú aeráide, slándáil bia, talmhaíocht agus foraoiseacht, úsáid talún agus athrú ar úsáid talún, forbairt uirbeach agus pheirea-uirbeach, bainistiú acmhainní nádúrtha, bainistiú agus caomhnú acmhainní na bhfarraigí agus an aigéin, slándáil mhuirí, treochtaí fadtéarmacha comhshaoil, athruithe in inathraitheacht shéasúrach, athruithe ar an aer comhthimpeallach agus ar an atmaisféar agus réimsí ábhartha eile;
– Feidhmeanna atá dírithe ar an úsáideoir, atá le seachadadh trí bhíthin thionscnamh EuroGEOSS, lena n-áirítear iad a mhéadú▌, chun rannchuidiú le caomhnú agus bainistiú ar acmhainní nádúrtha Eorpacha (lena n-áirítear taiscéaladh amhábhar), ar sheirbhísí éiceachóras agus ar an slabhra luacha gaolmhar lena mbaineann.;
– Cur chun feidhme Chóras Domhanda Breathnóireachta an Domhain de chuid Chórais thionscnamh GEO (Grúpa um Fhaire na Cruinne).
6.2.2. An Bhithéagsúlacht agus Acmhainní Nádúrtha
Tuiscint fheabhsaithe, caomhnú agus bainistiú ar an mbithéagsúlacht agus ar éiceachórais, an iliomad seirbhísí a chuireann siad ar fáil (i gcomhthéacs an athraithe aeráide a chomhrac agus an tionchar a imríonn sé a mhaolú) agus na ‘teorainneacha’ pláinéadacha mar aon leis na réitigh lena mbaintear leas as cumhacht agus castacht an nádúir chun dul i ngleic le dúshláin shochaíocha, chun inbhuanaitheacht a fheabhsú agus chun cuspóir an Aontais i dtaca le ‘Maireachtáil go Maith faoi shrianta ár bPláinéid’ faoi 2050 de réir mar atá leagtha síos i 7ú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais. Ní mór aird chuí a thabhairt ar iarmhairtí iartheachtacha ionchasacha ar fud slabhraí luacha iomlána▌. Bíonn comhar idirnáisiúnta agus rannchuidiú le hiarrachtaí agus tionscnaimh idirnáisiúnta, amhail an Clár Idir-Rialtasach maidir le Beartas Eolaíochta um Sheirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais (IPBES), riachtanach chun na cuspóirí sa réimse sin a bhaint amach. Tá gá ann tuiscint níos fearr a fháil ar rialachas an aistrithe chuig inbhuanaitheacht sa chóras eacnamaíoch, sóisialta agus nádúrtha, ón leibhéal áitiúil go leibhéal domhanda.
Réimsí Ginearálta
– Staid agus luach na bithéagsúlachta, na n-éiceachóras talún, fionnuisce agus muirí, an chaipitil nádúrtha agus seirbhísí éiceachórais, lena n-áirítear agrai-éiceachórais agus an micribhithóm;
– Cineálacha cur chuige iomlánaíocha agus córasacha laistigh de chreat socheacnamaíoch le haghaidh na nasc idir bithéagsúlacht, éiceachórais agus seirbhísí éiceachóras agus a ngaolmhaireacht chúise le spreagthaí athraithe, trasna scálaí agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha éagsúla, lena n-áirítear na gnéithe socheacnamaíocha agus rialachas ar phróisis um aistriú go hinbhuanaitheacht;
– Samhaltú treochtaí agus cásanna comhtháite le haghaidh bithéagsúlachta, seirbhísí éiceachórais agus dea-cháilíocht saoil ar scálaí éagsúla agus ar léaslínte éagsúla; rannchuidiú ionchasach bitóp agus éiceachóras mar linnte carbóin faoi chásanna athraithe aeráide éagsúla; coinbhleachtaí leasa ionchasacha in úsáid acmhainní nádúrtha agus seirbhísí;
– Éiceatocsaineolaíocht i dtaobh comhdhúl agus truailleáin nua, a n-idirghníomhaíochtaí, lena n-áirítear éifeachtaí comhcheangailte, agus a n-iompraíocht chomhshaoil, agus lúba bithcheimiceacha athraithe faoi aeráid athraitheach, athshlánú limistéar díghrádaithe;
– Bithéagsúlacht agus seirbhísí éiceachóras a phríomhshruthú i gcreataí cinnteoireachta agus i gcórais chuntasaíochta rialtas agus gnóthaí, agus cainníochtú a gcuid tairbhí éiceolaíocha, eacnamaíocha agus sochaíocha;
– Réitigh nádúr-bhunaithe inoiriúnaithe agus ilfheidhmiúla, chun dul i ngleic le dúshláin i limistéir uirbeacha agus pheirea-uirbeacha, i limistéir thuaithe agus chósta agus shléibhtiúla a bhaineann le hathrú aeráide, tubaistí nádúrtha, caillteanas bithéagsúlachta, díghrádú éiceachórais, truailliú, comhtháthú sóisialta agus sláinte agus folláine na saoránach;
– Cineálacha cur chuige le saotharlanna beo ilghníomhaí lena ndéantar údaráis, geallsealbhóirí, lucht gnó agus an tsochaí shibhialta rannpháirteach i gcomhdhearadh agus i gcomhchruthú réiteach córasach chun caipiteal nádúrtha a chaomhnú, a athshlánú agus a úsáid ar bhonn inbhuanaithe, mar aon le rialachas ar an aistriú chuig ▌inbhuanaitheacht agus roghanna bainistíochta inbhuanaithe maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha ar fud lúba luacha iomlána i ndálaí éagsúla comhshaoil, eacnamaíocha agus sóisialta.
6.2.3. Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Ceantair Thuaithe
Le talmhaíocht agus foraoiseacht athléimneach agus inbhuanaithe, ▌soláthraítear tairbhí eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta agus isréamhriachtanas iad i gcomhair shlándáil leanúnach an ▌tsoláthair bhia.Cuireann siad le slabhraí luacha dinimiciúla, bainistíonn siad acmhainní talún agus nádúrtha agus cuireann siad raon earraí poiblí ríthábhachtacha ar fáil lena n-áirítear ceapadh carbóin, caomhnú bithéagsúlachta, pailniú agus sláinte phoiblí. Tá cineálacha cur chuige comhtháite agus áit-bhunaithe ag teastáil chun ilfheidhmeanna na n-éiceachóras/na gcóras talmhaíochta agus foraoiseachta a chur chun cinn, ag cur an chomhthéacs athraithigh i ndáil leis an táirgeadh príomhúil san áireamh, go sonrach maidir leis an athrú aeráide agus an comhshaol, infhaighteacht acmhainní, déimeagrafaíocht agus patrúin tomhaltais. Déanfar cáilíocht agus sábháilteacht táirgí talmhaíochta a áirithiú chun muinín tomhaltóirí a fheabhsú. Déanfar sláinte plandaí agus ainmhithe a áirithiú freisin. Tá sé riachtanach freisin dul i ngleic le gné spásúil, shocheacnamaíoch agus chultúrtha gníomhaíochtaí talmhaíochta agus foraoiseachta agus acmhainneacht na limistéar tuaithe agus cósta a thabhairt chun fóntais.
Réimsí Ginearálta
– Modhanna, teicneolaíochtaí agus uirlisí i gcomhair talmhaíocht agus foraoiseacht atá inbhuanaithe, athléimneach agus táirgiúil, lena n-áirítear oiriúnú don athrú aeráide;
– Bainistiú inbhuanaithe agus úsáid éifeachtúil acmhainní nádúrtha (e.g. ithreacha, uisce, cothaithigh agus bithéagsúlacht, lena n-áirítear acmhainní géiniteacha) i dtalmhaíocht agus i bhforaoiseacht; roghanna malartacha ar acmhainní neamh-inathnuaite agus glacadh phrionsabail an gheilleagair chiorclaigh, lena n-áirítear trí dhramhaíl agus fotháirgí a athúsáid agus athchúrsáil;
– Tionchar gníomhaíochtaí san earnáil phríomhúil ar an aeráid agus ar an gcomhshaol; acmhainneacht talmhaíochta agus foraoiseachta mar linnte carbóin agus le haghaidh maolú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, lena n-áirítear cineálacha cur chuige i leith astaíochtaí diúltacha; inoiriúnaitheacht mhéadaitheach an táirgthe phríomhúil don athrú aeráide;
– Cineálacha cur chuige comhtháite maidir le dul i ngleic le lotnaidí agus galair plandaí; rialú a dhéanamh ar ghalair thógálacha agus zónóiseacha ainmhithe agus ar leas ainmhithe; straitéisí coiscthe, rialú agus diagnóisic agus roghanna malartacha ar úsáid lotnaidicídí, antaibheathach agus substaintí eile atá conspóideach freisin chun dul i ngleic le frithsheasmhacht;
– Frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha agus bagairtí ó ghuaiseacha bitheolaíocha agus agraiceimiceacha, lena n-áirítear lotnaidicídí, mar aon le éilleáin cheimiceacha agus dul i ngleic leis na naisc idir éiceachórais plandaí, ainmhithe agus sláinte phoiblí ó thaobh Aon Sláinte Amháin agus Sláinte Dhomhanda de;
– Úsáid agus seachadadh seirbhísí éiceachórais i gcórais talmhaíochta agus foraoiseachta chun cineálacha cur chuige éiceolaíocha a fheidhmiú agus réitigh nádúr-bhunaithe a thástáil ó leibhéal feirme go leibhéal tírdhreacha ionas go mbeadh talmhaíocht neamhdhíobhálach don chomhshaol ann; tacaíocht don fheirmeoireacht orgánach;
– Córais talmhaíochta agus foraoiseachta ó leibhéal na feirme go leibhéal tírdhreacha; úsáid agus seachadadh seirbhísí éiceachórais sa táirgeadh príomhúil, e.g. trí agrai-éiceolaíocht nó trí fheabhas a chur ar ról na bhforaoisí i dtaca le tuilte agus creimeadh ithreach a chosc;
– Nuálaíochtaí i bhfeirmeoireacht ag na comhéadain idir talmhaíocht, dobharshaothrú agus foraoiseacht agus i limistéir uirbeacha agus limistéir pheirea-uirbeacha;
– Modhanna, teicneolaíochtaí agus uirlisí nua i gcomhair bainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí agus úsáid inbhuanaithe bithmhais foraoise;
– Tacaíocht do tháirgeadh próitéine plandaí AE i gcomhair seirbhísí bia, cothaithe agus comhshaoil;
– Úsáid inbhuanaithe talún, forbairt tuaithe agus naisc chríochacha; caipitliú ar shócmhainní sóisialta, cultúrtha, eacnamaíocha agus comhshaoil limistéar tuaithe le haghaidh seirbhísí, samhlacha gnó, slabhraí luacha agus earraí poiblí nua;
– Nuálaíochtaí digiteacha maidir le feirmeoireacht, foraoiseacht agus trasna slabhraí luacha agus limistéar tuaithe trí shonraí a úsáid agus bonneagair, teicneolaíochtaí (amhail an intleacht shaorga, róbataic, feirmeoireacht bheacht agus cianbhraiteacht) agus samhlacha rialachais a fhorbairt;
– Eolas talmhaíochta agus foraoiseachta agus córais nuálaíochta agus an t-idirnasc eatarthu ar scálaí éagsúla; comhairle, fothú scileanna, cineálacha cur chuige rannpháirteacha agus comhroinnt faisnéise;
– Comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta a chothú i gcomhair talmhaíocht inbhuanaithe do bhia agus slándáil cothaithe.
6.2.4. Farraigí, Aigéin agus Uiscí Intíre
Le seirbhísí caipitil nádúrtha agus éiceachórais na bhfarraigí, go háirithe iad siúd a bhaineann le farraigí leathiata, aigéin, uiscí intíre agus limistéir chósta níos leithne na hEorpa, tairgtear tairbhí suntasacha socheacnamaíocha agus leasa. Tá an t-ionchas sin i mbaol mar gheall ar an dianbhrú ó strusairí daonna agus nádúrtha amhail truailliú, ró-iascaireacht, athrú aeráide, ardú leibhéal na farraige, úsáid eile uisce agus eachtraí adhaimsire. Chun bac a chur ar fharraigí ▌agus ar aigéin éirí chomh loite sin nach bhféadfaí iad a athshlánú agus chun dea-stádas uiscí intíre a athbhunú; tá sé riachtanach ár n-eolas agus ár dtuiscint a neartú chun éiceachórais mhuirí, intíre agus chósta,▌a chosaint, a athshlánú agus a bhainistiú ar bhonn inbhuanaithe agus cosc ▌a chur ar thruailliú, i gcomhthéacs creat rialachais feabhsaithe agus freagrach ▌. Áiritheofar leis sin taighde chun ionchas eacnamaíoch ollmhór neamhshaothraithe na bhfarraigí, na n-aigéan agus uiscí intíre a fhorscaoileadh agus é mar aidhm leis sin tuilleadh bia sábháilte, comhábhair bhithbhunaithe agus amhábhair a tháirgeadh gan brúnna orthu a mhéadú, ▌chomh maith le hionchas gach cineál dobharshaothraithe chun brú ar acmhainní talún, fionnuisce agus aigéin a mhaolú. Is gá cineálacha cur chuige comhpháirtíochta, lena n-áirítear straitéisí imchuacha farraige agus macrai-réigiúnacha, a bhainfidh le limistéar níos mó ná AE (e.g. san Atlantach, sa Mheánmhuir, i Muir Bhailt, sa Mhuir Thuaidh, sa Mhuir Dhubh, i ▌Muir Chairib agus ▌san Aigéan Indiach); agus rannchuidiú le gealltanais Rialachas Idirnáisiúnta na nAigéan, tionscnaimh amhail Deich mBliana na hEolaíochta Aigéin um Fhorbairt Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe agus gealltanais a bhaineann le caomhnú na héagsúlachta bitheolaíche muirí i limistéir lastall de dhlínse náisiúnta.
Réimsí Ginearálta
– Iascaigh ▌inbhuanaithe agus dobharshaothrú de gach cineál, lena n-áirítear foinsí malartacha próitéine le slándáil bia mhéadaithe, biafhlaitheas agus athléimneacht aeráide; uirlisí faireacháin agus bainistíochta;
– Athléimneacht neartaithe éiceachórais na mara agus na n-uiscí intíre, lena n-áirítear sceireacha coiréil agus ar an gcaoi sin déantar sláinte na bhfarraigí, na n-aigéanagus na n-aibhneacha a áirithiú, déantar comhrac agus maolú ar éifeachtaí brúnna nádúrtha agus antrapacha amhail éilleáin agus bruscar muirí (lena n-áirítear plaistigh), eotrófú, speicis ionracha, díobháil fhisiceach do ghrinneall na farraige, róshaothrú, lena n-áirítear ró-iascaireacht, torann faoi uisce, aigéadú, téamh farraige, aigéin agus aibhneacha, ardú ar chothrom na farraige, i bhfianaise an trasnaithe idir talamh agus an fharraige, tionchar carnach na saincheisteanna sin agus cur chuige ciorclach a chothú agus tuiscint níos fearr ar idirghníomhaíochtaí idir na haigéin agus daoine;
– Rialachas aigéin ar leibhéal domhanda agus réigiúnach chun caomhnú agus úsáid inbhuanaithe acmhainní ▌na bhfarraigí, na n-aigéan agus na n-uiscí intíre a áirithiú;
– Teicneolaíochtaí don aigéan digiteach (grinneall na farraige, colún uisce agus dromchla uisce) lena nasctar seirbhísí agus pobail i ngníomhaíochtaí talamh-bhunaithe, atmaisféir, aeráide, spáis nó atá bainteach leis an aimsir, agus a gcuirtear chun cinn tríd an Néal Gorm mar chuid den Néal Eolaíochta Oscailte Eorpach;
– Faireachán, measúnú riosca-bhunaithe agus acmhainneachtaí tuarthacha/réamhaisnéise lena n-áirítear ardú ar leibhéal na farraige agus guaiseacha nádúrtha eile e.g. borrthaí stoirme, súnámaithe chomh maith le tionchar carnach gníomhaíochtaí daonna;
– Tuiscint a fheabhsú i dtaca le timthriall an uisce agus réimis uisce, moirfeolaíocht an uisce ar scálaí éagsúla, agus acmhainneachtaí a fhorbairt i dtaca le faireachán a dhéanamh ar infhaighteacht agus éileamh uisce, tuilte agus triomach, truailliú agus brúnna eile ar acmhainní uisce agus ar an gcomhshaol uisceach agus na nithe sin a thuar. Teicneolaíochtaí digiteacha a shaothrú chun an faireachán agus an bainistiú ar acmhainní uisce a fheabhsú;
– Réitigh nuálacha a fhorbairt lena n-áirítear rialachas sochaíoch, ionstraimí eacnamaíocha agus samhlacha maoinithe, i gcomhair leithdháileadh cliste uisce lena dtugtar aghaidh ar choimhlintí i dtaca le húsáid uisce, lena n-áirítear teacht i dtír ar luach an uisce, rialú ar thruailleáin uisce, lena n-áirítear plaisteacha agus micreaphlaistigh agus truailleáin eile atá ag teacht chun cinn ag a bhfoinse más féidir, dul i ngleic le brúnna eile ar acmhainní uisce, chomh maith le hathúsáid uisce, agus cosaint agus athbhunú éiceachórais uisce go stádas maith éiceolaíocha;
– Slabhraí luacha inbhuanaithe gorma, lena n-áirítear úsáid inbhuanaithe acmhainní fionnuisce, ilúsáid ar spás muirí agus ar fhás muirí na hearnála fuinnimh in-athnuaite ó fharraigí agus aigéin, lena n-áirítear úsáid inbhuanaithe micrea-algaí agus macra-algaí;
– Cineálacha cur chuige comhtháite maidir le huiscí intíre agus cósta a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe a rannchuideoidh le cosaint an chomhshaoil agus oiriúnú don athrú aeráide;
– Réitigh nádúr-bhunaithe a eascraíonn ó dhinimicí de chuid éiceachórais, mhuirí, chósta agus uisce intíre, ón mbithéagsúlacht agus ón iliomad seirbhísí éiceachórais, lena gcumasófar cineálacha cur chuige córasacha chun acmhainní farraigí, go háirithe farraigí leathiata san Eoraip, agus aigéin agus uiscí intíre a úsáid ar bhonn inbhuanaithe, rannchuidiú le cosaint agus athshlánú an chomhshaoil, le bainistiú cósta, agus le hoiriúnú don athrú aeráide;
– Nuálaíocht ghorm lena n-áirítear sna geilleagair ghorma agus dhigiteacha, ar fud limistéir chósta, cathracha cois cósta agus calafort chun athléimneacht na limistéar cósta a neartú agus tairbhí na saoránach a mhéadú;
– Tuiscint níos fearr ar ról na bhfarraigí agus na n-aigéan i dtaca le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú dó.
6.2.5. Córais Bhia
Cruthaíonn éifeachtaí comhcheangailte fhás an daonra, forás ar réimeanna bia, ganntanas acmhainní agus róshaothrú, díghrádú comhshaoil, athrú aeráide agus an imirce dúshláin gan fasach lena n-éilítear claochlú ar an gcóras bia (FOOD 2030).(26) Níl an táirgeadh ná an tomhaltas bia reatha á dhéanamh ar dhóigh inbhuanaithe den chuid is mó agus tá ualach dúbailte os ár gcomhair mar gheall ar dhroch-chothú, atá le feiceáil ó thearc-chothú, murtall agus míchothromaíochtaí réim bia eile agus neamhoird mheitibileacha a bheith ann i gcomhthráth. Is gá do chórais bhia na todhchaí slándáil an tsoláthair bia a ghnóthú agus bia sábháilte, sláintiúil agus ardcháilíochta leordhóthanach a áirithiú do chách, agus an méid a leanas mar bhonn agus mar thaca acu: éifeachtúlacht acmhainní, inbhuanaitheacht (lena n-áirítear laghdú ar astaíochtaí GCT, ar thruailliú, ar thomhailt uisce agus tomhailt fuinnimh mar aon le táirgeadh dramhaíola), trédhearcacht, lena ndéanfar an talamh agus an fharraige a nascadh, dramhaíl bhia a laghdú, táirgeadh bia ó uiscí intíre, na farraigí agus na haigéin a fheabhsú agus an ‘slabhra luacha bia’ ina iomláine ó tháirgeoirí go tomhaltóirí – agus ar ais arís – a chuimsiú chun athléimneacht a áirithiú. Is gá go dtarlódh sé sin i gcomhthráth le forbairt ar chóras sábháilteachta bia na todhchaí agus uirlisí, teicneolaíochtaí agus réitigh dhigiteacha a dhearadh, a fhorbairt agus a chur ar fáil trína gcuirfear tairbhí suntasacha ar fáil do thomhaltóirí agus trína ndéanfar iomaíochas agus inbhuanaitheacht an bhiashlabhra luacha a fheabhsú. Ina theannta sin, is gá athruithe iompraíochta a chothú maidir le patrúin tomhaltais agus táirgthe bia, ag cur gnéithe cultúrtha agus sóisialta san áireamh, agus chun teagmháil a dhéanamh le táirgeoirí príomhúla, le lucht tionscail (FBManna san áireamh), miondíoltóirí, earnálacha seirbhíse bia, tomhaltóirí agus seirbhísí poiblí.
▌
Réimsí Ginearálta
– Aistí bia fianaise-bhunaithe atá inbhuanaithe agus sláintiúil i gcomhair fholláine na ndaoine thar a saolré, lena n-áirítear patrúin cothaithe, cáilíocht fheabhsaithe chothaitheach an bhia agus dul chun cinn maidir leis an tuiscint ar an tionchar a bhíonn ag cothú ar an tsláinte agus ar fholláine;
– Cothú pearsantaithe go háirithe do ghrúpaí leochaileacha, chun na tosca riosca maidir le galair a bhaineann le réimeanna bia agus galair neamhtheagmhálacha a mhaolú;
– Iompraíocht, stíl mhaireachtála agus spreagthaí tomhaltóirí, lena n-áirítear gnéithe sóisialta agus cultúrtha de bhia, nuálaíocht shóisialta agus rannpháirtiú sochaíoch a chur chun cinn le haghaidh sláinte níos fearr agus le haghaidh inbhuanaitheacht chomhshaoil ar fud an bhiashlabhra luacha iomláin, lena n-áirítear patrúin mhiondíola;
– Córais sábháilteachta agus barántúlachta bia nua-aimseartha, lena n-áirítear inrianaitheacht, cáilíocht bhia a fheabhsú agus feabhas a chur ar mhuinín tomhaltóirí sa chóras bia;
– Athrú aeráide a mhaolú agus oiriúnú dó i dtaca leis an gcóras bia, lena n-áirítear fiosrú ar ionchas agus úsáid an mhicribhithóim, éagsúlacht na mbarr bia, agus rogha malartaí ar phróitéiní ainmhithe ;
– Córais bhia ón talamh agus ón bhfarraige atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, ciorclach, tíosach ar acmhainní agus athléimneach, i dtreo óluisce atá sábháilte agus saincheisteanna mara, deireadh a chur le dramhaíl bhia ar fud an chórais bhia iomláin, trí bhia agus bithmhais a athúsáid, dramhaíl bhia a athchúrsáil, pacáistiú nua bia, éileamh ar bhia saincheaptha agus áitiúil;
– Cineálacha cur chuige nua, lena n-áirítear uirlisí digiteacha agus córais bhia le haghaidh nuálaíocht agus cumhachtú pobal áit-bhunaithe, trádáil chóir agus praghsáil chóir feadh an tslabhra luacha, cuimsiú agus inbhuanaitheacht a chothú trí chomhpháirtíochtaí idir an lucht tionscail (lena n-áirítear FBManna agus mionsealbhóirí), údaráis áitiúla, taighdeoirí agus an tsochaí.
6.2.6. Córais Nuálaíochta Bhithbhunaithe i mBithgheilleagar an Aontais Eorpaigh
Le nuálaíocht sa bhithgheilleagar, leagtar an bonn anuas don aistriú ó gheilleagar atá bunaithe ar bhreoslaí iontaise▌.Is cuid thábhachtach den bhithgheilleagar foriomlán í an nuálaíocht bhithbhunaithe agus cumasaítear léi bithmhais ón talamh agus ón bhfarraige a fhoinsiú, a phróiseáil go tionsclaíoch agus a chomhshó ar bhonn inbhuanaithe ina n-ábhair agus ina dtáirgí bithbhunaithe. Cuimsíonn inbhuanaitheacht gach ceann de na gnéithe seo a leanas: gnéithe éiceolaíocha, sóisialta, eacnamaíocha agus cultúrtha). Baineann sí leas freisin as ionchas acmhainní beo, eolaíochtaí beatha, digitiú agus biteicneolaíochtaí le haghaidh fionnachtana, táirgí, seirbhísí agus próisis nua. Is féidir le nuálaíocht bhithbhunaithe, lena n-áirítear (bith)phróisis agus teicneolaíochtaí, gníomhaíochtaí eacnamaíocha nua mar aon le fostaíocht chuig réigiúin agus cathracha, ag rannchuidiú le geilleagair agus pobail tuaithe agus chósta a athbheochan agus ciorclaíocht an bhithgheilleagair a neartú.
Réimsí Ginearálta
– Bithmhais inbhuanaithe a fhoinsiú, córais lóistíochta agus táirgthe, ag díriú ar fheidhmeanna agus ar úsáidí ardluacha, ar inbhuanaitheacht shóisialta agus chomhshaoil, ar an tionchar ar an aeráid agus ar an mbithéagsúlacht, ciorclaíocht agus ar éifeachtúlacht acmhainní i gcoitinne, lena n-áirítear uisce;
– Eolaíochtaí beatha agus a gcóineasú le teicneolaíochtaí digiteacha chun acmhainní bitheolaíocha ▌a thuiscint, a chuardach agus a úsáid ar bhealach inbhuanaithe;
– Slabhraí luacha bithbhunaithe, ábhair bhithbhunaithe, lena n-áirítear ábhair bhith-spreagtha, ceimiceáin, táirgí, seirbhísí agus próisis lena mbaineann tréithe nua, feidhmiúlachtaí núíosacha agus inbhuanaitheacht fheabhsaithe (lena n-áirítear astaíochtaí gás ceaptha teasa▌a laghdú), forbairt ard-bhithscaglann (ar scála beag agus mórscála) ina n-úsáidtear raon leathan bithmhaise a chothú; táirgeadh reatha táirgí neamh-inbhuanaithe a ionadú le réitigh bhithbhunaithe i gcomhair feidhmeanna nuálacha margaidh a sháraíonn iad;
– Biteicneolaíocht, lena n-áirítear biteicneolaíocht trasearnála ar thús cadhnaíochta, le feidhmiú i bpróisis thionsclaíocha iomaíocha, inbhuanaithe agus úrnua, seirbhísí comhshaoil agus táirgí tomhaltais(27);
– Ciorclaíocht na hearnála bithbhunaithe sa bhithgheilleagar trí nuálaíocht theicneolaíoch, chórasach, shóisialta agus samhla gnó chun méadú radacach a chur ar an luach arna ghiniúint in aghaidh aonad na hacmhainne bitheolaíocha, luach acmhainní dá leithéid a choimeád sa gheilleagar ar feadh tréimhsí níos faide, caipiteal nádúrtha a chaomhnú agus a fheabhsú, nithe a dhearadh chun deireadh a chur le diomailt agus truailliú, tacú leis an bprionsabal maidir le húsáid chascáidithe ar bhithmhais inbhuanaithe trí thaighde agus nuálaíocht agus ord na réiteach dramhaíola á chur san áireamh;
– Patrúin bhithgheilleagair chuimsitheacha le gníomhaithe éagsúla rannpháirteach i gcruthú luacha, lena n-uasmhéadaítear an tionchar sochaíoch agus rannpháirtiú poiblí;
– Tuiscint níos fearr ar theorainneacha, ar mhéadracha agus ar tháscairí an bhithgheilleagair agus ar na sineirgí agus ar na comhbhabhtálacha le comhshaol sláintiúil, agus ar chomhbhabhtálacha idir bia agus feidhmeanna eile.
6.2.7. Córais Chiorclacha
Cuirfidh córais táirgthe agus tomhaltais chiorclacha tairbhí ar fáil don gheilleagar Eorpach agus do chomhshaol an domhain trí úsáid agus spleáchas ar acmhainní a laghdú, astaíochtaí gás ceaptha teasa agus tionchair dhiúltacha chomhshaoil eile a laghdú agus iomaíochas fiontar a mhéadú, agus do shaoránaigh Eorpacha trí dheiseanna nua post a chruthú agus brúnna ar an gcomhshaol agus ar an aeráid a laghdú. Lastall de chlaochlú tionsclaíoch, beidh aistriú níos leithne riachtanach sa chóras chun an t-aistriú go geilleagar ciorclach astaíochtaí ísle a bheidh tíosach ar acmhainní,bithbhunaitheagus a sheachnóidh úsáid ábhar guaiseach a chur i gcrích. Beidh an méid a leanas ag teastáil: réitigh éicea-nuála chórasacha, samhlacha gnó nua, margaí agus infheistíochtaí, bonneagar cumasúcháin, athruithe nuálacha sóisialta ar iompraíochtaí tomhaltóirí, agus samhlacha rialachais lena spreagfar comhoibriú ilgeallsealbhóra feadh an tslabhra luacha iomláin chun a áirithiú go mbainfidh an t-athrú arna cheapadh don chóras torthaí eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta níos fearr amach(28). Beidh oscailt le haghaidh comhar idirnáisiúnta tábhachtach le haghaidh inchomparáideachta, eolas a ghiniúint agus a chomhroinnt agus dúbláil iarrachtaí a sheachaint, e.g. trí thionscnaimh idirnáisiúnta amhail an Painéal Idirnáisiúnta Acmhainní. Freisin, tabharfar aird ar an gcomhthéacs sóisialta d’eolas agus teicneolaíocht nua sa réimse sin agus dá nglacadh agus cé chomh mór is a ghlacann an tsochaí leo.
Réimsí Ginearálta
– Aistriú córasach chuig geilleagar ciorclach, bithbhunaithe, atá tíosach ar acmhainní, le paraidímí nua i ndáil le hidirghníomhaíocht tomhaltóirí, samhlacha gnó nua le haghaidh éifeachtúlacht acmhainní agus feidhmíocht chomhshaoil; táirgí agus seirbhísí lena spreagtar éifeachtúlacht acmhainní agus díothú ábhar guaiseach nó iad a ionadú feadh na saolré iomláine; córais le haghaidh comhroinnte, athúsáide, deisiúcháin, athdhéantúsaíochta, athchúrsála agus múirínithe; coinníollacha agus dreasachtaí eacnamaíocha, sóisialta, iompair, rialála agus airgeadais i gcomhair aistrithe den sórt sin;
– Méadracht agus táscairí, bunaithe ar chur chuige córasach, chun an geilleagar ciorclach agus feidhmíocht saolré a thomhas agus an fhreagracht shóisialta a fheabhsú; córais rialachais lena gcuirtear dlús le forleathnú an gheilleagair chiorclaigh, an bhithgheilleagair agus na héifeachtúlachta acmhainní trí mhargaí a chruthú le haghaidh ábhair thánaisteacha; comhoibriú slabhra ilgheallsealbhóra agus tras-luacha; ionstraimí le haghaidh infheistíocht sa gheilleagar ciorclach agus sa bhithgheilleagar;
– Réitigh le haghaidh forbairt inbhuanaithe agus athghiniúnach ar chathracha, limistéir pheirea-uirbeacha agus ar réigiúin, lena ndéantar claochlú an gheilleagair chiorclaigh a chomhtháthú le réitigh nádúr-bhunaithe, nuálaíochtaí teicneolaíocha, digiteacha, sóisialta, cultúrtha agus rialachais chríochaigh;
– Éicea-nuálaíocht le haghaidh truailliú comhshaoil ó shubstaintí guaiseacha agus ó cheimicí, agus neamhchosaint orthu, lena mbaineann ábhar imní a chosc agus a fheabhsú; ag breathnú freisin ar an idirphlé idir ceimiceáin, táirgí agus dramhaíl, agus ar réitigh inbhuanaithe i ndáil le táirgeadh amhábhar príomhúil agus tánaisteach;
– Úsáid chiorclach acmhainní uisce, lena n-áirítear laghdú ar an éileamh ar uisce, cailliúintí a chosc, athúsáid uisce, athchúrsáil agus luachshocrú fuíolluisce▌. Réitigh nuálacha do na dúshláin atá ann donnasc uisce-bia-fuinneamh a thugann aghaidh ar thionchair úsáid uisce na talmhaíochta agus an fhuinnimh agus a chumasaíonn réitigh shineirgíocha;
– Bainistiú inbhuanaithe fodhromchla a chomhtháthaíonn geo-acmhainní (fuinneamh, uisce, amhábhair) agus dálaí comhshaoil (guaiseacha nádúrtha, tionchair de dhéanamh an duine) ar fud gach braisle ábhartha, cuíchóiriú a dhéanamh ar an rannchuidiú dearfach le geilleagar ciorclach trí bhíthin eolas geolaíoch uile-Eorpach agus ag rannchuidiú ionsar fhreagairt réamhbheartaithe bhunaithe ar eolaíocht ar Chomhaontú Pháras agus ar Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe éagsúla de chuid na Náisiún Aontaithe;
– Réitigh agus bonneagair a fhorbairt agus a fheabhsú chun rochtain ar uisce le hól, uisce i gcomhair uiscithe agus uisce i gcomhair glantacháin, a bhaineann inter alia díshalannú leis, a éascú, chun úsáid uisce atá níos éifeachtúla, níos neamhdhíobhálaí ó thaobh an fhuinnimh agus CO2 de, chomh maith le húsáid chiorclach a chumasú.
7. GNÍOMHAÍOCHTAÍ DÍREACHA NEAMHNÚICLÉACHA AN AIRMHEÁIN CHOMHPHÁIRTIGH TAIGHDE
7.1. An Réasúnaíocht
Tá fianaise eolaíoch ardcháilíochta agus iontaofa ríthábhachtach le haghaidh dea-bheartais phoiblí. Teastaíonn fianaise thrédhearcach, chuimsitheach agus chothromaithe i gcomhair tionscnaimh agus tograí nua le haghaidh reachtaíocht ón Aontas, ach teastaíonn fianaise chun tionchar agus dul chun cinn a thomhas agus faireachán a dhéanamh orthu agus beartais á gcur chun feidhme.
Cuireann JRC breisluach le beartais an Aontais toisc go mbíonn eolaíocht ildisciplíneach den scoth á cleachtadh ann atá neamhspleách ar leasanna náisiúnta, príobháideacha agus ar leasanna seachtracha eile. Bíonn sé bainteach le gach réimse de bheartas an Aontais, ag cur an tacaíocht tras-earnála a bhíonn de dhíth ar lucht déanta beartas ar fáil chun dul i ngleic le dúshláin shochaíocha atá ag éirí níos casta i gcónaí. Cuireann neamhspleáchas JRC ar leasanna speisialta mar aon lena ról tagartha eolaíoch-teicniúil ar a chumas comhthoil a éascú idir geallsealbhóirí agus gníomhaithe eile amhail saoránaigh agus lucht déanta beartas▌. Ós cumas dá chuid freagairt go mear do riachtanais bheartais, bíonn gníomhaíochtaí JRC comhlántach le gníomhaíochtaí neamhdhíreacha a bhfuil sé mar aidhm leo tacú le cuspóirí beartais fadtéarmacha.
Déanann JRC a thaighde féin agus is bainisteoir straitéiseach eolais, faisnéise, sonraí agus inniúlachtaí é chun fianaise ardcháilíochta ábhartha a chur ar fáil ar mhaithe le beartais níos cliste. Chuige sin, oibríonn JRC i gcomhar leis na heagraíochtaí is fearr ar fud an domhain, agus le saineolaithe agus geallsealbhóirí idirnáisiúnta, náisiúnta agus réigiúnacha. Rannchuidíonn a thaighde le cuspóirí agus tosaíochtaí ginearálta Fhís na hEorpa, soláthraíonn sé eolas eolaíoch neamhspleách, comhairle agus tacaíocht theicniúil do bheartais AE feadh thimthriall iomlán na mbeartas, agus é dírithe ar thosaíochtaí beartais Eorpacha, ag tacú le hEoraip atá sábháilte agus slán, rathúil agus inbhuanaithe, sóisialta agus níos láidre i gcomhthéacs domhanda.
7.2. Réimsí idirghabhála
7.2.1. Neartú a dhéanamh ar an mbonn eolais chun beartais a cheapadh
Tá méadú as cuimse ag teacht ar eolas agus sonraí. Má tá lucht déanta beartas chun ciall agus leas a bhaint astu ní mór athbhreithniú agus scagadh a dhéanamh orthu. Tá gá ann freisin go n-úsáidfeadh seirbhísí uile an Choimisiúin modhanna eolaíocha cothrománacha agus uirlisí anailíseacha, go háirithe chun réamh-mheas a dhéanamh ar na dúshláin shochaíocha atá ar na bacáin agus chun tacú le rialáil níos fearr. Áirítear leis sin próisis nuálacha chun geallsealbhóirí agus saoránaigh a dhéanamh rannpháirteach i saincheisteanna déanta beartas agus uirlisí éagsúla a bhaineann le measúnú tionchair agus cur chun feidhme.
Réimsí Ginearálta
– Samhaltú, meastóireacht mhicreacnamaíoch, modheolaíochtaí measúnaithe riosca, uirlisí dearbhaithe cáilíochta le haghaidh tomhas, dearadh scéimeanna faireacháin, táscairí agus scórchláir, anailís íogaireachta agus iniúchóireacht, measúnú saolré, mianadóireacht sonraí agus téacs, anailísíocht agus feidhmchláir mórshonraí/sonraí, smaointeoireacht deartha, faire na fáistine, staidéir réamh-mheasa agus fadbhreathnaitheachta, taighde iompraíochta, agus rannpháirtíocht geallsealbhóirí agus saoránach;
– Ionaid eolais agus inniúlachta;
– Pobail chleachtais agus ardáin comhroinnte eolais;
– Bainistiú sonraí, comhroinnt sonraí agus comhleanúnachas;
– Anailís ar bheartais taighde agus nuálaíochta AE agus náisiúnta, lena n-áirítear ERA.
7.2.2. Dúshláin Dhomhanda
Rannchuideoidh JRC le beartais agus le gealltanais shonracha an Aontais lena ndéileáiltear sna seacht mbraisle de Dhúshláin Dhomhanda, go háirithe tiomantas an Aontais i dtaca leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe.
Réimsí Ginearálta
1. Sláinte
– Tacaíocht eolaíoch agus theicniúil do bheartais le haghaidh sláinte phoiblí agus córais cúram sláinte níos fearr, lena n-áirítear gléasanna míochaine agus measúnuithe ar theicneolaíocht sláinte, bunachair sonraí, digitiú, lena n-áirítear chun dlús a chur le hidir-inoibritheacht;
– Modhanna measúnaithe sábháilteachta le haghaidh rioscaí ionchasacha sláinte agus comhshaoil a bhaineann le substaintí ceimiceacha agus le truailleáin;
– Saotharlann Thagartha an Aontais Eorpaigh le haghaidh Malairtí ar Thástáil Ainmhithe;
– Taighde maidir le saincheisteanna sláinte agus bagairtí nua sláinte atá ag teacht chun cinn.
2. Cultúr, cruthaitheacht agus an tsochaí chuimsitheach
– Taighde maidir le neamhionannas, bochtaineacht agus eisiamh, soghluaisteacht shóisialta, éagsúlacht chultúrtha, agus scileanna; imirce, measúnú ar chlaochluithe sóisialta, déimeagrafacha agus teicneolaíocha ar an ngeilleagar agus ar an tsochaí;
– Taighde maidir le dea-rialachas agus daonlathas;
– Tacaíocht chun oidhreacht chultúrtha a choimirciú, a chaomhnú agus a bhainistiú;
– Ionad eolais le haghaidh imirce agus déimeagrafaíochta.
3. Slándáil Shibhialta don tSochaí
– Ionad eolais le haghaidh bainistiú rioscaí tubaiste;
– Tacaíocht do bheartais slándála i réimsí maidir le bonneagair ríthábhachtacha agus spásanna poiblí a chosaint, CBRN-E (ábhair Cheimiceacha, Bhitheolaíocha, Raideolaíocha, Núicléacha agus Phléascacha) agus bagairtí hibrideacha, cosaint teorann agus slándáil doiciméad, agus faisnéis agus faisnéisíocht chun cur i gcoinne na sceimhlitheoireachta;
– Teicneolaíochtaí le haghaidh ábhair CBRN-E a bhrath, córais bhithmhéadracha, agus teicnící bailithe faisnéisíochta;
– Tacaíocht do staid slándála an Aontais Eorpaigh sa domhan; measúnú ar iomaíochas agus ar nuálaíocht thionscal slándála an Aontais; sineirgíochtaí slándála-cosanta a shaothrú;
– Taighde le haghaidh cumais atreisithe Chibearslándála, Chibear-athléimneachta, agus Chibearbhactha.
4. Cúrsaí Digiteacha, an Tionscal agus an Spás
– Impleachtaí digitithe, le béim ar theicneolaíochtaí TFC nua atá ag teacht chun cinn amhail meaisínfhoghlaim agus ríomhaireacht shaorga, mórleabhair dháilte, Idirlíon na nEarraí, agus Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta;
– Digitiú in earnálacha aonair, amhail fuinneamh, iompar, tógáil, tionscal na seirbhísí, sláinte agus cúram agus rialtas;
– Méadreolaíocht thionsclaíoch agus uirlisí dearbhaithe cáilíochta le haghaidh déantúsaíocht chliste;
– Taighde maidir le Príomhtheicneolaíochtaí ▌Cumasúcháin;
– Taighde ar na teicnící agus ar na cleachtais bainistithe comhshaoil is fearr dá bhfuil ar fáil, anailísí teicnea-eacnamaíocha agus measúnú saolré ar phróisis thionsclaíocha, bainistiú ceimiceán, bainistiú dramhaíola, athúsáid uisce, amhábhair, amhábhair ríthábhachtacha agus critéir cháilíochta le haghaidh ábhair aisghafa, agus iad go léir ag tacú le geilleagar ciorclach;
– Anailís ar shlándáil an tsoláthair amhábhar, lena n-áirítear amhábhair ríthábhachtacha, i ndáil le faisnéis maidir le hacmhainní príomhúla agus tánaisteacha agus nuashonrú sonraí ar an gCóras Faisnéise Amhábhar;
– Gníomhaíochtaí Copernicus a chur chun feidhme;
– Tacaíocht theicniúil agus eolaíoch d’fheidhmchláir Chláir Chóras Domhanda Loingseoireacht Satailíte an Aontais.
5. Aeráid, Fuinneamh agus Soghluaisteacht
– Tacaíocht chun beartais aeráide, fuinnimh agus iompair an Aontais a chur chun feidhme, aistriú go geilleagar ísealcharbóin agus straitéisí le haghaidh dícharbónú i dtreo 2050; anailís ar aeráid náisiúnta chomhtháite agus ar phleananna fuinnimh; measúnú ar chonair dícharbónaithe i ngach earnáil, lena n-áirítear talmhaíocht agus Talamhúsáid, Athrú ar Thalamhúsáid agus Foraoiseacht;
– Measúnú ar rioscaí in éiceachórais leochaileacha agus in earnálacha eacnamaíocha agus i mbonneagar atá ríthábhachtach, le béim ar straitéisí oiriúnaithe;
– Anailís ar ghné T&I an Aontais Fuinnimh; measúnú ar iomaíochas an Aontais sa mhargadh domhanda um fhuinneamh glan;
– Measúnú ar ionchas imlonnaithe teicneolaíochtaí fuinnimh chliste agus réitigh cúplála earnála chun aistriú fuinnimh rianúil agus cost-éifeachtúil a chumasú.
– Measúnú ar imlonnú athnuaiteán agus teicneolaíochtaí táirgthe fuinnimh ghlain;
– Anailís ar úsáid fuinnimh i bhfoirgnimh, cathracha cliste agus inbhuanaithe, agus tionscail;
– Anailís theicniúil agus shocheacnamaíoch ar stóráil fuinnimh, go háirithe cúpláil earnála agus ceallraí;
– Anailís ar shlándáil an tsoláthair fuinnimh san Aontas, lena n-áirítear bonneagar fuinnimh, agus margaí fuinnimh;
– Tacaíocht d’aistriú fuinnimh, lena n-áirítear Cúnant na Méaraí, fuinneamh glan d’Oileáin an Aontais, do réigiúin íogaire agus don Afraic;
– Anailís chomhtháite le haghaidh Soghluaisteacht Chomhoibríoch, Nasctha agus Uathoibrithe a imlonnú;
– Anailís chomhtháite chun tiomáint leictreach a fhorbairt agus a imlonnú, lena n-áirítear an chéad ghlúin eile de theicneolaíochtaí ceallra;
– Nósanna imeachta tástála comhchuibhithe agus faireachas margaidh le haghaidh astaíochtaí CO2 agus aerthruailleán ó fheithiclí, measúnú ar theicneolaíochtaí nuálacha;
– Measúnú ar iompar cliste, ar chórais bainistithe tráchta agus ar tháscairí brú tráchta;
– Anailísí ar bhreoslaí malartacha agus riachtanais bhonneagair ghaolmhara.
6. Bia, bithgheilleagar,acmhainní nádúrtha, talmhaiocht agus comhshaol
– Taighde ar acmhainní talaimh, ithreach, foraoisí, aeir, uisce, muirí, amhábhar agus bithéagsúlachta chun tacú le caomhnú, athshlánú agus úsáid inbhuanaithe éifeachtach caipitil nádúrtha, lena n-áirítear bainistiú acmhainní inbhuanaithe san Afraic;
– Ionad eolais le haghaidh slándáil dhomhanda i ndáil le cothúchán bia;
– Measúnú ar an athrú aeráide agus bearta ionchasacha maolaithe agus oiriúnaithe maidir le beartais talmhaíochta agus iascaigh, slándáil bia san áireamh;
– Faireachán agus réamhaisnéisiú ar acmhainní talmhaíochta san Aontas, ar mhéadú agus ar thíortha comharsanachta;
– Taighde maidir le dobharshaothrú agus iascaigh inbhuanaithe faoi bhláth ó thaobh na heacnamaíochta de, agus maidir le Fás Gorm agus an Geilleagar Gorm;
– Modhanna bailíochtaithe, tástálacha inniúlachta saotharlainne agus uirlisí anailíseacha nua chun beartais sábháilteachta bia a chur chun feidhme;
– Saotharlanna Tagartha AE maidir le Breiseáin Bhia, Orgánaigh Ghéinmhodhnaithe agus Ábhair Theagmhála Bia;
– Ionad eolais maidir le calaois agus cáilíocht bhia;
– Ionad eolais maidir leis an mbithgheilleagar.
7.2.3. Nuálaíocht, forbairt eacnamaíoch, agus iomaíochas
Rannchuideoidh ACT le nuálaíocht agus aistriú teicneolaíochta eolas-bhunaithe. Tacóidh sé le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus le rialachas eacnamaíoch an Aontais. Rannchuideoidh sé le forbairt agus le faireachán ar bheartais a dhíríonn ar Eoraip níos sóisialta agus inbhuanaithe. Tacóidh sé le gné sheachtrach an Aontais agus lena spriocanna idirnáisiúnta agus cuideoidh sé le dea-rialachas a chur chun cinn. Cothóidh margadh inmheánach dea-fheidhmiúil lena mbaineann rialachas eacnamaíoch láidir agus córas sóisialta cothrom nuálaíocht agus iomaíochas eolas-bhunaithe.
Réimsí Ginearálta
▌
– Anailís eacnamaíoch, trádála, airgeadais agus fhioscach;
– Taighde réamhnormatach agus tástáil ar chomhchuibhiú agus ar chaighdeánú;
– Ábhair thagartha dheimhnithe a tháirgeadh;
– Gníomhaíochtaí faireachais margaidh
– Bainistiú ar chearta maoine intleachtúla;
– Comhar aistrithe teicneolaíochta a chur chun cinn.
7.2.4. Barr feabhais Eolaíoch
Saothróidh JRC barr feabhais agus ionracas maidir le taighde agus comhar fairsing le hinstitiúidí taighde den chéad scoth ar fud an domhain. Déanfaidh sé taighde i réimsí eolaíochta agus teicneolaíochta atá ag teacht chun cinn agus cuirfidh sé eolaíocht oscailte agus sonraí oscailte mar aon le haistriú eolais chun cinn.
Réimsí Ginearálta
– Cláir um thaighde taiscéalaíoch;
– Cláir thiomanta comhair agus malartaithe le hinstitiúidí taighde agus le heolaithe;
– Rochtain ar bhonneagair thaighde JRC;
– Oiliúint a chur ar eolaithe agus ar shaineolaithe náisiúnta;
– Eolaíocht oscailte agus sonraí oscailte.
7.2.5. Forbairt chríochach agus tacaíocht do Bhallstáit agus do Réigiúin
Rannchuideoidh JRC le beartais réigiúnacha agus uirbeacha, le béim ar fhorbairt chríochach a bheidh á treorú ag an nuálaíocht, agus d’fhonn éagothromaíochtaí idir réigiúin a laghdú. Cuirfidh sé cúnamh teicniúil ar fáil freisin do Bhallstáit agus do thríú tíortha mar aon le tacaíocht chun reachtaíocht agus gníomhaíochtaí Eorpacha a chur chun feidhme.
Réimsí Ginearálta
– Beartais réigiúnacha agus uirbeacha, straitéisí speisialaithe cliste, straitéisí le haghaidh claochlú eacnamaíoch ar réigiúin trasdula, straitéisí agus sonraí comhtháite um fhorbairt uirbeach a chur chun feidhme;
– Fothú acmhainneachta gníomhaithe áitiúla agus réigiúnacha chun straitéisí macrairéigiúnacha a chur chun feidhme;
– Ionad eolais le haghaidh beartais chríochacha;
– Comhairle ‘ar éileamh’ agus tacaíocht shaincheaptha do Bhallstáit, do réigiúin nó do chathracha, lena n-áirítear trí líonra fíorúil d’Ardáin “Science4Policy”.
COLÚN III
Eoraip Nuálach
Is foinse spreagtha ríthábhachtach í an nuálaíocht de gach aon sórt don Aontas chun leanúint leis ag cur rathúnas ar fáil dá shaoránaigh agus ag tabhairt aghaidh ar dhúshláin na todhchaí. Tá cur chuige córasach trasearnálach ilghnéitheach ag teastáil chun í a chur chun feidhme. Tá an dul chun cinn eacnamaíoch a dhéanann an Eoraip agus leas sóisialta agus caighdeán beatha na hEorpa ag brath ar a chumas borradh a chur faoin táirgiúlacht agus faoin bhfás, ar rud é atá ag brath cuid mhór ar a chumas nuálaithe. Tá tábhacht ar leith leis an nuálaíocht freisin chun dhúshláin mhóra a bheidh roimh an Aontas sa todhchaí a réiteach. Ní mór go mbeadh nuálaíocht freagrach, eiticiúil agus inbhuanaithe.
Mar ab amhlaidh i gcás a réamhtheachtaí, tá an nuálaíocht i gcroílár Fhís na hEorpa. Trí iarrachtaí i dtaca le dlús a chur le haistriú eolais agus le smaointe, táirgí agus próisis nua, cuirtear cuspóirí Fhís na hEorpa chun cinn agus cuirtear módúlachtaí an chláir chun feidhme, ó chlársceidealú straitéiseach go glaonna, agus bíonn na hiarrachtaí sin ann ó thús deireadh aon tionscadail dá dtugtar tacaíocht, ó thaighde ‘spéire goirme’ go treochláir agus misin thionsclaíocha agus theicneolaíocha.
Ina ainneoin sin, tá gá le bearta sonracha i ndáil leis an nuálaíocht, toisc nach mór don Aontas Eorpach na dálaí agus an timpeallacht a fheabhsú ar bhonn cinntitheach ionas go dtiocfaidh rath ar an nuálaíocht san Eoraip, ionas go ndéanfar smaointe a chomhroinnt go gasta idir gníomhaithe in éiceachóras na nuálaíochta, agus ionas go ndéanfar smaointe agus teicneolaíochtaí nua a chlaochlú go mear ina dtáirgí agus ina seirbhísí nach mór don Aontas a sholáthar.
Tá margaí nua domhanda móra tagtha chun cinn leis na deicheanna de bhlianta anuas, ar margaí iad a bhaineann le cúram sláinte, na meáin, siamsaíocht, cumarsáid agus miondíol, bunaithe ar nuálaíochtaí ceannródaíocha in TFC, biteicneolaíocht, teicneolaíocht ghlas, an t-idirlíon agus geilleagar na n-ardán. Níos faide anall sa phróiseas nuálaíochta, déanann cuideachtaí atá ag fás go gasta agus a bhíonn nua go minic na nuálaíochtaí sin a chruthaíonn margaí agus a mbíonn tionchar acu ar gheilleagar AE ina iomláine, a imlonnú, ach is annamh, áfach, gurb é an tAontas áit tionscnaimh agus méadaithe na gcuideachtaí sin.
Tá rabharta domhanda nua de nuálaíocht ceannródaíoch ag teacht isteach, a bheidh bunaithe ar theicneolaíochtaí a théann níos mó i dtreo ‘teicneolaíocht dhomhain’, amhail blocshlabhra, intleacht shaorga, géanómaíocht/il-ómaíocht agus róbataic, agus teicneolaíochtaí eile, a fhéadfaidh teacht chun cinn freisin as iarrachtaí nuálaithe aonair agus pobal saoránach. Rud comhchoiteann a bhaineann leo ná go bhfuil siad ag teacht chun cinn ag crosbhóthar idir ▌disciplíní eolaíocha, réitigh theicneolaíocha agus earnálacha eacnamaíocha éagsúla, lena dtairgtear meascáin nua ar fad de tháirgí, próisis, seirbhísí agus samhlacha gnó agus lenar féidir margaí nua a oscailt ar fud an domhain. Beidh tionchar acu freisin ar earnálacha ríthábhachtacha, amhail monaraíocht, seirbhísí airgeadais, iompar nó fuinneamh.
Ní mór don Eoraip leas a bhaint as an rabharta sin. Tá an Eoraip in áit mhaith mar go bhfuil rabharta úr ag teacht isteach i réimsí ‘teicneolaíochta doimhne’, ina bhfuil infheistíocht shuntasach déanta ag an Eoraip cheana, go sonrach in eochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin, agus dá bhrí sin tá buntáistí iomaíocha áirithe aici i dtaca le heolaíocht agus eolas, lena n-áirítear i dtaobh acmhainní daonna, agus is féidir léi cur le dlúthchomhar poiblí-príobháideach (e.g. i gcúram sláinte nó fuinneamh).
Chun go mbeidh an Eoraip in ann a bheith ar thús cadhnaíochta sa nuálaíocht cheannródaíoch, ní mór aghaidh a thabhairt ar na dúshláin fholuiteacha seo a leanas:
▌
▌
– Maoiniú riosca a mhéadú chun bearnaí maoiniúcháin a shárú: Tá nuálaithe Eorpacha faoi mhíbhuntáiste mar gheall ar ghanntanas maoiniúcháin riosca. Is ríthábhachtach an rud é an caipiteal fiontair príobháideach chun nuálaíochtaí ceannródaíocha a thiontú ina gcuideachtaí ceannródaíocha ach, san Eoraip, is ionann é agus níos lú ná an ceathrú cuid de na méideanna a thiomsaítear i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus san Áise. Ní mór don Eoraip droichead a thógáil thar ‘Ghleannta an Bháis’ ina dteipeann ar smaointe agus nuálaíochtaí an margadh a bhaint amach de dheasca na bearna idir tacaíocht phoiblí agus infheistíocht phríobháideach, go háirithe i dtaca le nuálaíochtaí ceannródaíocha ardriosca ar gá tacú leo trí infheistíochtaí fadtéarmacha;
– Éascú a dhéanamh ar rochtain ar thorthaí taighde, feabhas a chur an gclaochlú ó eolaíocht go nuálaíocht agus dlús a chur le haistriú smaointe, teicneolaíochtaí agus tallann ón mbonn taighde go gnólachtaí nuathionscanta agus an earnáil thionsclaíoch;
– Tacú tuilleadh le forbairt gach cineáil nuálaíochta, lena n-áirítear seirbhís faoi stiúir úsáideoirí agus tomhaltóirí agus nuálaíocht shóisialta chuimsitheach;
– Dlús a chur le claochlú gnó: tá geilleagar na hEorpa ag titim chun deiridh i ndáil le glacadh le teicneolaíochtaí nua agus le méadú: tá 77 % de chuideachtaí T&F óga agus móra i Stáit Aontaithe Mheiriceá nó san Áise agus níl ach 16 % díobh lonnaithe san Eoraip;
– Feabhsú agus simpliú a dhéanamh ar thírdhreach an chistiúcháin Eorpaigh agus tacú leis an taighde agus leis an nuálaíocht: is casta an tírdhreach do nuálaithe é an iliomad foinsí cistiúcháin. In idirghabháil AE, ní mór oibriú i gcomhar le tionscnaimh eile ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta agus réigiúnach, idir phoiblí agus phríobháideach, agus iad a chomhordú chun acmhainneachtaí tacaíochta a fheabhsú agus a ailíniú ar bhealach níos fearr, chun dúbláil gníomhaíochtaí a sheachaint agus chun foráil a dhéanamh maidir le tírdhreach sothuigthe a chur ar fáil d’aon nuálaí Eorpach;
– Ilroinnt a shárú i dtaca le héiceachóras na nuálaíochta. Cé go bhfuil líon na lárionad gníomhaíochta ag méadú san Eoraip, níl siad nasctha le chéile mar is ceart. Ní mór do chuideachtaí a bhfuil ionchas fáis idirnáisiúnta acu déileáil le hilroinnt margaí náisiúnta ina bhfuil teangacha, cultúir ghnó agus rialacháin éagsúla á n-úsáid. Tá ról le bheith ag an Aontas i dtacú le comhoibriú éifeachtach idir éiceachórais náisiúnta agus réigiúnacha, chun go mbeidh cuideachtaí, agus FBManna go háirithe, in ann rochtain a fháil ar an eolas, an saineolas, na bonneagair agus na seirbhísí is fearr ar fud na hEorpa. Tacóidh AE le comhoibriú idir éiceachórais, lena n-áirítear trí rialáil, chun go bhfeabhsófar idir-inoibritheacht idir teicneolaíochtaí difriúla agus réitigh phraiticiúla .
Chun déileáil leis an rabharta nua domhanda sin de nuálaíochtaí ceannródaíocha, is gá cur chuige sofhreagrúil, simplí, rianúil agus saincheaptha sa tacaíocht a thabharfaidh an tAontas Eorpach do nuálaithe ▌. Maidir le beartas chun nuálaíochtaí ceannródaíocha a fhorbairt agus a imlonnú agus cuideachtaí a mhéadú, ní mór dó a bheith ceannasach agus rioscaí á nglacadh agus ní mór dó na dúshláin thuasluaite a chur san áireamh agus luach a chur le gníomhaíochtaí nuálaíochta a chuireann Ballstáit nó réigiúin aonair chun feidhme.
Tá an colún Eoraip Nuálach de chuid Fhís na hEorpa, i gcomhar le beartais eile de chuid an Aontais agus, go háirithe, Clár InvestEU, deartha chun torthaí nithiúla den sórt sin a sholáthar. Tá sé ag cur le ceachtanna a foghlaimíodh agus le taithí a fuarthas faoi na creatchláir a bhí ann roimhe seo, go háirithe ó ghníomhaíochtaí ▌amhail Teicneolaíochtaí na Todhchaí agus Teicneolaíochtaí atá ag Teacht chun Cinn (FET▌), an Mhearchonair i dtreo na Nuálaíochta (FTI) agus an Ionstraim FBManna▌, ach maoiniú príobháideach agus corparáideach freisin (amhail an Seachtú Creatchlár, RSFF, InnovFin faoi Fhís 2020), arna mbailiú agus arna gcuíchóiriú faoi chuimsiú ghníomhaíochtaí ‘píolótacha EIC’ a seoladh don tréimhse 2018-2020.
Bunaithe ar an taithí sin go léir, déantar foráil sa Cholún sin maidir le seoladh na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí (EIC), a mbeidh mar phríomhchúram aici teicneolaíochtaí agus nuálaíocht atá ceannródaíoch agus suaiteach a chur chun cinn, lena spriocdhíreofar go háirithe ar nuálaíocht lena gcruthófar margaí, agus ag an am céanna tacófar le gach cineál nuálaíochtaí, lena n-áirítear nuálaíocht chéimneach, go háirithe taobh istigh de FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta agus, i gcásanna eisceachtúla, cuideachtaí meánchaipitlithe beaga a bhfuil ionchas méadaithe mhear acu ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal domhanda agus a bhfuil cineálacha gníomhuithe agus gníomhaíochtaí tiomnaithe acu:
– Tacú le forbairt nuálaíochtaí todhchaíocha agus ceannródaíocha atá ag teacht chun cinn, lena n-áirítear nuálaíochtaí ‘teicneolaíochta doimhne’ mar aon le nuálaíochtaí neamh-theicneolaíocha;
– Bearnaí maoiniúcháin a líonadh i dtaca le nuálaíochtaí lena gcruthófar margaí a fhorbairt, a imlonnú agus a mhéadú;
– Caipiteal príobháideach agus infheistíocht a ghiaráil;
– Tionchar agus infheictheacht thacaíocht nuálaíochta an Aontais a mhéadú;
Déanfar foráil leis an gColún sin freisin do ghníomhaíochtaí arna bhforbairt faoin Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT), go háirithe trína Pobail Eolais agus Nuálaíochta (PENanna). Sa bhreis air sin, áiritheofar sineirgíochtaí córasacha idir EIC agus EIT. Féadfar cuideachtaí nuálacha a eascraíonn as PEN EIT a chur i dtreo EIC chun sruth ionchasach nuálaíochtaí nach bhfuil iontaofa ó thaobh brabúis de go fóill a chruthú, agus ag an am céanna, féadfar rochtain ar an tacaíocht bhreise sin a thairiscint do chuideachtaí nuálacha le hionchas ard, arna gcistiú ag EIC, nach bhfuil rannpháirteach i gceann de PENanna EIT go fóill.
Cé go bhféadfaidh EIC agus PENanna EIT tacaíocht dhíreach a thabhairt do ▌nuálaíochtaí ar fud AE, ní mór an timpeallacht fhoriomlán ina dtiocfaidh rath ar nuálaíochtaí Eorpacha agus ina dtiocfaidh siad chun cinn a fhorbairt agus a fheabhsú tuilleadh: is as torthaí an taighde bhunúsaigh a eascróidh nuálaíochtaí a chruthóidh margaí. Ní mór go mbeadh comhiarracht choiteann Eorpach ann chun tacú leis an nuálaíocht i ngach cearn den Eoraip, agus i ngach cineál agus i ngach gné a bhaineann léi, lena n-áirítear trí bheartais chomhlántacha AE, náisiúnta agus réigiúnacha(lena n-áirítear trí shineirgíochtaí éifeachtacha le CFRE agus straitéisí speisialaithe cliste) agus trí acmhainní comhlántacha in aon chás inarb indéanta. Dá bhrí sin, déantar foráil sa Colún seo freisin maidir leis an méid seo a leanas▌
– sásraí comhordaithe agus comhair athnuaite agus treisithe leis na Ballstáit agus le Tíortha Comhlachaithe, ach le tionscnaimh phríobháideacha freisin, chun tacú le gach gníomhaí de chuid na n-éiceachóras nuálaíochta Eorpach, lena n-áirítear ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil;
– ▌
– sa bhreis air sin, mar iarracht leanúnach chun acmhainneachtaí maoinithe riosca a fheabhsú don taighde agus don nuálaíocht san Eoraip ▌, beidh dlúthnasc idir an colún seo agus clár InvestEU. Ag cur leis an rath a bhí ar InnovFin Fhís 2020 agus leis an taithí a fuarthas faoin gclár, agus faoi CEIS chomh maith, cuirfidh Clár InvestEU feabhas ar an rochtain ar mhaoiniú riosca d’eintitis atá iontaofa ó thaobh brabúis de, agus d’infheisteoirí freisin.
1. AN CHOMHAIRLE NUÁLAÍOCHTA EORPACH (EIC);
1.1. Réimsí Idirghabhála
Feidhmeoidh EIC i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas: breisluach AE soiléir, uathriail, cumas dul i riosca, éifeachtúlacht, éifeachtacht, trédhearcacht agus cuntasacht. Gníomhóidh EIC mar ionad ilfhreastail do gach cineál nuálaí, lena n-áirítear idir dhaoine aonair agus ollscoileanna, eagraíochtaí taighde agus cuideachtaí (FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta agus, i gcásanna eisceachtúla, cuideachtaí meánchaipitlithe beaga). Ag brath ar a scéimeanna, tabharfaidh sí tacaíocht do thairbhithe aonair agus do chuibhreannais ildisciplíneacha.
Is iad seo a leanas cuspóirí ▌EIC:
– nuálaíochtaí ardriosca de gach cineál a shainaithint, a fhorbairt agus a imlonnú, lena n-áirítear nuálaíochtaí céimneacha le béim láidir ar nuálaíochtaí ceannródaíocha, suaiteacha ▌agus teicneolaíochta doimhne a bhfuil ionchas iontu a bheith ina nuálaíochtaí lena gcruthófar margaí, agus
– tacú le méadú gasta cuideachtaí nuálacha, ar FBManna iad den chuid is mó, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta agus, i gcásanna eisceachtúla, cuideachtaí meánchaipitlithe beaga ar leibhéal AE agus ar an leibhéal idirnáisiúnta feadh na conaire ó smaointe chuig an margadh.
I gcás inarb ábhartha, rannchuideoidh EIC le gníomhaíochtaí lena dtacaítear faoi chodanna eile d’Fhís na hEorpa, go háirithe i gColún II.
Cuirfear EIC chun feidhme go príomha trí dhá chineál gníomhaíochta chomhlántacha, eadhon an Treo-Aimsitheoir i leith Ardtaighde, do na luathchéimeanna forbartha teicneolaíochta, agus an Luasaire don nuálaíocht agus do ghníomhaíochtaí imlonnaithe margaidh, lena n-áirítear na céimeanna réamh-olltráchtálaithe agus fás cuideachtaí. I ndáil leis an smaoineamh ionad ilfhreastail aonair agus próiseas tacaíochta aonair a thairiscint do nuálaíochtaí ardriosca a dhéanann gnólachtaí nuathionscanta, FBManna agus, i gcásanna eisceachtúla, cuideachtaí meánchaipitlithe beaga, tabharfaidh an Luasairedhá chineál tacaíochta go sonrach: maoiniú cumaiscthe den chuid is mó(ina meascfar deontais le hinfheistíochtaí cothromais) ▌mar aon le deontais, a bhféadfadh tacaíocht chothromais teacht ina ndiaidh mar rogha. Sa bhreis air sin, tabharfaidh sé rochtain freisin ar iasachtaí agus ar ráthaíochtaí, go sonrach na cinn sin dá bhforáiltear faoi chlár InvestEU.
Beidh tréithe coiteanna ag an dá chineál gníomhaíochta chomhlántacha. Sna gníomhaíochtaí sin, déanfar an méid seo a leanas:
– Tabharfar tacaíocht do nuálaíochtaí ardriosca i gcás nach bhféadfaidh an margadh na rioscaí a iompar leis féin, ar rioscaí iad a d’fhéadfadh a bheith bainteach le teicneolaíocht/eolaíocht, leis an margadh agus/nó le rialáil, nó i gcás nach bhféadfaidh ionstraimí airgeadais faoi InvestEU tacú leo go fóill.
– Díreofar den chuid is mó ar nuálaíochtaí ceannródaíocha ardriosca▌ agus/nó teicneolaíochta doimhne, agus ag an am céanna tacófar le cineálacha eile nuálaíochta, lena n-áirítear nuálaíocht chéimneach, a bhfuil ionchas iontu margaí nua a chruthú nó rannchuidiú le dúshláin dhomhanda a réiteach;
– Feidhmiú ón mbun aníos den chuid is mó, a bheith oscailte do nuálaíochtaí ó gach réimse eolaíochta, teicneolaíochta agus feidhmchlár in aon earnáil, agus ag an am céanna, tacaíocht spriocdhírithe a chumasú i gcomhair teicneolaíochtaí a chruthaíonn margaí agus/nó teicneolaíochta doimhne atá ag teacht chun cinn agus a bhfuil tábhacht straitéiseach ionchasach acu ó thaobh a dtionchar eacnamaíoch agus/nó sóisialta de. Déanfaidh seirbhísí an Choimisiúin meastóireacht ar an tionchar straitéiseach ionchasach sin ar bhonn moltaí ó shaineolaithe neamhspleácha, ó bhainisteoirí chlár EIC agus, i gcás inarb iomchuí, ó Bhord Comhairleach EIC;
– Spreagfar nuálaíochtaí a chumhdaíonn réimsí agus earnálacha difriúla eolaíocha agus teicneolaíocha (e.g. ina gcomhcheanglaítear gnéithe fisiceacha agus digiteacha)▌;
– Beidh siad dírithe ar nuálaithe, ar nósanna imeachta agus ceanglais riaracháin a shimpliú, ar úsáid a bhaint as agallaimh chun cuidiú le hiarratais a mheasúnú agus ar chinnteoireacht mhear a áirithiú;
▌
– Cuirfear chun feidhme iad agus é mar aidhm leo feabhas suntasach a chur ar an éiceachóras nuálaíochta Eorpach.
– Bainisteofar go réamhghníomhach iad le garspriocanna nó critéir réamhshainithe eile chun dul chun cinn a thomhas mar aon leis an bhféidearthacht, tar éis measúnú críochnúil, le húsáid fhéidearthach saineolaithe neamhspleácha, athoiriúnú, athsceidealú nó foirceannadh a dhéanamh ar na tionscadail, i gcás inar gá.
Mar aon le tacaíocht airgeadais, beidh rochtain ag nuálaithe ar sheirbhísí comhairleacha gnó EIC lena dtabharfar cóitseáil, meantóireacht agus cúnamh teicniúil do thionscadail, agus lena gcuirfear nuálaithe ag obair le piaraí, comhpháirtithe tionsclaíocha agus infheisteoirí. Beidh rochtain éascaithe ag nuálaithe freisin ar shaineolas, saoráidí (lena n-áirítear moil nuálaíochta(29) agus ionaid tástála nuálaíochta oscailte) agus gníomhaíochtaí lena dtacaíonn comhpháirtithe ó gach cearn de AE (lena n-áirítear gníomhaíochtaí EIT, go háirithe trína PENanna▌). Áiritheoidh an Coimisiún leanúnachas rianúil idir EIT, EIC agus InvestEU, chun comhlántacht agus sineirgíochtaí a chur ar fáil.
Chun lamháil do neartú an éiceachórais nuálaíochta Eorpaigh, tabharfar aird ar leith ar áirithiú go mbeidh ann do chomhlántacht chuí agus éifeachtúil le Ballstáit aonair nó líonraithe nó le tionscnaimh idirréigiúnacha, lena n-áirítear i bhfoirm Comhpháirtíocht Eorpach.
1.1.1. An Treo-Aimsitheoir i leith Ardtaighde
Leis an Treo-Aimsitheoir, cuirfear deontais ar fáil do thionscadail cheannródaíocha ardriosca ina ndéanfar iniúchadh ar réimsí nua agus réimsí teicneolaíochta doimhne arb é is aidhm leo iad a fhorbairt ina dteicneolaíochtaí nuálacha radacacha ionchasacha de chuid na todhchaí agus ina ndeiseanna margaidh nua. Déanfaidh sé iad a chumasc i múnla aonair le tacar uathúil critéar. Cuirfidh sé leis an taithí a fuarthas ó scéimeanna Theicneolaíochtaí na Todhchaí agus Teicneolaíochtaí atá ag Teacht chun Cinn (FET) dar tugadh tacaíocht faoin Seachtú Creatchlár agus i bhFís 2020, lena n-áirítear Ceap Lainseála Nuálaíocht FET mar aon le Céim 1 d’Ionstraim FBManna Fhís 2020.
Is é an cuspóir foriomlán a bheidh ag an Treo-Aimsitheoir an nuálaíocht ionchasach lena gcruthófar margaí a chothú as smaointe ▌ceannródaíocha, agus iad a thabhairt go céim an taisealbhaidh nó iad a fhorbairt ina gcásanna gnó nó ina straitéisí ionas go nglacfaidh an Luasaire leo nó aon réiteach imlonnaithe eile margaidh . Chun na críche sin, tabharfaidh an Treo-Aimsitheoir tacaíocht ▌do na céimeanna is luaithe den taighde agus forbairt eolaíoch agus theicneolaíoch, lena n-áirítear cruthúnas an choincheapa agus fréamhshamhlacha maidir le bailíochtú teicneolaíochta.
Chun go mbeidh an Treo-Aimsitheoir go hiomlán oscailte d’iniúchtaí leathana móra, deiseanna seirindipíochta agus smaointe gan choinne, coincheapa agus fionnachtana, cuirfear chun feidhme é den chuid is mó trí ghlao oscailte leanúnach agus iomaíochle scoithdhátaí ar thograí ón mbun aníos. Agus a nádúr i dtaca le hoibriú ón mbun aníos den chuid is mó á choinneáil aige, déanfar foráil leis anTreo-Aimsitheoir freisin maidir le dúshláin iomaíocha chun príomhchuspóirí straitéiseacha a fhorbairt(30) ina n-éileofar teicneolaíocht dhomhain agus smaointeoireacht radacach. Cinnfear topaicí na ndúshlán sin sna cláir oibre. Mar thoradh ar thionscadail roghnaithe a athghrúpáil ina bpunanna téamacha nó cuspóirdhírithe, beifear in ann mais chriticiúil a bhunú maidir le hiarrachtaí agus maidir le pobail taighde ildisciplíneacha nua a struchtúrú.
Maidir le gach ceann de na punanna tionscadal roghnaithe▌ sin, forbrófar agus feabhsófar iad tuilleadh de réir fís a fhorbrófar lena nuálaithe, ach déanfar iad a chomhroinnt freisin leis an bpobal taighde agus nuálaíochta i gcoitinne. Cuirfear gníomhaíochtaí Aistrithe an Treo-Aimsitheora chun feidhme chun cuidiú le taighdeoirí agus nuálaithe an chonair a ullmhú don fhorbairt tráchtála, amhail gníomhaíochtaí taisealbhaidh agus staidéir indéantachta chun cásanna gnó ionchasacha a mheasúnú, agus chun tacú le seach-chuideachtaí agus gnólachtaí nuathionscanta a chruthú. Féadfaidh sé go mbeidh deontais chomhlántacha i gceist freisin le gníomhaíochtaí Aistrithe an Treo-Aimsitheora chun raon feidhme gníomhuithe a rinneadh roimhe seo nó gníomhuithe leantacha a bhreisiú nó a mhéadú, chun comhpháirtithe nua a thabhairt isteach, chun comhoibriú faoi chuimsiú na punainne a éascú agus chun a phobal ildisciplíneach a fhorbairt.
Beidh an Treo-Aimsitheoir oscailte do gach cineál nuálaí, idir dhaoine aonair agus ollscoileanna, eagraíochtaí taighde agus cuideachtaí, go háirithe gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna, agus díreofar ar chuibhreannais ildisciplíneacha. I gcás tionscadail tairbhí aonair, ní cheadófar cuideachtaí meánchaipitlithe agus cuideachtaí atá níos mó. Cuirfear an Treo-Aimsitheoir chun feidhme den chuid is mó trí thaighde comhoibríoch agus i ndlúthchomhar le codanna eile d’Fhís na hEorpa, go háirithe leis an gComhairle Eorpach um Thaighde (ERC), Gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie (MSCA), an chuid de Cholún III a bhaineann leis an Éiceachóras Eorpach agus gníomhaíochtaí Phobail Eolais agus Nuálaíochta (PENanna) na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) chun smaointe agus coincheapa radacacha nua le hionchas ceannródaíoch a shainaithint.
1.1.2. An Luasaire
Tá an maoiniú príobháideach agus corparáideach atá ar fáil gann go fóill idir céim dhéanach an taighde agus na nuálaíochta agus céim an ghlactha ar an margadh i leith nuálaíochtaí ceannródaíocha lena gcruthófar margaí a bhfuil ardriosca ag baint leo(31) agus, dá bhrí sin, níl siad ‘iontaofa ó thaobh brabúis de’ nó ní mheallann siad infheisteoirí. Chun droichead a thógáil thar ‘ghleann an bháis’ i dtaca le haon chineál nuálaíochtaí ardriosca, lena n-áirítear go háirithe, nuálaíochtaí ceannródaíocha agus nuálaíochtaí na ‘teicneolaíochta doimhne' atá ríthábhachtach d’fhás na hEorpa sa todhchaí, ní mór cur chuige úrnua ar fad a fhorbairt i leith na tacaíochta poiblí. I gcás nach gcuirfidh an margadh réitigh airgeadais inmharthana ar fáil, ba cheart foráil a dhéanamh leis an tacaíocht phoiblí maidir le sásra sonrach comhroinnte rioscaí, ina n-iomprófar níos mó den riosca tosaigh a bheidh ag an nuálaíocht cheannródaíoch ionchasach lena gcruthófar margadh nua, mura n-iomprófar an riosca tosaigh uile, chun infheisteoirí príobháideacha malartacha a mhealladh i ndara céim, de réir mar a chuirfear na hoibríochtaí i bhfeidhm agus go n-ísleofar an riosca go dtí go mbeidh an chuideachta atá ag iompar an tionscadail nuálaigh iontaofa ó thaobh brabúis de.
Dá thoradh sin, tabharfar tacaíocht airgeadais sa Luasaire do FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta agus ▌, i gcásanna eisceachtúla, cuideachtaí meánchaipitlithe beaga a mbeidh an uaillmhian acu a nuálaíochtaí ceannródaíocha a fhorbairt agus a imlonnú in AE agus i margaí idirnáisiúnta, agus iad féin a mhéadú go mear. Chun na críche sin, cuirfidh sé leis an taithí a fuarthas ó Chéim 2 agus ó Chéim 3 d’Ionstraim FBManna Fhís 2020 agus ó InnovFin Fhís 2020, lena n-áirítear trí chomhchodanna nach mbaineann le deontais a chur isteach mar aon leis an gcumas tacú le hinfheistíochtaí atá níos mó agus níos faide.
Sa Luasaire, den chuid is mó tabharfar tacaíocht i bhfoirm mhaoiniú cumaiscthe EIC, mar aon le deontais agus cothromas. Beidh meascán díobh seo a leanas i gceist le maoiniú cumaiscthe EIC:
– Deontas nó airleacan in-aisíoctha(32), chun gníomhaíochtaí nuálaíochta a chuimsiú;
– Tacaíocht don infheistíocht i gcothromas(33) nó i gcineálacha in-aisíoctha eile (iasachtaí, ráthaíochtaí, etc.), ionas go ndéanfar nasc idir gníomhaíochtaí na nuálaíochta le himlonnú éifeachtach margaidh, lena n-áirítear méadú, ar bhealach nach bplódaítear infheistíochtaí príobháideacha nó nach ndéantar an iomaíocht sa mhargadh inmheánach a shaobhadh. I gcás ina meastar tionscadal a bheith iontaofa ó thaobh brabúis de óna chéad roghnú (dícheall cuí), nó i gcás ina ndearnadh laghdú leordhóthanach ar leibhéal an riosca, cuirfear an chuideachta roghnaithe/dá dtugtar tacaíocht i dtreo rochtain ar mhaoiniú fiachais (e.g. iasachtaí nó ráthaíochtaí) agus maoiniú cothromais, arna sholáthar ag clár InvestEU.
Bronnfar an tacaíocht airgeadais chumaiscthe trí aon phróiseas amháin agus le haon chinneadh amháin, lena dtabharfar aon ghealltanas domhanda amháin don nuálaí dá dtugtar tacaíocht go mbeidh rochtain aige ar acmhainní airgeadais lena gcumhdófar na céimeanna éagsúla den nuálaíocht go dtí céim an imlonnaithe margaidh, lena n-áirítear an réamh-olltráchtálú. Beidh cur chun feidhme iomlán na tacaíochta a bhronnfar faoi réir garspriocanna agus athbhreithniú. Cuirfear an meascán agus an méid den mhaoiniú in oiriúint do riachtanais an ghnóthais, dá mhéid agus don chéim ar a bhfuil sé, do nádúr na teicneolaíochta/na nuálaíochta agus d’fhad thimthriall na nuálaíochta. Cumhdófar riachtanais maoinithe go dtí go gcuirfear foinsí malartacha infheistíochta ina n-ionad.
Soláthrófar tacaíocht freisin le Luasaire EIC i bhfoirm deontaisdo FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, chun dul i mbun raon cineálacha nuálaíochta, ó nuálaíocht chéimneach go nuálaíocht cheannródaíoch agus shuaiteach, a bhfuil sé mar aidhm leo méadú ina dhiaidh sin.
Soláthrófar an tacaíocht tríd an nglao oscailte agus ón mbun aníos céanna agus a úsáidfear do thacaíocht an mhaoinithe chumaiscthe. Ní fhéadfaidh gnólacht nuathionscanta nó FBM tairbhiú ach uair amháin le linn Fhís na hEorpa ó thacaíocht de chineál deontas amháin ó EIC nach mbeidh luach níos mó ná EUR 2.5 milliún aige. Beidh san áireamh i dtograí faisnéis mhionsonraithe maidir le hacmhainneachtaí méadaithe an iarratasóra.
I gcás tionscadail a bhfuil tairbhe bainte acu as tacaíocht ar bhonn deontais, agus air sin amháin, féadfaidh an Luasaire tacaíocht airgeadais a thabhairt dóibh ina dhiaidh sin arna iarraidh sin ag na tairbhithe (e.g. “tacaíocht chothromais amháin”), trína “Mheán Sainchuspórach” (MSC) faoi réir thorthaí díchill chuí an Mheáin sin.
Nuair a gheobhaidh tionscadail roghnaithe tacaíocht i bhfoirm comhchuid de dheontas dá dtaighde agus dá ngníomhaíochtaí nuálaíochta; féadfar na gníomhaíochtaí a chur chun feidhme i gcomhar le heagraíochtaí taighde poiblí nó príobháideacha, mar shampla trí fhochonraitheoireacht, chun a áirithiú go mbeidh rochtain optamach ag an tairbhí ar shaineolas teicniúil agus gnó. Lamhálfaidh sé sin don tairbhí forbairt a dhéanamh le bunús láidir san eolas, saineolas agus éiceachórais atá ann cheana ar fud na hEorpa.
I gcás ina laghdófar na rioscaí éagsúla (rioscaí airgeadais, eolaíocha/teicneolaíocha, margaidh, bainistíochta, rialála, etc.), measfar go dtiocfaidh méadú ar an tábhacht choibhneasta a bheidh ag comhchuid an airleacain in-aisíoctha.
Cé go bhféadfaidh an tAontas Eorpach an riosca tosaigh a bhaineann leis an nuálaíocht roghnaithe agus leis na gníomhaíochtaí imlonnaithe margaidh a iompar leis féin, is é an aidhm a bheidh ann an riosca a bhaint astu agus comh-infheistíochtaí ó fhoinsí malartacha agus fiú ó infheisteoirí ionadacha a spreagadh, ó thosach na gníomhaíochta agus le linn fhorbairt na gníomhaíochta. Sa chás sin, comhaontófar cuspóirí comhinfheistíochta▌agus sceideal ama leis an gcomhinfheisteoir nó na comhinfheisteoirí agus leis na tairbhithe/cuideachtaí lena dtacófar.
Oibreofar an Luasaire den chuid is mó trí ghlao leanúnach, oscailte agus ón mbun aníos, le scoithdhátaí, lena ndíreofar ar FBManna lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta▌ agus i gcásanna eisceachtúla, cuideachtaí meánchaipitlithe beaga, lena n-áirítear nuálaithe óga agus ban-nuálaitheatá ina mbainisteoirí sna cuideachtaí sin nó a bhfuil scileanna ríthábhachtacha acu iontu. Féadfar an glao oscailte agus ón mbun aníos sin a chomhlánú trí thacaíocht spriocdhírithe i gcomhair nuálaíochtaí ceannródaíocha▌, lena gcruthaítear margaí agus/nó de chuid na teicneolaíochta atá ag teacht chun cinn agus a bhfuil tábhacht straitéiseach ionchasach acu ó thaobh tionchar eacnamaíoch agus/nó sóisialta de, agus nádúr an Luasaire á choinneáil, ar nádúr é atá ón mbun aníos den chuid is mó. Cinnfear na topaicí don tacaíocht spriocdhírithe sin sna cláir oibre. Féadfaidh infheisteoirí, lena n-áirítear gníomhaireachtaí nuálaíochta poiblí, tograí a thíolacadh freisin, ach tabharfar an tacaíocht go díreach don chuideachta a rachaidh i mbun an tionscadail nuálaigh a bhfuil spéis acu ann.
Lamhálfar leis an Luasairefreisin ▌go mbeifear in ann glacadh le nuálaíochtaí a eascraíonn as tionscadail dá dtugann an Treo-Aimsitheoir tacaíocht ▌agus as colúin eile de chuid Chláir Réime an Aontais Eorpaigh(34), chun tacú leo an margadh a bhaint amach. Beidh sainaithint tionscadail dar tugadh tacaíocht i gcolúin eile d’Fhís na hEorpa agus i gCreatchláir eile roimhe seo bunaithe ar mhodheolaíochtaí ábhartha, amhail an Radar Nuálaíochta.
Thairis sin, chun críocha méadaithe agus i gcomhréir le hAirteagal 43.5(a) de Rialachán [Clár réime], faoi réir cleachtadh mapála tosaigh, féadfaidh tograí rathúla ó chláir incháilithe náisiúnta nó réigiúnacha rochtain a bheith acu ar chéim meastóireachta an Luasaire faoi na coinníollacha carnacha agus seicheamhacha seo a leanas:
(a) i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, déanfaidh an Coimisiún mionmhapáil ar chláir incháilithe náisiúnta nó réigiúnacha chun éileamh i leith na scéime sin a shainaithint. Foilseofar torthaí na mapála sin ar thairseach na Rannpháirtithe agus tabharfar cothrom le dáta iad ar bhonn rialta.
(b) Seolfar treoirthionscadal, bunaithe ar an mapáil sin, i gcéad chlár oibre Fhís na hEorpa. Faoin gclár píolótach sin, ní mór na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:
— dearbhóidh an Coimisiún na nósanna imeachta meastóireachta náisiúnta nó réigiúnacha de réir na gcritéar a bheidh san áireamh i gClár Oibre Fhís na hEorpa;
— áiritheoidh an Coimisiún cóir chomhionann le tograí eile i meastóireacht na dtograí arna dtíolacadh faoi Luasaire EIC. Go háirithe, beidh ar gach togra incháilithe tástáil roghnúcháin a chomhlíonadh, ar comhchéim, ina mbeidh agallamh duine le duine, le giúiré ar a mbeidh saineolaithe neamhspleácha seachtracha.
1.1.3. Gníomhaíochtaí breise EIC
Ina theannta sin, cuirfidh EIC an méid seo chun feidhme:
– Seirbhísí brostaithe gnó EIC i dtacaíocht le gníomhaíochtaí agus gníomhuithe an Treo-Aimsitheora agus an Luasairea bheidh molta go hard do gach gnólacht nuathionscanta agus FBM roghnaithe agus, i gcásanna eisceachtúla, do chuideachtaí meánchaipitlithe beaga, ach ní bheidh siad éigeantach. Is é an aidhm a bheidh leo pobal EIC nuálaithe maoinithe a nascadh, agus Séala Barr Feabhais maoinithe san áireamh, le hinfheisteoirí, comhpháirtithe agus ceannaitheoirí poiblí. Cuirfidh an méid sin raon de sheirbhísí cóitseála agus meantóireachta ar fáil do ghníomhaíochtaí EIC. Tabharfaidh sé rochtain ar líonraí idirnáisiúnta comhpháirtithe ionchasacha, lena n-áirítear comhpháirtithe tionsclaíocha, do nuálaithe chun slabhra luacha a chomhlánú nó deiseanna margaidh a fhorbairt, agus infheisteoirí agus foinsí eile maoiniúcháin phríobháidigh nó chorparáidigh a aimsiú. Áireofar ar na gníomhaíochtaí sin imeachtaí beo (e.g. imeachtaí bróicéireachta, seisiúin chur i láthair) ach, ina dteannta sin, forbairt ardán meaitseála nó úsáid ardán atá ann cheana, i ndlúthchomhar le hidirghabhálaithe airgeadais dá dtugann InvestEU agus Grúpa BEI tacaíocht. Leis na gníomhaíochtaí sin spreagfar malartuithe piaraí mar fhoinse foghlama san éiceachóras nuálaíochta, agus úsáid an-mhaith á baint as Comhaltaí Bhord ▌EIC agus Comhaltaí EIC;
– Comhaltacht EIC chun onóir a thabhairt do phríomhnuálaithe an Aontais Eorpaigh. Bronnfaidh an Coimisiún gradam orthu ar chomhairle ón mBord Comhairleach Ardleibhéil chun aitheantas a thabhairt dóibh mar ambasadóirí nuálaíochta;
– Dúshláin EIC, i.e. duaiseanna dreasachta, chun cuidiú le réitigh nua do dhúshláin dhomhanda a fhorbairt, gníomhairí nua a thabhairt isteach agus pobail nua a fhorbairt. Áireofar ar dhuaiseanna eile ▌EIC iCapital, an Duais um Nuálaíocht Aeráide, an Duais Dreasachta um Nuálaíocht Shóisialta, agus an Duais Nuálaithe Ban.(35) Beidh dearadh na nduaiseanna nasctha le EIC agus le codanna eile de Chlár Réime AE, lena n-áirítear misin, agus le comhlachtaí cistiúcháin ábhartha eile. Amharcfar ar dheiseanna chun dul i gcomhar le heagraíochtaí atá in ann tacaíocht chomhlántach a sholáthar (amhail fiontair, ollscoileanna, eagraíochtaí taighde, eagraíochtaí brostaithe gnó, carthanais agus fondúireachtaí).
– Soláthar Nuálach EIC chun fréamhshamhlacha a sholáthar, nó clár céadcheannaigh a fhorbairt lena n-éascófar tástáil agus sealbhú teicneolaíochtaí nuálacha réamh-mhargaidh ag eintitis phoiblí náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla, i dteannta a chéile in aon chás inar féidir.
1.2. Cur chun feidhme
Chun go léireofar a chur chuige atá dírithe ar nuálaithe agus cineálacha nua gníomhaíochtaí, éileofar le cur chun feidhme EIC imlonnú gnéithe bainistithe sonracha▌.
1.2.1. Bord EIC
Tabharfaidh Bord Comhairleach Ardleibhéil EIC ▌(“Bord EIC”) cúnamh don Choimisiún chun EIC a chur chun feidhme. Mar aon le comhairle a thabhairt maidir le cláir oibre EIC, beidh ról gníomhach ag Bord EIC i dtaca le comhairle a thabhairt maidir le próiseas roghnaithe na dtionscadal agus maidir le bainistíocht agus gníomhaíochtaí leantacha. Beidh feidhm chumarsáide aige agus beidh ról ambasadóra ag a chomhaltaí agus cuideoidh siad leis an nuálaíocht a spreagadh ar fud an Aontais Eorpaigh. Áireofar ar na bealaí cumarsáide a bheith i láthair ag príomhimeachtaí nuálaíochta, ar na meáin shóisialta, ag bunú phobal nuálaithe EIC, i ndul i dteagmháil leis na príomh-mheáin a dhíríonn ar an nuálaíocht, ag imeachtaí in éineacht le gorlanna gnó agus moil bhrostaithe gnó.
Tabharfaidh Bord EIC comhairle don Choimisiún maidir le treochtaí nó tionscnaimh nuálaíochta is gá chun éiceachóras nuálaíochta an Aontais a fheabhsú agus a chothú, lena n-áirítear i ndáil le bacainní rialála ionchasacha. I gcomhairle Bhord EIC, déanfar limistéir nuálaíochta atá ag teacht chun cinn a shainaithint freisin ar dócha go gcuirfear san áireamh iad sna gníomhaíochtaí faoin gcolún ‘Dúshláin Dhomhanda agus Iomaíochas Tionsclaíoch Eorpach’ agus i misin. Ar an dóigh sin, agus i gcomhordú le cumraíocht ábhartha choiste an chláir, meastar go mbeidh Bord EIC ag rannchuidiú le comhleanúnachas foriomlán chlár Fhís na hEorpa.
Ar bhonn na comhairle ó Bhord EIC, déanfaidh an Coimisiún na nithe seo a leanas:
– faisnéis mhionsonraithe a sholáthar d’iarratasóirí ionchasacha roimh ghlaonna ar thograí, ina n-áireofar
— ceanglais na scéimeanna tacaíochta éagsúla;
— an bealach a soláthrófar agus a gcuirfear chun feidhme cineálacha éagsúla tacaíochta airgeadais (maoiniú cumaiscthe, deontais, cothromais, iasachtaí);
— difreáil shoiléir idir na grúpaí a ndírítear orthu agus a riachtanais dhifriúla, de réir scéimeanna EIC;
— sainmhíniú ar na cuspóirí nuálaíochta ó thaobh táirge, próisis, margaíochta agus seirbhísí de;
– maoirsiú daingean a bhunú maidir le cur chun feidhme scéimeanna EIC agus é mar chuspóir leis sin foghlaim beartais ghasta a áirithiú agus patrúin nuálaíochta a fhorbairt. Chun na críche sin, roghnófar táscairí agus cuirfear chun feidhme iad chun an nuálaíocht a bhfuiltear ag súil léi agus a bhainfear amach ó thaobh táirge, próisis, margaíochta agus seirbhísí a thomhas;
– comhlántacht agus comhar idir EIC agus EIT a áirithiú agus é mar aidhm leis sin dúbláil a sheachaint;
– faisnéis mhionsonraithe maidir le huirlisí atá ann cheana a scaipeadh chun infheisteoirí caipitil riosca a mhealladh i gcás tionscadail ardriosca.
1.2.2. Bainisteoirí chlár EIC
Glacfaidh an Coimisiún cur chuige réamhghníomhach i leith tionscadail ardriosca a bhainistiú trí rochtain ar an saineolas is gá a thabhairt.
Ceapfaidh an Coimisiún ar bhonn sealadach líon bainisteoirí clár EIC chun cúnamh a thabhairt dó ina fhís atá bunaithe ar ghnó agus ar an teicneolaíocht agus ina threoir oibríochtúil. Cuirfear Coiste an Chláir ar an eolas maidir leis na ceapacháin.
Tiocfaidh bainisteoirí clár as iliomad réimsí, lena n-áirítear cuideachtaí, ollscoileanna, saotharlanna náisiúnta agus ionaid taighde. Tabharfaidh siad leo saineolas domhain atá bunaithe ar a dtaithí phearsanta féin agus ar na blianta fada a chaith siad ina réimse. Beidh siad ina gceannairí aitheanta, bunaithe ar an taithí a fuair siad agus iad i mbun foirne taighde ildisciplíneacha a bhainistiú nó cláir institiúideacha mhóra a stiúradh, agus tuigfidh siad an tábhacht a bheidh lena bhfís a léiriú gan sos gan staonadh agus ar bhonn cruthaitheach leathan. Ar deireadh, beidh taithí acu ar fhormhaoirseacht ar bhuiséid thábhachtacha ina raibh tuiscint ar an bhfreagracht de dhíth orthu.
Beifear ag súil go gcuirfidh bainisteoirí clár borradh faoin tionchar a bheidh ag cistiúchán EIC trí chultúr “bainistíochta gníomhaí” a chothú, ina gcomhcheanglófar eolas fónta teicneolaíoch le cur chuige praiticiúil lena n-áirítear forbairt ar leibhéal na punainne agus ar leibhéal na dtionscadal físbhunaithe, amlínte agus garspriocanna nach mór a chomhlíonadh i dtionscadail EIC chun cistiúchán leanúnach a fháil.
Go háirithe, déanann▌ bainisteoirí clár formhaoirseacht ar chur chun feidhme ghlaonna an Treo-Aimsitheoraagus an Luasaire, agus tugann siad tuairimí do na coistí meastóireachta ▌saineolaithe, bunaithe ar chritéir shoiléire agus chothroma agus i bhfianaise punann chomhsheasmhach straitéiseach, a bhfuiltear ag súil leis go rannchuideoidh siad ar bhonn ríthábhachtach le nuálaíochtaí ionchasacha sóisialta nó geilleagracha lena gcruthófar margaí.
Beidh de chúram ar bhainisteoirí clár punanna an Treo-Aimsitheora a chothú trí fhís chomhchoiteann agus cur chuige straitéiseach comhchoiteann a fhorbairt in éineacht le tairbhithe as a dtiocfaidh mais chriticiúil iarrachtaí. Is é a bheidh i gceist leis sin réimsí nua taighde arna bhforbairt le deireanas a fheabhsú agus pobail nua a thógáil agus a struchtúrú arb é an cuspóir a bheidh leis sin smaointe ceannródaíocha ar thús cadhnaíochta a thabhairt isteach i bhfíornuálaíochtaí seanbhunaithe lena gcruthófar margaí. Cuirfidh bainisteoirí clár gníomhaíochtaí aistrithe chun feidhme, lena ndéanfar forbairt bhreise ar phunanna le gníomhaíochtaí agus comhpháirtithe ábhartha breise, agus lena ndéanfar dlúthfhaireachán ar sheach-chuideachtaí agus gnólachtaí nuathionscanta ionchasacha.
Chun lamháil do níos mó solúbthachta, déanfaidh bainisteoirí clár athbhreithniú ar thionscadail an Treo-Aimsitheora agus an Luasaire, maidir le gach garsprioc nó critéir réamhshainithe in eatraimh ábhartha i gcomhréir leis an bhforbairt tionscadail, chun a mheasúnú ar chóir iad a leanúint, a atreorú nó a fhoirceannadh de réir modhanna agus nósanna imeachta sainithe maidir le bainistiú tionscadal. I gcás inarb ábhartha, féadfaidh saineolaithe seachtracha neamhspleácha a bheith rannpháirteach sna measúnuithe sin. I gcomhréir leis na rialacháin foirne, áiritheoidh an Coimisiún nach mbeidh aon choinbhleacht leasa nó sárú rúndachta i gceist ar pháirt na mbainisteoirí tionscadal i bhforghníomhú a gcúraimí uile.
I bhfianaise nádúr ardriosca na ngníomhaíochtaí, meastar nach dtabharfar líon suntasach tionscadal i gcrích. Úsáidfear an buiséad a shaorfar as na foirceantaí sin chun tacú le gníomhaíochtaí eile EIC agus cuirfear in iúl do Choiste an Chláir iad go tráthúil.
1.2.3. Cur chun feidhme mhaoiniú cumaiscthe EIC
Bainisteoidh an Coimisiún na heilimintí oibríochtúla uile de thionscadail an Luasaire, lena n-áirítear an deontas nó cineálacha eile neamh-iníoctha tacaíochta.
Chun críche mhaoiniú cumaiscthe EIC a bhainistiú, déanfaidh an Coimisiún meán sainchuspóir (MSC EIC) a bhunú.
Féachfaidh an Coimisiún le rannpháirtíocht infheisteoirí poiblí agus príobháideacha eile a áirithiú. I gcás nach féidir é sin a dhéanamh san eagrú tosaigh, déanfar an meán sainchuspóireach a struchtúrú ar dhóigh gur féidir infheisteoirí poiblí nó príobháideacha eile a mhealladh chun éifeacht ghiarála ranníocaíocht an Aontais a mhéadú.
Déanfaidhan Coimisiúnstraitéis infheistíochta MSC EIC a fhormhuiniú. Le MSC EIC, saineofar agus cuirfear chun feidhme straitéis scoir le haghaidh arannpháirtíochtaí cothromais, lena n-áireofaran fhéidearthacht a mholadh go n-aistreofaí (sciar d’)oibríocht infheistíochta chuig na comhpháirthithe cur chun feidhme lena dtacaítearfaoichlár InvestEU, i gcás inarb iomchuí agus le haghaidh oibríochtaí ar íslíodh a rioscaí go leordhóthanach ionas go gcomhlíonfar critéir Airteagal 209(2) den Rialachán Airgeadais. Cuirfear Coiste an Chláir ar an eolas dá réir sin.
Déanfaidh MSC EIC a dhícheall mar is cuí, agus rachaidh sé i mbun caibidlíochta faoi théarmaí teicniúla gach infheistíochta i gcomhréir le prionsabail na breisíochta agus coimhlint sainleasanna a sheachaint le gníomhaíochtaí na n-eintiteas nó contrapháirtithe eile. Le MSC EIC, déanfar infheistíochtaí poiblí agus/nó príobháideacha a ghiaráil go réamhghníomhach ina n-oibríochtaí aonair de chuid an Luasaire.
2. ÉICEACHÓRAIS NUÁLAÍOCHTA EORPACHA
2.1. An Réasúnaíocht
Chun go mbeifear in ann tarraingt go hiomlán ar acmhainn na nuálaíochta, ina bhfuil taighdeoirí, fiontraithe, an earnáil thionsclaíoch agus an tsochaí i gcoitinne rannpháirteach, ní mór don Aontas Eorpach, in éineacht leis na Ballstáit, feabhas a chur ar an timpeallacht ina dtiocfaidh rath ar an nuálaíocht ar gach leibhéal. Is é a bheidh i gceist leis sin ná rannchuidiú le héiceachóras nuálaíochta éifeachtach ar leibhéal AE a fhorbairt, agus comhar, líonrú agus malartú smaointí agus eolais a spreagadh mar aon le forbairt a dhéanamh ar phróisis nuálaíochta oscailte in eagraíochtaí, cistiú agus scileanna i measc éiceachórais nuálaíochta náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, chun tacú le gach cineál nuálaíochta, dul i dteagmháil le gach nuálaí ar fud AE agus tacaíocht leordhóthanach a chur ar fáil dóibh.
Ní mór go mbeadh sé mar aidhm ag an Aontas Eorpach agus ag na Ballstáit éiceachórais a fhorbairt lena dtabharfar tacaíocht don nuálaíocht shóisialta agus do nuálaíocht na hearnála poiblí, agus don nuálaíocht i bhfiontair phríobháideacha chomh maith. Go deimhin, ní mór don earnáil rialtais cruth nuálach athnuaite a chur uirthi féin chun bheith in ann tacú leis na hathruithe ar rialáil agus rialachas is gá chun tacú le himlonnú nuálaíochtaí, lena n-áirítear teicneolaíochtaí nua ar mórscála agus chun riar ar an éileamh ón bpobal atá ag méadú go ndéanfar seirbhísí a sheachadadh ar bhonn níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí. Tá nuálaíochtaí sóisialta bunriachtanach chun feabhas a chur ar leas na sochaithe atá againn.
Chun na cuspóirí sin a bhaint amach déanfar gníomhaíochtaí a chur chun feidhme chun sineirgíochtaí le cineálacha gníomhaíochta EIC a chomhlánú agus a áirithiú, mar aon le gníomhaíochtaí EIT, le gníomhaíochtaí arna ndéanamh faoi cholúin eile Fhís na hEorpa agus le gníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme ag Ballstáit agus ag Tíortha Comhlachaithe ach ag tionscnaimh phríobháideacha freisin.
2.2. Réimsí idirghabhála
Mar chéim thosaigh, eagróidh an Coimisiún Fóram EIC as measc údaráis agus comhlachtaí poiblí sna Ballstáit agus sna Tíortha Comhlachaithe atá i gceannas ar bheartais agus ar chláir nuálaíochta ▌, arb é an aidhm a bheidh leis comhordú agus plé a chur chun cinn i dtaca le héiceachóras nuálaíochta an Aontais Eorpaigh a fhorbairt. Beidh Bord EIC agus Bord EIT comhlachaithe freisin. San fhóram EIC sin, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
– plé a dhéanamh ar an rialáil atá dírithe ar an nuálaíocht a fhorbairt, tríd an bPrionsabal Nuálaíochta(36) a chur i bhfeidhm ar bhonn leanúnach agus cineálacha cur chuige nuálaigh i leith soláthar poiblí a fhorbairt, lena n-áirítear an ionstraim maidir le Soláthar Poiblí na Nuálaíochta (PPI) a fhorbairt agus a fheabhsú chun an nuálaíocht a spreagadh. Leanfaidh an Fhaireachlann um Nuálaíocht na hEarnála Poiblí freisin de bheith ag tacú le hiarrachtaí nuálaíochta inmheánacha sna rialtais, mar aon leis an tSaoráid Tacaíochta Beartais athchóirithe;
– ailíniú clár oibre taighde agus nuálaíochta le hiarrachtaí an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn chun margadh oscailte le haghaidh sreafaí caipitil agus infheistíochta a dhaingniú, amhail príomhchúinsí an chreata réime a fhorbairt i bhfabhar na nuálaíochta faoi Aontas na Margaí Caipitil;
– comhordú idir cláir nuálaíochta náisiúnta agus réigiúnacha agus gníomhaíochtaí nuálaíochta faoi Fhís na hEorpa, lena n-áirítear go sonrach EIC agus EIT a fheabhsú, ionas go spreagfar sineirgíochtaí oibríochtúla agus go seachnófar forluí, trí shonraí faoi na cláir agus faoina gcur chun feidhme, acmhainní agus saineolas, anailís agus faireachán ar threochtaí ▌teicneolaíochta agus nuálaíochta a chomhroinnt, agus trí phobail nuálaithe éagsúla a idirnascadh;
– straitéis chumarsáide chomhpháirteach i leith na nuálaíochta san Aontas Eorpach a bhunú. Is é an aidhm a bheidh leis sin na nuálaithe is tréithí den Aontas Eorpach, na fiontraithe, go háirithe cinn óga, FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta a spreagadh, ar fud AE. Cuirfidh sé béim ar bhreisluach an Aontais Eorpaigh a fhéadfaidh nuálaithe teicniúla, neamhtheicniúla agus sóisialta a thabhairt do shaoránaigh an Aontais trína gcoincheap nó trína bhfís a fhorbairt ina fhiontar rathúil (luach/tionchar sóisialta, poist agus fás, dul chun cinn sochaíoch).
▌
Chomh maith leis sin, déanfaidh AE an méid seo a leanas, i sineirge le gníomhaíochtaí eile de chuid Fhís na hEorpa, lena n-áirítear gníomhaíochtaí EIC agus EIT agus leis na straitéisí réigiúnacha um speisialtóireacht chliste:
– cláir nuálaíochta chomhpháirteacha a chur chun cinn agus a chomhchistiú, ar cláir iad arna mbainistiú ag údaráis atá i gceannas ar bheartais agus ar chláir nuálaíochta poiblí náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, lena bhféadfaidh eintitis phríobháideacha a thugann tacaíocht don nuálaíocht agus do nuálaithe a bheith comhlachaithe. Sna cláir chomhpháirteacha sin atá dírithe ar an éileamh, féadfar díriú ar an tacaíocht, i measc nithe eile, do chéim luath an chláir agus staidéar indéantachta, comhar idir ollscoileanna agus fiontair, tacú le taighde comhoibríoch na FBManna ardteicneolaíochta, teicneolaíocht agus eolas a aistriú, FBManna a idirnáisiúnú, anailís agus forbairt margaidh, FBManna ísealteicneolaíochta a dhigitiú, tacú le forbairt agus idirnascadh bonneagar nuálaíochta oscailte, amhail treoirthionscadail agus tionscadail taispeántais, ceártaí comhspéise agus binsí tástála, ionstraimí airgeadais maidir le gníomhaíochtaí nuálaíochta an mhargaidh agus imlonnú margaidh, an nuálaíocht shóisialta. Féadfar a áireamh orthu sin freisin tionscnaimh maidir le soláthar poiblí, lenar féidir an nuálaíocht a thráchtálú san earnáil phoiblí, go háirithe chun tacú le ceapadh beartais nua. D’fhéadfadh sin a bheith an-éifeachtach chun an nuálaíocht i réimsí na hearnála poiblí a spreagadh agus deiseanna margaidh a thabhairt do nuálaithe Eorpacha;
– tacú le cláir chomhpháirteacha freisin maidir le meantóireacht, cóitseáil, cúnamh teicniúil agus seirbhísí eile a sheachadtar sna réimsí gar do nuálaithe, le líonraí amhail Pointí Teagmhála Náisiúnta, an Líonra Fiontar Eorpach (EEN), braislí, ardáin uile-Eorpacha amhail Startup Europe, gníomhairí réigiúnacha nó áitiúla na nuálaíochta, poiblí ach príobháideacha freisin, go háirithe gorlanna gnó agus moil na nuálaíochta a d’fhéadfaí a idirnascadh, ina theannta sin, chun a bheith i bhfabhar comhpháirtíochta idir nuálaithe. Féadfar tacaíocht a thabhairt freisin chun scileanna boga maidir leis an nuálaíocht a chur chun cinn, lena n-áirítear líonraí institiúidí gairmoiliúna agus i ndlúthchomhar leis an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht agus a PENanna;
– sonraí agus eolas faoi thacaíocht na nuálaíochta a fheabhsú, lena n-áirítear scéimeanna tacaíochta a mhapáil, ardáin chomhroinnte sonraí a bhunú, tagarmharcáil agus meastóireachtaí scéimeanna tacaíochta.
Seolfaidh an tAontas Eorpach gníomhaíochtaí a bhfuil gá leo chun faireachán breise a dhéanamh ar chreat foriomlán na nuálaíochta agus ar acmhainneacht bainistithe na nuálaíochta san Eoraip agus iad a chothú.
Cuirfidh an Coimisiún gníomhaíochtaí tacaíochta an éiceachórais chun feidhme agus tabharfaidh gníomhaireacht feidhmiúcháin tacaíocht dó sa phróiseas meastóireachta.
▌
CUID - “AN RANNPHÁIRTÍOCHT A LEATHNÚ AGUS AN LIMISTÉAR TAIGHDE EORPACH A NEARTÚ”
Leis an gcuid sin den chlár, cuirfear chun feidhme bearta nithiúla a thacóidh le rannpháirtíocht a leathnú agus an limistéar taighde Eorpach a neartú. Beidh sé mar aidhm léi naisc chomhoibríocha a neartú ar fud na hEorpa agus líonraí T&N Eorpacha a oscailt suas, lena rannchuideofar le feabhas a chur ar acmhainneachtaí bainistithe taighde sna tíortha ina ndéanfar an leathnú, lena dtacófar le hathchóirithe beartais náisiúnta agus lena saothrófar acmhainn dhíorma tallainne an Aontais trí ghníomhaíochtaí spriocdhírithe.
Tá stair ag an Aontas Eorpach méid mór a bheith bainte amach aige san eolaíocht agus sa teicneolaíocht, de scoth an domhain, ach tá ag teip air a acmhainneacht taighde agus nuálaíochta a shaothrú go hiomlán. In ainneoin ar baineadh amach maidir leis an Limistéar Taighde Eorpach (ERA) a fhorbairt, lena n-áirítear treochlár ERA agus pleananna gníomhaíochta náisiúnta ERA, tá creat taighde agus nuálaíochta na hEorpa ilroinnte go fóill, agus tá baic roimh na Ballstáit uile ina gcórais taighde agus nuálaíochta lenar gá athchóirithe beartais. I réimsí áirithe, tá an dul chun cinn rómhall chun breith suas le héiceachóras taighde agus nuálaíochta atá ag éirí níos dinimiciúla i rith an ama(37).
Tá leibhéal taighde agus nuálaíochta na hinfheistíochta san Eoraip i bhfad faoi bhun cuspóir beartais 3 % de OTI go fóill agus leanann sé de bheith ag éirí níos lú ná an leibhéal sin atá ag ár bpríomh-iomaitheoirí amhail Stáit Aontaithe Mheiriceá, an tSeapáin, sa tSín nó an Chóiré Theas.
Idir an dá linn, tá éagothromaíocht ag fás san Eoraip idir na tíortha agus na réigiúin atá ar thús cadhnaíochta maidir le T&N agus na tíortha agus na réigiúin atá ar chúl ó thaobh T&N de. Is gá athrú a dhéanamh, mar shampla trí naisc bhreise agus naisc níos fearr idir gníomhaithe taighde agus nuálaíochta ar fud na hEorpa, más rud é go bhfuil an Eoraip le leas a bhaint as barr feabhais ó gach cearn den mhór-roinn, an luach is mó is féidir a bhaint as na hinfheistíochtaí poiblí agus príobháideacha, agus as an tionchar a bheidh acu ar tháirgiúlacht, fás geilleagrach, cruthú post agus leas na saoránach. Thairis sin, tá gá le hathchóirithe beartais struchtúrtha i dtaca le T&N agus comhar níos fearr náisiúnta agus réigiúnach mar aon le comhar institiúideach i dtáirgeadh agus leathadh eolais ardcháilíochta.
Ina theannta sin, tá an taighde agus an nuálaíocht scartha ón ngnáthphobal agus éilíteach, dar le roinnt daoine, gan leasanna soiléire do shaoránaigh, lena gcothaítear meoin a chuireann bac ar réitigh nuálacha a chruthú agus glacadh leo, agus sceipteachas faoi bheartais phoiblí atá bunaithe ar an bhfianaise. Is gá naisc níos fearr a chothú idir eolaithe, taighdeoirí, nuálaithe, fiontraithe, saoránaigh agus lucht déanta beartas, agus cur chuige níos stóinsithe i leith na fianaise eolaíche féin a chomhthiomsú i sochaí atá ag athrú.
Anois, is gá don Aontas Eorpach na caighdeáin is airde maidir le cáilíocht agus tionchar a chórais taighde agus nuálaíochta a chur i bhfeidhm lenar gá beocht nua a chur sa Limistéar Eorpach Taighde (ERA)(38), ar fud an Aontais Eorpaigh agus na dTíortha Comhlachaithe, dá dtabharfaidh Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíochta an Aontais Eorpaigh agus cláir náisiúnta agus réigiúnacha tacaíocht níos fearr. Go sonrach, is gá sraith de bhearta AE(39) atá lánpháirtithe agus saincheaptha go héifeachtach, lena gcomhcheanglófar athchóirithe agus feabhsuithe feidhmíochta ar an leibhéal náisiúnta (lenar féidir leis na Straitéisí um Speisialtóireacht Chliste dá tugann Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa tacaíocht mar aon leis an tSaoráid Tacaíochta Beartais rannchuidiú) agus, dá réir sin, athruithe éifeachtacha institiúideacha a dhéanamh ar chistiúchán taighde agus eagraíochtaí feidhmíochta, lena n-áirítear ollscoileanna, as a n-eascróidh táirgeadh eolais den chéad scoth. Trí na hiarrachtaí ar leibhéal an Aontais Eorpaigh a chomhcheangal, is féidir sineirgíochtaí a shaothrú ar fud na hEorpa agus is féidir an scála is gá a bhaint amach chun an tacaíocht a thabharfar d’athchóirithe beartais náisiúnta a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos láidre ó thaobh an tionchair de.
Sna gníomhaíochtaí dá tugtar tacaíocht sa chuid seo, tugtar aghaidh shonrach ar thosaíochtaí beartais ERA agus, san am céanna, cuirtear taca faoi gach cuid d’Fhís na hEorpa i gcoitinne. Féadfar gníomhaíochtaí a bhunú freisin chun cúrsaíocht daoine oilte a chothú ar fud ERA trí shogluaisteacht taighdeoirí agus nuálaithe, agus lánaird á tabhairt ar éagothromaíochtaí reatha, agus chun líonra scoláirí, eolaithe, taighdeoirí agus nuálaithe a chruthú agus a fhorbairt chun a sócmhainní (doláimhsithe) uile a chur i dtreo sheirbhís ERA agus trí thacú le forbairt treochlár eolaíoch réimse-shonrach.
Is é an sprioc atá ann Aontas Eorpach ina mbeidh saineolaithe agus lucht saothair ardoilte ag gluaiseacht thart gan bhac, ina ndéanfar aschuir thaighde a chomhroinnt go mear agus go héifeachtúil, ina mbainfidh taighdeoirí leas as gairmeacha beatha tarraingteacha agus ina n-áiritheofar an comhionannas idir fir agus mná, ina bhforbróidh na Ballstáit agus Tíortha Comhlachaithe cláir oibre thaighde straitéiseacha chomhchoiteanna agus ina ndéanfaidh siad pleananna náisiúnta a ailíniú, cláir chomhpháirteacha a shainiú agus a chur chun feidhme, agus ina mbainfear tuiscint as torthaí an taighde agus in mbeidh muinín ag saoránaigh eolasacha as na torthaí sin agus ina rachaidh na torthaí sin ar sochar don tsochaí ina hiomláine.
Beidh an chuid sin ina cuidiú de facto do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe uile (SFInna), ach beidh sí ina cuidiú díreach don mhéid seo a leanas: SFI 4 - Oideachas den Scoth; SFI 5 - Comhionannas Inscne; SFI 9 - Tionsclaíocht, Nuálaíocht, agus Bonneagar; SFI 17 - Comhpháirtíocht do na Spriocanna.
1. RANNPHÁIRTÍOCHT A LEATHNÚ AGUSBARR FEABHAIS A CHOMHROINNT▌
Trí éagothromaíochtaí agus an ilroinnt reatha i bhfeidhmíocht taighde agus nuálaíochta a laghdú trí eolas agus saineolas a roinnt ar fud AE, cuideofar le tíortha ina ndéanfar leathnú agus le ▌réigiúin is forimeallaí AE, seasamh iomaíoch a bhaint amach sna slabhraí luacha domhanda aguscuideofar leis an Aontas lántairbhe a bhaint as acmhainn T&N na mBallstát uile.
Is gá tuilleadh gníomhaíochta a dhéanamh, dá bhrí sin, mar shampla trí oscailteacht agus éagsúlacht cuibhreannas tionscadal a chur chun cinn, chun cur i gcoinne na treochta maidir le comhar dúnta, lena bhféadfar lear mór institiúidí rathúla agus daoine aonair, lena n-áirítear daoine nua a chur as an áireamh, agus leas a bhaint as acmhainn dhíorma tallainne AE tríd an tairbhe is mó is féidir a bhaint as an taighde agus an nuálaíocht ar fud an Aontais Eorpaigh agus an tairbhe sin a chomhroinnt.
Taobh istigh de réimsí leathana na ngníomhaíochtaí, éascóidh na línte cistiúcháin gnéithe taighde sonracha a chuirfear in oiriúint do na riachtanais shonracha a bheidh ag na gníomhaíochtaí.
Réimsí Ginearálta
– bheith ag obair i bhfoirne chun ionaid nua bharr feabhais a chruthú nó na hionaid bharr feabhais atá ann cheana i dtíortha incháilithe a uasghrádú, lena gcuirfear le comhpháirtíochtaí idir institiúidí eolaíocha ceannródaíocha agus institiúidí comhpháirtithe;
– nascadh, chun ollscoileanna nó eagraíochtaí taighde ó▌ thíortha incháilithe faoi réimse sainithe a neartú trína nascadh le hinstitiúidí taighde ceannródaíocha idirnáisiúnta ó Bhallstáit eile nó ó Thíortha Comhlachaithe;
– ollúnachtaí ERA, chun tacú le hollscoileanna nó eagraíochtaí taighde ó thíortha incháilithe chun acmhainní daonna ardcháilíochta a mhealladh agus a choinneáil faoi threoir taighdeora agus bainisteora taighde ardéirimiúil (‘sealbhóir Ollúnachta an Limistéir Thaighde Eorpaigh’), agus athruithe struchtúracha a chur chun feidhme chun barr feabhais a bhaint amach ar bhonn inbhuanaithe;
– an Comhar Eorpach san Eolaíocht agus sa Teicneolaíocht (COST) lena gcuirfear i bhfeidhm dálaí uaillmhianacha maidir le tíortha incháilithe a chur san áireamh, agus bearta eile chun líonrú eolaíochta, forbairt acmhainneachtaí agus tacaíocht forbartha gairme beatha a chur ar fáil do thaighdeoirí óga agus aibí ó na tíortha sin ar a ndírítear, trí ghníomhaíochtaí le hardcháilíocht agus ardábharthacht eolaíoch. Leithdháilfear 80 % de bhuiséad iomlán COST do ghníomhaíochtaí atá i gcomhréir iomlán le cuspóirí an réimse idirghabhála seo, lena n-áirítear cistiú do ghníomhaíochtaí agus seirbhísí nua;
▌
– gníomhaíochtaí a mbeidh sé mar aidhm leo cáilíocht na dtograí ó eintitis dhlíthiúla ó Bhallstáit ísealfheidhmíochta ó thaobh T&N de a fheabhsú, agus borradh a chur faoi ghníomhaíochtaí na bPointí Teagmhála Náisiúnta chun tacú le líonrú idirnáisiúnta, mar aon le gníomhaíochtaí de bhun Airteagal 20(3) den [Rialachán] agus seirbhísí fianaise-bhunaithe meaitseála de bhun Airteagal 46(2) den [Rialachán];
– féadfar gníomhaíochtaí a bhunú chun cúrsaíocht daoine oilte de thaighdeoirí ar gach aois agus ar gach leibhéal a chothú ar fud ERA (mar shampla, deontais chun taighdeoirí de náisiúntacht ar bith a chumasú chun eolas nua a fháil agus a aistriú agus oibriú ar thaighde agus nuálaíocht i dtíortha ina dtarlóidh an Leathnú) mar aon le saothrú níos fearr ar bhonneagair thaighde atá ann cheana (agus a d’fhéadfadh a bheith bainistithe go comhpháirteach) sna tíortha ar a ndírítear trí shoghluaisteacht taighdeoirí agus nuálaithe. Féadfar gníomhaíochtaí a bhunú freisin chun tionscnaimh i dtaca le barr feabhais a chothú.
Sa réimse idirghabhála, tabharfar tacaíocht do chuspóirí sonracha Fhís na hEorpa: rannpháirt iomlán dhíorma tallainne na hEorpa i ngníomhaíochtaí a dtacaítear leo a éascú; barr feabhais a scaipeadh agus a nascadh ar fud an Aontais Eorpaigh; cruthú eolais ardcháilíochta a threisiú; comhar trasearnálach, trasdisciplíneach trasteorann a mhéadú.
2. CÓRAS TAIGHDE AGUS NUÁLAÍOCHTA AN AONTAIS EORPAIGH A ATHCHÓIRIÚ AGUS A FHEABHSÚ
Déanfar athchóirithe beartas ar an leibhéal náisiúnta a threisiú go frithpháirteach agus comhlánófar iad trí thionscnaimh bheartas ar leibhéal an Aontais Eorpaigh a fhorbairt mar aon le taighde, líonrú, comhpháirtíocht, comhordú, bailiú sonraí agus faireachán agus meastóireacht.
Réimsí Ginearálta
– an bonn fianaise atá le beartas an taighde agus na nuálaíochta a neartú chun tuiscint níos fearr a fháil ar na gnéithe agus na comhchodanna éagsúla a bhaineann le héiceachórais náisiúnta agus réigiúnacha an taighde agus na nuálaíochta, lena n-áirítear gníomhaithe, tionchair, beartais a bhaineann le hábhar;
– gníomhaíochtaí fadbhreathnaithe chun na riachtanais agus na treochtaí a bheidh ag teacht chun cinn a thuiscint roimh ré, i gcomhordú agus i gcomhdhearadh le gníomhaireachtaí náisiúnta agus geallsealbhóirí agus saoránaigh atá ag amharc ar an am amach rompu, ar bhonn rannpháirtíochta, ag cur leis an dul chun cinn a dhéanfar sa modheolaíocht réamhaisnéisithe, torthaí a dhíriú ar bheartais ábhartha agus, san am céanna, sineirgíochtaí a shaothrú ar fud an chláir agus lasmuigh de;
– tacaíocht don lucht déanta beartais, comhlachtaí maoiniúcháin, eagraíochtaí a dhéanann taighde (lena n-áirítear ollscoileanna) nó grúpaí comhairleacha atá ag obair ar ERA agus ar bheartais a bhaineann le ERA, nó atá ag cur bearta comhordaithe agus tacaíochta chun feidhme lena dtacaítear le ERA chun a áirithiú go ndéanfar iad sin a ailíniú go cuí i dtreo ERA a fhorbairt agus a chur chun feidhme a bheidh comhleanúnach agus cothaitheach ar bhonn fadtéarmach. Féadfaidh an tacaíocht sin a bheith i bhfoirm Gníomhaíochtaí Comhordúcháin agus Tacaíochta (CSAnna) ar bhealach ón mbun aníos agus iomaíoch chun tacú le comhoibriú ar leibhéal an chláir idir cláir taighde agus nuálaíochta na mBallstát, na dTíortha Comhlachaithe agus eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta amhail fondúireachtaí, ar a rogha tosaíochtaí, le béim shoiléir ar chur chun feidhme gníomhaíochtaí trasnáisiúnta comhpháirteacha lena n-áirítear glaonna. Beidh sí bunaithe ar ghealltanais shoiléire ó chláir rannpháirteacha chun acmhainní a chomhthiomsú agus chun comhlántacht a áirithiú idir gníomhaíochtaí agus beartais agus gníomhaíochtaí agus beartais an Chláir Réime agus Thionscnaimh ábhartha na Comhpháirtíochta Eorpaí;
– dlús a chur leis an aistriú chuig an eolaíocht oscailte trí fhaireachán a dhéanamh ar bheartais agus ar chleachtais na heolaíochta oscailte(40), lena n-áirítear prionsabail FAIR a fhorbairt agus a úsáid, anailís a dhéanamh orthu agus tacú leo ar leibhéal na mBallstát, ar leibhéal na réigiún, institiúidí agus taighdeoirí, ar dhóigh ina mbainfear an tairbhe is mó is féidir as sineirgíochtaí agus as an gcomhsheasmhacht ar leibhéal an Aontais Eorpaigh;
– tacú le hathchóiriú beartas náisiúnta maidir leis an taighde agus an nuálaíocht, lena n-áirítear trí shraith neartaithe de sheirbhísí na Saoráide Tacaíochta Beartais (PSF)(41) (i.e. athbhreithnithe piaraí, gníomhaíochtaí tacaíochta sonracha, cleachtaí foghlama frithpháirtí agus ionad an eolais) a chur ar fáil do na Ballstáit agus Tíortha Comhlachaithe, atá ag feidhmiú i sineirgíocht le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Clár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach agus leis an Uirlis Athchóiriúcháin;
– timpeallachtaí gairmeacha beatha tarraingteacha, scileanna agus inniúlachtaí atá de dhíth ar an ngeilleagar eolais nua-aoiseach a chur ar fáil do thaighdeoirí(42). An Limistéar Eorpach Taighde agus Limistéar Eorpach an Ardoideachais a nascadh le chéile trí thacú le nuachóiriú ollscoileanna agus eagraíochtaí taighde agus nuálaíochta eile, trí shásraí aitheantais agus luaíochta chun gníomhaíochtaí a ghríosú ar an leibhéal náisiúnta, mar aon le dreasachtaí lena gcuirfear chun cinn glacadh na gcleachtaí eolaíochta oscailte, T&N fhreagrach, fiontraíocht (agus na naisc le héiceachórais na nuálaíochta), trasdisciplíneacht, rannpháirtíocht na saoránach, soghluaisteacht idirnáisiúnta agus thrasearnálach, pleananna comhionannais inscne, straitéisí éagsúlachta agus cuimsithe, agus cineálacha cuimsitheacha cur chuige i leith athruithe institiúideacha. Sa chomhthéacs sin, mar obair leantach ar na gníomhaíochtaí píolótacha arna seoladh faoi Erasmus▌+ 2014-20 maidir le hOllscoileanna Eorpacha▌, déanfaidh Fís na hEorpa, i gcás inarb iomchuí, comhlánú ar bhealach sineirge ar an tacaíocht arna soláthar faoi chlár ERASMUS’ d’Ollscoileanna Eorpacha, ag tabhairt tacaíocht don ghné dá gcuid a bhaineann le taighde agus nuálaíocht▌. Rannchuideofar leis sin le forbairt a dhéanamh ar straitéisí nua comhpháirteacha agus comhtháite a bheidh fadtéarmach agus inbhuanaithe i dtaca le hoideachas, taighde agus nuálaíocht, bunaithe ar chur chuige trasdisciplíneach agus trasearnálach chun triantán an eolais a fhíorú, lena dtabharfar spreagadh d’fhás inbhuanaithe eacnamaíoch agus seachnófar forluí le PENanna EIT.
– eolaíocht na saoránach, lena dtabharfar tacaíocht do gach cineál oideachais eolaíochta fhoirmiúil, lena n-áiritheofar rannpháirtíocht saoránach níos éifeachtaí agus freagraí, gan beann ar aois, cúlra nó cumas, i gcomhdhearadh na socruithe agus na mbeartas maidir le clár oibre an taighde agus na nuálaíochta, i gcomhchruthú inneachair eolaíoch agus na nuálaíochta trí ghníomhaíochtaí trasdisciplíneacha;
– tacú le comhionannas inscne agus faireachán a dhéanamh airmar aon le gach cineál eile éagsúlachta i ngairmeacha beatha eolaíocha agus sa chinnteoireacht, lena n-áirítear i gcomhlachtaí comhairleacha, mar aon leis an ngné inscne a chomhtháthú san inneachar taighde agus nuálaíochta;
– eitic agus ionracas chun creat comhleanúnach de chuid an Aontais Eorpaigh a fhorbairt a thuilleadh i gcomhréir leis na caighdeáin eitice is airde agus leis an gCód Iompair Eorpach maidir leis an tSláine Taighde, leis an gCairt Eorpach le haghaidh Taighdeoirí agus leis an gCód Iompair um Earcú Taighdeoirí, lena soláthrófar na deiseanna oiliúna sna réimsí sin;
– de thoradh tacú le comhar idirnáisiúnta, trí idirphlé beartais déthaobhach, iltaobhach agus dé-réigiúnach le tríú tíortha, réigiúin agus fóraim idirnáisiúnta, éascófar an fhoghlaim fhrithpháirteach agus socrú tosaíochtaí, cuirfear an rochtain chómhalartach chun cinn agus déanfar faireachán ar an tionchar a bheidh ag an gcomhar;
– ionchur eolaíoch i mbeartais eile, trí struchtúir agus próisis chomhairleacha agus faireacháin a chruthú lena n-áiritheofar ceapadh beartas an Aontais Eorpaigh a bheidh bunaithe ar an bhfianaise eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil agus ar chomhairle eolaíoch ardleibhéil;
– cur chun feidhme chláir thaighde agus nuálaíochta an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear an fhianaise a bhailiú agus anailís a dhéanamh ar an bhfianaise chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar na Cláir Réime agus measúnú deartha agus tionchair a dhéanamh orthu;
– áiritheoidh an Coimisiún tacaíocht do NCPanna inter alia trí chruinnithe rialta roimh ghlaonna, oiliúint, cóitseáil, struchtúir tacaíochta thiomnaithe a neartú agus comhordú trasnáisiúnta a éascú eatarthu (e.g. cur le gníomhaíochtaí Ionad Teagmhála Náisiúnta i gCláir Réime roimhe seo); Forbróidh an Coimisiún íoschaighdeáin, i gcomhaontú le hionadaithe na mBallstát chun na struchtúir tacaíochta sin a oibriú, lena n-áirítear a ról, struchtúr, módúlachtaí, sreafaí faisnéise ón gCoimisiún roimh ghlaonna ar thograí, agus seachaint coinbhleachtaí leasa;
– torthaí ón taighde agus ón nuálaíocht, sonraí agus eolas, a leathadh agus a shaothrú, lena n-áirítear trí thacaíocht thiomnaithe a thabhairt do thairbhithe; sineirgíochtaí a chothú le cláir eile de chuid an Aontais Eorpaigh; gníomhachtaí cumarsáide spriocdhírithe chun feasacht a mhúscailt maidir leis an tionchar níos leithne agus faoina ábhartha atá taighde agus nuálaíocht arna gcistiú ag an Aontas, mar aon le cumarsáid eolaíochta.
IARSCRIBHINN II
Cumraíochtaí Choiste an Chláir
Liosta de chumraíochtaí Choiste an Chláir i gcomhréir le hAirteagal 12(2):
1. Cumraíocht straitéiseach: forléargas straitéiseach ar chur chun feidhme an chláir iomláin, comhleanúnachas ar fud chláir oibre aonair na gcodanna éagsúla den chlár, lena n-áirítear misin ▌
2. An Chomhairle Eorpach um Thaighde (ERC) ▌
2a. Gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie (MSCA)
3. Bonneagair Thaighde
4. Sláinte
5. Cultúr, cruthaitheacht agus an tSochaí Chuimsitheach
5a. Slándáil Shibhialta don tSochaí
6. Cúrsaí Digiteacha, an Tionscal agus an Spás
7. Aeráid, Fuinneamh agus Soghluaisteacht
8. Bia,Bithgheilleagar, Acmhainní Nádúrtha, Talmhaíocht agus Comhshaol
9. An Chomhairle Nuálaíochta Eorpach (EIC) agus Éiceachórais Nuálaíochta Eorpacha
9a. An Rannpháirtíocht a Leathnú agus an Limistéar Taighde Eorpach a neartú
D’fhéadfaí cruinnithe ad-hoc a eagrú laistigh de na braislí agus/nó le cumraíochtaí éagsúla Choiste an Chláir agus/nó le Coistí arna mbunú le gníomhartha eile ar shaincheisteanna cothrománacha agus/nó tras-earnálacha, amhail an spás agus an tsoghluaisteacht.
IARSCRÍBHINN III
Faisnéis atá le soláthar ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 12(6)
1. Faisnéis faoi thionscadail aonair, lena gcumasófar faireachán ar shaolré iomlán gach togra, lena gcumhdófar go háirithe an méid seo:
— tograí a thíolacfar,
— torthaí meastóireachta le haghaidh gach togra,
— comhaontuithe deontais,
— tionscadail arna bhfoirceannadh i gcomhréir le hAirteagal 29(2) agus (3) agus le hAirteagal 43(11) den Rialachán (Fís na hEorpa)
— tionscadail chríochnaithe.
2. Faisnéis faoi thoradh gach glao agus faoi chur chun feidhme gach tionscadail, lena gcuimseofar go háirithe an méid seo:
— torthaí gach glao,
— torthaí meastóireachta de thograí agus imeacht ó na torthaí sin ina liosta rangaithe, bunaithe ar a rannchuidiú le baint amach cuspóirí beartais sonracha, lena n-áirítear punann chomhsheasmhach tionscadal a thionscnamh i gcomhréir le hAirteagal 26(2) den Rialachán (Fís na hEorpa),
— coigeartuithe iarrtha ar na tograí i gcomhréir le hAirteagal 26(2) den Rialachán (Fís na hEorpa),
— toradh na gcaibidlíochtaí i ndáil le comhaontuithe deontas,
— cur chun feidhme tionscadal, lena n-áirítear sonraí íocaíochta agus torthaí na dtionscadal,
— tograí arna gcoinneáil ag meastóireacht na saineolaithe neamhspleácha agus ar dhiúltaigh an Coimisiún leo i gcomhréir le hAirteagal 43(7) den Rialachán (Fís na hEorpa).
3. Faisnéis maidir le cur chun feidhme an chláir, lena n-áirítear faisnéis ábhartha ar leibhéal an chláir réime, an chláir shonraigh, gach cuspóra shonraigh agus téamaí gaolmhara agus JRC, mar chuid den fhaireachán bliantúil ar na conairí tionchair arna sainmhíniú in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán, mar aon le sineirgíochtaí le cláir eile ábhartha de chuid an Aontais.
4. Faisnéis maidir le forghníomhú bhuiséad Fhís na hEorpa, lena n-áirítear faisnéis maidir le COST, maidir le gealltanais agus íocaíochtaí do gach Comhpháirtíocht Eorpach, lena n-áirítear PENanna, mar aon le cothromaíochtaí airgeadais idir AE agus gach tír chomhlachaithe.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2019. Níor thángthas ar chomhaontú faoi chuimsiú na gcaibidlíochtaí idirinstitiúideacha maidir leis an téacs atá aibhsithe i ndath liath.
Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
Cinneadh 96/282/Euratom ón gCoimisiún an 10 Aibreán 1996 maidir le hatheagar a chur ar an Airmheán Comhpháirteach Taighde (IO L 107, 30.4.1996, lch. 12).
Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
D’fhonn cur chun feidhme an chláir a éascú, maidir le gach cruinniú de Choiste an Chláir mar a shainítear sa chlár oibre, aisíocfaidh an Coimisiún, i gcomhréir lena threoirlínte bunaithe, speansais aon ionadaí amháin in aghaidh an Bhallstáit, agus speansais aon saineolaí/aon chomhairleora amháin in aghaidh an Bhallstáit do na míreanna cláir oibre sin i gcás ina dteastóidh saineolas sonrach ó Bhallstát.
Cuirfidh an Bonneagar Sonraí Eorpach bunsraith faoin Néal Eorpach maidir leis an Eolaíocht Oscailte trí chumas ríomhaireachta ardfheidhmíochta den scoth, nascacht ardluais agus seirbhísí sonraí agus bogearraí ceannródaíocha a sholáthar.
Ar na nithe atá le háireamh ar na hEochairtheicneolaíochtaí Cumasúcháin, tá ábhar ardfhorbartha, an nanaitheicneolaíocht, an fhónataic, an mhicrileictreonaic, an nanaileictreonaic, teicneolaíochtaí na heolaíochtaí saoil, an monarú agus an phróiseáil ardfhorbartha, an intleacht shaorga, agus an tslándáil agus an nascacht digiteach.
“An tionscal a aimsiú an athuair - an nuálaíocht a shainmhíniú” Tuarascáil ón nGrúpa um Straitéis Ardleibhéil maidir le Teicneolaíochtaí Tionsclaíocha, an Bhruiséil, Aibreán 2018.
Is áiseanna poiblí nó príobháideacha iad seo a chuireann acmhainní agus seirbhísí ar fáil do thionscal na hEorpa go príomha chun eochairtheicneolaíochtaí agus táirgí cumasúchaín a thástáil agus a fhíorú. Maidir le struchtúir den chineál sin, féadfaidh siad a bheith ar suíomh aonair, fíorúil, nó dáilte, agus ní mór iad a chlárú i mBallstát, nó i dtríú tír a bhfuil baint aici leis an gClár.
Clúdaíonn an bithgheilleagar gach earnáil agus córas a bhíonn ag brath ar acmhainní bitheolaíocha (ainmhithe, plandaí, miocrorgánaigh agus bithmhais dhíorthaithe, lena n-áirítear dramhaíl orgánach), a bhfeidhmeanna agus a bprionsabail. Áirítear leis agus déanann sé idirnascadh ar na nithe seo a leanas: éiceachórais talún agus mhuirí agus na seirbhísí a chuireann siad ar fáil; gach earnáil táirgeachta phríomhúil a bhaineann feidhm as agus a tháirgeann acmhainní bitheolaíocha (talmhaíocht, foraoiseacht, iascaigh agus dobharshaothrú); agus gach earnáil eacnamaíoch agus thionsclaíoch a bhaineann úsáid as acmhainní bitheolaíocha agus próisis chun bia, cothú, táirgí bithbhunaithe, fuinneamh agus seirbhísí a tháirgeadh. Eisiatar bithleigheasanna agus biteicneolaíocht na sláinte.
ciallaíonn ‘geilleagar gorm inbhuanaithe’ gach gníomhaíocht eacnamaíoch earnála agus thrasearnála ar fud an mhargaidh aonair a bhaineann le haigéin, farraigí, cóstaí agus uiscí intíre, lena gcumhdaítear na réigiúin is forimeallaí san Aontas agus tíortha talamhiata, lena n-áirítear earnálacha atá ag teacht chun cinn agus earraí agus seirbhísí neamh-mhargaidh agus bheith comhsheasmhach le reachtaíocht chomhshaoil an Aontais.
COM(2018)0773: A Clean Planet for all [Pláinéad Glan do Chách] Fís straitéiseach fhadtéarmach Eorpach do gheilleagar a bheidh rathúil, nua-aimseartha, iomaíoch agus neodrach ó thaobh na haeráide de.
Le Faire Comhshaoil inrochtana e.g. trí chomhchuid Copernicus de chlár Spáis an Aontais agus cláir Eorpacha ábhartha eile, chomh maith le tionscnamh GEO, tacófar le taighde agus nuálaíocht faoi réimsí idirghabhála eile laistigh den Dúshlán Domhanda sin chomh maith le codanna ábhartha eile de chlár Fhís na hEorpa.
Bíonn na gníomhaíochtaí i Réimse Idirghabhála na gCóras Ciorclach comhlántach le gníomhaíochtaí an Tionscail Ísealcharbóin agus Ghlain sa bhraisle “Cúrsaí Digiteacha agus Tionscail”.
Is scáth-théarma é Mol Nuálaíochta i gcomhair raon leathan scileanna. Féadfaidh sé feidhmiú mar chomhpháirtí gníomhach, mar phobal, mar lárionad eolais, mar éascaitheoir nó mar nascaire a thairgeann rochtain ar an eolas agus ar an saineolas is déanaí faoi na teicneolaíochtaí digiteacha agus teicneolaíochtaí cumasúcháin gaolmhara is gá chun go mbeidh cuideachtaí níos iomaíche maidir le táirgeadh, seirbhísí agus próisis ghnó.
Go tipiciúil mar chomhcheangal de rioscaí eolaíocha/teicneolaíocha, rioscaí bainistíochta/airgeadais, rioscaí margaidh/eacnamaíocha agus rioscaí rialála. Féadfar rioscaí breise gan choinne a chur san áireamh freisin.
Mar rogha ar dheontas nuair a mheastar riosca a bheith níos ísle ná an meán, aisíocfar airleacan in-aisíoctha chuig AE ar sceideal comhaontaithe agus ansin, is iasacht gan ús a bheidh ann. I gcás nach féidir leis an tairbhí aisíocaíocht a dhéanamh, ach gur féidir leis leanúint lena ghníomhaíocht, claochlófar an t-airleacan in-aisíoctha ina chothromas. I gcás féimheachta, ní bheidh san airleacan in-aisíoctha ach deontas.
Mar phrionsabal, níltear ag súil leis go mbeidh níos mó ná mionlach cearta vótála i seilbh AE i gcuideachtaí a dtugtar tacaíocht dóibh. I gcásanna eisceachtúla, féadfaidh an tAontas Eorpach a chinntiú go mbeidh mionlach blocála aige chun leasanna Eorpacha a chosaint i réimsí ríthábhachtacha, e.g. an chibearshlándáil.
Amhail Cruthúnas Coincheapa ERC, ó thionscadail dá dtugtar tacaíocht faoin gColún ‘Dúshláin Dhomhanda agus Iomaíochas Tionsclaíoch’, gnólachtaí nuathionscanta atá ag teacht chun cinn ó PENanna na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht.Ina theannta sin, eascróidh iarratais as gníomhaíochtaí Fhís 2020, go háirithe gníomhaíochtaí tionscadal roghnaithe faoi Chéim 2 FBManna Fhís 2020 agus Séala Barr Feabhais ábhartha arna mhaoiniú ag na Ballstáit, Comhpháirtíochtaí Eorpacha (atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo).
Chun leanúnachas gan uaim a áirithiú, gabhfaidh duaiseanna EIC ionad chóras bainistithe na nduaiseanna a seoladh faoi Fhís 2020.Sa bhreis air sin, déanfaidh Bord EIC foráil maidir le dearadh agus cur chun feidhme duaiseanna nua dreasachta agus aitheantais.
Teachtaireacht ón gCoimisiún an 15 Bealtaine 2018 dar teideal ‘Clár Oibre Eorpach athnuaite don Taighde agus don Nuálaíocht - deis na hEorpa a todhchaí a mhúnlú’ (COM(2018)0306, Cinneadh ón gComhairle an 27 Bealtaine 2016 (8675/16 RECH 127 COMPET 212 MI 300 POGEN 34).
I measc na mbeartas agus na gcleachtas nach mór aghaidh a thabhairt orthu, tá aschuir thaighde a chomhroinnt chomh luath agus chomh forleathan agus is féidir i bhformáidí a chomhaontófar go comhpháirteach agus bonneagar comhroinnte (e.g. an Néal Eorpach maidir leis an Eolaíocht Oscailte), eolaíocht na saoránach, cineálacha cur chuige nua a bheidh níos leithne, agus táscairí lena ndéanfar meastóireacht ar an taighde agus lena dtabharfar luaíocht do thaighdeoirí, a fhorbairt agus a úsáid.
An tSaoráid Tacaíochta Beartais (PSF), a seoladh faoi Fhís 2020. Bíonn an tSaoráid Tacaíochta Beartais ag feidhmiú ar bhonn éilimh agus tairgeann sí, ar bhonn deonach, saineolas ardleibhéil agus comhairle shaincheaptha d’údaráis phoiblí náisiúnta. Trína cuid seirbhísí, bhí ról bunriachtanach aici freisin maidir le hathrú ar an mbeartas a spreagadh i dtíortha amhail an Pholainn, an Bhulgáir, an Mholdóiv, nó an Úcráin agus athruithe ar bheartais a thabhairt ar aghaidh, de bharr dea-chleachtas a chomhroinnt, i réimsí amhail dreasachtaí cánach T&F, eolaíocht oscailte, cistiú eagraíochtaí taighde poiblí bunaithe ar a bhfeidhmíocht agus idir-inoibritheacht na gclár náisiúnta taighde agus nuálaíochta.
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2019 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha agus nósanna imeachta maidir le comhlíonadh agus forfheidhmiú reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais i leith táirgí agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 305/2011, (AE) Uimh. 528/2012, (AE) 2016/424, (AE) 2016/425, (AE) 2016/426 agus (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Treoracha 2004/42/CE, 2009/48/CE, 2010/35/AE, 2013/29/AE, 2013/53/AE, 2014/28/AE, 2014/29/AE, 2014/30/AE, 2014/31/AE, 2014/32/AE, 2014/33/AE, 2014/34/AE, 2014/35/AE, 2014/53/AE, 2014/68/AE agus 2014/90/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (COM(2017)0795 – C8-0004/2018 – 2017/0353(COD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2017)0795),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2), agus d’Airteagail 33, 114 agus 207 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0004/2018),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don tuairim réasúnaithe a thíolaic Parlaimint na Sualainne, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,
– ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 23 Bealtaine 2018(1),
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 15 Feabhra 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra agus don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A8-0277/2018),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 17 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2019/1020.)
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d’úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirmheánaithe ar líne (COM(2018)0238 – C8-0165/2018 – 2018/0112(COD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0238),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0165/2018),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 19 Meán Fómhair 2018(1),
– tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 20 Feabhra 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra agus do na tuairimí ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla, ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde, agus um Fhuinneamh, agus ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A8-0444/2018),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige é a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 17 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d’úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirghabhála ar líne
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2019/1150.)
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2019 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993, Treoir 98/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le forfheidhmiú níos fearr agus nuachóiriú ar rialacha an Aontais Eorpaigh maidir le cosaint tomhaltóirí (COM(2018)0185 – C8-0143/2018 – 2018/0090(COD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0185),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0143/2018),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do na tuairimí réasúnaithe a thíolaic Comhairle Chónaidhm na hOstaire agus Parlaimint na Sualainne, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach bhfuil prionsabal na coimhdeachta á chomhlíonadh sa dréachtghníomh reachtach,
– ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 20 Meán Fómhair 2018(1),
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 29 Márta 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra (A8-0029/2019),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 17 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoracha 98/6/CE, 2005/29/CE agus 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le forfheidhmiú níos fearr agus nuachóiriú rialacha an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2019/2161.)
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2019 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le trédhearcacht agus inbhuanaitheacht mheasúnú an Aontais ar rioscaí sa bhiashlabhra lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 [maidir le dlí ginearálta an bhia], Treoir 2001/18/CE [maidir le horgánaigh ghéinmhodhnaithe a scaoileadh d’aon ghnó sa chomhshaol], Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 [maidir le bia agus beatha atá géinmhodhnaithe], Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 [maidir le breiseáin bheatha], Rialachán (CE) Uimh. 2065/2003 [maidir le blastáin deataigh], Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 [maidir le hábhair a bhíonn i dtadhall le bia], Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 [maidir leis an nós imeachta údarúcháin comhchoiteann maidir le breiseáin bhia, maidir le heinsímí bia agus maidir le blastáin bhia], Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 [maidir le táirgí cosanta plandaí] agus Rialachán (AE) Uimh. 2015/2283 [maidir le bianna núíosacha] (COM(2018)0179 – C8-0144/2018 – 2018/0088(COD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0179),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagail 43, 114 agus 168(4)(b) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0144/2018),
– ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla ar an mbunús dlí atá molta,
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 19 Meán Fómhair 2018(1),
– ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 10 Deireadh Fómhair 2018(2),
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 15 Feabhra 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Rialacha 59 agus 39 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia agus do na tuairimí ón gCoiste um Iascach agus ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A8-0417/2018),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo(3);
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige é a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 17 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le trédhearcacht agus inbhuanaitheacht mheasúnú an Aontais ar rioscaí sa bhiashlabhra lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, Rialachán (CE) Uimh. 2065/2003, Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004, Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008, Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus Rialachán (AE) Uimh 2015/2283 agus Treoir 2001/18/CE
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2019/1381.)
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 469/2009 maidir leis an deimhniú forlíontach cosanta le haghaidh táirgí íocshláinte (COM(2018)0317 – C8-0217/2018 – 2018/0161(COD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0317),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0217/2018),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 19 Meán Fómhair 2018(1),
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 20 Feabhra 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla agus do na tuairimí ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta agus ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A8-0039/2019),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige é a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 17 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 469/2009 maidir leis an deimhniú forlíontach cosanta le haghaidh táirgí íocshláinte
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2019/933.)
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2019 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear clár spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 912/2010, Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013, Rialachán (AE) Uimh. 377/2014 agus Cinneadh 541/2014/AE (COM(2018)0447 – C8-0258/2018 – 2018/0236(COD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0447),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 100(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0258/2018),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 17 Deireadh Fómhair 2018(1),
– ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún an 6 Nollaig 2018(2),
– ag féachaint don litir óna hUachtarán chuig cathaoirligh na gcoistí an 25 Eanáir 2019, ina dtugtar cuntas ar chur chuige na Parlaiminte maidir le cláir earnála sa Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) iar-2020,
– ag féachaint don litir ón gComhairle chuig Uachtarán Pharlaimint na hEorpa an 1 Aibreán 2019 lena ndeimhnítear an tuiscint choiteann ar tháinig na comhreachtóirí uirthi le linn na caibidlíochta,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh agus na tuairimí ón gCoiste um Buiséid, ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht agus ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe (A8-0405/2018),
1. ag glacadh a seasamh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é(3);
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 17 Aibreán 2019 d’fhonn go nglacfaí Rialachán (AE) …/... ó Parlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunófar clár spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais um gClár Spáis agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 912/2010, (AE) Uimh. 1285/2013, (AE) Uimh. 377/2014 agus Cinneadh 541/2014/AE
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 189(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(4),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) Tá teicneolaíocht spáis, sonraí spáis agus seirbhísí spáis éirithe chomh tábhachtach sin i saol laethúil na nEorpach nárbh fhéidir leo déanamh dá n-uireasa agus tá ról sárthábhachtach acu i gcaomhnú cuid mhór leasanna straitéiseach. Tá tionscal spáis an Aontais ar na tionscail spáis is iomaíche ar domhan. Mar sin féin, tá na samhlacha tionsclaíochta traidisiúnta á n-athrú ó bhonn de bharr teacht chun cinn gníomhaithe nua agus forbairt teicneolaíochtaí nua. Dá bhrí sin, tá sé sárthábhachtach go mbeidh an tAontas chun tosaigh i measc gníomhaithe an domhain fós agus go mbeidh saoirse leitheadach ghníomhaíochta aige i réimse an spáis, go spreagfaidh sé an dul chun cinn idir eolaíoch agus teicniúil agus go dtacóidh sé le hacmhainn iomaíochais agus nuálaíochta thionscail na hearnála spáis laistigh den Aontas, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide.
(2) Ba cheart leas a bhaint as na deiseanna a bhaineann leis an spás maidir le slándáil an Aontais agus a Bhallstát amhail dá dtagraítear go háirithe i Straitéis Dhomhanda Bhealtaine 2016 maidir le Beartas Eachtrach agus Slándála an Aontais, agus cineál sibhialta an chláir á choimeád agus urraim á tabhairt do na forálacha féideartha neodrachta nó neamhailínithe a shonraítear i ndlí bunreachtúil na mBallstát. Tá nasc ann le fada idir forbairt earnáil an spáis agus an tslándáil. I gcuid mhór cásanna, is earraí dhá úsáid iad trealamh, comhpháirteanna agus ionstraimí a úsáidtear in earnáil an spáis chomh maith le sonraí agus seirbhísí spáis ▌. Déantar beartas slándála agus cosanta an Aontais a chinneadh, áfach, faoi chuimsiú an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála, i gcomhréir le Teideal V CAE.
(3) Tá an tAontas ag forbairt a chuid tionscnamh agus clár spáis féin ó bhí deireadh na 1990aidí ann, mar atá, Breis-seirbhís na hEorpa um Loingseoireacht Gheochobhsaí (EGNOS) agus ansin Galileo agus Copernicus, tionscnaimh agus cláir a fhreastalaíonn ar riachtanais shaoránaigh an Aontais agus ceanglais na mbeartas poiblí. ▌ Ba cheart leanúnachas na tionscnamh sin a áirithiú agus ba cheart na seirbhísí a sholáthraítear leo a fheabhsú, ionas go comhlíonfaidh siad riachtanais nua na n-úsáideoirí, go mbeidh siad fós ar thús cadhnaíochta i bhfianaise forbairt teicneolaíochta nua agus na gclaochluithe i réimsí na teicneolaíochta digití, na faisnéise agus na cumarsáide ▌ agus gur féidir tosaíochtaí polaitiúla a bhaint amach leo, tosaíochtaí amhail an t-athrú aeráide, lena n-áirítear faireachán a dhéanamh ar athruithe sa réigiún molacha, agus athruithe ar an iompar, ar an tslándáil agus an chosaint.
(3a) Is gá sineirgí idir earnáil an iompair, earnáil an spáis agus an earnáil dhigiteach a shaothrú chun úsáid níos leithne na dteicneolaíochtaí nua a chothú (amhail e-call, tacagraf digiteach, faireachán agus bainistiú tráchta, tiomáint uathrialaitheach, feithiclí gan foireann agus dróin) agus dul i ngleic leis na riachtanais a bhaineann le nascacht atá slán agus gan uaim, le suí stóinsithe, le hidir-mhódúlacht agus le hidir-inoibritheacht, agus, ar an gcaoi sin, feabhas a chur ar iomaíochas na seirbhísí agus an tionscail iompair.
(3b) Chun leas iomlán a bheith á bhaint as an Chlár, i ngach Ballstát agus ag a saoránaigh uile, is buntábhachtach freisin úsáid agus glacadh na sonraí, na faisnéise agus na seirbhísí a sholáthraítear a chur chun cinn, mar aon leis an tacaíocht d’fhorbairt feidhmeanna iartheachtacha bunaithe ar na sonraí, an fhaisnéis agus na seirbhísí sin. Chuige sin, d’fhéadfadh na Ballstáit, an Coimisiún agus na heintitis fhreagracha, go háirithe, na feachtais faisnéise a reáchtáil maidir le tairbhí an Chláir.
(4) Chun cuspóirí na saoirse gníomhaíochta, neamhspleáchais agus slándála a ghnóthú, is réamhriachtanas é leas a bheith á bhaint ag an Aontas as rochtain uathrialach ar an Spás agus é a bheith in ann é a úsáid go sábháilte. Ar an ábhar sin tá sé ríthábhachtach go dtacóidh an tAontas le rochtain uathrialach chost-éifeachtach ar an spás, go háirithe ó thaobh an bhonneagair chriticiúil agus na teicneolaíochta criticiúla, na slándála poiblí agus shlándáil an Aontais agus a Bhallstát de. Ba cheart, mar sin, an deis a bheith ag an gCoimisiún seirbhísí lainseála a chomhthiomsú ar leibhéal na hEorpa, chun a riachtanais féin a riar, agus, má iarrann siad é, riachtanais eintiteas eile, na Ballstáit san áireamh, i gcomhréir le forálacha Airteagal 189(2) den Chonradh. Chun go leanfaidh sé de bheith iomaíoch i margadh atá ag forbairt go tapa, tá sé ríthábhachtach freisin go mbeidh rochtain ag an Aontas fós ar shaoráidí bonneagair lainseála atá nua-aimseartha, éifeachtúil agus solúbtha, agus leas á bhaint aige as córais lainseála iomchuí. Dá bhrí sin, gan dochar do bhearta a rinne Ballstáit agus an Ghníomhaireacht Eorpach Spáis, d’fhéadfadh sé go dtacódh an Clár le hoiriúnuithe ar an mbonneagar spáis talún, lena n-áirítear forbairtí nua a bhfuil gá leo le haghaidh chur chun feidhme an Chláir, agus go dtacódh sé le hoiriúnuithe, lena n-áirítear forbairt teicneolaíochta ar chórais lainseála spáis atá riachtanach le haghaidh satailítí a sheoladh, lena n-áirítear teicneolaíochtaí malartacha agus córais nuálacha, chun comhpháirteanna an Chláir a chur chun feidhme. Ba cheart na gníomhaíochtaí sin a chur chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais agus ▌ d’fhonn cost-éifeachtacht níos fearr a bhaint amach don Chlár. I bhfianaise nach bhfuil aon bhuiséad tiomnaithe ann, bheadh na gníomhaíochtaí chun tacú le rochtain ar an spás gan dochar do chur chun feidhme chomhpháirteanna an Chláir.
(5) Chun iomaíochas thionscal spáis an Aontais a neartú agus acmhainní i leith a chuid córas féin a dhearadh, a thógáil agus a oibriú, ba cheart don Aontas tacú le cruthú, fás agus forbairt an tionscail spáis ar fad. Ba cheart tacú le teacht chun cinn samhla a bheidh fabhrach don ghnó agus don nuálaíocht ar an leibhéal Eorpach, an leibhéal réigiúnach agus an leibhéal náisiúnta trí thionscnaimh amhail moil spáis lena dtabharfar le chéile an earnáil spáis, an earnáil dhigiteach agus earnálacha eile, chomh maith le húsáideoirí. Ba cheart é a bheith mar aidhm leis na moil spáis sin fiontraíocht agus scileanna a chothú, agus sineirgí leis na moil dhigiteacha fiontraíochta á saothrú leo. Ba cheart don Aontas cruthú agus leathnú cuideachtaí spáis atá lonnaithe san Aontas a chothú chun cuidiú leo a bheith rathúil, lena n-áirítear trí chuidiú leo maoiniú riosca a rochtain ós rud é go bhfuil easnamh rochtana iomchuí laistigh den Aontas ar chothromas príobháideach le haghaidh gnólachtaí spáis nuathionscanta, agus trí éileamh a chothú (cur chuige an chéad chonartha).
(5xx) Is mar seo a leanas, go ginearálta, a dhéantar slabhra luacha an spáis a dheighilt: (i) gníomhaíochtaí réamhtheachtacha, a chuimsíonn gníomhaíochtaí a mbíonn córas spáis oibríochtúil mar thoradh orthu, lena n-áirítear gníomhaíochtaí forbartha, monaraíochta agus lainseála agus oibríochtaí an chórais sin; agus (ii) gníomhaíochtaí iartheachtacha, a chuimsíonn seirbhísí a bhaineann leis an spás agus táirgí a sholáthar do na húsáidí. Is gné thábhachtach iad ardáin dhigiteacha freisin a thacaíonn le forbairt earnáil an spáis, rud lena dtugtar rochtain ar shonraí agus ar tháirgí chomh maith le rochtain ar bhoscaí uirlisí, ar stóráil agus ar áiseanna ríomhaireachta.
(5x) I réimse an spáis, feidhmíonn an tAontas a inniúlachtaí i gcomhréir le hAirteagal 4(3) CFAE. Ba cheart don Choimisiún comhleanúnachas na ngníomhaíochtaí a dhéantar i gcomhthéacs an chláir a áirithiú.
(5a) De bhrí go bhfuil traidisiún ag roinnt Ballstát ó thaobh tionscail ghníomhacha a bhaineann leis an spás, ba cheart aitheantas a thabhairt don ghá atá le tionscail aibí spáis a bhfuil a gcumais ag teacht chun cinn a fhorbairt sna Ballstáit agus don ghá atá le freagairt do na dúshláin atá roimh thionscail an spáis mar gheall ar “an Spás Nua”. Ba cheart gníomhaíochtaí chun acmhainneacht thionscal an spáis ar fud an Aontais a fhorbairt agus chun comhar ar fud thionscal an spáis atá gníomhach sna Ballstáit uile a chur chun cinn.
(5b) Ba cheart do ghníomhaíochtaí faoin gClár tógáil ar acmhainneachtaí náisiúnta agus Eorpacha atá ann cheana (i.e. acmhainneachtaí a bheidh ann nuair a dhéanfar an ghníomhaíocht) agus ba cheart dóibh tairbhe a bhaint as na hachmainneachtaí sin.
(6) De bharr a mhéid a chumhdaíonn sé agus ós rud é gur féidir dúshláin dhomhanda a réiteach leis, tá gné láidir idirnáisiúnta ag gníomhaíochtaí spáis ▌. I ndlúthchomhar leis na Ballstáit, agus le comhaontú uathu, d’fhéadfadh na comhlachtaí ábhartha de Chlár Spáis AE a bheith rannpháirteach i gcúrsaí a bhaineann leis an gClár Spáis, i gcomhar idirnáisiúnta agus comhoibriú i gcomhlachtaí earnálacha ábhartha de chuid na Náisiún Aontaithe. Maidir le hábhair a bhaineann le Clár Spáis an Aontais ("an Clár"), d’fhéadfadh an Coimisiún comhordú a dhéanamh, thar ceann an Aontais, agus ina réimse inniúlachta, ar a ghníomhaíochtaí ar an leibhéal idirnáisiúnta ▌, go háirithe chun leasanna an Aontais agus a Bhallstát a chosaint i bhfóraim idirnáisiúnta, lena n-áirítear i réimse na minicíochtaí maidir leis an gClár, gan dochar d’inniúlacht na mBallstát sa réimse sin. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go mbeidh an tAontas, agus ionadaíocht á déanamh ag an gCoimisiún thar a cheann, ag comhoibriú i gcomhlachtaí Chláir Idirnáisiúnta Cospas-Sarsat.
(6a) Tá comhar idirnáisiúnta ríthábhachtach chun ról an Aontais mar ghníomhaí domhanda in earnáil an spáis agus in earnáil teicneolaíochta agus tionscail an Aontais a chur chun cinn, agus, sa chaoi sin, iomaíocht chóir ar an leibhéal idirnáisiúnta a chothú, agus aird á tabhairt ar an ngá atá le cómhalartacht chearta agus oibleagáidí na bpáirtithe a áirithiú, agus le comhar i réimse na hoiliúna a spreagadh. Is gné ríthábhachtach den Straitéis Spáis don Eoraip é an comhar idirnáisiúnta. Bainfidh an Coimisiún úsáid as clár spáis AE chun rannchuidiú le hiarrachtaí idirnáisiúnta trí thionscnaimh agus chun leas a bhaint astu, chun teicneolaíocht agus tionscal na hEorpa a chur chun cinn go hidirnáisiúnta (mar shampla idirphlé déthaobhach, ceardlanna tionscail, tacaíocht d’idirnáisiúnú FBManna), agus chun rochtain ar mhargaí idirnáisiúnta a éascú agus iomaíocht chóir a chothú, mar aon le tionscnaimh taidhleoireachta eacnamaíocha a ghiaráil. Ba cheart go mbeadh tionscnaimh Eorpacha taidhleoireachta spáis i gcomhréir agus i gcomhlántacht ina n-iomláine leis na beartais, tosaíochtaí agus ionstraimí de chuid AE atá ann cheana, agus, ag an am céanna, tá ról lárnach ag an Aontas in éineacht le Ballstáit an Aontais maidir le fanacht chun tosaigh ar an leibhéal idirnáisiúnta.
(7) Gan dochar d’inniúlacht na mBallstát, ba cheart don Choimisiún, in éineacht leis ▌ an Ard-Ionadaí agus i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, iompraíocht fhreagrach sa spás a chur chun cinn, agus an clár á chur chun feidhme, lena n-áirítear chun iomadú an smionagair spáis a laghdú agus an fhéidearthacht maidir le haontachas an Aontais Eorpaigh le Conarthaí agus Coinbhinsiúin ábhartha de chuid na Náisiún Aontaithe a fhiosrú, agus, más gá, moltaí iomchuí a dhéanamh.
(8) Tá cuid de chuspóirí an Chláir cosúil le cuspóirí clár eile de chuid an Aontais, go háirithe an clár Fís Eorpach, an Ciste InvestEU, an Ciste Eorpach Cosanta agus cistí faoi Rialachán (AE) [Rialachán na bhForálacha Coiteanna]. Dá bhrí sin, ba cheart cistí carnacha ó na cláir sin a fhoráil, ar choinníoll nach gcumhdaíonn siad na costais chéanna, go háirithe trí shocruithe le haghaidh cistiú comhlántach ó chláir de chuid an Aontais nuair a cheadaítear é sin le módúlachtaí bainistíochta - bíodh sé sin de réir oird, ar bhealach malartach nó trí mheascán cistí lena n-áirítear chun comhchistiú gníomhaíochtaí a dhéanamh, lenarbh fhéidir, i gcás inar féidir, comhpháirtíochtaí nuálaíochta agus oibríochtaí measctha a dhéanamh. Dá bhrí sin ba cheart don Choimisiún, le linn chur chun feidhme an Chláir, sineirgíochtaí a chur chun cinn le cláir ghaolta agus ionstraimí airgeadais, eile de chuid an Aontais sa chaoi gurbh fhéidir, nuair a bheadh an deis ann, úsáid a bhaint as rochtain ar airgeadas riosca, comhpháirtíochtaí nuálaíochta agus cistiú carnach nó measctha. Ba cheart sineirgí agus comhleanúnachas idir na réitigh arna bhforbairt faoi na cláir sin, go háirithe Fís Eorpach agus na réitigh arna bhforbairt faoin gClár Spáis a áirithiú leis freisin.
(8a) I gcomhréir le hAirteagal 191(3) den Rialachán Airgeadais, ní dhéanfar, in imthosca ar bith, na costais chéanna a mhaoiniú faoi dhó le buiséad an Aontais, mar shampla trí Fhís Eorpach agus tríd an gClár Spáis araon.
(9) Lena chois sin, tabharfar aghaidh ar chuspóirí beartais an Chláir seo freisin mar réimsí incháilithe le haghaidh oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta le hionstraimí airgeadais agus ráthaíocht bhuiséadach ón gCiste InvestEU, go háirithe, faoina fhuinneoga beartais bhonneagair, nuálaíochta agus dhigitithe. Ba cheart tacaíocht airgeadais a úsáid, ar bhealach comhréireach, chun aghaidh a thabhairt ar theipeanna margaidh nó ar chásanna infheistíochta fo-optamacha agus níor cheart, de thoradh beart, maoiniú príobháideach a dhúbailt ná a phlódú ná níor cheart an iomaíocht a shaobhadh sa mhargadh inmheánach. Ba cheart breisluach Eorpach soiléir a bheith leis na bearta.
(10) De bharr seasmhacht agus sineirgíochtaí idir an clár Fís Eorpach agus an Clár déanfar earnáil spáis Eorpach iomaíoch nuálach a chothú, neartófar neamhspleáchas na hEorpa maidir le rochtain ar an spás agus leas a bhaint as an spás i dtimpeallacht shlán shábháilte agus neartófar ról na hEorpa mar ghníomhaí domhanda. Déanfar réitigh cheannródaíocha sa chlár Fís Eorpach a thacú le sonraí agus seirbhísí a chuirfear ar fáil leis an gClár don phobal taighde agus nuálaíochta.
(10a) Chun an toradh socheacnamaíoch a bheidh ar an gClár a uasmhéadú, tá sé bunriachtanach córais úrscothacha a choinneáil ar siúl, iad a uasghrádú chun riachtanais úsáideoirí a chomhlíonadh, ar riachtanais iad a bhíonn ag síorathrú, agus forbairtí nua a dhéanamh in earnáil spás-chumasaithe iartheachtach na bhfeidhmeanna. Ba cheart don Aontas tacú le gníomhaíochtaí a bhaineann le forbairt taighde agus teicneolaíochta, nó le luathchéimeanna na héabhlóide a bhaineann leis na bonneagair a bunaíodh faoin gClár, mar aon leis na gníomhaíochtaí taighde agus forbartha a bhaineann le feidhmchláir agus seirbhísí atá bunaithe ar na córais a bunaíodh faoin gClár, agus, sa chaoi sin, gníomhaíochtaí eacnamaíocha réamhtheachtacha agus iartheachtacha a spreagadh. Is í Fís Eorpach arna bunú le Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXXX an ionstraim iomchuí ar leibhéal an Aontais chun na gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta sin a mhaoiniú. Ba cheart, áfach, go ndéanfaí cuid an-sonrach de ghníomhaíochtaí forbartha a mhaoiniú ón mbuiséad a leithdháilfear do chlár Galileo agus do chlár EGNOS faoin Rialachán seo, go háirithe i gcás ina bhfuil baint ag gníomhaíochtaí den sórt sin le heilimintí bunúsacha amhail slis-seiteanna agus glacadóirí atá cumasaithe do Galileo, rud a éascóidh forbairt feidhmchlár thar earnálacha difriúla den gheilleagar. Dá ainneoin sin, níor cheart go gcuirfeadh maoiniú den sórt sin imlonnú nó saothrú an bhonneagair a bhunófar faoi na Cláir i mbaol.
(10x) Chun iomaíochas thionscal spáis na hEorpa a áirithiú amach anseo, ba cheart don Chlár tacú le forbairt ardscileanna i réimsí a bhaineann leis an spás agus tacú le gníomhaíochtaí oideachais agus oiliúna agus ba cheart dó comhdheiseanna a chur chun cinn, lena n-áirítear comhionannas inscne, chun acmhainneacht iomlán shaoránaigh an Aontais sa réimse sin a fhíorú.
(10b) Is féidir gur gá tuilleadh taighde agus nuálaíochta le haghaidh bonneagar tiomnaithe don Chlár agus is féidir tacaíocht a thabhairt dó sin faoin gclár Fís Eorpach, ag díriú ar comhsheasmhacht le gníomhaíochtaí sa réimse sin a dhéanann Gníomhaireacht Spáis na hEorpa. De thoradh sineirgíochtaí leis an gclár Fís Eorpach, ba cheart a áirithiú go sainaithneofar riachtanais taighde agus nuálaíochta na hearnála spáis agus go mbunófar iad mar chuid den phróiseas pleanála taighde agus nuálaíochta. Na sonraí agus seirbhísí spáis a chuirfear ar fáil saor in aisce faoin gClár, bainfear úsáid astu chun réitigh cheannródaíocha a fhorbairt trí thaighde agus nuálaíocht, lena n-áirítear i gclár Fís Eorpach, mar thacaíocht do thosaíochtaí beartais an Aontais. Leis an bpróiseas pleanála faoin gclár Fís Eorpach sainaithneofar gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta ar cheart úsáid a bhaint as bonneagair ar leis an Aontas iad amhail Galileo, EGNOS agus Copernicus lena n-aghaidh. Beidh bonneagair thaighde, go háirithe líonraí breathnóireachta in situ, ina ngnéithe ríthábhachtacha den bhonneagar breathnóireachta in situ a dhéanann Seirbhísí Copernicus a chumasú.
(11) Na sócmhainní uile idir nithiúil agus neamhnithiúil a cruthaíodh nó a forbraíodh le soláthar poiblí a mhaoinigh an tAontas, tá sé tábhachtach go mbeidh úinéireacht ag an Aontas orthu. Chun a áirithiú go n-urramófar go hiomlán na cearta bunúsacha uile a bhaineann le húinéireacht, ba cheart na socruithe riachtanacha a dhéanamh le haon úinéir atá ann cheana. Ba cheart úinéireacht sin an Aontais a bheith gan dochar don deis a bheith ag an Aontas, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus i gcás ina measfar gurb iomchuí sin ar bhonn measúnú de réir an cháis, na sócmhainní sin a chur ar fáil do thríú páirtithe nó iad a dhiúscairt.
(11a) Chun go spreagfar an úsáid is leitheadaí is féidir a bheith á baint as na seirbhísí a sholáthraíonn an Clár, bheadh sé úsáideach a áitiú go soláthraítear sonraí, faisnéis agus seirbhísí gan ráthaíocht gan dochar d’oibleagáidí arna bhforchur le forálacha atá ceangailteach ó thaobh dlí.
(11b) Ba cheart don Choimisiún, agus cúraimí áirithe dá chuid atá de chineál neamhrialála á ndéanamh aige, i gcás inar gá agus a mhéid is gá, dul i muinín cúnamh teicniúil ó pháirtithe seachtracha áirithe. Féadfaidh eintitis eile a bhfuil baint acu le rialachas poiblí na gclár úsáid a bhaint as an gcúnamh teicniúil céanna agus iad ag déanamh na gcúraimí a chuirfear orthu faoin Rialachán seo.
(12) Leagtar síos sa Rialachán seo imchlúdach airgeadais don chlár arb éard a bheidh ann an príomh-mhéid tagartha do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil, de réir bhrí phointe 17 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais.
(13) Mar léiriú ar a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanais an Aontais Comhaontú Pháras agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme, cuideoidh an Clár sin na bearta ar son na haeráide a phríomhshruthú agus an sprioc fhoriomlán a bhaint amach go gcaithfear 25 % de chaiteachais bhuiséadacha an Aontais mar thacaíocht do chuspóirí aeráide. Sainaithneofar bearta ábhartha le linn ullmhú agus chur chun feidhme an Chláir, agus déanfar athmheasúnú ar na bearta sin mar chuid de na meastóireachtaí agus na próisis athbhreithnithe ábhartha.
(14) ▌ Ba cheart aon ioncam a ghinfidh comhpháirteanna an Chláir fabhrú chuig an Aontas chun go gcúiteofar go páirteach na hinfheistíochtaí atá déanta aige cheana, agus ba cheart an t-ioncam sin a úsáid chun tacú le saothrú chuspóirí an Chláir. Ar an gcúis chéanna, ba cheart an deis a bheith ann foráil a dhéanamh maidir le sásra comhroinnte ioncaim in aon chonradh a chuirfear i gcrích le heintitis san earnáil phríobháideach.
(15) Ós rud é, i bprionsabal, gurb é an tAontas a mhaoiníonn an Clár, ba cheart conarthaí a thabharfar i gcrích faoin gclár seo le haghaidh gníomhaireachtaí a mhaoiníonn an Clár a bheith i gcomhréir le rialacha an Aontais. Sa chomhthéacs sin, ba cheart an cúram na cuspóirí atá le baint amach i leith soláthar poiblí a bheith ar an Aontas freisin. Tugtar ar aird go bhforáiltear sa Rialachán Airgeadais go bhféadfaidh an Coimisiún, ar bhonn torthaí measúnaithe ex ante, a bheith ag dul i muinín ar chórais agus ar nósanna imeachta na ndaoine nó na n-eintiteas a bhfuil cistí de chuid an Aontais á gcur chun feidhme acu. Maidir le coigeartuithe sonracha is gá a dhéanamh ar na rialacha sin, chomh maith leis na socruithe le haghaidh shíneadh na gconarthaí atá ann cheana, ba cheart go saineofaí iad sa chomhaontú comhpháirtíochta maidir le creat airgeadais nó sa chomhaontú ranníocaíochta.
(16) Tá an Clár ag brath ar theicneolaíochtaí casta atá á bhforbairt an t-am ar fad. Ós rud é go bhfuil, bíonn éiginnteacht agus riosca ag baint le conarthaí poiblí arna dtabhairt i gcrích faoin gclár sin, sa mhéid go mbaineann gealltanais fhadtéarmacha maidir le trealamh nó seirbhísí leis na conarthaí sin. Dá bhrí sin, is gá bearta sonracha a bheith ann maidir le conarthaí poiblí sa bhreis ar na rialacha a leagtar amach sa Rialachán Airgeadais. Ba cheart, dá bhrí sin, go bhféadfaí conradh a dhámhachtain i bhfoirm conartha lena bhfuil céimeanna coinníollacha íocaíochtaí i gceist, leasú a thabhairt isteach sa chonradh, faoi choinníollacha áirithe, i gcomhthéacs a fheidhmíochta nó íosleibhéal fochonraitheoireachta a fhorchur, go háirithe chun rannpháirtíocht fiontar beag agus meánmhéide agus gnólachtaí nuathionscanta a chumasú. Ar deireadh, i ngeall ar na héiginnteachtaí teicneolaíocha a bhaineann le comhpháirteanna an Chláir, ní féidir i gcónaí praghsanna conarthaí poiblí a thuar go beacht agus ba cheart an deis a bheith ann dá bhrí sin conarthaí a thabhairt i gcrích gan praghas seasta cinntitheach a shonrú agus clásail chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint a chur sna conarthaí sin.
(16a) Chun éileamh poiblí agus nuálaíocht na hearnála poiblí a chothú, ba cheart don Chlár úsáid sonraí, faisnéise agus seirbhísí an Chláir a chur chun cinn chun tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt réiteach saincheaptha ag an lucht tionscail agus ag FMBanna ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach trí chomhpháirtíochtaí nuálaíochta a bhaineann leis an spás, amhail dá dtagraítear i bpointe 7 d’Iarscríbhinn 1 den Rialachán Airgeadais, sa chaoi go bhféadfar na céimeanna uile a chumhdach, ón gcéim forbartha suas go dtí go ndéanfar réitigh spáis atá idir-inoibritheach agus saincheaptha a imscaradh agus a sholáthar le haghaidh seirbhísí poiblí.
(17) Chun cuspóirí an Chláir a bhaint amach, tá sé tábhachtach go mbeidh an deis ann, más iomchuí, acmhainní a úsáid a chuirfidh eintitis phoiblí agus phríobháideacha an Aontais atá gníomhach i réimse an spáis, agus, chomh maith leis sin, an deis a bheith ann a bheith ag obair ar an leibhéal idirnáisiúnta le tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta. Ar an ábhar sin, ní mór foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht úsáid a bhaint as na huirlisí agus modhanna bainistíochta ábhartha uile dá bhforáiltear sa Chonradh agus sa Rialachán Airgeadais ▌ agus as nósanna imeachta comhsholáthair.
(18) Maidir le deontais go sonrach, foghlaimíodh le himeacht ama gur fearr a fheidhmíonn úsáid úsáideoirí agus margaí agus obair ghinearálta for-rochtana ar bhealach díláraithe ná ón mbarr anuas agus an Coimisiún mar thionscnóir. Ar na bearta is fearr ar éirigh leo i gcás nuatheachtaithe agus fiontair bheaga agus mheánmhéide tá na dearbháin, foirm tacaíochta airgeadais ó fhaighteoir deontais do thríú páirtithe. Mar sin féin, chuir an uasteorainn a forchuireadh leis an Rialachán Airgeadais bac ar na dearbháin sin. Dá bhrí sin, ba cheart an uasteorainn sin a ardú do Chlár Spáis AE chun go mbeifear bord ar bhord le poitéinseal na bhfeidhmeanna margaidh san earnáil spáis.
(19) Na cineálacha maoiniúcháin agus na modhanna cur chun feidhme a úsáidfear faoin Rialachán seo, is ar bhonn a fhónta atá siad ó thaobh cuspóirí sonracha na mbeart a bhaint amach agus torthaí a thabhairt ba cheart iad a roghnú agus aird á tabhairt go háirithe ar chostais rialuithe, ar an ualach riaracháin, agus ar an riosca neamhchomhlíonta a mheasfar a bheith ann. Ba cheart cuimhneamh ar úsáid a bhaint as cnapshuimeanna, rátaí comhréidhe agus costais aonaid agus maoiniú nach mbaineann le costais, dá dtagraítear in [Airteagal 125(1)] den Rialachán Airgeadais mar chuid den roghnú sin.
(20) Tá feidhm ag Rialachán (AE, Euratom) Uimh. [an Rialachán Airgeadais nua] (an ‘Rialachán Airgeadais’) maidir leis an gclár seo. Leagtar síos ann rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear na rialacha maidir le deontais, duaiseanna, soláthar, cur chun feidhme neamhdhíreach, cúnamh airgeadais, ionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha.
(21) De bhun [tagairt le nuashonrú de réir cinneadh nua maidir le OCTanna: Airteagal 88 de Chinneadh …/…/AE ón gComhairle], ba cheart daoine agus eintitis atá lonnaithe i dtíortha agus críocha thar lear a bheith incháilithe cistiú a fháil faoi réir rialacha agus chuspóirí an Chláir agus faoi réir aon socrú féideartha is infheidhme maidir leis an mBallstát atá nasctha leis an tír nó leis an gcríoch ábhartha thar lear.
(22) Beidh feidhm ag rialacha cothrománacha airgeadais arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin sa Rialachán Airgeadais agus socraítear leo go háirithe an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme le deontais, soláthar, duaiseanna agus cur chun feidhme neamhdhíreach agus déantar foráil leo maidir le seiceálacha i dtaobh freagracht gníomhaithe airgeadais. Na rialacha a glacadh ar bhonn Airteagal 322 CFAE, baineann siad freisin le cosaint bhuiséad an Aontais i gcás easnaimh ghinearálaithe maidir le smacht reachta sna Ballstáit, ós rud é gur réamhchoinníoll riachtanach é urramú an smachta reachta i dtaca le bainistíocht fhónta airgeadais agus cistiú éifeachtach ón Aontas.
(23) I gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(5) (an “Rialachán Airgeadais”), Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2988/95(6) ón gComhairle, agus Rialachán (Euratom, AE) Uimh. 2185/96(7) ón gComhairle, déanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha, lena n-áirítear trí neamhrialtachtaí agus calaois a chosc, a bhrath, a cheartú agus a fhiosrú, trí chistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a aisghabháil agus, i gcás inarb iomchuí, smachtbhannaí riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96, féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, chun a dhéanamh amach an ndearnadh calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, féadfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) calaois agus cionta coiriúla eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú, de réir mar a fhoráiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(8). I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ní mór d'aon duine nó d'aon eintiteas a fhaigheann cistí ón Aontas comhoibriú go hiomlán i leith cosaint leasanna airgeadais an Aontais agus na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, do OIPE agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE), agus ní mór dó a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtí a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha.
(24) Féadfaidh tríú tíortha ar comhaltaí iad de ▌ LEE ▌ a bheith rannpháirteach i gcláir de chuid an Aontais faoi chuimsiú an chomhair arna bhunú faoin gcomhaontú leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, ina ndéantar foráil maidir le cur chun feidhme na gclár a dhéanfar le cinneadh faoin gcomhaontú sin. Féadfaidh tríú tíortha a bheith páirteach ar bhonn ionstraimí dlí eile freisin. Ba cheart sainfhoráil a thabhairt isteach sa Rialachán seo chun na cearta agus an rochtain is gá a dheonú don oifigeach údarúcháin atá freagrach, do ▌ OLAF ▌ chomh maith le Cúirt Iniúchóirí na hEorpa chun a n-inniúlachtaí faoi seach a fheidhmiú ar dhóigh chuimsitheach.
(25) Chun go ndéanfar rialachas poiblí fónta ar an gClár, ní mór na freagrachtaí agus na cúraimí a leithdháileadh go soiléir idir na heintitis éagsúla lena mbaineann chun forluí neamhriachtanach a sheachaint agus chun róchaiteachas agus moilleanna a laghdú. Ba cheart do ghníomhaithe uile an rialachais, in a réimse inniúlachta agus i gcomhréir lena bhfreagrachtaí, tacú le baint amach chuspóirí an Chláir.
(26) Is fada an lá atá na Ballstáit gníomhach i réimse an spáis. Tá córas, bonneagar, gníomhaireachtaí náisiúnta agus comhlachtaí acu atá nasctha leis an spás. Dá bhrí sin, is féidir leo rannchuidiú go mór leis an gClár, go háirithe lena chur chun feidhme ▌. D’fhéadfaidís comhoibriú ▌ leis an Aontas chun seirbhísí agus feidhmchláir an Chláir a chur chun cinn. D’fhéadfadh sé go mbeadh an Coimisiún in ann na hacmhainní atá ar fáil do na Ballstáit a úsáid, cúnamh a fháil uathu,agus, faoi réir coinníollach arna gcomhaontú go frithpháirteach, cúraimí neamhrialála a chur ar na Ballstáit i leith chur chun feidhme an Chláir ▌. Ar a bharr sin, ba cheart do na Ballstáit lena mbaineann na bearta uile is gá a dhéanamh chun cosaint stáisiún ar talamh a bheidh suite ina gcríocha a áirithiú. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún oibriú le chéile leis na comhlachtaí iomchuí idirnáisiúnta agus leis na húdaráis rialála iomchuí chun a áirithiú go ndéanfar na minicíochtaí is gá don Chlár a chur ar fáil agus go ndéanfar é a chosaint ar an leibhéal leordhóthanach le haghaidh fhorbairt agus chur chun feidhme iomlán na bhfeidhmchlár a bheidh bunaithe ar na seirbhísí sin, i gcomhréir le Cinneadh Uimh. 243/2012/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 lena mbunaítear clár beartais radaispeictrim ilbhliantúil(9).
(26a) In imthosca áirithe a bhfuil údar cuí leo, d’fhéadfadh an Ghníomhaireacht cúraimí sonracha a chur ar na Ballstáit nó ar ghrúpa Ballstát. Níor cheart déanamh amhlaidh ach amháin maidir le gníomhaíochtaí nach bhfuil sé ar chumas na Gníomhaireachta iad a dhéanamh í féin ná níor cheart go ndéanfadh sé dochar do rialachas an Chláir agus do leithdháileadh na gcúraimí mar a shainítear sa Rialachán seo.
(27) Ós rud é gur aidhm leis an gCoimisiún leas ginearálta an Aontais a chur chun cinn, is faoin gCoimisiún atá sé maoirsiú a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chláir, a bheith freagrach as go foriomlán agus a úsáid a chur chun cinn. Chun acmhainní agus inniúlachtaí na ngeallsealbhóirí éagsúla a bharrfheabhsú, ba cheart an deis a bheith ag an gCoimisiún cúraimí áirithe a tharmligean. Ar a bharr sin, is leis an gCoimisiún is fearr is féidir a dhéanamh amach cé na príomhriachtanais theicniúla agus oibríochtúla is gá chun éabhlóid córas agus seirbhísí a chur chun feidhme.
(28) Is é misean Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis ("an Ghníomhaireacht") atá ag teacht in ionad na Gníomhaireachta Eorpaí GNSS arna bunú le Rialachán (AE) Uimh. 912/2010, agus i gcomharbacht uirthi, ná cur leis an gClár, go háirithe maidir le creidiúnú slándála mar aon le forbairt an mhargaidh agus forbairt feidhmchlár iartheachtach. Dá bhrí sin, ba cheart cúraimí áirithe a bhaineann leis na réimsí sin a shannadh don Ghníomhaireacht. Maidir le slándáil go háirithe, agus ós rud é go bhfuil taithí aige sa réimse sin, ba cheart an Ghníomhaireacht a bheith freagrach as na cúraimí creidiúnaithe slándála i gcás bhearta uile an Aontais in earnáil an spáis. Ag cur lena bhfuil bainte amach aici go dtí seo i dtaobh ghlacadh Galileo agus EGNOS ag úsáideoirí agus sa mhargadh, ba cheart cúraimí i dtaca le gníomhaíochtaí maidir le glacadh úsáideoirí, a bhaineann le comhpháirteanna an Chláir seachas Galileo agus EGNOS, a chur ar an nGníomhaireacht, mar aon le gníomhaíochtaí forbartha feidhmchlár iartheachtach le haghaidh gach comhpháirt den Chlár. D’fhágfadh sé sin go bhféadfaí leas a bhaint as barainneachtaí scála agus deis a chur ar fáil le haghaidh feidhmchláir a fhorbairt bunaithe ar roinnt comhpháirteanna éagsúla den Chlár (feidhmchláir chomhtháite). Níor cheart, áfach, go ndéanfadh na gníomhaíochtaí sin dochar don tseirbhís ná do na gníomhaíochtaí maidir le glacadh úsáideoirí, ar gníomhaíochtaí iad a chuirfidh an Coimisiún de chúram ar eintitis a bhfuil cúraimí de chuid Copernicus curtha orthu cheana. Ní hionann an cúram feidhmchlár iartheachtacha a fhorbairt a chur ar an nGníomhaireacht agus cosc a chur ar fhorbairt feidhmeanna iartheachtacha ag eintitis eile ar cuireadh cúraimí orthu. Lena chois sin, ba cheart di na cúraimí a chuirfidh an Coimisiún uirthi a dhéanamh trí bhíthin comhaontú ranníochtaíochta amháin nó níos mó faoi chomhaontú comhpháirtíochta maidir le creat airgeadais lena gcumhdaítear ▌ cúraimí sonracha éagsúla eile a bhaineann leis an gClár. Agus cúraimí á gcur ar an nGníomhaireacht, ba cheart acmhainní leormhaithe daonna, riaracháin agus airgeadais a chur ar fáil.
(28a) Is córais chasta iad Galileo agus EGNOS a bhfuil gá le dianchomhordú ina leith. De bhrí gur comhpháirteanna de chuid an Aontais iad Galileo agus EGNOS, ba cheart gur institiúid de chuid an Aontais nó comhlacht de chuid an Aontais a dhéanfadh an comhordú sin. Agus í ag cur leis an saineolas a forbraíodh le blianta beaga anuas, is í an Ghníomhaireacht an comhlacht is iomchuí chun comhordú a dhéanamh ar na cúraimí oibríochtúla uile a bhaineann le saothrú na gcóras sin, ach amháin an comhar idirnáisiúnta. Ba cheart, dá bhrí sin, bainistiú agus saothrú EGNOS agus Galileo a chur de chúram ar an nGníomhaireacht. Mar sin féin, ní hionann sin agus a rá gur cheart don Ghníomhaireacht na cúraimí ar fad a bhaineann le saothrú na gcóras a dhéanamh í féin. D’fhéadfadh sí dul i muinín shaineolas na n-eintiteas eile, go háirithe Gníomhaireacht Spáis na hEorpa. Ba cheart go n-áiritheofaí leis sin na gníomhaíochtaí maidir le héabhlóid córas, dearadh agus forbairt codanna de chuid na talún agus satailítí, ar cúraimí iad a d’fheadfaí a chur ar Ghníomhaireacht Spáis na hEorpa. Le leithdháileadh na gcúraimí, cuirfear le hinniúlacht na n-eintiteas sin agus ba cheart go seachnófaí dúbailt oibre.
(29) Is éard atá i nGníomhaireacht Spáis na hEorpa, eagraíocht idirnáisiúnta ag a bhfuil saineolas fairsing i réimse an spáis agus a chuaigh isteach i gComhaontú Réime leis an gComhphobal Eorpach in 2004. Dá bhrí sin, is comhpháirtí tábhachtach i gcur chun feidhme an Chláir í agus ba cheart ▌ caidreamh iomchuí a chur ar bun léi. Maidir leis sin, agus i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ba cheart don Choimisiún comhaontú réime airgeadais a thabhairt i gcrích le Gníomhaireacht Spáis na hEorpa agus leis an nGníomhaireacht lena rialófar an caidreamh airgeadas uile idir an Coimisiún, an Ghníomhaireacht agus Gníomhaireacht Spáis na hEorpa agus lena n-áiritheofar go mbeidh siad comhsheasmhach agus i gcomhréir leis an gComhaontú Réime arna thabhairt i gcrích idir Comhphobal na hEorpa agus Gníomhaireacht Spáis na hEorpa, go háirithe le hAirteagal 2 agus le hAirteagal 5 de. Mar sin féin, ós rud é nach comhlacht de chuid an Aontais í Gníomhaireacht Spáis na hEorpa agus nach bhfuil sí faoi réir dhlí an Aontais, tá sé buntábhachtach a áirithiú go ndéanfaidh Gníomhaireacht Spáis na hEorpa bearta iomchuí chun cosaint leasanna an Aontais agus a Bhallstát a áirithiú,agus, maidir le cur chun feidhme an bhuiséid, go gcomhlíonfaidh na cúraimí a chuirfear uirthi na cinntí a dhéanfaidh an Coimisiún. Ba cheart na clásail uile is gá chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint a bheith sa chomhaontú freisin.
(30) Bhí feidhmiú SATCEN mar acmhainneacht uathrialach Eorpach, lena dtugtar rochtain ar fhaisnéis agus seirbhísí a thagann as saothrú na sócmhainní spáis ábhartha agus na sonraí comhthaobhacha, aitheanta cheana i gcur chun feidhme Chinneadh Uimh. 541/2014/AE.
(31) Chun ionadaíocht na n-úsáideoirí a fhréamhú i rialachas GOVSATCOM agus chun riachtanais agus ceanglais úsáideoirí a chomhthiomsú thar theorainneacha náisiúnta agus sibhialta-mhíleata, féadfaidh róil chomhordúcháin le haghaidh grúpaí sonracha úsáideoirí a bheith ag na heintitis ábhartha de chuid an Aontais a bhfuil dlúthnaisc acu le húsáideoirí amhail an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint, an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí, an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí, an Cumas Míleata Pleanála agus Forfheidhmithe/an Cumas Sibhialtach Pleanála agus Forfheidhmithe agus an Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha. Ar leibhéal comhthiomsaithe, ba cheart don Ghníomhaireacht agus don Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint comhordú a dhéanamh ar ghnéithe a bhaineann le húsáideoirí do na pobail úsáideoirí sibhialta ▌agus féadfaidh siad faireachán a dhéanamh ar úsáid oibríochtúil, ar éileamh, ar chomhlíonadh ceanglas, agus ar éabhlóid ar riachtanais agus ceanglais.
(32) De bharr a thábhachtaí atá gníomhaireachtaí a bhaineann leis an spás do gheilleagar an Aontais agus do shaol shaoránaigh an Aontais, agus ós gur córais agus feidhmchláir dé-úsáide iad na córais agus na feidhmchláir atá bunaithe ar na córais sin, ba cheart é a bheith ina phríomhthosaíocht ag an gClár ardleibhéal slándála a bhaint amach agus a choinneáil ar bun, go háirithe chun leasanna an Aontais agus a Bhallstát a chosaint, lena n-áirítear an méid a bhaineann le faisnéis rúnaicmithe agus le faisnéis íogair eile nach bhfuil rúnaicmithe.
(33) Gan dochar do shainchumais na mBallstát i réimse na slándála náisiúnta, ba cheart don Choimisiún agus don Ard-Ionadaí, ina réimse inniúlachta féin, slándáil an Chláir a áirithiú i gcomhréir leis an Rialachán seo agus, i gcás inar ábhartha, le Cinneadh 201x/xxx/CFSP ón gComhairle(10).
(33a) Ós rud é go bhfuil saineolas sonrach ag SEGS agus go mbíonn teagmháil rialta aici le riaracháin tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, féadfaidh SEGS cuidiú leis an gCoimisiún cúraimí áirithe dá chuid a chur i gcrích, ar cúraimí iad a bhaineann le slándáil na gcóras agus le slándáil an Chláir i réimse an chaidrimh eachtraigh, i gcomhréir le Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle.
(34) Gan dochar d’fhreagracht aonair na mBallstát i réimse na slándála náisiúnta, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 4(2) CAE, agus don cheart atá ag na Ballstáit a leasanna bunúsacha slándála a chosaint i gcomhréir le hAirteagal 346 CFAE, ba cheart rialachas sonrach slándála a bhunú chun cur chun feidhm rianúil an Chláir a áirithiú. Ba cheart go mbeadh an rialachas ▌ bunaithe ar thrí phríomhphrionsabal. Ar an gcéad dul síos, ní mór an taithí leathan uathúil ar chúrsaí slándála atá ag na Ballstáit a chur san áireamh a mhéid is féidir. Ar an dara dul síos, chun nach mbeidh coinbhleachtaí leasa ann ná aon laigí i gcur i bhfeidhm na rialacha slándála, ní mór na feidhmeanna oibríochtúla a dhealú ó na feidhmeanna creidiúnaithe slándála. Ar an tríú dul síos, an t-eintiteas a bhfuil sé de chúram air na comhpháirteanna uile den Chlár nó cuid acu a bhainistiú, is é is fearr is féidir slándáil na cúraimí atá air a bhainistiú. Le slándáil an Chláir, cuirfear leis an taithí a fuarthas le linn chur chun feidhme Galileo, EGNOS agus Copernicus le roinnt blianta anuas. Lena chois sin, chun go mbeidh rialachas fónta slándála ann, ní mór na róil a dháileadh go hiomchuí ar na gníomhaithe éagsúla. Ós rud é gur air atá an fhreagracht as an gCláir, ba cheart don Choimisiún, gan dochar do shainchumais na mBallstát i réimse na slándála náisiúnta, na ceanglais ghinearálta slándála is infheidhme a chinneadh maidir le gach ceann de chomhpháirteanna an Chláir.
(34x) Tá cibearshlándáil bhonneagair spáis na hEorpa, ar an talamh agus i spás araon, ríthábhachtach maidir le leanúnachas oibríochtaí na gcóras agus leanúnachas seirbhísí a áirithiú. Ba cheart, dá bhrí sin, aird chuí a thabhairt ar an ngá atá leis na córais agus a seirbhísí a chosaint ó chibir-ionsaithe, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí nua, agus ceanglais slándála á mbunú.
(34a) Ba cheart don Choimisiún struchtúr faireacháin slándála a shainaithint i gcás inarb iomchuí tar éis an anailís ar rioscaí agus bagairtí a bheith déanta. Ba cheart gurbh é an comhlacht faireacháin slándála sin an t-eintiteas a fhreagróidh ar threoracha arna bhforbairt faoi raon feidhme Chinneadh 201x/xxx/CBES. I gcás Galileo, ba cheart gurbh é Lárionad Faireacháin Slándála Galileo an comhlacht sin. Maidir le cur chun feidhme Chinneadh 20xx/xxx/CBES, beidh ról an Bhoird Creidiúna Slándála teoranta d’ionchuir a bhaineann le creidiúnú slándála an chórais a thabhairt don Chomhairle agus/nó dá roinn acmhainní daonna.
(35) De bharr a uathúla agus a chasta atá an Clár agus go bhfuil nasc atá aige le slándáil, ba cheart prionsabail aitheanta sheanbhunaithe a leanúint maidir le creidiúnú slándála. Ní mór, mar sin, gníomhaíochtaí creidiúnaithe slándála a dhéanamh ar bhonn na freagrachta coitinne as slándáil an Aontais agus a Bhallstáit, trí gach dícheall a dhéanamh comhthoil a thógáil agus trí iad siúd uile lena mbaineann ceist na slándála a thabhairt isteach sa phróiseas, agus ní mór nós imeachta maidir le faireachán buan ar riosca a chur ar bun. Ní mór freisin gníomhaíochtaí teicniúla creidiúnaithe slándála a chur de chúram ar dhaoine gairmiúla atá cáilithe go hiomchuí sa réimse a bhaineann le córais chasta a chreidiúnú agus ag a bhfuil leibhéal leordhóthanach imréitigh slándála acu.
(35x) Déanfar faisnéis rúnaicmithe AE (FRAE) a láimhseáil i gcomhréir leis na rialacha slándála mar a leagtar amach i gCinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún agus i gCinneadh 2013/488/AE ón gComhairle. I gcomhréir leis an gCinneadh ón gComhairle, ní mór do na Ballstáit na prionsabail agus na híoschaighdeáin atá leagtha síos iontu a urramú chun a áirithiú go dtabharfar leibhéal coibhéiseach cosanta do FAEA.
(36) Chun malartú slán faisnéise a áirithiú, ba cheart comhaontuithe iomchuí a bhunú chun cosaint a áirithiú d’fhaisnéis rúnaicmithe AE arna soláthar do thríú tíortha agus d’eagraíochtaí idirnáisiúnta i gcomhthéacs an Chláir.
(37) Is éard atá i gceist le ceann de phríomhchuspóirí an Chláir, a áirithiú go mbeidh sé uathrialach ó thaobh slándála agus straitéise de, rud a neartóidh a chumas gníomhú in earnálacha iomadúla, go háirithe slándáil, agus tairbhe a bhaint as na deiseanna a bhaineann leis an spás ó thaobh shlándáil an Aontais agus a Bhallstát de. Chun an cuspóir sin a bhaint amach ní mór rialacha diana maidir le hincháilitheacht na n-eintiteas dá dtabharfar cead páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí a mhaoinítear faoin gClár ar gá rochtain a bheith acu ar fhaisnéis rúnaicmithe de chuid an Aontais (EUCI) nó faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe de chuid an Aontais chun iad a dhéanamh.
(37a) I gcomhthéacs an Chláir, maidir le roinnt faisnéise atá ann, cé nach bhfuil sí rúnaicmithe, tá sí le láimhseáil i gcomhréir le gníomhartha atá i bhfeidhm cheana nó i gcomhréir na ndlíthe, rialacha agus rialacháin náisiúnta, lena n-áirítear trí bhíthin teorainneacha leithdháileacháin.
(38) Tá méadú ag teacht ar líon na bpríomhearnálacha eacnamaíocha, go háirithe na n-earnálacha iompair, teileachumarsáide, talmhaíochta agus fuinnimh, a bhfuil an úsáid a bhaineann siad as córais loingseoireachta satailíte agus breathnóireachta Cruinne ag dul i méid. Ba cheart don Chlár sineirgí idir na hearnálacha sin a shaothrú, agus aird á tabhairt ar na tairbhí do na hearnálacha sin a thagann as teicneolaíochtaí spáis, agus ba cheart dó tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt trealaimh chomhoiriúnaigh agus forbairt caighdeáin agus deimhnithe ábhartha a chur chun cinn. Tá méadú ag teacht freisin ar shineirgí idir gníomhaíochtaí spáis agus gníomhaíochtaí a bhaineann le slándáil agus cosaint an Aontais agus a chuid Ballstát. Dá mbeadh smacht iomlán ar loingseoireacht satailíte, ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh an tAontas neamhspleách ó thaobh na teicneolaíochta de, lena n-áirítear san fhadtéarma i gcás comhpháirteanna trealaimh bhonneagair agus ba cheart go n-áiritheodh sin go mbeadh sé uathrialach ó thaobh straitéise de.
(39) Is é is aidhm leis an gclár Galileo an chéad bhonneagar domhanda loingseoireachta agus suite satailíte atá deartha go sonrach chun críocha sibhialta a chur ar bun agus a oibriú, ar bonneagar é is féidir le gníomhaithe éagsúla poiblí agus príobháideacha san Eoraip agus ar fud an domhain a úsáid. Feidhmíonn Galileo go neamhspleách ar chórais eile atá ann nó is féidir a bheith ann, sa chaoi go gcuireann sé, le cois nithe eile, le huathriail straitéiseach an Aontais. Ba cheart an dara glún den chóras a chur i bhfeidhm go céimnitheach roimh 2030, agus acmhainn oibríochtúil laghdaithe aige ar dtús.
(40) Is é is aidhm le EGNOS cáilíocht na gcomharthaí ó na córais dhomhanda um loingseoireacht satailíte atá ann a fheabhsú, go háirithe na comharthaí a astaíonn córas Galileo. Ba cheart na seirbhísí a sholáthraíonn EGNOS, mar thosaíocht, críocha na mBallstát atá lonnaithe go geografach san Eoraip, lena n-áirítear chun na críche seo, an Chipir, na hAsóir, na hOileáin Chanáracha agus Maidéara, a chumhdach faoi dheireadh 2026. I réimse na heitlíochta, ba cheart go mbainfeadh na críocha sin go léir tairbhe as EGNOS le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta maidir leis na leibhéil feidhmíochta uile a fhaigheann tacaíocht ó EGNOS. B'fhéidir cumhdach geografach na seirbhísí a sholáthraíonn EGNOS a leathnú go réigiúin eile sa domhan, ar choinníoll go mbeadh sin indéanta ó thaobh na teicneolaíochta de, agus, ar mhaithe le sábháilteacht na beatha, ar bhonn comhaontuithe idirnáisiúnta. Gan dochar do Rialachán (AE) 2018/1139 ná don fhaireachán is gá a dhéanamh ar cháilíocht seirbhíse Galileo chun críocha eitlíochta, ba cheart a thabhairt d’aire, cé gur féidir na comharthaí a astaíonn Galileo a úsáid go héifeachtach chun suí aerárthaí a éascú i ngach céim eitilte, tríd an gcóras méadúcháin is gá a úsáid (eitleonaic áitiúil, réigiúnach, nó ar bord), nach féidir ach córais áitiúla nó réigiúnacha méadúcháin amhail EGNOS san Eoraip a bheith ina seirbhísí bainistithe aerthráchta (ATM) agus ina seirbhísí aerloingseoireachta (ANS). Ba cheart seirbhís sábháilteachta beatha EGNOS a sholáthar i gcomhréir leis na caighdeáin is infeidhme de chuid ICAO.
(41) Tá sé ríthábhachtach inbhuanaitheacht ▌ chórais ▌ Galileo agus EGNOS agus leanúnachas, infhaighteacht, cruinneas agus slándáil a gcuid seirbhísía áirithiú. I bhfianaise na n-athruithe a bhíonn ag teacht ar an timpeallacht agus na forbartha tapa atá ag teacht ar an margadh, ba cheart leanúint dá bhforbairt agus glúin nua de na córais sin, lena n-áirítear forbairt ghaolmhar maidir le cuid an spáis agus cuid na talún, a ullmhú.
▌
(43) An téarma ‘seirbhís tráchtála’ a úsáidtear i Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le cur chun feidhme agus saothrú córas Eorpach um loingseoireacht satailíte agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 876/2002 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(11), níl sé oiriúnach níos mó de bharr éabhlóid na seirbhíse sin. Ina ionad sin, tá dhá sheirbhís éagsúla sainaitheanta, eadhon an tseirbhís ardbheachtais agus an tseirbhís fíordheimhniúcháin(12).
(44) Chun úsáid na seirbhísí a sholáthraítear a bharrfheabhsú, ba cheart na seirbhísí a sholáthraíonn Galileo agus EGNOS a bheith comhoiriúnach agus idir-inoibritheach le chéile, lena n-áirítear ar leibhéal na n-úsáideoirí, agus, a mhéid is féidir, le córais eile um loingseoireacht satailíte agus le gnáthmhodhanna radaloingseoireachta, i gcás ina leagfar an chomhoiriúnacht sin agus an idir-inoibritheacht síos i gcomhaontú idirnáisiúnta, gan dochar don chuspóir uathriail straitéiseach a bheith ag an Aontas.
(45) I bhfianaise na tábhachta atá le bonneagar ar talamh Galileo agus EGNOS agus a thionchair ar a slándáil, is é an Coimisiún ba cheart suíomh an bhonneagair a shocrú. Ba cheart próiseas oscailte agus trédhearcach a leanúint i gcónaí maidir le himlonnú bonneagair ar talamh na gcóras, imlonnú a bhféadfadh an Ghníomhaireacht a bheith rannpháirteach ann, i gcás inarb iomchuí agus bunaithe ar a réimse inniúlachta.
(46) Chun leasanna socheacnamaíocha Galileo agus EGNOS a uasmhéadú, go háirithe i réimse na slándála, agus, an am céanna, rannchuidiú le huathriail straitéiseach an Aontais, go háirithe in earnálacha íogaire agus i réimse na sábháilteachta agus na slándála, ba cheart úsáid na seirbhísí a sholáthraíonn EGNOS agus Galileo i mbeartais eile de chuid an Aontais a chur chun cinn freisin trí bhealaí rialála i gcás ina bhfuil údar leis sin agus tairbhe le baint as. Is cuid thábhachtach den phróiseas iad freisin bearta chun úsáid na seirbhísí sin i ngach Ballstát a spreagadh.
(47) Ba cheart rochtain uathrialach ar eolas timpeallachta agus ar phríomhtheicneolaíochtaí i leith seirbhísí breathnóireachta na Cruinne agus geofhaisnéise a áirithiú le Copernicus, agus, sa chaoi sin tacú a thabhairt don Aontas maidir le cinnteoireacht neamhspleách agus gníomhaíochtaí neamhspleácha a dhéanamh sna réimsí seo a leanas: an comhshaol, an t-athrú aeráide, cúrsaí na mara, cúrsaí muirí, talmhaíocht, forbairt tuaithe, cosaint oidhreachta cultúrtha, faireachán talún agus bonneagair, an tslándáil agus an geilleagar digiteach, le cois réimsí eile.
(47b) Le comhpháirteanna an Chláir, ba cheart go spreagfaí cur i bhfeidhm teicneolaíochta digití i gcórais spáis, dáileacháin sonraí agus seirbhísí agus forbartha iartheachtaí. Sa chomhthéacs sin ba cheart an aird ar leith a thabhairt ar na tionscnaimh agus ar na gníomhaíochtaí arna moladh ag an gCoimisiún ina Theachtaireacht an 14 Meán Fómhair 2016 dar teideal ‘Nascacht le haghaidh Margadh Aonair Digiteach Iomaíoch – i dtreo Sochaí Eorpach Ghigighiotáin’ agus Teachtaireacht an 14 Meán Fómhair 2016 dar teideal ‘5G don Eoraip: Plean Gníomhaíochta’.
(48) Maidir leis na gníomhaíochtaí agus na gnóthachain faoi Rialachán (AE) Uimh. 377/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(13) lena mbunaítear clár um breathnóireacht agus um fhaireachán na Cruinne (Copernicus) mar aon le Rialachán (AE) Uimh. 911/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gClár Eorpach um fhaireachán na Cruinne (GMES) agus a oibríochtaí tosaigh(14) lena mbunaítear an clár um Fhaireachán Domhanda don Chomhshaol (GMES) a tháinig roimhe agus na rialacha maidir lena oibríochtaí tosaigh a chur chun feidhme, ba cheart, le Copernicus, cur leis na gníomhaíochtaí agus na gnóthachain sin agus iad a fheabhsú, agus aird á tabhairt ar threochtaí agus dul chun cinn teicneolaíochta a mbíonn tionchar acu ar réimse bhreathnóireacht na Cruinne, chomh maith le forbairtí in anailísíocht mhórshonraí agus san Intleacht Shaorga agus i straitéisí agus tionscnaimh gaolmhara ar leibhéal an Aontais(15). Maidir le sócmhainní nua a fhorbairt, ba cheart don Choimisiún oibriú i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, le Gníomhaireacht Spáis na hEorpa, le EUMETSAT agus, i gcás inarb iomchuí, le heintitis eile a bhfuil sócmhainní ábhartha spáis ábhartha agus sócmhainní ábhartha in situ ina seilbh acu. A mhéid is féidir, ba cheart do Copernicus úsáid a bhaint as acmhainneachtaí breathnóireachta ón spás na mBallstát, Gníomhaireacht Spáis na hEorpa, EUMETSAT(16), agus eintitis eile, lena n-áirítear tionscnaimh thráchtála san Eoraip, sa chaoi go gcuirfidh sé freisin le forbairt earnála spáis san Eoraip. Más indéanta agus iomchuí, ba cheart dó úsáid a bhaint chomh maith as na sonraí in situ agus coimhdeacha a sholáthraíonn na Ballstáit go príomha i gcomhréir le Treoir 2007/2/CE(17). Ba cheart don Coimisiún a bheith ag obair i gcomhar leis na Ballstáit agus leis an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil chun rochtain éifeachtúil agus úsáid éifeachtúil na dtacar sonraí in situ le haghaidh Copernicus a áirithiú.
(49) Ba cheart Copernicus a chur chun feidhme i gcomhréir le cuspóirí Threoir 2003/98/CE maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid arna leasú le Treoir 2013/37/AE an 26 Meitheamh 2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2003/98/CE maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí(18), is iad sin go háirithe trédhearcacht, cruthú dálaí atá oiriúnach do sheirbhísí a fhorbairt agus rannchuidiú le fás eacnamaíoch agus le cruthú post san Aontas. Ba cheart go mbeadh sonraí Copernicus agus faisnéis Copernicus ar fáil saor in aisce agus ar bhealach oscailte.
(49a) Ba cheart gach srian a bhaint den acmhainneacht atá ag Copernicus do shochaí agus geilleagar an Aontais chun lántairbhe a bhaint aisti thar na tairbhithe díreacha trí bhearta chun glacadh ag úsáideoirí a ghéarú, rud lena dteastaíonn gníomhaíocht bhreise chun na sonraí a bheith inúsáide ag daoine nach speisialaithe iad agus, sa chaoi sin, fás, cruthú post agus aistrithe eolais a spreagadh.
(50) Is clár é Copernicus atá faoi cheannas an úsáideora. Ba cheart, dá bharr sin, go mbeadh a éabhlóid bunaithe ar riachtanais athraitheacha croí-úsáideoirí Copernicus, agus ag an am céanna, aitheantas á thabhairt freisin do theacht chun cinn pobal úsáideoirí nua poiblí nó príobháideach. Ba cheart do Copernicus é féin a bhunú ar anailís a dhéanamh ar roghanna chun riachtanais athraitheacha úsáideoirí a chomhlíonadh, lena n-áirítear iad sin a bhaineann le beartais an Aontais a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh orthu, ar beartais iad lena dteastaíonn rannpháirtíocht éifeachtach úsáideoirí, go háirithe maidir le riachtanais a shainiú agus a bailíochtú.
(51) Tá Copernicus oibríochtúil cheana. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, leanúnachas a áirithiú maidir leis an mbonneagar agus na seirbhísí atá i bhfeidhm cheana, agus, ag an am céanna, a bheith ag oiriúnú do riachtanais úsáideoirí atá ag athrú, do thimpeallacht an mhargaidh, go háirithe teacht chun cinn gníomhaithe príobháideacha sa spás (“as Spás Nua”), agus d’fhorbairtí sochpholaitiúla a bhfuil gá le mearfhreagra ina leith. Leis sin, tá gá le héabhlóid ar struchtúr feidhmiúil Copernicus chun léiriú níos cruinne a thabhairt ar an aistriú ó chéad chéim na seirbhísí oibríochtúla go dtí seirbhísí atá níos dírithe ar phobail nua úsáideoirí agus ar mhargaí breisluacha iartheachtacha a chothú. Chuige sin, agus é á chur chun feidhme tuilleadh, ba cheart cur chuige a ghlacadh lena leanfar an slabhra luacha sonraí, i.e. gníomhaíochtaí maidir le sealbhú sonraí, próiseáil sonraí agus faisnéise, leithdháileadh agus saothrú, glacadh ag úsáideoirí agus ▌ sa mhargadh agus fothú acmhainneachta, agus, ag an am céanna, leis an bpróiseas pleanála straitéisigh faoi chuimse ‘Fís Eorpach’, saineofar gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a d’fhéadfadh úsáid a bhaint as Copernicus.
(52) Maidir le sealbhú sonraí, ba cheart é a bheith mar aidhm leis na gníomhaíochtaí faoi chuimsiú Copernicus, an bonneagar spáis atá ann cheana a chur i gcrích agus a chothabháil, ullmhúchán a dhéanamh le haghaidh ionadú fadtéarmach na satailítí ag deireadh a saolré, chomh maith le misin nua a thionscnamh lena dtabharfar aghaidh, go háirithe, ar chórais breathnóireachta nua chun tacú le dul i ngleic le dúshlán an athraithe aeráide dhomhanda (e.g. faireachán ar CO2 antrapaigineach agus ar astaíochtaí eile gás ceaptha teasa). Ba cheart cumhdach faireacháin domhanda na ngníomhaíochtaí faoi Copernicus a leathnú thar na réigiúin mholacha agus, leis na gníomhaíochtaí sin, tacú le dearbhú comhlíontachta comhshaoil, faireachán agus tuairisciú comhshaoil reachtúil agus feidhmchláir chomhshaoil nuálacha sa bhainistíocht talmhaíochta, foraoisí, acmhainní uisce agus mara agus san oidhreacht cultúrtha (e.g. le haghaidh faireachán ar bharra, bainistiú uisce agus faireachán feabhsaithe ar loisceadh). Agus é á dhéanamh sin, ba cheart do Copernicus na hinfheistíochtaí a rinneadh faoin tréimhse chistiúcháin roimhe sin (2014-2020), lena n-áirítear iad siúd ag na Ballstáit, GSE agus EUMETSAT, a ghiaráil agus an leas is mó is féidir a bhaint astu agus, san am céanna, samhlacha gnó agus oibríochtúla a fhiosrú chun comhlánú breise a dhéanamh ar acmhainneachtaí Copernicus. D’fhéadfadh Copernicus tógáil freisin ar chomhpháirtíochtaí rathúla le Ballstáit chun a ghné shlándála a fhorbairt a thuilleadh faoi shásraí rialachais iomchuí, chun freagairt ar riachtanais úsáideoirí i réimse na slándála atá ag athrú.
(53) Mar chuid den fheidhm próiseála sonraí agus faisnéise, ba cheart do Copernicus inbhuanaitheacht fhadtéarmach agus forbairt bhreise ▌seirbhísí Copernicus a áirithiú, agus faisnéis á cur ar fáil chun freastal ar riachtanais na hearnála poiblí agus na riachtanais a thagann as gealltanais idirnáisiúnta an Aontais, agus chun deiseanna do shaothrú tráchtála a uasmhéadú. Go háirithe, ba cheart do Copernicus faisnéis a sholáthar ar an leibhéal áitiúil, an leibhéal Eorpach agus an leibhéal domhanda maidir le comhdhéanamh an atmaisféir agus cáilíocht an aeir; faisnéis faoi staid agus dinimic na n-aigéan; faisnéis lena dtugtar tacaíocht d’fhaireachán ar thalamh agus ar oighear, ar faireachán é a thacaíonn le cur chun feidhme beartas áitiúil, beartas náisiúnta agus beartas de chuid an Aontais; faisnéis lena dtugtar tacaíocht d'oiriúnú agus maolú an athraithe aeráide; faisnéis gheospásúil lena dtugtar tacaíocht do bhainistiú éigeandála, lena n-áirítear trí ghníomhaíochtaí coisctheacha, áirithiú comhlíontachta comhshaoil agus slándáil shibhialta lena n-áirítear tacaíocht do ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais. Ba cheart don Choimisiún socruithe conarthacha iomchuí a shainaithint lena gcothaítear inbhuanaitheacht an tsoláthair seirbhíse.
(54) Agus é ag cur chun feidhme sheirbhísí Copernicus, ba cheart don Choimisiún a bheith ag brath ar eintitis inniúla, gníomhaireachtaí, grúpaí nó cuibhreannais ábhartha de chuid an Aontais, nó ar aon chomhlacht ábhartha is féidir a bheith incháilithe do chomhaontú ranníocaíochta. Agus na n-eintiteas sin á roghnú aige, ba cheart don Choimisiún a áirithiú nach gcuirfear isteach ar na hoibríochtaí ná ar sholáthar na seirbhísí agus go mbeidh, i gcás ina mbeidh sonraí atá íogair ó thaobh na slándála de i gceist, go mbeidh acmhainní réamhrabhaidh agus acmhainní maidir le faireacháin ar ghéarchéimeanna ag na heintitis lena mbaineann i gcomhthéacs an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála (CBES) agus, go háirithe, an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta (CBSC). I gcomhréir le hAirteagal 154 den Rialachán Airgeadais, tá sé de oibleagáid ar dhaoine agus ar eintitis a gcuirtear de chúram orthu cistí an Aontais a chur chun feidhme, urraim a thabhairt do phrionsabal an neamh-idirdhealaithe i leith na mBallstát go léir; ba cheart an prionsabal sin a áirithiú trí na comhaontuithe rannaíochta ábhartha a bhaineann le soláthar sheirbhísí Copernicus.
(55) Ba cheart gurbh fhusa don phobal seirbhísí a úsáid de bharr chur chun feidhme sheirbhísí Copernicus ós rud é gurbh fhéidir le húsáideoirí a fhios a bheith acu roimh ré cén rochtain a bheadh ar sheirbhísí agus cén éabhlóid a thiocfadh orthu agus cén comhar a bheadh ar siúl le Ballstáit agus le páirtithe eile. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún agus dá Eintitis Iontaobhaithe dul i mbun oibre i ndlúthchomhar le croíphobail ar fud na hEorpa d’fhonn seirbhísí Copernicus agus a phunann faisnéise a fhorbairt chun a áirithiú go bhfreastalófar ar riachtanais bheartais agus phoiblí de réir mar a athróidh siad agus chun úsáid sonraí ó bhreathnóireacht an Domhain a mhéadú ar an mbonn sin. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit a bheith ag obair i gcomhar le chéile chun comhpháirt in situ Copernicus a fhorbairt agus chun comhtháthú tacar sonraí in situ le tacair sonraí spáis le haghaidh seirbhísí uasghrádaithe de chuid Copernicus a éascú.
(55a) Táthar tar éis beartas Copernicus maidir le sonraí atá saor in aisce, iomlán agus oscailte a mheas a bheith ar cheann de na gnéithe is rathúla de chur chun feidhme Copernicus agus bhí ról lárnach aige maidir le éileamh láidir ar a chuid sonraí agus faisnéise a chur chun cinn, agus, sa chaoi sin, Copernicus a bhunú mar cheann de na soláthraithe is mó ar domhan de shonraí ó bhreathnóireacht na Cruinne. Is léir go bhfuil gá le leanúnachas fadtéarmach agus slán a áirithiú maidir leis an soláthar sonraí atá saor in aisce, iomlán agus oscailte, agus ba cheart rochtain orthu a choimirciú chun na spriocanna uaillmhianacha mar a leagtar amach sa Straitéis Spáis don Eoraip (2016) a bhaint amach. Cruthaítear sonraí Copernicus go príomha ar mhaithe le saoránaigh Eorpacha, agus, trí na sonraí sin a chur ar fáil saor in aisce, méadaítear deiseanna le haghaidh comhar ar fud an domhain do ghnólachtaí AE agus don lucht léinn agus rannchuidítear le héiceachórais Eorpach éifeachtúil spáis. Dá má rud é go gcuirfí aon teorainn leis an rochtain ar shonraí agus faisnéis Copernicus, ba cheart go mbeadh sí i gcomhréir le beartas sonraí Copernicus mar a shainítear sa Rialachán seo agus i Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1159/2013 ón gCoimisiún.
(56) Ba cheart na sonraí agus an fhaisnéis a bhaileofar faoi chuimsiú Copernicus a chur ar fáil go hiomlán, go hoscailte agus saor in aisce, faoi réir coinníollacha agus teorainneacha iomchuí, d'fhonn a n-úsáid agus a gcomhroinnt a chur chun cinn, agus d'fhonn margaí Eorpacha um bhreathnóireacht an Domhain a neartú, go háirithe san earnáil iartheachtach, agus fás agus cruthú fostaíochta a chothú san Aontas dá réir sin. Ba cheart leanúint de bheith ag cur sonraí agus faisnéise ar fáil leis an soláthar sin ar ardleibhéil chomhsheasmhachta, iontaofachta agus cháilíochta. Chun sin a dhéanamh is gá rochtain atá éasca don úsáideoir ar shonraí agus faisnéis Copernicus, a bpróiseáil agus a n-úsáid, ar mórscála, ar leibhéil éagsúla luais, a áirithiú, agus chuige sin ba cheart den Choimisiún leanúint de chur chuige comhtháthaithe, ar leibhéal AE agus ar leibhéal na mBallstát, sa chaoi gur féidir comhtháthú a dhéanamh le foinsí eile sonraí agus faisnéise chomh maith. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú gombeidh rochtain éasca agus éifeachtúil ar shonraí Copernicus agus go mbeidh siad inúsáidte, go háirithe trí Sheirbhísí um Rochtain ar Shonraí agus ar Fhaisnéis (DIAS) a chur chun cinn laistigh de na Ballstáit agus, nuair is féidir, idir-inoibritheacht idir na bonneagair atá ann cheana maidir le haghaidh sonraí ó bhreathnóireacht na Cruinne chun sineirgí leis na sócmhainní sin a bhunú chun glacadh shonraí agus fhaisnéis Copernicus sa mhargadh a uasmhéadú agus a neartú.
(57) Ba cheart don Choimisiún a bheith ag obair le soláthraithe sonraí chun go ndéanfar coinníollacha ceadúnaithe maidir le sonraí tríú páirtí a chomhaontú chun gur fusa iad a úsáid laistigh de Copernicus, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na cearta tríú páirtí is infheidhme. Toisc gurbh fhéidir go mbeadh tionchar ag cuid de shonraí agus faisnéis Copernicus, lena n-áirítear íomhánna ardtaifigh, ar shlándáil an Aontais nó a Bhallstát, agus i gcásanna a mbeidh údar cuí leo, ba cheart an Chomhairle a chumasú bearta a ghlacadh chun rioscaí agus bagairtí i leith shlándáil an Aontais nó a Bhallstát a láimhseáil.
(58) Ba cheart forálacha gníomhartha dlíthiúla arna nglacadh faoi Rialacháin gan dáta deiridh roimhe seo a bheith bailí fós mura mbeidh sin ag teacht salach ar an Rialachán nua. Baineann sin go háirithe le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1159/2013 ón gCoimisiún lena leagtar síos na coinníollacha cláraithe agus ceadúnaithe d'úsáideoirí GMES agus lena sainmhínítear na critéir i dtaca le srian a chur le rochtain ar shonraí tiomnaithe GMES agus ar fhaisnéis faoi sheirbhísí GMES(19).
(59) Chun úsáid sonraí ó bhreathnóireacht na Cruinne agus teicneolaíochtaí a bhaineann léi ag údaráis áitiúla, réigiúnacha nó náisiúnta, ag fiontair bheaga agus mheánmhéide, ag eolaithe agus ag taighdeoirí a chur chun cinn agus a éascú, ba cheart líonraí tiomnaithe le haghaidh leithdháileadh shonraí Copernicus, lena n-áirítear comhlachtaí náisiúnta agus réigiúnacha amhail Athsheachadáin Copernicus agus Acadaimh Copernicus, a chur chun cinn trí ghníomhaíochtaí maidir le glacadh ag úsáideoirí. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit gach iarracht a dhéanamh ar naisc níos dlúithe a bhunú idir Copernicus agus beartais an Aontais agus a Bhallstát chun dlús a chur leis an éileamh a bhíonn ar fheidhmchláir agus seirbhísí tráchtála agus chun é a chur ar chumas gnólachtaí, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide agus gnólachtaí nuathionscanta, feidhmchláir a fhorbairt atá bunaithe ar shonraí agus faisnéis ó Copernicus agus a mbeidh sé d’aidhm leo éiceachóras Eorpach iomaíoch a fhorbairt do shonraí ó bhreathnóireacht an Domhain.
(60) Ar an leibhéal domhanda, ba cheart do' Copernicus faisnéis bheacht iontaofa a sholáthar le haghaidh comhar le tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta chun tacú le beartais sheachtracha agus beartais comhair forbartha an Aontais. Ba cheart Copernicus a mheas mar rannchuidiú de chuid na hEorpa le Córas na gCóras Breathnóireachta na Cruinne (GEOSS), le Coiste um Shatailítí Breathnóireachta na Cruinne (CEOS), le Comhdháil na bPáirtithe (COP), le Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (1992) (UNFCCC), le baint amach Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (SFI) agus le Creat Sendai um Laghdú Rioscaí Tubaistí. Ba cheart dó comhar iomchuí a chur ar bun nó a choinneáil ar bun leis na comhlachtaí earnálacha ábhartha de chuid na Náisiún Aontaithe agus na hEagraíochta Domhanda Meitéareolaíochta.
(61) Agus Copernicus á chur chun feidhme, ba cheart don Choimisiún, i gcás inarb iomchuí, a bheith ag brath ar eagraíochtaí Eorpacha idirnáisiúnta lena bhfuil comhpháirtíochtaí bunaithe aige cheana, go háirithe Gníomhaireacht Spáis na hEorpa, le haghaidh forbairt comhordú, cur chun feidhme agus éabhlóid na gcomhpháirteanna spáis, agus rochtain ar shonraí tríú páirtí, agus, i gcás inarb iomchuí agus nuair nach mbíonn eintitis eile ina bhun, oibriú misean tiománaithe. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún a bheith ag brath ar EUMETSAT maidir le misin thiomnaithe nó codanna díobh a oibriú, agus, i gcás inarb iomchuí, rochtain ar shonraí rannchuidithe misin, i gcomhréir lena shaineolas agus lena shainordú.
(61a) I réimse na seirbhísí, ba cheart don Choimisiún an tairbhe iomchuí a bhaint as na hacmhainneachtaí sonracha a sholáthraíonn Gníomhaireachtaí de chuid an Aontais amhail an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí, an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, SATCEN agus na hinfheistíochtaí Eorpacha a rinneadh cheana trí Mercator Ocean sna seirbhísí faireacháin ar an muirthimpeallacht. Maidir le slándáil, déanfar iarracht cur chuige cuimsitheach a shocrú ar leibhéal an Aontais leis an Ard-Ionadaí. Bhí rannpháirtíocht ghníomhach ón tús ag an Airmheán Comhpháirteach Taighde (JRC) de chuid an Choimisiúin i dtionscnamh GMES agus thacaigh sé le forbairtí i leith Galileo agus aimsir spáis. Faoi Rialachán (AE) Uimh. 377/2014; tá JRC ag bainistiú sheirbhís bainistithe éigeandálaí Copernicus agus comhpháirt dhomhanda sheirbhís faireacháin talún Copernicus; tá sé ag rannchuidiú leis an athbhreithniú ar cháilíocht agus oiriúnacht sonraí agus faisnéise, agus lena n-éabhlóid amach anseo. Ba cheart don Choimisiún leanúint de bheith ag brath ar chomhairle eolaíoch agus theicniúil ó JRC le haghaidh chur chun feidhme an Chláir.
(62) Tar éis dó iarratais a fháil ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, bhunaigh an tAontas creat tacaíochta le haghaidh faireachán agus rianú spáis (SST) trí bhíthin Chinneadh Uimh. 541/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear Creat Tacaíochta d'Fhaireachán agus Rianú Spáis. Tá smionagar spáis éirithe ina bhagairt thromchúiseach ar shlándáil, sábháilteacht agus inbhuanaitheacht gníomhaíochtaí spáis. Dá bhrí sin, tá SST ina bhunriachtanas ó thaobh chaomhnú chomhleanúnachas chomhpháirteanna an Chláir agus a rannchuidithe le beartais an Aontais. Trí iarracht a dhéanamh iomadú an smionagair spáis a chosc, cuidíonn SST a áirithiú go mbeidh rochtain ar spás agus úsáid spáis inbhuanaithe deimhin, rud atá ina chomhchuspóir domhanda. Sa chomhthéacs sin, d’fhéadfadh sé tacú le hullmhú tionscadal Eorpach ‘ghlantacháin’ d’fhithis na Cruinne.
(63) Ba cheart do SST feidhmíocht agus uathriail acmhainneachtaí a acmhainneachtaí a fhorbairt a thuilleadh. Chuige sin, ba cheart catalóg Eorpach uathrialach de réada spáis a bhunú dá bharr, ar bhonn sonraí ó líonra na mbrathadóirí SST. I gcás inarb iomchuí, d’fhéadfadh an tAontas breathnú a dhéanamh ar chuid dá sonraí a chur ar fáil chun críocha tráchtála, neamhthráchtála agus taighde. Lena chois sin, ba cheart do SST leanúint de bheith ag tacú le hoibriú agus soláthar sheirbhísí SST. Ós rud é go bhfuil seirbhísí SST faoi cheannas an úsáideora ▌, ba cheart sásraí iomchuí a chur i bhfeidhm chun riachtanais úsáideoir