Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2018/0209(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0397/2018

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0397/2018

Díospóireachtaí :

PV 10/12/2018 - 13
CRE 10/12/2018 - 13

Vótaí :

PV 11/12/2018 - 5.5
CRE 11/12/2018 - 5.5
Mínithe ar vótaí
PV 17/04/2019 - 8.13
CRE 17/04/2019 - 8.13

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2018)0487
P8_TA(2019)0405

Téacsanna atá glactha
PDF 323kWORD 128k
Dé Céadaoin, 17 Aibreán 2019 - Strasbourg Eagrán deiridh
An Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE) ***I
P8_TA(2019)0405A8-0397/2018
Rún
 Téacs comhdhlúite

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 (COM(2018)0385 - C8-0249/2018 – 2018/0209(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0385),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 192 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0249/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 18 Deireadh Fómhair 2018(1),

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún an 9 Deireadh Fómhair 2018(2),

–  ag féachaint don litir dar dáta an 25 Eanáir 2019 óna hUachtarán chuig cathaoirligh na gcoistí lena leagtar síos cur chuige Pharlaimint na hEorpa i dtaca le cláir earnála an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) tar éis 2020,

–  ag féachaint don litir dar dáta an 1 Aibreán 2019 ón gComhairle chuig Uachtarán Pharlaimint na hEorpa lena ndeimhnítear an chomhthuiscint ar tháinig na comhreachtóirí uirthi le linn na caibidlíochta,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia agus do na tuairimí ón gCoiste um Buiséid, ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach agus ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe (A8-0397/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo(3);

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) IO C 62, 15.2.2019, lch. 226.
(2) IO C 461, 21.12.2018, lch. 156.
(3) Glacann an seasamh seo ionad na leasuithe arna nglacadh an 11 Nollaig 2018 (Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2018)0487).


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 17 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) …/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013
P8_TC1-COD(2018)0209

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún(2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  Tá reachtaíocht agus beartas an Aontais maidir leis an gcomhshaol agus leis an aeráid mar aon le reachtaíocht agus beartas ábhartha an Aontais maidir le fuinneamh ▌tar éis feabhsuithe substaintiúla a chur ar staid an chomhshaoil. Mar sin féin, tá mórdhúshláin chomhshaoil agus aeráide fós ann agus mura dtabharfar aghaidh orthu, beidh iarmhairtí suntasacha diúltacha ann don Aontas agus do dhea-bhail na saoránach.

(2)  Is é an Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE), arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(4) don tréimhse 2014–2020, an clár is déanaí de shraith clár de chuid an Aontais le linn 25 bliana lena dtugtar tacaíocht do chur chun feidhme na dtosaíochtaí reachtaíochta agus beartais maidir leis an gcomhshaol agus leis an aeráid. Rinneadh measúnú dearfach ar an gClár i meastóireacht mheántéarma a rinneadh air le déanaí(5) agus tugadh le fios go bhfuil gach cosúlacht ann go bhfuil an Clár éifeachtach, éifeachtúil agus ábhartha. Ba cheart, mar sin, leanúint den chlár LIFE 2014–2020 ach roinnt modhnuithe a dhéanamh air a sainaithníodh sa mheastóireacht mheántéarma agus i measúnuithe a rinneadh air ina dhiaidh sin. Ar an ábhar sin, ba cheart Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE) (‘an Clár LIFE’) a bhunú don tréimhse dar tús 2021.

(3)  Trí bhíthin tabhairt faoi chuspóirí agus spriocanna an Aontais a bhaint amach, arna leagan síos ag reachtaíocht, beartas, pleananna agus gealltanais idirnáisiúnta maidir leis an gcomhshaol agus an aeráid mar aon le reachtaíocht, beartas, pleananna agus gealltanais idirnáisiúnta ábhartha maidir le fuinneamh, ba cheart go dtacódh an Clár LIFE, i gcomhréir le prionsabal an athraithe chóir, leis an athrú i dtreo geilleagar inbhuanaithe, ciorclach, fuinneamhéifeachtúil, aeráidseasmhach atá bunaithe ar an bhfuinneamh in-athnuaite agus atá neodrach ó thaobh díobháil aeráide de, le cáilíocht an chomhshaoil, lena n-áirítear an t-aer, an t-uisce agus an ithir, agus an tsláinte, a chosaint, a athbhunú agus a fheabhsú agus le cailliúint na bithéagsúlachta a stopadh agus a aisiompú, lena n-áirítear trí thacú le cur chun feidhme agus bainistiú líonra Natura 2000 agus trí dhul i ngleic le díghrádú na n-éiceachóras, bíodh sé trí idirghabhálacha díreacha nó trí thacú leis na cuspóirí sin a chomhtháthú i mbeartais eile. Ba cheart go dtacódh an clár LIFE freisin le cur chun feidhme na gClár Gníomhaíochta Ginearálta arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 192(3) CFAE, amhail an 7ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol(6).

(4)  Tá an tAontas tiomanta do fhreagairt chuimsitheach a fhorbairt ar Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe Chlár Oibre na Náisiún Aontaithe 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe, lena gcuirtear béim ar an nasc intreach idir acmhainní nádúrtha a bhainistiú chun a n-infhaighteacht fhadtéarmach a áirithiú, seirbhísí éiceachórais agus an nasc atá idir iad agus sláinte an duine agus fás eacnamaíoch atá inbhuanaithe agus cuimsitheach ar bhonn sóisialta. Ar an ábhar sin, ba cheart go mbeadh an Clár LIFE ina léiriú ar phrionsabail na dlúthpháirtíochta agus cuidiú ar dhóigh shuntasach leis an bhforbairt eacnamaíoch agus comhtháthú sóisialta araon.

(4a)  D’fhonn an fhorbairt inbhuanaithe a chur chun cinn, ba cheart na ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil agus na haeráide a chomhtháthú sa sainmhíniú ar bheartais agus ghníomhaíochtaí uile an Aontais agus ina gcur chun feidhme. Dá bhrí sin, ba cheart sineirgíochtaí agus comhlántacht le cláir chistiúcháin eile de chuid an Aontais a chur chun cinn freisin, lena n-áirítear trí éascaíocht a dhéanamh ar chistiú na ngníomhaíochtaí a chomhlánaíonn tionscadail chomhtháite straitéiseacha agus tionscadail dúlra straitéiseacha agus a thacaíonn le glacadh agus macasamhlú na réiteach arna bhforbairt faoin gClár LIFE. Ní mór comhordú a dhéanamh chun cistiú dúbailte a chosc. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit bearta a dhéanamh chun forluí agus ualach riaracháin ar thairbhithe tionscadail a eascraíonn as oibleagáidí tuairiscithe ó ionstraimí airgeadais éagsúla a chosc.

(5)  Ba cheart go gcuideodh an Clár LIFE leis an bhforbairt inbhuanaithe agus cuspóirí agus spriocanna reachtaíocht, straitéisí, phleananna agus ghealltanais idirnáisiúnta an Aontais maidir leis an gcomhshaol agus leis an aeráid mar aon le cuspóirí agus spriocanna reachtaíocht, straitéisí, phleananna agus ghealltanais idirnáisiúnta ábhartha an Aontais maidir le fuinneamh ▌a bhaint amach, go háirithe Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe(7), an Coinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch(8) agus Comhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide(9) (“Comhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide”), agus, i measc nithe eile, Coinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil (“Coinbhinsiún Aarhus”), Coinbhinsiún UNECE maidir le hAerthruailliú Trasteorann Fadraoin, Coinbhinsiún Basel na Náisiún Aontaithe maidir le Rialú Gluaiseachtaí Trasteorann Dramhaíolacha Guaiseacha agus a nDiúscairt, Coinbhinsiún Rotterdam na Náisiún Aontaithe ar an Nós Imeachta i dTaobh Toiliú Feasach a chur in iúl roimh ré le haghaidh Ceimiceán Guaiseach agus Lotnaidicídí áirithe sa Trádáil Idirnáisiúnta agus Coinbhinsiún Stócólm na Náisiún Aontaithe ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha.

(6a)  Tá sé an-tábhachtach don Aontas go mbeadh na torthaí ar na tionscadail LIFE inbhuanaithe go fadtéarmach agus go mbeifí in ann na torthaí sin a bhaint amach agus a choinneáil tar éis chur chun feidhme na dtionscadal, inter alia, trí leanúint ar aghaidh leis na tionscadail, iad a mhacasamhlú agus/nó iad a aistriú.

(7)  Chun na gealltanais a thug an tAontas faoi Chomhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide a chomhlíonadh, is gá an tAontas Eorpach a iompú ina shochaí inbhuanaithe, chiorclach, fhuinneamhéifeachtúil, aeráidseasmhach atá bunaithe ar an bhfuinneamh in-athnuaite agus atá neodrach ó thaobh díobháil aeráide de. Ní mór, dá réir sin, gníomhaíochtaí a dhíríonn go háirithe ar na hearnálacha is mó a chuireann le leibhéil aschuir gás ceaptha teasa agus truaillithe, a chuireann an éifeachtúlacht fuinnimh agus an fuinneamh in-athnuaite chun cinn agus a thacaíonn le creat beartais 2030 maidir le fuinneamh agus aeráid agus pleananna náisiúnta comhtháite na mBallstát don fhuinneamh agus don aeráid a chur chun feidhme agus le cur chun feidhme straitéis aeráide agus fuinnimh an Aontais, idir an straitéis do lár an chéid agus an straitéis fhadtéarmach, i gcomhréir le cuspóirí fadtéarmacha Chomhaontú Pháras. Ina theannta sin, ba cheart a áireamh sa Chlár LIFE bearta lena dtugtar tacaíocht do chur chun feidhme bheartas an Aontais um oiriúnú don athrú aeráide chun aon laige de thoradh éifeachtaí díobhálacha an athraithe aeráide a laghdú.

(7a)  Ba cheart tionscadail faoin bhfochlár nua don Aistriú chuig Fuinneamh Glan de chuid an Chláir LIFE a bheith dírithe ar fhothú acmhainneachta a chruthú agus saineolas, scileanna, teicnící nuálacha, modhanna agus réitigh a scaipeadh chun cuspóirí reachtaíocht agus beartais an Aontais maidir leis an aistriú chuig fuinneamh in-athnuaite agus éifeachtúlacht bhreise fuinnimh a bhaint amach. Is iondúil gur gníomhaíochtaí comhordaithe agus tacaíochta iad sin lena mbaineann breisluach ard AE, a bhfuil sé mar aidhm leo bacainní margaidh a chuireann bac ar an aistriú socheacnamaíoch chuig an bhfuinneamh inbhuanaithe a shárú, lena mbaineann geallsealbhóirí beaga agus meánmhéide, gníomhaithe éagsúla, lena n-áirítear údaráis phoiblí áitiúla agus réigiúnacha, agus eagraíochtaí neamhbhrabúsacha de ghnáth. Tá tairbhí éagsúla ag baint leis na gníomhaíochtaí sin, amhail dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh, feabhas ar cháilíocht an aeir laistigh, truailleáin áitiúla a laghdú a bhuí le feabhsuithe ar an éifeachtúlacht fuinnimh agus níos mó fuinneamh in-athnuaite dáilte, agus rannchuidiú le dea-éifeachtaí eacnamaíocha áitiúla agus fás atá níos cuimsithí ar bhonn sóisialta.

(8)  Chun rannchuidiú le maolú an athraithe aeráide agus le gealltanais idirnáisiúnta an Aontais maidir le dícharbónú, ní mór dlús a chur le claochlú na hearnála fuinnimh. Gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta lena dtacaítear le héifeachtúlacht fuinnimh agus fuinneamh in-athnuaite, agus a chisteofar go 2020 faoin gclár Fís 2020(10), ba cheart iad sin a chomhtháthú san fhochlár nua don Aistriú chuig Fuinneamh Glan de chuid an Chláir LIFE ós rud é nach é an cuspóir atá ag na cistí sin an barr feabhais a chistiú agus an nuálaíocht a spreagadh, ach glacadh na teicneolaíochta atá ann cheana don fhuinneamh in-athnuaite agus don éifeachtúlacht fuinnimh a éascú, rud a chuideoidh leis an athrú aeráide a mhaolú. Ba cheart na geallsealbhóirí agus na hearnálacha ar fad a bhfuil baint acu le haistriú chuig fuinneamh glan a bheith páirteach sa Chlár LIFE. A bhuí leis na gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta sin a bheith mar chuid den Chlár LIFE, cruthaítear deiseanna do shineirgíochtaí idir na fochláir agus méadaítear comhleanúnachas foriomlán chistiú an Aontais. Ar an ábhar sin, ba cheart sonraí maidir le glacadh réiteach taighde agus nuálaíochta atá ann cheana sna tionscadail LIFE a bhailiú agus a scaipeadh, an clár Fís Eorpach agus na cláir a bhí ann roimhe san áireamh.

(9)  Sa mheasúnú tionchair a rinneadh don leasú ar an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh(11) ▌, meastar go mbeidh gá le hinfheistíochtaí breise de EUR 177 mbilliún in aghaidh na bliana le linn na tréimhse 2021 go 2030 chun spriocanna fuinnimh 2030 an Aontais a bhaint amach. Baineann na bearnaí is mó leis an infheistíocht i ndícharbónú foirgneamh (éifeachtúlacht fuinnimh agus foinsí in-athnuaite fuinnimh ar scála beag) áit ar gá caipiteal a dhíriú i dtreo tionscadail de chineál ard-dáilte. Ar cheann de chuspóirí an fhochláir don aistriú chuig fuinneamh glan, lena gcumhdaítear cur in úsáid mear an fhuinnimh in-athnuaite agus na héifeachtúlachta fuinnimh, tá fothú acmhainneachta ar mhaithe le forbairt agus comhiomlánú tionscadal den sórt sin, agus, ar an dóigh sin, cuidiú freisin cistí a iompar ó Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa agus infheistíochtaí san fhuinneamh in-athnuaite agus san éifeachtúlacht fuinnimh a spreagadh agus, ina theannta sin, úsáid a bhaint as ionstraimí airgeadais arna soláthar faoin gclár InvestEU.

(9a)  Is é an clár LIFE an t-aon chlár amháin atá tiomnaithe go sonrach don chomhshaol agus do ghníomhú ar son na haeráide agus, dá bhrí sin, tá ról ríthábhachtach aige ó thaobh tacú le reachtaíocht agus beartais an Aontais a chur chun feidhme sna réimsí sin.

(10)  De thoradh sineirgíochtaí leis an gclár Fís Eorpach, ba cheart go n-áiritheofaí leis sin go sainaithneofar agus go mbunófar na riachtanais taighde agus nuálaíochta chun dul i ngleic le dúshláin chomhshaoil, aeráide agus fuinnimh laistigh den Aontas le linn an phróisis pleanála maidir le taighde straitéiseach agus nuálaíocht de chuid an chláir Fís Eorpach. Ba cheart go leanfadh an clár LIFE de bheith ag fónamh mar spreagadh chun reachtaíocht agus beartas an Aontais maidir leis an gcomhshaol agus leis an aeráid agus reachtaíocht agus beartas ábhartha an Aontais maidir le fuinneamh a chur chun feidhme, lena n-áirítear trí bhíthin glacadh torthaí taighde agus nuálaíochta ón gclár Fís Eorpach agus na torthaí sin a chur i bhfeidhm agus cuidiú iad a chur á n-úsáid ar scála níos leithne áit a bhféadfaidh siad aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna comhshaoil, aeráide nó aistrithe fuinnimh ▌. Smaointe nua ceannródaíocha a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar chur chun feidhme thionscadail an chláir LIFE, is féidir leis an gComhairle Nuálaíochta Eorpach de chuid an chláir Fís Eorpach tacú leis na smaointe sin a chur á n-úsáid ar scála níos leithne agus a thráchtálú. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart sineirgíochtaí leis an gCiste Nuálaíochta faoin gCóras Trádála Astaíochtaí a chur san áireamh freisin.

(11)  Féadfaidh gníomhaíocht a bhfuil ranníocaíocht faighte aici ón gClár LIFE ranníocaíocht a fháil freisin ó aon chlár eile de chuid an Aontais, ar choinníoll nach gcumhdaíonn na ranníocaíochtaí na costais chéanna. Gníomhaíochtaí a fhaigheann cistiú carnach ó chláir éagsúla de chuid an Aontais, níor cheart go ndéanfaí ach iniúchadh amháin ar na gníomhaíochtaí sin, lena gcumhdófar na cláir uile i dtrácht agus na rialacha is infheidhme lena mbaineann.

(12)  Sa Teachtaireacht is déanaí ón ▌gCoimisiún maidir leis an athbhreithniú ar chur chun feidhme an bheartais comhshaoil(12), léirítear gur gá dul chun cinn nach beag a dhéanamh chun cur chun feidhme acquis an Aontais Eorpaigh maidir leis an gcomhshaol a bhrostú agus chun comhtháthú agus príomhshruthú na gcuspóirí comhshaoil agus aeráide i mbeartais eile a fheabhsú. Ar an ábhar sin, ba cheart go bhfónfadh an Clár LIFE mar spreagadh chun dul i ngleic le dúshláin chórasacha chothrománacha mar aon leis na bunchúiseanna atá leis na heasnaimh sa chur chun feidhme mar a sainaithníodh iad san athbhreithniú ar chur chun feidhme an bheartais comhshaoil agus chun an cur chun cinn is gá a bhaint amach trí chineálacha nua cur chuige a fhorbairt, a thástáil agus a mhacasamhlú; tacú le beartas a fhorbairt, agus faireachán agus athbhreithniú a dhéanamh air; feabhas a chur ar an rialachas maidir leis an gcomhshaol, leis an athrú aeráide agus le hábhair a bhaineann leis an aistriú chuig fuinneamh glan, lena n-áirítear trí rannpháirteachas na ngeallsealbhóirí a fheabhsú ar gach leibhéal, fothú acmhainneachta, cumarsáid agus feasacht; infheistíochtaí ó chláir infheistíochta uile an Aontais nó ó fhoinsí eile airgeadais a fhorscaoileadh agus tacú le gníomhaíochtaí chun na constaicí éagsúla i gcur chun feidhme éifeachtach na bpríomhphleananna a cheanglaítear faoin reachtaíocht chomhshaoil a shárú.

(13)  Chun cailliúint na bithéagsúlachta agus díghrádú na n-éiceachóras a stopadh agus a aisiompú, lena n-áirítear in éiceachórais mhuirí, is gá tacú le forbairt, cur chun feidhme agus forfheidhmiú reachtaíochta agus beartais ábhartha de chuid an Aontais, agus measúnú a dhéanamh orthu, lena n-áirítear Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2020(13), Treoir 92/43/CEE ón gComhairle(14), Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(15) agus Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(16), go háirithe trí chur leis an mbonn eolais chun beartas a fhorbairt agus a chur chun feidhme agus trí dhea-chleachtais agus réitigh, amhail bainistíocht éifeachtach, atá ar scála beag nó atá oiriúnaithe do chomhthéacsanna áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta ar leith a fhorbairt, a thástáil, a thaispeáint agus a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear cineálacha comhtháite cur chuige maidir le cur chun feidhme na gcreataí gníomhaíochta tosaíochta arna n-ullmhú ar bhonn Threoir 92/43/CEE. Ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit a gcaiteachas i leith na bithéagsúlachta a rianú chun a n-oibleagáidí tuairiscithe a chomhlíonadh faoin gCoinbhinsiún maidir leis an éagsúlacht bhitheolaíoch. Ba cheart freisin ceanglais maidir le rianú i reachtaíocht ábhartha eile de chuid an Aontais a chomhlíonadh. Déanfar caiteachas an Aontais a bhaineann leis an mbithéagsúlacht a rianú le tacar sonrach marcóirí(17).

(14)  Leis na meastóireachtaí agus na measúnuithe a rinneadh le déanaí, lena n-áirítear an t-athbhreithniú meántéarma a rinneadh ar Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2020 agus ar an tSeiceáil Oiriúnachta ar an reachtaíocht maidir leis an dúlra, léirítear go bhfuil an easpa maoinithe leordhóthanaigh ar cheann de na bunchúiseanna is mó le heaspa cur chun feidhme reachtaíocht an Aontais maidir leis an dúlra agus straitéis na bithéagsúlachta. Féadfaidh na hionstraimí airgeadais is mó de chuid an Aontais, lena n-áirítear Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh, cuidiú go mór chun freastal ar na riachtanais sin, ar bhonn comhlántach. Leis an gClár LIFE, is féidir tuilleadh feabhsuithe a chur ar éifeachtúlacht an phríomhshruthaithe sin trí thionscadail dúlra straitéiseacha atá tiomanta do spreagadh a thabhairt do chur chun feidhme reachtaíocht agus bheartas an Aontais maidir leis an dúlra agus leis an mbithéagsúlacht, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a leagtar amach i gcreataí gníomhaíochta tosaíochta arna bhforbairt i gcomhréir le Treoir 92/43/CEE. Ba cheart do thionscadail dúlra straitéiseacha tacú le cláir gníomhaíochtaí sna Ballstáit chun cuspóirí ábhartha dúlra agus bithéagsúlachta a phríomhshruthú i mbeartais agus cláir mhaoiniúcháin eile agus, ar an dóigh sin, a áirithiú go bhforscaoiltear cistí iomchuí chun na beartais sin a chur chun feidhme. D’fhéadfadh na Ballstáit a chinneadh mar chuid dá bplean straitéiseach don chomhbheartas talmhaíochta sciar áirithe den leithdháileadh ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe a úsáid chun tacaíocht a ghiaráil le haghaidh gníomhaíochtaí a chomhlánaíonn tionscadail dúlra straitéiseacha mar a shainítear faoin Rialachán seo.

(15)  Leis an scéim dheonach maidir le seirbhísí bithéagsúlachta agus éiceachórais i gcríocha Eorpacha thar lear (BEST), cuirtear chun cinn caomhnú na bithéagsúlachta, lena n-áirítear an bhithéagsúlacht mhuirí, agus úsáid inbhuanaithe seirbhísí éiceachórais, lena n-áirítear cineálacha cur chuige atá bunaithe ar an éiceachóras maidir leis an oiriúnú don athrú aeráide agus an maolú ar an athrú aeráide, sna réigiúin is forimeallaí san Aontas agus i dtíortha agus críocha thar lear. Trí réamhghníomhaíocht BEST a glacadh in 2011 agus Clár BEST 2.0 agus tionscadal BEST RUP a tháinig ina diaidh, ardaíodh feasacht maidir le tábhacht éiceolaíoch na réigiún is forimeallaí agus na dtíortha agus na gcríoch thar lear agus an ról tábhachtach atá acu maidir leis an mbithéagsúlacht dhomhanda a chaomhnú. Measann an Coimisiún gur fiú EUR 8 milliún sa bhliain an tacaíocht airgeadais a theastaíonn do thionscadail ar an láthair sna críocha sin. Chuir na tíortha agus na críocha thar lear in iúl sna dearbhuithe aireachta a rinne siad in 2017 agus 2018 gur mór acu scéim sin na ndeontas beag don bhithéagsúlacht. Is iomchuí, dá bhrí sin, go maoineofaí deontais bheaga don bhithéagsúlacht, lena n-áirítear fothú acmhainneachta agus gníomhaíochtaí spreagtha, faoin gClár LIFE sna réigiúin is forimeallaí san Aontas agus sna tíortha agus na críocha thar lear.

(16)  Chun an geilleagar ciorclach agus éifeachtúlacht acmhainní a chur chun cinn, is gá athrú ▌a bheith ann maidir leis an gcaoi a ndéantar ábhair agus táirgí, lena n-áirítear ábhar plaisteach, a dhearadh, a tháirgeadh, a úsáid, a dheisiú, a athúsáid, a athchúrsáil agus a dhiúscairt, ag díriú ar shaolré iomlán na dtáirgí. Ba cheart go gcuideodh an Clár LIFE leis an aistriú chuig samhail an gheilleagair chiorclaigh trí thacaíocht airgeadais lena ndírítear ar ghníomhaithe éagsúla (gnólachtaí, údaráis phoiblí agus tomhaltóirí), go háirithe trí bhíthin an teicneolaíocht, na cleachtais agus na réitigh is fearr atá oiriúnaithe do chomhthéacsanna áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta ar leith a chur i bhfeidhm, a fhorbairt agus a mhacasamhlú, lena n-áirítear trí chineálacha comhtháite cur chuige maidir le hord na réiteach dramhaíola a chur i bhfeidhm agus pleananna bainistithe dramhaíola agus pleananna maidir le cosc ar dhramhaíl a chur chun feidhme. Trí thacú leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 16 Eanáir 2018 dar teideal “A European Strategy for Plastics in a Circular Economy” [Straitéis Eorpach maidir le hÁbhar Plaisteach i nGeilleagar Ciorclach] a chur chun feidhme, is féidir gníomhaíocht a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt go háirithe ar fhadhb an bhruscair mhuirí.

(16a)  Tá sé ríthábhachtach go mbeadh ardleibhéal cosanta comhshaoil ann ar mhaithe le sláinte agus folláine shaoránaigh an Aontais. Ba cheart go dtacódh an Clár le cuspóir an Aontais ceimiceáin a tháirgeadh agus a úsáid ar bhealaí as a dtiocfaidh íoslaghdú ar an tionchar mór díobhálach a bhíonn acu ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol, d’fhonn cuspóir an chomhshaoil neamhthocsainigh in AE a bhaint amach. Ba cheart go dtacódh an Clár freisin le gníomhaíochtaí lena n-éascaítear cur chun feidhme Threoir 2002/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(18) chun leibhéil torainn a bhaint amach nach n-eascraíonn tionchar mór diúltach ar shláinte an duine agus rioscaí di astu.

(17)  Ó thaobh an bheartais aeir de, is é cuspóir fadtéarmach an Aontais cáilíocht aeir a bhaint amach ar leibhéal nach mbeadh mórthionchar diúltach aige ar shláinte an duine ná ar an gcomhshaol agus nach mbeadh rioscaí aige do sláinte an duine ná don chomhshaol agus, san am céanna, na sineirgíochtaí idir feabhsuithe cháilíocht an aeir agus an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a neartú. Tá an pobal ar an eolas faoi thruailliú an aeir agus tá na saoránaigh ag súil le beart ó na húdaráis, go háirithe i gceantair ina bhfuil an daonra agus na héiceachórais nochta d’ardleibhéil truailleán aeir. Le Treoir (AE) 2016/2284 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(19), leagtar béim ar an ról is féidir a bheith ag cistiú ón Aontas i gcuspóirí maidir le haer glan a bhaint amach. Dá bhrí sin, ba cheart go dtabharfadh an Clár LIFE tacaíocht do thionscadail, lena n-áirítear tionscadail chomhtháite straitéiseacha, lena bhféadfaí cistí poiblí agus príobháideacha a ghiaráil agus a d’fhéadfadh a bheith ina n-eiseamláir don dea-chleachtas agus ina spreagadh chun pleananna agus reachtaíocht maidir le cáilíocht an aeir a chur chun feidhme ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, ilréigiúnach, náisiúnta agus trasnáisiúnta.

(18)  Le Treoir 2000/60/CE(20), cuireadh creat ar bun chun uiscí dromchla, uiscí cósta, uiscí trasdultacha agus screamhuisce an Aontais Eorpaigh a chosaint. Tugtar tacaíocht do chuspóirí na Treorach sin trí ▌chuspóirí an bheartais uisce a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr agus iad a chomhtháthú i réimsí beartais eile ar bhealach níos fearr. Ar an ábhar sin, ba cheart don Chlár LIFE tacú le tionscadail a chuidíonn le cur chun feidhme éifeachtach Threoir 2000/60/CE agus reachtaíochta ábhartha eile uisce de chuid an Aontais lena gcuidítear dea-stádas dhobharlaigh an Aontais a bhaint amach trí dhea-chleachtais a chur i bhfeidhm, a fhorbairt agus a mhacasamhlú, agus trí ghníomhaíochtaí comhlántacha faoi chláir nó foinsí airgeadais eile de chuid an Aontais Eorpaigh a fhorscaoileadh.

(19)  Tá cosaint agus athbhunú an chomhshaoil mhuirí ar cheann d’aidhmeanna foriomlána bheartas comhshaoil an Aontais Eorpaigh. Ba cheart go dtacódh an Clár LIFE leis na nithe seo a leanas: an bhithéagsúlacht agus éiceachórais mhuirí a bhainistiú, a chaomhnú, a athbhunú agus faireachán a dhéanamh orthu, go háirithe i láithreáin mhuirí Natura 2000, agus speicis a chosaint i gcomhréir leis na creataí gníomhaíochta tosaíochta arna bhforbairt de bhun Threoir 92/43/CEE; stádas maith comhshaoil a bhaint amach i gcomhréir le Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(21); farraigí atá glan agus folláin a chur chun cinn; an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le straitéis don phlaisteach i ngeilleagar ciorclach a chur chun feidhme, chun aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb a bhaineann le trealamh iascaireachta caillte agus bruscar muirí go háirithe; agus rannpháirteachas an Aontais i rialachas idirnáisiúnta na n-aigéan a chur chun cinn, rud atá ríthábhachtach chun cuspóirí Chlár oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe a bhaint amach agus aigéin fholláine a áirithiú do dhaoine amach anseo. Ba cheart a áireamh i dtionscadail chomhtháite straitéiseacha agus tionscadail dúlra straitéiseacha an Chláir LIFE gníomhaíochtaí ábhartha arb é is aidhm dóibh an comhshaol muirí a chosaint.

(20)  Chun feabhas a chur ar an rialachas maidir leis an gcomhshaol, leis an athrú aeráide agus le hábhair a bhaineann leis an aistriú chuig fuinneamh ▌, ní mór rannpháirteachas na sochaí sibhialta a áirithiú trí fheasacht an phobail a ardú, lena n-áirítear trí bhíthin straitéis chumarsáide lena gcuirtear san áireamh na meáin nua agus na líonraí sóisialta, rannpháirtíocht na dtomhaltóirí, agus lena méadaítear rannpháirteachas na ngeallsealbhóirí ar gach leibhéal, lena n-áirítear eagraíochtaí neamhrialtasacha, i gcomhairliúchán maidir le beartais ghaolmhara agus maidir leis na beartais sin a chur chun feidhme. Dá bhrí sin, is iomchuí go dtacaíonn an Clár le raon leathan d’eagraíochtaí neamhrialtasacha mar aon le líonraí d’eintitis neamhbhrabúsacha a fhéachann le haidhm a bhaint amach atá chun leas ginearálta an Aontais, agus atá gníomhach go príomha i réimse an chomhshaoil nó i réimse ghníomhú ar son na haeráide, trí dheontais oibríochta a dhámhachtain ar bhealach iomaíoch agus trédhearcach chun cabhrú leis na heagraíochtaí neamhrialtasacha, na líonraí agus na heintitis sin rannchuidiú go héifeachtach le beartas an Aontais agus chun cur lena n-acmhainneacht a bheith ina gcomhpháirtithe níos éifeachtúla, agus an acmhainneacht sin a neartú.

(21)  Cé gur cheart feabhsú an rialachais ar gach leibhéal a bheith ina chuspóir trasearnálach d’fhochláir uile an Chláir LIFE, ba cheart don Chlár LIFE tacú le forbairt, cur chun feidhme, forfheidhmiú agus comhlíonadh an acquis maidir leis an gcomhshaol agus an aeráid, go háirithe ó thaobh na reachtaíochta cothrománaí maidir leis an rialachas comhshaoil, lena n-áirítear reachtaíocht lena gcuirtear chun feidhme Coinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil(22).

(22)  Ba cheart don Chlár LIFE gníomhaire margaidh a ullmhú agus tacaíocht a thabhairt dóibh don athrú i dtreo geilleagar inbhuanaithe, ciorclach, fuinneamhéifeachtúil, aeráidseasmhach atá bunaithe ar an bhfuinneamh in-athnuaite agus atá neodrach ó thaobh díobháil aeráide de trí bhíthin deiseanna nua gnó a thástáil, scileanna gairmiúla a uasghrádú, rochtain tomhaltóirí ar earraí agus seirbhísí inbhuanaithe a éascú, lucht tionchair a fhostú agus a chumhachtú agus modhanna nuálacha a thástáil chun na próisis agus an tírdhreach gnó atá ann cheana a oiriúnú. Chun tacú le glacadh níos leithne réiteach inbhuanaithe sa mhargadh, ba cheart glacadh an phobail i gcoitinne agus rannpháirtíocht na dtomhaltóirí a chur chun cinn.

(22a)  Tá an Clár ceaptha tacú le taispeáint na dteicnící, na gcineálacha cur chuige agus na ndea-chleachtas ar féidir iad a mhacasamhlú agus cur leo. Rannchuideodh réitigh nuálacha le feabhas a chur ar an bhfeidhmíocht agus inbhuanaitheacht chomhshaoil, go háirithe chun cleachtais inbhuanaithe feirmeoireachta a fhorbairt sna ceantair atá gníomhach i réimsí na haeráide, an uisce, na hithreach, na bithéagsúlachta agus na dramhaíola. I ndáil leis sin, ba cheart béim a chur ar shineirgíochtaí le cláir agus beartais eile, amhail an Chomhpháirtíocht Nuálaíochta Eorpach maidir le Táirgiúlacht agus Inbhuanaitheacht Talmhaíochta agus Scéim AE um Éiceabhainistíocht agus um Éiciniúchóireacht.

(23)  Ar leibhéal an Aontais, is iondúil go gcistítear infheistíochtaí móra i ngníomhaíochtaí ar son an chomhshaoil agus na haeráide trí bhíthin mórchláir chistiúcháin de chuid an Aontais (príomhshruthú). Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go gcuirfí leis na hiarrachtaí príomhshrutha chun an inbhuanaitheacht, an bhithéagsúlacht agus an díonadh ar an athrú aeráide i dtaca le cláir chistiúcháin eile de chuid an Aontais agus chun comhtháthú na gcoimircí inbhuanaitheachta in ionstraimí eile an Aontais a áirithiú. I gcomhthéacs ról spreagtha na dtionscadal comhtháite straitéiseach agus na dtionscadal dúlra straitéiseach atá le forbairt faoin gClár LIFE, ba cheart deiseanna maoiniúcháin a ghiaráil leis na cláir chistiúcháin sin agus le foinsí eile cistiúcháin, amhail cistí náisiúnta, agus sineirgíochtaí a chruthú.

(23a)  Braitheann rath na dtionscadal dúlra straitéiseach agus na dtionscadal comhtháite straitéiseach ar dhlúthchomhar idir na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla agus na gníomhaithe neamhstáit a ndéanann cuspóirí an Chláir difear dóibh. Ba cheart na prionsabail maidir le trédhearcacht agus nochtadh cinntí a bhaineann le forbairt, cur chun feidhme, measúnú agus faireachán tionscadal a chur i bhfeidhm dá bhrí sin, go háirithe i gcás príomhshruthú nó nuair a bhíonn foinsí iomadúla cistithe i gceist.

(24)  Mar léiriú ar a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an athrú aeráide ar bhealach comhordaithe agus uaillmhianach, i gcomhréir le gealltanais an Aontais i dtaca le Comhaontú Pháras agus le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme, rannchuideoidh an Clár LIFE le príomhshruthú na ngníomhaíochtaí ar son na haeráide agus le sprioc fhoriomlán 25 % ar a laghad de chaiteachas bhuiséad AE a bhaint amach mar thacaíocht do chuspóirí aeráide thar thréimhse 2021-2027 CAI, agus sprioc bhliantúil 30 % a luaithe is féidir agus faoi 2027 ar a dhéanaí. Le gníomhaíochtaí faoin gClár LIFE, meastar go gcaithfear 61 % d’imchlúdach airgeadais foriomlán an Chláir LIFE ar chuspóirí aeráide. Sainaithneofar gníomhaíochtaí ábhartha le linn ullmhú agus chur chun feidhme an Chláir LIFE, agus déanfar athmheasúnú ar na gníomhaíochtaí sin i gcomhthéacs na meastóireachtaí agus na bpróiseas athbhreithnithe ábhartha.

(25)  Agus an Clár LIFE á chur chun feidhme, ba cheart aird chuí a thabhairt ar an straitéis maidir leis na réigiúin is forimeallaí(23) i bhfianaise Airteagal 349 CFAE agus riachtanais shonracha na réigiún sin agus a leochailí atá siad. Ba cheart freisin beartais eile an Aontais nach beartais maidir leis an gcomhshaol agus an aeráid iad, agus nach beartais ábhartha maidir leis an bhfuinneamh iad, a chur san áireamh.

(26)  Chun tacú le cur chun feidhme an Chláir LIFE, ba cheart don Choimisiún oibriú i gcomhar le líonra Phointí Teagmhála Náisiúnta an Chláir LIFE chun comhar a spreagadh arb é is aidhm dó seirbhísí na bPointí Teagmhála Náisiúnta ar fud an Aontais a fheabhsú agus go mbeidís níos éifeachtaí, mar aon le cur le caighdeán foriomlán na dtograí arna dtíolacadh, seimineáir agus ceardlanna a eagrú, liostaí de thionscadail arna gcistiú faoin gClár LIFE a fhoilsiú nó tabhairt faoi ghníomhaíochtaí eile, amhail feachtais sna meáin, chun torthaí tionscadail a scaipeadh ar bhealach níos fearr agus éascaíocht a dhéanamh ar mhalartuithe taithí, eolais agus dea-chleachtas agus ar mhacasamhlú torthaí tionscadail ar fud an Aontais, rud a chuirfeadh leis an gcomhar agus leis an gcumarsáid. Leis na gníomhaíochtaí sin, ba cheart go háirithe díriú ar na Ballstáit ag a bhfuil glacadh íseal cistí agus an chumarsáid agus an comhar a éascú idir tairbhithe, iarratasóirí nó geallsealbhóirí tionscadail, ar tionscadail iad atá curtha i gcrích agus tionscadail atá idir lámha sa réimse céanna. Tá sé ríthábhachtach go mbeadh na gníomhaíochtaí cumarsáide agus comhair sin dírithe ar na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla agus ar na geallsealbhóirí.

(26a)  Is í an cháilíocht an critéar lena rialaítear an próiseas meastóireachta agus dámhachtana tionscadail sa Chlár LIFE. Chun cur chun feidhme chuspóirí an Chláir LIFE ar fud an Aontais a éascú agus chun ardcháilíocht tograí tionscadail a chur chun cinn, ba cheart cistiú a chur ar fáil do thionscadail cúnaimh theicniúil ar mhaithe le rannpháirtíocht éifeachtach sa Chlár LIFE. Ba cheart don Choimisiún féachaint le cumhdach geografach éifeachtach atá bunaithe ar cháilíocht a bhaint amach ar fud an Aontais, lena n-áirítear trí thacú leis na Ballstáit cur le cáilíocht na dtionscadal tríd an bhfothú acmhainneachta. Leagfar amach an sainmhíniú ar rannpháirtíocht ísealéifeachtach mar aon leis na gníomhaíochtaí incháilithe agus na critéir dhámhachtana maidir leis an gClár LIFE sa Chlár Oibre Ilbhliantúil de réir rannpháirtíocht agus ráta ratha iarrthóirí na mBallstát faoi seach agus aird á tabhairt, i dteannta nithe eile, ar an daonra agus an dlús daonra, ar limistéar iomlán láithreán Natura 2000 do gach Ballstát arna shloinneadh mar chion de limistéar iomlán Natura 2000 agus mar chion de chríoch Ballstáit arna chumhdach ag láithreáin Natura 2000. Ba cheart na gníomhaíochtaí incháilithe a bheith den chineál sin ina mbeadh sé d’aidhm acu feabhas a chur ar cháilíocht na n-iarratas ar thionscadal.

(27)  Bunaíodh Líonra an Aontais Eorpaigh maidir le dlí an chomhshaoil a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú (IMPEL), Líonra Eorpach na n-ionchúisitheoirí don chomhshaol (ENPE) agus Fóram breithiúna an Aontais Eorpaigh don chomhshaol (EUFJE(24)) chun an comhar idir na Ballstáit a éascú agus tá ról uathúil acu i reachtaíocht an Aontais maidir leis an gcomhshaol a fhorfheidhmiú. Cuireann na comhlachais sin go mór le comhsheasmhacht sa dóigh a ndéantar reachtaíocht an Aontais maidir leis an gcomhshaol a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú ar fud an Aontais, saobhadh iomaíochta a sheachaint, cuidiú cáilíocht an iniúchta comhshaoil agus sásraí forfheidhmithe dlí a fheabhsú trí bhíthin córas líonraithe ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal an Bhallstáit araon, agus malartú faisnéise agus taithí a sholáthar ag leibhéil dhifriúla riaracháin, chomh maith le hoiliúint chríochnúil agus dianphlé i dtaca le saincheisteanna comhshaoil agus na gnéithe forfheidhmithe a bhaineann leo, lena n-áirítear próisis faireacháin agus próisis cheadúcháin. I bhfianaise a mhéid a rannchuidíonn siad le cuspóirí an Chláir LIFE, is iomchuí a údarú deontais a dhámhachtain do IMPEL, ENPE agus EUFJE gan glao ar thograí ionas go leanfaí de thacaíocht a sholáthar do ghníomhaíochtaí na gcomhlachas sin. Sa bhreis air sin, i gcásanna eile is féidir nach gá glao de bhun cheanglais ghinearálta an Rialacháin Airgeadais, i gcás comhlachtaí arna n-ainmniú ag na Ballstáit, mar shampla, agus ag feidhmiú faoina gcúram, i gcás ina sainaithneofar na Ballstáit sin mar thairbhithe deontais trí bhíthin ghníomh reachtach an Aontais.

(28)  Is iomchuí imchlúdach airgeadais a leagan síos don Chlár LIFE arb éard a bheidh ann an príomh-mhéid tagartha do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil, de réir bhrí phointe 17 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais(25).

(28a)  Ba cheart na huasrátaí cómhaoinithe a shocrú ag na leibhéil is gá chun an leibhéal éifeachtach tacaíochta arna soláthar ag an gClár a choinneáil. Chun an inoiriúnaitheacht a bhfuil gá léi chun freagairt do réimse na ngníomhaíochtaí agus na n-eintiteas atá ann cheana a chur san áireamh, cuirfidh rátaí cómhaoinithe sonracha leis an gcinnteacht, fad a choinneofar an méid solúbthachta is gá de réir na riachtanas nó na gceanglas sonrach. Ba cheart na rátaí cómhaoinithe sonracha a bheith faoi réir na n-uasrátaí cómhaoinithe ábhartha bunaithe i gcónaí.

(29)  Tá feidhm maidir leis an Rialachán seo ag rialacha airgeadais cothrománacha arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Leagtar na rialacha sin síos sa Rialachán Airgeadais agus is iad a chinneann, go háirithe, an nós imeachta le haghaidh an buiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, soláthar, duaiseanna agus cur chun feidhme indíreach, agus foráiltear iontu maidir le seiceálacha ar fhreagracht na ngníomhaithe airgeadais. Ina theannta sin, baineann na rialacha arna nglacadh ar bhonn Airteagal 322 CFAE le cosaint bhuiséad an Aontais ar easnaimh ghinearálaithe i ndáil leis an smacht reachta sna Ballstáit, óir réamhchoinníoll bunriachtanach le haghaidh bainistíocht fhónta airgeadais agus cistiú éifeachtach ón Aontas is ea urramú an smachta reachta.

(30)  I gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(26) (an Rialachán Airgeadais), Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(27), Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2988/95 ón gComhairle(28), Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle(29) agus Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle(30), déanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha, lena n-áirítear trí neamhrialtachtaí, an chalaois san áireamh, a chosc, a bhrath, a cheartú agus a imscrúdú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, smachtbhannaí riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 833/2013 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96, féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais.

I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, féadfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) ciontaí in aghaidh leas airgeadais an Aontais a imscrúdú agus a ionchúiseamh, dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(31). I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ní mór d’aon duine nó d’aon eintiteas a fhaigheann cistí ón Aontas oibriú go hiomlán i gcomhar i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais agus na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, do ▌OIPE i ndáil leis na Ballstáit sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939, agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE), agus ní mór dó a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha.

(31)  Na cineálacha maoiniúcháin agus na modhanna cur chun feidhme a úsáidfear, is ar bhonn a fhónta atá siad ó thaobh cuspóirí sainiúla na gníomhaíochta a bhaint amach agus torthaí a thabhairt ba cheart iad a roghnú, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar chostais rialuithe, ar an ualach riaracháin, agus ar na rioscaí a mheastar a thiocfadh de neamh-chomhlíonadh. Maidir le deontais, ba cheart a áireamh leis seo breithniú ar úsáid cnapshuimeanna, rátaí comhréidhe agus scálaí costas aonaid. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú gur féidir an cur chun feidhme a thuiscint go héasca, agus ba cheart dó fíorshimpliú a chur chun cinn d’fhorbróirí tionscadail.

(32)  I gcás inarb iomchuí, ba cheart cuspóirí beartais an Chláir LIFE a shaothrú le hionstraimí airgeadais agus le ráthaíocht bhuiséadach faoin ▌gclár InvestEU, lena n-áirítear leis an méid arna leithdháileadh faoin gClár LIFE mar a shonraítear laistigh de na cláir oibre ilbhliantúla faoin gClár LIFE.

(33)  De bhun Airteagal 94 de Chinneadh 2013/755/AE ón gComhairle(32), tá eintitis atá lonnaithe i dtíortha agus críocha thar lear incháilithe do chistiú faoi réir rialacha agus chuspóirí an Chláir LIFE agus faoi réir aon socrú féideartha is infheidhme maidir leis an mBallstát lena mbaineann an tír nó an chríoch ábhartha thar lear. Ba cheart do na heintitis sin a rannpháirtíocht sa Chlár LIFE a dhíriú go príomha ar thionscadail faoin bhfochlár don dúlra agus don bhithéagsúlacht.

(34)  Ba cheart deis isteach sa Chlár a bheith ag tríú tíortha i gcomhréir leis na comhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin, lena mbunaítear na coinníollacha sonracha a bhaineann lena rannpháirtíocht.

(35)  Féadfaidh tríú tíortha ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) a bheith rannpháirteach i gcláir de chuid an Aontais faoi chuimsiú an chomhair arna bhunú faoin gcomhaontú leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, ina ndéantar foráil maidir le cur chun feidhme na gclár le cinneadh faoin gcomhaontú sin. Féadfaidh tríú tíortha a bheith rannpháirteach ar bhonn ionstraimí dlí eile freisin. Ba cheart foráil shonrach a thabhairt isteach leis an Rialachán seo chun na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don oifigeach údarúcháin freagrach, don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa chun go bhféadfaidh gach ceann díobh a gcuid inniúlachtaí féin a fheidhmiú ar dhóigh chuimsitheach.

(36)  De bhun phointe 22 agus phointe 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, is gá meastóireacht a dhéanamh ar an gClár LIFE ar bhonn faisnéise arna bailiú trí cheanglais faireacháin shonracha agus, san am céanna, ró-rialáil agus ualach riaracháin, ar na Ballstáit go háirithe, a sheachaint. Ar na ceanglais sin, is féidir a áireamh, i gcás inarb iomchuí, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí an Chláir LIFE ar an láthair. Is de thoradh rannchuidithe indíreacha fadtéarmacha nach furasta a thomhas chun raon iomlán cuspóirí comhshaoil agus aeráide de chuid an Aontais a bhaint amach a bhíonn tionchar iomlán ag an gClár LIFE. Chun faireachán a dhéanamh ar an gClár LIFE, ba cheart táscairí aschuir dhírigh agus ceanglais rianaithe a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlánú trí tháscairí sonracha a chomhiomlánú ar leibhéal an tionscadail, táscairí ar a dtabharfar tuairisc i gcláir oibre ilbhliantúla nó i nglaonna ar thograí maidir le, inter alia, Natura 2000 agus astaíochtaí truailleán áirithe aeir.

(36a)  Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le cláir oibre ilbhliantúla a ghlacadh, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(33). I gcás nach dtabharfaidh Coiste an Chláir LIFE aon tuairim uaidh faoin dréachtghníomh cur chun feidhme, níor cheart don Choimisiún, i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh.

(37)  Chun a áirithiú go bhfuil an tacaíocht ón gClár agus cur chun feidhme an Chláir comhsheasmhach le beartais agus tosaíochtaí an Aontais, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún, chun na táscairí a leasú nó an Rialachán seo a fhorlíonadh i ndáil leis na táscairí, agus chun an creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(38)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon rannchuidiú le hardleibhéal cosanta comhshaoil agus gníomhaíocht uaillmhianach ar son na haeráide lena mbaineann dea-rialachas agus cur chuige il-gheallsealbhóirí, leis an bhforbairt inbhuanaithe agus le gnóthú na gcuspóirí agus na spriocanna a leagtar síos i reachtaíocht, straitéisí, pleananna nó gealltanais idirnáisiúnta an Aontais maidir leis an gcomhshaol, an bhithéagsúlacht, an aeráid, an geilleagar ciorclach, mar aon leis na cuspóirí agus na spriocanna a leagtar síos i reachtaíocht, straitéisí, pleananna nó gealltanais idirnáisiúnta ábhartha an Aontais maidir leis an bhfuinneamh in-athnuaite agus an éifeachtúlacht fuinnimh, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí an Rialacháin seo, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(39)  Ar an ábhar sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 a aisghairm

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, bunaítear Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE) (an ‘Clár LIFE’).

Leagtar síos leis cuspóirí an Chláir LIFE, an buiséad don tréimhse 2021-2027, na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)  ciallaíonn ‘tionscadail dúlra straitéiseacha’ tionscadail a thacaíonn le cuspóirí dúlra agus bithéagsúlachta an Aontais a bhaint amach trí chláir chomhleanúnacha gníomhaíochta a chur chun feidhme sna Ballstáit chun na cuspóirí agus na tosaíochtaí sin a phríomhshruthú i mbeartais agus ionstraimí eile airgeadais, lena n-áirítear trí na creataí gníomhaíochta tosaíochta arna mbunú de bhun Threoir 92/43/CEE a chur chun feidhme ar bhealach comhordaithe;

(2)  ciallaíonn ‘tionscadail chomhtháite straitéiseacha’ tionscadail a chuireann chun feidhme ar scála réigiúnach, ilréigiúnach, náisiúnta nó trasnáisiúnta straitéisí nó pleananna gníomhaíochta comhshaoil nó aeráide arna bhforbairt ag údaráis na mBallstát agus a cheanglaítear le reachtaíocht nó beartas sonrach an Aontais maidir leis an gcomhshaol agus leis an aeráid nó reachtaíocht nó beartas sonrach ábhartha an Aontais maidir le fuinneamh ▌agus, san am céanna, lena n-áirithítear rannpháirteachas na ngeallsealbhóirí agus lena gcuirtear chun cinn comhordú le foinse chistiúcháin amháin eile ar a laghad de chuid an Aontais, náisiúnta nó phríobháideach agus an fhoinse chistiúcháin sin a fhorscaoileadh;

(3)  ciallaíonn ‘tionscadail cúnaimh theicniúil’ tionscadail a thugann tacaíocht chun an acmhainneacht maidir le páirt a ghlacadh i dtionscadail ghníomhaíochta chaighdeánacha a fhorbairt, tionscadail dúlra straitéiseacha agus tionscadail chomhtháite straitéiseacha a ullmhú, rochtain ar ionstraimí airgeadais de chuid an Aontais a ullmhú nó bearta eile is gá chun ullmhú i gcomhair torthaí ó thionscadail eile arna gcistiú faoin gClár LIFE, faoi na cláir a tháinig roimhe nó cláir eile de chuid an Aontais a chur á n-úsáid ar scála níos leithne nó a mhacasamhlú, d’fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a shaothrú; Féadfar a áireamh ar na tionscadail sin fothú acmhainneachta a bhaineann le gníomhaíochtaí údaráis na mBallstát ar mhaithe le rannpháirtíocht éifeachtach sa Chlár LIFE;

(4)  ciallaíonn ‘tionscadail ghníomhaíochta caighdeánacha’ tionscadail nach tionscadail chomhtháite straitéiseacha nó tionscadail cúnaimh theicniúil iad a shaothraíonn cuspóirí sonracha an Chláir a leagtar amach in Airteagal 3(2);

(5)  ciallaíonn ‘oibríochtaí measctha’ gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear laistigh de shaoráidí measctha de bhun Airteagal 2(6) den Rialachán (AE, Euratom) 2018/... (“an Rialachán Airgeadais”), lena gcomhcheanglaítear foirmeacha neamh-iníoctha tacaíochta agus/nó ionstraimí airgeadais ó bhuiséad an Aontais d’fhoirmeacha iníoctha tacaíochta ó institiúidí forbartha nó institiúidí airgeadais poiblí eile, agus ó institiúidí airgeadais tráchtála agus infheisteoirí;

(6)  ciallaíonn ‘eintiteas dlíthiúil’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bunaíodh mar eintiteas dlíthiúil agus a aithnítear mar eintiteas dlíthiúil faoin dlí náisiúnta, faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí idirnáisiúnta, a bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aige agus a fhéadfaidh, ag gníomhú dó ina ainm féin, cearta a fheidhmiú agus a bheith faoi réir oibleagáidí, nó eintiteas nach bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aige i gcomhréir le hAirteagal 190(2)(c) den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 3

Cuspóirí an Chláir

1.  Is é cuspóir ginearálta an Chláir LIFE cuidiú leis an athrú i dtreo geilleagar inbhuanaithe, ciorclach, fuinneamhéifeachtúil, aeráidseasmhach atá bunaithe ar an bhfuinneamh in-athnuaite agus atá neodrach ó thaobh díobháil aeráide de, chun cáilíocht an chomhshaoil, lena n-áirítear an t-aer, an t-uisce agus an ithir, a chosaint, a athbhunú agus a fheabhsú agus cailliúint na bithéagsúlachta a stopadh agus a aisiompú agus dul i ngleic le díghrádú na n-éiceachóras, lena n-áirítear trí thacú le cur chun feidhme agus bainistiú líonra Natura 2000, lena gcuirfear, ar an mbealach sin, leis an bhforbairt inbhuanaithe. Tacóidh an clár LIFE freisin le cur chun feidhme na gClár Gníomhaíochta Ginearálta arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 192(3) CFAE.

2.  Beidh na cuspóirí sonracha seo a leanas ag an gClár LIFE:

(a)  Teicnící, modhanna agus cineálacha nuálacha cur chuige a fhorbairt, a thaispeáint agus a chur chun cinn chun cuspóirí reachtaíocht agus bheartas an Aontais maidir leis an gcomhshaol, lena n-áirítear an dúlra agus an bhithéagsúlacht, agus maidir le gníomhú ar son na haeráide a bhaint amach, lena n-áirítear an t-aistriú chuig fuinneamh in-athnuaite agus éifeachtúlacht fuinnimh mhéadaithe, agus rannchuidiú leis an mbonn eolais agus le cur i bhfeidhm dea-chleachtas, go háirithe maidir leis an dúlra agus an bhithéagsúlacht, lena n-áirítear trí thacú le líonra Natura 2000;

(b)  tacú le forbairt, cur chun feidhme agus forfheidhmiú reachtaíocht agus bheartas ábhartha an Aontais, agus faireachán a dhéanamh orthu, maidir leis an gcomhshaol, lena n-áirítear an dúlra agus an bhithéagsúlacht, agus maidir le gníomhú ar son na haeráide agus an t-aistriú chuig fuinneamh in-athnuaite nó éifeachtúlacht fuinnimh mhéadaithe, lena n-áirítear feabhas a chur ar an rialachas ar gach leibhéal, go háirithe trí acmhainneachtaí gníomhaithe poiblí agus príobháideacha agus rannpháirteachas na sochaí sibhialta;

(c)  an úsáid mhórscála a bhaintear as réitigh theicniúla agus réitigh a bhfuil baint acu le beartas, ar réitigh rathúla iad, a spreagadh chun reachtaíocht agus beartas ábhartha an Aontais a chur chun feidhme maidir leis an gcomhshaol, lena n-áirítear an dúlra agus an bhithéagsúlacht, agus maidir le gníomhú ar son na haeráide agus an t-aistriú chuig fuinneamh in-athnuaite nó éifeachtúlacht fuinnimh mhéadaithe trí bhíthin torthaí a mhacasamhlú, cuspóirí gaolmhara a chomhtháthú i mbeartais eile agus i gcleachtais san earnáil phoiblí agus phríobháideach, infheistíocht a fhorscaoileadh agus an rochtain ar mhaoiniú a fheabhsú.

Airteagal 4

Struchtúr

Seo a leanas struchtúr an Chláir LIFE:

(1)  réimse an chomhshaoil, lena n-áirítear:

(a)  an fochlár don dúlra agus don bhithéagsúlacht;

(b)  an fochlár don gheilleagar ciorclach agus do chaighdeán na beatha.

(2)  an réimse maidir le gníomhú ar son na haeráide, lena n-áirítear:

(a)  an fochlár don mhaolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin;

(b)  an fochlár don aistriú chuig fuinneamh glan.

Airteagal 5

An buiséad

1.  Is é EUR 6 442 000 000 i bpraghsanna 2018 (EUR 7 272 000 000 i bpraghsanna reatha) a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir don tréimhse 2021–2027.

2.  Maidir leis an méid dá dtagraítear i mír 1, seo a leanas a dháileadh táscach:

(a)  EUR 4 715 000 000 i bpraghsanna 2018 (EUR 5 322 000 000 i bpraghsanna reatha, arb ionann é agus 73,2% d’imchlúdach airgeadais iomlán an Chláir) le haghaidh réimse an Chomhshaoil, ar a n-áirítear

(1)  EUR 2 829 000 000 i bpraghsanna 2018 (EUR 3 261 420 000 i bpraghsanna reatha, arb ionann é agus 44,9% d’imchlúdach airgeadais iomlán an Chláir) le haghaidh an fhochláir don Dúlra agus don Bhithéagsúlacht agus

(2)  EUR 1 886 000 000 i bpraghsanna 2018 (EUR 2 060 580 000 i bpraghsanna reatha, arb ionann é agus 28,3% d’imchlúdach airgeadais iomlán an Chláir) le haghaidh an fhochláir don Gheilleagar Ciorclach agus do Chaighdeán na Beatha;

(b)  EUR 1 950 000 000 le haghaidh an réimse maidir le gníomhú ar son na haeráide, ar a n-áirítear

(1)  EUR 950 000 000 le haghaidh an fhochláir don Mhaolú ar an Athrú Aeráide agus Oiriúnú don Athrú sin agus

(2)  EUR 1 000 000 000 le haghaidh an fhochláir don Aistriú chuig Fuinneamh Glan.

3.  Beidh na méideanna dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 gan dochar d’fhorálacha solúbthachta a leagtar amach i Rialachán (AE) ... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(34) [an Rialachán nua maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil] agus sa Rialachán Airgeadais.

3a.  D’ainneoin mhír 2, déanfar ar a laghad 60% de na hacmhainní buiséadacha arna leithdháileadh ar thionscadail a dtacaítear leo trí bhíthin deontais ghníomhaíochta faoi réimse an Chomhshaoil dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2 a thiomnú do dheontais do thionscadail a thacaíonn leis an bhfochlár don dúlra agus don bhithéagsúlachta dá dtagraítear i bpointe i) de phointe (a) de mhír 2.

4.  Leis an gClár LIFE, féadfar maoiniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí teicniúla agus cúnaimh riaracháin a dhéanann an Coimisiún chun an Clár LIFE a chur chun feidhme, cuir i gcás gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, lena n-áirítear córais teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha agus gníomhaíochtaí líonra lena dtacaítear le Pointí Teagmhála Náisiúnta an Chláir LIFE, lena n-áirítear oiliúint, gníomhaíochtaí foghlama frithpháirteacha agus imeachtaí chun taithí a chomhroinnt.

5.  Leis an gClár, féadfar gníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme ag an gCoimisiún a mhaoiniú chun tacú le reachtaíocht agus beartais an Aontais maidir leis an gcomhshaol, leis an aeráid nó le fuinneamh a ullmhú, a chur chun feidhme agus a phríomhshruthú chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach. Féadfaidh an méid seo a leanas a bheith san áireamh le gníomhaíochtaí den sórt sin:

(a)  faisnéis agus cumarsáid, lena n-áirítear feachtais ardaithe feasachta. Leis na hacmhainní airgeadais arna leithdháileadh i dtaca le gníomhaíochtaí cumarsáide de bhun an Rialacháin seo, cumhdófar freisin cumarsáid chorparáideach maidir le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais agus, ina theannta sin, maidir le stádas chur chun feidhme agus thrasuíomh reachtaíocht an Aontais maidir leis an gcomhshaol agus leis an aeráid mar aon le stádas chur chun feidhme agus thrasuíomh reachtaíocht ábhartha an Aontais maidir le fuinneamh;

(b)  staidéir, suirbhéanna, samhaltú agus cruthú creatlaí cáis;

(c)  ▌beartais, cláir agus reachtaíocht a ullmhú agus a chur chun feidhme agus faireachán, seiceáil agus meastóireacht a dhéanamh orthu, mar aon le measúnú agus anailís a dhéanamh ar thionscadail nach bhfaigheann cistiú ón gClár LIFE, má tá siad i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3;

(d)  ceardlanna, comhdhálacha agus cruinnithe;

(e)  líonrú agus ardáin dea-chleachtais;

(f)  gníomhaíochtaí eile, amhail duaiseanna.

Airteagal 6

Tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár

1.  Faoi réir dóibh a chuid rialacha agus rialachán ar fad a chomhlíonadh go hiomlán, beidh an Clár oscailte do na tríú tíortha seo a leanas:

(a)  comhaltaí de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa Chomhaontú maidir le LEE;

(b)  tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais lena mbaineann, nó i gcomhaontuithe eile den chineál céanna, agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos sna comhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;

(c)  tíortha a chuimsítear faoi Bheartas Comharsanachta na hEorpa, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais lena mbaineann, nó i gcomhaontuithe eile den chineál céanna, agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos sna comhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;

(d)  tríú tíortha eile, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gcomhaontú sonrach lena gcumhdaítear rannpháirtíocht an tríú tír in aon chlár de chuid an Aontais, ar choinníoll

–  go n-áirithítear leis an gcomhaontú cothromaíocht chóir idir ranníocaíochtaí agus sochair an tríú tír atá páirteach i gcláir an Aontais;

–  go leagtar síos coinníollacha do rannpháirtíocht sna cláir, lena n-áirítear ríomh na ranníocaíochtaí airgeadais le cláir aonair agus a gcostais riaracháin. Ioncam sannta i gcomhréir le hAirteagal [21(5)] den Rialachán Airgeadais a bheidh sna ranníocaíochtaí sin;

–  nach dtugtar leis an gcomhaontú cumhacht don tríú tír cinntí a dhéanamh maidir leis an gClár;

–  go ráthaítear cearta an Aontais chun bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú agus chun a leasanna airgeadais a chosaint.

2.  I gcás ina mbeidh tríú tír rannpháirteach sa Chlár de thoradh cinneadh faoi chomhaontú idirnáisiúnta nó de bhua aon ionstraim dlí eile, tabharfaidh an tríú tír na cearta agus an rochtain is gá don oifigeach údarúcháin atá freagrach, don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa chun go bhféadfaidh gach ceann díobh a gcuid inniúlachtaí féin a fheidhmiú ar dhóigh chuimsitheach. I gcás OLAF, áireofar ar na cearta sin an ceart chun imscrúduithe a dhéanamh, seiceálacha agus iniúchtaí ar an láthair san áireamh, dá bhforáiltear i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF).

Airteagal 6a

Comhar idirnáisiúnta

Agus an Clár LIFE á chur chun feidhme, beidh comhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha, agus lena n-institiúidí agus lena gcomhlachtaí, indéanta de réir mar is gá ar mhaithe leis na cuspóirí ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 3 a bhaint amach.

Airteagal 7

Sineirgíochtaí le cláir eile de chuid an Aontais

Éascóidh an Coimisiún cur chun feidhme comhsheasmhach an Chláir LIFE agus éascóidh an Coimisiún agus na Ballstáit comhleanúnachas agus comhordú le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh, an clár Fís Eorpach, an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus InvestEU, chun sineirgíochtaí a chruthú, go háirithe maidir le tionscadail dúlra straitéiseacha agus tionscadail chomhtháite straitéiseacha, agus chun tacú le glacadh le réitigh arna bhforbairt faoin gClár LIFE agus na réitigh sin a mhacasamhlú. Féachfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit le comhlántacht a bhaint amach ar gach leibhéal.

Airteagal 8

Cur chun feidhme agus foirmeacha cistiúcháin ón Aontas

1.  Is tríd an mbainistíocht dhíreach a ▌chuirfidh an Coimisiún an Clár LIFE chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais nó tríd an mbainistíocht indíreach le comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal [61(1)(c)] den Rialachán Airgeadais.

2.  Féadfar cistiú a sholáthar ón gClár LIFE, agus an cistiú sin in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, go háirithe deontais, duaiseanna agus soláthar. Féadfaidh sé maoiniú a sholáthar freisin i bhfoirm ionstraimí airgeadais laistigh d’oibríochtaí measctha.

2a.  Leithdháilfear 85% ar a laghad den bhuiséad le haghaidh an Chláir LIFE ar dheontais dá dtagraítear in Airteagal 10(2) agus 10(5), ar thionscadail arna maoiniú trí fhoirmeacha cistiúcháin eile a mhéid a shonraítear laistigh den chlár oibre ilbhliantúil, nó, i gcás inarb iomchuí agus a mhéid a shonraítear laistigh den chlár oibre ilbhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 17, ar ionstraimí airgeadais i bhfoirm oibríochtaí measctha dá dtagraítear in Airteagal 8(2). Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh na tionscadail arna maoiniú le foirmeacha cistiúcháin eile go hiomlán i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 den Rialachán seo. Is é EUR 15 mhilliún an t-uasmhéid a leithdháilfear ar dheontais dá dtagraítear in Airteagal 10(3b).

2b.  Beidh na huasrátaí cómhaoinithe do na gníomhaíochtaí incháilithe dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (c) agus (d) d’Airteagal 10(2) comhionann le suas le 60% de na costais incháilithe agus suas le 75% i gcás na dtionscadal arna gcistiú faoin bhfochlár don Dúlra agus don Bhithéagsúlacht, go háirithe na tionscadail a bhaineann le gnáthóga nó speicis tosaíochta le haghaidh chur chun feidhme Threoir 92/43/CEE nó leis na speicis éan a mheasann an Coiste um Oiriúnú don Dul Chun Cinn Eolaíoch agus Teicniúil, a bunaíodh de bhun Airteagal 16 de Threoir 2009/147/CE, gur tosaíocht chistiúcháin iad, nuair is gá sin chun an cuspóir caomhnaithe a bhaint amach. Maidir leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 10(5), beidh an t-uasráta cómhaoinithe comhionann le 70% de na costais incháilithe. Gan dochar do na huasrátaí cómhaoinithe ábhartha agus socraithe, tabharfar sainmhíniú breise ar na rátaí sonracha sa chlár oibre ilbhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 17. Féadfar na rátaí sin a oiriúnú i gcomhréir leis na ceanglais maidir le gach fochlár, cineál tionscadail nó cineál deontais.

I gcás na dtionscadal a dtugtar tuairisc orthu in Airteagal 10(3b), ní sháróidh na huasrátaí cómhaoinithe 95% de na costais incháilithe le haghaidh tionscadal le linn thréimhse an chéad chláir oibre ilbhliantúil; i gcás an dara clár oibre ilbhliantúil agus faoi réir deimhniú sa chlár oibre sin, beidh an ráta cómhaoinithe comhionann le 75% de na costais incháilithe.

2c.  Is í an cháilíocht an critéar lena rialaítear an próiseas meastóireachta agus dámhachtana tionscadail sa Chlár LIFE. Féachfaidh an Coimisiún le cumhdach geografach éifeachtach atá bunaithe ar cháilíocht a bhaint amach ar fud an Aontais, lena n-áirítear trí thacú leis na Ballstáit cur le cáilíocht na dtionscadal tríd an bhfothú acmhainneachta.

CAIBIDIL II

INCHÁILITHEACHT

Airteagal 9

Deontais

Tabharfar agus bainisteofar deontais faoin gClár LIFE i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 10

Gníomhaíochtaí incháilithe

1.  Ní bheidh ach gníomhaíochtaí lena gcuirtear na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 chun feidhme incháilithe chun cistiú a fháil.

2.  Féadfar na cineálacha gníomhaíochta seo a leanas a mhaoiniú le deontais:

(a)  tionscadail dúlra straitéiseacha faoin bhfochlár dá dtagraítear i bpointe (1)(a) d’Airteagal 4;

(b)  tionscadail chomhtháite straitéiseacha faoi na fochláir dá dtagraítear i bpointe (1)(b), pointe (2)(a) agus pointe (2)(b) d’Airteagal 4;

(c)  tionscadail cúnaimh theicniúil;

(d)  tionscadail ghníomhaíochta caighdeánacha;

(e)  tionscadail eile is gá ar mhaithe leis an gcuspóir ginearálta a leagtar amach in Airteagal 3(1) a bhaint amach, lena n-áirítear gníomhaíochtaí comhordaithe agus tacaíochta atá dírithe ar fhothú acmhainneachta, ar scaipeadh faisnéise agus eolais, agus ar ardú feasachta chun tacú leis an aistriú chuig fuinneamh in-athnuaite agus le héifeachtúlacht fuinnimh mhéadaithe.

3.  Sna tionscadail faoin bhfochlár don dúlra agus don bhithéagsúlacht i dtaca le láithreáin Natura 2000 a bhainistiú, a athbhunú agus faireachán a dhéanamh orthu i gcomhréir le Treoir 92/43/CEE agus le Treoir 2009/147/CE, cuirfear san áireamh na tosaíochtaí a leagtar amach sna pleananna, na straitéisí agus na beartais náisiúnta agus réigiúnacha maidir le caomhnú an dúlra agus na bithéagsúlachta, lena n-áirítear i gcreataí gníomhaíochta tosaíochta arna mbunú de bhun Threoir 92/43/CEE.

3a.  Tionscadail cúnaimh theicniúil le haghaidh fothú acmhainneachta a bhaineann le gníomhaíochtaí údaráis na mBallstát chun feabhas a chur ar an rannpháirtíocht éifeachtach sa chlár LIFE, tacóidh na tionscadail sin le gníomhaíochtaí na mBallstát sin ag a bhfuil rannpháirtíocht ísealéifeachtach, d’fhonn feabhas a chur ar sheirbhísí na bPointí Teagmhála Náisiúnta ar fud AE agus cur le cáilíocht fhoriomlán na dtograí arna dtíolacadh.

4.  Féadfar gníomhaíochtaí lasmuigh de Bhallstát nó de thír nó críoch thar lear atá nasctha leis a mhaoiniú le deontais, ar choinníoll go saothraítear leis an tionscadal cuspóirí comhshaoil agus aeráide an Aontais agus go bhfuil gá leis na gníomhaíochtaí lasmuigh den Aontas chun éifeachtacht na n-idirghabhálacha a dhéantar i gcríocha na mBallstát nó i dtír nó críoch thar lear a áirithiú, nó chun tacú le comhaontuithe idirnáisiúnta a bhfuil an tAontas ina pháirtí iontu.

5.  Le deontais oibriúcháin, tacófar le feidhmiú na n-eintiteas neamhbhrabúsach atá bainteach le forbairt, cur chun feidhme agus forfheidhmiú reachtaíocht agus bheartas an Aontais agus atá gníomhach go príomha i réimse an chomhshaoil nó sa réimse maidir le gníomhú ar son na haeráide, lena n-áirítear an t-aistriú chuig fuinneamh, i gcomhréir le cuspóirí an Chláir LIFE dá dtagraítear in Airteagal 3.

Airteagal 11

Eintitis incháilithe

1.  Chomh maith leis na critéir a leagtar amach in Airteagal [197] den Rialachán Airgeadais, beidh feidhm ag na critéir incháilitheachta a leagtar amach i mír 2 go mír 3.

2.  Beidh na heintitis seo a leanas incháilithe:

(a)  eintitis dhlíthiúla atá bunaithe in aon cheann de na tíortha nó na críocha seo a leanas:

(1)  Ballstát nó tír nó críoch thar lear atá bainteach leis an mBallstát sin;

(2)  tríú tír atá comhlachaithe leis an gClár LIFE;

(3)  tríú tíortha eile atá liostaithe sa chlár oibre ilbhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 17, faoi na coinníollacha a shonraítear i mír 4 go mír 6 den Airteagal seo;

(b)  aon eintiteas dlíthiúil a bunaíodh faoi dhlí an Aontais nó aon eagraíocht idirnáisiúnta.

3.  Ní bheidh daoine nádúrtha incháilithe.

4.  Go heisceachtúil, tá eintitis dhlíthiúla atá bunaithe i dtríú tír nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár incháilithe chun páirt a ghlacadh sa Chlár i gcás ina bhfuil sin riachtanach chun cuspóirí gníomhaíochta ar leith a bhaint amach chun éifeachtúlacht na n-idirghabhálacha a dhéantar san Aontas a áirithiú.

5.  Eintitis dhlíthiúla atá rannpháirteach i gcuibhreannais ina bhfuil trí eintiteas neamhspleácha ar a laghad, atá bunaithe i mBallstáit éagsúla nó i dtíortha nó i gcríocha éagsúla thar lear atá bainteach leis na Ballstáit nó leis na tríú tíortha sin atá comhlachaithe leis an gClár nó le tríú tíortha eile, tá siad incháilithe.

6.  I bprionsabal, ba cheart d’eintitis dhlíthiúla atá bunaithe i dtríú tír nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár costais a rannpháirtíochta a sheasamh.

6a.  Chun a áirithiú go mbainfear úsáid éifeachtach as cistí an Chláir agus go mbeidh na heintitis dhlíthiúla dá dtagraítear i mír 4 rannpháirteach go héifeachtúil, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 21 chun an tAirteagal seo a fhorlíonadh trí chinneadh a dhéanamh faoin méid rannpháirtíochta ó na heintitis dhlíthiúla sin i mbeartas comhshaoil agus aeráide an Aontais ar leor í chun go measfar go bhfuil siad incháilithe don Chlár.

Airteagal 12

Dámhachtain dhíreach

Gan dochar d’Airteagal [188] den Rialachán Airgeadais, féadfar deontais a dhámhachtain do na comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I gan glao ar thograí.

Airteagal 13

Na critéir dhámhachtana a leagan síos

Leagfaidh an Coimisiún na critéir dhámhachtana amach sa chlár oibre ilbhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 17 agus sna glaonna ar thograí agus na prionsabail seo a leanas á gcur san áireamh:

(a)  beidh na tionscadail sin a ndéanfaidh an Clár LIFE maoiniú orthu chun leas an Aontais mar go mbeidh siad ina rannchuidiú nach beag chun cuspóirí ginearálta agus sonracha an Chláir LIFE a bhaint amach, mar nach mbainfidh siad an bonn de na cuspóirí réamhráite sin dá dtagraítear in Airteagal 3, agus mar go gcuirfidh siad chun cinn, aon uair is féidir, úsáid an tsoláthair phoiblí ghlais;

(aa)  áiritheofar leo cur chuige costéifeachtach agus beidh siad comhtháite ó thaobh na teicneolaíochta agus an airgeadais de;

(ab)  tabharfar tús áite do na tionscadail is mó a d’fhéadfadh rannchuidiú le baint amach na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3;

(b)  tabharfar bónas, an tráth a dhéanfar meastóireacht orthu, do na tionscadail lena soláthraítear tairbhí indíreacha agus lena gcuirtear chun cinn sineirgíochtaí idir na fochláir dá dtagraítear in Airteagal 4;

(c)  tabharfar bónas, an tráth a dhéanfar meastóireacht orthu, do na tionscadail ar mó an deis go ndéanfaidh na hearnálacha poiblí nó príobháideacha iad a mhacasamhlú agus a ghlacadh nó lena ndéanfar na hinfheistíochtaí nó na hacmhainní airgeadais is mó a shlógadh (poitéinseal spreagtha);

(d)  áiritheofar inmhacasamhlú thorthaí na dtionscadal gníomhaíochta caighdeánach;

(e)  tabharfar bónas do na tionscadail sin a chuirfidh le torthaí tionscadal eile nó a chuirfidh le húsáid na dtorthaí sin ar scála níos leithne, ar tionscadail iad arna gcistiú faoin gClár LIFE, faoi na cláir a tháinig roimhe nó le cistí eile de chuid an Aontais, tráth meastóireachta;

(f)  i gcás inarb iomchuí, tabharfar aird speisialta ar thionscadail i limistéir gheografacha a bhfuil riachtanais shonracha acu nó toisc a leochailí atá siad, amhail limistéir a bhfuil dúshláin shonracha chomhshaoil nó srianta nádúrtha iontu, limistéir thrasteorann, limistéir ardluacha nádúrtha nó réigiúin fhorimeallacha.

Airteagal 14

Costais incháilithe a bhaineann le ceannach talún

Le cois na gcritéar a leagtar amach in Airteagal [186] den Rialachán Airgeadais, measfar costais a bhaineann le ceannach talún a bheith incháilithe ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)  cuideoidh an ceannachán le feabhsú, cothabháil agus athchóiriú shláine líonra Natura 2000 a bunaíodh de bhun Airteagal 3 de Threoir 92/43/CEE, lena n-áirítear trí bhíthin nascthacht a fheabhsú trí chonairí, áiseanna foráis, nó eilimintí eile den bhonneagar glas a chruthú;

(b)  is é ceannach talún an t-aon bhealach amháin nó an bealach is éifeachtaí ó thaobh costais de chun an toradh is inmhianaithe i dtaobh caomhnú de a bhaint amach;

(c)  cuirfear an talamh arna ceannach in áirithe go fadtéarmach d’úsáid a bheidh ag luí leis na cuspóirí a leagtar amach sa Chlár LIFE;

(d)  áiritheoidh an Ballstát lena mbaineann, ar mhodh aistrithe nó ar dhóigh eile, go gcuirfear an talamh sin in áirithe go fadtéarmach chun críocha chaomhnú an dúlra.

Airteagal 15

Cistiú carnach, comhlántach agus comhpháirteach

1.  Féadfaidh gníomhaíocht a bhfuil ranníocaíocht faighte aici ó chlár eile de chuid an Aontais ranníocaíocht a fháil faoin gClár LIFE freisin, ar choinníoll nach gcumhdaíonn na ranníocaíochtaí na costais chéanna agus go bhfuil an ghníomhaíocht i gcomhréir leis na cuspóirí comhshaoil nó aeráide a leagtar amach in Airteagal 3, agus nach mbaineann sí an bonn d’aon cheann acu. Beidh feidhm ag rialacha gach cláir rannpháirtigh de chuid an Aontais maidir lena rannchuidiú féin leis an ngníomhaíocht. Ní rachaidh an cistiú carnach thar chostais incháilithe iomlána na gníomhaíochta agus féadfar an tacaíocht ó chláir dhifriúla an Aontais a ríomh ar bhonn pro rata i gcomhréir leis na doiciméid lena leagtar amach na coinníollacha tacaíochta.

2.  I gcás gníomhaíochtaí ar bronnadh deimhniú an tSéala Barr Feabhais orthu, nó a chomhlíonann na coinníollacha carnacha comparáideacha seo a leanas:

(a)  rinneadh measúnú ar na gníomhaíochtaí i nglao ar thograí faoin gClár LIFE;

(b)  comhlíonann siad íoscheanglais cháilíochta an ghlao sin ar thograí;

(c)  ní fhéadfar iad a mhaoiniú faoin nglao sin ar thograí i ngeall ar shrianta buiséadacha.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí tacaíocht a fháil ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, ón gCiste Comhtháthaithe, ó Chiste Sóisialta na hEorpa Plus nó ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, i gcomhréir le mír 5 d’Airteagal [67] de Rialachán (AE) XX [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] agus Airteagal [8] de Rialachán (AE) XX [an Rialachán maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air], ar choinníoll go bhfuil na gníomhaíochtaí sin i gcomhréir le cuspóirí agus critéir incháilitheachta an chláir lena mbaineann. Beidh feidhm ag rialacha an chiste lena dtugtar tacaíocht.

CAIBIDIL III

OIBRÍOCHTAÍ MEASCTHA

Airteagal 16

Oibríochtaí measctha

Cuirfear oibríochtaí measctha faoin gClár LIFE chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán maidir le InvestEU agus Teideal X den Rialachán Airgeadais, agus aird chuí á tabhairt ar na ceanglais inbhuanaitheachta agus trédhearcachta.

CAIBIDIL IV

CLÁRSCEIDEALÚ, FAIREACHÁN, TUAIRISCIÚ AGUS MEASTÓIREACHT

Airteagal 17

Clár oibre ilbhliantúil

1.  Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cláir oibre ilbhliantúla a ghlacadh don Chlár LIFE. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 20a(2).

2.  Déanfar le gach clár oibre ilbhliantúil, i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 3, an méid seo a leanas a shonrú:

(a)  leithdháileadh na gcistí faoi chuimsiú gach fochláir idir na riachtanais a luaitear sna fochláir sin agus na cineálacha difriúla cistiúcháin, mar aon leis an méid iomlán arna leithdháileadh ar dheontais, dá dtagraítear in Airteagal 10(2)(a) agus 10(2)(b);

(aa)  an méid iomlán d’ionstraimí airgeadais laistigh d’oibríochtaí measctha faoin gClár LIFE, i gcás inarb infheidhme;

(ab)  an méid iomlán do dheontais atá le dámhachtain do na comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I i gcomhréir le hAirteagal 12;

(b)  na topaicí tionscadail nó na riachtanais shonracha a bhfuil réamh-leithdháileadh cistiúcháin ann do na tionscadail dá dtagraítear i bpointe (c) agus pointe (d) d’Airteagal 10(2);

(c)  na straitéisí agus pleananna do thionscadail chomhtháite straitéiseacha a bhféadfar cistiú a iarraidh ina leith do thionscadail dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 10(2);

(d)  an uastréimhse incháilitheachta do chur chun feidhme an tionscadail;

(da)  amchláir tháscacha le haghaidh na nglaonna ar thograí le haghaidh na tréimhse a chumhdaítear leis an gclár oibre ilbhliantúil;

(db)  an mhodheolaíocht theicniúil don nós imeachta maidir le cur isteach agus roghnú na dtionscadal agus do na critéir dhámhachtana, i gcomhréir leis na gnéithe dá dtagraítear in Airteagal 13;

(dc)  sonraíocht na rátaí cómhaoinithe, dá dtagraítear in Airteagal 8(2b);

(dd)  na huasrátaí cómhaoinithe do na gníomhaíochtaí incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 10(2) e;

(de)  na rialacha mionsonraithe maidir le cistiú carnach, comhlántach agus comhcheangailte a fheidhmiú, i gcás inarb ábhartha;

(df)  an sainmhíniú ar rannpháirtíocht ísealéifeachtach agus na gníomhaíochtaí incháilithe agus na critéir dhámhachtana do thionscadail cúnaimh theicniúil le haghaidh an fhothaithe acmhainneachta a bhaineann le gníomhaíochtaí údaráis na mBallstát a dhéantar ar mhaithe le rannpháirtíocht éifeachtach sa chlár LIFE.

2a.  Ceithre bliana a bheidh i ré an chéad chláir oibre ilbhliantúil agus trí bliana a bheidh i ré an dara clár oibre ilbhliantúil.

2b.  Faoi chuimsiú na gclár oibre ilbhliantúil, foilseoidh an Coimisiún glaonna ar thograí don tréimhse lena mbaineann. Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar na cistí nár úsáideadh i nglao ar thograí ar leith a ath-leithdháileadh ar na cineálacha éagsúla tionscadal dá dtagraítear in Airteagal 10(2) laistigh den réimse céanna.

2c.  Áiritheoidh an Coimisiún go rachfar i gcomhairle leis na geallsealbhóirí maidir le forbairt na gclár oibre ilbhliantúil.

Airteagal 18

Faireachán agus tuairisciú

1.  Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil i dtoll a chéile maidir le dul chun cinn an Chláir LIFE i dtreo na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach, ar cuspóirí iad a bhunaítear ar na táscairí atá in Iarscríbhinn II.

2.  Chun a áirithiú go measfar go héifeachtach dul chun cinn an Chláir LIFE i dtreo bhaint amach a chuspóirí, tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 21, chun Iarscríbhinn II a leasú chun na táscairí a athbhreithniú nó a fhorlíonadh i gcás ina measfar gur gá, lena n-áirítear i bhfianaise a n-ailínithe leis na táscairí a leagtar amach do chláir eile de chuid an Aontais, agus chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú.

2a.  Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 21 chun na táscairí sonracha a shainiú, ar bhonn Iarscríbhinn II, do gach fochlár agus do gach cineál tionscadail.

3.  Áiritheoidh an Coimisiún go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus torthaí an Chláir ar dhóigh atá éifeachtúil, éifeachtach agus go pras. Chuige sin, agus i gcomhréir le modheolaíochtaí ábhartha, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí ón Aontas chun gur féidir táscairí in-chomhiomlánaithe aschuir agus tionchair a thiomsú do chuspóirí ábhartha sonracha uile beartais comhshaoil agus aeráide, lena n-áirítear i dtaca le Natura 2000 agus astaíochtaí truailleán áirithe aeir, CO2 san áireamh.

4.  Déanfaidh an Coimisiún faireachán agus tuairisciú rialta ar phríomhshruthú cuspóirí aeráide agus bithéagsúlachta, lena n-áirítear méid an chaiteachais. An méid a chuidíonn an Rialachán seo le sprioc 25 % de bhuiséad uile an chaiteachais lena dtugtar tacaíocht chun cuspóirí aeráide a bhaint amach, déanfar é a rianú trí bhíthin chóras marcóirí aeráide an Aontais. Déanfar an caiteachas maidir leis an mbithéagsúlacht a rianú le tacar ar leith marcóirí. Na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a mheastar a chabhróidh cuspóirí comhshaoil agus aeráide faoi seach a bhaint amach le linn na tréimhse 2021–2027 den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil ar an leibhéal iomchuí imdhealaithe, úsáidfear na modhanna rianaithe sin chun iad a chainníochtú. Cuirfear an caiteachas i láthair go bliantúil i ráiteas buiséadach an Chláir. Tabharfar tuairisc go tráthrialta ar an dóigh a gcuidíonn an Clár le cuspóirí aeráide agus bithéagsúlachta a bhaint amach i gcomhthéacs meastóireachtaí agus na tuarascála bliantúla.

5.  Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar shineirgíochtaí idir an Clár LIFE agus cláir chomhlántacha eile de chuid an Aontais, agus idir a fhochláir.

Airteagal 19

Meastóireacht

1.  Déanfaidh an Coimisiún ▌meastóireachtaí go tráthúil mar chuid den phróiseas cinnteoireachta agus aird chuí á tabhairt ar chomhleanúnachas, ar shineirgíochtaí, ar bhreisluach an Aontais agus ar an inbhuanaitheacht fhadtéarmach, agus úsáid á baint as tosaíochtaí aeráide agus comhshaoil an Aontais.

2.  Déanfaidh an Coimisiúnan mheastóireacht mheántéarma ar an gClár LIFE a luaithe a bheidh faisnéis leordhóthanach ar fáil ar chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná 42 mhí tar éis thosach chur chun feidhme an Chláir LIFE, agus úsáid á baint as an aschur agus na táscairí toraidh a shocraítear i gcomhréir le hIarscríbhinn II.

Cumhdófar an méid seo a leanas ar a laghad sa mheastóireacht:

(a)  gnéithe cáilíochtúla agus cainníochtúla de chur chun feidhme an Chláir;

(b)  éifeachtúlacht úsáid na n-acmhainní;

(c)  a mhéid a baineadh cuspóirí na mbeart uile amach ag sonrú, i gcás inar féidir, na torthaí agus an tionchar;

(d)  rath na dtionscadal nó an rath a bhfuiltear ag súil leis uathu maidir le cistí eile de chuid an Aontais a ghiaráil, agus na buntáistí a bhaineann le comhtháthú níos mó le hionstraimí airgeadais eile de chuid an Aontais go háirithe á gcur san áireamh;

(e)  a mhéid a baineadh sineirgíochtaí amach idir na cuspóirí agus an chomhlántacht le cláir ábhartha eile de chuid an Aontais;

(f)  breisluach Eorpach agus tionchar fadtéarmach an Chláir LIFE, d’fhonn cinneadh a dhéanamh maidir leis na bearta a athnuachan, a mhodhnú nó a chur ar fionraí;

(g)  a mhéid a bhí na geallsealbhóirí páirteach inti;

(h)  anailís cháilíochtúil agus chainníochtúil ar a mhéid a rannchuidíonn an Clár LIFE le stádas caomhantais na ngnáthóg agus na speiceas a liostaítear faoi Threoir 92/43/CEE agus Treoir 2009/147/CE;

(i)  anailís ar an gcumhdach geografach ar fud an Aontais, dá dtagraítear in Airteagal 8(2c), agus, mura mbainfear cumhdach den sórt sin amach, anailís ar na bunchúiseanna atá leis.

3.  I ndeireadh chur chun feidhme an Chláir LIFE, ach tráth nach déanaí ná ceithre bliana tar éis dheireadh na tréimhse a shonraítear sa dara mír d’Airteagal 1, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh ar an gClár LIFE.

4.  Cuirfidh an Coimisiún torthaí na meastóireachtaí chomh maith lena bharúlacha féin in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún agus cuirfidh an Coimisiún torthaí na meastóireachtaí ar fáil go poiblí.

CAIBIDIL V

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 20

Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

1.  Tabharfaidh faighteoirí cistithe ón Aontas aitheantas d’fhoinse an chistithe ón Aontas agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe (go háirithe nuair a bhíonn na tionscadail agus a dtorthaí á bpoibliú) trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear na meáin agus an pobal. Chun na críche sin, úsáidfidh na faighteoirí lógó an Chláir LIFE, a léirítear in Iarscríbhinn IIa, nó, i gcás nach féidir sin, déanfaidh siad an Clár LIFE a lua le haghaidh gach gníomhaíochta cumarsáide agus beidh sé ar chláir fógraí in áiteanna straitéiseacha inar féidir leis an bpobal é a fheiceáil. Maidir leis na hearraí marthanacha go léir a fhaightear faoi chuimsiú an Chláir LIFE, beidh lógó an Chláir LIFE orthu, ach amháin i gcásanna arna sonrú ag an gCoimisiún.

2.  Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an gClár LIFE, agus a bhaineann le gníomhaíochtaí agus torthaí an Chláir. Beidh na hacmhainní airgeadais a leithdháilfear ar an gClár LIFE ina gcuidiú freisin maidir le cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais freisin, a fhad a bhaineann siad sin leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3.

Airteagal 20a

Nós imeachta coiste

1.  Tabharfaidh Coiste an Chláir LIFE cúnamh don Choimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.  I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.  I gcás nach dtugann an Coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

4.  Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil faoi bhráid an Choiste i dtaca leis an dul chun cinn foriomlán i gcur chun feidhme na bhfochlár agus ar aon ghníomhaíochtaí faoi leith, inter alia, maidir leis na hoibríochtaí measctha a cuireadh chun feidhme trí acmhainní buiséadacha a leithdháileadh ón gClár LIFE.

Airteagal 21

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 18(2) agus (2a) a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2028.

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 18(2) agus (2a) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.  Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 18(2) agus (2a) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 22

Aisghairm

Déanfar Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.

Airteagal 23

Forálacha idirthréimhseacha

1.  Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúnachas ná do mhodhnú na ngníomhaíochtaí lena mbaineann, go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu, faoi Rialachán (CE) Uimh. 614/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(35) agus Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013, a leanfaidh d’fheidhm a bheith acu maidir leis na tionscadail lena mbaineann go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu.

2.  Ina theannta sin, féadfaidh imchlúdach airgeadais an Chláir LIFE na speansais theicniúla agus riaracháin is gá a chumhdach chun an t-aistriú idir an Clár LIFE agus na bearta a glacadh faoi Rialachán (CE) Uimh. 614/2007 agus Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 a áirithiú.

3.  Más gá, féadfar leithreasuithe a iontráil sa bhuiséad tar éis 31 Nollaig 2027 chun na speansais dá bhforáiltear in Airteagal 5(4) a chumhdach, ionas go mbeifear in ann na tionscadail nach mbeidh curtha i gcrích faoin dáta sin a bhainistiú.

4.  Féadfar athshreabha ó ionstraimí airgeadais arna mbunú faoi Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 a infheistiú sna hionstraimí airgeadais arna mbunú faoin [gCiste InvestEU].

5.  Úsáidfear na leithreasuithe a chomhfhreagraíonn d’ioncam sannta a eascraíonn as aisíoc méideanna a íocadh go mícheart de bhun Rialachán (CE) Uimh. 614/2007 nó Rialachán (CE) Uimh. 1293/2013, i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(36), chun an Clár LIFE a mhaoiniú.

Airteagal 24

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in/sa ...,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN I

Comhlachtaí ar féidir deontais a dhámhachtain dóibh gan glao ar thograí a dhéanamh

1.  Líonra an Aontais Eorpaigh maidir le dlí an chomhshaoil a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú (IMPEL);

2.  Líonra Eorpach na n-ionchúisitheoirí don chomhshaol (ENPE);

3.  Fóram breithiúna an Aontais Eorpaigh don chomhshaol (EUFJE).

IARSCRÍBHINN II

Táscairí

1.  Táscairí aschuir

1.1.  Líon na dtionscadal lena ndéantar teicnící agus cineálacha nuálacha cur chuige a fhorbairt, a thaispeáint agus a chur chun cinn chun;

1.2.  Líon na dtionscadal lena ndéantar dea-chleachtais maidir leis an dúlra agus leis an mbithéagsúlacht a chur i bhfeidhm;

1.3.  Líon na dtionscadal maidir le forbairt, cur chun feidhme, faireachán nó forfheidhmiú reachtaíocht agus bheartas ábhartha an Aontais;

1.4.  Líon na dtionscadal lena ndéantar acmhainneachtaí gníomhaithe poiblí agus príobháideacha agus rannpháirteachas na sochaí sibhialta a fheabhsú;

1.5.  Líon na dtionscadal, lena n-áirítear tionscadail chomhtháite straitéiseacha agus tionscadail dúlra straitéiseacha, lena gcuirtear chun feidhme

–  pleananna nó straitéisí tábhachtacha;

–  cláir ghníomhaíochta chun an dúlra agus an bhithéagsúlacht a phríomhshruthú.

2.  Táscairí toraidh

2.1.  Glanathrú ar an gcomhshaol agus ar an aeráid, bunaithe ar chomhbhailiúchán táscairí ar leibhéal an tionscadail a shonrófar i nglaonna ar thograí faoi na fochláir do na réimsí seo a leanas:

–  an Dúlra agus an Bhithéagsúlacht;

–  An geilleagar ciorclach agus caighdeán na beatha lena gcumhdaítear dhá cheann díobh seo a leanas:

—  Cáilíocht an aeir;

—  Ithir;

—  Uisce;

—  Dramhaíl;

—  Ceimiceáin;

—  Torann;

—  Úsáid agus éifeachtúlacht acmhainní;

–  Maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin;

–  An t-aistriú chuig fuinneamh glan.

2.2.  Infheistíochtaí carnacha arna spreagadh ag na tionscadail nó maoiniú a bhfuarthas rochtain air (EUR milliún);

2.3.  Líon na n-eagraíochtaí atá páirteach sna tionscadail nó atá ag fáil deontas oibriúcháin;

2.4.  Sciar de tionscadail a raibh éifeacht spreagtha acu tar éis dháta deiridh an tionscadail.

IARSCRÍBHINN IIa

Lógó an Chláir

20190417-P8_TA(2019)0405_GA-p0000002.png

(1)IO C , , lch. .
(2)IO C , , lch. .
(3) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2019. Níor thángthas ar chomhaontú i gcreat na gcaibidlíochtaí idirinstitiúideacha maidir leis an téacs atá aibhsithe i ndath liath.
(4)Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE) a bhunú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 614/2007 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 185).
(5)Report on the Mid-term Evaluation of the Programme for Environment and Climate Action (LIFE) [An Tuarascáil maidir leis an Meastóireacht Mheántéarma ar an gClár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE)](SWD(2017)0355).
(6) Cinneadh Uimh. 1386/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2020 dar teideal ‘Muid ag maireachtáil go maith, faoi shrianta ár bpláinéid’ (IO L 354, 28.12.2013, lch. 171).
(7)Clár Oibre 2030, Rún a ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 25/09/2015.
(8)Cinneadh 93/626/CEE ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 1993 i ndáil le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch (IO L 309, 13.12.1993, lch. 1).
(9)IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.
(10) Fís 2020, Cuid III ‘Fuinneamh atá slán, glan agus éifeachtúil’ (Dúshláin Shochaíocha) (Cinneadh Uimh. 2013/743/AE ón gComhairle an 3 Nollaig 2013 lena mbunaítear an clár sonrach lena gcuirtear chun feidhme Fís 2020 - an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2006/971/CE, 2006/972/CE, 2006/973/CE, 2006/974/CE agus 2006/975/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch 965)).
(11) Treoir (AE) 2018/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena leasaítear Treoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh (IO L 328, 21.12.2018, lch. 210).
(12)Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – The EU Environmental Implementation Review: Common challenges and how to combine efforts to deliver better results [Athbhreithniú an Aontais Eorpaigh ar chur chun feidhme an bheartais comhshaoil: Dúshláin choiteanna agus conas oibriú as lámh a chéile chun torthaí níos fearr a bhaint amach] (COM(2017)0063).
(13)COM(2011)0244.
(14)Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fána agus flóra fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).
(15)Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7).
(16)Treoir (AE) 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le tabhairt isteach agus leathadh speiceas coimhthíoch ionrach a chosc agus a bhainistiú (IO L 317, 4.11.2014, lch. 35).
(17) SEC(2017)0250.
(18) Treoir 2002/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir le torann timpeallachta a mheasúnú agus a bhainistiú – Dearbhú ón gCoimisiún sa Choiste Idir-réitigh um an Treoir maidir le torann timpeallachta a mheasúnú agus a bhainistiú (IO L 189, 18.7.2002, lch. 12).
(19)Treoir (AE) 2016/2284 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le hastaíochtaí náisiúnta truailleán áirithe san aer a laghdú lena leasaítear Treoir 2003/35/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/81/CE (IO L 344, 17.12.2016, lch. 1).
(20)Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce.
(21)Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais comhshaoil mhuirí (an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí) (IO L 164, 25.6.2008, lch. 19).
(22)IO L 124, 17.5.2005, lch. 4.
(23)Doic. 13715/17 - COM(2017)0623.
(24)Doic. 5485/18 - COM(2018)0010, lch. 5.
(25)IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.
(26) Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
(27)Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).
(28)Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 an 18 Nollaig 1995 ón gComhairle maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.95, lch. 1).
(29)Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).
(30)[Teideal iomlán agus faisnéis maidir le IO L].
(31)Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).
(32)Cinneadh 2013/755/AE ón gComhairle an 25 Samhain 2013 maidir le comhlachas na dtíortha agus na gcríoch thar lear leis an Aontas Eorpach (an Cinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear) (IO L 344, 19.12.2013, lch. 1).
(33) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí chur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(34)[Cuir isteach an teideal iomlán agus faisnéis maidir le IO].
(35)Rialachán (CE) Uimh. 614/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Bealtaine 2007 maidir leis an Ionstraim Airgeadais don Chomhshaol (LIFE+) (IO L 149, 9.6.2007, lch. 1).
(36)Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).

An nuashonrú is déanaí: 16 Márta 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais