Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2018/0207(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0468/2018

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0468/2018

Díospóireachtaí :

PV 16/01/2019 - 31
CRE 16/01/2019 - 31

Vótaí :

PV 17/01/2019 - 10.10
CRE 17/01/2019 - 10.10
Mínithe ar vótaí
PV 17/04/2019 - 8.15

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2019)0040
P8_TA(2019)0407

Téacsanna atá glactha
PDF 241kWORD 81k
Dé Céadaoin, 17 Aibreán 2019 - Strasbourg
An Clár um Chearta agus Luachanna ***I
P8_TA(2019)0407A8-0468/2018
Rún
 Téacs comhdhlúite

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Clár um Chearta agus Luachanna (COM(2018)0383 – C8-0234/2018 – 2018/0207(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0383),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagail 16(2), 19(2), 21(2), 24, 167 agus 168 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0234/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 18 Deireadh Fómhair 2018(1),

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún an 10 Deireadh Fómhair 2018 (2),

–  ag féachaint don litir dar dáta an 25 Eanáir 2019 óna hUachtarán chuig cathaoirligh na gcoistí lena leagtar síos cur chuige Pharlaimint na hEorpa i dtaca le cláir earnála an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) tar éis 2020,

–  ag féachaint don litir dar dáta an 1 Aibreán 2019 ón gComhairle chuig Uachtarán Pharlaimint na hEorpa lena ndeimhnítear an chomhthuiscint ar tháinig na comhreachtóirí uirthi le linn na caibidlíochta,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile agus do na tuairimí ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas, ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne, ón gCoiste um Buiséid, ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla agus ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla (A8-0468/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo(3);

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) IO C 62, 15.2.2019, lch. 178.
(2) IO C 461, 21.12.2018, lch. 196.
(3) Glacann an seasamh seo ionad na leasuithe arna nglacadh an 17 Eanáir 2019 (Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2019)0040).


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 17 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) …/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna
P8_TC1-COD(2018)0207

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 16(2), Airteagal (19(2), Airteagal 21(2), Airteagal 24, Airteagal 167, agus Airteagal 168 de

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún(2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  I gcomhréir le hAirteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), ‘tá an tAontas fothaithe ar luachanna an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus ar an meas ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad. Is comhluachanna ag na Ballstáit na luachanna sin i sochaí ina bhfuil an t-iolrachas, an neamh-idirdhealú, an chaoinfhulaingt, an ceartas, an dlúthpháirtíocht agus an comhionannas idir mná agus fir i réim. Sonraítear in Airteagal 3 ina theannta sin gurb é ‘is aidhm don Aontas an tsíocháin, a luachanna agus dea-bhail a phobal a chur chun cinn’ agus, i measc nithe eile, ‘go n-urramóidh an tAontas an saibhreas atá san éagsúlacht chultúrtha agus teanga, agus áiritheoidh sé go ndéanfar oidhreacht chultúrtha na hEorpa a chaomhnú agus a fheabhsú’. Athdhearbhaítear na luachanna sin agus cuirtear in iúl iad sna cearta, sna saoirsí agus sna prionsabail atá cumhdaithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’).

(2)  Ní mór leanúint de na cearta agus na luachanna sin a chothú go gníomhach, a chosaint, a chur chun cinn, a fhorfheidhmiú agus a chomhroinnt i measc na saoránach agus na bpobal agus a bheith i gcroílár thionscadal AE, ós rud é go bhféadfadh meath ar na cearta agus na luachanna sin in aon Bhallstát éifeachtaí díobhálacha a bheith aige ar an Aontas ina iomláine. Dá bhrí sin, cruthófar Ciste nua um Cheartas, Chearta agus Luachanna a chuimseoidh na cláir um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna agus um Cheartas i mbuiséad AE.. Tráth a chaithfidh sochaithe Eorpacha aghaidh a thabhairt ar antoisceachas, radacachas agus easaontais agus an spás don tsochaí shibhialta neamhspleách atá ag laghdú, is tábhachtaí ná riamh ceartas, cearta agus luachanna an Aontais a chur chun cinn, a neartú, agus a chosaint, mar atá: cearta an duine, meas ar dhínit an duine, an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas, an smacht reachta. Beidh impleachtaí móra díreacha aige sin ar an saol polaitiúil, sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíoch san Aontas. Mar chuid den Chiste nua, leanfar sa Chlár Ceartais de thacaíocht a thabhairt le forbairt bhreise a dhéanamh ar réimse ceartais an Aontais, réimse atá bunaithe ar an smacht reachta, ar neamhspleáchas agus neamhchlaontacht na mbreithiúna, ar aitheantas frithpháirteach agus muinín fhrithpháirteach, ar rochtain ar cheartas agus ar chomhar treasteorann. Tógfaidh an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna le chéile Clár 2014-2020 Cearta, Comhionannas agus Saoránacht arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1381/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(4) agus an clár Eoraip ar son na Saoránach arna bhunú ag Rialachán (AE) Uimh. 390/2014 ón gComhairle(5), (dá ngairfear ‘na cláir réamhtheachtacha’ anseo feasta).

(3)  Déanfar an Ciste um Cheartas, Cearta agus Luachanna agus an dá chlár cistiúcháin atá mar bhonn faoi a dhíriú ▌ar dhaoine agus ar eintitis a rannchuidíonn le beocht agus beatha a chur sna luachanna, sna cearta, agus sa chomhionannas agus san éagsúlacht shaibhir is coiteann dúinn. Is é an cuspóir deiridh sochaí atá bunaithe ar chearta agus atá comhionann, oscailte, iolraíoch, cuimsitheach agus daonlathach a chothú agus a choinneáil ar bun. Áirítear leis sin sochaí shibhialta bhríomhar agus chumhachtaithe, a spreagann rannpháirtíocht dhaonlathach, shibhialta agus shóisialta na ndaoine agus a chothaíonn éagsúlacht shaibhir shochaí na hEorpa, bunaithe ar na luachanna, an stair agus ar an gcuimhne is coiteann dúinn. Le hAirteagal 11 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ceanglaítear go gcoinníonn institiúidí an Aontais idirphlé oscailte, trédhearcach agus rialta ar siúl leis an tsochaí shibhialta agus go dtugann siad, ar dhóigheanna iomchuí, an deis do shaoránaigh agus dá gcomhlachais ionadaíochta, a dtuairimí a chur in iúl agus a mhalartú go poiblí i ngach réimse de ghníomhaíocht an Aontais.

(3a)  Ba cheart idirphlé rialta, oscailte agus trédhearcach le tairbhithe an Chláir agus le geallsealbhóirí ábhartha eile a bhunú trí Ghrúpa Idirphlé Sibhialta a chur ar bun. Ba cheart don Ghrúpa Idirphlé Sibhialta a bheith ina fhóram oscailte agus neamhfhoirmiúil chun rannchuidiú le malartú taithí agus dea-chleachtas agus leis an bplé maidir le forbairtí beartais laistigh de na réimsí agus na cuspóirí a chumhdaítear leis an gClár agus na réimsí gaolmhara. Níor cheart aon fhreagracht a bheith ar an nGrúpa Idirphlé Sibhialta maidir le bainistiú clár.

(4)  Leis an gClár ▌ ba cheart go mbeifí in ann sineirgí a fhorbairt chun dul i ngleic leis na dúshláin is coiteann le cur chun cinn agus cosaint luachanna an Aontais agus gné chriticiúil a shroicheadh chun torthaí nithiúla a bhaint amach sa réimse. Ba cheart é sin a bhaint amach trí chur leis an taithí dhearfach a fuarthas ó na cláir réamhtheachtacha, agus trí thuilleadh forbartha a dhéanamh ar an méid sin. Mar gheall air sin beifear ábalta leas iomlán a bhaint as acmhainneacht sineirgí, tacú leis na réimsí beartais faoina bhfuil siad cumhdaithe ar bhealach níos éifeachtaí agus méadú a dhéanamh ar a n-acmhainn chun daoine agus an tsochaí shibhialta a shroicheadh, ar mhaithe le dáileadh geografach cothromaithe. Ionas go mbeidh sé éifeachtach, ba cheart go gcuirfí san áireamh leis an gClár cineál sonrach na mbeartas éagsúil, a spriocghrúpaí éagsúla agus a riachtanais faoi leith trí chuir chuige shaincheaptha agus spriochdhírithe.

(4a)  Tá sé bunriachtanach lánurraim a thabhairt don smacht reachta agus don daonlathas, agus iad a chur chun cinn, chun cur le hiontaoibh na saoránach san Aontas agus chun iontaoibh fhrithpháirteach i measc na mBallstát a áirithiú. Trí chearta agus luachanna a chur chun cinn, rannchuideoidh an Clár le hAontas níos daonlathaí a thógáil agus a fhorbairt, le meas ar an smacht reachta agus ar an idirphlé daonlathach, ar an trédhearcacht agus ar an dea-rialachas, go háirithe i gcásanna laghdaithe spáis don tsochaí shibhialta.

(5)  Chun an tAontas Eorpach a thabhairt níos cóngaraí dá chuid saoránach agus chun rannpháirtíocht dhaonlathach a chothú, teastaíonn gníomhartha agus iarrachtaí comhordaithe éagsúla. Ba cheart an fhéiniúlacht Eorpach a fhorbairt agus a chur chun cinn trí thuiscint na saoránach ar an bpróiseas ceaptha beartas a spreagadh agus trí rannpháirtíocht shibhialta a chur chun cinn i ngníomhaíochtaí an Aontais. Ina theannta sin, trí shaoránaigh a thabhairt le chéile i dtionscadail um nascadh bailte nó i líonraí bailte agus trí thacú le heagraíochtaí na sochaí sibhialta ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus trasnáisiúnta sna réimsí atá clúdaithe ag an gclár, cuirfear le ról na saoránach sa tsochaí agus, i ndeireadh báire, lena rannpháirtíocht ghníomhach i saol daonlathach an Aontais. San am céanna, trí thacú le gníomhaíochtaí lena gcuirtear comhthuiscint, idirphlé idirchultúrtha, éagsúlacht chultúrtha agus teanga, ▌cuimsiú sóisialta agus meas ar dhaoine eile chun cinn, cothaítear mothú muintearais go bhfuiltear mar chuid den Aontas agus saoránacht choiteann faoin bhféiniúlacht Eorpach, agus í bunaithe ar thuiscint chomhroinnte ar luachanna, cultúr, stair agus oidhreacht na hEorpa. Tá cur chun cinn mhothú muintearais níos láidre san Aontas agus luachanna an Aontais tábhachtach go háirithe i measc saoránaigh sna réigiúin is forimeallaí den Aontas mar gheall ar a n-iargúltacht agus a bhfad ó mhór-roinn na hEorpa.

(6)  Tá gníomhaíochtaí cuimhneacháin agus machnamh criticiúil ar chuimhne stair na hEorpa riachtanach chun saoránaigh, go háirithe daoine óga, a chur ar an eolas faoina stair chomhchoiteann agus a luachanna comhchoiteanna, mar bhonn faoi thodhchaí chomhchoiteann▌. Le gníomhaíochtaí cuimhneacháin, ba cheart machnamh a dhéanamh ar chúiseanna réimis ollsmachtacha i stair nua-aimseartha na hEorpa – go háirithe an Naitsíochas, as ar lean an tUileloscadh; an Faisisteachas, an Stailíneachas agus réimis ollsmachtacha chumannacha – agus chun íospartaigh na gcoireanna sin a choimeád i gcuimhne. Ba cheart go gcuimseoidís freisin gníomhaíochtaí maidir le trátha cinniúnacha eile agus pointí tagartha i stair na hEorpa le déanaí. Ba cheart ábharthacht na ngnéithe stairiúla, sóisialta, cultúrtha agus idirchultúrtha a chur san áireamh chomh maith, chun féiniúlacht Eorpach a chruthú agus í bunaithe ar luachanna comhchoiteanna agus mothú muintearais le chéile.

(7)  Ba cheart do shaoránaigh a bheith níos feasaí faoina gcearta a thagann as saoránacht an Aontais chomh maith, agus ba cheart go mbeidís ar a gcompord agus iad ina gcónaí, ag taisteal, ag staidéar, ag obair agus ag déanamh obair dheonach i mBallstát eile, agus ba cheart dóibh a bheith ábalta leas a bhaint as a gcearta saoránachta agus iad a fheidhmiú, a muinín a chur i rochtain chomhionann, in-fhorfheidhmitheacht agus cosaint iomlán a gceart gan aon leithcheal is cuma cén áit san Aontas a bhfuil siad. Is gá tacú leis an tsochaí shibhialta maidir le cur chun cinn, cosaint agus ardú feasachta i dtaobh ▌luachanna an Aontais faoi Airteagal 2 CAE agus maidir le rannchuidiú leis na cearta atá ann faoi dhlí an Aontais a theachtadh go héifeachtach.

(8)  Luach bunúsach is ea an comhionannas inscne agus tá sé ar cheann de chuspóirí an Aontais é sin a bhaint amach. Fós féin, níl aon bhorradh faoin dul chun cinn foriomlán maidir le comhionannas inscne. Sáraíonn idirdhealú in aghaidh na mban agus na gcailíní agus cóir neamh-chomhionann chomh maith le cineálacha éagsúla foréigin in aghaidh na mban agus na gcailíní a gcearta bunúsacha agus coisceann sé a rannpháirtíocht pholaitiúil, shóisialta agus eacnamaíoch iomlán sa tsochaí. Lena chois sin, na baic pholaitiúla, struchtúracha agus chultúrtha atá ann is cosc iad ar fhíor-chomhionannas inscne a bhaint amach. Dá bhrí sin, príomhchúram is ea cur chun cinn an chomhionannais inscne agus an phríomhshruthaithe inscne i ngníomhaíochtaí uile an Aontais agus is údar fáis eacnamaíoch agus forbartha sóisialta é freisin, agus ba cheart tacaíocht a thabhairt dó leis an gclár. Tá tábhacht ar leith ag baint le dul i ngleic le steiréitíopaí agus aghaidh a thabhairt ar idirdhealú tostach agus trasnach. Is colúin den chomhionannas inscne iad rochtain chomhionann ar an obair, rannpháirtíocht chomhionann ar mhargadh an tsaothair agus díothú bacainní ar dhul chun cinn gairmiúil i ngach earnáil, mar shampla na breithiúna, earnálacha atá gaolmhar le STEM (an Eolaíocht, an Teicneolaíocht, an Innealtóireacht agus an Mhatamaitic). Ba cheart díriú freisin ar chothromaíocht oibre is saoil agus ar chomhroinnt chothrom na hoibre teaghlaigh gan phá agus ar an obair chúraim le haghaidh leanaí, daoine scothaosta agus cleithiúnaithe eile, idir fir agus mná, ar nithe iad a leanann de bheith ina gcolúin don neamhspleáchas eacnamaíoch comhionann agus don rannpháirtíocht agus a bhfuil dlúthbhaint acu le comhionannas a bhaint amach idir mná agus fir.

(9)  Is sárú tromchúiseach ar chearta bunúsacha iad foréigean bunaithe ar inscne agus foréigean in aghaidh grúpaí atá i mbaol (leanaí, daoine óga ▌agus grúpaí eile i mbaol amhail LGBTQI agus daoine faoi mhíchumas) agus leanann siad ar aghaidh ar fud an Aontais, i ngach comhthéacs sóisialta agus eacnamaíoch, agus iarmhairtí tromchúiseacha acu ar shláinte fhisiciúil, mheabhrach agus shíceolaíoch na n-íospartach agus ar an tsochaí ina hiomláine. Is iad na mná na daoine a ndeánann foréigean agus ciapadh inscnebhunaithe difear dóibh sa réimse baile agus sa réimse poiblí araon; Mar sin is gníomhaíocht lárnach é an foréigean sin a chomhrac chun comhionannas inscne a chur chun cinn. Is é sainmhíniú Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (Coinbhinsiún Iostanbúl) ar ‘fhoréigean in aghaidh na mban’ ná “gach cineál foréigin atá bunaithe ar inscne, ar dócha a n-eascróidh díobháil fhisiceach, ghnéasach, shíceolaíoch, nó eacnamaíoch uaidh do mhná, lena n-áirítear bagairtí go ndéanfaí na gníomhartha sin orthu, comhéigean nó saoirse a bhaint go treallach, bíodh sin ag tarlú sa saol poiblí nó sa saol príobháideach”. Is gá cur chuige ilghnéitheach chun foréigean atá bunaithe ar inscne a chomhrac, lena n-áirítear aghaidh a thabhairt ar a ghnéithe dlíthiúla, eacnamaíocha, oideachasúla, agus sláinte sa tsochaí. Is gá freisin dul i ngleic go gníomhach le steiréitíopaí inscne ó aois óg, chomh maith le gach cineál fuathchainte agus foréigin ar líne. Sa chomhthéacs sin, leanann sé de bheith bunriachtanach tacú le heagraíochtaí chearta na mban agus le gníomhaithe eile atá ag obair sa réimse sin. Is riosca níos mó iad leanaí, daoine ▌óga agus grúpaí eile atá i mbaol amhail LGBTQI agus daoine faoi mhíchumas de bheith ina n-ábhar don fhoréigean, ▌go háirithe sa teaghlach agus i ndlúthchaidrimh. Ba cheart gníomhaíocht a dhéanamh chun cearta ▌na ndaoine i mbaol a chur chun cinn - go háirithe, cearta leanaí (lena n-áirítear leanaí ar dílleachtaí iad, leanaí a ndearnadh dílleachtaí díobh de dheasca coireanna teaghlaigh agus grúpaí leanaí eile atá an-leochaileach) agus rannchuidiú ▌ lena gcosaint agus lena gcearta chun forbartha ▌agus dínite Is tosaíochtaí iad de chuid an Aontais gach cineál foréigin a chomhrac, lena n-áirítear foréigean inscnebhunaithe, a chosc a chur chun cinn agus cosaint agus tacaíocht a thabhairt d’íospartaigh agus cuidíonn siad sin le cearta bunúsacha daoine aonair a chomhlíonadh agus rannchuidíonn siad le comhionannas inscne ▌. Ba cheart tacú leis na tosaíochtaí sin leis an gClár.

(10)  Toil láidir pholaitiúil agus gníomhaíocht chomhordaithe bunaithe ar mhodhanna agus ar thorthaí chlár Daphne a bhí ann roimhe seo, an Chláir um Chearta, Comhionannas agus Saoránacht agus an Chláir um Cheartas, sin iad na nithe atá riachtanach chun gach cineál foréigin a chosc agus a chomhrac agus chun íospartaigh a chosaint. Ó seoladh in 1997 é, tá ag éirí go fíormhaith le cistiú ón chlár Daphne tacú le híospartaigh an fhoréigin agus an foréigean in aghaidh ban, leanaí agus daoine a chomhrac, i gcomhthéacs a éilimh ag geallsealbhóirí (údaráis phoiblí, institiúidí acadúla agus eagraíochtaí neamhrialtasacha) agus i gcomhthéacs éifeachtacht na dtionscadal arna gcistiú. Rinneadh tionscadail a chistiú leis an gclár chun feasacht a ardú, seirbhísí tacaíochta a chur ar fáil d’íospartaigh, agus chun tacú le gníomhaíochtaí eagraíochtaí na sochaí sibhialta ▌atá ag obair ar an talamh. Tá aghaidh tugtha leis ar gach cineál foréigin, mar shampla foréigean baile, foréigean gnéasach, gáinneáil ar dhaoine, stalcaireacht agus cleachtais dhíobhálacha thraidisiúnta amhail ciorrú ball giniúna ban, agus cineálacha nua foréigin atá ag teacht chun cinn ar nós na cibearbhulaíochta agus ciapadh ar líne.

Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go leanfaí leis na gníomhaíochtaí sin ar fad a bhfuil leithdháileadh buiséid neamhspleách do Daphne ag baint leo agus go ndéanfaí na torthaí agus na ceachtanna sin atá foghlamtha dá mbarr a chur san áireamh go hiomchuí i gcur chun feidhme an Chláir.

(11)  Ceann de phrionsabail bhunúsacha an Aontais is ea an neamh-idirdhealú. In Airteagal 19 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh foráiltear maidir le bearta chun idirdhealú ar fhorais inscne, cine nó tionscnaimh eitnigh, reiligiúin nó creidimh, míchumais, aoise nó gnéaschlaonta, a chomhrac. Tá neamh-idirdhealú cuimsithe in Airteagal 21 den Chairt freisin. Ba cheart gnéithe sonracha na gcineálacha éagsúla idirdhealaithe, lena n-áirítear idirdhealú díreach, indíreach agus struchtúrach, a chur san áireamh agus, san am céanna, ba cheart bearta iomchuí a cheapadh chun idirdhealú de shaghas amháin nó níos mó ná saghas amháin a chosc agus a chomhrac. Ba cheart go dtacódh an Clár le gníomhaíochtaí maidir le gach cineál idirdhealaithe, ciníochais, seineafóibe, afrafóibe, frith-Sheimíteachais, frithghiofógachais, fuath i leith Moslamach, homafóibe agus cineálacha eile éadulaingte, lena n-áirítear homafóibe, défóibe, trasfóibe idirfhóibe agus cineálacha eile éadulaingte bunaithe ar fhéiniúlacht inscne a chosc agus a chomhrac, ar líne agus as líne, in aghaidh daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad, agus an t-il-idirdhealú á chur san áireamh. Sa chomhthéacs sin, ba cheart aird faoi leith a thabhairt ar gach cineál foréigin, fuatha, leithlisithe agus stiogmataithe chomh maith, mar aon le bulaíocht, ciapadh agus cóir éadulangach a chomhrac. Ba cheart an Clár a chur chun feidhme i dteannta gníomhaíochtaí eile de chuid an Aontais ag a bhfuil na cuspóirí céanna, go háirithe na cuspóirí dá dtagraítear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Aibreán 2011 dar teideal “Creat AE do Straitéisí Náisiúnta maidir le Lánpháirtiú na Romach go dtí 2020” agus sa Mholadh ón gComhairle an 09 Nollaig 2013 maidir le bearta éifeachtacha um lánpháirtiú na Romach sna Ballstáit(6).

(12)  Cuirtear bac ar rannpháirtíocht iomlán agus éifeachtach daoine faoi mhíchumais sa tsochaí, ar bhonn cothrom le daoine eile le baic ▌shóisialta agus chomhshaoil chomh maith leis an easpa inrochtaineachta. ▌Ní mór do dhaoine faoi mhíchumais, i measc nithe eile, ▌aghaidh a thabhairt ar bhaic chun rochtain a fháil ar an margadh saothair, tairbhe a bhaint as oideachas cuimsitheach agus ardcháilíochta, bochtaineacht agus eisiamh sóisialta a sheachaint, rochtain a bheith acu ar thionscnaimh chultúrtha agus ar na meáin, nó a gcearta polaitiúla a fheidhmiú. Is páirtí an tAontas agus na Ballstáit i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine Faoi Mhíchumas (UNCRPD), agus dá bhrí sin tá gealltanas tugtha acu teachtadh iomlán agus cothrom chearta uile an duine agus shaoirsí bunúsacha na ndaoine uile faoi mhíchumais a chur chun cinn, a chosaint agus a áirithiú. Tá forálacha UNCRPD ina gcuid dhílis d’ord dlíthiúil an Aontais anois.

(13)  Tá an ceart go ndéanfar a shaol nó a saol príobháideach agus a shaol nó a saol teaghlaigh, a chónaí nó a cónaí agus a chumarsáidí nó a cumarsáidí a urramú (ceart chun príobháideachais) ina cheart bunúsach atá cuimsithe in Airteagal 7 den Chairt um Chearta Bunúsacha. Tá cosaint sonraí pearsanta ina cheart bunúsach atá cuimsithe in Airteagal 8 den Chairt um Chearta Bunúsacha agus in Airteagal 16 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Tá comhlíonadh na rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta faoi réir rialú ag údaráis neamhspleácha mhaoirseachta. I gcreat dlíthiúil an Aontais, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(7) agus Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) leagtar síos forálacha chun a áirithiú go gcaomhnaítear go héifeachtach an ceart chun sonraí pearsanta a chosaint. Leis na hionstraimí dlíthiúla sin, cuirtear ar iontaoibh d’údaráis náisiúnta mhaoirseachta um chosaint sonraí pearsanta feasacht phoiblí agus tuiscint ar na rioscaí, rialacha, coimircí agus cearta i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta a chur chun cinn. Ba cheart don Aontas a bheith in ann gníomhaíochtaí ardaithe feasachta a dhéanamh, lena n-áirítear trí thacú le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus iad ar son sonraí pearsanta a chosaint i gcomhréir le caighdeáin an Aontais, agus gníomhaíochtaí ardaithe feasachta agus gníomhaíochtaí ábhartha eile a dhéanamh i bhfianaise na tábhachta a bhaineann leis an gceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint tráth atá forás ag teacht go pras ar an teicneolaíocht.

(14)  Le hAirteagal 24 CFAE cuirtear d’oibleagáid ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle forálacha a ghlacadh maidir leis na nósanna imeachta agus na coinníollacha a bheadh ag teastáil do thionscnamh saoránach de réir bhrí Airteagal 11 den Chonradh an Aontais Eorpaigh. Rinneadh sin trí Rialachán [(AE) Uimh. 211/2011) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(9) a ghlacadh]. Ba cheart go dtacódh an Clár le maoiniú na tacaíochta teicniúla agus eagraíochta chun Rialachán [(AE) Uimh. 211/2011] a chur i bhfeidhm, agus dá réir sin ag tacú le cleachtadh an chirt chun tionscnaimh um shaoránaigh Eorpacha a sheoladh agus tacú leo ag saoránaigh.

(15)  De bhun Airteagal 8 agus 10 CFAE, ba cheart do ghníomhaíochtaí uile an Chláir tacú le príomhshruthú inscne agus le príomhshruthú cuspóirí neamh-idirdhealaithe. Le meastóireacht idirthréimhseach agus meastóireacht deiridh an chláir, ba cheart go ndéanfaí measúnú ar thionchair inscne chun measúnú a dhéanamh ar an méid atá an Clár ag rannchuidiú le comhionannas inscne agus chun measúnú a dhéanamh nach bhfuil tionchair dhiúltacha neamhbheartaithe ag an gClár ar chomhionannas inscne. Sa chomhthéacs sin agus cineál agus méid éagsúil ghníomhaíochtaí shraitheanna éagsúla an Chláir á gcur san áireamh, beidh sé tábhachtach go ndéanfar sonraí aonair arna mbailiú ag tionscnóirí tionscadail a mhiondealú de réir inscne nuair is féidir sin. Tá sé tábhachtach freisin faisnéis a chur ar fáil d’iarrthóirí maidir le conas comhionannas inscne a chur san áireamh, lena n-áirítear faisnéis ar uirlisí príomhshruthaithe inscne a úsáid amhail buiséadú inscne agus measúnuithe tionchair inscne i gcás inar gá. Ba cheart comhionannas inscne a chur san áireamh nuair a théitear i gcomhairle le saineolaithe agus geallsealbhóirí.

(16)  Ceanglaítear in Airteagal 3(3) ar an Aontas cosaint chearta an linbh a chur chun cinn, i gcomhréir le hAirteagal 24 den Chairt agus de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh.

(17)  I gcomhréir le gníomhartha de chuid an Aontais maidir le cóir chomhionann, bhunaigh na Ballstáit comhlachtaí neamhspleácha chun cóir chomhionanna a chur chun cinn, ar a dtugtar go coitianta “comhlachtaí comhionannais”, chun idirdhealú bunaithe ar chine agus ar thionscnamh eitneach agus ar inscne a chomhrac. Mar sin féin, chuaigh a lán Ballstát thar na ceanglais sin agus d’áirithigh siad gur féidir le comhlachtaí comhionannais déileáil chomh maith le hidirdhealú bunaithe ar ▌ fhorais eile amhail teanga, aois, tréithe gnéis, féiniúlacht inscne agus éagsúlacht inscne, claonadh gnéis, reiligiún agus creideamh, míchumas ▌. Tá ról tábhachtach ag na comhlachtaí comhionannais maidir le comhionannas a chur chun cinn agus cur i bhfeidhm na reachtaíochta maidir le cóir chomhionann a áirithiú go háirithe trí chúnamh neamhspleách a chur ar fáil d’íospartaigh an idirdhealaithe, suirbhéanna neamhspleácha a dhéanamh maidir le hidirdhealú, tuarascálacha neamhspleácha a fhoilsiú agus moltaí a dhéanamh maidir le ceist ar bith a bhaineann le hidirdhealú ina dtír. Tá sé riachtanach obair na gcomhlachtaí comhionannais a chomhordú ar leibhéal an Aontais maidir leis sin. Cruthaíodh EQUINET in 2007. Is iad a chuid ball na comhlachtaí náisiúnta um chur chun cinn na déileála comhionainne mar atá bunaithe le Treoir 2000/43/CE(10) agus 2004/113/CE(11), ón gComhairle, agus le Treoir 2006/54/CE(12) agus 2010/41/AE(13) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. An 22 Meitheamh 2018, ghlac an Coimisiún moladh maidir le caighdeáin do chomhlachtaí comhionannais, lena gcumhdaítear sainordú, neamhspleáchas, éifeachtacht agus comhordú agus comhar comhlachtaí comhionannais. Cás eisceachtúil is ea EQUINET, arae is é an t-aon eintiteas é a áirithíonn comhordú gníomhaíochtaí idir comhlachtaí comhionannais. Tá an ghníomhaíocht comhordúcháin a dhéanann EQUINET tábhachtach do dhea-chur i bhfeidhm dhlí an Aontais in aghaidh an idirdhealaithe sna Ballstáit agus ba cheart don Chlár tacú leis.

(17a)  Chun inrochtaineacht sho-úsáidte a mhéadú agus chun treoir neamhchlaonta agus faisnéis phraiticiúil a sholáthar maidir le gach gné den Chlár, féadfar pointí teagmhála a chur ar bun sna Ballstáit chun cúnamh a sholáthar do thairbhithe agus d’iarratasóirí araon. Ba cheart go mbeadh pointí teagmhála an Chláir in ann a bhfeidhmeanna a chur i gcrích go neamhspleách, gan aon chur isteach díreach ar a gcinnteoireacht ó údaráis phoiblí. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann an bainistiú is iomchuí a dhéanamh ar phointí teagmhála an chláir a roghnú lena n-áirítear, i measc nithe eile, trí údaráis phoiblí, eagraíochtaí na sochaí sibhialta nó cuibhreannais díobh sin. Ní bheidh aon fhreagracht ag pointí teagmhála an Chláir maidir le bainistiú tionscadal;

(18)  Tá ról ríthábhachtach ag comhlachtaí neamhspleácha do chearta an duine ▌, eagraíochtaí na sochaí sibhialta maidir le cur chun cinn, coimirciú agus ardú feasachta i dtaobh chomhluachanna an Aontais faoi Airteagal 2 CAE, agus maidir le cur le teachtadh ceart faoi dhlí an Aontais, lena n-áirítear Cairt um Chearta Bunúsacha AE. Faoi mar a léirítear sa Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Aibreán 2018, méadú ar chistiú agus tacaíocht airgeadais leormhaith tábhachtach chun timpeallacht fhabhrach agus inbhuanaithe a chothú d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta chun a ról a neartú agus a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh go neamhspleách agus go héifeachtach. Agus iarrachtaí á gcomhlánú ar an leibhéal náisiúnta, ba cheart go gcuirfí dá bhrí sin le tacaíocht, cumhachtú agus acmhainn eagraíochtaí na sochaí sibhialta a fhorbairt atá gníomhach i gcur chun cinn luachanna agus ceart ▌ a gcuidíonn a ngníomhaíochtaí le forfheidhmiú straitéiseach na gceart faoi dhlí AE agus faoi Chairt um Chearta Bunúsacha AE, lena n-áirítear trí abhcóideacht amhail dlíthíocht straitéiseach, feachtasaíocht, cumarsáid agus gníomhaíochtaí eile faire, chomh maith le ▌luachanna an Aontais a chur chun cinn, a choimirciú agus feasacht a ardú fúthu ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, naisiúnta agus trasnáisiúnta. Ba cheart an clár a chur i bhfeidhm ar bhealach so-úsáidte, mar shampla nós imeachta cur i bhfeidhm agus tuairiscithe atá so-úsáidte. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar a inrochtaineacht ar an tsochaí shibhialta ar an leibhéal trasnáisiúnta, náisiúnta agus áitiúil, lena n-áirítear eagraíochtaí áitiúla na sochaí sibhialta ar bhonn na cosmhuintire agus ar acmhainn na dtairbhithe. Leis sin, ba cheart cuimhneamh ar úsáid tacaíochta airgeadais le haghaidh tríú páirtithe, i gcás inarb iomchuí.

(19)  Ba chóir don Choimisiún comhsheasmhacht fhoriomlán, comhlántacht agus sineirgí a áirithiú le hobair chomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, go háirithe an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, agus ba chóir dó machnamh a dhéanamh ar obair na ngníomhairí náisiúnta agus idirnáisiúnta eile atá cumhdaithe faoin gClár.

(20)  Ba cheart don Chlár a bheith oscailte, faoi réir coinníollacha áirithe, do rannpháirtíocht chomhaltaí Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) agus chomhaltaí CSTE nach comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) agus tíortha Eorpacha eile. Ba cheart do thíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha a bhaineann leis an straitéis réamhaontachais a bheith in ann páirt a ghlacadh sa Chlár.

(21)  Chun leithdháileadh éifeachtach cistí ó bhuiséad ginearálta an Aontais a áirithiú, is gá go n-áiritheofar breisluach Eorpach na ngníomhartha uile a dhéantar leis an gclár, a gcomhlántacht le gníomhaíochtaí na mBallstát, agus ▌ba cheart féachaint ag an am céanna do chomhsheasmhacht, comhlántach agus sineirgí le cláir chistiúcháin a thacaíonn le réimsí beartais a bhfuil dlúthcheangal acu lena chéile, go háirithe laistigh de chreat luachanna AE – agus mar sin leis an gClár um Cheartas – agus le hEoraip na Cruthaitheachta, ERASMUS+ acmhainneacht na dtrasnasc cultúrtha sna réimsí cultúrtha, meán, ealaíon, oideachais agus cruthaitheachta a bhaint amach. Is gá sineirgí a chruthú le cláir chistiúcháin Eorpacha eile, go háirithe i réimse na fostaíochta agus an chomhraic in aghaidh eisiamh sóisialta go háirithe Ciste Sóisialta na hEorpa PLUS, an mhargaidh inmheánaigh, na fiontraíochta, na hóige, na sláinte, na saoránachta, an cheartais, na himirce, na slándála, an taighde, na nuálaíochta, na teicneolaíochta, an tionscail, an chomhtháthaithe, na turasóireachta, an chaidrimh sheachtraigh, na trádála agus na forbartha inbhuanaithe.

(22)  Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais don chlár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna, arb éard a bheidh ann an príomh-mhéid tagartha, de réir bhrí [tagairt le nuashonrú de réir mar is iomchuí i gcomhréir leis an gcomhaontú idirinstitiúideach nua: pointe 17 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais(14), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(23)  Tá feidhm ag Rialachán (AE, Euratom) Uimh. [an Rialachán Airgeadais nua] (an ‘Rialachán Airgeadais’) maidir leis an gClár seo. Leagtar síos leis rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear na rialacha maidir le deontais, duaiseanna, soláthar, cur chun feidhme indíreach, ionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha.

(24)  Maidir leis na cineálacha cistiúcháin agus na modhanna cur chun feidhme atá le húsáid faoin Rialachán seo, is ar bhonn a gcumas cuspóirí sonracha na ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus torthaí a thabhairt ba cheart iad a roghnú, lena n-áirítear, go háirithe, costas na rialuithe, an t-ualach riaracháin, acmhainneacht na ngeallsealbhóirí ábhartha agus na dtairbhithe spriocdhírithe, agus an riosca neamh-chomhlíontachta a mheastar a bheith ann. Chuige sin ba cheart cuimhneamh ar úsáid a bhaint as cnapshuimeanna, as rátaí comhréidhe agus costais aonaid, agus as maoiniú nach mbaineann le costais, amhail dá dtagraítear in Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais. ▌

(24a)  I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 833/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(15), Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2988/95 ón gComhairle(16), Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle(17), agus Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle(18), déanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha, lena n-áirítear trí neamhrialtachtaí agus calaois a chosc, a bhrath, a cheartú agus a imscrúdú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, smachtbhannaí riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 833/2013 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a chinneadh ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, féadfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) calaois agus ciontaí coiriúla eile a fhiosrú a mbíonn éifeacht acu ar leas airgeadais an Aontais amhail dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(19). I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ní mór d’aon duine nó d'aon eintiteas a fhaigheann cistí ón Aontas comhoibriú go hiomlán i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais agus na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, do OIPE agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) agus ní mór dó a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha.

(25)  Maidir le cur chun feidhme na gcuspóirí sonracha ó thaobh comhionannas inscne agus cearta comhionannais a chur chun cinn, rannpháirtíocht na saoránach i saol daonlathach an Aontais a chur chun cinn ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus trasnáisiúnta agus foréigean a chomhrac, féadfaidh tríú tíortha ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) a bheith páirteach i gcláir de chuid an Aontais faoi chuimsiú an chomhair arna bhunú faoi chomhaontú LEE, ina ndéantar foráil maidir le cur chun feidhme na gclár le cinneadh faoin gcomhaontú sin. Féadfaidh tríú tíortha a bheith rannpháirteach freisin, ar bhonn ionstraimí eile dlí. Ba cheart sainfhoráil a thabhairt isteach leis an Rialachán seo chun na cearta agus an rochtain is gá a dheonú don oifigeach údarúcháin atá freagrach, don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) chomh maith le Cúirt Iniúchóirí na hEorpa chun a n-inniúlachtaí faoi seach a chur i gcrích go cuimsitheach.

(26)  Rialacha airgeadais cothrománacha arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá feidhm acu maidir leis an Rialachán seo. Leis an Rialachán Airgeadais a leagtar síos na rialacha sin agus cinntear leo go háirithe an nós imeachta chun an buiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, soláthar, duaiseanna, cur chun feidhme indíreach, agus foráiltear leo maidir le seiceálacha ar fhreagracht na ngníomhaithe airgeadais. Baineann na rialacha arna nglacadh ar bhonn Airteagal 322 CFAE freisin le cosaint bhuiséad an Aontais i gcás easnamh ginearálaithe maidir leis an smacht reachta sna Ballstáit, toisc go bhfuil an urraim don smacht reachta ina réamhchoinníoll riachtanach maidir le bainistíocht fhónta airgeadais agus cistiú éifeachtach AE.

(26a)  Maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i leith bhuiséad an Aontais a chosaint i gcás easnaimh ghinearálaithe i ndáil leis an smacht reachta sna Ballstáit, is é is aidhm leis ná cur ar chumas an Aontais cosaint níos fearr a thabhairt dá bhuiséad nuair a chuireann laigí sa smacht reachta isteach ar bhainistíocht fhónta airgeadais nó ar leasa airgeadais an Aontais nó nuair a bhíonn bagairt ann go dtarlódh amhlaidh. Ba cheart go gcuirfeadh sé leis an gClár um Chearta agus Luachanna ag a bhfuil ról difriúil, mar atá beartais a chistiú i gcomhréir le cearta bunúsacha agus luachanna Eorpacha, a bhfuil saol na ndaoine agus rannpháirtíocht ina chroílár.

(27)  De bhun [tagairt le nuashonrú mar is iomchuí de réir cinneadh nua maidir le tíortha agus críocha thar lear: Airteagal 94 de Chinneadh 2013/755/AE(20)] ón gComhairle, tá daoine agus eintitis atá lonnaithe i dtíortha agus críocha thar lear incháilithe do chistiú faoi réir rialacha agus chuspóirí an Chláir agus na socruithe féideartha is infheidhme maidir leis an mBallstát lena mbaineann an tír nó an chríoch ábhartha thar lear. Ba cheart na srianta a eascraíonn as iargúltacht OCTanna a chur san áireamh agus an Clár á chur chun feidhme, agus déanfar faireachán agus meastóireacht ar bhonn rialta ar a rannpháirtíocht éifeachtach sa Chlár.

(28)  Mar léiriú ar a thábhachtaí atá dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanais an Aontais i dtaca le Comhaontú Pháras agus le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme, rannchuideoidh an Clár sin le príomhshruthú gníomhaíochtaí aeráide agus le sprioc fhoriomlán de 25 % de chaiteachas bhuiséad an Aontais a bhaint amach mar thacaíocht do chuspóirí aeráide thar thréimhse CAI 2021-2027, agus sprioc bhliantúil de 30 % a luaithe agus is féidir agus faoi 2027 ar a dhéanaí. Sainaithneofar gníomhaíochtaí ábhartha le linn ullmhú agus chur chun feidhme an Chláir, agus déanfar athmheasúnú ar na gníomhaíochtaí sin mar chuid den mheastóireacht mheántéarma ar an gclár.

(29)   De bhun mhír 22 agus mhír 23 den chomhaontú Idirinstitiúideach do Reachtóireacht Níos Fearr dar dáta an 13 Aibreán 2016, ní mór an Clár seo a mheas ar bhonn na faisnéise a bhailítear trí cheanglais shonracha faireacháin, agus rórialáil agus ualaí riaracháin á seachaint, go háirithe i leith na mBallstát. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh táscairí intomhaiste a bheith ar áireamh sna ceanglais sin, chun éifeachtaí an Chláir ar an talamh a mheas.

(30)   Chun ▌an Rialachán seo a fhorlíonadh d’fhonn an Clár a chur i gcrích agus measúnú éifeachtach ar an dul chun cinn atá déanta i dtaca le gnóthú chuspóirí an Chláir a áirithiú, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith cláir oibre de bhun Airteagal 13 agus táscairí mar a leagtar amach in Airteagal 14 agus Airteagal 16 agus in Iarscríbhinn II. Tá sé tábhachtach, go háirithe, don Choimisiún dul i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus na comhairliúcháin sin a dhéanamh i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Caibidil I

Forálacha Ginearálta

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna (‘an Clár’).

Leagtar síos leis cuspóirí an Chláir, an buiséad don tréimhse 2021-2027, na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.

Airteagal 2

Cuspóirí an Chláir

1.  Is é cuspóir ginearálta an Chláir cearta agus luachanna a chosaint mar a chumhhdaítear sna Conarthaí, sa Chairt agus sna coinbhinsiúin idirnáisiúnta is infheidhme maidir le cearta an duine, go háirithe trí thacú le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus le geallsealbhóirí eile atá gníomhach ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus trasnáisiúnta chun sochaithe oscailte, cearta-bhunaithe, daonlathacha, comhionanna agus cuimsitheacha bunaithe ar an smacht reachta a chothú agus a fhorbairt tuilleadh.

2.  Laistigh den chuspóir ginearálta a leagtar amach in alt 1, tá na cuspóirí sonracha seo a leanas ag an gclár a chomhfhreagraíonn do na sraitheanna arb é is aidhm dóibh:

(-a)  Luachanna an Aontais (sraith luachanna an Aontais) a chosaint agus a chur chun cinn,

(a)  cearta, neamh-idirdhealú, comhionannas ▌, lena n-áirítear comhionannas inscne agus príomhshruthú inscne agus neamh-idirdhealaithe a chur chun cinn; (An tsraith Comhionannais, Ceart agus Ceart Inscne),

(b)  gníomhaíocht agus rannpháirtíocht na saoránach i saol daonlathach an Aontais a chur chun cinn agus malartuithe idir saoránaigh Ballstát éagsúil agus feasacht stair chomhchoiteanna na hEorpa a ardú (sraith ghníomhaíochta agus rannpháirtíochta na Saoránach

(c)  foréigean lena n-áirítear foréigean bunaithe ar inscne a chomhrac (sraith Daphne).

Airteagal 2a

Sraith luachanna an Aontais

Laistigh den chuspóir ginearálta a leagtar amach in Airteagal 2(1) agus laistigh den chuspóir sonrach a leagtar amach i bpointe (-a) d’Airteagal 2(2), díreoidh an Clár ar chearta a chosaint, a chur chun cinn agus feasacht a ardú maidir leis na cearta trí thacaíocht airgeadais a sholáthar d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus trasnáisiúnta agus na cearta sin á gcur chun cinn agus á gcothú, agus ar an gcaoi sin cosaint agus cur chun cinn luachanna an Aontais agus an urraim don smacht reachta á neartú freisin agus rannchuidiú á thabhairt le hAontas níos daonlathaí a thógáil, le hidirphlé daonlathach, le trédhearcacht agus dea-rialachas.

Airteagal 3

An tsraith Chomhionannais, Ceart agus Comhionannais Inscne

Laistigh den chuspóir ginearálta a leagtar amach in Airteagal 2(1) agus laistigh den chuspóir sonrach a leagtar amach i bpointe (a) d’Airteagal 2(2), beidh an Clár dírithe ar an méid seo a leanas:

(a)  comhionannas a chur chun cinn agus éagothromaíochtaí agus idirdhealú a chomhrac ar fhorais inscne, tionscnaimh chiníoch nó eitnigh, reiligiúin nó creidimh, míchumais, aoise nó an treoshuímh ghnéasaigh ▌agus urraim á tabhairt do phrionsabal an neamh-idirdhealaithe ar na forais dá bhforáiltear in Airteagal 21 den Chairt;

(b)   ▌ tacú le beartais chuimsitheacha, iad a chur chun cinn agus iad a chur chun feidhme:

(i)  teachtadh iomlán na mban i leith na gceart, comhionannas inscne, lena n-airítear cothromaíocht oibre is saoil, chumhachtú na mban, agus príomhshruthú inscne a chur chun cinn

(ii)  neamh-idirdhealú agus a phríomhshruthú a chur chun cinn;

(iii)  ciníochas, seineafóibe agus gach cineál éadulaingthe a chomhrac, lena n-áirítear homafóibe, défóibe, trasfóibe agus idirfhóibe agus cineálacha eile éadulaingte bunaithe ar fhéiniúlacht inscne, ar líne agus as líne;

(iv)  cearta páistí a chosaint agus a chur chun cinn;

(v)  cearta daoine faoi mhíchumas a chosaint agus a chur chun cinn ;

(ba)  na cearta um shaoránacht AE agus na cearta a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta a chosaint agus a chur chun cinn.

Airteagal 4

Sraith Ghníomhaíocht agus Rannpháirtíocht na Saoránach

Laistigh den chuspóir ginearálta a leagtar amach in Airteagal 2(1) agus laistigh den chuspóir sonrach a leagtar amach i bpointe (b) d’Airteagal 2(2), beidh an Clár dírithe ar an méid seo a leanas:

(a)  ▌ tacú le tionscadail atá dírithe ar imeachtaí ríthábhachtacha i stair nua-aimseartha na hEorpa a chomóradh, lena n-áirítear cúiseanna agus iarmhairtí na gcóras údarásaíoch agus ollsmachtach, agus ar fheasacht a ardú i measc shaoránaigh na hEorpa, ar a stair, a gcultúr, a n-oidhreacht chultúrtha agus a luachanna comhchoiteanna, agus ar an gcaoi sin feabhas á chur ar a dtuiscint ar an Aontas ▌a bhunús, a chuspóir, a éagsúlacht agus a ghnóthachtálacha agus ar an tábhacht a bhaineann le comhthuiscint agus caoinfhulaingt;

(b)  rannpháirtíocht ▌ na saoránach agus na gcomhlachas ionadaíoch i saol daonlathach sibhialta an Aontais agus a rannchuidiú ann a chur chun cinn trína dtuairimí a thabhairt le fios agus a mhalartú go poiblí i ngach réimse maidir le gníomhaíocht an Aontais;

(ba)  cur chun cinn malartuithe idir saoránaigh tíortha éagsúla, go háirithe trí nascadh bailte agus líonraí bailte, chun taithí phraiticiúil a thabhairt dóibh ar shaibhreas agus ar éagsúlacht oidhreacht choiteann an Aontais agus chun iad a chur ar an eolas gurb iad sin is bonn le todhchaí chomhchoiteann.

Airteagal 5

Sraith Daphne

Laistigh den chuspóir ginearálta a leagtar amach in Airteagal 2(1) agus laistigh den chuspóir sonrach a leagtar amach i bpointe (c) d’Airteagal 2(2), beidh an Clár dírithe ar an méid seo a leanas:

(-a)  gach cineál foréigin in aghaidh na mban agus na gcailíní bunaithe ar inscne agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac, trí chur chun cinn a dhéanamh freisin ar na caighdeáin a leagtar síos i gCoinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (Coinbhinsiún Iostanbúl); agus

(a)  gach cineál foréigin in aghaidh leanaí, daoine óga agus na mban a chomhrac, chomh maith le foréigean in aghaidh grúpaí eile atá i mbaol, amhail daoine LGBTQI agus daoine faoi mhíchumas;

(b)  tacú agus cosaint a thabhairt do gach íospartach díreach agus indíreach an fhoréigin sin, amhail foréigean teaghlaigh a dhéantar laistigh den teaghlach nó foréigean i ndlúthchaidrimh, lena n-áirítear leanaí a ndearnadh dílleachtaí díobh de dheasca coireanna teaghlaigh, agus tacú leis an leibhéal céanna cosanta ar fud an Aontais d’íospartaigh foréigin inscnebhunaithe, agus an leibhéal cosanta sin a áirithiú.

Airteagal 6

Buiséad

1.  Is é EUR 1 627 000 000 i bpraghsanna 2018 [EUR 1 834 000 000 i bpraghsanna reatha] a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir don tréimhse 2021 – 2027.

2.  Laistigh den mhéid dá dtagraítear i mír 1 leithdháilfear an méid táscach seo a leanas ar an gcuspóir seo a leanas:

(-a)  EUR 754 062 000 i bpraghsanna 2018 [EUR 850 000 000 i bpraghsanna reatha] (i.e. 46.34 % den imchlúdach airgeadais iomlán) le haghaidh na gcuspóirí sonracha dá dtagraítear i bpointe (-a) d’Airteagal 2(2);

(a)  EUR 429 372 000 i bpraghsanna 2018 [EUR 484 000 000 i bpraghsanna reatha] (i.e. 26.39 % den imchlúdach airgeadais iomlán) le haghaidh na gcuspóirí sonracha dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (c) d’Airteagal 2(2);

(b)  EUR 443 566 000 i bpraghsanna 2018 [EUR 500 000 000 i bpraghsanna reatha] (i.e. 27.26 % den imchlúdach airgeadais iomlán) le haghaidh na gcuspóirí sonracha dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 2(2).

Déanfaidh an Coimisiún 50 % ar a laghad de na méideanna dá dtagraítear i bpointe (-a) agus i bpointe (a) den chéad fhomhír sa mhír seo a leithdháileadh chun tacú le gníomhaíochtaí a chuireann eagraíochtaí na sochaí sibhialta i gcrích, agus déanfaidh sé 65 % den mhéid sin a leithdháileadh ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta.

Ní imeoidh an Coimisiún ó na céatadáin leithdháilte den imchlúdach airgeadais, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I, thar breis agus 5 phointe. Más gá an teorainn sin a shárú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 chun Iarscríbhinn I a leasú trí idir cúig phointe agus deich bpointe céatadáin de chéatadáin leithdháilte chistí an Chláir a mhodhnú.

3.  Féadfar an méid dá dtagraítear i mír 1 a úsáid le haghaidh cúnamh teicniúil agus riaracháin do chur chun feidhme an Chláir, amhail gníomhaíochtaí ullmhúcháin, monatóireachta, rialaithe, iniúchta agus meastóireachta lena n-áirítear córais chorparáideacha na teicneolaíochta faisnéise, staidéar, cruinnithe saineolaithe, cumarsáid ar thosaíochtaí agus réimsí a bhaineann le cuspóirí ginearálta an chláir.

4.  Gan dochar don Rialachán Airgeadais, féadfaidh caiteachas le haghaidh gníomhaíochtaí a thig as tionscadail a áirítear sa chéad chlár oibre a bheith incháilithe ón 1 Eanáir 2021.

5.  Féadfar acmhainní arna leithdháileadh ar Bhallstáit faoin mbainistíocht chomhroinnte a aistriú chuig an gClár, arna iarraidh sin ag na Ballstáit nó ag an gCoimisiún. Déanfaidh an Coimisiún na hacmhainní sin a chur chun feidhme go díreach i gcomhréir le hAirteagal 62(1)(a) den Rialachán Airgeadais ▌. Úsáidfear na hacmhainní sin chun leasa an Bhallstáit lena mbaineann, i gcás inar féidir é ▌.

Airteagal 7

Tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár

1.  Beidh an clár oscailte do na tíortha seo a leanas ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha:

(a)  Comhaltaí de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa Chomhaontú maidir le LEE;

(b)  tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais lena mbaineann, nó i gcomhaontuithe eile den chineál céanna, agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos sna comhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;

(c)  tíortha a chuimsítear faoi Bheartas Comharsanachta na hEorpa, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó chomhairlí comhlachais lena mbaineann, nó i gcomhaontuithe eile den chineál céanna, agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos sna comhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin.

(d)  Tríú tíortha eile, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gcomhaontú sonrach lena gcumhdaítear rannpháirtíocht an tríú tír in aon chlár de chuid an Aontais, ar choinníoll:

—  go n-áirithítear leis an gcomhaontú cothromaíocht i dtaca le ranníocaíochtaí agus sochair an tríu tír atá rannpháirteach sna cláir de chuid an Aontais;

—  go leagtar síos leis coinníollacha rannpháirtíochta na gclár, lena n-áirítear ríomh na ranníocaíochtaí airgeadais a dhéantar le cláir aonair agus na costais riaracháin a bhaineann leo. Is éard a bheidh sna ranníocaíochtaí sin ioncam sannta i gcomhréir le hAirteagal [21(5)] [den Rialachán Airgeadais nua].

—  nach dtugtar leis an gcomhaontú cumhacht chinnteoireachta don tríú tír maidir leis an gclár;

—  go ráthaíonn sé cearta an Aontais bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú agus a leasanna airgeadais a chosaint.

Airteagal 8

Cur chun feidhme agus foirmeacha cistiúcháin ón Aontas

1.  Cuirfear an Clár chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais nó faoi bhainistíocht indíreach le comhlachtaí dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal ▌62(1) den Rialachán Airgeadais.

2.  Féadfaidh an Clár cistiú a sholáthar ar cheann de na bealaí a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais.

3.  Féadfaidh ranníocaíochtaí le sásra árachais fhrithpháirtigh an baol a bhaineann le gnóthú na gcistí atá dlite ag faighteoirí a chumhdach agus measfar gur ráthaíocht leordhóthanach é faoin Rialachán Airgeadais. Beidh feidhm ag na forálacha a leagtar síos in [Airteagal X de] Rialachán XXX [comharba an Rialacháin maidir leis an gCiste Ráthaíochta].

Airteagal 9

Cineálacha gníomhaíochtaí

Gníomhaíochtaí a rannchuidíonn le cuspóir a shroicheadh a shonraítear in Airteagal 2, féadfaidh siad cistiú a fháil faoin Rialachán seo. Go háirithe, beidh gníomhaíochtaí atá liostaithe in Iarscríbhinn I incháilithe le haghaidh cistiúcháin.

Airteagal 9a

Idirphlé Sibhialta

Cuirfidh an Coimisiún ‘Grúpa um Idirphlé Sibhialta’ ar bun arb é is aidhm dó idirphlé rialta, oscailte agus trédhearcach a áirithiú le tairbhithe an Chláir agus le geallsealbhóirí ábhartha eile chun taithí agus dea-chleachtais a mhalartú agus chun forbairtí beartais laistigh de réimsí na gcuspóirí a chuimsíonn an Chláir agus réimsí gaolmhara a phlé.

Caibidil II

Deontais

Airteagal 10

Deontais

1.  Déanfar deontais faoin gClár a thabhairt agus a bhainistiú i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán Airgeadais.

2.  Féadfaidh an coiste meastóireachta a bheith comhdhéanta de shaineolaithe seachtracha.

Airteagal 11

Carnach [, comhlántach] agus cistiú comhcheangailte

1.  Féadfaidh gníomhaíocht a fuair ranníocaíocht faoin gClár ranníocaíocht a fháil freisin ó aon chlár eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear Cistí faoi bhainistíocht chomhroinnte, ar choinníoll nach gcumhdaíonn na ranníocaíochtaí na costais chéanna. [Ní rachaidh an cistiú carnach thar chostais incháilithe iomlána na gníomhaíochta agus féadfar an tacaíocht ó chláir éagsúla de chuid an Aontais a ríomh ar bhonn pro-rata].

2.  I gcás ina dtabharfaidh an Clár agus na Cistí faoi bhainistíocht chomhroinnte dá dtagraítear in Airteagal 1 de Rialachán (AE) XX [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] tacaíocht airgeadais chomhpháirteach do ghníomhaíocht aonair, cuirfear an ghníomhaíocht sin chun feidhme de réir na rialacha a leagtar amach sa Rialachán seo, lena n-áirítear rialacha maidir le méideanna a íocadh go mícheart a ghnóthú.

3.  Gníomhaíochtaí atá incháilithe faoin gClár agus a chomhlíonann na coinníollacha dá dtagraítear sa dara fomhír, féadfar iad a shainaithint d'fhonn iad a chistiú leis na Cistí faoi bhainistíocht chomhroinnte. Sa chás sin beidh feidhm ag na rátaí cómhaoinithe agus ag na rialacha incháilitheacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

Comhlíonfaidh na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír na coinníollacha carnacha seo a leanas:

(a)  rinneadh measúnú orthu i nglao ar thograí faoin gClár;

(b)  comhlíonann siad na ceanglais íosta cáilíochta a bhaineann leis an nglao sin ar thograí;

(c)  ní fhéadfar iad a chistiú faoin nglao sin ar thograí de dheasca srianta buiséadacha.

Cuirfidh an t-údarás bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal [65] de Rialachán (AE) [XX] [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] na gníomhaíochtaí chun feidhme i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach sa Rialachán sin agus déanfaidh siad rialacháin shonracha a chistiú, lena n-áirítear rialacha maidir le ceartúcháin airgeadais."

Airteagal 12

Eintitis incháilithe

1.  Chomh maith leis na critéir a leagtar amach in [Airteagal 197] den Rialachán Airgeadais, beidh feidhm ag na critéir incháilitheachta a leagtar amach i míreanna 2 agus 3.

2.  Tá na heintitis seo a leanas incháilithe:

(a)  eintitis dhlíthiúla atá bunaithe in aon cheann de na tíortha seo a leanas:

—  Ballstát nó tír nó críoch thar lear atá bainteach leis an mBallstát sin;

—  tríú tír a bhaineann leis an gClár, seachas an cuspóir sonrach dá dtagraítear i bpointe (-a) d’Airteagal 2(2);

(b)  aon eintiteas dlíthiúil a bunaíodh faoi dhlí an Aontais nó aon eagraíocht idirnáisiúnta;

3.  Féadfar deontas oibriúcháin a dhámhachtain gan glao ar thograí do) Líonra Eorpach na gComhlachtaí Comhionannais (EQUINET), faoi phointe (a) d’Airteagal Airteagal 6(2), chun an caiteachas a bhaineann lena chlár oibre buan a chumhdach.

Caibidil III

Cláreagrú, Faireachán, Meastóireacht agus Rialú

Airteagal 13

Clár oibre agus tosaíochtaí ilbhliantúla

1.  Is leis na cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais a chuirfear an Clár i gcrích.

2.  Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an gclár oibre iomchuí a bhunú.

Airteagal 14

Faireachán agus tuairisciú

1.  Leagtar amach in Iarscríbhinn II na táscairí a úsáidfear le tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn an Chláir maidir le baint amach na gcuspóirí sonracha a leagtar amach in Iarscríbhinn 2.

2.  Chun a áirithiú go ndéanfar measúnú éifeachtach ar dhul chun cinn an Chláir i leith a chuspóirí a bhaint amach, beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 16, chun na forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a fhorbairt, lena n-áirítear trí leasuithe ar Iarscríbhinn II a athbhreithniú agus comhlánú a dhéanamh ar na táscairí i gcás inar gá.

3.  Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta áiritheofar go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chláir, go mbaileofar iad ar dhóigh atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí ón Aontas agus ar na Ballstáit.

Airteagal 15

Meastóireacht

1.  Déanfar meastóireachtaí go tráthúil sa dóigh agus go bhféadfar leas a bhaint astu sa phróiseas cinnteoireachta.

2.  Déanfar meastóireacht eatramhach ar an gClár a luaithe a bheidh faisnéis leordhóthanach ar fáil ar chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach faide ná ceithre bliana ó thosach chur chun feidhme an Chláir. Sa mheastóireacht mheántéarma cuirfear san áireamh torthaí na meastóireachtaí ar thionchar fadtéarmach na gclár réamhtheachtacha (Cearta, Comhionannas agus Saoránacht agus an Eoraip ar son na Saoránach).

3.  I ndeireadh chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná ceithre bliana tar éis dheireadh na tréimhse a shonraítear in Airteagal 1, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh ar an gClár.

4.  Cuirfidh an Coimisiún torthaí na meastóireachtaí chomh maith lena bharúlacha féin in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún.

Airteagal 16

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 13 agus Airteagal 14 a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2027.

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 13 agus Airteagal 14 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.  Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi. Bunaithe ar Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, féadfaidh saoránaigh agus geallsealbhóirí eile tuairim a thabhairt ar an dréacht-téacs de ghníomh tarmligthe ar feadh tréimhse ceithre seachtaine. Rachfar i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus le Coiste na Réigiún maidir leis an dréacht-téacs, bunaithe ar an taithí atá ag eagraíochtaí neamhrialtasacha, údaráis áitiúla agus údaráis réigiúnacha i dtaca le cur chun feidhme an Chláir.

6.  Tiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 13 nó Airteagal 14 i bhfeidhm mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 17

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

I gcás ina mbeidh tríú tír rannpháirteach sa Chlár de thoradh cinneadh arna dhéanamh faoi chomhaontú idirnáisiúnta nó de bhua aon ionstraim dlí eile, tabharfaidh an tríú tír na cearta agus an rochtain is gá don oifigeach údarúcháin atá freagrach, don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa chun go bhféadfaidh gach ceann díobh a gcuid inniúlachtaí féin a fheidhmiú ar dhóigh chuimsitheach. I gcás OLAF, áireofar i measc na gceart sin an ceart chun imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí, dá bhforáiltear i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le himscrúduithe arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF).

Caibidil IV

Forálacha Idirthréimhseacha agus Críochnaitheacha

Airteagal 18

Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

1.  Tabharfaidh faighteoirí cistithe ón Aontas aitheantas d’fhoinse an chistithe ón Aontas agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe (go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á bpoibliú) trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear na meáin agus an pobal.

2.  Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an gClár, agus a bhaineann le gníomhaíochtaí agus torthaí an Chláir. Leis na hacmhainní airgeadais arna leithdháileadh ar an gClár, rannchuideofar le cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais freisin, a fhad a bhaineann siad sin leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 2.

Airteagal 18a

Pointí Teagmhála an Chláir

Féadfaidh gach Ballstát Pointí Teagmhála an Chláir a bhunú. Beidh siad i gceannas ar threoir neamhchlaonta, faisnéis phraiticiúil agus cúnamh a sholáthar d’iarratasóirí, do gheallsealbhóirí agus do thairbhithe an chláir maidir le gach gné den chlár, lena n-áirítear i ndáil leis an nós imeachta iarratais, scaipeadh faisnéise so-úsáidte agus torthaí an chláir, fiosrúcháin le haghaidh comhpháirtithe agus foirmiúlachtaí eile. Cuirfidh Pointí Teagmhála an Chláir a gcuid feidhmeanna i gcrích go neamhspleách.

Airteagal 20

Aisghairm

Déantar Rialachán (AE) Uimh. 1381/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 390/2014 a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.

Airteagal 21

Forálacha idirthréimhseacha

1.  Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúnachas ná do mhodhnú na ngníomhaíochtaí lena mbaineann, go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu, faoi Rialachán (AE) Uimh. 1381/2013 agus (AE) Uimh. 390/2014.

2.  Féadfaidh an t-imchlúdach airgeadais don Chlár freisin na speansais theicniúla agus riaracháin a chumhdach is gá chun an t-aistriú idir an Clár agus na bearta a glacadh faoina cláir roimhe sin arna mbunú ag Rialachán (AE) Uimh. 1381/2013 agus Rialachán(AE) Uimh. 390/2014.

3.  Más gá, féadfar leithreasuithe a iontráil sa bhuiséad tar éis 2027 chun na speansais dá bhforáiltear in Airteagal 6(3) a chumhdach, ionas go mbeifear in ann na gníomhaíochtaí nach mbeidh curtha i gcrích faoin 31 Nollaig 2027 a bhainistiú.

Airteagal 22

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in/sa ...,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN -I

Is mar seo a leanas a leithdháilfear cistí an Chláir atá ar fáil dá dtagraítear in Airteagal 6(1):

(a)  Laistigh den mhéid dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 6(2):

—  15 % ar a laghad ar na gníomhaíochtaí lena gcuirtear an cuspóir sonrach faoi phointe (b) (i) d’Airteagal 3 chun feidhme;

—  40 % ar a laghad ar na gníomhaíochtaí lena gcuirtear an cuspóirí sonracha faoi phointe (-a) d’Airteagal 5 chun feidhme; agus

—  45 % ar a laghad ar na gníomhaíochtaí lena gcuirtear na cuspóirí sonracha faoi phointe (a) pointe (b) (ii) go (v), agus pointe (c) d’Airteagal  3 agus pointe (a) agus pointe (b) d’Airteagal 5 chun feidhme;

(b)  Laistigh den mhéid dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 6(2):

—  15 % ar na gníomhaíochtaí cuimhneacháin;

—  65 % ar rannpháirtíocht dhaonlathach;

—  10 % ar na gníomhaíochtaí cur chun cinn; agus

—  10 % ar an riarachán.

IARSCRÍBHINN I

Gníomhaíochtaí a dtacaíonn ▌an Clár leo

Déanfar cuspóirí ginearálta agus sonracha an Chláir ▌a leagtar amach in Airteagal 2 ▌ a shaothrú go háirithe trí thacaíocht a thabhairt do na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)  feasacht a ardú, cur chun cinn agus scaipeadh faisnéise chun feabhas a chur ar an eolas faoi na cearta agus na luachanna agus na beartais ▌, laistigh de na réimsí agus na cuspóirí arna gcumhdach leis an gClár;

(b)  foghlaim fhrithpháirteach trí dhea-chleachtais a mhalartú i measc geallsealbhóirí chun eolas agus tuiscint fhrithpháirteach a fheabhsú ▌;

(c)  Gníomhaíochtaí ▌ anailíseacha faireacháin, ▌chun feabhas a chur ar an tuiscint ar an staid sna Ballstáit agus ar ▌leibhéal an Aontais sna réimsí a chumhdaítear leis an gClár agus chun feabhas a chur ar ▌chur chun feidhme dhlí AE, ▌ bheartais agus chomhluachanna an Aontais laistigh de na Ballstáit; amhail gníomhaíochtaí chun bailiú sonraí agus staidrimh a áireamh; forbairt modheolaíochtaí coiteanna agus, i gcás inarb iomchuí, táscairí nó tagarmharcanna; staidéir, taighde, anailísí agus suirbhéanna; meastóireachtaí; measúnú tionchair; ullmhú agus foilsiú treoirleabhar, tuarascálacha agus ábhair oideachais.

(d)  oiliúint a chur ar na páirtithe leasmhara ábhartha chun feabhas ar chur ar a n-eolas ar na beartais agus na cearta sna réimsí atá cumhdaithe ag an gClár;

(e)  forbairt agus cothabháil a dhéanamh ar uirlisí Theicneolaíocht na Faisnéise agus na Cumarsáide (TFC);

(ea)   tacaíocht a thabhairt d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus geallsealbhóirí neamhbhrabúsacha atá gníomhach i réimsí an Chláir chun a n-acmhainneacht chun frithghníomhú a fheabhsú agus chun rochtain leormhaith a áirithiú do na saoránaigh go léir ar a seirbhísí agus ar a ngníomhaíochtaí comhairleoireachta agus tacaíochta.

(eb)  tacú le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus le geallsealbhóirí neamhbhrabúsacha atá gníomhach i réimsí an Chláir chun gníomhaíochtaí abhcóideachta a dhéanamh chun cearta a chur chun cinn, agus ar an gcaoi sin cosaint agus cur chun cinn luachanna an Aontais agus an urraim don smacht reachta a neartú freisin agus rannchuidiú leis an idirphlé daonlathach agus leis an dea-rialachas, lena n-áirítear i gcásanna ina bhfuil an spás ag laghdú don tsochaí shibhialta;

(f)  feasacht i measc na saoránach, go háirithe i measc daoine óga, a neartú maidir le cultúr na hEorpa, oidhreacht, féiniúlacht, stair agus cuimhneachán cultúrtha, go háirithe maidir le córais údarásaíocha agus ollsmachtacha, agus trátha cinniúnacha eile i stair na hEorpa le déanaí chun cuimhneachán agus gealltanais shaoránaigh na hEorpa don Aontas a neartú agus chun caoinfhulaingt, tuiscint fhrithpháirteach idirphlé idirchultúrtha agus urraim don éagsúlacht a spreagadh;

(g)  saoránaigh de bhunadh náisiún agus cultúr éagsúil a thabhairt le chéile trí dheis a thabhairt dóibh páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí nasctha bailte agus i dtionscadail na sochaí sibhialta, agus ar an gcaoi sin coinníollacha a chruthú le haghaidh cur chuige ó bhun aníos níos láidre agus rannpháirtíocht shibhialta agus dhaonlathach a chothú.

(h)  rannpháirtíocht ghníomhach agus chuimsitheach i dtógáil an Aontais a spreagadh agus a éascú, arb Aontas é atá níos daonlathaí, chomh maith le feasacht a ardú maidir le cearta agus luachanna ▌trí thacaíocht a thabhairt d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta;

(i)  cur le cumas na ngréasán Eorpach dlí an Aontais, luachanna, spriocanna beartais agus straitéisí a chur chun cinn agus a fhorbairt tuilleadh ▌.

(j)  maoiniú don tacaíocht theicniúil agus eagrúcháin chun Rialachán [(AE) Uimh. 211/2011] a chur chun feidhme, ionas go gcuirtear bonn faoi fheidhmiú a gceart ag saoránaigh chun tionscnaimh Eorpacha ó shaoránaigh a sheoladh agus tacú leo;

(k)  feabhas a chur leis an eolas ar an gclár agus ar scaipeadh agus in-aistritheacht thorthaí an chláir agus for-rochtain a chothú, lena n-áirítear ▌pointí teagmhála an chláir a chur ar bun agus tacú leo ▌.

IARSCRÍBHINN II

Táscairí

Déanfar faireachán ar an gClár ar bhonn sraith táscairí atá ceaptha chun tomhas a dhéanamh ar a mhéid agus a baineadh amach cuspóirí ginearálta agus sonracha an Chláir, agus d’fhonn an t-ualach agus na costais riaracháin a íoslaghdú. Chuige sin, baileofar na sonraí i gcomhréir leis an tsraith príomhtháscairí a leanas:

Líon na ndaoine ar a ndearnadh tionchar trí:

(i)  gníomhaíochtaí oiliúna;

(ii)  gníomhaíochtaí foghlama frithpháirtí agus malartaithe dea-chleachtas;

(iii)  gníomhaíochtaí maidir le hardú feasachta, le faisnéis agus le scaipeadh na faisnéise.

Líon eagraíochtaí na sochaí sibhialta a sroicheadh trí ghníomhaíochtaí tacaíochta agus forbartha acmhainní

Líon na líonraí agus na dtionscnamh trasnáisiúnta ina ndírítear ar chuimhne agus ar oidhreacht Eorpach mar thoradh ar idirghabháil an chláir

Déanfar na sonraí aonair go léir a mhiondealú de réir inscne nuair is féidir; beidh na meastóireachtaí idirthréimhseacha agus deiridh dírithe ar gach sraith agus ar gach gníomhaíocht agus áireofar orthu gné comhionannais inscne agus déanfar meastóireacht ar thionchair ar chomhionannas inscne.

(1)IO C 62, 15.2.2019, lch. 178.
(2)IO C 461, 21.12.2018, lch. 196.
(3) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2019. Níor thángthas ar chomhaontú faoi chuimsiú na gcaibidlíochtaí idirinstitiúideacha maidir leis an téacs atá aibhsithe i ndath liath.
(4)Rialachán (AE) Uimh. 1381/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear Clár um Chearta, um Chomhionannas agus um Shaoránacht don tréimhse 2014-2020 (IO L 354, 28.12.2013, lch. 62).
(5)Rialachán (AE) Uimh. 390/2014 ón gComhairle an 14 Aibreán 2014 lena mbunaítear an clár ‘Eoraip do Shaoránaigh’ don tréimhse 2014-2020 (IO L 115, 17.4.2014, lch.3).
(6)IO C 378, 24.12.2013, lch. 1.
(7)IO L 119, 4.5.2016, lch. 1.
(8)IO L 119, 4.5.2016, lch. 89.
(9)Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir le tionscnamh na saoránach (IO L 65, 11.3.2011, lch. 1).
(10)Treoir 2000/43/CE an 29 Meitheamh 2000 lena gcuirtear i bhfeidhm prionsabal na córa comhionainne idir daoine gan spleáchas do thionscnamh ciníoch nó eitneach (IO L 180, 19.7.2000, lch. 22).
(11)Treoir 2004/113/CE an 13 Nollaig 2004 lena gcuirtear i bhfeidhm prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná maidir le rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí agus maidir le soláthar earraí agus seirbhísí (IO L 373, 21.12.2004, lch. 37).
(12)Treoir 2006/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le cur chun feidhme phrionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí bheatha (IO L 204, 26.7.2006, lch. 23).
(13)Treoir 2010/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 maidir le prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná atá rannpháirteach i ngníomhaíocht ar bhonn féinfhostaithe a chur i bhfeidhm agus lena n-aisghairtear Treoir 86/613/CEE ón gComhairle (IO L 180, 15.7.2010, lch. 1).
(14)[Tagairt le nuashonrú: IO C 373, 20.12.2013, lch. 1. Is féidir teacht ar an gcomhaontú ag: http://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=uriserv:OJ.C_.2013.373.01.0001.01.ENG&toc=OJ:C:2013:373:TOC ].
(15) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).
(16) Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 an 18 Nollaig 1995 ón gComhairle maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).
(17) Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint in aghaidh na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).
(18) Rialachán (AE) 2017/1939 an 12 Deireadh Fómhair 2017 ón gComhairle lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).
(19) Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).
(20)Cinneadh 2013/755/AE ón gComhairle an 25 Samhain 2013 maidir le comhlachas na dtíortha agus na gcríoch thar lear leis an Aontas Eorpach (an Cinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear) (IO L 344, 19.12.2013, lch. 1).

An nuashonrú is déanaí: 29 Iúil 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais