Roinnt gníomhartha dlí lena ndéantar foráil maidir le húsáid an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a oiriúnú d’Airteagail 290 agus 291 CFAE – Cuid I ***I
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena ndéantar roinnt gníomhartha dlí lena ndéantar foráil maidir le húsáid an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a oiriúnú d’Airteagal 290 agus Airteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (COM(2016)0799 – C8-0524/2016 – 2016/0400A(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2016)0799),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 33, Airteagal 43(2), Airteagal 53(1), Airteagal 62, Airteagal 64(2), Airteagal 91, Airteagal 100(2), Airteagal 114, Airteagal 153(2)(b), Airteagal 168(4) (a), Airteagal 168(4)(b), Airteagal 172, Airteagal 192(1), Airteagal 207, Airteagal 214(3), agus Airteagal 338(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0524/2016),
– ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla ar an mbunús dlí atá molta,
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) agus d’Airteagal 33, Airteagal 43(2), Airteagal 53(1), Airteagal 62, Airteagal 91, Airteagal 100(2), Airteagal 114, Airteagal 153(2)(b), Airteagal 168(4)(b), Airteagal 172, Airteagal 192(1), Airteagal 207(2), Airteagal 214(3), agus Airteagal 338(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 1 Meitheamh 2017(1),
– ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún an 1 Nollaig 2017(2),
– ag féachaint do na litreacha ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh agus ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra,
– ag féachaint don chinneadh ó Chomhdháil na nUachtarán an 7 Márta 2019 chun a údarú don Choiste um Ghnóthaí Dlíthiúla an togra ón gCoimisiún thuasluaite a roinnt agus dhá thuarascáil reachtach ar leith a tharraingt suas ar a bhonn,
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 27 Feabhra 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A8-0190/2019),
– ag féachaint do Rialacha 59 agus 39 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla agus freisin do na tuairimí agus don seasamh i bhfoirm leasuithe ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta, ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht agus ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe (A8-0020/2018),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;
2. ag formheas an ráitis chomhpháirtigh ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiúin atá i gceangal leis an rún seo;
3. á thabhairt dá haire an ráiteas ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo;
4. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige é a thogra a leasú go substaintiúil;
5. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 17 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena ndéantar roinnt gníomhartha dlí lena ndéantar foráil maidir le húsáid an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a oiriúnú d'Airteagail 290 agus 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2019/1243.)
IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH
Ráiteas Comhpháirteach ó Parlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún
I bpointe 27 den Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr d'aithin na trí institiúid gur gá an reachtaíocht uile atá ann cheana a ailíniú leis an gcreat reachtach a tugadh isteach le Conradh Liospóin, agus go háirithe gur gá ardtosaíocht a thabhairt d'ailíniú pras na ngníomhartha bunúsacha uile atá fós ag tagairt don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú. Mar thoradh ar an togra ón gCoimisiún chun na críche sin, freagraíonn an rialachán seo ar an ngá sin trí fhoráil a dhéanamh d'ailíniú an nóis imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú i líon suntasach gníomhartha atá sa togra sin. Leanfaidh na trí institiúid leis an obair atá ar bun acu chun ailíniú a dhéanamh ar na gníomhartha eile atá sa togra sin.
Ráiteas ón gCoimisiúin
Tugann an Coimisiún dá aire gurb é an rogha a rinne na reachtóirí foráil a dhéanamh maidir le tréimhse theoranta chun na cumhachtuithe uile a dhéanamh lena n-ailínítear an nós imeachta lena ngabhann grinnscrúdú leis an Rialachán seo, mar aon le hoibleagáid tuairiscithe agus athnuachan intuigthe an chumhachtaithe. Go háirithe i bhfianaise an líon ard tuarascálacha a bheadh le tíolacadh go tráthrialta agus mar go bhfuil faisnéis maidir le húsáid na gcumhachtuithe ar fáil go héasca trí Chlár na nGníomhartha Tarmligthe, cuireann an Coimisiún i bhfios go bhfágtar de rogha aige maidir leis an gcaoi a gcomhlíonfaidh sé an oibleagáid tuairiscithe. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Coimisiún, dá bhrí sin, tuarascálacha atá le tíolacadh faoi roinnt gníomhartha bunúsacha a thabhairt le chéile in aon doiciméad amháin.