Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle Maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n aisghairtear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 98/700/CGB ón gComhairle, Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(COM(2018)0631 – C8-0406/2018 – 2018/0330A(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0631),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus pointí (b) agus (d) d’Airteagal 77(2) agus pointe (c) d’Airteagal 79(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0406/2018),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 12 Nollaig 2018(1),
– ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 6 Feabhra 2019(2),
– ag féachaint don chinneadh ó Chomhdháil na nUachtarán an 21 Márta 2019 chun a údarú don Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Bailean togra ón gCoimisiún thuasluaite a roinnt agus dhá thuarascáil reachtach ar leith a tharraingt suas ar a bhonn,
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 1 Aibreán 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile agus don tuairim ón gCoiste um Buiséid (A8-0076/2019),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;
2. ag formheas an ráitis chomhpháirtigh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle atá i gceangal leis an rún seo;
3. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige é a thogra a leasú go substaintiúil;
4. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 17 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2019/1896.)
IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH
Ráiteas Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na sásraí féideartha chun tarraingteacht na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta a áirithiú
Táthar ag súil leis go mbeidh ar an nGníomhaireacht aghaidh a thabhairt ar imthosca dúshlánacha sna blianta atá le teacht chun riar ar riachtanais eisceachtúla chun baill foirne cháilithe a earcú agus a choimeád ar an mbonn geografach is forleithne is féidir. I bhfianaise shainordú na Gníomhaireachta agus líon suntasach a ball foirne, tá sé buntábhachtach sásraí a iniúchadh lena ndéanfar tarraingteacht na Gníomhaireachta mar fhostóir a chumasú trí luach saothair fhoireann na Gníomhaireachta i Vársá a oiriúnú, i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme.
Iarrann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, measúnú a dhéanamh ar an mbonn agus ar na modúlachtaí maidir le haon sásra iomchuí den sórt sin, go háirithe nuair a bheidh na tograí á dtíolacadh aige le haghaidh athbhreithniú ar Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus ar Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais, a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle(1). Beidh aon sásra den sórt sin comhréireach le tábhacht na gcuspóirí a bheidh á saothrú agus ní bheidh sé ina chúis le cóireáil éagothrom i measc bhaill foirne institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais má bhíonn institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí sin an Aontais i staid chomhchosúil.