Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2018/0105(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0442/2018

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0442/2018

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 17/04/2019 - 16.11

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2019)0418

Téacsanna atá glactha
PDF 122kWORD 57k
Dé Céadaoin, 17 Aibreán 2019 - Strasbourg
Rialacha lena n-éascaítear úsáid faisnéise airgeadais agus faisnéise eile ***I
P8_TA(2019)0418A8-0442/2018
Rún
 Téacs
 Iarscríbhinn

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2019 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha lena n-éascaítear úsáid faisnéise airgeadais agus faisnéise eile le haghaidh cionta coiriúla áirithe a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2000/642/CGB ón gComhairle (COM(2018)0213 – C8-0152/2018 – 2018/0105(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0213),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 87(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0152/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 12 Iúil 2018(1),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 20 Feabhra 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, agus don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A8-0442/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  ag formheas a ráitis atá i gceangal leis an rún seo, a fhoilseofar i sraith L d'Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh in éineacht leis an ngníomh reachtach críochnaitheach;

3.  ag tabhairt dá haire an ráiteas ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo, a fhoilseofar i sraith L d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh in éineacht leis an ngníomh reachtach críochnaitheach;

4.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige é a thogra a leasú go substaintiúil;

5.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) IO C 367, 10.10.2018, lch. 84.


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 17 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha lena n-éascaítear úsáid faisnéise airgeadais agus faisnéise eile le haghaidh cionta coiriúla áirithe a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 2000/642/CGB ón gComhairle
P8_TC1-COD(2018)0105

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2019/1153.)


IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH

Ráiteas ó Pharlaimint na hEorpa ar Airteagal 9

Is oth le Parlaimint na hEorpa nach bhfuil sa Treoir seo, murab ionann is a bhí sa thogra bunaidh, rialacha maidir le spriocanna beachta agus bealaí TF chun faisnéis a mhalartú idir Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais na mBallstát éagsúil. Is oth le Parlaimint na hEorpa freisin go ndearnadh raon feidhme chur i bhfeidhm an Airteagail sin a theorannú do chásanna sceimhlitheoireachta agus coireachta eagraithe a bhaineann leis an sceimhlitheoireacht, agus nach gcumhdaítear ann, mar a moladh ar dtús, gach cineál ciona choiriúil thromchúisigh, ar féidir leis tionchar díobhálach a imirt ar ár sochaithe. Áitíonn Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún athscrúdú a dhéanamh ar an tsaincheist sin mar chuid dá chuid tuarascálacha ar chur chun feidhme na Treorach seo agus na Treorach maidir le Frith-sciúradh Airgid, agus ar an meastóireacht orthu, agus go háirithe mar chuid dá mheasúnú faoi Airteagal 21. Leanfaidh Parlaimint na hEorpa na tuarascálacha agus na measúnuithe sin go géar agus déanfaidh sé anailís ghéar orthu agus beidh a cuid moltaí féin aici, más gá.

Ráiteas ón gCoimisiún

I ndáil le Airteagal 9 den Treoir, is cúis aiféala don Choimisiún nach bhfuil rialacha sa Treoir faoi spriocdhátaí agus bealaí TF le faisnéis a mhalartú idir na hAonaid um Fhaisnéis Airgeadais atá ag na Ballstáit éagsúla, rud a théann in éadan an togra bunaidh. Is cúis aiféala don Choimisiún fós gur cuireadh teorainn le raon feidhme an Airteagail sin ionas nach dtagann faoina scáth feasta ach cásanna sceimhlitheoireachta, agus coiriúlachta eagraithe atá luaite leis an sceimhlitheoireacht, agus gan cumhdach ann ar chionta coiriúla tromchúiseacha faoi mar a bhí beartaithe i dtús ama. Déanfaidh an Coimisiún a mhachnamh go fóill ar an gcomhar idir Aonad um Fhaisnéis Airgeadais, go mór mór mar chuid dá chuid tuarascálacha ar chur chun feidhme na Treorach sin agus na Treorach um Sciúradh Drochairgid.

An nuashonrú is déanaí: 16 Márta 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais