Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2018/0328(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0084/2019

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0084/2019

Díospóireachtaí :

PV 11/03/2019 - 19
CRE 11/03/2019 - 19

Vótaí :

PV 13/03/2019 - 19.1
CRE 13/03/2019 - 19.1
Mínithe ar vótaí
PV 17/04/2019 - 16.12

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2019)0189
P8_TA(2019)0419

Téacsanna atá glactha
PDF 324kWORD 101k
Dé Céadaoin, 17 Aibreán 2019 - Strasbourg
An Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta, Teicneolaíochta agus Taighde Cibearshlándála agus Líonra na Lárionad Comhordúcháin Náisiúnta ***I
P8_TA(2019)0419A8-0084/2019
Rún
 Téacs comhdhlúite

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2019 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta, Teicneolaíochta agus Taighde Cibearshlándála agus Líonra na Lárionad Comhordúcháin Náisiúnta (COM(2018)0630 – C8-0404/2018 – 2018/0328(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0630),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 173(3) agus don chéad mhír d’Airteagal 188 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra don Pharlaimint (C8‑0404/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 23 Eanáir 2019(1),

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh agus don tuairim ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra (A8-0084/2019),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo é(2);

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.
(2) Tá an seasamh seo i gcomhréir leis na leasuithe a glacadh an 13 Márta 2019 (Téacsanna a glacadh, P8_TA(2019)0189).


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 17 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) …/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta, Teicneolaíochta agus Taighde Cibearshlándála agus Líonra na Lárionad Comhordúcháin Náisiúnta
P8_TC1-COD(2018)0328

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 173(3) agus an chéad mhír d’Airteagal 188 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún(2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  Dá mhéad a éiríonn ár Tá níos mó ná 80 % de dhaonra an Aontais nasctha leis an idirlíon agus tá an saol laethúil agus an geilleagar ag brath níos mó diaidh ar ndiaidh ar theicneolaíochtaí digiteacha, is ea is mó agus is ag dul i méid atá baol maidir le cibeartheagmhais thromchúiseacha do na saoránaigh. Braitheann an tslándáil amach anseo, i measc nithe eile, ar rannchuidiú leis an athléimneacht fhoriomlán, ar fheabhsú an chumais theicneolaíoch agus thionsclaíoch an tAontas a chosaint ar chibearbhagairtí a bhfuil forbairt ag teacht orthu de shíor, ós rud é go mbraitheann an bonneagar sibhialtach agus acmhainneachtaí míleata slándála araon ar chórais dhigiteacha shlána. Is féidir slándáil den sórt sin a bhaint amach tríd an bhfeasacht ar bhagairtí cibearshlándála a ardú agus trí inniúlachtaí, acmhainneachtaí agus cumais a fhorbairt ar fud an Aontais, agus aird chuí á tabhairt ar an idirghníomhú idir bonneagar, líonraí, táirgí agus próisis na gcrua-earraí agus na mbogearraí, agus ar na himpleachtaí don tsochaí agus do chúrsaí eitice agus ar na húdair imní ina leith sin. [Leasú 1]

(1a)   Is bagairt í an chibearchoireacht don Aontas, dá shaoránaigh agus dá gheilleagar, bagairt atá ag dul i méid go tapa. In 2017, bhí ar 80 % de chuideachtaí na hEorpa dul i ngleic le cibeartheagmhas amháin ar a laghad. Bhí tionchar ag ionsaí WannaCry i mí na Bealtaine 2017 ar níos mó ná 150 tír agus 230 000 córas TF agus bhí tionchar mór aige ar bhonneagair chriticiúla, amhail ospidéil. Cuireann sé sin béim ar an ngá atá leis na caighdeáin chibearshlándála is airde agus le réitigh iomlánaíocha chibearshlándála, lena mbaineann daoine, táirgí, próisis agus teicneolaíocht san Aontas, mar aon leis an ngá atá le ceannaireacht an Aontais sa réimse sin agus le neamhspleáchas digiteach. [Leasú 2]

(2)  Mhéadaigh an tAontas líon a ghníomhaíochtaí de réir a chéile chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin chibearshlándála a bhíonn ag fás i ndiaidh na Straitéise um Chibearshlándáil 2013(4) lenar bhain an aidhm cibear-éiceachóras iontaofa, sábháilte agus oscailte a chothú. In 2016 ghlac an tAontas leis na bearta tosaigh i réimse na cibearshlándála trí Threoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(5)maidir le slándáil ar líonra agus ar chórais faisnéise.

(3)  I Meán Fómhair 2017, chuir an Coimisiún agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála Teachtaireacht Chomhpháirteach i láthair(6) dar teideal “Resilience, Deterrence and Defence: Building strong cybersecurity for the EU [Athléimneacht, díspreagadh agus cosaint: Cibearshlándáil láidir a thógáil don Aontas Eorpach] chun athléimneacht, díspreagadh agus freagairt an Aontais i dtaobh cibear-ionsaithe a neartú a thuilleadh.

(4)  D’éiligh na Cinn Stáit agus Rialtais ag Cruinniú Mullaigh Digiteach Thaillinn, i mí Mheán Fómhair 2017, go mbeadh an tAontas ina cheannaire domhanda sa chibearshlándáil faoi 2025, chun iontaoibh, muinín agus cosaint ár saoránach, ár dtomhaltóirí agus ár bhfiontar ar líne a áirithiú agus chun go mbeadh idirlíon saor in aisce agus níos sábháilte a rialaítear de réir an dlí ann, agus d’fhógair siad “go mbainfí níos mó úsáide as réitigh foinse oscailte agus/nó caighdeáin oscailte nuair a bheadh córais agus réitigh TFC á dtógáil nó á n-atógáil (go háirithe chun gaibhniú díoltóirí a sheachaint), lena n-áirítear iad siúd arna bhforbairt agus/nó arna gcur chun cinn ag cláir AE um idir‑inoibritheacht agus caighdeánú, amhail ISA2 ”. [Leasú 3]

(4a)  Ba cheart don Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta, Teicneolaíochta agus Taighde Cibearshlándála (an ‘Lárionad Inniúlachtaí’) cúnamh a chur ar fáil chun cur le hathléimneacht agus iontaofacht bhonneagar na líonraí agus na gcóras faisnéise, lena n-áirítear an t-idirlíon agus bonneagar criticiúil eile le haghaidh fheidhmiú na sochaí amhail córais iompair, sláinte agus bhaincéireachta. [Leasú 4]

(4b)  Ba cheart don Lárionad Inniúlachtaí agus na gníomhaíochtaí a dhéanann sé aird a thabhairt ar chur chun feidhme Rialachán (AE) 2019/XXX [athmhúnlú ar Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 mar a moladh in COM(20160)0616] (7). [Leasú 5]

(5)  Is féidir le briseadh suntasach ar an líonra nó ar na córais faisnéise tionchar a imirt ar Bhallstáit aonair agus ar an Aontas ar an iomlán. Tá sé bunriachtanach don tsochaí agus don gheilleagar araon, dá bhrí sin, go mbeadh an leibhéal slándála is airde ann maidir leis na líonraí agus na córais faisnéise ar fud an Aontais. Faoi láthair, braitheann an tAontas ar sholáthraithe cibearshlándála neamh-Eorpacha. Is chun leas straitéiseach an Aontais é a áirithiú, áfach, go ndéanfaidh sé acmhainneachtaí teicneolaíocha bunriachtanacha agus cumais theicneolaíocha bhunriachtanacha i réimse na cibearshlándála a choimeád agus a fhorbairt chun a áirithiú go gcosnófar sonraí agus líonraí criticiúla agus córais faisnéise chriticiúla shaoránaigh agus chuideachtaí na hEorpa, lena n-áirítear bonneagair chriticiúla le haghaidh fheidhmiú na sochaí amhail córais iompair, sláinte agus bhaincéireachta, agus an Margadh Aonair Digiteach, agus chun seirbhísí cibearshlándála lárnacha a chur ar fáil. [Leasú 6]

(6)  Tá saibhreas saineolais agus taithí san Aontas maidir le taighde, teicneolaíocht agus forbairt thionsclaíoch ó thaobh na cibearshlándála de ach tá iarrachtaí na bpobal tionsclaíoch agus taighde ilroinnte, bíonn easnamh ann maidir le hailíniú agus misean comhchoiteann, rud a chuireann bac ar iomaíochas agus ar chosaint éifeachtach na sonraí criticiúla, na líonraí criticiúla agus na gcóras criticiúil sa réimse sin. Ní mór na hiarrachtaí agus an saineolas atá de dhíth a chomhthiomsú, a líonrú agus a úsáid ar bhealach éifeachtúil chun na hacmhainneachtaí taighde, teicneolaíochta, scileanna agus tionsclaíocha atá ann cheana a neartú agus a chomhlánú ar leibhéal an Aontais agus ar na leibhéil náisiúnta. Cé go bhfuil dúshláin mhóra roimh earnáil TFC, amhail an t-éileamh ar oibrithe oilte san earnáil a shásamh, is féidir leis an earnáil tairbhe a bhaint as ionadaíocht a dhéanamh ar an éagsúlacht atá sa tsochaí i gcoitinne, agus as ionadaíocht chothrom ar fhir agus ar mhná, éagsúlacht eitneach, agus neamh-idirdhealú in aghaidh daoine atá faoi mhíchumas a bhaint amach, mar aon le héascaíocht a dhéanamh ar an rochtain ar eolas agus ar oiliúint do shaineolaithe cibearshlándála amach anseo, lena n-áirítear an oiliúint a chuirtear orthu i gcomhthéacsanna neamhfhoirmiúla, mar shampla i dtionscadail um Bogearraí Foinse Oscailte agus Saor in Aisce, i dtionscadail um theicneolaíocht saoránach, i ngnólachtaí nuathionscanta agus i micrifhiontair.. [Leasú 7]

(6a)   Is gníomhaithe ríthábhachtacha iad fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) in earnáil na cibearshlándála san Aontas, agus is féidir leo réitigh cheannródaíocha a chur ar fáil mar gheall ar a thapa atá siad. Is mó an baol atá ann freisin, áfach, go mbeidh ar FBManna nach bhfuil speisialtóireacht acu sa chibearshlándáil dul i ngleic le cibeartheagmhais mar gur gá infheistíocht mhór agus cuid mhór saineolais chun réitigh éifeachtacha chibearshlándála a chur ar fáil. Dá bhrí sin, ní mór don Lárionad Inniúlachtaí agus don Líonra um Inniúlachtaí Cibearshlándála (an ‘Líonra’) tacaíocht speisialta a chur ar fáil do FBManna tríd an rochtain atá acu ar shaineolas agus ar oiliúint a éascú chun gur féidir leo iad féin a chosaint go leordhóthanach agus chun gur féidir leo siúd atá gníomhach sa chibearshlándáil rannchuidiú le ceannaireacht an Aontais sa réimse sin. [Leasú 8]

(6b)  Tá saineolas le fáil lasmuigh de chomhthéacsanna tionsclaíocha agus taighde. Tionscadail neamhthráchtála agus réamhthráchtála, a dtagraítear dóibh mar thionscadail um “theicneolaíocht saoránach”, baineann siad úsáid as caighdeáin oscailte, as Sonraí Oscailte, agus as Bogearraí Foinse Oscailte agus Saor in Aisce, chun leas na sochaí agus an phobail. Rannchuidíonn siad leis an athléimneacht, leis an bhfeasacht agus le forbairt na hinniúlachta in ábhair chibearshlándála agus tá ról tábhachtach acu san fhothú acmhainneachta don tionscal agus don taighde sa réimse. [Leasú 9]

(6c)  Tagraíonn an téarma ‘geallsealbhóirí’, nuair a úsáidtear i gcomhthéacs an Rialacháin seo é, inter alia, don tionscal, d’eintitis phoiblí agus d’eintitis eile a bhíonn ag déileáil le hábhair oibríochtúla agus theicniúla i réimse na cibearshlándála, agus don tsochaí shibhialta, go háirithe ceardchumainn, cumainn tomhaltóirí, an pobal um Bogearraí Foinse Oscailte agus Saor in Aisce, mar aon leis an bpobal acadúil agus taighde. [Leasú 10]

(7)  Iarradh de bhun na gConclúidí ón gComhairle a glacadh i mí na Samhna 2017 ar an gCoimisiún measúnú tionchair a chur ar fáil go pras faoi na roghanna féideartha chun líonra de lárionaid um inniúlachtaí cibearshlándála leis an Lárionad Eorpach um Thaighde agus Inniúlachtaí a chruthú agus an ionstraim dlí ábhartha a mholadh faoi lár-2018.

(8)  Ba cheart gurb é an Lárionad Inniúlachtaí príomhuirlis an Aontais chun infheistíocht a chomhthiomsú sa taighde, sa teicneolaíocht agus san fhorbairt thionsclaíoch i réimse na cibearshlándála agus chun na tionscadail agus na tionscnaimh ábhartha a chur chun feidhme i gcomhpháirt leis an Líonra um Inniúlachtaí Cibearshlándála. Ba cheart go gcuirfeadh sé tacaíocht airgeadais a bhaineann le cibearshlándáil ar fáil ón gclár ‘Fís Eorpach’ agus ón gClár don Eoraip Dhigiteach, agus ón gCiste Eorpach Cosanta freisin do na gníomhaíochtaí agus na costais riaracháin a bhaineann le cosaint, agus ba cheart go mbeadh an tacaíocht sin ar fáil do Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus do chláir eile i gcás inarb iomchuí. Ba cheart go rannchuideodh an cur chuige sin le sineirgíochtaí a chruthú agus tacaíocht airgeadais a chomhordú maidir le tionscnaimh an Aontais i réimse an taighde agus na forbartha, na nuálaíochta, na teicneolaíochta agus na forbartha tionsclaíche ó thaobh na cibearshlándála de agus dúbláil a sheachaint. [Leasú 11]

(8a)  Mar chuid den phrionsabal “Slándáil trí dhearadh”, a bunaíodh sa Teachtaireacht Chomhpháirteach ón gCoimisiún an 13 Meán Fómhair 2017 dar teideal “Athléimneacht, Díspreagadh agus Cosaint: Cibearshlándáil láidir a thógáil don Aontas Eorpach”, tá modhanna úrscothacha lenar féidir an tslándáil a mhéadú, ag gach céim de shaolré táirge nó seirbhíse, trína dtosaítear le modhanna slána deartha agus forbartha, trína laghdaítear an raon inionsaithe, agus trína n-ionchorpraítear tástáil leormhaith slándála agus iniúchtaí leormhaithe slándála. Ar feadh thréimhse na hoibríochta agus na cothabhála, ní mór do tháirgeoirí nó do sholáthraithe nuashonruithe a chur ar fáil chun leochaileachtaí nó bagairtí nua a réiteach gan mhoill, ar feadh na saolré a mheastar a bheidh ag táirge agus ina diaidh. Is féidir an méid sin a bhaint amach freisin trí chead a thabhairt do thríú páirtithe na nuashonruithe sin a chruthú agus a sholáthar. Is gá nuashonruithe a sholáthar go háirithe i gcás bonneagair, táirgí agus próisis a úsáidtear go minic. [Leasú 12]

(8b)   I bhfianaise mhéid an dúshláin cibearshlándála agus i bhfianaise na n-infheistíochtaí arna ndéanamh sna hacmhainneachtaí agus sna cumais i réimse na cibearshlándála in áiteanna eile ar domhan, ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit dlús a chur leis an tacaíocht airgeadais a thugann siad don taighde, don fhorbairt agus don chur in úsáid sa réimse sin. Chun barainneacht scála agus leibhéal inchomparáide cosanta ar fud an Aontais a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit a gcuid iarrachtaí a dhíriú ar chreat Eorpach trí infheistíocht a dhéanamh trí shásra an Lárionaid Inniúlachtaí i gcás inarb ábhartha. [Leasú 13]

(8c)  Chun iomaíochas an Aontais agus na caighdeáin chibearshlándála is airde go hidirnáisiúnta a chothú, ba cheart don Lárionad Inniúlachtaí agus don Phobal um Inniúlachtaí Cibearshlándála malartú táirgí, próiseas, caighdeán agus caighdeán teicniúil cibearshlándála leis an bpobal idirnáisiúnta a chur chun cinn. Áirítear ar na caighdeáin theicniúla go gcruthófaí cineálacha cur chun feidhme tagartha, arna bhfoilsiú faoi cheadúnais chaighdeánacha oscailte. Tá dearadh slán na gcineálacha cur chun feidhme tagartha, go háirithe, ríthábhachtach d’iontaofacht agus athléimneacht fhoriomlán bhonneagar na líonraí agus na gcóras faisnéise a úsáidtear go minic amhail an t-idirlíon agus bonneagair chriticiúla. [Leasú 14]

(9)  Má chuirtear san áireamh go mbeadh sé níos fearr chun cuspóirí an tionscnaimh seo a bhaint amach dá mbeadh rannchuideodh na Ballstáit ar fad nó an líon is mó agus is féidir de na Ballstáit, rannpháirteach,agus chun na Ballstáit a spreagadh le bheith rannpháirteach, níor cheart go mbeadh cearta vótála ach ag na Ballstáit a dhéanann ranníocaíocht airgeadais chun costais riaracháin agus oibríochtúla an Lárionaid Inniúlachtaí a chumhdach. [Leasú 15]

(10)  Ba cheart go mbeadh rannchuidiú airgeadais na mBallstát rannpháirteach i gcomhréir le rannchuidiú airgeadais an Aontais don tionscnamh seo.

(11)  Ba cheart go ndéanfadh an Lárionad Inniúlachta obair an Líonra um Inniúlachtaí Cibearshlándála (“an Líonra”), atá comhdhéanta as Lárionaid Chomhordúcháin Náisiúnta i ngach Ballstát, a éascú agus cúnamh a thabhairt an obair sin a chomhordú. Ba cheart go bhfaigheadh na Lárionaid Chomhordúcháin Náisiúnta tacaíocht airgeadais díreach ón Aontas, lena n-áireofaí deontais arna ndámhachtain gan ghlao ar thograí, chun na gníomhaíochtaí a bhaineann leis an Rialachán seo a chur i gcrích.

(12)  Ba cheart do na Ballstáit na Lárionaid Chomhordúcháin Náisiúnta a roghnú. Sa bhreis ar an acmhainneacht riaracháin atá riachtanach, ba cheart go mbeadh saineolas teicneolaíoch cibearshlándála ag na Lárionaid, nó rochtain dhíreach acu air, go háirithe i réimsí amhail an chripteagrafaíocht, seirbhísí slándála TFC, braistint ionraidh, slándáil córais, slándáil líonra, slándáil bogearraí agus feidhmchláir, nó gnéithe daonnúla, eiticiúla, sochaíocha agus comhshaoil den tslándáil agus den phríobháideachas. Ba cheart go mbeadh an acmhainneacht acu freisin caidreamh a bhunú leis an earnáil tionsclaíochta agus leis an earnáil phoiblí, lena n-áirítear údaráis arna n-ainmniú de bhun Threoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(8), agus leis an bpobal taighde, agus comhoibriú leo, agus sin a dhéanamh ar bhealach éifeachtach, chun idirphlé príobháideach poiblí ar an gcibearshlándáil a bhunú. Sa bhreis air sin, ba cheart feasacht a ardú i measc an phobail i gcoitinne faoin gcibearshlándáil trí bhealaí iomchuí cumarsáide. [Leasú 16]

(13)  Nuair a chuirtear tacaíocht airgeadais ar fáil do na Lárionaid Chomhordúcháin Náisiúnta chun tacú le tríú páirtithe ar an leibhéal náisiúnta, cuirfear é sin ar aghaidh chuig páirtithe leasmhara ábhartha trí chomhaontuithe deontais cascáidithe.

(14)  Ag an am céanna, déanann teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn amhail an intleacht shaorga, Idirlíon na Rudaí Nithiúla, an ríomhaireacht ardfheidhmíochta (HPC) agus an ríomhaireacht chandamach, blocshlabhra agus mar aon le coincheapa amhail slánchéannachtaí digiteacha, dúshláin nua a chur roimh an gcibearshlándáil agus cuireann siad táirgí agus próisis ar fáil freisin. Chun stóinseacht na gcóras TFC atá ann cheana nó a bheidh ann amach anseo a mheasúnú agus a bhailíochtú ní mór táirgí agus próisis slándála a thástáil i gcoinne ionsaithe arna rith ar mheaisíní ríomhaireachta ardfheidhmíochta agus candamacha. Ba cheart don Lárionad Inniúlachtaí, don Líonra, do na Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha agus don Phobal um Inniúlachtaí Cibearshlándála cabhrú le cur chun cinn agus scaipeadh na dtáirgí agus na bpróiseas cibearshlándála is déanaí, lena mbaineann dé-úsáid san áireamh, go háirithe iad siúd a chabhraíonn le heagraíochtaí san fhothú leanúnach acmhainneachta agus a chabhraíonn leo a bheith athléimneach agus an rialachas iomchuí a bheith acu. Ba cheart don Lárionad Inniúlachtaí agus don Líonra timthriall na nuálaíochta ina iomláine a spreagadh agus rannchuidiú le droichead a thógáil thar ‘ghleann an bháis’ i dtaca leis an nuálaíocht i dteicneolaíochtaí agus seirbhísí cibearshlándála. Ag an am céanna, ba cheart don Lárionad Inniúlachtaí, don Líonra agus don Phobal fónamh d’fhorbróirí agus d’oibreoirí in earnálacha criticiúla amhail an earnáil iompair, fuinnimh, sláinte, airgeadais, rialtais, teileachumarsáide, déantúsaíochta, cosanta, agus spáis chun cúnamh a thabhairt dóibh na dúshláin chibearshlándála atá rompu a shárú, agus taighde a dhéanamh faoi na cúiseanna éagsúla a bhíonn le hionsaithe ar shláine na líonraí agus na gcóras faisnéise, amhail coireacht, spiaireacht thionsclaíoch, clúmhilleadh, agus bréagaisnéis. [Leasú 17]

(14a)   De bharr a thapa atá cibearbhagairtí agus an chibearshlándáil ag athrú, ní mór don Aontas a bheith in ann dul in oiriúint go tapa agus go leanúnach d’fhorbairtí nua sa réimse. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh an Lárionad Inniúlachtaí, an Líonra agus an Pobal um Inniúlachtaí Cibearshlándála sách solúbtha chun freagairt mar is gá dóibh. Ba cheart dóibh éascaíocht a dhéanamh ar réitigh lena gcabhraítear le heintitis a bheith in ann acmhainneacht a fhothú go leanúnach chun feabhas a chur ar a gcumas athléimneachta agus ar chumas athléimneachta an Aontais. [Leasú 18]

(14b)   Ba cheart go mbeadh sé de chuspóir ag an Lárionad Inniúlachtaí ceannaireacht agus saineolas an Aontais sa chibearshlándáil a bhunú agus, ar an gcaoi sin, na caighdeáin slándála is airde san Aontas a áirithiú, cosaint sonraí, na gcóras faisnéise, na líonraí agus na mbonneagar criticiúil san Aontas a áirithiú, poist nua ardcháilíochta a chruthú sa réimse, imeacht daoine oilte ó shaineolaithe cibearshlándála na hEorpa go tríú tíortha a chosc, agus luach Eorpach a chur ar na bearta cibearshlándála náisiúnta atá ann cheana. [Leasú 19]

(15)  Ba cheart go mbeadh roinnt príomhfheidhmeanna ag an Lárionad Inniúlachtaí. Ar an gcéad dul síos, ba cheart go ndéanfadh an Lárionad Inniúlachtaí obair an Líonra Eorpaigh um Inniúlachtaí Cibearshlándála a éascú agus cúnamh a thabhairt leis an obair sin a chomhordú agus an Pobal um Inniúlachtaí Cibearshlándála a chothú. Ba cheart don Lárionad an clár oibre teicneolaíoch cibearshlándála a chur chun cinn agus rochtain ar an saineolas arna bhailiú ón Líonra agus ón bPobal um Inniúlachtaí Cibearshlándála , agus ar an mbonneagar cibearshlándála, a chomhthiomsú, a chomhroinnt agus a éascú. Ar an dara dul síos, ba cheart dó codanna ábhartha an chláir ‘Fís Eorpach’ agus an Chláir don Eoraip Dhigiteach a chur chun feidhme trí dheontais a leithdháileadh, tar éis glao iomaíoch ar thograí de ghnáth. Ar an tríú dul síos, ba cheart don Lárionad Inniúlachtaí éascaíocht a dhéanamh ar chomhinfheistíocht ón Aontas, ó na Ballstáit nó ón earnáil tionsclaíochta agus ar chomhdheiseanna oiliúna agus cláir ardaithe feasachta i gcomhréir leis an gClár don Eoraip Dhigiteach do shaoránaigh agus do ghnólachtaí chun an bhearna scileanna a dhúnadh. Ba cheart dó aird ar leith a dhíriú ar chumasú FBManna i réimse na cibearshlándála. [Leasú 20]

(16)  Ba cheart don Lárionad Inniúlachtaí comhar agus comhordú straitéiseach fadtéarmach ghníomhaíochtaí an Phobail um Inniúlachtaí Cibearshlándála a spreagadh agus tacú leo, lena mbainfeadh grúpa mór, oscailte, idirdhisciplíneach agus éagsúil de ghníomhaithe Eorpacha a bhfuil baint acu leis an teicneolaíocht chibearshlándála. Ba cheart a bheith ar áireamh sa Phobal sin go háirithe eintitis taighde, lena n-áirítear iad siúd atá ag obair ar an eitic chibearshlándála, tionscail ar thaobh an tsoláthair, tionscail ar thaobh an éilimh, lena n-áirítear FBManna, agus an earnáil phoiblí. Ba cheart don Phobal um Inniúlachtaí Cibearshlándála comhairle a chur ar fáil faoi ghníomhaíochtaí agus plean oibre an Lárionaid Inniúlachtaí agus ba cheart go mbainfeadh sé leas freisin as gníomhaíochtaí forbartha pobail an Lárionaid Inniúlachtaí agus an Líonra, ach seachas sin níor cheart pribhléid a bheith aige maidir le glaonna ar thograí nó glaonna chun tairisceana. [Leasú 21]

(16a)   Ba cheart don Lárionad Inniúlachtaí an tacaíocht iomchuí a thabhairt don Ghníomhaireacht Eorpaí um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise (ENISA) maidir lena chuid cúraimí a leagtar síos i dTreoir (AE) 2016/1148 (“Treoir NIS”) agus Rialachán (AE) 2019/XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(9) (“an Gníomh um Chibearshlándáil”). Dá bhrí sin, ba cheart do ENISA comhairle iomchuí a chur ar fáil don Lárionad Inniúlachtaí agus é ag sainiú na dtosaíochtaí cistiúcháin. [Leasú 22]

(17)  Chun freagairt do riachtanais na hearnála poiblí agus an lucht tionscail, idir thionscail ar thaobh an éilimh agus thionscail ar thaobh an tsoláthair araon, ba cheart go mbainfeadh an cúram atá ar an Lárionad Inniúlachtaí eolas agus cúnamh teicniúil i réimse na cibearshlándála a chur ar fáil don earnáil phoiblí agus do thionscail le táirgí, le próisis agus le seirbhísí TFC agus le gach táirge agus réiteach próiseas tionsclaíoch agus teicneolaíoch eile ina bhfuil an chibearshlándáil le comhtháthú. Go háirithe, ba cheart don Lárionad Inniúlachtaí éascaíocht a dhéanamh ar chur in úsáid réiteach dinimiciúil ar leibhéal an fhiontair atá dírithe ar a bheith ag cur le cumais eagraíochtaí iomlána, lena n-áirítear daoine, próisis agus teicneolaíocht, chun cosaint éifeachtach a thabhairt do na heagraíochtaí ar bhagairtí cibearshlándála a bhíonn de shíor ag athrú. [Leasú 23]

(17a)  Ba cheart don Lárionad Inniúlachtaí rannchuidiú le cur in úsáid fhorleathan na dtáirgí úrscothacha agus na réiteach úrscothach i réimse na cibearshlándála, go háirithe iad siúd a bhfuil aitheantas idirnáisiúnta acu. [Leasú 24]

(18)  Cé gur cheart don Lárionad Inniúlachta agus don Líonra iarracht a dhéanamh sineirgíochtaí agus comhordú a bhaint amach idir na réimsí sibhialtacha agus cosanta ó thaobh na cibearshlándála de, déanfar tionscadail arna maoiniú ag an gclár ‘Fís Eorpach’ a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán XXX [an Rialachán maidir le Fís Eorpach], ina bhforáiltear go mbeidh gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta arna ndéanamh mar chuid den chlár ‘Fís Eorpach’ dírithe ar fheidhmeanna sibhialtacha. [Leasú 25]

(19)  Chun comhoibriú struchtúrtha agus inbhuanaithe a áirithiú, ba cheart go mbeadh an caidreamh idir an Lárionad Inniúlachtaí agus na Lárionaid Chomhordúcháin Náisiúnta bunaithe ar chomhaontú conarthach ba cheart a chomhchuibhiú ar leibhéal an Aontais. [Leasú 26]

(20)  Ba cheart forálacha iomchuí a dhéanamh chun dliteanas agus trédhearcacht an Lárionaid Inniúlachtaí agus na ngnóthas sin a fhaigheann maoiniú a áirithiú. [Leasú 27]

(20a)   Maidir le cur chun feidhme na dtionscadal um chur in úsáid, go háirithe iad siúd a bhaineann leis na bonneagair agus na cumais arna gcur in úsáid ar an leibhéal Eorpach nó trí sholáthar comhpháirteach, is féidir é sin a roinnt ina chéimeanna éagsúla cur chun feidhme, amhail tairiscintí ar leithligh ar ailtireacht na gcrua-earraí agus na mbogearraí, a dtáirgeadh mar aon lena n-oibriú agus a gcothabháil, ach ní fhéadfaidh cuideachtaí a bheith rannpháirteach ach i gceann amháin de na céimeanna in aghaidh na cuideachta agus ní mór do na tairbhithe i gceann amháin nó níos mó de na céimeanna sin coinníollacha áirithe ó thaobh úinéireacht nó rialú Eorpach de a chomhlíonadh. [Leasú 28]

(20b)  Ós rud é gurb é ENISA gníomhaireacht speisialaithe an Aontais i réimse na cibearshlándála, ba cheart don Lárionad Inniúlachtaí iarracht a dhéanamh na sineirgíochtaí is fearr is féidir a bhaint amach idir é agus ENISA agus ba cheart don Bhord Rialaithe dul i gcomhairle le ENISA mar gheall ar an taithí atá aige sa réimse i ngach ábhar a bhaineann leis an gcibearshlándáil, go háirithe maidir le tionscadail a bhaineann le taighde. [Leasú 29]

(20c)  I bpróiseas ainmniúcháin an ionadaí ar an mBord Rialaithe, ba cheart do Pharlaimint na hEorpa mionsonraí an tsainordaithe, lena n-áirítear an oibleagáid tuairisciú go rialta chuig Parlaimint na hEorpa nó chuig na coistí atá freagrach, a chur san áireamh. [Leasú 30]

(21)  I bhfianaise an tsaineolais ar an gcibearshlándáil atá ag Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin agus ag an nGníomhaireacht Eorpach um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise (ENISA) araon, agus chun na sineirgíochtaí is fearr is féidir a áirithiú, ba cheart dóibh ról gníomhach a imirt sa Phobal um Inniúlachtaí Cibearshlándála agus ar an mBord Comhairleach Tionsclaíochta agus Eolaíochta. Ba cheart do ENISA leanúint de bheith ag comhlíonadh a chuid cuspóirí straitéiseacha, go háirithe i réimse an deimhniúcháin cibearshlándála mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2019/XXX [an Gníomh um Chibearshlándáil](10), agus ba cheart don Lárionad Inniúlachtaí gníomhú mar chomhlacht oibriúcháin i réimse na cibearshlándála. [Leasú 31]

(22)  Nuair a fhaigheann siad ranníocaíocht airgeadais ó bhuiséad ginearálta an Aontais, ba cheart go ndéanfadh na Lárionaid Chomhordúcháin Náisiúnta agus na heintitis atá mar chuid den Phobal um Inniúlachtaí Cibearshlándála an fhíric go ndéantar na gníomhaíochtaí faoi seach i gcomhthéacs an tionscnaimh reatha a phoibliú.

(23)  Ba cheart go maoineodh ranníocaíocht an Aontais don Lárionad Inniúlachta leath de na costais a ghabhann le gníomhaíochtaí bunaíochta, riaracháin agus comhordúcháin an Lárionaid Inniúlachta. Chun cistiú dúbailte a sheachaint, níor cheart go mbeadh ranníocaíocht ó chláir eile an Aontais chun sochair na ngníomhaíochtaí siúd i gcomhthráth.

(24)  Ba cheart do bhord rialála an Lárionaid Inniúlachta, bord ar a mbeidh comhaltaí de chuid na mBallstát agus de chuid an Choimisiúin, treo ginearálta oibríochtaí an Lárionaid a shainiú agus, ina theannta sin, a áirithiú go gcuirfeadh sé a chúraimí i gcrích i gcomhréir leis an Rialachán seo. Ba cheart a chur ar iontaoibh an bhoird rialála na cumhachtaí is gá chun an buiséad a bhunú, feidhmiú an bhuiséid a fhíorú, na rialacha airgeadais iomchuí a ghlacadh, nósanna imeachta oibre trédhearcacha a bhunú i dtaobh chinnteoireacht an Lárionaid Inniúlachta, plean oibre agus plean straitéiseach ilbhliantúil an Lárionaid Inniúlachta a ghlacadh, a rialacha nós imeachta féin a ghlacadh, an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh agus cinneadh a dhéanamh maidir le síneadh a chur le téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin agus maidir le deireadh a chur lena théarma oifige. Chun go mbainfear tairbhe as sineirgíochtaí, ba cheart go mbeadh ENISA ina bhreathnóir buan ar an mBord Rialaithe agus rannchuidiú le hobair an Lárionaid Inniúlachtaí, lena n-áirítear trí chomhairle a chur ar fáil faoin bplean straitéiseach ilbhliantúil, faoin bplean oibre agus faoi liosta na ngníomhaíochtaí arna roghnú lena gcistiú. [Leasú 32]

(24a)  Ba cheart é a bheith d’aidhm ag an mBord Rialaithe an Lárionad Inniúlachtaí a chur chun cinn ar fud an domhain, chun é a dhéanamh níos tarraingtí agus comhlacht den chéad scoth a dhéanamh de i réimse na cibearshlándála. [Leasú 33]

(25)  Chun go bhfeidhmeoidh an Lárionad Inniúlachtaí go héifeachtúil agus go cuí, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh an saineolas gairmiúil iomchuí agus an taithí sna réimsí feidhme ag na daoine atá le ceapadh ar an mBord Rialaithe. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit iarrachtaí a dhéanamh freisin ráta athraithe a gcuid ionadaithe faoi seach ar an mBord Rialaithe a theorannú chun leanúnachas a chuid oibre a áirithiú agus díriú ar chothromaíocht inscne a bhaint amach. [Leasú 34]

(25a)   Ba cheart an tábhacht atá le vóta an Choimisiúin i gcinntí an Bhoird Rialaithe a bheith i gcomhréir leis an ranníocaíocht a dhéantar ó bhuiséad an Aontais leis an Lárionad Inniúlachtaí agus, dá bhrí sin, i gcomhréir leis an bhfreagracht atá ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéantar bainistiú cuí ar bhuiséad an Aontais chun leas an Aontais, mar a leagtar síos sna Conarthaí. [Leasú 35]

(26)  Ar mhaithe le feidhmiú cuí an Lárionaid Inniúlachtaí, ní mór Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Lárionaid a cheapadh ar bhealach trédhearcach ar bhonn fiúntais agus scileanna doiciméadaithe riaracháin agus bainistíochta, agus ar bhonn inniúlachta agus taithí atá ábhartha i dtaobh na cibearshlándála, agus ní mór dualgais an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a dhéanamh ar bhealach atá go hiomlán neamhspleách. [Leasú 36]

(27)  Ba cheart Bord Comhairleach Tionsclaíochta agus Eolaíochta a bheith ag an Lárionad Inniúlachtaí mar chomhlacht comhairleach, chun idirphlé rialta agus trédhearcach mar is iomchuí leis an earnáil phríobháideach, le heagraíochtaí tomhaltóirí agus le geallsealbhóirí ábhartha eile a áirithiú. Ba cheart dó comhairle neamhspleách a chur ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus ar an mBord Rialaithe freisin faoin gcur in úsáid agus faoin soláthar. Ba cheart don Bhord Comhairleach Tionsclaíochta agus Eolaíochta díriú ar na saincheisteanna atá ábhartha do na geallsealbhóirí agus iad a chur faoi bhráid Bhord Rialaithe an Lárionaid Inniúlachtaí. Ba cheart a áirithiú le comhdhéanamh an Bhoird Chomhairligh Tionsclaíochta agus Eolaíochta agus leis na cúraimí arna sannadh dó, amhail go lorgófaí comhairle uaidh maidir leis an bplean oibre, go mbeidh ionadaíocht leordhóthanach ag na geallsealbhóirí in obair an Lárionaid Inniúlachtaí. Ba cheart líon íosta suíochán a shannadh do gach catagóir geallsealbhóirí tionscail, agus aird ar leith á díriú ar ionadaithe FBManna.. [Leasú 37]

(28)  Ba cheart go mbainfeadh an Lárionad Inniúlachtaí agus a chuid gníomhaíochtaí tairbhe as saineolas áirithe agus as ionadaíocht leathan agus ábhartha na ngeallsealbhóirí arna forbairt tríd an gcomhpháirtíocht phríobháideach phoiblí le linn thréimhse an chláir ‘Fís 2020’, agus trí na tionscadail phíolótacha faoin gclár ‘Fís 2020’ maidir leis an Líonra um Inniúlachtaí Cibearshlándála, trína Bhord Comhairleach Tionsclaíochta agus Eolaíochta. Más iomchuí, ba cheart don Lárionad Inniúlachtaí agus don Bhord Comhairleach Tionsclaíochta agus Eolaíochta macasamhlú ar na struchtúir atá ann cheana, mar shampla mar mheithleacha, a chur san áireamh. [Leasú 38]

(28a)  Ba cheart don Lárionad Inniúlachtaí agus a chomhlachtaí úsáid a bhaint as an taithí a fuarthas le linn tionscnaimh a bhí ann roimhe seo, agus atá ann faoi láthair, agus as an ionchur a bhí acu, tionscnaimh amhail an chomhpháirtíocht phríobháideach phoiblí (cPPP) maidir leis an gcibearshlándáil, an Eagraíocht Eorpach um Chibearshlándáil (ECSO), agus an tionscadal píolótach agus na réamhbhearta maidir le hIniúchtaí Bogearraí Foinse Oscailte agus Saor in Aisce (EU FOSSA). [Leasú 39]

(29)  Ba cheart go mbeadh rialacha maidir le coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, a shainaithint agus a réiteach i bhfeidhm ag an Lárionad Inniúlachtaí i ndáil lena bhaill, a chomhlachtaí agus a fhoireann, an Bord Rialaithe, mar aon leis an mBord Chomhairleach Eolaíoch agus Tionsclaíoch, agus an Pobal. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar coinbhleachtaí leasa a bhaineann leis na Lárionaid Chomhordúcháin Náisiúnta a chosc, a shainaithint agus a réiteach. Ba cheart don Lárionad Inniúlachtaí forálacha ábhartha an Aontais a fheidhmiú, ar forálacha iad a bhaineann le rochtain phoiblí ar dhoiciméid mar a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(11). Beidh próiseáil sonraí pearsanta ag an Lárionad Inniúlachtaí faoi réir Rialachán (CE) Uimh. XXX/2018 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ba cheart don Lárionad Inniúlachtaí na forálacha is infheidhme maidir le hinstitiúidí an Aontais, agus an reachtaíocht náisiúnta maidir le láimhseáil faisnéise, go háirithe faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe agus faisnéis rúnaicmithe de chuid an Aontais, a chomhlíonadh. [Leasú 40]

(30)  Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais agus na mBallstát a chosaint trí bhearta comhréireacha ar feadh an timthrialla caiteachais, lena n-áirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, pionóis airgeadais agus riaracháin a ghearradh i gcomhréir le Rialachán XXX (AE, Euratom) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(12) [an Rialachán Airgeadais].

(31)  Ba cheart don Lárionad Inniúlachtaí oibriú ar bhealach oscailte trédhearcach lena soláthraítear faisnéis ábhartha ar fad go cuimsitheach agus go tráthúil agus lena gcuirtear a chuid gníomhaíochtaí chun cinn, lena n-áirítear gníomhaíochtaí faisnéise agus scaipthe i measc an phobail i gcoitinne. Ba cheart dó liosta de bhaill an Phobail um Inniúlachtaí Cibearshlándála a chur ar fáil don phobal agus d’aon pháirtithe leasmhara agus ba cheart dó aon dearbhuithe leasa arna ndéanamh acu i gcomhréir le hAirteagal 42 a chur ar fáil go poiblí. Ba cheart rialacha nós imeachta chomhlachtaí an Lárionaid Inniúlachtaí a chur ar fáil go poiblí. [Leasú 41]

(31a)   Tá sé inmholta go ndéanfadh an Lárionad Inniúlachtaí agus na Lárionaid Chomhordúcháin Náisiúnta araon faireachán ar na caighdeáin idirnáisiúnta, agus go gcloífidís leo, a mhéid is féidir, chun an fhorbairt i dtreo dea-chleachtais dhomhanda a spreagadh. [Leasú 42]

(32)  Ba cheart d’iniúchóir inmheánach an Choimisiúin na cumhachtaí céanna a fheidhmiú i dtaca leis an Lárionad Inniúlachta agus a bheidh á bhfeidhmiú aige i dtaca leis an gCoimisiún.

(33)  Ba cheart go bhfaighidh an Coimisiún, an Lárionad Inniúlachta, an Chúirt Iniúchóirí agus an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise rochtain ar an bhfaisnéis riachtanach ar fad agus ar an áitreabh chun iniúchtaí agus imscrúdúcháin a dhéanamh ar na deontais, ar na conarthaí agus ar an gcomhaontú atá sínithe ag an Lárionad Inniúlachta.

(33a)  Ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis na gnéithe de chomhaontuithe conarthacha idir an Lárionad Inniúlachtaí agus na Lárionaid Chomhordúcháin Náisiúnta a shainiú, agus i ndáil le critéir chun measúnú agus creidiúnú a dhéanamh ar eintitis mar bhaill den Phobal um Inniúlachtaí Cibearshlándála a shonrú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr(13). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.. [Leasú 43]

(34)  Ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon iomaíochas agus acmhainneachtaí an Aontais i réimse na cibearshlándála a neartú trína spleáchas digiteach a laghdú trí ghlacadh na dtáirgí, na bpróiseas agus na seirbhísí cibearshlándála arna bhforbairt laistigh den Aontas a mhéadú, acmhainneachtaí teicneolaíocha agus tionsclaíocha an Aontais maidir leis an gcibearshlándáil a choimeád agus a fhorbairt, iomaíochas thionscal cibearshlándála an Aontais a fheabhsú agus an chibearshlándáil a iompú ina buntáiste iomaíoch do thionscail eile an Aontais, a ghnóthú go leordhóthanach de bharr go bhfuil na hacmhainní teoranta atá ann cheana scaipthe agus de bharr scála na hinfheistíochta is gá agus, de bharr go seachnaítear dúbláil gan ghá ar na hiarrachtaí sin, rud a chuidíonn le mais chriticiúil infheistíochta a bhaint amach agus lena n-áirithítear go n-úsáidtear maoiniú poiblí ar an mbealach is fearr, is fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais. Sa bhreis air sin, is le bearta ar leibhéal an Aontais amháin gur féidir an leibhéal is airde cibearshlándála a áirithiú sna Ballstáit ar fad agus, dá bhrí sin, is ar an gcaoi sin a dhúnfar bearnaí slándála atá ann cheana i roinnt Ballstát, bearnaí lena gcruthaítear bearnaí slándála don Aontas ar fad. Dá bhrí sin, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú. [Leasú 44]

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA AGUS PRIONSABAIL AN LÁRIONAID INNIÚLACHTA AGUS AN LÍONRA

Airteagal 1

Ábhar

1.  Bunaítear leis an Rialachán seo an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta, Teicneolaíochta agus Taighde Cibearshlándála (“an Lárionad Inniúlachtaí”), mar aon le Líonra na Lárionad Comhordúcháin Náisiúnta (an “Líonra”), agus leagtar síos ann rialacha maidir le Lárionaid Chomhordúcháin Náisiúnta a ainmniú agus, ina theannta sin, maidir leis an bPobal um Inniúlachtaí Cibearshlándála (an “Pobal”) a chur ar bun. Rannchuideoidh an Lárionad Inniúlachtaí agus an Líonra leis an bhfeasacht agus an athléimneacht fhoriomlán san Aontas i leith bagairtí cibearshlándála, agus na himpleachtaí don tsochaí á gcur san áireamh mar is cuí. [Leasú 45]

2.  Leis an Lárionad Inniúlachta, cuirfear bonn taca faoi chur chun feidhme na coda cibearshlándála den Chlár don Eoraip Dhigiteach arna bhunú ag Rialachán Uimh. XXX agus, go háirithe, bearta a bhaineann le hAirteagal 6 [an Clár don Eoraip Dhigiteach] den Rialachán sin agus, ina theannta sin, den Chlár Fís Eorpach arna bhunú ag Rialachán Uimh. XXX agus, go háirithe, Cuid 2.2.6 de Cholún II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Chinneadh Uimh. XXX lena mbunaítear an clár sonrach lena gcuirtear chun feidhme Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht [uimhir thagartha an chláir shonraigh].

3.  Beidh ceannáras an Lárionaid Inniúlachta suite [sa Bhruiséil, an Bheilg.] [Leasú 46]

4.  Beidh pearsantacht dhlíthiúil ag an Lárionad Inniúlachta. I ngach Ballstát, beidh ag an Lárionaid Inniúlachta an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge a thugtar do dhaoine dlítheanacha faoi dhlíthe an Bhallstáit sin. Féadfaidh sé, go háirithe, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil nó a dhiúscairt agus a bheith ina pháirtí in imeachtaí dlí. [Leasú 47]

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)  ciallaíonn ‘cibearshlándáil’ na gníomhaíochtaí go léir is gá chun córais gréasán agus faisnéise, a n-úsáideoirí, agus daoine eile dá ndéantar difear a chosaint ar chibearbhagairtí; [Leasú 48]

(1a)  ciallaíonn ‘cibearchosaint’ agus ‘gnéithe cosanta den chibearshlándáil’ teicneolaíocht chibearchosanta chosantach agus fhrithghníomhach amháin a bhfuil sé mar aidhm léi bonneagair chriticiúla, líonraí míleata agus córais faisnéise mar aon lena n-úsáideoirí agus daoine a ndéantar difear dóibh a chosaint ar chibearbhagairtí, lena n-áirítear feasacht ar dhálaí, brath bagairtí agus fóiréinsic dhigiteach; [Leasú 183]

(2)  ciallaíonn ‘táirgí agus réitigh chibearshlándála próisis’ táirgí, seirbhísí nó próisis tráchtála agus neamhthráchtála i réimse na teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC) a bhfuil sé de chuspóir sonrach acu sonraí, líonraí agus córais faisnéise, a n-úsáideoirí, agus daoine lena mbaineann eile a chosaint ar bhagairtí chibearbhagairtí cibearshlándála; [Leasú 49]

(2a)  ciallaíonn ‘cibearbhagairt’ aon chúinse, teagmhas nó gníomh a d’fhéadfadh damáiste a dhéanamh do líonraí agus do chórais faisnéise, dá n-úsáideoirí agus do na daoine dá ndéantar difear, a d’fhéadfadh cur isteach orthu, nó a d’fhéadfadh tionchar díobhálach eile a imirt orthu; [Leasú 50]

(3)  ciallaíonn ‘údarás poiblí’ aon rialtas nó údarás riaracháin phoiblí eile, lena n-áirítear comhlachtaí comhairleacha poiblí ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach a dhéanann feidhmeanna riaracháin phoiblí faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí náisiúnta, dualgais shonracha san áireamh; [Leasú 51]

(4)  ciallaíonn ‘Ballstát rannpháirteach is ranníocóir’ Ballstát a dhéanann ranníocaíocht airgeadais ar bhonn deonach chun costais riaracháin agus oibríochtúla an Lárionaid Inniúlachtaí a chumhdach. [Leasú 52]

(4a)  ciallaíonn ‘Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha’ eintiteas dlíthiúil mar a shainmhínítear é i Rialachán (AE) 2019/XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(14). [Leasú 53]

Airteagal 3

Misean an Lárionaid agus an Líonra

1.  Cabhróidh an Lárionad Inniúlachta agus an Líonra leis an Aontas na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)  forbairt a dhéanamh ar na hacmhainneachtaí teicneolaíocha, tionsclaíocha, sochaíocha, acadúla agus taighde agus na cumais theicneolaíocha, thionsclaíocha, shochaíocha, acadúla agus taighde i réimse na cibearshlándála is gá a choimeád agus chun an Margadh Aonair Digiteach a chosaint agus chun cur le cosaint shonraí shaoránaigh, chuideachtaí agus údaráis riaracháin phoiblí an Aontais; [Leasú 54]

(aa)  cur le hathléimneacht agus iontaofacht bhonneagar na líonraí agus na gcóras faisnéise, lena n-áirítear bonneagar criticiúil, an t-idirlíon agus crua-earraí agus bogearraí a úsáidtear go minic san Aontas; [Leasú 55]

(b)  cur le hiomaíochas an tionscail cibearshlándála san Aontas agus an chibearshlándáil a iompú ina buntáiste iomaíoch do thionscail eile an Aontais. [Leasú 56]

(ba)  an fheasacht ar bhagairtí cibearshlándála, agus ar impleachtaí sochaíocha agus eiticiúla agus ábhair imní shochaíocha agus eiticiúla lena mbaineann a ardú agus an bhearna scileanna i réimse na cibearshlándála san Aontas a laghdú; [Leasú 57]

(bb)  forbairt a dhéanamh ar cheannaireacht an Aontais i réimse na cibearshlándála agus na caighdeáin chibearshlándála is airde a áirithiú ar fud an Aontais; [Leasú 58]

(bc)  iomaíochas agus inniúlachtaí an Aontais a neartú agus, san am céanna, a spleáchas digiteach a laghdú trí ghlacadh na dtáirgí, na bpróiseas agus na seirbhísí cibearshlándála arna bhforbairt laistigh den Aontas a mhéadú; [Leasú 59]

(bd)  an iontaoibh atá ag na saoránaigh, tomhaltóirí agus gnólachtaí as an saol digiteach a threisiú agus, dá bhrí sin, rannchuidiú le spriocanna na straitéise maidir leis an Margadh Aonair Digiteach. [Leasú 60]

2.  Tabharfaidh an Lárionad Inniúlachta faoina chúraimí, i gcás inarb iomchuí, i gcomhar leis an Líonra de Lárionaid Chomhordúcháin Náisiúnta agus Pobal um Inniúlachtaí Cibearshlándála.

Airteagal 4

Cuspóirí agus cúraimí an Lárionaid

Beidh ag an Lárionad Inniúlachta na cuspóirí seo a leanas agus na cúraimí lena mbaineann:

1.  obair an Líonra de Lárionaid Chomhordúcháin Náisiúnta (“an Líonra”) dá dtagraítear in Airteagal 6 agus obair an Pobal um Inniúlachtaí Cibearshlándála dá dtagraítear in Airteagal 8 a chruthú, a bhainistiú agus a éascú agus cuidiú a thabhairt an obair sin a chomhordú; [Leasú 61]

2.  bonn taca a comhordú a dhéanamh ar chur chun feidhme na coda cibearshlándála den Chlár don Eoraip Dhigiteach arna bhunú le Rialachán Uimh. XXX(15) agus, go háirithe, bearta a bhaineann le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. XXX [an Clár don Eoraip Dhigiteach], agus den chlár ‘Fís Eorpach’ arna bhunú le Rialachán Uimh. XXX(16) agus, go háirithe, Cuid 2.2.6 de Cholún II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Uimh. XXX lena mbunaítear an clár sonrach lena ndéantar Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht [uimhir thagartha an chláir shonraigh] a chur chun feidhme agus cur chun feidhme clár eile de chuid an Aontais i gcás ina bhforáiltear dóibh i ngníomhartha dlí de chuid an Aontais agus rannchuidiú le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí arna gcistiú ag an gCiste Eorpach Cosanta arna bhunú le Rialachán (AE) 2019/XXX; [Leasú 62]

3.  feabhas a chur ar an athléimneacht, ar na hinniúlachtaí, ar na cumais, ar an eolas agus ar na bonneagair i réimse na cibearshlándála a fhónann don tsochaí, do thionscail, don earnáil phoiblí agus do phobail taighde, trí na cúraimí seo a leanas a dhéanamh, ag féachaint do bhonneagair thionsclaíocha agus taighde úrscothacha agus seirbhísí gaolmhara i réimse na cibearshlándála: [Leasú 63]

(a)  ag féachaint do bhonneagair thionsclaíocha agus taighde úrscothacha agus seirbhísí gaolmhara maidir leis an gcibearshlándáil, na bonneagair agus seirbhísí gaolmhara an Lárionaid Inniúlachtaí a fháil, a uasghrádú, a fheidhmiú agus a chur ar fáil ar bhealach cóir, oscailte agus trédhearcach do réimse leathan úsáideoirí ar fud an Aontais ón tionscal, go háirithe FBManna, an earnáil phoiblí agus an pobal taighde agus eolaíochta; [Leasú 64]

(b)  ag féachaint do bhonneagair thionsclaíocha agus taighde úrscothacha agus seirbhísí gaolmhara maidir leis an gcibearshlándáil, tacaíocht a chur ar fáil d’eintitis eile, eintitis airgeadais san áireamh, na bonneagair saoráidí agus seirbhísí gaolmhara sin a fháil, a uasghrádú, a fheidhmiú agus a chur ar fáil do raon leathan úsáideoirí ar fud an Aontais ón tionscal, lena n-áirítear go háirithe FBManna, an earnáil phoiblí agus an pobal taighde agus eolaíochta; [Leasú 65]

(ba)  tacaíocht airgeadais agus cúnamh teicniúil a chur ar fáil do ghnólachtaí nuathionscanta, do FBManna, do mhicrifhiontair, do chomhlachais, do shaineolaithe aonair agus do thionscadail um theicneolaíocht saoránach i réimse na cibearshlándála; [Leasú 66]

(bb)  maoiniú a dhéanamh ar iniúchtaí ar chóid slándála bogearraí agus feabhsuithe lena mbaineann do thionscadail um Bogearraí Foinse Oscailte agus Saor in Aisce, a úsáidtear go minic do bhonneagar, do tháirgí agus do phróisis; [Leasú 67]

(c)  comhroinnt eolais agus cúnaimh theicniúil i réimse na cibearshlándála a éascú i measc na sochaí sibhialta, an tionscail agus na n-údarás poiblí, agus i measc an phobail acadúil agus taighde agus eile, go háirithe trí thacú le bearta arb é is aidhm dóibh rochtain ar an saineolas atá ar fáil sa Líonra agus sa Phobal um Inniúlachtaí Cibearshlándála a éascú a bhfuil sé mar aidhm leis feabhas a chur ar an gcibearathléimneacht laistigh den Aontas; [Leasú 68]

(ca)  prionsabal ‘na slándála trí dhearadh’ a chur chun cinn sa phróiseas maidir le bonneagair, táirgí agus seirbhísí a fhorbairt, a chothabháil, a oibriú agus a nuashonrú, go háirithe trí thacú le modhanna forbartha slána úrscothacha, tástáil leormhaith slándála agus iniúchtaí leormhaithe slándála, agus lena n-áirítear gealltanas an táirgeora nó an tsoláthraí go ndéanfaidh sé nuashonruithe lena réitítear leochaileachtaí nó bagairtí nua a chur ar fáil gan mhoill agus níos faide ná an tsaolré a mheastar a bheidh ag an táirge, nó ligean do thríú páirtí na nuashonruithe sin a chruthú nó a sholáthar; [Leasú 69]

(cb)  cúnamh a thabhairt do bheartais lena rannchuidítear le cóid fhoinseacha agus dá bhforbairt, go háirithe d’údaráis phoiblí i gcás ina n-úsáidtear tionscadail um Bogearraí Foinse Oscailte agus Saor in Aisce; [Leasú 70]

(cc)  na geallsealbhóirí ón tionscal, ó cheardchumainn, ón saol acadúil, ó eagraíochtaí taighde agus ó eintitis phoiblí a thabhairt le chéile chun comhar fadtéarmach a áirithiú i ndáil le forbairt agus cur chun feidhme táirgí agus próiseas i réimse na cibearshlándála, lena n-áirítear comhthiomsú agus comhroinnt acmhainní agus faisnéise maidir leis na táirgí agus na próisis sin más iomchuí; [Leasú 71]

4.  cuidiú le táirgí agus réitigh próisis úrscothacha agus inbhuanaithe i réimse na cibearshlándála a chur in úsáid go forleathan sa gheilleagar ar fad ar fud an Aontais, trí na cúraimí seo a leanas a dhéanamh: [Leasú 72]

(a)  spreagadh a thabhairt do thaighde, forbairt agus glacadh táirgí agus réitigh próiseas iomlánaíoch ar fud thimthriall iomlán na nuálaíochta, ag, inter alia, údaráis phoiblí, ag an tionscal agus ag an margadh; [Leasú 73]

(b)  cuidiú le húdaráis phoiblí, tionscail ar thaobh an éilimh agus úsáideoirí eile a n-athléimneacht a mhéadú trí tháirgí cibearshlándála agus próisis chibearshlándála atá úrscothach a ghlacadh agus a chomhtháthú; [Leasú 74]

(c)  tacú go háirithe le húdaráis phoiblí a soláthar poiblí a eagrú, nó soláthar táirgí úrscothacha agus próiseas úrscothach i réimse na cibearshlándála a eagrú thar ceann údaráis phoiblí, lena n-áirítear trí thacaíocht a thabhairt don soláthar, chun slándáil na hinfheistíochta poiblí agus an tairbhe a bhaintear as infheistíocht poiblí a mhéadú; [Leasú 75]

(d)  tacaíocht airgeadais agus cúnamh teicniúil a thabhairt do ghnólachtaí cibearshlándála nuathionscanta agus FBManna cibearshlándála, micrifhiontair, saineolaithe aonair, tionscadail um Bogearraí Foinse Oscailte agus Saor in Aisce a úsáidtear go coitianta, agus tionscadail um theicneolaíocht saoránach, chun saineolas ar an gcibearshlándáil a fheabhsú, chun rochtain a fháil ar mhargaidh a d’fhéadfadh a bheith ann agus ar dheiseanna maidir le cur in úsáid, agus chun infheistíocht a mhealladh; [Leasú 76]

5.  tuiscint ar an gcibearshlándáil a fheabhsú agus cuidiú a thabhairt chun bearnaí scileanna a laghdú agus chun leibhéal na scileanna a neartú san Aontas i dtaca leis an gcibearshlándáil trí na cúraimí seo a leanas a dhéanamh: [Leasú 77]

(-a)  tacaíocht a thabhairt, i gcás inarb iomchuí, do ghnóthú chuspóir sonrach 4, Ardscileanna digiteacha, den Chlár don Eoraip Dhigiteach i gcomhar le Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha; [Leasú 78]

(a)  tacú le forbairt tuilleadh, comhthiomsú agus comhroinnt na scileanna agus inniúlachtaí cibearshlándála ar gach leibhéal oideachais, tacú leis an gcuspóir maidir le cothromaíocht inscne a ghnóthú, ardleibhéal comhchoiteann maidir le heolas cibearshlándála a éascú agus rannchuidiú le hathléimneacht na n-úsáideoirí agus an bhonneagair ar fud an Aontais i gcomhar leis an Líonra agus, i gcás inarb iomchuí, ailíniú a dhéanamh le gníomhaireachtaí agus comhlachtaí ábhartha de chuid AE, ENISA san áireamh; [Leasú 79]

6.  cuidiú a thabhairt chun taighde ar an gcibearshlándáil agus forbairt na cibearshlándála a athneartú san Aontas tríd an méid seo a dhéanamh:

(a)  tacaíocht airgeadais a chur ar fáil le haghaidh iarrachtaí taighde ar an gcibearshlándáil bunaithe ar chlár phlean taighde, teicneolaíoch agus tionsclaíoch atá comhchoiteann, straitéiseach agus ilbhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 13 agus ar a ndéanfar meastóireacht agus forbairt ar bhonn leanúnach; [Leasú 80]

(b)  tacú le tionscadail mhórscála taighde agus taispeántais maidir leis na cumais theicneolaíocha chibearshlándála a bheidh ann amach anseo, i gcomhar leis an tionscal, an pobal acadúil agus taighde, an earnáil phoiblí agus na húdaráis phoiblí, lena n-áirítear an Líonra agus an Pobal; [Leasú 81]

(ba)  urraim do chearta bunúsacha agus d’iompar eiticiúil i dtionscadail taighde i réimse na cibearshlándála a dtacaíonn an Lárionad Inniúlachtaí leo a áirithiú; [Leasú 82]

(bb)  faireachán a dhéanamh ar leochaileachtaí ar tháinig an Pobal orthu agus nochtadh na leochaileachtaí a éascú, paistí, leigheasanna agus réitigh a fhorbairt, agus iad a dháileadh; [Leasú 83]

(bc)  faireachán a dhéanamh ar thorthaí taighde maidir le halgartaim foghlama féinstiúrtha a úsáidtear le haghaidh cibearghníomhaíochtaí mailíseacha i gcomhoibriú le ENISA agus tacú le cur chun feidhme Threoir (AE) 2016/1148; [Leasú 84]

(bd)  tacú le taighde i réimse na cibearshlándála; [Leasú 85]

(be)  tacú le taighde agus le forbairt na dtáirgí agus na bpróiseas ar féidir, gan srian, staideár a dhéanamh orthu, iad a chomhroinnt agus a fheabhsú, go háirithe i réimse na gcrua-earraí agus na mbogearraí atá fíoraithe agus infhíoraithe, i ndlúthchomhar leis an tionscal, leis an Líonra agus leis an bPobal; [Leasú 86]

(c)  tacú le taighde agus nuálaíocht maidir le caighdeánú agus deimhniúchán foirmiúil agus neamhfhoirmiúil i dteicneolaíocht na cibearshlándála, lena ndéantar nasc leis an obair atá ann cheana agus i ndlúthchomhar le hEagraíochtaí Eorpacha um Chaighdeánú, le comhlachtaí deimhniúcháin agus le ENISA; [Leasú 87]

(ca)  tacú speisialta a sholáthar do FBManna trína rochtain ar eolas agus ar oiliúint a éascú trí rochtain shaincheaptha ar tháirgí insoláthartha an taighde agus na forbartha arna dtreisiú ag an Lárionad Inniúlachtaí agus ag an Líonra chun an t-iomaíochas a mhéadú; [Leasú 88]

7.  feabhas a chur ar an gcomhar idir na réimsí sibhialta agus cosanta i dtaca le teicneolaíochtaí agus feidhmchláir dé-úsáide sa chibearshlándáil, trí na cúraimí seo a leanas a dhéanamh, ar cúraimí iad a bheidh bainteach le teicneolaíocht, aipeanna agus seirbhísí i réimse na cibearchosanta agus a bheidh frithghníomhach agus cosantach: [Leasú 184]

(a)  tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit agus do gheallsealbhóirí tionscail agus taighde maidir le taighde, forbairt agus cur in úsáid;

(b)  cuidiú a thabhairt do chomhar idir na Ballstáit trí thacú le hoideachas, oiliúint agus cleachtaí;

(c)  geallsealbhóirí a thabhairt le chéile chun sineirgíochtaí a chothú idir taighde agus margaí sibhialta cibearshlándála agus taighde agus margaí cosanta cibearshlándála;

8.  feabhas a chur ar shineirgíochtaí idir na gnéithe sibhialta agus cosanta den chibearshlándáil i ndáil leis an gCiste Eorpach Cosanta trí na cúraimí seo a leanas a dhéanamh, ar cúraimí iad a bheidh bainteach le teicneolaíocht, aipeanna agus seirbhísí i réimse na cibearchosanta agus a bheidh frithghníomhach agus cosantach: [Leasú 185]

(a)  comhairle a thabhairt, saineolas a chomhroinnt agus comhar a éascú idir na geallsealbhóirí ábhartha;

(b)  tionscadail ilnáisiúnta chibearchosanta a bhainistiú, nuair a iarrfaidh na Ballstáit air sin a dhéanamh, agus, ar an dóigh sin, feidhmiú mar bhainisteoir tionscadail de réir bhrí Rialachán XXX [an Rialachán lena mbunaítear an Ciste Eorpach Cosanta].

(ba)  cuidiú leis an gCoimisiún, agus comhairle a thabhairt dó, maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2019/XXX [athmhúnlú ar Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 mar a moladh in COM(2016)0616]. [Leasú 89]

8a.  rannchuidiú le hiarrachtaí an Aontais an comhar idirnáisiúnta maidir le cibearshlándáil a fheabhsú tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)  rannpháirtíocht an Lárionaid Inniúlachtaí a éascú i gcomhdhálacha idirnáisiúnta agus in eagraíochtaí rialtais agus an rannchuidiú le heagraíochtaí idirnáisiúnta um chaighdeánú a éascú freisin;

(b)  oibriú i gcomhar le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta laistigh de chreataí comhair idirnáisiúnta ábhartha. [Leasú 90]

Airteagal 5

Infheistiú i mbonneagair, cumais, táirgí nó réitigh próisis agus úsáid a bhaint astu [Leasú 91]

1.  I gcás ina gcuirfidh an Lárionad Inniúlachtaí cistiú ar fáil do bhonneagair, cumais, táirgí nó réitigh próisis de bhun Airteagal 4(3) agus (4) i bhfoirm soláthair, deontais nó duaise, féadfaidh plean oibre an Lárionaid Inniúlachtaí na nithe seo a leanas, go háirithe, a shonrú: [Leasú 92]

(a)  rialacha sonracha lena rialaítear oibríocht bonneagair nó cumais, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, an oibríocht a chur de chúram ar eintiteas óstach bunaithe ar chritéir arna sainiú ag an Lárionad Inniúlachtaí; [Leasú 93]

(b)  rialacha lena rialaítear an rochtain ar bhonneagar nó ar chumas agus a n-úsáid.

(ba)  rialacha sonracha lena rialaítear céimeanna éagsúla den chur chun feidhme; [Leasú 94]

(bb)  mar thoradh ar rannchuidiú an Aontais go mbeidh rochtain a oscailte is féidir agus a iata is gá, agus go mbeidh athúsáid indéanta. [Leasú 95]

2.  Féadfaidh an Lárionad Inniúlachtaí a bheith freagrach as forghníomhú foriomlán gníomhaíochtaí ábhartha soláthair chomhpháirtigh, lena n-áirítear soláthairtí réamhthráchtála thar ceann bhaill an Líonra, bhaill an Phobail um Inniúlachtaí Cibearshlándála, nó tríú páirtithe eile a dhéanann ionadaíocht ar úsáideoirí táirgí agus réitigh chibearshlándála. Chun na críche sin, féadfaidh an Lárionad Inniúlachtaí cúnamh a fháil ó cheann amháin nó níos mó de na Lárionaid Chomhordúcháin Náisiúnta, ó bhaill den Phobal um Inniúlachtaí Cibearshlándála nó ó na Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha.. [Leasú 96]

Airteagal 6

Ainmniú na lárionad comhordúcháin náisiúnta

-1.  Cuirfear Lárionad Comhordúcháin Náisiúnta amháin ar bun i ngach Ballstát. [Leasú 97]

1.  Faoin [dáta], ainmneoidh gach Ballstát an t-eintiteas a ghníomhóidh mar lárionad comhordúcháin náisiúnta chun críocha an Rialacháin seo agus tabharfaidh sé fógra faoi don Choimisiún.

2.  Ar bhonn measúnaithe ar an eintiteas sin a bheith i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos i mír 4, eiseoidh an Coimisiún cinneadh, laistigh de shé mhí ó tharchuir an Ballstát an t-ainmniúchán, lena bhforálfar maidir le creidiúnú don eintiteas mar lárionad comhordúcháin náisiúnta nó lena ndiúltófar an t-ainmniúchán. Foilseoidh an Coimisiún liosta na lárionad comhordúcháin náisiúnta.

3.  Féadfaidh na Ballstáit in am ar bith eintiteas nua a ainmniú mar lárionad comhordúcháin náisiúnta chun críocha an Rialacháin seo. Beidh feidhm ag mír 1 agus mír 2 maidir le haon eintiteas nua a ainmniú.

4.  Beidh ag an Lárionad Comhordúcháin Náisiúnta a ainmneofar an cumas tacaíocht a thabhairt don Lárionad Inniúlachtaí agus don Líonra an misean atá acu mar a leagtar amach in Airteagal 3 den Rialachán seo a chomhlíonadh. Beidh acu saineolas teicneolaíoch ar an gcibearshlándáil nó rochtain dhíreach ar an saineolas sin agus beidh siad in ann, ar bhealach éifeachtach, dul i dteagmháil agus oibriú i gcomhar leis an tionscal, leis an earnáil phoiblí , leis an bpobal acadúil agus taighde, agus le saoránaigh. Eiseoidh an Coimisiún treoirlínte lena sonrófar tuilleadh an nós imeachta measúnaithe agus lena míneofar cur i bhfeidhm na gcritéar. [Leasú 98]

5.  Beidh an caidreamh idir an Lárionad Inniúlachtaí agus na Lárionaid Chomhordúcháin Náisiúnta bunaithe ar chomhaontú conarthach caighdeánach a shíneofar idir an Lárionad Inniúlachtaí agus gach ceann de na Lárionaid Chomhordúcháin Náisiúnta. Is í an tsraith cheánna de choinníollacha ginearálta comhchuibhithe a bheidh sa chomhaontú foráil maidir leis ina mbeidh na rialacha lena rialófar an caidreamh agus comhroinnt na gcúraimí idir an Lárionad Inniúlachtaí agus gach ceann de na Lárionaid Chomhordúcháin Náisiúnta agus ina mbeidh na coinníollacha speisialta saincheaptha don Lárionad Comhordúcháin Náisiúnta ar leith. [Leasú 99]

5a.  Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 45a chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na coinníollacha comhchuibhithe ginearálta maidir leis na comhaontuithe conarthacha dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, lena n-áirítear a bhformáid, a bhunú. [Leasú 100]

6.  Beidh i Líonra na Lárionad Comhordúcháin Náisiúnta na lárionaid chomhordúcháin náisiúnta uile arna n-ainmniú ag na Ballstáit.

Airteagal 7

Cúraimí na lárionad comhordúcháin náisiúnta

1.  Beidh ag na lárionaid chomhordúcháin náisiúnta na cúraimí seo a leanas:

(a)  tacú leis an Lárionad Inniúlachtaí a chuspóirí a ghnóthú agus, go háirithe, an Pobal um Inniúlachtaí Cibearshlándála a chur ar bun agus a chomhordú; [Leasú 101]

(b)  rannpháirtíocht na sochaí sibhialta, an tionscail, go háirithe gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna, an phobail acadúil agus taighde agus gníomhairí eile ar leibhéal an Bhallstáit i dtionscadail trasteorann a éascú, a chur chun cinn agus a spreagadh; [Leasú 102]

(ba)  i gcomhar le heintitis eile ar a bhfuil cúraimí comhchosúla, oibriú mar ionad ilfhreastail do tháirgí cibearshlándála agus do phróisis chibearshlándála arna maoiniú trí chlár eile de chuid an Aontais amhail InvestEU nó Clár an Mhargaidh Aonair, go háirithe do FBManna; [Leasú 103]

(c)  cuidiú, i gcomhar leis an Lárionad Inniúlachta, dúshláin thionsclaíocha chibearshlándála earnáilsonracha a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu; [Leasú 104]

(ca)  i ndlúthchomhar leis na hEagraíochtaí Idirnáisiúnta um Chaighdeánú chun glacadh na gcaighdeán atá ann cheana a chur chun cinn agus chun páirt a thabhairt do na geallsealbhóirí ábhartha go léir, go háirithe FBManna, maidir le caighdeáin nua a bhunú; [Leasú 105]

(d)  gníomhú mar phointe teagmhála ar an leibhéal náisiúnta don Phobal um Inniúlachtaí Cibearshlándála agus don Lárionad Inniúlachta;

(e)  féachaint le sineirgíochtaí a chruthú le gníomhaíochtaí ábhartha ar an leibhéal náisiúnta agus , réigiúnach agus áitiúil; [Leasú 106]

(f)  bearta sonracha a chur chun feidhme ar thug an Lárionad Inniúlachta deontais ina leith, lena n-áirítear trí thacaíocht airgeadais a chur ar fáil do thríú páirtithe i gcomhréir le hAirteagal 204 de Rialachán XXX [an Rialachán nua Airgeadais] faoi réir coinníollacha a shonraítear sna comhaontuithe deontais lena mbaineann.

(fa)  curaclaim oideachais íosta chomhchoiteanna i réimse na cibearshlándála a chur chun cinn agus a scaipeadh i gcomhar leis na comhlachtaí ábhartha sna Ballstáit; [Leasú 107]

(g)  na torthaí ábhartha a thiocfaidh as obair an Líonra, an Phobail um Inniúlachtaí Cibearshlándála agus an Lárionaid Inniúlachta ar an leibhéal náisiúnta agus , réigiúnach nó áitiúil a chur chun cinn agus a scaipeadh; [Leasú 108]

(h)  iarratais a dhéanann eintitis agus daoine aonair atá bunaithe sa Bhallstát céanna leis an Lárionad Comhordúcháin chun bheith ina gcuid den Phobal um Inniúlachtaí Cibearshlándála, na hiarratais sin a mheasúnú. [Leasú 109]

2.  Chun críocha phointe (f), féadfar tacaíocht airgeadais a chur ar fáil do thríú páirtithe in aon cheann de na foirmeacha a shonraítear in Airteagal 125 de Rialachán XXX [an Rialachán nua Airgeadais], lena n-áirítear i bhfoirm cnapshuimeanna.

3.  Féadfaidh lárionaid chomhordúcháin náisiúnta deontas a fháil ón Aontas i gcomhréir le hAirteagal 195(d) de Rialachán XXX [an Rialachán nua Airgeadais] maidir le cúraimí a leagtar síos san Airteagal seo a dhéanamh.

4.  I gcás inarb ábhartha, comhoibreoidh na Lárionaid Chomhordúcháin Náisiúnta tríd an Líonra agus leis na Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha ábhartha chun na cúraimí dá dtagraítear bpointí (a), (b), (c), (e) agus (g) de i mír 1 a chur chun feidhme. [Leasú 110]

Airteagal 8

An Pobal um Inniúlachtaí Cibearshlándála

1.  Rannchuideoidh Rannchuidíonn an Pobal um Inniúlachtaí Cibearshlándála le misean an Lárionaid Inniúlachtaí mar a leagtar síos in Airteagal 3 é agus, ina theannta sin, feabhsóidh feabhsaíonn, comhthiomsaíonn, roinneann agus scaipeann sé saineolas cibearshlándála ar fud an Aontais agus soláthraíonn sé saineolas teicniúil. [Leasú 111]

2.  Áireofar sa Phobal um Inniúlachtaí Cibearshlándála an tsochaí shibhialta, tionscal ar thaobh an éilimh agus ar thaobh an tsoláthair, lena n-áirítear FBManna, an pobal acadúil agus taighde neamhbhrabúis comhlachais úsáideoirí, saineolaithe aonair, Eagraíochtaí ábhartha Eorpacha um Chaighdeánú agus comhlachais eile chomh maith le heintitis phoiblí agus eintitis eile a bhíonn ag déileáil le hábhair oibríochtúla agus teicniúla i réimse na cibearshlándála. Tabharfaidh sé le chéile na príomh-gheallsealbhóirí, i réimse na cibearshlándála, i dtaca le hacmhainneachtaí teicneolaíocha, tionsclaíocha, acadúla agus taighde, agus sochaíocha agus i dtaca le cumais theicneolaíocha, thionsclaíocha, acadúla agus taighde agus shochaíocha san Aontas. agus beidh Lárionaid Chomhordúcháin Náisiúnta, Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha, mar aon le hinstitiúidí agus comhlachtaí de chuid an Aontais a bhfuil saineolas ábhartha acu dá dtagraítear in Airteagal 10 den Rialachán seo, rannpháirteach ann. [Leasú 112]

3.  Ní fhéadfar ach eintitis atá bunaithe agus daoine aonair a bhfuil cónaí orthu laistigh den Aontas, den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) nó de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) a chreidiúnú mar bhaill den Phobal um Inniúlachtaí Cibearshlándála. Léireoidh siad na hiarratasóirí gur féidir leo saineolas cibearshlándála acu a chur ar fáil maidir le ceann amháin ar a laghad de na réimsí seo a leanas: [Leasú 113]

(a)  an saol acadúil nó taighde; [Leasú 114]

(b)  forbairt tionscail;

(c)  oiliúint agus oideachas.

(ca)  eitic; [Leasú 115]

(cb)  caighdeánú foirmiúil agus teicniúil agus sonraíochtaí foirmiúla agus teicniúla. [Leasú 116]

4.  Tabharfaidh an Lárionad Inniúlachtaí creidiúnú mar bhaill den Phobal um Inniúlachtaí Cibearshlándála d’eintitis atá bunaithe faoi réir an dlí náisiúnta, nó do dhaoine aonair, tar éis don Lárionad Inniúlachtaí, Lárionad Comhordúcháin Náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil an t-eintiteas bunaithe, nó ina bhfuil an duine aonair ina chónaí, measúnú comhchuibhithe a dhéanamh an gcomhlíonann an t-eintiteas sin na critéir dá bhforáiltear i mír 3. Ní chuirfear teorainn ama le creidiúnú ach féadfaidh an Lárionad Inniúlachtaí an creidiúnú sin a tharraingt siar aon tráth má mheasann sé nó má mheasann an Lárionad Comhordúcháin Náisiúnta ábhartha nach gcomhlíonann an t-eintiteas nó an duine aonair na critéir a leagtar amach i mír 3 nó má thagann sé faoi na forálacha ábhartha a leagtar amach in Airteagal 136 de Rialachán XXX [an Rialachán Airgeadais nua]. Beidh sé mar aidhm le Lárionaid Chomhordúcháin Náisiúnta na mBallstát ionadaíocht chothrom ar na geallsealbhóirí sa Phobal a ghnóthú, agus rannpháirtíocht na gcatagóirí a bhfuil tearcionadaíocht á déanamh orthu, go háirithe FBManna, agus grúpaí daoine aonair á spreagadh go gníomhach acu.. [Leasú 117]

4a.  Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 45a chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na critéir dá bhforáiltear i mír 3 den Airteagal seo a shonrú de réir na n-iarratasóirí a roghnófar, agus de réir na nósanna imeachta maidir leis na heintitis a chomhlíonfaidh na critéir dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo a mheasúnú agus a chreidiúnú. [Leasú 118]

5.  Tabharfaidh an Lárionad Inniúlachta do chomhlachtaí, gníomhaireachtaí agus oifigí ábhartha an Aontais creidiúnú mar chomhaltaí den Phobal um Inniúlachtaí Cibearshlándála tar éis dó a mheasúnú an gcomhlíonann an t-eintiteas sin na critéir dá bhforáiltear i mír 3. Ní chuirfear teorainn ama le creidiúnú ach féadfaidh an Lárionad Inniúlachta an creidiúnú sin a tharraingt siar aon tráth má mheasann sé nach gcomhlíonann an t-eintiteas na critéir a leagtar amach i mír 3 nó má thagann sé faoi na forálacha ábhartha a leagtar amach in Airteagal 136 de Rialachán XXX [an Rialachán nua Airgeadais].

6.  Féadfaidh ionadaithe an Choimisiúin páirt a ghlacadh in obair an Phobail.

Airteagal 9

Cúraimí chomhaltaí an Phobail um Inniúlachtaí Cibearshlándála

Déanfaidh comhaltaí an Phobail um Inniúlachtaí Cibearshlándála na nithe seo a leanas:

(1)  tacaíocht a thabhairt don Lárionad Inniúlachta an misean agus na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 3 agus Airteagal 4 a chomhlíonadh agus, chun na críche sin, a bheith ag obair go dlúth leis an Lárionad Inniúlachta agus na lárionaid chomhordúcháin náisiúnta ábhartha;

(2)  páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí a chuirfidh an Lárionad Inniúlachta agus na lárionaid chomhordúcháin náisiúnta chun cinn;

(3)  i gcás inarb ábhartha, a bheith rannpháirteach i ngrúpaí oibre a chuirfidh bord rialaithe an Lárionaid Inniúlachta ar bun chun gníomhaíochtaí sonracha a dhéanamh mar a leagtar amach i bplean oibre an Lárionaid Inniúlachta;

(4)  i gcás inarb ábhartha, tacú leis an Lárionad Inniúlachta agus leis na lárionaid chomhordúcháin náisiúnta tionscadail shonracha a chur chun cinn;

(5)  na torthaí ábhartha a thiocfaidh as na gníomhaíochtaí agus na tionscadail a dhéanfar laistigh den Phobal a chur chun cinn agus a scaipeadh.

(5a)  tacú leis an Lárionad Inniúlachtaí trí leochaileachtaí a thuairisciú nó a nochtadh, cuidiú a thabhairt chun iad a mhaolú agus comhairle a thabhairt maidir le conas leochaileachtaí den sórt sin a laghdú lena n-áirítear trí dheimhniúchán faoi scéimeanna a ghlactar i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/XXX [(an Gníomh um Chibearshlándáil]. [Leasú 119]

Airteagal 10

Comhar idir an Lárionad Inniúlachta agus institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais

1.  Chun comhchuibheas agus comhlántacht a áirithiú, comhoibreoidh an Lárionad Inniúlachtaí i gcomhar le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais, lena n-áirítear an Ghníomhaireacht Eorpach um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise ENISA, an Fhoireann Práinnfhreagartha Ríomhaire (CERT-EU), an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Taighde, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Nuálaíocht agus Gréasáin, na Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha, Ionad Cibearchoireachta na hEorpa in Europol agus, ina theannta sin, an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint maidir le tionscadail, seirbhísí agus inniúlachtaí dé-úsáide. [Leasú 20]

2.  Déanfar an comhar sin faoi chuimsiú socruithe oibre. Glacfaidh an Bord Rialaithe na socruithe sin faoi réir a tar éis don Choimisiún iad a fhormheas roimh ré. [Leasú 121]

CAIBIDIL II

EAGRÚ AN LÁRIONAID INNIÚLACHTA

Airteagal 11

Ballraíocht agus struchtúr

1.  Is iad an tAontas, a mbeidh an Coimisiún ina ionadaí dó, agus na Ballstáit a bheidh ina gcomhaltaí den Lárionad Inniúlachta.

2.  Is mar seo a leanas a bheidh struchtúr an Lárionaid Inniúlachta:

(a)  bord rialaithe a fheidhmeoidh na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 13;

(b)  stiúrthóir feidhmiúcháin a fheidhmeoidh na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 16;

(c)  Bord Comhairleach Tionsclaíochta agus Eolaíochta a fheidhmeoidh na feidhmeanna a leagtar amach in Airteagal 20.

ROINN I

AN BORD RIALAITHE

Airteagal 12

Comhdhéanamh an bhoird rialaithe

1.  Ionadaí amháin ó gach Ballstát, agus cúigear ionadaí amháin arna ainmniú ag Parlaimint na hEorpa mar bhreathnóir, agus ceathrar ionadaithe ón gCoimisiún, thar ceann an Aontais, a bheidh ar an mBord Rialaithe, agus é mar aidhm leo cothromaíocht inscne a ghnóthú i measc chomhaltaí an Bhoird agus i measc a n-ionadaithe. [Leasú 122]

2.  Beidh comhalta malartach ag gach comhalta den bhord rialaithe agus déanfaidh an comhalta malartach sin ionadaíocht ar an gcomhalta nuair a bheidh sé as láthair.

3.  Ceapfar comhaltaí an Bhoird Rialaithe agus a gcomhaltaí malartacha ar bhonn a gcuid eolais i réimse na teicneolaíochta cibearshlándála agus, chomh maith leis sin, ar bhonn a gcuid scileanna ábhartha bainistíochta, riaracháin agus buiséadacha. Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit iarrachtaí ráta athraithe a gcuid ionadaithe ar an mBord Rialaithe a theorannú chun leanúnachas in obair an Bhoird a áirithiú. Beidh sé mar aidhm ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit ionadaíocht chothromaithe a ghnóthú idir fir agus mná ar an mBord Rialaithe.. [Leasú 123]

4.  Ceithre bliana a bheidh i dtéarma oifige chomhaltaí an bhoird rialaithe agus a gcomhaltaí malartacha. Beidh an téarma sin in-athnuaite.

5.  Gníomhóidh comhaltaí an bhoird rialaithe chun leasa an Lárionaid Inniúlachta, agus cosnóidh siad a spriocanna, a mhisean, a chéannacht, a uathriail agus a chomhsheasmhacht ar bhealach neamhspleách agus trédhearcach.

6.  Féadfaidh an Coimisiún Bord Rialaithe cuireadh a thabhairt do bhreathnóirí, lena n-áirítear ionadaithe comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, agus comhaltaí an Phobail páirt a ghlacadh i gcruinnithe an Bhoird Rialaithe de réir mar is iomchuí. [Leasú 124]

7.  Beidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise (ENISA), agus an Bord Comhairleach Tionsclaíochta agus Eolaíochta, ina mbreathnóirí buana ar an mBord Rialaithe, i ról comhairliúcháin gan cearta vótála a bheith acu. Tabharfaidh an Bord Rialaithe an aird is mó ar thuairimí arna nochtadh ag na breathnóirí buana. ina breathnóir buan ar an mbord rialaithe. [Leasú 125]

Airteagal 13

Cúraimí an bhoird rialaithe

1.  Beidh ar an mbord rialaithe an fhreagracht fhoriomlán maidir le treoir straitéiseach agus oibríochtaí an Lárionaid Inniúlachta agus déanfaidh sé faireachán ar chur chun feidhme a ghníomhaíochtaí.

2.  Glacfaidh an bord rialaithe a rialacha nós imeachta. Sna rialacha sin, beidh nósanna imeachta sonracha chun coinbhleachtaí leasa a shainaithint agus a sheachaint agus chun rúndacht aon fhaisnéise atá íogair a áirithiú.

3.  Déanfaidh an bord rialaithe na cinntí straitéiseacha is gá, go háirithe:

(a)  plean straitéiseach ilbhliantúil a ghlacadh, ina mbeidh ráiteas maidir le mórthosaíochtaí agus le mórthionscnaimh bheartaithe an Lárionaid Inniúlachtaí, lena n-áirítear meastachán ar riachtanais mhaoinithe agus ar fhoinsí maoinithe agus comhairle a chuirfidh ENISA ar fáil á tabhairt san áireamh; [Leasú 126]

(b)  plean oibre, cuntais bhliantúla agus clár comhardaithe, mar aon le tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí de chuid an Lárionaid Inniúlachtaí a ghlacadh, ar bhonn togra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, agus an chomhairle a chuirfidh ENISA ar fáil á cur san áireamh; [Leasú 127]

(c)  rialacha sonracha airgeadais an Lárionaid Inniúlachta a ghlacadh i gcomhréir le [hAirteagal 70 den Rialachán Airgeadais];

(d)  nós imeachta a ghlacadh chun an stiúrthóir feidhmiúcháin a cheapadh;

(e)  na critéir agus na nósanna imeachta a ghlacadh chun measúnú a dhéanamh ar na heintitis agus iad a chreidiúnú mar chomhaltaí den Phobal um Inniúlachtaí Cibearshlándála; [Leasú 128]

(ea)  na socruithe oibre dá dtagraítear in Airteagal 10(2) a ghlacadh; [Leasú 129]

(f)  an stiúrthóir feidhmiúcháin a cheapadh, a bhriseadh as a phost, síneadh a chur lena théarma oifige, treoir a chur air agus faireachán a dhéanamh ar a fheidhmíocht, agus an t-oifigeach a cheapadh;

(g)  buiséad bliantúil an Lárionaid Inniúlachta a ghlacadh, lena n-áirítear an plean bunaíochta foirne comhfhreagrach lena léirítear líon na bpost sealadach i ngach grúpa feidhme agus i ngach grád agus, ina theannta sin, líon na mball foirne ar chonradh agus na saineolaithe náisiúnta arna sloinneadh in aonaid de choibhéis lánaimseartha;

(ga)  rialacha trédhearcachta maidir leis an Lárionad Inniúlachtaí a ghlacadh; [Leasú 130]

(h)  rialacha a ghlacadh maidir le coinbhleachtaí leasa;

(i)  grúpaí oibre a chur ar bun le comhaltaí an Phobail um Inniúlachtaí Cibearshlándála agus comhairle a chuirfidh na breathnóirí buana ar fáil á cur san áireamh; [Leasú 131]

(j)  comhaltaí an Bhoird Chomhairligh Tionsclaíochta agus Eolaíochta a cheapadh;

(k)  feidhm Iniúchóireachta Inmheánach a bhunú i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún(17);

(l)  comhar an Lárionad Inniúlachta a chur chun cinn ar fud an domhain, d’fhonn a mhealltacht a mhéadú agus comhlacht den chéad scoth a dhéanamh de maidir le cibearshlándáil le gníomhaithe domhanda; [Leasú 132]

(m)  beartas cumarsáide an Lárionaid Inniúlachta a chur ar bun ar mholadh ón stiúrthóir feidhmiúcháin;

(n)  a bheith freagrach as faireachán a dhéanamh ar obair leantach leordhóthanach de dhroim chonclúidí na meastóireachtaí aisbhreathnaitheacha;

(o)  i gcás inarb iomchuí, rialacha cur chun feidhme a chur ar bun chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne agus do na Coinníollacha Fostaíochta i gcomhréir le Airteagal 31(3);

(p)  i gcás inarb iomchuí, rialacha a leagan síos maidir le saineolaithe náisiúnta a thabhairt ar iasacht don Lárionad Inniúlachta agus maidir le húsáid oiliúnaithe i gcomhréir le hAirteagal 32(2);

(q)  rialacha slándála maidir leis an Lárionad Inniúlachta a ghlacadh;

(r)  straitéis frithchalaoise agus frithéillithe a ghlacadh atá comhréireach leis na rioscaí calaoise agus éillithe ag féachaint d’anailís costais agus tairbhe na mbeart a bheidh le cur chun feidhme, mar aon le bearta cosanta cuimsitheacha a ghlacadh do dhaoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais i gcomhréir le reachtaíocht is infheidhme an Aontais; [Leasú 133]

(s)  sainmhíniú leathan ar ranníocaíochtaí airgeadais ó na Ballstáit agus modheolaíocht a ghlacadh chun ranníocaíocht airgeadais ó méid na n-íocaíochtaí deonacha ar féidir iad a chur san áireamh mar ranníocaíochtaí airgeadais i gcomhréir leis an sainmhíniú sin a ríomh, ar ríomh é a dhéanfar ag deireadh gach bliana airgeadais; [Leasú 134]

(t)  a bheith freagrach as aon chúram nach bhfuil leithdháilte go sonrach ar chomhlacht ar leith de chuid an Lárionaid Inniúlachta; féadfaidh an bord rialaithe cúraimí den sórt sin a shannadh d’aon duine ón Lárionad Inniúlachta.

Airteagal 14

Cathaoirleach agus cruinnithe an bhoird rialaithe

1.  Toghfaidh an Bord Rialaithe Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach ar feadh tréimhse dhá bhliain as measc na gcomhaltaí a bhfuil cearta vótála acu agus é mar aidhm leis cothromaíocht inscne a ghnóthú. Féadfar sainordú an Chathaoirligh agus an Leas-Chathaoirligh a shíneadh aon uair amháin, tar éis cinneadh ón mBord Rialaithe. Más rud é, áfach, go dtiocfaidh deireadh lena gcomhaltas ar an mBord Rialaithe tráth ar bith le linn a dtéarma oifige, rachaidh a dtéarma oifige in éag go huathoibríoch ar an dáta sin. Glacfaidh an Leas-Chathaoirleach ionad an Chathaoirligh ex officio mura mbeidh an Cathaoirleach in ann a chuid nó a cuid dualgas a chomhlíonadh. Glacfaidh an Cathaoirleach páirt sa vótáil. [Leasú 135]

2.  Tionólfaidh an bord rialaithe a ghnáthchruinnithe trí huaire sa bhliain ar a laghad. Féadfaidh sé cruinnithe urghnácha a thionól, arna iarraidh sin don Choimisiún, arna iarraidh sin d’aon trian dá chomhaltaí, arna iarraidh sin don chathaoirleach, nó arna iarraidh sin don stiúrthóir feidhmiúcháin i gcomhlíonadh a chuid cúraimí.

3.  Mura gcinnfidh an bord rialaithe a mhalairt, glacfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin páirt sa phlé ach ní bheidh ceart vótála aige. Féadfaidh an bord rialaithe, ar bhonn gach cáis ar leith, iarraidh ar dhaoine eile freastal ar a chruinnithe mar bhreathnóirí. [Leasú 136]

4.  Féadfaidh comhaltaí den Bhord Comhairleach Tionsclaíochta agus Eolaíochta a bheith rannpháirteach, ar chuireadh ón gcathaoirleach, i gcruinnithe den bhord rialaithe, ach ní bheidh ceart vótála acu. [Leasú 137]

5.  Faoi réir rialacha nós imeachta an bhoird rialaithe, féadfaidh comhairleoirí nó saineolaithe a bheith de chúnamh ag comhaltaí an bhoird rialaithe nó ag a gcomhaltaí malartacha ag na cruinnithe.

6.  Is é an Lárionad Inniúlachta a chuirfidh rúnaíocht ar fáil don bhord rialaithe.

Airteagal 15

Rialacha vótála an bhoird rialaithe

1.  Beidh ag an Aontas 50 % de na cearta vótála. Beidh cearta vótála an Aontais doroinnte.

2.  Beidh vóta amháin ag gach Ballstát rannpháirteach.

3.  Glacfaidh an bord rialaithe a chuid cinntí de réir thromlach 75 % de na vótaí uile ar a laghad, lena n-áirítear vótaí na gcomhaltaí atá as láthair, arb ionann sin agus 75 % de ranníocaíochtaí airgeadais uile leis an Lárionad Inniúlachta. Déanfar an ranníocaíocht airgeadais a ríomh bunaithe ar na meastacháin ar chaiteachas a mholann na Ballstáit dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 17(2) agus bunaithe ar an tuarascáil maidir le luach na ranníocaíochtaí ó na Ballstáit rannpháirteacha dá dtagraítear in Airteagal 22(5).

4.  Is ag ionadaithe an Choimisiúin agus ionadaithe na mBallstát rannpháirteach, agus acu sin amháin, a bheidh cearta vótála.

5.  Glacfaidh an cathaoirleach páirt sa vótáil. [Leasú 138]

Airteagal 15a

Voting rules of the Governing Board

1.  D’fhéadfadh na cinntí a bheidh faoi réir vóta a bheith bainteach leis an méid seo a leanas:

(a)  rialachas agus eagrú an Lárionaid Inniúlachtaí agus an Líonra;

(b)  leithdháileadh buiséid don Lárionaid Inniúlachtaí agus don Líonra;

(c)  gníomhaíochtaí comhpháirteacha ag roinnt Ballstát, a d’fhéadfadh a bheith comhlánaithe le buiséad an Aontais de bhun cinneadh arna leithdháileadh i gcomhréir le pointe (b)

2.  Glacfaidh an Bord Rialaithe a chinntí ar bhonn 75 % de vótaí na gcomhaltaí uile. Caithfidh an Coimisiún vóta thar ceann an Aontais agus beidh na cearta vótála sin doroinnte..

3.  Do chinntí faoi phointe (a) de mhír 1, déanfar ionadaíocht ar gach Ballstát agus beidh na cearta vótála céanna ag gach ceann acu. Do na vótaí atá fágtha agus atá ar fáil suas le 100 %, ba cheart 50 % ar a laghad de na cearta vótála a bheith ag an Aontas, ar cearta vótála iad a chomhfhreagraíonn dá ranníocaíocht airgeadais.

4.  Do chinntí a thagann faoi phointe (b) nó (c) de mhír 1, nó aon chinneadh eile nach dtagann faoi aon chatagóir eile de mhír 1, beidh 50 % ar a laghad de na cearta vótála ag an Aontas, ar cearta vótála iad a chomhfhreagraíonn dá ranníocaíocht airgeadais. Ní bheidh cearta vótála ach ag Ballstáit is ranníocóir agus comhfhreagróidh na cearta vótála sin dá ranníocaíocht airgeadais.

5.  Sa chás inar toghadh an Cathaoirleach as measc chomhaltaí na mBallstát, glacfaidh an Cathaoirleach páirt sa vótáil mar ionadaí thar ceann a Bhallstáit nó a Ballstáit. [Leasú 139]

ROINN I

AN STIÚRTHÓIR FEIDHMIÚCHÁIN

Airteagal 16

An stiúrthóir feidhmiúcháin a cheapadh, a bhriseadh as a phost nó síneadh a chur lena théarma oifige

1.  Duine a bheidh sa stiúrthóir feidhmiúcháin a bhfuil saineolas aige agus ardcháil air sna réimsí ina bhfeidhmíonn an Lárionad Inniúlachta.

2.  Beidh an stiúrthóir feidhmiúcháin fostaithe mar ghníomhaire sealadach ag an Lárionad Inniúlachta faoi Airteagal 2(a) de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile.

3.  Is é an Bord Rialaithe a cheapfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ó liosta iarrthóirí a mholfaidh an Coimisiún, lena n-áirítear ainmniúcháin a bhfuil sé mar aidhm leo cothromaíocht inscne ó na Ballstáit a ghnóthú, tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach. [Leasú 140]

4.  Ar mhaithe le conradh an stiúrthóra feidhmiúcháin a thabhairt i gcrích, déanfaidh cathaoirleach an bhoird rialaithe ionadaíocht ar an Lárionad Inniúlachta.

5.  Mairfidh téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin ceithre cúig bliana. Faoi dheireadh na tréimhse sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ina gcuirfear san áireamh meastóireacht ar fheidhmíocht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin agus ar na cúraimí agus dúshláin a bheidh ann amach anseo don Lárionad Inniúlachtaí.. [Leasú 141]

6.  Féadfaidh an bord rialaithe, ag gníomhú dó arna mholadh sin don Choimisiún ina gcuirtear san áireamh an measúnú dá dtagraítear i mír 5, tréimhse oifige an stiúrthóra feidhmiúcháin a shíneadh ar feadh tréimhse nach faide ná ceithre cúig bliana. [Leasú 142]

7.  Ní fhéadfaidh stiúrthóir feidhmiúcháin a bhfuil síneadh curtha lena théarma oifige a bheith rannpháirteach in aon nós imeachta roghnúcháin eile don phost céanna.

8.  Ní chuirfear an Stiúrthóir Feidhmiúcháin as oifig ach amháin ar chinneadh ón mBord Rialaithe ag gníomhú dó ar thogra óna gcomhaltaí nó ar thogra ón gCoimisiún. [Leasú 143]

Airteagal 17

Cúraimí an stiúrthóra feidhmiúcháin

1.  Beidh an stiúrthóir feidhmiúcháin freagrach as oibríochtaí agus as an Lárionad Inniúlachta a bhainistiú ó lá go lá; ina theannta sin, is é an stiúrthóir feidhmiúcháin a bheidh ina ionadaí dlíthiúil ar an Lárionad. Beidh an stiúrthóir feidhmiúcháin freagrach don bhord rialaithe agus comhlíonfaidh sé a chuid dualgas ar shlí atá go hiomlán neamhspleách faoi réir na gcumhachtaí a a shannfar dó.

2.  Déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin, go háirithe, na cúraimí seo a leanas ar bhealach neamhspleách:

(a)  na cinntí a ghlacann an bord rialaithe a chur chun feidhme;

(b)  tacaíocht a thabhairt don bhord rialaithe ina chuid oibre, an rúnaíocht a chur ar fáil dá chruinnithe agus gach faisnéis is gá a sholáthar chun go bhféadfaidh sé a dhualgais a chomhlíonadh;

(c)  tar éis dul i gcomhairle leis an mBord Rialaithe, an Bord Comhairleach Tionsclaíochta agus Eolaíochta, ENISA, agus leis an gCoimisiún, dréachtphlean straitéiseach ilbhliantúil agus dréachtphlean oibre bliantúil an Lárionaid Inniúlachtaí a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Bhoird Rialaithe lena nglacadh, lena n-áirítear raon feidhme na nglaonna ar thograí, na nglaonna ar léiriú spéise agus na nglaonna ar thairiscintí is gá chun an dréachtphlean a chur chun feidhme agus na meastacháin chomhfhreagracha ar chaiteachas de réir mar atá beartaithe ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún; [Leasú 144]

(d)  an dréachtbhuiséad bliantúil a ullmhú agus a chur faoi bhráid an bhoird rialaithe, lena n-áirítear an plean bunaíochta foirne comhfhreagrach lena léirítear líon na bpost sealadach i ngach grád agus i ngach grúpa feidhme agus, ina theannta sin, líon na mball foirne ar chonradh agus na saineolaithe náisiúnta arna sloinneadh in aonaid de choibhéis lánaimseartha;

(e)  an plean oibre a chur chun feidhme agus tuairisc a thabhairt don bhord rialaithe ina leith;

(f)  an dréacht-tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí maidir leis an Lárionad Inniúlachta a ullmhú, lena n-áirítear an fhaisnéis faoi chaiteachas comhfhreagrach;

(g)  a áirithiú go gcuirfear nósanna imeachta éifeachtúla faireacháin agus meastóireachta maidir le feidhmiú an Lárionaid Inniúlachta chun feidhme;

(h)  plean gníomhaíochta a ullmhú ina ndéanfar obair leantach ar chonclúidí na meastóireachtaí siarghabhálacha agus tuairisc a thabhairt don Choimisiún agus do Pharlaimint na hEorpa gach dhá bhliain maidir leis an dul chun cinn atá á dhéanamh; [Leasú 145]

(i)  na comhaontuithe leis na lárionaid chomhordúcháin náisiúnta a ullmhú, a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích;

(j)  a bheith freagrach as ábhair riaracháin, airgeadais agus foirne, lena n-áirítear buiséad an Lárionaid Inniúlachta a chur chun feidhme, comhairle ón bhFeidhm Iniúchóireachta Inmheánaí a chur san áireamh mar is iomchuí, laistigh de theorainneacha an tarmligin ón mbord rialaithe;

(k)  seoladh glaonna ar thograí a fhormheas agus a bhainistiú, i gcomhréir leis an bplean oibre, agus na comhaontuithe agus na cinntí maidir le deontais a riar;

(l)  tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Comhairleach Tionsclaíochta agus Eolaíochta agus le ENISA, formheas a dhéanamh ar an liosta beart a roghnófar lena gcistiú ar bhonn an oird fiúntais arna bhunú ag painéal saineolaithe neamhspleácha; [Leasú 146]

(m)  seoladh glaonna ar thairiscintí a fhormheas agus a bhainistiú, i gcomhréir leis an bplean oibre, agus na conarthaí a riar;

(n)  na tairiscintí a roghnófar lena gcistiú a fhormheas;

(o)  na dréachtchuntais bhliantúla agus an dréachtchlár comhardaithe bliantúil a chur faoi bhráid na Feidhme Iniúchóireachta Inmheánaí agus, tar éis sin, faoi bhráid an bhoird rialaithe;

(p)  a áirithiú go ndéanfar riosca a mheasúnú agus a bhainistiú;

(q)  comhaontuithe, cinntí agus conarthaí deontais aonair a shíniú;

(r)  conarthaí soláthair a shíniú;

(s)  plean gníomhaíochta a ullmhú ina ndéanfar obair leantach ar chonclúidí na dtuarascálacha iniúchóireachta inmheánaí nó seachtraí agus, lena chois sin, ar imscrúduithe de chuid na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF), mar aon le tuairisc a thabhairt don Choimisiún agus do Pharlaimint na hEorpa dhá uair sa bhliain agus don Bhord Rialaithe ar bhonn rialta maidir leis an dul chun cinn atá á dhéanamh; [Leasú 147]

(t)  na dréachtrialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an Lárionad Inniúlachta a ullmhú;

(u)  córas rialaithe inmheánaigh atá éifeachtach éifeachtúil a bhunú agus feidhmiú an chórais sin a áirithiú agus, ina theannta sin, tuairisc a thabhairt don bhord rialaithe maidir le haon athrú suntasach air;

(v)  cumarsáid éifeachtach le hinstitiúidí an Aontais a áirithiú agus tuairisc a thabhairt, arna iarraidh sin, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle; [Leasú 148]

(w)  aon bhearta eile a dhéanamh is gá chun measúnú a dhéanamh ar dhul chun cinn an Lárionaid Inniúlachta i dtreo an mhisin agus na gcuspóirí a leagtar amach dó in Airteagal 3 agus Airteagal 4 den Rialachán seo;

(x)  aon chúraimí eile a iarrfaidh an bord rialaithe air a dhéanamh nó a tharmligfidh an bord rialaithe dó.

ROINN III

AN BORD COMHAIRLEACH TIONSCLAÍOCHTA AGUS EOLAÍOCHTA

Airteagal 18

Comhdhéanamh an Bhoird Chomhairligh Tionsclaíochta agus Eolaíochta

1.  Ní bheidh níos mó ná 25 chomhalta ar an mBord Comhairleach Tionsclaíochta agus Eolaíochta. Ceapfaidh an Bord Rialaithe na comhaltaí as measc ionadaithe na n-eintiteas a áirítear sa Phobal Inniúlachtaí Cibearshlándála, nó as measc a gcomhaltaí aonair. Ní bheidh ach ionadaithe na n-eintiteas nach bhfuil á rialú ag tríú tír nó ag eintiteas tríú tír, seachas ó thíortha LEE agus CSTE, incháilithe. Déanfar an ceapachán i gcomhréir le nós imeachta oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach. Beidh sé mar aidhm le comhdhéanamh an Bhoird cothromaíocht inscne a ghnóthú, agus ionadaíocht chothrom a áireamh ar ghrúpaí geallsealbhóirí ón tionscal, ón bpobal acadúil agus ón tsochaí shibhialta. [Leasú 149]

2.  Beidh ag comhaltaí an Bhoird Chomhairligh Tionsclaíochta agus Eolaíochta saineolas maidir le taighde ar an gcibearshlándáil, sin nó forbairt thionsclaíoch, nó seirbhísí gairmiúla nó cur in úsáid na seirbhísí sin táirgí a thairiscint, a chur chun feidhme nó a chur in úsáid. Déanfaidh an bord rialaithe na ceanglais maidir le saineolas den sórt sin a shonrú a thuilleadh. [Leasú 150]

3.  Déanfar na nósanna imeachta maidir le comhaltaí an bhoird rialaithe a cheapadh ag an mbord rialaithe é féin agus oibriú an bhoird chomhairligh a shonrú i rialacha nós imeachta an Lárionaid Inniúlachta agus cuirfear ar fáil go poiblí iad.

4.  Trí bliana a bheidh i dtéarma oifige chomhaltaí an Bhoird Chomhairligh Tionsclaíochta agus Eolaíochta. Beidh an téarma sin in-athnuaite.

5.  Féadfaidh Tabharfar cuireadh d’ionadaithe an Choimisiúin agus ionadaithe Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise ENISA páirt a ghlacadh in obair an Bhoird Chomhairligh Tionsclaíochta agus Eolaíochta agus tacú leis an obair sin. Féadfaidh an Bord cuireadh a thabhairt d’ionadaithe breise ón bPobal mar bhreathnóir, mar chomhairleoir, nó mar shaineolaí, de réir mar is iomchuí, ar bhonn cás ar chás. [Leasú 151]

Airteagal 19

Feidhmiú an Bhoird Chomhairligh Tionsclaíochta agus Eolaíochta

1.  Tiocfaidh an Bord Comhairleach Tionsclaíochta agus Eolaíochta le chéile dhá uair trí huaire sa bhliain ar a laghad. [Leasú 152]

2.  Féadfaidh Tabharfaidh an Bord Comhairleach Tionsclaíochta agus Eolaíochta comhairle a chur ar an mbord moltaí don Bhord Rialaithe maidir le meithleacha a chur ar bun, i gcás inar gá faoi chomhordú foriomlán comhalta amháin den Bhord Comhairleach Tionsclaíochta agus Eolaíochta nó níos mó, i dtaca le saincheisteanna sonracha a bhaineann le hobair an Lárionaid Inniúlachtaí, pé uair a thagann saincheisteanna sin faoi na cúraimí agus réimsí inniúlachta a leagtar amach in Airteagal 20. [Leasú 153]

3.  Toghfaidh an Bord Comhairleach Tionsclaíochta agus Eolaíochta a chathaoirleach féin.

4.  Déanfaidh an Bord Comhairleach Tionsclaíochta agus Eolaíochta a rialacha nós imeachta a ghlacadh, lena n-áirítear ainmniúchán na n-ionadaithe a labhróidh ar son an Bhoird Chomhairligh i gcás inarb ábhartha agus fad a n-ainmniúcháin.

Airteagal 20

Cúraimí an Bhoird Chomhairligh Tionsclaíochta agus Eolaíochta

Tabharfaidh an Bord Comhairleach Tionsclaíochta agus Eolaíochta comhairle don Lárionad Inniúlachtaí go rialta maidir le feidhmiú a ghníomhaíochtaí agus déanfaidh sé na nithe seo a leanas: [Leasú 154]

(1)  comhairle straitéiseach agus ionchur a chur ar fáil don Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus don Bhord Rialaithe lena gcur in úsáid ag an Lárionad Inniúlachtaí, agus maidir lena threoshuíomh agus a chuid oibríochtaí, a mhéid a bhaineann sé leis an tionscal agus le taighde agus chun an plean oibre agus an plean straitéiseach ilbhliantúil a dhréachtú laistigh de na spriocanna arna socrú an Bord Rialaithe; [Leasú 155]

(1a)  comhairle a chur ar fáil don Bhord Rialaithe maidir le meithleacha a chur ar bun i dtaca le saincheisteanna sonracha a bhaineann le hobair an Lárionaid Inniúlachtaí; [Leasú 156]

(2)  comhairliúcháin phoiblí a eagrú a bheidh oscailte do na geallsealbhóirí uile, idir phoiblí agus phríobháideach, a bhfuil leas acu i réimse na cibearshlándála, chun ionchur a bhailiú don chomhairle straitéiseach dá dtagraítear i mír 1;

(3)  aiseolas ar phlean oibre agus plean straitéiseach ilbhliantúil an Lárionaid Inniúlachtaí a chur chun cinn agus a bhailiú agus aiseolas a thabhairt don Bhord Rialaithe maidir le conas treoshuíomh agus oibriú an Lárionaid Inniúlachtaí a fheabhsú. [Leasú 157]

CAIBIDIL III

FORÁLACHA AIRGEADAIS

Airteagal 21

An ranníocaíocht airgeadais ón Aontas

1.  Le ranníocaíocht an Aontais leis an Lárionad Inniúlachta chun costais riaracháin agus oibríochtúla a chumhdach cuimseofar na nithe seo a leanas:

(a)  EUR 1 981 668 000 EUR 7 780 954 875 i bpraghsanna 2018 (EUR 1 998 696 000 i bpraghsanna reatha ón gClár don Eoraip Dhigiteach, lena n-áirítear suas le EUR 21 385 465 i bpraghsanna 2018 (EUR 23 746 000 i bpraghsanna reatha) le haghaidh costais riaracháin; [Leasú 158]

(b)  Méid áirithe, lena n-airítear le haghaidh costais riaracháin, ón gClár Fís Eorpach a shocrófar agus an próiseas pleanála straitéisí atá le déanamh de bhun Airteagal 6(6) de Rialachán XXX [an Rialachán maidir le Fís Eorpach] á chur san áireamh.

(ba)  méid ón gCiste Eorpach Cosanta le haghaidh ghníomhaíochtaí an Lárionaid Inniúlachtaí a bhaineann le cosaint, lena n-áirítear le haghaidh costais a bhaineann le riarachán amhail costais a d’fhéadfadh an Lárionad Inniúlachtaí a thabhú agus é ag feidhmiú mar bhainisteoir tionscadail ar ghníomhaíochtaí a dhéantar faoin gCiste Eorpach Cosanta. [Leasú 159]

2.  Íocfar an ranníocaíocht uasta ón Aontas ó na leithreasuithe i mbuiséad ginearálta an Aontais a leithdháilfear ar [an gClár don Eoraip Dhigiteach] , ar an gclár sonrach lena gcuirtear chun feidhme an clár ‘Fís Eorpach’, arna chur ar bun le Cinneadh XXX, ar an gCiste Eorpach Cosanta agus ar chláir agus tionscadail eile a thagann faoi raon feidhme an Lárionaid Inniúlachtaí nó an Líonra. [Leasú 160]

3.  Cuirfidh an Lárionad Inniúlachta bearta cibearshlándála [an Chláir don Eoraip Dhigiteach] agus [an Chláir Fís Eorpach] chun feidhme i gcomhréir le pointe (c) (iv) d’Airteagal 62 de Rialachán (AE, Euratom) XXX(18) [an Rialachán Airgeadais].

4.  Ní chumhdófar le ranníocaíocht airgeadais an Aontais ón gClár don Eoraip Dhigiteach agus ón gclár ‘Fís Eorpach’ na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 4(8)(b). D’fhéadfaí iad sin a chumhdach le ranníocaíochtaí ón gCiste Eorpach Cosanta. [Leasú 161]

Airteagal 22

Ranníocaíochtaí ó na Ballstáit rannpháirteacha

1.  Déanfaidh na Ballstáit rannpháirteacha ranníocaíocht iomlán maidir le costais oibríochtúla agus riaracháin an Lárionaid Inniúlachta arb ionann na méideanna sin ar a laghad agus na méideanna sin in Airteagal 21(1) den Rialachán seo.

2.  Chun críche measúnú a dhéanamh ar na ranníocaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 agus pointe (b)(ii) d’Airteagal 23(3), cinnfear na costais i gcomhréir le gnáthchleachtais chuntasaíochta costála na mBallstát lena mbaineann, le caighdeáin chuntasaíochta is infheidhme an Bhallstáit, agus leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta Chuntasaíochta agus na Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais is infheidhme. Déanfaidh iniúchóir seachtrach neamhspleách arna cheapadh ag an mBallstát lena mbaineann na costais a dheimhniú. Féadfaidh an Lárionad Inniúlachta an modh luachála a fhíorú i gcás aon éiginnteacht a eascróidh as an deimhniú.

3.  I gcás ina dtarlóidh sé go ndéanfaidh aon Bhallstát rannpháirteach a ghealltanais maidir lena ranníocaíocht airgeadais a mhainneachtain, cuirfidh an stiúrthóir feidhmiúcháin é sin i scríbhinn agus socróidh sé tréimhse réasúnach faoina ndéanfar an mhainneachtain sin a leigheas. Mura ndéantar an cás a leigheas laistigh den tréimhse sin, tionólfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin cruinniú den bhord rialaithe chun cinneadh a dhéanamh an dtarraingeofar siar ceart vótála an Bhallstáit rannpháirtigh mainneachtana nó an ndéanfar aon bhearta eile go dtí go gcomhlíonfaidh sé a oibleagáidí. Cuirfear cearta vótála an Bhallstáit rannpháirtigh mainneachtana ar fionraí go dtí go ndéanfaidh sé mainneachtain a ghealltanas a leigheas.

4.  Féadfaidh an Coimisiún deireadh a chur le ranníocaíocht airgeadais an Aontais leis an Lárionad Inniúlachtaí, í a laghdú go comhréireach nó í a chur ar fionraí mura rannchuidíonn na Ballstáit rannpháirteacha mura rannchuidíonn siad ach i bpáirt nó má rannchuidíonn siad go mall maidir leis na ranníocaíochtaí dá dtagraítear i mír 1. Beidh foirceannadh, laghdú nó fionraíocht an Choimisiúin maidir le ranníocaíocht airgeadais an Aontais comhréireach le méid agus am an laghdaithe, an fhoirceanta nó na fionraíochta i dtaca le ranníocaíochtaí na mBallstát.. [Leasú 162]

5.  Faoin 31 Eanáir gach bliain, tabharfaidh na Ballstáit rannpháirteacha tuairisc don bhord rialaithe maidir le luach na ranníocaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 a rinneadh i ngach bliain airgeadais roimhe sin.

Airteagal 23

Costais agus acmhainní an Lárionaid Inniúlachta

1.  Déanfaidh an tAontas agus na Ballstáit an Lárionad Inniúlachta a chistiú go comhpháirteach trí ranníocaíochtaí airgeadais a íocfar i dtráthchodanna agus trí ranníocaíochtaí arb é a bheidh iontu costais arna dtabhú ag lárionaid chomhordúcháin náisiúnta agus tairbhithe trí bhearta a chur chun feidhme nach n-aisíocfaidh an Lárionad Inniúlachta.

2.  Ní ghabhfaidh costais riaracháin an Lárionaid Inniúlachta thar EUR [uimhir] agus cumhdófar iad trí bhíthin ranníocaíochtaí airgeadais a dhéanfar a roinnt go cothrom ar bhonn bliantúil idir an tAontas agus na Ballstáit rannpháirteacha. Má tharlaíonn sé nach n-úsáidfear cuid den ranníocaíocht maidir le costais riaracháin, féadfar í a chur ar fáil chun costais oibríochtúla an Lárionaid Inniúlachta a chumhdach.

3.  Cumhdófar costais oibríochtúla an Lárionaid Inniúlachta trí bhíthin na nithe seo a leanas:

(a)  ranníocaíocht airgeadais ón Aontas;

(b)  ranníocaíochtaí ó na Ballstáit rannpháirteacha i bhfoirm:

(i)  ranníocaíochtaí airgeadais; agus

(ii)  i gcás inarb ábhartha, ranníocaíochtaí comhchineáil ó na Ballstáit rannpháirteacha maidir leis na costais arna dtabhú ag lárionaid chomhordúcháin náisiúnta agus tairbhithe trí bhearta indíreacha a chur chun feidhme lúide ranníocaíocht an Lárionaid Inniúlachta agus aon ranníocaíocht eile ón Aontas maidir leis na costais sin;

4.  Ar acmhainní an Lárionaid Inniúlachta a iontrálfar ina bhuiséad, áireofar na ranníocaíochtaí seo a leanas:

(a)  ranníocaíochtaí airgeadais an Aontais agus na mBallstát rannpháirteach maidir leis na costais riaracháin; [Leasú 163]

(b)  ranníocaíochtaí airgeadais an Aontais agus na mBallstát rannpháirteach maidir leis na costais oibríochtúla; [Leasú 164]

(c)  aon ioncam a ghinfidh an Lárionad Inniúlachta;

(d)  aon ranníocaíochtaí, acmhainní agus ioncaim eile.

5.  Measfar aon ús a eascróidh as na ranníocaíochtaí a íocfaidh na Ballstáit rannpháirteacha leis an Lárionad Inniúlachta a bheith mar ioncam aige.

6.  Is é is aidhm d’acmhainní uile an Lárionaid Inniúlachta agus a ghníomhaíochtaí na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 4 a bhaint amach.

7.  Is faoi úinéireacht an Lárionaid Inniúlachta a bheidh na sócmhainní uile a ghinfidh sé nó a aistreofar chuige chun a chuspóirí a bhaint amach.

8.  Ní íocfar le comhaltaí rannpháirteacha an Lárionaid Inniúlachta aon ioncam barrachais de bhreis ar chaiteachas ach amháin nuair a dhéanfar an Lárionad Inniúlachta a fhoirceannadh.

8a.  Oibreoidh an Lárionad Inniúlachtaí i ndlúthchomhar le hinstitiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais chun tairbhe a bhaint as sineirgíochtaí agus, i gcás inarb iomchuí, chun costais riaracháin a laghdú. [Leasú 165]

Airteagal 24

Ceangaltais airgeadais

Ní ghabhfaidh ceangaltais airgeadais an Lárionaid Inniúlachta thar mhéid na n-acmhainní atá ar fáil nó atá geallta ag a chomhaltaí dá bhuiséad.

Airteagal 25

An bhliain airgeadais

Tosóidh an bhliain airgeadais an 1 Eanáir agus críochnóidh sí an 31 Nollaig.

Airteagal 26

An buiséad a bhunú

1.  Gach bliain, tarraingeoidh an stiúrthóir feidhmiúcháin suas dréachtráiteas meastachán ar ioncam agus ar chaiteachas an Lárionaid Inniúlachta don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin, agus cuirfidh sé an dréachtráiteas sin, mar aon le dréachtphlean bunaíochta, ar aghaidh chuig an mbord rialaithe. Beidh ioncam agus caiteachas ar comhardú. Cuimseofar le caiteachas an Lárionaid Inniúlachta na costais foirne, riaracháin, bhonneagair agus oibríochtúla. Coinneofar costais riaracháin chomh híseal agus is féidir.

2.  Gach bliain, soláthróidh an bord rialaithe ráiteas meastachán ar ioncam agus ar chaiteachas an Lárionaid Inniúlachta don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin, ar bhonn dréachtráiteas meastachán ar ioncam agus ar chaiteachas dá dtagraítear i mír 1.

3.  Déanfaidh an bord rialaithe, faoin 31 Eanáir gach bliain, an ráiteas meastachán dá dtagraítear i mír 2, a bheidh ina chuid den dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair, a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún.

4.  Ar bhonn an ráitis meastachán sin, cuirfidh an Coimisiún i ndréachtbhuiséad an Aontais na meastacháin sin a mheasann sé a bheith riachtanach don phlean bunaíochta agus méid na ranníocaíochta a dhéanfar a mhuirearú ar an mbuiséad ginearálta, agus cuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle iad i gcomhréir le hAirteagal 313 agus Airteagal 314 CFAE.

5.  Údaróidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasuithe don ranníocaíocht a thabharfar don Lárionad Inniúlachta.

6.  Glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an plean bunaíochta don Lárionad Inniúlachta.

7.  Glacfaidh an bord rialaithe buiséad an Lárionaid in éineacht leis an bplean oibre. Beidh sé críochnaitheach tar éis buiséad ginearálta an Aontais a ghlacadh go cinntitheach. I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an bord rialaithe buiséad agus plean oibre an Lárionaid Inniúlachta a choigeartú i gcomhréir le buiséad ginearálta an Aontais.

Airteagal 27

Cuntais an Lárionaid Inniúlachta a thíolacadh agus a urscaoileadh

Déanfar cuntais shealadacha agus cuntais chríochnaitheacha an Lárionaid Inniúlachta a thíolacadh agus a urscaoileadh de réir rialacha agus amchlár an Rialacháin Airgeadais agus a rialacha airgeadais a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 29.

Airteagal 28

Tuairisciú oibríochtúil agus airgeadais

1.  Tabharfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin tuairisc bhliantúil don bhord rialaithe ar chomhlíonadh a chuid dualgas i gcomhréir le rialacha airgeadais an Lárionaid Inniúlachta.

2.  Laistigh de dhá mhí ó chlabhsúr gach bliain airgeadais, cuirfidh an stiúrthóir feidhmiúcháin faoi bhráid an bhoird rialaithe lena formheas tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí maidir leis an dul chun a rinne an Lárionad Inniúlachta an bhliain féilire roimhe sin, go háirithe maidir leis an bplean oibre don bhliain sin. Áireofar sa tuarascáil sin, inter alia, faisnéis maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)  bearta oibríochtúla a rinneadh agus an caiteachas comhfhreagrach;

(b)  na bearta a tíolacadh, lena n-áirítear miondealú de réir chineál an rannpháirtí, FBManna san áireamh, agus de réir Ballstáit;

(c)  na bearta a roghnaíodh lena gcistiú, lena n-áirítear miondealú de réir chineál an rannpháirtí, FBManna san áireamh, agus de réir Ballstáit agus a léiríonn an dóigh ar thug an Lárionad Inniúlachta cuidiú do rannpháirtithe agus bearta aonair;

(d)  an dul chun cinn i dtreo na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 4 a bhaint amach agus moltaí le haghaidh tuilleadh oibre is gá chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

3.  A luaithe a dhéanfaidh an bord rialaithe an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí a fhormheas, cuirfear ar fáil go poiblí í.

Airteagal 29

Rialacha airgeadais

Glacfaidh an Lárionad Inniúlachta a rialacha sonracha airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 70 de Rialachán XXX [an Rialachán nua Airgeadais].

Airteagal 30

Leasanna airgeadais a chosaint

1.  Déanfaidh an Lárionad Inniúlachtaí bearta iomchuí chun a áirithiú, nuair a chuirfear gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne na calaoise, an éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha rialta agus éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí smachtbhannaí riaracháin a ghearradh a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. [Leasú 166]

2.  Tabharfaidh an Lárionad Inniúlachta d’fhoireann an Choimisiúin agus do dhaoine eile atá údaraithe ag an gCoimisiún, agus don Chúirt Iniúchóirí, rochtain ar láithreáin agus áitribh agus ar an bhfaisnéis uile, lena n-áirítear faisnéis i bhfoirm leictreonach, is gá chun a a gcuid iniúchtaí a dhéanamh.

3.  Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle(19) agus Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(20), d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasa airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú nó conradh deontais a chistítear go díreach nó go hindíreach i gcomhréir leis an Rialachán seo.

4.  Gan dochar do mhír 1, mír 2 agus mír 3 den Airteagal seo, beidh i gconarthaí agus comhaontuithe deontais a thiocfaidh as an Rialachán seo a chur chun feidhme forálacha lena dtabharfar an chumhacht go sainráite don Choimisiún, don Lárionad Inniúlachta, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF iniúchtaí agus imscrúduithe den sórt sin a dhéanamh i gcomhréir lena gcuid inniúlachtaí faoi seach. I gcás ina ndéanfar cur chun feidhme gníomhaíochta a sheachfhoinsiú nó a fho-tharmligean, ina iomláine nó i bpáirt, nó i gcás inar gá conradh soláthair nó tacaíocht airgeadais a dhámhachtain do thríú páirtí ina leith, beidh sa chonradh nó sa chomhaontú deontais an oibleagáid atá ar an gconraitheoir nó ar an tairbhí ceangal a chur ar aon tríú páirtí lena mbaineann glacadh go follasach leis na cumhachtaí sin de chuid an Choimisiúin, an Lárionaid Inniúlachtaí, na Cúirte Iniúchóirí agus OLAF.

CAIBIDIL IV

Foireann an Lárionaid Inniúlachta

Airteagal 31

Foireann

1.  Maidir le foireann an Lárionaid Inniúlachta, beidh feidhm ina leith ag Rialacháin Foirne Oifigigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh mar a leagtar síos iad le Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68(21) ón gComhairle (“na Rialacháin Foirne” agus “na Coinníollacha Fostaíochta”) agus ag na rialacha arna nglacadh go comhpháirteach ag institiúidí an Aontais Eorpaigh chun na Rialacháin Foirne agus na Coinníollacha fostaíochta sin a chur i bhfeidhm.

2.  Feidhmeoidh an bord rialaithe, i ndáil le baill foirne an Lárionaid Inniúlachtaí, na cumhachtaí a tugadh dó leis na Rialacháin Foirne maidir leis an údarás ceapacháin agus na cumhachtaí a tugadh dó leis na Coinníollacha Fostaíochta maidir leis an údarás atá cumhachtaithe chun conarthaí fostaíochta a thabhairt i gcrích (“cumhachtaí an údaráis ceapacháin”).

3.  Glacfaidh an bord rialaithe, i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne, cinneadh bunaithe ar Airteagal 2(1) de na Rialacháin Foirne agus ar Airteagal 6 de na Coinníollacha Fostaíochta lena ndéantar cumhachtaí ábhartha an údaráis ceapacháin a tharmligean don stiúrthóir feidhmiúcháin agus lena sainítear na coinníollacha faoina bhféadtar an tarmligean sin a chur ar fionraí. Údaraítear an stiúrthóir feidhmiúcháin chun na cumhachtaí sin a fho-tharmligean.

4.  I gcás inar gá sin in imthosca eisceachtúla, féadfaidh an bord rialaithe, trí chinneadh, tarmligean chumhachtaí an údaráis ceapacháin chuig an stiúrthóir feidhmiúcháin, chomh maith le haon fho-tharmligean a dhéanann an stiúrthóir feidhmiúcháin, a chur ar fionraí go sealadach. I gcás den sórt sin, feidhmeoidh an bord rialaithe é féin cumhachtaí an údaráis ceapacháin nó tarmligfidh sé na cumhachtaí sin chuig duine dá chomhaltaí nó chuig ball foirne de chuid an Lárionaid Inniúlachtaí nach é an stiúrthóir feidhmiúcháin é.

5.  Glacfaidh an bord rialaithe rialacha cur chun feidhme maidir leis na Rialacháin Foirne agus na Coinníollacha Fostaíochta i gcomhréir le Airteagal 110 de na Rialacháin Foirne.

6.  Socrófar na hacmhainní foirne i bplean bunaíochta foirne an Lárionaid Inniúlachta lena gcuirfear in iúl líon na bpost sealadach de réir feidhmghrúpa agus gráid agus líon na mball foirne ar conradh arna sloinneadh in aonaid de choibhéis lánaimseartha, i gcomhréir lena bhuiséad bliantúil.

7.  Beidh sé mar aidhm leis an i bhfoireann an Lárionad Inniúlachtaí cothromaíocht inscne a ghnóthú i measc a mball foirne. Is foireann shealadach agus foireann ar conradh a bheidh san fhoireann. [Leasú 167]

8.  Íocfaidh an Lárionad Inniúlachta na costais uile a bhaineann le baill foirne.

Airteagal 32

Saineolaithe náisiúnta ar iasacht agus baill foirne eile

1.  Féadfaidh an Lárionad Inniúlachta úsáid a bhaint as saineolaithe náisiúnta ar iasacht nó as baill foirne eile nach bhfuil fostaithe ag an Lárionad Inniúlachtaí.

2.  Glacfaidh an bord rialaithe, i gcomhar leis an gCoimisiún, cinneadh lena leagfar síos na rialacha maidir le saineolaithe náisiúnta a thabhairt ar iasacht don Lárionad Inniúlachta.

Airteagal 33

Pribhléidí agus Díolúintí

Beidh feidhm ag Prótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an Lárionad Inniúlachta agus lena fhoireann.

CAIBIDIL V

FORÁLACHA COITEANNA

Airteagal 34

Rialacha slándála

1.  Beidh feidhm ag Airteagal 12(7) de Rialachán (AE) Uimh. XXX [an Clár don Eoraip Dhigiteach] maidir le gach beart a chistítear leis an Lárionad Inniúlachta.

2.  Beidh feidhm ag na rialacha sonracha slándála seo a leanas maidir le bearta a chistítear ón gClár Fís Eorpach:

(a)  chun críche Airteagal 34(1) [Úinéireacht agus cosaint] de Rialachán (AE) Uimh. XXX [Fís Eorpach], nuair a fhoráiltear dó sa phlean oibre, féadtar an deonú maidir le ceadúnais neamheisiacha a theorannú do thríú páirtithe atá bunaithe nó a mheastar a bheith bunaithe sna Ballstáit agus atá á rialú ag na Ballstáit agus/nó náisiúnaigh de chuid na mBallstát;

(b)  ceadúnas a aistriú nó a dheonú chuig eintiteas dlítheanach atá bunaithe i dtír chomhlachaithe nó atá bunaithe san Aontas ach atá á rialú ó thríú tíortha, beidh ansin freisin foras chun agóid a dhéanamh in aghaidh aistrithe úinéireachta torthaí, nó in aghaidh ceadúnas eisiach a dheonú maidir le torthaí, chun críche Airteagal 36(4)(b) [Aistriú agus ceadúnú] de Rialachán (AE) Uimh. XXX [Fís Eorpach];

(c)  chun críche Airteagal 37(3)(a) [Cearta rochtana] de Rialachán (AE) Uimh. XXX [Fís Eorpach], nuair a fhoráiltearmaidir leo sa phlean oibre, féadfaidh an deonú maidir le rochtain ar thorthaí agus cúlra a theorannú d’eintiteas dlítheanach, agus dó sin amháin, atá bunaithe nó a mheastar a bheith bunaithe sna Ballstáit agus atá á rialú ag na Ballstáit agus/nó náisiúnaigh de chuid na mBallstát.

(ca)   Beidh feidhm ag Airteagail 22 [Úinéireacht ar thorthaí], 23 [Úinéireacht ar thorthaí] agus 30 [Na rialacha maidir le faisnéis rúnaicmithe a chur i bhfeidhm] de Rialachán (AE) 2019/XXX [Ciste Eorpach Cosanta] maidir le rannpháirtíocht sna gníomhaíochtaí uile a bhaineann le cosaint arna ndéanamh, nuair a fhoráiltear di sa phlean oibre, agus féadfar an deonú maidir le ceadúnais neamheisiacha a theorannú do thríú páirtithe atá bunaithe nó a mheastar a bheith bunaithe sna Ballstáit agus atá á rialú ag na Ballstáit agus/nó náisiúnaigh de chuid na mBallstát. [Leasú 168]

Airteagal 35

Trédhearcacht

1.  Cuirfidh an Lárionad Inniúlachta a chuid gníomhaíochtaí i gcrích le hardleibhéal leis an leibhéal trédhearcachta is airde. [Leasú 169]

2.  Áiritheoidh an Lárionad Inniúlachtaí go ndéanfar faisnéis chuimsitheach, iomchuí, oibiachtúil, iontaofa agus a bhfuil teacht uirthi go héasca a thabhairt a chur ar fáil don phobal agus d’aon pháirtithe leasmhara in am trátha, go háirithe maidir le torthaí a chuid oibre oibre an Lárionaid Inniúlachtaí, an Líonra, an Tionscail agus an Bhoird Chomhairligh Tionsclaíochta agus Eolaíochta agus an Phobail. Poibleoidh sé freisin na dearbhuithe leasa a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 41 42.. [Leasú 170]

3.  Féadfaidh an bord rialaithe, ag gníomhú dó ar thogra ón stiúrthóir feidhmiúcháin, údarás a thabhairt do pháirtithe leasmhara breathnú ar nósanna imeachta a bhaineann le cuid de ghníomhaíochtaí an Lárionaid Inniúlachta.

4.  Leagfaidh an Lárionad Inniúlachta síos, ina rialacha nós imeachta, na socruithe praiticiúla chun na rialacha trédhearcachta dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 a chur chun feidhme. Tabharfar leis sin, i gcás beart a chistítear ón gClár Fís Eorpach, aird chuí ar na forálacha in Iarscríbhinn III den Rialachán maidir le Fís Eorpach.

Airteagal 36

Rialacha slándála maidir le faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a chosaint

1.  Gan dochar d’Airteagal 35, ní sceithfidh an Lárionad Inniúlachta le tríú páirtithe aon fhaisnéis arna próiseáil aici nó arna tabhairt di a bhfuil iarraidh réasúnaithe déanta ina leith déileáil go rúnda, go hiomlán nó go páirteach, léi.

2.  Comhaltaí an bhoird rialaithe, an stiúrthóir feidhmiúcháin, comhaltaí an Bhoird Chomhairligh Tionsclaíochta agus Eolaíochta, saineolaithe seachtracha atá páirteach sna Grúpaí Oibre ad hoc, agus comhaltaí foirne an Lárionaid, comhlíonfaidh siad ceanglais rúndachta faoi Airteagal 339 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, fiú amháin nuair a bheidh deireadh lena gcuid dualgas.

3.  Glacfaidh bord rialaithe an Lárionaid Inniúlachta rialacha slándála an Lárionaid Inniúlachta, tar éis don Choimisiún iad a fhormheas, bunaithe ar na prionsabail agus na rialacha a leagtar síos i rialacha slándála an Choimisiúin chun faisnéis rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh (FRAE) agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a chosaint, lena n-áirítear inter alia forálacha maidir leis an bhfaisnéis sin a phróiseáil agus a stóráil mar a leagtar amach i gCinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún(22) agus Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún(23).

4.  Féadfaidh an Lárionad Inniúlachta na bearta uile is gá a dhéanamh chun gurb éasca an fhaisnéis is ábhartha maidir lena chúraimí a mhalartú leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit agus, i gcás inarb iomchuí, leis na gníomhaireachtaí agus na comhlachtaí ábhartha de chuid an Aontais. Beidh formheas an Choimisiúin roimh ré ag aon socrú riaracháin a dhéanfar chun na críche sin maidir le faisnéis rúnaicmithe AE a chomhroinnt nó, murab ann do shocrú den sórt sin, ag aon socrú eisceachtúil ad hoc lena scaoilfear faisnéis rúnaicmithe AE.

Airteagal 37

Rochtain ar dhoiciméid

1.  Beidh feidhm maidir leis na doiciméid a bheidh i seilbh an Lárionaid Inniúlachtaí ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001.

2.  Glacfaidh an bord rialaithe socruithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur chun feidhme laistigh de shé mhí ón dáta a bhunófar an Lárionad Inniúlachta.

3.  Féadfaidh cinntí arna nglacadh ag an Lárionad Inniúlachta de bhun Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a bheith ina n-ábhar gearáin chuig an Ombudsman faoi Airteagal 228 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh nó a bheith ina n-ábhar caingne os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh faoi Airteagal 263 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 38

Faireachán, meastóireacht agus athbhreithniú

1.  Áiritheoidh an Lárionad Inniúlachta go mbeidh a ghníomhaíochtaí, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí sin a bhainistítear trí na lárionaid chomhordúcháin náisiúnta agus tríd an Líonra, faoi réir faireachán leanúnach agus córasach agus meastóireacht thráthrialta. Áiritheoidh an Lárionad Inniúlachta go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus torthaí an chláir ar dhóigh atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil agus forchuirfear ceanglais tuairiscithe atá comhréireach ar fhaighteoirí cistí ón Aontas agus ar na Ballstáit. Foilseofar torthaí na meastóireachta.

2.  Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht eatramhach ar an Lárionad Inniúlachta ach faisnéis leordhóthanach a bheith ar fáil ar chur chun feidhme an Rialacháin seo, ach tráth nach faide ná trí bliana go leith ó chuirfear an Rialachán seo chun feidhme den chéad uair. Ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil ar an meastóireacht sin agus cuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle í faoin 31 Nollaig 2024. Tabharfaidh an Lárionad Inniúlachta agus na Ballstáit don Choimisiún an fhaisnéis is gá chun an tuarascáil sin a ullmhú.

3.  Sa mheastóireacht dá dtagraítear i mír 2 beidh measúnú ar na torthaí a bhain an Lárionad Inniúlachtaí amach, ag féachaint dá chuspóirí, dá shainordú agus dá chúraimí, dá éifeachtúlacht agus dá éifeachtacht. Má mheasann an Coimisiún go bhfuil bonn cirt leis an Lárionad Inniúlachtaí a bheith ag leanúint ar aghaidh i dtaca lena chuspóirí, lena shainordú agus lena chúraimí sainithe, féadfaidh sé a mholadh go ndéanfaí sainordú an Lárionaid Inniúlachtaí a leagtar amach in Airteagal 46 a fhadú. [Leasú 171]

4.  Ar bhonn chonclúidí na meastóireachta eatramhaí dá dtagraítear i mír 2, féadfaidh an Coimisiún gníomhú i gcomhréir le [hAirteagal 22(5)] nó aon bhearta eile iomchuí a dhéanamh.

5.  Beidh an faireachán, an mheastóireacht, an céimniú amach agus an t-athnuachan a dhéanfar ar an ranníocaíocht airgeadais ón gClár Fís Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 8, Airteagal 45 agus Airteagal 47, le hIarscríbhinn III den Rialachán maidir le Fís Eorpach agus le rialacha mionsonraithe arna n-aontú maidir le cur chun feidhme.

6.  Beidh an faireachán, an tuairisciú agus an mheastóireacht a dhéanfar ar an ranníocaíocht airgeadais ón gClár don Eoraip Dhigiteach i gcomhréir le hAirteagal 24 agus Airteagal 25 den Chlár don Eoraip Dhigiteach.

7.  I gcás ina ndéanfar an Lárionad Inniúlachta a fhoirceannadh, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh ar an Lárionad Inniúlachta laistigh de shé mhí tar éis an Lárionad Inniúlachta a fhoirceannadh, ach tráth nach déanaí ná dhá bhliain tar éis tús a chur leis an nós imeachta foirceanta dá dtagraítear in Airteagal 46 den Rialachán seo. Cuirfear torthaí na meastóireachta deiridh sin i láthair Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

Airteagal 38a

Pearsantacht Dhlítheanach an Lárionaid Inniúlachtaí

1.  Beidh pearsantacht dhlíthiúil ag an Lárionad Inniúlachtaí.

2.  I ngach Ballstát, beidh ag an Lárionaid Inniúlachtaí an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge a thugtar do dhaoine dlítheanacha faoi dhlíthe an Bhallstáit sin. Féadfaidh sé, go háirithe, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil nó a dhiúscairt agus a bheith ina pháirtí in imeachtaí dlí. [Leasú 172]

Airteagal 39

Dliteanas an Lárionaid Inniúlachta

1.  Beidh dliteanas conarthach an Lárionaid Inniúlachta faoi rialú ag an dlí is infheidhme maidir leis an gcomhaontú, leis an gcinneadh nó leis an gconradh i dtrácht.

2.  I gcás dliteanas neamhchonarthach, slánóidh an Lárionaid Inniúlachta, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste arbh í a fhoireann agus iad ag feidhmiú a ndualgas ba chúis leis.

3.  Aon íocaíocht a dhéanfaidh an Lárionad Inniúlachta i leith an dliteanais dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 agus na costais agus na speansais a thabhófar ina leith, measfar gur caiteachas de chuid an Lárionad Inniúlachta an íocaíocht sin agus cumhdófar as acmhainní an Lárionaid í.

4.  Is é an Lárionad Inniúlachta amháin a bheidh freagrach as a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh.

Airteagal 40

Dlínse Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus an dlí is infheidhme

1.  Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh:

(1)  de bhun aon chlásal eadrána atá i gcomhaontuithe, cinntí nó conarthaí arna dtabhairt i gcrích ag an Lárionad Inniúlachta;

(2)  i ndíospóidí a bhaineann le cúiteamh ar dhamáiste arb iad baill foirne an Lárionaid Inniúlachta is cúis leis agus a gcuid dualgas á gcomhlíonadh acu;

(3)  in aon díospóid idir an Lárionad Inniúlachta agus a bhaill foirne faoi na teorainneacha agus na coinníollacha a leagtar síos leis na Rialacháin Foirne.

2.  Maidir le haon ábhar nach gcumhdaítear leis an Rialachán seo nó le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais, beidh feidhm ag dlí an Bhallstáit ina bhfuil ceannáras an Lárionaid Inniúlachta suite.

Airteagal 41

Dliteanas comhaltaí agus árachas

1.  Beidh dliteanas airgeadais na gcomhaltaí i leith fhiacha an Lárionaid Inniúlachta teoranta don ranníocaíocht atá déanta acu cheana féin i leith na gcostas riaracháin.

2.  Déanfaidh an Lárionad Inniúlachta árachas iomchuí a thógáil amach agus a choimeád.

Airteagal 42

Coinbhleachtaí leasa

Glacfaidh bord rialaithe an Lárionaid Inniúlachta rialacha chun coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, a shainaithint agus a réiteach i leith a chomhaltaí, a chomhlachtaí agus a bhaill foirne. Cuimseofar sna rialacha sin na forálacha arb é is aidhm dóibh coinbhleacht leasa a sheachaint i ndáil le hionadaithe na gcomhaltaí ar baill iad den , lena n-áirítear an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, bord rialaithe mar aon leis an mBord Chomhairleach Eolaíoch agus Tionsclaíoch i gcomhréir le Rialachán XXX [an Rialachán nua Airgeadais], agus an Pobal. [Leasú 173]

Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar coinbhleachtaí leasa a bhaineann leis na Lárionaid Chomhordúcháin Náisiúnta a chosc, a shainaithint agus a réiteach. [Leasú 174]

Comhlíonfaidh na rialacha dá dtagraítear sa chéad mhír Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046. [Leasú 175]

Airteagal 43

Cosaint sonraí pearsanta

1.  Beidh an phróiseáil a dhéanfaidh an Lárionad Inniúlachta ar shonraí pearsanta faoi réir Rialachán (AE) Uimh. XXX/2018 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

2.  Glacfaidh an bord rialaithe na bearta cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal XX(3) de Rialachán (AE) Uimh. XXX/2018. Féadfaidh an bord rialaithe na bearta breise is gá a ghlacadh chun go gcuirfidh an Lárionad Inniúlachta Rialachán (AE) Uimh. XXX/2018 i bhfeidhm.

Airteagal 44

Ceannáras agus tacaíocht ón mBallstát óstach [Leasú 176]

Déanfar ceannáras an Lárionaid Inniúlachtaí a chinneadh i nós imeachta a bheidh cuntasach ó thaobh an daonlathais de, agus úsáid á baint as critéir thrédhearcacha agus i gcomhréir le dlí an Aontais. [Leasú 177]

Soláthróidh an Ballstát óstach na coinníollacha is fearr is féidir chun feidhmiú cuí an Lárionaid Inniúlachtaí a áirithiú, lena n-áirítear aon suíomh amháin, agus coinníollacha breise amhail rochtain ar shaoráidí leordhóthanacha oideachais do leanaí na mball foirne, rochtain iomchuí ar an margadh saothair, slándáil shóisialta agus cúram leighis do leanaí agus do pháirtithe araon. [Leasú 178]

Féadfar Déanfar comhaontú riaracháin a thabhairt i gcrích idir an Lárionad Inniúlachtaí agus an Ballstát [an Bheilg] óstach ina bhfuil a cheannáras suite maidir le pribhléidí agus díolúintí agus tacaíocht eile a chuirfidh an Ballstát sin ar fáil don Lárionad Inniúlachtaí. . [Leasú 179]

CAIBIDIL VII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 45

Bearta tosaigh

1.  Beidh an Coimisiún freagrach as an Lárionad Inniúlachta a bhunú agus as an obair thosaigh a dhéanfaidh sé go dtí go mbeidh an acmhainneacht oibríochtúil aige chun a bhuiséad féin a chur chun feidhme. Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir le dlí an Aontais, gach beart is gá le rannpháirtíocht chomhlachtaí inniúla an Lárionaid Inniúlachta.

2.  Chun críche mhír 1, go dtí go rachaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin i mbun a dhualgas tar éis don bhord rialaithe é a cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 16, féadfaidh an Coimisiún stiúrthóir feidhmiúcháin eatramhach a ainmniú chun na dualgais atá sannta don stiúrthóir feidhmiúcháin a fheidhmiú agus féadfaidh líon teoranta oifigeach de chuid an Choimisiúin cuidiú leis. Féadfaidh an Coimisiún líon teoranta dá chuid oifigeach a shannadh ar bhonn eatramhach.

3.  Féadfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin eatramhach gach íocaíocht a chumhdaítear le leithreasuithe dá bhforáiltear i mbuiséad bliantúil an Lárionaid Inniúlachta a údarú ach an buiséad sin a bheith formheasta ag an mbord rialaithe agus féadfaidh sé comhaontuithe, cinntí agus conarthaí a thabhairt i gcrích, lena n-áirítear conarthaí foirne, tar éis plean bunaíochta foirne an Lárionaid Inniúlachta a ghlacadh.

4.  Cinnfidh an stiúrthóir feidhmiúcháin eatramhach, de chomhthoil le stiúrthóir feidhmiúcháin an Lárionaid Inniúlachta agus faoi réir fhaomhadh an bhoird rialaithe, an dáta a bheidh sé de chumas ag an Lárionad Inniúlachta a bhuiséad féin a chur chun feidhme. Ón dáta sin amach, staonfaidh an Coimisiún ó ghealltanais agus íocaíochtaí a dhéanamh i leith ghníomhaíochtaí an Lárionaid Inniúlachta.

Airteagal 45a

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 6(5a) agus Airteagal 8(4b) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón ... [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 6(5a) agus Airteagal 8(4b) a chúlghairm tráth ar bith. Má dhéanfar cinneadh cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a bheidh sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.  Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 6(5a) agus Airteagal 8(4b) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle. [Leasú 180]

Airteagal 46

Fad ama

1.  Bunófar an Lárionad Inniúlachta don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2029.

2.  Ag deireadh na tréimhse sin, mura bhforáiltear a mhalairt trí athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán seo, cuirfear i ngníomh an próiseas foirceanta. Déanfar an próiseas foirceanta a chur i ngníomh go huathoibríoch má tharraingíonn an tAontas agus gach Ballstát rannpháirteach siar ón Lárionad Inniúlachta.

3.  Ar mhaithe leis na himeachtaí a stiúradh chun an Lárionad Inniúlachta a fhoirceannadh, ceapfaidh an bord rialaithe leachtaitheoir amháin nó níos mó, a chomhlíonfaidh cinntí an bhoird rialaithe.

4.  Nuair a dhéanfar an Lárionad Inniúlachta a fhoirceannadh, úsáidfear a shócmhainní chun a dhliteanais agus an caiteachas a bhaineann lena fhoirceannadh a chumhdach. Déanfar aon bharrachas a dháileadh ar an Aontas agus ar na Ballstáit rannpháirteacha i gcomhréir lena ranníocaíocht airgeadais leis an Lárionad Inniúlachta. Aisíocfar le buiséad an Aontais aon bharrachas a dháilfear ar an Aontas.

Airteagal 47

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in/sa …l,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

(1)IO C, , lch. .
(2)IO C , , lch. .
(3)Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2019.
(4)Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle:: Straitéis Chibearshlándála an Aontais Eorpaigh: Cibearspás Oscailte, Sábháilte agus Slán JOIN(2013)0001.
(5)Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann slándála do líonraí agus do chórais faisnéise ar fud an Aontais (IO L 194, 19.7.2016, lch. 1).
(6)Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle dar teideal Resilience, Deterrence and Defence: Building strong cybersecurity for the EU [Athléimneacht, díspreagadh agus cosaint: Cibearshlándáil láidir a thógáil don Aontas Eorpach], JOIN(2017)0450.
(7) Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an ... lena mbunaítear córas de chuid an Aontais chun rialú a dhéanamh ar onnmhairiú, ar aistriú, ar bhróicéireacht agus ar chúnamh teicniúil ítimí dé-úsáide agus ar iad a bheith ar idirthuras (IO L ..., ..., lch. ...).
(8)Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann slándála do líonraí agus do chórais faisnéise ar fud an Aontais (IO L 194, 19.7.2016, lch. 1).
(9) Rialachán (AE) 2019/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an ... maidir le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus maidir le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 526/2013, (an Gníomh um Chibearshlándáil) (IO L ...) (2017/0225(COD)).
(10) Rialachán (AE) 2019/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an ... maidir le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus maidir le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 526/2013, (an Gníomh um Chibearshlándáil) (IO L ...) (2017/0225(COD)).
(11) Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).
(12)[cuir isteach an teideal agus an tagairt IO]
(13) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(14) Rialachán (AE) 2019/XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an ... lena mbunaítear an clár don Eoraip Dhigiteach don tréimhse 2021-2027 (IO L ...) (2018/0227(COD)).
(15) [cuir isteach an teideal iomlán agus an tagairt IO]
(16) [cuir isteach an teideal iomlán agus an tagairt IO]
(17)Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2013 maidir leis an gcreat‑Rialachán airgeadais do na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 7.12.2013, lch. 42).
(18)[cuir isteach an teideal iomlán agus an tagairt IO]
(19)Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).
(20)Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).
(21)Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle an 29 Feabhra 1968 lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach agus lena dtionscnaítear bearta speisialta is infheidhme ar bhonn sealadach maidir le hoifigigh an Choimisiúin (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1).
(22)Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le Slándáil sa Choimisiún (IO L 72, 17.3.2015, lch. 41).
(23)Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe de chuid an Aontais Eorpaigh a chosaint (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53).

An nuashonrú is déanaí: 29 Iúil 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais