Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2017/0291(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0321/2018

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0321/2018

Díospóireachtaí :

PV 24/10/2018 - 23
CRE 24/10/2018 - 23
PV 17/04/2019 - 20
CRE 17/04/2019 - 20

Vótaí :

PV 25/10/2018 - 13.8
CRE 25/10/2018 - 13.8
PV 18/04/2019 - 10.7
Mínithe ar vótaí

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2018)0424
P8_TA(2019)0427

Téacsanna atá glactha
PDF 117kWORD 58k
Déardaoin, 18 Aibreán 2019 - Strasbourg
Feithiclí iompair de bhóthar atá glan agus éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de a chur chun cinn ***I
P8_TA(2019)0427A8-0321/2018
Rún
 Téacs

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Aibreán 2019 maidir leis an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2009/33/CE maidir le feithiclí iompair de bhóthar atá glan agus tíosach ar fhuinneamh a chur chun cinn (COM(2017)0653 – C8-0393/2017 – 2017/0291(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiúin chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2017)0653),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 192 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra don Pharlaimint (C8-0393/2017),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 19 Aibreán 2018(1),

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún an 5 Iúil 2018(2),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 20 Feabhra 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia agus don tuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A8-0321/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é(3);

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1)IO C 262, 25.7.2018, lch. 58.
(2)IO C 387, 25.10.2018, lch. 70.
(3)Glacann an seasamh seo ionad na leasuithe arna nglacadh an 25 Deireadh Fómhair 2018 (Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2018)0424).


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 18 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2009/33/CE a mhéid a bhaineann le feithiclí iompair de bhóthar atá glan agus éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de a chur chun cinn
P8_TC1-COD(2017)0291

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2019/1161.)

An nuashonrú is déanaí: 16 Márta 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais