Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2018/0042(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0384/2018

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0384/2018

Díospóireachtaí :

PV 17/04/2019 - 24
CRE 17/04/2019 - 24

Vótaí :

PV 18/04/2019 - 10.11

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2019)0431

Téacsanna atá glactha
PDF 117kWORD 49k
Déardaoin, 18 Aibreán 2019 - Strasbourg
Neamhchosaintí i bhfoirm bannaí faoi chumhdach ***I
P8_TA(2019)0431A8-0384/2018
Rún
 Téacs

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Aibreán 2019 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le neamhchosaintí i bhfoirm bannaí faoi chumhdach (COM(2018)0093 – C8-0112/2018 – 2018/0042(COD))

(An gnáthnós Imeachta Reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0093),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0112/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach an 22 Lúnasa 2018(1),

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 11 Iúil 2018(2),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 20 Márta 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A8-0384/2018),

1.  ag glacadh a seasamh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1)IO C 382, 23.10.2018, lch. 2.
(2)IO C 367, 10.10.2018, lch. 56.


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 18 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann le risíochtaí i bhfoirm bannaí faoi chumhdach
P8_TC1-COD(2018)0042

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2019/2160.)

An nuashonrú is déanaí: 16 Márta 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais