Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2017/0136(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0190/2018

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0190/2018

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 18/04/2019 - 10.18

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2019)0438

Téacsanna atá glactha
PDF 117kWORD 62k
Déardaoin, 18 Aibreán 2019 - Strasbourg
CPLanna a údarú agus CPLanna tríú tír a aithint ***I
P8_TA(2019)0438A8-0190/2018
Rún
 Téacs

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Aibreán 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 i dtaca leis na nósanna imeachta agus na húdaráis a bhaineann le CPLanna a údarú agus na ceanglais maidir le CPLanna triú tír a aithint (COM(2017)0331 – C8-0191/2017 – 2017/0136(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2017)0331),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal  114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0191/2017),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach an 4 Deireadh Fómhair 2017(1),

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 20 Meán Fómhair 2017(2),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 20 Márta 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A8-0190/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige é a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1)IO C 385 15.11.2017, lch. 3.
(2)IO C 434 15.12.2017, lch. 63.


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 18 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 i dtaca leis na nósanna imeachta agus na húdaráis a bhaineann le CPLanna a údarú agus na ceanglais maidir le CPLanna tríú tír a aithint
P8_TC1-COD(2017)0136

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2019/2099.)

An nuashonrú is déanaí: 16 Márta 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais