Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Iúil 2019 maidir le hUachtarán an Choimisiúin a thoghadh (2019/2041(INS))
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don chéad fhomhír d'Airteagal 17(7) den Chonradh ar an Aontas Eorpach,
– ag féachaint d'Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,
– ag féachaint do Dhearbhú Uimh. 11 a cuireadh i gceangal le hIonstraim Chríochnaitheach na Comhdhála Idir-Rialtasaí a ghlac Conradh Liospóin,
– ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/1136 ón gComhairle Eorpach an 2 Iúil 2019(1), lena moltar Ursula von der Leyen mar iarrthóir le haghaidh Uachtarán an Choimisiúin,
– ag féachaint do ráiteas Ursula von der Leyen agus dá cuid treoirlínte polaitiúla a tíolacadh i suí iomlánach an |16 Iúil 2019,
– ag féachaint do Riail 124 dá Rialacha Nós Imeachta,
1. ag toghadh Ursula von der Leyen mar Uachtarán an Choimisiúin ar feadh téarma oifige a ritheann ón 1 Samhain 2019 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2024;
2. á threorú dá hUachtarán a iarraidh ar an gComhairle agus ar Ursula von der Leyen na hainmnithigh a mholadh de thoil a chéile lena gceapadh mar chomhaltaí an Choimisiúin;
3. á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle Eorpach agus chuig an gComhairle agus chuig Uachtarán toghaí an Choimisiúin.