Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Meán Fómhair 2019 maidir leis an togra ón mBanc Ceannais Eorpach chun Leas-Chathaoirleach Bhord Maoirseachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh a cheapadh (N9-0008/2019 – C9-0028/2019 – 2019/0903(NLE))
(Formheas)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón mBanc Ceannais Eorpach an 9 Aibreán 2019 chun Leas-Chathaoirleach Bhord Maoirseachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh a cheapadh (C9-0028/2019),
– ag féachaint d’Airteagal 26(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013, lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa(1),
– ag féachaint don Chomhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa agus an Banc Ceannais Eorpach maidir leis na módúlachtaí praiticiúla a bhaineann le feidhmiú na cuntasachta daonlathaí agus le formhaoirseacht ar fheidhmiú na gcúraimí a thugtar do BCE faoi chuimsiú an tSásra Maoirseachta Aonair(2),
– ag féachaint dá rún an 14 Márta 2019, maidir le cothromaíocht inscne in ainmniúcháin ghnóthaí eacnamaíochta agus airgeadaíochta AE(3),
– ag féachaint do Riail 131 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0007/2019),
A. de bhrí go ndéantar foráil in Airteagal 26(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 go ndéanfaidh an Banc Ceannais Eorpach (BCE) a thogra chun Leas-Chathaoirleach a Bhoird Maoirseachta a cheapadh a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa lena fhormheas agus go roghnófar an Leas-Chathaoirleach as measc chomhaltaí Bhord Feidhmiúcháin BCE;
B. de bhrí go ndéantar foráil in Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 go ndéanfaidh ceapacháin don Bhord Maoirseachta i gcomhréir leis an Rialachán sin prionsabail na cothromaíochta inscne, na taithí agus na gcáilíochtaí a urramú;
C. de bhrí go ndearna an Chomhairle Eorpach, ar an 22 Samhain 2012, Yves Mersch a cheapadh mar chomhalta de Bhord Feidhmiúcháin BCE le haghaidh téarma oifige ocht mbliana amhail ón 15 Nollaig 2012 i gcomhréir le hAirteagal 283(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;
D. dé bhrí go ndearna BCE, i litir an 9 Aibreán 2019, togra a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa chun Yves Mersch a cheapadh mar Leas-Chathaoirleach Bhord Maoirseachta BCE don mhéid atá fágtha dá théarma mar chomhalta den Bhord Feidhmiúcháin go dtí an 14 Nollaig 2020;
E. de bhrí gur lean Coiste Pharlaimint na hEorpa um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta ar aghaidh ansin chun dintiúir an iarrthóra atá molta a mheas, go háirithe i bhfianaise na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 26(2) agus (3) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013;
F. de bhrí gur reáchtáil an Coiste éisteacht leis an iarrthóir atá molta an 4 Meán Fómhair 2019, éisteacht ina ndearna sé ráiteas tosaigh agus inar fhreagair sé ceisteanna ansin ó chomhaltaí an Choiste;
1. ag formheas cheapachán Yves Merch mar Leas-Chathaoirleach Bhord Maoirseachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh;
2. á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an mBanc Ceannais Eorpach agus chuig rialtais na mBallstát.