Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2019/0806(CNS)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0003/2019

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0003/2019

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 17/09/2019 - 6.3
CRE 17/09/2019 - 6.3

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2019)0010

Téacsanna atá glactha
PDF 109kWORD 50k
Dé Máirt, 17 Meán Fómhair 2019 - Strasbourg
Tús a chur le malartú uathoibríoch sonraí i ndáil le sonraí clárúcháin feithicle in Éirinn *
P9_TA(2019)0010A9-0003/2019

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Meán Fómhair 2019 maidir leis an dréachtchinneadh cur chun feidhme ón gComhairle maidir le tús a chur le malartú uathoibríoch sonraí i ndáil le sonraí clárúcháin feithicle in Éirinn (07290/2019 – C8-0154/2019 – 2019/0806(CNS))

(Comhairliúchán)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don dréacht ón gComhairle (07290/2019),

–  ag féachaint d’Airteagal 39(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, arna leasú le Conradh Amstardam, agus d’Airteagal 9 de Phrótacal Uimh. 36 maidir le forálacha idirthréimhseacha ar dá mbun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C8-0154/2019),

–  ag féachaint do Chinneadh 2008/615/CGB ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe chun an sceimhlitheoireacht agus an choireacht trasteorann a chomhrac(1), agus go háirithe Airteagal 33 de,

–  ag féachaint do Riail 82 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0003/2019),

1.  ag formheas an dréacht ón gComhairle;

2.  á iarraidh ar an gComhairle a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa má tá sé ar intinn aici imeacht ón téacs a d’fhormheas Parlaimint na hEorpa;

3.  á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa athuair má tá sé ar intinn aici an téacs a d’fhormheas Parlaimint na hEorpa a leasú go substaintiúil;

4.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

(1) IO L 210, 6.8.2008, lch. 1.

An nuashonrú is déanaí: 20 Eanáir 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais