Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Meán Fómhair 2019 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh (EGF/2019/000 TA 2019 - Cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún) (COM(2019)0290 – C9-0026/2019 – 2019/2036(BUD))
Tá Parlaimint na hEorpa,
— ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2019)0290 – C9-0026/2019),
— ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006(1) (Rialachán CED),
— ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020(2), agus go háirithe Airteagal 12 de,
— ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, le comhar i gcúrsaí buiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais(3) (IIA an 2 Nollaig 2013), agus go háirithe pointe 13 de,
— ag féachaint dá rún an 30 Bealtaine 2018 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh (EGF/2018/000 TA 2018 - Cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún)(4),
— ag féachaint dá céad léamh ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED)(5),
— ag féachaint don nós imeachta tríthaobhach dá bhforáiltear i bpointe 13 de IIA an 2 Nollaig 2013,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A9-0001/2019),
A. de bhrí go bhfuil ionstraimí reachtacha agus buiséadacha curtha ar bun ag an Aontas chun tacaíocht bhreise a thabhairt d’oibrithe atá thíos leis na mórathruithe struchtúracha ar phatrúin na trádála domhanda nó atá thíos leis an ngéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíoch, agus chun cabhair a thabhairt maidir lena n-ath-imeascadh sa mhargadh saothair;
B. de bhrí gur cheart cúnamh an Aontais d’oibrithe arna gcur ar iomarcaíocht a bheith dinimiciúil agus curtha ar fáil chomh tapa agus chomh héifeachtúil agus is féidir, i gcomhréir leis an Dearbhú Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún a glacadh le linn chruinniú idir-réitigh an 17 Iúil 2008, agus aird chuí á tabhairt do IIA an 2 Nollaig 2013 i leith glacadh le cinntí maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED) a shlógadh;
C. de bhrí go léiríonn glacadh Rialachán CED an comhaontú ar tháinig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle air chun critéar a bhaineann le slógadh géarchéime a thabhairt isteach an athuair, chun an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas a mhéadú go 60 % de chostas iomlán measta na mbeart atá molta, chun an éifeachtacht a bhaineann leis an gcaoi a gcaitear le hiarratais CED sa Choimisiúin agus ag an bParlaimint agus ag an gComhairle a mhéadú tríd an am le haghaidh measúnaithe agus ceadaithe a ghiorrú, chun gníomhaíochtaí incháilithe agus tairbhithe a dhéanamh níos leithne trí dhaoine féinfhostaithe agus daoine óga a thabhairt isteach agus chun dreasachtaí a mhaoiniú ionas gur féidir leo a ngnóthaí féin a bhunú;
D. de bhrí go bhfuil buiséad bliantúil uasta EUR 150 milliún ar fáil do CED i bpraghsanna 2011, is é sin EUR 175 748 000 i bpraghsanna 2019, agus de bhrí go luaitear in Airteagal 11(1) de Rialachán CED gur féidir suas le 0,5% den mhéid sin a bheith curtha ar fáil le haghaidh cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún chun maoiniú a dhéanamh ar ullmhúchán, faireachán, bailiú sonraí agus cruthú boinn eolais, cúnamh riaracháin agus teicniúil, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide mar aon le gníomhaíochtaí iniúchta, rialaithe agus meastóireachta a bhfuil gá leo chun Rialachán CED a chur chun feidhme;
E. de bhrí gurb ionann méid molta EUR 610 000 agus thart ar 0,35 % den bhuiséad bliantúil uasta atá ar fáil do CED in 2019;
1. ar aon intinn leis na beart atá molta ag an gCoimisiún le bheith maoinithe mar chúnamh teicniúil i gcomhréir le hAirteagal 11(1) agus (4) chomh maith le hAirteagal 12(2), (3) agus (4) de Rialachán CED;
2. ag aithint na tábhachta a bhaineann le faireachán agus bailiú sonraí; meabhraíonn sí an tábhacht a bhaineann le sraitheanna staidrimh láidir atá tiomsaithe i bhfoirm oiriúnach ionas go mbeidh rochtain éasca orthu agus go mbeidh siad sothuigthe;
3. á mheabhrú an tábhacht a bhaineann le suíomh gréasáin tiomnaithe faoi CED a beith curtha ar fáil do gach saoránach den Aontas;
4. ag cur fáilte roimh an obair leanúnach ar nósanna imeachta caighdeánacha le haghaidh iarratais CED agus roimh an mbainistíocht do bheith ag baint úsáid as na feidhmeanna a bhaineann leis an gcóras um malartú sonraí leictreonacha (SFC2014), lenar féidir próiseáil iarratas a éascú agus a dhéanamh níos tapúla, agus roimh thuairisciú níos fearr;
5. ag tabhairt dá haire go bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún EUR 190 000 den bhuiséad atá ar fáil faoin gcúnamh riaracháin agus teicniúil a infheistiú chun dhá chruinniú de chuid Shainghrúpa Daoine Teagmhála CED (comhalta amháin ó gach Ballstát) agus chun dhá sheimineár le rannpháirtíocht chomhlachtaí cur chun feidhme CED agus na gcomhpháirtithe sóisialta a thionól;
6. á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint de chuirí córasacha a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa teacht chuig na cruinnithe agus na seimineáir sin i gcomhréir le forálacha ábhartha an Chreat-Chomhaontaithe maidir leis an gcaidreamh idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún;
7. ag leagan béim ar an ngá le feabhas níos mó a chur ar an idirchaidreamh idir na daoine ar fad a bhfuil baint acu le hiarratais CED, lena n-áirítear, go háirithe, na comhpháirtithe sóisialta agus geallsealbhóirí ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil, chun an méid is mó sineirgí is féidir a chruthú; ag cur i bhfios gur cheart an idirghníomhaíocht idir an Duine Teagmhála Náisiúnta agus na páirtithe atá i gceannas ar chásanna a chur bhfeidhm ar an leibhéal réigiúnach nó áitiúil a neartú agus gur cheart socruithe cumarsáide agus tacaíochta agus sreafaí faisnéise (rannóga inmheánacha, tascanna agus freagrachtaí) a dhéanamh soiléir agus gur cheart na páirtithe ar fad lena mbaineann a bheith ar aon intinn maidir leo;
8. ag cur in iúl gur díol sásaimh di tús a chur, in am trátha, leis an meastóireacht ex post a bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún EUR 300 000 den bhuiséad atá ar fáil a infheistiú inti;
9. á mheabhrú do na Ballstáit is iarratasóirí an ról lárnach atá acu i bhfógraíocht a dhéanamh go forleathan faoi na gníomhaíochtaí arna maoiniú ag CED do na tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu, do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, do na comhpháirtithe sóisialta, do na meáin agus don phobal i gcoitinne, mar a leagtar amach in Airteagal 12 de Rialachán CED;
10. ag formheas an chinnidh atá i gceangal leis an rún seo;
11. á threorú dá hUachtarán an cinneadh a shíniú in éineacht le hUachtarán na Comhairle agus socrú a dhéanamh dá fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
12. á threorú dá hUachtarán an rún seo, mar aon leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis, a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh (EGF/2019/000 TA 2019 - Cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún)
(Ní dhéantar téacs na hiarscríbhinne seo a atáirgeadh anseo ós rud é go gcomhfhreagraíonn sé leis an ngníomh críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2019/1938.)