húdaruithe iascaireachta do shoithí de chuid an Aontais in uiscí na Ríochta Aontaithe agus oibríochtaí iascaireachta soithí de chuid na Ríochta Aontaithe in uiscí an Aontais ***I
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Deireadh Fómhair 2019 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2403 maidir le húdaruithe iascaireachta do shoithí de chuid an Aontais in uiscí na Ríochta Aontaithe agus oibríochtaí iascaireachta soithí de chuid na Ríochta Aontaithe in uiscí an Aontais (COM(2019)0398 – C9-0110/2019 – 2019/0187(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2019)0398),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0110/2019),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 25 Meán Fómhair 2019(1),
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iascach (A9-0014/2019),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh, mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 22 Deireadh Fómhair 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2403 maidir le húdaruithe iascaireachta do shoithí iascaireachta de chuid an Aontais in uiscí na Ríochta Aontaithe agus oibríochtaí iascaireachta soithí iascaireachta de chuid na Ríochta Aontaithe in uiscí an Aontais
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2019/1797.)