Cúnamh airgeadais do Bhallstáit chun ualach tromchúiseach airgeadais a chumhdach a chuirfear orthu tar éis don Ríocht Aontaithe tarraingt siar as AE gan chomhaontú ***I
Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 24 Deireadh Fómhair 2019 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle chun cúnamh airgeadais a leithdháileadh ar na Ballstáit chun an t-ualach tromchúiseach airgeadais a chumhdach a cuireadh orthu tar éis don Ríocht Aontaithe tarraingt siar as an Aontas gan chomhaontú (COM(2019)0399 – C9-0111/2019 – 2019/0183(COD))(1)
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
Leasú 1 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 4
(4) D’fhonn tionchar eacnamaíoch tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas gan chomhaontú a mhaolú agus d’fhonn dlúthpháirtíocht a léiriú leis na Ballstáit is mó a ndéanfar difear dóibh in imthosca eisceachtúla den sórt sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 a leasú chun tacú le caiteachas poiblí gaolmhar.
(4) D’fhonn tionchar eacnamaíoch agus sóisialta tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas gan chomhaontú a mhaolú agus d’fhonn dlúthpháirtíocht a léiriú leis na Ballstáit is mó a ndéanfar difear dóibh in imthosca eisceachtúla den sórt sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 a leasú chun tacú le caiteachas poiblí gaolmhar.
Leasú 2 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 5
(5) De bhrí gur úsáid eisceachtúil an Chiste atá sa mhéid sin, ba cheart an cúnamh a thabharfar leis chun ualach tromchúiseach airgeadais a mhaolú, a chuirfear ar na Ballstáit mar iarmhairt dhíreachar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas gan chomhaontú, a spriocdhíriú agus a theorannú in am trátha chun réasúnaíocht bhunaidh an Chiste agus an acmhainn a bheidh ann freagairt do thubaistí nádúrtha a choimirciú.
(5) De bhrí gur úsáid eisceachtúil an Chiste atá sa mhéid sin, ba cheart an cúnamh a thabharfar leis chun ualach tromchúiseach airgeadais a mhaolú, a chuirfear nó a bheidh le cur ar na Ballstáit le linn dóibh ullmhú do tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas gan chomhaontú, nó mar iarmhairt dhíreach air sin, a spriocdhíriú agus a theorannú in am trátha chun réasúnaíocht bhunaidh an Chiste agus an acmhainn a bheidh ann freagairt do thubaistí nádúrtha a choimirciú.
Leasú 3 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 8
(8) Chun go leanfaidh an Ciste um thubaistí nádúrtha de bheith ann, ba cheart a chuspóir bunaidh, uasmhéid buiséadach do thacaíocht a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas gan chomhaontú, a bhunú.
(8) Ós rud é nach mór buiséad réasúnach a sholáthar chun infhaighteacht ChisteDlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigha choinneáil ar bun i gcás tubaistí nádúrtha, ní mór modhanna breise eile a chur ar fáil do na Ballstáit agus do na réigiúin chun cabhrú leo srian a chur leis an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag tarraingt siar fhéideartha na Ríochta Aontaithe as an Aontas gan chomhaontú, mar shampla trí bhíthin CED nó trí ionstraimí airgeadais ad hoc eile.
Leasú 4 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 9
(9) An cúnamh ón gCiste chun maolú a chur ar ualach tromchúiseach airgeadais a chuirfear ar na Ballstáit mar thoradh ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas gan chomhaontú, ba cheart an cúnamh sin a bheith faoi réir na rialacha maidir le cur chun feidhme, faireachas, tuairisciú, rialú agus iniúchadh chomh maith le haon idirghabhálacha eile ón gCiste. Ina theannta sin, i bhfianaise raon feidhme an chaiteachais phoiblí is incháilithe le haghaidh tacaíochta, tá sé ríthábhachtach a áirithiú go n-urramaítear forálacha eile dhlí an Aontais, na rialacha maidir leis an státchabhairgo háirithe.
(9) Maidir leis an gcúnamh ón gCiste chun maolú a dhéanamh ar ualach tromchúiseach airgeadais a chuirfear nó a d’fhéadfaí a chur ar na Ballstáit le linn dóibh ullmhú do tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas gan chomhaontú, nó mar thoradh air sin, ba cheart an cúnamh sin a bheith faoi réir na rialacha maidir le cur chun feidhme, faireachán, tuairisciú, rialú agus iniúchadh chomh maith le haon idirghabhálacha eile ón gCiste. Ina theannta sin, i bhfianaise raon feidhme an chaiteachais phoiblí is incháilithe le haghaidh tacaíochta, tá sé ríthábhachtach a áirithiú go n-urramaítear forálacha eile dhlí an Aontais, go háirithe na rialacha maidir leis an Státchabhair.
(3) Cumhdófar leis an gcúnamh sin cuid den chaiteachas poiblí breise arb é is cúis dhíreach leis an tarraingt siar gan chomhaontú agus a thabhófar go heisiach idir dáta an tarraingt siar gan chomhaontú agus an 31 Nollaig 2020 (“ualach airgeadais”).
(3) Cumhdófar leis an gcúnamh sin cuid den chaiteachas poiblí breise a thabhófar go heisiach idir an 1 Eanáir 2019 agus an 31 Nollaig 2020 le linn ullmhú do tharraingt siar gan chomhaontú, agus mar thoradh air sin (“ualach airgeadais”).
(4) Beidh Ballstát incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar chúnamh faoin Airteagal seo más mó an t-ualach airgeadais a d’fhulaing sé ná EUR 1 500 000 000 i bpraghsanna 2011, nó níos mó ná 0.3 % dá ollioncam náisiúnta (GNI).
(4) Beidh Ballstát incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar chúnamh faoin Airteagal seo más mó an t-ualach airgeadais a d’fhulaing sé ná EUR 750 000 000 i bpraghsanna 2011, nó níos mó ná 0,15 % dá OIN.
(1) Ní chumhdófar leis an gcúnamh a thabharfar faoi Airteagal 3a ach an t-ualach airgeadais a bheidh ar Bhallstát i gcomparáid leis an gcás ina dtabharfaí comhaontú idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe chun críche. Féadfar an cúnamh sin a úsáid, mar shampla, chun tacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí dá ndéantar difear tríd an tarraingt siar gan chomhaontú, lena n-áirítear tacaíocht le bearta Státchabhrach do na gnólachtaí sin agus d’idirghabhálacha gaolmhara; bearta chun an fhostaíocht atá ann cheana a chaomhnú; agus chun feidhmiú rialuithe teorann, custaim, sláintíochta agus fíteashláintíochta a áirithiú, lena n-áirítear pearsanra breise agus bonneagar.
(1) Ní chumhdófar leis an gcúnamh a thabharfar faoi Airteagal 3a ach an t-ualach airgeadais a bheidh ar Bhallstát i gcomparáid leis an gcás ina dtabharfaí comhaontú idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe chun críche. Féadfar an cúnamh sin a úsáid, mar shampla, chun tacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí agus d’oibrithe dá ndéantar difear tríd an tarraingt siar gan chomhaontú, lena n-áirítear tacaíocht le bearta Státchabhrach do na gnólachtaí sin agus d’idirghabhálacha gaolmhara; bearta chun an fhostaíocht atá ann cheana a chaomhnú; agus chun feidhmiú rialuithe teorann, custaim, sláintíochta agus fíteashláintíochta a áirithiú, lena n-áirítear pearsanra agus bonneagar breise.
Leasú 9 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 Airteagal 3 b – mír 6 a (nua)
(6 a) Ní dhéanfar caiteachas atá incháilithe le haghaidh maoiniú faoin gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a mhaoiniú faoin Rialachán seo.
(1) Féadfaidh na húdaráis náisiúnta is freagrach de chuid Ballstáit aon iarratas amháin a chur isteach chuig an gCoimisiún ar ranníocaíocht airgeadais ón gCiste i gcomhréir le hAirteagal 3a faoin 30 Aibreán 2020 ar a dhéanaí. Cuimseofarleis an iarratas, ar a laghad, an fhaisnéis uile is ábhartha maidir leis an ualach airgeadais a chuirtear ar an mBallstát sin. Tabharfar tuairisc ann ar na bearta poiblí arna nglacadh mar fhreagairt ar an tarraingt siar gan chomhaontú lena sonrófar a nglanchostas go dtí an 31 Nollaig 2020 agus ar na cúiseanna nach bhféadfaí iad a sheachaint trí bhíthin bearta ullmhachta. Ba cheart an bonn cirt atá le tionchar díreach antarraingt siar gan chomhaontú a áireamh ann freisin.
(1) Féadfaidh na húdaráis náisiúnta fhreagracha de chuid Ballstáit aon iarratas amháin a chur isteach chuig an gCoimisiún ar ranníocaíocht airgeadais ón gCiste i gcomhréir le hAirteagal 3a faoin 30 Meitheamh 2020 ar a dhéanaí. Áireofarsan iarratas, ar a laghad, an fhaisnéis uile is ábhartha maidir leis an ualach airgeadais a chuirfear ar an mBallstát sin. Tabharfar tuairisc ann ar na bearta poiblí arna nglacadh le linn ullmhú dotharraingt siar gan chomhaontú, nó mar fhreagairt air, lena sonrófar a nglanchostas go dtí an 31 Nollaig 2020. Ba cheart an bonn cirt atá le tionchar díreach natarraingthe siar gan chomhaontú a áireamh ann freisin.
(2) Ullmhóidh an Coimisiún treoir maidir leis an mbealach a bhféadfar rochtain a fháil ar an gCiste agus é a chur chun feidhme go héifeachtach. Cuirfear faisnéis mhionsonraithe ar fáil sa treoir maidir leis an iarratas a ullmhú agus an fhaisnéis a bheidh le cur chuig an gCoimisiún, lena n-áirítear faisnéis maidir leis an bhfianaise atá le cur ar fáil ar an ualach airgeadais arna chur. Foilseofar an treoir ar láithreáin ghréasáin Ard-Stiúrthóireachtaí ábhartha an Choimisiúin, agus áiritheoidh an Coimisiún í a scaipeadh go forleathan chuig na Ballstáit.
(2) Ullmhóidh an Coimisiún treoir faoin 31 Nollaig 2019 maidir leis an mbealach a bhféadfar rochtain a fháil ar an gCiste agus é a chur chun feidhme go héifeachtach. Cuirfear faisnéis mhionsonraithe ar fáil sa treoir maidir leis an iarratas a ullmhú agus an fhaisnéis a bheidh le cur chuig an gCoimisiún, lena n-áirítear faisnéis maidir leis an bhfianaise atá le soláthar i leith an ualaigh airgeadais arna chur ar an mBallstát. Foilseofar an treoir ar shuíomhanna gréasáin Ard-Stiúrthóireachtaí ábhartha an Choimisiúin, agus áiritheoidh an Coimisiún go scaipfear í go forleathan chuig na Ballstáit.
(3) Tar éis an 30 Aibreán 2020, déanfaidh an Coimisiún a mheasúnú, i bhfianaise na faisnéise dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 maidir le gach iarratas a gheofar, an bhfuil na coinníollacha maidir leis an gCiste a shlógadh á gcomhlíonadh i ngach cás agus cinnfidh sé méideanna aon ranníocaíochta airgeadais ón gCiste a d’fhéadfadh a bheith ann laistigh de theorainneacha na n-acmhainní airgeadais atá ar fáil.
(3) Tar éis an 30 Meitheamh 2020, déanfaidh an Coimisiún a mheasúnú, i bhfianaise na faisnéise dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 maidir le gach iarratas a gheofar, an bhfuil na coinníollacha maidir leis an gCiste a shlógadh á gcomhlíonadh i ngach cás agus cinnfidh sé méideanna aon ranníocaíochta airgeadais ón gCiste a d’fhéadfadh a bheith ann laistigh de theorainneacha na n-acmhainní airgeadais atá ar fáil.
(4) Déanfar cúnamh ón gCiste a dhámhachtain ar na Ballstáit a chomhlíonann na critéir incháilitheachta agus na tairseacha a shonraítear in Airteagal 3a(4) á gcur san áireamh, ar ráta suas le 5 % den ualach airgeadais arna chur, agus laistigh de theorainneacha an bhuiséid atá ar fáil. I gcás nach mbeidh an buiséad atá ar fáil leordhóthanach, laghdófar an ráta cabhrach go comhréireach.
(4) Déanfar cúnamh ón gCiste a dhámhachtain ar na Ballstáit a chomhlíonann na critéir incháilitheachta agus na tairseacha a shonraítear in Airteagal 3a(4) á gcur san áireamh, ar ráta suas le 10 % den ualach airgeadais arna chur ar an na Ballstáit, agus laistigh de theorainneacha an bhuiséid atá ar fáil. I gcás nach mbeidh an buiséad atá ar fáil leordhóthanach, laghdófar an ráta cabhrach go comhréireach.
(6) Is iad Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, i bpáirt le chéile, a dhéanfaidh an cinneadh an Ciste a shlógadh, agus déanfaidh siad an cinneadh a luaithe agus is féidir tar éis don Choimisiún an togra a thíolacadh. Ar a thaobh féin de, déanfaidh an Coimisiún a dhícheall leis an am a ghiorrú chomh mór agus is féidir agus an Ciste a shlógadh, agus déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle amhlaidh ar a dtaobh féin de.
(6) Is iad Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, i bpáirt le chéile, a dhéanfaidh an cinneadh an Ciste a shlógadh, agus déanfaidh siad an cinneadh a luaithe agus is féidir tar éis don Choimisiún an togra a thíolacadh. Ar thaobh amháin, déanfaidh an Coimisiún a dhícheall leis an am a ghiorrú chomh mór agus is féidir agus an Ciste á shlógadh, agus déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle amhlaidh ar an taobh eileagus tabharfaidh siad gealltanas ionstraim shaincheaptha a mholadh, a luaithe is féidir, chun dul i ngleic le héigeandáil den sórt sin.
Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 59(4), an ceathrú fomhír (A9-0020/2019).