Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Samhain 2019 ar an iarraidh ar dhíolúine José Manuel Fernandes a tharscaoileadh (2019/2005(IMM))
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don iarraidh ar dhíolúine José Manuel Fernandes a tharscaoileadh, a chuir an Rannóg um Imscrúdú agus Ionchúiseamh Coiriúil in Porto ar aghaidh an 26 Samhain 2018, i dtaca le nós imeachta Uimh. 1406/14.3TDPRT agus a fógraíodh sa seisiún iomlánach an 31 Eanáir 2019,
– tar éis éisteacht le José Manuel Fernandes i gcomhréir le Riail 9(6) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint d’Airteagail 8 agus 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh, agus d’Airteagal 6(2) d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 maidir le toghadh fheisirí Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach,
– ag féachaint do bhreithiúnais Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 12 Bealtaine 1964, an 10 Iúil 1986, an 15 agus an 21 Deireadh Fómhair 2008, an 19 Márta 2010, an 6 Meán Fómhair 2011 agus an 17 Eanáir 2013(1),
– ag féachaint d’Airteagal 157 de Bhunreacht Phoblacht na Portaingéile,
– ag féachaint do Riail 5(2), Riail 6(1) agus Riail 9 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0023/2019),
A. de bhrí gur iarr an Rannóg um Imscrúdú agus Ionchúiseamh Coiriúil in Porto go dtarscaoilfí díolúine José Manuel Fernandes, Feisire de Pharlaimint na hEorpa, i dtaca le caingean dlí a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le coir líomhnaithe de mhí-iompair oifigiúil, dá bhforáiltear in Airteagal 11 de Dhlí 34/87 na Portaingéile an 16 Iúil, agus atá inphionóis faoin Airteagal sin, a ngabhann téarma príosúin idir dhá bhliain agus ocht mbliana leis;
B. de bhrí nach mbaineann an t-imeacht dlíthiúil le tuairimí a tugadh nó vótaí a caitheadh le linn don Fheisire de Pharlaimint na hEorpa a chuid nó a cuid dualgas a chomhlíonadh chun críocha Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh;
C. de bhrí go sonraítear in Airteagal 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh go bhfuil ag Feisirí de Pharlaimint na hEorpa, i gcríoch a stáit féin, na díolúintí a thugtar do chomhaltaí pharlaimint an stáit sin;
D. de bhrí go bhforáiltear in Airteagal 157(2) agus (3) de Bhunreacht Phoblacht na Portaingéile:
“2. Ní fhéadfaidh Feisirí Thionól na Poblachta teacht i láthair mar fhinnéithe ná mar chúisithe gan údarú ón Tionól. Sa chás deireanach sin, tabharfaidh an Tionól an t-údarú nuair atá comharthaí láidre ann go ndearnadh cion coiriúil toiliúil atá inphionóis le huastéarma príosúnachta níos mó ná trí bliana.
3. Ní fhéadfar Feisirí Thionól na Poblachta a choinneáil, a ghabháil ná a chur i bpríosún gan údarú an Tionóil, seachas i gcás cion coiriúil toiliúil atá inphionóis leis an gcineál téarma príosúnachta dá dtagraítear sa mhír roimhe seo agus in flagrante delicto.”;
E. de bhrí go bhfuil José Manuel Fernandes – ina cháil mar Mhéara Vila Verde agus é i mbun a chuid dualgas sa ról sin agus i gclaonpháirt le daoine eile – faoi imscrúdú as sárú líomhnaithe a dhéanamh ar phrionsabail ghinearálta na rialacha maidir le soláthar poiblí, agus go sonrach, prionsabail na neamhchlaontachta, na neodrachta, na hiomaíochta agus na trédhearcachta, trí bhuntáiste a thabhairt do chuideachta amháin thar a cuid iomaitheoirí, agus trí rannpháirtíocht líomhnaithe i réamhullmhú agus comhlánú doiciméad is gá don nós imeachta tairisceana; de bhrí gur bronnadh an tairiscint ar an gcuideachta sin an 22 Nollaig 2008;
F. de bhrí, de bhun Riail 9(8) de na Rialacha Nós Imeachta, nach ndéanfaidh an Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla, in imthosca ar bith, tuairim a thabhairt faoi chiontacht nó éigiontacht an Fheisire, ná i dtaobh an údar maith ionchúisimh iad na tuairimí nó na gníomhartha a chuirtear ina leith nó nach ea, fiú amháin más rud é, agus an iarraidh á breithniú aige, go bhfaigheann an Coiste eolas mionsonraithe faoi fhíorais an cháis;
G. de bhrí, i gcomhréir le Riail 5(2) de na Rialacha Nós Imeachta, nach pribhléid phearsanta d’Fheisire díolúine pharlaiminteach ach gur ráthaíocht í ar neamhspleáchas na Parlaiminte ina hiomláine agus a cuid Feisirí;
H. de bhrí gur iarr José Manuel Fernandes go dtarscaoilfí a dhíolúine; de bhrí gur faoi Pharlaimint na hEorpa féin atá sé, agus faoi Pharlaimint na hEorpa amháin, an cinneadh a dhéanamh, i gcás ar leith, cibé acu ar cheart an díolúine a tharscaoileadh nó nár cheart; de bhrí go bhféadfaidh Parlaimint na hEorpa seasamh an Fheisire a chur san áireamh go réasúnach chun cinneadh a dhéanamh cibé acu ar cheart an díolúine a tharscaoileadh nó nár cheart(2);
I. de bhrí gurb é an cuspóir atá le díolúine pharlaiminteach ná Parlaimint na hEorpa agus a cuid Feisirí a chosaint ar imeachtaí dlíthiúla a bhaineann le gníomhaíochtaí a dhéantar agus dualgais pharlaiminteacha á gcomhlíonadh acu, gníomhaíochtaí nach féidir a scaradh ó na dualgais sin;
J. de bhrí nár aimsigh Parlaimint na hEorpa, sa chás seo, aon fhianaise ar fumus persecutionis, i.e. gnéithe fíorasacha a thugann le fios go bhféadfadh sé gurb é an rún atá leis an nós imeachta dlíthiúil ná dochar a dhéanamh do ghníomhaíocht pholaitiúil an Fheisire agus, dá bhrí sin, do Pharlaimint na hEorpa;
1. ag cinneadh díolúine José Manuel Fernandes a tharscaoileadh;
2. á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an tuarascáil óna coiste freagrach a chur ar aghaidh láithreach chuig údaráis na Portaingéile agus chuig José Manuel Fernandes.
Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 12 Bealtaine 1964, Wagner v Fohrmann agus Krier, 101/63, ECLI:EU:C:1964:28; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 10 Iúil 1986, Wybot v Faure agus eile, 149/85, ECLI:EU:C:1986:310; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 15 Deireadh Fómhair 2008, Mote v an Pharlaimint, T-345/05, ECLI:EU:T:2008:440; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Deireadh Fómhair 2008, Marra v De Gregorio agus Clemente, C 200/07 agus C-201/07, ECLI:EU:C:2008:579; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 19 Márta 2010, Gollnisch v an Pharlaimint, T-42/06, ECLI:EU:T:2010:102; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Meán Fómhair 2011, Patriciello, C 163/10, ECLI:EU:C:2011:543; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 17 Eanáir 2013, Gollnisch v an Pharlaimint, T-346/11 agus T-347/11, ECLI:EU:T:2013:23;