Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2018/0415(CNS)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0019/2019

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0019/2019

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 14/11/2019 - 5.2

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2019)0052

Téacsanna atá glactha
PDF 146kWORD 49k
Déardaoin, 14 Samhain 2019 - Brussels
Ciandíolacháin earraí agus soláthairtí baile áirithe earraí *
P9_TA(2019)0052A9-0019/2019

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Samhain 2019 ar an togra le haghaidh treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 a mhéid a bhaineann le forálacha a bhaineann le ciandíolacháin earraí agus le soláthairtí baile áirithe earraí (COM(2018)0819 – C8-0017/2019 – 2018/0415(CNS))

(An nós imeachta reachtach speisialta – comhairliúchán)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an gComhairle (COM(2018)0819),

–  ag féachaint d’Airteagal 113 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C8‑0017/2019),

–  ag féachaint do Riail 82 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0019/2019),

1.  ag formheas an togra ón gCoimisiún arna leasú;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún a thogra a athrú dá réir, i gcomhréir le hAirteagal 293(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

3.  á iarraidh ar an gComhairle a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa má tá sé ar intinn aici imeacht ón téacs atá formheasta ag Parlaimint na hEorpa;

4.  á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa arís má tá sé ar intinn aici an togra ón gCoimisiún a leasú go substaintiúil;

5.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún   Leasú
Leasú 1
Togra le haghaidh treorach
Aithris 1
(1)  Déantar foráil le Treoir 2006/112/CE3 arna leasú le Treoir (AE) 2017/4 ón gComhairle4 go measfar, i gcás ina n-éascóidh duine inchánach, trí fheidhm a bhaint as comhéadan leictreonach amhail margadh, ardán agus tairseach nó ar shlí eile den tsamhail sin, ciandíolacháin earraí arna n-allmhairiú ó thríú críocha nó ó thríú tíortha i gcoinsíneachtaí de luach intreach nach mó ná EUR 150, nó earraí a bheith á soláthar laistigh den Chomhphobal ag duine inchánach, nach bhfuil bunaithe laistigh den Chomhphobal, do dhuine neamh-inchánach, go measfar an duine inchánach a éascóidh an soláthar na hearraí a fháil agus a sholáthar.. Ós rud é go ndéantar, leis an bhforáil sin, soláthar aonair a dheighilt ina dhá sholáthar, is gá a chinneadh cé acu ceann de na soláthairtí sin ar cheart eiseoladh nó iompar na n-earraí a chur ina leith chun a n-ionad soláthair a chinneadh go cuí.
(1)  Déantar foráil le Treoir 2006/112/CE3 ón gComhairle arna leasú le Treoir (AE) 2017/24554 ón gComhairle go measfar, i gcás ina n-éascóidh duine inchánach, trí fheidhm a bhaint as comhéadan leictreonach amhail margadh, ardán agus tairseach nó ar shlí eile den tsamhail sin, ciandíolacháin earraí arna n-allmhairiú ó thríú críocha nó ó thríú tíortha i gcoinsíneachtaí de luach intreach nach mó ná EUR 150, nó earraí a bheith á soláthar laistigh den Chomhphobal ag duine inchánach, nach bhfuil bunaithe laistigh den Chomhphobal, do dhuine neamh-inchánach, go measfar an duine inchánach a éascóidh an soláthar na hearraí a fháil agus a sholáthar. Ós rud é go ndéantar, leis an bhforáil sin, soláthar aonair a dheighilt ina dhá sholáthar, is gá a chinneadh cé acu ceann de na soláthairtí sin ar cheart eiseoladh nó iompar na n-earraí a chur ina leith chun a n-ionad soláthair a chinneadh go cuí. Is gá a áirithiú freisin go dtarlóidh teagmhas inmhuirearaithe an dá sholáthar sin ag an am céanna.
__________________
___________________
3 Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcóras comhchoiteann cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1).
3 Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcóras comhchoiteann cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1).
4 Treoir (AE) 2017/2455 ón gComhairle an 5 Nollaig 2017 lena leasaítear Treoir 2006/112/CE agus Treoir 2009/132/CE a mhéid a bhaineann le hoibleagáidí áirithe i ndáil le cáin breisluacha i gcás soláthairtí seirbhísí agus ciandíolacháin earraí (IO L 348, 29.12.2017, lch. 7).
4 Treoir (AE) 2017/2455 ón gComhairle an 5 Nollaig 2017 lena leasaítear Treoir 2006/112/CE agus Treoir 2009/132/CE a mhéid a bhaineann le hoibleagáidí áirithe i ndáil le cáin breisluacha i gcás soláthairtí seirbhísí agus ciandíolacháin earraí (IO L 348, 29.12.2017, lch. 7).
Leasú 2
Togra le haghaidh treorach
Aithris 2
(2)  Cé go bhféadfaidh duine inchánach a éascóidh, trí fheidhm a bhaint as comhéadan leictreonach, soláthar earraí do dhuine neamh-inchánach sa Chomhphobal, go bhféadfaidh sé, i gcomhréir le rialacha atá ann cheana, an CBL a íoctar le soláthraithe nach bhfuil bunaithe sa Chomhphobal a aisbhaint, is é an baol atá ann ná go bhféadfaidh sé nach n-íocfaidh an duine neamh-inchánach an CBL leis na húdaráis chánach. Chun an baol sin a sheachaint, ba cheart go mbeadh an soláthar ón soláthraí a bhfuil earraí á ndíol aige trí fheidhm a bhaint as comhéadan leictreonach díolmhaithe ó CBL, agus ba cheart go mbeadh sé de cheart ag an soláthraí sin an CBL ionchuir a d’íoc sé i leith cheannach nó allmhairiú na n-earraí arna soláthar, an CBL ionchuir sin a aisbhaint.
(2)  Cé go bhféadfaidh duine inchánach a éascóidh, trí fheidhm a bhaint as comhéadan leictreonach, soláthar earraí do dhuine neamh-inchánach sa Chomhphobal, go bhféadfaidh sé, i gcomhréir leis na rialacha atá ann cheana, an CBL a íoctar le soláthraithe nach bhfuil bunaithe sa Chomhphobal a aisbhaint, is é an baol atá ann ná go bhféadfaidh sé nach n-íocfaidh an duine neamh-inchánach an CBL leis na húdaráis chánach. Chun an baol sin a sheachaint, ba cheart go mbeadh an soláthar ón soláthraí a bhfuil earraí á ndíol aige trí fheidhm a bhaint as comhéadan leictreonach díolmhaithe ó CBL, agus ba cheart go mbeadh sé de cheart ag an soláthraí sin an CBL ionchuir a d’íoc sé i leith cheannach nó allmhairiú na n-earraí arna soláthar, an CBL ionchuir sin a aisbhaint. Chun na críche sin, ba cheart go mbeadh an soláthraí cláraithe i dtólamh sa Bhallstát ina bhfuair an soláthraí na hearraí sin nó inar allmhairigh sé iad.
Leasú 3
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 a (nua)
Treoir 2006/112/CE
Airteagal 66 a (nua)
(1a)  cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:
“Airteagal 66a
De mhaolú ar Airteagail 63, 64 agus 65, maidir leis an teagmhas inmhuirearaithe i ndáil le hearraí a bheith á soláthar ag duine inchánach a meastar go bhfuair agus gur sholáthar sé na hearraí i gcomhréir le hAirteagal 14a agus i ndáil leis an soláthar don duine inchánach sin, tarlóidh sé agus tiocfaidh CBL chun bheith inmhuirearaithe tráth a ghlacfar leis an íocaíocht.”
Leasú 4
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4 a (nua)
Treoir 2006/112/CE
Airteagal 272 – mír 1 – fomhír 1 – pointe b
(4a)  sa chéad fhomhír d’Airteagal 272(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
“(b) daoine inchánach nach bhfuil ceann ar bith de na hidirbhearta dá dtagraítear in Airteagail 20, 21, 22, 33, 36, 136a, 138 agus 141 á dhéanamh acu;”
“(b) daoine inchánach nach bhfuil ceann ar bith de na hidirbhearta dá dtagraítear in Airteagail 20, 21, 22, 33, 36, 136a, 138 agus 141 á dhéanamh acu;”
Leasú 5
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – fomhír 7 – pointe a
Treoir 2006/112/CE
Airteagal 369a – mír 1 – pointe 3 – pointe c
(c)  i gcás soláthar earraí arna dhéanamh trí bhíthin comhéadan leictreonach lena n-éascaítear na soláthairtí sin i gcomhréir le mír 2 d’Airteagal 14a i gcás inar sa Bhallstát céanna a thosaíonn agus a chríochnaíonn eiseoladh nó iompar na n-earraí arna soláthar;
(c)  i gcás soláthar earraí arna dhéanamh ag duine inchánach a bhfuil na soláthairtí sin á n-éascú aige i gcomhréir le mír 2 d’Airteagal 14a i gcás inar sa Bhallstát céanna a thosaíonn agus a chríochnaíonn eiseoladh nó iompar na n-earraí arna soláthar;
Leasú 6
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 7 – pointe b
Treoir 2006/112/CE
Airteagal 369a – mír 2 a (nua)
(b)  cuirtear an tríú mír seo a leanas isteach:
(b)  cuirtear an mhír seo a leanas isteach:
I gcás nár bhunaigh duine inchánach a ghnólacht sa Chomhphobal agus nach bhfuil buanbhunaíocht aige ann, is é an Ballstát óna eiseoltar nó óna iompraítear na hearraí a bheidh sa Bhallstát aitheantais. I gcás ina bhfuil níos mó ná Ballstát amháin ann óna eiseoltar nó óna iompraítear na hearraí, tabharfaidh an duine inchánach le fios cé acu ceann de na Ballstáit sin a bheidh sa Bhallstát aitheantais. Beidh an duine inchánach faoi cheangal ag an gcinneadh sin don bhliain féilire lena mbaineann agus don dá bhliain féilire ina dhiaidh sin.”;
I gcás nár bhunaigh duine inchánach a ghnólacht sa Chomhphobal agus nach bhfuil buanbhunaíocht aige ann, is é an Ballstát ina dtosaítear ar na hearraí a eiseoladh nó a iompar a bheidh sa Bhallstát aitheantais. I gcás ina bhfuil níos mó ná Ballstát amháin ann ina dtosaítear ar na hearraí a eiseoladh nó a iompar, tabharfaidh an duine inchánach le fios cé acu ceann de na Ballstáit sin a bheidh sa Bhallstát aitheantais. Beidh an duine inchánach faoi cheangal ag an gcinneadh sin don bhliain féilire lena mbaineann agus don dá bhliain féilire ina dhiaidh sin.”;
Leasú 7
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 11
Treoir 2006/112/CE
Airteagal 369g – mír 1 – pointe a
(a)  ciandíolacháin earraí agus soláthairtí earraí laistigh den Chomhphobal i gcomhréir le mír 2 d’Airteagal 14a i gcás inar sa Bhallstát céanna a thosaíonn agus a chríochnaíonn eiseoladh nó iompar na n-earraí sin;
(a)  ciandíolacháin earraí agus soláthairtí earraí laistigh den Chomhphobal;
(aa)   soláthairtí earraí i gcomhréir le mír 2 d’Airteagal 14a i gcás inar sa Bhallstát céanna a thosaíonn agus a chríochnaíonn eiseoladh nó iompar na n-earraí sin;
Leasú 8
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 11 a (nua)
Treoir 2006/112/CE
Airteagal 369g – mír 2 a (nua)
(11a)  in Airteagal 369g, cuirtear an mhír seo a leanas leis:
“2a. I gcás ina bhfuil ag an duine inchánach a bhfuil seirbhísí a chumhdaítear faoin scéim speisialta á soláthar aige buanbhunaíocht amháin nó níos mó, seachas an bhuanbhunaíocht sin sa Bhallstát aitheantais, óna soláthraítear na seirbhísí, áireofar ar an tuairisceán CBL freisin an luach iomlán diomaite de CBL, na rátaí infheidhme CBL, suim iomlán na cánach breisluacha comhfhreagraí in aghaidh an ráta agus an CBL iomlán is dlite i leith na soláthairtí sin, i gcás gach Ballstáit ina bhfuil buanbhunaíocht ag an duine inchánach, maille le huimhir aitheantais CBL aonair nó uimhir thagartha cánach gach buanbhunaíochta, arna miondealú de réir Ballstát tomhaltais.”
Leasú 9
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 12
Treoir 2006/112/CE
Airteagal 369zb – mír 2
“2. Ceanglóidh na Ballstáit go mbeidh an CBL dá dtagraítear i mír 1 iníoctha go míosúil. Is é an spriocdháta don íocaíocht ná an spriocdháta sin is infheidhme maidir le híocaíocht na dleachta allmhairiúcháin i gcásanna comhchosúla.”.
“2. Ceanglóidh na Ballstáit go mbeidh an CBL dá dtagraítear i mír 1 iníoctha go míosúil faoin spriocdháta don íocaíocht is infheidhme maidir le híocaíocht na dleachta allmhairiúcháin.”.
An nuashonrú is déanaí: 2 Meitheamh 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais