Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2019/2114(BUD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0021/2019

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0021/2019

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 14/11/2019 - 5.3
CRE 14/11/2019 - 5.3

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2019)0053

Téacsanna atá glactha
PDF 132kWORD 56k
Déardaoin, 14 Samhain 2019 - Brussels
An Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh - EGF/2019/001 BE/Carrefour - An Bheilg
P9_TA(2019)0053A9-0021/2019
Rún
 Iarscríbhinn

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Samhain 2019 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le leas a bhaint as an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú tar éis iarratas ón mBeilg – EGF/2019/001 BE/Carrefour (COM(2019)0442 – C9-0127/2019 – 2019/2114(BUD))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2019)0442 – C9-0127/2019),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006(1) (Rialachán CED),

–  ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020(2), agus go háirithe Airteagal 12 de,

–  ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, le comhar i gcúrsaí buiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais(3) (IIA an 2 Nollaig 2013), agus go háirithe pointe 13 de,

–  ag féachaint don nós imeachta tríthaobhach dá bhforáiltear i bpointe 13 de IIA an 2 Nollaig 2013,

–  ag féachaint don litir ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A9-0021/2019),

A.  de bhrí go bhfuil ionstraimí reachtacha agus buiséadacha curtha ar bun ag an Aontas chun tacaíocht bhreise a thabhairt d’oibrithe atá thíos leis na mórathruithe struchtúracha ar phatrúin na trádála domhanda nó atá thíos leis an ngéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíoch, agus chun cabhair a thabhairt maidir lena n-athimeascadh sa mhargadh saothair; de bhrí go gcuirtear an cúnamh seo ar fáil trí thacaíocht airgeadais a tugtar d’oibrithe agus na comhlachtaí inar oibrigh siad;

B.  de bhrí gur cheart cúnamh airgeadais an Aontais d’oibrithe arna gcur ar iomarcaíocht a bheith dinimiciúil agus gur cheart é a chur ar fáil chomh tapa agus chomh héifeachtúil agus is féidir; de bhrí go mbaineann an cás seo le haoisghrúpa lena mbaineann leochaileacht faoi leith, ina bhfuil níos mó ná 81 % de na hoibrithe idir 55 agus 64 bliana d’aois;

C.  de bhrí gur chuir an Bheilg iarratas EGF/2019/001 BE/Carrefour isteach le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED, tar éis 751 iomarcaíocht le linn na tréimhse tagartha san earnáil eacnamaíoch a aicmítear faoi Rannán 47 (Trádáil mhiondíola, seachas mótarfheithiclí agus gluaisrothair) de NACE Athbhreithniú 2, idir an 30 Samhain 2018 agus an 30 Márta 2019; de bhrí gur cuireadh 268 oibrí ar iomarcaíocht roimh an tréimhse thagartha nó ina diaidh; de bhrí, de réir an Choimisiúin, gur féidir nasc cúisíoch soiléir a aithint leis an eachtra a spreag na hiomarcaíochtaí le linn na tréimhse tagartha; de bhrí nár cuireadh aon chistí ná cláir i bhfeidhm i dtaca leis na fíorais a gcuirtear síos orthu san iarratas a chuir an Bheilg isteach;

D.  de bhrí go bhfuil an t-iarratas bunaithe ar na critéir idirghabhála a leagtar amach i bpointe (a) d’Airteagal 4(1) de Rialachán CED, lena gceanglaítear go gcuirfí ar a laghad 500 oibrí ar iomarcaíocht le linn tréimhse thagartha ceithre mhí i bhfiontar i mBallstát, lena n-áirítear oibrithe ar chuir soláthraithe agus táirgeoirí iartheachtacha ar iomarcaíocht iad agus/nó daoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht;

E.  de bhrí gur chinn an Bheilg, i gcomhréir le hAirteagal 6(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013, seirbhísí pearsantaithe arna gcómhaoiniú ag CED a sholáthar freisin do 330 duine óg nach bhfuil i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna (NEETanna);

1.  ag aontú leis an gCoimisiún go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4(1) de Rialachán CED comhlíonta agus go bhfuil an Bheilg i dteideal EUR 1 632 028 de ranníocaíocht airgeadais faoin Rialachán sin, arb ionann í agus 60 % den chostas iomlán de EUR 2 720 047, a chuimsíonn EUR 2 665 047 de chaiteachas ar sheirbhísí pearsantaithe agus EUR 55 000 de chaiteachas ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe;

2.  ag tabhairt dá haire gur chuir údaráis na Beilge an t-iarratas isteach an 20 Meitheamh 2019, agus, i ndiaidh don Bheilg faisnéis bhreise a chur ar fáil, gur chuir an Coimisiún bailchríoch ar a mheasúnú an 4 Deireadh Fómhair 2019 agus gur thug sé fógra do Pharlaimint na hEorpa faoi an lá céanna;

3.  ag tabhairt dá haire gur thosaigh an Bheilg ag cur seirbhísí pearsantaithe ar fáil do na tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu an 1 Nollaig 2018 agus gurb í an tréimhse incháilitheachta le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED dá réir sin ná an 1 Nollaig 2018 go dtí an 20 Meitheamh 2021;

4.  ag tabhairt dá haire gur thosaigh an Bheilg ag tabhú caiteachas riaracháin chun CED a chur i bhfeidhm an 25 Eanáir 2018 agus, dá bhrí sin, go mbeidh caiteachas ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe idir an 25 Eanáir 2018 agus an 20 Nollaig 2021 incháilithe chun ranníocaíocht airgeadais a fháil ó CED;

5.  ag meabhrú gur cheart pacáiste comhordaithe na seirbhísí pearsantaithe a leagan amach ar bhealach lena gcuirtear san áireamh na forbairtí atá ag teacht chun cinn ar an margadh saothair, agus béim ar leith ar an aistriú i dtreo geilleagar inbhuanaithe agus éifeachtúil ó thaobh acmhainní de;

6.  ag meabhrú gurb é seo an 14ú hiarratas CED ón mBeilg agus go raibh baint ag na hiarratais sin le hearnálacha éagsúla: mótarfheithiclí, monarú miotal bunúsach, teicstílí, innealra agus trealamh, gloine agus, leis an gcás seo, cumhdaítear an earnáil mhiondíola sa Bheilg den chéad uair; ag meabhrú gurb é seo an 10ú hiarratas CED go dtí seo a bhaineann leis an earnáil mhiondíola;

7.  ag tabhairt dá haire go bhfuil athrú ollmhór ag teacht ar thrádáil mhiondíola faoi láthair, mar gheall ar an domhandú (ríomhthráchtáil, siopadóireacht ar líne), go bhfuil iomarcaíochtaí ag tarlú mar thoradh ar sin agus go bhfuil tionchar mór ag patrúin athraitheacha i nósanna tomhaltóirí agus ag an digitiú ar thrádáil mhiondíola; ag cur i dtreis nach mbaineann na hiomarcaíochtaí in Carrefour Belgique SA leis an earnáil bhia go díreach ach go mbaineann siad le ríomhthráchtáil táirgí ar nós leabhar agus gléasanna leictreonacha den chuid is mó; ag tabhairt dá haire go bhfhéadfadh méadú teacht ar iomarcaíochtaí den chineál seo as sin amach anseo mar gheall ar an digitiú, agus gur cheart é sin a chur san áireamh le linn na bpléití maidir le CED sa chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile don tréimhse 2021 go 2027;

8.  den tuairim gur dúshlán é an domhandú don Aontas; á mheas, ina theannta sin, gur gá deiseanna athoiliúna agus breisoiliúna a chruthú i gcomhlachtaí Eorpacha chun dífhostaíocht i measc na hóige agus dífhostaíocht eile a chomhrac; ag súil go n-áiritheoidh Carrefour Belgique SA go mbeidh an t-idirphlé sóisialta ardchaighdeáin is gá lena oibrithe ann le linn an phróisis sin;

9.  ag tabhairt dá haire go mbaineann an t-iarratas le 1 019 oibrí a cuireadh ar iomarcaíocht in Carrefour Belgique SA, agus go mbaineann an iomarcaíocht sin leis an mBeilg ina hiomlán; ag tabhairt dá haire freisin go bhfuil an Bheilg ag súil nach nglacfaidh ach 400 duine as líon iomlán na dtairbhithe atá i dteideal páirt a ghlacadh sna bearta seo (na tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu), is iad sin oibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht sa Vallúin mar tá drochimpleacht shuntasach ar leith ag na hiomarcaíochtaí sin ar chúrsaí fostaíochta agus mar sin ar gheilleagar réigiúnach na Vallúine mar gheall ar an easpa post sa réigiúin, an ráta dífhostaíochta atá sách ard cheana féin agus, mar thoradh air sin, na deacrachtaí ath-imlonnaithe a bhfuil súil leo do na hoibrithe atá ar iomarcaíocht, go háirithe dóibh siúd atá níos sine ná 50 bliain d’aois; ag meabhrú, maidir leis sin, go bhfuil ráta dífhostaíochta 8,6 % sa Vallúin i bhfad níos airde ná an meánráta dífhostaíochta 6,9 % san Aontas, atá dhá uair níos airde ná an ráta dífhostaíochta 3,5 % i réigiún Fhlóndras;

10.  ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, go molann an Bheilg seirbhísí pearsantaithe atá cómhaoinithe ag CED a sholáthar do suas le 330 duine óg faoi bhun 25 bliana d’aois atá i mbun fostaíochta, oideachais nó oiliúna (NEETanna) tráth a chuirtear an t-iarratas isteach, ó tharla gur i réigiúin leibhéal 2 NUTS Province Hainaut agus Province Liège atá 240 de na hiomarcaíochtaí, réigiúin ina raibh rátaí dífhostaíochta 20 % ar a laghad i measc daoine óga atá idir 15 bliana d’aois agus 24 bliana d’aois, bunaithe ar na sonraí bliantúla atá ar fáil maidir le 2018;

11.  ag tabhairt dá haire go bhfuil cúig chineál gníomhaíochta á mbeartú ag an mBeilg do na hoibrithe iomarcacha a chumhdaítear leis an iarratas seo:

   (i) Tacaíocht/Treoir/Imeascadh,
   (ii) Oiliúint, athoiliúint agus gairmoiliúint,
   (iii) Tacaíocht ionsar chruthú gnónna,
   (iv) Rannchuidiú le gnónna nuathionscanta,
   (v) Liúntais; ag cur i bhfáth, sa chás seo, gur léiriú ar an ábharthacht atá le tacaíocht, treoir agus imeascadh, mar aon le hoiliúint, athoiliúint agus gairmoiliúint is ea an líon rannpháirtithe measta (730 rannpháirtí measta sa chéad ghníomhaíocht, 460 rannpháirtí measta sa dara ceann);

12.  ag cur i bhfáth go gcuirfear oiliúint go háirithe ar NEETanna maidir le post a chuardach agus le hiarratas a dhéanamh ar phost, agus go mbeidh siad níos eolaí ar dhlí an tsaothair, ar chearta sóisialta agus ar an tacaíocht maidir le nósanna imeachta riaracháin. Thairis sin, tabharfar liúntas míosúil EUR 350 d’oibrithe agus do NEETanna a dhéanfaidh staidéir lánaimseartha a ghabháil de láimh ar feadh tréimhse bliana ar a laghad;

13.  ag cur in iúl gur díol sásaimh di go ndearna an Bheilg an pacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe a tharraingt suas i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta, go háirithe leis na ceardchumainn, leis na comhairleoirí gairme agus leis na hoibrithe sóisialta, chun athmhachnamh a dhéanamh ar réitigh ath-imlonnaithe éagsúla arna n-oiriúnú do riachtanais na n-oibrithe iomarcacha;

14.  ag cur i bhfáth go bhfuil sé deimhnithe ag údaráis na Beilge nach bhfaigheann na gníomhaíochtaí incháilithe cúnamh ó chistí ná ó ionstraimí eile airgeadais de chuid an Aontais;

15.  ag athdhearbhú go gcaithfear gan cúnamh ó CED a chur in ionad gníomhaíochtaí atá faoi chúram cuideachtaí, de bhua an dlí náisiúnta nó comhaontuithe comhchoiteanna, ná in ionad bearta chun cuideachtaí nó earnálacha a athstruchtúrú;

16.  ag formheas an chinnidh a ghabhann leis an rún seo;

17.  á threorú dá hUachtarán an cinneadh a shíniú in éineacht le hUachtarán na Comhairle agus socrú a dhéanamh dá fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

18.  á threorú dá hUachtarán an rún seo, mar aon leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis, a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 855.
(2) IO L 347, 20.12.2013, lch. 884.
(3) IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh tar éis iarratas ón mBeilg – EGF/2019/001 BE/Carrefour

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006(1), agus go háirithe Airteagal 15(4) de,

Ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, le comhar i gcúrsaí buiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais(2), agus go háirithe pointe 13 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  Is é an aidhm atá leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED) tacaíocht a thabhairt d’oibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht agus do dhaoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht i ngeall ar mhórathruithe struchtúracha ar phatrúin na trádála domhanda de bharr an domhandaithe, mar thoradh ar leanúint ar aghaidh na géarchéime domhanda airgeadais agus eacnamaíochta, nó i ngeall ar ghéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíochta nua, agus chun cabhrú le hathimeascadh na n-oibrithe sin sa mhargadh saothair.

(2)  Ní sháróidh CED uasmhéid bliantúil EUR 150 milliún (praghsanna 2011), mar a leagtar síos in Airteagal 12 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle(3).

(3)  An 20 Meitheamh 2019, chuir an Bheilg iarratas isteach chun CED a shlógadh, i leith iomarcaíochtaí in Carrefour Belgique SA. Mar fhorlíonadh ar an iarratas sin, bhí faisnéis bhreise a soláthraíodh i gcomhréir le hAirteagal 8(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013. Comhlíontar san iarratas sin na ceanglais chun ranníocaíocht airgeadais ó CED a shocrú, mar a leagtar síos in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013.

(4)  I gcomhréir le hAirteagal 6(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013, chinn an Bheilg seirbhísí pearsantaithe arna gcómhaoiniú ag CED a sholáthar freisin do 330 duine óg nach bhfuil fostaithe, in oideachas ná faoi oiliúint (NEETanna).

(5)  Dá bhrí sin, ba cheart CED a shlógadh chun ranníocaíocht airgeadais EUR 1 632 028 a sholáthar i leith an iarratais a chuir an Bheilg isteach.

(6)  Chun íoslaghdú a dhéanamh ar an am is gá chun CED a shlógadh, ba cheart feidhm a bheith ag an gcinneadh seo ó dháta a ghlactha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Le haghaidh bhuiséad ginearálta an Aontais don bhliain airgeadais 2019, déanfar an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh chun EUR 1 632 028 a sholáthar i leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí agus i leithreasuithe íocaíochta.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm aige ón [dáta a ghlactha](4).

Arna dhéanamh in/sa ...,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 855.
(2) IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.
(3) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).
(4)* An dáta a bheidh le cur isteach ag Parlaimint na hEorpa sula bhfoilseofar é san Iris Oifigiúil.

An nuashonrú is déanaí: 2 Meitheamh 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais