Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Téacsanna atá glactha
PDF 112kWORD 44k
Dé Céadaoin, 27 Samhain 2019 - Strasbourg
Toghadh an Choimisiúin
P9_TA(2019)0067

Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Samhain 2019 lena dtoghtar an Coimisiún (2019/2109(INS))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don dara fomhír agus don tríú fomhír d'Airteagal 17(7) den Chonradh ar an Aontas Eorpach,

–  ag féachaint d'Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,

–  ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/1136 ón gComhairle Eorpach an 2 Iúil 2019(1), lena moltar Ursula von der Leyen mar iarrthóir le haghaidh Uachtarán an Choimisiúin,

–  ag féachaint do ráiteas Ursula von der Leyen agus dá cuid treoirlínte polaitiúla a tíolacadh i suí iomlánach an 16 Iúil 2019,

–  ag féachaint dá chinneadh an 16 Iúil 2019(2) ag toghadh Ursula von der Leyen mar Uachtarán an Choimisiúin,

–  ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/1330 ón gComhairle Eorpach(3), arna ghlacadh le comhaontú Uachtarán toghaí an Choimisiúin, an 5 Lúnasa 2019 ag ceapadh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

–  ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/1949 ón gComhairle, arna ghlacadh de chomhthoil le hUachtarán toghaí an Choimisiúin, an 25 Samhain 2019 lena nglactar leis an liosta de na daoine eile a bheartaíonn an Chomhairle a cheapadh mar Chomhaltaí den Choimisiún agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2019/1393 agus a ghabhann ionad Chinneadh (AE) 2019/1393(4),

–  ag féachaint d'éisteachtaí na gCoimisinéirí ainmnithe a tionóladh ón 30 Meán Fómhair go dtí an 14 Samhain 2019 os comhair na gcoistí parlaiminteacha agus do mheastóireachtaí na gcoistí maidir leis na Coimisinéirí ainmnithe tar éis na n-éisteachtaí,

–  ag féachaint don scrúdú a chuir Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí i gcrích an 20 Samhain 2019 agus don scrúdú a rinne Comhdháil na nUachtarán ag a chruinniú an 21 Samhain 2019,

–  ag féachaint don ráiteas a rinne Uachtarán toghaí an Choimisiúin sa suí iomlánach ar an 27 Samhain 2019,

–  ag féachaint do Riail 125 dá Rialacha Nós Imeachta agus d'Iarscríbhinn VII a ghabhann leis,

1.  ag tabhairt a toilithe maidir le ceapadh an Uachtaráin, an Leas-Uachtaráin do chaidrimh sheachtracha (Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála) agus Chomhaltaí eile an Choimisiúin, mar chomhlacht, don téarma oifige ag rith go 31 Deireadh Fómhair 2024;

2.  á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle Eorpach, chuig Comhairle na nAirí agus chuig Uachtarán toghaí an Choimisiúin.

(1) IO L 179 I, 3.7.2019, lch. 2.
(2) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2019)0002.
(3) IO L 207, 7.8.2019, lch. 36.
(4) IO L 304, 26.11.2019, lch. 16.

An nuashonrú is déanaí: 5 Márta 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais