Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2019/2137(BUD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0040/2019

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0040/2019

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 27/11/2019 - 6.2

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2019)0068

Téacsanna atá glactha
PDF 123kWORD 45k
Dé Céadaoin, 27 Samhain 2019 - Strasbourg
Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun cúnamh a thabhairt don Ghréig
P9_TA(2019)0068A9-0040/2019
Rún
 Iarscríbhinn

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Samhain 2019 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a fhorscaoileadh chun cúnamh a thabhairt don Ghréig (COM(2019)0496 – C9-0144/2019 – 2019/2137(BUD))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2019)0496 – C9‑0144/2019),

–  ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh(1),

–  ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020(2), agus go háirithe Airteagal 10 de,

–  ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, le comhar i gcúrsaí buiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais(3), agus go háirithe pointe 11 de,

–  ag féachaint don litir ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A9-0040/2019),

1.  ag cur iúl go bhfáiltíonn sí roimh an cinneadh mar chomhartha dhlúthpháirtíocht an Aontais le saoránaigh an Aontais agus leis na réigiúin atá buailte ag na tubaistí nádúrtha;

2.  ag meabhrú go bhfuil sé d’aidhm ag Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (‘an Ciste’) freagairt thapa agus éifeachtúil a thabhairt ar staideanna éigeandála chun dlúthpháirtíocht a léiriú; ag cur i bhfáth maidir leis sin nár cheart go dtiocfadh aon mhoill as nósanna imeachta inmheánacha um shaoradh deireanach de chúnamh airgeadais tríd an gCiste, ós rud é go bhfuil tubaistí nádúrtha ina gcúis le damáiste fairsing a chuireann isteach go mór ar shaol laethúil na ndaoine agus ar gheilleagair áitiúla;

3.  ag tabhairt dá haire, de réir mheabhrán míniúcháin an Choimisiúin, nár baineadh leas as EUR 265 252 381 de leithdháileadh an Chiste in 2018 agus gur tugadh anonn é agus go bhfuil EUR 557 530 278 fós ar fáil do 2019;

4.  ag cur i bhfáth a dheargriachtanaí is atá sé cúnamh airgeadais a chur ar fáil tríd an gCiste do na réigiúin san Aontas ar bhuail tubaistí nádúrtha iad in 2019;

5.  ag formheas an chinnidh atá i gceangal leis an rún seo;

6.  ag cur i bhfáth go bhfuil gá leis an bhfuílleach a shaoradh a luaithe is féidir agus laistigh de thréimhse ama réasúnta, os rud é gur cheart oibríochtaí téarnaimh sa Chréit a chur chun lánchríche láithreach de bharr eachtraí adhaimsire ar minice a tharlaíonn siad sa Chréit agus i réigiúin eile sa Ghréig;

7.  á threorú dá hUachtarán an cinneadh a shíniú in éineacht le hUachtarán na Comhairle agus socrú a dhéanamh i leith a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

8.  á threorú dá hUachtarán an rún seo, lena n-áirítear an iarscríbhinn a ghabhann leis, a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

(1) IO L 311, 14.11.2002, lch. 3.
(2) IO L 347, 20.12.2013, lch. 884.
(3) IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a fhorscaoileadh chun cúnamh a thabhairt don Ghréig

(Ní dhéantar téacs na hiarscríbhinne seo a atáirgeadh anseo ós rud é go gcomhfhreagraíonn sé leis an ngníomh críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2020/28.)

An nuashonrú is déanaí: 5 Márta 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais