Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2019/2027(BUD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0036/2019

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0036/2019

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 27/11/2019 - 6.4

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2019)0070

Téacsanna atá glactha
PDF 121kWORD 45k
Dé Céadaoin, 27 Samhain 2019 - Strasbourg
Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun foráil a dhéanamh maidir le réamhíocaíochtaí a íoc i mbuiséad ginearálta an Aontais do 2020
P9_TA(2019)0070A9-0036/2019
Rún
 Iarscríbhinn

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Samhain 2019 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun foráil a dhéanamh maidir le réamhíocaíochtaí a íoc i mbuiséad ginearálta an Aontais do 2020 (COM(2019)0252 – C9-0008/2019 – 2019/2027(BUD))

Tá Parlaimint na hEorpa

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2019)0252 – C9‑0008/2019),

–  ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh(1),

–  ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020(2), agus go háirithe Airteagal 10 de,

–  ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar i gcúrsaí buiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais(3), agus go háirithe pointe 11 de,

–  ag féachaint don téacs comhpháirteach a d’fhormheas an Coiste Idir-réitigh an 18 Samhain 2019 (A9-0035/2019),

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A9-0036/2019),

A.  de bhrí gurb amhlaidh, i gcomhréir le hAirteagal 4a(4) de Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002, go ndéantar méid is ionann agus EUR 50 000 000 a chur ar fáil chun réamhíocaíochtaí a dhéanamh trí leithreasuithe i mbuiséad ginearálta an Aontais;

1.  ag formheas an chinnidh a ghabhann leis an rún seo;

2.  á threorú dá hUachtarán an cinneadh a shíniú in éineacht le hUachtarán na Comhairle agus socrú a dhéanamh maidir lena fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

3.  á threorú dá hUachtarán an rún seo, lena n-áirítear an Iarscríbhinn a ghabhann leis, a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

(1) IO L 311, 14.11.2002, lch. 3.
(2) IO L 347, 20.12.2013, lch. 884.
(3) IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun foráil a dhéanamh maidir le réamhíocaíochtaí a íoc i mbuiséad ginearálta an Aontais do 2020

(Ní dhéantar téacs na hiarscríbhinne seo a atáirgeadh anseo ós rud é go gcomhfhreagraíonn sé leis an ngníomh críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2020/264.)

An nuashonrú is déanaí: 5 Márta 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais