Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2018/0412(CNS)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0048/2019

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0048/2019

Díospóireachtaí :

PV 16/12/2019 - 15
CRE 16/12/2019 - 15

Vótaí :

PV 17/12/2019 - 4.7
Mínithe ar vótaí

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2019)0090

Téacsanna atá glactha
PDF 157kWORD 51k
Dé Máirt, 17 Nollaig 2019 - Strasbourg Eagrán deiridh
Ceanglais i gcomhair soláthraí seirbhísí íocaíochta *
P9_TA(2019)0090A9-0048/2019

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Nollaig 2019 ar an togra le haghaidh treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le ceanglais áirithe i gcomhair soláthraithe seirbhísí íocaíochta a thabhairt isteach (COM(2018)0812 – C8-0015/2019 – 2018/0412(CNS))

(An nós imeachta reachtach speisialta – comhairliúchán)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an gComhairle (COM(2018)0812),

–  ag féachaint d’Airteagal 113 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle leis an bParlaimint (C8‑0015/2019),

–  ag féachaint do Riail 82 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0048/2019),

1.  ag formheas an togra ón gCoimisiún arna leasú;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún a thogra a athrú dá réir, i gcomhréir le hAirteagal 293(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

3.  á iarraidh ar an gComhairle a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa má tá sé ar intinn aici imeacht ón téacs atá formheasta ag Parlaimint na hEorpa;

4.  á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa an athuair má tá sé ar intinn aici an togra ón gCoimisiún a leasú go substaintiúil;

5.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún   Leasú
Leasú 1
Togra le haghaidh treorach
Aithris 2 a (nua)
(2a)  De réir Thuarascáil Chríochnaitheach 2019 i gcomhthéacs “Staidéar agus Tuarascálacha maidir leis an mBearna CBL sna 28 mBallstát-AE”44a arna hullmhú don Choimisiúin, b’ionann bearna CBL san Aontas, is é sin an difear atá idir an t-ioncam measta ó CBL agus an méid a bailíodh go hiarbhír, agus EUR 137,5 billiún in 2017, arb ionann é agus EUR 267 d’ioncam a cailleadh in aghaidh an duine san Aontas. Tá difríochtaí móra, áfach, idir na Ballstáit, le bearnaí CBL ó faoi bhun 0,7 % den ioncam measta iomlán i roinnt Ballstát go 35,5 % i mBallstáit eile. Cuireann sé sin i bhfáth an gá atá le tuilleadh comhair thrasnáisiúnta chun calaois CBL ríomhthráchtála go háirithe a chomhrac níos fearr, mar aon le calaois CBL ar bhonn níos ginearálta (lena n-áirítear calaois rothlach).
_________________
44a   Ar fáil ag https://ec.europa.eu/taxation_customs/sites/taxation/files/vat-gap-full-report-2019_ga.pdf.
Leasú 2
Togra le haghaidh treorach
Aithris 2 b (nua)
(2b)  Ba cheart go bhfabhródh an straitéis maidir le comhrac i gcoinne calaois CBL i gcomhthreo leis an nuachóiriú agus digitiú méadaithe ar an ngeilleagar agus an córas CBL a dhéanamh chomh simplí agus is féidir do ghnólachtaí agus do shaoránaigh. Dá bhrí sin, tá tábhacht ar leith leis go leanfadh na Ballstáit de bheith ag infheistiú i gcóras bailithe cánach atá á threorú ag an teicneolaíocht, go háirithe trí scipéid airgid chorparáideacha agus córais díolacháin a nascadh le tuairisceáin CBL. Ina theannta sin, ba cheart do na húdaráis chánach leanúint dá n-iarrachtaí ionsar chomhar níos dlúithe agus malartú dea-chleachtas, lena n-áirítear trí Chruinniú Mullaigh AE maidir le Riarachán Cánach (TADEUS), líonra de cheannairí riaracháin chánach na mBallstát a bhfuil comhordú níos fearr ar leibhéal straitéiseach idir na riaracháin chánacha á lorg aige. I ndáil leis sin, ba cheart do na húdaráis chánach oibriú ionsar chumarsáid agus idir-inoibritheacht éifeachtach idir na bunachair sonraí uile a bhaineann le hábhair fhioscacha ar leibhéal an Aontais. D’fhéadfaí úsáid a bhaint as teicneolaíocht bhlocshlabhra freisin chun cosaint níos fearr a thabhairt do shonraí pearsanta agus an malartú faisnéise ar líne idir na húdaráis chánach a fheabhsú.
Leasú 3
Togra le haghaidh treorach
Aithris 3 a (nua)
(3a)  Faoi láthair, ós rud é nach ndéantar íocaíochtaí trí ardáin mhalartaithe airgeadraí fíorúla ach amháin i líon teoranta cásanna, ní mheastar ardáin den sórt sin a bheith ina soláthraithe seirbhísí íocaíochta mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2015/2366 ó Parlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a. Tá an baol ann, áfach, go ndéanfaí calaois CBL, cé go bhfuil sé teoranta faoi láthair. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh laistigh de thrí bliana i dtaobh ar cheart ardáin mhalartaithe airgeadraí fíorúla a chuimsiú i raon feidhme na Treorach seo.
_______________
1a   Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoir 2002/65/CE, Treoir 2009/110/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).
Leasú 4
Togra le haghaidh treorach
Aithris 7
(7)  I gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle46 , tá sé tábhachtach go mbeadh an oibleagáid ar sholáthraí seirbhísí íocaíochta faisnéis a choimeád agus a sholáthar i ndáil le hidirbheart íocaíochta trasteorann, agus go mbeadh an oibleagáid sin comhréireach agus teoranta don mhéid is gá do na Ballstáit chun calaois CBL ríomhthráchtála a chomhrac. Ina theannta sin, is é suíomh an íocóra an t-aon fhaisnéis dá mbaineann leis an íocóir is ceart a choinneáil. I ndail le faisnéis a bhaineann leis an íocaí agus leis an idirbheart íocaíochta féin, níor cheart go mbeadh sé de cheangal ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta ach an faisnéis sin amháin atá riachtanach do na húdaráis chánach chun calaoiseoirí féideartha a bhrath agus chun rialuithe cánach a dhéanamh, a choinneáil agus a tharchur chuig na húdaráis sin. Dá bhrí sin, níor cheart go mbeadh sé de cheangal ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta ach na taifid sin amháin a bhaineann le híocaíochtaí trasteorann a choinneáil, ar taifid iad ar dócha go léireoidís gníomhaíochtaí eacnamaíocha. Dá ndéanfaí uasteorainn a thabhairt isteach a bheadh bunaithe ar líon na n-íocaíochtaí a fuair íocaí le linn ráithe féilire, thabharfadh sé sin léiriú iontaofa go bhfuarthas na híocaíochtaí sin mar chuid de ghníomhaíocht eacnamaíoch, lena gcuirfí as an áireamh íocaíochtaí a fuarthas ar chúiseanna neamhthráchtála dá bhrí sin. I gcás ina mbainfí an uasteorainn sin amach, chuirfí i ngníomh oibleagáid an tsoláthraí seirbhísí íocaíochta.
(7)  I gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle46, tá sé tábhachtach go mbeadh an oibleagáid ar sholáthraí seirbhísí íocaíochta faisnéis a choimeád agus a sholáthar i ndáil le hidirbheart íocaíochta trasteorann, agus go mbeadh an oibleagáid sin comhréireach agus teoranta don mhéid is gá do na Ballstáit chun calaois CBL ríomhthráchtála a chomhrac. Ina theannta sin, is é suíomh an íocóra an t-aon fhaisnéis dá mbaineann leis an íocóir is ceart a choinneáil. I ndail le faisnéis a bhaineann leis an íocaí agus leis an idirbheart íocaíochta féin, níor cheart go mbeadh sé de cheangal ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta ach an faisnéis sin amháin atá riachtanach do na húdaráis chánach chun calaoiseoirí féideartha a bhrath agus chun rialuithe cánach a dhéanamh, a choinneáil agus a tharchur chuig na húdaráis sin. Dá bhrí sin, níor cheart go mbeadh sé de cheangal ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta ach na taifid sin amháin a bhaineann le híocaíochtaí trasteorann a choinneáil, ar taifid iad ar dócha go léireoidís gníomhaíochtaí eacnamaíocha. Dá ndéanfaí uasteorainn a thabhairt isteach a bheadh bunaithe ar líon na n-íocaíochtaí a fuair íocaí le linn ráithe féilire nó ar íosmhéid in aghaidh na híocaíochta, thabharfadh sé sin léiriú iontaofa go bhfuarthas na híocaíochtaí sin mar chuid de ghníomhaíocht eacnamaíoch, lena gcuirfí as an áireamh íocaíochtaí a fuarthas ar chúiseanna neamhthráchtála dá bhrí sin. I gcás ina mbainfí an uasteorainn sin amach, chuirfí i ngníomh oibleagáid an tsoláthraí seirbhísí íocaíochta.
_________________
_________________
46 Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
46 Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
Leasú 5
Togra le haghaidh treorach
Aithris 8
(8)  De bharr an lín shuntasaigh faisnéise agus cé chomh híogair is atá sí i dtaobh sonraí pearsanta a chosaint, tá sé riachtanach agus comhréireach do na soláthraithe seirbhísí íocaíochta taifid den fhaisnéis maidir le hidirbhearta íocaíochta trasteorann a choinneáil ar feadh tréimhse dhá bhliain chun cuidiú leis na Ballstáit calaois CBL ríomhthráchtála a chomhrac agus calaoiseoirí a bhrath. Is ionann an tréimhse sin agus an íostréimhse ama is gá do na Ballstáit chun rialuithe a dhéanamh go héifeachtach agus chun imscrúdú a dhéanamh ar chalaois a mheastar a bheith á déanamh ar cháin bhreisluacha nó chun calaois CBL a bhrath.
(8)  De bharr an lín shuntasaigh faisnéise agus cé chomh híogair is atá sí i dtaobh sonraí pearsanta a chosaint, tá sé riachtanach agus comhréireach do na soláthraithe seirbhísí íocaíochta taifid den fhaisnéis maidir le hidirbhearta íocaíochta trasteorann a choinneáil ar feadh tréimhse trí bliana chun cuidiú leis na Ballstáit calaois CBL ríomhthráchtála a chomhrac agus calaoiseoirí a bhrath. Is ionann an tréimhse sin agus an íostréimhse ama is gá do na Ballstáit chun rialuithe a dhéanamh go héifeachtach agus chun imscrúdú a dhéanamh ar chalaois a mheastar a bheith á déanamh ar cháin bhreisluacha nó chun calaois CBL a bhrath.
Leasú 6
Togra le haghaidh treorach
Aithris 8 a (nua)
(8a)   Maidir leis an oibleagáid maidir le taifid a choimeád agus a thuairisciú, ba cheart go dtiocfadh sí chun cinn i gcásanna ina bhfaigheann soláthraí seirbhísí íocaíochta cistí nó idirbhearta íocaíochta thar ceann an íocóra agus ní hamháin i gcás ina ndéanann soláthraí seirbhísí íocaíochta cistí a aistriú nó ina n-eisíonn sé ionstraimí íocaíochta le haghaidh an íocóra.
Leasú 7
Togra le haghaidh treorach
Aithris 8 b (nua)
(8b)   Is gá sainordú uaillmhianach a ghlacadh d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta bhreithiúnacha chun a áirithiú go ndéanfar calaoiseoirí a ionchúiseamh go héifeachtach os comhair na gcuairteanna náisiúnta. Ba cheart calaois CBL trasteorann eagraithe a ionchúiseamh go cuí agus ba cheart go ndéanfaí pionós a ghearradh ar na calaoiseoirí.
Leasú 8
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 – pointe b
Treoir 2006/112/CE
Airteagal 243b – mír 2 – pointe b
(b)  i ndáil leis na cistí dá dtagraítear i bpointe (a) a aistriú, i gcás ina ndéanann an soláthraí seirbhisí níos mó ná 25 idirbheart íocaíochta leis an íocaí céanna le linn ráithe féilire.
(b)  i ndáil leis na cistí dá dtagraítear i bpointe (a) a aistriú, i gcás ina ndéanann an soláthraí seirbhisí níos mó ná 25 idirbheart íocaíochta leis an íocaí céanna le linn ráithe féilire nó ina ndéanann sé cistí a bhfuil luach airgeadúil EUR 2 500 ar a laghad luaite leo a aistriú in aon idirbheart íocaíochta amháin.
Leasú 9
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 – pointe b
Treoir 2006/112/CE
Airteagal 243b – mír 3 – pointe a
(a)  arna gcoinneáil ag an soláthraí seirbhísí íocaíochta i bhformáid leictreonach ar feadh tréimhse dhá bhliain ó dheireadh na bliana lena ndearnadh an t-idirbheart íocaíochta;
(a)  arna gcoinneáil ag an soláthraí seirbhísí íocaíochta i bhformáid leictreonach ar feadh tréimhse trí bliana ó dheireadh na bliana lena ndearnadh an t-idirbheart íocaíochta;
Leasú 10
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 – pointe b
Treoir 2006/112/CE
Airteagal 243c – mír 1 – pointe a
(a)  IBAN chuntas íocaíochta an íocóra;
(a)  uimhir IBAN chuntas íocaíochta an íocóra nó aon aitheantóir eile lena sainaithnítear gan débhrí an t-íocóir agus suíomh an íocóra;
Leasú 11
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 – pointe b
Treoir 2006/112/CE
Airteagal 243d – mír 1 – pointe h
(h)  aon aisíocaíochtaí íocaíochta a rinneadh i gcomhair idirbhearta íocaíochta dá dtagraítear i bpointe (g);
(h)  aon aisíocaíochtaí íocaíochta a rinneadh i gcomhair idirbhearta íocaíochta dá dtagraítear i bpointe (g), má tá siad ar fáil;
Leasú 12
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 a (nua)
Treoir 2006/112/CE
Teideal XV – Caibidil 2a – Airteagal 410 c (nua)
(1a)  I gCaibidil 2a de Theideal XV, cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:
“Airteagal 410c
Faoin 31 Nollaig 2022, tíolacfaidh an Coimisiún, ar bhonn faisnéise a gheofar ó na Ballstáit, tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le hoibriú Roinn 2a de Chaibidil 4 de Theideal XI, go háirithe maidir leis an ngá chun ardáin mhalartaithe airgeadraí fíorúla a chuimsiú faoi raon feidhme na Ranna sin. Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin, i gcás inarb iomchuí.”
Leasú 13
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 2 – mír 1 – fomhír 1
Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 31 Nollaig 2021 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl láithreach don Choimisiún.
Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 31 Nollaig 2023 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.
Leasú 14
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 2 – mír 1 – fomhír 2
Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2022.
Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2024.
An nuashonrú is déanaí: 4 Bealtaine 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais