Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Nollaig 2019 ar an togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh 2013/755/AE ón gComhairle an 25 Samhain 2013 maidir le tíortha agus críocha thar lear a chomhlachú leis an Aontas Eorpach (“Cinneadh maidir le Comhlachú Thar Lear”) (COM(2019)0359 – C9-0118/2019 – 2019/0162(CNS))
(An nós imeachta reachtach speisialta – comhairliúchán)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an gComhairle (COM(2019)0359),
– ag féachaint d’Airteagal 203 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9‑0118/2019),
– ag féachaint do Riail 82 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhorbairt (A9-0033/2019),
1. ag formheas an togra ón gCoimisiún;
2. á iarraidh ar an gComhairle a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa má tá sé ar intinn aici imeacht ón téacs atá formheasta ag Parlaimint na hEorpa;
3. á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa arís má tá sé ar intinn aici an téacs a d’fhormheas Parlaimint na hEorpa a leasú go substaintiúil;
4. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.