Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Téacsanna atá glactha
PDF 118kWORD 45k
Dé Céadaoin, 18 Nollaig 2019 - Strasbourg
Toghadh an Ombudsman
P9_TA(2019)0096
Cinneadh
 Iarscríbhinn

Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Nollaig 2019 lena dtoghtar an tOmbudsman Eorpach (2019/2042(INS))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an tríú mír d'Airteagal 24 agus Airteagal 228 de,

–  ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,

–  ag féachaint do Chinneadh 94/262/CEGC, CE, Euratom an 9 Márta 1994 uaithi maidir leis na rialacháin agus na coinníollacha ginearálta lena rialaítear comhlíonadh dhualgais an Ombudsman(1),

–  ag féachaint do Riail 231 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don ghlaoch ar ainmniúcháin,(2)

–  ag féachaint dá vóta an 18 Nollaig 2019,

1.  ag toghadh Emily O’REILLY chun feidhm an Ombudsman Eorpaigh a fheidhmiú go dtí deireadh an téarma pharlaimintigh;

2.  á iarraidh ar Emily O’REILLY mionn a ghlacadh os comhair na Cúirte Breithiúnais;

3.  á threorú dá hUachtarán an cinneadh atá i gceangal a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

4.  á threorú dá hUachtarán an Cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Bhreithiúnais.

(1) IO L 113, 4.5.1994, lch. 15.
(2) IO C 293, 30.8.2019, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 18 Nollaig 2019

lena dtoghtar an tOmbudsman Eorpach

TÁ PARLAMINT NA hEORPA,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an tríú mír d'Airteagal 24 agus Airteagal 228 de,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,

Ag féachaint do Chinneadh 94/262/CEGC, CE, Euratom uaithi an 9 Márta 1994 maidir leis na rialacháin agus na coinníollacha ginearálta lena rialaítear comhlíonadh dhualgais an Ombudsman(1),

Ag féachaint do Riail 231 dá Rialacha Nós Imeachta,

Ag féachaint don ghlaoch ar ainmniúcháin,(2)

Ag féachaint dá vóta an 18 Nollaig 2019,

TAR ÉIS A CHINNEADH:

Emily O’REILLY a thoghadh chun feidhm an Ombudsman Eorpaigh a fheidhmiú go dtí deireadh an téarma pharlaimintigh.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 18 Nollaig 2019

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

(1) IO L 113, 4.5.1994, lch. 15.
(2) IO C 293, 30.8.2019, lch. 1.

An nuashonrú is déanaí: 4 Bealtaine 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais