Innéacs 
Téacsanna atá glactha
Dé Máirt, 22 Deireadh Fómhair 2019 - Strasbourg
An Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (2014-2020) ***I
 húdaruithe iascaireachta do shoithí de chuid an Aontais in uiscí na Ríochta Aontaithe agus oibríochtaí iascaireachta soithí de chuid na Ríochta Aontaithe in uiscí an Aontais ***I
 Tréimhsí chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/501 agus Rialachán (AE) 2019/502 ***I

An Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (2014-2020) ***I
PDF 123kWORD 45k
Rún
Téacs
Iarscríbhinn
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Deireadh Fómhair 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (2014-2020) (COM(2019)0397 – C9-0109/2019 – 2019/0180(COD))
P9_TA(2019)0034A9-0015/2019

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2019)0397),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 175, an tríú mír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0109/2019),

–  ag féachaint d'Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 25 Meán Fómhair 2019(1),

–  tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

–  ag féachaint don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle ina litir an 2 Deireadh Fómhair 2019, go ndéanfaí seasamh na Parlaiminte a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don litir ón gCoiste um Buiséid,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta (A9-0015/2019),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  ag formheas a ráitis atá i gceangal leis an rún seo;

3.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má bhíonn sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

4.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 22 Deireadh Fómhair 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (2014-2020)

P9_TC1-COD(2019)0180


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2019/1796.)

IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH

RÁITEAS Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

Iarrann Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar Airteagal 4(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (2014-2020) a chur i bhfeidhm ar bhealach solúbtha i gcás tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas, go háirithe maidir le comhiarratais a mbeidh FBManna páirteach iontu i gcásanna aonair nó i gcásanna ilearnálach.

(1)Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.


húdaruithe iascaireachta do shoithí de chuid an Aontais in uiscí na Ríochta Aontaithe agus oibríochtaí iascaireachta soithí de chuid na Ríochta Aontaithe in uiscí an Aontais ***I
PDF 117kWORD 42k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Deireadh Fómhair 2019 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2403 maidir le húdaruithe iascaireachta do shoithí de chuid an Aontais in uiscí na Ríochta Aontaithe agus oibríochtaí iascaireachta soithí de chuid na Ríochta Aontaithe in uiscí an Aontais (COM(2019)0398 – C9-0110/2019 – 2019/0187(COD))
P9_TA(2019)0035A9-0014/2019

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2019)0398),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0110/2019),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 25 Meán Fómhair 2019(1),

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iascach (A9-0014/2019),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh, mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 22 Deireadh Fómhair 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2403 maidir le húdaruithe iascaireachta do shoithí iascaireachta de chuid an Aontais in uiscí na Ríochta Aontaithe agus oibríochtaí iascaireachta soithí iascaireachta de chuid na Ríochta Aontaithe in uiscí an Aontais

P9_TC1-COD(2019)0187


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2019/1797.)

(1) Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.


Tréimhsí chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/501 agus Rialachán (AE) 2019/502 ***I
PDF 117kWORD 41k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Deireadh Fómhair 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/501 agus Rialachán (AE) 2019/502 a mhéid a bhaineann lena dtréimhsí cur i bhfeidhm (COM(2019)0396 – C9-0108/2019 – 2019/0179(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2019)0396),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagail 91(1) and 100(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0108/2019),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 25 Meán Fómhair 2019(1),

–  tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

–  ag féachaint do Rialacha 59 agus 163 dá Rialacha Nós Imeachta,

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 22 Deireadh Fómhair 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) 2019/501 agus (AE) 2019/502 a mhéid a bhaineann lena dtréimhsí cur i bhfeidhm

P9_TC1-COD(2019)0179


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2019/1795.)

(1)Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.

Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais