Innéacs 
Téacsanna atá glactha
Dé Máirt, 17 Nollaig 2019 - Strasbourg
Cúnamh macra-airgeadais don Iordáin ***I
 Comhaontú AE-an Eilvéis maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe i ndáil leis an sceimhlitheoireacht agus an choireacht trasteorann a chomhrac ***
 Comhaontú AE-Lichtinstéin maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe i ndáil leis an sceimhlitheoireacht agus an choireacht trasteorann a chomhrac ***
 Aontachas Oileáin Sholaimh leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Eatramhach AE-Stáit an Aigéin Chiúin ***
 Ceanglais i gcomhair soláthraí seirbhísí íocaíochta *
 Bearta chun comhar riaracháin a neartú ar mhaithe le calaois CBL a chomhrac *
 Tíortha agus críocha thar lear a chomhlachú leis an Aontas Eorpach (“Cinneadh maidir le Comhlachú Thar Lear”) *
 Comhalta de Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Ceannais Eorpaigh a cheapadh
 Comhalta de Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Ceannais Eorpaigh a cheapadh

Cúnamh macra-airgeadais don Iordáin ***I
PDF 119kWORD 43k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Nollaig 2019 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cúnamh macra-airgeadais breise a sholáthar do Ríocht Haisimíteach na hIordáine (COM(2019)0411 – C9-0116/2019 – 2019/0192(COD))
P9_TA(2019)0085A9-0045/2019

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2019)0411),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 212(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0116/2019),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don Dearbhú Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a glacadh in éineacht le Cinneadh Uimh. 778/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Lúnasa 2013 lena dtugtar tuilleadh cúnamh macra-airgeadais don tSeoirsia(1),

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do na litreacha ón gCoiste um Buiséid agus ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A9-0045/2019),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiadh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 17 Nollaig 2019 chun go nglacfaí Cinneadh (AE) 2020/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cúnamh macra-airgeadais breise a sholáthar do Ríocht Haisimíteach na hIordáine

P9_TC1-COD(2019)0192


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2020/33.)

(1) IO L 218, 14.8.2013, lch. 15.


Comhaontú AE-an Eilvéis maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe i ndáil leis an sceimhlitheoireacht agus an choireacht trasteorann a chomhrac ***
PDF 112kWORD 42k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Nollaig 2019 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise ar chur i bhfeidhm forálacha áirithe de Chinneadh 2008/615/CGB ón gComhairle maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe i ndáil leis an sceimhlitheoireacht agus an choireacht trasteorann a chomhrac, de Chinneadh 2008/616/CGB ón gComhairle maidir le cur chun feidhme Chinneadh 2008/615/CGB maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe i ndáil leis an sceimhlitheoireacht agus an choireacht trasteorann a chomhrac, agus den Iarscríbhinn a ghabhann leis, agus de Chinneadh Réime 2009/905/CGB ón gComhairle maidir le creidiúnú soláthróirí seirbhísí fóiréinseacha a dhéanann gníomhaíochtaí saotharlainne (08730/2019 – C9-0018/2019 – 2019/0013(NLE))
P9_TA(2019)0086A9-0043/2019

(Toiliú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (08730/2019),

–  ag féachaint don dréachtchomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le cur i bhfeidhm forálacha áirithe de Chinneadh 2008/615/CGB ón gComhairle maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe i ndáil leis an sceimhlitheoireacht agus an choireacht trasteorann a chomhrac, de Chinneadh 2008/616/CGB ón gComhairle maidir le cur chun feidhme Chinneadh 2008/615/CGB maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe i ndáil leis an sceimhlitheoireacht agus an choireacht trasteorann a chomhrac, agus den Iarscríbhinn a ghabhann leis, agus de Chinneadh Réime 2009/905/CGB ón gComhairle maidir le creidiúnú soláthróirí seirbhísí fóiréinseacha a dhéanann gníomhaíochtaí saotharlainne (08744/2019 agus 10510/2019),

–  ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 82(1), an dara fomhír, pointe (d) agus Airteagal 87(2), pointe (a), i gcomhar le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9‑0018/2019),

–  ag féachaint do Riail 105(1) agus (4) agus do Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0043/2019),

1.  ag tabhairt a toilithe an comhaontú a thabhairt i gcrích;

2.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Chónaidhm na hEilvéise.


Comhaontú AE-Lichtinstéin maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe i ndáil leis an sceimhlitheoireacht agus an choireacht trasteorann a chomhrac ***
PDF 112kWORD 42k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Nollaig 2019 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Lichtinstéin ar chur i bhfeidhm forálacha áirithe de Chinneadh 2008/615/CGB ón gComhairle maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe i ndáil leis an sceimhlitheoireacht agus an choireacht trasteorann a chomhrac, de Chinneadh 2008/616/CGB ón gComhairle maidir le cur chun feidhme Chinneadh 2008/615/CGB maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe i ndáil leis an sceimhlitheoireacht agus an choireacht trasteorann a chomhrac, agus den Iarscríbhinn a ghabhann leis, agus de Chinneadh Réime 2009/905/CGB ón gComhairle maidir le creidiúnú soláthróirí seirbhísí fóiréinseacha a dhéanann gníomhaíochtaí saotharlainne (08732/2019 – C9-0019/2019 – 2019/0012(NLE))
P9_TA(2019)0087A9-0044/2019

(Toiliú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (08732/2019),

–  ag féachaint don dréachtchomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Lichtinstéin ar chur i bhfeidhm forálacha áirithe de Chinneadh 2008/615/CGB ón gComhairle maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe i ndáil leis an sceimhlitheoireacht agus an choireacht trasteorann a chomhrac, de Chinneadh 2008/616/CGB ón gComhairle maidir le cur chun feidhme Chinneadh 2008/615/CGB maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe i ndáil leis an sceimhlitheoireacht agus an choireacht trasteorann a chomhrac, agus den Iarscríbhinn a ghabhann leis, agus de Chinneadh Réime 2009/905/CGB ón gComhairle maidir le creidiúnú soláthróirí seirbhísí fóiréinseacha a dhéanann gníomhaíochtaí saotharlainne (08750/2019 agus 10513/2019),

–  ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 82(1), an dara fomhír, pointe (d) agus Airteagal 87(2), pointe (a), i gcomhar le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9‑0019/2019),

–  ag féachaint do Riail 105(1) agus (4) agus do Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0044/2019),

1.  ag tabhairt a toilithe chun an comhaontú a thabhairt i gcrích;

2.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Phrionsacht Lichtinstéin.


Aontachas Oileáin Sholaimh leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Eatramhach AE-Stáit an Aigéin Chiúin ***
PDF 112kWORD 42k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Nollaig 2019 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le haontachas Oileáin Sholaimh leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Eatramhach idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus Stáit an Aigéin Chiúin, den pháirt eile (09405/2019 – C9-0010/2019 – 2019/0099(NLE))
P9_TA(2019)0089A9-0050/2019

(Toiliú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (09405/2019),

–  ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 207(3), le hAirteagal 207(4), an chéad fhomhír agus le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9-0010/2019),

–  ag féachaint dá rún an 4 Deireadh Fómhair 2016 maidir le todhchaí ACC-AE tar éis 2020(1),

–  ag féachaint dá rún an 19 Eanáir 2011 maidir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Eatramhach idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus Stáit an Aigéin Chiúin, den pháirt eile(2),

–  ag féachaint don Chomhaontú Comhpháirtíochta idir comhaltaí de Ghrúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin (ACC), de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, a síníodh in Cotonou an 23 Meitheamh 2000 (Comhaontú Cotonou),

–  ag féachaint do Riail 105(1) agus (4) agus do Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhorbairt,

–  ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A9-0050/2019),

1.  ag tabhairt a toilithe d’aontachas Oileáin Sholaimh leis an gcomhaontú;

2.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Oileáin Sholaimh.

(1) IO C 215, 19.6.2018, lch. 2.
(2) IO C 136E, 11.5.2012, lch. 19.


Ceanglais i gcomhair soláthraí seirbhísí íocaíochta *
PDF 157kWORD 51k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Nollaig 2019 ar an togra le haghaidh treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le ceanglais áirithe i gcomhair soláthraithe seirbhísí íocaíochta a thabhairt isteach (COM(2018)0812 – C8-0015/2019 – 2018/0412(CNS))
P9_TA(2019)0090A9-0048/2019

(An nós imeachta reachtach speisialta – comhairliúchán)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an gComhairle (COM(2018)0812),

–  ag féachaint d’Airteagal 113 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle leis an bParlaimint (C8‑0015/2019),

–  ag féachaint do Riail 82 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0048/2019),

1.  ag formheas an togra ón gCoimisiún arna leasú;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún a thogra a athrú dá réir, i gcomhréir le hAirteagal 293(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

3.  á iarraidh ar an gComhairle a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa má tá sé ar intinn aici imeacht ón téacs atá formheasta ag Parlaimint na hEorpa;

4.  á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa an athuair má tá sé ar intinn aici an togra ón gCoimisiún a leasú go substaintiúil;

5.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún   Leasú
Leasú 1
Togra le haghaidh treorach
Aithris 2 a (nua)
(2a)  De réir Thuarascáil Chríochnaitheach 2019 i gcomhthéacs “Staidéar agus Tuarascálacha maidir leis an mBearna CBL sna 28 mBallstát-AE”44a arna hullmhú don Choimisiúin, b’ionann bearna CBL san Aontas, is é sin an difear atá idir an t-ioncam measta ó CBL agus an méid a bailíodh go hiarbhír, agus EUR 137,5 billiún in 2017, arb ionann é agus EUR 267 d’ioncam a cailleadh in aghaidh an duine san Aontas. Tá difríochtaí móra, áfach, idir na Ballstáit, le bearnaí CBL ó faoi bhun 0,7 % den ioncam measta iomlán i roinnt Ballstát go 35,5 % i mBallstáit eile. Cuireann sé sin i bhfáth an gá atá le tuilleadh comhair thrasnáisiúnta chun calaois CBL ríomhthráchtála go háirithe a chomhrac níos fearr, mar aon le calaois CBL ar bhonn níos ginearálta (lena n-áirítear calaois rothlach).
_________________
44a   Ar fáil ag https://ec.europa.eu/taxation_customs/sites/taxation/files/vat-gap-full-report-2019_ga.pdf.
Leasú 2
Togra le haghaidh treorach
Aithris 2 b (nua)
(2b)  Ba cheart go bhfabhródh an straitéis maidir le comhrac i gcoinne calaois CBL i gcomhthreo leis an nuachóiriú agus digitiú méadaithe ar an ngeilleagar agus an córas CBL a dhéanamh chomh simplí agus is féidir do ghnólachtaí agus do shaoránaigh. Dá bhrí sin, tá tábhacht ar leith leis go leanfadh na Ballstáit de bheith ag infheistiú i gcóras bailithe cánach atá á threorú ag an teicneolaíocht, go háirithe trí scipéid airgid chorparáideacha agus córais díolacháin a nascadh le tuairisceáin CBL. Ina theannta sin, ba cheart do na húdaráis chánach leanúint dá n-iarrachtaí ionsar chomhar níos dlúithe agus malartú dea-chleachtas, lena n-áirítear trí Chruinniú Mullaigh AE maidir le Riarachán Cánach (TADEUS), líonra de cheannairí riaracháin chánach na mBallstát a bhfuil comhordú níos fearr ar leibhéal straitéiseach idir na riaracháin chánacha á lorg aige. I ndáil leis sin, ba cheart do na húdaráis chánach oibriú ionsar chumarsáid agus idir-inoibritheacht éifeachtach idir na bunachair sonraí uile a bhaineann le hábhair fhioscacha ar leibhéal an Aontais. D’fhéadfaí úsáid a bhaint as teicneolaíocht bhlocshlabhra freisin chun cosaint níos fearr a thabhairt do shonraí pearsanta agus an malartú faisnéise ar líne idir na húdaráis chánach a fheabhsú.
Leasú 3
Togra le haghaidh treorach
Aithris 3 a (nua)
(3a)  Faoi láthair, ós rud é nach ndéantar íocaíochtaí trí ardáin mhalartaithe airgeadraí fíorúla ach amháin i líon teoranta cásanna, ní mheastar ardáin den sórt sin a bheith ina soláthraithe seirbhísí íocaíochta mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2015/2366 ó Parlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a. Tá an baol ann, áfach, go ndéanfaí calaois CBL, cé go bhfuil sé teoranta faoi láthair. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh laistigh de thrí bliana i dtaobh ar cheart ardáin mhalartaithe airgeadraí fíorúla a chuimsiú i raon feidhme na Treorach seo.
_______________
1a   Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoir 2002/65/CE, Treoir 2009/110/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).
Leasú 4
Togra le haghaidh treorach
Aithris 7
(7)  I gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle46 , tá sé tábhachtach go mbeadh an oibleagáid ar sholáthraí seirbhísí íocaíochta faisnéis a choimeád agus a sholáthar i ndáil le hidirbheart íocaíochta trasteorann, agus go mbeadh an oibleagáid sin comhréireach agus teoranta don mhéid is gá do na Ballstáit chun calaois CBL ríomhthráchtála a chomhrac. Ina theannta sin, is é suíomh an íocóra an t-aon fhaisnéis dá mbaineann leis an íocóir is ceart a choinneáil. I ndail le faisnéis a bhaineann leis an íocaí agus leis an idirbheart íocaíochta féin, níor cheart go mbeadh sé de cheangal ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta ach an faisnéis sin amháin atá riachtanach do na húdaráis chánach chun calaoiseoirí féideartha a bhrath agus chun rialuithe cánach a dhéanamh, a choinneáil agus a tharchur chuig na húdaráis sin. Dá bhrí sin, níor cheart go mbeadh sé de cheangal ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta ach na taifid sin amháin a bhaineann le híocaíochtaí trasteorann a choinneáil, ar taifid iad ar dócha go léireoidís gníomhaíochtaí eacnamaíocha. Dá ndéanfaí uasteorainn a thabhairt isteach a bheadh bunaithe ar líon na n-íocaíochtaí a fuair íocaí le linn ráithe féilire, thabharfadh sé sin léiriú iontaofa go bhfuarthas na híocaíochtaí sin mar chuid de ghníomhaíocht eacnamaíoch, lena gcuirfí as an áireamh íocaíochtaí a fuarthas ar chúiseanna neamhthráchtála dá bhrí sin. I gcás ina mbainfí an uasteorainn sin amach, chuirfí i ngníomh oibleagáid an tsoláthraí seirbhísí íocaíochta.
(7)  I gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle46, tá sé tábhachtach go mbeadh an oibleagáid ar sholáthraí seirbhísí íocaíochta faisnéis a choimeád agus a sholáthar i ndáil le hidirbheart íocaíochta trasteorann, agus go mbeadh an oibleagáid sin comhréireach agus teoranta don mhéid is gá do na Ballstáit chun calaois CBL ríomhthráchtála a chomhrac. Ina theannta sin, is é suíomh an íocóra an t-aon fhaisnéis dá mbaineann leis an íocóir is ceart a choinneáil. I ndail le faisnéis a bhaineann leis an íocaí agus leis an idirbheart íocaíochta féin, níor cheart go mbeadh sé de cheangal ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta ach an faisnéis sin amháin atá riachtanach do na húdaráis chánach chun calaoiseoirí féideartha a bhrath agus chun rialuithe cánach a dhéanamh, a choinneáil agus a tharchur chuig na húdaráis sin. Dá bhrí sin, níor cheart go mbeadh sé de cheangal ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta ach na taifid sin amháin a bhaineann le híocaíochtaí trasteorann a choinneáil, ar taifid iad ar dócha go léireoidís gníomhaíochtaí eacnamaíocha. Dá ndéanfaí uasteorainn a thabhairt isteach a bheadh bunaithe ar líon na n-íocaíochtaí a fuair íocaí le linn ráithe féilire nó ar íosmhéid in aghaidh na híocaíochta, thabharfadh sé sin léiriú iontaofa go bhfuarthas na híocaíochtaí sin mar chuid de ghníomhaíocht eacnamaíoch, lena gcuirfí as an áireamh íocaíochtaí a fuarthas ar chúiseanna neamhthráchtála dá bhrí sin. I gcás ina mbainfí an uasteorainn sin amach, chuirfí i ngníomh oibleagáid an tsoláthraí seirbhísí íocaíochta.
_________________
_________________
46 Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
46 Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
Leasú 5
Togra le haghaidh treorach
Aithris 8
(8)  De bharr an lín shuntasaigh faisnéise agus cé chomh híogair is atá sí i dtaobh sonraí pearsanta a chosaint, tá sé riachtanach agus comhréireach do na soláthraithe seirbhísí íocaíochta taifid den fhaisnéis maidir le hidirbhearta íocaíochta trasteorann a choinneáil ar feadh tréimhse dhá bhliain chun cuidiú leis na Ballstáit calaois CBL ríomhthráchtála a chomhrac agus calaoiseoirí a bhrath. Is ionann an tréimhse sin agus an íostréimhse ama is gá do na Ballstáit chun rialuithe a dhéanamh go héifeachtach agus chun imscrúdú a dhéanamh ar chalaois a mheastar a bheith á déanamh ar cháin bhreisluacha nó chun calaois CBL a bhrath.
(8)  De bharr an lín shuntasaigh faisnéise agus cé chomh híogair is atá sí i dtaobh sonraí pearsanta a chosaint, tá sé riachtanach agus comhréireach do na soláthraithe seirbhísí íocaíochta taifid den fhaisnéis maidir le hidirbhearta íocaíochta trasteorann a choinneáil ar feadh tréimhse trí bliana chun cuidiú leis na Ballstáit calaois CBL ríomhthráchtála a chomhrac agus calaoiseoirí a bhrath. Is ionann an tréimhse sin agus an íostréimhse ama is gá do na Ballstáit chun rialuithe a dhéanamh go héifeachtach agus chun imscrúdú a dhéanamh ar chalaois a mheastar a bheith á déanamh ar cháin bhreisluacha nó chun calaois CBL a bhrath.
Leasú 6
Togra le haghaidh treorach
Aithris 8 a (nua)
(8a)   Maidir leis an oibleagáid maidir le taifid a choimeád agus a thuairisciú, ba cheart go dtiocfadh sí chun cinn i gcásanna ina bhfaigheann soláthraí seirbhísí íocaíochta cistí nó idirbhearta íocaíochta thar ceann an íocóra agus ní hamháin i gcás ina ndéanann soláthraí seirbhísí íocaíochta cistí a aistriú nó ina n-eisíonn sé ionstraimí íocaíochta le haghaidh an íocóra.
Leasú 7
Togra le haghaidh treorach
Aithris 8 b (nua)
(8b)   Is gá sainordú uaillmhianach a ghlacadh d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta bhreithiúnacha chun a áirithiú go ndéanfar calaoiseoirí a ionchúiseamh go héifeachtach os comhair na gcuairteanna náisiúnta. Ba cheart calaois CBL trasteorann eagraithe a ionchúiseamh go cuí agus ba cheart go ndéanfaí pionós a ghearradh ar na calaoiseoirí.
Leasú 8
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 – pointe b
Treoir 2006/112/CE
Airteagal 243b – mír 2 – pointe b
(b)  i ndáil leis na cistí dá dtagraítear i bpointe (a) a aistriú, i gcás ina ndéanann an soláthraí seirbhisí níos mó ná 25 idirbheart íocaíochta leis an íocaí céanna le linn ráithe féilire.
(b)  i ndáil leis na cistí dá dtagraítear i bpointe (a) a aistriú, i gcás ina ndéanann an soláthraí seirbhisí níos mó ná 25 idirbheart íocaíochta leis an íocaí céanna le linn ráithe féilire nó ina ndéanann sé cistí a bhfuil luach airgeadúil EUR 2 500 ar a laghad luaite leo a aistriú in aon idirbheart íocaíochta amháin.
Leasú 9
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 – pointe b
Treoir 2006/112/CE
Airteagal 243b – mír 3 – pointe a
(a)  arna gcoinneáil ag an soláthraí seirbhísí íocaíochta i bhformáid leictreonach ar feadh tréimhse dhá bhliain ó dheireadh na bliana lena ndearnadh an t-idirbheart íocaíochta;
(a)  arna gcoinneáil ag an soláthraí seirbhísí íocaíochta i bhformáid leictreonach ar feadh tréimhse trí bliana ó dheireadh na bliana lena ndearnadh an t-idirbheart íocaíochta;
Leasú 10
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 – pointe b
Treoir 2006/112/CE
Airteagal 243c – mír 1 – pointe a
(a)  IBAN chuntas íocaíochta an íocóra;
(a)  uimhir IBAN chuntas íocaíochta an íocóra nó aon aitheantóir eile lena sainaithnítear gan débhrí an t-íocóir agus suíomh an íocóra;
Leasú 11
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 – pointe b
Treoir 2006/112/CE
Airteagal 243d – mír 1 – pointe h
(h)  aon aisíocaíochtaí íocaíochta a rinneadh i gcomhair idirbhearta íocaíochta dá dtagraítear i bpointe (g);
(h)  aon aisíocaíochtaí íocaíochta a rinneadh i gcomhair idirbhearta íocaíochta dá dtagraítear i bpointe (g), má tá siad ar fáil;
Leasú 12
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 a (nua)
Treoir 2006/112/CE
Teideal XV – Caibidil 2a – Airteagal 410 c (nua)
(1a)  I gCaibidil 2a de Theideal XV, cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:
“Airteagal 410c
Faoin 31 Nollaig 2022, tíolacfaidh an Coimisiún, ar bhonn faisnéise a gheofar ó na Ballstáit, tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le hoibriú Roinn 2a de Chaibidil 4 de Theideal XI, go háirithe maidir leis an ngá chun ardáin mhalartaithe airgeadraí fíorúla a chuimsiú faoi raon feidhme na Ranna sin. Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin, i gcás inarb iomchuí.”
Leasú 13
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 2 – mír 1 – fomhír 1
Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 31 Nollaig 2021 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl láithreach don Choimisiún.
Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 31 Nollaig 2023 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.
Leasú 14
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 2 – mír 1 – fomhír 2
Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2022.
Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2024.

Bearta chun comhar riaracháin a neartú ar mhaithe le calaois CBL a chomhrac *
PDF 163kWORD 53k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Nollaig 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 a mhéid a bhaineann le bearta chun comhar riaracháin a neartú ar mhaithe le calaois CBL a chomhrac (COM(2018)0813 – C8-0016/2019 – 2018/0413(CNS))
P9_TA(2019)0091A9-0047/2019

(An nós imeachta reachtach speisialta – comhairliúchán)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an gComhairle (COM(2018)0813),

–  ag féachaint d’Airteagal 113 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C8‑0016/2019),

–  ag féachaint do Riail 82 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0047/2019),

1.  ag formheas an togra ón gCoimisiún arna leasú;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún a thogra a athrú dá réir, i gcomhréir le hAirteagal 293(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

3.  á iarraidh ar an gComhairle a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa má tá sé beartaithe aici imeacht ón téacs a d’fhormheas Parlaimint na hEorpa;

4.  á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa an athuair má tá sé ar intinn aici an togra ón gCoimisiún a leasú go substaintiúil;

5.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún   Leasú
Leasú 1
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 2 a (nua)
(2a)   De réir Thuarascáil Chríochnaitheach 2019 i gcomhthéacs an “Staidéir agus Tuarascálacha ar an mBearna CBL i mBallstáit AE-28”3a arna hullmhú don Choimisiún, b’ionann bearna CBL san Aontas, is é sin an difríocht atá idir an t-ioncam measta ó CBL agus an méid iarbhír a bailíodh go hiarbhír, agus EUR 137,5 billiún in 2017, arb ionann é agus caillteanas 11,2% den ioncam measta iomlán ó CBL agus EUR 267 d’ioncam caillte in aghaidh an duine san Aontas. Tá difríochtaí móra, áfach, idir na Ballstáit, le bearnaí CBL ó 0,6% go 35,5%. Cuireann sé sin i bhfáth an gá atá le tuilleadh comhair thrasnáisiúnta chun calaois CBL ríomhthráchtála go háirithe a chomhrac níos fearr, mar aon le calaois CBL ar bhonn níos ginearálta (lena n-áirítear calaois rothlach).
_________________
3a Ar fáil ag https://ec.europa.eu/taxation_customs/sites/taxation/files/vat-gap-full-report-2019_ga.pdf.
Leasú 2
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 2 b (nua)
(2b)   Is minic calaois CBL a bheith nasctha le coireacht eagraithe agus is féidir le líon an-bheag líonraí eagraithe a bheith freagrach as na billiúin euro i gcalaois CBL trasteorann, lena n-imrítear tionchar ar, ní hamháin bailiú ioncaim sna Ballstáit ach ina n-imrítear drochthionchar ar acmhainní dílse an Aontais. Dá bhrí sin, is gá sainordú uaillmhianach a ghlacadh d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) i gcomhar leis na húdaráis bhreithiúnacha náisiúnta chun a áirithiú go ndéanfar calaoiseoirí a ionchúiseamh go héifeachtach os comhair na gcúirteanna náisiúnta. Ba cheart calaois CBL trasteorann a ionchúiseamh go cuí agus ba cheart pionós a ghearradh ar na calaoiseoirí.
Leasú 3
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 2 c (nua)
(2c)  Ba cheart go bhfabhródh an straitéis maidir le comhrac i gcoinne calaois CBL i gcomhthreo leis an nuachóiriú agus digitiú méadaithe ar an ngeilleagar agus an córas CBL a dhéanamh chomh simplí agus is féidir do ghnólachtaí agus do shaoránaigh. Dá bhrí sin, tá tábhacht ar leith leis go leanfadh na Ballstáit de bheith ag infheistiú i gcóras bailithe cánach atá á threorú ag an teicneolaíocht, go háirithe trí scipéid airgid chorparáideacha agus córais díolacháin a nascadh le tuairisceáin CBL. Ina theannta sin, ba cheart do na húdaráis chánach leanúint dá n-iarrachtaí ionsar chomhar níos dlúithe agus malartú dea-chleachtas, lena n-áirítear trí Chruinniú Mullaigh AE maidir le Riarachán Cánach (TADEUS), líonra de cheannairí riaracháin chánach na mBallstát a bhfuil comhordú níos fearr ar leibhéal straitéiseach idir na riaracháin chánacha á lorg aige. I ndáil leis sin, ba cheart do na húdaráis chánach oibriú ionsar chumarsáid agus idir-inoibritheacht éifeachtach idir na bunachair sonraí uile a bhaineann le hábhair fhioscacha ar leibhéal an Aontais. D’fhéadfaí úsáid a bhaint as teicneolaíocht bhlocshlabhra freisin chun cosaint níos fearr a thabhairt do shonraí pearsanta agus an malartú faisnéise ar líne idir na húdaráis chánach a fheabhsú.
Leasú 4
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 8
(8)  Le lárchóras faisnéise leictreonaí, ‘CESOP’ ina ndéanann na Ballstáit faisnéis faoi íocaíochtaí a stórálann siad ar an leibhéal náisiúnta a tharchur, bhainfí amach an cuspóir maidir le calaois CBL ríomhthráchtála a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí. Ba cheart go ndéanfadh an córas seo, i ndáil le híocaithe aonair, faisnéis ábhartha uile CBL maidir le hidirbhearta íocaíochta arna dtarchur ag na Ballstáit a chomhiomlánú agus ba cheart go bhféadfaí leis forléargas iomlán a thabhairt ar íocaíochtaí a fhaigheann íocaithe ó íocóirí atá lonnaithe san Ballstáit. Thairis sin, ba cheart don chóras seo iltaifid ó na hidirbhearta íocaíochta céanna a aithint, an fhaisnéis a fhaightear ó na Ballstáit a ghlanadh (e.g. dúblaigh a bhaint, earráid i sonraí a cheartú, etc.) agus cead a thabhairt d’oifigigh idirchaidrimh Eurofisc na mBallstát sonraí íocaíochta a chros-seiceáil leis an bhfaisnéis CBL atá ar fáil dóibh agus fiosrúcháin a dhéanamh chun críche imscrúdaithe ar chalaois CBL amhrasta, nó chun calaois CBL a bhrath.
(8)  Le lárchóras faisnéise leictreonaí, ‘CESOP’ ina ndéanann na Ballstáit faisnéis faoi íocaíochtaí a stórálann siad ar an leibhéal náisiúnta a tharchur, bhainfí amach an cuspóir maidir le calaois CBL ríomhthráchtála a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí. Ba cheart go ndéanfadh an córas seo, i ndáil le híocaithe aonair, faisnéis ábhartha uile CBL maidir le hidirbhearta íocaíochta arna dtarchur ag na Ballstáit a chomhiomlánú agus ba cheart go bhféadfaí leis forléargas iomlán a thabhairt ar íocaíochtaí a fhaigheann íocaithe ó íocóirí atá lonnaithe san Ballstáit. Thairis sin, ba cheart don chóras seo iltaifid ó na hidirbhearta íocaíochta céanna a aithint, an fhaisnéis a fhaightear ó na Ballstáit a ghlanadh (e.g. dúblaigh a bhaint, earráid i sonraí a cheartú, etc.) agus cead a thabhairt d’oifigigh idirchaidrimh Eurofisc na mBallstát sonraí íocaíochta a chros-seiceáil leis an bhfaisnéis CBL atá ar fáil dóibh agus fiosrúcháin a dhéanamh chun críche imscrúdaithe ar chalaois CBL amhrasta, nó chun calaois CBL a bhrath. Ba cheart go mbeadh na Ballstáit uile rannpháirteach i meithleacha Eurofisc uile agus oifigigh idirchaidrimh a cheapadh dá réir sin.
Leasú 5
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 11
(11)  Tá malartú sonraí íocaíochta idir na húdaráis chánach ríthábhachtach chun calaois a chomhrac go héifeachtach. Níor cheart ach d’oifigigh idirchaidrimh Eurofisc amháin an fhaisnéis íocaíochta a phróiseáil leis an gcuspóir calaois CBL a chomhrac agus leis an gcuspóir sin amháin. Níor cheart an fhaisnéis sin a úsáid chun críocha eile seachas na críocha sin a bhunaítear leis an Rialachán seo, amhail chun críoch tráchtála.
(11)  Tá malartú sonraí íocaíochta idir na húdaráis chánach ríthábhachtach chun calaois a chomhrac go héifeachtach. Níor cheart ach d’oifigigh idirchaidrimh Eurofisc amháin an fhaisnéis íocaíochta a phróiseáil leis an gcuspóir calaois CBL a chomhrac agus leis an gcuspóir sin amháin. Níor cheart an fhaisnéis sin a úsáid chun críocha eile seachas na críocha sin a bhunaítear leis an Rialachán seo, amhail chun críoch tráchtála, agus ba cheart go ndéanfaí é sin a chur i bhfeidhm i gcur chun feidhme Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle6a.
_________________
6a Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 chun cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).
Leasú 6
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 11 a (nua)
(11a)   I bhfianaise an lín bhig Ballstát a fhoilsíonn meastacháin maidir le caillteanais CBL mar thoradh ar chalaois laistigh den chomhphobal, trí shonraí inchomparáide a bheith ar fáil maidir le calaois CBL laistigh den chomhphobal rannchuideofaí le comhar spriocdhírithe níos fearr idir na Ballstáit. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún, in éineacht leis na Ballstáit, cur chuige coiteann staidrimh a fhorbairt chun cainníochtú agus anailísiú a dhéanamh ar chalaois CBL.
Leasú 7
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 13
(13)  Tá sé riachtanach agus comhréireach do na soláthraithe seirbhísí íocaíochta taifid den fhaisnéis maidir le hidirbhearta íocaíochta a choinneáil ar feadh tréimhse dhá bhliain chun cuidiú leis na Ballstáit calaois CBL ríomhthráchtála a chomhrac agus calaoiseoirí a bhrath. Is é seo an íostréimhse a bhfuil gá leis chun go mbeidh ar chumas na mBallstát rialuithe a chur i gcrích go héifeachtach agus imscrúdú a dhéanamh ar chalaois amhrasta CBL nó chun calaois CBL a bhrath, agus tá sé comhréireach i bhfianaise mhéid ollmhór na faisnéise i dtaca le híocaíochtaí agus a híogaireachta ó thaobh cosaint sonraí pearsanta de.
(13)  Tá sé riachtanach agus comhréireach do na soláthraithe seirbhísí íocaíochta taifid den fhaisnéis maidir le hidirbhearta íocaíochta a choinneáil ar feadh tréimhse trí bliana chun cuidiú leis na Ballstáit calaois CBL ríomhthráchtála a chomhrac agus calaoiseoirí a bhrath. Is é sin an íostréimhse a bhfuil gá leis chun go mbeidh ar chumas na mBallstát rialuithe a chur i gcrích go héifeachtach agus imscrúdú a dhéanamh ar chalaois amhrasta CBL nó chun calaois CBL a bhrath, agus tá sé comhréireach i bhfianaise mhéid ollmhór na faisnéise i dtaca le híocaíochtaí agus a híogaireachta ó thaobh cosaint sonraí pearsanta de.
Leasú 8
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 14
(14)  Ba cheart d’oifigigh idirchaidrimh Eurofisc i ngach Ballstát a bheith in ann rochtain a fháil agus anailís a dhéanamh ar an bhfaisnéis i ndáil leis na hidirbhearta íocaíochta chun críche calaois CBL a chomhrac. Níor cheart do dhaoine cuí-chreidiúnaithe sa Choimisiún rochtain a fháil ar an bhfaisnéis ach amháin chun críoch an lárchóras faisnéise leictreonaí a fhorbairt agus a chothabháil. Ba cheart an dá ghrúpa úsáideoirí a bheith faoi cheangal na rialacha rúndachta a leagtar síos sa Rialachán seo.
(14)  Ba cheart d’oifigigh idirchaidrimh Eurofisc gach Ballstáit a bheith in ann rochtain a fháil agus anailís a dhéanamh ar an bhfaisnéis i ndáil leis na hidirbhearta íocaíochta chun críche calaois CBL a chomhrac. Ba cheart do dhaoine cuí-chreidiúnaithe sa Choimisiún rochtain a fháil ar an bhfaisnéis chun críoch an lárchóras faisnéise leictreonaí a fhorbairt agus a chothabháil agus chun cur chun feidhme cuí an Rialacháin seo a áirithiú. Ba cheart an dá ghrúpa úsáideoirí a bheith faoi cheangal na rialacha rúndachta a leagtar síos sa Rialachán seo. Ina theannta sin, ba cheart go bhféadfadh an Coimisiún cuairteanna a thabhairt ar na Ballstáit chun meastóireacht a dhéanamh ar mar a oibríonn na socruithe comhair riaracháin.
Leasú 9
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 14 a (nua)
(14a)  Tá an bainistiú ar CESOP mar aon leis an anailís ar fhaisnéis ríthábhachtach ina chionsiocair le cúraimí breise do líonra Eurofisc. Ba cheart go scrúdódh tuarascáil bhliantúil Eurofisc cibé an bhfuil na hacmhainní arna dtiomnú do Eurofisc oiriúnach agus leordhóthanach chun an comhar idir na Ballstáit a fheabhsú agus calaois CBL a chomhrac go héifeachtúil.
Leasú 10
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 18
(18)  Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le mír 1 d’Airteagal 42 de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug sé tuairim uaidh an...17
(18)  Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS) i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug sé tuairim uaidh an...17. Ós rud é gur luach bunúsach den Aontas gurb ea cosaint sonraí pearsanta, ba cheart dul i gcomhairle le MECS maidir le haon bheart a dhéanfar de bhun Airteagal 24e de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010, arna leasú leis an Rialachán seo.
__________________
__________________
17 IO C […], […], lch. […].
17 IO C […], […], lch. […].
Leasú 11
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 a (nua)
Rialachán (AE) Uimh. 904/2010
Caibidil II – Roinn 2 – Airteagal 12a (nua)
(1a)   i Roinn 2 de CHAIBIDIL II, cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:
“Airteagal 12a
Iarrtar ar na Ballstáit uile bearta a dhéanamh chun an céatadán freagraí deireanacha a laghdú agus chun caighdeán na n-iarrataí ar fhaisnéis a fheabhsú. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi bhearta den sórt sin.”
Leasú 12
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2 – pointe d
Rialachán (AE) Uimh. 904/2010
Airteagal 24c – mír 2
2.  Coinneoidh CESOP an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) de mhír 1 ar feadh uastréimhse dhá bhliain ó dháta éaga na bliana a aistríodh an fhaisnéis isteach sa chóras.
2.  Coinneoidh CESOP an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a) go (c) de mhír 1 ar feadh uastréimhse cúig bliana ó dháta éaga na bliana a aistríodh an fhaisnéis isteach sa chóras.
Leasú 13
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2 – pointe d
Rialachán (AE) Uimh. 904/2010
Airteagal 24d – fomhír 2 (nua)
Ina theannta sin, ba cheart go bhféadfadh an Coimisiún cuairteanna a thabhairt ar na Ballstáit chun meastóireacht a dhéanamh ar mar a oibríonn na socruithe comhair maidir le calaois CBL trasteorann idir na Ballstáit.
Leasú 14
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2 a (nua)
Rialachán (AE) Uimh. 904/2010
Airteagal 36 – mír 2 – an chuid réamhráiteach
(2a)   in Airteagal 36(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití:
‘2. Ainmneoidh oifigigh idirchaidrimh na mBallstát atá rannpháirteach i limistéar oibre áirithe Eurofisc (dá ngairtear ‘oifigigh idirchaidrimh rannpháirteacha Eurofisc’ anseo feasta) comhordaitheoir (dá ngairtear comhordaitheoir limistéar oibre Eurofisc anseo feasta), as measc oifigigh idirchaidrimh rannpháirteacha Eurofisc, ar feadh tréimhse teoranta ama. Déanfaidh comhordaitheoirí limistéar oibre Eurofisc:
‘2. Ainmneoidh oifigigh idirchaidrimh na mBallstát atá rannpháirteach i limistéar oibre ábhartha Eurofisc (dá ngairtear ‘oifigigh idirchaidrimh rannpháirteacha Eurofisc’ anseo feasta) comhordaitheoir (dá ngairtear comhordaitheoir limistéar oibre Eurofisc anseo feasta), as measc oifigigh idirchaidrimh rannpháirteacha Eurofisc, ar feadh tréimhse teoranta ama. Déanfaidh comhordaitheoirí limistéar oibre Eurofisc:
Leasú 15
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3
Rialachán (AE) Uimh. 904/2010
Airteagal 37 – fomhír 1a (nua)
I ndáil le gach Ballstát, déanfaidh an tuarascáil bhliantúil ar a laghad, mionléiriú a thabhairt ar an líon rialuithe arna ndéanamh agus ar an CBL breise a measúnaíodh agus a bailíodh mar thoradh ar an bhfaisnéis a próiseáladh de bhun Airteagal 24d.
Déanfaidh an tuarascáil bhliantúil ar a laghad mionléiriú a thabhairt i ndáil le gach Ballstát ar:
—   an líon rialuithe arna ndéanamh;
—  an líon oifigeach a údarófar chun bheith i láthair in oifigí údarás riaracháin Ballstáit eile agus an líon oifigeach a bhíonn i láthair le linn fiosrúcháin riaracháin arna ndéanamh i gcríoch an Bhallstáit iarrtha;
—  an líon rialuithe comhuaineacha arna n-eagrú le Ballstát amháin nó níos mó agus an líon oifigeach a bhíonn rannpháirteach i gcruinnithe réamhroghnúcháin le haghaidh rialuithe comhuaineacha;
—  an líon Foirne Iniúchóireachta Comhpháirtí a raibh gach Ballstát rannpháirteach iontu;
—  bearta a cuireadh i gcrích chun iniúchóirí a chur ar an eolas maidir leis na hionstraimí faoin Rialachán seo;
—  an líon pearsanra cáilithe acmhainní daonna chun láithreacht in oifigí riaracháin, rannpháirtíocht i bhfiosrúcháin riaracháin agus rialuithe comhuaineacha a áirithiú (dá dtagraítear in Airteagail 28 go 30);
—  an líon foirne a bhíonn i láthair i lároifig idirchaidrimh amháin agus i ranna ainmnithe idirchaidrimh eile, agus aon oifigigh inniúla eile chomh maith, a bhfuil ar a gcumas faisnéis a mhalartú go díreach ar bhonn an Rialacháin seo (dá dtagraítear in Airteagal 4) agus conas a bhailítear agus a mhalartaítear an fhaisnéis idir na comhlachtaí sin; agus
—   an CBL breise a measúnaíodh agus a bailíodh mar thoradh ar an bhfaisnéis a próiseáladh de bhun Airteagal 24d.
Leasú 16
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 a (nua)
Rialachán (AE) Uimh. 904/2010
Caibidil XIII – Airteagal 49a (nua)
(3a)   i gCAIBIDIL XIII, cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:
“Airteagal 49a
Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún comhchóras a bhunú maidir le bailiú staidrimh ar chalaois CBL laistigh den Chomhphobal agus déanfaidh siad meastacháin náisiúnta a fhoilsiú maidir leis na caillteanais CBL a eascraíonn as an gcalaois sin, chomh maith le meastacháin don Aontais ina iomláine. Glacfaidh an Coimisiún trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme na socruithe praiticiúla le haghaidh córas staidrimh den sórt sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 58(2).”
Leasú 17
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 a (nua)
Rialachán (AE) Uimh. 904/2010
Airteagal 50 – mír 1 a (nua)
(3b)   in Airteagal 50, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:
‘1a. Nuair a sholáthraíonn Ballstát faisnéis níos leithne do thríú tír seachas an fhaisnéis sin dá bhforáiltear faoi Chaibidlí II agus III den Rialachán seo, ní dhiúltóidh an Ballstát sin an fhaisnéis sin a sholáthar d’aon Bhallstát eile a iarrann comhar nó ar spéis leis an fhaisnéis a fháil.’

Tíortha agus críocha thar lear a chomhlachú leis an Aontas Eorpach (“Cinneadh maidir le Comhlachú Thar Lear”) *
PDF 109kWORD 41k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Nollaig 2019 ar an togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh 2013/755/AE ón gComhairle an 25 Samhain 2013 maidir le tíortha agus críocha thar lear a chomhlachú leis an Aontas Eorpach (“Cinneadh maidir le Comhlachú Thar Lear”) (COM(2019)0359 – C9-0118/2019 – 2019/0162(CNS))
P9_TA(2019)0092A9-0033/2019

(An nós imeachta reachtach speisialta – comhairliúchán)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an gComhairle (COM(2019)0359),

–  ag féachaint d’Airteagal 203 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9‑0118/2019),

–  ag féachaint do Riail 82 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhorbairt (A9-0033/2019),

1.  ag formheas an togra ón gCoimisiún;

2.  á iarraidh ar an gComhairle a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa má tá sé ar intinn aici imeacht ón téacs atá formheasta ag Parlaimint na hEorpa;

3.  á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa arís má tá sé ar intinn aici an téacs a d’fhormheas Parlaimint na hEorpa a leasú go substaintiúil;

4.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.


Comhalta de Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Ceannais Eorpaigh a cheapadh
PDF 115kWORD 43k
Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Nollaig 2019 ar an moladh ón gComhairle i ndáil le Comhalta de Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Ceannais Eorpaigh a cheapadh (12451/2019 – C9-0149/2019 – 2019/0817(NLE))
P9_TA(2019)0093A9-0049/2019

(Comhairliúchán)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don mholadh ón gComhairle an 10 Deireadh Fómhair 2019 (12451/2019)(1),

–  ag féachaint d’Airteagal 283(2), an dara fomhír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle Eorpach i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9‑0149/2019),

–  ag féachaint dá rún an 14 Márta 2019 maidir le cothromaíocht inscne in ainmniúcháin ghnóthaí eacnamaíochta agus airgeadaíochta AE(2),

–  ag féachaint do Riail 130 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0049/2019),

A.  de bhrí go ndeachaigh an Chomhairle Eorpach, i litir an 16 Deireadh Fómhair 2019, i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa maidir le Fabio Panetta a cheapadh mar Chomhalta de Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Ceannais Eorpaigh ar feadh téarma oifige ocht mbliana, le héifeacht ón 1 Eanáir 2020;

B.  de bhrí go ndearna Coiste Pharlaimint na hEorpa um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta meastóireacht ansin ar dhintiúir an iarrthóra, go háirithe i bhfianaise na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 283(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus i bhfianaise an ghá le haghaidh neamhspleáchas iomlán BCE de bhun Airteagal 130 den Chonradh sin; de bhrí go bhfuair an coiste, agus an mheastóireacht sin á déanamh aige, curriculum vitae ón iarrthóir chomh maith lena fhreagraí ar an gceistneoir i scríbhinn a bhí curtha chuige;

C.  de bhrí gur thionóil an coiste éisteacht leis an iarrthóir ina dhiaidh sin an 3 Nollaig 2019, éisteacht ina ndearna sé ráiteas tosaigh agus inar fhreagair sé ceisteanna ó chomhaltaí an choiste ina dhiaidh sin;

D.  de bhrí go bhfuil Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh comhdhéanta de chomhaltaí Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus de na naoi ngobharnóir déag de bhainc cheannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu; de bhrí, go dtí seo, gur fir ar fad iad na gobharnóirí sin;

E.  de bhrí go bhfuil a míshástacht curtha in iúl arís agus arís eile ag Parlaimint na hEorpa maidir leis an nós imeachta ceapacháin do chomhaltaí de Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus gur iarr sí go gcuirfí feabhas ar nósanna imeachta ina leith sin; de bhrí gur iarr Parlaimint na hEorpa go bhfaigheadh sí, in am trátha, gearrliosta de dhá ainm ar a laghad atá cothrom ó thaobh inscne de;

F.  de bhrí gur thug Parlaimint na hEorpa tuairim fhabhrach uaithi, an 17 Meán Fómhair 2019, maidir leis an moladh ón gComhairle i ndáil le Christine Lagarde a cheapadh ina céad-Uachtarán mná ar an mBanc Ceannais Eorpach;

G.  de bhrí go bhfuil mná fós faoi ghannionadaíocht i gComhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh; de bhrí gur mór is saoth le Parlaimint na hEorpa nár thug na Ballstáit aird ar an iarraidh sin agus go n-iarrann sí ar na hinstitiúidí náisiúnta agus ar institiúidí AE obair ghníomhach a dhéanamh chun cothromaíocht inscne a bhaint amach sna chéad ainmniúcháin eile;

H.  de bhrí gur cheart d’institiúidí agus do chomhlachtaí uile AE agus náisiúnta bearta nithiúla a chur chun feidhme chun cothromaíocht inscne a áirithiú;

1.  ag tabhairt tuairim fhabhrach ar an moladh ón gComhairle i ndáil le Fabio Panetta a cheapadh mar Chomhalta de Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Ceannais Eorpaigh;

2.  á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle agus chuig rialtais na mBallstát.

(1) Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.
(2) Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2019)0211.


Comhalta de Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Ceannais Eorpaigh a cheapadh
PDF 115kWORD 43k
Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Nollaig 2019 maidir leis an moladh ón gComhairle i ndáil le Comhalta de Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Ceannais Eorpaigh a cheapadh (13651/2019 – C9-0173/2019 – 2019/0818(NLE))
P9_TA(2019)0094A9-0046/2019

(Comhairliúchán)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don mholadh ón gComhairle an 8 Samhain 2019 (13651/2019)(1),

–  ag féachaint d’Airteagal 283(2), an dara fomhír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle Eorpach i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9‑0173/2019),

–  ag féachaint dá rún an 14 Márta 2019 maidir le cothromaíocht inscne in ainmniúcháin ghnóthaí eacnamaíochta agus airgeadaíochta AE(2),

–  ag féachaint do Riail 130 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0046/2019),

A.  de bhrí go ndeachaigh an Chomhairle Eorpach, i litir an 14 Samhain 2019, i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa maidir le Isabel Schnabel a cheapadh mar Chomhalta de Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Ceannais Eorpaigh ar feadh téarma oifige ocht mbliana, le héifeacht ón 1 Eanáir 2020;

B.  de bhrí go ndearna Coiste Pharlaimint na hEorpa um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta meastóireacht ansin ar dhintiúir an iarrthóra, go háirithe i bhfianaise na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 283(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus i bhfianaise an ghá le haghaidh neamhspleáchas iomlán BCE de bhun Airteagal 130 den Chonradh sin; de bhrí go bhfuair an coiste, agus an mheastóireacht sin á déanamh aige, curriculum vitae ón iarrthóir chomh maith lena freagraí ar an gceistneoir i scríbhinn a bhí curtha chuici;

C.  de bhrí gur thionóil an coiste éisteacht leis an iarrthóir ina dhiaidh sin an 3 Nollaig 2019, éisteacht ina ndearna sí ráiteas tosaigh agus inar fhreagair sí ceisteanna ó chomhaltaí an choiste ina dhiaidh sin;

D.  de bhrí go bhfuil Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh comhdhéanta de chomhaltaí Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus de na naoi ngobharnóir déag de bhainc cheannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu; de bhrí, go dtí seo, gur fir ar fad iad na gobharnóirí sin;

E.  de bhrí go bhfuil a míshástacht curtha in iúl arís agus arís eile ag Parlaimint na hEorpa maidir leis an nós imeachta ceapacháin do chomhaltaí de Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus gur iarr sí go gcuirfí feabhas ar nósanna imeachta ina leith sin; de bhrí gur iarr Parlaimint na hEorpa go bhfaigheadh sí, in am trátha, gearrliosta de dhá ainm ar a laghad atá cothrom ó thaobh inscne de;

F.  de bhrí gur thug Parlaimint na hEorpa tuairim fhabhrach uaithi, an 17 Meán Fómhair 2019, maidir leis an moladh ón gComhairle i ndáil le Christine Lagarde a cheapadh ina céad-Uachtarán mná ar an mBanc Ceannais Eorpach;

G.  de bhrí go bhfuil mná fós faoi ghannionadaíocht i gComhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh; de bhrí gur mór is saoth le Parlaimint na hEorpa nár thug na Ballstáit aird ar an iarraidh sin agus go n-iarrann sí ar na hinstitiúidí náisiúnta agus ar institiúidí AE obair ghníomhach a dhéanamh chun cothromaíocht inscne a bhaint amach sna chéad ainmniúcháin eile;

H.  de bhrí gur cheart d’institiúidí agus do chomhlachtaí uile AE agus náisiúnta bearta nithiúla a chur chun feidhme chun cothromaíocht inscne a áirithiú;

1.  ag tabhairt tuairim fhabhrach ar an moladh ón gComhairle i ndáil le Isabel Schnabel a cheapadh mar Chomhalta de Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Ceannais Eorpaigh;

2.  á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle agus chuig rialtais na mBallstát.

(1) Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.
(2) Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2019)0211.

Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais