Innéacs 
Téacsanna atá glactha
Dé Céadaoin, 18 Nollaig 2019 - Strasbourg
Toghadh an Ombudsman
 CBT: Smacht buiséadach ón mbliain airgeadais 2021 agus solúbthacht idir colúin maidir leis an mbliain féilire 2020***I
 Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe AE-An Ghaimbia agus an Prótacal Cur Chun Feidhme a ghabhann leis ***

Toghadh an Ombudsman
PDF 118kWORD 45k
Cinneadh
Iarscríbhinn
Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Nollaig 2019 lena dtoghtar an tOmbudsman Eorpach (2019/2042(INS))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an tríú mír d'Airteagal 24 agus Airteagal 228 de,

–  ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,

–  ag féachaint do Chinneadh 94/262/CEGC, CE, Euratom an 9 Márta 1994 uaithi maidir leis na rialacháin agus na coinníollacha ginearálta lena rialaítear comhlíonadh dhualgais an Ombudsman(1),

–  ag féachaint do Riail 231 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don ghlaoch ar ainmniúcháin,(2)

–  ag féachaint dá vóta an 18 Nollaig 2019,

1.  ag toghadh Emily O’REILLY chun feidhm an Ombudsman Eorpaigh a fheidhmiú go dtí deireadh an téarma pharlaimintigh;

2.  á iarraidh ar Emily O’REILLY mionn a ghlacadh os comhair na Cúirte Breithiúnais;

3.  á threorú dá hUachtarán an cinneadh atá i gceangal a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

4.  á threorú dá hUachtarán an Cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Bhreithiúnais.

IARSCRÍBHINN

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 18 Nollaig 2019

lena dtoghtar an tOmbudsman Eorpach

TÁ PARLAMINT NA hEORPA,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an tríú mír d'Airteagal 24 agus Airteagal 228 de,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,

Ag féachaint do Chinneadh 94/262/CEGC, CE, Euratom uaithi an 9 Márta 1994 maidir leis na rialacháin agus na coinníollacha ginearálta lena rialaítear comhlíonadh dhualgais an Ombudsman(3),

Ag féachaint do Riail 231 dá Rialacha Nós Imeachta,

Ag féachaint don ghlaoch ar ainmniúcháin,(4)

Ag féachaint dá vóta an 18 Nollaig 2019,

TAR ÉIS A CHINNEADH:

Emily O’REILLY a thoghadh chun feidhm an Ombudsman Eorpaigh a fheidhmiú go dtí deireadh an téarma pharlaimintigh.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 18 Nollaig 2019

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

(1) IO L 113, 4.5.1994, lch. 15.
(2) IO C 293, 30.8.2019, lch. 1.
(3) IO L 113, 4.5.1994, lch. 15.
(4) IO C 293, 30.8.2019, lch. 1.


CBT: Smacht buiséadach ón mbliain airgeadais 2021 agus solúbthacht idir colúin maidir leis an mbliain féilire 2020***I
PDF 120kWORD 39k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Nollaig 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 maidir leis an smacht buiséadach ón mbliain airgeadais 2021 agus Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 maidir leis an tsolúbthacht idir colúin maidir leis an mbliain féilire 2020 (COM(2019)0580 – C9-0163/2019 – 2019/0253(COD))
P9_TA(2019)0097A9-0042/2019

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2019)0580),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0163/2019),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  tar éis di dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

–  ag féachaint don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 25 Samhain 2019 go ndéanfaídh sí seasamh na Parlaiminte a fhormheas , i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Buiséid,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe (A9-0042/2019),

A.  De bhrí, ar chúiseanna práinne, go bhfuil údar maith ann dul ar aghaidh leis an vóta sula rachaidh an tréimhse ocht seachtaine in éag mar a leagtar síos in Airteagal 6 de Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm;

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 18 Nollaig 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2020/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 maidir leis an smacht buiséadach ón mbliain airgeadais 2021 agus Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 maidir leis an tsolúbthacht idir colúin maidir leis an mbliain féilire 2020

P9_TC1-COD(2019)0253


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2020/127.)


Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe AE-An Ghaimbia agus an Prótacal Cur Chun Feidhme a ghabhann leis ***
PDF 110kWORD 41k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Nollaig 2019 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt chun críche an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Gaimbia, agus an Phrótacail ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta sin (08974/2019 – C9-0106/2019 – 2019/0076(NLE))
P9_TA(2019)0098A9-0026/2019

(Toiliú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (08974/2019),

–  ag féachaint don dréacht-Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Gaimbia (08984/2019),

–  ag féachaint don dréachtPhrótacal ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Gaimbia (09949/2019),

–  ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 43, le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), agus le hAirteagal 218(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9‑0106/2019),

–  ag féachaint do Riail 105(1) agus do Riail (4) agus do Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Buiséid,

–  ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Iascach (A9-0026/2019),

1.  ag tabhairt a toilithe chun an comhaontú agus an prótacal a thabhairt chun críche;

2.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig rialtas agus parlaimint Phoblacht na Gaimbia.

Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais