Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2019/2180(REG)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0015/2020

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0015/2020

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 30/01/2020 - 5.3

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2020)0019

Téacsanna atá glactha
PDF 201kWORD 70k
Déardaoin, 30 Eanáir 2020 - Brussels
Fíorú na nDintiúr
P9_TA(2020)0019A9-0015/2020
Cinneadh
 Iarscríbhinn

Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 30 Eanáir 2020 maidir le fíorú na ndintiúr (2019/2180(REG))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint d’Airteagail 10(1), 14(2) agus 14(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach,

–  ag féachaint d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 maidir le toghadh Fheisirí Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach, atá i gceangal le Cinneadh 76/787/CEGC, CEE, Euratom ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 1976(1), arna leasú agus athuimhriú le Cinneadh 2002/772/CE, Euratom ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 agus an 23 Meán Fómhair 2002(2),

–  ag féachaint dá Cinneadh 2005/684/CE, Euratom an 28 Meán Fómhair 2005 lena nglactar Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa(3), go háirithe Airteagail 2(1) agus 3(1) de,

–  ag féachaint do Threoir 93/109/CE ón gComhairle an 6 Nollaig 1993 lena leagtar síos socruithe mionsonraithe maidir leis an gceart chun vótáil agus seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa a fheidhmiú do shaoránaigh an Aontais a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad(4), arna leasú le Treoir 2013/1/AE ón gComhairle an 20 Nollaig 2012(5),

–  ag féachaint do Threoir 2013/312/AE ón gComhairle Eorpach an 28 Meitheamh 2013 lena mbunaítear comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa(6) agus do Chinneadh (AE) 2018/937 ón gComhairle Eorpach an 28 Meitheamh 2018 lena mbunaítear comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa(7),

–  ag féachaint do bhreithiúnais Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 7 Iúil 2005, an 30 Aibreán 2009 agus an 19 Nollaig 2019(8),

–  ag féachaint do na fógraí oifigiúla ó údaráis inniúla na mBallstát maidir le torthaí na dtoghchán do Pharlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint do chinneadh an 13 Meitheamh 2019 ó Junta Electoral Central na Spáinne lena bhfógraítear na hiarrthóirí a toghadh do Pharlaimint na hEorpa sna toghcháin a reáchtáladh an 26 Bealtaine 2019 agus a foilsíodh in Boletín Oficial del Estado an 14 Meitheamh 2019(9);

–  ag féachaint do Rialacha 3, 4 agus 11 agus d’Iarscríbhinn I a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0015/2020),

A.  de bhrí, de bhun Airteagal 12 d’Ionstram an 20 Meán Fómhair 1976, go ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa dintiúir Feisirí de Pharlaimint na hEorpa a fhíorú agus chun na críche sin go dtabharfaidh sí dá haire na torthaí arna ndearbhú go hoifigiúil ag na Ballstáit agus go dtabharfaidh sí rialú ar aon díospóidí a d’fhéadfadh teacht chun cinn as forálacha Ionstraim 1976 seachas na díospóidí sin a eascraíonn as na forálacha náisiúnta dá dtagraítear in Ionstraim 1976;

B.  de bhrí go ndearna na Ballstáit uile fógra a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa maidir le hainmneacha a bhFeisirí tofa de bhun Riail 3(1) de na Rialacha Nós Imeachta, níor cuireadh na hainmneacha go léir in iúl;

C.  de bhrí, i gcomhréir le hAirteagal 3 de Chinneadh 2013/312/AE ón gComhairle Eorpach an 28 Meitheamh 2013 agus Airteagal 3(2) de Chinneadh (AE) 2018/937 ón gComhairle Eorpach an 28 Meitheamh 2018, gurb é 54 faoi láthair an líon ionadaithe i bParlaimint na hEorpa atá leithdháilte ar an Spáinn, cé nach luaitear san fhógra ó údaráis inniúla na Spáinne ach 51 ainm; de bhrí, ar bhonn chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh(10) agus i gcomhréir le hAirteagal 12 d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976, go dtugann Parlaimint na hEorpa dá haire cinneadh an 13 Meitheamh 2019 ó Junta Electoral Central lena bhfógraítear na hiarrthóirí a toghadh do Pharlaimint na hEorpa sna toghcháin a reáchtáladh an 26 Bealtaine 2019 agus a foilsíodh in Boletín Oficial del Estado an 14 Meitheamh 2019 chun críche liosta de na Feisirí tofa a bhunú; de bhrí, dá bhrí sin, gurb é 54 líon na n-ionadaithe i bParlaimint na hEorpa a toghadh sa Spáinn;

D.  de bhrí go bhféadfaí agóidí i gcoinne toghadh roinnt Feisirí de Pharlaimint na hEorpa a bhreithniú sna Ballstáit i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta agus go bhféadfaí toghadh na bhFeisirí lena mbaineann a neamhniú mar thoradh ar na himeachtaí sin;

E.  de bhrí go raibh roinnt Ballstát déanach ag cur ar aghaidh na liostaí d’aon chomhaltaí ionaid, mar aon lena rangú i gcomhréir le torthaí na vótála, mar a éilítear faoi Riail 3(3) de na Rialacha Nós Imeachta, agus gurb ann do Bhallstáit eile nár chuir liostaí den sórt sin ar aghaidh in aon chor;

F.  de bhrí, i gcomhréir le Riail 3(3) de na Rialacha Nós Imeachta, nach féidir bailíocht sainordú Feisire de Pharlaimint na hEorpa a dheimhniú mura ndearnadh an dearbhú i scríbhinn maidir le heaspa aon oifige neamhréirí agus an dearbhú i scríbhinn maidir le leasanna airgeadais a éilítear faoi Riail 3 de na Rialacha Nós Imeachta agus faoi Iarscríbhinn I a ghabhann leis na Rialacha Nós Imeachta a thíolacadh;

G.  de bhrí go leagtar amach go soiléir in Airteagal 7(1) agus (2) d'Ionstraim 1976 na hoifigí atá ar neamhréir le hoifig Feisire de Pharlaimint na hEorpa;

H.  de bhrí, faoi Riail 11 de na Rialacha Nós Imeachta agus faoi Iarscríbhinn I a ghabhann leo, go n-éilítear ar gach Feisire de Pharlaimint na hEorpa dearbhú mionsonraithe a thabhairt maidir leis na hítimí seo a leanas: (a) a shlite beatha nó a slite beatha le linn na tréimhse trí bliana sula ndeachaigh sé nó sí i mbun oifig le Parlaimint na hEorpa, agus a chomhaltas nó a comhaltas le linn na tréimhse sin d’aon bhoird nó d’aon choistí cuideachtaí, eagraíochtaí neamhrialtasacha, comhlachas nó comhlachtaí eile arna mbunú leis an dlí; (b) aon tuarastal a fhaigheann an Feisire chun sainordú a fheidhmiú i bparlaimint eile; (c) aon ghníomhaíocht rialta a bhfaigheann an Feisire luach saothair ina leith de bhreis ar ghníomhaíocht a ghabhann sé nó sí air nó uirthi féin agus a oifig nó a hoifig á feidhmiú aige nó aici, bíodh sin mar fhostaí nó mar dhuine féinfhostaithe; (d) comhaltas d’aon bhoird nó d’aon choistí cuideachtaí, eagraíochtaí neamhrialtasacha, comhlachas nó aon comhlachtaí eile arna mbunú leis an dlí, nó d’aon ghníomhaíocht ábhartha sheachtrach eile a ghabhann an Feisire air nó uirthi féin, bíodh luach saothair ag dul leis nó ná bíodh; (e) aon ghníomhaíocht sheachtrach ócáideach ar luach saothair, má théann iomlán an luach saothair ar ghníomhaíochtaí seachtracha ócáideacha uile an Fheisire thar EUR 5 000 i mbliain féilire áirithe; (f) aon sealúchas in aon chuideachta nó in aon chomhpháirtíocht, ar ina leith a d’fhéadfadh impleachtaí a bheith ann ó thaobh beartas poiblí de nó i gcás ina dtugtar leis an sealúchas sin tionchar suntasach don Fheisire i leith ghnóthaí an chomhlachta lena mbaineann; (g) aon tacaíocht, cibé tacaíocht airgeadais nó tacaíocht ó thaobh foirne nó ábhair de, de bhreis ar an tacaíocht sin a sholáthraíonn Parlaimint na hEorpa agus ar tacaíocht í a thugann tríú páirtithe don Fheisire i ndáil lena chuid nó lena cuid gníomhaíochtaí polaitiúla, agus déanfar céannacht na dtríú páirtithe sin a nochtadh; (h) aon leasanna eile airgeadais a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar chomhlíonadh dhualgais an Fheisire. I gcás gach ceann de na hítimí sin, éilítear ar an bhFeisire a léiriú, i gcás inarb iomchuí, an bhfuil nó nach bhfuil luach saothair ag dul leis, agus maidir le hítimí (a), (c), (d), (e) agus (f), léireoidh an Feisire an chatagóir ábhartha ioncaim; de bhrí go bhfoilsítear an fhaisnéis a chuirtear ar fáil ar shuíomh gréasáin Pharlaimint na hEorpa;

I.  de bhrí go bhfuil sainordú na n-ionadaithe arna dtoghadh sa Ríocht Aontaithe bunaithe ar a ballraíocht san Aontas Eorpach; de bhrí, mar thoradh agus de bhua Airteagal 3(2), an tríú fomhír de Chinneadh (AE) 2018/937 ón gComhairle Eorpach an 28 Meitheamh 2018, go dtiocfaidh deireadh go huathoibríoch le sainordú na bhFeisirí sin de Pharlaimint na hEorpa má bhíonn éifeacht ó thaobh an dlí de le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach agus ar an lá a bheidh éifeacht dhlíthiúil leis;

J.  de bhrí, de bhua na bhforálacha céanna de Chinneadh (AE) 2018/937 ón gComhairle Eorpach, nach mbeidh tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach ina cúis le folúntas faoi Airteagal 13 d’Ionstraim 1976 agus faoi Riail 4 de na Rialacha Nós Imeachta agus, dá réir sin, go mbeidh deireadh go huathoibríoch le sainordú na n-ionadaithe arna dtoghadh sa Ríocht Aontaithe agus gan gá lena dhearbhú ag Parlaimint na hEorpa;

K.  de bhrí, i gcás tharraingt siar na Ríochta Aontaithe, gur leagadh síos le Cinneadh (AE) 2018/937 ón gComhairle Eorpach líon na n-ionadaithe i bParlaimint na hEorpa in aghaidh an Bhallstáit tar éis don tarraingt siar teacht i bhfeidhm agus gurb é a bheidh mar thoradh air go líonfaidh ionadaithe ó roinnt Ballstát na suíocháin bhreise de thoradh líon na suíochán arna leithdháileadh de bhun na chéad fhomhíre agus an dara fomhír d’Airteagal 3(2) den Chinneadh sin;

L.  de bhrí go ndearna roinnt Ballstát dlíthe nó rialacháin a ghlacadh lena leagtar síos na coinníollacha maidir le toghcháin le liostaí trasnáisiúnta a eagrú;

M.  de bhrí gur féidir an ceart chun vótáil ina mBallstát dúchais a bhaint de náisiúnaigh Ballstát áirithe a bhí ina gcónaí i dtír eile ar feadh tréimhse áirithe (an ceart vótála a bhaint); de bhrí i gcásanna áirithe go bhféadfadh sé freisin go gcaillfí an ceart chun seasamh mar iarrthóir;

1.  á dhearbhú, faoi réir aon chinntí ó na húdaráis inniúla a bhféadfadh torthaí an toghcháin a bheith faoi dhíospóid os a gcomhair, go bhfuil sainordú na bhFeisirí de Pharlaimint na hEorpa atá liostaithe san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gcinneadh seo bailí;

2.  á iarraidh an athuair ar na húdaráis inniúla náisiúnta, ní hamháin ainmneacha uile na n-iarrthóirí tofa a chur in iúl di go mear ach ainmneacha aon chomhaltaí ionaid a chur ar aghaidh freisin, mar aon lena rangú i gcomhréir le torthaí na vótála, agus ag tathant orthu siúd nach ndearna na fógraí ábhartha sin a thabhairt go dtí seo déanamh amhlaidh gan mhoill;

3.  á iarraidh ar údaráis inniúla na mBallstát an t-imscrúdú ar na díospóidí féideartha a tarchuireadh chucu a thabhairt chun críche gan mhoill, agus na torthaí a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa; á iarraidh go ndéanfar meastóireacht thrédhearcach ar stiúradh na dtoghchán Eorpach;

4.  á aithint go dtiocfaidh deireadh go huathoibríoch le sainordú na n-ionadaithe arna dtoghadh sa Ríocht Aontaithe má bhíonn éifeacht ó thaobh an dlí de le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach agus ar an lá a mbeidh éifeacht dhlíthiúil leis;

5.  sa chás sin, ag súil go dtabharfaidh údaráis inniúla na mBallstát fógraí ábhartha gan moill iomchuí chun na suíocháin bhreise a líonadh;

6.  á mheas go bhfuil tionchar ionchasach díspreagthach ag an gceart vótála a bhaint ar na saoránaigh ar mian leo an ceart chun saorghluaiseachta a fheidhmiú laistigh den Aontas Eorpach (Airteagal 20(2)(a) CFAE) agus go bhfuil iarmhairtí aige do na saoránaigh sin a rinne an ceart céanna a fheidhmiú; á mheas go ndéanann an ceart vótála a bhaint prionsabal na vótála comhchoitinne a shárú (Airteagal 14(3) CAE agus Airteagal 1(3) d’Ionstraim 1976); thairis sin, á chur in iúl gur údair imní di na cásanna ina gcuirtear bac ar shaoránaigh a gcearta vótála a fheidhmiú de bharr easpa soiléireachta na nósanna imeachta, lena n-áirítear i ndáil le liostaí vótála, ceanglais maidir le láithreacht fhisiceach, nó na deacrachtaí maidir le rochtain a fháil ar an bhfaisnéis is gá ó na Ballstáit chun a gcearta vótála a fheidhmiú; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim nach bhféadfaidh in imthosca ar bith feidhm a bheith ag an gceart vótála a bhaint nó ag ceanglais a chuireann bac go díréireach ar chearta vótála a fheidhmiú maidir leis na toghcháin Eorpacha, agus á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú nach ndéanfaidh aon cheann de na Ballstáit foráil i leith na féidearthachta sin;

7.  á iarraidh ar na Ballstáit arb iontu a d’fhéadfadh fadhbanna den sórt sin teacht chun cinn simpliú a dhéanamh ar na foirmiúlachtaí clárúcháin a bhaineann le rannpháirtíocht náisiúnach Ballstát eile sna toghcháin Eorpacha, bíodh sin mar vótálaithe nó mar iarrthóirí, go háirithe trí dheireadh a chur le bacainní riaracháin nach bhfuil gá leo chun go mbeidh na cearta dá dtagraítear faoi Airteagal 20(2)(a) agus (b) CFAE éifeachtach; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfaidh cleachtais na mBallstát dlí an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh;

8.  á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus chuig na húdaráis inniúla náisiúnta agus chuig parlaimintí na mBallstát.

(1) IO L 278, 8.10.1976, lch. 1.
(2) IO L 283, 21.10.2002, lch. 1.
(3) IO L 262, 7.10.2005, lch. 1.
(4) IO L 329, 30.12.1993, lch. 34.
(5) IO L 26, 26.1.2013, lch. 27.
(6) IO L 181, 29.6.2013, lch. 57.
(7) IO L 165, 2.7.2018, lch. 1.
(8) Le Pen v Parlaimint na hEorpa, C-208/03, AE:C:2005:429; an Iodáil agus Donnici v Parlaimint na hEorpa, C-393/07 agus C-9/08, AE:C:2009:275: agus Junqueras Vies, C-502/19, AE:C:2019:1115.
(9) Boletín Oficial del Estado, Uimh.. 142, an 14 Meitheamh 2019, lch. 62477-62478.
(10) Junqueras Vies, C-502/19, AE:C:2019:1115.


IARSCRÍBHINN: Liosta d’Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa a ndearbhaítear a sainordú a bheith bailí

(2 Iúil 2019)

an Bheilg (21 Fheisire)

ANNEMANS Gerolf

ARENA Maria

ARIMONT Pascal

BOTENGA Marc

BOURGEOIS Geert

BRICMONT Saskia

CHASTEL Olivier

DE MAN Filip

DE SUTTER Petra

FRANSSEN Cindy

KANKO Assita

LAMBERTS Philippe

LUTGEN Benoît

PEETERS Kris

RIES Frédérique

TARABELLA Marc

VAN BREMPT Kathleen

VAN OVERTVELDT Johan

VANDENDRIESSCHE Tom

VAUTMANS Hilde

VERHOFSTADT Guy

FEISIRÍ DE PHARLAIMINT NA hEORPA DE RÉIR AN BHALLSTÁIT

(2 Iúil 2019)

an Bhulgáir (17 bhFeisire)

ADEMOV Asim

ALEXANDROV YORDANOV Alexander

ALIEVA-VELI Atidzhe

DZHAMBAZKI Angel

HRISTOV Ivo

KANEV Radan

KOVATCHEV Andrey

KYUCHYUK Ilhan

MAYDELL Eva

MIHAYLOVA Iskra

NOVAKOV Andrey

PENKOVA Tsvetelina

RADEV Emil

SLABAKOV Andrey

STANISHEV Sergei

VITANOV Petar

YONCHEVA Elena

FEISIRÍ DE PHARLAIMINT NA hEORPA DE RÉIR AN BHALLSTÁIT

(2 Iúil 2019)

Poblacht na Seice (21 Fheisire)

BLAŠKO Hynek

CHARANZOVÁ Dita

DAVID Ivan

DLABAJOVÁ Martina

GREGOROVÁ Markéta

HLAVÁČEK Martin

KNOTEK Ondřej

KOLAJA Marcel

KONEČNÁ Kateřina

KOVAŘÍK Ondřej

MAXOVÁ Radka

NIEDERMAYER Luděk

PEKSA Mikuláš

POLČÁK Stanislav

POSPÍŠIL Jiří

ŠOJDROVÁ Michaela

TOŠENOVSKÝ Evžen

VONDRA Alexandr

VRECIONOVÁ Veronika

ZAHRADIL Jan

ZDECHOVSKÝ Tomáš

FEISIRÍ DE PHARLAIMINT NA hEORPA DE RÉIR AN BHALLSTÁIT

(2 Iúil 2019)

an Danmhairg (13 Fheisire)

AUKEN Margrete

CHRISTENSEN Asger

FUGLSANG Niels

GADE Søren

KOFOD Peter

LØKKEGAARD Morten

MELCHIOR Karen

PETER-HANSEN Kira Marie

PETERSEN Morten

SCHALDEMOSE Christel

VILLUMSEN Nikolaj

VIND Marianne (*)

WEISS Pernille

(*) Sainordú bailí le héifeacht ón 2 Iúil 2019, i.e. an dáta a sonraíodh san fhógra ón údarás inniúil náisiúnta maidir le toghadh Marianne VIND, Uas. in ionad Jeppe KOFOD, Uas., a ndearna údaráis náisiúnta na Danmhairge fógra a thabhairt an 27 Meitheamh 2019 i leith a chinnidh dul i mbun oifig Aire de chuid rialtas na Danmhairge agus dá thoradh sin, gan a shainordú mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa a thionscnamh.

FEISIRÍ DE PHARLAIMINT NA hEORPA DE RÉIR AN BHALLSTÁIT

(2 Iúil 2019)

an Ghearmáin (96 Fheisire)

ANDERSON Christine

ANDRESEN Rasmus

BARLEY Katarina

BECK Gunnar

BEER Nicola

BENTELE Hildegard

BERG Lars Patrick

BERGER Stefan

BISCHOFF Gabriele

BLOSS Michael

BOESELAGER Damian

BREYER Patrick

BUCHHEIT Markus

BUCHNER Klaus

BULLMAN Udo

BURKHARDT Delara

BUSCHMANN Martin

BÜTIKOFER Reinhard

CASPARY Daniel

CAVAZZINI Anna

DEMIREL Özlem

DEPARNAY-GRUNENBERG Anna

DOLESCHAL Christian

DÜPONT Lena

EHLER Christian

ERNST Cornelia

EROGLU Engin

ERTUG Ismail

FERBER Markus

FEST Nicolaus

FRANZ Romeo

FREUND Daniel

GAHLER Michael

GEBHARDT Evelyne

GEESE Alexandra

GEIER Jens

GEUKING Helmut

GIEGOLD Sven

GIESEKE Jens

GLÜCK Andreas

HAHN Henrike

HAHN Svenja

HÄUSLING Martin

HERBST Niclas

HERZBERGER-FOFANA Pierrette

HOHLMEIER Monika

JAHR Peter

KAMMEREVERT Petra

KELLER Ska

KÖRNER Moritz

KÖSTER Dietmar

KRAH Maximilian

KREHL Constanze

KUHS Joachim

LAGODINSKY Sergey

LANGE Bernd

LANGENSIEPEN Katrin

LIESE Peter

LIMMER Sylvia

LINS Norbert

MARQUARDT Erik

McALLISTER David

MEUTHEN Jörg

MICHELS Martina

MORTLER Marlene

MÜLLER Ulrike

NEUMANN Hannah

NEUSER Norbert

NIEBLER Angelika

NIENASS Niklas

NOICHL Maria

OETJEN Jan-Christoph

PAULUS Jutta

PIEPER Markus

RADTKE Dennis

REIL Guido

REINTKE Terry

SCHIRDEWAN Martin

SCHNEIDER Christine

SCHOLZ Helmut

SCHULZE Sven

SCHUSTER Joachim

SCHWAB Andreas

SEEKATZ Ralf

SEMSROTT Nico

SIMON Sven

SIPPEL Birgit

SONNEBORN Martin

VERHEYEN Sabine

VON CRAMON-TAUBADEL Viola

VOSS Axel

WALSMANN Marion

WEBER Manfred

WIELAND Rainer

WÖLKEN Tiemo

ZIMNIOK Bernhard

FEISIRÍ DE PHARLAIMINT NA hEORPA DE RÉIR AN BHALLSTÁIT

(2 Iúil 2019)

an Eastóin (6 Fheisire)

ANSIP Andrus

KALJURAND Marina

MADISON Jaak

MIKSER Sven

PAET Urmas

TOOM Yana

FEISIRÍ DE PHARLAIMINT NA hEORPA DE RÉIR AN BHALLSTÁIT

(2 Iúil 2019)

Éire (11 Fheisire)

CARTHY Matt

CUFFE Ciarán

DALY Clare

FITZGERALD Frances

FLANAGAN Luke Ming

KELLEHER Billy

KELLY Seán

McGUINNESS Mairead

O’SULLIVAN Grace

WALLACE Mick

WALSH Maria

FEISIRÍ DE PHARLAIMINT NA hEORPA DE RÉIR AN BHALLSTÁIT

(2 Iúil 2019)

an Ghréig (21 Fheisire)

ANDROULAKIS Nikos

ARVANITIS Konstantinos

ASIMAKOPOULOU Anna-Michelle

FRAGKOS Emmanouil (*)

GEORGOULIS Alexis

KAILI Eva

KEFALOGIANNIS Manolis

KOKKALIS Petros

KONSTANTINOU Athanasios

KOULOGLOU Stelios

KOUNTOURA Elena

KYMPOUROPOULOS Stelios

KYRTSOS Georgios

LAGOS Ioannis

MEIMARAKIS Vangelis

NIKOLAOU-ALAVANOS Lefteris

PAPADAKIS Kostas

PAPADIMOULIS Dimitrios

SPYRAKI Maria

VELOPOULOS Kyriakos (**)

VOZEMBERG-VRIONIDI Elissavet

ZAGORAKIS Theodoros

(*) Sainordú bailí le héifeacht ón 10 Iúil 2019, i.e. dáta an fhógra ón údarás inniúil náisiúnta maidir le toghadh Emmanouil FRAGKOS, Uas. in ionad Kyriakos VELOPOULOS, Uas.

(**) Tháinig deireadh le sainordú Kyriakos VELOPOULOS, Uas. an 6 Iúil 2019.

FEISIRÍ DE PHARLAIMINT NA hEORPA DE RÉIR AN BHALLSTÁIT

(2 Iúil 2019)

an Spáinn (54 Fheisire)

AGUILAR Mazaly

AGUILERA Clara

ARIAS ECHEVERRÍA Pablo

BARRENA ARZA Pernando

BAUZÁ DÍAZ José Ramón

BENJUMEA BENJUMEA Isabel

BILBAO BARANDICA Izaskun

BUXADÉ VILLALBA Jorge

CAÑAS Jordi

del CASTILLO VERA Pilar

DURÁ FERRANDIS Estrella (*)

ESTARÀS FERRAGUT Rosa

FERNÁNDEZ Jonás

GÁLVEZ MUÑOZ Lina

GARCÍA DEL BLANCO Ibán

GARCÍA-MARGALLO Y MARFIL José Manuel

GARCÍA MUÑOZ Isabel

GARCÍA PÉREZ Iratxe

GARDIAZABAL RUBIAL Eider

GARICANO Luis

GONZÁLEZ Mónica Silvana

GONZÁLEZ CASARES Nicolás

GONZÁLEZ PONS Esteban

HOMS GINEL Alicia

LÓPEZ Javi

LÓPEZ AGUILAR Juan Fernando

LÓPEZ GIL Leopoldo

LÓPEZ-ISTÚRIZ WHITE Antonio

LUENA César

MAESTRE MARTÍN DE ALMAGRO Cristina

MALDONADO LÓPEZ Adriana

MILLÁN MON Francisco José

MONTSERRAT Dolors

MORENO SÁNCHEZ Javier

NART Javier

PAGAZAURTUNDÚA Maite

PINEDA Manu

REGO Sira

RIBA I GINER Diana

RODRÍGUEZ PALOP Eugenia

RODRÍGUEZ-PIÑERO Inma

RODRÍGUEZ RAMOS María Soraya

RUIZ DEVESA Domènec

SÁNCHEZ AMOR Nacho

SOLÍS PÉREZ Susana

TERTSCH Hermann

URBÁN CRESPO Miguel

URTASUN Ernest

VILLANUEVA RUIZ Idoia

ZARZALEJOS Javier

ZOIDO ÁLVAREZ Juan Ignacio

(*) Sainordú bailí le héifeacht ón 2 Iúil 2019 de bhun an fhógra ón údarás inniúil náisiúnta maidir le toghadh Estrella DURÁ FERRANDIS, Uas. in ionad Josep BORRELL FONTELLES, Uas., a thréig a shuíochán an 26 Meitheamh 2019 agus nach ndearna na dearbhuithe is gá a thíolacadh chun a dhintiúir a fhíorú.

FEISIRÍ DE PHARLAIMINT NA hEORPA DE RÉIR AN BHALLSTÁIT

(2 Iúil 2019)

an Fhrainc (74 Fheisire)

ALFONSI François

ANDRIEU Eric

ANDROUËT Mathilde

AUBRY Manon

BARDELLA Jordan

BAY Nicolas

BEIGNEUX Aurelia

BELLAMY François-Xavier

BIJOUX Stéphane

BILDE Dominique

BITEAU Benoît

BOMPARD Manuel

BOYER Gilles

BRUNA Annika

BRUNET Sylvie

CANFIN Pascal

CARÊME Damien

CHABAUD Catherine

CHAIBI Leïla

COLIN-OESTERLÉ Nathalie

COLLARD Gilbert

CORMAND David

DANJEAN Arnaud

DECERLE Jérémy

DELBOS-CORFIELD Gwendoline

DELLI Karima

DIDIER Geoffroy

DURAND Pascal

EVREN Agnès

FARRENG Laurence

GARRAUD Jean-Paul

GLUCKSMANN Raphaël

GRISET Catherine

GRUDLER Christophe

GUETTA Bernard

GUILLAUME Sylvie

HAYER Valerie

HORTEFEUX Brice

JADOT Yannick

JALKH Jean-François

JAMET France

JORON Virginie

JUVIN Herve

KARLESKIND Pierre

KELLER Fabienne

LALUCQ Aurore

LAPORTE Hélène

LARROUTUROU Pierre

LEBRETON Gilles

LECHANTEUX Julie

LOISEAU Nathalie

MARIANI Thierry

MAUREL Emmanuel

MÉLIN Joëlle

MORANO Nadine

OLIVIER Philippe

OMARJEE Younous

PELLETIER Anne-Sophie

PIRBAKAS Maxette

RIQUET Dominique

RIVASI Michèle

RIVIÈRE Jérôme

ROOSE Caroline

ROUGÉ André

SANDER Anne

SATOURI Mounir

SÉJOURNÉ Stéphane

TOLLERET Irène

TOUSSAINT Marie

TRILLET-LENOIR Véronique

VEDRENNE Marie-Pierre

YENBOU Salima

YON-COURTIN Stéphanie

ZACHAROPOULOU Chrysoula

FEISIRÍ DE PHARLAIMINT NA hEORPA DE RÉIR AN BHALLSTÁIT

(2 Iúil 2019)

an Chróit (11 Fheisire)

BORZAN Biljana

FLEGO Valter

GLAVAK Sunčana (*)

KOLAKUŠIĆ Mislav

MATIĆ Predrag Fred

PICULA Tonino

RESSLER Karlo

SINČIĆ Ivan Vilibor

SOKOL Tomislav

ŠUICA Dubravka (**)

TOMAŠIĆ Ruža

ZOVKO Željana

(*) Sainordú bailí le héifeacht ón 1 Nollaig 2019, an dáta a sonraíodh san fhógra ón údarás inniúil náisiúnta maidir le toghadh Sunčana GLAVAK, Uas. in ionad Dubravka ŠUICA, Uas.

tháinig deireadh le sainordú Dubravka ŠUICA, Uas. an 30 Samhain 2019.

FEISIRÍ DE PHARLAIMINT NA hEORPA DE RÉIR AN BHALLSTÁIT

(2 Iúil 2019)

An Iodáil (73 Fheisire)

ADINOLFI Isabella

ADINOLFI Matteo

BALDASSARRE Simona

BARTOLO Pietro

BASSO Alessandra

BEGHIN Tiziana

BENIFEI Brando

BERLUSCONI Silvio

BIZZOTTO Mara

BONAFÈ Simona

BONFRISCO Anna

BORCHIA Paolo

CALENDA Carlo

CAMPOMENOSI Marco

CAROPPO Andrea

CASANOVA Massimo

CASTALDO Fabio Massimo

CECCARDI Susanna

CHINNICI Caterina

CIOCCA Angelo

CONTE Rosanna

CORRAO Ignazio

COZZOLINO Andrea

D’AMATO Rosa

DANTI Nicola (*)

DA RE Gianantonio

DE CASTRO Paolo

DONATO Francesca

DORFMANN Herbert

DREOSTO Marco

EVI Eleonora

FERRANDINO Giuseppe

FERRARA Laura

FIDANZA Carlo

FIOCCHI Pietro

FITTO Raffaele

FURORE Mario

GANCIA Gianna

GEMMA Chiara

GIARRUSSO Dino

GRANT Valentino

GUALMINI Elisabetta

GUALTIERI Roberto (**)

LANCINI Danilo Oscar

LIZZI Elena

MAJORINO Pierfrancesco

MARTUSCIELLO Fulvio

MILAZZO Giuseppe

MORETTI Alessandra

PANZA Alessandro

PATRICIELLO Aldo

PEDICINI Piernicola

PICIERNO Pina

PIGNEDOLI Sabrina

PISAPIA Giuliano

PROCACCINI Nicola

REGIMENTI Luisa

RINALDI Antonio Maria

ROBERTI Franco

RONDINELLI Daniela

SALINI Massimiliano

SARDONE Silvia

SASSOLI David Maria

SMERIGLIO Massimiliano

STANCANELLI Raffaele

TAJANI Antonio

TARDINO Annalisa

TINAGLI Irene

TOIA Patrizia

TOVAGLIERI Isabella

VUOLO Lucia

ZAMBELLI Stefania

ZANNI Marco

ZULLO Marco

(*) Sainordú bailí le héifeacht ón 5 Meán Fómhair 2019, an dáta a sonraíodh san fhógra ón údarás inniúil náisiúnta maidir le toghadh Nicola DANTI, Uas. in ionad Roberto GUALTIERI, Uas.

(**) Tháinig deireadh le sainordú Roberto GUALTIERI, Uas. an 4 Meán Fómhair 2019.

FEISIRÍ DE PHARLAIMINT NA hEORPA DE RÉIR AN BHALLSTÁIT

(2 Iúil 2019)

an Chipir (6 Fheisire)

CHRISTOFOROU Lefteris

FOURLAS Loukas

GEORGIOU Giorgios

KIZILYÜREK Niyazi

MAVRIDES Costas

PAPADAKIS Demetris

FEISIRÍ DE PHARLAIMINT NA hEORPA DE RÉIR AN BHALLSTÁIT

(2 Iúil 2019)

an Laitvia (8 bhFeisire)

AMERIKS Andris

IJABS Ivars

KALNIETE Sandra

MELBĀRDE Dace

UŠAKOVS Nils

VAIDERE Inese (*)

ZĪLE Roberts

ŽDANOKA Tatjana

(*) Sainordú bailí le héifeacht ón 2 Iúil 2019 de bhun an fhógra ón údarás inniúil náisiúnta maidir le toghadh Inese VAIDERE, Uas. in ionad Valdis DOMBROVSKIS, Uas., a thréig a shuíochán roimh thús an 9ú Téarma Parlaiminteach agus nach ndearna na dearbhuithe is gá a thíolacadh chun a dhintiúir a fhíorú.

FEISIRÍ DE PHARLAIMINT NA hEORPA DE RÉIR AN BHALLSTÁIT

(2 Iúil 2019)

an Liotuáin (11 Fheisire)

AUŠTREVIČIUS Petras

BLINKEVIČIŪTĖ Vilija

JAKELIŪNAS Stasys

JUKNEVIČIENĖ Rasa

KUBILIUS Andrius

MALDEIKIENĖ Aušra

MAŽYLIS Liudas

OLEKAS Juozas

ROPĖ Bronis

TOMAŠEVSKI Valdemar

USPASKICH Viktor

FEISIRÍ DE PHARLAIMINT NA hEORPA DE RÉIR AN BHALLSTÁIT

(2 Iúil 2019)

Lucsamburg (6 Fheisire)

ANGEL Marc (*)

GOERENS Charles

HANSEN Christophe

METZ Tilly

SCHMIT Nicolas (**)

SEMEDO Monica

WISELER-LIMA Isabel

(*) Sainordú bailí le héifeacht ón 10 Nollaig 2019, an dáta a sonraíodh san fhógra oifigiúil ó na húdaráis náisiúnta maidir le toghadh Marc ANGEL, Uas. in ionad Nicolas SCHMIT, Uas.

(**) Tháinig deireadh le sainordú Nicolas SCHMIT, Uas. an 30 Samhain 2019.

FEISIRÍ DE PHARLAIMINT NA hEORPA DE RÉIR AN BHALLSTÁIT

(2 Iúil 2019)

an Ungáir (21 Fheisire)

ARA-KOVÁCS Attila

BOCSKOR Andrea

CSEH Katalin

DELI Andor

DEUTSCH Tamás

DOBREV Klára

DONÁTH Anna Júlia

GÁL Kinga

GYÖNGYÖSI Márton

GYŐRI Enikő

GYÜRK András

HIDVÉGHI Balázs

HÖLVÉNYI György

JÁRÓKA Lívia

KÓSA Ádám

MOLNÁR Csaba

RÓNAI Sándor

SZÁJER József

TÓTH Edina

TRÓCSÁNYI László

UJHELYI István

FEISIRÍ DE PHARLAIMINT NA hEORPA DE RÉIR AN BHALLSTÁIT

(2 Iúil 2019)

Málta (6 Fheisire)

AGIUS SALIBA Alex

CASA David

CUTAJAR Josianne

DALLI Miriam

METSOLA Roberta

SANT Alfred

FEISIRÍ DE PHARLAIMINT NA hEORPA DE RÉIR AN BHALLSTÁIT

(2 Iúil 2019)

an Ísiltír (26 Fheisire)

AZMANI Malik

BERENDSEN Tom

CHAHIM Mohammed

van DALEN Peter

EICKHOUT Bas

EPPINK Derk Jan

HAZEKAMP Anja

HUITEMA Jan

JONGERIUS Agnes Maria

de LANGE Esther

LENAERS Jeroen

MANDERS Antonius

NAGTEGAAL Caroline

PIRI Kati

RAFAELA Samira

ROOKEN Rob

ROOS Rob

RUISSEN Bert-Jan

SCHREIJER-PIERIK Annie

SCHREINEMACHER Liesje

van SPARRENTAK Kim

STRIK Tineke

TANG Paul

TAX Vera

in 't VELD Sophia

WOLTERS Lara (*)

(*) Sainordú bailí le héifeacht ón 4 Iúil 2019, an dáta a sonraíodh ón údarás inniúil náisiúnta maidir le toghadh Lara WOLTERS, Uas. in ionad Frans TIMMERMANS, Uas., nach ndearna na dearbhuithe is gá a thíolacadh chun a dhintiúir a fhíorú agus a roghnaigh fanacht i seilbh oifig an Choimisinéara Eorpaigh.

FEISIRÍ DE PHARLAIMINT NA hEORPA DE RÉIR AN BHALLSTÁIT

(2 Iúil 2019)

an Ostair (18 bhFeisire)

BERNHUBER Alexander

EDTSTADLER Karoline (*)

GAMON Claudia

HAIDER Roman

HEIDE Hannes

KARAS Othmar

MANDL Lukas

MAYER Georg

REGNER Evelyn

SCHIEDER Andreas

SCHMIEDTBAUER Simone

SIDL Günther

THALER Barbara

VANA Monika

VILIMSKY Harald

VOLLATH Bettina

WIENER Sarah

WINZIG Angelika

(*) tháinig deireadh le sainordú Karoline EDTSTADLER, Uas. an 6 Eanáir 2020.

FEISIRÍ DE PHARLAIMINT NA hEORPA DE RÉIR AN BHALLSTÁIT

(2 Iúil 2019)

An Pholainn (51 Fheisire)

ADAMOWICZ Magdalena

ARŁUKOWICZ Bartosz

BALT Marek Paweł

BELKA Marek

BIEDROŃ Robert

BIELAN Adam

BRUDZIŃSKI Joachim Stanisław

BUZEK Jerzy

CIMOSZEWICZ Włodzimierz

CZARNECKI Ryszard

DUDA Jarosław

FOTYGA Anna

FRANKOWSKI Tomasz

HALICKI Andrzej

HETMAN Krzysztof

HÜBNER Danuta Maria

JAKI Patryk

JARUBAS Adam

JURGIEL Krzysztof

KALINOWSKI Jarosław

KARSKI Karol

KEMPA Beata

KLOC Izabela-Helena

KOHUT Łukasz

KOPACZ Ewa

KOPCIŃSKA Joanna

KRASNODĘBSKI Zdzisław

KRUK Elżbieta

KUŹMIUK Zbigniew

LEGUTKO Ryszard Antoni

LEWANDOWSKI Janusz

LIBERADZKI Bogusław

ŁUKACIJEWSKA Elżbieta Katarzyna

MAZUREK Beata

MILLER Leszek

MOŻDŻANOWSKA Andżelika Anna

OCHOJSKA Janina

OLBRYCHT Jan

PORĘBA Tomasz Piotr

RAFALSKA Elżbieta

RZOŃCA Bogdan

SARYUSZ-WOLSKI Jacek

SIKORSKI Radosław

SPUREK Sylwia

SZYDŁO Beata

THUN UND HOHENSTEIN Róża

TOBISZOWSKI Grzegorz

WASZCZYKOWSKI Witold Jan

WIŚNIEWSKA Jadwiga

ZALEWSKA Anna

ZŁOTOWSKI Kosma

FEISIRÍ DE PHARLAIMINT NA hEORPA DE RÉIR AN BHALLSTÁIT

(2 Iúil 2019)

an Phortaingéil (21 Fheisire)

AMARO Álvaro

CARVALHAIS Isabel (*)

CARVALHO Maria de Graça

CERDAS Sara

DIONÍSIO BRADFORD André Jorge (**)

FERNANDES José Manuel

FERREIRA João

GUERREIRO Francisco

GUSMÃO José

LEITÃO MARQUES Maria Manuel

MARQUES Margarida

MARQUES Pedro

MATIAS Marisa

MELO Nuno

MONTEIRO DE AGUIAR Cláudia

PEREIRA Lídia

PEREIRA Sandra

PIZARRO Manuel

RANGEL Paulo

SANTOS Isabel

SILVA PEREIRA Pedro

ZORRINHO Carlos

(*) Sainordú bailí le héifeacht ón 3 Meán Fómhair 2019, dáta an fhógra ón údarás inniúil náisiúnta maidir le toghadh Isabel CARVALHAIS, Uas. in ionad André Jorge DIONÍSIO BRADFORD, Uas..

Tháinig deireadh le sainordú André Jorge DIONÍSIO BRADFORD, Uas. an 18 Iúil 2019.

FEISIRÍ DE PHARLAIMINT NA hEORPA DE RÉIR AN BHALLSTÁIT

(2 Iúil 2019)

an Rómáin (32 Fheisire)

ARMAND Clotilde

AVRAM Carmen

BĂSESCU Traian

BENEA Adrian-Dragoş

BLAGA Vasile

BOGDAN Ioan-Rareş

BOTOŞ Vlad-Marius

BUDA Daniel

BUŞOI Cristian-Silviu

CIOLOŞ Dacian

CIUHODARU Tudor

CREŢU Corina

FALCĂ Gheorghe

GHINEA Cristian

GRAPINI Maria

HAVA Mircea-Gheorghe

MANDA Claudiu

MARINESCU Marian-Jean

MOTREANU Dan-Ştefan

MUREȘAN Siegfried

NICA Dan

NISTOR Gheorghe-Vlad (*)

PÎSLARU Dragoş

PLUMB Rovana

ŞTEFĂNUȚĂ Nicolae

STRUGARIU Ramona

TERHEŞ Cristian

TOMAC Eugen

TUDORACHE Dragoş

TUDOSE Mihai

VĂLEAN Adina-Ioana (**)

VINCZE Loránt

WINKLER Iuliu

(*) Sainordú bailí le héifeacht ón 2 Nollaig 2019, an dáta a sonraíodh san fhógra ón údarás inniúil náisiúnta maidir le toghadh Gheorghe-Vlad NISTOR, Uas. in ionad Adina-Ioana VĂLEAN, Uas.

(**) Tháinig deireadh le sainordú Adina-Ioana VĂLEAN, Uas. an 30 Samhain 2019.

FEISIRÍ DE PHARLAIMINT NA hEORPA DE RÉIR AN BHALLSTÁIT

(2 Iúil 2019)

an tSlóivéin (8 bhFeisire)

BOGOVIČ Franc

BRGLEZ Milan

FAJON Tanja

GROŠELJ Klemen

JOVEVA Irena

NOVAK Ljudmila

TOMC Romana

ZVER Milan

FEISIRÍ DE PHARLAIMINT NA hEORPA DE RÉIR AN BHALLSTÁIT

(2 Iúil 2019)

an tSlóvaic (13 Fheisire)

BEŇOVÁ Monika

BILČÍK Vladimír

ČÍŽ Miroslav

ĎURIŠ NICHOLSONOVÁ Lucia

HAJŠEL Robert

HOJSÍK Martin

JURZYKA Eugen

POLLÁK Peter

RADAČOVSKÝ Miroslav

ŠIMEČKA Michal

ŠTEFANEC Ivan

UHRÍK Milan

WIEZIK Michal

FEISIRÍ DE PHARLAIMINT NA hEORPA DE RÉIR AN BHALLSTÁIT

(2 Iúil 2019)

an Fhionlainn (13 Fheisire)

HAKKARAINEN Teuvo

HAUTALA Heidi

HEINÄLUOMA Eero

HUHTASAARI Laura

KATAINEN Elsi

KUMPULA-NATRI Miapetra

MODIG Silvia

NIINISTÖ Ville

PEKKARINEN Mauri

PIETIKÄINEN Sirpa

SARVAMAA Petri

TORVALDS Nils

VIRKKUNEN Henna

FEISIRÍ DE PHARLAIMINT NA hEORPA DE RÉIR AN BHALLSTÁIT

(2 Iúil 2019)

an tSualainn (20 Feisire)

AL-SAHLANI Abir

BERGKVIST Erik

BJÖRK Malin

DANIELSSON Johan

FEDERLEY Fredrick

FRITZON Heléne

GUTELAND Jytte

HOLMGREN Pär

INCIR Evin

KARLSBRO Karin

KOKALARI Arba

KUHNKE Alice

LEGA David

LUNDGREN Peter

POLFJÄRD Jessica

SKYTTEDAL Sara

STEGRUD Jessica

TOBÉ Tomas

WARBORN Jörgen

WEIMERS Charlie

FEISIRÍ DE PHARLAIMINT NA hEORPA DE RÉIR AN BHALLSTÁIT

(2 Iúil 2019)

an Ríocht Aontaithe (73 Fheisire)

AINSLIE Scott

ALLARD Christian

ANDERSON Martina

BEARDER Catherine

BENNION Phil

BROPHY Jane

BULL David

BULLOCK Jonathan

BUNTING Judith

CHOWNS Ellie

CORBETT Richard

DANCE Seb

DAUBNEY Martin Edward

DAVIES Chris

DE LUCY Belinda

DHAMIJA Dinesh

DODDS Diane

DOWDING Gina

ENGLAND KERR Andrew

EVANS Jill

FARAGE Nigel

FORMAN Lance

FOX Claire

GIBSON Barbara Ann

GILL Nathan

GILL Neena

GLANCY James Alexander

GRIFFIN Theresa

HABIB Ben

HANNAN Daniel

HARRIS Lucy Elizabeth

HEAVER Michael

HOOK Anthony

HORWOOD Martin

HOWARTH John

JONES Jackie

JORDAN Christina Sheila

KIRTON-DARLING Jude

LONG Naomi

LONGWORTH John

LOWE Rupert

MAGID Magid

McINTYRE Anthea

McLEOD Aileen

MOBARIK Nosheena

MOHAMMED Shaffaq

MONTEITH Brian

MORAES Claude

MUMMERY June Alison

NETHSINGHA Lucy

NEWTON DUNN Bill

OVERGAARD NIELSEN Henrik

PALMER Rory

PATTEN Matthew

PHILLIPS Alexandra Lesley

PHILLIPS Alexandra Louise Rosenfield

PORRITT Luisa

PUGH Jake

REES-MOGG Annunziata Mary

RITCHIE Sheila

ROWETT Catherine

ROWLAND Robert

SCOTT CATO Molly

SMITH Alyn (*)

STEDMAN-BRYCE Louis

TENNANT John David Edward

TICE Richard

VAN ORDEN Geoffrey

VOADEN Caroline

VON WIESE Irina

WARD Julie

WELLS James

WIDDECOMBE Ann

(*) Tháinig deireadh le sainordú Alyn Smith, Uas. an 12 Nollaig 2019.

FÓGRAÍ Ó NA BALLSTÁIT

BE

24.06.2019

28.06.2019

BG

06.06.2019

09.10.2019

CZ

18.06.2019

DK

25.06.2019

DE

26.06.2019

EE

14.06.2019

IE

06.06.2019

GR

12.06.2019

20.06.2019

ES

17.06.2019

20.06.2019

FR

13.06.2019

HR

10.06.2019

IT

21.06.2019

22.06.2019

11.10.2019

CY

28.05.2019

04.06.2019

LV

07.06.2019

14.10.2019

LT

03.06.2019

LU

20.06.2019

HU

17.06.2019

21.10.2019

MT

27.05.2019

NL

25.06.2019

AU

17.06.2019

PL

28.05.2019

PT

25.06.2019

05.11.2019

RO

21.06.2019

11.10.2019

SL

19.06.2019

16.10.2019

SK

30.05.2019

14.10.2019

FI

31.05.2019

SV

03.06.2019

UK

31.05.2019

07.10.2019

An nuashonrú is déanaí: 11 Bealtaine 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais