Rún neamhreachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Feabhra 2020 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir leis an gChomhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shóisialach Vítneam a thabhairt i gcrích (06050/2019 – C9-0023/2019 – 2018/0356M(NLE))
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (06050/2019),
– ag féachaint don dréacht-Chomhaontú Saorthrádála (FTA) idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shóisialach Vítneam (06051/2019),
– ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle maidir leis an gComhaontú Cosanta Infheistíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Shóisialach Vítneam, den pháirt eile, a thabhairt i gcrích (05931/2019),
– ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagail 91(1), 100(2), 207(4), an chéad fhomhír, le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), agus le hAirteagal 218(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) (C9-0023/2019),
– ag féachaint don Chreat-Chomhaontú maidir le Comhpháirtíocht agus Comhar Cuimsitheach (PCA) idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Shóisialach Vítneam, den pháirt eile, a síníodh sa Bhruiséil an 27 Meitheamh 2012 agus a tháinig i bhfeidhm i mí Dheireadh Fómhair 2016(1),
– ag féachaint don Chreat-Chomhaontú Rannpháirtíochta, a síníodh an 17 Deireadh Fómhair 2019, lena n-éascófar rannpháirtíocht Vítneam in oibríochtaí bainistithe géarchéime sibhialta agus míleata de chuid an Aontais Eorpaigh agus lena dtaispeánfar tiomantas láidir ón dá thaobh do chur chuige iltaobhach bunaithe ar rialacha maidir le síocháin agus slándáil idirnáisiúnta,
– ag féachaint don tuairim ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 16 Bealtaine 2017 i nós imeachta 2/15(2), de bhun Airteagal 218(11) CFAE, mar a d’iarr an Coimisiún an 10 Iúil 2015,
– ag féachaint dá rún an 5 Iúil 2016 le haghaidh stráitéis nuálach réamhbhreathnaitheach nua maidir le trádáil agus infheistíocht amach anseo(3),
– ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘Trádáil do chách - faoi thuairim beartas trádála agus infheistíochta níos freagraí a chothú’
– ag féachaint do chinneadh an 22 Nollaig 2009 ón gComhairle i dtaca le caibidlíochtaí déthaobhacha maidir le FTA a shaothrú le Ballstáit aonair de chuid Chomhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas (ASEAN),
– ag féachaint do threoracha caibidlíochta an 23 Aibreán 2007 le haghaidh FTA réigiún le réigiún le Ballstáit ASEAN,
– ag féachaint dá rún an 9 Meitheamh 2016 maidir le Vítneam(4),
– ag féachaint dá rún an 14 Nollaig 2017 maidir le saoirse tuairimí a nochtadh i Vítneam, go háirithe cás Nguyen Van Hoa(5),
– ag féachaint dá rún an 15 Samhain 2018 maidir le Vítneam, go háirithe staid na bpríosúnach polaitiúil(6),
– ag féachaint do chinneadh an Ombudsman Eorpaigh an 26 Feabhra 2016 i gcás 1409/2014/MHZ maidir le mainneachtain an Choimisiúin Eorpaigh réamh-mheasúnú tionchair a dhéanamh ar chearta an duine i dtaca le Comhaontú Saorthrádála AE-Vítneam(7),
– ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), agus go háirithe Teideal V de maidir le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais,
– ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus go háirithe Airteagail 91, 100, 168 agus 207 de i gcomhar le hAirteagal 218(6)(a)(v),
– ag féachaint do chonclúidí na Comhairle maidir le saothar leanaí an 20 Meitheamh 2016,
– ag féachaint do chonclúidí na Comhairle maidir le gnó agus cearta an duine an 20 Meitheamh 2016,
– ag féachaint d’éifeacht eacnamaíoch an Chomhaontaithe Saorthrádála idir AE agus Vítneam(8),
– ag féachaint d’Athbhreithniú Tréimhsiúil Uilechoiteann 2019 maidir le Vítneam a rinne Comhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine,
– ag féachaint do na conclúidí óna misean aimsithe fíoras chuig Vítneam (an 28 Deireadh Fómhair go dtí an 1 Samhain 2018) agus ón meastóireacht ón gCoimisiún i mí na Bealtaine 2018 i dtaca le dul chun cinn na tíre maidir le dul i ngleic le hiascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN) tar éis don Choimisiún foláireamh ‘cárta buí’ a thabhairt an 23 Deireadh Fómhair 2017,
– ag féachaint dá rún reachtach an 12 Feabhra 2020(9) ar an dréachtchinneadh,
– ag féachaint do Riail 105(2) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha, ón gCoiste um Fhorbairt agus ón gCoiste um Iascach,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A9-0017/2020),
A. de bhrí go bhfuil Vítneam ina chomhpháirtí straitéiseach ag an Aontas Eorpach, agus de bhrí go bhfuil clár oibre coiteann ag AE agus Vítneam, eadhon fás agus fostaíocht a spreagadh, feabhas a chur ar iomaíochas, an bhochtaineacht a chomhrac agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) a bhaint amach, chomh maith le tiomantas láidir do thrádáil atá oscailte agus bunaithe ar rialacha agus don chóras iltaobhach trádála;
B. de bhrí gurb é seo an dara comhaontú trádála déthaobhach a tugadh i gcrích idir AE agus Ballstát ASEAN agus gur céim thábhachtach é i dtreo FTA réigiún le réigiún; de bhrí go bhfeidhmeoidh an comhaontú seo, in éineacht leis an FTA idir AE agus Poblacht Shingeapór ar thug an Pharlaimint a toiliú ina leith an 13 Feabhra 2019, mar thagarmharc do na comhaontuithe atá i mbun caibidlíochta ag AE faoi láthair leis na príomhgheilleagair eile de chuid ASEAN;
C. de bhrí go dtuartar go gcruthófar 90 % d’fhás eacnamaíoch domhanda as seo amach lasmuigh den Eoraip, le cuid shuntasach de á cruthú san Áise;
D. de bhrí gur ghlac Vítneam ballraíocht in EDT in 2007 agus gur geilleagar anois é atá oscailte agus atá ar son na saorthrádála, mar is léir óna 16 chomhaontú trádála le 56 thír;
E. de bhrí gur comhalta bunaidh den Chomhaontú Cuimsitheach agus Forásach do Chomhpháirtíocht an Aigéin Chiúin agus na hÁise (CPTPP) agus gur páirtí sa chaibidlíocht a tugadh i gcrích le déanaí maidir leis an gComhpháirtíocht Chuimsitheach Eacnamaíoch Réigiúnach (RCEP) é Vítneam;
F. de bhrí go bhfuil borradh faoi gheilleagar Vítneam agus gur geilleagar iomaíoch agus nasctha é le beagnach 100 milliún saoránach, meánaicme atá ag dul i méid agus lucht saothair óg agus dinimiciúil, cé go bhfuil sé fós ina gheilleagar íseal-mheánioncaim a bhfuil dúshláin forbartha ar leith roimhe, mar a léirítear óna áit ar Innéacs um Fhorbairt Dhaonna UNDP, ina bhfuil sé sa 116ú háit as 189 dtír faoi láthair;
G. de bhrí gurb é Vítneam ceann de na tíortha is mó fás in ASEAN freisin, le meánráta fhás OTI de thart ar 6.51 % sa tréimhse 2000-2018; de bhrí go meastar go leanfaidh Vítneam ar aghaidh ag fás ag an ráta láidir céanna sna blianta atá ag teacht;
H. de bhrí gurb é AE an tríú comhpháirtí trádála is mó atá ag Vítneam i ndiaidh na Síne agus na Cóiré Theas, agus gurb é a dhara margadh onnmhairíochta is mó é i ndiaidh na Stát Aontaithe; de bhrí gur tháinig fás bliantúil ar onnmhairí AE chuig an tír le deich mbliana anuas de 5 go 7 % ar an meán; de bhrí gur tuaradh sa mheasúnú tionchair eacnamaíoch a rinne an Coimisiún go mbeadh ‘gnóthachain onnmhairithe EUR 8 mbilliún ann faoi 2035 do ghnólachtaí AE’, agus gur ‘measadh go dtiocfadh fás EUR 15 bhilliún’ ar onnmhairí Vítneam chuig AE; de bhrí go bhfuil sé tábhachtach an leas is fearr is féidir a bhaint as na deiseanna a thairgtear sa chomhaontú seo ar an mbealach is cuimsithí do ghnólachtaí, go háirithe FBManna;
I. de bhrí go bhfuil sé curtha i bhfios ag an gComhairle gur chun leasa AE atá sé leanúint ar aghaidh ag imirt príomhról i ndáil le Clár Oibre 2030 a chur chun feidhme ar bhealach comhleanúnach, cuimsitheach agus éifeachtach, mar thosaíocht uileghabhálach de chuid an Aontais, chun tairbhe a chuid saoránach agus chun a inchreidteacht laistigh den Eoraip agus ar fud an domhain a chaomhnú; de bhrí gur éiligh Uachtarán toghaí von der Leyen sa litir mhisin a seoladh chuig na coimisinéirí ainmnithe ar fad go ndéanfaidh na coimisinéirí ar fad a áirithiú go mbainfear amach Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe laistigh dá réimse beartais;
J. de bhrí go bhfuil dúshláin fós os comhair Vítneam maidir le forbairt inbhuanaithe, cearta an duine, cearta sibhialta agus polaitiúla, go háirithe maidir le staid na mionlach, saoirsí bunúsacha, saoirse creidimh reiligiúnaigh agus saoirse an phreasa, agus saothrú acmhainní nádúrtha (e.g. gaineamh, iascach agus adhmad), bainistiú dramhaíola agus truailliú; ag cur in iúl go bhfuil aiféala uirthi go bhfuil seasaimh dhifriúla fós ag AE agus ag Vítneam ar na moltaí ó chomhlachtaí idirnáisiúnta um chearta an duine maidir le Vítneam agus cur chun feidhme na moltaí sin, mar shampla na cinn a bhaineann leis an gCúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla (ICCPR); de bhrí gur cúis imní fós í saothar éigeantais príosúnach i Vítneam;
K. de bhrí gur stát aon-pháirtí fós é Vítneam nach n-aithníonn saoirsí bunúsacha amhail saoirse comhlachais, saoirse cainte, saoirse creidimh reiligiúnaigh agus saoirse an phreasa, d’ainneoin athchóirithe eacnamaíocha agus polaitiúla a tionscnaíodh in 1986; de bhrí go bhfuil nádúr smachtúil an réimis agus na sáruithe tromchúiseacha agus córasacha a dhéantar go forleathan ar chearta an duine tuairiscithe ag an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí i dtuarascáil bhliantúil 2018 de chuid an Aontais maidir le cearta an duine agus an daonlathas ar fud an domhain, agus béim á leagan ar líon na bpríosúnach polaitíochta atá ag méadú sa tír;
L. de bhrí gur iarr an Pharlaimint ar rialtas Vítneam ina rún an 15 Samhain 2018 chun ‘na dlíthe smachtúla ar fad, go háirithe a Chód Coiriúil, a aisghairm, a athbhreithniú nó a leasú’; de bhrí nár fhreagair Vítneam an t-éileamh sin; de bhrí nár ghlac Vítneam le haon cheann de na moltaí a rinneadh i gcreat an Athbhreithnithe Thréimhsiúil Uilechoitinn is déanaí i Márta 2019 chun forálacha mí-úsáideacha sa reachtaíocht pheannaideach a leasú nó a aisghairm;
M. de bhrí go n-aithnítear leis an FTA idir AE agus Vítneam a thábhachtaí atá sé caomhnú agus bainistiú inbhuanaithe acmhainní muirí beo agus éiceachóras muirí a áirithiú mar aon le cur chun cinn an dobharshaothraithe inbhuanaithe agus go bhforáiltear faoi Airteagal 13.9 de do chomhar sa chomhrac i gcoinne iascaireacht NNN;
N. de bhrí, maidir le roinnt táirgí iascbhunaithe, amhail iad sin a bhfuil cóid AC 1604 14 21 agus 1604 14 26 ag gabháil leo, nach bhfuil siad san áireamh sa chóras saor ó dhleacht sa FTA mar gheall ar a íogaire atá siad don Aontas Eorpach;
O. de bhrí go n-aithnítear gurb ionann iascaireacht NNN agus coireacht eagraithe na mara ag a bhfuil tionchair thubaisteacha chomhshaoil agus shocheacnamaíocha ar fud an domhain agus a chruthaíonn iomaíocht éagórach do thionscal iascaireachta na hEorpa;
P. de bhrí go bhfuil Vítneam ar an gceathrú táirgeoir éisc is mó ar domhan, agus an tAontas Eorpach ina dhiaidh, agus go bhfuil sé ar an gceathrú táirgeoir táirgí dobharshaothraithe is mó ar domhan;
Q. de bhrí gurb é AE an tradálaí táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe is mó ar domhan ó thaobh luacha de, agus méid trádála os cionn EUR 2.3 billiún ginte aige in 2017; de bhrí go ndéanann AE os cionn 65 % de na táirgí éisc a thomhlaíonn sé a allmhairiú agus go bhfuil sé ar cheann de na hinfheisteoirí coigríche is mó i Vítneam;
R. de bhrí, go dtí seo, go bhfuil cosaint bainte amach ag Vítneam d’aon táirge le tásc geografach (GI) amháin – Phú Quốc, ar cineál anlann éisc é – mar shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint (STFC) laistigh de scéimeanna cáilíochta AE; de bhrí go ndéantar foráil leis an FTA do chosaint le haghaidh 169 GI AE d’fhíon, do bhiotáille agus do tháirgí bia i Vítneam agus do chosaint chómhalartach le haghaidh 39 GI Vítneamacha in AE;
S. de bhrí go bhfuil margadh i Vítneam ina bhfuil 95 mhilliún duine a bhfuil traidisiúin fhadbhunaithe acu maidir le tomhaltais táirgí éisc agus dobharshaothraithe, agus go bhfuil Vítneam ar an dara comhpháirtí trádála is mó dá bhfuil ag AE i réigiún ASEAN; de bhrí go bhféadfadh acmhainneacht fáis agus tairbhí suntasacha a bheith ag gabháil le hiascach d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide; de bhrí go bhfuil leas ríthábhachtach ag baint leis an earnáil sin do rathúnas agus nuálaíocht Eorpach;
1. ag cur i bhfios go láidir gurb é FTA idir AE agus Vítneam (EVFTA) an comhaontú is nua-aimseartha, is cuimsithí agus is uaillmhianaí a tugadh i gcrích riamh idir AE agus tír i mbéal forbartha agus gur cheart go bhfeidhmeodh sé mar phointe tagartha do rannpháirtíocht AE amach anseo le tíortha i mbéal forbartha agus go háirithe le réigiún ASEAN; ag meabhrú di go mbeidh Vítneam fós ina thairbhí GSP ar feadh idirthréimhse dhá bhliain a luaithe is a bheidh FTA i bhfeidhm;
2. ag tabhairt dá haire gur thosaigh na caibidlíochtaí i Meitheamh 2012 agus gur tugadh i gcrích iad i Nollaig 2015 tar éis 14 bhabhta caibidlíochta, agus ag cur in iúl go bhfuil aiféala uirthi mar gheall ar mhoilleanna ina dhiaidh sin i dtaca leis an gcomhaontú a thabhairt ar aghaidh le haghaidh sínithe agus daingnithe - go háirithe moill na Comhairle chun toiliú a iarraidh ar Pharlaimint na hEorpa i dtráth cuí roimh na toghcháin Eorpacha;
3. ag cur béim ar thábhacht eacnamaíoch agus straitéiseach an chomhaontaithe seo, toisc go bhfuil spriocanna comhchoiteanna ag AE agus Vítneam – chun fás agus fostaíocht a spreagadh, borradh a chur faoin iomaíochas, an bhochtaineacht a chomhrac, an córas iltaobhach atá bunaithe ar rialacha a neartú, na SDGanna a bhaint amach, agus tacú le cearta oibrithe agus saoirsí bunúsacha; ag cur béim ar na cúiseanna geopholaitiúla a fhágann gur príomhghníomhaithe iad comhpháirtithe AE sa Chianoirthear le bheith i dteagmháil leo, i dtimpeallacht gheo-eacnamaíoch áitiúl atá casta;
4. ag tabhairt dá haire go sonraítear in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach go mbeidh gníomhaíocht an Aontais ar an ardán idirnáisiúnta bunaithe ar phrionsabail an daonlathais, an smachta reachta, uilechoitinne agus dhodhealaitheacht chearta an duine agus na saoirsí bunúsacha, meas ar dhínit an duine, prionsabail an chomhionannais agus na dlúthpháirtíochta, agus meas ar phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus dlí idirnáisiúnta; ag cur béim ar an ngá atá ann an prionsabal i dtaca le beartais a ailíniú le cuspóirí an chomhair um fhorbairt a urramú i gcomhréir le hAirteagal 208 CFAE;
5. ag cur suntas an chomhaontaithe i dtéarmaí iomaíocht ghnólachtaí AE sa réigiún i dtreis; ag tabhairt dá haire go bhfuil iomaíocht atá á méadú roimh chomhlachtaí Eorpacha ó thíortha lena bhfuil comhaontuithe saorthrádála ag Vítneam cheana, go sonrach an Comhaontú Cuimsitheach agus Forásach do Chomhpháirtíocht an Aigéin Chiúin agus na hÁise (CPTPP);
6. ag súil, leis an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas agus Singeapór, go mbeidh níos mó dul chun cinn i dtreo caighdeáin arda agus rialacha a shocrú i réigiún ASEAN, ag cabhrú chun bealach a dhéanamh do thrádáil réigiún le réigiún sa todhchaí agus comhaontú infheistíochta; ag cur i bhfios go gcuirtear teachtaireacht láidir in iúl leis an gcomhaontú, ar teachtaireacht é atá i bhfabhar trádáil atá saor, cothrom agus cómhalartach, ag tráth ina bhfuil claontaí cosantacha ag fás agus ina bhfuil dúshláin thromchúiseacha ann do thrádáil iltaobhach bunaithe ar rialacha; ag cur i bhfios go gcabhraíonn an comhaontú le AE chun a láithreacht i réigiún ASEAN a neartú, ag cur na conclúidí a tháinig le déanaí ón gComhpháirtíocht Chuimsitheach Eacnamaíoch Réigiúnach (RCEP) san áireamh, mar aon le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe Chuimsithigh agus Fhorásaigh do Chomhpháirtíocht an Aigéin Chiúin agus na hÁise (CPTPP); ag cur i bhfios freisin go gcuireann an comhaontú ar chumas AE a chaighdeáin agus a luachanna a chur chun cinn sa réigiún; ag meabhrú di an tacaíocht iomlán a thugann sí d’iltaobhachas agus an tábhacht a bhaineann le hathchóiriú inbhuanaithe agus uaillmhianach a dhéanamh ar EDT chun trádáil idirnáisiúnta atá bunaithe ar rialacha a áirithiú;
7. ag cur i bhfios go ndíothófar breis is 99 % de na taraifí leis an gcomhaontú(10); ag tabhairt dá haire go liobrálfaidh Vítneam 65 % de dhleachtanna ar allmhairí i gcás onnmhairí AE ar a theacht i bhfeidhm, agus go ndíothófar na dleachtanna atá fágtha de réir a chéile thar thréimhse 10 mbliana; ag tabhairt dá haire go liobrálfaidh AE 71 % dá allmhairí ar a theacht i bhfeidhm agus beidh 99 % díobh saor ó dhleacht tar éis thréimhse 7 mbliana; ag cur i bhfios go mbeidh forálacha sonracha sa chomhaontú freisin chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní neamhtharaifí d’onnmhairí AE, a bhíonn ina mbac suntasach do FBManna go minic; á mheas gur féidir le EVFTA cabhrú chun aghaidh a thabhairt ar easnamh trádála AE le Vítneam, ag baint leas as acmhainneacht fáis an tír sin de chuid ASEAN sna blianta amach anseo;
8. ag cur béim ar an tábhacht a bhaineann le rialuithe éifeachtacha agus iontaofa a áirithiú, lena n-áirítear comhar custaim níos fearr san Eoraip, ionas nach mbeidh an comhaontú ina phasáiste d’earraí ó thíortha eile le teacht isteach san Eoraip;
9. ag tabhairt dá haire an rochtain níos fearr atá ann faoin gcomhaontú seo do sholáthar poiblí Vítneamach i gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Soláthar Rialtais (GPA), mar níl Vítneam ina chomhalta de GPA go fóill; ag cur i bhfios go mbaintear amach le caibidil EVFTA maidir le soláthar rialtais leibhéal trédhearcachta agus cothroime nós imeachta atá inchomparáide le GPAnna eile a shínigh AE le tíortha forbartha agus tíortha i mbéal forbartha atá céim chun tosaigh; ag cur i bhfios nár cheart don chomhaontú srian a chur ar rialacha maidir le soláthar intíre nó ar sholúbthacht i soláthairtí agus riachtanais á socrú maidir le cad atá le soláthar agus éilimh ar réimsí amhail an comhshaol, saothar agus coinníollacha fostaíochta;
10. ag cur in iúl gur díol sásaimh di go leanann na forálacha maidir le rialacha tionscnaimh atá san áireamh san EVFTA cur chuige AE, agus go bhfuil a bpríomhghnéithe díreach cosúil leis na cinn a leagadh amach in GSP AE agus sa chomhaontú trádála le Singeapór freisin; á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme ceart agus dílis na rialacha seo, go háirithe maidir le hábhar náisiúnta, agus borradh a chur faoi aon ghníomh i gcoinne aon chineál ionramhála agus mí-úsáide, amhail táirgí a thagann as tríú tíortha a athphacáistiú;
11. ag tabhairt dá haire nach mbeidh Vítneam in ann carnadh ó chomhpháirtithe trádála a bhfuil ina dtairbhithe GSP sa réigiún a úsáid a thuilleadh chun bheith in ann na rialacha tionscnaimh a chomhlíonadh; ag cur i bhfios nár cheart do na rialacha tionscnaimh i gcomhaontuithe trádála slabhraí luacha atá ann cheana a bhriseadh gan chúis, go háirithe le tíortha a bhaineann tairbhe faoi láthair as scéimeanna GSP, GSP+ nó EBA;
12. ag cur i bhfios go mbainfidh thart ar 169 dtásc gheografacha AE tairbhe as aitheantas agus cosaint ar an margadh Vítneamach ar leibhéal inchomparáide le reachtaíocht AE, i bhfianaise gur margadh onnmhairithe tábhachtach é Vítneam san Áise d’onnmhairí bia agus deoch AE; á mheas gur cheart go méadófaí an liosta seo sna blianta beaga amach anseo; ag cur i bhfios chomh maith leis sin go bhféadfadh go mbeadh tionchar diúltach ar roinnt earnálacha talmhaíochta de chuid AE, rís i measc réimsí eile, mar gheall ar fhorálacha an FTA; chuige sin, á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán leanúnach a dhéanamh ar shreabhadh allmhairí na dtáirgí íogaire sin agus úsáid iomlán a bhaint as forálacha rialachán an chlásail coimirce nuair a chomhlíontar na riachtanais dlí agus eacnamaíocha, chun aon tionchar diúltach a d’fhéadfadh a bheith ann ar earnálacha talmhaíochta AE mar thoradh díreach chur chun feidhme FTA;
13. á chur in iúl gur díol sásaimh di caibidil SPS láidir a shocróidh cur chuige aonair agus trédhearcach chun onnmhairí AE de tháirgí bia chuig Vítneam a fhormheas, chun formheas iarratas ar onnmhairí AE a bhrostú agus chun cóir idirdhealaitheach a sheachaint; ag moladh thiomantas Vítneam na ceanglais allmhairiúcháin chéanna a chur i bhfeidhm maidir le táirgí comhchosúla a thagann ó Bhallstáit uile an Aontais;
14. ag meabhrú di, ó thaobh seirbhísí de, go dtéann Vítneam thar a ghealltanais EDT, forálann sé do rochtain níos fearr i roinnt fo-earnálacha gnó, agus tairgeann sé rochtain nua ar an margadh d’earnálacha amhail seirbhísí pacáistíochta, seirbhísí aontaí trádála agus seirbhísí taispeantais nó cíos/léasú; ag cur i bhfios go bhfuil seirbhísí ardoideachais trasteorann oscailte ag Vítneam den chéad uair; ag cur in iúl gur díol sásaimh di úsáid liosta dhearfaigh sa sceideal seirbhísí;
15. ag meabhrú go bhféadfadh daingniú mear an EVFTA cabhrú le Vítneam dul níos faide chun feabhas a chur ar chosaint CMI agus gur féidir leis na caighdeáin táirgthe is airde agus an cháilíocht is fearr a ráthú do thomhaltóirí; ag cur i bhfios go n-aontóidh Vítneam le Conarthaí Idirlín na hEagraíochta Domhanda um Maoin Intleachtúil (EDMI), a shocraíonn caighdeáin chun cosc a chur ar rochtain nó úsáid neamhdhleathach ar líne de shaothar cruthaitheach, cearta úinéirí a chosaint, agus aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a chruthaíonn teicneolaíochtaí nua agus modhanna cumarsáide do CMI; ag cur i bhfios an tábhacht straitéiseach a bhaineann le cumas chun caighdeáin a shocrú i réigiúin ina bhfuil claontaí ann i ndáil le díchúpláil a dhéanamh i gcúrsaí normatacha agus caighdeánacha; ag athdhearbhú go bhféadfadh easpa creataí rialála láidre sodar go grinneall a thosú agus iomaíocht dhiúltach ar fhorálacha dlíthiúla tábhachtacha; ag tabhairt le fios gur colún riachtanach de bheartas AE fós é rochtain ar leigheasanna a chur chun cinn agus go bhfuil forálacha CMI sa chomhaontú maidir le táirgí cógaisíochta oiriúnaithe go sonrach don leibhéal forbartha, don chreat rialála reatha agus d’ábhair imní sláinte poiblí i Vítneam;
16. ag cur in iúl gur oth léi nach bhfuil caibidil ar leith sa chomhaontú maidir le FBManna, ach tugann sí dá haire na forálacha difriúla maidir le FBManna atá san áireamh i roinnt dá pháirteanna ar aon nós; ag cur i bhfios go mbeidh an chéim feidhmiúcháin riachtanach chun plean gníomhaíochta a thabhairt isteach chun cabhrú le FBManna úsáid a bhaint as na deiseanna atá tairgthe ag an gcomhaontú, trí thrédhearcacht a mhéadú ar dtús agus gach faisnéis iomchuí a scaipeadh, toisc go bhfuil an earnáil sin den gheilleagar rí-thábhachtach do rathúnas agus nuálaíocht san Eoraip; á mheas gur cheart don Choimisiún an fhéidearthacht chun caibidil maidir le FBManna a thabhairt isteach a fhiosrú in aon athbhreithniú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an gcomhaontú;
17. ag cur in iúl gur díol sásaimh di na forálacha comhair maidir le leas ainmhithe, lena n-áirítear cúnamh teicniúil agus fothú acmhainneachta d’fhorbairt ardchaighdeán leasa ainmhithe, agus á mholadh do na Páirtithe úsáid iomlán a bhaint astu; ag tathant ar na Páirtithe plean gníomhaíochta a fhorbairt do chomhar i dtaca le leas ainmhithe a luaithe is féidir, lena n-áirítear clár um oiliúint, fothú acmhainneachta agus cúnamh faoi chuimsiú an chomhaontaithe, d’fhonn leas ainmhithe a choimirciú ag tráth an mharaithe agus cosaint níos fearr a thabhairt d’ainmhithe ar fheirmeacha agus le linn iompair i Vítneam;
18. ag cur i bhfios go sonraítear sa chomhaontú ceart AE chun a chaighdeán féin a chur i bhfeidhm ar gach táirge agus seirbhís a dhíoltar san Aontas, agus prionsabal an réamhchúraim á mheabhrú; ag cur i bhfios nár cheart caighdeáin arda AE, lena n-áirítear dlíthe náisiúnta, rialacháin agus comhaontuithe cómhargála a fheiceáil riamh mar bhacainní trádála;
19. ag cur in iúl gur oth léi nach bhfuil foráil san áireamh sa chomhaontú maidir le haistrithe sonraí trasteorann; á mheas gur cheart foráil den chineál sin a bheith san áireamh in athbhreithniú ar an gcomhaontú sa todhchaí, lena n-urramófaí seasamh AE maidir le dlí cosanta sonraí agus cosaint príobháideachas, agus ag cur i bhfios gur cheart aon torthaí as seo amach a bheith faoi réir thoiliú na Parlaiminte; ag tabhairt dá haire, i dtaca leis sin, go bhfuil an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí go hiomlán i gcomhréir leis na heisceachtaí ginearálta faoi GATS;
20. ag cur i bhfios go bhfuil caibidil chuimsitheach agus cheangailteach maidir le Trádáil agus Forbairt Inbhuanaithe (TSD) san áireamh in EVFTA, lena ndéileáiltear le cúrsaí saothair agus comhshaoil, bunaithe ar choinbhinsiúin agus caighdeáin iltaobhacha a nglactar leo go forleathan; ag tabhairt le fios go bhféadfaí feabhas suntasach a chur ar infhorfheidhmitheacht na caibidle maidir le TSD, ar an gcéad dul síos trí bhreithniú a dhéanamh ar, i measc roinnt modhanna forfheidhmithe, sásra bunaithe ar smachtbhannaí mar rogha dheireanach, agus ar an dara dul síos trí athchóiriú ar chóras an Ghrúpa Chomhairligh Baile (DAG), mar a d’iarr an Pharlaimint arís is arís eile agus a luadh freisin sa litir mhisin do Choimisinéir nua AE um Thrádáil; ag cur i bhfios go bhfuil caibidil maidir le TSD ceaptha chun cuidiú le cuspóirí beartais níos leithne de chuid an Aontais, go háirithe maidir le fás cuimsitheach, an comhrac i gcoinne an athraithe aeráide, cearta an duine a chur chun cinn, lena n-áirítear cearta oibrithe, agus, ar bhealach níos ginearálta, luachanna AE a chaomhnú; ag cur i bhfáth gur ionstraim um fhorbairt agus dul chun cinn sóisialta i Vítneam é an comhaontú freisin, ag tacú leis an tír ina hiarrachtaí chun feabhas a chur ar chearta saothair agus chun cosaint ag an obair agus cosaint an chomhshaoil a threisiú; á iarraidh go mbunófar gan mhoill agus go ndéanfar oibríochtúil DAGanna atá leathan agus neamhspleách, agus á iarraidh ar an gCoimisiún dlúthchomhar a dhéanamh le húdaráis Vítneam agus an tacaíocht a bhfuil gá léi a chur ar fáil dóibh; á iarraidh ar an gComhchoiste obair a thosú láithreach chun forfheidhmiú na bhforálacha maidir le TSD a neartú;
21. á iarraidh go mbunófaí Comhchoiste idir Tionól Náisiúnta Vítneam agus Parlaimint na hEorpa chun feabhas a chur ar chomhordú agus athbhreithniú a dhéanamh ar bhearta na caibidle maidir le TSD agus cur i bhfeidhm an chomhaontaithe ina iomláine; ag cur in iúl gur díol sásaimh di seasamh fabhrach Chathaoirleach Thionól Náisiúnta Vítneam i dtreo an ghlao seo ar ghníomhaíocht, agus á iarraidh go ndéanfaí caibidlíocht ar Mheabhrán Comhthuisceana idir an dá Pharlaimint go tapa;
22. ag cur in iúl gur díol sásaimh di na céimeanna nithiúla atá tógtha ag Rialtas Vítneam go dtí seo, lena n-áirítear leasú a dhéanamh ar reachtaíocht saothair agus creat dlithiúil maidir leis an aois íosta ag an obair, agus é mar aidhm leis sin deireadh a chur le saothar leanaí agus gealltanais a dhéanamh i dtaca le neamh-idirdhealú agus comhionannas inscne ag an obair; ag súil go mbeidh an reachtaíocht nua seo críochnaithe trí fhoraitheanta a chur i bhfeidhm agus forfheidhmithe go hiomlán ag údaráis Vítneam chomh luath agus is féidir;
23. ag aithint go bhfuil laghdú tagtha ar shaothar leanaí i Vítneam le blianta beaga anus, ag meabhrú di gurb é Vítneam an chéad tír san Áise agus an dara tír ar domhan chun Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh a dhaingniú; á iarraidh freisin ar rialtas Vítneam treochlár uaillmhianach a chur in iúl chun saothar leanaí a dhíothú faoi 2025 agus chun saothar éigeantais, sclábhaíocht nua-aimseartha agus gáinneáil ar dhaoine a dhíothú faoi 2030; ag súil le measúnú EIS in am trátha sula ndéanfar an comhaontú a dhaingniú; ag iarraidh ar AE agus ar Vítneam go n-oibreodh siad i gcomhar le chéile chun plean gníomhaíochta a fhorbairt, in éineacht leis cláir AE atá ar fáil, chun saothar leanaí a chomhrac, lena n-áirítear an creat dúthrachta is gá d’fhiontair;
24. ag cur i bhfios, áfach, d’aineoinn an dul chun cinn sin go bhfuil dúshláin thábhachtacha fós ann, agus ag áitiú ar údaráis Vítneam páirt níos mó a ghlacadh i gclár forchéimnitheach um chearta oibrithe trí bhearta nithiúla a dhéanamh, ag cur in iúl gur díol sásaimh di i ndáil leis sin roimh ghlacadh Chód Saothair athchóirithe an 20 Samhain 2019; ag cur in iúl gur díol sásaimh di freisin daingniú Choinbhinsiún EIS bunúsach 98 (cómhargáil) an 14 Meitheamh 2019 agus tiomantas ó rialtas Vítneam chun dhá choinbhinsiún bhunúsacha atá fágtha a dhaingniú, eadhon 105 (saothar éigeantach a chur ar ceal) in 2020 agus 87 (saoirse comhlachais) in 2023, agus ag iarraidh ar údaráis Vítneam treochlár inchreidte a chur ar fáil dá ndaingniú; ag cur béim ar ról lárnach foraitheanta cur chun feidhme i gcur chun feidhme an Chóid Saothair athbhreithnithe agus choinbhinsiúin daingnithe EIS agus mar sin, ag cur béim ar an ngá le foraitheanta cur chun feidhme don Chód Saothair athchóirithe chun prionsabail choinbhinsiúin 105 agus 87 de chuid EIS a ionchorprú; ag cur béim ar a toil chun páirt a ghlacadh in idirphlé gníomhach maidir leis an tsaincheist seo; ag iarraidh ar rialtas Vítneam an Aontas a chur ar an eolas go leanúnach maidir le dul chun cinn an daingnithe agus chur chun feidhme na gcoinbhinsiún sin atá fós fágtha; ag meabhrú di suntas na ngealltanas sin a léiríonn treochtaí fíor-dhearfacha i dtír i mbéal forbartha, agus béim á cur aici ar ról riachtanach chur chun feidhme éifeachtach na bhforálacha maidir le cearta an duine, coinbhinsiúin EIS agus cosaint an chomhshaoil; ag cur i bhfios nár cheart go mbeadh sé mar thoradh ar chritéir shonracha atá san áireamh sa reachtaíocht cur chun feidhme, amhail tairseacha agus foirmiúlachtaí clárúcháin, bac a chur, go héifeachtach, ar eagraíochtaí neamhspleácha ó bheith in iomaíocht le heagraíochtaí stát-eagraithe; ag cur i bhfios freisin gur cheart reachtaíocht pheannaideach a thabhairt i gcomhréir le coinbhinsiúin ábhartha EIS; ag cur i bhfios gur cheart go mbeadh oibleagáidí Vítneam faoin gCúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla (ICCPR) agus faoin gCód Saothair nuachóirithe curtha i bhfeidhm ar bhealach nach bhfágann go mbeadh sé dodhéanta saoirsí a fheidhmiú, go háirithe maidir leis an tsaoirse ceardchumainn neamhspleácha a thionól; ag moladh an tseasaimh réamh-dhaingnithe coinníollachta atá tógtha ag AE;
25. ag cur in iúl gur díol sásaimh di an comhar atá beartaithe maidir le gnéithe de Chlár Oibre EIS um Obair Chuibhiúil a bhaineann le trádáil, go háirithe an t-idirnascadh idir trádáil agus fostaíocht iomlán agus tháirgiúil do chách, lena n-áirítear daoine óga, mná agus daoine faoi mhíchumas; ag éileamh tús gan mhoill agus fónta leis an gcomhar seo;
26. ag tabhairt dá haire go bhfuil Vítneam ar cheann de na tíortha is leochailí maidir le héifeachtaí an athraithe aeráide, go háirithe eachtraí adhaimsire amhail stoirmeacha agus tuilte; á áitiú ar rialtas Vítneam beart oiriúnúcháin a thabhairt isteach agus a áirithiú go ndéanfar reachtaíocht cosanta comhshaoil agus bithéagsúlachta a cur chun feidhme go héifeachtach;
27. ag cur in iúl gur díol sásaimh di an tiomantas chun comhaontuithe comhshaoil iltaobhacha amhail Comhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide a chur chun feidhme go héifeachtúil, agus chun gníomhú i bhfabhar chaomhnú agus bhainistíocht inbhuanaithe an fhiadhúlra, na bithéagsúlachta, agus na foraoiseachta; ag meabhrú di gur ceann de na tíortha is gníomhaí i réigiún ASEAN níos leithne é Vítneam, rud a thaispeánann a thiomantas do chlár Chomhaontú Pháras go soiléir; ag cur i bhfios go láidir go gcuideoidh daingniú gasta EVFTA chomh maith le hurraim iomlán agus cur chun feidhme iomlán éifeachtúil Chomhaontú Pháras chun na coinníollacha is airde is féidir chun an comhshaol a chosaint sa réigiún a áirithiú;
28. ag cur an tábhacht straitéiseach a bhaineann le Vítneam mar chomhpháirtí ríthábhachtach de chuid AE san Áise Thoir Theas agus i measc Chomhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas (ASEAN) i bhfáth, go sonrach, ach ní go heisiach, i ndáil leis an gcaibidlíocht maidir leis an athrú aeráide, an dea-rialachas, an fhorbairt inbhuanaithe, an dul chun cinn eacnamaíoch agus sóisialta agus an comhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta; ag cur béim ar an ngá atá ann go ndéanfaí comhpháirtí de Vítneam agus cearta an duine agus an t-athchóiriú daonlathach á gcur chun cinn; ag tabhairt dá haire go bhfuil cathaoirleacht ASEAN ag Vítneam don bhliain 2020; á chur i bhfáth go láidir gur riachtanach don Aontas Eorpach agus do Vítneam Comhaontú Pháras a urramú agus é a chur chun feidhme ina iomláine;
29. á chur in iúl gur díol sásaimh di an comhaontú idir AE agus Rialtas Vítneam lena mbunaítear creat rannpháirtíochta do Vítneam in oibríochtaí bainistithe géarchéime AE, a síníodh ar an 17 Deireadh Fómhair 2019; á chur i bhfáth go bhfuil Vítneam anois ar an dara tír chomhpháirtíochta san Áise a shínigh Creat-chomhaontú Rannpháirtíochta le AE; ag cur béim ar an bhfíoras gur céim shuntasach chun cinn é an comhaontú sa chaidreamh idir AE agus Vítneam;
30. ag meabhrú di go foráiltear leis an gComhaontú do bhearta sonracha chun iascaireacht NNN a chomhrac agus chun earnáil iascaigh inbhuanaithe agus fhreagrach a chur chun cinn, lena n-áirítear dobharshaothrú; ag aithint tiomantas Vítneam maidir le haghaidh a thabhairt ar iascaireacht NNN trí iarratas a chur isteach ar lánchomhaltas ar an gCoimisiún Iascaigh don Aigéan Ciúin Iartharach agus don Aigéan Ciúin Láir (WCPFC), trí bheith ina bhall oifigiúil anois de Bhearta Stát an Chalafoirt (PSMA), tríd an Dlí Iascach athchóirithe a ghlacadh in 2017, lena gcuirtear san áireamh oibleagáidí idirnáisiúnta agus réigiúnacha, comhaontuithe agus moltaí ón gCoimisiún, agus trí phlean gníomhaíochta náisiúnta a chur chun feidhme chun NNN a chomhrac;
31. ag aithint, áfach, na ndúshlán ollmhór atá fós roimh údaráis Vítneam maidir le ró-acmhainn chabhlach iascaigh na tíre atá ilroinnte go mór agus róshaothrú acmhainní muirí, ag cur san áireamh an chárta bhuí atá tugtha do Vítneam chomh maith leis na bearta a tugadh cheana chun feabhas a chur ar an staid; ag éileamh níos mó gníomhaíochta tar éis thorthaí mhisean athbhreithnithe Shamhain 2019, agus faireachán leanúnach agus seiceálacha cúramacha maidir le hiarrachtaí Vítneam le háirithiú go leanfaidh an tír ar aghaidh ag déanamh dul chun cinn chun iascaireacht NNN a chomhrac agus chun inrianaitheacht iomlán táirgí iascaigh a thagann go dtí margadh an Aontais a ráthú ionas gur féidir allmhairí mídhleathacha a eisiamh; á mheabhrú di, ina theannta sin, nach mór go mbeadh cúlghairm an ‘chárta bhuí’ ar an gcoinníoll go ndéanfaí na moltaí uile a rinne AE in 2017 a chur chun feidhme go hiomlán agus go héifeachtach; á iarraidh ar an gCoimisiún foráil a dhéanamh do bhearta coimirce le haghaidh táirgí iascaigh i gcomhaontuithe amach anseo, amhail an fhéidearthacht taraifí fabhracha a chur ar fionraí, go dtí go mbainfear an cárta buí maidir le hiascaireacht NNN;
32. ag aithint rannpháirtíocht Vítneam chun dul i ngleic le lománaíocht neamhdhleathach agus dífhoraoisiú trí Chomhaontú Comhpháirtíochta Deonaí i ndáil le Forfheidhmiú an Dlí, Rialachas agus Trádáil i dtaca le Foraoisí (VPA/FLEGT) a thabhairt i gcrích le AE; ag tabhairt dá haire go bhfuil an comhaontú sin i bhfeidhm ón 1 Meitheamh 2019 agus go dtugtar isteach leis oibleagáidí dúthrachta d’allmhaireoirí; ag cur in iúl gur díol sásaimh di rannpháirtíocht oscailte agus chuiditheach na ngeallsealbhóirí ábhartha ar fad i Vítneam sa phróiseas seo;
33. ag cur béim ar thábhacht riachtanach na forálacha agus na caibidlí ar fad ón gcomhaontú a chur chun feidhme go héifeachtúil, ó rochtain ar an margadh go forbairt inbhuanaithe agus na gealltanais ar fad a fhorfheidhmiú; á mheas gur cheart tuiscint ó na forálacha ar fad maidir le TSD go ndéantar oibleagáidí dlíthiúla a chur ar fáil iontu sa dlí idirnáisiúnta agus FTA; ag cur béim sa chomhthéacs sin ar an bpost nua mar Phríomh-Oifigeach Forfheidhmithe Trádála, a oibreoidh go díreach faoi threoir an Choimisinéara Trádála, agus tiomantas Choiste na Parlaiminte um Thrádáil Idirnáisiúnta chun ról gníomhach a ghlacadh chun faireachán a dhéanamh ar ghealltanais EVFTA a chur chun feidhme; ag cur i bhfios freisin gur cheart do chomhlachtaí Eorpacha áirithe, go háirithe FBManna, a spreagadh chun úsáid iomlán a bhaint as buntáistí an chomhaontaithe agus gur cheart aon bhac atá ann maidir le cur chun feidhme a dheisiú gan mhoill;
34. ag cur béim ar an bhfíoras go bhféadfadh teacht i bhfeidhm an chomhaontaithe na dálaí a chruthú le haghaidh mórchomhar torthúil idir an dá chomhpháirtí d’fhonn na forálacha maidir le forbairt inbhuanaithe a chur chun feidhme go héifeachtach, rud a d’fhéadfadh feabhas a chur ar staid pholaitiúil agus staid chearta an duine sa tír; á chur i bhfáth go bhféadfadh cur chun feidhme cuí EVFTA cuidiú le Vítneam dul chun cinn a dhéanamh agus caighdeáin Eorpacha maidir leis an gcomhshaol, cearta an duine agus rialachas maith agus Freagracht Shóisialta Chorparáideach (FSC) á gcomhlíonadh aige; ag cur in iúl gur díol sásaimh di tiomantas Vítneam sa chomhthéacs seo chun a phlean náisiúnta cur chun feidhme chun forálacha EVFTA a chomhlíonadh a chur in iúl;
35. ag meabhrú di a taithí roimhe seo, a thaispeánann gur féidir le cur chun feidhme cuí FTAnna agus láithreacht chomhlachtaí AE feabhsuithe a dhéanamh ar staid chearta an duine, FSC agus caighdeáin chomhshaoil; á iarraidh ar chomhlachtaí AE leanúint ar aghaidh ag imirt príomhróil chun caighdeáin agus dea-chleachtais a thabhairt le chéile agus é mar aidhm acu timpeallacht ghnó oiriúnach agus inbhuanaithe a chruthú i Vítneam trí EVFTA;
36. ag éileamh faireachán sonraithe agus dian ar an gcomhaontú agus gealltanas le háirithiú go ndeisítear bearnaí lenár gcomhpháirtí trádála go tapa; á iarraidh ar AE tacú leis na bearta fothaithe acmhainní a bhfuil gá leo agus le cúnamh teicniúil sonrach chun cabhrú le Vítneam chun a ghealltanais a chur i bhfeidhm trí bhíthin tionscadal agus saineolais, go háirithe a mhéid a bhaineann le forálacha comhshaoil agus saothair; ag meabhrú don Choimisiún go bhfuil oibleagáidí air tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme EVFTA;
37. ag cur i bhfios go bhfuil rannpháirtíocht chomhpháirtithe neamhspleácha na sochaí sibhialta agus sóisialta riachtanach chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chomhaontaithe riachtanach, agus ag iarraidh go ndéanfaí ullmhú agus bunú DAGanna gan mhoill tar éis theacht i bhfeidhm an chomhaontaithe, chomh maith le hionadaíocht leathan agus chothrom eagraíochtaí neamhspleácha, saora agus éagsúla de chuid na sochaí sibhialta laistigh de na grúpaí sin, lena n-áirítear eagraíochtaí Vítneamacha ó earnálacha an tsaothair agus an chomhshaoil chomh maith le cosainteoirí chearta an dhuine; ag tacú le hiarrachtaí eagraíochtaí na sochaí sibhialta i Vítneam chun moltaí a fhorbairt sa chuí seo, agus tacóidh sí le hiarrachtaí bearta fothaithe ;
38. á mheabhrú di go bhfuil fréamhacha an chaidrimh idir AE agus Vítneam sa PCA, lena gclúdaítear réimsí neamheacnamaíocha, lena n-áirítear an t-idirphlé polaitíochta, cearta an duine, an t-oideachas, an eolaíocht agus an teicneolaíocht, an ceartas agus an tearmann agus an imirce;
39. ag aithint an naisc institiúidigh agus dhlíthiúil idir FTA agus PCA, lena n-áirithítear go bhfuil cearta an duine mar chroílár chaidreamh AE-Vítneam; ag cur i bhfios an suntas a bhaineann le treochtaí dearfacha i dtéarmaí chearta an duine do dhaingniú mear an chomhaontaithe seo, agus ag iarraidh ar údaráis Vítneam ar fad bearta nithiúla a dhéanamh chun feabhas a chur ar an staid mar chomhartha dá dtiomantas; ag meabhrú di a héileamh an 15 Samhain 2018, go sonrach maidir le hathchóiriú ar an reachtaíocht pheannaideach, pionós an bháis, príosúnaigh pholaitíochta agus saoirsí bunúsacha; á thathant ar na Páirtithe leas iomlán a bhaint as na comhaontuithe chun feabhas a chur ar staid phráinneach chearta an duine i Vítneam, agus á chur i dtreis an tábhacht a bhaineann le hidirphlé uaillmhianach maidir le cearta an duine idir AE agus Vítneam; á chur i bhfios go bhfuil clásal caighdeánach maidir le cearta an duine in Airteagal 1 de PCA ar féidir leis a bheith ina shiocair le bearta iomchuí a thionscnamh, lena n-áirítear, mar rogha dheireanach, PCA, agus EVFTA go hindíreach, a fhionraí, nó codanna de, gan mhoill;
40. ag cur in iúl gur oth léi gur theip ar an gCoimisiún measúnú tionchair um chearta an duine a dhéanamh ar an FTA; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú den chineál sin a dhéanamh láithreach; á iarraidh air cearta an duine a chur san áireamh go córasach de réir mar agus nuair a dhéanfaidh sé a mheasúnuithe tionchair, lena n-áirítear i gcás comhaontuithe trádála a bhfuil tionchair shuntasacha eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil acu; ag cur i bhfios gur thug an Coimisiún gealltanas freisin measúnú tionchair eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil ex post a dhéanamh;
41. ag iarraidh ar an Aontas agus ar Vítneam sásra neamhspleách faireacháin um chearta an duine agus sásra neamhspleách gearán a bhunú, rud a chuirfidh ar chumas saoránach agus geallsealbhóirí áitiúla dá ndéantar difear dul i muinín réiteach a bheidh éifeachtach, agus a chuirfidh uirlis ar fáil dóibh chun go bhféadfar dul i ngleic le tionchair dhiúltacha a d’fhéadfadh a bheith ann ar chearta an duine, go háirithe tríd an sásra um réiteach díospóidí idirstáit a chur i bhfeidhm a ghabhann leis an gcaibidil maidir le TSD;
42. ag cur in iúl a cúiseanna imní maidir le cur chun feidhme an dlí nua cibearshlándála, go háirithe maidir le riachtanais logánaithe agus nochta, faireachas agus smacht ar líne, agus cosaint beart i dtaca le sonraí pearsanta, nach bhfuil i gcomhréir le clár oibre léirscaoilte trádála agus luachbhunaithe AE; ag cur in iúl gur díol sásaimh di é an toilteanas atá ann dul i mbun idirphlé dian, lena n-áirítear tiomantas Chathaoirleach Thionól Náisiúnta Vítneam an dá pharlaimint a rannpháirtiú sa phlé agus sa chíoradh ar na foraitheanta cur chun feidhme; á iarraidh freisin ar údaráis Vítneam bearta nithiúla a dhéanamh agus ag cur in iúl gur díol sásaimh di cúnamh AE ina leith sin;
43. á mheabhrú di go sonraítear in Airteagal 8 CFAE ‘ina ghníomhaíochtaí uile, beidh sé d’aidhm ag an Aontas neamhionannais idir fir agus mná a dhíchur agus comhionannas eatarthu a chur ar aghaidh’; á chur in iúl gur díol sásaimh di gur shínigh Vítneam agus AE araon Dearbhú Buenos Aires de chuid EDT maidir le Mná agus Trádáil agus á iarraidh ar na Páirtithe na tiomantais maidir le hinscne agus trádáil sa chomhaontú a neartú; ag éileamh go gcuirfí coinníollacha na mban chun feabhais ionas go bhféadfadh siad leas a bhaint as an gcomhaontú sin, lena n-áirítear trí fhothú acmhainneachta do mhná ag an obair agus sa ghnó, trí ionadaíocht na mban a chur chun cinn sa chinnteoireacht agus i bpoist a ngabhann údarás leo, agus rochtain agus ceannaireacht na mban ar an teicneolaíocht agus ar an nuálaíocht, agus a rannpháirtíocht iontu a chur chun feabhais; ag meabhrú di gealltanas an Choimisiúin Caibidlí Inscne a chur san áireamh i gcomhaontuithe trádála AE amach anseo, lena n-áirítear comhaontuithe trádála AE arna mbaint amach tar éis an comhaontú seo a thabhairt i gcrích; á iarraidh ar AE agus ar Vítneam gealltanas a thabhairt meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an chomhaontaithe agus caibidil shonrach ar Inscne agus Trádáil a chur san áireamh san athbhreithniú air amach anseo;
44. ag éileamh go scaoilfí saor láithreach gach príosúnach polaitíochta agus gach ball den tsochaí shibhialta ar nós blagálaithe nó ceardchumannaithe neamhspleácha atá faoi choinneáil nó atá ciontaithe faoi láthair, go háirithe iad siúd a ainmnítear sna rúin ón bParlaimint an 14 Nollaig 2017 agus an 15 Samhain 2018;
45. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS tuarascáil fhoirmiúil a thabhairt don Pharlaimint maidir le tiomantas Vítneam dul chun cinn a dhéanamh i dtaca le sraith saincheisteanna faoi chearta an duine, amhail dá dtagraítear sa rún ón bParlaimint an 17 Nollaig 2015(11);
46. ag cur béim air gur chuir an comhaontú le hathruithe cheana féin i go leor réimsí trí idirphlé, agus á mheas gur bonn é le haghaidh tuilleadh feabhsuithe do na daoine trí idirphlé;
47. á chur in iúl gur díol sásaimh di an comhaontú, lena gcruthófar deiseanna trádála atá níos saoire agus níos cothroime idir AE agus Vítneam; á mheas go bhfuil bonn cirt le toiliú Pharlaimint na hEorpa, ós rud é go ndéanann Vítneam bearta chun staid na gceart sibhialta agus an tsaothair a fheabhsú d’fhonn dul i mbun a chuid dualgas;
48. á iarraidh ar an gComhairle an Comhaontú a ghlacadh go tapa.
49. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig rialtas agus parlaimint Phoblacht Shóisialach Vítneam.
Onnmhairí AE chuig Vítneam: imeoidh 65 % de dhleachtanna a luaithe is a thiocfaidh an FTA i bhfeidhm, agus cuirfear deireadh leis na cinn atá fágtha de réir a chéile thar thréimhse suas le 10 mbliana (mar shampla, chun an earnáil mhótair Vítneamach a chosaint ó iomaíocht Eorpach, beidh dleachtanna ar ghluaisteáin fós ann ar feadh na tréimhse iomlán de 10 mbliana); Onnmhairí Vítneam chuig AE: imeoidh 71 % de dhleachtanna a luaithe is a thiocfaidh an FTA i bhfeidhm, cuirfear deireadh leis na cinn atá fágtha thar thréimhse seacht mbliana.
Rún neamhreachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Nollaig 2015 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chreat-Chomhaontaithe, thar ceann an Aontais, maidir le Comhpháirtíocht agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Shóisialach Vítneam, den pháirt eile (IO C 399, 24.11.2017, lch. 141).