Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Feabhra 2020 maidir leis an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir leis an gComhaontú Cosanta Infheistíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Shóisialach Vítneam, den pháirt eile, a thabhairt i gcrích thar ceann an Aontais (05931/2019 – C9-0020/2019 – 2018/0358(NLE))
(Toiliú)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (05931/2019),
– ag féachaint don dréacht-Chomhaontú Cosanta Infheistíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Shóisialach Vítneam, den pháirt eile (05932/2019),
– ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 207(4) agus pointe (a)(v) den dara fomhír d’Airteagal 218(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9-0020/2019),
– ag féachaint dá rún neamhreachtach an 12 Feabhra 2020(1) maidir leis an dréachtchinneadh,
– ag féachaint do Riail 105(1) agus (4) agus Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhorbairt,
– ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A9-0002/2020),
1. ag tabhairt a toilithe an comhaontú a thabhairt i gcrích;
2. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Phoblacht Shóisialach Vítneam.