Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Feabhra 2020 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach lena n-aisghairtear Gníomhaíocht Chomhpháirteach Uimh. 98/700/CGB, Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (COM(2018)0631 – C8-0150/2019 – 2018/0330B(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2018)0631),
– ag féachaint don chinneadh ó Chomhdháil na nUachtarán an 21 Márta 2019 maidir leis an togra ón gCoimisiún a scoilteadh agus a údarú don Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile tuarascáil reachtach ar leithligh a tharraingt suas le haghaidh na bhforálacha a bhaineann leis an gcóras do Dhoiciméid Bhréagacha agus Doiciméid Bharántúla ar Líne (FADO), eadhon aithrisí 80 go 83, 102, 114 agus 115 agus Airteagal 80 den togra ón gCoimisiún;
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus do phointí (b) agus (d) d’Airteagal 77(2) agus do phointe (c) d’Airteagal 79(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0150/2019),
– ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla ar an mbunús dlí atá molta,
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) agus de phointe (a) d’Airteagal 87(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 12 Nollaig 2018(1),
– ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún an 6 Feabhra 2019(2),
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 4 Nollaig 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Rialacha 59 agus 40 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0022/2019),
1. ag glacadh a seasamh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Feabhra 2020 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2020/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcóras do Dhoiciméid Bhréagacha agus Doiciméid Bharántúla ar Líne (FADO) agus lena n-aisghairtear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 98/700/CGB ón gComhairle
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2020/493.)