Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Téacsanna atá glactha
PDF 120kWORD 44k
Dé hAoine, 17 Aibreán 2020 - Brussels
An Corrlach Teagmhais a Shlógadh in 2020: cúnamh éigeandála á sholáthar do na Ballstáit agus breis treisithe á déanamh ar an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta/rescEU mar fhreagairt ar ráig COVID-19
P9_TA(2020)0049
Rún
 Iarscríbhinn

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2020 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCorrlach Teagmhais a shlógadh in 2020 chun cabhair éigeandála a sholáthar do na Ballstáit agus breis treisithe a dhéanamh ar an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta/rescEU mar fhreagairt ar an ráig COVID-19 (COM(2020)0172 – C9-0097/2020 –2020/2057(BUD))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2020)0172 – C9‑0097/2020),

–  ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go2020(1), agus go háirithe Airteagal 13 de,

–  ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar i gcúrsaí buiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais(2), agus go háirithe pointe 14 de,

–  ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, arna ghlacadh go cinntitheach an 27 Samhain 2019(3),

–  ag féachaint do Dhréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 2/2020, a ndearna an Coimisiún é a ghlacadh an 2 Aibreán 2020 (COM(2020)0170),

–  ag féachaint do Riail 163 dá Rialacha Nós Imeachta,

1.  ag formheas an chinnidh atá i gceangal leis an rún seo;

2.  á threorú dá hUachtarán an cinneadh a shíniú in éineacht le hUachtarán na Comhairle agus socrú a dhéanamh dá fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

3.  á threorú dá hUachtarán an rún seo, mar aon leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis, a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

(1)IO L 347, 20.12.2013, lch. 884.
(2)IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.
(3) IO L 57, 27.2.2020.


IARSCRÍBHINN

CINNEADH Ó PHARLAIMINT AN hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an gCorrlach Teagmhais a shlógadh in 2020 chun cúnamh éigeandála a chur ar fáil do na Ballstáit agus an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta/rescEU a threisiú a thuilleadh mar fhreagairt ar ráig COVID-19

(Ní dhéantar téacs na hiarscríbhinne seo a atáirgeadh anseo ós rud é go gcomhfhreagraíonn sé leis an ngníomh críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2020/547.)

An nuashonrú is déanaí: 12 Bealtaine 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais