Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Téacsanna atá glactha
PDF 118kWORD 43k
Dé hAoine, 17 Aibreán 2020 - Brussels
Bearta sonracha chun tionchar ráig COVID-19 a mhaolú in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe ***I
P9_TA(2020)0052
Rún
 Téacs

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2020 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 maidir le bearta sonracha chun tionchar ráig COVID-19 a mhaolú in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe (COM(2020)0142 – C9-0093/2020 – 2020/0059(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2020)0142),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagail 43(2), 175 agus 177 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0093/2020)

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  tar éis di dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

–  tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

–  ag féachaint don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 14 Aibreán 2020 go ndéanfadh sí an seasamh ó Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Rialacha 59 agus 163 dá Rialacha Nós Imeachta

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 17 Aibreán 2020 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2020/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 508/2014 agus (AE) Uimh. 1379/2013 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha chun tionchar ráig COVID-19 a mhaolú in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe
P9_TC1-COD(2020)0059

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2020/560.)

An nuashonrú is déanaí: 12 Bealtaine 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais