Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Bealtaine 2020 ar an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh d’fhonn go nglacfaí rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le híoscheanglais le haghaidh athúsáid uisce (15301/2/2019 – C9-0107/2020 – 2018/0169(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an dara léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh (15301/2/2019 – C9‑0107/2020),
– ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 12 Nollaig 2018(1),
– ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún an 6 Nollaig 2018(2),
– ag féachaint dá seasamh ar an gcéad léamh(3) ar an togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0337),
– ag féachaint d'Airteagal 294(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do Riail 67 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don mholadh don dara léamh ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A9-0098/2020),
1. ag formheas an tseasaimh ón gComhairle ar an gcéad léamh;
2. ag tabhairt dá haire an ráiteas ón gComhairle atá i gceangal leis an rún seo;
3. ag tabhairt dá haire go nglactar an gníomh i gcomhréir le seasamh na Comhairle;
4. á threorú dá hUachtarán an gníomh a shíniú le hUachtarán na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal 297(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;
5. á threorú dá hArd-Rúnaí an gníomh a shíniú, a luaithe a fhíoraítear go bhfuil na nósanna imeachta go léir curtha i gcrích go cuí, agus, i gcomhaontú le hArd-Rúnaí na Comhairle, socrú a dhéanamh maidir lena fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
6. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Aithníonn an Coimisiún gur substaintí iad na micreaphlaistigh a bhfuil imní ag éirí fúthu maidir le cáilíocht an uisce. I bhfianaise an mhéid sin, agus ó mheastar gur saincheist ghinearálta é sin nach bhfuil teoranta don uisce athshlánaithe, geallann an Coimisiún cur lena iarrachtaí chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist thábhachtach seo.