Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Bealtaine 2020 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Bealarúise maidir le daoine a chónaíonn gan údarú a athligean isteach (12158/2019 – C9-0004/2020 – 2019/0181(NLE))
(Toiliú)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (12158/2019),
– ag féachaint don dréacht-Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Bealarúise maidir le daoine a chónaíonn gan údarú a athligean isteach (12160/2019),
– ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 79(3) agus Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9‑0004/2020),
– ag féachaint do Riail 105(1) agus (4) agus do Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0097/2020),
1. ag tabhairt a toilithe do thabhairt i gcrích an chomhaontaithe;
2. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Phoblacht na Bealarúise.