Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Bealtaine 2020 le moltaí don Choimisiún maidir le líontán sábhála chun tairbhithe chláir AE a chosaint: plean teagmhasach CAI a chur ar bun (2020/2051(INL))
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint d’Airteagal 225 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),
– ag féachaint d’Airteagail 311 agus 312(4) CFAE,
– ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020(1),
– ag féachaint don togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil (CAI) do na blianta 2021 go 2027, a thíolaic an Coimisiún an 2 Bealtaine 2018(2),
– ag féachaint dá rún an 14 Márta 2018 maidir leis an gcéad CAI eile: Ag ullmhú sheasamh na Parlaiminte maidir le CAI tar éis 2020(3).
– ag féachaint dá tuarascáil eatramhach an 14 Samhain 2018 maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 – seasamh na Parlaiminte d’fhonn teacht ar chomhaontú(4),
– ag féachaint dá rún an 10 Deireadh Fómhair 2019 maidir le creat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 agus acmhainní dílse: in am freastal ar ionchais na saoránach(5),
— ag féachaint don togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos forálacha idirthréimhseacha áirithe le haghaidh na tacaíochta ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus ón gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) sa bhliain 2021 agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 229/2013 agus (AE) Uimh. 1308/2013 a mhéid a bhaineann le hacmhainní agus lena leithdháileadh i leith na bliana 2021 agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013, (AE) Uimh. 1306/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 a mhéid a bhaineann lena n-acmhainní agus lena gur i bhfeidhm sa bhliain 2021(6),
– ag féachaint do phointe 16 de Chreat-Chomhaontú maidir leis an gcaidreamh idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach(7),
– ag féachaint do phointe 10 den Chomhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr(8),
– ag féachaint do Rialacha 47 agus 54 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don litir ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A9-0099/2020),
A. de bhrí gur cheart go raibh an togra le haghaidh CAI nua tíolactha ag an gCoimisiún roimh an 1 Eanáir 2018, i gcomhréir le hAirtegal 25 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013, ach gur chinn sé, ina ionad sin, é a chur ar atráth cúpla mí;
B. de bhrí go raibh an Pharlaimint, an 14 Márta 2018, ar an gcéad institiúid de chuid an Aontais a seasamh a ghlacadh agus a tosaíochtaí a leagan síos maidir le CAI tar éis 2020;
C. de bhrí gur thíolaic an Coimisiún, an 2 Bealtaine 2018, sraith tograí reachtacha maidir le CAI 2021-2027 agus Acmhainní Dílse an Aontais, agus ansin tograí reachtacha maidir le bunú clár agus ionstraimí nua de chuid an Aontais; de bhrí go raibh uasteorainn fhoriomlán CAI i gceist leis an togra sin de EUR 1 134.6 billiún i bpraghsanna 2018, nó 1,11 % de OIN EU-27 roimh an ngéarchéim(9) (lena n-áirítear 0,03 % ón gCiste Eorpach Forbraíochta), lenar bhain laghdú suntasach i gcomparáid leis an 1,16 % measta de CAI 2014-2020 i ndáil le OIN EU-27, leis an gcuspóir sonraithe bonn a sholáthar don chaibidlíocht ghasta le tabhairt i gcrích roimh thoghcháin na Parlaiminte in 2019;
D. de bhrí gur ghlac an Pharlaimint, an 14 Samhain 2018, a tuarascáil eatramhach le figiúirí sonracha, arb ionann iad agus uasteorainn fhoriomlán CAI de EUR 1 324,1 billiún i bpraghsanna 2018 (1,3 % de OIN EU-27), agus leasuithe a dhéanann suas a sainordú caibidlíochta agus go raibh sí ullamh, ó shin i leith, dul i mbun caibidlíochta leis an gComhairle ar mhaithe le teacht ar chomhaontú go tráthúil; go bhrí go ndearnadh athdhearbhú ar an sainordú caibidlíochta an 10 Deireadh Fómhair 2019;
E. de bhrí, idir mí na Samhna 2018 agus mí Aibreáin 2019, gur ghlac an Pharlaimint sainorduithe caibidlíochta maidir le seasaimh ar an gcéad léamh go han-ghasta, ar seasaimh iad maidir le nach mór gach clár earnála, agus gur chomhaontaigh sí caibidlíocht a dhéanamh ar roinnt comhaontuithe páirteacha leis an gComhairle chun nach gcuirfí moill ar phróiseas bhunú na gclár nua; de bhrí gur chuir modheolaíocht na Comhairle boscaí caibidlíochta CAI a ullmhú, a áiríonn líon suntasach d'fhorálacha earnála a thagann faoin ngnáthnós imeachta reachtach, cosc ar an gComhairle caibidlíocht a dhéanamh leis an bParlaimint ar ghnéithe tábhachtacha de na gníomhartha reachtacha agus ar an togra maidir leis an smacht reachta;
F. de bhrí gur chuir an Chomhairle Eorpach síneadh cheana féin leis an tréimhse ama chun teacht ar chomhaontú polaitiúil maidir le CAI, rud a laghdaíonn de facto an fhéidearthacht aistriú rianúil ó CAI 2014-2020 go CAI 2021-2027 a áirithiú;
G. de bhrí nár chuir Uachtaránacht na Fionlainne ar an gComhairle na chéad fhigiúirí faoi bhráid na Comhairle Gnóthaí Ginearálta agus faoi bhráid na Comhairle Eorpaí go dtí mí na Nollag 2019, sin breis is 18 mí tar éis na dtograí ón gCoimisiún; de bhrí go ndearnadh neamhaird iomlán de sheasamh na Parlaiminte i dtogra Uachtaránacht na Fionlainne;
H. de bhrí nár tháinig an cruinniú speisialta den Chomhairle Eorpach maidir le CAI an 20-21 Feabhra 2020, a thionóil Uachtarán na Comhairle Eorpaí, ar chonclúid;
I. de bhrí, tar éis don chruinniú mullaigh speisialta cliseadh, go bhfuil an Chomhairle Eorpach i bhfad ar gcúl anois le tréimhse ama 2013 don chaibidlíocht maidir le CAI 2014-2020, nuair a tháinig an Chomhairle Eorpach ar chomhaontú polaitiúil an 8 Feabhra 2013; de bhrí, tar éis na gcaibidlíochtaí a bhí ann ina dhiaidh sin idir an Pharlaimint agus an Chomhairle, gur glacadh CAI agus na gníomhartha reachtacha earnála ag céim an-déanach, rud a d’fhág go rabhthas go mór chun ar gcúl leis an aistriú chuig CAI 2014-2020 agus maidir le seoladh chláir an Aontais chun dochair do thairbhithe agus do shaoránaigh, go háirithe i gcláir bainistíochta roinnte;
J. de bhrí, i bhfianaise na sraithe moilleanna agus gan beann ar cathain a ghlacfaidh an Chomhairle Eorpach conclúidí ar deireadh, go bhfuil baol inbhraite ann anois nach dtiocfar ar chomhaontú maidir leis an gcéad CAI eile in am le teacht i bhfeidhm an 1 Eanáir 2021 agus nach mbeidh aon aistriú rianúil ann ó CAI 2014-2020 go CAI 2021-2027, agus aird á tabhairt freisin ar an mbaol go mbeidh seasaimh an-éagsúil ann idir an Pharlaimint agus an Chomhairle agus ar an ngá atá le dianchaibidlíocht idirinstitiúideach i gcreat nós imeachta an toilithe agus an ghnáthnós imeachta reachtaigh araon;
K. de bhrí gur chuir ráig Covid-19 moill bhreise ar an gcaibidlíocht agus ar an gcomhaontú maidir leis an gcéad CAI eile sa Chomhairle Eorpach agus go bhfuil tionchar aici ar na coinníollacha ina bhféadfaí caibidlíocht idirinstitiúideach a dhéanamh, in ainneoin béim a leagan ar an tábhacht agus ar an acmhainneacht a bhaineann le buiséad láidir an Aontais chun freagairt chuimsitheach agus láithreach a áirithiú;
L. de bhrí, mura nglacfar CAI nua in am, go bhforáiltear in Airteagal 312(4) CFAE do líontán sábhála chun tairbhithe chláir an Aontais a chosaint i bhfoirm síneadh uathoibríoch agus sealadach ar uasteorainneacha agus ar fhorálacha eile na bliana deiridh den chreat reatha, a mbeadh uasteorainn fhoriomlán EUR 162 243 milliún i bpraghsanna 2018 nó EUR 172 173 milliún i bpraghsanna reatha mar thoradh air, in 2021, arb ionann é agus 1,15 % de OIN AE-27;
M. de bhrí go bhfuil dátaí éaga sna gníomhartha bunúsacha de líon suntasach de na cláir chaiteachais reatha, áfach, a d’fhéadfadh an bonn a bhaint, i dteannta le heaspa ullmhachta oibríochtúla, den líontán sábhála dá bhforáiltear le CFAE; de bhrí go mbeadh gá síneadh a chur leis na dátaí éaga sin nó iad a bhaint chun iad a thabhairt i gcomhréir leis na prionsabail atá mar bhonn agus mar thaca le hAirteagal 312(4) CFAE agus chun dúnadh síos na gclár lena mbaineann a sheachaint, rud a bheadh chun dochair dá thairbhithe agus don Aontas ina iomláine, go háirithe le linn géarchéime;
N. de bhrí gur áitigh an Pharlaimint, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún ina rún an 10 Deireadh Fómhair 2019 tús a chur le hullmhú phlean teagmhasach CAI, arb é is aidhm dó tairbhithe a chosaint agus leanúnachas an chistithe a áirithiú, a thíolacfar ag tús 2020 chun gur fusa don Pharlaimint agus don Chomhairle é a ghlacadh go mear;
O. de bhrí gur aithin an Coimisiún cheana féin na rioscaí a bhaineann le dul in éag ionchasach gníomhartha reachtacha áirithe nó gan iad a ghlacadh don chéad CAI eile, eadhon trí rialachán idirthréimhseach a mholadh lena ndírítear ar chinnteacht agus leanúnachas a sholáthar do na tairbhithe deiridh;
P. de bhrí gur ullmhaíodh an Pharlaimint i bhfad roimh ré agus gur tugadh rabhadh arís agus arís eile di i gcoinne dhúnadh chláir an Aontais agus í á dhearbhú ag an am céanna nár cuireadh brú uirthi glacadh le droch-chomhaontú CAI de bharr brú ama;
Q. de bhrí go bhfuil cás níos láidre fós ann, mar thoradh ar ráig Covid-19 agus ar an tionchar socheacnamaíoch, nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe, ar shaol na saoránach, chun deireadh a chur le haon bhaol go mbeadh míleanúnachas ann nó go gcuirfí síneadh mí-ordúil le CAI reatha agus leis na cláir atá ann faoi láthair; de bhrí go bhfuil sé ag éirí níos tábhachtaí i gcónaí a ráthú go mbeidh an tAontas in ann a chuid oibríochtaí a chur i gcrích agus freagairt uaillmhianach géarchéime agus straitéis téarnaimh a sholáthar in ainneoin nach bhfuil dáta theacht i bhfeidhm CAI nua cinnte fós; de bhrí gur cheart don Choimisiún teachtaireacht aonchiallach ina leith sin a thabhairt do gheallsealbhóirí;
R. de bhrí gur cheart go leanfadh buiséad an Aontais do 2021 d’aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí sóisialta agus eacnamaíocha láithreacha éigeandáil Covid-19; de bhrí go bhféadfadh plean teagmhasach CAI a bheadh uaillmhianach, freagrach agus dírithe ar an dlúthpháirtíocht bonn níos fearr a chur ar fáil ná CAI déanach agus neamhleor chun freagairt ar ghéarchéimeanna, straitéis téarnaimh agus tosaíochtaí polaitiúla an Aontais a sholáthar, ag tógáil ar na cláir atá ann cheana féin leis na hathchoigeartuithe, na tiontuithe, agus na solúbthachtaí iomchuí, chomh maith leis na bearta dearfacha a rinneadh faoi bhuiséad 2020; de bhrí go mbeadh caibidlíocht maidir leis an gcéad CAI eile práinneach i gcónaí, agus machnamh á dhéanamh freisin ar an am a bheadh ag teastáil ina dhiaidh sin chun na cláir nua a sheoladh, an cinneadh nua maidir le hAcmhainní Dílse a mhodhnú agus a dhaingniú;
S. de bhrí gur gá anois don Choimisiún na tograí reachtacha agus na forálacha oibríochtúla ábhartha is gá a chur ar aghaidh, ina cháil mar chaomhnóir na gConarthaí agus mar shealbhóir an chirt tionscnaimh, agus i gcomhréir leis an ngealltanas ó bhéal agus i scríbhinn a thug Uachtarán toghaí an Choimisiúin an 16 Iúil 2019, chun freagra a thabhairt le gníomh reachtach nuair a ghlacann an Pharlaimint, ag gníomhú di trí thromlach a comhaltaí, rúin ina n-iarrtar ar an gCoimisiún tograí reachtacha a thíolacadh;
1. á iarraidh ar an gCoimisiún togra a thíolacadh, faoin 15 Meitheamh 2020, bunaithe ar na bunúis dlí ábhartha do gach clár caiteachais(10) agus i bhfianaise Airteagal 312(4) CFAE, maidir le plean teagmhasach CAI chun líontán sábhála a chur ar fáil chun tairbhithe chláir an Aontais a chosaint, de réir na moltaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis seo;
2. á iarraidh go ndéanfadh plean teagmhasach CAI an méid seo a leanas:
–
na teorainneacha ama a leagtar síos sna gníomhartha bunúsacha a bhaineann le cláir chaiteachais ábhartha uile CAI a chur ar ceal nó síneadh a chur leo;
–
i gcás inar gá ó thaobh an dlí de, go háirithe faoi chláir bainistíochta roinnte, na méideanna airgeadais ábhartha a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn síneadh teicniúil a chur le leibhéil 2020;
–
athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha agus ar na cuspóirí lena rialaítear na cláir ábhartha chaiteachais ionas gur féidir iad a athdhíriú ar bhonn sealadach ar aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí láithreacha eacnamaíocha agus sóisialta ráig Covid-19 agus chun chabhrú leis an téarnamh;
–
athneartuithe spriocdhírithe a cheadú chuige sin, ag tógáil ar na bearta dearfacha a rinneadh cheana faoi bhuiséad 2020; agus na hionstraimí agus na tionscnaimh nua is práinní a chur ar bun mar chuid den phacáiste atógála agus téarnaimh tar éis Covid-19;
3. á threorú dá hUachtarán an rún seo agus na moltaí a ghabhann leis a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus chuig an gComhairle.
Ollioncam Náisiúnta de réir na réamhaisnéise tráth a tíolacadh togra CAI an 2 Bealtaine 2018, gan na forbairtí a tharla ina dhiaidh sin agus atá ar na bacáin á gcur san áireamh, go háirithe mar thoradh ar ghéarchéim Covid-19.
IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚIN
MOLTAÍ Á N-IARRAIDH MAIDIR LE hINNEACHAR AN TOGRA
A. PRIONSABAIL AGUS AIDHMEANNA AN TOGRA
1. Is é is aidhm do phlean teagmhasach CAI líontán sábhála a chur ar fáil chun tairbhithe chláir an Aontais a chosaint i gcás nach bhféadfar CAI 2021-2027 a chomhaontú in am le teacht i bhfeidhm an 1 Eanáir 2021. Ba cheart go n-áiritheodh plean teagmhasach CAI leibhéal sásúil intuarthachta agus leanúnachais i gcur chun feidhme bhuiséad an Aontais. Ina theannta sin, ba cheart go gcuirfeadh sé ar chumas an Aontais freagairt a thabhairt ar iarmhairtí láithreacha sóisialta agus eacnamaíocha ráig Covid-19 agus obair a dhéanamh ar an téarnamh;
2. Áireofar i bplean teagmhasach CAI togra reachtach amháin nó roinnt tograí reachtacha chun na teorainneacha ama a leagtar síos i ngníomhartha bunúsacha na gclár caiteachais uile lena mbaineann a chur i leataobh nó a shíneadh agus, i gcás inar gá sin ó thaobh an dlí de go háirithe faoi chláir bainistíochta roinnte, na méideanna airgeadais ábhartha a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn síneadh teicniúil a chur le leibhéil 2020. Ba cheart athdhíriú sealadach ar chuspóirí na gclár caiteachais ábhartha go léir a bheith sa togra reachtach/sna tograí reachtacha freisin, ionas gur fearr is féidir aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí láithreacha ráig Covid-19. Chun na críche céanna, i gcás inarb ábhartha, ba cheart a áireamh sa togra/sna tograí athchoigeartú ar na rialacha chun an tsolúbthacht is mó is féidir a cheadú maidir le cur chun feidhme clár bainistíochta roinnte go háirithe, lena n-áirítear síneadh a chur leis na bearta reachtacha uile a tugadh isteach in 2020 agus an obair leantach a ghabhann leo chun tacú leis na Ballstáit agus leis na tairbhithe tionchar ráig Covid-19 a mhaolú;
3. Le plean teagmhasach CAI, ba cheart go mbeifí in ann atreisiú spriocdhírithe a dhéanamh ar na cláir ábhartha chaiteachais i mbuiséad 2021 agus na hionstraimí, na bearta agus na cláir nua reachtacha is práinní a bhunú, mar chuid den phacáiste atógála agus téarnaimh is gá tar éis ráig Covid-19;
4. Ba cheart plean teagmhasach CAI a chur síos faoin 15 Meitheamh 2020, mura mbeidh comhaontú polaitiúil ann roimh an dáta sin mar thoradh ar chaibidlíocht CAI idir an Pharlaimint agus an Chomhairle. Leis an amchlár seo chun an plean teagmhasach a chur síos, tabharfar aghaidh ar riachtanas dúbailte: a) a áirithiú go dtosóidh an nós imeachta buiséadach don bhliain 2021 leis an bhfaisnéis go léir is gá maidir le pleanáil theagmhasach; b) a áirithiú go bhféadfaidh na comhreachtóirí na tograí reachtacha ábhartha a ghlacadh roimh idir-réiteach bhuiséad 2021. Seo an uair a bheidh ar an údarás buiséadach cinneadh críochnaitheach a dhéanamh maidir le buiséad an Aontais don bhliain seo chugainn ar bhonn CAI nua 2021-2027 nó ar bhonn síneadh a chur le huasteorainneacha 2020;
5. Ba cheart na bearta is gá chun an plean teagmhasach a chur chun feidhme a mhaoiniú tríd an mbuiséad bliantúil, laistigh de theorainneacha uasteorainneacha CAI do 2020 agus laistigh de theorainneacha fhorálacha solúbthachta CAI 2014-2020 mar a síntear iad i gcomhréir le Airteagal 312(4) CFAE, ar bhonn síneadh teicniúil a chur leis na méideanna a chomhaontaigh an t-údarás buiséadach cheana féin in 2020, arna méadú faoin díbhoilsceoir 2 % agus faoi na méideanna breise is gá chun an pacáiste atógála agus téarnaimh tar éis Covid-19 a chur chun feidhme. Leis an síneadh teicniúil sin, ba cheart na clúdaigh náisiúnta faoi na cláir bainistíochta roinnte a chinneadh freisin.
B. GNÍOMHAÍOCHT ATÁ LE MOLADH
1. Togra reachtach amháin nó roinnt tograí reachtacha chun:
– na teorainneacha ama a leagtar síos sna gníomhartha bunúsacha a bhaineann le cláir chaiteachais ábhartha uile CAI a chur ar ceal nó síneadh a chur leo,
– i gcás inar gá ó thaobh an dlí de, go háirithe faoi chláir bainistíochta roinnte, na méideanna airgeadais ábhartha a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn síneadh teicniúil a chur le leibhéil 2020, agus
– athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha agus ar na cuspóirí lena rialaítear na cláir ábhartha chaiteachais ionas gur féidir iad a athdhíriú ar bhonn sealadach ar aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí láithreacha eacnamaíocha agus sóisialta ráig Covid-19 agus chun cabhrú leis an téarnamh, lena n-áirítear síneadh a chur leis na bearta reachtacha uile a thugtar isteach in 2020 agus obair leantach a dhéanamh orthu chun na críche sin.