Seirbhísí iompair idirnáisiúnta de bhóthar do phaisinéirí ar chóiste agus ar bhus sna réigiúin teorann: oibríochtaí cabatáiste idir an Ghearmáin agus an Eilvéis ***I
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Bealtaine 2020 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena dtugtar de chumhacht don Ghearmáin an comhaontú déthaobhach um iompar de bhóthar atá ann anois idir í agus an Eilvéis a leasú d’fhonn oibríochtaí cabatáiste a údarú le linn soláthar seirbhísí iompair paisinéirí i gcóiste agus i mbus i réigiúin na teorann idir an dá thír (COM(2019)0221 – C9-0001/2019 – 2019/0107(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2019)0221),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 2(1) agus d’Airteagal 91 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0001/2019),
– ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla maidir leis an mbunús dlí atá beartaithe,
— ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 25 Meán Fómhair 2019(1),
– tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A9-0006/2020),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Bealtaine 2020 chun go nglacfaí Cinneadh (AE) 2020/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena dtugtar de chumhacht don Ghearmáin an comhaontú déthaobhach um iompar de bhóthar atá aici leis an Eilvéis a leasú d’fhonn oibríochtaí cabatáiste a údarú le linn seirbhísí iompair idirnáisiúnta de bhóthar do phaisinéirí ar chóiste agus ar bhus a bheith á soláthar sna réigiúin teorann idir an dá thír
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2020/853.)