Innéacs 
Téacsanna atá glactha
Dé Céadaoin, 29 Eanáir 2020 - Brussels
Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach ***

Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach ***
PDF 118kWORD 45k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Eanáir 2020 ar an dréacht-chinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (XT 21105/3/2018 – C9-0148/2019 – 2018/0427(NLE))
P9_TA(2020)0018A9-0004/2020

(Toiliú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don fhógra dar dáta an 29 Márta 2017 a thug an Ríocht Aontaithe don Chomhairle Eorpach á rá go raibh sé ar intinn aici tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de bhun Airteagal 50(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus de bhun Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,

–  ag féachaint don dréacht-chinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (XT 21105/3/2018),

–  ag féachaint don dréacht-chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach(1),

–  ag féachaint don dearbhú polaitiúil lena leagtar amach an creat don chaidreamh sa todhchaí idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire(2),

–  ag féachaint do Chinntí (AE) 2019/476 an 22 Márta 2019(3), (AE) 2019/584 an 11 Aibreán 2019(4) agus (AE) 2019/1810 an 29 Deireadh Fómhair 2019(5) ón gComhairle Eorpach, arna ndéanamh i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, lena gcuirtear síneadh leis an tréimhse faoi Airteagal 50(3) CAE go dtí an 12 Aibreán 2019, go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2019 agus go dtí an 31 Eanáir 2020, faoi seach,

–  ag féachaint dá rúin an 5 Aibreán 2017 maidir leis na caibidlíochtaí leis an Ríocht Aontaithe tar éis fógra a fháil uaithi go bhfuil sé ar intinn aici tarraingt siar ón Aontas Eorpach(6), an 3 Deireadh Fómhair 2017 maidir le staid na gcaibidlíochtaí leis an Ríocht Aontaithe(7), an 13 Nollaig 2017 maidir le staid na gcaibidlíochtaí leis an Ríocht Aontaithe(8), an 14 Márta 2018 maidir leis an gcreat do chaidreamh AE-RA sa todhchaí(9), agus an 18 Meán Fómhair 2019 maidir leis an staid mar atá ó thaobh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach(10),

–  ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 50(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (C9‑0148/2019),

–  ag féachaint do Riail 105(1) agus (4) agus Riail 88 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do na litreacha ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha, ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta, ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra, ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe, ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla, ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile agus ón gCoiste um Achainíocha,

–  ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla (A9-0004/2020),

1.  ag tabhairt a toilithe an comhaontú um tharraingt siar a thabhairt i gcrích;

2.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún, agus chuig na parlaimintí náisiúnta agus chuig Rialtas na Ríochta Aontaithe chomh maith.

(1) IO C 384 I, 12.11.2019, lch. 1.
(2) IO C 384 I, 12.11.2019, lch. 178.
(3) IO L 80 I, 22.3.2019, lch. 1.
(4) IO L 101, 11.4.2019, lch. 1.
(5) IO L 278 I, 30.10.2019, lch. 1.
(6) IO C 298, 23.8.2018, lch. 24.
(7) IO C 346, 27.9.2018, lch. 2.
(8) IO C 369, 11.10.2018, lch. 32.
(9) IO C 162, 10.5.2019, lch. 40.
(10) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2019)0016.

Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais